AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.6.2026
COM(2026) 580 final
2026/0165(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 agus Rialachán (AE) 2024/982, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2016/794
{SEC(2026) 580 final} - {SWD(2026) 580 final} - {SWD(2026) 581 final} - {SWD(2026) 582 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá athrú ó bhonn ag teacht ar thimpeallacht slándála an Aontais Eorpaigh (AE), de réir mar a éiríonn an choireacht thromchúiseach eagraithe agus an sceimhlitheoireacht níos trasnáisiúnta, níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de, agus níos idirnasctha. Feidhmíonn líonraí coiriúla trí éiceachórais sholúbtha trasteorann ina bhfuil bonneagair dhigiteacha i gceist, chomh maith le sreabha aindleathacha airgeadais, líonraí lóistíochta agus seirbhísí ar líne. Is minic a cheaptar, a chomhordaítear agus a mhéadaítear scála gníomhaíochtaí coiriúla ar bhonn trasnáisiúnta ón tús féin, rud a fhágann gur saincheist trasteorann í an choireacht go bunúsach.
Tá dlús curtha leis an athrú sin de dheasca dhul chun cinn mear na teicneolaíochta. Ní hamháin go gcumasaítear an ghníomhaíocht choiriúil trí chumarsáid chriptithe, uirlisí uathoibrithe agus criptea-airgeadraí a thuilleadh, is iad sin príomhshócmhainní oibríochtúla na líonraí coiriúla nua-aimseartha. In éineacht le hardáin dhigiteacha agus bonneagair ar líne, fágtar gur féidir le coirpigh oibríochtaí a chomhordú i bhfíor-am, scála gníomhaíochtaí aindleathacha a mhéadú ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, sreabha airgeadais a cheilt, samhlacha oibríochtúla a oiriúnú go mear agus teacht i dtír ar laigí ó dhlínsí go chéile. An tráth céanna, tá na teorainneacha ag éirí níos doiléire idir an chibearchoireacht, an choireacht airgeadais agus saghsanna eile coireachta tromchúisí eagraithe.
Is measa fós timpeallacht na bagartha atá ann faoi láthair mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar bhagairtí hibrideacha, lena n‑áirítear cibirionsaithe, ionsaithe ar bhonneagar criticiúil, agus ionstraimiú na himirce nó na spleáchas eacnamaíoch ag gníomhaithe naimhdeacha stáit agus gníomhaithe naimhdeacha nach gníomhaithe stáit iad. Is minice a bhíonn baint ag na gníomhaíochtaí sin le líonraí coireachta tromchúisí eagraithe anois freisin, rud a chruthaíonn rioscaí slándála casta agus iltoiseacha lena dtugtar dúshlán don idirdhealú idir an tslándáil inmheánach agus an tslándáil sheachtrach.
Mar a chuir an Chomhairle Eorpach i dtábhacht sna conclúidí uaithi an 26-27 Meitheamh 2025( 1 ) is dúshlán mór iad na bagairtí sin do shlándáil na mBallstát agus mhuintir na hEorpa. Is fairsinge a dtionchar ná rioscaí práinneacha slándála, is bagairtí iad a chuireann le méadú atá ag teacht ar an mbraistint éiginnteachta agus a dhéanann difear do mhuinín na saoránach i gcumas na n‑údarás poiblí ardleibhéal slándála inmheánaí a áirithiú. An tráth céanna, tá an choireacht thromchúiseach eagraithe ag dul i bhfód sa gheilleagar dleathach agus á shaobhadh níos mó agus níos mó, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí éilliú, sciúradh airgid agus mí‑úsáid na struchtúr dlisteanach gnó, rud lena lagaítear iomaíocht chóir agus lena ndéantar dochar do shláine na margaí agus na n‑institiúidí poiblí.
Sa timpeallacht slándála atá ann faoi láthair, tá an comhar neartaithe go mór ag an Aontas agus a Bhallstáit agus tá cumais chriticiúla forbartha acu chun tacú le gníomhaíocht trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí( 2 ) . Mar sin féin, níl freagairt an Aontais fós ag teacht go hiomlán le luas agus le hinoiriúnaitheacht na gníomhaíochta coiriúla nua-aimseartha.
Ar an gcéad dul síos, níl an t‑ollstruchtúr Eorpach um fhorfheidhmiú an dlí sách oiriúnaithe don mhéadú mór atá tagtha ar mhéid, ar chastacht agus ar luas na faisnéise atá ábhartha d’imscrúduithe coiriúla. Tá faisnéis maidir le gníomhaíochtaí coiriúla fós ilroinnte ar fud údarás, dlínsí agus córas agus ní dhéantar í a chomhroinnt, a nascadh ná a anailísiú i gceart ar bhealach éifeachtach tráthúil. Dá dheasca sin, tá caochspotaí criticiúla méadaithe de réir a chéile sa léargas atá ag an Aontas ar an bhfaisnéis choiriúil agus laghdaíodh an acmhainneacht naisc choiriúla trasteorann a shainaithint, tacú go héifeachtach le himscrúduithe ar an leibhéal Eorpach agus bagairtí atá ag teacht chun cinn a bhrath.
Ar an dara dul síos, tá freagairt oibríochtúil an Aontais fós ilroinnte. I limistéar Schengen gan teorainneacha inmheánacha, áit a n‑oibríonn líonraí coiriúla ó dhlínse go chéile go rianúil, is rómhinic fós a eagraítear gníomhaíocht forfheidhmithe dlí ar bhonn náisiúnta go príomha. Is minic nach léir d’údaráis náisiúnta ach páirt de líonraí coiriúla a oibríonn ar fud roinnt Ballstát agus bíonn deacrachtaí leanúnacha acu imscrúduithe a chomhordú thar theorainneacha. Dá dheasca sin, tá an ilroinnt fós ar cheann de na príomhlaigí atá ar fhreagairt slándála na hEorpa, rud a laghdaíonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na gníomhaíochta náisiúnta i bhforfheidhmiú an dlí in aghaidh bagairtí ar dlúthchuid díobh gné na trasnáisiúntachta agus a bhfuil cur chuige comhchoiteann Eorpach níos láidre ag teastáil ina leith.
Faoin gcreat sin, tá ról lárnach ag Europol mar ghníomhaireacht an Aontais i ndáil le comhar i bhforfheidhmiú an dlí( 3 ) . Ó bunaíodh é, tá forbairt tagtha ar Europol ó ardán tacaíochta chun bheith ina phríomh‑mhol anailíseach agus oibríochtúil a thacaíonn leis na Ballstáit an choireacht thromchúiseach eagraithe agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Tríd an gcumas ar leith atá aige faisnéis a nascadh, faisnéis choiriúil ar leibhéal an Aontais a ghiniúint agus tacú le hoibríochtaí comhordaithe trasteorann, cuireann Europol ar a gcumas do na Ballstáit líonraí casta coiriúla a bhrath, naisc a shainaithint ó dhlínse go chéile agus freagairt ar bhealach níos éifeachtaí do bhagairtí slándála atá ag forbairt go mear.
Fógraíodh i dTreoirlínte Polaitiúla 2024-2029 Uachtarán von der Leyen( 4 ) an aidhm Europol a neartú a thuilleadh. Áirítear leis sin creat reachtach nua chun borradh a chur faoi ról oibríochtúil Europol agus chun tacú le comhar trasteorann níos éifeachtaí i bhforfheidhmiú an dlí. Tá an cuspóir sin daingnithe a thuilleadh sa Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach( 5 ) , lena sainítear mórathrú ar an gcaoi a n‑eagraíonn an tAontas a fhreagairt chomhchoiteann ar bhagairtí slándála atá ag éirí níos casta agus níos idirnasctha i gcónaí. Chun an fhís sin a fhíorú, is gá athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar chreat Europol, lena gcuimseofar níos mó ná leasuithe spriocdhírithe, sa chaoi go n‑áiritheofar go mbeidh sainordú Europol ag teacht go hiomlán leis na réaltachtaí oibríochtúla ar fud réimsí uile na coireachta tromchúisí eagraithe agus na sceimhlitheoireachta.
Chuir na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa béim bhreise go seasta ar an ngá atá leis an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí ar leibhéal an Aontais a neartú, go háirithe le linn na gcomhairliúchán leathan le páirtithe leasmhara a rinneadh in 2025 agus 2026. Chuir Ardoifigigh Póilíneachta Eorpacha( 6 ) i dtábhacht na tairbhí a bhaineann le Europol a bheadh níos láidre agus níos oibríochtúla, a mbeadh sé ar a chumas feidhmiú mar ghníomhaireacht lena n‑iolraítear neart na hEorpa i ndáiríre. Thairis sin, sonraíodh le fianaise ón meastóireacht ar chreat Europol agus leis an tuarascáil ón gCoimisiún de bhun Airteagal 68(3) de Rialachán Europol nach bhfuil an sainordú ná an tsamhail oibríochtúil atá ag Europol faoi láthair ailínithe go hiomlán a thuilleadh le scála ná le castacht na timpeallachta slándála atá ag teacht chun cinn. Leis na teorainneacha atá ann cheana maidir le hinfhaighteacht, comhtháthú agus próiseáil na faisnéise, chomh maith le srianta a dhéanann difear do dhoimhneacht rannpháirtíocht oibríochtúil Europol, laghdaítear a chumas tacú go héifeachtach leis na Ballstáit freagairt do bhagairtí trasteorann atá ag éirí níos idirnasctha.
Cuirtear i dtábhacht sa mheastóireacht freisin go bhfuil méadú ag teacht ar an míchothromaíocht struchtúrach idir scála agus sofaisticiúlacht theicneolaíoch na líonraí coiriúla agus na cumais chomhchoiteanna atá ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí an Aontais. Is minice a bhaineann gníomhaithe coiriúla leas as an intleacht shaorga, as saothrú sonraí ar mórscála agus as bonneagair dhigiteacha shofaisticiúla nach féidir le haon Bhallstát ina aonar a bheith in ag na nithe sin go héifeachtúil. Mar sin féin, leis an sainordú agus leis na cumais atá Europol faoi láthair, ní féidir leis gníomhú go hiomlán mar an mol cumais ar leibhéal an Aontais lena bhfuil gá chun ilroinnt a laghdú, acmhainní a chomhthiomsú agus an ardtacaíocht oibríochtúil agus theicneolaíoch is gá a sholáthar do na Ballstáit chun freagairt don timpeallacht bhagartha atá ag teacht chun cinn.
Ba chéim thábhachtach é athchóiriú 2022 ar chreat dlíthiúil Europol( 7 ) chun sainordú na Gníomhaireachta a neartú, go háirithe trí phróiseáil tacar mór sonraí casta a chumasú agus trína hacmhainneachtaí anailíseacha a threisiú. Mar sin féin, tá forbairt níos tapúla tagtha ar thimpeallacht na bagartha agus ar éilimh oibríochtúla na mBallstát ná mar a raibh coinne leis. An phróiseáil sonraí ar mórscála, luath‑rannpháirtíocht oibríochtúil Europol in imscrúduithe casta trasteorann agus soláthar ardtacaíochta teicneolaíche, ní ceanglais eisceachtúla a thuilleadh iad ach is príomhghnéithe anois iad den chomhar nua-aimseartha i bhforfheidhmiú an dlí. In 2025, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leasú spriocdhírithe ar chreat Europol chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais oibríochtúla shonracha. Mar sin féin, ní dheachaigh sé i ngleic leis an dúshlán struchtúrach bunúsach: a áirithiú gur féidir le Europol feidhmiú ar an scála, leis an lúfaireacht agus leis an gcomhtháthú a theastaíonn mar bhonn taca ag freagairt éifeachtach uile-Aontais ar bhagairtí atá ag éirí níos trasnáisiúnta agus níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de.
An tráth céanna, tá forbairt nach beag tagtha ar ollstruchtúr slándála níos leithne an Aontais. Maidir leis an gcomhar idir Europol agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear Eurojust( 8 ) , Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’)( 9 ) , Frontex( 10 ) , an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (‘OLAF’) ( 11 ) agus an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (‘ÚCSA’)( 12 ) , tá méadú tagtha ar an tábhacht a bhaineann leis maidir lena áirithiú go dtabharfar freagairt éifeachtach agus chomhleanúnach ar bhagairtí trasteorann. Mar sin féin, tá comhtháthú oibríochtúil leormhaith fós le soláthar sa chreat atá ann faoi láthair, chun tacú leis an ollstruchtúr sin atá á fhorbairt( 13 ) agus chun a áirithiú go mbeidh comhar rianúil ann ar fud na gcéimeanna éagsúla den timthriall slándála agus ceartais choiriúil.
Ní hamháin go bhfuil gá leis an oiriúnú sin ach tá sé tráthúil freisin. Tá na dálaí ann anois chun tacú le forbairt níos claochlaithí a dhéanamh ar chreat Europol. Le tionscnaimh de chuid an Aontais a rinneadh le déanaí agus atá ar siúl faoi láthair, go háirithe an t‑athbhreithniú ar an gcreat maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí( 14 ) , rinneadh an bhunobair chun feabhas a chur ar infhaighteacht, ar cháilíocht agus ar thráthúlacht na sonraí ar leibhéal an Aontais. I gcomhthráth leis sin, cruthaítear timpeallacht níos fearr le haghaidh gníomhaíocht chomhtháite chomhordaithe de thoradh forbairtí níos leithne ar fud ollstruchtúr slándála agus ceartais an Aontais, lena n‑áirítear comhar neartaithe idir comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais.
Dá bhrí sin, bunaítear creat dlíthiúil neartaithe do Europol leis an togra seo, ar creat é a bheidh ina léiriú ar fhorbairt na mbagairtí coiriúla trasteorann agus ar riachtanais oibríochtúla na mBallstát. Is é is aidhm dó ról Europol a neartú:
·mar mhol faisnéise de chuid an Aontais a bheidh in ann a áirithiú go soláthrófar léargas níos iomláine agus níos comhtháite ar fhaisnéis choiriúil d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát ar leibhéal an Aontais;
·mar mhol oibríochtúil a thacaíonn leis na Ballstáit ar bhealach níos éifeachtaí agus ag céim níos luaithe in imscrúduithe trasteorann agus i ngníomhaíochtaí oibríochtúla; agus
·mar mhol teicneolaíochta agus nuálaíochta a thacaíonn leis na Ballstáit trí ardchumais, saineolas agus arduirlisí oibríochtúla.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, cuireann an togra le láidreachtaí an chreata atá ann cheana, á dtabhairt go leibhéal barr feabhais oibríochtúil, agus na hathruithe struchtúracha á dtabhairt isteach is gá chun freagairt Eorpach níos éifeachtaí ar choireacht trasteorann a chumasú. Bunaítear creat dlíthiúil láidir nua-aimseartha leis lena dtugtar an chumhacht do Europol an méid seo a leanas a dhéanamh:
·freagairt do dhúshláin slándála atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;
·tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit in imscrúduithe trasteorann; agus
·acmhainneacht an Aontais a neartú chun freagairt chomhordaithe, éifeachtúil agus athléimneach a thabhairt ar an gcoireacht thromchúiseach eagraithe agus ar an sceimhlitheoireacht, i gcomhréir iomlán leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an bpacáiste seo de thionscnaimh um cheartas coiriúil, saothraítear cuspóir comhleanúnach comhlántach: acmhainneacht an Aontais a neartú chun coireacht thromchúiseach trasteorann a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh i dtimpeallacht slándála atá ag éirí níos casta. Trí nuachóiriú a dhéanamh ar na creataí dlíthiúla lena rialaítear an comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis bhreithiúnacha agus údaráis ábhartha eile, féachtar leis an bpacáiste le héifeachtacht, comhleanúnachas agus idir-inoibritheacht ollstruchtúr slándála inmheánaí an Aontais a threisiú.
Is iad na hathbhreithnithe atá beartaithe ar Rialacháin Europol agus ar Eurojust croílár na hiarrachta sin. Comhlíonann Europol agus Eurojust feidhmeanna sainiúla ach comhlántacha laistigh den Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais: agus cé go dtacaíonn Europol le gníomhaíochtaí coiriúla a chosc agus a chomhrac, éascaíonn Eurojust an comhar breithiúnach agus áirithíonn sé go ndéantar obair leantach ionchúisimh agus bhreithiúnach éifeachtach. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an bpacáiste comhar agus comhlántacht a neartú idir an dá ghníomhaireacht, agus le gníomhaithe ábhartha eile de chuid an Aontais i réimsí an Cheartais agus Gnóthaí Baile agus an Ollstruchtúir Frithchalaoise chomh maith, d’fhonn leanúntas rianúil a áirithiú idir gníomhaíocht forfheidhmithe dlí agus obair leantach bhreithiúnach ar fud chéimeanna uile an tslabhra ceartais choiriúil.
Sa chomhthéacs sin, i dtaca leis na leasuithe ar chreat an Ordaithe Imscrúdaithe Eorpaigh agus ar na rialacha cosanta sonraí is infheidhme i gcóras cosanta sonraí an réimse Ceartais agus Gnóthaí Baile maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais( 15 ) , is rannchuidiú breise iad leis an gcuspóir sin trí chomhar éifeachtach trasteorann a éascú, trí fheabhas a chur ar na coinníollacha maidir le malartú faisnéise agus trína áirithiú go mbeidh creat dlíthiúil comhleanúnach ann a bheidh oiriúnaithe do réaltachtaí oibríochtúla agus d’fhorbairtí teicneolaíochta. Ach iad a ghlacadh le chéile, cuirfidh na bearta a mholtar sa phacáiste seo feabhas ar chumas an Aontais freagairt do bhagairtí slándála atá ag teacht chun cinn agus cearta bunúsacha, an smacht reachta agus roinnt na bhfreagrachtaí idir na gníomhaithe éagsúla lena mbaineann á n‑urramú go hiomlán an tráth céanna.
Thairis sin, tá an togra le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán Europol comhsheasmhach le creat slándála inmheánaí níos leithne an Aontais, go háirithe an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, agus rannchuidíonn sé go díreach lena cur chun feidhme. Trí ról Europol mar mhol faisnéise, oibríochtúil, teicneolaíochta agus nuálaíochta a neartú, tacaíonn an togra le bearnaí san fhaisnéis choiriúil a dhúnadh, treisíonn sé imscrúduithe trasteorann agus feabhsaíonn sé úsáid na n‑ardchumas teicneolaíocha ar leibhéal an Aontais.
Tá an togra comhsheasmhach le forbairtí beartais de chuid an Aontais a rinneadh sa tslándáil inmheánach le déanaí freisin, lena n‑áirítear an clár oibre don fhrithsceimhlitheoireacht faoin Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach( 16 ), tosaíochtaí an Aontais maidir le coireacht do thimthriall an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla 2026-2029( 17 ) , straitéis drugaí an Aontais Eorpaigh 2025( 18 ) agus an plean gníomhaíochta a ghabhann léi um an ngáinneáil ar dhrugaí a chomhrac( 19 ) , agus togra 2026 ón gCoimisiún le haghaidh rialacha uile-Aontais in aghaidh gáinneáil ar airm thine( 20 ) . Léiríonn na tionscnaimh sin aistriú níos leithne i dtreo gníomhaíocht de chuid an Aontais in aghaidh na coireachta tromchúisí eagraithe agus na sceimhlitheoireachta, ar gníomhaíocht í a bheidh níos oibríochtúla agus níos bunaithe ar fhaisnéis agus ar chumais. Comhlánaíonn an togra an treochlár le haghaidh rochtain dhleathach agus éifeachtúil ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí freisin, ar treochlár é a thíolaic an Coimisiún i mí an Mheithimh 2025( 21 ) , lena dtugtar aghaidh ar na príomhdhúshláin a bhaineann le rochtain ar fhianaise dhigiteach.
Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an gcreat maidir le malartú faisnéise idir údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus idir na húdaráis sin agus Europol. Cé go ndearnadh córais bainistithe cásanna agus cleachtais um malartú faisnéise trasteorann a neartú agus a ailíniú ar an leibhéal náisiúnta leis na hathchóirithe a rinneadh le déanaí, tá a dtairbhí fós le fíorú go hiomlán maidir lena gcomhtháthú le seirbhísí agus le cumais anailíseacha Europol. Trína áirithiú gur féidir faisnéis a mhalartaítear agus a bhainistítear ar an leibhéal náisiúnta a chur ar fáil go córasach do Europol trína sheirbhísí agus uirlisí faisnéise, cuireann an togra ar a gcumas do na Ballstáit lánúsáid a bhaint as seirbhísí Europol, rud a thacóidh le húsáid níos comhtháite, níos uathoibrithe agus níos éifeachtaí a bhaint as faisnéis ar fud phobal forfheidhmithe dlí an Aontais.
Leis an togra, soláthraítear an sainordú agus na huirlisí do Europol chun aghaidh a thabhairt, ar fud an Aontais, ar choireanna a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol lena mbaineann gné hibrideach, agus leis sin, tugtar aghaidh ar na riachtanais a leagtar amach go háirithe faoin Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, faoin straitéis um Aontas na hullmhachta agus faoin Sciath don Daonlathas. Cuireann sé ar a chumas do Europol úsáid a bhaint as iomlán a bhosca uirlisí oibríochtúla, anailíseacha agus teicniúla chun gníomhú laistigh de na cumhachtaí atá aige, lena n‑áirítear an choireacht thromchúiseach eagraithe, an sceimhlitheoireacht agus an choireacht chibearchumasaithe, nuair a bhaineann gné hibrideach leis na cionta sin. Bunaítear Lárionaid an Aontais um Shaineolas Oibríochtúil leis an togra, mar an tsamhail le haghaidh chur chuige oibríochtúil Europol, lena leabaítear cosc agus comhrac na gcionta coiriúla lena mbaineann gné hibrideach mar thosaíocht chothrománach. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí coiriúla lena mbaineann gné hibrideach teacht chun cinn i ndáil le haon chineál coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol. Bunaítear na Lárionaid chun a áirithiú go dtugtar rannchuidiú cothrománach, laistigh dá réimsí saineolais féin, le gníomhaíochtaí coiriúla den sórt sin a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear cásanna inar cuid iad de bhagairt lena mbaineann gné hibrideach, ina rannchuidíonn siad nó ina bhfuil siad nasctha le bagairt den sórt sin.
Rud eile a dhéantar leis an togra, sin é comhlántachtaí le OIPE agus Eurojust a neartú sna céimeanna ionchúisimh agus breithiúnacha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí thacaíocht anailíseach struchtúrach a sholáthar do OIPE san anailís ar choireacht airgeadais chasta trasteorann a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tacaíonn sé le hidirghníomhaíocht níos dlúithe le Frontex freisin i réimsí ina mbíonn baint ag an gcoireacht trasteorann le bainistiú teorainneacha, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (‘eu-LISA’) 22 i ndáil le forbairt, cur chun úsáide agus bainistiú teicniúil seirbhísí agus uirlisí bainistithe faisnéise, leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta ndáil le coireacht airgeadais, agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (‘ENISA’) 23 i ndáil leis an gcibearshlándáil, go háirithe teagmhais a bhaineann le bogearraí éirice.
Rannchuidíonn an togra le feidhmiú limistéar Schengen go díreach, áit nach féidir an tsaorghluaiseacht a choinneáil ar bun ach amháin trí fhreagairt slándála Eorpach atá chomh comhtháite agus chomh héifeachtach céanna. Trí chomhar i bhforfheidhmiú an dlí ar leibhéal an Aontais a threisiú agus trí ilroinnt a laghdú, cuidíonn an togra lena áirithiú go soláthraítear an tslándáil laistigh de limistéar Schengen agus an tslándáil chomh comhtháthaithe céanna agus atá an tsaoirse gluaiseachta ar ceapadh é lena chosaint. An tráth céanna, tá sé d’aidhm ag an togra freisin comhar Europol a neartú le Tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach le cuspóirí beartais níos leithne an Aontais maidir le ceannasacht theicneolaíoch agus bonneagar digiteach slán, lena n‑áirítear an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí( 24 ), clár beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach( 25 ) , an straitéis um néalríomhaireacht an Aontais( 26 ) agus na tionscnaimh le haghaidh na cibearshlándála( 27 ) , lena n‑áirítear an togra nua maidir leis an nGníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga arb é is aidhm dó éiceachóras, infheistíocht agus bonneagar néalríomhaireachta agus intleachta saorga an Aontais a neartú 28 . Trína chur ar a chumas do Europol agus d’údaráis inniúla na mBallstát sonraí a phróiseáil agus a anailísiú go slán ar an mórchóir agus oibriú i dtimpeallachtaí próiseála sonraí atá slán, iontaofa agus inscálaithe, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as néalchumais cheannasacha agus as ardbhonneagair dhigiteacha, rannchuidíonn an togra le hacmhainneachtaí teicneolaíocha Eorpacha athléimneacha( 29 ) agus uathrialacha a fhorbairt.
Tacaíonn an togra le beartais an Aontais maidir le nuálaíocht, taighde agus iomaíochas freisin, lena n‑áirítear gnéithe faoin gclár Fís Eorpach( 30 ) agus faoin gClár Oibre Eorpach um Nuálaíocht( 31 ) . Trí Europol a shuí mar mhol lárnach chun riachtanais oibríochtúla atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus chun cumais forfheidhmithe dlí amach anseo a mhúnlú, tacaíonn sé le forbairt agus glacadh na n‑ardteicneolaíochtaí, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí réitigh soláthair chomhpháirtigh.
An tráth céanna, tá an togra fós ailínithe go hiomlán le creat cosanta sonraí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le cosaint sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena n‑áirithítear go bhfuil ról oibríochtúil neartaithe Europol fréamhaithe in ardleibhéal cosanta do chearta bunúsacha i gcónaí.
Leis an togra, neartaítear creat an Aontais um fhrithsciúradh airgid agus coireacht airgeadais, lena n‑áirítear an Pacáiste maidir le Frithsciúradh Airgid( 32 ) agus an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta a bunaíodh, agus treisítear ollstruchtúr comhraic calaoise an Aontais Eorpaigh agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais an tráth céanna faoi Threoir (AE) 2017/1371( 33 ) . Soláthraíonn sé cumais fheabhsaithe do Europol chun tacú le himscrúduithe airgeadais casta trasteorann agus chun dul i gcomhar go héifeachtach le OIPE agus le hobair riaracháin agus imscrúdaitheach OLAF. Trína chur ar a chumas do Europol faisnéis airgeadais, acmhainneachtaí anailíseacha agus acmhainní oibríochtúla a chomhtháthú, cuireann an togra ar a chumas dó sreabha agus sócmhainní airgeadais choiriúil a shainaithint, a anailísiú agus a rianú, lena n‑áirítear iad siúd a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais, rud a threisíonn cur chuige córasach ‘lena leantar an t‑airgead’ agus lena n‑áirithítear go dtugtar freagairt chomhordaithe ar an gcoireacht airgeadais ar leibhéal an Aontais. Tá treisiú sin ról Europol ábhartha go háirithe i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair ar an ollstruchtúr frithchalaoise, lena n‑áirithítear go mbeidh a chumais ailínithe le hathchóirithe ar leibhéal an Aontais amach anseo agus leis na riachtanais athraitheacha a bhíonn i gceist le forfheidhmiú an dlí in aghaidh na coireachta airgeadais trasteorann.
Cuireann an togra borradh faoi shlándáil sheachtrach an Aontais trí chead a thabhairt do Europol faisnéis choiriúil a phróiseáil go comhpháirteach le tíortha comhpháirtíochta nach tíortha de chuid an Aontais iad, rud lena gcuirtear feabhas ar luas agus ar cháilíocht na n‑imscrúduithe idirnáisiúnta, agus malartú slán faisnéise á áirithiú trí chainéil amhail INTERPOL an tráth céanna. Cuireann an togra ar a chumas do Europol saineolaithe a imlonnú i dtíortha de chuid an Aontais iad freisin chun bearta oibríochtúla a chomhordú. Trí ghníomhaíochtaí seachtracha Europol a dhíriú ar chuspóirí oibríochtúla, uasmhéadaítear leis an togra breisluach na ngníomhaíochtaí sin d’údaráis inniúla na mBallstát agus, an tráth céanna, tá siad comhlántach fós le ról Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (‘CEPOL’) i bhfothú acmhainneachta i dtríú tíortha.
Tugtar rannchuidiú breise leis an togra do phróiseas méadaithe an Aontais tríd an gcomhar oibríochtúil le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí ionchasacha a dhoimhniú. Mar phríomh‑chomhpháirtithe san obair chun aghaidh a thabhairt ar an gcoireacht thrasnáisiúnta, ar an sceimhlitheoireacht agus ar bhagairtí eile slándála trasteorann, tá ról tábhachtach ag na tíortha sin in ollstruchtúr slándála na hEorpa ar bhonn níos leithne agus ní mór iad a chomhtháthú i gcreataí ábhartha um an gcomhar slándála de réir a chéile.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 87(2), pointe (a), agus Airteagal 88 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Soláthraítear le hAirteagal 88 an bunús dlí le Europol a bhunú agus a fheidhmiú agus lena chúraimí, a struchtúr agus a oibríocht a chinneadh. Foráiltear in Airteagal 87(2), pointe (a), CFAE maidir le glacadh na mbeart a bhaineann le faisnéis ábhartha a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú chun críoch comhair póilíneachta.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Is dúshláin trasteorann go bunúsach iad na dúshláin a dtugtar aghaidh orthu sa togra seo agus ní féidir leis na Ballstáit dul i ngleic leo go héifeachtach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar. Is de chineál trasnáisiúnta go príomha iad na saghsanna coireachta is tromchúisí agus is eagraithe anois, agus oibrítear líonraí coiriúla go rianúil ó dhlínse go chéile agus ar fud timpeallachtaí digiteacha. Tagann siad i dtír ar ilroinnt na faisnéise, na gníomhaíochta oibríochtúla agus na gcumas náisiúnta. Dá dheasca sin, ní bhíonn ach radharc páirteach ag na Ballstáit ar ghníomhaíochtaí coiriúla agus tá teorainneacha struchtúracha rompu maidir le himscrúduithe a nascadh agus le freagairt go héifeachtach do ghníomhaíochtaí coiriúla ar fairsinge ná a ndlínse náisiúnta iad.
Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, a bhíonn níos éifeachtaí. Fágann scála, luas agus cineál trasteorann na gníomhaíochta coiriúla go bhfuil gá le leibhéal comhordúcháin, comhiomlánaithe sonraí agus acmhainneachta anailísí nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar. Trí oibriú ar leibhéal an Aontais, tá Europol in ann faisnéis ó dhlínsí iomadúla a chomhcheangal, patrúin agus naisc a shainaithint nach mbraithfí ar shlí eile, agus tacú le tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht oibríochtúil thar theorainneacha agus le comhordú na gníomhaíochta sin. Lena linn sin, feabhsaíonn sé tionchar na n‑imscrúduithe náisiúnta agus áirithíonn sé nach mbeidh freagairtí ar choireacht trasteorann ilroinnte ach go mbeidh siad ailínithe le chéile agus go dtreiseoidh siad a chéile. Cumasaíonn sé freisin forbairt agus cur chun úsáide na n‑ardchumas atá thar acmhainn na mBallstát aonair agus iad ag gníomhú ina n‑aonar, rud lena gcumasaítear barainneacht scála freisin i réimsí ina mbíonn sé dian ar acmhainní na cumais sin a fhorbairt agus gá le mais chriticiúil lena dhéanamh. Trí na hacmhainneachtaí sin a lárú ar leibhéal an Aontais agus iad a chur ar fáil ó Bhallstát go chéile, seachnaítear an dúbláil leis an togra, laghdaítear costais agus áirithítear leibhéal éifeachtachta ard agus comhsheasmhach.
I limistéar Schengen, tá an acmhainneacht chomhchoiteann sin fíor-riachtanach chun a áirithiú go bhfuil leibhéal an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí comhréireach leis an leibhéal an chomhtháthaithe a bhaintear amach.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní thionscnaítear níos mó leis an togra seo ná an méid is gá chun a chuspóirí a bhaint amach.
Tugtar isteach creat níos comhtháite leis an togra le haghaidh tacaíochta ar leibhéal an Aontais d’fhorfheidhmiú an dlí, agus é ina léiriú ar scála agus ar chastacht na coireachta trasteorann. Dírítear leis ar úsáid níos éifeachtaí na faisnéise a chumasú, ar thacaíocht d’imscrúduithe trasteorann a neartú agus ar fheabhas a chur ar an rochtain ar chumais chomhroinnte, gan cothromaíocht bhunúsach na n‑inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit a athrú. Go sonrach, ní thugtar leis aon chumhacht chomhéigneach do Europol, ar inniúlacht eisiach na mBallstát i gcónaí iad na cumhachtaí sin.
I gcás inarb ábhartha, tugtar tuilleadh tacaíochta do chomhréireacht na mbeart leis an anailís a rinneadh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo.
•An rogha ionstraime
Tá an togra i bhfoirm Rialacháin lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2016/794 lena mbunaítear Europol. Is gá an creat atá ann cheana a aisghairm agus a athsholáthar i bhfianaise na forbartha móire atá tagtha ar shainordú agus ar ghníomhaíochtaí Europol, agus gur gá athrú comhfhreagrach a dhéanamh ar an gcur chuige dlíthiúil dá bharr sin. An Rialachán atá ann faoi láthair, a ceapadh mar ionstraim sholúbtha a raibh creat tagartha leathan ag gabháil leis ar dtús, ní leor é a thuilleadh chun tacú leis an bhfás atá ag teacht ar fhreagrachtaí Europol ná leis an méadú atá ag teacht ar chastacht na n‑oibríochtaí aige, lena n‑áirítear an ról leathnaithe atá aige i bpróiseáil sonraí.
Mar gheall ar an bhforbairt atá tagtha ar ról Europol, tá gá le creat dlíthiúil nuachóirithe agus lánstruchtúrtha chun a phríomhfhreagrachtaí a shainiú go soiléir, débhríochtaí a bhaint, agus an deimhneacht, an intuarthacht agus an chuntasacht dhlíthiúil is gá a sholáthar chun go mbeidh sé in ann a shainordú treisithe a chomhlíonadh go héifeachtach. Tríd an gcreat dlíthiúil athbhreithnithe, ní mór do Europol a bheith in ann a fheidhmeanna feabhsaithe a chomhlíonadh go héifeachtúil agus é ag oibriú laistigh de thimpeallacht dhlíthiúil shoiléir, láidir agus intuartha, agus an tsolúbthacht oibríochtúil a bhfuil gá léi á coinneáil ar bun chun freagairt do bhagairtí atá ag teacht chun cinn.
Níor leor Rialachán (AE) 2016/794 a athmhúnlú chun nuachóiriú Europol a chumasú. Ní sholáthraítear leis an Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair an bunstruchtúr is gá chun athruithe substaintiúla oibríochtúla, anailíseacha agus teicneolaíocha a chomhtháthú, agus ba neamhleor leasuithe incriminteacha chun an comhleanúnachas, an deimhneacht dhlíthiúil agus an struchtúr institiúideach lena bhfuil gá a bhunú go mbeadh Europol nuachóirithe go hiomlán. Is é is aidhm don togra seo forálacha Rialachán (AE) 2016/794 a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shubstaintiúla atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a lín agus a gcineál araon, ba cheart, ar mhaithe leis an tsoiléireacht, an gníomh dlí sin a aisghairm.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Sa mheastóireacht ar Rialachán (AE) 2016/794, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/991, a rinneadh i gcomhthráth leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, deimhnítear go bhfuil ról lárnach ar leith ag Europol sa tacaíocht do na Ballstáit chun an choireacht thromchúiseach eagraithe agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, go háirithe in imscrúduithe trasteorann. Agus an tréimhse 2017-2024 á cumhdach, fuarthas amach sa mheastóireacht gur neartaigh Europol an malartú faisnéise agus an comhordú oibríochtúil ar leibhéal an Aontais go mór.
An tráth céanna, cuirtear teorainneacha struchtúracha áirithe i dtábhacht sa mheastóireacht a chuireann srian ar chumas Europol a acmhainneacht a fhíorú go hiomlán. Bearnaí leanúnacha ó thaobh faisnéise de, ar bearnaí iad atá nasctha le hionchuir mhíchothroma maidir le sonraí ó na Ballstáit agus le srianta nós imeachta, cuireann siad teorainn le léargas iomlán ar an bhfaisnéis choiriúil a fhorbairt ar leibhéal an Aontais. Tá an tacaíocht oibríochtúil neamhréireach fós agus, i gcásanna áirithe, ní chomhtháthaítear i gceart í in imscrúduithe náisiúnta. Idir an dá linn, cuireann teorainneacha i gcreataí institiúideacha bac ar an gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais. Ina theannta sin, tugtar le fios sa mheastóireacht go bhfuil méadú ag teacht ar an mbrú ar acmhainní agus ar chumais Europol, go háirithe i gcomhthéacs na saghsanna coireachta atá níos casta, níos digití agus níos déine ar shonraí, rud a fhágann go bhfuil gá le réitigh theicneolaíocha inscálaithe agus le hacmhainneacht anailíseach fheabhsaithe.
Nochtar leis na torthaí sin go bhfuil bearna struchtúrach ann idir creat atá i bhfeidhm faoi láthair i leith Europol agus timpeallacht na bagartha atá ag teacht chun cinn agus is iad na torthaí atá mar bhonn taca ag an ngá atá leis an togra seo. Cuirtear an mheastóireacht mhionsonraithe i láthair sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo.
Thairis sin, deimhnítear sa tuarascáil ón gCoimisiún de bhun Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2016/794( 34 ) go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta ag Europol maidir le Rialachán (AE) 2022/991 a chur chun feidhme. Tá beagnach gach ceann dá chúraimí nua próiseála sonraí agus anailíseacha curtha chun feidhme ag Europol, lena n‑áirítear tacair mhóra chasta sonraí a láimhseáil agus tacaíocht a thabhairt do thionscadail taighde agus nuálaíochta trí chreataí sonracha. Le cumais leathnaithe Europol, neartaíodh imscrúduithe trasteorann, cuireadh feabhas ar an malartú faisnéise i measc na mBallstát, agus feabhsaíodh tacaíocht anailíseach don choireacht thromchúiseach eagraithe agus don sceimhlitheoireacht, agus an méid sin ar fad gan aon fhianaise ar thionchair dhiúltacha ar chearta bunúsacha, mar gheall ar na coimircí atá i bhfeidhm. Leanann na Ballstáit de bheith ag gabháil d’uirlisí nua Europol go gníomhach, rud atá ina léiriú ar an méadú atá ag teacht ar an spleáchas oibríochtúil ar a chumais.
An tráth céanna, sainaithnítear sa mheastóireacht go bhfuil teorainneacha struchtúracha agus oibríochtúla áirithe ann a chuireann srian ar lánúsáid na gcumas nua atá ag Europol. Baineann próisis chasta um chosaint sonraí den luas atá faoin nglacadh oibríochtúil agus díspreagann siad úsáid chomhsheasmhach na n‑uirlisí in imscrúduithe laethúla. Comhtháthaítear an tacaíocht oibríochtúil go míchothrom in imscrúduithe náisiúnta, agus cuireann srianta ar acmhainneacht anailíseach agus ar inscálaitheacht theicneolaíoch teorainn le cumas Europol an méadú atá ag teacht ar mhéideanna sonraí casta a phróiseáil agus lena chumas chun gníomhú ina leith. Tugtar faoi deara sa tuarascáil freisin, mar gheall ar an bhfás atá ag teacht ar scála agus ar shofaisticiúlacht na coireachta digití agus trasteorann, go bhfuil gá le réitigh oibríochtúla níos forbartha, níos solúbtha agus níos inscálaithe chun a áirithiú gur féidir le Europol freagairt go héifeachtach ó Bhallstát go chéile.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinneadh próiseas comhairliúcháin críochnúil cuimsitheach chun ionchur a bhailiú ó na Ballstáit, Europol, gníomhaireachtaí an Aontais, líonraí forfheidhmithe dlí, agus páirtithe príobháideacha (cuideachtaí agus comhlachais ghnó, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí taighde).
Rinneadh malartuithe ardleibhéil leis an mBuanchoiste um an gComhar Oibríochtúil sa tSlándáil Inmheánach, le Bord Bainistíochta Europol, agus le hardoifigigh póilíneachta náisiúnta mar chuid den phlé tosaigh maidir le scóip idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh 2025. Chuidigh an plé sin le tosaíochtaí oibríochtúla, dúshláin sa chomhar trasteorann, agus teorainneacha polaitiúla a shainaithint, ar ghá an t‑athchóiriú ar chreat Europol a threorú dá réir. Ina dhiaidh sin, bailíodh fianaise mhionsonraithe idir mí Iúil 2025 agus mí Feabhra 2026 trí ghlao ar fhianaise, comhairliúchán poiblí agus ceardlanna téamacha le saineolaithe na mBallstát.
Ar an iomlán, chuir páirtithe leasmhara in iúl go dtacaíonn siad go láidir le breisluach Europol, go háirithe sa mhéid a éascaíonn Europol le malartú faisnéise trasteorann, anailís ar fhaisnéis choiriúil agus comhordú oibríochtúil. An tráth céanna, shainaithin siad easnaimh oibríochtúla thábhachtacha a chuireann teorainn lena éifeachtacht, go háirithe srianta ó thaobh an dlí agus nósanna imeachta de a bhaineann le próiseáil sonraí. Chomh maith leis sin, leag páirtithe leasmhara béim ar an ngá le tacaíocht oibríochtúil Europol a neartú, córais níos uathoibrithe agus níos idir-inoibrithí a fhorbairt, agus borradh a chur faoi chumais theicneolaíocha agus anailíseacha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí uirlisí digiteacha ar leibhéal an Aontais agus trí chomhar níos láidre le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Leag páirtithe leasmhara na hearnála príobháidí béim thairis sin ar an tábhacht a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil maidir le sonraí a chomhroinnt, go háirithe sa chibearchoireacht.
Cuireadh i dtábhacht sna comhairliúcháin freisin a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh aon neartú ar ról Europol go hiomlán comhsheasmhach le cearta bunúsacha fós, go háirithe ceanglais maidir le cosaint sonraí, agus go ndéantar freagrachtaí na mBallstát maidir leis an tslándáil náisiúnta agus forfheidhmiú an dlí a urramú leis an neartú sin. Tháinig tuairimí éagsúla chun cinn maidir le leathnú breise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar inniúlacht Europol i ndáil le bagairtí hibrideacha, leathnú a bheadh íogair ó thaobh na polaitíochta de dar le roinnt páirtithe leasmhara, ach a chumhdaítear go maith i gcreat dlíthiúil Europol, i bprionsabal.
Chuir an t‑ionchur a fuarthas ó na páirtithe leasmhara bonn eolais faoi dhearadh an togra go díreach trína dheimhniú gur gá aghaidh a thabhairt ar bhearnaí faisnéise, ar an ilroinnt oibríochtúil agus ar shrianta ar an gcumas teicneolaíoch. Chomh maith leis sin, threoraigh sé forbairt na mbeart chun malartú sonraí a neartú, nósanna imeachta a shimpliú agus borradh a chur faoin gcomhar, agus coimircí iomchuí á n‑áirithiú agus teorainneacha shainordú Europol faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á n‑urramú an tráth céanna.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Bhraith an Coimisiún ar shaineolas seachtrach chun tacú leis an meastóireacht agus leis an measúnú tionchair araon a ghabhann leis an togra seo. Go sonrach, le staidéar seachtrach a rinneadh idir mí Iúil 2025 agus mí an Mheithimh 2026, soláthraíodh bonn fianaise cuimsitheach lenar tarraingíodh as ionchur ó na Ballstáit, ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ó líonraí forfheidhmithe dlí agus ó pháirtithe leasmhara ábhartha. Thairis sin, bhreithnigh an Coimisiún raon leathan ionchur, lena n‑áirítear páipéir bheartais a cuireadh isteach le linn ullmhú an togra seo.
•Measúnú tionchair
Tá measúnú tionchair ag tacú leis an togra seo, agus rinneadh anailís ann ar raon roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sainaitheanta a bhaineann le bearnaí faisnéise, ilroinnt oibríochtúil, agus srianta cumais.
Díríodh sa mheasúnú tionchair ar na saincheisteanna lena mbaineann na himpleachtaí is mó ó thaobh cúrsaí polaitiúla, oibríochtúla agus cearta bunúsacha de. Dá bhrí sin, réimsí dá raibh tacaíocht go fairsing ann dóibh cheana féin, lena n‑áirítear forbairt ó thaobh cumais agus teicneolaíochta de, níor cumhdaíodh iad sa mheasúnú.
Measadh dhá phríomhchur chuige beartais.
Díríodh leis an chéad chur chuige ar fheabhsuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar an tsamhail oibríochtúil atá ann cheana trí infhaighteacht sonraí a neartú, borradh a chur faoin gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus feabhas a chur ar chomhtháthú uirlisí agus chórais faisnéise Europol i sreafaí oibre imscrúdaitheacha náisiúnta. Áiríodh leis sin bearta amhail naisc le córais náisiúnta um bainistiú cásanna agus córais Europol a cheadú ar bhealach níos córasaí in imscrúduithe ábhartha.
Beartaíodh leis an dara cur chuige go ndíreofaí níos mó ar struchtúir shamhail oibríochtúil Europol a fhorbairt. Bhí sé d’aidhm aige nach gcloífí a thuilleadh le creat atá dírithe go príomha ar an tarchur déthaobhach faisnéise, agus go rachfaí i dtreo bonneagair comhroinnte cumarsáide ar leibhéal an Aontais a fhorbairt, go háirithe an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta AE. Rinneadh foráil leis freisin maidir le foirm tacaíochta oibríochtúla níos comhtháite a bheadh leabaithe go díreach laistigh de thimpeallachtaí imscrúdaitheacha náisiúnta, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí Oifigí Tacaíochta Europol a bhunú sna Ballstáit. Ina theannta sin, áiríodh nuachóiriú substaintiúil sa chur chuige ar chreat próiseála sonraí Europol, chomh maith le comhar treisithe le OIPE.
Ar an mbonn sin, tá gnéithe den dá chur chuige ann in éineacht le chéile sa rogha beartais ab fhearr. Cuireann sé leis na feabhsuithe incriminteacha a sainaithníodh faoin gcéad chur chuige, go háirithe maidir le hinfhaighteacht sonraí a neartú, córais a uasghrádú agus uirlisí Europol a leabú in imscrúduithe náisiúnta. An tráth céanna, ní chloíonn an rogha a thuilleadh leis an tsamhail atá ann cheana, i gcás inar gá sin, chun aghaidh a thabhairt ar theorainneacha struchtúracha, trí rochtain údaraithe ar shonraí náisiúnta a chumasú, trí láithreacht oibríochtúil Europol sna Ballstáit a threisiú, agus trína chomhar le OIPE a neartú. Ceapadh í sa chaoi sin go dtreiseoidh na bearta a chéile. Go sonrach, leis na feabhsuithe incriminteacha faoin gcéad chur chuige, cruthaítear na dálaí chun go n‑oibreoidh na bearta atá níos forbartha go héifeachtach.
Tá coinne leis go gcuirfidh an rogha beartais ab fhearr feabhas mór ar éifeachtacht an chomhair trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí trí laghdú a dhéanamh ar ilroinnt faisnéise, trí dhlús a chur le naisc oibríochtúla a shainaithint ar fud imscrúduithe, agus trí chomhordú oibríochtúil idir comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a neartú. Tá coinne leis freisin go gcuirfidh sí feabhas ar acmhainneacht na n‑údarás náisiúnta imscrúdú a dhéanamh ar shaghsanna coireachta atá ag éirí níos digití, níos déine ar shonraí agus ina mbíonn gnéithe trasteorann i gceist níos minice, trí thacaíocht anailíseach fheabhsaithe, cumais theicneolaíocha chomhroinnte, agus struchtúir tacaíochta oibríochtúla níos comhtháite. Tá coinne leis go dtairbheoidh saoránaigh dí trí shlándáil inmheánach neartaithe agus trí choireacht thromchúiseach eagraithe agus sceimhlitheoireacht a bheith á gcosc agus á gcomhrac ar bhealach níos éifeachtaí.
Is gá infheistíochtaí móra a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon le haghaidh na rogha beartais ab fhearr, go háirithe chun bonneagair theicneolaíocha chomhroinnte, réitigh idir-inoibritheachta, bearta maidir le comhtháthú oibríochtúil, agus cumais anailíseacha agus oibríochtúla fheabhsaithe a fhorbairt. Meastar gur thart ar EUR 255 mhilliún do na Ballstáit agus EUR 240 milliún do Europol na costais aonuaire a bheidh ann, agus meastar gur thart ar EUR 48 milliún do na Ballstáit agus EUR 78 milliún do Europol na costais athfhillteacha bhliantúla a bheidh ann. Is thart ar EUR 590 milliún do na Ballstáit agus EUR 789 milliún do Europol iad na costais iomlána a mheastar a bheidh ann i gcaitheamh na tréimhse 2028-2034. An tráth céanna, trí úsáid a bhaint as bonneagair agus cumais chomhroinnte ar leibhéal an Aontais, tá coinne leis go nginfear éifeachtúlachtaí agus barainneacht scála nach beag, lena n‑áirítear coigilteas measta thart ar EUR 42 mhilliún i gcomparáid le cineálacha cur chuige a chuirfí chun feidhme ar leithligh.
Maidir leis an gcur isteach ar na cearta chun príobháideachais agus ar na cearta go gcosnófaí sonraí pearsanta, rud a eascraíonn as an rogha beartais ab fhearr, tá sé riachtanach agus comhréireach i gcónaí. Tá bonn cirt leis sin i bhfianaise a chuspóra: a áirithiú go ndéanfar coireacht thromchúiseach eagraithe agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac go héifeachtach i dtimpeallacht oibríochtúil atá ag éirí níos digití agus ina mbíonn gnéithe trasteorann i gceist níos minice. Ba é conclúid an mheasúnaithe tionchair nach bhfuil an creat próiseála sonraí atá ann faoi láthair ina léiriú a thuilleadh ar na réaltachtaí oibríochtúla a bhíonn i gceist leis an bhfaisnéis choiriúil sa lá atá inniu ann, agus go gcruthaíonn sé teorainneacha struchtúracha a dhéanann difear do chumas Europol tacú leis na Ballstáit go héifeachtach. An tráth céanna, déantar an creat coimircí is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí próiseála Europol a neartú agus a athstruchtúrú go substaintiúil leis an togra. Go sonrach, tugtar isteach leis creat dlíthiúil agus teicniúil níos mionsonraithe lena rialaítear timpeallachtaí sonraí Europol, lena n‑áirítear a chórais phróiseála, a choinníollacha rochtana, deighilt na dtimpeallachtaí próiseála, a cheanglais maidir le logáil agus inrianaitheacht, a thréimhsí stórála, agus a shásra um maoirseacht agus formhaoirseacht.
Thug an Bord neamhspleách um Ghrinnscrúdú Rialála ón gCoimisiún tuairim dhearfach ar an measúnú tionchair an 17 Aibreán 2026. Tá bileog achoimre an mheasúnaithe tionchair le fáil ag an nasc seo a leanas: Executive summary of the Impact assessment - Migration and Home Affairs [Achoimre feidhmiúcháin ar an Measúnú Tionchair – Imirce agus Gnóthaí Baile] .
D’iarr an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála go ndéanfaí feabhsuithe ar an measúnú tionchair maidir leis an gcomhthéacs beartais, an bonn fianaise, an loighic maidir le hidirghabháil, an anailís tionchair, agus an creat faireacháin. Mar fhreagairt air sin, rinneadh athbhreithniú ar an measúnú tionchair chun míniú níos fearr a thabhairt ar an bhforbairt atá tagtha ar shainordú Europol agus ar chreat slándála níos leithne an Aontais, chun an bonn fianaise a neartú trí thorthaí meastóireachta agus trí shonraí oibríochtúla, chun na cuspóirí agus na roghanna beartais a bheachtú, chun tuilleadh mionsonraí a thabhairt sa mheasúnú ar thionchair agus ar choimircí, agus chun an creat faireacháin agus meastóireachta a threisiú trí chuspóirí agus táscairí níos soiléire.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Leis an togra, déantar simpliú mór ar rialacha próiseála sonraí Europol agus ar nósanna imeachta gaolmhara, rud lena dtugtar aghaidh ar neamhéifeachtúlachtaí sa chreat atá ann faoi láthair go díreach. Sa lá atá inniu ann, tá formhór na dtacar sonraí a fhaigheann Europol neamhstruchtúrtha, agus tá cur chun feidhme na rialacha agus na maoluithe atá ann cheana maidir le catagóiriú sonraí iontach casta agus dian ar acmhainní. Leis an togra, déantar na rialacha sin a ailíniú le Rialachán (AE) 2018/1725, rud a dhíchuireann castacht nach gá agus a bhain le Europol amháin, agus ardchaighdeáin cosanta sonraí á gcoinneáil ar bun tríd an ailíniú sin an tráth céanna.
Is é an cás céanna maidir leis na nósanna imeachta um chomhairliúchán a bhí ann roimhe sin, ar féidir leo moill a chur ar chur chun úsáide oibríochtúil cumas nua faoi láthair. Leis an togra, simplítear na nósanna imeachta sin, baintear scrogaill a bhí i gceist le nósanna imeachta agus cuirtear dlús leis an gcur chun feidhme, agus fuasclaítear acmhainní oibríochtúla móra an tráth céanna. I dteannta a chéile, laghdaítear an t‑ualach oibre riaracháin leis na hathruithe sin agus, dá bhrí sin, laghdaítear na hacmhainní daonna agus airgeadais gaolmhara lena bhfuil gá ar mhaithe leis an rialachas.
Tugtar isteach sásraí uathoibrithe agus struchtúrtha um chomhroinnt sonraí idir na Ballstáit agus Europol leis an togra freisin agus éascaítear comhtháthú na n‑uirlisí de chuid Europol i sreafaí oibre náisiúnta. Leis an gcur chuige sin, laghdaítear an t‑ualach riaracháin ar na Ballstáit go mór, díchuirtear an gá le sonraí a láimhseáil de láimh, cuirtear dlús le malartú faisnéise coiriúla, agus cuirtear ar a gcumas d’údaráis na mBallstát díriú ar phríomhchúraimí an fhorfheidhmithe dlí seachas ar phróisis riaracháin.
Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an Measúnú Digiteach, toisc go dtacaíonn sé le claochlú digiteach an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí trí chórais idir-inoibritheacha, malartú uathoibrithe sonraí agus bonneagair dhigiteacha shlána atá oiriúnaithe do choireacht an lae inniu atá ag éirí níos digití.
•Cearta bunúsacha
Ós rud é go bhfuil próiseáil agus malartú sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí i gceist leis an togra, tugadh aird ar leith ar na prionsabail, na cearta agus na saoirsí a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú, go háirithe an ceart go mbeadh meas ann ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7) agus an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta (Airteagal 8), chomh maith le comhlíonadh chreat cosanta sonraí an Aontais a áirithiú, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2018/1725.
Ní thugtar isteach catagóirí nua sonraí pearsanta ná cuspóirí nua próiseála leis an togra. Ina ionad sin, simplítear leis na ceanglais faoina bhféadfar sonraí a fhaightear go dleathach a phróiseáil trí na rialacha maidir le catagóiriú ábhair sonraí faoi chreat dlíthiúil Europol a ailíniú le Rialachán (AE) 2018/1725. Tá sé de cheangal ar Europol idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí d’ábhair sonraí fós. I gcás nach féidir idirdhealú den sórt sin a dhéanamh nó i gcás ina bhfuil gá le próiseáil lasmuigh de na catagóirí sin chun cúraimí Europol a chomhlíonadh, féadfar an phróiseáil a dhéanamh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus faoi réir formhaoirseacht iomchuí, lena n‑áirítear rannpháirtíocht Oifigeach Cosanta Sonraí Europol. Caomhnaítear coimircí lárnacha an chreata atá ann cheana leis an togra, lena n‑áirítear ceanglais maidir le teorannú de réir cuspóra, riachtanas agus comhréireacht agus maoirseacht neamhspleách ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
Cé go bhféadfaí cur isteach ar na cearta a ráthaítear faoi Airteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le próiseáil den sórt sin, tá bonn cirt leis an gcur isteach sin mar gheall ar an gcuspóir coireacht thromchúiseach eagraithe agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, agus tá sé teoranta don mhéid is gá agus is comhréireach chun cúraimí Europol a chomhlíonadh. In imscrúduithe coiriúla an lae inniu, tá méadú ag teacht ar na méideanna sonraí neamhstruchtúrtha a bhailíonn agus a tharchuireann údaráis inniúla de thionscnamh foinsí éagsúla, lena n‑áirítear gléasanna digiteacha, seirbhísí cumarsáide agus ardáin ar líne. Is minic a bhíonn próiseáil agus anailís chasta ag teastáil le haghaidh tacair sonraí den sórt sin sular féidir an fhaisnéis atá iontu a eagrú, a léirmhíniú, a struchtúrú agus a shannadh do chatagóirí sonracha d’ábhair sonraí. Thairis sin, fiú i gcás inar féidir ábhair sonraí a chatagóiriú, d’fhéadfadh sé gur ghá tuilleadh anailíse a dhéanamh ar ábharthacht faisnéise ar leith agus ar naisc a d’fhéadfadh a bheith ann idir daoine, imscrúduithe, gníomhaíochtaí coiriúla agus líonraí coiriúla, ar bhonn leideanna agus faisnéis nua nach raibh le fáil roimhe sin. Dá bhrí sin, is gá na tacair sonraí sin a phróiseáil chun é a chur ar a chumas do Europol faisnéis ábhartha a shainaithint, naisc nach rabhthas ar an eolas fúthu roimhe sin a bhrath agus tacaíocht éifeachtach a sholáthar do na Ballstáit chun coireacht thromchúiseach eagraithe agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Tá impleachtaí buiséadacha ag an togra ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon. Ar leibhéal an Aontais, chun ról Europol mar mhol faisnéise, oibríochtúil agus teicneolaíochta a neartú, beidh gá le hacmhainní breise daonna, teicniúla agus airgeadais agus meastar gur thart ar EUR 1 053 bhilliún i gcaitheamh na tréimhse cur chun feidhme a bheidh i gceist leis sin. Baineann na hinfheistíochtaí sin le hacmhainneachtaí feabhsaithe próiseála sonraí agus anailíseacha, le tacaíocht oibríochtúil, le cumais theicneolaíocha agus le bonneagair dhigiteacha shlána. An tráth céanna, agus a bhuí leis an simpliú agus leis an laghdú thuasluaite ar chastacht riaracháin, ní gá aon mhéadú a dhéanamh de thoradh an togra ar chaiteachas Europol ar rialachas.
Beidh costais do na Ballstáit i gceist leis an togra a chur chun feidhme freisin, agus meastar gur thart ar EUR 590 milliún in íocaíochtaí i gcaitheamh na chéad 7 mbliana a bheidh ann, go háirithe chun na córais, na sreafaí oibre agus na comhéadain theicniúla náisiúnta a oiriúnú, ar gá iad chun tacú le comhar níos comhtháite agus níos uathoibrithe le córais agus uirlisí Europol.
Leagtar amach impleachtaí airgeadais mionsonraithe an togra sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra. Is chun críoch léiriúcháin amháin a sholáthraítear na himpleachtaí airgeadais agus foirne a mheastar a bheidh ann do 2028 agus ina dhiaidh sin agus ní thagann siad roimh chinntí maidir leis an gcéad bhuiséad ilbhliantúil eile ag an Aontas (chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034). Beidh foinsí cistiúcháin agus méid ghealltanas airgeadais an Aontais tar éis 2027 ag brath ar thoradh na caibidlíochta idirinstitiúidí le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034. Ina dhiaidh sin, ní mór iad a chinneadh tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil. Dá bhrí sin, is leithreasuithe táscacha iad na leithreasuithe agus na leithdháiltí foirne uile ó 2028 ar aghaidh.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Leanfar struchtúir threisithe rialachais leis an togra a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gcur chuige coiteann is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, agus tuairisceoidh Europol go tráthrialta don Bhord Bainistíochta agus don Ghrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach. Cuideoidh Bord Feidhmiúcháin tiomnaithe leis an mBord Bainistíochta formhaoirseacht a dhéanamh ar ullmhú agus ar chur chun feidhme an chlársceidealaithe bhliantúil agus ilbhliantúil, agus le maoirseacht ar an mbainistiú riaracháin agus buiséadach a threisiú ar bhonn níos ginearálta.
Déanfar faireachán agus meastóireacht ar fheidhmíocht, ar thorthaí oibríochtúla, agus ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí dlíthiúla agus cosanta sonraí trí úsáid a bhaint as timthriallta agus nósanna imeachta bunaithe um thuairisciú, arna gcomhlánú i gcás inar gá chun na bearta nua a léiriú. Neartaítear leis an togra acmhainneacht Europol chun tuairisciú staidrimh a ghiniúint ar bhealach níos struchtúrtha, níos uathoibrithe agus níos inchomparáide ar leibhéal an Aontais freisin, rud a thacóidh le faireachán níos éifeachtaí a dhéanamh ar fheidhmíocht fhoriomlán an Rialacháin.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht an Rialacháin i gcomhréir le ceanglais chaighdeánacha maidir le meastóireacht agus tuairisceoidh sé ar a fheidhmíocht.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Caibidil I – Forálacha ginearálta, cuspóirí agus cúraimí Europol
I gCaibidil I bunaítear Europol, sainítear a chuspóirí, a stádas dlíthiúil, a shuíomh agus a raon feidhme inniúlachta, agus leagtar amach na príomhfheidhmeanna trína dtacaíonn Europol le húdaráis inniúla na mBallstát.
Cuimsítear ann an foréigean inscnebhunaithe i measc na saghsanna coireachta a thagann faoi inniúlacht Europol freisin. Is léiriú é sin ar an méadú atá ag teacht ar chineál trasteorann an iompair sin agus gur minice a éascaíonn an teicneolaíocht leis, agus áirithítear comhleanúnachas le Treoir (AE) 2024/1385 leis, rud a chuireann ar a chumas do Europol tacú leis na Ballstáit ar bhealach níos éifeachtaí trí mhalartú faisnéise, anailís ar fhaisnéis choiriúil agus comhar oibríochtúil.
Murab ionann agus Rialachán (AE) 2016/794, lena sainítear cúraimí Europol trí liosta fadréimseach agus mionsonraithe gníomhaíochtaí, leis an Airteagal 6 atá beartaithe, múnlaítear struchtúr inniúlachta Europol ar bhonn a phríomhfheidhmeanna agus a phríomhfhreagrachtaí, mar atá, próiseáil faisnéise agus faisnéis choiriúil, tacaíocht oibríochtúil, anailís straitéiseach agus oibríochtúil, comhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta. Leagtar amach sna caibidlí substainteacha ábhartha na rialacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, lena n‑áirítear na nósanna imeachta, na cumhachtaí, na coinníollacha agus na coimircí is infheidhme.
Soláthraítear creat dlíthiúil níos comhleanúnaí, níos solúbtha agus níos soiléire leis an gcur chuige sin. Neartaítear leis an trédhearcacht agus an chuntasacht trí struchtúr níos soiléire a chruthú maidir leis an gcaoi a bhfuil coinne leis go n‑oibreoidh Europol agus go gcomhlíonfaidh sé a shainordú, agus caomhnaítear leis an tsolúbthacht oibríochtúil is gá an tráth céanna chun go bhfreagróidh Europol go héifeachtach do bhagairtí agus do réaltachtaí oibríochtúla atá ag teacht chun cinn.
Caibidil II – Comhar oibríochtúil
Bunaítear creat oibríochtúil nua do ghníomhaíochtaí Europol leis an gCaibidil seo, arna cheapadh chun go mbeidh sé in ann tacú le himscrúduithe atá ag éirí níos casta, níos idirnasctha agus níos iltoisí trí shamhail oibríochtúil ildisciplíneach. Claochlaítear Europol leis sa chaoi go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais oibríochtúla ar bhealach níos struchtúrtha agus níos leanúnaí, lena ndéantar comhordú oibríochtúil, faisnéis choiriúil, saineolas speisialaithe, cumais anailíseacha, agus tacaíocht oibríochtúil a eagrú laistigh d’ollstruchtúr oibríochtúil comhleanúnach seachas trí shocruithe aonaracha nó ar bhonn cás ar chás.
Déanann Airteagal 7 struchtúr na bhfeidhmeanna tacaíochta anailísí straitéiseacha ag Europol a mhúnlú. Sainítear in Airteagal 8 na cumais oibríochtúla is gá chun tacaíocht leanúnach a sholáthar do na Ballstáit, lena n‑áirítear ról lárnach Europol maidir le naisc oibríochtúla a shainaithint, naisc trasteorann idir imscrúduithe a bhrath, agus tacú le comhordú oibríochtúil ó Bhallstát go chéile. Treisíonn Airteagal 9 ról Europol go mór maidir leis an tacaíocht d’imscrúduithe ‘lena leantar an t‑airgead’ agus lena rianaítear sócmhainní mar ghné lárnach oibríochtúil d’imscrúduithe trasteorann. Bunaítear leis sásraí comhair níos láidre le hoifigí náisiúnta um aisghabháil sócmhainní agus le haonaid um fhaisnéis airgeadais leis, tugtar rochtain níos fearr do Europol ar fhaisnéis ábhartha airgeadais agus rianaithe sócmhainní agus tugtar isteach an deis do Europol bearta práinneacha a iarraidh maidir le reo sócmhainní i gcás ina bhfuil garbhaol ann go ndiomlófar sócmhainní coiriúla. Bunaítear leis sásraí comhair níos láidre le hoifigí náisiúnta um aisghabháil sócmhainní agus le haonaid um fhaisnéis airgeadais leis, tugtar rochtain níos fearr do Europol ar fhaisnéis ábhartha airgeadais agus rianaithe sócmhainní agus tugtar isteach an deis do Europol bearta práinneacha maidir le reo sócmhainní a iarraidh ar na Ballstáit i gcás ina bhfuil garbhaol ann go ndiomlófar sócmhainní coiriúla. Le hAirteagal 11 neartaítear obair leantach Europol maidir le faisnéis choiriúil trasteorann trína áirithiú go dtreorófar tograí chun imscrúduithe a sheoladh chuig Eurojust go córasach chun críoch comhordaithe bhreithiúnaigh. Áiritheofar leis sin gur féidir faisnéis choiriúil ar gá obair leantach imscrúdaitheach a dhéanamh ina leith a thabhairt ar aghaidh trí na sásraí iomchuí um chomhordú breithiúnach ar leibhéal an Aontais.
Le Roinn 2 bunaítear an chnámh droma oibríochtúil buan trína n‑eagraíonn agus trína soláthraíonn Europol tacaíocht oibríochtúil speisialaithe leanúnach do na Ballstáit.
Mar léiriú ar an méadú atá ag teacht ar choireacht eagraithe thromchúiseach agus ar sceimhlitheoireacht de chineál níos idirnasctha agus níos iltoisí, bunaítear le hAirteagal 12 an tSeirbhís Oibríochtúil agus Anailíse mar mhol lárnach buan 24/7 Europol um chomhordú oibríochtúil agus um fhaisnéis choiriúil. Ceapadh an tSeirbhís chun feidhmiú mar chroílár oibríochtúil Europol, lena n‑áirithítear go ndéantar malartú faisnéise, anailís ar fhaisnéis choiriúil, iarrataí ar thacaíocht oibríochtúil, agus obair leantach oibríochtúil a chomhordú go leanúnach ar fud ollstruchtúr oibríochtúil Europol. Croí‑fheidhm de chuid na Seirbhíse is ea naisc oibríochtúla a shainaithint ar fud imscrúduithe náisiúnta, faisnéis agus saineolas ó réimsí oibríochtúla éagsúla a thabhairt le chéile, tacú le freagairtí oibríochtúla comhleanúnacha ar fud an Aontais, agus comhleanúnachas a áirithiú idir na lárionaid éagsúla saineolais speisialaithe.
Cruthaítear creat dlíthiúil coiteann inscálaithe le hAirteagal 13 le haghaidh Lárionaid Europol um shaineolais speisialaithe mar na príomhstruchtúir speisialaithe cumais agus saineolais laistigh de Europol, lena dtugtar le chéile faisnéis choiriúil, comhordú oibríochtúil, cumais speisialaithe, tacaíocht anailíseach agus fhóiréinseach, agus saineolas oibríochtúil i bpríomhréimsí. Cuireann sé leis an gcur chuige a thug Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle isteach trí Rialachán (AE) 2025/2611 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach.
Le hAirteagail 14 go 18, bunaítear an creat oibríochtúil le haghaidh na Lárionad um Shaineolas Oibríochtúil. Aithnítear sna forálacha, chun tacaíocht Europol a sholáthar go héifeachtach, gur gá saineolas agus cumais speisialaithe a chomhchruinniú i réimsí tosaíochta coireachta ar gá gníomhaíocht leanúnach ar leibhéal an Aontais a dhéanamh ina leith. Is iad na Lárionaid an príomhshásra eagraíochtúil trína ndéanann Europol tacaíocht oibríochtúil den sórt sin a chur in ord tosaíochta, a fhorbairt agus a sholáthar agus trína n‑áirithíonn sé comhleanúnachas ar fud a ghníomhaíochtaí. I bhfianaise an róil lárnaigh atá acu i bhfeidhmiú shainordú Europol agus i leithdháileadh na n‑acmhainní oibríochtúla, leagtar an creat bunúsach lena rialaítear na Lárionaid síos sa Rialachán seo. Tá tuilleadh sonraí maidir le heagrú agus feidhmiú na Lárionad le leagan síos i rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta. Leis sin, beifear in ann a leagan amach oibríochtúil a fhorbairt taobh le tosaíochtaí oibríochtúla agus bagairtí a thagann chun cinn.
Léiríonn na forálacha sin freisin go bhfuil gné hibrideach i gceist leis an gcoireacht thromchúiseach eagraithe níos minice anois. Dá bhrí sin, áirithítear leis na forálacha, i gcás ina bhfuil gné hibrideach i gceist le gníomhaíochtaí coiriúla a bhaineann le coir a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol, go bhfuil Europol in ann tacú leis na Ballstáit trí raon iomlán a chumas oibríochtúil. Ar an gcúis sin, tá an ghné sin comhtháite ar fud na Lárionad uile, agus é á aithint go bhféadfadh gníomhaíochtaí coiriúla a bhfuil gné hibrideach i gceist leo teacht chun cinn ar fud aon cheann de na réimsí coireachta a thagann faoi shainordú Europol agus nach féidir iad a shrianadh laistigh d’aon réimse oibríochtúil amháin.
Áirithítear le hAirteagal 19 go mbeifear in ann ollstruchtúr oibríochtúil Europol a fhorbairt i gcónaí le himeacht ama trí Lárionaid bhreise a bhunú i gcás ina bhfuil gá le buanchumais speisialaithe nua ar leibhéal an Aontais mar gheall ar bhagairtí nó ar riachtanais oibríochtúla atá ag teacht chun cinn.
Le Roinn 3 bunaítear na príomhionstraimí um chomhar oibríochtúil trína dtacaíonn Europol le gníomhaíocht oibríochtúil chomhordaithe. Leagtar amach in Airteagal 20 an creat um thascfhórsaí oibríochtúla mar shásra solúbtha um chomhordú oibríochtúil lena dtacaítear le himscrúduithe tosaíochta agus le gníomhaíochtaí oibríochtúla i gcásanna trasteorann ardluacha lena mbaineann tábhacht oibríochtúil. Le hAirteagal 22 bunaítear an creat lena rialaítear imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, theicniúil, anailíseach agus fhóiréinseach chuig na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, chuig tíortha nach de chuid an Aontais iad. Le hAirteagal 23 bunaítear an creat um ról Europol maidir le tacaíocht don Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla.
Leis na forálacha códaítear na hionstraimí sin um chomhar oibríochtúil laistigh de chreat dlíthiúil, agus cuspóir sonrach oibríochtúil agus breisluach gach struchtúir á soiléiriú agus a gcomhlántacht á háirithiú an tráth céanna. Is é an cuspóir atá ann catagóirí oibríochtúla atá sách leathan agus solúbtha a sholáthar lena mbeifear in ann formhór na riachtanas tacaíochta agus comhordúcháin oibríochtúil a chumhdach, lena seachnófar iolrú leanúnach na struchtúr ad hoc agus lena gcaomhnófar an tsolúbthacht is gá an tráth céanna chun freagairt do réaltachtaí oibríochtúla agus iad ag forbairt.
Le hAirteagal 21 neartaítear leanúntas na tacaíochta ar leibhéal an Aontais don chomhar i bhforfheidhmiú an dlí agus don chomhar breithiúnach trí rannpháirtíocht Europol i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú a threisiú.
Le hAirteagal 24 bunaítear díormaí speisialaithe saineolaithe oibríochtúla agus teicniúla ina mbeidh saineolaithe ó na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh saineolas oibríochtúil, anailíseach agus teicniúil an‑speisialaithe le fáil.
Neartaítear le Roinn 4 an creat lena rialaítear struchtúir náisiúnta le haghaidh comhair le Europol, lena n‑aithnítear go mbraitheann éifeachtacht shamhail oibríochtúil Europol sa deireadh thiar thall ar an tsamhail sin a bheith comhtháite laistigh de chórais náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí. Chuige sin, déantar ról na n‑aonad náisiúnta de chuid Europol a athstruchtúrú agus a leathnú go mór le hAirteagal 25, rud a threisíonn a ról mar an príomh‑chomhéadan oibríochtúil idir Europol agus na húdaráis náisiúnta inniúla.
Gné lárnach den togra seo is ea oifigí tacaíochta Europol a bhunú, faoi Airteagal 26, laistigh d’aonaid náisiúnta Europol. Ceapadh na hoifigí sin chun a áirithiú go ndéanfaí cumais oibríochtúla, anailíseacha, theicniúla agus fhóiréinseacha Europol a chomhtháthú ar bhonn oibríochtúil go leanúnach in imscrúduithe agus i ngníomhaíochtaí oibríochtúla náisiúnta go díreach. Chuige sin, bheadh an fhoireann arna n‑imlonnú chuig na hoifigí ag tacú le riachtanais oibríochtúla laethúla a shainaithint, d’éascóidís slógadh na gcumas agus na n‑ionstraimí oibríochtúla de chuid Europol in imscrúduithe a bheidh ar siúl, chuideoidís leis na húdaráis náisiúnta úsáid oibríochtúil a bhaint as córais, anailísí agus saintacaíocht Europol, agus d’áiritheoidís go mbeadh comhordú oibríochtúil leanúnach agus obair leantach ann idir Europol agus na húdaráis náisiúnta inniúla ar feadh shaolré oibríochtúil na n‑imscrúduithe agus na ngníomhaíochtaí oibríochtúla. Mar léiriú ar a bhfeidhm nascach idir timpeallachtaí oibríochtúla ar leibhéal an Aontais agus timpeallachtaí oibríochtúla náisiúnta, tá foireann Europol sna hoifigí ag a bhfuil taithí roimhe sin ar údaráis inniúla Ballstáit agus oibríonn siad trí chóras an dé-thuairiscithe lena n‑áirithítear go mbeidh oibríochtaí comhtháite go dlúth idir Europol agus na húdaráis náisiúnta lena mbaineann araon. Leis an tsamhail sin, cuirtear cúrsaíocht leanúnach an tsaineolais idir Europol agus na Ballstáit chun cinn, rud a fhágann gur féidir taithí oibríochtúil a fhaightear ar an leibhéal náisiúnta a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí Europol agus a áirithiú an tráth céanna go n‑aistreofar eolas ar chumais, uirlisí agus modhanna oibre Europol ar ais chun bheith ina gcuid de struchtúir náisiúnta um fhorfheidhmiú an dá éis sin.
Caibidil III – Bainistiú faisnéise
Neartaítear le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 29 an creat lena rialaítear an chaoi a soláthraíonn na Ballstáit faisnéis do Europol. Mar fhorbairt ar na hoibleagáidí atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2016/794 agus de bhun Threoir (AE) 2023/977, tugtar an creat cothrom le dáta leis chun tacú le malartú faisnéise níos tráthúla, níos struchtúrtha agus níos idir-inoibrithí agus tugtar measúnú bliantúil isteach leis a dhéanfar ar na hionchuir faisnéise ó na Ballstáit.
Leagtar amach in Airteagal 30 ról Europol i gCóras Faisnéise Schengen, go háirithe maidir leis an úsáid oibríochtúil a bhaintear as faisnéis fhorlíontach, tacaíocht d’fholáirimh faisnéise agus an obair leantach oibríochtúil ar amais a fhaightear i gCóras Faisnéise Schengen. Leagtar amach in Airteagal 31 ról Europol i ndáil leis an gCóras Faisnéise Víosaí agus maidir leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil.
Le hAirteagal 32 bunaítear cuspóirí na ngníomhaíochtaí próiseála faisnéise a dhéanann Europol. Leis an bhforáil, cuirtear ar a chumas do Europol faisnéis a phróiseáil a mhéid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus cinntear go cuimsitheach ann na críocha ar chucu a bhféadfaidh Europol cros‑seiceáil sonraí pearsanta a phróiseáil lena ndírítear ar naisc nó ar naisc ábhartha eile le faisnéis a bhaineann le cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith a shainaithint; anailís straitéiseach nó théamach; anailís oibríochtúil, lena n‑éascaítear faisnéis oibríochtúil a mhalartú; tacú le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus tacú leis na Ballstáit an pobal a chur ar an eolas faoi dhaoine atá faoi dhrochamhras nó faoi dhaoine ciontaithe a bhfuiltear sa tóir orthu.
An tráth céanna, ailínítear leis an bhforáil an córas um chatagóiriú ábhair sonraí ag Europol leis an gcur chuige a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725. Is athrú bunúsach é sin lena mbaineann tairbhí móra oibríochtúla agus, an tráth céanna, lena gcoinnítear ar bun na coimircí lena bhfuil gá agus is infheidhme ar fud eintitis an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta freisin. Na srianta a forchuireadh ar an gcatagóiriú ábhair sonraí de dheasca an chórais roimhe seo, tá siad tagtha chun cinn mar phríomhscrogall oibríochtúil, rud a chuireann teorainn ollmhór le cumas Europol tacú go héifeachtach leis na Ballstáit. Gan an t‑athrú sin, bheadh bac struchtúrach fós ar chumais oibríochtúla agus theicneolaíocha Europol a nuachóiriú ar bhonn níos leithne.
Go sonrach, is athrú é ó loighic an chórais a bhí ann roimhe sin nár cheart do Europol, i bprionsabal, ach sonraí pearsanta a thagann faoi cheann amháin de na catagóirí d’ábhair sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a phróiseáil, agus gur eisceacht a bheadh ann sonraí pearsanta lasmuigh de na catagóirí d’ábhair sonraí sin a phróiseáil. Ina ionad sin, léiríonn Airteagal 32 in éineacht le hIarscríbhinn II réaltacht oibríochtúil fhorfheidhmiú an dlí sa lá atá inniu ann inar príomhchúram oibríochtúil de chuid na n‑údarás forfheidhmithe dlí é faisnéis a asbhaint ó thacair mhóra neamhstruchtúrtha sonraí, agus dá bhrí sin, gur príomhchúram oibríochtúil de chuid Europol freisin mar thaca leis na húdaráis náisiúnta. Go deimhin, oibríonn Europol i dtimpeallacht faisnéise arb é is príomhthréith di méideanna móra sonraí ilchineálacha, a thagann ón iliomad foinsí agus comhthéacsanna oibríochtúla go minic. Faightear sciar substaintiúil na faisnéise sin i bhfoirm neamhstruchtúrtha, rud a fhágann go mbíonn sé deacair nó dodhéanta uaireanta fiú catagóiriú a dhéanamh de réir catagóirí réamhshainithe d’ábhair sonraí. Dá bhrí sin, foráiltear le hAirteagal 32 nach mór do Europol idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí d’ábhair sonraí ‘i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is féidir’, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.
Le hAirteagal 32 ceadaítear go sainráite do Europol sonraí pearsanta a bhaineann le daoine lasmuigh de na catagóirí réamhshainithe d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a phróiseáil, i gcás inar gá agus inar comhréireach an phróiseáil sin chun cúraimí Europol a chomhlíonadh. Léiríonn sé sin cineál dinimiciúil na n‑imscrúduithe póilíneachta agus na ngníomhaíochtaí faisnéise coiriúla, sa mhéid go bhféadfadh sé nach dtiocfadh ábharthacht oibríochtúil sonraí áirithe nó a nasc le gníomhaíochtaí coiriúla chun cinn ach de réir a chéile le linn anailís oibríochtúil nó trí naisc ar fud imscrúduithe a shainaithint.
Tá feidhm ag coimircí sonracha maidir leis na cásanna ina bpróiseálann Europol sonraí lasmuigh de na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn II, amhail oibleagáidí atá ar Europol sonraí den sórt sin a scriosadh láithreach a luaithe a chomhlíontar cuspóir na próiseála, an tOifigeach Cosanta Sonraí a chur ar an eolas agus sonraí den sórt sin a choinneáil deighilte go feidhmiúil ó shonraí ‘catagóirithe’.
Le hAirteagal 33, caomhnaítear prionsabal na húinéireachta sonraí mar phríomhchumasóir an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí arna éascú ag gníomhaíochtaí próiseála faisnéise Europol. Áirithítear leis i gcás na mBallstát, agus institiúidí, comhlachtaí, misin, oifig agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a sholáthraíonn faisnéis do Europol, go mbeidh rialú ar na críocha ar chucu a bhféadfar an fhaisnéis sin a phróiseáil, faoina gcúram i gcónaí chomh maith leis an rialú ar aon srianta rochtana ar an bhfaisnéis sin, lena n‑áirítear srianta maidir lena húsáid, lena haistriú, lena tarchur, lena léirscriosadh nó lena milleadh. Leagtar amach in Airteagal 34 an dualgas dul i gcomhairle leis an úinéir faisnéise nó fógra a thabhairt dó i gcás inarb ábhartha.
Le Roinn 2 bunaítear an creat dlíthiúil agus teicniúil lena rialaítear timpeallacht sonraí Europol agus is coimirce lárnach atá ann, a ghabhann leis na hathruithe a thugtar isteach in Airteagal 35 maidir le catagóiriú ábhair sonraí. Sainítear timpeallacht sonraí Europol sna forálacha chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí próiseála éagsúla laistigh de chreataí teicniúla agus oibríochtúla a bheidh rialáilte go soiléir agus lena ngabhfaidh coimircí agus coinníollacha rochtana iomchuí.
Leagtar amach rialacha soiléire agus beachta sa Roinn maidir le feidhmiú roinnt de chroísheirbhísí agus uirlisí de chuid Europol. Áirítear leis sin seirbhís crosmheaitseála Europol (Airteagail 36-39) d’údaráis inniúla na mBallstát chun sonraí a uaslódáil, a chuardach agus rochtain a fháil orthu i dtimpeallacht anailíseach Europol (Airteagail 40-41) chun sonraí a stóráil, a anailísiú agus a phróiseáil chun a chúraimí anailíseacha a chomhlíonadh, an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta (Airteagail 42-45), inar féidir le húdaráis inniúla na mBallstát anailís oibríochtúil chomhpháirteach a oscailt agus a dhéanamh, i gcomhar le Europol. Leagtar amach rialacha inti freisin maidir le Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA – Airteagal 46) agus maidir leis an sásra malartaithe faisnéise arb é is aidhm dó cumarsáid le páirtithe príobháideacha a éascú (Airteagal 47). Leagtar amach ról Europol sa Chóras Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta freisin (Airteagal 48) chomh maith leis an deis don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun feidhmiúlachtaí nó seirbhísí agus uirlisí breise atá le forbairt ag Europol a rialáil.
Leagtar amach i Roinn 3 na rialacha is gá chun seirbhísí agus uirlisí Europol a oibriú. Áirítear rialacha leis sin maidir le néalbhonneagar (Airteagal 50) chun tacú le stóráil, próiseáil, anailís agus malartú sonraí, ar bhealach éifeachtúil inscálaithe, chun na gcríoch a leagtar amach sa Rialachán seo, chomh maith leis na híoscheanglais do phóilíní chun rochtain a fháil ar na sonraí sin, trí bhíthin céannacht dhigiteach póilíneachta AE (Airteagal 51). Áirítear ann freisin ceanglais maidir le faisnéis staidrimh a thuairisciú chun críoch formhaoirseachta agus cuntasachta (Airteagal 52) agus leagtar amach ann ról Europol i ndáil leis an bhFormáid Uilíoch Teachtaireachta (Airteagal 53) agus i ndáil le feidhmchlár AE um meaitseáil ADN (Airteagal 54).
Caibidil IV – Cumais theicneolaíocha agus nuálaíocht
Tá struchtúr Chaibidil IV ag teacht leis an gcreat um an tsaolré nuálaíochta agus forbartha cumais.
Is é an cuspóir atá ann gníomhaíochtaí nuálaíochta ilroinnte nó aonaracha a sheachaint trí leanúnachas a chruthú idir fadbhreathnaitheacht theicneolaíoch, pleanáil maidir le cumas, taighde agus nuálaíocht, forbairt ardchumas, tástáil oibríochtúil, imscaradh, glacadh oibríochtúil, agus tacaíocht oibríochtúil speisialaithe.
Tá Caibidil IV bunaithe ar an aitheantas ó thaobh chlaochlú teicneolaíoch na slándála inmheánaí de, go bhfuil méadú ag teacht ar an ngá le cumais, bonneagar, saineolas, timpeallachtaí ríomhaireachta, acmhainneachtaí próiseála sonraí, agus éiceachórais nuálaíochta lena aghaidh nach féidir a scála, a gcastacht agus a gcostas a fhorbairt go héifeachtúil ar an leibhéal náisiúnta amháin a thuilleadh. Tá Europol in áit ar leith chun tacú leis an ról sin i bhfianaise a chumais riachtanais choiteanna theicneolaíocha agus oibríochtúla a shainaithint, agus a acmhainneachta réitigh theicneolaíocha idir-inoibritheacha, inscálaithe agus chomhroinnte a fhorbairt lena mbeifear in ann tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, is é an cuspóir atá ann ilroinnt theicneolaíoch, dúbailt infheistíochtaí agus leibhéil éagsúla cumais idir na Ballstáit a sheachaint i réimsí ina soláthraítear tairbhí soiléire oibríochtúla agus airgeadais trí chumais theicneolaíocha choiteanna ar leibhéal an Aontais.
Le hAirteagal 57 bunaítear an tsraith fadbhreathnaitheachta straitéisí agus pleanála cumais a bheidh ann faoi bhun an phróisis chun sásra creata a bhunú chun bearnaí oibríochtúla cumais, teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, agus tosaíochtaí cumais amach anseo a shainaithint ar leibhéal an Aontais. Ceapadh an fhoráil chun tacú le cur chuige níos straitéisí agus níos comhordaithe maidir le forbairt cumais theicneolaíoch, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i réimsí amhail idir-inoibritheacht, caighdeánú, comhroinnt cumais, agus soláthar comhpháirteach.
Soiléirítear in Airteagal 58 ról Europol i ndáil le cláir chistiúcháin an Aontais trína chur ar a chumas do Europol cúnamh a thabhairt don Choimisiún i gclársceidealú Chlár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí forbartha cumais arna gcistiú tríd an gCiste Eorpach um Iomaíochas, agus coimircí iomchuí á n‑áirithiú an tráth céanna chun coinbhleachtaí leasa a chosc.
Le hAirteagal 59 soláthraítear bunús dlí do Europol chun ardchumais theicneolaíocha chomhroinnte a fhorbairt, a óstáil, a oibriú agus a sholáthar le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí. Áirítear leis sin feidhmchláir IS‑chumasaithe, timpeallachtaí slána próiseála faisnéise, cumais fhóiréinseacha, timpeallachtaí comhoibríocha néalbhunaithe, agus cumais lena dtacaítear le próiseáil agus le hanailísiú sonraí criptithe a fhaightear go dleathach. Tugtar isteach sásra leis freisin lena gcuirtear ar a gcumas do roinnt Ballstát a iarraidh ar Europol cumais choiteanna ar leibhéal an Aontais a fhorbairt i gcás ina soláthróidh réitigh theicneolaíocha chomhroinnte tairbhí oibríochtúla.
Le hAirteagal 60 bunaítear an tsraith taighde agus nuálaíochta trí bhunús dlí cuimsitheach a sholáthar do Europol chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanamh agus páirt a ghlacadh iontu. Áirítear leis sin treoirthionscadail, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga, turgnamhaíocht oibríochtúil, agus rannpháirtíocht i mboscaí gainimh rialála le haghaidh córais intleachta saorga.
Le hAirteagal 61 bunaítear an creat dlíthiúil agus teicniúil lena gcuirtear ar a chumas do Europol córais agus samhlacha intleachta saorga a fhorbairt, a thástáil agus a bhailíochtú i dtimpeallacht shlán, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga 35 agus trí choimircí tiomnaithe a úsáid lena n‑áirithítear comhlíonadh dhlí an Aontais.
Bunaítear le hAirteagail 62 agus 63 an tsraith forbartha agus imscartha cumas oibríochtúil trí ról Europol a neartú maidir le tacú le tástáil oibríochtúil, bailíochtú, imscaradh, scálú agus glacadh oibríochtúil teicneolaíochtaí agus cumas nuálach. Is é an cuspóir atá ann leanúnachas a áirithiú idir gníomhaíochtaí taighde agus imscaradh oibríochtúil ó Bhallstát go chéile.
Le hAirteagal 64 bunaítear an tsraith saineolais agus tacaíochta oibríochtúla lena n‑áirithítear go mbeidh saineolas agus oiliúint oibríochtúil speisialaithe ag gabháil le hardchumais theicneolaíocha. Leis an bhforáil, neartaítear ról Europol go mór maidir lena thacaíocht do na Ballstáit trí shaineolas speisialaithe, agus neartaítear an comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí an tráth céanna i réimsí ina mbíonn gá le tacaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus oiliúint speisialaithe.
Bunaítear le hAirteagail 65 go 67 an tsraith chomhordúcháin agus rialachais trí Sheirbhís thiomnaithe um Chumais agus Nuálaíocht agus trí Ghrúpa Comhairleach um Chumas agus Nuálaíocht a chruthú, lena dtugtar na Ballstáit, comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais, agus saineolaithe le chéile laistigh d’éiceachóras nuálaíochta coiteann an Aontais don tslándáil inmheánach.
Caibidil V – Eagrú Europol
I gCaibidil V, ailínítear samhail rialachais Europol leis an gcur chuige coiteann is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais. Tugann sé comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta cothrom le dáta (Airteagal 69) agus treisíonn sé a fheidhmeanna (Airteagal 72) chun borradh a chur faoina éifeachtacht agus chun a ról straitéiseach cinnteoireachta a neartú.
Le hAirteagal 75 bunaítear Bord Feidhmiúcháin chun tacú leis an mBord Bainistíochta, i gcomhréir leis an tsamhail rialachais dhá shraith a mholtar le haghaidh ghníomhaireachtaí an Aontais. Tá sé d’aidhm aige sin formhaoirseacht níos éifeachtúla ar chinntí agus ullmhú níos éifeachtúla ina leith a áirithiú, agus go mbeidh an Bord Bainistíochta in ann díriú ar ábhair straitéiseacha. I bhfianaise leathnú mór fhreagrachtaí Europol agus an mhéadaithe chomhfhreagraigh ar acmhainní, rannchuideoidh an Bord Feidhmiúcháin le formhaoirseacht neartaithe bhuiséadach freisin.
Déantar foráil in Airteagal 77 maidir le ról lárnach an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i bhfeidhmiú foriomlán na Gníomhaireachta a áirithiú, agus cuntasacht shoiléir á treisiú an tráth céanna as sainordú agus tosaíochtaí straitéiseacha Europol a chur chun feidhme go héifeachtach.
Caibidil VI – Caidreamh le heintitis an Aontais
Bunaítear le hAirteagal 79 forálacha coiteanna lena rialaítear comhar Europol le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena n‑áirítear comhar oibríochtúil agus malartú faisnéise. Leis an bhforáil, tugtar isteach creat um shocruithe oibre, faoinar gá formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún le haghaidh socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna mbunú faoi chuimsiú CFAE.
Déantar foráil in Airteagal 80 maidir le rochtain indíreach ar fhaisnéis atá i seilbh Europol do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, ar bhonn córas uathoibrithe ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ agus maidir le coinníollacha na cómhalartachta. Leis an bhforáil, cruthaítear creat a sheasfaidh an aimsir níos fearr agus atá níos comhleanúnaí um chros‑seiceáil faisnéise ar fud chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, go háirithe na gníomhaithe frithchalaoise, agus coinnítear na srianta rochtana, na prionsabail úinéireachta sonraí agus na coimircí cosanta sonraí is infheidhme ar bun an tráth céanna. Déantar foráil ann freisin maidir le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach an nós imeachta teicniúil, chun caighdeáin theicniúla chomhleanúnacha agus idir-inoibritheacht a áirithiú ar fud ollstruchtúr comhraic calaoise níos leithne an Aontais Eorpaigh . Le huathoibriú an chórais ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ chun sonraí a mhalartú, laghdaítear an obair leantach de láimh go mór, rud lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht agus ar fhreagrúlacht oibríochtúil.
Le hAirteagail 81 go 90, múnlaítear agus neartaítear comhar Europol le príomhchomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a thuilleadh, lena n‑áirítear comhar le OIPE, Eurojust, OLAF, ÚCSA, Frontex, eu-LISA, Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil.
Le hAirteagal 81 neartaítear caidreamh Europol le OIPE go mór, rud a léiríonn an méadú atá ag teacht ar thábhacht oibríochtúil an chomhair maidir le coireacht airgeadais chasta trasteorann a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Treisíonn an fhoráil oibleagáidí Europol tacú le himscrúduithe OIPE, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí thacaíocht anailíseach thiomnaithe. Bunaítear sásra tiomnaithe um ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ leis freisin, lena gcuirtear ar a chumas do OIPE rochtain a fháil ar shonraí atá i seilbh Europol a bhaineann le cionta a thagann faoi inniúlacht OIPE gan beann ar aon srian ar rochtain ar fhaisnéis arna soláthar do Europol ag na Ballstáit agus ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó ar úsáid na faisnéise sin. Is léiriú é an sásra tiomnaithe sin ar an ról, stádas agus inniúlacht áirithe atá ag OIPE laistigh de chóras an Aontais chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus ar na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit agus ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais faoi Rialachán (AE) 2017/1939. Dá bhrí sin, maidir le maolú spriocdhírithe ar chur i bhfeidhm na srianta arna sonrú ag soláthraithe faisnéise do Europol, ní féidir é a shamhlú ach amháin a mhéid a bhaineann le OIPE.
Caibidil VII – Caidreamh le comhpháirtithe
Le hAirteagal 92 neartaítear an creat lena rialaítear rannpháirtíocht sheachtrach Europol trína áirithiú go mbeidh comhar Europol le tíortha nach de chuid an Aontais iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ailínithe le beartais sheachtracha agus tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais i gcónaí.
Le hAirteagal 93 bunaítear creat sonrach um chomhar le tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, rud a léiríonn an ról ar leith atá acu i bhfeidhmiú agus i slándáil limistéar Schengen. Murab ionann agus tríú tíortha eile, tá na tíortha sin rannpháirteach i limistéar gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha agus roinneann siad an fhreagracht as ardleibhéal slándála a choinneáil ar fud limistéar Schengen. I bhfianaise an dlúth‑chomhtháthaithe sin, déantar foráil san Airteagal maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh leibhéal níos airde den chomhtháthú oibríochtúil le Europol ann ná mar atá ar fáil faoin gcreat ginearálta um chomhar le tríú tíortha. Chuige sin, féadfar foráil a dhéanamh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta leis na tíortha sin, maidir le rochtain dhíreach ar shásraí sonracha Europol um malartú faisnéise, rannpháirtíocht i struchtúir rialachais áirithe, postú oifigeach idirchaidrimh agus oibleagáidí comhfhreagracha a bhaineann le comhroinnt faisnéise agus ranníocaíochtaí airgeadais.
Le hAirteagal 96 déantar an creat lena rialaítear comhar Europol le páirtithe príobháideacha a thabhairt cothrom le dáta agus a chomhdhlúthú. Soiléirítear ann na coinníollacha faoina bhféadfaidh Europol sonraí pearsanta go díreach ó pháirtithe príobháideacha a fháil agus a phróiseáil agus treisítear ról Europol mar éascaitheoir comhair idir páirtithe príobháideacha agus údaráis inniúla na mBallstát. Chun a áirithiú gur féidir gníomhú go héifeachtach de bhun faisnéis atá ábhartha d’imscrúduithe coiriúla, ceanglaítear ar Europol faisnéis ábhartha a fhaightear ó pháirtithe príobháideacha a tharchur chuig na Ballstáit lena mbaineann.
Déantar foráil san Airteagal maidir le teorainneacha ar tharchur agus ar aistriú sonraí pearsanta ag Europol chuig páirtithe príobháideacha. Tá malartuithe den sórt sin fós faoi réir ceanglas maidir le riachtanas agus comhréireacht. Tá feidhm ag coinníollacha ar leith maidir le haistrithe chuig páirtithe príobháideacha atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus chuig tíortha lasmuigh de a thairbhíonn de chinneadh leordhóthanachta.
Soiléirítear a thuilleadh san Airteagal an caidreamh idir comhar Europol le páirtithe príobháideacha agus freagrachtaí na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais, lena n‑áirithítear nach ndéanann gníomhaíochtaí Europol dúbláil ar an gcreat um fhrithsciúradh airgid arna bhunú faoi dhlí an Aontais ná nach gcuireann siad isteach air.
Ina theannta sin, leis an Airteagal, arna léamh in éineacht le hAirteagal 47, neartaítear ról Europol mar idirghabhálaí teicniúil iontaofa trí chead a thabhairt do na Ballstáit agus do pháirtithe príobháideacha bonneagar Europol a úsáid chun faisnéis a mhalartú go slán i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. I gcás ina mbaineann malartuithe den sórt sin le coireanna a thagann faoi inniúlacht Europol, soláthraítear cóip den fhaisnéis arna malartú do Europol chun tacú lena chúraimí oibríochtúla agus anailíseacha. Tugtar isteach bearta feabhsaithe leis an Airteagal freisin maidir le trédhearcacht agus cuntasacht, lena n‑áirítear oibleagáidí tuairiscithe don Bhord Bainistíochta, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na parlaimintí náisiúnta.
Caibidil VIII – Cosaint sonraí
Le Caibidil VIII bunaítear na príomhchoimircí cosanta sonraí lena rialaítear gníomhaíochtaí próiseála Europol, agus an creat á ailíniú le Rialachán (AE) 2018/1725 an tráth céanna. Déantar foráil ann maidir leis an gcreat lena rialaítear próiseáil sonraí íogaire (Airteagal 100), tréimhsí stórála agus léirscriosadh sonraí (Airteagal 101), cearta ábhar sonraí lena n‑áirítear rochtain, ceartú agus léirscriosadh (Airteagail 105 agus 106) agus freagracht as comhlíonadh cosanta sonraí (Airteagal 107). Treisíonn sé struchtúr na gcoimircí institiúideacha a thuilleadh trí róil an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Oifigigh um Chearta Bunúsacha (Airteagail 109 agus 110), trí oiliúint shainordaitheach ar chearta bunúsacha (Airteagal 111), agus trí shásraí feabhsaithe um maoirseacht agus comhar idir an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) agus na húdaráis maoirseachta náisiúnta (Airteagail 112 agus 113).
Le hAirteagal 102 bunaítear creat tiomnaithe lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí a bhaineann le córais agus samhlacha intleachta saorga. Leis an bhforáil, foráiltear maidir le coimircí sonracha a bhaineann le réamhúdarú, timpeallachtaí próiseála leithlisithe, rochtain shrianta, teorannú de réir cuspóra, agus measúnuithe tionchair ar chosaint sonraí le haghaidh tionscadail áirithe, agus soiléirítear an tráth céanna nach bhfuil feidhm ag na ceanglais sin maidir le huirlisí ná le cumais atá ann cheana a fhorbairt nó a chun chun úsáide i gcás nach n‑athraítear cineál, raon feidhme ná cuspóir na próiseála.
Maidir le réamhchomhairliúchán leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, le hAirteagal 108, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus riachtanas oibríochtúil práinneach i gceist, ceadaítear do Europol tús a chur le gníomhaíochtaí próiseála áirithe d’eisceacht gan réamhchomhairliúchán le Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Tá cásanna den sórt sin fós faoi réir fógra a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí roimh ré; rannpháirteachas an Oifigigh Cosanta Sonraí; agus an comhairliúchán lena bhfuil gá a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí dá éis sin.
Caibidil IX – Leigheasanna agus Dliteanas
Le Caibidil IX bunaítear an creat lena rialaítear leigheasanna agus dliteanas, ar creat é atá comhlántach le Rialachán (AE) 2018/1725 agus ailínithe leis. Leagtar amach ann an nós imeachta um láimhseáil gearán ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (Airteagal 114) agus forálacha ginearálta maidir le dliteanas agus an ceart chun cúitimh (Airteagal 115).
Caibidil X – An Grúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach
Leagtar amach i gCaibidil X na socruithe maidir leis an ngrinnscrúdú parlaiminteach comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta ar Europol tríd an nGrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach. Sainítear ann na sásraí um fhormhaoirseacht pholaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol, lena n‑áirítear oibleagáidí tuairiscithe, rochtain ar fhaisnéis agus rannpháirtíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Caibidil XI – Foireann
Leagtar amach i gCaibidil XI na rialacha lena rialaítear foireann Europol. Déantar foráil ann maidir leis na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a chur i bhfeidhm maidir le foireann Europol agus bunaítear ann na catagóirí foirne arna bhfostú ag Europol. Leagtar síos forálacha sonracha sa Chaibidil freisin arb é is aidhm dóibh saineolas oibríochtúil laistigh de Europol a chaomhnú agus a athnuachan, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí phoist a fhorchoimeádtar do phearsanra a bhfuil taithí acu in údaráis inniúla na mBallstát agus trí úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht.
Caibidil XII – Forálacha airgeadais
Leagtar síos i gCaibidil XII an creat airgeadais lena rialaítear pleanáil bhuiséadach, maoiniú, cur chun feidhme agus cuntasacht Europol. Le hAirteagal 120 bunaítear na prionsabail is infheidhme maidir le buiséad Europol agus sainítear a fhoinsí ioncaim, lena n‑áirítear an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais, ranníocaíochtaí ó thíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt i gcás ina bhforáiltear dó sna comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, agus ranníocaíochtaí deonacha airgeadais ó na Ballstáit. Leagtar amach na príomhchatagóirí caiteachais ann freisin agus ceadaítear gealltanais bhuiséadacha ilbhliantúla a úsáid.
Le hAirteagal 121 rialaítear ullmhú, bunú agus glacadh bhuiséad agus phlean bunaíochta Europol. Go sonrach, ceanglaítear leis go n‑ullmhófar an dréachtráiteas ar mheastacháin ar bhealach lena n‑áiritheofar difreáil shoiléir na leithreasuithe de réir foghníomhaíochta, i gcomhréir le struchtúr an Doiciméid Clársceidealaithe Aonair, agus an nasc idir acmhainní buiséadacha, tosaíochtaí oibríochtúla agus aschuir ionchasacha á neartú ar an gcaoi sin. Sainítear san Airteagal freisin freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, an Bhoird Bainistíochta, an Choimisiúin, na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa faoi seach sa nós imeachta buiséadach bliantúil. Le hAirteagal 122 cuirtear cur chun feidhme an bhuiséid de chúram ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Leagtar amach in Airteagal 123 na socruithe a bhaineann le cuntasaíocht, iniúchóireacht agus urscaoileadh, lena n‑áirítear na cuntais a ullmhú agus a chur i láthair, ról na Cúirte Iniúchóirí, glacadh na gcuntas deiridh ag an mBord Bainistíochta agus an nós imeachta um urscaoileadh os comhair Pharlaimint na hEorpa, lena n‑áirithítear comhlíonadh chreat cuntasachta airgeadais an Aontais.
Bunaítear le hAirteagal 124 an creat lena rialaítear rialacha airgeadais Europol, atá le hailíniú le rialachán réime airgeadais an Aontais um ghníomhaireachtaí díláraithe mura dtugann ceanglais oibríochtúla bonn cirt le maoluithe sonracha arna bhformheas ag an gCoimisiún. I dteannta le foráil a dhéanamh maidir le deontais a dhámhachtain, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh gan glao ar thograí i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin de bharr chineál na dtairbhithe agus na gcuspóirí oibríochtúla a bheidh á saothrú, cuireann an tAirteagal ar a chumas do Europol tacú le gníomhaíochtaí comhair oibríochtúil, lena n‑áirítear foirne comhpháirteacha um imscrúdú, agus, i gcás inar gá, ranníoc le maoiniú an trealaimh agus an bhonneagair lena bhfuil gá le haghaidh comhair i bhforfheidhmiú an dlí.
Caibidil XIII – Forálacha ilghnéitheacha
Tá forálacha ilghnéitheacha i gCaibidil XIII lena rialaítear an creat dlíthiúil, riaracháin agus cuntasachta is infheidhme maidir le Europol. Leagtar síos rialacha léi maidir le pribhléidí agus díolúintí, socruithe teanga, trédhearcacht agus rochtain phoiblí ar dhoiciméid, faisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe agus rúnaicmithe a chosaint, agus calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a imscrúdú. Déantar foráil sa Chaibidil freisin maidir le meastóireacht thréimhsiúil ar Europol, fiosrúcháin ag an Ombudsman Eorpach, agus na socruithe a bhaineann le suíomh agus ceanncheathrú Europol.
Caibidil XIV – Forálacha idirthréimhseacha
I gCaibidil XIV tá na forálacha idirthréimhseacha is gá chun deimhneacht dhlíthiúil agus feidhmiú gan bhriseadh Europol tar éis aisghairm Rialachán (AE) 2016/794 a áirithiú. Le hAirteagal 133 bunaítear Europol mar chomharba dlíthiúil ar an ngníomhaireacht a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2016/794 i leith na gceart agus na n‑oibleagáidí uile a eascraíonn as an dlí náisiúnta, as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta. Foráiltear leis thairis sin nach ndéanfaidh athsholáthar an chreata dhlíthiúil atá ann cheana difear do bhailíocht na gcomhaontuithe comhair agus na socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích ag Europol faoi Choinbhinsiún Europol, faoi Chinneadh 2009/371/CGB nó faoi Rialachán (AE) 2016/794. Beidh na hionstraimí sin i bhfeidhm fós agus leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí go rachaidh siad in éag nó go n‑athsholáthrófar iad.
Leagtar amach in Airteagal 134 na socruithe lena rialaítear an t‑aistriú chuig an Rialachán nua. Áirithítear leis leanúnachas na ngníomhaíochtaí oibríochtúla atá ar siúl faoi láthair, próiseáil leanúnach na sonraí atá i seilbh Europol go dleathach, agus bailíocht na n‑údaruithe atá ann cheana a bhaineann le haistrithe sonraí pearsanta. Caomhnaítear leis freisin na héifeachtaí dlíthiúla atá ag cinntí, bearta cur chun feidhme, rialacha agus socruithe arna nglacadh faoi Rialachán (AE) 2016/794 go dtí go ndéanfar iad a athbhreithniú, a leasú, a athsholáthar nó a aisghairm faoin gcreat nua. Sa chomhthéacs sin, ceanglaítear ar an mBord Bainistíochta measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht leanúnach na ngníomhartha atá ann cheana leis an Rialachán seo agus na bearta is gá a dhéanamh chun creat inmheánach Europol a oiriúnú i gcás inarb iomchuí.
Caibidil XV – Leasuithe ar ionstraimí eile atá ann cheana
I gCaibidil XV tá leasuithe ar ionstraimí gaolmhara de chuid an Aontais is gá chun tacú leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Déantar foráil in Airteagal 135 maidir le leasú iarmhartach chun an creat dlíthiúil um chomhar idir Europol agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais a neartú i réimsí leasa choitinn theicniúil agus oibríochtúil. Le hAirteagal 136 leasaítear Rialachán (AE) 2024/982 chun é a chur ar a chumas do Europol úsáid a bhaint as creat Prüm II.
Caibidil XVI – Forálacha críochnaitheacha
Leagtar síos i gCaibidil XVI na socruithe lena rialaítear an Rialachán seo a chur chun feidhme. Bunaítear cur chuige céimnithe léi maidir le cur chun úsáide oibríochtúil na bpríomhchóras agus na bpríomhchumas, sainítear léi na nósanna imeachta is infheidhme maidir le gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe, agus déantar foráil inti maidir le Rialachán (AE) 2016/794 a aisghairm agus maidir le leanúnachas na dtagairtí a dhéantar dó.
2026/0165 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 agus Rialachán (AE) 2024/982, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2016/794
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 87(2), pointe (a), agus Airteagal 88 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)De bhun Airteagal 67(1) agus (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirfidh an tAontas le limistéar saoirse, slándála agus ceartais ar fáil dá shaoránaigh ina n‑áirithítear ardleibhéal slándála trí bhearta chun an choireacht, an ciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac, agus trí chomhordú agus trí chomhar idir údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile na mBallstát.
(2)Má tá limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ann, glactar leis go bhfuil freagracht choiteann ar an Aontas agus ar na Ballstáit ardleibhéal slándála inmheánaí a áirithiú. Chun an choireacht thromchúiseach, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhéanann difear do leas coiteann a chumhdaítear le beartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac go héifeachtach, tá gá le comhar, comhordú agus malartú faisnéise éifeachtach idir údaráis inniúla na mBallstát.
(3)Tá méadú ag teacht ar na gnéithe trasteorann a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach, leis an sceimhlitheoireacht agus le saghsanna eile coireachta arb é is príomhthréith díobh ardleibhéal castachta agus inoiriúnaitheachta, ar saghsanna coireachta iad a dhéanann difear do leas coiteann a chumhdaítear le beartas de chuid an Aontais. Is minic a ghineann gníomhaíochtaí coiriúla den sórt sin naisc nár léir iad le súil náisiúnta amháin orthu. Chun tacú le húdaráis inniúla na mBallstát aghaidh a thabhairt ar bhagairtí den sórt sin go héifeachtach agus chun rannchuidiú le freagairt chomhleanúnach agus éifeachtach ar fud an Aontais, tá gá le tacaíocht agus comhordú feabhsaithe ar leibhéal an Aontais.
(4)Foráiltear le hAirteagal 88 CFAE gurb é misean Europol tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach maidir le cosc agus comhrac na coireachta tromchúisí a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, na sceimhlitheoireachta agus saghsanna eile coireachta a dhéanann difear do leas coiteann a chumhdaítear.
(5)Bunaíodh Europol ar dtús le Coinbhinsiún Europol an 26 Iúil 1995 agus comhtháthaíodh é i gcreat an Aontais le Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle dá éis sin 36 . Le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 , neartaíodh ról Europol a thuilleadh.
(6)Agus a mhisean á chur i gcrích aige, ba cheart do Europol tacú le húdaráis inniúla na mBallstát trí mhalartú faisnéise, anailís oibríochtúil agus tacaíocht oibríochtúil, agus saghsanna eile cúnaimh laistigh de raon feidhme a inniúlachta. I bhfianaise chineál trasteorann na gcoireanna a thagann faoi raon feidhme a inniúlachta agus éagsúlacht na ngníomhaithe a bhfuil baint acu lena gcosc agus lena gcomhrac, ba cheart do Europol comhar éifeachtach a éascú idir údaráis inniúla na mBallstát freisin agus, i gcás inarb iomchuí, idir na húdaráis sin agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus páirtithe príobháideacha, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
(7)Chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát, tá gá le rochtain ar shaineolas, cumais agus seirbhísí speisialaithe is féidir a fhorbairt, a choinneáil ar bun agus a chur ar fáil ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol saineolas, cumais agus seirbhísí den sórt sin a choinneáil ar bun agus a fhorbairt go leanúnach agus iad a chur ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát, agus a gcumas a neartú ar an gcaoi sin chun freagairt do bhagairtí coiriúla atá ag éirí níos casta, níos sofaisticiúla ó thaobh na teicneolaíochta de agus ina mbíonn gnéithe trasteorann i gceist níos minice.
(8)Bíonn timpeallacht na bagartha coiriúla a dhéanann difear don Aontas ag forbairt de shíor. Tá méadú ag teacht ar shaghsanna áirithe coireachta a bhíonn le sonrú trí thimpeallachtaí ar líne, rud a chruthaíonn dúshláin oibríochtúla nua d’údaráis forfheidhmithe dlí. Tá méadú ag teacht ar an mbaint atá ag cineálacha iompair choiriúil arna n‑éascú ag an teicneolaíocht leis an bhforéigean inscnebhunaithe, agus scaiptear é thar theorainneacha. Trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, is féidir an t‑iompar sin a dhéanamh, a éascú, a fhairsingiú nó a scaipeadh ó dhlínse go chéile, agus is minic a bhaineann sé le híospartaigh, déantóirí coire, soláthraithe seirbhíse, fianaise agus faisnéis ábhartha atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtríú tíortha. Aithnítear i dTreoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 gur réimse sainiúil é foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a bhfuil gníomhaíocht chomhordaithe ar fud an Aontais ag teastáil ina leith. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh cionta den sórt sin difear a dhéanamh do leasanna coiteanna a chumhdaítear le beartais an Aontais, lena n‑áirítear comhionannas idir mná agus fir, cosaint íospartaigh na coireachta agus cosaint na gceart bunúsach. Agus an foréigean inscnebhunaithe á aithint mar fheiniméan coiriúil sainiúil faoi dhlí an Aontais, léirítear an gá le haghaidh a thabhairt ar na cionta sin ar bhealach comhleanúnach ar fud an Aontais. Chun gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh in aghaidh foréigean inscnebhunaithe, d’fhéadfadh sé gur ghá faisnéis agus saineolas a bhaineann le cineálacha éagsúla iompair choiriúil a chomhcheangal, naisc a shainaithint idir cásanna a dhéanann difear do roinnt dlínsí agus comhar feabhsaithe idir údaráis inniúla na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart foréigean inscnebhunaithe a chuimsiú le liosta na saghsanna coireachta tromchúisí a bhfuil Europol inniúil ina leith.
(9)Chun aghaidh a thabhairt ar chionta coiriúla a bhaineann leis na saghsanna coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol ar cuid iad de bhagairt lena mbaineann gné hibrideach, a rannchuidíonn nó atá nasctha le bagairt den sórt sin, ba cheart do Europol leas iomlán a bhaint as na cúraimí, na cumais agus na huirlisí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Más amhlaidh go mbeadh gné hibrideach i gcoir a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol, níor cheart go ndéanfadh sé sin difear do chumas Europol tacú le húdaráis inniúla na mBallstát trí mhalartú faisnéise, anailís oibríochtúil, comhar oibríochtúil agus saghsanna eile tacaíochta faoi raon feidhme a inniúlachta.
(10)Ba cheart do Europol gníomhú mar thaca le húdaráis inniúla na mBallstát agus níor cheart dó féin cumhachtaí comhéigneacha a fheidhmiú ná bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha soiléire a bhunú leis an Rialachán seo maidir le hinniúlacht, cúraimí agus feidhmiú Europol, agus urraim do chearta bunúsacha á háirithiú an tráth céanna, lena n‑áirítear an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta.
(11)Ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí tacaíochta oibríochtúla Europol leathnaithe agus éagsúlaithe, is gá comhleanúnachas, comhlántacht agus leanúnachas oibríochtúil a áirithiú idir na saghsanna éagsúla tacaíochta oibríochtúla a sholáthraíonn Europol. Dá bhrí sin, trí chreat oibríochtúil Europol ba cheart na huirlisí oibríochtúla, an saineolas speisialaithe agus na struchtúir tacaíochta de chuid Europol a bheith in ann feidhmiú ar bhealach comhtháite lena dtreisíonn siad a chéile, agus ba cheart an creat sin a bheith sách inoiriúnaithe an tráth céanna do riachtanais oibríochtúla athraitheacha, d’fhorbairtí teicneolaíochta agus do bhagairtí slándála atá ag teacht chun cinn.
(12)Mar gheall ar chineál trasteorann agus idirnasctha na coireachta tromchúisí eagraithe agus na sceimhlitheoireachta, ní mór naisc, patrúin agus forbairtí a shainaithint ó dhlínse go chéile agus ar fud réimsí gníomhaíochta coiriúla. D’fhéadfadh faisnéis choiriúil ilroinnte nó neamhiomlán caochspotaí oibríochtúla a chruthú ar féidir le líonraí coiriúla trasnáisiúnta agus sceimhlitheoirí teacht i dtír orthu. Trí fhaisnéis agus faisnéis choiriúil a thagann ón iliomad údaráis agus foinsí ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin a thabhairt le chéile, tá Europol i riocht ar leith chun rannchuidiú le forbairt anailíse straitéisí comhroinnte ar bhagairtí coiriúla, ar fhorbairtí oibríochtúla agus ar rioscaí slándála atá ag teacht chun cinn.
(13)Chun a áirithiú go ngníomhófar go héifeachtach de bhun na hanailíse straitéisí sin, ba cheart táirgí anailíseacha Europol a bheith ina dtacaíocht chun tosaíochtaí a shainaithint, acmhainní a leithdháileadh agus gníomhaíocht oibríochtúil a phleanáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh faoi chuimsiú an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla. Ba cheart dóibh tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit measúnuithe riosca a dhéanamh freisin agus cur chun feidhme chreat Schengen a fhíorú.
(14)Ba cheart é a bheith d’fhreagracht chomhroinnte ar Europol, ar na Ballstáit agus ar institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais comhphictiúr anailíseach straitéiseach de chuid an Aontais a tháirgeadh, agus ba cheart dóibh sin uile an fhaisnéis is gá a sholáthar chun na táirgí anailíseacha sin a ullmhú i gcomhréir lena sainorduithe féin agus le dlí an Aontais is infheidhme. Ba cheart do Europol tacú freisin le modheolaíochtaí agus caighdeáin choiteanna anailíseacha a fhorbairt agus a úsáid, go háirithe le haghaidh measúnuithe ar bhagairtí ar leibhéal an Aontais, chun inchomparáideacht, comhsheasmhacht agus idir-inoibritheacht na hanailíse ar fhaisnéis choiriúil ar leibhéal an Aontais a neartú.
(15)Ba cheart aird ar leith a thabhairt in anailísí straitéiseacha agus measúnuithe Europol ar bhagairtí, i gcás inarb iomchuí, ar an gcomharsanacht is gaire don Aontas agus, go háirithe, ar an staid i dtíortha is iarrthóirí agus is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas. Féadfar a chuimsiú leis na hionchuir sin measúnuithe ar acmhainneachtaí na gcomhpháirtithe sin an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Maidir le hionchuir ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, a bhfuil a measúnuithe náisiúnta féin ar bhagairtí coireachta tromchúisí eagraithe á bhforbairt le tacaíocht ó thionscadail arna gcistiú ag an Aontas, ba cheart hionchuir sin a bheith mar bhonn eolais breise le haghaidh na n‑anailísí straitéiseacha agus na measúnuithe ar bhagairtí.
(16)Trí fhaisnéis agus faisnéis choiriúil a thagann ón iliomad foinsí a thabhairt le chéile agus a anailísiú, féadfaidh Europol naisc a shainaithint nach léir iad ó thaobh Ballstáit aonair de agus a bhféadfadh gníomhaíocht imscrúdaitheach a bheith ag teastáil ina leith ar an leibhéal náisiúnta. Ós rud é gur ar údaráis inniúla na mBallstát atá an fhreagracht as imscrúduithe coiriúla a sheoladh, dá bhrí sin, ba cheart Europol a bheith in ann, faoi raon feidhme a inniúlachta, a iarraidh ar na húdaráis sin measúnú a dhéanamh, gan moill mhíchuí, ar an ngá le himscrúduithe a thionscnamh, a dhéanamh nó a chomhordú i ndáil le saghsanna coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol. Ba cheart Europol a bheith in ann iarraidh den sórt sin a dhéanamh freisin i gcás ina mbaineann gníomhaíocht choiriúil le Ballstát aonair go príomha ach go bhféadfadh impleachtaí a bheith aici do shlándáil inmheánach an Aontais. Mar sin féin, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí coiriúla atá comhchruinnithe i mBallstát amháin a bheith ina gcuid d’fheiniméin choiriúla níos leithne nó d’fhéadfaidís rioscaí agus leochaileachtaí a chruthú is fairsinge ná teorainneacha náisiúnta agus, dá bhrí sin, nach mór iad a mheas ó thaobh an Aontais de ar bhonn níos leithne.
(17)D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le comhordú agus comhar breithiúnach ar leibhéal an Aontais chun obair leantach bhreithiúnach éifeachtach a dhéanamh ar iarrataí arna ndéanamh ag Europol a bhaineann leis an ngá le measúnú a dhéanamh ar imscrúduithe coiriúla a thionscnamh, a sheoladh nó a chomhordú. Dá bhrí sin, ba cheart Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (‘Eurojust’), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 , a chur ar an eolas gan mhoill faoi iarrataí den sórt sin agus faoi aon chinneadh leantach arna dhéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart é a chur ar a chumas do Eurojust leis sin obair leantach bhreithiúnach a éascú, comhleanúnachas a áirithiú idir forfheidhmiú an dlí agus gníomhaíocht ionchúisimh ar leibhéal an Aontais agus a chúraimí a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán sin.
(18)Tá comhleanúnachas oibríochtúil ar fud ghníomhaíochtaí Europol fíor-riachtanach chun freagairt chomhtháite a thabhairt ar an gcoireacht thromchúiseach eagraithe, ar an sceimhlitheoireacht agus ar shaghsanna eile coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol. I bhfianaise go bhfuil méadú ag teacht ar chineál idirnasctha na mbagairtí coiriúla agus go bhfuil fás ag teacht ar chastacht na ngníomhaíochtaí coiriúla, ba cheart do Europol a áirithiú go ndéanfar faisnéis, faisnéis choiriúil agus tacaíocht oibríochtúil a láimhseáil ar bhealach comhordaithe ar fud a struchtúr agus a réimsí saineolais speisialaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol Seirbhís Oibríochtúil agus Anailíse bhuan a choinneáil ar bun chun comhordú agus comhleanúnachas a áirithiú ar fud a ghníomhaíochtaí agus chun tacú leis na Ballstáit freagairt oibríochtúil ildisciplíneach a thabhairt ar leibhéal an Aontais.
(19)I gcás roinnt saghsanna coireachta a thagann faoi inniúlacht Europol, tá gá le saineolas, cumais oibríochtúla agus tacaíocht thiomnaithe a eagraítear agus a choinnítear ar bun ar an mbealach is éifeachtaí ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol Lárionaid Aontais um shaineolas speisialaithe a choinneáil ar bun mar chuid dá struchtúr eagraíochtúil i réimsí atá ábhartha go háirithe do shlándáil inmheánach an Aontais. Ba cheart na Lárionaid a bheith ina gcuid dhílis de struchtúr eagraíochtúil Europol, agus rannchuidiú le cúraimí Europol a chomhlíonadh ina réimsí saineolais féin. Níor cheart pearsantacht dhlítheanach ar leithligh a bheith acu. Chun leanúnachas agus cobhsaíocht na gcroíchumas sin a áirithiú, ba cheart bunú na Lárionad sin a chinneadh leis an Rialachán seo. Ba cheart don Bhord Bainistíochta a bheith freagrach as eagrú, feidhmeanna speisialaithe, comhdhéanamh agus oibriú na Lárionad a shonrú i bhfianaise riachtanais oibríochtúla agus bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn.
(20)D’fhéadfadh gníomhaíochtaí coiriúla lena mbaineann gné hibrideach teacht chun cinn i ndáil le haon chineál coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol. Dá bhrí sin, ba cheart do na Lárionaid uile rannchuidiú, laistigh dá réimsí saineolais féin, leis na coireanna sin a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear cásanna inar cuid iad de bhagairt lena mbaineann gné hibrideach, ina rannchuidíonn siad nó ina bhfuil siad nasctha le bagairt den sórt sin.
(21)Ós rud é gur minice a bhíonn struchtúir luaineacha coireachta le sonrú ar phríomhthréithe na timpeallachta oibríochtúla ina bhfeidhmíonn Europol, mar aon leis an méadú atá ag teacht ar chóineasú réimsí iomadúla coireachta, tá gá le dlúthchomhar agus dlúth‑chomhordú idir na Lárionaid agus struchtúir eagraíochtúla eile laistigh de Europol chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart do na Lárionaid oibriú le chéile agus a saineolas agus a gcumais féin a chomhcheangal i gcás inar gá sin chun tacú le freagairtí oibríochtúla ildisciplíneacha ar bhagairtí cothrománacha. Agus cúraimí á leithdháileadh ar Lárionad sonrach faoin Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar Lárionaid nó ar struchtúir eagraíochtúla eile a bheith rannpháirteach i gcomhlíonadh na gcúraimí sin i gcás inar gá sin de bharr riachtanais oibríochtúla.
(22)Chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí atá ag éirí níos measa ó líonraí trasnáisiúnta coireachta tromchúisí eagraithe, ba cheart do Europol tacaíocht oibríochtúil, anailíseach, theicniúil agus fhóiréinseach a sholáthar do na Ballstáit, go háirithe trína Lárionad Eorpach um Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe, chun saghsanna coireachta tromchúisí eagraithe a chomhrac, amhail gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar airm thine agus ar phléascáin, coireacht chomhshaoil agus coireacht mhaoine agus in imscrúduithe casta trasteorann.
(23)Tá an bhagairt sceimhlitheoireachta a dhéanann difear don Aontas ag forbairt i gcónaí ó thaobh gníomhaithe, modhanna agus meán de, lena n‑áirítear bagairtí trí leas a bhaint as timpeallachtaí ar líne agus as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Chun freagairt éifeachtach frithsceimhlitheoireachta a thabhairt, ní mór do Europol, trí Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa aige, tacaíocht oibríochtúil, anailíseach, theicniúil agus fhóiréinseach a sholáthar do na Ballstáit chun cur in aghaidh gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta amhail maoiniú na sceimhlitheoireachta, radacú ar líne, scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne nó cosc a chur ar ionsaithe fisiciúla. Ba cheart do Europol tacú le sásraí freagartha i gcás géarchéime a chomhordú ar leibhéal an Aontais freisin.
(24)Baineann coireacht airgeadais agus eacnamaíoch an bonn de shláine gheilleagar, chóras airgeadais agus dhlíchóras an Aontais agus is príomhchumasóir coireachta tromchúisí eagraithe agus sceimhlitheoireachta í. Fágann úsáid scéimeanna casta airgeadais, cripteashócmhainní agus teicneolaíochtaí digiteacha airgeadais go bhfuil sé ag éirí níos dúshlánaí sócmhainní coiriúla a bhrath, a imscrúdú agus a rianú. Teastaíonn saineolas agus cumais speisialaithe bhuana ar leibhéal an Aontais ina leith. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol, go háirithe trína Lárionad Eorpach um Choireacht Airgeadais agus Eacnamaíoch, saintacaíocht a sholáthar do na Ballstáit agus do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, amhail Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 40 , le haghaidh imscrúduithe airgeadais, chun sócmhainní a rianú agus a aisghabháil, le haghaidh cripteashócmhainní agus teicneolaíochtaí digiteacha airgeadais, agus chun scéimeanna agus idirbhearta coiriúla airgeadais a shainaithint agus a anailísiú.
(25)Chun é a chur ar a chumas do Europol tacaíocht éifeachtach a sholáthar d’oifigí náisiúnta um aisghabháil sócmhainní maidir le sócmhainní a rianú agus a aisghabháil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag Europol ar an bhfaisnéis is gá chun maoin a rianú agus a shainaithint. I gcás ina sainaithníonn Europol, ar bhonn a ghníomhaíochtaí anailíseacha, go bhfuil garbhaol ann go n‑imeoidh maoin rianaithe agus sainaitheanta ó amharc, ba cheart dó a bheith in ann a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann gníomhú láithreach.
(26)Is cuid lárnach de thimpeallacht na bagartha a dhéanann difear do shlándáil inmheánach an Aontais iad an chibearchoireacht agus gníomhaíochtaí coiriúla cibearchumasaithe. Leis an méadú atá ag teacht ar an gcibearchoireacht mar sheirbhís, éascaítear úsáid uirlisí agus seirbhísí sofaisticiúla ag raon leathan gníomhaithe coiriúla agus sceimhlitheoireachta, rud a mhéadaíonn scála agus tionchar na ngníomhaíochtaí coiriúla cibearchumasaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol, go háirithe trí Ionad Cibearchoireachta na hEorpa aige, tacú leis na Ballstáit an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, freagairt do chibirionsaithe, agus aghaidh a thabhairt ar an méadú atá ag teacht ar ghné dhigiteach na ngníomhaíochtaí coiriúla ar fud na réimsí coireachta uile a thagann faoi raon feidhme a inniúlachta. Ba cheart do Europol rannchuidiú le cumais theicniúla speisialaithe a fhorbairt agus a chur chun úsáide freisin, go háirithe i réimsí na fóiréinsice digití, na rochtana dleathaí, agus na próiseála agus na hanailíse ar shonraí criptithe. I gcás na gcumas sin, tá gá le leibhéal saineolais agus acmhainní is féidir a sholáthar ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais.
(27)Is minic a bhíonn freagairt ó thaobh na cibearshlándála de agus freagairt ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí de araon ag teastáil i gcás cibirtheagmhais de bhunús coiriúil amhrasta, go háirithe teagmhais bogearraí éirice. Dá bhrí sin, ba cheart d’Ionad Cibearchoireachta na hEorpa dul i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), arna bunú le Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 , i ndáil leis an gcibearshlándáil, cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais de bhunús coiriúil amhrasta, agus díriú go háirithe ar theagmhais bogearraí éirice, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí dheasc cabhrach bogearraí éirice ENISA. Trí chomhar den sórt sin, ba cheart tacú le comhordú éifeachtach, le malartú faisnéise agus saineolais, agus le sineirgí a fhorbairt idir na pobail chibearshlándála agus forfheidhmithe dlí.
(28)Is mórghníomhaíochtaí coiriúla trasteorann iad smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chuireann beatha an duine i mbaol, a bhaineann an bonn de bheartais imirce agus bainistithe teorainneacha an Aontais agus a ghineann brabúis nach beag do líonraí coiriúla eagraithe. Ba cheart don Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach arna bhunú laistigh de Europol a áirithiú go mbeidh saineolas agus cumais speisialaithe ann ar leibhéal an Aontais go buan chun tacú leis an troid in aghaidh smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine. Ba cheart do Europol, go háirithe tríd an Lárionad sin, tacú leis na Ballstáit bealaí smuigleála imirceach agus líonraí éascaithe coireachta a dhíchóimeáil. Ba cheart do Europol tacú freisin le híospartaigh na gáinneála agus daoine leochaileacha eile a shainaithint, agus comhar á áirithiú le comhordaitheoir chomhrac na gáinneála ag an Aontas dá dtagraítear i dTreoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 .
(29)D’fhéadfadh sé gur ghá, in imthosca eisceachtúla, Lárionaid bhreise a bhunú i bhfianaise bagairtí coireachta agus riachtanais oibríochtúla a thagann chun cinn, ar Lárionaid iad a bheadh tiomnaithe do réimsí ina bhfuil gá le saineolas speisialaithe nó le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin measúnú a dhéanamh go leanúnach ar fhorbairtí oibríochtúla, ar riachtanais chumais agus ar réimsí coireachta atá ag teacht chun cinn agus, i gcás inarb iomchuí, an gá le bunú Lárionad breise a shainaithint. Níor cheart Lárionaid Bhreise a bhunú ach amháin i gcás ina bhfuil riachtanas oibríochtúil leanúnach ann nach féidir aghaidh a thabhairt air go leormhaith trí struchtúir eagraíochtúla Europol atá ann cheana. Ba cheart é a bheith indéanta na Lárionaid bhreise sin a oiriúnú, a chumasc nó scor díobh freisin i gcás inar gá sin chun riachtanais oibríochtúla athraitheacha a léiriú. Chun creat comhleanúnach a áirithiú maidir le Lárionaid a bhunú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith Lárionaid bhreise a bhunú, a oiriúnú, a chumasc nó scor díobh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 43 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(30)Agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu, ba cheart do na Lárionaid dul i ndlúthchomhar le struchtúir speisialaithe chomhchosúla arna mbunú ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear Lárionaid Saineolais Eurojust in ábhair choiriúla agus Lárionad an Aontais a bheidh ann amach anseo um Chosaint Leanaí ar Mhí‑úsáid Ghnéasach Leanaí, laistigh dá n‑inniúlachtaí féin. Leis an gcomhar sin, ba cheart rannchuidiú le comhlántacht a áirithiú, le dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus le luach oibríochtúil an tsaineolais agus na gcumas speisialaithe a uasmhéadú.
(31)Chun imscrúdú a dhéanamh ar líonraí coiriúla ardriosca agus ar fheiniméin choiriúla chasta trasteorann, tá gá le saghsanna comhair oibríochtúil idir údaráis inniúla na mBallstát atá struchtúrtha ach solúbtha. Soláthraíonn tascfhórsaí oibríochtúla creat chun iarrachtaí imscrúdaitheacha, saineolas oibríochtúil agus faisnéis choiriúil a chomhchruinniú ar spriocanna tosaíochta, le tacaíocht ó Europol. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol páirt a ghlacadh i dtascfhórsaí oibríochtúla, lena gcumasaítear comhordú oibríochtúil, lena n‑éascaítear malartú agus anailís faisnéise agus lena rannchuidítear lena thacaíocht speisialaithe oibríochtúil, theicniúil, anailíseach agus fhóiréinseach. I gcás inarb iomchuí, ba cheart tascfhórsaí oibríochtúla a chomhtháthú laistigh de ghníomhaíochtaí an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla. I gcás ina sonraítear le torthaí oibríochtúla go bhfuil gá le comhordú breithiúnach, ba cheart do Europol a áirithiú go dtarchuirfear faisnéis ábhartha chuig Eurojust go tráthúil chun tacú le feidhmiú éifeachtach a shainordaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1727.
(32)Soláthraíonn foirne comhpháirteacha um imscrúdú creat struchtúrtha um imscrúduithe comhordaithe, pleanáil chomhroinnte oibríochtúil agus úsáid fianaise laistigh de shuíomh imscrúdaitheach comhchoiteann. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol a bheith in ann tacú le foirne comhpháirteacha um imscrúdú le haghaidh coireanna a thagann faoi raon feidhme a inniúlachta trí rannchuidiú le faisnéis choiriúil, ionchur anailíseach agus cumais oibríochtúla speisialaithe, agus trí chomhordú oibríochtúil a éascú i gcás ina neartaíonn sé sin gníomhaíocht imscrúdaitheach chomhpháirteach. I gcás ina sonraítear le torthaí oibríochtúla go bhfuil gá le comhordú breithiúnach, ba cheart do Europol a áirithiú go dtarchuirfear faisnéis ábhartha chuig Eurojust go tráthúil chun tacú le feidhmiú éifeachtach a shainordaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1727.
(33)Chun tacaíocht oibríochtúil éifeachtach a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha, do thríú tíortha, ní mór do Europol a shaineolas, a chumais agus a thacaíocht a chur ar fáil áit a ndéantar gníomhaíochtaí oibríochtúla. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol a bheith in ann an fhoireann a imlonnú chun tacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil agus fhóiréinseach a sholáthar go díreach do na húdaráis inniúla lena mbaineann. Agus an fhoireann á himlonnú i gcásanna den sórt sin, ba cheart tacú go háirithe le himscrúduithe casta ar mórscála, le gníomhaíochtaí comhordúcháin oibríochtúil agus le mórimeachtaí idirnáisiúnta. Ba cheart dóibh rannchuidiú le comhleanúnachas a áirithiú freisin idir gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí agus gníomhaíochtaí a dhéantar ag teorainneacha seachtracha an Aontais, agus gach údarás ag gníomhú laistigh de theorainneacha a inniúlachta. Go sonrach, agus foireann Europol á himlonnú, ba cheart dóibh cúnamh a thabhairt d’údaráis scagtha seiceálacha a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 , tacú le Frontex arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 agus le gníomhaíochtaí bainistithe imirce faoi Rialachán (AE) 2019/1896, agus tacú le húdaráis bainistithe teorainneacha seiceálacha slándála a dhéanamh in aghaidh fhaisnéis de chuid Europol ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Tá éifeachtacht chásanna imscartha Europol ag brath ar thacaíocht thráthúil ghníomhach ó na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain shlán ag foireann arna himlonnú ag Europol, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, ar láithreáin oibríochtúla, ar fhaisnéis agus ar threalamh teicniúil, agus ba cheart dóibh comhordú agus comhtháthú le foirne oibríochtúla náisiúnta a éascú.
(34)I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gur ghá do Europol saineolas an‑speisialaithe a fháil ar iasacht chun freagairt do riachtanais oibríochtúla shonracha. Trí dhíormaí speisialaithe oibríochtúla agus teicniúla ina mbeidh saineolaithe arna n‑ainmniú ag na Ballstáit a choinneáil ar bun, rannchuidítear lena áirithiú go mbeidh saineolas den sórt sin ar fáil nuair is gá. An tráth céanna, tá eolas agus taithí speisialaithe na saineolaithe sin fíor-riachtanach i gcónaí chun cúraimí údaráis inniúla na mBallstát a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige cothrom chun é a chur ar a chumas do Europol leas a bhaint as an saineolas sin le haghaidh riachtanais oibríochtúla shonracha agus acmhainneachtaí oibríochtúla náisiúnta á gcaomhnú an tráth céanna. Soláthraíonn iasachtaí ó na díormaí sin sásra éifeachtach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(35)Braitheann luach thacaíocht oibríochtúil Europol ar an tacaíocht sin a bheith comhtháite go dlúth le gníomhaíochtaí údaráis inniúla na mBallstát. Le haghaidh comhtháthú den sórt sin, tá gá le struchtúir comhordúcháin náisiúnta láidre atá in ann gníomhú mar fhíor-chomhéadan idir Europol agus údaráis inniúla na mBallstát. Tá ról lárnach ag aonaid náisiúnta Europol maidir le comhar idir Europol agus na húdaráis sin a áirithiú agus maidir le malartú faisnéise a éascú. Chomh maith leis sin, ba cheart dóibh rannchuidiú leis na tosaíochtaí oibríochtúla náisiúnta agus na riachtanais maidir le cumais a dtacóidh Europol leo a shainaithint, ionchuir náisiúnta i measúnuithe anailíseacha agus straitéiseacha Europol a éascú, agus cuidiú le comhordú éifeachtach na tacaíochta ó Europol ar an leibhéal náisiúnta a áirithiú. Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag oifigigh idirchaidrimh atá ceangailte le Europol maidir le comhar agus comhordú díreach le húdaráis inniúla na mBallstát a éascú, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí fhaisnéis a mhalartú go mear agus trí naisc oibríochtúla trasteorann a shainaithint.
(36)Ba cheart d’aonaid náisiúnta Europol ról treisithe a ghlacadh orthu féin freisin chun a áirithiú go bhfíoróidh an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla a acmhainneacht oibríochtúil iomlán, agus aghaidh á tabhairt ar bhearnaí comhordúcháin atá ann cheana lena gcuirtear cosc ar nascáil éifeachtach idir tosaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus riachtanais náisiúnta. Chuige sin, ba cheart aonaid náisiúnta Europol a fhorbairt go mbeidh siad ina n‑ardáin oibríochtúla lárnacha a óstálfadh a bhfoireann tacaíochta náisiúnta de chuid an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), a bheadh freagrach as rannpháirtíocht oibríochtúil a éascú agus as ionchuir náisiúnta a ailíniú le tosaíochtaí EMPACT.
(37)Chun úsáid éifeachtach a bhaint as tacaíocht oibríochtúil, anailíseach, theicniúil agus fhóiréinseach Europol in imscrúduithe náisiúnta, ní mór an tacaíocht sin a shaincheapadh de réir riachtanais agus nósanna imeachta náisiúnta. Chun a áirithiú gur féidir tacaíocht Europol a shlógadh go mear agus a ailíniú le riachtanais oibríochtúla agus ceanglais nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart oifigí tacaíochta Europol a bhunú laistigh d’aonad náisiúnta Europol i ngach Ballstát. Ba cheart do na hoifigí sin comhtháthú na faisnéise coiriúla, na n‑uirlisí anailíseacha, na dteicneolaíochtaí digiteacha agus fóiréinseacha agus an tsaineolais oibríochtúil go díreach in imscrúduithe náisiúnta atá ar siúl a éascú. Ba cheart do na hoifigí tacaíochta cuidiú lena áirithiú freisin gur féidir le húdaráis inniúla na mBallstát aschuir oibríochtúla arna soláthar ag Europol a úsáid go héifeachtach chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac.
(38)Maidir le baill foirne oifigí tacaíochta Europol, ba cheart gur baill foirne Europol a bheidh iontu a bhfuil conair gairme struchtúrtha curtha i gcrích acu, lena gcomhcheanglaítear taithí in údaráis inniúla Ballstáit agus seirbhís laistigh de Europol dá éis sin, roimh dóibh a bheith seolta ar iasacht ar ais isteach sa struchtúr náisiúnta. Tá an tsamhail uainíochta sin fíor-riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar an saineolas a fhaightear ag Europol a athinfheistiú go héifeachtach sa chóras náisiúnta agus gurb iad baill foirne Europol a dhéanfaidh tacaíocht Europol a chomhtháthú, ar baill foirne iad ag a bhfuil tuiscint oibríochtúil ar an gcreat sonrach dlíthiúil, oibríochtúil agus eagraíochtúil ina bhfeidhmíonn údaráis inniúla an Bhallstáit féin. Ba cheart do na baill foirne sin de chuid Europol gníomhú faoi líne dé-thuairiscithe chuig Europol agus chuig an mBallstát ina bhfuil oifig tacaíochta Europol bunaithe. Le bunú oifigí tacaíochta Europol, níor cheart go ndéanfaí difear do fhreagrachtaí ná do chumhachtaí údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta. Chun éifeachtacht na samhla foirne ar uainíocht, atá mar bhonn taca ag oifigí tacaíochta Europol, a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun ath‑imeascadh na foirne ina riaracháin náisiúnta a éascú nuair a bheidh a sannachán laistigh den oifig sin curtha i gcrích acu. Chuige sin, ní mór bacainní riaracháin, eagraíochtúla agus gairme a d’fhéadfadh bac a chur ar shoghluaisteacht idir na húdaráis náisiúnta agus Europol a bhaint, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go n‑aithneofar an tsoghluaisteacht sin mar chuid lárnach dá bhforbairt ghairme.
(39)Chun fónamh mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais, ba cheart do Europol a bheith in ann faisnéis a phróiseáil arna fáil aige ó na foinsí nó arna haisghabháil aige go díreach ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí a leagtar síos sa Rialachán seo. Áirítear leis an mbailiú éifeachtach faisnéise ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí i gcás Europol go háirithe úsáid a bhaint as innill cuardaigh ar líne, lena n‑áirítear ionchur sonraí pearsanta, nár cheart é a mheas mar tharchur nó aistriú sonraí pearsanta chuig páirtithe príobháideacha faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 .
(40)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar an fhaisnéis go tráthúil do Europol is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, lena n‑áirítear í a sholáthar trí shásraí malartaithe struchtúrtha, slána agus uathoibrithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit lódálaithe sonraí náisiúnta iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar lódálaithe iad lena gcumasaítear faisnéis ábhartha a threorú ar bhealach struchtúrtha isteach i seirbhísí agus in uirlisí Europol, lena n‑áiritheofar cáilíocht, iomláine agus tráthúlacht sonraí.
(41)Tá samhail oibríochtúil Europol fréamhaithe go daingean fós i bprionsabal na húinéireachta sonraí, ar faoi sin a mbeidh rialú ar an gcríoch ar chuici a bpróiseálfar na sonraí sin agus ar na coinníollacha faoina ndéanfar amhlaidh i gcónaí faoi chúram na mBallstát, institiúidí, chomhlachtaí, mhisin, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, agus na dtríú tíortha agus na n‑eagraíochtaí idirnáisiúnta a sholáthraíonn faisnéis do Europol. Is bunchloch é an prionsabal sin den mhuinín fhrithpháirteach sa mhalartú faisnéise le Europol agus áirithítear leis go mbeidh an úsáid sonraí ailínithe go docht i gcónaí leis an intinn arna sainiú ag an soláthraí ina leith.
(42)A mhéid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a phróiseáil, ar choinníoll nach ndéantar an phróiseáil sin ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos sa Rialachán seo. Leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol, arna comhlánú le rialacha sonracha an Rialacháin seo.
(43)Oibríonn Europol i dtimpeallacht faisnéise arb é is príomhthréith di méideanna móra sonraí ilchineálacha, a thagann ón iliomad foinsí agus comhthéacsanna oibríochtúla go minic. Faightear sciar substaintiúil na faisnéise sin i bhfoirm neamhstruchtúrtha, rud a fhágann go mbíonn sé deacair nó dodhéanta uaireanta fiú catagóiriú a dhéanamh de réir catagóirí réamhshainithe d’ábhair sonraí. Léiríonn sé sin réaltacht fhorfheidhmiú an dlí sa lá atá inniu ann inar príomhchúram oibríochtúil de chuid na n‑údarás forfheidhmithe dlí faisnéis a asbhaint ó thacair mhóra neamhstruchtúrtha sonraí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na rialacha maidir le catagóiriú ábhair sonraí is infheidhme maidir le Europol a ailíniú le Rialachán (AE) 2018/1725. Dá bhrí sin, níor cheart do Europol idirdhealú soiléir a dhéanamh idir sonraí pearsanta a bhaineann leis na catagóirí éagsúla d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II ach amháin i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is féidir, á áirithiú go n‑áirithítear éifeachtacht oibríochtúil agus coimircí agus prionsabail cosanta sonraí á n‑urramú go hiomlán, amhail íoslaghdú sonraí agus teorannú de réir cuspóra.
(44)Is próiseas dinimiciúil é an catagóiriú sonraí pearsanta, a d’fhéadfadh athrú de réir mar a bhíonn leideanna agus faisnéis nua ar fáil. Sonraí pearsanta nach meastar a bheith ábhartha ar dtús lena n‑áireamh faoi chatagóir d’ábhair sonraí d’Iarscríbhinn II, d’fhéadfadh sé, tar éis tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu, go mbeadh tábhacht oibríochtúil ag baint leo nó go nochtfaí naisc le himscrúduithe atá ar siúl tríothu. I gcás nach féidir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na sonraí pearsanta a bhaineann leis na catagóirí éagsúla d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar gá do Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, ba cheart do Europol a Oifigeach Cosanta Sonraí a chur ar an eolas ina leith. Ba cheart sonraí pearsanta den sórt sin a scriosadh láithreach a luaithe a chomhlíonfar cuspóir na próiseála.
(45)Chun cúraimí Europol a chomhlíonadh go héifeachtach agus chun faisnéis a phróiseáil, ní mór seirbhísí agus uirlisí a fhorbairt agus a úsáid, ar cheart iad a bhunú agus a bhainistiú ar bhealach lena n‑áirithítear a n‑éifeachtacht, a n‑éifeachtúlacht agus go gcomhlíonann siad na caighdeáin is infheidhme maidir le cosaint agus slándáil sonraí.
(46)Ar mhaithe le faisnéis a phróiseáil lena cros‑seiceáil in aghaidh sonraí atá ann cheana agus atá stóráilte agus catagóirithe cheana féin ag Europol i gcomhar leis na Ballstáit, is gá seirbhís cros‑seiceála Europol a bhunú chun tacú le cuspóirí agus le cúraimí Europol agus chun malartú faisnéise idir na Ballstáit agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a éascú. Ar mhaithe le feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil na seirbhíse sin, ba cheart córais bainistithe cásanna údaráis inniúla na mBallstát a bheith idir-inoibritheach agus nasctha go teicniúil leis an tseirbhís sin. Chun éifeachtúlacht theicniúil a uasmhéadú agus chun comhsheasmhacht le córais faisnéise an Aontais atá ann cheana a áirithiú, ba cheart do sheirbhís cros‑seiceála Europol, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, teicneolaíochtaí agus comhpháirteanna atá ann cheana arna bhforbairt ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, a athúsáid agus a oiriúnú, lena n‑áirítear an teicneolaíocht atá mar bhonn taca ag an tSeirbhís Chomhroinnte Meaitseála Sonraí Bithmhéadracha (sBMS), dá feidhmiúlachtaí meaitseála sonraí bithmhéadracha. Le hathúsáid agus le hoiriúnú na teicneolaíochta sin, ba cheart fónamh ar chuspóirí teicniúla, oibríochtúla agus costéifeachtúlachta amháin, lena n‑áirítear barainneacht scála agus dúbláil infheistíochtaí a sheachaint, agus níor cheart go ndéanfaí difear do shocruithe rialachais, cearta rochtana, úinéireacht sonraí, ná ollstruchtúir idir-inoibritheachta atá ann cheana, ná don leithdháileadh freagrachtaí idir comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ná do na coinníollacha dlíthiúla lena rialaítear rochtain ar fhaisnéis faoi dhlí an Aontais.
(47)Chun sonraí pearsanta a phróiseáil i seirbhís cros‑seiceála Europol, is gá liosta beacht uileghabhálach de chatagóirí sonraí a shainiú chun a áirithiú go mbeidh an phróiseáil riachtanach agus comhréireach i gcónaí chun cúraimí Europol a chomhlíonadh agus go gcosnaítear cearta daoine aonair i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Maidir le formáidí sonraí na gcatagóirí sonraí sin, lena n‑áirítear ábhair inaitheanta nó sonraí ilmheán a úsáidtear chun an tseirbhís a chuardach, ba cheart iad a leagan amach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.
(48)Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh na Ballstáit agus Europol sonraí ábhartha a uaslódáil go córasach agus go tráthúil chuig seirbhís cros‑seiceála Europol chun éifeachtacht na seirbhíse a áirithiú agus chun tacú le comhar trasteorann maidir le coireacht thromchúiseach eagraithe a chosc agus a chomhrac, agus foráil á déanamh an tráth céanna maidir leis na coimircí is gá chun leasanna bunúsacha shlándáil na mBallstát agus cearta daoine aonair a chosaint. Trí chros‑seiceáil chórasach a dhéanamh ar aon sonraí nua-uaslódáilte in aghaidh sonraí atá stóráilte cheana féin chun naisc agus ceangail idir cásanna a shainaithint, cuireann an tseirbhís ar a chumas do Europol tacú leis na Ballstáit in imscrúduithe trasteorann.
(49)Is gá d’údaráis inniúla na mBallstát seirbhís cros‑seiceála Europol a chuardach go córasach chun a áirithiú go mbaineann gníomhaithe ábhartha uile fhorfheidhmiú an dlí ar fud an Aontais úsáid éifeachtach as an tseirbhís, agus ar an gcaoi sin cosc agus comhrac na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta a fheabhsú, agus a áirithiú an tráth céanna go mbeidh rochtain ar na sonraí faoi réir coinníollacha agus coimircí dochta i gcónaí chun cearta daoine aonair a chosaint agus an prionsabal úinéireachta sonraí a urramú.
(50)Chun go dtacóidh Europol le himscrúduithe trasteorann agus le gníomhaíochtaí oibríochtúla go héifeachtach, is gá Timpeallacht Anailíseach Europol a bhunú mar ardán slán, teicniúil agus oibríochtúil chun sonraí a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a léirshamhlú. Ba cheart do Thimpeallacht Anailíseach Europol tacú le cúraimí Europol a chomhlíonadh trí anailís oibríochtúil a éascú ar shonraí arna bhfáil ag na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, páirtithe príobháideacha nó foinsí eile i gcomhréir leis an Rialachán seo.
(51)Chun a áirithiú go gcosnófar cearta daoine aonair, ba cheart an cuardach ar shonraí Thimpeallacht Anailíseach Europol agus an rochtain orthu, lena n‑áirítear sonraí a stóráiltear mar chuid de thionscadail anailíse, a bheith faoi réir coinníollacha dochta rochtana agus coimircí cosanta sonraí, agus eintitis údaraithe a chumasú an tráth céanna na sonraí a chuardach go héifeachtach agus rochtain indíreach a bheith acu orthu chun rannchuidiú leis an gcoireacht thromchúiseach agus leis an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac.
(52)Chun tacú leis na Ballstáit anailís oibríochtúil chomhpháirteach a dhéanamh, ba cheart don Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta leas a bhaint as cumais Thimpeallacht Anailíseach Europol. Áirítear leis sin, i gcás inarb iomchuí, arduirlisí agus ardmhodúil anailíseacha, amhail iad siúd lenar féidir sonraí bithmhéadracha a phróiseáil agus a chur i gcomparáid le chéile, agus feidhmiúlachtaí lena dtacaítear le sonraí a bhailiú agus a anailísiú ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Ba cheart feabhas a chur ar bhrath na nasc idir cásanna agus freagairtí oibríochtúla comhordaithe a éascú trí na cumais sin a bheith ar fáil laistigh den Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta.
(53)Chun comhar oibríochtúil fíor-ama idir údaráis inniúla na mBallstát éagsúil agus Europol a éascú, ba cheart go mbeifí in ann Cásanna Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a bhunú tríd an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta. Is éard ba cheart a bheith i gCás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí timpeallacht chomhoibríoch shlán inar féidir leis na húdaráis rannpháirteacha agus Europol faisnéis a bhaineann le himscrúdú coiriúil, bagairt, líonra coiriúil nó cuspóir oibríochtúil sonrach a phróiseáil, a anailísiú, a shaibhriú agus a mhalartú go comhpháirteach. Ba cheart cruthú Cásanna Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a bheith faoi réir critéir agus nósanna imeachta soiléire, lena n‑áirítear údaráis rannpháirteacha a ainmniú chomh maith leis na coinníollacha lena rialaítear rochtain ar an bhfaisnéis a phróiseáiltear iontu agus úsáid na faisnéise sin.
(54)Chun éifeachtacht na hanailíse oibríochtúla comhpháirtí a fheabhsú, ba cheart do Europol a bheith in ann a mholadh do na Ballstáit go mbunófaí Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí, ar bhonn a anailíse ar fhaisnéis agus ar shonraí atá le fáil, agus lánrogha na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir le Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a oscailt á hurramú an tráth céanna.
(55)Chun é a chur ar a gcumas do rannpháirtithe i gCás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí comhoibriú le chéile agus anailís a dhéanamh ar shonraí, faisnéis a mhalartú agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur i gcrích go héifeachtach, agus an deis á tabhairt an tráth céanna cumais ábhartha Europol a úsáid, ba cheart tacar ardghnéithe a sholáthar laistigh den Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta, lena n‑áirítear uirlisí cumarsáide slána amhail comhrá agus físchomhdháil, agus cumais eagarthóireachta comhoibríche doiciméad agus léirshamhlaithe, mar mhodh chun comhar agus anailís éifeachtach agus éifeachtúil i measc rannpháirtithe a éascú agus chun tacú le faisnéis agus saineolas a mhalartú i dtimpeallacht shlán rialaithe.
(56)Ós rud é go bhfuil an choireacht ag éirí níos trasnáisiúnta, ba cheart é a bheith indéanta ag an mBallstát a osclaíonn Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, rannpháirtíocht tríú tír a mholadh. Ba cheart rannpháirtíocht den sórt sin a bheith teoranta do thríú tíortha a bhfuil comhaontú acu lena gcumasaítear malartú sonraí pearsanta le Europol agus do chásanna ina measann Europol go bhfuil rannpháirtíocht an tríú tír lena mbaineann ábhartha chun cuspóirí an Cháis Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a bhaint amach. Níor cheart rochtain ghinearálaithe ar sheirbhísí agus ar uirlisí Europol a bheith ag tríú tír de thoradh a rannpháirtíochta, ach ba cheart í a bheith teoranta don Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí sonrach agus don fhaisnéis a chuirtear ar fáil ann i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus don mhéid sin amháin.
(57)Chun malartú rianúil faisnéise idir pointí teagmhála aonair agus údaráis inniúla na mBallstát, Europol agus eintitis údaraithe eile a éascú, ba cheart do Europol uirlis shlán iontaofa a sholáthar, amhail Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise, ina mbeadh comhéadain ghréasáin, feidhmchláir mhóibíleacha agus comhéadain thiomnaithe ríomhchláraithe.
(58)Chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcomhar idir páirtithe príobháideacha, na Ballstáit agus Europol maidir le géarchéimeanna ar líne, bagairtí cibearshlándála, agus gníomhaíochtaí coiriúla eile a bhaineann leas as seirbhísí digiteacha a chosc agus freagairt dóibh, ba cheart do Europol sásra tiomnaithe a bhunú laistigh de Thimpeallacht Anailíseach Europol. Ba cheart don sásra sin, go háirithe, tacú le comhlíonadh oibleagáidí tuairiscithe agus fógra an Aontais faoi Rialacháin (AE) 2021/784 47 agus (AE) 2022/2065 48 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag an dá pháirtí phríobháideacha, amhail soláthraithe seirbhísí óstála, agus údaráis inniúla forfheidhmithe dlí nó bhreithiúnacha na mBallstát agus comhordú mear a chumasú le linn géarchéimeanna ar líne. Ba cheart é a cheapadh chun cinntiúchán an Bhallstáit a bhfuil fógra le tabhairt dó a éascú agus chun idir-inoibritheacht le córais náisiúnta a áirithiú agus coimircí láidre slándála agus cosanta sonraí á gcoinneáil ar bun an tráth céanna. Ba cheart do Europol a áirithiú go dtacófar leis an sásra a fhorbairt agus a choinneáil ar bun tríd na hacmhainní lena bhfuil gá.
(59)Chun tacú le cuspóirí Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 , ba cheart do Europol na cúraimí a thugtar dó i ndáil leis an gCóras Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta (EPRIS) a chomhlíonadh, lena soláthraítear ardán láraithe chun taifid phóilíneachta a innéacsú agus a chomhroinnt, agus lena gcuirtear ar a gcumas d’údaráis forfheidhmithe dlí rochtain a fháil ar fhaisnéis agus í a mhalartú go héifeachtúil agus go héifeachtach.
(60)Chun tacú lena chuspóirí a bhaint amach go héifeachtach agus chun an comhar idir Europol, údaráis inniúla na mBallstát agus eintitis údaraithe eile a fheabhsú, ba cheart do Europol néalbhonneagar Europol slán, inscálaithe ceannasach a bhunú, lena n‑óstáiltear an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta agus lena gcumasaítear sonraí a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú, lena n‑áirithítear dianrialú ar an rochtain, urrannú sonraí agus go gcomhlíontar dlí an Aontais go hiomlán an tráth céanna, agus go bhfuiltear in ann raon seirbhísí digiteacha agus cumas próiseála oibríochtúla sonraí a fhorbairt, a oibriú agus a choinneáil ar bun.
(61)Chun rochtain shlán, éifeachtúil agus iontaofa ar an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta a éascú do raon leathan imscrúdaitheoirí ar fud an Aontais, ba cheart céannacht dhigiteach póilíneachta AE a bhunú, lena gcuirtear ar a gcumas d’ionadaithe údaráis inniúla na mBallstát, Europol agus eintiteas údaraithe eile rochtain a fháil ar bhonneagar Europol agus ar chórais náisiúnta nasctha ar bhealach comhchuibhithe agus slán, agus cuntasacht agus formhaoirseacht á n‑áirithiú an tráth céanna trí shásraí logála agus iniúchóireachta, agus sa chaoi go bhféadfadh cearta rochtana difreáilte a bheith ann ar bhonn riachtanais agus ceanglais shonracha.
(62)Chun faireachán, meastóireacht agus formhaoirseacht éifeachtach ar sheirbhísí agus ar uirlisí Europol a áirithiú, ba cheart do Europol uirlisí staidrimh agus tuairiscithe a fhorbairt agus a choinneáil ar bun a bheidh in ann faisnéis staidrimh, táscairí agus tuarascálacha anailíseacha a ghiniúint i dtaca lena n‑úsáid, lena bhfeidhmíocht, lena n‑éifeachtacht oibríochtúil agus lena n‑idir-inoibritheacht. Leis na huirlisí sin, ba cheart tacú le hanailísí straitéiseacha agus oibríochtúla, measúnuithe ar bhagairtí, tuairiscí treochtaí agus faisnéisithe staide a ullmhú, agus rannchuidiú le hoibleagáidí tuairiscithe bliantúla Europol agus le tuarascálacha meastóireachta an Choimisiúin, go háirithe maidir le tionchar oibríochtúil an Rialacháin seo. Ba cheart dóibh infhaighteacht faisnéise iontaofa a éascú freisin chun críoch meastóireachta, faireacháin agus tuairiscithe agus, i gcás inarb iomchuí, tacú leis an gCoimisiún agus a fhreagrachtaí faoi dhlí an Aontais á gcomhlíonadh aige, lena n‑áirítear faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht atá ábhartha do shainordú Europol agus an reachtaíocht sin a chur chun feidhme. Ba cheart dóibh soláthar faisnéise don Ghrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC) a éascú freisin. Leis na huirlisí staidrimh agus tuairiscithe, ba cheart a bheith in ann anailís a dhéanamh ar threochtaí, ar riachtanais oibríochtúla agus ar ghníomhaíochtaí malartaithe faisnéise, agus a áirithiú an tráth céanna go bpróiseálfar faisnéis staidrimh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, cibearshlándáil agus rúndacht. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith faoi réir coimircí iomchuí agus bearta rialaithe rochtana. Chun a áirithiú go gcuimseofar leis an tuarascáil a bheidh le cur isteach ag an gCoimisiún gach bliain de bhun Airteagal 325(5) CFAE forbhreathnú cuimsitheach ar na bearta arna ndéanamh chun calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac, ba cheart do Europol rannchuidiú le hullmhú na tuarascála sin. Ba cheart go gcumhdófaí leis an ionchur sin na torthaí a baineadh amach agus na gníomhaíochtaí a rinne Europol chun na críche sin.
(63)Chun malartú éifeachtúil agus idir-inoibritheach faisnéise idir na Ballstáit, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus eintitis ábhartha eile a éascú, ba cheart do Europol tacú le forbairt, cur chun feidhme agus úsáid oibríochtúil na formáide uilíche teachtaireachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 tríd an rúnaíocht a sholáthar agus plé teicniúla agus oibríochtúla a stiúradh. Chuige sin, ba cheart do Europol dul i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chun tacú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na Formáide Uilíche Teachtaireachta ar fud na gcóras faisnéise agus na gcainéal cumarsáide ábhartha, agus idir-inoibritheacht agus éifeachtacht na comhroinnte faisnéise a fheabhsú ar an gcaoi sin.
(64)Chun comparáid a dhéanamh idir próifílí DNA, tá gá le huirlisí meaitseála speisialaithe atá ar leithligh ó na córais faisnéise trína malartaítear sonraí DNA. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol a bheith in ann feidhmchlár coiteann meaitseála DNA a sholáthar lena mbainfear úsáid as mar chomhpháirt theicniúil agus fhóiréinseach chun comparáid uathoibrithe a dhéanamh idir próifílí DNA. Ba cheart don fheidhmchlár feidhmiú mar chumas teicniúil comhroinnte ar féidir é a chur chun úsáide laistigh de sheirbhísí agus d’uirlisí Europol nó ar féidir leis na Ballstáit é a úsáid. Ba cheart dó tacú le creataí um malartú faisnéise a chur chun feidhme, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2024/982, agus úinéireacht sonraí ag na húdaráis a sholáthraíonn iad agus na coimircí lena rialaítear a bpróiseáil agus a malartú á n‑urramú an tráth céanna. Tá sé tábhachtach uirlis choiteann mheaitseála DNA de chuid an Aontais a bheith ar fáil freisin chun ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa a neartú i réimse criticiúil d’fhorfheidhmiú an dlí agus den chomhar fóiréinseach, chun spleáchas ar theicneolaíochtaí agus ar sholáthraithe seachtracha a laghdú, agus chun a áirithiú go mbeidh forbairt, oibriú agus éabhlóid fheidhmiúlachtaí meaitseála DNA faoi réir chaighdeáin, rialachas agus cheanglais slándála an Aontais i gcónaí.
(65)Chun a áirithiú go mbeidh Europol i gcónaí in ann freagairt go héifeachtach do riachtanais oibríochtúla, theicniúla agus anailíseacha a thagann chun cinn, agus chun tacú lena chuspóirí a bhaint amach go héifeachtach, ba cheart do Europol a bheith in ann seirbhísí agus uirlisí breise a dhearadh, a fhorbairt agus a bhainistiú, agus a áirithiú go gcomhlíonann na córais agus na huirlisí sin na rialacha agus na coimircí cosanta sonraí is infheidhme an tráth céanna agus go bhfuil siad faoi réir ceanglais iomchuí nós imeachta agus theicniúla. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach na ceanglais nós imeachta agus theicniúla sin.
(66)Chun a áirithiú go ndéanfar córais faisnéise agus bonneagar TFC Europol a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart Grúpa Stiúrtha um TFC agus Bainistiú Faisnéise a bhunú mar fhostruchtúr den Bhord Bainistíochta chun treoraíocht straitéiseach, saineolas agus formhaoirseacht a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí TFC agus bainistithe faisnéise agus chun tacú leis an mBord Bainistíochta cinntí eolasacha a dhéanamh maidir leis na hábhair sin, agus comhsheasmhacht le riachtanais oibríochtúla na mBallstát agus le cuspóirí idir-inoibritheachta uile-Aontais á n‑áirithiú an tráth céanna.
(67)Chun saineolas teicniúil speisialaithe agus comhairle a sholáthar chun tacú le córais faisnéise agus bonneagar TFC Europol a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ba cheart Grúpa Comhairleach um TFC agus Bainistiú Faisnéise a bhunú chun cúnamh a thabhairt don Ghrúpa Stiúrtha agus do Europol córais faisnéise, bonneagar cumarsáide agus sásraí malartaithe faisnéise a dhearadh, a fhorbairt agus a oibriú, agus chun comhpháirteanna teicniúla coiteanna, caighdeáin agus dea-chleachtais a chur chun cinn, agus dlúth‑chomhordú agus dlúthchomhar á n‑áirithiú idir Europol, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le hábhair theicniúla agus le hábhair a bhaineann leis an gcur chun feidhme.
(68)Chun cur chuige níos comhordaithe a bhaint amach maidir le riachtanais oibríochtúla agus theicneolaíocha na n‑údarás forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais a réamh‑mheas agus aghaidh a thabhairt orthu, ba cheart do Europol Creat um Fhadbhreathnaitheacht agus um Fhorbairt Cumais Choitinn (‘an Creat’) a bhunú arb é ab aidhm dó comhthuiscint a fhorbairt ar thosaíochtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha atá ann maidir le cumais. Leis an gCreat, ba cheart rannchuidiú le hacmhainní a chomhthiomsú, a chomhroinnt agus a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, le hidir-inoibritheacht agus le caighdeánú a chur chun cinn agus cuidiú le dúbláil infheistíochtaí a sheachaint.
(69)Chun leanúnachas a áirithiú idir na tosaíochtaí maidir le cumais a shainaithint faoin gCreat, agus réitigh nuálacha a fhorbairt le haghaidh ardchumas agus a n‑imscartha i dtimpeallachtaí oibríochtúla forfheidhmithe dlí, ba cheart do Europol a bheith in ann cúnamh a thabhairt don Choimisiún i gclársceidealú Chlár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí forbartha cumais dá dtugtar tacaíocht faoi chláir chistiúcháin an Aontais, go háirithe an Ciste Eorpach um Iomaíochas, i gcás inar gá chun a chúraimí a chomhlíonadh. Ós rud é go bhféadfaidh Europol feidhmeanna éagsúla a chomhlíonadh i ndáil le cláir chistiúcháin an Aontais, ba cheart don Choimisiún agus do Europol a áirithiú nach dtugann rannpháirtíocht Europol i ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi chláir chistiúcháin an Aontais aon bhuntáiste míchuí de thoradh a rannpháirtíochta i gclársceidealú na gclár sin.
(70)Tá cumais theicneolaíocha, anailíseacha agus fhóiréinseacha áirithe ag éirí níos casta agus níos déine ar acmhainní, rud a fhágann go bhfuil sé neamhéifeachtúil do na Ballstáit na cumais sin a fhorbairt agus a choinneáil ar leithligh ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol a bheith in ann ardchumais chomhroinnte a fhorbairt, a fheidhmiú, a óstáil agus a sholáthar mar thaca lena chúraimí agus le húdaráis inniúla na mBallstát. Ós rud é go mbíonn údaráis forfheidhmithe dlí ag brath níos mó agus níos mó ar fhianaise leictreonach agus go bhfuil méadú ag teacht ar na dúshláin a bhíonn rompu chun rochtain a fháil ar shonraí atá ar fáil dóibh go dleathach, ba cheart do Europol tacú le cumais a fhorbairt agus a sholáthar chun sonraí den sórt sin a dhíchriptiú. Chun dúbailt agus úsáid neamhéifeachtúil acmhainní ar leibhéal an Aontais a sheachaint, ba cheart do Europol, sula bhforbróidh sé cumais nua, measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht na réiteach coibhéiseach ar an margadh nó laistigh de na Ballstáit, d’institiúidí, de chomhlachtaí, d’oifigí agus de ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, tosaíocht a thabhairt dá n‑athúsáid, dá n‑oiriúnú nó dá bhfáil. Ba cheart do Europol rioscaí a eascraíonn as spleáchais straitéiseacha agus as a bheith ag brath ar sholáthróirí lasmuigh den Aontas a chur san áireamh freisin. I gcomhthéacs imscrúduithe agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a dtacaíonn Europol leo, i gcás inar gá, ba cheart go bhféadfaí na cumais sin a chur ar fáil do thríú tíortha rannpháirteacha, go háirithe i gcás ina rannchuidíonn sé sin le seoladh éifeachtach na gníomhaíochta oibríochtúla agus ina dtacóidh sé leis na cuspóirí oibríochtúla arna saothrú ag na Ballstáit rannpháirteacha.
(71)Chun tacú le réitigh nuálacha a fhorbairt ar mhaithe le hardchumais atá ábhartha do chomhlíonadh a chúraimí, ba cheart do Europol a bheith in ann gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanamh agus páirt a ghlacadh iontu, lena n‑áirítear treoirthionscadail agus réamhbhearta. Ba cheart do Europol sineirgí a áirithiú agus dúbailtí a sheachaint le gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht ó institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí eile de chuid an Aontais agus faoi chláir chistiúcháin ábhartha an Aontais.
(72)Chun forbairt, tástáil agus bailíochtú uirlisí algartamacha agus córas agus samhlacha intleachta saorga a chumasú, i dtimpeallacht rialaithe agus shlán lena bhforáiltear maidir le coimircí leordhóthanacha, ba cheart do Europol timpeallachtaí tástála tiomnaithe a úsáid. Ba cheart dó a bheith rannpháirteach i mboscaí gainimh rialála arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 2024/1689 51 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, i gcás inarb iomchuí, timpeallachtaí den sórt sin a chur ar fáil do pháirtithe príobháideacha a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí comhoibríocha taighde agus nuálaíochta.
(73)Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, oiriúnacht agus breisluach na réiteach nuálach ar mhaithe lena n‑úsáid i bhforfheidhmiú an dlí, ba cheart do Europol a bheith in ann tacú le gníomhaíochtaí lena gcur chun úsáide go luath, le tástáil oibríochtúil a dhéanamh orthu agus lena mbailíochtú. I gcás ina bhfuil réitigh thráchtála i gceist, ba cheart gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith bunaithe ar nósanna imeachta trédhearcacha agus ar chritéir theicniúla agus oibríochtúla oibiachtúla.
(74)Chun aistriú na réiteach nuálach tástáilte agus bailíochtaithe ina n‑ardchumais don úsáid oibríochtúil a éascú agus chun an tionchar oibríochtúil ar fud an Aontais a uasmhéadú, ba cheart do Europol tacú lena nglacadh, lena n‑imscaradh, lena méadú agus lena gcomhtháthú i ngníomhaíochtaí oibríochtúla agus in imscrúduithe údaráis inniúla na mBallstát. Ní féidir le réitigh nuálacha ná le hardchumais a dtairbhe oibríochtúil iomlán a fhíorú ach amháin i gcás ina bhfuil na scileanna, an saineolas agus an fios gnó lena bhfuil gá ag gabháil leo. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol tacú leis na Ballstáit saineolas speisialaithe agus cumais oibríochtúla a neartú trí ghníomhaíochtaí oiliúna speisialaithe, i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 , lena gcomhordaítear ionaid barr feabhais.
(75)Chun comhleanúnachas, comhordú agus leanúnachas a chur chun cinn ar fud gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta, pleanála cumais, taighde, nuálaíochta agus forbartha cumais a dhéantar faoin Rialachán seo, ba cheart do Europol Seirbhís thiomnaithe um Chumais agus Nuálaíocht a choinneáil ar bun, a ghníomhóidh mar mhol comhordúcháin lárnach laistigh de Europol chun tacú leis an gCreat a chur chun feidhme agus chun comhleanúnachas a áirithiú ar fud Lárionaid Europol agus struchtúir eagraíochtúla eile.
(76)Chun cumais a fhorbairt go héifeachtach, tá gá níos mó ná riamh le comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, eagraíochtaí taighde, an saol acadúil, soláthraithe teicneolaíochta, an tionscal agus gníomhaithe nuálaíochta eile. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol tacú le comhar agus comhordú maidir le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus nuálaíochta ar leibhéal an Aontais, amhail gníomhaíochtaí Mhol Nuálaíochta an Aontais maidir leis an tSlándáil Inmheánach agus Champas Taighde agus Nuálaíochta Slándála an Choimisiúin. Ba cheart do Europol a bheith in ann tionscadail chomhpháirteacha, gníomhaíochtaí tástála agus saghsanna eile comhair a éascú, lena n‑áirítear a leithéid le páirtithe príobháideacha agus, i gcás inarb iomchuí, trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha um fhorbairt agus soláthar arna ndéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.
(77)Ba cheart tacaíocht a thabhairt do Europol trí Ghrúpa Comhairleach um Chumas agus Nuálaíocht a sholáthraíonn saineolas maidir le gníomhaíochtaí forbartha cumais, taighde agus nuálaíochta, a thacaíonn leis an gCreat a ullmhú agus a thabhairt cothrom le dáta agus a éascaíonn malartuithe le comhpháirtithe ábhartha eile, go háirithe eagraíochtaí taighde agus páirtithe príobháideacha.
(78)Chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart struchtúr rialachais a chur ar fáil do Europol lena n‑áirithítear stiúradh straitéiseach éifeachtach, cuntasacht, trédhearcacht agus bainistíocht fhónta airgeadais agus riaracháin. Ní mór rialachas na Gníomhaireachta a ailíniú leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe (‘Ráiteas Comhpháirteach agus Cur Chuige Coiteann’) agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún 53 .
(79)Chun an próiseas cinnteoireachta a chuíchóiriú laistigh de Europol, ba cheart struchtúr rialachais atá éifeachtúil agus éifeachtach a thabhairt isteach. Chuige sin, ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a ndílsítear na cumhachtaí lena bhfuil gá dó, lena n‑áirítear an chumhacht an doiciméad clársceidealaithe aonair a fhormheas. Chun formhaoirseacht pholaitiúil éifeachtach a áirithiú, ba cheart comhalta arna ainmniú ag Parlaimint na hEorpa a bheith ar an mBord Bainistíochta freisin. Ba cheart gurbh é an Bord Bainistíochta an príomhchomhlacht a bheadh freagrach as stiúradh straitéiseach Europol agus as formhaoirseacht a dhéanamh air. Ba cheart dó tosaíochtaí agus cuspóirí Europol a bhunú, formhaoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme agus na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo a fheidhmiú i ndáil le clársceidealú, ábhair bhuiséadacha, struchtúr eagraíochtúil, rialachas agus cuntasacht.
(80)Chun rialachas éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú, ba cheart do Bhord Feidhmiúcháin cúnamh a thabhairt don Bhord Bainistíochta, ar bord é a bheidh freagrach as tacú le cinntí straitéiseacha, riaracháin agus buiséadacha a ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ina leith. Le socruithe den sórt sin, ba cheart cinnteoireacht éifeachtach a éascú agus freagrachtaí an Bhoird Bainistíochta agus an Stiúrthóra Feidhmiúcháin faoi seach á gcaomhnú an tráth céanna.
(81)Chun a chúraimí a chomhlíonadh, teastaíonn bainistíocht láidir feidhmiúcháin ó Europol a bheidh in ann cur chun feidhme tosaíochtaí straitéiseacha, leithdháileadh éifeachtúil acmhainní agus comhlíonadh éifeachtach cúraimí oibríochtúla, riaracháin agus eagraíochtúla a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart bainistiú laethúil Europol a chur de chúram ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ba cheart dó na dualgais sin a chomhlíonadh go neamhspleách. I gcás inar gá, ba cheart Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin nó níos mó cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
(82)Chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí Europol ailínithe lena chuspóirí straitéiseacha agus lena thosaíochtaí oibríochtúla i gcónaí, ba cheart do Europol feidhmiú ar bhonn creat comhleanúnach um chlársceidealú agus bainistiú feidhmíochta lena nasctar pleanáil ilbhliantúil, gníomhaíochtaí bliantúla, leithdháileadh acmhainní agus measúnú feidhmíochta. Ba cheart prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, úsáid éifeachtach acmhainní an Aontais agus cuntasacht i leith torthaí a bheith ina spreagadh don chreat sin.
(83)I ndáil le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, tá sé bunriachtanach go ngníomhóidh an Ghníomhaireacht go neamhchlaonta, go léireoidh sí ionracas agus go mbunóidh sí ardchaighdeáin ghairmiúla di féin. Chuige sin, ba cheart do chomhaltaí de struchtúr riaracháin agus bainistíochta Europol gníomhú ar mhaithe le leas an phobail agus a bheith faoi réir rialacha iomchuí maidir le trédhearcacht, dearbhuithe leasa agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.
(84)Chun ollstruchtúr slándála an Aontais a neartú, ba cheart do Europol a bheith in ann dlúthchaidreamh a fhorbairt le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais. Ba cheart do Europol a bheith in ann dlúthchaidreamh a fhorbairt le hinstitiúidí agus le misin an Aontais freisin. Chun caidreamh den sórt sin a bheartú agus a éascú, ba cheart do Europol socruithe oibre a thabhairt i gcrích leo. Chun comhsheasmhacht le beartais an Aontais a áirithiú, ba cheart tabhairt i gcrích na socruithe oibre le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna mbunú faoi chuimsiú CFAE a bheith faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún. Ba cheart na socruithe oibre sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta chun go mbeidh siad i gcónaí éifeachtach, ábhartha go hoibríochtúil agus ailínithe le tosaíochtaí an Aontais maidir leis an gcomhrac in aghaidh bagairtí coiriúla atá ag teacht chun cinn.
(85)Ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta agus neamhphearsanta araon a fháil ó institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus na sonraí sin a tharchur nó a aistriú chucu i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí an Aontais is infheidhme.
(86)Chun malartú éifeachtúil faisnéise a bhaint amach agus coimircí iomchuí á n‑áirithiú an tráth céanna, ba cheart do Europol a áirithiú go mbeidh rochtain indíreach ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar fhaisnéis atá i seilbh Europol ar bhonn córas uathoibrithe ‘amas a fháil/gan amas a fháil’, faoi choinníollacha cómhalartachta agus gan difear a dhéanamh d’aon srianta arna sonrú ag soláthraí na faisnéise de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart an rochtain sin a bheith teoranta go docht d’fhaisnéis a thagann faoi inniúlachtaí na gcomhlachtaí féin, na n‑oifigí féin agus na ngníomhaireachtaí féin sin de chuid an Aontais, amhail Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, Eurojust, an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 .
(87)Chun a áirithiú go ndéanfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a ionchúiseamh go héifeachtach agus go neartóidh faisnéis arna fáil ag Europol ó OIPE faisnéis choiriúil de chuid Europol maidir le saghsanna coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol, ba cheart do Europol comhar struchtúrtha a fhorbairt le OIPE. Chun tacú le himscrúduithe OIPE, ba cheart do Europol, arna iarraidh sin do OIPE, faisnéis agus tacaíocht oibríochtúil agus anailíseach ábhartha a sholáthar do OIPE. Chuige sin, ba cheart do Europol a áirithiú go mbeidh socruithe eagraíochtúla iomchuí i bhfeidhm, agus go leithdháilfear acmhainní daonna tiomnaithe mar chuid de sin, trí aonad tacaíochta tiomnaithe a bhunú, mar shampla. Chuirfeadh sé sin ar a chumas do OIPE tairbhiú de thacaíocht anailíseach Europol, rud lena n‑áiritheofaí go mbainfí úsáid éifeachtúil as acmhainní an Aontais chun coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I bhfianaise na n‑inniúlachtaí a shanntar do OIPE faoi dhlí an Aontais, níor cheart d’aon srianta arna sonrú ag an mBallstát nó ag an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais a sholáthair an fhaisnéis do Europol difear don mhalartú faisnéise idir OIPE agus Europol ar bhonn an chórais uathoibrithe ‘amas a fháil/gan amas a fháil’. Dá soláthrófaí an fhaisnéis sin do OIPE, go neamhspleách ar aon srian, laghdófaí moilleanna agus sheachnófaí céimeanna breise nós imeachta a dhéanamh tar éis d’amas a bheith faighte i leith faisnéis a d’fhéadfadh OIPE a fháil ar shlí eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Ós rud é go mbíonn rochtain thráthúil ar fhaisnéis fíor-riachtanach chun go seolfaidh OIPE imscrúduithe go héifeachtach, d’uasmhéadófaí na gnóthachain éifeachtúlachta agus breisluach Europol mar mhol faisnéise láraithe ach an sásra sin a bheith i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart do Europol tuairisciú do OIPE maidir le hiompar coiriúil a bhféadfadh OIPE a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith, gan beann ar aon srianta arna sonrú ag Ballstát nó ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais. Sa dá chás, ba cheart do Europol soláthraí na faisnéise a chur ar an eolas ina leith.
(88)Chun sineirgí a áirithiú ar leibhéal an Aontais idir comhar i bhforfheidhmiú an dlí, trí Europol, agus comhar breithiúnach, trí Eurojust, ba cheart do Europol comhar struchtúrtha a fhorbairt le Eurojust. I gcás ina sainaithnítear go bhfuil gá le hobair leantach bhreithiúnach éifeachtach, ba cheart do Europol an nós imeachta a thionscnamh chun an fhaisnéis ábhartha a chomhroinnt le Eurojust, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
(89)Chun an comhrac in aghaidh na coireachta airgeadais a threisiú ar leibhéal an Aontais, ba cheart do Europol dlúthchaidreamh a fhorbairt leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí fhaisnéis oibríochtúil, straitéiseach agus neamhoibríochtúil eile a mhalartú agus trí oifigigh idirchaidrimh a phostú in áitribh a chéile. I gcás ina n‑iarrtar ar Europol, de bhun Threoir (AE) 2019/1153, tacú le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (‘AFAnna’) i gcomhthéacs anailísí comhpháirteacha agus i gcás ina ndéantar iad sin le cúnamh ón Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA), ba cheart do Europol dul i gcomhar le ÚCSA chun tacú leis na hAonaid sin um Fhaisnéis Airgeadais ar bhealach níos éifeachtaí sa chomhthéacs sin.
(90)Tá méadú ag teacht ar an leas a bhaineann an choireacht thromchúiseach eagraithe as sreafaí trádála agus slabhraí soláthair idirnáisiúnta agus as gluaiseachtaí trasteorann earraí. Dá bhrí sin, leis an gcomhar idir Europol agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh (EUCA) arna bhunú le Rialachán […], is féidir léargais luachmhara a sholáthar chun an choireacht thromchúiseach eagraithe agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Ba cheart do Europol dlúthchaidreamh a fhorbairt le hÚdarás Custaim an Aontais Eorpaigh, go háirithe chun malartú cómhalartach sonraí agus faisnéise ábhartha a chumasú, i gcomhréir le Rialachán […] agus faoi réir na gcoimircí agus na gcoinníollacha is infheidhme a leagtar síos ann.
(91)Chun rannchuidiú le cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart do Europol dul i gcomhar leis na gníomhaithe frithchalaoise eile a bhfuil baint acu le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, amhail OIPE, Eurojust, an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise, an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, chun aghaidh a thabhairt ar ábhair atá ábhartha do ghníomhaíochtaí frithchalaoise a chomhordú, amhail malartú faisnéise a éascú, gníomhaíochtaí comhordaithe nó comhpháirteacha a ghabháil de láimh, malartú maidir le treochtaí coiriúla atá ag teacht chun cinn i ngníomhaíochtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dea-chleachtais a chomhroinnt lena n‑áirítear ábhair a bhaineann le slándáil agus forbairt teicneolaíochta faisnéise, critéir a bhunú le haghaidh tuairisciú coiteann nó gníomhaíochtaí oiliúna a chomhordú nó forbairtí ginearálta a bhaineann le hollstruchtúr comhraic calaoise an Aontais Eorpaigh. Mar ghníomhaí ábhartha i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart do Europol páirt ghníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha comhair den sórt sin.
(92)Chun feabhas a chur ar fhreagairt oibríochtúil fhoriomlán an Aontais ar choireacht trasteorann amhail smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, ba cheart Europol agus Frontex a bheith in ann leas a bhaint as a gcumais chomhlántacha. Ba cheart dóibh oibriú i ndlúthchomhar le chéile go háirithe faoi chuimsiú an Bhainistithe Chomhtháite Teorainneacha san Eoraip, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/1896 agus i dtimthriall beartais straitéisigh ilbhliantúil an Bhainistithe Chomhtháite Teorainneacha san Eoraip, lena n‑áirithítear comhleanúnachas gníomhaíochta agus lena seachnófar bearnaí oibríochtúla.
(93)Chun éifeachtúlacht a fheabhsú, dúbailt infheistíochtaí a sheachaint, tairbhiú de barainneacht scála agus idir-inoibritheacht a chur chun cinn, ba cheart do Europol agus do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais dul i gcomhar i bhforbairt, soláthar agus úsáid na gcomhpháirteanna teicniúla den bhainistiú faisnéise, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, réitigh a bhaineann le próiseáil sonraí bithmhéadracha agus seirbhísí comhroinnte eile, i gcomhréir iomlán lena sainorduithe féin agus leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.
(94)Tá gá níos mó ná riamh le comhar lasmuigh den Aontas chun na saghsanna coireachta a thagann faoi inniúlacht Europol a chosc agus a chomhrac. Ba cheart do Europol, i gcás inar gá sin chun a chúraimí a chomhlíonadh, caidreamh comhoibritheach a bhunú agus a choinneáil ar bun le tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe príobháideacha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus faoi réir coimircí iomchuí. Ba cheart an comhar sin a chomhlíonadh ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí seachtracha an Aontais. Chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart rannpháirtíocht sheachtrach Europol a chomhordú, i gcás inarb iomchuí, le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais.
(95)Maidir le rannpháirtíocht Europol le tríú tíortha, ba cheart díriú ar chomhar oibríochtúil, lena n‑áirítear malartú faisnéise, comhordú oibríochtúil agus tacaíocht d’imscrúduithe. Trí ghníomhaíochtaí seachtracha Europol a chomhchruinniú ar chuspóirí oibríochtúla, áirithítear go ndírítear a shaineolas agus a acmhainní i dtreo gníomhaíochtaí a sholáthraíonn an breisluach oibríochtúil is mó d’údaráis inniúla na mBallstát, agus é comhlántach le ról Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí i réimse an fhothaithe acmhainneachta i dtríú tíortha an tráth céanna.
(96)Cruthaíonn feidhmiú limistéar Schengen gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha leibhéal ard spleáchais fhrithpháirtigh idir na Stáit rannpháirteacha maidir le coireacht trasteorann a chosc agus a chomhrac. Na tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, tá siad comhtháite go dlúth sa chreat coiteann slándála sin agus rannchuidíonn siad go díreach le slándáil limistéar Schengen. Dá bhrí sin, chun slándáil inmheánach an Aontais a chosaint go héifeachtach, tá gá le fíor-dhlúthchomhar idir Europol agus na tíortha sin. Chuige sin, beidh socruithe sonracha lena léireofar an caidreamh ar leith idir na tíortha sin agus an tAontas ríthábhachtach. I bhfianaise na sochar cómhalartach a eascraíonn as comhar den sórt sin, tá sé tábhachtach freisin go bhféadfadh na socruithe sin a bheith bunaithe ar chearta agus ar oibleagáidí frithpháirteacha, lena n‑áirítear oibleagáidí faisnéis ábhartha agus forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais a chomhroinnt.
(97)Is príomh‑chomhpháirtithe iad tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas, chomh maith le tíortha is iarrthóirí ionchasacha, chun slándáil inmheánach na hEorpa a neartú. Mar gheall ar a ngaireacht gheografach don Aontas, a suíomh feadh mórbhealaí coireachta agus cineál trasréigiúnach na coireachta eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus na gcionta coiriúla a bhaineann le coir a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol i gcás ina mbaineann gné hibrideach leis na cionta sin, is gné thábhachtach é dlúthchomhar oibríochtúil leis na tíortha sin chun coireanna agus bagairtí den sórt sin a chosc agus a chomhrac go héifeachtach.
(98)Chun tacú le comhar oibríochtúil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, is gá coinníollacha soiléire a sholáthar faoina bhféadfar sonraí pearsanta a aistriú agus ardleibhéal cosanta do chearta agus saoirsí bunúsacha a áirithiú an tráth céanna, go háirithe don cheart go gcosnófaí sonraí pearsanta. Níor cheart aon aistriú sonraí den sórt sin a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus le forálacha sonracha an Rialacháin seo agus ba cheart iad a bheith faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí a leagtar síos ann. D’fhéadfadh sé gur ghá cinntí a dhéanamh go tapa maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta. Chun freagrúlacht oibríochtúil agus leithdháileadh soiléir freagrachta araon a áirithiú, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinntí a dhéanamh lena n‑údaraítear aistrithe den sórt sin faoi na coinníollacha agus na coimircí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725.
(99)Maidir le faisnéis is gá chun coireanna a chosc agus a chomhrac, is de thionscnamh páirtithe príobháideacha níos minice anois í, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ardáin ar líne, institiúidí airgeadais, oibreoirí iompair agus eintitis phríobháideacha eile. Ba cheart do Europol, laistigh dá inniúlacht, faisnéis agus sonraí pearsanta lena bhfuil baint ag páirtithe príobháideacha a fháil, a phróiseáil agus a mhalartú i gcás inar gá agus inar comhréireach é chun a chúraimí a chomhlíonadh, agus freagrachtaí na mBallstát á n‑urramú an tráth céanna.
(100)Maidir le bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, lena n‑áirítear na bagairtí sin a eascraíonn as scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta agus as géarchéimeanna ar líne, braitheann sé níos mó agus níos mó ar chomhar éifeachtach idir údaráis phoiblí agus páirtithe príobháideacha. Chun bearta agus oibleagáidí áirithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2021/784 agus Rialachán (AE) 2022/2065, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le malartuithe tráthúla faisnéise idir Europol agus páirtithe príobháideacha ábhartha. Chun réiteach a dhéanamh idir an éifeachtacht oibríochtúil agus ardleibhéal cosanta do chearta bunúsacha, go háirithe an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta, is gá, dá bhrí sin, na coinníollacha maidir le malartuithe den sórt sin a leagan amach.
(101)Féadfaidh faisnéis a sholáthraíonn daoine nádúrtha go deonach rannchuidiú leis na saghsanna coireachta a thagann faoi inniúlacht Europol a chosc agus a chomhrac. Tá gá le coinníollacha iomchuí chun a áirithiú gur féidir faisnéis den sórt sin a úsáid i gcás inarb ábhartha ar bhonn hoibríochtúil, agus ról Europol mar ghníomhaireacht tacaíochta forfheidhmithe dlí á chaomhnú an tráth céanna chomh maith le cosaint chearta agus shaoirsí na ndaoine lena mbaineann a áirithiú.
(102)Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol. Dá bhrí sin, ba cheart a thuiscint nach leagtar síos leis an Rialachán seo ach na rialacha cosanta sonraí sin atá riachtanach chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 a fhorlíonadh, a shoiléiriú nó a shonrú i bhfianaise chúraimí sonracha agus ghníomhaíochtaí oibríochtúla Europol. Dá réir sin, is lex specialis iad forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol i ndáil le Rialachán (AE) 2018/1725 agus níor cheart iad a bheith i réim ach amháin a mhéid a sholáthraítear rialacha níos sonraí leo.
(103)Braitheann éifeachtacht na faisnéise coiriúla agus an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí ar cháilíocht na faisnéise a phróiseálann Europol. Dá bhrí sin, i gcás inar féidir, ba cheart measúnú a dhéanamh ar bhonn modheolaíocht mheastóireachta choiteann ar iontaofacht fhoinse na faisnéise agus ar chruinneas na faisnéise arna fáil, arna haisghabháil nó arna hanailísiú ag Europol. I gcás ina bhfaigheann Europol faisnéis, ba cheart an fhreagracht as an measúnú sin a fhágáil faoi sholáthraí na faisnéise. I gcás ina measann Europol gur cheart measúnú a athbhreithniú, ba cheart dó féachaint le teacht ar chomhaontú leis an soláthraí.
(104)Is gá cosaint ar leith a thabhairt do shonraí pearsanta a bhaineann le híospartaigh cionta coiriúla, finnéithe agus daoine eile a d’fhéadfadh faisnéis atá ábhartha do chionta coiriúla a sholáthar, i gcomhréir le forálacha Threoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta. Dá bhrí sin, níor cheart do Europol sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach agus comhréireach chun a chúraimí a chomhlíonadh agus faoi réir coimircí iomchuí. Chun rannchuidiú níos fearr leis an gcomhrac in aghaidh teacht i dtír coiriúil ar dhéantóirí óga coire agus chun leas an linbh, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois a phróiseáil i gcás inar gá agus inar comhréireach é chun coireacht a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc nó a chomhrac.
(105)Níor cheart do Europol sonraí pearsanta íogaire a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 4(13), (14) agus (15) agus Airteagal 9 agus aithrisí (51) go (56) de Rialachán (AE) 2016/679 ach amháin i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach agus comhréireach chun a chúraimí a chomhlíonadh agus faoi réir coimircí agus sásraí formhaoirseachta iomchuí.
(106)Féadfar sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun críoch éagsúil agus ní bhaineann na rioscaí céanna leo sna himthosca uile do chearta agus do shaoirsí na n‑ábhar sonraí. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag na coimircí sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo le haghaidh catagóirí speisialta sonraí pearsanta maidir le sonraí bithmhéadracha ach amháin i gcás ina bpróiseáiltear iad chun duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Maidir le próiseáil sonraí bithmhéadracha ag Europol i dTimpeallacht Anailíseach Europol chun duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil agus, i gcásanna eile inar gá faoi dhlí an Aontais, ba cheart a mheas go bhfuil an phróiseáil sin fíor-riachtanach chun coireanna a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc nó a chomhrac.
(107)Ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch taighde agus nuálaíochta faoi réir coimircí iomchuí, lena n‑áirítear údarú a fháil roimh ré ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus formhaoirseacht arna déanamh ag an mBord Bainistíochta. I gcás ina measann Europol go bhfuil riosca mór ag baint le cineál nua tionscadail do chearta agus do shaoirsí na n‑ábhar sonraí, ba cheart do Europol measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh freisin agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur ar an eolas sula seolfar an tionscadal.
(108)Ba cheart d’ábhair sonraí a bheith in ann an ceart rochtana dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1725 a fheidhmiú trí iarraidh a dhéanamh ar Europol nó tríd an údarás náisiúnta arna cheapadh chun na críche sin in aon Bhallstát. Ós rud é gur minic a thagann sonraí pearsanta a phróiseálann Europol ó sholáthraithe, ba cheart cinntí maidir le hiarrataí ar rochtain ar ábhair sonraí a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na soláthraithe sonraí lena mbaineann chun cosaint éifeachtach chearta na n‑ábhar sonraí a áirithiú chomh maith le coimirciú imscrúduithe atá ar siúl. Chun a áirithiú gur féidir an teorainn ama a urramú i gcónaí maidir le hiarrataí ar rochtain ar ábhair sonraí a fhreagairt, ba cheart do na Ballstáit agus do na soláthraithe a dtéitear i gcomhairle leo freagra a thabhairt ar Europol gan mhoill.
(109)Chun ardleibhéal cáilíochta agus cruinnis sonraí a áirithiú, ba cheart sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Europol a cheartú, a léirscriosadh nó a bheith faoi réir srianadh próiseála i gcás ina bhfuil siad míchruinn, ina bpróiseáiltear go neamhdhleathach iad nó nach bhfuil gá leo a thuilleadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2018/1725. Ós rud é go bhféadfadh sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Europol teacht ó fhoinsí éagsúla, ba cheart do Europol agus do sholáthraí na sonraí lena mbaineann dul i ndlúthchomhar le chéile agus bearta á ndéanamh a dhéanann difear do chruinneas, do stóráil nó d’úsáid na sonraí sin.
(110)Is príomhchoimirce é an sásra réamhchomhairliúcháin leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faoi Rialachán (AE) 2018/1725. Níl feidhm aige ach amháin maidir le hoibríochtaí próiseála ardriosca, i gcás ina bhfuil na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do na hábhair sonraí an‑mhór. An tráth céanna, níor cheart gá a bheith le réamhchomhairliúchán chun cumais atá ann cheana a choigeartú, a mhodhnú nó a chur chun úsáide, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i gcomhthéacs oibríochtúil sainithe, ar choinníoll nach n‑athrófar de thoradh na ngníomhaíochtaí sin cineál, raon feidhme ná cuspóir na próiseála ar bhealach a mhéadódh an riosca do chearta agus saoirsí na n‑ábhar sonraí. Chun éifeachtacht oibríochtúil Europol a chaomhnú, ba cheart 8 seachtaine a bheith sa tréimhse ar féidir leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí comhairle i scríbhinn a sholáthar lena linn de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 agus níor cheart an tréimhse sin a chur ar fionraí ná síneadh a chur léi. I gcásanna fíorphráinneacha lena mbaineann tábhacht shubstaintiúil maidir le cúraimí Europol a chomhlíonadh, ba cheart do Europol a bheith in ann tús a chur le próiseáil d’eisceacht, i gcás inar gá sin chun bagairt choiriúil láithreach a chosc agus a chomhrac nó chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint. Sna cásanna sin, ba cheart do Europol an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur ar an eolas sula gcuirfear tús leis na hoibríochtaí próiseála agus ba cheart dó an fhaisnéis uile is gá chun críoch an réamhchomhairliúcháin a sholáthar laistigh de 4 seachtaine tar éis thús na n‑oibríochtaí próiseála.
(111)Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle 55 maidir le haon tréimhse dá bhforáiltear don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faoin Rialachán seo.
(112)Chun a áirithiú go mbeidh comhlíontacht láidir ann i leith na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, ba cheart do Bhord Bainistíochta Europol Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh. Ba cheart don Oifigeach Cosanta Sonraí a bheith in ann a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. I gcás ina sainaithníonn an tOifigeach Cosanta Sonraí cás nach gcomhlíontar na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta ina leith, ba cheart dó nó di a bheith in ann é a chur de cheangal ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh laistigh de thráthchlár sonraithe. Dá mba rud é go dteipfeadh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gníomhú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Oifigeach Cosanta Sonraí an t‑ábhar a chur ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta agus, i gcás inar gá, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar deireadh.
(113)Chun tacú le Europol cearta bunúsacha a urramú, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh ina ghníomhaíochtaí tríd síos, ba cheart don Bhord Bainistíochta Oifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú.
(114)Chun urraim do chearta bunúsacha a áirithiú, tá eolas sainiúil ag teastáil ó fhoireann Europol. Dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfí oiliúint iomchuí ar fhoireann Europol maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha. I gcás fhoireann Europol a bhfuil baint aici le gníomhaíochtaí oibríochtúla, ba cheart oiliúint thiomnaithe a chur uirthi maidir le cosaint sonraí agus le cur i bhfeidhm praiticiúil na gcoimircí a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/1725. Chun ardchaighdeán comhsheasmhach oiliúna a áirithiú, ba cheart do Europol dul i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle 56 agus le CEPOL maidir leis an oiliúint den sórt sin a fhorbairt.
(115)Ba cheart d’údaráis náisiúnta atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht aon soláthair sonraí pearsanta do Europol ó na Ballstáit. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí a dhéanann Europol, agus a fheidhmeanna nó a feidhmeanna á bhfeidhmiú aige nó aici i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Chun maoirseacht éifeachtach ar Europol a áirithiú, ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus do na húdaráis maoirseachta náisiúnta dul i ndlúthchomhar le chéile maidir le saincheisteanna sonracha ar gá rannpháirtíocht náisiúnta a dhéanamh ina leith.
(116)De bhun Airteagal 88 CFAE, beidh gníomhaíochtaí Europol faoi réir grinnscrúdú ag Parlaimint na hEorpa in éineacht le parlaimintí náisiúnta. Rannchuidíonn grinnscrúdú parlaiminteach éifeachtach le cuntasacht dhaonlathach, trédhearcacht agus dlisteanacht ghníomhaíochtaí Europol agus a neamhspleáchas oibríochtúil agus freagrachtaí údaráis inniúla na mBallstát á n‑urramú an tráth céanna. Tá gá le hidirphlé tráthrialta le Europol le haghaidh grinnscrúdú éifeachtach, chomh maith le rochtain ar an bhfaisnéis is gá chun an cúram sin a chomhlíonadh, agus ceanglais maidir le rúndacht agus cosaint imscrúduithe agus gníomhaíochtaí oibríochtúla atá ar siúl á n‑urramú an tráth céanna. Tá tábhacht ar leith ag baint le cosaint na gceart bunúsach, go háirithe an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta, i bhfeidhmiú chúraimí Europol. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis an ngrinnscrúdú parlaiminteach trí mhalartuithe iomchuí leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus trí rochtain ar shaineolas neamhspleách ar ábhair a bhaineann le cearta bunúsacha.
(117)Braitheann éifeachtacht oibríochtúil Europol ar shaineolas speisialaithe agus ar thaithí phraiticiúil a choinneáil ar bun in ábhair a bhaineann le forfheidhmiú an dlí. Chun dlúthnasc le réaltachtaí agus le riachtanais oibríochtúla údaráis inniúla na mBallstát a chaomhnú, ba cheart pearsanra ag a bhfuil taithí ábhartha a fuarthas laistigh de na húdaráis sin a bheith i bpoist áirithe. Rannchuidíonn sé sin lena áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí Europol ailínithe go dlúth i gcónaí le forbairtí oibríochtúla, le cleachtais imscrúdaitheacha agus le bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais.
(118)Rannchuidíonn an malartú saineolais agus taithí oibríochtúla idir Europol agus údaráis inniúla na mBallstát le comhar éifeachtach i bhforfheidhmiú an dlí laistigh den Aontas. Trí shaineolaithe náisiúnta ar iasacht a úsáid, neartaítear an chomhthuiscint, éascaítear comhroinnt an eolais speisialaithe agus dea-chleachtas agus tacaítear le comhlíonadh éifeachtach chúraimí Europol.
(119)Chun cúraimí Europol a chomhlíonadh, tá gá le hacmhainní buiséadacha atá i gcomhréir lena fhreagrachtaí oibríochtúla agus atá in ann tacú le pleanáil fhadtéarmach, tacaíocht oibríochtúil agus cumais choiteanna a fhorbairt ar mhaithe leis na Ballstáit. Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, ba cheart acmhainní cuí a thabhairt do Europol agus buiséad neamhspleách a thabhairt dó. Ba cheart í a mhaoiniú go príomha trí ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais maidir le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart gurb í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a thabharfadh faoi iniúchadh na gcuntas.
(120)Is gné thábhachtach de thacaíocht oibríochtúil Europol do na Ballstáit iad ranníocaíochtaí airgeadais trí dheontais chun na saghsanna coireachta a thagann faoi inniúlacht Europol a chosc agus a chomhrac. Thairis sin, i bhfianaise chineál trasnáisiúnta na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta, chun tacaíocht oibríochtúil éifeachtach a thabhairt, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá freisin le ranníocaíochtaí airgeadais do thríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí oibríochtúla leis na Ballstáit. I ndáil leis sin, tá gníomhaíochtaí áirithe ar gá iad chun cúraimí Europol a chomhlíonadh nasctha go dlúth leis na gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíocht oibríochtúil ar leith. Thairis sin, d’fhéadfadh éifeachtacht thacaíocht airgeadais Europol a bheith ag brath ar chur chun feidhme tráthúil, rúndacht agus leanúnachas an chomhair i measc na ngníomhaithe lena mbaineann. I gcásanna den sórt sin, ní bheifí in ann tairbhí malartach a shainaithint le glao iomaíoch ar thograí. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol a bheith in ann, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme a chúraimí.
(121)I dtaca leis na forálacha riachtanacha maidir le cóiríocht do Europol san Ísiltír, áit a bhfuil a shuíomh aige, agus na rialacha sonracha is infheidhme maidir le foireann Europol agus baill dá dteaghlaigh, ba cheart na forálacha sin a leagan síos i gComhaontú Ceanncheathrún idir Europol agus Ríocht na hÍsiltíre. Ba cheart don Bhallstát óstach na dálaí is fearr is féidir a sholáthar chun feidhmiú éifeachtach Europol a áirithiú.
(122)Ba cheart do Europol a bhunaítear leis an Rialachán seo teacht i gcomharbas ar Europol a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/794 i leith na gceart agus na n‑oibleagáidí uile aige. Chun deimhneacht dhlíthiúil, leanúnachas oibríochtúil agus cobhsaíocht chaidreamh seachtrach Europol a áirithiú, ba cheart comhaontuithe comhair agus socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích ag Europol faoi Choinbhinsiún Europol, faoi Chinneadh 2009/371/CGB nó faoi Rialachán (AE) 2016/794 a bheith i bhfeidhm fós agus ba cheart iad a chur i bhfeidhm go dtí go rachaidh siad in éag nó go n‑athsholáthrófar iad.
(123)Tá gá le socruithe idirthréimhseacha iomchuí chun feidhmiú gan bhriseadh Europol agus leanúnachas a ghníomhaíochtaí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart cinntí, bearta cur chun feidhme, rialacha agus socruithe arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2016/794 a bheith i bhfeidhm fós go dtí go n‑aisghairfear iad nó go dtí go n‑athsholáthrófar iad. Chun comhsheasmhacht leis an gcreat dlíthiúil a bhunaítear leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart don Bhord Bainistíochta athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sin gan moill mhíchuí agus a chinneadh an bhfuil siad fós iomchuí agus comhoiriúnach leis an Rialachán seo nó ar cheart iad a leasú nó a aisghairm. Chun leanúnachas agus ceannaireacht straitéiseach laistigh de Europol a neartú agus chun pleanáil fhadtéarmach agus cur chun feidhme a thosaíochtaí oibríochtúla a fheabhsú, is iomchuí freisin fad na sainorduithe atá ar siúl faoi láthair ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin faoi seach a oiriúnú. Is gá leanúnachas a áirithiú sa bhainistíocht feidhmiúcháin atá ann faoi láthair ag Europol chun cobhsaíocht institiúideach agus éifeachtacht oibríochtúil na Gníomhaireachta a choimirciú. Dá bhrí sin, maidir le fad an téarma oifige do chomhaltaí bhainistíochta feidhmiúcháin Europol a bhfuil an chéad téarma oifige á chur isteach acu tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart téarma oifige iomlán uasta 10 mbliana a cheadú. Maidir le fad an téarma oifige do chomhaltaí bhainistíochta feidhmiúcháin Europol a bhfuil an dara téarma oifige á chur isteach acu tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart téarma oifige iomlán uasta 9 mbliana a cheadú.
(124)Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar dhigitiú an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí agus go bhfuil ardchórais faisnéise, néalbhonneagair agus seirbhísí cumarsáide slána á bhforbairt, tá gá le comhar níos dlúithe idir Europol agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA). I bhfianaise shaineolas eu-LISA ar chórais faisnéise ar mórscála agus ar bhonneagair ghaolmhara cumarsáide a fhorbairt agus a oibriú sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus i bhfianaise ról Europol maidir le tacú le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí, is iomchuí rialacha a sholáthar maidir leis an gcomhar idir an dá ghníomhaireacht. Leis an gcomhar sin, ba cheart sineirgí a chumasú, dúbláil iarrachtaí a sheachaint, idir-inoibritheacht agus costéifeachtúlacht a chur chun cinn, agus athúsáid comhpháirteanna, seirbhísí agus saineolais theicniúil a éascú, agus sainorduithe, struchtúir rialachais agus freagrachtaí an dá ghníomhaireacht féin á n‑urramú go hiomlán an tráth céanna. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 a leasú dá réir sin.
(125)Tá bonneagar poiblí fíorthábhachtach á oibriú ag eu-LISA cheana féin agus soláthraíonn sé seirbhísí deimhniúcháin a thacaíonn le hoibriú slán chórais faisnéise an Aontais sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Chun ardleibhéal slándála, iontaoibhe agus idir-inoibritheachta a áirithiú ar fud sheirbhísí agus uirlisí Europol, ba cheart do Europol a bheith in ann úsáid a bhaint as na seirbhísí sin atá ann cheana. Chuige sin, ba cheart do eu-LISA a bheith in ann deimhnithe maidir le bonneagar poiblí fíorthábhachtach a sholáthar do Europol agus, i gcás inarb iomchuí, d’údaráis inniúla na mBallstát atá nasctha le seirbhísí agus uirlisí Europol. Leis sin, ba cheart é a chur ar a chumas do Europol tairbhiú de chumais agus de shaineolas atá ar fáil cheana ar leibhéal an Aontais ar bhealach costéifeachtach, rud a rannchuideoidh le fíordheimhniú slán, cumarsáid chriptithe agus idirghníomhaíochtaí leictreonacha iontaofa.
(126)Chun acmhainneacht Europol a neartú chun tacú leis na Ballstáit an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, agus chun úsáid níos éifeachtaí a bhaint as creataí um malartú faisnéise an Aontais atá ann cheana, ba cheart do Europol a bheith in ann, faoi choinníollacha a shaineofar go soiléir, cuardaigh a dhéanamh i mbunachair sonraí náisiúnta atá nasctha faoi chreat Prüm II thar ceann na mBallstát. Tá sé tábhachtach go soláthróidh Europol tacaíocht oibríochtúil, anailíseach, theicniúil agus fhóiréinseach i gcásanna inar féidir lena shaineolas, lena acmhainní nó lena pheirspictíocht trasteorann breisluach a sholáthar, agus úinéireacht sonraí na mBallstát, neamhspleáchas imscrúdaitheach agus an t‑ollstruchtúr díláraithe atá mar bhonn taca ag córais malartaithe faisnéise an Aontais á gcaomhnú go hiomlán an tráth céanna. Faoi láthair, le Rialachán (AE) 2024/982, cuirtear ar a chumas do Europol cuardaigh a dhéanamh i mbunachair sonraí Prüm na mBallstát trí úsáid a bhaint as sonraí a fhaightear ó thríú tíortha. Chun deireadh a chur le haon teorainn oibríochtúil a d’fhéadfadh cosc a chur ar naisc ábhartha trasteorann a shainaithint, ba cheart do Europol a bheith in ann cuardaigh den sórt sin a dhéanamh freisin trí úsáid a bhaint as sonraí de thionscnamh na mBallstát, i gcás ina n‑údaraíonn an Ballstát ar leis na sonraí é. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin go háirithe maidir le cuardaigh a bhaineann le próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus íomhánna den aghaidh, agus a áirithiú an tráth céanna go mbeidh na Ballstáit in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfar a gcuid sonraí a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/982 a leasú dá réir sin.
(127)Chun éifeachtacht rochtain Europol ar shonraí a stóráiltear i mbunachair sonraí na mBallstát a fheabhsú, agus cosaint sonraí pearsanta agus urraim don dlí náisiúnta á n‑áirithiú an tráth céanna, ba cheart rochtain a bheith ag Europol ar shonraí a stóráiltear i mbunachair sonraí náisiúnta agus in innéacsanna de thaifid phóilíneachta, faoi réir coinníollacha agus teorainneacha sonracha, lena n‑áirítear úsáid ródairí agus córas ainmnithe, amhail an Córas Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta (EPRIS), an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Feithiclí agus Ceadúnais Tiomána (EUCARIS) agus an ródaire le haghaidh sonraí bithmhéadracha agus an ceanglas maidir le formhaoirseacht agus cinnteoireacht dhaonna i ndáil le tabhairt ar ais na mbunsonraí, agus níor cheart dó ach sonraí de thionscnamh na mBallstát a úsáid i gcás ina n‑údaraíonn an Ballstát ar leis na sonraí é sin, agus ba cheart dó na sonraí sin a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus leis an Rialachán seo chomh maith le toiliú an Bhallstáit ábhartha.
(128)I gcás ina ndéanann Europol cuardaigh trí úsáid a bhaint as sonraí bithmhéadracha de thionscnamh na mBallstát, níor cheart dó gníomhú ach amháin mar sholáthraí seirbhíse teicniúla agus fóiréinsí thar ceann Bhallstát an údaraithe. Dá bhrí sin, níor cheart do Europol cuardaigh den sórt sin a dhéanamh ach amháin laistigh de raon feidhme an údaraithe arna thabhairt ag an mBallstát lena mbaineann, cé acu ar bhonn cás ar chás nó trí bhuanúdaruithe faoi réir coinníollacha arna sainiú ag an mBallstát sin. Ba cheart do Europol lánurraim a thabhairt d’aon srianta arna bhforchur ag Ballstát an údaraithe le rochtain, úsáid, tarchur, coinneáil, scriosadh nó milleadh na faisnéise lena mbaineann.
(129)Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin, tacú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach chun an choireacht thromchúiseach, a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, agus an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhéanann difear do leas coiteann a chumhdaítear le beartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac, agus an ghníomhaíocht agus an comhar frithpháirteach sin a threisiú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar ach, de bharr scala, chineál trasnáisiúnta agus éifeachtaí na mbagairtí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(130)[I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an limistéir saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn [le litir an …,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo] NÓ [I gcomhréir le hAirteagail 1, 2 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an limistéir saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an [ghnímh] seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]
(131)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(132)Chuathas i gcomhairle le MECS i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an [dáta].
(133)Leis an Rialachán seo, urramaítear go hiomlán na cearta agus na saoirsí bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta agus an ceart chun príobháideachais mar a chosnaítear le hAirteagail 8 agus 7 den Chairt faoi seach, chomh maith le hAirteagal 16 CFAE, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa faoi Airteagal 47 den Chairt, toimhde na neamhchiontachta faoi Airteagal 48 den Chairt, agus cearta íospartaigh na coireachta.
(134)Is é is aidhm don Rialachán seo forálacha Rialachán (AE) 2016/794 a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shubstaintiúla atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a lín agus a gcineál araon, ba cheart, ar mhaithe leis an tsoiléireacht, an gníomh dlí sin a aisghairm,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
1.Bunaítear leis an Rialachán seo Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) chun tacú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach agus an ghníomhaíocht agus an comhar sin a threisiú, a bhfuil sé d’aidhm aige an choireacht thromchúiseach trasteorann, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhéanann difear do leas coiteann a chumhdaítear le beartas de chuid an Aontais, a chosc agus a chomhrac.
2.Gabhfaidh Europol, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo é, ionad na gníomhaireachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/794 agus tiocfaidh sé i gcomharbas uirthi.
Airteagal 2
Stádas dlíthiúil
1.Is gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh in Europol agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.
2.I ngach Ballstát, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta ag Europol. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
3.Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht thar ceann Europol.
Airteagal 3
Suíomh
Is sa Háig, san Ísiltír, a bheidh suíomh Europol.
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘údaráis inniúla na mBallstát’ na húdaráis phóilíneachta agus seirbhísí uile eile i bhforfheidhmiú an dlí sna Ballstáit atá freagrach, faoin dlí náisiúnta, as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac agus údaráis phoiblí eile atá ann cheana sna Ballstáit atá freagrach, faoin dlí náisiúnta, as cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith a chosc agus a chomhrac;
(2)ciallaíonn ‘anailís straitéiseach’ gach modh agus gach teicníc lena ndéantar faisnéis a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a mheasúnú a bhfuil sé d’aidhm aige sin tacú le beartas coiriúil agus é a fhorbairt, ar beartas é a rannchuidíonn leis an gcoireacht a chosc agus a chomhrac go héifeachtúil agus go héifeachtach;
(3)ciallaíonn ‘anailís oibríochtúil’ gach modh agus gach teicníc lena ndéantar faisnéis a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a mheasúnú agus é d’aidhm aige sin tacú le himscrúduithe coiriúla agus le gníomhaíochtaí faisnéise coiriúla;
(4)ciallaíonn ‘páirtithe príobháideacha’ eintitis agus comhlachtaí arna mbunú faoi dhlí Ballstáit nó tríú tír, lena n‑áirítear cuideachtaí agus gnólachtaí, comhlachais ghnó, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus daoine dlíthiúla eile nach gcumhdaítear faoi phointe 5;
(5)ciallaíonn ‘faighteoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó aon chomhlacht eile dá nochtar sonraí, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh;
(6)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta riaracháin’ na sonraí pearsanta a phróiseálann Europol seachas sonraí pearsanta oibríochtúla
(7)ciallaíonn ‘ábhar sceimhlitheoireachta’ ábhar sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2021/784 ;
(8)ciallaíonn ‘mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne’ ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a scaipeadh ar líne agus sirtheoireacht leanaí;
(9)ciallaíonn ‘géarchéim ar líne’ scaipeadh ábhair ar líne a eascraíonn as fíortheagmhas atá sa siúl nó a tharla le déanaí ina dtaispeántar díobháil don bheatha nó do shláine coirp, nó ina n‑iarrtar go ndéanfaí díobháil don bheatha nó do shláine coirp go luath;
(10)ciallaíonn ‘oifigeach idirchaidrimh inimirce’ oifigeach idirchaidrimh inimirce mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 ;
(11)ciallaíonn ‘pointe teagmhála aonair’ an t‑eintiteas lárnach atá freagrach as malartú faisnéise a chomhordú agus a éascú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 ;
(12)ciallaíonn ‘ardchumais’ cumais theicneolaíocha, anailíseacha nó oibríochtúla lena soláthraítear feidhmiúlachtaí feabhsaithe nó núíosacha lena dtacaítear le cosc agus le comhrac na saghsanna coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol agus comhair idir údaráis inniúla na mBallstát.
Airteagal 5
Inniúlacht
1.Tacóidh agus treiseoidh Europol le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach maidir le cosc agus comhrac na coireachta tromchúisí a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, na sceimhlitheoireachta agus saghsanna eile coireachta a dhéanann difear do leas coiteann a chumhdaítear le beartas de chuid an Aontais, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I.
2.Cumhdófar freisin le hinniúlacht Europol cionta coiriúla a bhaineann leis na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I, go háirithe cionta a dhéantar chun na saghsanna coireachta sin a ullmhú, a éascú, chun tacú leo nó chun iad a cheilt, cionta a dhéantar i dtaca leo, nó cionta a dhéantar chun a áirithiú go mbeidh daoine a bhfuil baint acu leis na saghsanna coireachta sin saor ó phionós, lena n‑áirítear cásanna ina mbaineann gné hibrideach leis na cionta sin.
Airteagal 6
Cúraimí
1.Déanfaidh Europol na cúraimí seo a leanas:
(a)faisnéis, lena n‑áirítear faisnéis choiriúil, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;
(b)tacaíocht oibríochtúil a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát, lena n‑áirítear comhordú, eagrú agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha agus oibríochtúla, tacaíocht anailíseach trí anailís oibríochtúil, agus tacaíocht theicniúil agus fhóiréinseach;
(c)tacaíocht de chineál straitéiseach agus téamach a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát agus d’institiúidí an Aontais trí anailís straitéiseach agus trí tháirgí anailíseacha a ullmhú, lena n‑áirítear measúnuithe ar bhagairtí, anailísí straitéiseacha, tuairiscí treochtaí agus faisnéisithe staide;
(d)dul i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, i gcás inarb ábhartha trí fhaisnéis a mhalartú agus trí thacaíocht anailíseach a sholáthar i réimsí a thagann faoina sainorduithe féin;
(e)dul i gcomhar le tríú tíortha agus le comhpháirtithe ábhartha eile, go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú;
(f)gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanamh faoi Chlár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus ardchumais a fhorbairt;
(g)seirbhísí, uirlisí agus comhpháirteanna bainistithe faisnéise agus TFC a fhorbairt agus a choinneáil ar bun lena gcuirfear ar a chumas dó na cúraimí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) a dhéanamh;
(h)tacaíocht airgeadais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha nó oibríochtúla.
2.De bhreis ar na cúraimí a leagtar amach i mír 1, déanfaidh Europol na cúraimí tacaíochta seo a leanas:
(a)tacaíocht faisnéise agus oibríochtúil a sholáthar do na Ballstáit i dtaca le mórimeachtaí idirnáisiúnta;
(b)faisnéis agus tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do struchtúir bainistithe géarchéime agus do mhisin an Aontais arna mbunú ar bhonn CAE, faoi raon feidhme inniúlacht Europol;
(c)tacaíocht riaracháin, airgeadais agus theicniúil a sholáthar do thionscadail oibríochtúla arna gcistiú ag an Aontas agus do líonraí Eorpacha um fhorfheidhmiú an dlí a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol, chun comhordú, leanúnachas agus comhleanúnachas gníomhaíochta a fheabhsú;
(d)gníomhú mar an Lároifig chun góchumadh an euro a chomhrac i gcomhréir le Cinneadh 2005/511/CGB ón gComhairle 60 , lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chomhordú na mbeart a spreagadh arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát chun góchumadh an euro a chomhrac nó i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha um imscrúdú, i gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus údaráis tríú tíortha i gcás inarb iomchuí;
(e)tacú leis na Ballstáit scagadh a dhéanamh, a mhéid a bhaineann leis na himpleachtaí a mheastar a bheidh ann don tslándáil, ag cásanna sonracha d’infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas faoi Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí, lena n‑áirítear bogearraí, arna n‑úsáid ag Europol chun coireanna a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc agus a chomhrac
(f)rannchuidiú le cur chun feidhme Shásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen chun cur i bhfeidhm acquis Schengen faoi Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle 62 , , faoi raon feidhme inniúlacht Europol, a fhíorú, tríd an rannpháirtíocht i misin meastóireachta Schengen agus i gcuairteanna eile ar an láthair, trí shaineolas agus anailísí a sholáthar, arna iarraidh sin don Choimisiún.
(g)dul i gcomhar ar bhealach struchtúrtha agus ar bhonn tráthrialta, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí shocruithe oibre déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích lena rialaítear módúlachtaí an chomhair sin, leis na gníomhaithe frithchalaoise a bhfuil baint acu le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, amhail OIPE, Eurojust, OLAF, ÚCSA agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh.
3.Ní chuirfidh Europol bearta comhéigneacha i bhfeidhm agus aon cheann dá chuid cúraimí á chur i gcrích aige.
Le linn d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát bearta imscrúdaitheacha a fhorghníomhú, féadfaidh Europol tacú leis na húdaráis inniúla sin, arna iarraidh sin dóibh agus i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go háirithe trí mhalartú faisnéise trasteorann agus saghsanna eile próiseála sonraí a éascú agus trí thacaíocht oibríochtúil a sholáthar go cianda nó trí bheith i láthair nuair a dhéantar na bearta sin a fhorghníomhú. Ní bheidh sé de chumhacht ag Europol bearta imscrúdaitheacha a fhorghníomhú.
Airteagal 7
Tacaíocht straitéiseach Europol
1.Cuideoidh Europol le creat anailíseach straitéiseach coiteann de chuid an Aontais a fhorbairt, ar creat é a bhainfidh le coireacht thromchúiseach agus le sceimhlitheoireacht.
Chun na críche sin, ullmhóidh Europol, ar bhonn tráthrialta, táirgí anailíseacha maidir leis an tslándáil inmheánach, lena n‑áirítear anailísí straitéiseacha, measúnuithe ar bhagairtí, tuairiscí treochtaí agus faisnéisithe staide, agus cuirfidh sé ar fáil iad i gcomhréir le hAirteagal 129.
2.Tacóidh Europol le modheolaíochtaí agus caighdeáin choiteanna anailíseacha a fhorbairt agus a úsáid, go háirithe le haghaidh measúnuithe ar bhagairtí ar leibhéal an Aontais, chun inchomparáideacht, idir-inoibritheacht agus comhsheasmhacht táirgí anailíseacha a áirithiú.
3.Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá do Europol chun na táirgí anailíseacha dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.
Féadfaidh na Ballstáit diúltú faisnéis a sholáthar ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:
(a)tá an soláthar faisnéise ag teacht salach ar leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit lena mbaineann;
(b)cuireann an soláthar faisnéise rath imscrúdaithe atá ar siúl nó sábháilteacht duine aonair i mbaol;
(c)leis an soláthar faisnéise, nochtfaí faisnéis a bhaineann le heagraíochtaí nó le gníomhaíochtaí sonracha faisnéise i réimse na slándála náisiúnta.
Soláthróidh na Ballstáit faisnéis a luaithe a scoireann na forais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) de bheith ann.
4.Déanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, laistigh dá n‑inniúlacht agus i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, faisnéis a sholáthar do Europol atá ábhartha d’ullmhú na dtáirgí anailíseacha dá dtagraítear i mír 1.
5.Féadfaidh Europol faisnéis foinse oscailte agus ionchuir ó chomhpháirtithe ábhartha a úsáid mar fhoinsí comhlántacha chun na táirgí anailíseacha dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.
6.Cuirfear na táirgí anailíseacha dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don Chomhairle agus don Choimisiún chun tosaíochtaí straitéiseacha, beartais agus oibríochtúla an Aontais a shainaithint, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar tosaíochtaí iad sin maidir leis an gcoireacht a chomhrac agus lena gcur chun feidhme.
7.Úsáidfidh Europol na táirgí anailíseacha dá dtagraítear i mír 1 chun tacú le pleanáil agus le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí oibríochtúla faoin gCaibidil seo agus cuirfidh sé na táirgí sin san áireamh agus an Creat dá dtagraítear in Airteagal 57 á ullmhú agus á thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
8.Cuirfidh na Ballstáit na táirgí anailíseacha dá dtagraítear i mír 1 san áireamh agus a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtugtar tacaíocht ó Europol á cinneadh acu, acmhainní oibríochtúla á leithdháileadh acu agus tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais á gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.
9.Féadfar na táirgí anailíseacha dá dtagraítear i mír 1 a úsáid chun críocha anailísí a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit agus le haghaidh mheastóireachtaí Schengen agus gníomhaíochtaí faireacháin a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/922 sna réimsí beartais a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol.
Caibidil II
Comhar oibríochtúil
Roinn 1
Tacaíocht agus comhordú oibríochtúil
Airteagal 8
Tacaíocht oibríochtúil Europol
1.Soláthróidh Europol tacaíocht oibríochtúil d’údaráis inniúla na mBallstát chun rannchuidiú leis na saghsanna coireachta a thagann faoi inniúlacht Europol a chosc agus a chomhrac.
2.Déanfaidh Europol na cumais a bhunú agus a choinneáil ar bun a bhfuil gá leo chun tacaíocht oibríochtúil leanúnach agus éifeachtach a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát.
3.Tacóidh Europol leis an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)imscrúduithe agus gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais ina leith;
(b)líonraí coiriúla ardriosca agus a mbonneagar coiriúil tacaíochta a shainaithint, díriú ar na líonraí agus ar an mbonneagar sin agus iad a shuaitheadh;
(c)gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhfuil gá le cumais speisialaithe anailíseacha, theicniúla, dhigiteacha, fhóiréinseacha nó ildisciplíneacha ina leith;
(d)gníomhaíocht in aghaidh bagairtí slándála mórscála, bagairtí atá ag teacht chun cinn agus ag forbairt go mear, a bhrath, a anailísiú agus a chomhordú, ar bagairtí iad lena n‑áirítear cionta coiriúla a bhaineann leis na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcás ina mbaineann gné hibrideach leis na cionta sin, agus freagairtí forfheidhmithe dlí orthu a chomhordú;
(e)tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais a bhaineann leis an tslándáil inmheánach a chur chun feidhme.
4.Féadfar tacaíocht oibríochtúil arna soláthar ag Europol a sholáthar, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla, trí na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:
(a)Lárionaid Aontais um shaineolas speisialaithe (‘Lárionaid’), dá dtagraítear in Airteagail 13 go 19;
(b)tascfhórsaí oibríochtúla i gcomhréir le hAirteagal 20;
(c)foirne comhpháirteacha um imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 21, lena n‑áirítear foirne den sórt sin i gcomhar le Eurojust;
(d)imscaradh Europol i gcomhréir le hAirteagal 22;
(e)tacaíocht do ghníomhaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla a dhéantar faoi chuimsiú an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla i gcomhréir le hAirteagal 23.
5.Áiritheoidh Europol comhordú, comhleanúnachas agus comhlántacht na tacaíochta oibríochtúla, na struchtúr agus na n‑ionstraimí comhair dá dtagraítear sa Chaibidil seo, lena n‑áirítear cásanna ina gcuirtear chun úsáide roinnt cineálacha tacaíochta oibríochtúla go comhuaineach.
6.Féachfaidh na Ballstáit le húsáid éifeachtach a bhaint as na saghsanna tacaíochta oibríochtúla dá dtagraítear i mír 4, go háirithe i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun freagairt éifeachtach ar choireacht thromchúiseach eagraithe agus ar sceimhlitheoireacht a áirithiú.
7.I gcás ina sainaithníonn an tSeirbhís Oibríochtúil agus Anailíse nó na Lárionaid naisc oibríochtúla nó riachtanais chomhordúcháin a bhaineann le gníomhaíochtaí coiriúla trasteorann, iarrfaidh Europol ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann faisnéis nó faisnéis choiriúil ábhartha a sholáthar nó rannchuidiú le bearta comhordúcháin.
Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann freagra gan moill mhíchuí agus, i gcás ina gcinnfidh siad gan an rannchuidiú arna iarraidh a sholáthar nó gan bheith páirteach sna bearta comhordúcháin atá beartaithe, soláthróidh siad bonn cirt réasúnaithe do Europol.
Airteagal 9
Tacaíocht oibríochtúil d’imscrúduithe airgeadais agus d’aisghabháil sócmhainní
1.Rachaidh Europol i gcomhar le hoifigí um aisghabháil sócmhainní arna mbunú de bhun Airteagal 5 de Threoir (AE) 2024/1260.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach láithreach ag Europol ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Threoir (AE) 2024/1260 faoi na coinníollacha a leagtar amach ann agus a mhéid is gá chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo a chomhlíonadh.
Áiritheoidh na Ballstáit freisin gur féidir le Europol an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 6(3) de Threoir (AE) 2024/1260 a fháil go tapa arna hiarraidh sin don oifig ábhartha um aisghabháil sócmhainní agus i gcásanna a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 6(4) den Treoir sin, a mhéid is gá chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo a dhéanamh.
Comhlíonfaidh rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo Airteagal 6(5) agus (6) de Threoir (AE) 2024/1260.
3.I gcás ina measann Europol go bhfuil garbhaol ann go n‑imeoidh maoin ó amharc, ar maoin í a bheidh rianaithe agus sainaitheanta de thoradh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo, cuirfidh sé iarraidh faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann chun gníomhaíocht láithreach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Threoir (AE) 2024/1260.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh faoin iarraidh gan mhoill agus, i gcás inar féidir, laistigh de 24 uair an chloig.
I gcás ina ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh gan gníomhaíocht láithreach a dhéanamh, cuirfidh sé Europol ar an eolas agus soláthróidh sé na cúiseanna lena chinneadh. Féadfar na cúiseanna sin a choinneáil siar sna cásanna seo a leanas:
(a)tá nochtadh na gcúiseanna ag teacht salach ar leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit lena mbaineann;
(b)cuireann nochtadh na gcúiseanna rath imscrúdaithe atá ar siúl nó sábháilteacht duine aonair i mbaol.
4.Rachaidh Europol, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 , i gcomhar le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 , trí aonad náisiúnta ábhartha Europol nó, i gcás ina gceadaíonn an Ballstát ábhartha é, trí theagmháil dhíreach, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus trí anailísí a sholáthar do na Ballstáit chun tacú le himscrúduithe trasteorann a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol.
5.Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a gcuid AFAnna, laistigh de theorainneacha a shainordaithe agus a inniúlachta agus faoi réir a choimircí nós imeachta náisiúnta, i dteideal freagra a thabhairt ar iarrataí a bhfuil údar cuí leo a dhéanann Europol i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2019/1153 maidir le faisnéis airgeadais agus anailísí airgeadais, trí aonaid náisiúnta Europol dá chuid nó, má cheadaíonn an Ballstát dó sin, trí theagmháil dhíreach idir AFAnna agus Europol.
Airteagal 10
Tacaíocht airgeadais le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla
1.Ar iarraidh i scríbhinn a bhfuil bonn cirt léi a fháil ó Bhallstát, féadfaidh Europol tacaíocht airgeadais spriocdhírithe a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéantar i gcomhthéacs imscrúdú tosaíochta nó gníomhaíocht oibríochtúil a thugann Europol tacaíocht dó nó di agus a thagann faoi raon feidhme a inniúlachta.
2.Beidh an tacaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 1 teoranta don mhéid is gá agus is comhréireach chun críocha an imscrúdaithe tosaíochta ábhartha nó na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha agus féadfar a chumhdach léi an caiteachas oibríochtúil, teicniúil, lóistíochta agus eile is gá chun an t‑imscrúdú nó an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach.
3.Féadfaidh Europol, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le tosaíochtaí oibríochtúla, tosaíocht a thabhairt do thacaíocht airgeadais le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla comhordaithe trasteorann.
4.Déanfaidh Europol cinntí chun an tacaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt ar bhonn cás ar chás, i gcomhréir le rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta maidir le togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
Leis na rialacha cur chun feidhme sin, déanfar foráil maidir leis na coinníollacha agus leis na nósanna imeachta chun tacaíocht den sórt sin a thabhairt, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh uirthi, lena n‑áirítear ceanglais lena n‑áirithítear cuntasacht, inrianaitheacht, in‑iniúchóireacht agus comhlíontacht rialacha airgeadais is infheidhme an Aontais.
Airteagal 11
Iarraidh ar imscrúdú coiriúil a thionscnamh
1.I gcásanna ar leith ina measann Europol gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh maidir le coir a thagann faoi raon feidhme a inniúlachta, iarrfaidh sé ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, trí na haonaid náisiúnta, imscrúdú coiriúil den sórt sin a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú.
2.Gan difear a dhéanamh do mhír 1, i gcás ina measfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh ar choir shonrach nach mbaineann ach le Ballstát amháin ach lena ndéantar difear do leas coiteann a chumhdaítear le beartas de chuid an Aontais, is féidir leis an Stiúrthóir a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, trí aonad náisiúnta Europol dá chuid, imscrúdú coiriúil den sórt sin a thionscnamh, a dhéanamh nó a chomhordú.
3.Níl feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a thagann faoi raon feidhme inniúlacht OIPE.
4.Scrúdóidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann aon iarraidh arna déanamh de bhun mhíreanna 1 agus 2 mar ábhar tosaíochta agus déanfaidh siad cinneadh réasúnaithe gan moill mhíchuí.
Cuirfidh aonaid náisiúnta Europol, maidir le haon iarraidh arna déanamh de bhun mhíreanna 1 nó 2, Europol ar an eolas maidir leis an gcinneadh ó údaráis inniúla na mBallstát, gan moill mhíchuí.
5.I gcás ina gcinneann údaráis inniúla Ballstáit gan géilleadh d’iarraidh arna déanamh de bhun mhíreanna 1 agus 2, cuirfidh siad Europol ar an eolas faoin méid is cúis leis an gcinneadh gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de 1 mhí tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar na cúiseanna a choinneáil siar sna cásanna seo a leanas:
(a) tá nochtadh na gcúiseanna ag teacht salach ar leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit lena mbaineann;
(b) cuireann nochtadh na gcúiseanna rath imscrúdaithe atá ar siúl nó sábháilteacht duine aonair i mbaol.
6.Cuirfidh Europol Eurojust ar an eolas láithreach faoi aon iarraidh arna déanamh faoi mhíreanna 1 agus 2, agus faoi aon chinneadh ó údarás inniúil Ballstáit arna dhéanamh de bhun mhíreanna 4 agus 5 chun é a chur ar a chumas do Eurojust obair leantach bhreithiúnach thráthúil a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus a inniúlacht a fheidhmiú, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, an acmhainneacht gníomhú ar a thionscnamh féin i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de Rialachán (AE) 2018/1727.
7.Cuirfidh Europol OIPE ar an eolas láithreach faoi iarrataí arna ndéanamh faoi mhíreanna 1 agus 2 a bhaineann le cionta coiriúla a thagann faoi inniúlacht OIPE, agus faoi aon chinneadh gaolmhar ó údarás inniúil Ballstáit de bhun mhíreanna 4 agus 5.
Roinn 2
Cumais speisialaithe oibríochtúla
Airteagal 12
Seirbhís Oibríochtúil agus Anailíse
1.Coinneoidh Europol, tríd an tSeirbhís Oibríochtúil agus Anailíse, cumas oibríochtúil agus anailíseach leanúnach ar bun ar bhonn 24/7 chun tacú le gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil arna déanamh go comhpháirteach leis na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme.
2.Áiritheoidh an tSeirbhís Oibríochtúil agus Anailíse an méid seo a leanas:
(a)go ndéanfar anailís oibríochtúil agus straitéiseach ar fhaisnéis agus ar fhaisnéis choiriúil, lena n‑áirítear anailís chun tacú leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Lárionaid;
(b)go dtabharfar tacaíocht do thionscadail anailíse agus go ndéanfar comhordú ina leith;
(c)go soláthrófar seirbhísí cothrománacha i réimsí na hidir-inoibritheachta, na bithmhéadrachta, na faisnéise foinse oscailte (OSINT), na faisnéise taistil agus na n‑íomhánna satailíte;
(d)go sainaithneofar naisc oibríochtúla, agus go gcomhordófar freagairtí oibríochtúla agus imscrúdaitheacha trasteorann, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, é sin a dhéanamh trína mholadh go mbunófaí Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí (CAOC);
‑(e)go ndéanfar an tacaíocht oibríochtúil arna soláthar de bhun an Rialacháin seo a chomhordú agus go mbeidh comhleanúnachas ann ina leith, lena náirítear é sin a dhéanamh faoi chuimsiú tascfhórsaí oibríochtúla, foirne comhpháirteacha um imscrúdú, imscaradh Europol agus gníomhaíochtaí an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla;
‑(f)go nullmhófar na táirgí anailíseacha dá dtagraítear in Airteagal 7.
3.Áiritheoidh an tSeirbhís Oibríochtúil agus Anailíse comhordú, comhar agus comhleanúnachas oibríochtúil idir Lárionaid an Aontais um shaineolas speisialaithe, go háirithe i gcás ina mbaineann gníomhaíochtaí oibríochtúla, faisnéis choiriúil nó imscrúduithe le saghsanna iomadúla coireachta, nó le cionta coiriúla a bhaineann leis na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcás ina mbaineann gné hibrideach leis na cionta sin, nó ina bhfuil gá le freagairt ildisciplíneach orthu ar shlí eile.
Airteagal 13
Lárionaid an Aontais um shaineolas speisialaithe
1.Bunaítear leis seo mar Lárionaid an Aontais um shaineolas speisialaithe (‘Lárionaid’) Ionad Cibearchoireachta na hEorpa, Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa, an Lárionad Eorpach um Choireacht Airgeadais agus Eacnamaíoch, an Lárionad Eorpach um Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe agus an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach.
2.Beidh na Lárionaid ina gcuid de struchtúr eagraíochtúil Europol agus ní bheidh pearsantacht dhlítheanach ar leithligh acu. Beidh siad ag fónamh mar phríomhstruchtúir speisialaithe cumais agus saineolais Europol ina réimsí féin agus tacóidh siad leis na saghsanna coireanna a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear cionta coiriúla a bhaineann leis na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcás ina mbaineann gné hibrideach leis na cionta sin, a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol.
3.Déanfaidh na Lárionaid an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)tacaíocht oibríochtúil speisialaithe a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát;
(b)tacaíocht oibríochtúil a sholáthar faoi chuimsiú tascfhórsaí oibríochtúla, foirne comhpháirteacha um imscrúdú agus an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla;
(c)comhordú agus comhar idir na Ballstáit a éascú, agus, i gcás inarb iomchuí, le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le comhpháirtithe ábhartha, lena n‑áirítear naisc oibríochtúla a shainaithint;
(d)tacú le gníomhaíocht oibríochtúil chomhtháite, faoi chomhordú na Seirbhíse Oibríochtúla agus Anailíse, lena mbaineann saghsanna iomadúla coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol, nó le cionta coiriúla a bhaineann leis na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcás ina mbaineann gné hibrideach leis na cionta sin, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí shaineolas agus cumais speisialaithe a shlógadh agus a chomhordú ar fud roinnt réimsí oibríochtúla;
‑(e)riachtanais maidir le cumais a shainaithint agus rannchuidiú le hardchumais a fhorbairt, a chur chun úsáide agus a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí Europol agus údaráis inniúla na mBallstát, lena náirítear é sin a dhéanamh trí oiliúint speisialaithe, i gcomhar leis an tSeirbhís um Fhadbhreathnaitheacht agus Cumas agus i ndlúthchomhar le hoifigí tacaíochta Europol;
(f)rannchuidiú leis na táirgí anailíseacha dá dtagraítear in Airteagal 7 a ullmhú.
4.Áiritheoidh Europol go mbeidh gníomhaíochtaí na Lárionad comhsheasmhach le tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais maidir leis an tslándáil inmheánach, lena n‑áirítear iad sin a bhunaítear faoi chuimsiú an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla.
5.Féadfar oifigigh idirchaidrimh agus ionadaithe comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a chuimsiú leis na Lárionaid i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.
Féadfaidh Europol a iarraidh ar chomhpháirtithe a bhfuil saineolas ábhartha acu rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3, pointí (e) agus (f) freisin, i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.
6.Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme maidir le heagrú, feidhmeanna sonracha, comhdhéanamh agus oibriú na Lárionad agus déanfaidh sé athbhreithniú ar na rialacha sin go tráthrialta agus, i gcás inar gá, iad a oiriúnú i bhfianaise riachtanais oibríochtúla agus bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn.
Airteagal 14
An Lárionad Eorpach um Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe
I gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b), is é a bheidh sa tacaíocht a sholáthróidh Europol, go háirithe tríd an Lárionad Eorpach um Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe:
(a)tacú le spriocanna ardluacha agus líonraí coiriúla ardriosca a shainaithint, tosaíocht a thabhairt dóibh, díriú ar na líonraí sin agus iad a shuaitheadh;
(b)tacú le himscrúduithe trasteorann agus le gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar airm thine agus ar phléascáin, coireacht chomhshaoil, coireacht mhaoine agus saghsanna eile coireachta tromchúisí eagraithe agus na himscrúduithe agus na gníomhaíochtaí sin a chomhordú;
(c)saineolas speisialaithe a sholáthar mar thaca le himscrúduithe agus gníomhaíochtaí oibríochtúla casta ildlínse, lena n‑áirítear é sin a sholáthar faoi chuimsiú Tascfhórsaí Oibríochtúla, foirne comhpháirteacha um imscrúdú agus ghníomhaíochtaí an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla;
(d)maidir le líonraí coiriúla a earcaíonn leanaí agus daoine óga agus a thagann i dtír orthu, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí sheirbhísí agus ardáin ar líne, chun gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanamh, a éascú nó a cheilt, tacú leis an earcaíocht agus leis an teacht i dtír sin a shainaithint, le faireachán a dhéanamh orthu sin agus lena suaitheadh.
Airteagal 15
Ionad Cibearchoireachta na hEorpa
I gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b), is é a bheidh sa tacaíocht a sholáthróidh Europol, go háirithe trí Ionad Cibearchoireachta na hEorpa:
(a)tacú leis na Ballstáit, agus i gcás inarb ábhartha le páirtithe príobháideacha, le cibirionsaithe de bhunús coiriúil amhrasta agus le gníomhaíochtaí mailíseacha ar mórscála ar líne a chosc agus tacú le freagairt orthu, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), i ndáil le teagmhais bogearraí éirice chomh maith, agus trí rochtain a fháil ar an mbonneagar a úsáidtear chun an t‑ionsaí a dhéanamh;
(b)tacú leis na Ballstáit, agus i gcás inarb ábhartha le páirtithe príobháideacha, chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna ar líne, go háirithe tríd an bhfaisnéis a sholáthar do na páirtithe príobháideacha is gá chun ábhar, seirbhísí, cuntais, bonneagair nó gníomhaíochtaí digiteacha ábhartha ar líne a shainaithint, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí ábhar ar líne a tharchur chuig soláthraithe seirbhíse ar líne;
(c)tacú leis na Ballstáit mí‑úsáid ghnéasach leanaí, scaipeadh ábhair mí‑úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus sirtheoireacht leanaí a chosc agus a chomhrac;
(d)rannchuidiú le híospartaigh agus le ciontóirí cibearchoireachta agus gníomhaíochtaí coiriúla cibearchumasaithe a shainaithint, lena n‑áirítear mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne;
‑(e)saineolas agus cumais speisialaithe fóiréinsice digití, teicniúla, anailíseacha agus imscrúdaitheacha a choinneáil ar bun agus a imscaradh, lena náirítear é sin a dhéanamh chun tacú le próiseáil agus le hanailísiú sonraí digiteacha agus sonraí criptithe a fhaightear go dleathach;
‑(f)ardáin chomhordúcháin oibríochtúil agus sainchreataí um chomhar oibríochtúil a óstáil agus tacú leo i réimse na cibearchoireachta agus maidir le rochtain thrasteorann ar fhianaise leictreonach, lena náirítear an Tascfhórsa Comhpháirteach in aghaidh na Cibearchoireachta.
Airteagal 16
An Lárionad Eorpach um Choireacht Airgeadais agus Eacnamaíoch
I gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b), is é a bheidh sa tacaíocht a sholáthróidh Europol, go háirithe tríd an Lárionad Eorpach um Choireacht Airgeadais agus Eacnamaíoch:
(a)tacú le hoifigí um aisghabháil sócmhainní na mBallstát ionstraimeachtaí, fáltais, agus maoine is ábhar d’ordú reo sócmhainní nó coigistíochta, nó a d’fhéadfadh a bheith ina n‑ábhar d’ordú reo nó coigistíochta, a rianú agus a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 9;
(b)tacú le sreabha airgeadais choiriúil, líonraí airgeadais aindleathacha agus samhlacha gnó choiriúil atá nasctha leis an gcoireacht eagraithe agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhrath, a anailísiú agus faireachán a dhéanamh orthu;
(c)tacaíocht oibríochtúil agus anailíseach a sholáthar do OIPE i ndáil le coireanna a thagann faoi inniúlacht Europol agus OIPE i gcomhréir le hAirteagal 81;
(d)tacú leis na Ballstáit dul i ngleic le calaois dhigiteach ar mórscála, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí thuairisciú ar chalaois a éascú agus trí chomhoibriú le hinstitiúidí airgeadais, le hardáin ar líne, agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta.
Airteagal 17
An Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach
I gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b), is é a bheidh sa tacaíocht a sholáthróidh Europol, go háirithe tríd an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach:
(a)maidir le líonraí coiriúla a bhfuil baint acu le smuigleáil imirceach agus le gáinneáil ar dhaoine, tacú leis na líonraí sin a shainaithint, le faireachán agus le hanailís a dhéanamh orthu, lena n‑áirítear a samhlacha gnó, a modi operandi agus a mbonneagar coiriúil;
(b)tacú leis an ngné dhigiteach den smuigleáil imirceach agus den gháinneáil ar dhaoine a bhrath agus a anailísiú, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí anailís foinse oscailte, trí chomhar le soláthraithe seirbhíse ar líne agus trí líonraí speisialaithe cleachtóirí;
(c)tacú le sreabha aindleathacha airgeadais, sócmhainní coiriúla agus bonneagar airgeadais, a úsáideann líonraí smuigleála imirceach agus gáinneála ar dhaoine, a bhrath, a anailísiú agus a shuaitheadh, i ndlúthchomhar leis an Lárionad Eorpach um Choireacht Airgeadais agus Eacnamaíoch;
(d)tacú le comhar agus le comhordú oibríochtúil leis na Ballstáit, le Frontex, le Eurojust, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, le tríú tíortha agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le hábhair a bhaineann le smuigleáil imirceach agus le gáinneáil ar dhaoine.
Airteagal 18
Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa
I gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (d), is é a bheidh sa tacaíocht a sholáthróidh Europol, go háirithe trí Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa:
(a)aghaidh a thabhairt ar scaipeadh an ábhair sceimhlitheoireachta agus antoiscigh fhoréignigh ar líne, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chomhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát maidir le horduithe baint anuas, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/784, agus trí ábhar ar líne a tharchur chuig soláthraithe seirbhíse ar líne;
(b)tacú le himscrúduithe, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí shreafaí agus líonraí maoinithe sceimhlitheoireachta, bagairtí a bhaineann le substaintí agus pléascáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, radacú ar líne agus mí‑úsáid ardán ar líne chun críoch sceimhlitheoireachta agus teicneolaíochtaí nua chun críoch sceimhlitheoireachta, a bhrath agus a anailísiú;
(c)tacú le freagairt i gcás géarchéime agus le comhordú oibríochtúil, lena n‑áirítear i gcásanna géarchéimeanna ar líne, trí chumais, uirlisí, struchtúir chomhpháirteacha comhordúcháin agus sásraí tacaíochta tiomnaithe, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an sásra malartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 47;
(d)tacú le cosc a chur ar radacú as a n‑eascraíonn an sceimhlitheoireacht trí mhalartú faisnéise, faisnéise coiriúla agus táirgí anailíseacha a éascú, idir údaráis inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus le páirtithe príobháideacha.
Airteagal 19
Lárionaid bhreise de chuid an Aontais um shaineolas speisialaithe a bhunú agus a rialú
1.Féadfar Lárionaid bhreise de chuid an Aontais um shaineolas speisialaithe a bhunú laistigh de Europol, go háirithe i gcás ina sainaithníonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil gá le buanchumais speisialaithe nó le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun cúraimí Europol a chomhlíonadh.
2.Cinnfear bunú, oiriúnú agus, i gcás inarb iomchuí, cumasc agus scor na Lárionad breise trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 139 agus an méid seo a leanas, go háirithe, á chur san áireamh:
(a)scála, castacht nó gné thrasteorann na mbagairtí coiriúla nó slándála ábhartha agus na gcionta coiriúla a bhaineann leis na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcás ina mbaineann gné hibrideach leis na cionta sin;
(b)riachtanais oibríochtúla na mBallstát agus an gá atá le cumais speisialaithe bhuana ar leibhéal an Aontais;
(c)an gá comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú leis na Lárionaid atá ann cheana agus le creataí oibríochtúla eile de chuid an Aontais;
(d)an infhaighteacht acmhainní laistigh de Europol.
3.Beidh feidhm ag Airteagal 13(2) go (6) maidir leis na Lárionaid a bhunaítear faoin Airteagal seo.
Roinn 3
Ionstraimí um chomhar oibríochtúil
Airteagal 20
Tascfhórsaí oibríochtúla
1.Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát tascfhórsaí oibríochtúla a bhunú, le tacaíocht ó Europol, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sonracha coiriúla trasteorann a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol.
Féadfar tascfhórsa oibríochtúil a bhunú i gcás ina mbaineann an bhagairt choiriúil lena mbaineann le dhá Bhallstát nó níos mó agus, mar gheall ar a scála, a castacht nó a gné thrasteorann, má bhíonn gá le gníomhaíocht chomhordaithe oibríochtúil agus imscrúdaitheach ar leibhéal an Aontais.
2.Áiritheoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach i dtascfhórsa oibríochtúil agus Europol comhleanúnachas agus, i gcás inar féidir, comhtháthú le creat an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla.
3.Féadfaidh na Ballstáit a bhunóidh tascfhórsa oibríochtúil cinneadh a dhéanamh iarraidh ar Bhallstáit eile, agus ar thríú tíortha dá dtagraítear i gCaibidil VII a bheith rannpháirteach sa tascfhórsa oibríochtúil nó tacú leis.
4.Tacóidh Europol, i gcomhaontú leis na Ballstáit atá rannpháirteach i dtascfhórsa oibríochtúil, le pleanáil, comhordú agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faisnéise oibríochtúla agus coiriúla a dhéanfar faoi chuimsiú an tascfhórsa sin.
Cuirfidh Europol an tacaíocht oibríochtúil agus airgeadais ábhartha ar fáil.
5.Déanfaidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach i dtascfhórsa oibríochtúil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an méid seo a leanas:
(a)malartú leanúnach agus struchtúrtha na faisnéise ábhartha uile le Europol agus leis na Ballstáit rannpháirteacha eile a áirithiú go tráthúil, trí Fheidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise, agus, i gcás inarb iomchuí, a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil le haghaidh rochtain dhíreach i gcomhréir le hAirteagail 39, 40 agus 41;
(b)úsáid éifeachtach a bhaint as an tacaíocht oibríochtúil agus airgeadais a sholáthraíonn Europol;
(c)gníomhaíochtaí agus imscrúduithe comhordaithe um fhaisnéis choiriúil a dhéanamh, i gcás inar gá agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí coiriúla lena mbaineann;
(d)imscrúduithe airgeadais a thionscnamh i gcomhthráth chun sócmhainní coiriúla a shainaithint, a reo agus a urghabháil;
(e)oifigigh idirchaidrimh, arna n‑imscaradh i dtríú tíortha ina bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí coiriúla i gcomhthéacs an tascfhórsa oibríochtúil, a shlógadh, i gcás inarb ábhartha, chun comhar agus comhroinnt faisnéise a fheabhsú agus an fhaisnéis arna fáil a sholáthar do Europol.
6.Molfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, trí aonad náisiúnta Europol, tascfhórsa oibríochtúil a bhunú i gcás ina soláthródh tascfhórsa den sórt sin, ar bhonn critéar oibiachtúil, breisluach agus aghaidh á tabhairt ar bhagairt shonrach choiriúil trasteorann a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol agus ina bhfreagródh sé do riachtanais oibríochtúla shainaitheanta.
7.Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme chun tascfhórsaí oibríochtúla a bhunú agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na coimircí is gá do rannpháirtíocht tríú tíortha.
8.Déanfaidh Europol, in éineacht leis na Ballstáit a bheidh rannpháirteach i dtascfhórsa oibríochtúil, measúnú ag céimeanna uile na ngníomhaíochtaí oibríochtúla an gá foireann chomhpháirteach um imscrúdú a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 21 chun tacú le gníomhaíocht chomhordaithe agus mharthanach ar leibhéal an Aontais.
Airteagal 21
Rannpháirtíocht i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú
1.Féadfaidh Europol páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí sin arna mbunú i gcomhréir le Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle 65 agus leis an gCoinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 CAE 66 , a dhéileálann le saghsanna coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol. Leis an gcomhaontú lena mbunaítear foireann chomhpháirteach um imscrúdú, cinnfear na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Europol san fhoireann, agus áiritheofar ann faisnéis maidir leis na rialacha i ndáil le dliteanas.
2.Féadfaidh Europol, laistigh de theorainneacha dhlíthe na mBallstát a bhfuil foireann chomhpháirteach um imscrúdú ag oibriú iontu, cuidiú le gach gníomhaíocht agus gach malartú faisnéise le baill uile na foirne comhpháirtí um imscrúdú.
3.Féadfaidh Europol, agus é rannpháirteach i bhfoireann chomhpháirteach um imscrúdú, an fhaisnéis riachtanach arna próiseáil ag Europol chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 32(2) a chur ar fáil do bhaill uile na foirne, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfidh Europol, an tráth céanna, aonaid náisiúnta Europol na mBallstát a bhfuil ionadaíocht déanta orthu ar an bhfoireann ar an eolas chomh maith le haonaid náisiúnta Europol na mBallstát a chuir an fhaisnéis ar fáil.
4.Faisnéis a gheobhaidh Europol agus é rannpháirteach i bhfoireann chomhpháirteach um imscrúdú, le toiliú ón mBallstát a sholáthair an fhaisnéis, féadfaidh Europol í a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 32(2), faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
5.I gcás ina mbeidh cúis ag Europol lena chreidiúint go gcuirfí luach le himscrúdú dá mbunófaí foireann chomhpháirteach um imscrúdú, d’fhéadfadh sé é sin a mholadh do na Ballstáit lena mbaineann agus bearta a ghlacadh chun cuidiú leo an fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú a bhunú.
6.Arna iarraidh sin d’údarás inniúil Ballstáit, arna déanamh tar éis comhairle a fháil ó Eurojust de bhun Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) …/… [togra le haghaidh Rialachán Eurojust], beidh Europol, laistigh de theorainneacha a inniúlachta, rannpháirteach san fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú lena mbaineann, mura soláthraíonn sé cúiseanna a bhfuil bonn cirt cuí leo gan déanamh amhlaidh.
Airteagal 22
Imscaradh Europol
1.Féadfaidh Ballstát, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, imscaradh Europol ar a chríoch a iarraidh chun úsáid a bhaint as an tacaíocht oibríochtúil arna soláthar ag Europol.
2.Déanfar imscaradh Europol le haghaidh tacaíocht oibríochtúil, go háirithe, i gcomhthéacs imscrúduithe casta nó ar mórscála nó gníomhaíochtaí faisnéise coiriúla lena bhfuil gá le tacaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais ina leith. Rud a fhéadfar a chuimsiú le himscaradh Europol is ea rannpháirtíocht i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 21, i dtascfhórsaí oibríochtúla arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 20, nó i ngníomhaíochtaí oibríochtúla comhordaithe eile.
Féadfar imscaradh Europol a dhéanamh freisin chun tacú le seiceálacha in aghaidh bunachair sonraí ábhartha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i gcomhthéacs rialuithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú nó chun tacú le gníomhaíochtaí bainistithe imirce i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896 , nó chun tacú leis na Ballstáit i mórimeachtaí idirnáisiúnta.
Déanfar imscaradh Europol freisin, go háirithe, chun úsáid, comhtháthú agus cur chun úsáide éifeachtach sheirbhísí, uirlisí agus ardchumais Europol i dtimpeallachtaí oibríochtúla na mBallstát a áirithiú.
3.Déanfaidh Europol measúnú ar aon iarraidh arna déanamh ag Ballstát de bhun mhír 1 agus féadfaidh sé imscaradh Europol a údarú, agus na hacmhainní atá ar fáil ag Europol á gcur san áireamh.
4.Tar éis imscaradh Europol a bheith údaraithe de bhun mhír 3, tiocfaidh Europol agus an Ballstát lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis na módúlachtaí a bheidh i gceist le himscaradh Europol.
5.Foireann Europol agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna n‑imscaradh ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, gníomhóidh siad i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit ar ar a chríoch a dhéanfar an t‑imscaradh.
6.Déanfaidh an Ballstát ar ar a chríoch a dhéanfar an t‑imscaradh an méid seo a leanas, i gcomhréir leis na módúlachtaí arna gcomhaontú de bhun mhír 4:
(a)an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar do Europol gan moill mhíchuí agus, i gcás inar féidir, rochtain dhíreach ar an bhfaisnéis sin a chumasú le haghaidh imscaradh Europol, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(b)cead a thabhairt imscaradh Europol a bheith ann agus bearta imscrúdaitheacha á bhforghníomhú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(c)slógadh saineolais speisialaithe a éascú, lena n‑áirítear saineolas anailíseach, saineolas fóiréinseach digiteach, saineolas TF agus saineolas maidir le comhtháthú córas;
(d)na bearta is gá a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun a áirithiú go bhféadfar na haschuir a tháirgfear tríd an tacaíocht oibríochtúil a sholáthraítear le himscaradh Europol a úsáid mar fhianaise in imeachtaí náisiúnta imscrúdaitheacha agus breithiúnacha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trína áirithiú go ndéanfar na haschuir sin a ghiniúint, a dhoiciméadú agus a tharchur ar bhealach a bheidh comhoiriúnach le ceanglais an dlí náisiúnta.
7.Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin imscaradh Europol a mholadh d’údaráis inniúla Ballstáit, trí oifig tacaíochta Europol, i gcás ina measann sé nó sí go soláthródh an t‑imscaradh sin breisluach maidir le saghsanna coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc nó a chomhrac.
8.I gcás ina ndéanann tríú tír, a bhfuil caidreamh comhoibritheach bunaithe ag Europol léi de bhun an Rialacháin seo nó Rialachán (AE) 2018/1725, imscaradh Europol a iarraidh ar a críoch de bhun an Airteagail seo, beidh feidhm ag na ceanglais agus ag an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo.
9.Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme maidir le himscaradh Europol a ullmhú agus a chur chun feidhme.
Airteagal 23
Tacaíocht Europol don Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla
1.Chun tacú leis na Ballstáit an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla a neartú a thuilleadh mar chreat comhleanúnach chun na bagairtí a bhaineann le líonraí coiriúla ar leibhéal an Aontais a chosc agus a chomhrac, soláthróidh Europol tacaíocht riaracháin, lóistíochta, airgeadais agus oibríochtúil do ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus straitéiseacha arna ndéanamh ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha, lena n‑áirítear malartú gaolmhar faisnéise, agus do thríú tíortha a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí den sórt sin chomh maith.
I ndáil leis sin, comhlánóidh Europol na feidhmeanna comhordúcháin a dhéanfaidh aonaid náisiúnta Europol ar an leibhéal náisiúnta.
2.Chun críocha mhír 1, déanfaidh Europol, trí Fhoireann Tacaíochta an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla, an méid seo a leanas go háirithe:
(a) tacú le pleananna gníomhaíochta oibríochtúla débhliantúla a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chúnamh a thabhairt maidir le tosaíochtaí, spriocanna agus táirgí insoláthartha oibríochtúla a shainiú;
(b) cruinnithe de Chomhordaitheoirí Náisiúnta an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla a éascú;
(c) tacú le pleananna gníomhaíochta oibríochtúla a ullmhú agus a bhainistiú;
(d) tacú le rannpháirtíocht tríú tíortha san Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla, go háirithe tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha.
3.Agus an tacaíocht dá dtagraítear i mír 2 á tabhairt aige, oibreoidh Europol, trí Fhoireann Tacaíochta an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), i ndlúthchomhar le haonaid náisiúnta Europol, le Comhordaitheoirí Náisiúnta EMPACT, agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le EMPACT, agus, i gcás inarb iomchuí, le tríú tíortha agus le comhpháirtithe eile i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 24
Díormaí oibríochtúla agus teicniúla a úsáid
1.Bunóidh agus coinneoidh Europol díormaí speisialaithe oibríochtúla agus teicniúla ar bun ina mbeidh saineolaithe arna n‑ainmniú ag na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh an saineolas an‑speisialaithe is gá ar fáil chun cúraimí Europol a chomhlíonadh agus chun tacú leis na Ballstáit.
2.Ainmneoidh na Ballstáit saineolaithe lena gcuimsiú leis na díormaí speisialaithe oibríochtúla agus teicniúla dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na próifílí agus na ceanglais rannpháirtíochta arna gcinneadh ag an mBord Bainistíochta, chun a áirithiú go mbeidh saineolas speisialaithe ar fáil. Ní dhéanfaidh ainmniú saineolaí ar dhíorma difear don chaidreamh fostaíochta idir an saineolaí sin agus údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.
3.Féadfar saineolaithe a bheidh rannpháirteach sna díormaí, le comhaontú údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, a thabhairt ar iasacht do Europol.
4.Féadfaidh Europol tacaíocht airgeadais a sholáthar do na Ballstáit i dtaca le hoiliúint a chur ar saineolaithe a bheidh rannpháirteach sna díormaí agus iad a thabhairt ar iasacht.
5.Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme maidir le hoibriú na ndíormaí, lena n‑áirítear na módúlachtaí maidir le saineolaithe a thabhairt ar iasacht, oiliúint a eagrú, agus an tacaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar.
Roinn 4
Struchtúir náisiúnta le haghaidh comhair oibríochtúil
Airteagal 25
Aonaid náisiúnta Europol
1.Comhoibreoidh na Ballstáit agus Europol le chéile i gcomhlíonadh a gcuid cúraimí faoi seach a leagtar amach sa Rialachán seo.
2.Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát aonad náisiúnta Europol.
Is é aonad náisiúnta Europol a bheidh ina chomhlacht idirchaidrimh agus ina lárphointe comhordúcháin idir Europol agus údaráis inniúla an Bhallstáit. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh an t‑aonad náisiúnta Europol dá chuid in ann na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, agus go háirithe go mbeidh rochtain aige ar shonraí forfheidhmithe dlí náisiúnta agus ar shonraí ábhartha eile a bheidh riachtanach le haghaidh an chomhair le Europol.
3.Áiritheoidh aonaid náisiúnta Europol go gcomhordófar údaráis inniúla na mBallstát a dtagann a ngníomhaíochtaí faoi raon feidhme inniúlacht Europol, go straitéiseach ar an leibhéal náisiúnta, chun críoch comhair le Europol.
Chun na críche sin, déanfaidh aonaid náisiúnta Europol an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)tosaíochtaí oibríochtúla agus riachtanais maidir le cumais atá ag údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithint, a chomhdhlúthú agus a chur in iúl do Europol, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i gcomhthéacs an Chreata dá dtagraítear in Airteagal 57;
(b)ionchuir náisiúnta le gníomhaíochtaí straitéiseacha agus anailíseacha Europol a chomhordú;
(c)tacú le tosaíochtaí náisiúnta a ailíniú le tosaíochtaí an Aontais chun na saghsanna coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc agus a chomhrac.
4.Tiocfaidh ceannairí aonaid náisiúnta Europol le chéile ar bhonn tráthrialta chun tosaíochtaí straitéiseacha a chomhordú le haghaidh comhair le Europol agus chun comhthosaíochtaí oibríochtúla agus comhriachtanais maidir le cumais a shainaithint.
5.Éascóidh aonaid náisiúnta Europol an malartú faisnéise idir Europol agus údaráis inniúla a mBallstát. Chun na críche sin, déanfaidh aonaid náisiúnta Europol an méid seo a leanas:
(a)aon fhaisnéis a mhalartaítear le linn teagmhálacha díreacha idir Europol agus údaráis inniúla a mBallstát a fháil ó Europol, mura sonraíonn aonad náisiúnta Europol nach gá dó an fhaisnéis sin a fháil;
(b)rochtain a bheith aige ar shonraí forfheidhmithe dlí náisiúnta agus ar shonraí ábhartha eile atá riachtanach don chomhar le Europol;
(c)rannchuidiú le comhlíonadh na gcúraimí a shanntar d’údaráis inniúla na mBallstát i ndáil lena n‑oibleagáidí maidir le malartú faisnéise le Europol, i gcomhréir le Caibidil III.
6.Áiritheoidh aonad náisiúnta Europol go nglacfaidh na Ballstáit tacaíocht oibríochtúil Europol go hiomchuí, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chomhtháthú thacaíocht agus uirlisí Europol in imscrúduithe náisiúnta agus rannpháirtíocht údaráis inniúla an Bhallstáit i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna gcomhordú, arna n‑eagrú nó a fhaigheann tacaíocht ó Europol a éascú, lena n‑áirítear tascfhórsaí oibríochtúla agus imscaradh Europol.
Chun na gcríoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuimseofar le haonad náisiúnta Europol oifig tacaíochta Europol, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 26.
7.Áiritheoidh aonaid náisiúnta Europol go gcomhordófar gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí thacú le Comhordaitheoir Náisiúnta EMPACT i bpleanáil agus i gcur chun feidhme ghníomhaíochtaí EMPACT agus trí rannpháirtíocht údaráis inniúla na mBallstát a éascú.
Chun na gcríoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuimseofar foireann tacaíochta EMPACT le haonad náisiúnta Europol.
Gach Ballstát a bhfuil gníomhaíocht oibríochtúil de chuid EMPACT a fhaigheann tacaíocht ó Europol á bunú acu nó gach Ballstát atá rannpháirteach i ngníomhaíocht den sórt sin, úsáidfidh sé SIENA, aon uair is féidir, chun an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar gan mhoill do Europol agus do Bhallstáit eile.
8.Is iad na Ballstáit a iompróidh na costais a thabhóidh aonaid náisiúnta Europol i gcumarsáid le Europol agus, cé is moite de na costais naisc, ní dhéanfar iad a ghearradh ar Europol.
Tacóidh Europol le feidhmiú agus le hacmhainneacht aonaid náisiúnta Europol, lena n‑áirítear a bhfeidhmeanna tacaíochta.
Cuimseofar le tacaíocht den sórt sin ranníocaíochtaí airgeadais le haonaid náisiúnta Europol, dá bhforáiltear i gcomhréir leis na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 124.
Airteagal 26
Oifigí tacaíochta Europol
1.Bunóidh na Ballstáit oifig tacaíochta Europol laistigh d’aonad náisiúnta Europol chun a áirithiú go nglacfaidh na Ballstáit tacaíocht Europol ar bhealach iomchuí.
2.Déanfaidh oifigí tacaíochta Europol an méid seo a leanas, de réir mar is iomchuí:
(a)úsáid agus comhtháthú thacaíocht oibríochtúil, tháirgí anailíseacha agus shaineolas Europol ag údaráis inniúla an Bhallstáit a éascú;
(b)tacú le hullmhú, le déanamh agus le hobair leantach i leith na ngníomhaíochtaí oibríochtúla a fhaigheann ó Europol, lena n‑áirítear tascfhórsaí oibríochtúla agus imscaradh Europol;
(c)slógadh cumas speisialaithe a éascú le haghaidh imscrúduithe ar an leibhéal náisiúnta.
3.Is é a bheidh in oifigí tacaíochta Europol foireann Europol atá ar iasacht agus ag a bhfuil taithí roimh ré in údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil oifig tacaíochta Europol bunaithe. Feidhmeoidh an fhoireann sin faoi fhreagracht Europol agus an Bhallstáit ina bhfuil oifig tacaíochta Europol bunaithe, i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4.
4.Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme lena rialófar bunú, eagrú agus feidhmiú oifigí tacaíochta Europol, lena n‑áirítear na híoscheanglais a bheidh le comhlíonadh ag foireann Europol a bheidh ar iasacht chuig na hoifigí sin, na socruithe lena rialófar a hiasacht agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí idir Europol agus an Ballstát ina bhfuil oifig tacaíochta Europol bunaithe.
Airteagal 27
Oifigigh idirchaidrimh
1.Ainmneoidh gach aonad náisiúnta Europol oifigeach idirchaidrimh amháin ar a laghad a bheidh le ceangal le Europol.
Ach amháin mar a leagtar a mhalairt síos sa Rialachán seo, beidh na hoifigigh idirchaidrimh faoi réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit ainmniúcháin.
2.Beidh na biúrónna náisiúnta idirchaidrimh in Europol comhdhéanta d’oifigigh idirchaidrimh agus tabharfaidh na haonad náisiúnta Europol dá gcuid treoir dóibh ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna an Bhallstáit a ndéanann siad ionadaíocht air in Europol i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ainmniúcháin agus leis na forálacha is infheidhme maidir le Europol a riar.
3.Tacóidh oifigigh idirchaidrimh le tacaíocht Europol a chomhtháthú go héifeachtach i ngníomhaíochtaí oibríochtúla náisiúnta.
Chun na críche sin, rannchuideoidh oifigigh idirchaidrimh, i gcomhar le Europol, le tacaíocht a sholáthar arna saincheapadh de réir riachtanais oibríochtúla agus cheanglais oibríochtúla a mBallstáit.
4.Cuideoidh oifigigh idirchaidrimh le malartú faisnéise idir Europol agus na Ballstáit.
5.Cuideoidh na hoifigigh idirchaidrimh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le malartú faisnéise idir na Ballstáit agus oifigigh idirchaidrimh Ballstát eile, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Féadfar bonneagar Europol a úsáid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le haghaidh malartuithe déthaobhacha den sórt sin chun saghsanna coireachta nach dtagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chumhdach freisin. Beidh gach malartú faisnéise den sórt sin i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
6.Tríd an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 5, tacóidh oifigigh idirchaidrimh le naisc oibríochtúla a shainaithint agus le freagairtí oibríochtúla agus imscrúdaitheacha trasteorann a chomhordú, i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís Oibríochtúil agus Anailíse.
7.Is é an Bord Bainistíochta a shaineoidh cearta agus oibleagáidí oifigeach idirchaidrimh i ndáil le Europol. Beidh na pribhléidí agus na díolúintí ag oifigigh idirchaidrimh atá riachtanach chun a gcuid cúraimí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 125(2).
8.Áiritheoidh Europol go bhfuil oifigigh idirchaidrimh go hiomlán ar an eolas faoina chuid gníomhaíochtaí, a mhéid is gá chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.
9.Cumhdóidh Europol na costais as na háitribh riachtanacha laistigh de cheanncheathrú Europol a sholáthar do na Ballstáit agus as tacaíocht leordhóthanach a thabhairt d’oifigigh idirchaidrimh chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Iompróidh an Ballstát ainmniúcháin na costais eile uile a thagann chun cinn i dtaca le hoifigigh idirchaidrimh a ainmniú, lena n‑áirítear na costais as trealaimh d’oifigigh idirchaidrimh.
Caibidil III
Bainistiú faisnéise
Roinn 1
Rialacha cothrománacha maidir le próiseáil sonraí
Airteagal 28
Foinsí faisnéise
1.Ní phróiseálfaidh Europol ach faisnéis atá soláthartha ag na comhlachtaí seo a leanas dó:
(a)na Ballstáit i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus le hAirteagal 29;
(b)institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c)páirtithe príobháideacha agus daoine nádúrtha.
2.Féadfaidh Europol faisnéis, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, a aisghabháil agus a phróiseáil go díreach ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, lena n‑áirítear an t‑idirlíon agus sonraí poiblí.
3.A mhéid atá Europol i dteideal, faoi ionstraimí de chuid an Aontais, faoi ionstraimí dlí náisiúnta nó faoi ionstraimí dlí idirnáisiúnta, rochtain a fháil ar shonraí ó chórais faisnéise náisiúnta, idirnáisiúnta nó córais faisnéise de chuid an Aontais, féadfaidh sé faisnéis, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, a aisghabháil agus a phróiseáil, trí mhodhanna den sórt sin i gcás inar gá sin agus mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. Is iad forálacha infheidhme na n‑ionstraimí dlí Aontais, idirnáisiúnta nó náisiúnta sin a rialóidh rochtain ar an bhfaisnéis sin agus úsáid na faisnéise sin ag Europol, a mhéid a dhéantar foráil iontu do rialacha níos déine ar rochtain agus úsáid i gcomparáid leis na rialacha a leagtar síos leis an Rialachán seo. Ní thabharfar rochtain ar chórais faisnéise den sórt sin ach don fhoireann chuí‑údaraithe agus ní dhéanfar sin ach a mhéid is gá agus is comhréireach chun a cuid cúraimí a chomhlíonadh.
Airteagal 29
Faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit
1.Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh a sholáthar do Europol go tráthúil.
2.Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirtíocht éifeachtach údaráis inniúla na mBallstát sna creataí um malartú faisnéise agus um bainistiú sonraí oibríochtúla a bhunaítear faoin Rialachán seo agus cumasóidh siad, i gcás inarb iomchuí, an soláthar struchtúrtha, uathoibrithe agus idir-inoibritheach faisnéise do Europol i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
3.Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce arna n‑ainmniú ag údaráis inniúla na mBallstát faisnéis ábhartha a sholáthar do Europol trí na creataí um malartú faisnéise a bhunaítear faoin Rialachán seo, trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh ar chúiseanna dlíthiúla, eagraíochtúla nó teicniúla, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha a tharchur chuig Europol trí chainéil shlána eile.
4.I gcomhréir le hAirteagal 107, beidh aonad náisiúnta Europol agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann freagrach as comhlíonadh an dlí náisiúnta a áirithiú agus faisnéis á soláthar do Europol, agus as iomláine, cruinneas agus tráthúlacht na faisnéise sin a áirithiú, a mhéid is féidir.
5.Gan difear a dhéanamh do na Ballstáit a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú, féadfaidh na Ballstáit diúltú faisnéis a sholáthar ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:
(a)tá an soláthar faisnéise ag teacht salach ar leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit lena mbaineann;
(b)cuireann an soláthar faisnéise rath imscrúdaithe atá ar siúl nó sábháilteacht duine aonair i mbaol;
(c)leis an soláthar faisnéise, nochtfaí faisnéis a bhaineann le heagraíochtaí nó le gníomhaíochtaí sonracha faisnéise i réimse na slándála náisiúnta.
Soláthróidh na Ballstáit faisnéis a luaithe a scoireann na forais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) nó (c), de bheith ann.
6.Táirgfidh Europol measúnú bliantúil ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit faoin Airteagal seo ar bhonn critéar cainníochtúil agus cáilíochtúil arna sainiú ag an mBord Bainistíochta. Tarchuirfear an measúnú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Airteagal 30
Ról Europol i ndáil le Córas Faisnéise Schengen
1.Áiritheoidh Europol, trí Oifig SIRENE (Iarraidh ar Fhaisnéis fhorlíontach ag na Bealaí Isteach Náisiúnta), malartú agus infhaighteacht faisnéise forlíontaí, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2018/1860 67 , (AE) 2018/1861 68 agus (AE) 2018/1862 69 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2.Tacóidh Europol leis na Ballstáit, arna iarraidh sin don Bhallstát a d’eisigh an foláireamh, trí chros‑seiceáil agus anailís ar shonraí foláirimh agus ar fhaisnéis fhorlíontach in aghaidh faisnéis atá stóráilte ag Europol a éascú, go háirithe chun na daoine atá faoi réir foláirimh a aimsiú.
3.Déanfaidh Europol, arna iarraidh sin, faisnéis a fhaigheann sé i gcomhréir le hAirteagal 35(8) de Rialachán (AE) 2018/1861 agus i gcomhréir le hAirteagal 48(8) de Rialachán (AE) 2018/1862 a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, faoi réir srianta ar phróiseáil na faisnéise mar a shonraíonn an Ballstát a d’eisigh an foláireamh.
4.Tacóidh Europol leis na Ballstáit sonraí a phróiseáil arna soláthar ag tríú tíortha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta do Europol maidir le daoine a bhfuil baint acu le sceimhlitheoireacht nó le coireacht thromchúiseach.
I gcás na sonraí sin, molfaidh Europol do na Ballstáit foláirimh faisnéise maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais (‘foláirimh faisnéise’) a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS), i gcomhréir le hAirteagal 37a de Rialachán (AE) 2018/1862.
5.Cuirfidh na Ballstáit Europol ar an eolas maidir le haon fholáireamh faisnéise a cuireadh isteach in SIS agus maidir le haon amas ar na foláirimh faisnéise sin, agus féadfaidh siad, trí Europol, an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthair na sonraí as a dtagann an foláireamh faisnéise a chur ar an eolas, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1862.
Féadfaidh Europol faisnéis a bhaineann le hamais a tharchur chuig na Ballstáit lena mbaineann chun críoch comhordú oibríochtúil, cros‑seiceáil agus tacaíocht imscrúdaitheach, i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán seo.
Airteagal 31
Ról Europol i ndáil leis an gCóras faisnéise víosaí agus leis an gcóras Eorpach um fhaisnéis agus údarú taistil
1.Déanfaidh Europol na beart uile is cuí chun é a chur ar a gcumas d’údaráis ainmnithe an Chórais Faisnéise Víosaí, chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 70 , rochtain indíreach a bheith acu ar bhonn córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ ar shonraí arna soláthar chun críocha Airteagal 32(2), pointe (a) den Rialachán seo, gan difear a dhéanamh d’aon srian arna sonrú ag soláthraí na faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 33(2).
2.I gcás amais, de bhun mhír 1 tionscnóidh Eurojust an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis ba chúis leis an amas a roinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise do Europol, agus sa mhéid go bhfuil gá leis na sonraí is cúis leis an amas chun cúraimí VIS na n‑údarás ainmnithe a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí a chomhlíonadh, agus sa mhéid sin amháin.
3.Bainisteoidh Europol Liosta faire an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 71 .
4.Féadfaidh Europol sonraí a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta coiriúla tromchúiseacha eile arna bhfáil ag Europol a iontráil i liosta faire ETIAS, gan dochar do na coinníollacha lena rialaítear comhar idirnáisiúnta Europol.
5.Soláthróidh Europol tuairim réasúnaithe tar éis dó iarraidh ar chomhairliúchán a fháil dá dtagraítear in:
(a)Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1240;
(b)Airteagal 9e(4) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;
(c)Airteagal 9g(4) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;
(d)Airteagal 22b(14) agus (16) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.
Chun críocha phointe (a), féadfaidh Europol tuairim réasúnaithe dhearfach nó dhiúltach a eisiúint. Tarchuirfidh Europol, trí Fheidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise, tuarascáil a thacaíonn leis an tuairim sin chuig aonad náisiúnta Europol an Bhallstáit atá freagrach as comhad iarratais ETIAS. Cuirfidh Aonad Náisiúnta Europol an tuarascáil sin ar fáil don Aonad Náisiúnta ETIAS lena mbaineann chun críocha a mheasúnaithe agus a chinnteoireachta faoi Rialachán (AE) 2018/1240.
6.Chun an cúram dá dtagraítear i mír 3 a chur i gcrích, glacfaidh Bord Bainistíochta Europol, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1240.
7.Déanfaidh Europol na bearta uile is cuí chun é a chur ar a cumas don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, laistigh dá sainordú agus chun críocha Rialachán (AE) 2018/1240, rochtain indíreach a bheith aici ar bhonn córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ ar shonraí arna soláthar chun críocha Airteagal 32(2), pointe (a) den Rialachán seo, gan difear a dhéanamh d’aon srian arna shonrú ag soláthraí na faisnéise atá i gceist i gcomhréir le hAirteagal 33(2) den Rialachán seo.
8.I gcás amais, tionscnóidh Europol an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis ba chúis leis an amas a roinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise do Europol, agus sa mhéid go bhfuil gá leis na sonraí is cúis leis an amas chun cúraimí na Gníomhaireachta Eorpaigh um an nGarda Teorann agus Cósta a bhaineann le ETIAS a chomhlíonadh, agus sa mhéid sin amháin. Beidh feidhm ag míreanna 2 go 6 den Airteagal seo dá réir.
Airteagal 32
Cuspóirí na ngníomhaíochtaí próiseála faisnéise
1.A mhéid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol faisnéis, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáil.
2.Ní fhéadfar sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:
(a)cros‑seiceáil a bhfuil sé d’aidhm aige naisc nó naisc ábhartha eile a shainaithint le faisnéis a bhaineann le cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith;
(b)anailísí de chineál straitéiseach nó de chineál téamach;
(c)anailísí oibríochtúla;
(d)malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit, Europol, institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus páirtithe príobháideacha;
(e)tionscadail taighde agus nuálaíochta ábhartha arna ndéanamh faoi Chlár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht;
(f)tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, chun an pobal a chur ar an eolas maidir le daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine ciontaithe a bhfuiltear sa tóir orthu ar bhonn cinneadh breithiúnach a bhaineann le coir a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol, agus é a éascú don phobal faisnéis maidir leis na daoine sin a sholáthar do na Ballstáit agus do Europol;
(g)idirdhealú a dhéanamh idir na sonraí oibríochtúla a bhaineann leis na catagóirí éagsúla d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2018/1725.
3.Maidir le próiseáil chun críche anailísí oibríochtúla dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), déanfar í trí bhíthin tionscadail anailíse oibríochtúla, a mbeidh feidhm ag na coimircí sonracha cosanta sonraí seo a leanas ina leith:
(a)i gcás gach tionscadail anailíse oibríochtúla, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an cuspóir sonrach, na catagóirí de shonraí pearsanta agus na catagóirí d’ábhair sonraí, na rannpháirtithe, fad na stórála agus na coinníollacha maidir le rochtain, le tarchur nó aistriú agus le húsáid na sonraí lena mbaineann a shainiú, agus cuirfidh sé an Bord Bainistíochta agus an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí (MECS) ar an eolas maidir leis an méid sin;
(b)ní fhéadfar sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ach amháin chun críoch an tionscadail anailíse oibríochtúla shonraithe agus ní fhéadfar iad a stóráil ach sa Timpeallacht Anailíseach Europol dá dtagraítear in Airteagal 40, agus i gcás inar léir go bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith ábhartha do thionscadal anailíse oibríochtúla eile, ní cheadófar tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na sonraí pearsanta sin ach amháin a mhéid a bheidh tuilleadh próiseála den sórt sin riachtanach agus comhréireach agus a bheidh na sonraí pearsanta comhoiriúnach leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a bhfuil feidhm acu maidir leis an tionscadal anailíse eile;
(c)ní fhéadfaidh ach baill foirne údaraithe rochtain a fháil ar shonraí an tionscadail ábhartha agus na sonraí sin a phróiseáil.
4.I gcás inar gá chun cuspóirí na dtionscadal taighde agus nuálaíochta arna ndéanamh ag Europol a bhaint amach, déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 102.
5.Déanfar an phróiseáil dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 i gcomhréir leis na coimircí cosanta sonraí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1725 agus sa Rialachán seo. Déanfaidh Europol na hoibríochtaí próiseála sin a dhoiciméadú go cuí. Déanfar an doiciméadacht a chur ar fáil, arna iarraidh sin, don Oifigeach Cosanta Sonraí agus do MECS ar mhaithe le dlíthiúlacht na n‑oibríochtaí próiseála a fhíorú.
6.I gcomhréir le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh Europol, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is féidir, idirdhealú soiléir idir na sonraí pearsanta a bhaineann leis na catagóirí éagsúla d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.
7.Ní fhéadfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II ach amháin i gcás ina bhfuil an phróiseáil sin ábhartha agus riachtanach chun na gcríoch a leagtar amach i mír 2. Déanfar sonraí pearsanta den sórt sin a scriosadh láithreach a luaithe a chomhlíonfar cuspóir na próiseála.
8.I gcás nach féidir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na sonraí pearsanta a bhaineann leis na catagóirí éagsúla d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás nach mór do Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, cuirfidh Europol a Oifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas faoi.
9.Déanfar sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a choinneáil deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is féidir, agus in aon chás ní dhéanfar iad a phróiseáil ach amháin i gcás inar gá agus inar comhréireach sin chun críocha mhír 2.
10.Féadfaidh Europol sonraí a phróiseáil ar bhonn sealadach chun a chinneadh an bhfuil próiseáil na sonraí sin ábhartha agus riachtanach chun go gcomhlíonfadh Europol a chúraimí. Ní rachaidh an teorainn ama chun sonraí den sórt sin a phróiseáil thar 6 mhí ón uair a gheofar na sonraí sin.
11.De réir mar is iomchuí agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, glacfaidh an Bord Bainistíochta treoirlínte lena sonraítear a thuilleadh na nósanna imeachta maidir le faisnéis a phróiseáil chun na gcríoch a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo agus i gcomhréir le hAirteagal 72(2), pointe (t).
Airteagal 33
An chríoch atá le próiseáil faisnéise ag Europol, agus na srianta atá ar an bpróiseáil sin, a chinneadh
1.Is Ballstát, institiúid, comhlacht, misean, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthraíonn faisnéis do Europol a chinnfidh an chríoch nó na críocha dá ndéanfar próiseáil ar an bhfaisnéis sin, i gcomhréir le hAirteagal 32.
I gcás nach gcomhlíonann soláthraí faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhomhír sin, déanfaidh Europol, i gcomhaontú le soláthraí na faisnéise lena mbaineann, an fhaisnéis a phróiseáil chun ábharthacht na faisnéise sin a chinneadh, agus chun an chríoch nó na críocha dá ndéanfar tuilleadh próiseála uirthi a chinneadh freisin.
Ní dhéanfaidh Europol próiseáil ar fhaisnéis chun críche seachas an chríoch dár cuireadh an fhaisnéis ar fáil ach amháin i gcás ina dtabharfaidh soláthraí na faisnéise údarás dó déanamh amhlaidh.
Faisnéis a sholáthraítear chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 32(2), pointí (a) go (d), féadfaidh Europol í a phróiseáil freisin i gcomhréir le hAirteagal 102, chun críoch Airteagal 32(2), pointe (e).
2.Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, tráth a sholáthrófar faisnéis do Europol, aon srian ar rochtain a shonrú, i dtéarmaí ginearálta nó i dtéarmaí sonracha, lena n‑áirítear srianta a mhéid a bhaineann lena húsáid, lena haistriú, lena tarchur, lena léirscriosadh nó lena milleadh. I gcás ina mbeidh sé soiléir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis an fhaisnéis a sholáthar, cuirfidh siad Europol ar an eolas dá réir sin. Comhlíonfaidh Europol srianta den sórt sin.
3.I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfaidh Europol srianta rochtana ó na Ballstáit, ó institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a shannadh d’fhaisnéis arna haisghabháil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí.
Airteagal 34
An dualgas na Ballstáit a chur ar an eolas
1.Tabharfaidh Europol fógra do Bhallstát gan mhoill faoi aon fhaisnéis a bhaineann leis. Má tá faisnéis den sórt sin faoi réir srianta ar rochtain de bhun Airteagal 33(2) a dhéanfadh roinnt na faisnéise a thoirmeasc, rachaidh Europol i gcomhairle le soláthraí na faisnéise lena sonraítear an srian ar rochtain agus iarrfaidh sé cead uaidh an fhaisnéis a roinnt.
I gcás den sórt sin, ní dhéanfar an fhaisnéis a roinnt gan údarú sainráite ón soláthraí.
2.Gan beann ar aon srian ar rochtain, cuirfidh Europol Ballstát ar an eolas faoi aon fhaisnéis a bhaineann leis i gcás inar gá sin ar mhaithe le garbhaol ar bheatha a chosc.
I gcás den sórt sin, cuirfidh Europol soláthraí na faisnéise ar an eolas faoi roinnt na faisnéise an tráth céanna agus tabharfaidh sé bonn cirt lena anailís ar an staid.
Roinn 2
Seirbhísí agus uirlisí Europol
Airteagal 35
Timpeallacht sonraí Europol
1.Déanfaidh Europol na seirbhísí agus na huirlisí a bhfuil gá leo agus lena gcuirtear ar a chumas dó a chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, agus go háirithe seirbhísí agus uirlisí chun faisnéis a phróiseáil i gcomhréir le Roinn 1 den Chaibidil seo.
2.Beidh seirbhísí agus uirlisí Europol comhdhéanta de chomhpháirteanna, bonneagair agus feidhmiúlachtaí teicniúla idir-inoibritheacha lena gcuirtear ar a chumas do Europol a chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
3.Forbróidh Europol an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)seirbhís cros‑seiceála, chun críocha Airteagal 32(2), pointe (a);
(b)timpeallacht TF chun críocha Airteagal 32(2);
(c)Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise, mar an uirlis um malartú slán faisnéise chun críocha Airteagal 32(2), pointe (d);
(d)spás comhroinnte sonraí le haghaidh anailís oibríochtúil chomhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 42;
(e)ardán chun comhar agus malartú faisnéise a éascú le páirtithe príobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 47.
Airteagal 36
Seirbhís cros‑seiceála Europol
1.Beidh seirbhís cros‑seiceála Europol comhdhéanta den mhéid seo a leanas:
(a)bonneagar chun faisnéis a stóráil;
(b)comhéadan cuardaigh, lenar féidir aon fhaisnéis ábhartha a chuardach agus a aisghabháil;
(c)comhéadan, lenar féidir faisnéis a uaslódáil, a thabhairt cothrom le dáta nó a scriosadh;
(d)bonneagar cumarsáide slán idir an tseirbhís cros‑seiceála agus na Ballstáit, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá i dteideal an tseirbhís a úsáid;
‑(e)bonneagar cumarsáide slán idir an tseirbhís crosseiceála agus an Tairseach Chuardaigh Eorpach a bunaíodh le hAirteagal 6(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/818.
‑(f)Áiritheoidh Europol bainistiú oibríochtúil, slándáil, infhaighteacht agus sláine na seirbhíse crosseiceála.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córais bainistithe cásanna a bpointí teagmhála aonair, a n‑aonad náisiúnta Europol agus údaráis inniúla an Bhallstáit nasctha go teicniúil agus idir-inoibritheach le seirbhís cros‑seiceála Europol.
3.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na nósanna imeachta chun an nasc teicniúil idir córais náisiúnta um bainistiú cásanna agus an tseirbhís cros‑seiceála a shainiú mar aon leis an nasc teicniúil idir an tseirbhís sin agus seirbhísí agus uirlisí eile de chuid Europol. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 138(2).
4.Agus seirbhís cros‑seiceála Europol á forbairt agus á hoibriú aige, agus i gcás inarb iomchuí, bainfidh Europol úsáid as comhpháirteanna agus bonneagair theicneolaíocha atá ann cheana arna bhforbairt agus arna mbainistiú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA).
Lorgóidh Europol sineirgí i ndearadh agus in ollstruchtúr teicniúil na seirbhíse cros‑seiceála, lena n‑áirítear sineirgí trí sheirbhísí comhroinnte, bonneagair chumarsáide agus comhpháirteanna bogearraí a athúsáid, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus nach ndéanann sé difear do chuspóir sonrach, do rialachas ná do cheanglais cosanta sonraí na seirbhíse cros‑seiceála mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/1726 .
Chun críoch na meaitseála bithmhéadraí, déanfaidh Europol, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, an teicneolaíocht atá mar bhonn taca ag an tSeirbhís Chomhroinnte Meaitseála Sonraí Bithmhéadracha, arna bunú in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/818, arna forbairt ag eu-LISA, a athúsáid agus a oiriúnú.
Airteagal 37
Ábhar na sonraí i seirbhís cros‑seiceála Europol
1.Ní bheidh i seirbhís cros‑seiceála Europol ach sonraí a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a)daoine a gceaptar, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist, go ndearna siad cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina thaobh, gur ghlac siad páirt ann, nó daoine a ciontaíodh as an gcion sin;
(b)daoine a bhfuil tásca fíorasacha nó forais réasúnta faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann le creidiúint go ndéanfaidh siad cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith;
(c)ábhair in‑sainaitheanta a úsáidtear i gcionta coiriúla nó atá nasctha leo, lena n‑áirítear doiciméid, feithiclí, airm agus míreanna ábhartha eile.
2.Féadfar na nithe seo a leanas a chuimsiú leis na sonraí a bhaineann leis na daoine nó leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1:
(a)sonraí céannachta, lena n‑áirítear sonraí beathaisnéiseacha agus sonraí bithmhéadracha;
(b)sonraí faisnéise coiriúla;
(c)sonraí oibríochtúla, lena n‑áirítear sonraí maidir le gníomhaíochtaí coiriúla, imscrúduithe agus naisc idir cásanna;
(d)sonraí tagartha, lena n‑áirítear aitheantóirí cáis náisiúnta agus tagairtí do thaifid phóilíneachta;
‑(e)sonraí a bhaineann le hábhair a úsáidtear i gcionta coiriúla nó atá nasctha leo, lena náirítear doiciméid, feithiclí, airm agus míreanna ábhartha eile.
3.I gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh sonraí arna n‑uaslódáil ag na heintitis seo a leanas a bheith i seirbhís cros‑seiceála Europol:
(a)Aonaid náisiúnta Europol arna mbunú nó arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 25(2);
(b)údaráis inniúla na mBallstát;
(c)Europol, lena n‑áirítear sonraí arna soláthar ag tríú tíortha, ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ag páirtithe príobháideacha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta.
4.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na nósanna imeachta teicniúla maidir le stóráil sonraí, lena n‑áirítear formáidí sonraí, ceanglais maidir le cáilíocht sonraí agus rialacha maidir le cros‑seiceáil.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 138(2).
Airteagal 38
Sonraí a uaslódáil chuig seirbhís cros‑seiceála Europol
1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na haonaid náisiúnta Europol dá gcuid agus údaráis inniúla na mBallstát, go córasach agus gan moill mhíchuí, aon sonraí a uaslódáil chuig seirbhís cros‑seiceála Europol, ar sonraí iad:
(a)a bhaineann le saghsanna coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol;
(b)atá ábhartha maidir le comhar trasteorann nó i gcás ina bhfuil tásca fíorasacha ann go bhféadfadh nasc a bheith ann le Ballstáit eile nó le tríú tíortha.
2.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát staonadh ó shonraí a uaslódáil chuig seirbhís cros‑seiceála Europol ar na forais dá dtagraítear in Airteagal 29(5).
3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh modhanna teicniúla uathoibrithe (‘lódálaithe sonraí’) ag aonaid náisiúnta Europol agus ag údaráis inniúla na mBallstát lenar féidir sonraí a uaslódáil go córasach óna gcórais náisiúnta um bainistiú cásanna chuig seirbhís cros‑seiceála Europol i gcomhréir le mír 1.
4.Uaslódálfaidh Europol, go córasach agus gan moill mhíchuí, sonraí chuig seirbhís cros‑seiceála Europol a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 1.
5.Áiritheoidh na Ballstáit agus Europol go mbeidh na sonraí a uaslódáiltear chuig seirbhís cros‑seiceála Europol cruinn, cothrom le dáta agus iomlán, agus tabharfaidh siad cothrom le dáta iad nó scriosfaidh siad iad i gcás inar gá.
6.Déanfaidh seirbhís cros‑seiceála Europol cros‑seiceáil go huathoibríoch ar aon sonraí nua-uaslódáilte in aghaidh sonraí atá stóráilte sa tseirbhís cheana, chun naisc a shainaithint idir:
(a)daoine;
(b)ábhair;
(c)gníomhaíochtaí coiriúla;
(d)imscrúduithe a sheoltar i mBallstát amháin nó níos mó nó le tríú tíortha.
7.Tar éis toradh dearfach a fháil ón gcros‑seiceáil dá dtagraítear i mír 6, déanfaidh seirbhís cros‑seiceála Europol foláireamh a ghiniúint agus tabharfaidh sí fógra don eintiteas ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 34.
8.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na nósanna imeachta teicniúla maidir le sonraí a uaslódáil, lena n‑áirítear nósanna imeachta teicniúla maidir le formáidí sonraí, agus na nósanna imeachta uathoibrithe um uaslódáil agus cros‑seiceáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 138(2).
Airteagal 39
Sonraí seirbhíse cros‑seiceála Europol a chuardach agus rochtain a fháil orthu
1.Beidh na Ballstáit in ann cuardach a dhéanamh agus rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis uile a stóráiltear i seirbhís cros‑seiceála Europol, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.Cuirfidh seirbhís cros‑seiceála Europol ar a gcumas d’aonaid náisiúnta Europol agus d’údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis arna stóráil a chuardach trí bhíthin:
(a)sonraí alfa‑uimhriúla;
(b)sonraí bithmhéadracha;
(c)sonraí ilmheán.
3.Cuardóidh údaráis inniúla na mBallstát seirbhís cros‑seiceála Europol go córasach leis an bhfaisnéis ábhartha:
(a)agus imscrúduithe á seoladh ar shaghsanna coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol;
(b)i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil gné thrasteorann nó idirnáisiúnta ag baint leis an gcás.
4.Ní bheidh rochtain ag Europol ar ábhar an chuardaigh arna dhéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát ná ar thorthaí an chuardaigh.
5.Cuardóidh Europol seirbhís cros‑seiceála Europol chun na cúraimí dá chuid a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
6.Féadfar seirbhís cros‑seiceála Europol a chuardach i gcás ina bhforáiltear dó le gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais.
7.Aon sonraí ábhartha atá stóráilte i seirbhís cros‑seiceála Europol ar a bhfuil rochtain ag an eintiteas a dhéanann an cuardach de bhun mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, cuimseofar iad le toradh an chuardaigh, i gcomhréir le haon srian a shonraítear de bhun Airteagal 33(2).
8.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na nósanna imeachta teicniúla chun sonraí a chuardach, lena n‑áirítear formáidí sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 138(2).
Airteagal 40
Timpeallacht Anailíseach Europol
1.Déanfaidh Europol an timpeallacht theicniúil agus oibríochtúil a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun sonraí a stóráil, a phróiseáil, a chros‑seiceáil, a léirshamhlú agus a anailísiú, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh mar thaca le himscrúduithe coiriúla agus le comhordú oibríochtúil (Timpeallacht Anailíseach Europol).
2.Is é a bheidh i dTimpeallacht Anailíseach Europol spásanna oibre anailíseacha, feidhmiúlachtaí um bainistiú cásanna, uirlisí comhoibríocha, seirbhísí próiseála sonraí agus cumais eile is gá chun tacú le gníomhaíochtaí anailíseacha Europol agus leis an gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe údaraithe eile agus chun freagairt do riachtanais oibríochtúla, theicniúla nó anailíseacha arna sainaithint i gcomhthéacs a ghníomhaíochtaí.
3.Le Timpeallacht Anailíseach Europol, déanfar foráil maidir le tionscadail anailíse arna scaradh go loighciúil chun sonraí a stóráil agus a phróiseáil chun críoch anailíseach sainiúil, dá dtagraítear in Airteagal 32(3).
4.Áiritheoidh Europol bainistiú oibríochtúil, slándáil, infhaighteacht agus sláine Thimpeallacht Anailíseach Europol.
Airteagal 41
Sonraí Thimpeallacht Anailíseach Europol a chuardach agus rochtain a fháil orthu
1.Le Timpeallacht Anailíseach Europol, cuirfear ar a gcumas d’aonaid náisiúnta Europol agus d’údaráis inniúla na mBallstát na sonraí arna stóráil a chuardach chun naisc a aimsiú le cásanna atá ann cheana trí bhíthin an mhéid seo a leanas:
(a)sonraí alfa‑uimhriúla;
(b)sonraí bithmhéadracha;
(c)sonraí ilmheán.
2.Cuardóidh Europol Timpeallacht Anailíseach Europol chun a chúraimí a chomhlíonadh, lena n‑áirítear sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil.
3.Agus Timpeallacht Anailíseach Europol á cuardach ag aonaid náisiúnta Europol agus ag údaráis inniúla na mBallstát, lena n‑áirítear í a chuardach i gcomhthéacs Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí, ní bheidh ach rochtain indíreach acu ar thorthaí an chuardaigh sin, ar bhonn amas a fháil/gan amas a fháil. I gcás amais, tionscnóidh Europol an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis ba chúis leis an amas a roinnt leis an eintiteas a rinne an cuardach, i gcomhréir le hAirteagal 34.
4.Féadfaidh córais faisnéise an Aontais Timpeallacht Anailíseach Europol a chuardach freisin i gcás ina bhforáiltear dó le gníomh reachtach eile de chuid an Aontais.
(a)sonraí alfa‑uimhriúla;
(b)sonraí bithmhéadracha;
(c)sonraí ilmheán.
5.Cuardóidh Europol Timpeallacht Anailíseach Europol chun a chúraimí a chomhlíonadh, lena n‑áirítear sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil.
6.Agus Timpeallacht Anailíseach Europol á cuardach ag aonaid náisiúnta Europol agus ag údaráis inniúla na mBallstát, lena n‑áirítear í a chuardach i gcomhthéacs Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí, ní bheidh ach rochtain indíreach acu ar thorthaí an chuardaigh sin, ar bhonn amas a fháil/gan amas a fháil. I gcás amais, tionscnóidh Europol an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis ba chúis leis an amas a roinnt leis an eintiteas a rinne an cuardach, i gcomhréir le hAirteagal 34.
7.Comhlíonfaidh aon srian ar rochtain, úsáid nó stóráil sonraí i dTimpeallacht Anailíseach Europol an Rialachán seo, go háirithe Airteagail 33 agus 101.
Airteagal 42
An Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta a bhunú
1.Déanfaidh Europol seirbhís a fhorbairt agus a choinneáil ar bun lena gcuirfear ar a gcumas d’aonaid náisiúnta Europol agus d’údaráis inniúla na mBallstát Cásanna Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí (‘an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta’) a oscailt.
2.Beidh an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta bunaithe ar néalbhonneagar Europol dá dtagraítear in Airteagal 50.
3.Déanfaidh an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta, a mhéid is féidir go teicniúil, comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí Thimpeallacht Anailíseach Europol dá dtagraítear in Airteagal 40 a chomhroinnt agus a athúsáid.
4.Cuirfidh an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta uirlisí, feidhmiúlachtaí agus modúil na timpeallachta sin ar fáil, lena n‑áirítear feidhmiúlachtaí anailíseacha, próiseála sonraí agus feidhmiúlachtaí maidir le comhtháthú sonraí, a mhéid is gá chun anailís oibríochtúil chomhpháirteach a dhéanamh laistigh de Chásanna Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí.
5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na nósanna imeachta chun na feidhmiúlachtaí a bhfuil gá leo de chuid an Spáis Sonraí Comhroinnte Póilíneachta a shainiú chomh maith leis na módúlachtaí lena n‑áirithítear idir-inoibritheacht agus infhaighteacht na n‑uirlisí agus na bhfeidhmiúlachtaí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 138(2).
Airteagal 43
Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a chruthú
1.Féadfaidh aonaid náisiúnta Europol agus údaráis inniúla na mBallstát cinneadh a dhéanamh Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a oscailt chun anailís oibríochtúil chomhpháirteach a dhéanamh.
2.An Ballstát a osclóidh Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí, sonróidh sé an méid seo a leanas:
(a)an Ballstát nó na Ballstáit ar iarradh air nó orthu páirt a ghlacadh sa Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí agus a bhfuil rochtain aige nó acu ar na sonraí ábhartha arna n‑uaslódáil sa Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí;
(b)an tríú tír a fhéadfaidh a bheith rannpháirteach sa Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí agus a mbeidh rochtain aici ar na sonraí ábhartha arna n‑uaslódáil sa Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí;
(c)na cúiseanna le Lárionad/Lárionaid, Ballstáit nó tríú tíortha a bheith rannpháirteach sa Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí.
3.Beidh rochtain ag Europol ar an gCás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí agus, i gcás inarb iomchuí, soláthróidh sé tacaíocht anailíseach agus saineolas do na Ballstáit lena mbaineann i ndáil leis an gCás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí.
4.Ainmneoidh na Ballstáit rannpháirteacha ionadaithe ó údaráis inniúla na mBallstát faoi seach a bheidh rannpháirteach sa Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí agus a mbeidh rochtain acu ar na sonraí a phróiseáiltear ann.
5.Nuair a mholann an Ballstát nó na Ballstáit a osclaíonn Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí gur cheart do thríú tír a bheith ina cuid den Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí, beidh Europol freagrach as an rannpháirtíocht a chumasú agus as rochtain a thabhairt don tríú tír ar na sonraí ábhartha a stóráiltear sa Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)Measann Europol go bhfuil sé ábhartha go mbeadh an tríú tír rannpháirteach sa Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí, agus é sin bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit a osclaíonn Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí de bhun phointe (c) de mhír 2 chomh maith;
(b)tá comhaontú i bhfeidhm lena gcuirtear ar a cumas don tríú tír sonraí pearsanta a mhalartú le Europol.
6.Ceapfaidh an tríú tír atá údaraithe chun bheith rannpháirteach sa Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a hionadaithe rannpháirteacha.
7.Ceapfaidh Europol duine amháin nó níos mó dá ionadaithe chun páirt a ghlacadh i gCás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí agus chun rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis a uaslódáiltear ann.
Airteagal 44
Togra ó Europol le haghaidh Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a bhunú
1.Ar bhonn na hanailíse ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí atá ar fáil dó, féadfaidh Europol a mholadh do Bhallstát amháin nó níos mó Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a oscailt, i gcás ina measann sé go bhféadfadh anailís oibríochtúil chomhordaithe breisluach a sholáthar san anailís oibríochtúil chomhpháirteach ar choir a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol.
2.Aon togra a dhéanfar de bhun mhír 1, beidh sé neamhcheangailteach agus ní dhéanfaidh sé difear do lánrogha na mBallstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh maidir le Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a oscailt i gcomhréir le hAirteagal 43.
3.Chun críocha mhír 1, féadfaidh Europol faisnéis ábhartha laistigh de Thimpeallacht Anailíseach Europol ar cheart í a uaslódáil sa Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a shainaithint agus bratach a chur léi.
Airteagal 45
Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a úsáid
1.Féadfaidh rannpháirtithe i gCás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh laistigh den Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta:
(a)aon fhaisnéis arna huaslódáil ag na heintitis a osclaíonn an Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí nó ag aon eintiteas rannpháirteach eile a phróiseáil;
(b)sonraí nua a uaslódáil ar sonraí iad a mheastar a bheith ábhartha d’anailís mar chuid den Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí, i gcomhréir le hAirteagal 33;
(c)cumarsáid shlán a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú go slán laistigh den Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí le rannpháirtithe eile, trí chomhrá, trí fhíseán nó le huirlisí ábhartha eile a dtacaíonn Timpeallacht Anailíseach Europol leo;
(d)aon doiciméad nó tuarascáil atá ábhartha don Chás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a léirshamhlú nó a chur in eagar go comhpháirteach.
2.Áiritheoidh Europol agus na Ballstáit rannpháirteacha go ndéanfar na sonraí pearsanta, arna n‑uaslódáil i gCás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí, nuair a phróiseáiltear lasmuigh den Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta iad, a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, leis an Rialachán seo agus le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 72 .
Airteagal 46
Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise
1.Bunaítear Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise chun malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit, Europol, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
2.Is é a bheidh i bhFeidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise:
(a)bonneagar lárnach chun sonraí a stóráil agus a phróiseáil;
(b)comhéadan gréasáin/comhéadain ghréasáin chun faisnéis a mhalartú;
(c)feidhmchlár móibíleach/feidhmchláir mhóibíleacha chun faisnéis a mhalartú;
(d)comhéadan tiomnaithe ríomhchláraithe nó comhéadain thiomnaithe ríomhchláraithe do na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a thacaíonn leis an idir-inoibritheacht lena gcórais, lena n‑áirítear a gcórais bainistithe cásanna;
(e)bonneagar cumarsáide slán idir Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise agus na Ballstáit, agus, i gcás inarb iomchuí, institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta atá i dteideal úsáid a bhaint as Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise.
3.I gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2023/977, is é a bheidh i bhFeidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise an cainéal cumarsáide slán a úsáidfidh pointí teagmhála aonair agus údaráis inniúla na mBallstát chun iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh, chun faisnéis a sholáthar de bhun na n‑iarrataí sin nó chun faisnéis a sholáthar ar a thionscnamh nó a dtionscnamh féin lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, é sin a dhéanamh chun cóip den iarraidh sin nó den fhaisnéis sin a sheoladh chuig Europol. Chun na críche sin, nascfar pointí teagmhála aonair agus údaráis inniúla na mBallstát le Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad a nascadh trí ghléasanna móibíleacha.
4.Agus faisnéis á malartú eatarthu féin, beidh an deis ar fáil i bhFeidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise chun go mbeidh pointí teagmhála aonair nó údaráis inniúla na mBallstát in ann a shonrú gur cheart Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a oscailt i gcomhréir le hAirteagal 43.
5.Is é Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise an cainéal cumarsáide réamhshocraithe a úsáidfidh údaráis inniúla na mBallstát chun faisnéis a mhalartú le Europol.
6.Féadfaidh Europol nó údaráis inniúla na mBallstát Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise a úsáid chun faisnéis a mhalartú le tríú tíortha a raibh a n‑údaráis nasctha le Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise ag Europol, de bhun socruithe oibre nó comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích leis an Aontas.
7.Féadfaidh údaráis tríú tíortha dá dtagraítear i mír 6 Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise a úsáid freisin chun faisnéis a mhalartú le húdaráis tríú tíortha eile lena bhfuil socrú oibre nó comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích.
8.Áiritheoidh Europol bainistiú oibríochtúil, slándáil, infhaighteacht agus sláine Fheidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise.
9.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na nósanna imeachta chun feidhmiúlachtaí riachtanacha an bhonneagair shláin dá dtagraítear i mír 2 a shainiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 138(2).
Airteagal 47
Sásra malartaithe faisnéise le haghaidh comhair le páirtithe príobháideacha
1.Cuimseofar le Timpeallacht Anailíseach Europol sásra malartaithe faisnéise chun comhar agus malartú faisnéise a éascú idir páirtithe príobháideacha, Europol agus na Ballstáit.
2.Beidh na feidhmeanna seo a leanas, go háirithe, ag an sásra malartaithe faisnéise:
(a)cumarsáid a éascú idir Europol, na Ballstáit agus páirtithe príobháideacha a chuireann seirbhísí ar fáil san Aontas, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí oibleagáidí tuairiscithe nó oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt faoi Rialacháin (AE) 2021/784 agus 2022/2065 a éascú;
(b)gníomhú mar ardán freagartha i ngéarchéimeanna ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 96 trí chumarsáid idir Europol, na Ballstáit, páirtithe príobháideacha agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha a éascú agus trína chur ar a chumas do Europol an fhaisnéis is gá a sholáthar do pháirtithe príobháideacha chun ábhar, seirbhísí, cuntais, bonneagair nó gníomhaíochtaí digiteacha ábhartha ar líne a shainaithint.
3.Beidh an sásra malartaithe faisnéise comhdhéanta den mhéid seo a leanas ar a laghad:
(a)bonneagar lárnach chun sonraí a stóráil agus a phróiseáil;
(b)comhéadan gréasáin/comhéadain ghréasáin;
(c)comhéadan tiomnaithe ríomhchláraithe nó comhéadain thiomnaithe ríomhchláraithe do na Ballstáit lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht lena gcórais náisiúnta, lena n‑áirítear a gcórais bainistithe cásanna;
(d)bonneagar cumarsáide slán idir Europol, na Ballstáit agus páirtithe príobháideacha.
4.Bunóidh Europol an nós imeachta agus na coinníollacha chun rochtain shlán do pháirtithe príobháideacha ar an sásra malartaithe faisnéise a thabhairt nó a tharraingt siar.
Airteagal 48
Córas Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta
I ndáil leis an gCóras Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta, comhlíonfaidh Europol na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) 2024/982 .
Airteagal 49
Seirbhísí agus uirlisí eile a fhorbairt
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos feidhmiúlachtaí breise na seirbhísí agus na n‑uirlisí atá ann cheana nó na feidhmiúlachtaí is gá maidir le seirbhísí agus uirlisí breise. Comhlíonfaidh na feidhmiúlachtaí breise sin nó na seirbhísí agus na huirlisí breise sin na rialacha is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 agus sa Rialachán seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 138(2) den Rialachán seo.
Roinn 3
Comhpháirteanna teicniúla agus caighdeánú
Airteagal 50
Néalbhonneagar Europol
1.Bunaítear néalbhonneagar Europol. Is ardán slán inscálaithe de sheirbhísí néalríomhaireachta é néalbhonneagar Europol lena gcuirtear ar a chumas do Europol agus d’údaráis inniúla na mBallstát rochtain a fháil ar uirlisí, timpeallachtaí comhoibríocha agus cumais oibríochtúla agus anailíseacha eile Europol i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, agus tríú tíortha néalbhonneagar Europol a úsáid freisin chun rochtain a fháil ar uirlisí, timpeallachtaí comhoibríocha agus cumais oibríochtúla agus anailíseacha eile Europol i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.Tacóidh néalbhonneagar Europol leis na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla agus tacaíocht oibríochtúil, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí thacú le stóráil, próiseáil, anailís agus malartú sonraí, agus lena n‑áirithítear dianrialú ar an rochtain, urrannú sonraí agus comhlíonadh iomlán dhlí an Aontais an tráth céanna.
3.Déanfaidh Europol néalbhonneagar Europol a bhunú, a oibriú agus a choinneáil ar bun. Agus néalbhonneagar Europol á bhunú, á oibriú agus á choinneáil ar bun aige, bainfidh Europol, i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta go teicniúil, úsáid as réitigh agus seirbhísí teicniúla agus comhpháirteanna bonneagair atá ann cheana, arna bhforbairt nó arna n‑oibriú ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena n‑áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, d’fhonn éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht a áirithiú agus go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as acmhainní an Aontais.
4.Áiritheoidh Europol go gcomhlíonfaidh soláthar seirbhísí néalríomhaireachta dlí an Aontais is infheidhme, lena n‑áirítear ceanglais maidir le creat néalcheannasachta an Aontais, slándáil sonraí, cosaint sonraí, cibearshlándáil agus ceannasacht dhigiteach.
5.Cuirfear córais agus uirlisí Europol lena bpróiseáiltear sonraí oibríochtúla ar fáil d’údaráis na mBallstát ó néalbhonneagar Europol.
6.Tabharfaidh Europol tosaíocht do chórais agus d’uirlisí nua ar néalbhonneagar Europol a fhorbairt.
7.Beidh rochtain ar néalbhonneagar Europol agus a úsáid teoranta d’úsáideoirí údaraithe ó údaráis inniúla na mBallstát, ó thríú tíortha, i gcás inarb iomchuí, agus ó Europol, i gcomhréir lena gcearta rochtana féin faoin Rialachán seo agus faoi réir sásraí iomchuí um fhíordheimhniú, lena n‑áirítear réitigh maidir le céannacht dhigiteach lena ngabhann ardleibhéil dearbhaithe i gcomhréir le hAirteagal 51.
8.Déanfaidh Europol measúnú ar na himpleachtaí teicniúla, oibríochtúla agus airgeadais a bhaineann leis na córais agus na huirlisí atá ann cheana a chur ar fáil ar néalbhonneagar Europol agus cuirfidh sé tuarascáil réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [6 mhí tar éis dháta tosaigh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].
9.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena saineofar na ceanglais a bhaineann le slándáil, idir-inoibritheacht, feidhmíocht agus ollstruchtúr néalbhonneagar Europol. Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 8, sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin freisin na córais agus na huirlisí a ascnófar chuig néalbhonneagar Europol. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 138(2).
Airteagal 51
Céannacht dhigiteach póilíneachta AE
1.Is é a bheidh sa chéannacht dhigiteach póilíneachta AE an tacar rialacha maidir leis na modhanna coiteanna céannachta agus bainistithe rochtana le haghaidh gach ionadaí údaraithe d’údaráis inniúla na mBallstát nó d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun rochtain shlán a fháil ar néalbhonneagar Europol agus ar na córais náisiúnta atá nasctha le néalbhonneagar Europol, chun iad a úsáid agus idirghníomhú go slán leis an mbonneagar sin agus leis na córais sin. Áiritheoidh na Ballstáit, Europol, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chomh maith le tríú tíortha go dtugtar rochtain ar néalbhonneagar Europol agus ar chórais náisiúnta atá nasctha le néalbhonneagar Europol dá n‑ionadaithe féin ar bhealach slán, comhchuibhithe agus iontaofa, trí bhíthin céannacht dhigiteach póilíneachta AE.
2.Agus an chéannacht dhigiteach póilíneachta AE á bunú acu, bainfidh Europol agus na Ballstáit úsáid, i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta go teicniúil, as réitigh agus as caighdeáin an Aontais atá ann cheana maidir le céannacht dhigiteach, lena n‑áirítear iad siúd a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 73 , ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais oibríochtúla, slándála agus cosanta sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo.
3.Áiritheoidh Europol go logálfar aon oibríocht a dhéantar i néalbhonneagar Europol agus go mbeidh sí ar fáil chun críoch formhaoirseachta.
4.Maidir leis na Ballstáit, Europol, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus tríú tíortha, tabharfaidh siad cearta rochtana difreáilte ar sheirbhísí nó ar uirlisí arna n‑óstáil i néalbhonneagar Europol, i gcomhréir le róil, freagrachtaí agus údaruithe rochtana na n‑úsáideoirí lena mbaineann, agus lánurraim á tabhairt don Rialachán seo.
5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena saineofar na nósanna imeachta chun céannacht dhigiteach póilíneachta AE dá dtagraítear i mír 1 a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 138(2).
Airteagal 52
Uirlisí staidrimh agus tuairiscithe
1.Déanfaidh Europol staitisticí agus uirlisí tuairiscithe a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun meastóireacht, faireachán, anailís agus tuairisciú a dhéanamh. Ní bheifear in ann daoine aonair a shainaithint leis na huirlisí sin. Leis na huirlisí sin, beidh na heintitis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), in ann tuarascálacha agus staitisticí in‑sainoiriúnaithe a fháil.
2.Leis na staitisticí agus na huirlisí tuairiscithe a bhaineann le húsáid, feidhmíocht, éifeachtacht oibríochtúil agus idir-inoibritheacht na seirbhísí agus na n‑uirlisí, baileofar, ginfear agus soláthrófar faisnéis chomhiomlánaithe staidrimh, táscairí, logaí teicniúla, méadracht úsáide agus tuarascálacha anailíseacha, a bhainfidh go háirithe leis an méid seo a leanas:
(a)an úsáid a bhaineann na Ballstáit, Europol, institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta as seirbhísí agus uirlisí Europol i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(b)malartú, cuardach, uaslódáil, cros‑seiceáil agus próiseáil sonraí;
(c)gníomhaíochtaí malartaithe faisnéise;
(d)feidhmíocht, infhaighteacht agus slándáil na mbonneagar teicniúil;
(e)treochtaí, patrúin agus riachtanais oibríochtúla atá ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo.
3.Beidh rochtain ag Europol, ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar fhaisnéis agus ar thuarascálacha staidrimh arna nginiúint de bhun mhír 2, chun críoch tuairiscithe agus staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin.Is le slánrochtain trí Sheirbhísí Tras‑Eorpacha le haghaidh Teileamaitic idir Córais Riaracháin (TESTA) a thabharfar rochtain ar an stóras sonraí sin, agus beidh rialú ar an rochtain agus próifílí sonracha úsáideoirí i bhfeidhm chun críoch tuairiscithe agus staitisticí, agus chun na gcríoch sin amháin;.
4.Ní úsáidfear na staitisticí ná na huirlisí tuairiscithe chun cinntí a dhéanamh lena ndéanfar difear do dhaoine aonair ar bhonn próiseáil uathoibrithe amháin agus ní úsáidfear iad le haghaidh anailís oibríochtúil a bhaineann le daoine inaitheanta.
5.Áiritheoidh Europol go gcomhlíonfar dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, cibearshlándáil agus rúndacht nuair a bheidh staitisticí á nginiúint agus á gcomhroinnt de bhun an Airteagail seo. I gcás inarb iomchuí, beidh faisnéis staidrimh anaithnidithe nó comhiomlánaithe.
6.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na feidhmiúlachtaí teicniúla, cearta rochtana, catagóirí staitisticí, socruithe tuairiscithe agus coimircí cosanta sonraí is infheidhme maidir leis na staitisticí agus na huirlisí tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 138(2).
Airteagal 53
Formáid uilíoch teachtaireachta
1.Tacóidh Europol le forbairt, cur chun feidhme agus úsáid oibríochtúil chaighdeán na Formáide Uilíche Teachtaireachta arna bhunú faoi Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2019/818 chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit, eu-LISA agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais.
2.Áiritheoidh Europol soláthar na rúnaíochta le haghaidh rialachas na Formáide Uilíche Teachtaireachta agus éascóidh sé agus stiúrfaidh sé plé de chineál teicniúil agus oibríochtúil leis na Ballstáit, le eu-LISA agus le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais.
3.Agus a chúraimí faoi mhír 2 á gcomhlíonadh aige, déanfaidh Europol an méid seo a leanas:
(a)tacú leis an bhFormáid Uilíoch Teachtaireachta a fhorbairt a thuilleadh agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n‑áirítear samhlacha sonraí, séimeantaic agus sonraíochtaí teicniúla;
(b)úsáid chomhsheasmhach agus idir-inoibritheach na Formáide Uilíche Teachtaireachta a chur chun cinn ar fud córais faisnéise agus cainéil chumarsáide sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais;
(c)cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais an Fhormáid Uilíoch Teachtaireachta a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go praiticiúil;
(d)comhleanúnachas a áirithiú le ceanglais ábhartha na gcóras mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhfuil eu-LISA freagrach as maidir le hullmhú, forbairt nó bainistiú oibríochtúil de bhun dhlí an Aontais.
Airteagal 54
Feidhmchlár AE um meaitseáil ADN
1.Déanfaidh Europol feidhmchlár AE um meaitseáil ADN a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun go bhféadfar comparáid shlán iontaofa a dhéanamh idir próifílí ADN chun tacú le himscrúduithe na mBallstát ar chionta coiriúla.
2.Le feidhmchlár AE um meaitseáil ADN, soláthrófar cumas teicniúil lenar féidir comparáid uathoibrithe a dhéanamh idir próifílí ADN i gcomhréir le rialacha meaitseála arna suí go heolaíoch. Leis an bhfeidhmchlár, déanfar croífheidhmiúlachtaí na gcóras meaitseála ADN atá ann cheana arna n‑úsáid ag na Ballstáit a mhacasamhlú agus tacóidh sé lena n‑oiriúnú do cheanglais dhlíthiúla agus theicniúla an Aontais, lena n‑áirítear iad siúd a eascraíonn as Rialachán (AE) 2024/982.
3.Ní dhéanfaidh úsáid fheidhmchlár AE um meaitseáil ADN difear d’úinéireacht ná do rialú sonraí ADN.
4.Úsáidfidh údaráis inniúla na mBallstát, Europol agus aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais feidhmchlár AE um meaitseáil ADN ar bhonn deonach. Feidhmeoidh Europol i gcáil tacaíochta agus theicniúil agus sa cháil sin amháin.
5.Tacóidh Europol leis na Ballstáit san aistriú ó chórais meaitseála ADN atá ann cheana chun úsáid a bhaint as feidhmchlár AE um meaitseáil ADN, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí threoraíocht theicniúil, uirlisí agus cúnamh a sholáthar chun leanúnachas oibríochtaí a áirithiú.
6.Áiritheoidh Europol go bhfuil bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i bhfeidhm chun ardleibhéal slándála, sláine agus rúndachta a ráthú.
Airteagal 55
An Grúpa Stiúrtha um Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide agus um Bainistiú Faisnéise
1.Bunaítear Grúpa Stiúrtha um Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide agus um Bainistiú Faisnéise (‘Grúpa Stiúrtha TFC/BF’).
2.Is é a bheidh i nGrúpa Stiúrtha TFC/BF comhalta amháin a dhéanfaidh ionadaíocht ar gach Ballstát, comhalta amháin thar ceann an Choimisiúin, comhalta amháin thar ceann Europol agus comhalta amháin thar ceann eu-LISA. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí Ghrúpa Stiúrtha TFC/BF. Áireofar ar Ghrúpa Stiúrtha TFC/BF cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach TFC/BF arna bhunú de bhun Airteagal 56.
3.Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha nós imeachta Ghrúpa Stiúrtha TFC/BF.
4.Beidh ionadaí ó Bhallstát arna cheapadh ag an mBord Bainistíochta ina chathaoirleach ar Ghrúpa Stiúrtha TFC/BF.
5.Tacóidh Grúpa Stiúrtha TFC/BF leis an mBord Bainistíochta maidir le cinntí a bhaineann le gníomhaíochtaí TFC agus bainistithe faisnéise Europol, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)cumais anailíseacha;
(b)lárchórais;
(c)uirlisí malartaithe faisnéise agus cumarsáide;
(d)bonneagar teicniúil agus ardáin theicniúla;
(e)an chibearshlándáil;
(f)idir-inoibritheacht le córais faisnéise an Aontais agus le córais agus bunachair sonraí náisiúnta.
6.Tacóidh Grúpa Stiúrtha TFC/BF le stiúradh straitéiseach, dearadh, forbairt agus cur chun feidhme sheirbhísí, uirlisí agus chomhpháirteanna bainistithe faisnéise agus TFC Europol agus déanfaidh sé faireachán ar stiúradh straitéiseach, dearadh, forbairt agus cur chun feidhme na nithe sin, lena n‑áirítear na gnéithe airgeadais a bhaineann le córais faisnéise agus sásraí malartaithe faisnéise.
7.Go sonrach, déanfaidh Grúpa Stiúrtha TFC/BF an méid seo a leanas:
(a)rannchuidiú le clársceidealú ilbhliantúil straitéiseach Europol na ngníomhaíochtaí TFC agus bainistithe faisnéise de chuid Europol a shainiú, lena n‑áirítear na cuspóirí, na torthaí a bhfuil coinne leo le himeacht ama, na táscairí feidhmíochta agus an phleanáil ilbhliantúil acmhainní in aghaidh seirbhísí, uirlisí agus comhpháirteanna bainistithe faisnéise agus TFC;
(b)tuairim a sholáthar don Bhord Bainistíochta maidir le cláir oibre bhliantúla Europol i ndáil le TFC agus Bainistiú Faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 73;
(c)tuairim a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir le meastóireachtaí inmheánacha a bhaineann le gníomhaíochtaí TFC agus Bainistithe Faisnéise de chuid Europol;
(d)comhsheasmhacht a áirithiú le riachtanais oibríochtúla na mBallstát agus le cuspóirí idir-inoibritheachta uile-Aontais;
(e)faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme mórthionscnamh TFC agus bainistithe faisnéise;
(f)tuairimí agus moltaí a sholáthar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, don Bhord Bainistíochta.
8.Tiocfaidh Grúpa Stiúrtha TFC/BF le chéile go tráthrialta. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta aige agus ní dhéanfaidh sé ionadaíocht ar an mBord Bainistíochta.
9.Soláthróidh Europol rúnaíocht agus tacaíocht riaracháin do Ghrúpa Stiúrtha TFC/BF.
10.Soláthróidh Grúpa Comhairleach TFC/BF arna bhunú de bhun Airteagal 56 saineolas teicniúil chun tacú le cúraimí Ghrúpa Stiúrtha TFC/BF agus tuairisceoidh sé go tráthrialta dó.
Airteagal 56
An Grúpa Comhairleach um TFC agus um Bainistiú Faisnéise
1.Bunaítear leis seo Grúpa Comhairleach um Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide agus um Bainistiú Faisnéise (‘Grúpa Comhairleach TFC/BF’).
2.Is é a bheidh i nGrúpa Comhairleach TFC/BF saineolaí amháin arna ainmniú ag gach Ballstát, ag an gCoimisiún agus ag eu-LISA ar feadh téarma 4 bliana, ar téarma é a fhéadfar a athnuachan.
3.Féadfar iarraidh ar ionadaithe ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais a bheith rannpháirteach ann, i gcás inarb iomchuí.
4.Is é Europol a dhéanfaidh cathaoirleacht ar Ghrúpa Comhairleach TFC/BF.
5.Tabharfaidh an Grúpa Comhairleach TFC/BF cúnamh do Europol agus do Ghrúpa Stiúrtha TFC/BF arna bhunú de bhun Airteagal 55 trí shaineolas teicniúil a sholáthar maidir le córais faisnéise agus bonneagar gaolmhar cumarsáide agus sásraí gaolmhara malartaithe faisnéise a dhearadh, a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a oibriú.
6.Go sonrach, déanfaidh Grúpa Comhairleach TFC/BF an méid seo a leanas:
(a)comhairle theicniúil a sholáthar maidir le hollstruchtúr TFC, bainistiú sonraí agus idir-inoibritheacht;
(b)tacú le réitigh theicniúla a ullmhú agus a chur chun feidhme maidir le malartú faisnéise;
(c)rannchuidiú le comhpháirteanna teicniúla, caighdeáin agus dea-chleachtais choiteanna a shainaithint agus a chur chun cinn;
(d)tacú leis an gcomhordú idir Europol, na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le hábhair theicniúla agus ábhair a bhaineann le cur chun feidhme;
(e)staid an ullmhúcháin agus an chur chun feidhme ag na Ballstáit a leanúint agus measúnú a dhéanamh uirthi, i gcás inarb ábhartha;
‑(f)tuairisciú go tráthrialta don Ghrúpa Stiúrtha um Bainistiú Faisnéise agus an tionchur teicniúil a sholáthar dó is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh.
7.Tiocfaidh Grúpa Comhairleach TFC/BF le chéile go tráthrialta. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta aige agus ní dhéanfaidh sé ionadaíocht ar an nGrúpa Stiúrtha ná ar an mBord Bainistíochta.
8.Soláthróidh Europol rúnaíocht agus tacaíocht riaracháin do Ghrúpa Comhairleach TFC/BF.
9.Glacfaidh Grúpa Comhairleach TFC/BF a rialacha nós imeachta.
Caibidil IV
Cumais theicneolaíocha agus nuálaíocht
Roinn 1
Pleanáil cumais, taighde, nuálaíocht agus forbairt
Airteagal 57
An Creat um Fhadbhreathnaitheacht agus um Fhorbairt Cumais Choitinn
1.Ar bhonn anailísí straitéiseacha, measúnuithe ar bhagairtí, tuairiscí treochtaí agus faisnéisithe staide dá dtagraítear in Airteagal 7, bunóidh Europol Creat um Fhadbhreathnaitheacht agus um Fhorbairt Cumais Choitinn (‘an Creat’).
2.Leis an gCreat, tacófar le riachtanais maidir le cumais atá láithreach, atá ag teacht chun cinn agus atá ann ar bhonn níos fadtéarmaí, a shainaithint ar leibhéal an Aontais chun na saghsanna coireachta a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc agus a chomhrac.
Sainaithneofar an méid seo a leanas sa Chreat:
(a)bearnaí coiteanna cumais, dúshláin agus spleáchais chriticiúla;
(b)príomhthéamaí taighde agus príomhthosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta agus forbartha cumais ina bhfuil Europol rannpháirteach nó ina bhféadfadh sé a bheith rannpháirteach;
(c)forbairtí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus atá ábhartha do na cumais tosaíochta arna sainaithint;
(d)riachtanais agus deiseanna maidir le hidir-inoibritheacht, caighdeánú agus forbairt chomhchoiteann cumais ar leibhéal an Aontais.
3.Ar bhonn an Chreata, tacóidh Europol leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)rannchuidiú le gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta agus forbartha cumais;
(b)tacú le próisis um idir-inoibritheacht agus caighdeánú, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil i gcás inarb iomchuí, lena n‑áirítear caighdeáin choiteanna, ceanglais idir-inoibritheachta, agus sonraíochtaí oibríochtúla agus teicniúla is ábhartha don chomhar i bhforfheidhmiú an dlí a fhorbairt agus a chur chun cinn;
(c)comhairle agus tacaíocht maidir le forbairt cumais a sholáthar, i gcás inarb ábhartha i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais;
(d)comhthiomsú, comhroinnt agus soláthar comhpháirteach cumas a éascú, lena n‑áirítear acmhainní teicniúla agus trealamh teicniúil, eolas agus saineolas idir na Ballstáit, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus tríd an oiliúint speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 64.
4.Chun an Creat dá dtagraítear i mír 1 a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta, soláthróidh na Ballstáit faisnéis do Europol, ar bhonn bliantúil, maidir le gníomhaíochtaí náisiúnta taighde agus nuálaíochta, lena n‑áirítear infheistíochtaí ábhartha, agus maidir lena rannpháirtíocht i dtionscadail taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag an Aontas agus arna gcistiú go náisiúnta, atá ábhartha d’inniúlacht Europol.
5.Beidh an Creat ina chuid de chlársceidealú ilbhliantúil Europol dá dtagraítear in Airteagal 73 agus glacfaidh an Bord Bainistíochta é ar bhonn togra ó Europol tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.
Déanfar an Creat a athbhreithniú go tráthrialta agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta.Tuairisceoidh Europol, sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 73 maidir le cur chun feidhme an Chreata, lena n‑áirítear maidir leis an obair leantach a dhéantar i leith na riachtanais maidir le cumais a shainaithnítear ann.
Rachaidh Europol i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach um Chumas agus Nuálaíocht arna bhunú de bhun Airteagal 65 agus an Creat á ullmhú agus á athbhreithniú agus á thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
Airteagal 58
Ról Europol i gcláir chistiúcháin an Aontais lena dtacaítear le taighde, nuálaíocht agus forbairt cumais
1.Féadfaidh Europol cúnamh a thabhairt don Choimisiún i gclársceidealú chláir chistiúcháin an Aontais lena dtacaítear le taighde, nuálaíocht agus forbairt cumais atá ábhartha d’inniúlachtaí Europol.
2.Féadfaidh Europol páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi chláir chistiúcháin ábhartha an Aontais maidir le réitigh nuálacha agus ardchumais a fhorbairt, a ghlacadh, a chur chun úsáide, a scálú agus a chomhtháthú, i gcás ina bhfuil an rannpháirtíocht sin riachtanach do Europol chun a chúraimí a chomhlíonadh.
3.I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, déanfaidh an Coimisiún agus Europol na bearta uile is gá chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus chun deighilt shoiléir a áirithiú idir na róil de chuid Europol dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.
Airteagal 59
Ardchumais
1.Forbróidh, oibreoidh, óstálfaidh agus soláthróidh Europol ardchumais, lena n‑áirítear córais, seirbhísí, timpeallachtaí anailíseacha, bonneagar, uirlisí, comhpháirteanna teicniúla agus ardáin is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh.
2.Féadfaidh Europol gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do thrí Bhallstát ar a laghad de bhun mhír 3.
3.Sula bhforbróidh sé ardchumas nua de bhun mhír 1, déanfaidh Europol measúnú ar an méid seo a leanas:
(a)an bhfuil cumais choibhéiseacha ar fáil ar an margadh cheana féin nó a bhfuil siad forbartha nó faighte ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó na Ballstáit;
(b)an gcruthófaí rioscaí do leasanna slándála nó d’athléimneacht theicneolaíoch an Aontais dá mbeifí ag brath ar sholáthróirí lasmuigh den Aontas;
(c)infhaighteacht acmhainní, agus na tosaíochtaí maidir le forbairt cumais a shainaithnítear sa Chreat dá dtagraítear in Airteagal 57 á gcur san áireamh.
I gcás inarb é conclúid Europol go bhfuil ardchumais choibhéiseacha ar fáil cheana féin, tabharfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, tosaíocht d’athúsáid, oiriúnú, idir-inoibritheacht, scálú nó fáil na gcumas sin.
I gcás inarb é conclúid Europol go bhfuil forbairt na n‑ardchumas arna n‑iarraidh ag trí Bhallstát ar a laghad riachtanach agus indéanta, forbróidh, oibreoidh agus óstálfaidh sé na cumais sin.
4.Ní dhéanfaidh forbairt, oibriú, óstáil ná soláthar na n‑ardchumas dá dtagraítear i mír 1 difear do fhreagracht na mBallstát iarrthach a n‑oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta a chomhlíonadh, lena n‑áirítear oibleagáidí a bhaineann le cosaint sonraí agus cibearshlándáil.
5.Tacóidh Europol leis na Ballstáit le hardchumais chomhroinnte a fhorbairt, a chur chun úsáide, a chomhtháthú agus le hidir‑inoibritheacht na n‑ardchumas sin, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí bhonneagar comhroinnte, seirbhísí teicniúla comhroinnte agus timpeallachtaí teicneolaíochta slána comhroinnte a chur ar fáil.
6.Déanfar na hardchumais dá dtagraítear i mír 1 agus an bonneagar comhroinnte, na seirbhísí teicniúla comhroinnte agus na timpeallachtaí teicneolaíochta slána comhroinnte dá dtagraítear i mír 5, a chomhtháthú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, sa Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta dá dtagraítear in Airteagal 42.
7.I gcomhthéacs imscrúdú nó gníomhaíocht oibríochtúil lena dtacaíonn Europol, féadfaidh Europol na hardchumais dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil do thríú tír rannpháirteach i gcás ina bhfuil gá leis an úsáid sin chun an t‑imscrúdú nó an ghníomhaíocht sin a sheoladh go héifeachtach.
Airteagal 60
Taighde agus nuálaíocht
Féadfaidh Europol gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanamh agus páirt a ghlacadh iontu, lena n‑áirítear treoirthionscadail agus réamhbhearta, i gcás inar gá chun a chúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe chun réitigh nuálacha a fhorbairt le haghaidh ardchumais a mbeartaítear go n‑úsáidfidh údaráis inniúla na mBallstát iad.
Airteagal 61
Timpeallachtaí tástála agus boscaí gainimh rialála
1.Féadfaidh Europol úsáid a bhaint as an timpeallacht próiseála ar leithligh, aonraithe agus cosanta, dá dtagraítear in Airteagal 102(2), pointe (c)(i), chun uirlisí algartamacha, córais agus samhlacha intleachta saorga agus ardteicneolaíochtaí eile a fhorbairt, a mhodhnú go substaintiúil, a thástáil agus a bhailíochtú agus, i gcás inarb ábhartha, chun oiliúint a chur ar na córais sin.
2.Maidir le córais intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga a fhorbraítear nó a mhodhnaítear go substaintiúil i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta Europol, i gcás inar córais intleachta saorga ardriosca iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, áiritheoidh Europol go gcomhlíonann an timpeallacht dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is infheidhme, na ceanglais lena rialaítear boscaí gainimh rialála intleachta saorga a leagtar síos in Airteagal 57 den Rialachán sin.
3.Féadfaidh Europol an timpeallacht dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil do pháirtithe príobháideacha atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna ndéanamh ag Europol nó ina bhfuil Europol rannpháirteach, faoi réir coimircí iomchuí teicniúla, eagraíochtúla, slándála agus cosanta sonraí.
4.Féadfaidh Europol páirt a ghlacadh i mboscaí gainimh rialála freisin le haghaidh córais agus samhlacha intleachta saorga arna mbunú i gcomhréir le h Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1689 lena n‑áirítear boscaí gainimh rialála arna mbunú ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
Airteagal 62
Réitigh nuálacha a chur chun úsáide go luath, tástáil oibríochtúil a dhéanamh orthu agus iad a bhailíochtú
1.Féadfaidh Europol tacú le réitigh nuálacha i leith ardchumas a chur chun úsáide go luath, tástáil oibríochtúil a dhéanamh orthu agus iad a bhailíochtú, lena n‑áirítear réitigh thráchtála, agus an Creat dá dtagraítear in Airteagal 57 á chur san áireamh.
2.I gcás ina bhfuil Europol rannpháirteach i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta de bhun Airteagal 60, déanfaidh sé measúnú ar an úsáid oibríochtúil a d’fhéadfaí a bhaint as na réitigh nuálacha a thagann astu agus, i gcás inarb iomchuí, tacóidh sé lena gcur chun úsáide go luath, le tástáil oibríochtúil a dhéanamh orthu agus lena mbailíochtú chun go n‑úsáidfidh údaráis inniúla na mBallstát iad.
I gcás inarb é conclúid Europol go bhfuil tacaíocht den sórt sin riachtanach agus indéanta, agus na hacmhainní atá le fáil agus an Creat dá dtagraítear in Airteagal 57 á gcur san áireamh, soláthróidh sé tacaíocht den sórt sin i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 63
Ardchumais a ghlacadh, a chur chun úsáide, a scálú agus a chomhtháthú
1.Tacóidh Europol le hardchumais a ghlacadh, a chur chun úsáide, a scálú agus a chomhtháthú, go háirithe na hardchumais sin a bheidh ann de thoradh na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 60, i ngníomhaíochtaí oibríochtúla agus in imscrúduithe de chuid údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
2.Chun críoch mhír 1, rachaidh Europol i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun úsáid agus comhtháthú éifeachtach na n‑ardchumas i dtimpeallachtaí oibríochtúla náisiúnta a éascú, go háirithe trí na Lárionaid, trí imscaradh Europol agus trí oifigí tacaíochta Europol, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 64
Oiliúint speisialaithe
1.Tacóidh Europol leis na Ballstáit saineolas speisialaithe a neartú agus lena áirithiú go gcuirfear chun úsáide agus go n‑úsáidfear go héifeachtach na hardchumais chomhroinnte arna bhforbairt, arna n‑óstáil, arna n‑oibriú nó arna soláthar faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí ghníomhaíochtaí oiliúna speisialaithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)ardmhodhanna oibríochtúla, anailíseacha, teicniúla agus fóiréinseacha atá ábhartha d’imscrúduithe coiriúla;
(b)cumais a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear an intleacht shaorga, imscrúduithe digiteacha, faisnéis foinse oscailte agus díchriptiú agus próiseáil sonraí;
(c)modheolaíochtaí oibríochtúla atá ábhartha do chomhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí, lena n‑áirítear modhanna coiscthe coireachta agus nósanna imeachta imscrúdaitheacha.
2.Soláthróidh Europol saineolas agus oiliúint speisialaithe freisin i gcás ina bhfuil gá le tacaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais mar gheall ar riachtanais choiteanna oibríochtúla nó maidir le cumais arna sainaithint faoin gCreat.
3.Déanfaidh Europol na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), lena n‑áirítear dlúthchomhar i ndáil leis na gníomhaíochtaí oiliúna speisialaithe arna gcur i gcrích trí ionaid barr feabhais arna gcomhordú ag CEPOL.
Roinn 2
Comhar agus comhoibriú maidir le cumais agus nuálaíocht
Airteagal 65
Seirbhís um Chumais agus Nuálaíocht
1.Coinneoidh Europol Seirbhís um Chumais agus Nuálaíocht ar bun chun gníomhaíochtaí Europol a chomhordú i réimsí na fadbhreathnaitheachta, an taighde, na nuálaíochta agus na forbartha cumais.
2.Déanfaidh an tSeirbhís um Chumais agus Nuálaíocht an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)ullmhú, cur chun feidhme, athbhreithniú agus nuashonrú an Chreata dá dtagraítear in Airteagal 57 a chomhordú;
(b)gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta agus forbartha cumais arna ndéanamh ag Europol a chomhordú agus a chur i gcrích, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh laistigh de na Lárionaid, agus forbairt agus éabhlóid sheirbhísí, uirlisí agus chumais theicniúla Europol a bhunaítear faoin Rialachán seo a stiúradh;
(c)tacú leis na Ballstáit maidir le hardchumais a fhorbairt, a thástáil, a bhailíochtú, a ghlacadh, a chur chun úsáide, a scálú agus a chomhtháthú, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí idir-inoibritheacht, caighdeánú agus úsáid chomhsheasmhach na n‑ardchumas sin ó Bhallstát go chéile a éascú;
(d)rannchuidiú le comhar agus comhordú ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, páirtithe leasmhara ábhartha eile i réimsí an taighde, na nuálaíochta agus na forbartha cumais atá ábhartha d’inniúlacht Europol.
(e)torthaí na ngníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta agus forbartha cumais arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo a scaipeadh i gcomhréir le hAirteagal 129.
Airteagal 66
Socruithe comhoibríocha maidir le nuálaíocht agus forbairt cumais
1.Féadfaidh Europol socruithe comhoibríocha, líonraí comhair agus tionscnaimh nuálaíochta eile a bhunú, agus páirt a ghlacadh iontu, le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus le húdaráis inniúla na mBallstát.
Chun críocha na socruithe comhoibríocha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh Europol comhpháirtíochtaí nuálaíochta, soláthairtí réamhthráchtála agus gníomhaíochtaí eile nuálaíochta agus forbartha cumais a bhunú, agus páirt a ghlacadh iontu, le páirtithe príobháideacha ábhartha, lena n‑áirítear eagraíochtaí taighde, an saol acadúil, soláthraithe teicneolaíochta, an tionscal, fiontair bheaga agus mheánmhéide, gnólachtaí nuathionscanta agus gníomhaithe nuálaíochta, faoi réir coimircí iomchuí cosanta sonraí agus slándála agus gan dochar do dhlí an Aontais is infheidhme.
2.Cuirfidh Europol an Grúpa Comhairleach um Chumas agus Nuálaíocht arna bhunú de bhun Airteagal 67 ar an eolas go tráthrialta faoi na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Airteagal seo, agus rachaidh sé i gcomhairle leis an nGrúpa ina dtaobh.
Airteagal 67
An Grúpa Comhairleach um Chumas agus Nuálaíocht
1.Bunaítear leis seo Grúpa Comhairleach um Chumas agus Nuálaíocht (an ‘Grúpa Comhairleach um Nuálaíocht’).
2.Is é a bheidh sa Ghrúpa Comhairleach um Nuálaíocht saineolaí amháin arna ainmniú ag gach Ballstát agus saineolaí amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún.
Féadfaidh ENISA, an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála, Frontex, eu-LISA agus Eurojust araon ionadaí a cheapadh ar an nGrúpa Comhairleach um Nuálaíocht.
3.Féadfaidh Europol iarraidh ar ionadaithe comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí ábhartha eile de chuid an Aontais agus ar pháirtithe príobháideacha a bheith rannpháirteach, i gcás inarb iomchuí.
4.Tabharfaidh an Grúpa Comhairleach cúnamh do Europol trí shaineolas teicniúil a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta agus forbartha cumais, go háirithe i ndáil leis an gCreat dá dtagraítear in Airteagal 57 a ullmhú, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
Chun na críche sin, déanfaidh an Grúpa Comhairleach um Nuálaíocht an méid seo a leanas:
(a)é a chur ar a gcumas do rannpháirtithe malartú le chéile maidir le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus nuálaíochta atá ar siúl agus gníomhaíochtaí pleanáilte den sórt sin a dhéantar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don Chreat;
(b)tacú le comhsheasmhacht, comhlántacht agus comhordú idir gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta agus forbartha cumais arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo agus tionscnaimh ghaolmhara ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais;
(c)tacú le rannpháirtíocht struchtúrtha le páirtithe príobháideacha le haghaidh forbairt cumais, tástáil agus nuálaíocht atá ábhartha d’inniúlacht Europol.
5.Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach um Nuálaíocht le chéile go tráthrialta. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta aige agus ní dhéanfaidh sé ionadaíocht ar an mBord Bainistíochta.
6.Soláthróidh Europol tacaíocht rúnaíochta agus riaracháin.
7.Glacfaidh an Grúpa Comhairleach um Nuálaíocht a rialacha nós imeachta.
Caibidil V
Eagrú Europol
Airteagal 68
Struchtúr riaracháin agus bainistíochta Europol
1.Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta Europol:
(a)Bord Bainistíochta;
(b)Bord Feidhmiúcháin;
(c)Stiúrthóir Feidhmiúcháin;
(d)Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, i gcás ina mbunaítear poist den sórt sin;
(e)Grúpa Stiúrtha TFC/BF;
(f)Grúpa Comhairleach TFC/BF;
(g)Grúpa Comhairleach um Nuálaíocht;
(h)i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí comhairleacha eile arna mbunú ag an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 72;
(i)na Lárionaid.
2.Ní bheidh aon leas airgeadais ná aon leas eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhchlaontacht ag comhaltaí de struchtúr riaracháin agus bainistíochta Europol. Gníomhóidh siad ar mhaithe le leas an phobail agus cuirfidh siad a ngníomhaíochtaí i gcrích ar bhealach neamhspleách, neamhchlaonta agus trédhearcach. Déanfaidh siad dearbhuithe bliantúla maidir le leasanna i gcomhréir leis na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta. Déanfaidh Europol na dearbhuithe sin a phoiblí ar bhonn bliantúil.
Roinn 1
An Bord Bainistíochta
Airteagal 69
Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta
1.Ar an mBord Bainistíochta beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún, agus cearta vótála acu uile.
2.Áireofar ar an mBord Bainistíochta:
(a)comhalta amháin arna ainmniú ag Parlaimint na hEorpa, gan ceart vótála.
(b)comhalta amháin arna cheapadh ag gach ceann de na tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, i gcás ina bhforáiltear dó agus i gcomhréir leis an gcomhaontú idirnáisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 93.
3.Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé nó sí as láthair.
4.Ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha i bhfianaise a gcuid eolais ar chomhar i bhforfheidhmiú an dlí atá ábhartha d’inniúlacht Europol, agus a gcuid scileanna agus saineolais bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha á gcur san áireamh. Déanfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarrachtaí teorainn a chur le ráta athraithe a n‑ionadaithe chun leanúnachas in obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú. Díreoidh na páirtithe uile ar ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.
5.4 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Choiste agus a gcuid comhaltaí malartacha. Féadfar síneadh a chur leis na téarmaí oifige sin.
Airteagal 70
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
1.Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas‑Chathaoirleach ó ghrúpa na dtrí Bhallstát a bhfuil clár 18 mí na Comhairle réitithe aige go comhpháirteach. Feidhmeoidh siad ar feadh na tréimhse 18 mí a fhreagraíonn don chlár sin ón gComhairle. I gcás ina dtiocfadh deireadh le comhaltas an Chathaoirligh nó an Leas‑Chathaoirligh sa Bhord Bainistíochta, áfach, tráth ar bith le linn a théarma oifige mar Chathaoirleach nó Leas‑Chathaoirleach, rachaidh a théarma oifige in éag go huathrialach an tráth céanna.
2.Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas‑Chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí den Bhord Bainistíochta a bhfuil ceart vótála acu.
3.Glacfaidh an Leas‑Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh, go huathoibríoch, i gcás ina gcuirfear bac air nó uirthi a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.
Airteagal 71
Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta
1.Déanfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a chomóradh.
Tionólfar cruinnithe den Bhord Bainistíochta, i bprionsabal, ag ceanncheathrú Europol.
2.Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé, ach ní bheidh ceart vótála ag an té sin.
3.Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta gach bliain. Ina theannta sin, tionólfar cruinniú den Bhord Bainistíochta ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad.
4.I gcás inar gá, féadfaidh an Bord Bainistíochta cruinnithe comhpháirteacha a thionól le boird bainistíochta Eurojust, Frontex agus CEPOL.
5.Féadfaidh an Bord Bainistíochta a iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim freastal ar chruinniú dá chuid i gcáil breathnóra.
6.Tabharfar cuireadh do bheirt ionadaithe ó GGPC chuig dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta in aghaidh na bliana mar bhreathnóirí gan cearta vótála chun na hábhair seo a leanas ar díol spéise polaitiúla iad a phlé:
(a)an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 72(2), pointe (m), le haghaidh na bliana roimhe sin;
(b)an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 73 le haghaidh na bliana ina dhiaidh agus an buiséad bliantúil;
(c)ceisteanna agus freagraí i scríbhinn ó GGPC;
(d)cúrsaí a bhaineann leis an gcaidreamh seachtrach agus le comhpháirtíochtaí.
Féadfaidh an Bord Bainistíochta, in éineacht le hionadaithe GGPC, a chinneadh cad iad na hábhair eile ar díol spéise polaitiúla iad a bheidh le plé.
7.Faoi réir a rialacha nós imeachta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe cúnamh a thabhairt do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus dá chomhaltaí malartacha ag na cruinnithe.
8.Cuirfidh Europol an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.
Airteagal 72
Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta
1.Beidh an Bord Bainistíochta freagrach as cinntí straitéiseacha Europol a ghlacadh agus gníomhaíochtaí Europol a threorú go ginearálta.
2.Déanfaidh an Bord Bainistíochta:
(a)buiséad bliantúil Europol a ghlacadh le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i leith bhuiséad Europol;
(b)na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Europol a ghlacadh;
(c)na pleananna cumarsáide agus scaipthe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, ar bhonn anailís ar na riachtanais;
(d)a rialacha nós imeachta a ghlacadh, lena n‑áirítear forálacha a bhaineann le cúraimí agus le feidhmiú a rúnaíochta;
(e)feidhmeoidh sé, i gcomhréir le mír 5 agus i leith bhaill foirne Europol, na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile don údarás atá cumhachtaithe conradh fostaíochta seirbhíseach eile a thabhairt i gcrích (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’);
(f)rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar éifeacht do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;
‑(g)an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, na LeasStiúrthóirí Feidhmiúcháin a cheapadh le tromlach dhá thrian, agus, i gcás inarb ábhartha, síneadh a chur lena dtéarma oifige nó iad a chur as oifig;
(h)struchtúr eagrúcháin Europol a bhunú agus beartas foirne Europol a ghlacadh ag féachaint don bhainistiú buiséadach fónta;
(i)comhlachtaí comhairleacha a bhunú, i gcás inarb iomchuí, agus a sainordú, a gcomhdhéanamh agus a rialacha cur chun feidhme a chinneadh;
(j)cinneadh a dhéanamh, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún, maidir le feidhmeanna, acmhainneachtaí nó saoráidí oibríochtúla, teicniúla nó riaracháin a bhunú i mBallstáit seachas an Ballstát óstach, i gcás inar gá chun cúraimí Europol a chomhlíonadh;
(k)tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú;
(l)agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh, doiciméad clársceidealaithe aonair Europol a ghlacadh le tromlach dhá thrian de na comhaltaí atá i dteideal vóta a chaitheamh agus a bhfuil cearta vótála acu.
(m)na critéir mheastóireachta a shainiú maidir le measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht Europol agus tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol a ghlacadh le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu agus í a sheoladh, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na parlaimintí náisiúnta. Déanfar an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a phoibliú. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar táscairí um thuairisciú chun cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú maidir le bailiú agus cur i láthair faisnéise ag Europol i leith coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais;
(n)rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaobh a chuid comhaltaí, lena n‑áirítear maidir leis an dearbhú leasanna a dhéanfaidh siad;
(o)bearta iomchuí a ghlacadh chun tacú le haithint na scileanna agus na taithí gairmiúla arna bhfáil le linn fostaíochta le Europol, nó le linn gníomhaíochtaí arna ndéanamh lena aghaidh, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chreat coiteann inniúlachta a fhorbairt i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí;
(p)faireachán a dhéanamh ar thosaíochtaí agus ar chuspóirí straitéiseacha Europol, mar a léirítear sna critéir mheastóireachta dá dtagraítear i bpointe (m), agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach iomchuí i leith dúshláin oibríochtúla, theicneolaíocha agus eagraíochtúla a dhéanann difear do chomhlíonadh chúraimí Europol;
(q)formhaoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, lena n‑áirítear cur chun feidhme na gcinntí de chuid an Bhoird Bainistíochta agus feidhmiú éifeachtach na gcumhachtaí a thugtar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoin Rialachán seo;
(r)Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh, a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme le linn dó nó di a chuid dualgas nó a cuid dualgas a fheidhmiú;
(s)oifigeach cuntasaíochta a cheapadh a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme le linn dó a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh;
(t)cumas iniúchóireachta inmheánaí neamhspleách a bhunú agus a fhormhaoirsiú, agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach i leith moltaí a eascraíonn as na tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, na meastóireachtaí agus imscrúduithe OIPE, na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF) agus MECS;
(u)treoirlínte maidir le Europol faisnéis a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 32, agus tar éis dul i gcomhairle le MECS;
(v)rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena rialaítear na Lárionaid i gcomhréir le hAirteagail 13 go 19, agus measúnú a dhéanamh go tráthrialta ar a bhfeidhmiú agus iad a oiriúnú i gcás inar gá i bhfianaise riachtanais oibríochtúla agus bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn;
(w)an tOifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú, a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;
(x)na critéir ar ar a mbonn a bhféadfaidh Europol tograí a eisiúint maidir leis an bhféidearthacht foláirimh a iontráil in SIS.
3.I gcás ina measann an Bord Bainistíochta gur gá é chun cúraimí Europol a chomhlíonadh, féadfaidh sé a mholadh don Chomhairle aird an Choimisiúin a tharraingt ar an ngá le cinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear in Airteagal 94a de Rialachán (AE) 2018/1725, nó le moladh le haghaidh cinneadh lena dtabharfar údarú tús a chur le caibidlíocht i leith comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 94b(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 a thabhairt i gcrích.
4.I gcás ina sainaithníonn aon trian ar a laghad de chomhaltaí den Bhord Bainistíochta go bhfuil gá le gníomhaíocht ó Europol i réimse sonrach a thagann faoina inniúlacht, iarrfaidh an Bord Bainistíochta ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin bearta iomchuí a mholadh.
5.Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, cinneadh atá bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile chun cumhachtaí an údaráis ceapacháin ábhartha a tharmligean don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus chun na coinníollacha a bhunú faoina bhféadfar tarmligean cumhachtaí den sórt sin a chur ar fionraí. Údarófar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
6.I gcás inar gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus aon fho-tharmligean ar chumhachtaí den sórt sin a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó na cumhachtaí sin a tharmligean chuig duine dá gcuid comhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
7.Féadfaidh an Bord Bainistíochta cúraimí áirithe, seachas na cúraimí sin a dteastaíonn tromlach dhá thrian den Bhord Bainistíochta ina leith, a tharmligean don Bhord Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75, agus glacfaidh sé rialacha inmheánacha lena rialófar a chúraimí, a chomhdhéanamh agus a fheidhmiú.
Airteagal 73
Clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla
1.Glacfaidh an Bord Bainistíochta, faoi dheireadh gach bliana, doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, ar bhonn dréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir leis an tuairim ón gCoimisiún agus, a mhéid a bhaineann leis an gclársceidealú ilbhliantúil, déanfaidh sé é sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC) arna bhunú go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag na parlaimintí náisiúnta.
I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún tuairim dhiúltach ar fhoras a bhaineann le comhlíonadh dhlí an Aontais, comhsheasmhacht le cuspóirí beartais an Aontais nó bainistíocht fhónta airgeadais, déanfaidh an Bord Bainistíochta athbhreithniú ar an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair sula nglacfar é chun comhlíonadh dhlí an Aontais, comhsheasmhacht le cuspóirí beartais an Aontais agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú.
I gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta gan na nithe a d’ardaigh GGPC i gcomhréir le hAirteagal 71(6), pointe (c), a chur san áireamh, tabharfaidh sé údar críochnúil leis sin.
Nuair a bheidh an doiciméad clársceidealaithe aonair glactha ag an mBord Bainistíochta, cuirfidh sé an doiciméad ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig GGPC.
2.Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n‑áirítear na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach leis sin freisin an phleanáil acmhainní, lena n‑áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an plean bunaíochta, agus an gá á chur san áireamh lena áirithiú go mbeidh meascán iomchuí scileanna agus saineolais ann a theastaíonn chun cúraimí Europol a chomhlíonadh. Cuimseofar ann an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá beartaithe ag Europol.
Cuirfear an clársceidealú ilbhliantúil chun feidhme trí bhíthin cláir oibre bhliantúla agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar é a thabhairt cothrom le dáta tar éis thoradh na meastóireachtaí seachtracha agus na meastóireachtaí inmheánacha. Léireofar conclúid na meastóireachtaí sin freisin, i gcás inarb iomchuí, sa chlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn.
3.Beidh cuspóirí sonracha, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta mar chuid den chlár oibre bliantúil. Beidh tuairisc ann freisin ar na bearta atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach beart, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclársceidealú ilbhliantúil. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.
4.I gcás go sannfar cúram nua do Europol, tar éis ghlacadh cláir oibre bhliantúil, leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil.
5.Glacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil, go háirithe modhnú as a dtiocfaidh ath‑leithdháileadh ar na hacmhainní buiséadacha os cionn 2 % den bhuiséad bliantúil, tríd an nós imeachta céanna is infheidhme maidir le glacadh an chláir oibre bhliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Airteagal 74
Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta
1.Gan difear a dhéanamh d’Airteagal 70(2), d’Airteagal 72(2), pointí (a), (g), (l) agus (m), d’Airteagal 76(7) agus d’Airteagal 126(2), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach a chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu.
2.I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún ábhair imní thromchúiseacha in iúl maidir le togra arna chur i láthair an Bhoird Bainistíochta maidir le hábhair a bhaineann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715, leis na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, cuirfidh an Bord Bainistíochta glacadh an chinnidh lena mbaineann siar. Laistigh de 15 lá tar éis don Choimisiún ábhair imní thromchúiseacha a chur in iúl maidir le togra le haghaidh cinnidh arna chur i láthair don Bhord Bainistíochta, déanfaidh an Bord Bainistíochta an cinneadh sin a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta air más iomchuí, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, lena n‑áirítear na hionadaithe ón gCoimisiún, nó trí thromlach ceithre chúigiú de na hionadaithe ó na Ballstáit.
3.Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. In éagmais comhalta a bhfuil cearta vótála aige nó aici, beidh a chomhalta nó a comhalta malartach i dteideal a cheart nó a ceart vótála a fheidhmiú.
4.Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.
5.Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.
6.Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.
Roinn 3
An bord feidhmiúcháin
Airteagal 75
An Bord Feidhmiúcháin
1.Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.
2.Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin:
(a)na cinntí a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta a ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcinntí sin, gan difear a dhéanamh do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;
(b)athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtbhuiséad bliantúil, ar an dréacht‑tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí agus formhaoirseacht a dhéanamh ar ullmhú agus ar chur chun feidhme an chlársceidealaithe bhliantúil agus ilbhliantúil;
(c)faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad Europol agus na cinntí airgeadais agus buiséadacha a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta a ullmhú;
(d)straitéis inmheánach frithchalaoise a ghlacadh, ar straitéis í a bheidh comhréireach leis an riosca calaoise;
‑‑‑‑(e)áirithiú, i gcomhar leis an mBord Bainistíochta, go ndéantar obair leantach leordhóthanach i leith na dtorthaí agus na moltaí a bhíonn mar thoradh ar na tuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, i leith torthaí na nimscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF), agus i leith na dtorthaí, lena náirítear cinntí breithiúnacha, na nimscrúduithe arna ndéanamh ag OIPE, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme;
(f)gan difear a dhéanamh d’fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, cúnamh agus comhairle a thabhairt dó nó di maidir leis na cinntí ón mBord Bainistíochta a chur chun feidhme, d’fhonn maoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus buiséadach a threisiú;
3.I gcás inar gá ar fhoras práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe faoi ábhair a bhaineann le bainistiú riaracháin agus buiséadach, lena n‑áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí. Cuirfear na cinntí sin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena ndeimhniú ag a chéad chruinniú eile.
4.Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, ionadaí amháin ón gCoimisiún ar an mBord Bainistíochta agus trí chomhalta eile arna gceapadh ag an mBord Bainistíochta as measc a chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Is é Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a bheidh ina Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige.
5.Mairfidh tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ar feadh 4 bliana. Tiocfaidh deireadh le téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh deireadh lena gcomhaltacht ar an mBord Bainistíochta.
6.Reáchtálfaidh an Bord Feidhmiúcháin gnáthchruinniú amháin ar a laghad gach 3 mhí. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna n‑iarraidh sin dá chuid comhaltaí.
7.Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cuireadh a thabhairt do rannpháirtithe eile freisin mar bhreathnóirí gan an ceart vótála le haghaidh míreanna sonracha ar an gclár oibre.
Roinn 4
An Stiúrthóir Feidhmiúcháin
Airteagal 76
Ceapachán, dífhostú agus síneadh a chur leis an téarma oifige
1.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag Europol faoi Airteagal 2, pointe (a), de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
2.Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún. Chun conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht thar ceann Europol.
3.5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. In am trátha roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin Europol amach anseo.
4.Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, ar feadh 5 bliana ar a mhéad.
5.Ní ghlacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena théarma oifige páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.
6.Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó arna mholadh sin ag an gCoimisiún.
7.Is ar bhonn tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapadh, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus/nó an Leas‑Stiúrthóra Feidhmiúcháin.
8.I gcás folúntais, mura gcinneann an Bord Bainistíochta cén Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin a áiritheoidh cúraimí agus freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin go dtí go gceapfar Stiúrthóir Feidhmiúcháin nua, áiritheoidh Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin ag an ngrád is airde an ról sin.
Airteagal 77
Cúraimí agus freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
1.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as Europol a bhainistiú. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta.
2.Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Pharlaimint na hEorpa, don Ghrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach agus don Chomhairle maidir le feidhmíocht cúraimí Europol nuair a iarrfar sin air.
3.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina ionadaí dlíthiúil ar Europol.
4.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar do Europol faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:
(a)riarachán laethúil Europol a áirithiú;
(b)bunú feidhmeanna nó acmhainneachtaí oibríochtúla, teicniúla nó riaracháin arna n‑óstáil i mBallstáit seachas an Ballstát óstach a mholadh don Bhord Bainistíochta, i gcás inar gá chun cúraimí Europol a chomhlíonadh;
(c)tosaíochtaí oibríochtúla, bearnaí cumais agus bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn agus atá ábhartha d’inniúlacht Europol a shainaithint agus bearta oibríochtúla, teicneolaíocha nó eagraíochtúla iomchuí a mholadh don Bhord Bainistíochta;
(d)comhlíonadh rialacha airgeadais Europol a áirithiú;
(e)an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;
(f)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta le measúnú a dhéanamh uirthi agus lena glacadh;
(g)leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF agus ag OIPE, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;
‑(h)aon iompar coiriúil a thuairisciú do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939 ar iompar coiriúil é a bhféadfadh OIPE a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith agus an tiompar sin a thuairisciú do OLAF i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 883/2013;
(i)ullmhú plean gníomhaíochta leantaí a bhaineann le conclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus tuarascálacha imscrúdaithe agus moltaí ó imscrúduithe arna ndéanamh ag OIPE, OLAF agus ag MECS, agus tuairisciú maidir leis an dul chun cinn don Bhord Bainistíochta go tráthrialta agus an Coimisiún a chur ar an eolas, i gcás inarb iomchuí agus gan moill mhíchuí, faoi thorthaí móra agus faoi na bearta a rinneadh mar fhreagairt orthu;
(j)dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú;
(k)dréachtráiteas na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú agus a buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta;
(l)dréachtrialacha cur chun feidhme iomchuí a ullmhú chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;
(m)dréachtrialacha inmheánacha a ullmhú maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus na dréachtrialacha sin a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena nglacadh;
(n)éagsúlacht agus cothromaíocht inscne a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le foireann na Gníomhaireachta a earcú;
‑(o)an Bord Bainistíochta a chur ar an eolas go tráthrialta faoi chomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, misin agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena náirítear maidir le socruithe oibre a ullmhú agus a thabhairt i gcrích agus maidir leis na breithnithe oibríochtúla a bhaineann leo, agus, i gcás inarb iomchuí tograí le haghaidh bearta leantacha a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta;
‑(p)an Bord Bainistíochta a chur ar an eolas go tráthrialta faoi chomhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena náirítear maidir le socruithe oibre a ullmhú agus a thabhairt i gcrích le húdaráis tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
(q)an Bord Bainistíochta a chur ar an eolas go tráthrialta faoi chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le haistriú sonraí pearsanta agus faoi na breithnithe oibríochtúla a bhaineann leis sin;
(r)an Bord Bainistíochta a chur ar an eolas go tráthrialta faoi shocruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le páirtithe príobháideacha, lena n‑áirítear a n‑ábharthacht straitéiseach, a dtionchar oibríochtúil agus aon riosca atá bainteach leo;
(s)cúraimí eile de bhun an Rialacháin seo a dhéanamh.
Airteagal 78
Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin
1.Féadfaidh Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin nó níos mó cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Saineoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a gcuid cúraimí.
2.Beidh feidhm ag Airteagal 77 maidir leis na Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin. Rachfar i gcomhairle leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin sula gceapfar é, sula gcuirfear aon fhad lena thréimhse oifige, nó sula mbainfear as oifig é.
Caibidil VI
Caidreamh le heintitis de chuid an Aontais
Airteagal 79
Forálacha coiteanna
1.Féadfaidh Europol caidreamh comhoibritheach a bhunú agus a choinneáil ar bun le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir leis na cúraimí a shanntar do Europol agus do na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin agus féachfaidh sé le sineirgí a áirithiú i gcomhlíonadh a gcúraimí féin. Bunóidh agus coinneoidh Europol dlúthchaidreamh ar bun le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais faoi Airteagal 81 go hAirteagal 90, ar dlúthchaidreamh é nach mbeidh teoranta do na réimsí dá dtagraítear ann.
Féadfaidh Europol caidreamh comhoibritheach a bhunú agus a choinneáil ar bun le hinstitiúidí agus misin an Aontais arna mbunú ar bhonn na gConarthaí freisin i gcomhréir leis na cúraimí a shanntar do Europol agus do na hinstitiúidí agus misin sin.
2.Beidh sé d’aidhm go háirithe ag comhar Europol le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais faoin gCaibidil seo éifeachtacht fhoriomlán fhreagairt an Aontais ar na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a neartú, go háirithe trí fhéachaint le comhlántacht a áirithiú agus, i gcás inar féidir, comhordú a fheabhsú agus dúbláil gníomhaíochtaí a sheachaint, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin an mhéid seo a leanas:
(a)malartú faisnéise, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo;
(b)gníomhaíochtaí oibríochtúla;
(c)gníomhaíochtaí straitéiseacha agus anailíseacha;
(d)eolas sainiúil agus saineolas a mhalartú;
(e)gníomhaíochtaí oiliúna;
‑(f)cumais a fhorbairt, lena náirítear iad a fhorbairt trí thaighde agus nuálaíocht, agus soláthar comhpháirteach;
(g)gníomhaíochtaí a chomhordú, i gcás inarb ábhartha, i ndáil le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(h)gníomhaíochtaí a chomhordú chun straitéisí agus tosaíochtaí beartais ábhartha an Aontais a chur chun feidhme.
3.Déanfar an comhar dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi chuimsiú na socruithe oibre a rinneadh leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1. Ní cheadófar malartú sonraí pearsanta le socruithe oibre den sórt sin agus ní bheidh siad ina gceangal ar an Aontas ná ar na Ballstáit.
Beidh na socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna mbunú faoi chuimsiú CFAE faoi réir fhormheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún, cé is moite den socrú oibre dá dtagraítear in Airteagal 81. Beidh na socruithe oibre sin faoi réir athbhreithniú go tráthrialta ag brath ar fhorbairt na riachtanas oibríochtúil, ar thionscnamh Europol agus na hinstitiúide, an chomhlachta, an mhisin, na hoifige nó na gníomhaireachta lena mbaineann de chuid an Aontais nó, cé is moite den socrú oibre dá dtagraítear in Airteagal 81, arna iarraidh sin don Choimisiún.
Aon socrú oibre arna thabhairt i gcrích ag Europol le hinstitiúid, comhlacht, misean, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh sé faoi réir athbhreithnithe tar éis dháta tosaigh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
4.Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi aon chaidreamh comhoibritheach tráthrialta atá sé ar intinn ag Europol a bhunú agus a choinneáil i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3, agus faoi fhorbairt caidrimh den sórt sin nuair a bhunófar é.
5.Faoi réir aon srian de bhun Airteagal 33(2) agus na rialacha is infheidhme de bhun Airteagal 129, féadfaidh Europol aon fhaisnéis, cé is moite de shonraí pearsanta, a mhalartú go díreach le hinstitiúid, comhlacht, misean, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, a mhéid a bheidh malartú den sórt sin ábhartha do chomhlíonadh chúraimí Europol nó chúraimí na hinstitiúide, an chomhlachta, an mhisin, na hoifige nó na gníomhaireachta sin de chuid an Aontais.
6.Faoi réir aon srian a shonraítear de bhun Airteagal 33(2) nó (3) agus faoi réir na rialacha is infheidhme de bhun Airteagal 129, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur chuig na heintitis dá dtagraítear i mír 1, a mhéid is gá agus is comhréireach tarchur den sórt sin chun go bhfeidhmeofar cúraimí an eintitis sin go dlisteanach. Ní fhéadfar sonraí pearsanta a tharchuireann Europol chuig na heintitis dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil chun críche eile ach amháin i gcás ina n‑údaraíonn Europol é sin agus i gcás ina bhfuil sé comhoiriúnach leis an gcuspóir tosaigh ar chuige sin a bhailigh agus a tharchuir Europol na sonraí. I gcás ina bhfuil na sonraí atá le tarchur soláthraithe ag Ballstát nó ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais agus go gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 81, míreanna (3) agus (4), comhroinnfidh Europol sonraí pearsanta agus faisnéis ábhartha eile le OIPE gan beann ar aon srian a shonraítear de bhun Airteagal 33(2) nó (3).
7.Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil agus a phróiseáil ó institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a mhéid is gá agus is comhréireach chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh go dlisteanach. Maidir le haon fhaisnéis ar léir go ndearnadh sárú follasach ar chearta an duine agus í á fáil, ní dhéanfar próiseáil uirthi.
8.I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta faighte ó Europol ag institiúid, comhlacht, misean, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, toirmiscfear na sonraí sin a tharchur nó a aistriú ar aghaidh mura mbeidh a údarú tugtha go sainráite ag Europol roimh ré.
9.Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach tarchur nó aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis an bhforas a bhí le tarchuir nó le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 80
Forálacha coiteanna maidir le malartú indíreach faisnéise ar bhonn córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’
1.Déanfaidh Europol na bearta iomchuí uile chun rochtain indíreach ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a áirithiú, i gcás ina bhforáiltear do rochtain den sórt sin i ndlí an Aontais, ar fhaisnéis atá i seilbh Europol, ar choinníollacha na cómhalartachta, trí bhíthin córas uathoibrithe ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ arna oibriú trí innéacsanna a chuardach, ar innéacsanna iad a choinneofar cothrom le dáta.
2.Ní dhéanfaidh rochtain indíreach ar fhaisnéis faoin gcéad mhír difear d’aon srian arna sonrú ag na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a sholáthraíonn an fhaisnéis, i gcomhréir le hAirteagal 33(2).
3.I gcás amais, tionscnóidh Europol an nós imeachta trína dtarchuirfear an fhaisnéis ba chúis leis an amas chuig an gcomhlacht, chuig an oifig nó chuig an ngníomhaireacht de chuid an Aontais a rinne an cuardach dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na srianta arna leagan síos ag soláthraí na faisnéise de bhun an Rialacháin seo. I gcás amais ina bhfuil faisnéis atá faoi réir srianta a shonraítear de bhun Airteagal 33(2), ní thabharfaidh an córas uathoibrithe ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ dá dtagraítear i mír 1 fógra don chomhlacht, don oifig ná don ghníomhaireacht de chuid an Aontais a rinne an cuardach. Sa chás sin, rachaidh Europol i dteagmháil le soláthraí na faisnéise go tapa chun a fhiosrú an féidir an fhaisnéis ba chúis leis an amas a roinnt leis an gcomhlacht, leis an oifig nó leis an ngníomhaireacht de chuid an Aontais a rinne an cuardach. I gcás ina gcuireann soláthraí na faisnéise deireadh leis na srianta sin, tarchuirfidh Europol an fhaisnéis ba chúis leis an amas chuig an gcomhlacht, chuig an oifig nó chuig an ngníomhaireacht de chuid an Aontais a rinne an cuardach. I gcás ina gcoinníonn soláthraí na faisnéise na srianta sin ar bun, comhlíonfaidh Europol na srianta sin agus ní tharchuirfidh sé an fhaisnéis ba chúis leis an amas chuig an gcomhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais a rinne an cuardach.
4.Ní dhéanfar cuardaigh faisnéise i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 ach amháin chun a shainaithint an bhfuil faisnéis atá ar fáil ag comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais ag teacht le faisnéis arna próiseáil ag Europol chun críocha phointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 32(2).
5.Agus cineál uathoibrithe an chórais ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ á chaomhnú, ní thabharfaidh Europol cead cuardaigh a dhéanamh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 ach amháin do dhaoine arna n‑ainmniú ag comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais mar atá údaraithe chun cuardaigh den sórt sin a dhéanamh.
6.Faoi choinníollacha na cómhalartachta dá dtagraítear sa chéad mhír, beidh rochtain indíreach ag Europol, laistigh de theorainneacha a inniúlachta, ar bhonn córas uathoibrithe ‘amas a fháil/gan amas a fháil’, ar fhaisnéis arna soláthar do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i ndlí an Aontais.
7.Ní dhéanfaidh an rochtain sin difear d’aon srian arna sonrú ag an mBallstát, ag an institiúid, ag an gcomhlacht, ag an oifig ná ag an ngníomhaireacht de chuid an Aontais, ag an tríú tír ná ag an eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthair an fhaisnéis sin.
8.Cuirfidh Europol agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a chéile ar an eolas más rud é, de thoradh amas a fháil i gcomhréir le míreanna 1 agus 3, go bhfuil comharthaí ann go bhféadfadh sonraí a bheith mícheart nó go bhféadfaidís a bheith i gcoinbhleacht le sonraí eile.
9.I gcás inar gá chun an córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ dá dtagraítear i míreanna 1 go 8 a chur chun feidhme, déanfar an nós imeachta teicniúil, lena n‑áirítear na tacair sonraí ba cheart a chuimsiú leis na hinnéacsanna chomh maith le ceanglais feidhmíochta agus infhaighteachta, a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 138.
Airteagal 81
Caidreamh le OIPE
1.Bunóidh agus coinneoidh Europol dlúthchaidreamh ar bun le OIPE ar bhonn socrú oibre lena leagtar amach módúlachtaí a gcomhair. Beidh an socrú oibre faoi réir a athbhreithnithe a dhéanfar go tráthrialta.
2.Arna iarraidh sin do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 102 de Rialachán (AE) 2017/1939, tacóidh Europol le himscrúduithe OIPE, mar atá, trí aon fhaisnéis, atá i seilbh Europol agus a bhaineann le coireanna a thagann faoi inniúlacht OIPE, a sholáthar agus tríd an tacaíocht oibríochtúil arna hiarraidh a sholáthar chun cúraimí OIPE a chomhlíonadh.
3.Chun an fhaisnéis agus an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar do OIPE, áiritheoidh Europol go mbeidh na socruithe eagraíochtúla a bhfuil gá leo i bhfeidhm, agus go leithdháilfear acmhainní daonna tiomnaithe chomh maith.
4.Chun a áirithiú go soláthróidh Europol an fhaisnéis a bhfuil gá léi do OIPE faoi mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh Europol ar a chumas do OIPE, ar bhonn córas uathoibrithe ‘amas a fháil/gan amas a fháil’, rochtain indíreach a bheith aige ar shonraí a bhaineann le cionta a thagann faoi inniúlacht OIPE, arna gcoinneáil chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 32(2), pointí (a), (b) agus (c). Tabharfaidh an córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ sin fógra do Europol agus do sholáthraí na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33(1) i gcás amais.
5.De bhun Airteagal 43(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, i gcás amais, comhroinnfidh Europol le OIPE an fhaisnéis ba chúis leis an amas a mhéid a bhaineann le cionta a thagann faoi inniúlacht OIPE agus tabharfaidh sé fógra do sholáthraí na faisnéise.
6.I gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, tuairisceoidh Europol, gan moill mhíchuí, do OIPE aon iompar coiriúil a bhféadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939.
7.I gcás ina dtuairisceoidh Europol do OIPE faoi mhír 6, tabharfaidh Europol fógra gan mhoill d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann.
8.Féadfaidh Europol anailís oibríochtúil chomhpháirteach a dhéanamh in éineacht le OIPE.
9.Nuair a fhaigheann Europol faisnéis ó OIPE maidir le saghsanna coireachta nach dtagann faoi raon feidhme inniúlacht OIPE agus atá faoi raon feidhme inniúlacht Europol, déanfaidh Europol faisnéis den sórt sin a phróiseáil agus a anailísiú agus, i gcás inarb ábhartha, scaipfidh sé í chuig údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 82
Caidreamh le Eurojust
1.Más rud é, le linn ghníomhaíochtaí Europol, lena n‑áirítear ag aon chéim de thascfhórsa oibríochtúil, go sainaithníonn Europol nó Ballstát an gá le hobair leantach bhreithiúnach éifeachtach laistigh de shainordú Eurojust, tabharfaidh Europol fógra, gan moill mhíchuí, do Eurojust agus d’aon Bhallstát lena mbaineann chuige sin. Tionscnóidh Europol an nós imeachta chun an fhaisnéis ábhartha a chomhroinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ón mBallstát a sholáthraíonn an fhaisnéis. Sa chás sin rachaidh Eurojust i gcomhairle le Europol.
2.Féadfaidh Europol agus Eurojust teacht ar chomhaontú maidir le hardáin oibríochta comhpháirteacha agus saghsanna eile comhair struchtúrtha a bhunú chun tacú le húdaráis inniúla na mBallstát i réimsí sonracha coireachta a thagann faoina n‑inniúlacht féin. D’fhéadfadh anailís oibríochtúil chomhpháirteach a bheith ina cuid de sin.
3.Rachaidh Europol i gcomhar le Eurojust, laistigh dá sainorduithe féin, chun tacú le húdaráis inniúla na mBallstát i gcomhthéacs imscrúduithe digiteacha agus rochtain ar shonraí, agus gníomhóidh sé go háirithe mar mhol eolais chun comhairle, cúnamh agus fothú acmhainneachta a sholáthar maidir le rochtain trasteorann ar r-fhianaise.
4.Tacóidh Europol le Eurojust, laistigh dá sainorduithe féin, i ndáil leis na príomhchoireanna idirnáisiúnta.
Airteagal 83
Caidreamh le OLAF
Más rud é, le linn ghníomhaíochtaí Europol um próiseáil faisnéise i dtaobh imscrúdú aonair nó sa phróiseas aisghabhála sócmhainní, go sainaithníonn Europol nó Ballstát go bhfuil gá le comhordú, comhar nó tacaíocht i gcomhréir le sainordú OLAF, tabharfaidh Europol fógra do OLAF chuige sin agus tionscnóidh sé an nós imeachta chun an fhaisnéis ábhartha a roinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ón mBallstát a sholáthraíonn an fhaisnéis. I gcás den sórt sin, rachaidh OLAF i gcomhairle le Europol.
Airteagal 84
Caidreamh leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA)
1.Beidh sé d’aidhm go háirithe ag caidreamh Europol le ÚCSA tacú le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) i gcomhthéacs anailís chomhpháirteach arna déanamh de bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 74 agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620.
2.Chun críocha Airteagal 41(4) de Rialachán (AE) 2024/1620, gheobhaidh Europol torthaí na n‑anailísí comhpháirteacha agus aon fhaisnéis bhreise agus déanfaidh sé iad a phróiseáil agus a anailísiú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 85
Caidreamh leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)
Rachaidh Europol i gcomhar le Frontex, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)gluaiseachtaí trasteorann ardriosca agus gníomhaíochtaí coiriúla gaolmhara a shainaithint, lena n‑áirítear iad a shainaithint trí anailís a dhéanamh ar fhaisnéis taistil atá i gcórais mórscála TF an Aontais, agus chun na críche sin, cuirfidh Europol na sonraí sin i gcomparáid leis an bhfaisnéis atá ina sheilbh aige i gcomhréir leis an Rialachán seo agus soláthróidh sé táscairí riosca ábhartha do Frontex.
(b)na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) 2024/1356 agus faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2019/1896 a chur chun feidhme, agus chun na críche sin, féadfaidh Europol, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, foireann a imscaradh chun tacú le seiceálacha ar chórais mórscála TF ábhartha de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i gcomhthéacs gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) 2019/1896, agus mórimeachtaí idirnáisiúnta.
Airteagal 86
Caidreamh le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA)
1.Rachaidh Europol i gcomhar le eu-LISA i réimsí leasa choitinn a bhaineann le córais faisnéise agus bonneagar gaolmhar cumarsáide a fhorbairt, a chur chun úsáide agus a oibriú.
2.Áireofar an méid seo a leanas sa chomhar idir Europol agus eu-LISA dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir lena sainorduithe féin, ach ní bheidh sé teoranta don mhéid seo a leanas:
(a)rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair, nó úsáid na nósanna imeachta sin, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí soláthair chomhpháirtigh, creatchonarthaí nó ionstraimí eile soláthair chun oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a fháil;
(b)comhroinnt, athúsáid nó oiriúnú comhpháirteanna teicniúla, uirlisí, seirbhísí nó bloc tógála arna bhforbairt nó arna n‑oibriú ag ceachtar gníomhaireacht;
(c)tacaíocht theicniúil, saineolas nó seirbhísí a sholáthar, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh sa réimse maidir le córais a fhorbairt, a thástáil, a choinneáil ar bun agus maidir le slándáil na gcóras sin;
(d)foirne comhpháirteacha um thionscadal a bhunú agus an malartú foirne, saineolais agus acmhainní eile is gá chun comhthionscadail agus gníomhaíochtaí teicniúla a chur chun feidhme.
3.Chun seirbhísí, uirlisí agus feidhmchláir arna gcruthú, arna n‑óstáil nó arna mbainistiú ag Europol a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, iarrfaidh Europol ar eu-LISA deimhnithe maidir le bonneagar poiblí fíorthábhachtach ó Údarás Deimhniúcháin eu-LISA a sholáthar do Europol agus, i gcás inarb iomchuí, d’údaráis inniúla na mBallstát.
4.Beidh an comhar faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 faoi chuimsiú socruithe oibre lena leagtar amach na módúlachtaí praiticiúla, lena n‑áirítear gnéithe airgeadais, socruithe rialachais, socruithe le haghaidh malartuithe foirne agus sannacháin shealadacha, agus maidir le foirne comhpháirteacha um thionscadal a bhunú agus a oibriú.
5.Ní dhéanfaidh míreanna 1 go 4 difear do fhreagrachtaí Europol a mhéid a bhaineann lena chórais faisnéise féin a fhorbairt agus a oibriú.
Airteagal 87
Caidreamh le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh
Maidir le comhar Europol le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh, arna bunú le Rialachán (AE) 2023/1322 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 75 , bainfidh sé go háirithe le sonraí a bhailiú, agus le faireachán a dhéanamh ar threochtaí, maidir le soláthar drugaí, lena n‑áirítear táirgeadh agus gáinneáil aindleathach agus coireanna gaolmhara eile, maidir le húsáid teicneolaíochtaí nua agus maidir le substaintí sícighníomhacha nua.
Airteagal 88
Caidreamh le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)
Beidh comhar Europol le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha ina thacaíocht do Europol chun a áirithiú go dtabharfar lánurraim do na cearta agus do na saoirsí bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt i gcomhlíonadh a chúraimí éagsúla. Áireofar leis sin go háirithe réimsí de ghníomhaíocht Europol a bhféadfadh tionchar ar leith a bheith acu ar chearta daoine aonair, lena n‑áirítear daoine leochaileacha, amhail leanaí.
Airteagal 89
Caidreamh le hÚdarás Custaim an Aontais Eorpaigh
Beidh sé d’aidhm ag comhar Europol le hÚdarás Custaim an Aontais Eorpaigh, arna bhunú le Rialachán […], malartú cómhalartach sonraí agus faisnéise ábhartha a chumasú chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, go háirithe trína chur ar a chumas do Europol sonraí a fháil, arna n‑iarraidh sin, lena n‑áirítear sonraí pearsanta agus sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, atá ar fáil i Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le Rialachán [...].
Airteagal 90
Caidreamh le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA)
Beidh sé d’aidhm ag comhar Europol le ENISA an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:
(a)feasacht staide chomhroinnte ar thimpeallacht na gcibearbhagairtí agus na gcibeartheagmhas a fheabhsú, go háirithe i ndáil le faisnéis faoi chibearbhagairtí; agus
(b)feabhas a chur ar an ullmhacht cibearshlándála, agus ar an bhfreagairt ar theagmhais bogearraí éirice agus ar an téarnamh uathu.
Caibidil VII
Caidreamh le comhpháirtithe
Roinn 1
Forálacha coiteanna
Airteagal 91
Forálacha coiteanna
1.I gcás inar gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol caidreamh comhoibritheach a bhunú agus a choinneáil ar bun le húdaráis tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe príobháideacha.
2.Faoi réir aon srian a leagtar síos in Airteagal 33(2) agus gan dochar d’Airteagal 129, féadfaidh Europol an fhaisnéis uile, cé is moite de shonraí pearsanta, a mhalartú go díreach le heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a mhéid a bhaineann malartú den sórt sin le feidhmiú chúraimí Europol.
3.Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi aon chaidreamh comhoibritheach tráthrialta atá sé ar intinn ag Europol a bhunú agus a choinneáil i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, agus faoi fhorbairt caidrimh den sórt sin nuair a bhunófar é.
4.Chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2, féadfaidh Europol socruithe oibre a thabhairt i gcrích le heintitis dá dtagraítear i mír 1, a bheidh faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún. Ní cheadófar malartú sonraí pearsanta le socruithe oibre den sórt sin, ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla faoin dlí idirnáisiúnta ná faoi dhlí an Aontais, ná ní léireofar seasaimh a bheidh ina gceangal ar an Aontas ná ar a Bhallstáit.
5.Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil agus a phróiseáil ó eintitis dá dtagraítear i mír 1 a mhéid is gá agus is comhréireach chun a chuid cúraimí a fheidhmiú go dlisteanach agus i gcomhréir le Rialachán 2018/1725 agus leis an Rialachán seo.
6.I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta faighte ó Europol ag tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó páirtithe príobháideacha, toirmiscfear na sonraí sin a tharchur nó a aistriú ar aghaidh mura mbeidh a údarú tugtha go sainráite ag Europol roimh ré.
7.Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach tarchur nó aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis an bhforas a bhí le tarchuir nó le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
8.Maidir le haon fhaisnéis ar léir go ndearnadh sárú follasach ar chearta an duine agus í á fáil, ní dhéanfaidh Europol próiseáil uirthi.
Roinn 2
Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta
Airteagal 92
Tosaíochtaí le haghaidh rannpháirtíocht sheachtrach
Áiritheoidh Europol go bhfuil a chomhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le beartais agus tosaíochtaí seachtracha an Aontais agus go ndéantar é, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le toscaireachtaí an Aontais. Chuige sin, glacfaidh Europol, laistigh de theorainneacha a shainordaithe, straitéis sheachtrach mar chuid den chlársceidealú ilbhliantúil agus den chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 73, faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún.
Airteagal 93
Comhar le tíortha atá comhlachaithe le limistéar Schengen
1.Coinneoidh Europol dlúthchomhar ar bun le tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (‘tíortha atá comhlachaithe le Schengen’).
2.Féadfar an raon feidhme, na módúlachtaí, na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann leis an gcomhar dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh trí chomhaontú idirnáisiúnta tiomnaithe a bheidh le tabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tír lena mbaineann atá comhlachaithe le limistéar Schengen.
3.Féadfar foráil a dhéanamh sa chomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)rochtain ar Sheirbhís Crosmheaitseála Europol agus ar Thimpeallacht Anailíseach Europol, agus an cumas cuardach a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagail 39 agus 41;
(b)stádas breathnóra sa Bhord Bainistíochta agus sa Ghrúpa Stiúrtha um TFC/Bainistiú Faisnéise, rud nach dtabharfaidh cearta vótála i gcomhréir le hAirteagal 69;
(c)oifigigh idirchaidrimh a phostú, faoi réir na gcoinníollacha céanna is infheidhme maidir le hoifigigh idirchaidrimh ó na Ballstáit de bhun Airteagal 27.
4.Aon chomhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir leis an gcineál comhair dá dtagraítear i mír 3, féadfar foráil a dhéanamh ann freisin maidir leis an méid seo a leanas:
(a)soláthar faisnéise ag an tír lena mbaineann atá comhlachaithe le limistéar Schengen do Europol faoi choinníollacha a chomhfhreagraíonn dóibh siúd a leagtar síos in Airteagal 29(1), (2) agus (5) agus an oibleagáid atá ar Europol an fhaisnéis arna soláthar ag an tír lena mbaineann, atá comhlachaithe le limistéar Schengen, a chur san áireamh mar a leagtar amach in Airteagal 29(6);
(b)ranníocaíocht airgeadais iomchuí atá le híoc le Europol ag an tír lena mbaineann atá comhlachaithe le limistéar Schengen.
Airteagal 94
Aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta
1.Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta gan difear a dhéanamh d’Airteagal 129.
5.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin inniúil ar aistriú sonraí pearsanta a údarú i gcomhréir le hAirteagail 94b, 94c agus 94d de Rialachán (AE) 2018/1725.
Féadfaidh an Bord Bainistíochta, tar éis dó údarú a fháil ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, tacar aistrithe a údarú ar feadh tréimhse nach faide ná 1 bhliain amháin, ar tréimhse í a bheidh in‑athnuaite, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 94c de Rialachán (AE) 2018/1725.
6.Chun críocha mhír 2, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh, gan moill mhíchuí, ar bhonn na faisnéise ábhartha uile, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, ionchur ón Oifigeach Cosanta Sonraí agus ó na lárionaid oibríochtúla ábhartha. Mar riail ghinearálta, údarófar aistrithe den sórt sin nuair a chomhlíonfar na coinníollacha is infheidhme agus déanfar iad trí Fheidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise. I gcás nach bhfuil rochtain ar Fheidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, déanfar aistrithe trí chainéil INTERPOL.
7.Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas a luaithe is féidir faoi na cásanna inar cuireadh Airteagail 94b, 94c agus 94d de Rialachán (AE) 2018/1725 i bhfeidhm.
Airteagal 95
Caidreamh leis na Ballstáit nó le tríú tíortha i gcomhthéacs a rannpháirtíochta sa Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh
1.A mhéid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, bunóidh agus coinneoidh Europol comhar ar bun leis na Ballstáit agus leis na tríú tíortha atá rannpháirteach sa Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh (MAOC–N) trí bhíthin socrú oibre.
2.Féadfaidh Europol faisnéis a mhalartú le tríú tíortha atá rannpháirteach sa Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh faoi réir chomhlíonadh na bprionsabal agus na rialacha ginearálta maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tíortha, atá i Rialachán (AE) 2018/1725.
3.Déanfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh (MAOC-N) a n‑oifigigh idirchaidrimh arna bpostú ag MAOC-N a nascadh le Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise chun faisnéis ábhartha a chur faoi bhráid Europol.
4.Soláthróidh Europol tacaíocht anailíseach don Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh chun críche imscrúduithe coiriúla in aghaidh líonraí coiriúla ardriosca a dhéanann gáinneáil ar dhrugaí ar muir.
Roinn 3
Comhar le páirtithe príobháideacha agus le daoine nádúrtha
Airteagal 96
Sonraí pearsanta á malartú le páirtithe príobháideacha
1.A mhéid atá sé riachtanach do Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fhaightear ó pháirtithe príobháideacha a phróiseáil.
2.Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil ó pháirtí príobháideach go díreach, ar sonraí iad a dhearbhaíonn an páirtí príobháideach sin go bhfuil cead dlíthiúil aige iad a tharchur i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
3.Chun údaráis inniúla na mBallstát a chur ar an eolas faoi aon chion coiriúil a bhaineann leo agus a bhaineann le sonraí pearsanta a fhaightear ó pháirtí príobháideach, agus chun é a chur ar a gcumas dóibh na bearta is gá a dhéanamh, cuirfidh Europol na sonraí pearsanta agus aon torthaí ábhartha de bharr phróiseáil na sonraí sin ar aghaidh chuig na haonaid náisiúnta lena mbaineann de chuid Europol.
4.Ní dhéanfaidh aon chomhoibriú a dhéanfaidh Europol le páirtithe príobháideacha dúbláil ar ghníomhaíochtaí AFAnna na mBallstát ná ní chuirfidh sé isteach ar na gníomhaíochtaí sin, ná ní bhainfidh sé le faisnéis atá le soláthar do AFAnna chun críocha Threoir (AE) 2015/849.
5.Ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur ná a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, ach amháin nuair atá sé fíor-riachtanach agus comhréireach, rud a bheidh le cinneadh ar bhonn cás ar chás, agus go háirithe i gcás ina bhfuil sé chun leasa an ábhair sonraí nó nuair is gá é chun coir atá ar tí tarlú a chosc, lena n‑áirítear an sceimhlitheoireacht.
Ní dhéanfar tarchur ná aistriú den sórt sin ach amháin nuair nach tábhachtaí cearta agus saoirsí an ábhair sonraí ná leas an phobail lena n‑éilítear an tarchur nó an t‑aistriú.
Tá an tarchur nó an t‑aistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi réir aon srian de bhun Airteagal 33(2) nó (3) agus tá sé gan dochar d’Airteagal 129.
6.I gcás nach bhfuil an páirtí príobháideach bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 94a de Rialachán (AE) 2018/1725, ní údaróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t‑aistriú ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)go bhfuil an t‑aistriú riachtanach chun leasanna bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann nó leasanna bunúsacha duine eile a chosaint;
(b)go bhfuil an t‑aistriú riachtanach chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí lena mbaineann a choimirciú;
(c)go bhfuil an t‑aistriú fíor-riachtanach chun bagairt thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc;
(d)go bhfuil an t‑aistriú riachtanach i gcásanna aonair chun coir shonrach a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh;
(e)go bhfuil an t‑aistriú riachtanach i gcásanna aonair chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, ar éilimh iad a bhaineann le cion coiriúil sonrach a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.
Ní dhéanfar sonraí pearsanta a aistriú má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail lena n‑éilítear an t‑aistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (d) agus (e).
7.Maidir le tarchuir nó aistrithe sonraí pearsanta faoi mhíreanna 5 agus 6, ní bheidh aistrithe ná tarchuir sonraí pearsanta faoi mhír 5 agus mír 6 córasach, ollmhór ná struchtúrach.
8.Féadfaidh Europol a iarraidh ar na Ballstáit, trína n‑aonaid náisiúnta Europol, sonraí pearsanta ó pháirtithe príobháideacha atá bunaithe ina gcríoch, nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, a chomhroinnt le Europol, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Beidh iarrataí den sórt sin réasúnaithe agus beidh siad chomh beacht agus is féidir. Beidh sonraí pearsanta den sórt sin ar an leibhéal íogaireachta is lú dár féidir agus beidh siad teoranta go docht don mhéid atá riachtanach agus comhréireach chun Europol a chumasú chun a chúraimí a fheidhmiú.
9.Féadfar sásra Europol dá dtagraítear in Airteagal 47 a úsáid le haghaidh malartuithe faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát agus páirtithe príobháideacha i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach. Féadfar coireanna nach dtagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chumhdach leis na malartuithe sin freisin.
I gcás ina n‑úsáideann na Ballstáit sásra Europol chun faisnéis a mhalartú maidir le coireanna a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol, soláthróidh siad cóip den fhaisnéis sin do Europol.
I gcás ina n‑úsáideann na Ballstáit sásra Europol chun sonraí pearsanta a mhalartú maidir le coireanna nach dtagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol, ní bheidh rochtain ag Europol ar na sonraí sin agus measfar gur próiseálaí é i gcomhréir le hAirteagal 87 de Rialachán (AE) 2018/1725.
Déanfaidh Europol measúnú ar na rioscaí slándála a bhaineann le páirtithe príobháideacha a cheadú a bhonneagar a úsáid, agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé bearta coisctheacha agus maolaitheacha iomchuí a chur chun feidhme.
10.Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach tarchur nó aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis an bhforas a bhí le tarchuir nó le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go gcuirfear in iúl iad do MECS, arna iarraidh sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.
11.I gcás ina ndéanann na sonraí pearsanta a fhaightear nó atá le tarchur nó le haistriú difear do leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta Europol an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach.
12.Faoin 31 Márta, glacfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil maidir leis na sonraí pearsanta arna malartú le páirtithe príobháideacha de bhun an Airteagail seo, ar bhonn critéir meastóireachta chainníochtúla agus cháilíochtúla arna mbunú ag an mBord Bainistíochta.
13.Cuirfear san áireamh sa tuarascáil bhliantúil oibleagáidí discréide agus rúndachta agus déanfar na samplaí a anaithnidiú a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta.
Cuirfear an tuarascáil bhliantúil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na bparlaimintí náisiúnta.
Airteagal 97
Faisnéis ó dhaoine nádúrtha
1.A mhéid atá sé riachtanach do Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol faisnéis de thionscnamh daoine nádúrtha a fháil agus a phróiseáil.
2.Ní phróiseálfaidh Europol sonraí pearsanta de thionscnamh daoine nádúrtha ach amháin ar choinníoll go bhfaightear iad ar cheann de na bealaí seo a leanas:
(a)aonad náisiúnta Europol i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(b)pointe teagmhála tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta a bhféadfar sonraí pearsanta a aistriú chuige nó chuici de bhun Airteagal 94b(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1725;
(c)údarás tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a bhféadfar sonraí pearsanta a aistriú chuige nó chuici de bhun Airteagal 94a, Airteagal 94b(1) nó Airteagal 94b(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1725.
3.I gcás ina bhfaigheann Europol faisnéis, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, ó dhuine nádúrtha a chónaíonn i dtríú tír nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le haistriú ina leith de bhun Airteagail 94a nó 94b de Rialachán (AE) 2018/1725, ní chuirfidh Europol an fhaisnéis sin ar aghaidh ach amháin chuig Ballstát nó chuig tríú tír den sórt sin.
4.I gcás ina ndéanann na sonraí pearsanta a fhaightear nó atá le tarchur nó le haistriú difear do leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta Europol an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach.
5.Ní dhéanfaidh Europol teagmháil le daoine nádúrtha chun faisnéis a aisghabháil.
6.Gan dochar d’Airteagail 104 agus 105, ní fhéadfaidh Europol sonraí pearsanta a thabhairt do dhaoine nádúrtha.
Caibidil VIII
Cosaint sonraí
Airteagal 98
Próiseáil sonraí pearsanta ag Europol
1.Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol.
2.Tuigfear gurb ionann tagairtí do ‘shonraí pearsanta’ sa Rialachán seo agus tagairtí do ‘shonraí pearsanta oibríochtúla’ mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/1725 , mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.
3.Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha lena gcinnfear na teorainneacha ama le haghaidh stóráil sonraí pearsanta riaracháin.
Airteagal 99
Iontaofacht an fhoinse agus cruinneas na faisnéise a mheasúnú
1.Déanfaidh an Ballstát a chuireann na sonraí ar fáil measúnú an oiread is féidir ar iontaofacht fhoinse na faisnéise de thionscnamh Ballstáit trí úsáid a bhaint as na cóid mheastóireachta foinse seo a leanas:
(a)(A): i gcás nach bhfuil aon amhras i gceist maidir le barántúlacht, le hiontaofacht ná le hinniúlacht na foinse, nó i gcás inar foinse a fuarthas go raibh sí iontaofa i ngach cás a chuir an fhaisnéis ar fáil;
(b)(B): i gcás inar foinse a fuarthas go raibh sí iontaofa an chuid is mó den am a chuir an fhaisnéis ar fáil;
(c)(C): i gcás inar foinse a fuarthas go raibh sí neamhiontaofa an chuid is mó den am a chuir an fhaisnéis ar fáil;
(d)(X): i gcás nach féidir iontaofacht na foinse a mheas.
2.Déanfaidh an Ballstát a chuireann na sonraí ar fáil measúnú an oiread is féidir ar chruinneas na faisnéise de thionscnamh Ballstáit a mheasúnú trí úsáid a bhaint as na cóid mheastóireachta foinse seo a leanas:
(a)(1): faisnéis nach bhfuil aon amhras i gceist maidir lena cruinneas;
(b)(2): faisnéis arb eol í go pearsanta don fhoinse ach nach eol í go pearsanta don oifigeach a bhfuil sí á cur ar aghaidh aige;
(c)(3): faisnéis nach eol í go pearsanta don fhoinse ach atá comhthacaithe le faisnéis eile atá taifeadta cheana féin;
(d)(4): faisnéis nach eol í go pearsanta don fhoinse agus nach féidir a chomhthacú.
3.I gcás ina dtagann Europol, ar bhonn faisnéise atá ina sheilbh cheana féin, ar an gconclúid gur gá an measúnú dá bhforáiltear i míreanna 1 nó 2 a cheartú, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi sin agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú maidir le leasú ar an measúnú. Ní athróidh Europol an measúnú gan comhaontú den sórt sin.
4.I gcás ina bhfaigheann Europol sonraí nó faisnéis ó Bhallstát gan mheasúnú a dhéanamh i gcomhréir le míreanna 1 nó 2, déanfaidh sé iarracht measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na foinse nó ar chruinneas na faisnéise ar bhonn faisnéis atá ina sheilbh cheana féin. Déanfar measúnú ar shonraí agus ar fhaisnéis shonrach i gcomhaontú leis an mBallstát a chuireann na sonraí ar fáil. Féadfaidh Ballstát teacht ar chomhaontú freisin le Europol i dtéarmaí ginearálta maidir le measúnú ar chineálacha sonraithe sonraí agus ar fhoinsí sonraithe. I gcás nach dtagtar ar chomhaontú i gcás sonrach, nó mura bhfuil aon chomhaontú i dtéarmaí ginearálta ann, déanfaidh Europol measúnú ar an bhfaisnéis nó ar na sonraí agus déanfaidh sé na cóid mheastóireachta (X) agus (4), dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, a shannadh d’fhaisnéis nó do shonraí den sórt sin.
5.Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 go 4 i gcás ina bhfaigheann Europol sonraí nó faisnéis ó institiúid, ó chomhlacht, ó mhisean, ó oifig nó ó ghníomhaireacht de chuid an Aontais, ó thríú tír, ó eagraíocht idirnáisiúnta nó ó pháirtí príobháideach.
6.Déanfaidh Europol measúnú ar fhaisnéis ó fhoinsí atá ar fáil don phobal trí úsáid a bhaint as na cóid mheastóireachta a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.
7.I gcás inar as anailís a rinne Europol agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige a tháinig an fhaisnéis, déanfaidh Europol measúnú ar fhaisnéis den sórt sin i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus le toiliú ó na Ballstáit atá rannpháirteach san anailís.
Airteagal 100
Sonraí pearsanta de chatagóirí éagsúla d’ábhair sonraí agus de chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil
1.Ceadófar sonraí pearsanta a phróiseáil i leith íospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadfaidh faisnéis a sholáthar faoi chionta coiriúla i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach agus comhréireach chun coireacht a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc nó a chomhrac.
2.Ní cheadófar próiseáil sonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibríocha nó trí mheáin eile, lena nochtfar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, nó ballraíocht i gceardchumann, ná próiseáil sonraí géiniteacha, agus sonraí bithmhéadracha, chun duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil, ná próiseáil sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis nó claonadh gnéis duine nádúrtha, ach amháin i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach agus comhréireach go docht le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta de bhun Airteagal 102 agus chun críoch oibríochtúil, faoi raon feidhme inniúlacht Europol, agus ach amháin chun coireacht a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc nó a chomhrac. Beidh an phróiseáil sin faoi réir coimircí iomchuí a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí freisin agus, cé is moite de shonraí bithmhéadracha arna bpróiseáil chun duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil, ní cheadófar í ach i gcás ina bhforlíonann na sonraí sin sonraí pearsanta eile arna bpróiseáil ag Europol. Toirmeascfar grúpa áirithe daoine a roghnú ar bhonn sonraí pearsanta den sórt sin amháin.
3.Cuirfear an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás próiseáil sonraí pearsanta de bhun an Airteagail seo.
4.Is ag Europol amháin a bheidh rochtain dhíreach ar shonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Údaróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar is cuí líon teoranta ball foirne de chuid Europol a mbeidh rochtain den sórt sin acu, i gcás ina bhfuil gá leis sin chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.
5.D’ainneoin mhír 4, i gcás inar gá rochtain dhíreach ar shonraí pearsanta a thabhairt d’fhoireann údaráis inniúla na mBallstát nó d’fhoireann chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta i gcomhréir le hAirteagal 102(2), pointe (c), tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údarás mar is cuí do líon teoranta ball foirne den sórt sin rochtain den sórt sin a bheith acu.
6.Ní tharchuirfear sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 chuig na Ballstáit ná chuig institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí ná gníomhaireachtaí de chuid an Aontais ná ní aistreofar iad chuig tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta ná páirtithe príobháideacha, ach amháin má cheanglaítear an tarchur nó an t‑aistriú sin faoin Rialachán seo nó faoi dhlí an Aontais nó má bhíonn sé fíor-riachtanach agus comhréireach i gcásanna aonair a bhaineann le coireanna a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol agus i gcomhréir le Caibidil VI agus Caibidil VII.
7.Gach bliain, tabharfaidh Europol forléiriú staidrimh do MECS ar na sonraí pearsanta uile dá dtagraítear i mír 2 atá próiseáilte aige.
Airteagal 101
Teorainneacha ama chun sonraí pearsanta a stóráil agus a léirscriosadh
1.Maidir le sonraí pearsanta a ndéanann Europol próiseáil orthu, ní dhéanfaidh Europol iad a stóráil ach le haghaidh na tréimhse ama atá riachtanach agus comhréireach chun na gcríoch dá bhfuil na sonraí á bpróiseáil.
2.In aon chás, déanfaidh Europol athbhreithniú ar an ngá le stóráil leantach, tráth nach déanaí ná 3 bliana ó cuireadh tús leis an bpróiseáil tosaigh ar shonraí pearsanta. Féadfaidh Europol a chinneadh sonraí pearsanta a stóráil go dtí go ndéanfar an chéad athbhreithniú eile, a tharlóidh tar éis tréimhse eile 3 bliana, i gcás ina bhfuil sé fós riachtanach leanúint de na sonraí a stóráil chun cúraimí Europol a chomhlíonadh. Maidir leis na cúiseanna atá leis an stóráil leantach, déanfar an bonn cirt atá leo a thabhairt agus iad a thaifeadadh. I gcás nach ndéantar aon chinneadh faoi stóráil leantach sonraí pearsanta, léirscriosfar na sonraí sin go huathoibríoch tar éis 3 bliana.
3.Nuair a stóráiltear sonraí pearsanta amhail dá dtagraítear in Airteagal 100(1) agus (2) ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana, cuirfear MECS ar an eolas faoi sin.
4.I gcás ina bhfuil aon srian maidir le léirscriosadh nó milleadh sonraí pearsanta níos luaithe sonraithe ag Ballstát, ag institiúid, ag comhlacht, ag misean, ag oifig nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta tráth a dhéanfar na sonraí pearsanta a tharchur nó a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 33(2), léirscriosfaidh Europol na sonraí pearsanta i gcomhréir leis na srianta sin. I gcás ina meastar go bhfuil stóráil leantach na sonraí riachtanach, ar bhonn faisnéis atá níos fairsinge ná an méid atá i seilbh an tsoláthraí sonraí, chun go bhféadfadh Europol na cúraimí atá air a chomhlíonadh, iarrfaidh Europol údarú ón soláthraí sonraí chun leanúint ar aghaidh ag stóráil na sonraí agus tabharfaidh sé bonn cirt le hiarraidh den sórt sin.
5.Ballstát, institiúid, comhlacht, misean, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a léirscriosann sonraí pearsanta arna soláthar do Europol óna gcomhaid sonraí féin, cuirfidh siad Europol ar an eolas dá réir. Léirscriosfaidh Europol na sonraí mura meastar go bhfuil stóráil leantach na sonraí riachtanach, ar bhonn faisnéis atá níos fairsinge ná an méid atá i seilbh an tsoláthraí sonraí, chun go bhféadfaidh Europol na cúraimí atá air a chomhlíonadh. Cuirfidh Europol an soláthraí sonraí ar an eolas faoi stóráil leantach sonraí den sórt sin agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an stóráil leantach sin.
6.Ní dhéanfar sonraí pearsanta a léirscriosadh sna cásanna seo a leanas:
(a)go ndéanfadh sé sin damáiste do leas ábhair sonraí a bhfuil cosaint ag teastáil uaidh nó uaithi; i gcásanna den sórt sin, ní úsáidfear na sonraí ach amháin le toiliú sainráite agus i scríbhinn an ábhair sonraí;
(b)go gcuireann an t‑ábhar sonraí i gcoinne chruinneas na sonraí pearsanta, ar feadh tréimhse lena gcuirtear ar gcumas do na Ballstáit nó lena gcuirtear ar a chumas do Europol, i gcás inarb iomchuí, cruinneas na sonraí a fhíorú;
(c)nach mór na sonraí a choimeád chun críoch cruthúnais nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint;
(d)cuireann an t‑ábhar sonraí i gcoinne a léirscriosta agus iarrann sé, in ionad sin, srian a chur lena n‑úsáid.
Airteagal 102
Próiseáil sonraí pearsanta le haghaidh taighde agus nuálaíochta
1.Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch na dtionscadal taighde agus nuálaíochta ábhartha, ar choinníoll go bhfuil gá le próiseáil na sonraí pearsanta sin agus go bhfuil bonn cirt cuí leis chun cuspóirí an tionscadail lena mbaineann a bhaint amach.
A mhéid a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí pearsanta, ní dhéanfar próiseáil den sórt sin ach amháin nuair a bheidh fíorghá léi agus faoi réir coimircí iomchuí, ar coimircí iad sin lena bhféadfaí bréagainmniú a áireamh.
Beidh prionsabal na trédhearcachta, prionsabal na hinmhínitheachta, prionsabal na cothroime agus prionsabal na cuntasachta ina mbonn leis an bpróiseáil a dhéanfaidh Europol ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs tionscadal taighde agus nuálaíochta.
2.Gan difear a dhéanamh do mhír 1, maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol, beidh feidhm ag na coimircí seo a leanas:
(a)beidh údarú roimh ré ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin ag teastáil i gcás aon tionscadail taighde agus nuálaíochta, ar bhonn an mhéid seo a leanas:
I.tuairisc ar chuspóirí an tionscadail agus míniú ar an gcaoi a dtugann an tionscadal cúnamh do Europol nó d’údaráis inniúla na mBallstát agus iad ag gabháil dá gcúraimí;
II.tuairisc ar an ngníomhaíocht phróiseála a bheartaítear, ina leagtar amach cuspóirí, raon feidhme agus fad na próiseála agus a riachtanaí agus a chomhréirí atá sé na sonraí pearsanta a phróiseáil;
III.tuairisc ar chatagóirí na sonraí pearsanta a bheidh le próiseáil;
IV.measúnú ar chomhlíonadh Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh na stórála agus na coinníollacha maidir le rochtain ar na sonraí pearsanta.
(b)cuirfear an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi sheoladh an tionscadail, i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 32(11);
(c)aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs an tionscadail:
I.déanfar iad a chóipeáil go sealadach chuig timpeallacht próiseála sonraí ar leithligh, aonraithe agus cosanta, a d’fhéadfadh, i gcás inarb iomchuí, tacú le próisis atriallacha forbartha, tástála agus bailíochtaithe, laistigh de Europol chun an tionscadal sin a chur i gcrích agus chun na críche sin amháin;
II.beidh rochtain orthu i gcomhréir le hAirteagal 100(4) ag baill foirne Europol atá údaraithe go sonrach ina leith sin agus, faoi réir bearta slándála teicniúla, ag baill foirne atá údaraithe go sonrach ina leith sin de chuid údaráis inniúla na mBallstát agus ghníomhaireachtaí an Aontais;
III.ní dhéanfar iad a tharchur ná a aistriú;
IV.ní thiocfaidh bearta ná cinntí a dhéanann difear do na hábhair sonraí mar thoradh ar a bpróiseáil;
V.déanfar iad a scriosadh a luaithe agus a bheidh an tionscadal críochnaithe nó nuair a bheidh an teorainn ama chun na sonraí pearsanta a stóráil dulta in éag i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725;
VI.faoi réir coimircí iomchuí agus i gcás ina bhfuil bonn cirt cuí leis, athúsáidfear iad laistigh de Europol le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta dá éis sin lena saothrófar cuspóirí comhoiriúnacha, go háirithe chun feabhas a chur ar algartaim agus ar shamhlacha intleachta saorga agus ar chórais intleachta saorga, agus chun iad a thástáil nó a bhailíochtú;
(d)coimeádfar logaí ar phróiseáil na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an tionscadail ar feadh 2 bhliain tar éis an tionscadal a thabhairt chun críche, ach amháin chun cruinneas thoradh na próiseála sonraí a dheimhniú agus le haghaidh trátha nach faide ná mar atá riachtanach chun na críche sin.
3.I gcás ina measann Europol go bhfuil riosca mór ag baint le cineál nua tionscadail taighde agus nuálaíochta do chearta agus do shaoirsí na n‑ábhar sonraí, déanfaidh sé, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach faoi mhír 2, pointe (a), den Airteagal seo, measúnú tionchair ar chosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 89 de Rialachán (AE) 2018/1725. I gcásanna den sórt sin, cuirfear MECS ar an eolas sula seolfar an tionscadal.
4.Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le coigeartú, modhnú ná cur chun úsáide na gcumas atá ann cheana, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i gcomhthéacs oibríochtúil sainithe, ar choinníoll nach ndéanann na gníomhaíochtaí sin cineál, raon feidhme ná cuspóir na próiseála a athrú go substaintiúil ar bhealach lena méadófaí an riosca do chearta agus do shaoirsí na n‑ábhar sonraí.
5.Bunóidh an Bord Bainistíochta i ndoiciméad a bheidh ceangailteach raon feidhme ginearálta ceangailteach do thionscadail taighde agus nuálaíochta. Déanfar doiciméad den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí agus cuirfear ar fáil é do MECS chun go bhféadfaidh sé maoirseacht a dhéanamh.
6.Coinneoidh Europol doiciméad ina mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas agus ar an réasúnaíocht atá le hoiliúint, tástáil agus bailíochtú na n‑algartam chun trédhearcacht an phróisis agus na n‑algartam a áirithiú, lena n‑áirítear a mhéid a chomhlíonann siad na coimircí dá bhforáiltear san Airteagal seo, agus ionas go bhfágfar gur féidir cruinneas na dtorthaí a fhíorú ar bhonn úsáid algartam den sórt sin. Arna iarraidh sin, cuirfidh Europol an doiciméad sin ar fáil do pháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear na Ballstáit agus GGPC.
7.I gcás inar Ballstát, comhlacht de chuid an Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthair na sonraí pearsanta atá le próiseáil le haghaidh tionscadal taighde agus nuálaíochta, iarrfaidh Europol toiliú a fháil ó sholáthraí na sonraí sin i gcomhréir le hAirteagal 33(2), ach amháin má tá údarú roimh ré tugtha ag soláthraí na sonraí sin do phróiseáil den sórt sin chun críche tionscadail taighde agus nuálaíochta, i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha sonracha.
8.Ní dhéanfaidh Europol sonraí le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta a phróiseáil gan toiliú a fháil ó sholáthraí na sonraí,. Féadfar an toiliú sin a tharraingt siar tráth ar bith.
Airteagal 103
Fógra maidir le sárú ar shonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann
1.Gan dochar d’Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2018/1725, i gcás sárú ar shonraí pearsanta, tabharfaidh Europol fógra maidir leis an sárú sin gan moill mhíchuí d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus do sholáthraí na sonraí lena mbaineann mura rud é nach dócha go mbeidh riosca ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar an sárú ar shonraí pearsanta.
2.Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n‑áirítear, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, na catagóirí agus líon na n‑ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus líon na dtaifead sonraí lena mbaineann;
(b)tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;
(c)tabharfar tuairisc ar na bearta atá beartaithe nó atá déanta ag Europol chun dul i ngleic leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta;
(d)i gcás inarb iomchuí, molfar bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a mhaolú a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú ar shonraí pearsanta.
Airteagal 104
Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí
Gan difear a dhéanamh d’Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2018/1725, i gcás nach bhfuil sonraí teagmhála an ábhair sonraí lena mbaineann ag Europol, iarrfaidh sé ar sholáthraí na sonraí an sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus Europol a chur ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh. Na Ballstáit a sholáthraíonn na sonraí, cuirfidh siad an sárú ar shonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 105
Ceart rochtana don ábhar sonraí
1.Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis an ceart chun rochtana a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2018/1725 ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí sin iarraidh a dhéanamh chuige sin chuig an údarás a ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin, nó chuig Europol. Déanfaidh an t‑údarás sin an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol laistigh gan moill mhíchuí agus de 1 mhí amháin óna fáil.
2.Deimhneoidh Europol go bhfuair sé an iarraidh dá dtagraítear i mír 1. Freagróidh Europol í gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de 4 mhí tar éis do Europol an iarraidh a fháil, gan dochar d’Airteagal 81 de Rialachán (AE) 2018/1725.
3.Rachaidh Europol i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát agus le soláthraí na sonraí lena mbaineann maidir le cinneadh atá le glacadh. Beidh cinneadh faoi rochtain ar shonraí pearsanta ag brath ar dhlúthchomhar idir Europol agus na Ballstáit agus soláthraí na sonraí a bhfuil baint dhíreach ag an rochtain atá ag an ábhar sonraí ar na sonraí sin leo. Rachaidh na Ballstáit agus soláthraí na sonraí lena mbaineann i ndlúthchomhar le Europol agus freagróidh siad an comhairliúchán arna dhéanamh ag Europol gan moill mhíchuí. I gcás ina ndéanann an Ballstát nó soláthraí na sonraí agóid in aghaidh freagra beartaithe Europol, tabharfaidh sé fógra do Europol faoi na cúiseanna lena chur in aghaidh. Tabharfaidh Europol lánaird ar aon agóid den sórt sin. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh Europol fógra faoina chinneadh d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus do sholáthraí na sonraí.
Airteagal 106
An ceart go ndéanfaí ceartúchán, léirscriosadh agus srianadh
1.Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis an ceart chun sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó chun próiseáil a shrianadh maidir le sonraí pearsanta a bhaineann leis, dá dtagraítear in Airteagal 82 de Rialachán (AE) 2018/1725, iarraidh a dhéanamh chuige sin, tríd an údarás a ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin, nó chuig Europol. Nuair a dhéantar an iarraidh chuig an údarás sin, déanfaidh sé an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol laistigh de 1 mhí amháin óna fáil.
2.Gan dochar d’Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh Europol próiseáil na sonraí pearsanta a shrianadh seachas iad a scriosadh i gcás ina mbíonn foras ann lena chreidiúint go bhféadfadh scriosadh difear a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí.
3.Ní dhéanfar sonraí srianta a phróiseáil ach amháin chun cearta an ábhair sonraí a chosaint, i gcás inar gá sin chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint, nó chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725.
4.I gcás inar sholáthair tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó institiúidí,comhlachtaí, misin, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 atá i seilbh Europol dó nó inar sholáthair páirtithe príobháideacha iad go díreach dó nó inar aisghabh Europol iad ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó má tháinig na sonraí chun cinn mar thoradh ar anailísí Europol féin, déanfaidh Europol sonraí den sórt sin a cheartú, nó a scriosadh nó a bpróiseáil a shrianadh agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé an méid sin in iúl do sholáthraithe na sonraí.
5.I gcás inar sholáthair na Ballstáit sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 atá i seilbh Europol go díreach dó, is iad na Ballstáit atá i gceist a dhéanfaidh sonraí den sórt sin a cheartú nó a scriosadh nó a bpróiseáil a shrianadh i gcomhar le Europol faoi chuimsiú a gcuid inniúlachtaí faoi seach.
6.Déanfaidh Europol, i gcomhar le soláthraí na sonraí lena mbaineann, na sonraí a cheartú nó a léirscriosadh sna cásanna uile seo a leanas:
(a)tarchuireadh nó aistríodh sonraí pearsanta míchearta ar mhodh iomchuí eile;
(b)is é is cúis leis na hearráidí sna sonraí arna soláthar ag na Ballstáit tarchur nó aistriú nó tarchur lochtach nó aistriú de shárú ar an Rialachán seo;
(c)má tháinig na hearráidí sna sonraí chun cinn toisc gur ionchuir Europol na sonraí sin ar bhealach mícheart nó de shárú ar an Rialachán seo, nó má chuaigh Europol i gceannas orthu ar bhealach mícheart nó de shárú ar an Rialachán seo nó má stóráil Europol ar bhealach mícheart iad nó de shárú ar an Rialachán seo.
7.Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5 tabharfar fógra láithreach dóibh siúd go léir a bhfuil na sonraí lena mbaineann dírithe orthu. I gcomhréir leis na rialacha atá infheidhme dóibh, ceartóidh, léirscriosfaidh nó srianfaidh siad siúd a bhfuil na sonraí dírithe orthu na sonraí ina gcuid córas féin.
Airteagal 107
Freagracht maidir le hábhair cosanta sonraí
1.Próiseálfaidh Europol sonraí pearsanta ar bhealach a n‑áiritheoidh gur féidir a bhfoinse, i gcomhréir le hAirteagal 28, a shuí.
2.Beidh an fhreagracht as cruinneas na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 71(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/1725 orthu seo a leanas:
(a)is é an Ballstát nó an comhlacht Aontais a chuir na sonraí pearsanta ar fáil do Europol a bheidh freagrach;
(b)is é Europol a bheidh freagrach i ndáil le sonraí pearsanta arna gcur ar fáil ag tríú tíortha, nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó go díreach ag páirtithe príobháideacha, as sonraí pearsanta arna n‑aisghabháil ag Europol ó fhoinsí atá ar fáil don phobal nó a eascraíonn as anailísí Europol féin agus as sonraí pearsanta atá á stóráil ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 101(5).
3.I gcás inarb eol do Europol , maidir le sonraí pearsanta a soláthraíodh de bhun Airteagal 28(1), pointí (a) agus (b), go bhfuil siad mícheart go fíorasach nó gur stóráladh go neamhdhleathach iad, cuirfidh sé an méid sin in iúl do sholáthraí na sonraí sin dá réir.
4.Is iad seo a leanas a bheidh freagrach as dlíthiúlacht an tarchuir nó an aistrithe sonraí:
(a)an Ballstát a sholáthair na sonraí pearsanta do Europol;
(b)Europol i gcás arb é Europol a sholáthair na sonraí pearsanta do na Ballstáit, do thríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.
5.I gcás tarchuir idir Europol agus institiúid, comhlacht, misean, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, is é Europol a bheidh freagrach as dlíthiúlacht an tarchuir.
Gan dochar don chéad fhomhír, i gcás inarb é Europol a tharchuirfidh na sonraí tar éis iarraidh a fháil ón bhfaighteoir, beidh Europol agus an faighteoir araon freagrach as dlíthiúlacht tarchuir den chineál sin.
6.Is é Europol a bheidh freagrach as na hoibríochtaí próiseála sonraí uile arna gcur i gcrích aige ach amháin malartú déthaobhach sonraí le bonneagar Europol idir Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus páirtithe príobháideacha nach bhfuil rochtain ag Europol orthu. Is faoi fhreagracht na n‑eintiteas lena mbaineann agus i gcomhréir lena ndlí a dhéanfar na malartuithe déthaobhacha den sórt sin. Áiritheofar slándáil malartuithe den chineál sin i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725.
Airteagal 108
Réamhchomhairliúchán
1.Féadfaidh Europol oibríochtaí próiseála atá faoi réir réamhchomhairliúchán le MECS de bhun Airteagal 90(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 a thionscnamh mura rud é go bhfuil comhairle i scríbhinn tugtha ag MECS de bhun Airteagal 90(4) den Rialachán sin laistigh de thréimhse 8 seachtaine, tréimhse a thosaíonn ar dháta tíolactha na hiarrata tosaigh ar chomhairliúchán agus nach bhfuil le cur ar fionraí ná nach bhfuil síneadh le cur léi.
2.I gcás ina bhfuil tábhacht mhór ag baint leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le comhlíonadh chúraimí Europol agus má tá siad thar a bheith práinneach agus riachtanach chun bagairt láithreach coire a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol a chosc agus a chomhrac nó chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint, féadfaidh Europol próiseáil a thionscnamh d’éisceacht.
Sa chás sin, cuirfidh Europol MECS ar an eolas sula gcuirfear tús leis na hoibríochtaí próiseála agus soláthróidh sé tuairisc réasúnaithe dó ar an gcríoch atá beartaithe don phróiseáil, ar na catagóirí sonraí lena mbaineann agus measúnú tosaigh ar na rioscaí d’ábhair sonraí. Cuirfidh Europol faoi bhráid MECS an fhaisnéis bhreise lena bhfuil gá chun críche an réamhchomhairliúcháin le MECS laistigh de 4 seachtaine tar éis thús na n‑oibríochtaí próiseála.
Cuirfear san áireamh go cúlghabhálach comhairle i scríbhinn ó MECS de bhun Airteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2018/1725 , agus déanfar slí dhéanta na próiseála a choigeartú dá réir sin.
Beidh baint ag an Oifigeach Cosanta Sonraí le measúnú a dhéanamh ar phráinn na n‑oibríochtaí próiseála sin agus déanfaidh sé formhaoirseacht ar an bpróiseáil atá i gceist.
Airteagal 109
An tOifigeach Cosanta Sonraí
1.Ceapfaidh an Bord Bainistíochta ball foirne de chuid Europol mar Oifigeach Cosanta Sonraí, a ainmneofar go sainiúil don phost sin amháin.
2.Chun tacú leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus a chúraimí nó a cúraimí á gcur i gcrích aige nó aici, féadfar ball foirne Europol a ainmniú mar Oifigeach Cosanta Sonraí cúnta
3.Tuairisceoidh an tOifigeach Cosanta Sonraí go díreach don Bhord Bainistíochta.
4.Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Bainfidh na rialacha cur chun feidhme sin go háirithe leis an nós imeachta chun an tOifigeach Cosanta Sonraí a roghnú agus lena dhífhostú nó lena dífhostú, lena chúraimí nó lena cúraimí, lena dhualgais nó lena dualgais agus lena chumhachtaí nó lena cumhachtaí, chomh maith le coimircí dá neamhspleáchas.
5.Ceapfar an tOifigeach Cosanta Sonraí le haghaidh téarma 4 bliana agus beidh sé incháilithe le ceapadh arís.
6.Na forálacha is infheidhme maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, beidh feidhm acu mutatis mutandis maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí cúnta.
7.I gcás ina measfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí nár comhlíonadh forálacha an Rialacháin seo nó forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfidh sé nó sí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an eolas faoi sin agus iarrfaidh sé nó sí air nó uirthi an neamhchomhlíonadh a réiteach laistigh de thréimhse shonraithe. I gcás nach ndéanann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhchomhlíonadh na próiseála a réiteach laistigh den tréimhse shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an Bord Bainistíochta ar an eolas. Freagróidh an Bord Bainistíochta laistigh de theorainn ama shonraithe arna comhaontú leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. I gcás nach réitíonn an Bord Bainistíochta an neamhchomhlíonadh laistigh den tréimhse shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an t‑ábhar faoi bhráid MECS.
Airteagal 110
Oifigeach um Chearta Bunúsacha
1.Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Oifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú. Féadfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha a bheith ina bhall d’fhoireann Europol ar cuireadh oiliúint speisialta air maidir le dlí agus cleachtas na gceart bunúsach.
2.Déanfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha na cúraimí seo a leanas:
(a)comhairle a chur ar Europol i gcás ina measfaidh sé nó sí gur gá déanamh amhlaidh nó arna iarraidh sin maidir le haon ghníomhaíocht de chuid Europol gan bac ná moill a chur ar na gníomhaíochtaí sin;
(b)faireachán a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann Europol cearta bunúsacha;
(c)tuairimí neamhcheangailteacha a chur ar fáil maidir le socruithe oibre;
(d)an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar an eolas faoi sháruithe féideartha ar chearta bunúsacha le linn ghníomhaíochtaí Europol;
(e)urraim Europol do chearta bunúsacha i gcomhlíonadh a chúraimí agus a ghníomhaíochtaí a chur chun cinn;
(f)aon chúraimí eile, i gcás ina bhforáiltear dóibh sa Rialachán seo.
3.Ullmhóidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha go díreach don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foilseoidh sé tuarascálacha bliantúla ar a chuid gníomhaíochtaí nó ar a cuid gníomhaíochtaí, lena n‑áirítear a mhéid a urramaítear cearta bunúsacha le gníomhaíochtaí Europol. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil don Bhord Bainistíochta.
Airteagal 111
Oiliúint um Chearta Bunúsacha
Cuirfear oiliúint shainordaitheach ar bhaill foirne Europol maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint. Ba cheart oiliúint thiomnaithe maidir le próiseáil sonraí pearsanta a chur ar bhaill foirne uile Europol a bhfuil baint acu le cúraimí oibríochtúla a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. Forbrófar an oiliúint sin i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí.
Airteagal 112
Maoirseacht ag an údarás maoirseachta náisiúnta
1.Ar mhaithe lena bhfeidhm maoirseachta a fheidhmiú, beidh rochtain ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680, ag áitreabh an aonaid náisiúnta Europol nó na n‑oifigeach idirchaidrimh, ar shonraí a chuireann a mBallstát faoi bhráid Europol i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha agus na logaí dá dtagraítear in Airteagal [...] de Rialachán (AE) 2018/1725.
2.Beidh rochtain ag údaráis maoirseachta náisiúnta ar oifigí agus ar dhoiciméid a gcuid oifigeach idirchaidrimh féin atá in Europol.
3.I gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha, déanfaidh údaráis maoirseachta náisiúnta maoirseacht ar ghníomhaíochtaí aonaid náisiúnta Europol agus ar ghníomhaíochtaí oifigeach idirchaidrimh, a mhéid atá gníomhaíochtaí den sórt sin ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Chomh maith leis sin, coimeádfaidh siad MECS ar an eolas faoi aon ghníomh a ghlacann siad i ndáil le Europol.
4.Beidh sé de cheart ag aon duine iarraidh ar an údarás maoirseachta náisiúnta dlíthiúlacht aon tarchuir nó aistrithe a bhaineann leis chuig Europol nó aon chur in iúl sonraí a bhaineann leis do Europol i bhfoirm ar bith agus dlíthiúlacht rochtana ar na sonraí ag an mBallstát lena mbaineann a fhíorú. Déanfar an ceart sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a ndéantar an iarraidh ann.
Airteagal 113
Comhar idir MECS agus na húdaráis maoirseachta náisiúnta
1.Gníomhóidh MECS i ndlúthchomhar le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar shaincheisteanna lena gceanglaítear rannpháirtíocht náisiúnta, go háirithe má fhaigheann MECS nó údarás maoirseachta náisiúnta go bhfuil neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó tarchur nó aistrithe a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach in úsáid chainéil Europol um malartú faisnéise, nó i bhfianaise ceisteanna arna n‑ardú ag údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó ar chur chun feidhme agus léiriú an Rialacháin seo.
2.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar maoirseacht chomhordaithe a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725. Bainfidh MECS úsáid as saineolas agus taithí na n‑údarás maoirseachta náisiúnta agus a chuid nó a cuid dualgas, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 iad, á gcur i gcrích aige nó aici.
Agus cigireachtaí comhpháirteacha á ndéanamh acu i dteannta MECS, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na coimhdeachta agus comhréireachta, beidh cumhachtaí ag comhaltaí agus foireann na n‑údarás maoirseachta náisiúnta atá coibhéiseach leis na cumhachtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 agus beidh siad faoi cheangal oibleagáid atá coibhéiseach leis an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 129 den Rialachán seo
3.Coimeádfaidh MECS údaráis maoirseachta náisiúnta ar an eolas go hiomlán faoi gach saincheist a bhaineann go díreach leo nó atá ábhartha dóibh ar bhealach eile. Arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na húdaráis maoirseachta náisiúnta, cuirfidh MECS iad ar an eolas maidir le saincheisteanna sonracha.
4.I gcásanna a bhaineann le sonraí de thionscnamh Ballstáit amháin nó níos mó, lena n‑áirítear cásanna dá dtagraítear in Airteagal 114, rachaidh MECS i gcomhairle leis na húdaráis maoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Ní dhéanfaidh MECS beart breise sula gcuireann na húdaráis maoirseachta náisiúnta sin a mbarúlacha in iúl do MECS, laistigh den sprioc-am a shonraíonn sé nó sí nach mbeidh níos giorra ná mí amháin agus níos faide ná 3 mhí ón uair a rachaidh MECS i gcomhairle leis na húdaráis maoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Cuirfidh MECS seasamh na n‑údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann san áireamh go hiomlán. I gcás nach bhfuil sé ar intinn ag MECS seasamh de chuid údaráis maoirseachta náisiúnta a leanúint, cuirfidh sé nó sí an t‑údarás sin ar an eolas agus tabharfaidh sé nó sí údar cuí leis agus cuirfidh sé nó sí an t‑ábhar faoi bhráid an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.
Caibidil IX
Leigheasanna agus dliteanas
Airteagal 114
An nós imeachta maidir le gearáin arna láimhseáil ag MECS
1.I gcás ina mbaineann gearán le cinneadh dá dtagraítear in Airteagail 105 nó 106 den Rialachán seo nó in Airteagail 81 nó 82 de Rialachán (AE) 2018/1725, rachaidh MECS i gcomhairle le húdaráis maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a sholáthair na sonraí nó leis an mBallstát lena mbaineann go díreach. Agus a chinneadh nó a cinneadh á ghlacadh aige nó aici, ar cinneadh é a bhféadfar a bheith dá thoradh go ndiúltófar faisnéis ar bith a chur in iúl, déanfaidh MECS tuairim an údaráis maoirseachta náisiúnta a chur san áireamh.
2.I gcás ina mbaineann gearán leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí a chuir Ballstát ar fáil do Europol, áiritheoidh MECS agus údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit sin a chuir na sonraí ar fáil, agus iad ag gníomhú laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, go ndéantar i gceart na seiceálacha is gá maidir le dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí.
3.I gcás ina mbaineann gearán leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí a chuir institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta ar fáil do Europol, nó le sonraí a d’aisghabh Europol ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó a eascraíonn as anailísí Europol féin, áiritheoidh MECS go bhfuil na seiceálacha riachtanacha déanta i gceart ag Europol maidir le dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí.
Airteagal 115
Forálacha ginearálta ar dhliteanas agus an ceart chun cúitimh
1.Beidh dliteanas conarthach Europol faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.
2.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag Europol.
3.I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh Europol, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a ranna nó a seirbhísigh ina siocair leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas.
4.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste dá dtagraítear i mír 3.
5.Beidh dliteanas pearsanta fhoireann Europol i leith Europol faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile is infheidhme maidir leo.
Caibidil X
Grinnscrúdú parlaiminteach comhpháirteach
Airteagal 116
Grinnscrúdú parlaiminteach comhpháirteach
1.De bhun Airteagal 88 CFAE, déanfaidh Parlaimint na hEorpa grinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí Europol in éineacht leis na parlaimintí náisiúnta. Beidh sé sin ina Ghrúpa speisialaithe um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC) a bhunóidh na parlaimintí náisiúnta agus coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa go comhpháirteach. Parlaimint na hEorpa in éineacht leis na parlaimintí náisiúnta a chinnfidh eagrú agus rialacha nós imeachta GGPC i gcomhréir le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí Náisiúnta san Aontas Eorpach.
2.Déanfaidh GGPC faireachán polaitiúil ar na gníomhaíochtaí a dhéanann Europol agus é i mbun a mhisin, lena n‑áirítear maidir le tionchar na ngníomhaíochtaí sin ar chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha.
3.Tiocfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó a nIonadaithe os comhair GGPC, arna iarraidh sin dó, chun plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, lena n‑áirítear gnéithe buiséadacha na ngníomhaíochtaí sin, eagrúchán struchtúrach Europol agus aonaid nua agus lárionaid shainfheidhmithe nua a d’fhéadfaí a bhunú, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh. Féadfaidh GGPC a chinneadh cuireadh a thabhairt chuig a chuid cruinnithe do dhaoine ábhartha eile, más iomchuí.
4.Tiocfaidh MECS os comhair GGPC, arna iarraidh sin dó, uair sa bhliain ar a laghad chun plé a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, agus go háirithe cosaint sonraí pearsanta, maidir le gníomhaíochtaí Europol, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh.
5.Rachaidh Europol i gcomhairle le GGPC i ndáil le clársceidealú ilbhliantúil Europol i gcomhréir le hAirteagal 73(1).
6.Tarchuirfidh Europol na doiciméid seo a leanas, chun críocha faisnéise, chuig GGPC agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh:
(a)anailísí straitéiseacha, measúnuithe ar bhagairtí, tuairiscí treochtaí agus faisnéisithe staide a bhaineann le hinniúlacht Europol agus torthaí staidéar agus meastóireachtaí arna gcoimisiúnú ag Europol;
(b)na socruithe riaracháin a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 79(3);
(c)an doiciméad ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, dá dtagraítear in Airteagal 73(1);
(d)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol, dá dtagraítear in Airteagal 73(2), lena n‑áirítear faisnéis ábhartha faoi ghníomhaíochtaí Europol agus na torthaí a fhaightear agus tacair mhóra sonraí á bpróiseáil, gan aon sonraí oibríochtúla a nochtadh agus gan dochar d’aon imscrúduithe a leanann go fóill;
(e)an tuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas ag an gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 130;
(f)faisnéis bhliantúil de bhun Airteagal 96(12) maidir leis na sonraí pearsanta a mhalartaítear le páirtithe príobháideacha de bhun Airteagal 96, lena n‑áirítear measúnú ar éifeachtacht an chomhair, samplaí sonracha de chásanna lena léirítear an fáth a raibh na hiarrataí sin riachtanach agus comhréireach chun é a chur ar a chumas do Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh, agus, maidir le malartuithe sonraí pearsanta de bhun Airteagal 96, an líon leanaí a sainaithníodh mar thoradh ar na malartuithe sin a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil do Europol;
(g)faisnéis bhliantúil maidir le an líon cásanna ina raibh sé riachtanach do Europol nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a phróiseáil, mar aon le faisnéis maidir le fad agus torthaí na próiseála, lena n‑áirítear samplaí de na cásanna sin lena léirítear cén fáth a raibh an phróiseáil sonraí sin riachtanach agus comhréireach;
‑(h)faisnéis bhliantúil maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun Airteagal 94, lena náirítear an líon cásanna inar údaraíodh aistrithe de bhun Airteagal 94(2);
‑(i)faisnéis bhliantúil faoin líon cásanna inar mhol Europol go bhféadfaí foláirimh faisnéise a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 30, lena náirítear samplaí sonracha de chásanna lena léirítear cén fáth ar moladh iontráil na bhfoláireamh sin;
‑‑(j)faisnéis bhliantúil faoin líon tionscadal taighde agus nuálaíochta arna ndéanamh, lena náirítear faisnéis faoi chuspóirí na dtionscadal sin, catagóirí na sonraí pearsanta a próiseáladh, na coimircí breise a úsáideadh, lena náirítear íoslaghdú sonraí, na riachtanais forfheidhmithe dlí a bhféachtar leis na tionscadail sin le haghaidh a thabhairt orthu agus toradh na dtionscadal sin;
(k)faisnéis bhliantúil maidir le líon agus cineálacha na gcásanna inar próiseáladh catagóirí speisialta sonraí pearsanta, de bhun Airteagal 100.
Déanfar na samplaí dá dtagraítear i bpointe (f) agus pointe (i) a anaithnidiú a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta.
Déanfar na samplaí dá dtagraítear i bpointe (g) a anaithnidiú a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta, gan aon sonraí oibríochtúla a nochtadh agus gan dochar d’aon imscrúduithe a leanann go fóill.
7.Féadfaidh GGPC doiciméid ábhartha eile a iarraidh a mbeadh gá leo chun a chúraimí a bhaineann le faireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol a chomhlíonadh, faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 76 agus gan difear a dhéanamh d’Airteagail 117 agus 129 den Rialachán seo.
8.Féadfaidh GGPC conclúidí achoimre a dhréachtú maidir leis an bhfaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol, lena n‑áirítear moltaí sonracha neamhcheangailteacha chuig Europol, agus na conclúidí sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta. Cuirfidh Parlaimint na hEorpa na conclúidí sin ar aghaidh, chun críoch faisnéise, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Europol.
Airteagal 117
Rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis arna próiseáil ag Europol nó tríd
1.Chun é a chur ar a chumas di grinnscrúdú parlaiminteach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí Europol i gcomhréir le hAirteagal 116, comhlíonfaidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa agus ag GGPC ar fhaisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe arna próiseáil ag Europol nó tríd, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 129(1).
2.Beidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis rúnaicmithe AE arna próiseáil ag Europol nó tríd comhsheasmhach leis an gComhaontú Idirinstitiúideach is infheidhme idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh na Comhairle a bhaineann le nithe seachas na nithe i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus maidir le Parlaimint na hEorpa láimhseáil na faisnéise sin, agus comhlíonfaidh an rochtain sin na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 129(2) den Rialachán seo.
3.Na sonraí riachtanacha a bhaineann le rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, beidh siad á rialú ag socruithe oibre a thabharfar chun críche idir Europol agus Parlaimint na hEorpa.
Caibidil XI
Foireann
Airteagal 118
Forálacha ginearálta
1.Na Rialacháin Foirne, na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann Europol.
2.Is é a bheidh i bhfoireann Europol baill foirne shealadacha agus baill foirne ar conradh. Cuirfear an Bord Bainistíochta ar an eolas ar bhonn bliantúil i ndáil le conarthaí tréimhse éiginnte arna ndeonú ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Cinnfidh an Bord Bainistíochta na poist a bheidh le líonadh ag gníomhairí sealadacha dá bhforáiltear sa phlean bunaíochta nach bhféadfar a líonadh ach le baill foirne ó údaráis inniúla na mBallstát. Déanfaidh an Bord Bainistíochta athbhreithniú go tráthrialta ar na poist sin i bhfianaise riachtanas oibríochtúil agus an ghá saineolas speisialaithe a chaomhnú. Ní fhéadfar ach conarthaí ar théarma seasta a dhámhachtain ar bhaill foirne a earcófar chuig poist den sórt sin, ar conarthaí iad is féidir a athnuachan aon uair amháin. Ní bheidh uastréimhse fhoriomlán na gconarthaí sin do ghníomhairí sealadacha níos faide ná 10 mbliana.
Airteagal 119
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
1.Féadfaidh Europol leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht.
2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a leagfaidh síos rialacha faoi shaineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht chuig Europol.
Caibidil XII
Forálacha airgeadais
Airteagal 120
Buiséad
1.Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile Europol le haghaidh gach bliana airgeadais, rud a fhreagróidh don bhliain féilire, agus léireofar i mbuiséad Europol iad.
2.Comhardófar buiséad Europol i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.
3.Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam Europol:
(a)ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;
(b)ranníocaíochtaí ó thíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, i gcás ina bhforáiltear do na ranníocaíochtaí sin sna comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha;
(c)aon ranníocaíocht dheonach airgeadais ó na Ballstáit, i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.
4.Féadfaidh Europol tairbhiú de chistiú an Aontais i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó deontais ad hoc i gcomhréir lena rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 124 agus le forálacha na n‑ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais.
5.Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bonneagair, agus costais oibriúcháin san áireamh i gcaiteachas Europol.
6.Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí a mhairfidh níos faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla éagsúla.
Airteagal 121
An buiséad a bhunú
1.Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas a tharraingt suas gach bliain ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas Europol le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear plean bunaíochta, agus seolfaidh sé chuig an mBord Bainistíochta é. Leagfar amach an dréachtráiteas ar mheastacháin ar bhealach lena n‑áiritheofar difreáil shoiléir na leithreasuithe de réir foghníomhaíochta, i gcomhréir le struchtúr an Doiciméid Clársceidealaithe Aonair.
2.Ar bhonn an dréachtráitis ar mheastacháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas Europol le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear an plean bunaíochta sealadach. Seolfaidh an bord bainistíochta é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain, mar chuid den dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair.
3.Seolfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtmheastachán críochnaitheach ar ioncam agus ar chaiteachas Europol, lena gcuimseofar dréachtphlean bunaíochta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta gach bliain.
4.Seolfaidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle in éineacht le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.
5.Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin sin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é i gcomhréir le hAirteagail 313 agus 314 CFAE.
6.Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe le haghaidh na ranníocaíochta ón Aontas a íocfar le Europol.
7.Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plean bunaíochta Europol.
8.Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad Europol. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach nuair a bheidh glactha go críochnaitheach le buiséad ginearálta an Aontais. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.
9.Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 maidir le haon tionscadail tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra acu do bhuiséad Europol.
Airteagal 122
Cur chun feidhme an bhuiséid
1.Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad Europol chun feidhme.
2.Gach bliain, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí aon nós imeachta meastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Airteagal 123
Tíolacadh cuntas agus urscaoileadh
1.Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dár gcionn (bliain N + 1).
2.Seolfaidh Europol tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais le haghaidh na bliana N chuig Pharlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain N + 1.
3.Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha Europol le haghaidh na bliana N, agus iad comhdhlúite le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain N + 1.
4.Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha Europol, de bhun Airteagal 252 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol cuntais chríochnaitheacha Europol le haghaidh na bliana sin a tharraingt suas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta chun tuairim a fháil.
5.Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha Europol le haghaidh na bliana N.
6.Faoin 1 Iúil an bhliain N + 1, seolfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol na cuntais chríochnaitheacha le haghaidh na bliana N, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear i mír 5, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
7.Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N1 + 1.
8.Faoin 30 Meán Fómhair an bhliain N + 1, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar na barúlacha arna ndéanamh ina tuarascáil bhliantúil. Seolfaidh sé nó sí an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.
9.Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá chun nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil le haghaidh na bliana N, i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.
10.Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N2 + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.
Airteagal 124
Rialacha airgeadais
1.Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Europol. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 mura rud é go mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach le haghaidh oibriú Europol agus mura mbeidh toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.
2.Féadfaidh Europol deontais a bhaineann le comhlíonadh a chúraimí a dhámhachtain.
3.Féadfaidh Europol deontais a dhámhachtain, gan glao ar thograí, ar Bhallstáit, ar thríú tíortha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta chun gníomhaíochtaí a dhéanamh a thagann faoi raon feidhme inniúlacht Europol.
4.I gcás ina mbeidh údar cuí leis chun críocha oibríochtúla, i ndiaidh údarú ón mBord Bainistíochta, féadfar na costais infheistíochta iomlána a bhaineann le trealamh agus bonneagar a chumhdach le tacaíocht airgeadais.
5.Leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear i mír 1, féadfar na critéir a shonrú faoina bhféadfar tacaíocht airgeadais na costais infheistíochta iomlána dá dtagraítear i mír 4.
6.I dtaca leis an tacaíocht airgeadais atá le tabhairt do ghníomhaíochtaí na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, bunóidh Eurojust agus Europol i gcomhpháirt na rialacha agus na coinníollacha faoina ndéanfar iarratais ar thacaíocht den sórt sin a phróiseáil.
Caibidil XIII
Forálacha ilghnéitheacha
Airteagal 125
Pribhléidí agus díolúintí
1.Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, maidir le Europol agus a fhoireann.
2.Beidh pribhléidí agus díolúintí oifigeach idirchaidrimh agus a gcuid ball teaghlaigh faoi réir comhaontú idir Ríocht na hÍsiltíre agus na Ballstáit eile. Déanfar foráil leis an gcomhaontú sin maidir leis na pribhléidí agus na díolúintí sin atá riachtanach chun cúraimí na n‑oifigeach idirchaidrimh a chomhlíonadh i gceart.
Airteagal 126
Socruithe teangacha
1.Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 maidir le Europol.
2.Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga Europol trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.
3.Is é Lárionad Aistriúcháin chomhlachtaí an Aontais a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle a sholáthróidh aistriúchán agus gach seirbhís teanga eile a theastóidh ó Europol, seachas ateangaireacht 77 .
Airteagal 127
Trédhearcacht
1.Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh Europol. Nuair a thacaíonn Europol le himscrúduithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ag Europol difear d’Airteagal 109 de Rialachán (AE) 2017/1939.
2.Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh Europol faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n‑ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó ina n‑ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE faoi seach.
3.Foilseoidh Europol ar a láithreán gréasáin liosta de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus an achoimre ar an toradh a bhí ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta. Beidh foilsiú na n‑achoimrí sin sealadach nó fágfar amach nó srianfar go deo é i gcás ina gcuirfí feidhmiú chúraimí Europol i mbaol leis an bhfoilsiú sin, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta agus gné oibríochtúil Europol á gcur san áireamh.
Airteagal 128
Calaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus a chomhrac
1.Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais ó Europol.
2.Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, chun a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le deontas nó conradh arna dhámhachtain ag Europol, nó ábhair thromchúiseacha a bhaineann le comhlíonadh dualgas gairmiúil ar faillí iad in oibleagáidí comhaltaí nó ball foirne a bhféadfadh imeachtaí araíonachta nó, de réir mar a bheidh, imeachtaí coiriúla a bheith ann dá ndeasca. Déanfar imscrúduithe den sórt sin i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 78 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 79 .
3.I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, déanann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 80 .
Airteagal 129
Rialacha maidir le faisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe agus rúnaicmithe a chosaint
1.Glacfaidh Europol a chuid rialacha slándála féin a bheidh bunaithe ar na prionsabail agus na rialacha atá leagtha síos i rialacha slándála an Choimisiúin chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe a chosaint, lena n‑áirítear, inter alia, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú le tríú tíortha, agus próiseáil agus stóráil faisnéise den sórt sin mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 81 agus (AE, Euratom) 2015/444 82 ón gCoimisiún.
2.Glacfaidh an bord bainistíochta rialacha slándála Europol tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún. Agus measúnú á dhéanamh aige ar na rialacha slándála atá beartaithe, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad ar comhréir le Cinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444 83 .
Airteagal 130
Meastóireacht agus athbhreithniú
1.Tráth nach déanaí ná... [5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmíocht Europol i ndáil lena inniúlacht, lena shainordú, lena chúraimí agus lena rialachas i gcomhréir le treoirlínte ón gCoimisiún. Tabharfar éisteacht don Bhord Bainistíochta sa phróiseas meastóireachta. Agus measúnú á dhéanamh ar thionchar ghníomhaíochtaí Europol ar chearta bunúsacha, lorgóidh an Coimisiún ionchur ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.
2.Tabharfar aghaidh leis an meastóireacht go háirithe ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le sainordú Eurojust a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag an modhnú sin.
3.Tráth gach dara meastóireachta, déanfar measúnú ar na torthaí a bhain Europol amach ag féachaint dá inniúlacht, dá shainordú, dá rialachas agus dá chúraimí, lena n‑áirítear meastóireacht ina bpléifear an bhfuil bonn cirt fós leis ó thaobh na hinniúlachta, an tsainordaithe, an rialachais agus na gcúraimí sin go leanfaí ar aghaidh leis an nGníomhaireacht.
4.Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta maidir le torthaí na meastóireachta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.
Airteagal 131
Fiosrúcháin riaracháin
Beidh gníomhaíochtaí Europol faoi réir fiosrúcháin ag an Ombudsman Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.
Airteagal 132
Ceanncheathrú
Maidir leis na socruithe riachtanacha a bhaineann leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do Europol i Ríocht na hÍsiltíre agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag Ríocht na hÍsiltíre, i dteannta leis na rialacha sonracha is infheidhme ansin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, do chomhaltaí den Bhord Bainistíochta, d’fhoireann Europol agus dá mbaill teaghlaigh, leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún idir Europol agus Ríocht na hÍsiltíre, i gcomhréir le Prótacal Uimh. 6.
Beidh an méid sin gan dochar don deis atá ag Europol feidhmeanna agus acmhainneachtaí oibríochtúla, teicniúla nó riaracháin a óstáil i mBallstáit eile.
CAIBIDIL XIV
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 133
Comharbas dlíthiúil
1.Beidh Europol arna bhunú leis an Rialachán seo ina chomharba dlíthiúil ar Europol arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/794 i ndáil lena chearta agus a oibleagáidí uile faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme.
2.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do bhailíocht na gcomhaontuithe comhair ná do na socruithe oibre a thug Europol i gcrích faoi Choinbhinsiún Europol, faoi Chinneadh 2009/371/CGB nó faoi Rialachán (AE) 2016/794. Beidh na comhaontuithe comhair agus na socruithe oibre sin i bhfeidhm fós agus cuirfear i bhfeidhm iad go dtí go rachaidh siad in éag nó go n‑athsholáthrófar iad.
Airteagal 134
Socruithe idirthréimhseacha
1.Féadfaidh Europol leanúint de na gníomhaíochtaí arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) 2016/794 ar gníomhaíochtaí iad nach dtugtar i gcrích roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Leanfar de na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.Maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Europol roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, féadfaidh Europol leanúint de na sonraí sin a phróiseáil i gcás ina gcomhlíonann an phróiseáil sin an Rialachán seo.
3.Aon tacar aistrithe chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a údaraíonn an Bord Bainistíochta faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) 2016/794, beidh sé bailí faoin Rialachán seo fós go dtí dáta éaga na tréimhse ar údaraíodh an t‑aistriú ina leith.
4.Beidh cinntí, bearta cur chun feidhme, rialacha agus socruithe arna nglacadh de b hun Rialachán (AE) 2016/794 i bhfeidhm fós go dtí go n‑aisghairfear iad nó go n‑athsholáthrófar iad faoin Rialachán seo.
5.Aisghairfidh an Bord Bainistíochta cinntí agus bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2016/794, nach gcomhlíonann an Rialachán seo.
6.Coinneoidh baill foirne arna bhfostú ag Europol an dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as a gconarthaí fostaíochta agus as a gceapacháin.
7.Ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha dá théarma oifige nó dá téarma oifige, beidh freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus na Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin faoi seach, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar na Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin arna gceapadh ar bhonn Rialachán (AE) 2016/794.
Más rud é, an dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm, go mbeidh an chéad téarma oifige á chur isteach ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó ag Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin, is é 5 bliana a bheidh sa téarma oifige sin. Aon síneadh a chuirfear leis an téarma oifige sin, beidh sé de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 76(3)-(7) den Rialachán seo.
Más rud é, an dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm, go mbeidh dara téarma oifige á chur isteach ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó ag Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin, is é 5 bliana a bheidh sa téarma oifige sin. Ní chuirfear aon síneadh breise leis.
8.Leanfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha arna gceapadh faoi Rialachán (AE) 2016/794 dá bhfeidhmeanna a fheidhmiú go dtí deireadh a dtéarmaí oifige féin mar a chinntear faoi Rialachán (AE) 2016/794.
CAIBIDIL XV
Leasuithe ar ionstraimí eile atá ann cheana
Airteagal 135
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1726
I Rialachán (AE) 2018/1726, cuirtear an tAirteagal 41a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 41a
Comhar le Europol
1.féadfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) dul i gcomhar le Europol i réimsí leasa choitinn a bhaineann le córais faisnéise agus bonneagar gaolmhar cumarsáide a fhorbairt, a imscaradh agus a oibriú.
2.Áireofar go háirithe sa chomhar idir eu-LISA agus Europol dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir lena sainorduithe féin:
(a)rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair, nó úsáid na nósanna imeachta sin, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí soláthair chomhpháirtigh, creatchonarthaí nó ionstraimí eile soláthair chun oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a fháil;
(b)comhroinnt, athúsáid nó oiriúnú comhpháirteanna teicniúla, uirlisí, seirbhísí nó bloc tógála arna bhforbairt nó arna n‑oibriú ag ceachtar gníomhaireacht;
(c)tacaíocht theicniúil, saineolas nó seirbhísí a sholáthar, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh sa réimse maidir le córais a fhorbairt, a thástáil, a choinneáil ar bun agus maidir le slándáil na gcóras sin;
(d)foirne comhpháirteacha um thionscadal a bhunú agus an malartú foirne, saineolais agus acmhainní eile is gá chun comhthionscadail agus gníomhaíochtaí teicniúla a chur chun feidhme.
3.Arna iarraidh sin do Europol i gcomhréir le hAirteagal 86 de Rialachán (AE) …/…. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, soláthróidh eu-LISA deimhnithe maidir le bonneagar poiblí fíorthábhachtach ó Údarás Deimhniúcháin eu-LISA do Europol agus, i gcás inarb iomchuí, d’údaráis inniúla na mBallstát chun críocha sheirbhísí, uirlisí agus fheidhmchláir Europol.
4.Beidh an comhar faoi mhíreanna 1 go 3 faoi chuimsiú socruithe oibre lena leagtar amach na módúlachtaí praiticiúla, lena n‑áirítear gnéithe airgeadais, socruithe rialachais, socruithe le haghaidh malartuithe foirne agus sannacháin shealadacha, agus maidir le foirne comhpháirteacha um thionscadal a bhunú agus a oibriú.’.
* Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726 agus (AE) 2024/982, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2016/794]’.
Airteagal 136
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2024/982
Leasaítear Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2024/982 mar a leanas:
(1)i mír 5, cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:’
‘Féadfaidh Europol cuardaigh den sórt sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:
(a)sonraí arna soláthar ag tríú tíortha;
(b)sonraí de thionscnamh na mBallstát.’;
(2)cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:
‘5a. Maidir le cuardaigh a dhéantar le próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus íomhánna den aghaidh, ní fhéadfaidh Europol sonraí de thionscnamh na mBallstát a úsáid ach amháin i gcás ina n‑údaraíonn an Ballstát ar leis na sonraí é. Féadfar an t‑údarú sin a thabhairt sna cásanna seo a leanas:
(a)ar bhonn cás ar chás;
(b)de bhun buanúdarú, faoi réir coinníollacha arna sainiú ag an mBallstát.
5b. Agus cuardaigh á ndéanamh le sonraí bithmhéadracha de thionscnamh na mBallstát, gníomhóidh Europol mar sholáthraí seirbhísí teicniúla agus fóiréinseacha thar ceann Bhallstát an údaraithe agus aon srian ar rochtain, aistriú, tarchur, scriosadh, milleadh nó úsáid bhreise faisnéise arna sonrú ag an mBallstát sin á n‑urramú aige.
(3)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘I gcás ina léiríonn na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 6, 11 nó 20 meaits idir na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh agus na sonraí atá i mbunachar sonraí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha nó na mBallstát iarrtha, ní chuirfidh Europol ach an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, agus é sin nó iad sin amháin, ar an eolas agus, i gcás inarb infheidhme, an Ballstát nó na Ballstáit a d’údaraigh úsáid na sonraí de bhun mhír 6 ar an eolas.’;
(4)i mír 6, an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) rinneadh ainm an tríú tír nó an Bhallstáit a sholáthair na sonraí a tharchur.’;
(5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Maidir leis an úsáid a bhaineann Europol as faisnéis arna fáil ó chuardach arna dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus ó mhalartú tacair bunsonraí i gcomhréir le mír 6, beidh sí faoi réir toiliú a fháil ón mBallstát ar ina bhunachar sonraí a tharla an meaits agus, i gcás inarb infheidhme, ón mBallstát a d’údaraigh úsáid na sonraí de bhun mhír 6. I gcás ina gceadaíonn an Ballstát an fhaisnéis sin a úsáid, déanfar láimhseáil na faisnéise sin ag Europol a rialú le Rialachán (AE) Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [an Rialachán seo].
_____________
* Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726 agus (AE) 2024/982, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2016/794]’.
Caibidil XVI
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 137
Tús oibríochtaí
1.Cinnfidh an Coimisiún an dáta ónar féidir leis na Ballstáit tosú ar réitigh na lódálaithe sonraí dá dtagraítear in Airteagal 38(3) a úsáid chun faisnéis a uaslódáil chuig seirbhís cros‑seiceála Europol trí bhíthin gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal sin.
Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, an dáta óna bhfuil na Ballstáit le tosú ag úsáid réitigh na lódálaithe sonraí.
Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna dtosóidh Europol ag úsáid néalbhonneagar Europol dá dtagraítear in Airteagal 50, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal sin.
2.Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna bhféadfaidh Europol agus na Ballstáit tosú ag úsáid an Spáis Sonraí Comhroinnte Póilíneachta dá dtagraítear in Airteagal 42, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal sin.
Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, an dáta óna dtosóidh Europol agus na Ballstáit ag úsáid an Spáis Sonraí Comhroinnte Póilíneachta.
3.Cinnfidh an Coimisiún an dáta ónar féidir leis na Ballstáit tosú ag úsáid fheidhmchlár AE um meaitseáil ADN dá dtagraítear in Airteagal 54 trí bhíthin gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 49.
4.Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna dtosóidh Europol, na Ballstáit agus an Coimisiún ag úsáid na n‑uirlisí staidrimh agus tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 52, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal sin.
5.Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna dtosóidh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ag úsáid an chórais Amais a Fháil/Gan Amais a Fháil dá dtagraítear in Airteagal 80, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal sin.
Airteagal 138
An nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 139
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 140
Aisghairm
1.Aisghairtear Rialachán (AE) 2016/794 le héifeacht ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].
2.Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 2016/794 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 141
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Beidh feidhm aige ón [dáta].
3.Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
[...] [...]
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH‑ GNÍOMHAIREACHTAÍ
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1,1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 agus Rialachán (AE) 2024/982, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2016/794
1,2.Réimsí beartais lena mbaineann
Réimse beartais: Gnóthaí Baile
Gníomhaíocht: 12 An tSlándáil
12 02 01: Ciste Slándála Inmheánaí (CSI)
12 10 01: Europol
1,3.Cuspóirí
1,3.1.Cuspóirí ginearálta
Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo acmhainneacht Europol a neartú chun tacú leis na Ballstáit coireacht thromchúiseach eagraithe agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac i dtimpeallacht slándála atá ag éirí níos casta agus ina mbíonn gnéithe trasteorann i gceist níos minice, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le slándáil agus sábháilteacht fhoriomlán an Aontais. Go sonrach, is é is cuspóir dó a áirithiú gur féidir le Europol tacaíocht oibríochtúil agus anailíseach a sholáthar go héifeachtach, malartú faisnéise a éascú, agus rannchuidiú le freagairtí comhordaithe an Aontais ar bhagairtí coiriúla atá ag teacht chun cinn agus ag forbairt,
1,3.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach Uimh. 1
Ról Europol mar mhol faisnéise d’fhorfheidhmiú an dlí a threisiú
Is é is aidhm don chuspóir sin acmhainneacht Europol a neartú chun faisnéis choiriúil ardcháilíochta a bhailiú, a phróiseáil, a anailísiú agus a chomhroinnt thar theorainneacha. Féachtar leis le feabhas a chur ar thráthúlacht, idir-inoibritheacht agus inúsáidteacht na malartuithe faisnéise leis na Ballstáit agus le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Tugtar aghaidh leis an gcuspóir ar ilroinnt agus ar thearcúsáid na n‑uirlisí atá ann cheana, agus cosaint láidir sonraí agus coimircí láidre maidir le cearta bunúsacha á n‑áirithiú an tráth céanna.
Cuspóir sonrach Uimh. 2:
Europol mar mhol oibríochtúil
Is é an cuspóir atá ann acmhainneacht Europol a neartú chun tacaíocht oibríochtúil thráthúil, inghníomhaithe agus chuimsitheach a sholáthar in imscrúduithe ar choireacht thromchúiseach eagraithe agus ar sceimhlitheoireacht. Áirítear leis sin é a chur ar a chumas do Europol páirt níos éifeachtaí a ghlacadh i gcásanna trasteorann, trína chumas a neartú chun naisc oibríochtúla idir imscrúduithe náisiúnta a shainaithint, chun obair leantach oibríochtúil idir na Ballstáit a chomhordú, agus chun tacaíocht leanúnach a sholáthar maidir le faisnéis choiriúil, tacaíocht anailíseach, theicniúil, fhóiréinseach agus tacaíocht le haghaidh imscrúduithe airgeadais.
Is é an aidhm atá ann freisin comhar Europol le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a neartú, go háirithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Féachtar leis an aidhm sin le leanúntas tacaíochta ar leibhéal an Aontais a áirithiú ar feadh na saolré oibríochtúla trí fheabhas a chur ar an sreabhadh faisnéise, ar chomhordú oibríochtúil agus ar úsáid chomhlántach na gcumas ar leibhéal an Aontais.
Cuspóir sonrach Uimh. 3:
Europol mar mhol teicneolaíochta agus nuálaíochta
Is é is aidhm don togra acmhainneacht Europol a neartú chun tacú le húdaráis inniúla na mBallstát feadh an timthrialla iomláin taighde, nuálaíochta agus forbartha cumais. Áirítear leis sin é a chur ar a chumas do Europol riachtanais choiteanna maidir le cumais a shainaithint, gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a spreagadh, tacú le réitigh nuálacha a thástáil, a bhailíochtú agus a scálú, agus cumais chomhroinnte a fhorbairt nó a sholáthar lena dtugtar aghaidh ar cheanglais oibríochtúla choiteanna. Tá an aidhm freisin go mbeadh Europol ina ardán lárnach comhair maidir le teicneolaíocht agus nuálaíocht, lena n‑éascófaí comhthiomsú saineolais, acmhainní agus infheistíochtaí agus lena dtacófaí le neamhspleáchas teicneolaíoch straitéiseach agus athléimneacht an Aontais i réimse na slándála inmheánaí.
1,3.3.Cuspóirí ginearálta
|
Tionchar foriomlán: Tá coinne leis go gcuirfidh an tionscnamh feabhas ar éifeachtacht, luas agus comhordú na n‑imscrúduithe trasteorann, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann gníomhaithe agus líonraí coiriúla a shainaithint níos luaithe agus coireacht thromchúiseach eagraithe agus sceimhlitheoireacht a dhéanann difear do shlándáil an Aontais a shuaitheadh ar bhealach níos éifeachtaí. Tá coinne leis freisin go neartóidh an tionscnamh cumas an Aontais calaois, éilliú, sciúradh airgid agus gníomhaíochtaí coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhrath agus a chomhrac. Dá thoradh sin, tá coinne leis go dtairbheoidh saoránaigh an Aontais de phobail níos sábháilte, cosaint níos fearr d’íospartaigh, laghdú ar insíothlú na líonraí coiriúla sa gheilleagar agus in institiúidí poiblí, díobháil airgeadais agus shochaíoch níos ísle de dheasca gníomhaíochtaí coiriúla, agus timpeallacht níos sláine do ghnólachtaí le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch agus infheistíocht dhlisteanach ar fud an Aontais. Ní chuimsítear oibleagáidí rialála do shaoránaigh/thomhaltóirí sa togra, agus ní chruthófar costais bhreise ina leith sin dá thoradh. Tá coinne leis go nginfidh an togra barainneacht scála nach beag d’údaráis phoiblí trí chumais speisialaithe oibríochtúla, anailíseacha, theicniúla agus fóiréinsice digití a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais, rud a laghdóidh dúbailt acmhainní agus infheistíochtaí ó Bhallstát go chéile. Tairbheoidh údaráis náisiúnta de rochtain níos éifeachtúla ar shaineolas ardleibhéil, ar thacaíocht oibríochtúil agus ar acmhainneachtaí teicneolaíochta, rud a bheadh costasach agus dian ar acmhainní a fhorbairt ina n‑aonar ar an leibhéal náisiúnta. Go sonrach: Buntáistí d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais: –Infhaighteacht mhéadaithe ar leibhéal an Aontais ar fhaisnéis ábhartha oibríochtúil agus anailíseach a thacaíonn le himscrúduithe náisiúnta agus trasteorann. –Comhordú oibríochtúil níos luaithe agus níos éifeachtaí in imscrúduithe trasteorann, lena n‑áirítear comhar oibríochtúil á thionscnamh níos tapúla, obair leantach bhreithiúnach níos tráthúla i gcás ina bhfuil gá léi, agus gníomhaíochtaí anailíseacha comhpháirteacha ó Bhallstát go chéile. –Tacaíocht níos tapúla, níos inrochtana agus níos ábhartha ó thaobh oibríochta de ó Europol le haghaidh imscrúduithe náisiúnta agus comhpháirteacha, lena n‑áirítear táirgí anailíseacha oibríochtúla níos tráthúla, níos iontaofa agus níos saibhrithe, tacaíocht le haghaidh imscrúdaithe airgeadais agus obair leantach oibríochtúil. –Líonraí coiriúla, naisc oibríochtúla trasteorann agus sreabha aindleathacha airgeadais ó dhlínsí go chéile á sainaithint níos fearr. –Imscrúduithe casta lena mbaineann fianaise dhigiteach agus tacair mhóra sonraí neamhstruchtúrtha á láimhseáil ar bhealach níos éifeachtaí trí rochtain mhéadaithe ar chumais speisialaithe anailíseacha, theicniúla, fhóiréinseacha agus fóiréinsice digití ar leibhéal an Aontais. –Tacaíocht anailíseach agus oibríochtúil mhéadaithe do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, lena n‑éascaítear comhlántacht, obair leantach chomhordaithe imscrúdaitheach agus gníomhaíocht níos comhleanúnaí ar leibhéal an Aontais ar fud an tsaolré imscrúdaithigh agus bhreithiúnaigh. –Éifeachtúlacht mhéadaithe: –Sciar méadaithe d’imscrúduithe náisiúnta a thairbhíonn d’fhaisnéis ar leibhéal an Aontais, de thacaíocht oibríochtúil agus de chumais speisialaithe. –Obair leantach oibríochtúil níos tapúla agus laghdú ar mhoilleanna ar imscrúduithe trasteorann. –Laghdú ar chostais atá bainteach le rochtain ar chumais speisialaithe anailíseacha, theicniúla agus fóiréinsice digití trí bharainneacht scála ar leibhéal an Aontais. –Laghdú ar an dúbailt iarrachtaí agus ar an líon imscrúduithe a dhéantar i gcomhthráth le chéile trí fheabhsuithe ar chomhroinnt na faisnéise, trí chomhordú oibríochtúil agus trí shásraí um dhíchoinbhleachtú. –Úsáid níos éifeachtúla á baint as córais faisnéise an Aontais atá ann cheana trí idir-inoibritheacht mhéadaithe agus úsáid oibríochtúil chomhroinnte. –Laghdú ar an ngá le forbairt acmhainneachtaí anailíseacha ar leithligh ag comhlachtaí agus ag gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, mura rud é go bhfuil gá leis na hacmhainneachtaí sin de bharr shainordú sonrach chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, trí rochtain mhéadaithe ar chumais anailíseacha Europol ar leibhéal an Aontais. Tairbhí do shlándáil inmheánach an Aontais: –Acmhainneacht neartaithe chun coinne a bheith le coireacht thromchúiseach eagraithe agus le sceimhlitheoireacht atá ag teacht chun cinn, iad a bhrath agus freagairt dóibh. –Struchtúir choiriúla a oibríonn thar dhlínsí iomadúla a shainaithint níos luaithe. –Tacaíocht fhianaiseach níos láidre d’imeachtaí breithiúnacha trí chumais fheabhsaithe anailíseacha, theicniúla agus fhóiréinseacha. –Muinín neartaithe sa phobal i gcumas an Aontais saoránaigh, gnólachtaí agus airgeadas poiblí a chosaint ar choireacht thromchúiseach eagraithe. |
1,3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
|
Cuspóir sonrach 1 -Coinníonn Europol suas le 5 chaighdeán agus treoirdhoiciméad tagartha ar bun maidir le malartú faisnéise (an líon caighdeán agus treoraíochta maidir le formáid agus malartú sonraí lena dtacaíonn Europol go gníomhach; bonnlíne 0; sprioc 5.) -Eisíodh céannacht dhigiteach póilíneachta an Aontais do leath na n‑imscrúdaitheoirí coiriúla san Aontas agus tugadh rochtain éifeachtach dóibh ar an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta AE (an sciar póilíní san Aontas a bhfuil cumhachtaí imscrúdaitheacha coiriúla acu atá cláraithe mar úsáideoirí Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta an Aontais; bonnlíne 0 %; sprioc 50 % -Leath de na himscrúduithe coiriúla lenar gá uirlisí anailíseacha ardleibhéil a úsáid, braitheann siad ar uirlisí a chuireann Europol ar fáil (an sciar cásanna coiriúla a osclaíodh laistigh den bhliain ar fud an Aontais a raibh imscrúduithe ag brath ar uirlisí anailíseacha ina leith arna soláthar go comhpháirteach nó arna gcur ar fáil ar líne ag Europol tríd an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta AE; bonnlíne 0 %; sprioc 10 % 84 ) -Na daoine uile ar cinneadh gur amhrastach é nó a ciontaíodh i gcion coiriúil 85 i gcaitheamh na bliana, seiceáladh iad in aghaidh shonraí Europol, i ngach Ballstát (an líon Ballstát ar mó ná 1,00 an cóimheas idir ‘an líon cuardach bliantúil i mbunachair sonraí Europol’ agus figiúirí Eurostat i leith daoine a bhí faoi dhrochamhras nó ar ciontóirí iad laistigh den bhliain; bonnlíne 1; sprioc = 26) -Rinne údaráis forfheidhmithe dlí obair leantach go córasach le Ballstáit eile le haghaidh cásanna trasteorann (an líon Ballstát ar ina leith is mó ná 0,90 an cóimheas idir ‘cásanna nua trasteorann arna dtionscnamh amhail iad a tionscnaíodh le Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise, nó le Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí...’ agus ‘cásanna nua i gcaitheamh na bliana a bhfuarthas amas ina leith i mbunachair sonraí Europol’; sprioc = 26) -Tá faisnéis soláthraithe ag údaráis forfheidhmithe dlí do Europol maidir le cás trasteorann i leath na n‑uaireanta (an líon Ballstát ar ina leith is mó ná 50 % an cóimheas idir ‘soláthar faisnéise do Europol trí Fheidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise nó ar bhealaí eile’ in aghaidh ‘an líon cásanna nua i gcaitheamh na bliana a bhfuarthas amas ina leith i mbunachair sonraí Europol’; bonnlíne = 5; sprioc = 26) -Rinneadh an fhaisnéis maidir leis na daoine uile a ciontaíodh i gcion coiriúil le linn na bliana a chomhroinnt leis na Ballstáit agus le Europol i gcóras faisnéise Europol (an cóimheas idir ‘taifid a uaslódáladh nó a nuashonraíodh in gcóras faisnéise Europol laistigh den bhliain’ agus an líon daoine a ciontaíodh de réir Eurostat; sprioc = 100 %) Cuspóir sonrach 2 -Sciar méadaithe d’imscrúduithe trasteorann a thairbhíonn de thacaíocht oibríochtúil, anailíseach nó theicniúil Europol. (sprioc: +30%)
-Laghdú ar an meántréimhse idir faisnéis oibríochtúil a bheith faighte ag Europol agus aschuir anailíseacha á scaipeadh ar na Ballstáit
-Méadú ar an líon imscrúduithe lena mbaineann fianaise dhigiteach dá dtugtar tacaíocht trí chumais anailíseacha agus fóiréinsice digití Europol (sprioc: +50%)
-Méadú ar an líon imscrúduithe airgeadais, cásanna rianaithe sócmhainní nó aisghabhála sócmhainní a dtacaíonn Europol leo nó méadú ar luach na n‑imscrúduithe nó na gcásanna sin.
-An líon cásanna ina n‑eisíonn Europol tograí le haghaidh reo sócmhainní práinneach nó bearta maidir le caomhnú sócmhainní d’Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát. -Méadú ar an líon nasc oibríochtúil arna sainaithint ag Europol idir imscrúduithe a sheoltar i mBallstáit éagsúla. (sprioc: +40%) -Méadú ar an líon imscrúduithe náisiúnta dá dtugtar tacaíocht ó Oifigí Tacaíochta Europol go díreach. -Sciar méadaithe cásanna arna láimhseáil ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhfuil gá le tacaíocht anailíseach dóibh agus a dtairbhíonn de Europol. (sprioc: 90%) Cuspóir sonrach 3: -An líon bearnaí cumais agus tosaíochtaí forbartha teicneolaíochta arna sainaithint tríd an gCreat Forbartha Fadbhreathnaitheachta agus Cumais as a dtagann gníomhaíochtaí leantacha coincréiteacha ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát. (sprioc: 10 ngníomhaíocht/bliana) -An líon ardchumas nó réiteach teicneolaíoch a chuireann Europol ar fáil chun go mbainfidh na Ballstáit úsáid oibríochtúil astu. (sprioc: 5/bliana) -An líon gníomhaíochtaí oiliúna speisialaithe dá dtugtar tacaíocht ó Europol maidir le hardteicneolaíochtaí, imscrúduithe digiteacha agus cumais fhóiréinseacha. (sprioc: 6/bliana) |
1,4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 86
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1,5.Foras an togra/tionscnaimh
1,5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
|
Chun an tionscnamh reachtach a chur chun feidhme, beidh gá le bearta dlíthiúla, eagraíochtúla, oibríochtúla agus teicneolaíocha a chur chun úsáide de réir a chéile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart tús a chur leis an gcur chun feidhme céimneach ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus nuair a bheidh sé á chur i bhfeidhm, agus caithfear cur go mór le hacmhainní lena aghaidh de réir a chéile, go háirithe acmhainní daonna agus TFC, i gcomhréir leis an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar sheirbhísí agus ar chumais Europol. Chun é a chur chun feidhme, beidh gá leis an méid seo a leanas go háirithe (i) reachtaíocht threasach agus caighdeáin theicniúla a ghlacadh; (ii) struchtúir nua rialachais, tacaíochta oibríochtúla agus forbartha cumais a bhunú laistigh de Europol; (iii) infheistíochtaí móra a dhéanamh i mbainistiú faisnéise agus i mbonneagair anailíseacha atá slán, idir-inoibritheach agus néalbhunaithe; (iv) ardchumais anailíseacha, arna gcumasú ag an intleacht shaorga, agus cumais fóiréinsice digití a fhorbairt agus a chur chun úsáide de réir a chéile; agus (v) seirbhísí, córais agus tacaíocht oibríochtúil Europol a chomhtháthú i sreafaí oibre imscrúdaitheacha náisiúnta agus i sásraí um chomhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí. Chun é a chur chun feidhme, beidh gá le comhar treisithe agus le socruithe oibre nuashonraithe idir Europol, agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais freisin, go háirithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Comhairtear garspriocanna táscacha ó bhliain theacht i bhfeidhm an Rialacháin nua, agus gairtear B díobh. An Coimisiún: –B+1 agus blianta dá éis sin: reachtaíocht threasach a ghlacadh, go háirithe maidir leis an mol faisnéise (SO1). Bearta eagraíochtúla, oibríochtúla agus rialachais Europol: –B: an Grúpa Stiúrtha um TFC agus Bainistiú Faisnéise agus an Grúpa Comhairleach um TFC agus Bainistiú Faisnéise a bhunú, chomh maith leis an nGrúpa Comhairleach um Chumas agus Nuálaíocht agus an Bord Feidhmiúcháin. –B: cumas oibríochtúil tiomnaithe a bhunú chun tacú le cásanna a bhaineann le OIPE. –B+3: cumas tacaíochta oibríochtúla do OIPE agus iomlán na mball foirne agus struchtúr iomlán i gceist lena haghaidh. –B: tá rialacha simplithe maidir le catagóiriú ábhair sonraí infheidhme anois. –B: Lárionaid Aontais um shaineolas speisialaithe a bhunú, chomh maith leis an tSeirbhís Oibríochtúil agus Anailíse (SO2) agus an tSeirbhís um Chumas agus Nuálaíocht (SO3) lena n‑áirítear rialacha ábhartha cur chun feidhme glactha ag an mBord Bainistíochta. –B+3: Lárionaid Aontais um shaineolas speisialaithe agus foireann iomlán acu, agus don tSeirbhís Oibríochtúil agus Anailíse (SO2) agus don tSeirbhís um Chumas agus Nuálaíocht (SO3) –B: oifigí Tacaíochta Europol a bhunú sna Ballstáit. –B+1 go B+3: foireann ar iasacht chuig Oifig Tacaíochta náisiúnta Europol. –B+1 go B+3: socruithe oibre ábhartha idir Europol agus comhlachtaí an Aontais tugtha cothrom le dáta. –B+3 go B+4: sásraí uathoibrithe um chros‑seiceáil ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ in aghaidh shonraí Europol a fhorbairt de réir a chéile, in éineacht le comhlachtaí ábhartha an Aontais. –B+1: tacaíocht speisialaithe ar leibhéal an Aontais a fhorbairt d’údaráis náisiúnta atá ag iarraidh fianaise leictreonach a fháil ó sholáthraithe seirbhíse ar líne. Cumais a fhorbairt, TFC, nuálaíocht in Europol: –B+1: Creat Forbartha Fadbhreathnaitheachta agus Cumais a bhunú chomh maith leis an gcumas lárnach um sholáthar comhpháirteach le haghaidh comhpháirteanna teicniúla (SO3). –B+2: caighdeán na Formáide Uilíche Teachtaireachta tugtha cothrom le dáta den chéad uair faoi cheannaireacht Europol agus an cumas DNA ar fáil (SO1). –B+2: néalbhonneagar hibrideach inscálaithe agus slán a bhunú ag an Leibhéal Bunúsach Cosanta, ar comhionann é le faisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe. –B+5: an néalbhonneagar a leathnú chuig timpeallachtaí faisnéise rúnaicmithe. –B+2: an chéad tástáil ar an gcomhtháthú le dintiúr céannachta póilíneachta náisiúnta. –B+3 go B+5: dintiúr céannachta póilíneachta náisiúnta á chomhtháthú de réir a chéile. –B+2: an chéad ardán mór bainistithe faisnéise agus uirlisí anailíseacha a ascnamh chuig an néalbhonneagar. –B+3 go B+5: córais agus uirlisí anailíseacha Europol atá fágtha a ascnamh de réir a chéile chuig an néalbhonneagar ar an Leibhéal Bunúsach Cosanta. –B+6: córais ábhartha a ascnamh chuig timpeallachtaí néalríomhaireachta rúnaicmithe. –B+1 go B+6: uasghrádú a dhéanamh de réir a chéile ar chroí‑ardáin bainistithe faisnéise agus anailíseacha, lena n‑áirítear Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise, seirbhísí crosmheaitseála agus timpeallacht anailíseach Europol, trí uathoibriú feabhsaithe, feidhmiúlachtaí arna gcumasú ag an intleacht shaorga, inúsáidteacht fheabhsaithe, feidhmíocht mhéadaithe, caighdeánú sonraí agus feidhmiúlachtaí bithmhéadracha leathnaithe. –B: an chéad idirnasc feabhsaithe le bunachair sonraí náisiúnta faoi Prüm II trí úsáid a bhaint as chéad mhódúlacht bhithmhéadrach. –B+2: leathnú ar mhódúlachtaí bithmhéadracha breise. –B go B+6: uirlisí anailíseacha nuálacha agus uirlisí anailíseacha atá bunaithe ar an intleacht shaorga agus atá ar fáil do Europol agus do na Ballstáit a leathnú de réir a chéile. –B ar aghaidh: cumais faisnéise foinse oscailte (OSINT) a chomhdhlúthú de réir a chéile. Ballstáit: –B go B+7 (leanúnach): A n‑eagrúchán náisiúnta a choigeartú de réir a chéile agus uathoibriú a thabhairt isteach nó a threisiú maidir le faisnéis a mhalartú le Europol. –B go B+7 (leanúnach): Uasghrádú a dhéanamh ar chórais náisiúnta agus ar shreafaí oibre imscrúduithe coiriúla chun seirbhísí, uirlisí anailíseacha agus caighdeáin idir-inoibritheachta Europol a chomhtháthú de réir a chéile. –B+1: déanann na chéad Bhallstáit dintiúir dhigiteacha náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí a uasghrádú i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe an Aontais. –B+2 go B+4: céannacht dhigiteach póilíneachta an Aontais a eisiúint de réir a chéile d’imscrúdaitheoirí coiriúla náisiúnta. –B+6: gá le fíordheimhniú roimh ré le haghaidh na gcóras náisiúnta uile atá nasctha le Europol, trí chéannacht dhigiteach póilíneachta an Aontais. –B+1: críochphointí digiteacha imscrúdaitheoirí a chomhchuibhiú chun rochtain ar bhonneagar, ardáin agus uirlisí Néalbhonneagar Póilíneachta an Aontais a éascú. –B: Oifigí Tacaíochta Europol á mbunú agus á n‑óstáil ag na Ballstáit. comhlachtaí de chuid an Aontais: –B+1 go B+3: socruithe oibre ábhartha le Europol a thabhairt cothrom le dáta. –B: OIPE leis na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme de réir a chéile, ar bearta iad is gá chun tacú le comhar oibríochtúil feabhsaithe agus le rochtain ar thacaíocht anailíseach Europol. –B+3 go B+4: sásraí uathoibrithe um chros‑seiceáil ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ a fhorbairt de réir a chéile, i gcomhar le Europol. |
1,5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh
Breisluach AE ex ante:
Is minice a oibríonn an choireacht thromchúiseach eagraithe agus an sceimhlitheoireacht thar theorainneacha, go mbítear ag brath níos mó agus níos mó ar theicneolaíochtaí agus ar bhonneagair dhigiteacha ina leith, agus go mbítear ag teacht i dtír ar dhifríochtaí idir creataí náisiúnta dlíthiúla, oibríochtúla agus teicniúla ina leith. Mar gheall ar scála, luas agus castacht na mbagairtí sin, tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe, córais idir-inoibritheacha agus cumais chomhroinnte ar leibhéal an Aontais. Níor leormhaith gníomhaíocht ó na Ballstáit amháin chun comhordú oibríochtúil éifeachtach trasteorann, anailís ar fhaisnéis choiriúil ar mórscála, ná forbairt agus cur chun úsáide na n‑ardchumas teicneolaíoch agus anailíseach a áirithiú ar fud an Aontais.
Breisluach AE a bhaineann leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana:
Deimhníodh sa mheastóireacht ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, ar bhonn comhairliúchán mór le páirtithe leasmhara, go soláthraíonn Europol breisluach AE soiléir trí bheith ina ardán láraithe chun faisnéis choiriúil a chomhroinnt agus ar mhaithe le comhordú oibríochtúil trasteorann. Cumasaítear an malartú faisnéise fíor-ama i measc na mBallstát lena bhonneagar, rud a chuidíonn le naisc a shainaithint idir imscrúduithe nach mbraithfí ar shlí eile.. Gan Europol, bheadh an comhar ag brath ar chainéil dhéthaobhacha níos moille nach mbeadh chomh héifeachtach céanna, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos deacra líonraí coiriúla trasnáisiúnta sofaisticiúla a chomhrac. Aontaíonn na páirtithe leasmhara go gcuireann tacaíocht anailíseach agus comhordúcháin Europol feabhas mór ar éifeachtúlacht na n‑imscrúduithe trasteorann i gcomparáid le hiarrachtaí náisiúnta nó déthaobhacha amháin.
De réir na meastóireachta, soláthraíonn Europol cumais speisialaithe ar leibhéal an Aontais freisin, amhail fóiréinsic dhigiteach, faisnéis airgeadais, agus saineolas cibearchoireachta, nithe nach bhféadfadh mórán Ballstát, go háirithe Ballstáit bheaga nó Ballstáit nach bhfuil na hacmhainní céanna acu, a fhorbairt go neamhspleách. Trí acmhainní a chomhthiomsú ar an gcaoi sin, seachnaítear dúbláil agus áirithítear go dtairbheoidh na Ballstáit uile d’arduirlisí. Léirítear i gcás‑staidéir gur minic a bhíonn rannpháirtíocht Europol criticiúil chun líonraí coiriúla casta a oibríonn thar dhlínsí iomadúla a dhíchóimeáil. Ina theannta sin, feidhmíonn sé mar thairseach aonair le haghaidh chomhar an Aontais agus comhar idirnáisiúnta i bhforfheidhmiú an dlí, rud a laghdaíonn an gá atá le comhaontuithe déthaobhacha iomadúla.
Breisluach AE na gníomhaíochta atá beartaithe
Soláthraíonn an ghníomhaíocht atá beartaithe breisluach soiléir ar leibhéal an Aontais trí creataí coiteanna oibríochtúla, teicniúla agus idir-inoibritheachta a bhunú nach féidir a fhorbairt go héifeachtach trí bhearta náisiúnta aonaracha ná trí shocruithe maidir le comhar déthaobhach. Go sonrach, chun caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt maidir le dintiúir dhigiteacha i bhforfheidhmiú an dlí, críochphointí digiteacha, formáidí sonraí agus sreafaí oibre sonraí imscrúdaitheacha, tá gá le comhordú ar leibhéal an Aontais chun idir-inoibritheacht, malartú slán faisnéise agus imscrúduithe comhleanúnacha trasteorann a áirithiú ó Bhallstát go chéile agus ar fud chomhlachtaí ábhartha an Aontais.
Soláthraíonn an togra breisluach freisin trí thacaíocht oibríochtúil, comhordú agus sásraí um chros‑seiceáil ar leibhéal an Aontais a chumasú bunaithe ar chórais sonraí agus faisnéise Europol. Ní féidir rochtain fheabhsaithe ar chumais Europol ná úsáid oibríochtúil na gcumas sin ag na Ballstáit agus ag comhlachtaí ábhartha an Aontais, go háirithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a eagrú go héifeachtach ach ar leibhéal an Aontais, de bharr chineál na gcumas sin de chuid Europol.
Ina theannta sin, gineann an togra barainneacht scála trí ardchumais theicneolaíocha, anailíseacha agus fóiréinsice digití a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear uirlisí atá bunaithe ar an intleacht shaorga, néalbhonneagair shlána, ardteicneolaíochtaí fóiréinseacha agus sásraí um sholáthar comhpháirteach. Laghdaíonn sé sin an dúbailt infheistíochtaí agus an ilroinnt oibríochtúil ó Bhallstát go chéile agus fágann sé gur féidir cumais a fhorbairt agus a chur chun úsáide ar bhealach níos éifeachtúla agus ar chostas níos ísle ná mar is féidir trí réitigh náisiúnta a dhéantar i gcomhthráth le chéile.
.
1,5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
|
Deimhníodh an méid seo a leanas sa mheastóireacht ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, agus go háirithe sa chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara: ·Tá comhordú ar leibhéal an Aontais fíor-riachtanach. Ós rud é nach mór comhar struchtúrtha láraithe a bheith ann i bhfianaise na coireachta trasnáisiúnta (agus nach leormhaith iarrachtaí náisiúnta amháin), tá córais comhroinnte faisnéise coiriúla agus cumais oibríochtúla agus anailíseacha Europol ríthábhachtach le haghaidh imscrúduithe éifeachtacha trasteorann. ·Tá ardchumais theicneolaíocha agus anailíseacha fíor-riachtanach. I bhfianaise go bhfágann ábharthacht na fianaise digití, an chriptiúcháin agus na cibearchoireachta go dteastaíonn saineolas speisialaithe lasmuigh d’acmhainneachtaí na mBallstát aonair, ní mór do Europol dul i mbun na nuálaíochta go leanúnach (e.g. fóiréinsic dhigiteach, anailís arna spreagadh leis an intleacht shaorga) chun bheith in ann freastal ar riachtanais oibríochtúla na mBallstát. ·Ní mór comhroinnt chórasach uathoibrithe na faisnéise a neartú. Fágann cleachtais neamhréireacha maidir le comhroinnt sonraí i measc na mBallstát go laghdaítear an éifeachtacht oibríochtúil, rud a bhféadfaí aghaidh a thabhairt air trí úsáid níos mó a bhaint as córais malartaithe uathoibrithe agus trí nósanna imeachta caighdeánaithe. ·Tá comhleanúnachas laistigh de chreat slándála an Aontais ríthábhachtach: Tá gá le sainorduithe soiléire, rialacha ailínithe maidir le cosaint sonraí, agus malartú éifeachtúil faisnéise le haghaidh comhar rianúil idir Europol agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais. ·Ba cheart do phrionsabail an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an éifeachtúlacht nós imeachta a threorú. Chuirfí borradh faoin luas oibríochtúil ach próisis a shimpliú, idir-inoibritheacht a fheabhsú, agus ualaí riaracháin a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’uasghráduithe ar uirlisí digiteacha (e.g. an intleacht shaorga, ardáin shlána sonraí) chun tacú le comhar fíor-ama. Dá bhrí sin, tá creat dlíthiúil Europol atá ann faoi láthair fós éifeachtach ach ní mór é a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar riachtanais oibríochtúla atá ag teacht chun cinn. Leis na hoiriúnuithe a dhéanfar amach anseo, ba cheart díriú ar theicneolaíocht, ar idir-inoibritheacht agus ar chomhar cuíchóirithe chun athléimneacht chreat slándála an Aontais a áirithiú. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear na bearta atá beartaithe chun feidhme go héifeachtach, is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo freisin a thábhachtaí atá sé struchtúir shoiléire rialachais, sásraí láidre um beartú tosaíochtaí agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir Europol, na Ballstáit, an Coimisiún agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus chun forbairt chomhleanúnach oibríochtúil agus theicneolaíoch a áirithiú ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, léirigh taithí ó thionscadail maidir le forbairt cumas agus nuachóiriú TFC roimhe seo an gá atá le hacmhainní an Aontais a leithdháileadh go soiléir ar fud gníomhaíochtaí tacaíochta oibríochtúla agus teicneolaíochta, maille le hinrianaitheacht shoiléir na n‑acmhainní sin, mar aon le socruithe láidre faireacháin, tuairiscithe agus cuntasachta. Dá bhrí sin, treisítear sásraí rialachais, pleanála agus tuairiscithe leis an togra. Thairis sin, tá sineirgí soiléire ann is féidir a bhaint amach i dtionscadail TFC tríd an gcomhar idir Europol agus eu-LISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais. Agus é ag cur lena shaineolas, lena thaithí agus lena chomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha, is féidir le eu-LISA seirbhísí a bhaineann le Bainistiú Faisnéise agus TFC a sholáthar go héifeachtach agus go héifeachtúil do Europol. Chuige sin, bunaítear comhar struchtúrtha leis an togra idir Europol agus eu-LISA a mhéid a bhaineann le córais faisnéise agus bonneagar gaolmhar cumarsáide a fhorbairt, a chur chun úsáide agus a oibriú. |
1,5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
|
Sna Tredoirlínte Polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2024-2029, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an cuspóir ‘gníomhaireacht phóilíneachta a dhéanamh de Europol a bheadh oibríochtúil i ndáiríre agus méadú de bhreis agus faoi dhó a dhéanamh ar a líon ball foirne le himeacht ama. Ba cheart formhaoirseacht agus sainordú neartaithe a bheith ag gabháil leis sin’, chun an tacaíocht a thugtar d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí a fheabhsú. An 16 Iúil 2025, thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 87 (‘CAI’) do 2028-2034 ar fiú beagnach EUR 2 thrilliún é. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar na bagairtí slándála atá roimh an Aontas agus gur léiríodh an breisluach a bhaineann le gníomhaíocht chomhordaithe an Aontais agus na mBallstát i réimse na slándála inmheánaí, is é is aidhm don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil atá beartaithe tacú le ProtectEU – Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach – a chur chun feidhme, agus acmhainneacht coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais a neartú. Laistigh den chreat sin, mhol an Coimisiún go dtreiseofaí go mór na hacmhainní a leithdháiltear ar na gníomhaireachtaí díláraithe um Cheartas agus Gnóthaí Baile lena n‑áirítear Europol. Baineann na figiúirí a chuirtear i láthair sa Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach seo go heisiach leis na hacmhainní breise airgeadais agus daonna is gá chun na bearta nua a thugtar isteach leis an togra a chur chun feidhme i gcomparáid le Rialachán Europol atá ann faoi láthair 88 . Meastar go mbeidh acmhainní breise ag teastáil do Europol agus do eu-LISA de bharr an togra, ar acmhainní iad atá nasctha le cur chun feidhme na gcúraimí arna dtarmligean chuig an ngníomhaireacht sa Rialachán seo, dar méid thart ar EUR 1 053 bhilliún agus 910 bpost foirne breise 89 i gcaitheamh CAI 2028-2034, i gcomparáid le buiséad bonnlíne 2027, arb é sin 1 226 bhall foirne agus EUR 256 557 milliún i leithreasuithe. Dá bhrí sin, ba cheart na figiúirí sin a léamh in éineacht leis na hacmhainní is gá chun na bearta atá ann cheana faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair a chur chun feidhme, a mheastar a bheith cothrom le EUR 1 946 bhilliún agus 1 226 bhall foirne i gcaitheamh CAI 2028-2034, ar bhonn bhuiséad bliantúil 2027 de réir mar a thuartar i gcaitheamh 7 mbliana é agus ráta boilscithe bliantúil 2 % ann. Nuair a dhéantar iad a shuimiú, beidh imchlúdach iomlánaíoch dar méid EUR 2 999 mbilliún ann i gcaitheamh an chéad CAI eile agus 2 336 bhall foirne ann ag deireadh 2034, rud atá ailínithe leis an togra reachtach ón gCoimisiún le haghaidh CAI 2028-2034 Maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag na Ballstáit i gcaitheamh na tréimhse céanna mar thaca le hidir-inoibritheacht fheabhsaithe, le córais Europol a chomhtháthú i sreafaí oibre imscrúdaitheacha náisiúnta, le dintiúir póilíneachta digiteacha a chur chun úsáide agus le hacmhainneachtaí treisithe sa mhalartú faisnéise, meastar go mbeidh thart ar EUR 590 milliún i gceist leo i gcaitheamh na céad tréimhse 7 mbliana lena gcur chun feidhme, go háirithe chun na córais náisiúnta, na sreafaí oibre agus na comhéadain theicniúla nach mór a oiriúnú chun tacú le comhar níos comhtháite agus níos uathoibrithe le córais agus le huirlisí Europol. Is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne do 2028 agus ina dhiaidh sin, agus ní réamhbhreith atá ann ar an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Tá foinse maoinithe agus raon feidhme ghealltanas airgeadais an Aontais sa tréimhse tar éis 2027 fós faoi réir thoradh na caibidlíochta idirinstitiúidí maidir le CAI 2028-2034 agus ina dhiaidh sin cinnfear iad tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil. Is leithreasuithe táscacha iad na leithreasuithe agus na leithdháiltí foirne uile ó 2028 ar aghaidh. |
1,5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
|
Ba chéim mhór é an t‑athbhreithniú a rinneadh in 2022 ar shainordú Europol i dtreo sainordú na Gníomhaireachta a nuachóiriú, go háirithe trína hacmhainneachtaí maidir le próiseáil sonraí, nuálaíocht agus tacaíocht a threisiú mar fhreagairt ar chineál na coireachta tromchúisí eagraithe agus na sceimhlitheoireachta a bheith ag éirí níos digití, níos casta agus ina mbíonn gnéithe trasteorann i gceist níos minice. Bhí méadú ag gabháil leis an athbhreithniú sin, dar méid thart ar EUR 178 milliún i gcomparáid leis an mbuiséad dar luach EUR 1 285 mhilliún a glacadh ar dtús le haghaidh Europol i dtogra CAI 2021-2027, rud a chomhfhreagraíonn do mhéadú 14 %. Ó shin i leith, tá forbairt nach beag tagtha ar an timpeallacht oibríochtúil. Tá líonraí coiriúla tar éis an úsáid a bhaineann siad as teicneolaíochtaí digiteacha, intleacht shaorga, cumarsáid chriptithe agus bonneagar ar líne a leathnú go mear, agus iad i mbun coireachta chibearchumasaithe, coireacht airgeadais, na gáinneála agus gníomhaíochtaí aindleathacha eile in éineacht le chéile níos mó agus níos mó sa chaoi go bhfuil samhlacha coiriúla trasnáisiúnta an‑oiriúnaitheach acu. An tráth céanna, tá méadú substaintiúil tagtha ar líon agus ar thábhacht straitéiseach na sonraí oibríochtúla in imscrúduithe coiriúla. Dá dheasca sin, tá méadú tagtha go leanúnach ar ionchais na mBallstát agus chomhlachtaí an Aontais maidir leis an tacaíocht oibríochtúil, anailíseach, theicneolaíoch, fhóiréinseach agus chomhordúcháin ó Europol, agus rinneadh iarrataí arís agus arís eile dá thoradh sin ar threisithe a dhéanamh go bliantúil ar bhuiséad agus ar fhoireann Europol, thar na leibhéil a bhí beartaithe ar dtús faoin CAI atá i bhfeidhm faoi láthair. Leis an togra seo, tugtar isteach cúraimí substaintiúla nua oibríochtúla, teicneolaíocha agus forbartha cumais, agus, an tráth céanna, déantar gníomhaíochtaí atá ann cheana a chomhtháthú agus a chomhdhlúthú laistigh de chreat oibríochtúil agus rialachais níos comhleanúnaí. Chun an tionchar oibríochtúil atá beartaithe a bhaint amach agus cumais forfheidhmithe dlí an Aontais a neartú dá réir sin, is gá infheistíochtaí substaintiúla breise a dhéanamh i bhfoireann speisialaithe, in ardbhonneagar teicneolaíochta, i dtimpeallachtaí slána néalríomhaireachta agus anailíseacha, in uirlisí arna gcumasú ag an intleacht shaorga agus i sásraí um thacaíocht oibríochtúil. Ní féidir freastal ar infheistíochtaí den sórt sin laistigh den imchlúdach airgeadais atá ann faoi láthair agus, dá bhrí sin, tá gá le tacaíocht airgeadais bhreise ó bhuiséad an Aontais ina leith. Tá na meastacháin uile ar riachtanais acmhainní breise faoin togra bunaithe ar bhuiséad bonnlíne 2027 Europol, lena n‑áirítear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí agus foireann. Tá measúnú fadréimseach déanta ag an gCoimisiún ar dheiseanna maidir le hathshannadh a d’fhéadfadh a bheith ann laistigh den Ghníomhaireacht chun a shainaithint an bhféadfaí freastal ar na cúraimí nua a thugtar isteach leis an togra laistigh den chreat acmhainní atá ann cheana. Ba é conclúid an mheasúnaithe sin go bhfuil acmhainn oibríochtúil uasta Europol, nó gar di sin, á cur i bhfeidhm cheana féin. Go sonrach, ghlac an Bord Bainistíochta bearta maidir le hathbheartú tosaíochtaí in 2024 cheana féin mar fhreagairt ar shrianta acmhainní. Sa chomhthéacs sin, níor sainaithníodh aon deis mhór maidir le hathshannadh lena gcuirfí ar a chumas do Europol na cúraimí breise a bheartaítear leis an togra a ghlacadh air féin gan dochar a dhéanamh do chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí oibríochtúla atá ann cheana agus don tacaíocht do na Ballstáit. Dá réir sin, déantar foráil sa togra maidir le hacmhainní breise airgeadais agus daonna do Europol sa chéad tréimhse CAI eile chun cur chun feidhme inbhuanaithe an tsainordaithe athbhreithnithe a áirithiú agus chun tearcmhaoiniú struchtúrach na bhfreagrachtaí leathnaithe a bheidh ar an nGníomhaireacht a sheachaint. Beidh gníomhaíochtaí breise i gceist le cur chun feidhme an togra le haghaidh eu-LISA chun seirbhísí a bhaineann le Bainistiú Faisnéise agus TFC a sholáthar do Europol. Dá réir sin, déantar foráil sa togra maidir le hathruithe spriocdhírithe ar shainordú eu-LISA agus foráiltear leis go mbeidh líon teoranta acmhainní daonna breise ag eu-LISA i gcaitheamh na chéad tréimhse CAI eile chun cur chun feidhme inbhuanaithe an chomhair struchtúrtha idir Europol agus eu-LISA a áirithiú mar a leagtar amach i sainorduithe athbhreithnithe na nGníomhaireachtaí. Ag an bpointe seo, ní féidir an caiteachas oibríochtúil le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin atá le leithdháileadh ar eu-LISA a chainníochtú, toisc nach bhfuil sé soiléir go fóill cé go baileach iad na seirbhísí a chuirfeadh Europol chun feidhme trí na seirbhísí a sholáthraíonn eu-LISA. Dá bhrí sin, déanfar measúnú tráth níos déanaí ar an gcaiteachas oibríochtúil le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a bheidh le leithdháileadh ar eu-LISA as an gcaiteachas oibríochtúil iomlán dá bhforáiltear sa ráiteas reachtach airgeadais agus digiteach seo. Beidh gníomhaíochtaí breise le haghaidh ranna an Choimisiúin i gceist leis an togra a chur chun feidhme freisin, go háirithe an Ard‑Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile, i ndáil le rialachas, formhaoirseacht, comhordú beartais agus gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú agus a ghlacadh. Beidh gá le tacaíocht bhreise freisin ó Ard‑Stiúrthóireacht na Seirbhísí Digiteacha, go háirithe maidir le slabhra soláthair TFC agus creataí conarthacha néalríomhaireachta a thacaíonn le bonneagar teicneolaíochta Europol a bhunú agus a bhainistiú. |
1,6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
– i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
– tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1,7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
– trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2,1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
|
Déanfar an faireachán agus an tuairisciú ar ghníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag Europol faoi bhainistíocht indíreach de réir na bhforálacha a leagtar síos i Rialachán nua Europol, sa Rialachán Airgeadais 90 agus i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe 91 . Cuirfidh Europol Doiciméad Clársceidealaithe Aonair faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go bliantúil, ina leagfar amach a chlár oibre ilbhliantúil agus a chlár oibre bliantúil, a chuspóirí, na torthaí lena bhfuil coinne, agus a tháscairí feidhmíochta. Ullmhaítear an doiciméad sin agus tuairim an Choimisiúin agus an Ghrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach á cur san áireamh. Ina theannta sin, glacfaidh Europol Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí, ina ndéantar measúnú ar an dul chun cinn i gcomparáid le cuspóirí an Doiciméid Chlársceidealaithe Aonair. Formheasann an Bord Bainistíochta an tuarascáil sin sula dtarchuirtear í chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na parlaimintí náisiúnta faoin 1 Iúil gach bliain. Faoi Airteagal 130 de Rialachán athbhreithnithe Europol atá beartaithe, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar Europol gach 5 bliana, lena ndéanfar measúnú ar a bhreisluach, ar a thionchar, ar a éifeachtacht, ar a éifeachtúlacht agus ar a mhodhanna oibre. Féadfar modhnuithe struchtúracha nó oibríochtúla a mholadh sa mheastóireacht, lena n‑áirítear impleachtaí airgeadais. Cuireann an Coimisiún a thuarascáil faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta, a thugann barúlacha laistigh de 3 mhí. Cuirtear an tuarascáil chríochnaitheach, mar aon le conclúidí an Choimisiúin agus barúlacha an Bhoird, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig an mBord Bainistíochta ansin, agus déanfar na príomhthorthaí a phoibliú i gcás inarb iomchuí. Leis an togra, treisítear ról an Bhoird Bainistíochta a thuilleadh maidir leis na táscairí feidhmíochta, na cuspóirí agus na tosaíochtaí i leith an chur chun feidhme a leagtar amach sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair, sna cláir oibre bhliantúla chomhfhreagracha agus sa Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí a shainiú agus faireachán a dhéanamh ar na táscairí feidhmíochta, na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin. Chun tacú leis na feidhmeanna sin, bunaítear leis an togra Bord Feidhmiúcháin agus struchtúir speisialaithe Stiúrtha um TFC agus Bainistiú Faisnéise a bheidh freagrach as tacú le formhaoirseacht straitéiseach, faireachán buiséadach agus obair leantach ar chur chun feidhme oibríochtúil agus teicneolaíoch. Neartaítear leis an togra an nasc idir tuairisciú feidhmíochta agus clársceidealú straitéiseach freisin trí na critéir mheastóireachta a bhaineann leis an Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí a ailíniú níos dlúithe leis na cuspóirí agus leis na táscairí feidhmíochta a bhunaítear faoin Doiciméad Clársceidealaithe Aonair agus le bunú an bhuiséid bhliantúil. Ar deireadh, feabhsaítear creat rialachais, faireacháin agus cuntasachta Europol a thuilleadh leis an togra. Treisíonn sé ról formhaoirseachta an Bhoird Bainistíochta trína mhaoirseacht a leathnú lasmuigh de tháscairí feidhmíochta chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú éifeachtach na gcumhachtaí a thugtar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus chun faireachán a dhéanamh ar thosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla. Beidh an Bord Bainistíochta in ann beart a dhéanamh freisin i gcás ina gcuireann aon trian ar a laghad dá chomhaltaí ábhair imní in iúl maidir le saincheist shonrach oibríochtúil nó rialachais. Chun tacú le trédhearcacht, cuntasacht agus comhar éifeachtach idir na Ballstáit agus Europol, tuairisceoidh Europol go bliantúil don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na parlaimintí náisiúnta maidir leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil, lena n‑áirítear tuairisciú i ndáil le réimsí tosaíochta coireachta an Aontais. Beidh na tuarascálacha sin bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla arna leagan síos ag an mBord Bainistíochta. Leanfaidh an Grúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach de ghrinnscrúdú polaitiúil a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí Europol, go háirithe maidir le héifeachtacht oibríochtúil, cuntasacht agus comhlíonadh na n‑oibleagáidí maidir le cearta bunúsacha. |
2,2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2,2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
|
Ós rud é go mbeidh tionchar ag an togra ar ranníocaíocht bhliantúil an Aontais chuig Europol, cuirfear buiséad an Aontais chun feidhme trí bhainistíocht indíreach. De bhun phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, cuirfear buiséad Europol chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar Europol straitéis rialaithe iomchuí a chur chun feidhme arna comhordú i measc gníomhairí iomchuí a bhfuil baint acu leis an slabhra rialaithe. Maidir le rialuithe ex-post, tá Europol, mar ghníomhaireacht dhíláraithe, faoi réir an méid seo a leanas go háirithe: -iniúchadh inmheánach arna dhéanamh ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid an Choimisiúin. -tuarascálacha bliantúla ón gCúirt Iniúchóirí, lena dtugtar ráiteas dearbhaithe maidir le hiontaofacht na gcuntas bliantúil agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart is bun leo. -urscaoileadh bliantúil a dheonaíonn Parlaimint na hEorpa. -imscrúduithe a d’fhéadfadh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) a sheoladh chun a áirithiú, go háirithe, go mbaintear úsáid chuí as na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaireachtaí. -Mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta Europol, cuirfidh AS HOME a Straitéis Rialaithe maidir le gníomhaireachtaí díláraithe chun feidhme chun tuairisciú iontaofa faoi chuimsiú a Thuarascála Bliantúil ar Ghníomhaíochtaí a áirithiú. Cé go bhfuil gníomhaireachtaí díláraithe iomlán freagrach as a mbuiséad a chur chun feidhme, tá AS HOME freagrach as ranníocaíochtaí bliantúla a íoc go tráthrialta arna mbunú ag an Údarás Buiséadach. -Ar deireadh, cuireann an tOmbudsman Eorpach sraith bhreise rialaithe agus cuntasachta ar fáil ag Europol. Ar bhonn na meastóireachta ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, an Mheasúnaithe Tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán nua Europol, agus an mhéadaithe mhóir ar acmhainní airgeadais agus daonna lena bhfuil coinne chun tacú leis an togra a chur chun feidhme, tugtar isteach sásraí breise um rialachas, bainistíocht agus rialú chun formhaoirseacht airgeadais, cuntasacht agus comhlíonadh phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais a neartú: -Faoin gcreat atá beartaithe, i gcás ina measann an Coimisiún Eorpach go bhfuil dréachtchinneadh ón mBord Bainistíochta, lena n‑áirítear an Doiciméad Clársceidealaithe Aonair, ina ábhar imní maidir le comhlíonadh dhlí an Aontais, shainordú Europol nó phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, féadfaidh sé a iarraidh ar an mBord Bainistíochta athmhachnamh a dhéanamh ar an dréachtchinneadh sula nglacfar é. -Tugtar údarás araíonachta ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chumhacht don Bhord Bainistíochta, rud a neartaíonn cuntasacht maidir le bainistíocht oibríochtúil agus airgeadais. -bunaítear Bord Feidhmiúcháin leis an togra a bheidh freagrach, inter alia, as faireachán a dhéanamh ar obair leantach i leith torthaí agus moltaí a eascraíonn as iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, lena n‑áirítear imscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus as cinntí buiséadacha sealadacha a ullmhú agus, i gcás inar gá, a ghlacadh faoi réir a mbailíochtaithe ag an mBord Bainistíochta dá éis sin. Beartaítear na bearta sin chun rialú inmheánach, rialachas airgeadais agus formhaoirseacht ar chur chun feidhme buiséadach Europol a neartú. |
2,2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
|
Sainaithnítear na rioscaí seo a leanas: -Míchothromaíochtaí idir riachtanais oibríochtúla ghearrthéarmacha agus infheistíochtaí straitéiseacha fadtéarmacha, go háirithe maidir leis an ascnamh i dtreo bonneagair néalríomhaireachta shlána agus uathoibriú an tsreafa oibre oibríochtúil. -Mí‑ailíniú idir oibleagáidí dlíthiúla, tosaíochtaí straitéiseacha, pleanáil ilbhliantúil agus cur chun feidhme bliantúil, go háirithe i réimse an Bhainistithe Faisnéise agus na gcumas TFC. -Brú ar acmhainní oibríochtúla de dheasca an mhéadaithe atá ag teacht ar na méideanna sonraí, ar iarrataí oibríochtúla agus na mbagairtí slándála atá ag teacht chun cinn. -Acmhainneacht chun go dtreiseodh Europol foireann agus inniúlachtaí maidir le Bainistiú Faisnéise agus TFC agus go dtabharfaidh sé aghaidh ar mhisean agus ar chúraimí na gníomhaireachta a leathnú. -Moilleanna ar fhoireann speisialaithe TFC agus anailíseach a earcú agus a choinneáil, ar foireann í a bhfuil gá léi chun tacú le mórfhorbairtí teicneolaíochta. -An méadú atá ag teacht ar chostais cothabhála TFC. -Easpa straitéise fadtéarmaí um bainistiú agus soláthar sócmhainní TFC. -Costais bhreise chomhlíontachta agus chomhréireachta atá nasctha le harduirlisí anailíseacha agus uirlisí arna gcumasú ag an intleacht shaorga a chur chun úsáide faoi chreat rialála an Aontais, lena n‑áirítear an Gníomh um an Intleacht Shaorga. -Ualach oibre méadaithe a bhaineann le hiarrataí ar rochtain ar ábhair sonraí a láimhseáil. -Spleáchais ar shocruithe teicniúla agus eagraíochtúla a bheith á gcur chun feidhme go tráthúil ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Maidir le bearta maolaithe: -Cuireann Europol Creat Rialaithe Inmheánaigh sonrach chun feidhme bunaithe ar Chreat Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin Eorpaigh agus ar chreat rialaithe inmheánaigh comhtháite Bhunchoiste na nEagraíochtaí Urraíochta. Sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair, ní mór faisnéis a sholáthar faoi na córais rialaithe inmheánaigh, fad atá gá faisnéis faoi éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh, lena n‑áirítear faisnéis maidir le measúnú riosca, a bheith sa Tuarascáil Chomhdhlúite Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí (CAAR). Tuairiscíonn CAAR 2024 go meastar Córas Rialaithe Inmheánaigh Europol a bheith i láthair agus ag feidhmiú ar bhealach comhtháite ar fud na gníomhaireachta, bunaithe ar anailís ar chomhpháirteanna agus ar phrionsabail rialaithe inmheánaigh a ndearnadh faireachán orthu le linn 2019, ag baint úsáide as eilimintí cainníochtúla agus cáilíochtúla araon. -Cuireann Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí Europol leibhéal eile de mhaoirseacht inmheánach ar fáil, ar bhonn plean iniúchóireachta bliantúil lena gcuirtear san áireamh measúnú rioscaí in Europol go háirithe. Cuidíonn an Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí le Europol chun a chuspóirí a bhaint amach trí chur chuige córasach agus críochnúil a thabhairt isteach chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bpróiseas bainistíochta riosca, rialaithe, agus rialachais, agus trí mholtaí a eisiúint maidir le feabhas a chur orthu. -Mar Ard‑Stiúrthóireacht comhpháirtíochta Europol, reáchtálann an Ard‑Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile cleachtadh bliantúil maidir leis an mbainistíocht riosca chun rioscaí arda a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hoibríochtaí gníomhaireachtaí, lena n‑áirítear Europol, a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu. Tuairiscítear na rioscaí a mheastar a bheith criticiúil go bliantúil i bplean bainistíochta AS HOME agus bíonn plean gníomhaíochta ag gabháil leo ina luaitear an ghníomhaíocht mhaolaithe. -Tá ról criticiúil iniúchóireachta ag an mBord Feidhmiúcháin, a tugadh isteach leis an togra dlí, trí fhaireachán a dhéanamh ar oibríochtaí airgeadais Europol agus cuntasacht ina leith a áirithiú. Tá sé freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar bhuiséad Europol a chur chun feidhme, as comhlíonadh rialacha airgeadais agus prionsabal bainistíochta fónta airgeadais a áirithiú, agus cinntí airgeadais agus buiséadacha á n‑ullmhú aige lena nglacadh ag an mBord Bainistíochta. Príomhfheidhm is ea a oibleagáid a áirithiú go ndéantar obair leantach leordhóthanach i leith torthaí agus moltaí ó iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, agus ar imscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, rud lena dtreisítear sláine airgeadais agus trédhearcacht. Cé nach ndéanann an Bord féin iniúchtaí, déanann sé athbhreithniú ar thuarascálacha iniúchóireachta, déanann sé measúnú ar a n‑impleachtaí, agus molann sé bearta ceartaitheacha chun aghaidh a thabhairt ar laigí nó neamhrialtachtaí sainaitheanta, agus gníomhaíonn sé ar an gcaoi sin mar gheatóir le haghaidh ionracas airgeadais laistigh de Europol. -Ar deireadh, tacóidh an grúpa stiúrtha agus an grúpa comhairleach um TFC agus Bainistiú Faisnéise agus an grúpa comhairleach um Nuálaíocht agus Cumas leis an mBord Bainistíochta chun léiriú soiléir a thabhairt ar ghníomhaíochtaí agus ar fhoghníomhaíochtaí a bhaineann le pleanáil buiséid agus le forghníomhú shainordú agus thosaíochtaí straitéiseacha na Gníomhaireachta, go háirithe trí tháscairí coincréiteacha agus ionadaíocha a shainaithint maidir le gníomhaíocht na Gníomhaireachta sa réimse, agus trí fhaireachán a dhéanamh ar an mbealach a chuireann an Ghníomhaireacht na cuspóirí a bhaineann le TFC agus táirgí insoláthartha inláimhsithe chun feidhme. |
2,2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
|
Tuairiscíonn an Coimisiún ar an gcóimheas idir ‘costais maidir le rialú/luach na n‑íocaíochtaí’. Tuairiscítear i dTuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2024 AS HOME gurb é 0.10 % an cóimheas i ndáil le hEintitis a gCuirtear Bainistíocht Indíreach de Chúram Orthu agus Gníomhaireachtaí Díláraithe, agus Europol san áireamh. Dheimhnigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa dlíthiúlacht agus rialtacht chuntais bhliantúla Europol le haghaidh 2024, lena dtugtar ráta earráide faoi bhun 2 % le fios. Ní thugann aon ní le fios go n‑éireoidh an ráta earráide sin níos measa sna blianta amach romhainn. Thairis sin, déantar foráil le hAirteagal 80 de Rialachán Airgeadais Europol maidir leis an bhféidearthacht go gcomhroinnfeadh an ghníomhaireacht cumas iniúchóireachta inmheánaí le comhlachtaí eile an Aontais a fheidhmíonn sa réimse beartais céanna mura bhfuil cumas iniúchóireachta inmheánaí comhlachta aonair de chuid an Aontais cost‑éifeachtach. |
2,3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
|
Áirítear sa togra bearta chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus calaois, neamhrialtachtaí agus coinbhleachtaí leasa a chosc i gcur chun feidhme an chistithe ón Aontas agus na ngníomhaíochtaí oibríochtúla, go háirithe Airteagal 128 agus na forálacha airgeadais faoi Chaibidil XII. Laistigh den chreat dlíthiúil sin, ceanglaítear ar Bhord Bainistíochta Europol straitéis inmheánach frithchalaoise a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Ghlac Europol straitéis frithchalaoise nuashonraithe an 25-26 Meitheamh 2025. I gcomhréir leis an gcreat sin, leanfaidh Europol de bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí coiscthe calaoise arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise agus de chalaois amhrasta agus de neamhrialtachtaí airgeadais a thuairisciú don Choimisiún gan mhoill. Neartaítear rialachas inmheánach agus formhaoirseacht airgeadais leis an togra freisin trí Bhord Feidhmiúcháin a bhunú a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar thorthaí iniúchóireachta agus as obair leantach i leith moltaí maidir le hiniúchóireacht agus le rialú a áirithiú. Ina theannta sin, coinníonn an Coimisiún cumhachtaí chun agóid a dhéanamh in aghaidh chinntí an Bhoird Bainistíochta ar cinntí iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le rioscaí míbhainistíochta airgeadais nó le neamhchomhlíonadh dhlí an Aontais. Beidh gníomhaíochtaí Europol fós faoi réir na gcreataí airgeadais, iniúchóireachta, cosanta sonraí agus cuntasachta is infheidhme de chuid an Aontais, lena n‑áirítear formhaoirseacht agus imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise, ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, ag an gCúirt Iniúchóirí agus ag Bord Comhair Europol. Leanfaidh AS um Imirce agus Gnóthaí Baile dá Straitéis Frithchalaoise a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin, lena gcumhdaítear gníomhaireachtaí díláraithe laistigh dá shainchúram freisin, lena n‑áirítear Europol. |
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
Is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne do 2028 agus ina dhiaidh sin, agus ní réamhbhreith atá ann ar an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Tá foinse maoinithe agus raon feidhme ghealltanas airgeadais an Aontais sa tréimhse tar éis 2027 fós faoi réir thoradh na caibidlíochta idirinstitiúidí maidir le CAI 2028-2034 agus ina dhiaidh sin cinnfear iad tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil. Is leithreasuithe táscacha iad na leithreasuithe agus na leithdháiltí foirne uile ó 2028 ar aghaidh.
3,1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil |
Líne bhuiséid |
Cineál caiteachais |
Ranníocaíocht |
|||
|
1: Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht, rathúnas agus slándáil tuaithe agus muirí |
LD/LN 92 . |
ó thíortha de chuid CSTE 93 |
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 94 |
Ó thríú tíortha eile |
ioncam sannta eile |
|
|
Gníomhaireachtaí díláraithe Europol |
Neamhdhifreáilte |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
TÁ/NÍL |
|
3.2 An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3,2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
– Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3,2.1,1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil |
1 |
Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, gnóthaí muirí, rathúnas agus slándáil / Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí |
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
[Gníomhaireacht]: Europol |
Bliain 2028 |
Bliain 2029 |
Bliain 2030 |
Bliain 2031 |
Bliain 2032 |
Bliain 2033 |
Bliain 2034 |
IOMLÁN CAI 2028‑2034 |
|
Líne bhuiséid: 12 10 01 Ranníocaíocht Europol / ó Bhuiséad an Aontais leis an ngníomhaireacht 95 |
57,512 |
92,346 |
120,831 |
150,385 |
178,830 |
207,164 |
234,384 |
1041,452 |
|
Líne bhuiséid: 11 10 02 Ranníocaíocht eu-LISA / ó Bhuiséad an Aontais leis an ngníomhaireacht 96 |
0,756 |
1,687 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
11,758 |
|
Iomlán Europol agus eu-LISA |
58,268 |
94,033 |
122,694 |
152,248 |
180,693 |
209,027 |
236,247 |
1053,21 |
|
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2028‑2034 |
|||
|
2028 |
2029 |
2030 |
2031 |
2032 |
2033 |
2034 |
||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (an ranníocaíocht leis an ngníomhaireacht dhíláraithe san áireamh) |
Gealltanais |
(4) |
58,268 |
94,033 |
122,694 |
152,248 |
180,693 |
209,027 |
236,247 |
1053,21 |
|
Íocaíochtaí |
(5) |
58,268 |
94,033 |
122,694 |
152,248 |
180,693 |
209,027 |
236,247 |
1053,21 |
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach |
(6) |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 1 |
Gealltanais |
=4+6 |
58 268 |
94 033 |
122 694 |
152 248 |
180,693 |
209,027 |
236,247 |
1053,21 |
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil |
Íocaíochtaí |
=5+6 |
58 268 |
94 033 |
122 694 |
152,248 |
180,693 |
209,027 |
236,247 |
1053,21 |
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil |
4 |
‘Caiteachas riaracháin’ |
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ard‑Stiúrthóireacht: HOME |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2028‑2034 |
|||||
|
2028 |
2029 |
2030 |
2031 |
2032 |
2033 |
2034 |
|||||||
|
Acmhainní daonna |
0,496 |
0,496 |
0,690 |
0,690 |
0,884 |
0,884 |
1,078 |
5,218 |
|||||
|
Caiteachas riaracháin eile |
0,268 |
0,518 |
0,268 |
0,518 |
0,268 |
0,518 |
0,268 |
2,626 |
|||||
|
IOMLÁN AS HOME |
0,764 |
1,014 |
0,958 |
1,208 |
1,152 |
1,402 |
1,346 |
7,844 |
|||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
0,764 |
1,014 |
0,958 |
1,208 |
1,152 |
1,402 |
1,346 |
7,844 |
|||||
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2028‑2034 |
||
|
2028 |
2029 |
2030 |
2031 |
2032 |
2033 |
2034 |
|||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 |
Gealltanais |
59 032 |
95 047 |
123 652 |
153 456 |
181 845 |
210 429 |
237 593 |
1 061 054 |
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil |
Íocaíochtaí |
59 032 |
95 047 |
123 652 |
153 456 |
181 845 |
210 429 |
237 593 |
1 061 054 |
Is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne do 2028 agus ina dhiaidh sin, agus ní réamhbhreith atá ann ar an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Tá foinse maoinithe agus raon feidhme ghealltanas airgeadais an Aontais sa tréimhse tar éis 2027 fós faoi réir thoradh na caibidlíochta idirinstitiúidí maidir le CAI 2028-2034 agus ina dhiaidh sin cinnfear iad tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil. Is leithreasuithe táscacha iad na leithreasuithe agus na leithdháiltí foirne uile ó 2028 ar aghaidh.
3,2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Maidir leis leithreasuithe breise faoi chomhair oibríochtaí agus na hacmhainní breise is gá do Europol go heisiach chun na trí Chuspóir Shonracha éagsúla a bhaint amach agus na gníomhaíochtaí comhfhreagracha a chur chun feidhme, agus do eu-LISA atá nasctha le cur chun feidhme na gcúraimí arna dtarmligean chuig an ngníomhaireacht sa Rialachán seo, is é EUR 1 053 bhilliún agus 910 mball foirne breise faoi bhuiséad an dá ghníomhaireacht a bheidh i gceist leo. Agus na leithreasuithe agus na hacmhainní breise sin á suimiú, fágtar gurb é atá i gcostas na mbeart atá ann cheana i mbuiséad Europol (EUR 1 946 bhilliún agus 1226 bhall foirne) suim fhoriomlán EUR 2 999 mbilliún agus 2 126 bhall foirne faoi bhuiséad Europol, agus 10 mball foirne breise do bhuiséad eu-LISA atá nasctha le cur chun feidhme na gcúraimí arna dtarmligean chuig an ngníomhaireacht sa Rialachán seo. Déanfar na leithreasuithe breise sin faoi chomhair oibríochtaí agus na hacmhainní breise sin a thiomnú go hiomlán chun tacú leis an méid seo a leanas:
–SO1: Bainistiú Faisnéise agus TFC Europol.
–SO2: Lárionaid an Aontais um shaineolas speisialaithe, Oifigí Tacaíochta Europol, tacaíocht thiomnaithe d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.
–SO3: Acmhainneacht taighde, nuálaíochta agus forbartha cumais Europol.
An tráth céanna, tá coinne leis go mbeidh feidhmeanna rialachais Europol mórán mar a chéile den chuid is mó ó thaobh foirne de, mar gheall ar ghnóthachain éifeachtúlachta a ghintear leis an togra, go háirithe trí na nósanna imeachta a bhaineann le cosaint sonraí a shimpliú agus a chuíchóiriú, rud a chuirfidh teorainn leis na riachtanais foirne breise a bheidh ann le haghaidh rialachas cothrománach agus feidhmeanna riaracháin.
|
Cuspóir Sonrach |
Costas |
EUR milliún |
Foireann |
|
Bunlíne 2027 |
1 796,200 |
1 226 |
|
|
Ní bhaineann le hábhar |
Boilsciú |
149,590 |
0 |
|
Na bearta atá ann cheana |
1 945,790 |
1 226 |
|
|
SO1 |
Uasghrádú ar na córais agus na huirlisí atá ann cheana |
130,070 |
115 |
|
Rochtain ar bhunachair sonraí náisiúnta |
37,857 |
53 |
|
|
Comhtháthú le córais náisiúnta |
25,400 |
34 |
|
|
Néal Digiteach Póilíneachta an Aontais |
415,415 |
194 |
|
|
SO2 |
Oifigí tacaíochta Europol |
112,163 |
157 |
|
Lárionaid Aontais um shaineolas speisialaithe |
118,703 |
171 |
|
|
Comhar idirghníomhaireachta |
18,801 |
26 |
|
|
Tacaíocht atá tiomnaithe do OIPE |
40,895 |
70 |
|
|
SO3 |
Ardchumais |
117,615 |
50 |
|
Tacaíocht theicniúil agus soláthar |
36,292 |
40 |
|
|
Bearta nua |
1 053,210 |
910 |
|
|
IOMLÁN |
2 990,000 |
2 136 |
3,2.3Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair riaracháin
– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
– Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3,2.3,1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN 2028 - 2034 |
|
2028 |
2029 |
2030 |
2031 |
2032 |
2033 |
2034 |
||
|
CEANNTEIDEAL 4 |
||||||||
|
Acmhainní daonna |
0,496 |
0,496 |
0,690 |
0,690 |
0,884 |
0,884 |
1,078 |
5,218 |
|
Caiteachas riaracháin eile |
0,268 |
0,518 |
0,268 |
0,518 |
0,268 |
0,518 |
0,268 |
2,626 |
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4 |
0,764 |
1,014 |
0,958 |
1,208 |
1,152 |
1,402 |
1,346 |
7,844 |
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4 |
||||||||
|
Acmhainní daonna |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
IOMLÁN |
0,764 |
1,014 |
0,958 |
1,208 |
1,152 |
1,402 |
1,346 |
7,844 |
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne do 2028 agus ina dhiaidh sin, agus ní réamhbhreith atá ann ar an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Tá foinse maoinithe agus raon feidhme ghealltanas airgeadais an Aontais sa tréimhse tar éis 2027 fós faoi réir thoradh na caibidlíochta idirinstitiúidí maidir le CAI 2028-2034 agus ina dhiaidh sin cinnfear iad tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil. Is leithreasuithe táscacha iad na leithreasuithe agus na leithdháiltí foirne uile ó 2028 ar aghaidh.
3,2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
– Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3,2.4,1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
|
|
2028 |
2029 |
2030 |
2031 |
2032 |
2033 |
2034 |
||
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) |
||||||||
|
20 01 02 01(Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) |
2 |
2 |
3 |
3 |
4 |
4 |
5 |
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais) |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
(Taighde indíreach) |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
(Taighde díreach) |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha) |
||||||||
|
20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’) |
1 |
1 |
1 |
1 |
1 |
1 |
1 |
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais) |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
Riarachán Líne thacaíochta |
·sa cheanncheathrú |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
[XX.01.YY.YY] |
·i dToscaireachtaí an Aontais |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
(AC, END - Taighde indíreach) |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
(AC, END - Taighde díreach) |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 4 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 4 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
IOMLÁN |
3 |
3 |
4 |
4 |
5 |
5 |
6 |
|
I bhfianaise an bhrú fhoriomláin atá i gCeannteideal 4, maidir le soláthar foirne agus leibhéal na leithreasuithe araon, is baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh na hacmhainní daonna is gá.
An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):
|
Le cumhdach ag baill foirne reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin |
Foireann bhreise eisceachtúil* |
|||
|
Le maoiniú faoi Cheannteideal 4 nó Taighde |
Le maoiniú ó líne BA |
Le maoiniú ó tháillí |
||
|
Poist sa phlean bunaíochta |
5 |
Ní bhaineann le hábhar |
||
|
Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT) |
1 |
|||
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach |
2 AD sa chéim atá tiomnaithe don tréimhse 2028-2029 le cúrsaí a chur ar bun, arb iad a bheidh i gceannas ar ghlacadh na reachtaíochta tánaistí, agus coinneofar iad sa chéim agus cúrsaí ‘faoi lán seoil’, chun freastal ar an méadú a thiocfaidh ar an líon gníomhartha cur chun feidhme a bhainfidh le hardáin agus le córais Bainistithe Faisnéise, ar gá iad a oiriúnú ar bhonn tráthrialta i gcomhréir le forbairt seasmhach na n‑uirlisí forfheidhmithe dlí, go háirithe uirlisí a bhaineann leis an bhfóiréinsic agus leis an anailísíocht, agus leis na gnéithe comhfhreagracha a bhaineann le cosaint sonraí 1 Speisialtóir AD i gcuntasaíocht chostála agus i straitéis um Bainistiú Faisnéise agus Taighde agus Nuálaíocht, i ndáil le nGrúpa Feidhmiúcháin agus leis an nGrúpa Stiúrtha um Bainistiú Faisnéise & TFC araon 1 AD ag a bhfuil scileanna buiséadacha chun tacú le dúbailt na hionadaíochta chuig an mBord Bainistíochta, le cruthú an Bhoird Feidhmiúcháin agus le hoibleagáidí faireacháin breise 1 AST: tacú leis na cruinnithe agus leis na seisiúin faisnéise bhreise le haghaidh na gcomhlachtaí breise agus iad a ullmhú (14+ in aghaidh na bliana) |
|
Pearsanra seachtrach |
1 SNE: tacaíocht saineolais maidir le bainistiú faisnéise, cosaint sonraí, taighde agus nuálaíocht: páirt a ghlacadh sa ghrúpa comhairleach um Bainistiú Faisnéise & TFC |
Is chun críoch léiriúcháin amháin a chuirtear isteach an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas agus ar sholáthar foirne do 2028 agus ina dhiaidh sin, agus ní réamhbhreith atá ann ar an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Tá foinse maoinithe agus raon feidhme ghealltanas airgeadais an Aontais sa tréimhse tar éis 2027 fós faoi réir thoradh na caibidlíochta idirinstitiúidí maidir le CAI 2028-2034 agus ina dhiaidh sin cinnfear iad tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil. Is leithreasuithe táscacha iad na leithreasuithe agus na leithdháiltí foirne uile ó 2028 ar aghaidh.
3,2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
3,2.6.Comhoiriúnacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)
3,2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
– ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
– déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Iomlán |
|
|
2028 |
2029 |
2030 |
2031 |
2032 |
2033 |
2034 |
||
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe |
||||||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe |
3,2.8.Na hacmhainní daonna a mheastar atá riachtanach agus na leithreasuithe a mheastar is gá a úsáid i ngníomhaireacht dhíláraithe
Is méid táscach é méid na leithreasuithe atá le leithdháileadh ar na gníomhaireachtaí sa chéad CAI eile agus tá sé faoi réir an chomhaontaithe maidir le CAI. Ba cheart é a chomhtháthú i bhfóirdheontas na nGníomhaireachtaí mar gheall ar chineál buan na gcúraimí a leithdháiltear leis an togra seo agus cúiteofar é, más ábhartha, le laghdú coibhéiseach ar imchlúdach cláir ábhartha faoin gceannteideal céanna de CAI. Má bhíonn gá le laghdú cúiteach, d’fhéadfadh sé gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní a leithdháiltear ar na Gníomhaireachtaí freisin tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil.
Riachtanais foirne (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):
|
Gníomhaireacht: Europol |
Bliain 2028 |
Bliain 2029 |
Bliain 2030 |
Bliain 2031 |
Bliain 2032 |
Bliain 2033 |
Bliain 2034 |
|
Comhaltaí den fhoireann shealadach (Gráid AD) |
109 |
216 |
322 |
429 |
535 |
637 |
749 |
|
Comhaltaí den fhoireann shealadach (Gráid AST) |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST) — fo-iomlán |
109 |
216 |
322 |
429 |
535 |
637 |
749 |
|
Baill foirne ar conradh |
0 |
10 |
19 |
36 |
51 |
64 |
77 |
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht |
12 |
22 |
34 |
45 |
53 |
64 |
74 |
|
Baill foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht — fo-iomlán |
12 |
32 |
53 |
81 |
104 |
128 |
151 |
|
LÍON IOMLÁN na mball foirne |
121 |
248 |
375 |
510 |
639 |
765 |
900 |
Leithreasuithe a chumhdaítear leis an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) 97 :
|
Gníomhaireacht: Europol |
Bliain 2028 |
Bliain 2029 |
Bliain 2030 |
Bliain 2031 |
Bliain 2032 |
Bliain 2033 |
Bliain 2034 |
IOMLÁN 2028 - 2034 |
|
Teideal 1: Caiteachas foirne |
12 491 |
37 722 |
63 154 |
89 056 |
115 069 |
140 307 |
166 197 |
623 996 |
|
Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibriúcháin |
||||||||
|
Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil |
45 021 |
54 624 |
57 677 |
61 329 |
63 761 |
66 857 |
68 187 |
417 456 |
|
IOMLÁN na leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais |
57 512 |
92 346 |
120 831 |
150 385 |
178 830 |
207 164 |
234 384 |
1 041 452 |
Forbhreathnú/achoimre ar na hacmhainní daonna agus na leithreasuithe (in EUR milliún) atá riachtanach i gcomhair an togra/tionscnaimh i ngníomhaireacht dhíláraithe 98 :
|
Gníomhaireacht: Europol |
Bliain 2028 |
Bliain 2029 |
Bliain 2030 |
Bliain 2031 |
Bliain 2032 |
Bliain 2033 |
Bliain 2034 |
IOMLÁN 2028 - 2034 |
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST) |
109 |
216 |
322 |
429 |
535 |
637 |
749 |
749 |
|
Baill foirne ar conradh |
0 |
10 |
19 |
36 |
51 |
64 |
77 |
77 |
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht |
12 |
22 |
34 |
45 |
53 |
64 |
74 |
74 |
|
Líon iomlán na mball foirne |
121 |
248 |
375 |
510 |
639 |
765 |
900 |
900 |
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais |
57 512 |
92 346 |
120 831 |
150 385 |
178 830 |
207 164 |
234 384 |
1 041 452 |
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le táillí (más infheidhme) |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
Leithreasuithe cómhaoinithe (más infheidhme) |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
IOMLÁN leithreasuithe |
57 512 |
92 346 |
120 831 |
150 385 |
178 830 |
207 164 |
234 384 |
1 041 452 |
Riachtanais foirne (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):
|
Gníomhaireacht: eu-LISA |
Bliain 2028 |
Bliain 2029 |
Bliain 2030 |
Bliain 2031 |
Bliain 2032 |
Bliain 2033 |
Bliain 2034 |
|
Comhaltaí den fhoireann shealadach (Gráid AD) |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
|
Comhaltaí den fhoireann shealadach (Gráid AST) |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST) — fo-iomlán |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
|
Baill foirne ar conradh |
0 |
3 |
3 |
3 |
3 |
3 |
3 |
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
Baill foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht — fo-iomlán |
0 |
3 |
3 |
3 |
3 |
3 |
3 |
|
LÍON IOMLÁN na mball foirne |
7 |
10 |
10 |
10 |
10 |
10 |
10 |
Leithreasuithe a chumhdaítear leis an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) 99 :
|
Gníomhaireacht: eu-LISA |
Bliain 2028 |
Bliain 2029 |
Bliain 2030 |
Bliain 2031 |
Bliain 2032 |
Bliain 2033 |
Bliain 2034 |
IOMLÁN 2028 - 2034 |
|
Teideal 1: Caiteachas foirne |
0,756 |
1,687 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
11,758 |
|
Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibriúcháin |
||||||||
|
Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil |
p.m. |
p.m. |
p.m. |
p.m. |
p.m. |
p.m. |
p.m. |
p.m. |
|
IOMLÁN na leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais |
0,756 |
1,687 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
11,758 |
Maidir le haon riachtanas buiséadach breise le haghaidh eu-LISA atá nasctha le cur chun feidhme na gcúraimí arna dtarmligean chuig an ngníomhaireacht sa Rialachán seo, fritháireofar iad in aghaidh na leithreasuithe a leithdháiltear ar Europol laistigh den ráiteas reachtach airgeadais agus digiteach seo.
Forbhreathnú/achoimre ar na hacmhainní daonna agus na leithreasuithe (in EUR milliún) atá riachtanach i gcomhair an togra/tionscnaimh i ngníomhaireacht dhíláraithe 100 :
|
Gníomhaireacht: eu-LISA |
Bliain 2028 |
Bliain 2029 |
Bliain 2030 |
Bliain 2031 |
Bliain 2032 |
Bliain 2033 |
Bliain 2034 |
IOMLÁN 2028 - 2034 |
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST) |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
7 |
|
Baill foirne ar conradh |
0 |
3 |
3 |
3 |
3 |
3 |
3 |
3 |
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
Líon iomlán na mball foirne |
7 |
10 |
10 |
10 |
10 |
10 |
10 |
10 |
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais |
0,756 |
1,687 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
11,758 |
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le táillí (más infheidhme) |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
Leithreasuithe cómhaoinithe (más infheidhme) |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
|
IOMLÁN leithreasuithe |
0,756 |
1,687 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
1,863 |
11,758 |
Maidir le haon riachtanas buiséadach breise le haghaidh eu-LISA atá nasctha le cur chun feidhme na gcúraimí arna dtarmligean chuig an ngníomhaireacht sa Rialachán seo, fritháireofar iad in aghaidh na leithreasuithe a leithdháiltear ar Europol laistigh den ráiteas reachtach airgeadais agus digiteach seo.
Gnéithe digiteacha
4,1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha
|
Tagairt don cheanglas |
Tuairisc ar an gceanglas |
Gníomhaithe a ndéanann an ceanglas difear dóibh nó a bhfuil baint aige leo |
Próisis Ardleibhéil |
Catagóirí |
|
|
Airteagal 8(7) |
Freagraíonn na Ballstáit d’iarraidh Europol ar fhaisnéis agus ar fhaisnéis choiriúil chun rannchuidiú le bearta comhordúcháin. |
Europol Údaráis inniúla na mBallstát |
Malartú faisnéise Rochtain ar fhaisnéis na mBallstát |
Digitiú & uathoibriú próiseas Sonraí An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagal 9(2) |
Áirithíonn na Ballstáit go bhfuil rochtain ag Europol ar fhaisnéis ar a bhfuil rochtain ag Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní agus coinníonn siad an leibhéal inrochtaineachta dírí ar bun. |
Europol Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát |
Malartú faisnéise Rochtain ar fhaisnéis na mBallstát |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagal 9(3) |
Cuirfidh na Ballstáit Europol ar an eolas maidir leis an gcinneadh gan sócmhainní a reo, arna iarraidh do Europol ar údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit chun gníomhú láithreach i gcás ina bhfuil baol ann go n‑imeoidh maoin ó amharc. |
Europol
|
Malartú faisnéise Iarraidh ar reo sócmhainní |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagail 9(4) agus 9(5) |
Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) na mBallstát chun freagra a thabhairt ar iarrataí Europol (ar aon dul le hAirteagal 12 de Threoir 2019/1153). |
Europol
|
Malartú faisnéise idir Europol agus Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais Anailís |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagail 7(1) agus 7(2) |
Táirgí anailíseacha Europol de chineál oibríochtúil agus straitéiseach ar bhonn faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, ag comhlachtaí ábhartha an Aontais agus ó faisnéis foinse oscailte. |
Europol, an Coimisiún, Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, an Chomhairle |
Anailís Tuairisciú |
Digitiú & uathoibriú próiseas Sonraí |
|
|
Airteagal 7(2) |
Tacaíocht Europol do mhodheolaíochtaí agus do chaighdeáin choiteanna maidir le táirgí anailíseacha. |
Europol Agus tairbhithe: Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, an Chomhairle, an Coimisiún, Eurojust/Bunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol |
Caighdeánú Anailís |
Sonraí |
|
|
Airteagail 7(3) agus 7(4) |
Soláthraíonn Ballstáit, Bunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol faisnéis do Europol le haghaidh táirgí anailíseacha oibríochtúla agus straitéiseacha. |
Europol
|
Anailís Malartú faisnéise comhroinn le Europol |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagal 11 |
Sreafaí sonraí i gcomhthéacs iarrataí ó Europol ar imscrúdú coiriúil a thionscnamh. |
Europol Ballstáit (aonaid náisiúnta) Eurojust OIPE |
Comhar oibríochtúil |
Sonraí |
|
|
Airteagail 12 agus 13 |
Comhordú ó Europol chun soláthar isteach agus amach a láimhseáil chomh maith le hiarrataí ar fhaisnéis. |
Europol Údaráis inniúil na mBallstát, Tríú Tíortha, Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, Bunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol |
Malartú faisnéise Anailís |
Digitiú & uathoibriú próiseas An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagal 18(a) |
Comhar Europol le húdaráis inniúla i gcomhthéacs orduithe baint anuas d’ábhar sceimhlitheoireachta ar líne. |
Europol
|
Malartú Faisnéise le hÚdaráis Inniúla agus Páirtithe Príobháideacha Orduithe baint anuas d’ábhar sceimhlitheoireachta ar líne |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagal 18(a) |
Tarchuir sonraí idirlín ó Europol chuig soláthraithe seirbhíse ar líne. |
Europol
|
Malartú faisnéise le Páirtithe Príobháideacha Tarchuir sonraí idirlín maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagal (18)(c) |
Tacaíocht Europol don fhreagairt i gcás géarchéime |
Europol
|
Malartú faisnéise Freagairt i gcás géarchéime |
An tSeirbhís phoiblí dhigiteach Sonraí |
|
|
Airteagal 16(a) |
Tacaíonn Europol le hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní chun ionstraimeachtaí, fáltais, agus maoine is ábhar d’ordú reo sócmhainní nó coigistíochta, nó a d’fhéadfadh a bheith ina n‑ábhar d’ordú reo sócmhainní nó coigistíochta, a rianú agus a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 6; |
Europol
|
Malartú faisnéise Nós imeachta um reo sócmhainní |
An tSeirbhís phoiblí dhigiteach Sonraí |
|
|
Airteagal (16)(c) |
Tacaíocht oibríochtúil agus anailíseach Europol do OIPE. |
Europol
|
Malartú faisnéise Anailís |
An tSeirbhís phoiblí dhigiteach Sonraí |
|
|
Airteagal 21(4) |
Féadfaidh Europol faisnéis a phróiseáil agus é ina chuid de fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú |
Europol
|
bailiú
|
Sonraí |
|
|
Airteagal 22(5)(a) |
Faigheann Aonaid Náisiúnta Europol teachtaireachtaí a mhalartaítear idir Europol agus a n‑údaráis inniúla. |
Aonaid Náisiúnta Europol na mBallstát
|
Malartú faisnéise idir Europol agus na Ballstáit |
Digitiú & uathoibriú próiseas Sonraí An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagal 22(5)(b) |
Tá rochtain ag Aonaid Náisiúnta Europol ar shonraí náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí agus ar shonraí ábhartha lena bhfuil gá don chomhar le Europol. |
Aonaid Náisiúnta Europol na mBallstát
|
rochtain ar shonraí na mBallstát |
Sonraí Digitiú & uathoibriú próiseas An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagail 22(8), 25(6) agus (26) |
Glacadh teicniúil agus oibríochtúil na gcóras agus na n‑uirlisí de chuid Europol ag Aonaid Náisiúnta Europol ar bhonn náisiúnta agus ag oifigí Tacaíochta Europol (OTE). Cuireann Europol baill foirne ar fáil do OTE, cumhdaíonn costas an nasctha le hAonaid Náisiúnta Europol, agus soláthraíonn tacaíocht theicniúil agus airgeadais do na hAonaid sin. |
Europol
|
Glacadh |
Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 28 |
Foinsí faisnéise atá ar fáil do Europol. |
Europol,
|
Faisnéis a bhailiú |
Sonraí |
|
|
Airteagal 29 |
Soláthar sainordaitheach faisnéise na mBallstát do Europol trí chainéal Fheidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise, lena n‑áirítear oifigigh idirchaidrimh inimirce. |
Údaráis inniúla na mBallstát Europol Oifigigh idirchaidrimh inimirce |
comhroinn le Europol |
Sonraí An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagal 29(3) |
Úsáid chainéal Fheidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise ag na Ballstáit. |
Údaráis inniúla na mBallstát
|
comhroinn le Europol Rochtain Europol ar shonraí na mBallstát |
Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 29(6) |
Tuairiscíonn Europol faoi fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit. |
Europol
|
Tuairisciú |
Sonraí |
|
|
Airteagal 30 |
Tacóidh Europol leis na Ballstáit agus Rialacháin maidir le Córas Faisnéise Schengen á gcur i bhfeidhm acu57. Cuirfidh na Ballstáit Europol ar an eolas maidir le hábhair sonraí a chuirtear isteach i bhfoláirimh faisnéise agus amais a fhaightear dá mbarr. |
Europol
|
Malartú faisnéise maidir le Córas Faisnéise Schengen |
An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach Sonraí |
|
|
Airteagail 32 agus 33 |
Teorainn le próiseáil a dhéanann Europol de réir cineáil (i.e. catagóir an ábhair sonraí mar íospartach i gcomparáid le daoine atá faoi dhrochamhras) de réir cuspóra (anailís, cros‑seiceáil, taighde & nuálaíocht). |
Europol Tairbhithe uile na dtáirgí anailíseacha |
Cros‑seiceáil Anailís Nuálaíocht |
Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagail 32 agus 33 |
Teorainneacha le próiseáil faisnéise ag Europol, de réir srianta arna leagan síos ag an úinéir sonraí (prionsabal na húinéireachta sonraí) tráth na comhroinnte. |
Europol,
|
Bailiú Anailís Cros‑seiceáil Anailís malartú faisnéise nuálaíocht |
Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 34 |
Fógra a thugann Europol d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát nuair a aimsítear faisnéis oibríochtúil ábhartha, ar fud na bpróiseas uile. |
Europol
|
Malartú faisnéise - fógra Europol d’údarás forfheidhmithe dlí |
An tSeirbhís phoiblí dhigiteach Sonraí |
|
|
Airteagal 35 go Airteagal 39 |
Seirbhís cros‑seiceála a chruthú: cineál, formáid agus cáilíocht na sonraí (measúnú tionchair); cros‑seiceáil uathoibrithe ar chur isteach na sonraí. Ar fáil do Europol, d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus do chórais faisnéise an Aontais. |
An Coimisiún
|
Forbairt Malartú faisnéise Cros‑seiceáil Seiceálacha slándála an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus an Chórais Faisnéise Víosaí |
Sonraí Digitiú & uathoibriú próiseas Réiteach digiteach An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagail 35 go 39 |
Nascfaidh na Ballstáit a gcórais bainistithe cásanna leis an tseirbhís cros‑seiceála (measúnú tionchair), chun sonraí a uaslódáil (measúnú tionchair) chun na sonraí a chuardach (measúnú tionchair) |
An Coimisiún
|
Forbairt Bailiú comhroinn le Europol Cros‑seiceáil |
Sonraí Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 35 go Airteagal 40 |
Timpeallacht anailíseach Europol a chruthú, chun tacú le gníomhaíochtaí anailíseacha Europol chun sonraí a stóráil, a phróiseáil, a chros‑seiceáil, a léirshamhlú agus a anailísiú, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh mar thaca le himscrúduithe coiriúla agus le comhordú oibríochtúil. Cumais speisialaithe anailíseacha, theicniúla, dhigiteacha, fhóiréinseacha nó ildisciplíneacha, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí sheirbhísí imscrúdaitheacha, anailíseacha, teicniúla agus straitéiseacha |
Europol Go hindíreach, Údaráis inniúla na mBallstát, Bunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol, Eagraíochtaí idirnáisiúnta, Tríú tíortha |
Bailiú, Anailísiú, Cros‑seiceáil, malartú, tuairisciú. |
Sonraí Réiteach digiteach Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 41 |
Coinníollacha maidir le timpeallacht anailíseach Europol a chuardach. |
Europol
|
Cros‑seiceáil |
Sonraí An tSeirbhís phoiblí dhigiteach Réiteach digiteach |
|
|
Airteagail 42, 43, 44 agus 45 |
Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta a chruthú, trí úsáid a bhaint as néalbhonneagar Europol, agus uirlisí anailíseacha agus cumarsáide a óstáil d’imscrúdaitheoirí na mBallstát (measúnú tionchair); cásanna anailíse oibríochtúla comhpháirtí a chruthú. |
An Coimisiún Europol Údaráis inniúla na mBallstát, Tríú Tíortha |
Forbairt Malartú faisnéise Anailís chomhpháirteach |
Sonraí Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas Réiteach digiteach An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagal 46 |
Feidhmchlár Líonra Europol um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) a chruthú chun malartuithe faisnéise a éascú. Freagrachtaí, Ollstruchtúr, Oibleagáidí úsáide ag na Ballstáit agus ag Europol, agus feidhmiúlachtaí (measúnú tionchair). |
An Coimisiún
Ballstát, Tríú Tíortha, Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, Páirtithe Príobháideacha. |
Forbairt Malartú faisnéise |
Sonraí Réiteach digiteach Digitiú próiseas & uathoibriú próiseas An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach |
|
|
Airteagal 47 |
Ardán comhair le páirtithe príobháideacha a chruthú. |
Páirtithe Príobháideacha Europol Ballstáit |
Forbairt |
Réiteach digiteach An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach |
|
|
Airteagal 47(2)(a) |
Tuairisceoidh páirtithe príobháideacha do Europol agus tabharfaidh siad fógra dó faoin Rialachán maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne55 agus faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha56 tríd an Ardán. |
Europol |
Orduithe baint anuas d’ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, tarchuir An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha |
Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 47(2)(b) |
Soláthróidh Europol an fhaisnéis is gá do pháirtithe príobháideacha chun ábhar, seirbhísí, cuntais, bonneagair nó gníomhaíochtaí digiteacha ábhartha ar líne a shainaithint tríd an Ardán. |
Europol Páirtithe Príobháideacha |
Géarchéim ar líne |
Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 48 |
Tacaíonn Europol le hoibriú an Chórais Innéacs Eorpaigh de Thaifid Phóilíneachta agus rialachán Prüm II58 á chur i bhfeidhm. |
Europol |
Forbairt agus Oibriú an chórais |
Réiteach digiteach An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagal 49 |
Is féidir seirbhísí agus uirlisí breise a fhorbairt (measúnú tionchair) faoin Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta |
An Coimisiún
Údaráis inniúla na mBallstát, Tríú Tíortha, Bunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol, II, Páirtithe Príobháideacha
|
Forbairt Bailiú, Malartú faisnéise, Anailísiú, Cros‑seiceáil, tuairisciú, anailís chomhpháirteach |
Sonraí Réiteach digiteach Digitiú & uathoibriú próiseas An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach |
|
|
Airteagal 50 |
Néalbhonneagar Europol: é a chruthú, a úsáid mar bhonneagar caighdeánach do chórais, seirbhísí agus uirlisí Europol a chuirtear ar fáil do na Ballstáit, lena n‑áirítear córais, seirbhísí agus uirlisí atá ann cheana, rochtain shlán (measúnú tionchair). |
An Coimisiún
|
Forbairt Soláthar |
Réiteach digiteach An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagal 51 |
Céannacht dhigiteach póilíneachta AE: scéim chomhchuibhithe a chruthú chun foireann póilíneachta a shainaithint agus chun rochtain dhíreach nó indíreach (trí chórais náisiúnta) ar néalbhonneagar Europol a thabhairt dóibh (measúnú tionchair). |
An Coimisiún
|
Sonraí céannachta póilíneachta a chaighdeánú Forbairt Céannacht agus bainistiú rochtana |
Sonraí Réiteach digiteach An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagal 52 |
Uirlisí staidrimh agus tuairiscithe: uirlisí chruthú agus a úsáid chun críche meastóireachta, faireacháin, anailíse agus tuairiscithe (measúnú tionchair). |
Europol
|
Forbairt Tuarascálacha |
Sonraí Réiteach digiteach An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagal 53 |
Tacaíocht Europol le forbairt agus le glacadh na formáide Uilíche Teachtaireachta. |
Europol
|
Caighdeánú Malartú faisnéise |
Sonraí Digitiú & uathoibriú próiseas An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagail 55 agus 56 |
Grúpa Stiúrtha agus Grúpa Comhairleach um TFC agus Bainistiú Faisnéise a chruthú, ag tacú le cinntí an Bhoird Bainistíochta maidir le hollstruchtúr TFC, bainistiú sonraí, idir-inoibritheacht, ailíniú le riachtanais ghnó na mBallstát. |
Europol
|
Forbairt Caighdeánú Glacadh |
Sonraí Digitiú & uathoibriú próiseas An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagal 54 |
Feidhmchlár AE um meaitseáil ADN a chruthú, ar son leas Europol agus na mBallstát. |
Europol
|
Forbairt Caighdeánú Soláthar Glacadh Cros‑seiceáil Anailís |
Sonraí Réiteach Digiteach An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagail 57 go 64 |
Tríd an nGrúpa Comhairleach um Nuálaíocht agus le tacaíocht ón nGrúpa Comhairleach um Chumas agus Nuálaíocht, forbraíonn agus athbhreithníonn agus nuashonraíonn Europol Creat Forbartha Fadbhreathnaitheachta agus Cumais go tráthrialta chun comhordú agus comhlántacht idir Europol, comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus na Ballstáit a áirithiú i ndáil le taighde, nuálaíocht, tástáil, forbairt, píolótú, agus glacadh ardchumas le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chumais atá ann cheana a chomhthiomsú, rannpháirtíocht chomhordaithe i bpróisis um chaighdeánú agus soláthairtí comhpháirteacha. |
Europol
|
Forbairt Caighdeánú Soláthar Glacadh Nuálaíocht |
Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 61 |
Bosca gainimh rialála a úsáid chun ardchumais atá bunaithe ar an intleacht shaorga a fhorbairt. |
Europol |
Forbairt Nuálaíocht |
Sonraí |
|
|
Airteagail 80 agus 81 |
Tá rochtain indíreach ag comhlachtaí an Aontais agus ag údaráis ainmnithe náisiúnta an Chórais Faisnéise Víosaí ar Europol. (measúnú tionchair). Faigheann OIPE faisnéis atá ábhartha dó go huathoibríoch. |
Bunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol
An Coimisiún |
Cros‑seiceáil ag Bunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol Seiceáil slándála an Chórais Faisnéise Víosaí |
Digitiú & uathoibriú próiseas Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagal 94 |
Aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta. |
Europol Tríú tíortha Eagraíochtaí idirnáisiúnta Ballstáit |
Aistriú sonraí |
Sonraí |
|
|
Airteagal 96(1) go 96(3) |
Próiseálann Europol sonraí ó pháirtithe príobháideacha. |
Europol
|
Malartú le páirtithe príobháideacha Bailiú |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagal 96(3) |
Toradh próiseála faisnéise arna foinsiú ó pháirtithe príobháideacha a cuireadh ar aghaidh chuig Aonaid Náisiúnta Europol. |
Europol
|
Malartú le páirtithe príobháideacha Próiseáil, Anailís, Tuairisciú |
Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagail 96(4) go 96(6). |
Ceadaítear do Europol sonraí a aistriú chuig páirtithe príobháideacha i gcásanna sonracha. |
Europol
|
Malartú le páirtithe príobháideacha |
Digitiú & uathoibriú próiseas Sonraí |
|
|
Airteagal 86(8) |
Seolann Europol iarraidh ar fhaisnéis chuig páirtithe príobháideacha trí Aonaid Náisiúnta Europol. |
Europol
|
Malartú le páirtithe príobháideacha |
Seirbhísí poiblí digiteacha Digitiú agus uathoibriú próiseas Sonraí |
|
|
Airteagal 97 |
Cuirfidh Europol faisnéis ó dhaoine nádúrtha ar aghaidh chuig an mBallstát nó an tríú tír ábhartha. |
Europol |
Malartú le páirtithe príobháideacha |
Seirbhísí poiblí digiteacha Digitiú & uathoibriú próiseas Sonraí |
|
|
Airteagal 98 |
Tá rochtain ag Europol ar mhalartuithe idir na Ballstáit agus páirtithe príobháideacha. |
Europol
|
Malartú le páirtithe príobháideacha |
Digitiú & uathoibriú próiseas An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
|
Airteagail 99, 100, 101, 102 agus 107 |
Teorainneacha agus freagrachtaí maidir le próiseáil sonraí pearsanta, lena n‑áirítear próiseáil le haghaidh taighde agus nuálaíochta, teorainneacha maidir le sonraí pearsanta a stóráil agus a léirscriosadh; ar bhonn na bhfíoruithe a dhéanfar ar iontaofacht na foinse, ar chruinneas na faisnéise, ar chatagóir na n‑ábhar sonraí, ar chatagóirí sonraí pearsanta ar leith. |
Europol |
Na sonraí oibríochtúla uile dá bpróiseáiltear |
Sonraí Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 103 |
Fógra maidir le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann. |
Europol
|
Sárú i ndáil le Sonraí Pearsanta |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagal 104 |
Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí. |
Europol
|
Sárú i ndáil le Sonraí Pearsanta |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagail 105 agus 106 |
Ceart rochtana, ceart go ndéanfaí ceartúchán, léirscriosadh agus srianadh don ábhar sonraí. |
Europol
|
Ceart an ábhair sonraí |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagal 102 |
Coinneoidh Europol logaí den fhaisnéis uile dá bpróiseáiltear |
Europol |
An fhaisnéis oibríochtúil dá bpróiseáiltear |
Sonraí Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 116(3) |
Cuirfidh Europol an Grúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach ar an eolas go tráthrialta. |
Europol
|
Tuairisciú |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagal 117 |
Rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar Shonraí oibríochtúla íogaire neamhrúnda. |
Europol
|
Rochtain ar fhaisnéis |
Seirbhísí poiblí digiteacha Sonraí |
|
|
Airteagal 130 |
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, na bparlaimintí náisiúnta agus an Bhoird Bainistíochta gach 5 bliana. |
An Coimisiún |
Tuairisciú |
Sonraí |
|
|
Airteagal 136 |
Cuardaíonn Europol bunachar sonraí náisiúnta trí shásra ródaire Prüm II. |
Europol
|
Malartú faisnéise Rochtain ar fhaisnéis na mBallstát |
Sonraí Digitiú & uathoibriú próiseas |
|
|
Airteagal 137 |
Forálacha maidir le tús a chur le hoibríochtaí. |
An Coimisiún Europol Ballstáit |
Tús oibríochtaí |
An tSeirbhís phoiblí dhigiteach |
|
4,2.Sonraí
Braitheann srianta ar shonraí ar an bpróiseas oibríochtúil
Braitheann an cineál sonraí a phróiseáiltear agus a mhalartaítear go mór ar an bpróiseas agus ar na gníomhaithe lena mbaineann (féach tábla A). Cé gur fíor go mbraitheann an fhormáid sonraí éagsúil is infheidhme ar chineál na bpróiseas sonraí (tábla C), braitheann an infheidhmeacht agus a forfheidhmiú ar an bpróiseas, ós rud é nach malartaítear na sonraí sa staid oibríochtúil chéanna, agus faoi na srianta dlíthiúla céanna, go háirithe maidir le cáilíocht sonraí.
–Is é a bheidh i gceist le póilíní a shainaithint an próiseas ina mbeidh an leibhéal srianta is airde ar shonraí chun an leibhéal is airde a áirithiú maidir le dearbhú slándála agus rochtain á fáil ar fheidhmchláir, ar sheirbhísí agus ar shonraí a sholáthraítear faoi Néalbhonneagar Europol, lena n‑áirítear go háirithe an spás sonraí comhroinnte póilíneachta.
–Malartú faisnéise, anailís, agus ar an caoi chéanna nuálaíocht. Oibríonn Europol i dtimpeallacht faisnéise arb é is príomhthréith di méideanna móra sonraí ilchineálacha, a thagann ón iliomad foinsí, dlínsí agus comhthéacsanna oibríochtúla go minic. Faightear cuid shubstaintiúil den fhaisnéis sin i bhfoirm neamhstruchtúrtha nó mheasctha. Léiríonn sé sin réaltacht fhorfheidhmiú an dlí sa lá atá inniu ann, ina bhfuil tacair sonraí casta, dinimiciúil, agus gan bheith go hiomlán caighdeánaithe, agus inarb é an príomhchúram oibríochtúil an asbhaint faisnéise atá ábhartha d’imscrúduithe atá ar siúl. Is fíor sin go háirithe i gcás fianaise leictreonach amhail ábhar faisnéise urghafa a thagann gan struchtúr agus criptithe go rímhinic. Déanann Europol na sonraí sin a anailísiú agus a phróiseáil laistigh de thimpeallacht anailíseach Europol, nó déanann údaráis inniúla na mBallstát, comhlachtaí de chuid an Aontais, agus páirtithe príobháideacha iad a anailísiú agus a phróiseáil go comhpháirteach faoin Spás sonraí comhroinnte póilíneachta. Is féidir faisnéis a mhalartú idir páirtithe tríd an Spás sonraí comhroinnte póilíneachta nó trí Fheidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise. Braitheann Cur i bhfeidhm na gcaighdeán ar an bhfoinse sonraí go príomha agus dá bhrí sin D’FHÉADFADH SÉ go leanfaí na caighdeáin agus na sonraíochtaí ina leith, arb iad atá mar bhonn taca ag mbunachar sonraí comhfhreagrach. Mar sin féin, ós rud é nach sainítear an fhaisnéis lena bhfuil gá ag Europol chun a chúraimí a dhéanamh ach de réir an chuspóra agus é sin amháin, ní liosta uileghabhálach é an liosta seo a leanas.
–Cros‑seiceáil Bunaítear seirbhís cros‑seiceála (Airteagail 35 go 39) chun go sainaithneofaí go mear naisc le daoine aonair, ábhair, a raibh baint acu le gníomhaíocht choiriúil roimhe seo agus nach mbaineann ach le daoine ciontaithe, daoine atá faoi dhrochamhras go ndearna siad coir nó go bhfuil siad ar tí coir a dhéanamh. Is féidir leis na Ballstáit rochtain a fháil ar Thimpeallacht Anailíseach Europol (Airteagal 41(4)) ar bhonn ‘amas a fháil/gan amas a fháil’. Le sásra ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ (Airteagal 80), is féidir faisnéis a chros‑seiceáil in aghaidh thimpeallacht anailíseach Europol chun teacht ar Bhunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol, agus d’fhéadfadh baint a bheith ag an gcros‑seiceáil le daoine atá faoi dhrochamhras, daoine a ciontaíodh ach le híospartaigh nó le daoine a bhaineann go hindíreach leo chomh maith.
–Tuarascálacha Riaracháin Cé go bhfoilsítear iad i bhfoirm dhigiteach, ní leanann siad diancheanglais maidir le caighdeáin theicniúla.
–Cearta maidir le sonraí pearsanta Is de láimh go príomha a láimhseáiltear na próisis a bhaineann leis sin, cé go bhféadfadh próisis sonraí agus malartuithe comhroinnte a bheith struchtúraithe agus go bhféadfaidís caighdeáin áirithe a leanúint, ní ceanglas é déanamh amhlaidh.
Srianta ar fud na bpróiseas
|
Próiseas Tagairt don cheanglas |
Póilín a shainaithint |
Cros‑seiceáil |
Malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí |
Malartú le páirtithe príobháideacha |
Anailís Oibríochtúil agus Straitéiseach |
Nuálaíocht |
Tuarascáil riaracháin |
Cearta maidir le sonraí pearsanta |
|
Airteagal 8(7) |
X |
|||||||
|
Airteagal 9(2) |
X |
|||||||
|
Airteagal 9(3) |
X |
|||||||
|
Airteagal 9(4) |
X |
|||||||
|
Airteagal 9(5) |
X |
|||||||
|
Airteagal 7(1) |
X |
|||||||
|
Airteagal 7(2) |
X |
|||||||
|
Airteagal 7(3) |
X |
|||||||
|
Airteagal 7(4) |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 7(5) |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 11 |
X |
|||||||
|
Airteagal 18(a) |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 18(b) |
X |
|||||||
|
Airteagal (18)(c) |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 16(a) |
X |
|||||||
|
Airteagal (16)(c) |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 21(4) |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 25(5)(a) |
X |
|||||||
|
Airteagal 25(5)(b) |
X |
|||||||
|
Airteagal 28 |
X |
|||||||
|
Airteagal 29 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 29(6) |
X |
|||||||
|
Airteagal 30 |
X |
|||||||
|
Airteagal 34 |
X |
|||||||
|
Airteagal 35 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 36 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 37 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 38 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 39 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 40 |
X |
|||||||
|
Airteagal 41 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 42 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 43 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 44 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 45 |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 46 |
X |
|||||||
|
Airteagal 49 |
X |
X |
X |
X |
X |
|||
|
Airteagal 51 |
X |
|||||||
|
Airteagal 52 |
X |
|||||||
|
Airteagal 53 |
X |
X |
X |
|||||
|
Airteagal 55 |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
||
|
Airteagal 56 |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
||
|
Airteagal 54 |
X |
X |
X |
|||||
|
Airteagal 61 |
X |
|||||||
|
Airteagal 80 |
X |
|||||||
|
Airteagal 81 |
X |
|||||||
|
Airteagal 94 |
X |
|||||||
|
Airteagal 96(1) |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 96(2) |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 96(3) |
X |
X |
||||||
|
Airteagal 96(4) |
X |
|||||||
|
Airteagal 96(5) |
X |
|||||||
|
Airteagal 96(6) |
X |
|||||||
|
Airteagal 96(7) |
X |
|||||||
|
Airteagal 97 |
X |
|||||||
|
Airteagal 98 |
X |
|||||||
|
Airteagal 99 |
X |
|||||||
|
Airteagal 100 |
X |
|||||||
|
Airteagal 101 |
X |
|||||||
|
Airteagal 102 |
X |
|||||||
|
Airteagal 102 |
X |
|||||||
|
Airteagal 104 |
X |
|||||||
|
Airteagal 105 |
X |
|||||||
|
Airteagal 106 |
X |
|||||||
|
Airteagal 107 |
X |
|||||||
|
Airteagal 102 |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
|
Airteagal 116(3) |
X |
|||||||
|
Airteagal 117 |
X |
|||||||
|
Airteagal 130 |
X |
|||||||
|
Airteagal 136 |
X |
X |
Cineál sonraí in aghaidh an phróisis
|
Próiseas
|
Póilín a shainaithint |
Cros‑seiceáil |
Malartú faisnéise idir údarás forfheidhmithe dlí agus/nó Europol |
Malartú le páirtithe príobháideacha |
Anailís Oibríochtúil agus Straitéiseach |
Nuálaíocht |
Tuarascáil riaracháin |
Cearta maidir le sonraí pearsanta |
|
An bhfuil feidhm ag caighdeáin um fhormáid sonraí? (Sainordaitheach/Roghnach) |
S |
S |
R |
R |
R |
R |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
|
Cineál sonraí |
||||||||
|
Céannacht dhigiteach phóilíneachta an Aontais |
X |
|||||||
|
Taifid phóilíneachta agus ceartais |
X |
X |
X |
X |
X |
|||
|
Faisnéis atá i seilbh riarachán eile |
X |
X |
X |
X |
||||
|
Faisnéis atá i seilbh údarás príobháideach |
X |
X |
X |
X |
X |
|||
|
Faisnéis foinse oscailte |
X |
X |
X |
X |
X |
|||
|
Fianaise dhigiteach |
X |
X |
X |
X |
X |
|||
|
Tuarascáil oibríochtúil |
X |
X |
X |
X |
||||
|
Tuarascáil straitéiseach |
X |
X |
X |
X |
||||
|
Tuarascáil Riaracháin |
X |
X |
X |
Cineál sonraí agus caighdeáin sonraí is infheidhme
|
Cineál sonraí |
Caighdeán sonraí is infheidhme |
|
Céannacht dhigiteach phóilíneachta an Aontais |
Le cinneadh trí nó de réir: |
|
Taifid phóilíneachta agus cheartais |
|
|
Prüm II, Córas Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta, an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla, an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír, taifead Chóras Faisnéise Schengen |
Nuair a mhalartaítear iad faoi chreat an Aontais, tá feidhm ag na caighdeáin chomhfhreagracha de réir Chóras Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta, Prüm II, an Chórais Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla, an Chórais Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír, Chóras Faisnéise Schengen. Tá feidhm ag an bhFormáid Uilíoch Teachtaireachta maidir leo. Leagtar amach tacsanomaíocht sonraí leis an bhFormáid Uilíoch Teachtaireachta de shonraí a stóráiltear i dtaifid phóilíneachta agus cuidíonn sí le húdaráis náisiúnta a gcuid sonraí a mhapáil de réir Ballstáit eile agus údaráis eile forfheidhmithe dlí Europol. |
|
Bunachair sonraí náisiúnta póilíneachta agus ceartais |
Nuair nach malartaítear iad faoi chreat an Aontais, is iondúil go mbíonn an fhormáid náisiúnta maidir le bunachair sonraí i réim, ós rud é nach ndearnadh cur chun feidhme na Formáide Uilíche Teachtaireachta sainordaitheach i gCórais náisiúnta um bainistiú cásanna. Maidir lena substaint, is iad seo a leanas na cineálacha sonraí a chumhdaítear leis an bhFormáid Uilíoch Teachtaireachta agus atá le fáil inti: Duine (céannacht), tuairisc fhisiceach, próifíl DNA, sonraí faoin aghaidh‑aithint, sonraí dachtalascópacha, lorg dearnan, cion, doiciméad oifigiúil taistil/aitheantais, grianghraf, arm, arm tine, eagraíocht, cás coiriúil, eitilt/turas; modhanna íocaíochta, modhanna iompair; cuntas, agus a bhfuil bainteach leis, gníomh a dhéanfar i gcás ina n‑aimseofar é, ina gciontófar é, ina ngearrfar pianbhreith air. |
|
Faisnéis atá i seilbh riarachán eile |
|
|
Clár sibhialta |
Rialachán (AE) 2016/1191 – Foirmeacha Caighdeánacha Ilteangacha Líonra na gClárlann Sibhialta Eorpach – malartú slán sonraí trasteorann RISER – seirbhís leictreonach aonfhoirmeach um rochtain ar chlárlann Ailíniú le caighdeáin na Náisiún Aontaithe maidir le Clárú Sibhialta agus Staidreamh Beatha – réimsí struchtúrtha, meiteashonraí, aitheantóirí uathúla |
|
Doiciméad taistil / Cárta aitheantais |
Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta 9303 Faisnéis taistil Treoir maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí Rialacháin maidir le Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí |
|
Taifid inimirce atá i seilbh an riaracháin |
Bunachair sonraí lárnacha an Aontais: An Córas Faisnéise Víosaí, an Córas Eorpach chun comparáid a dhéanamh idir taifid dhachtalascópacha iarrthóirí tearmainn, an Córas dul isteach/imeachta, Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil: leagtar síos caighdeáin leis an reachtaíocht chomhfhreagrach agus ba cheart dóibh cloí leis an bhFormáid Uilíoch Teachtaireachta. Baineann na sonraí atá á gcoinneáil le céannacht an duine, leis an doiciméad taistil. Féadfar faisnéis ó bhunachair sonraí náisiúnta a mhalartú freisin. |
|
Cláir náisiúnta réadmhaoine nó córais leictreonacha aisghabhála sonraí agus cláir náisiúnta thalún agus chadastracha |
|
|
Cláir náisiúnta saoránachta agus daonra maidir le daoine nádúrtha |
|
|
Clár náisiúnta mótarfheithiclí, aerárthaí agus dobharárthaí |
Córas Faisnéise Schengen II, Prüm II |
|
Cláir thráchtála, lena n‑áirítear cláir na ngnólachtaí agus na gcuideachtaí |
|
|
Sonraí fioscacha, lena n‑áirítear sonraí atá i seilbh údarás cánach agus ioncaim |
|
|
Sonraí náisiúnta slándála sóisialta |
|
|
Faisnéis atá i seilbh údarás príobháideach |
|
|
Faisnéis faoi chuntas bainc |
Mar atá faoi Threoir (AE) 2024/1640, |
|
Taifid idirbheart |
|
|
Faisnéis maidir le morgáistí agus iasachtaí |
|
|
faisnéis sna bunachair sonraí náisiúnta um airgeadra agus um malartú airgeadra |
|
|
Faisnéis maidir le hurrúis |
|
|
Sonraí custaim, lena n‑áirítear aistrithe fisiceacha trasteorann airgid thirim |
|
|
Faisnéis maidir le ráitis airgeadais bhliantúla ó chuideachtaí |
|
|
Faisnéis maidir le haistrithe de dhroim sreinge agus iarmhéideanna cuntais; |
|
|
Faisnéis maidir le cuntais cripteashócmhainní agus aistrithe cripteashócmhainní |
Mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44). |
|
Faisnéis foinse Oscailte |
|
|
De réir na formáide ilmheán is infheidhme |
|
|
Fianaise dhigiteach |
|
|
Idircheapadh dlíthiúil |
ETSI TS 103 705, ETSI TS 104 007 |
|
Meiteashonraí cumarsáide |
Caighdeáin is infheidhme de chuid Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide |
|
Fís‑sleachta |
De réir na formáide ilmheán is infheidhme |
|
Tuarascáil oibríochtúil |
|
|
Tuarascáil straitéiseach |
|
|
Tuarascáil Riaracháin |
Ailíniú leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí
Míniú ar an gcaoi a bhfuil na ceanglais ailínithe leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí
Tá an t‑athbhreithniú atá beartaithe ar shainordú Europol ailínithe hiomlán le Rialachán (AE) 2018/1725 (maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (EUDPR)), agus comhtháthaítear a chroíphrionsabail i gcreat oibríochtúil Europol agus tugtar aghaidh ar riachtanais shonracha an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí an tráth céanna. Cuirtear próiseáil sonraí pearsanta Europol faoi réir cheanglais EUDPR in Airteagal 98(1) go sainráite sa téacs, agus déantar príomhoibleagáidí amhail dlíthiúlacht, teorannú de réir cuspóra, agus íoslaghdú sonraí a leabú ina chreat dlíthiúil. Cuirtear srian ar phróiseáil sonraí le hAirteagal 32(2) sa chaoi nach gceadaítear próiseáil ach amháin chun críoch réamhshainithe—amhail cros‑seiceáil, anailís oibríochtúil, agus taighde—rud atá ina léiriú díreach ar an gceanglas atá in EUDPR go mbaileofar sonraí pearsanta chun críoch sonraithe, sainráite agus dlisteanach. Ar an gcaoi chéanna, treisítear an prionsabal maidir le teorannú stórála le hAirteagal 101, lena gcuirtear de cheangal ar Europol athbhreithniú a dhéanamh gach 3 bliana ar an riachtanas le sonraí a choinneáil agus lena leagtar síos uastréimhse stórála 5 bliana, rud atá ailínithe le hAirteagal 4 EUDPR. Cuimsítear sásraí cuntasachta EUDPR sa togra freisin, amhail an ceanglas maidir le Measúnúithe Tionchair ar Chosaint Sonraí le haghaidh próiseáil ardriosca (Airteagal 102(3)) agus an oibleagáid dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí sula rachfar i mbun cineálacha nua próiseála (Airteagal 108), rud atá ar aon dul le hAirteagal 90 de EUDPR. Ina theannta sin, áirithítear leis an téacs go gcomhlíontar forálacha EUDPR maidir le cearta na n‑ábhar sonraí, lena n‑áirítear rochtain, ceartú agus léirscriosadh (Airteagail 105-106), agus oibleagáidí EUDPR maidir le doiciméadacht agus trédhearcacht á gcomhlíonadh (Airteagal 98). Trí na ceanglais shubstainteacha sin a chomhtháthú go córasach, áirithítear leis an togra go mbeidh cumais oibríochtúla leathnaithe Europol fós i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin láidre EUDPR maidir le cosaint sonraí.
Níl feidhm ag an nGníomh maidir le Sonraí59 maidir leis an togra seo, toisc nach leagtar amach aon oibleagáid sa togra lena gcuirtear de cheangal ar ghnólachtaí sonraí a chur ar fáil do ghnólachtaí eile.
Cuirfidh Europol forbairt na gcaighdeán coiteann sonraí chun cinn ar fud Bhallstáit an Aontais, maidir le táirgí anailíseacha straitéiseacha (Airteagal 7) an malartú faisnéise coiriúla, go háirithe maidir le DNA, agus teicnící fóiréinsice agus anailíse sonraí, cé nach mbaineann an beartas le faisnéis ón earnáil phoiblí per se ar féidir í a athúsáid, mar a cuireadh ar aghaidh sa Treoir maidir le Sonraí Oscailte60, go háirithe ar chúiseanna slándála poiblí.
Beidh an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta a chuirtear ar aghaidh sa togra ina spás coiteann d’imscrúdaitheoirí chun faisnéis imscrúdaitheach choiteann a thabhairt isteach le haghaidh anailís oibríochtúil, agus beidh sé ina chumasóir tábhachtach chun eolas a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta Europol (Airt. 60) chun ardchumais anailíseacha agus fóiréinseacha a oiliúint, a fhorbairt, a thástáil agus a bhailíochtú laistigh de bhoscaí gainimh rialála de réir an Ghnímh um an Intleacht Shaorga. Tairbheoidh idir an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta agus ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta araon d’acmhainneachtaí stórála agus próiseála inscálaithe Néalbhonneagar Europol. Rannchuidíonn na trí chomhpháirt sin le spás coiteann sonraí forfheidhmithe dlí a theacht chun cinn.
An fhoráil den Ghníomh um Rialachas Sonraí61 maidir le haistriú chuig tríú tíortha, níl feidhm aige maidir le gníomhaíocht forfheidhmithe dlí.
Ailíniú le prionsabal na haonuaire
Míniú ar an gcaoi ar cuireadh prionsabal na haonuaire san áireamh agus ar an gcaoi ar fiosraíodh arbh fhéidir sonraí atá ann cheana a athúsáid
Iarraidh ar fhaisnéis ó Europol ar pháirtithe príobháideacha, is iad na Ballstáit dhéanann é sin go héifeachtach faoi Airteagal 96(7). Dá bhrí sin, is leis an dlí náisiúnta a rialaítear Cur chun feidhme phrionsabal na haonuaire ag údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus, dá bhrí sin, tá sé lasmuigh de raon feidhme an togra seo. Faisnéis a bhailíonn Europol agus údaráis forfheidhmithe dlí faoi na coinníollacha sin, bainistítear go lárnach í faoin Ardán comhair le páirtithe príobháideacha (Airteagal 47) chun cumarsáid idir Europol, na Ballstáit agus na páirtithe príobháideacha a éascú, agus chun a áirithiú nach n‑iarrann Europol an fhaisnéis chéanna faoi dhó. Iarrataí ar fhaisnéis arna dtionscnamh ag na Ballstáit go díreach faoi Airteagal 96(8), láimhseáiltear tríd an Ardán iad agus cuirtear malartuithe comhfhreagracha le páirtithe príobháideacha ar fáil do Europol sa mheon céanna chun teorainn a chur leis na hiarrataí ar ghnólachtaí.
Maidir le hiarraidh ar fhaisnéis ó Europol ar údaráis inniúla na mBallstát, ar Bhunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol, ar thríú tíortha nó ar Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, ní iarrfar faoi dhó orthu, bainistíonn Seirbhís Oibríochtúil agus Anailíse Europol iarrataí den sórt sin go lárnach laistigh den Ghníomhaireacht agus Airteagal 12 á chur i bhfeidhm. Os a choinne sin, maidir le hiarraidh ar fhaisnéis nó ar thacaíocht, bíodh sí de chineál anailíseach, teicniúil, airgeadais nó oibríochtúil, déanfaidh an tSeirbhís chéanna an obair leantach ina leith chun a áirithiú go láimhseálfar i gceart agus go gasta í. Ar an gcaoi chéanna, agus Aonaid Náisiúnta Europol na Ballstáit á gcoinneáil ar an eolas faoin bhfaisnéis uile dá malartaítear idir Europol agus a údaráis inniúla, áiritheoidh siad nach ndéanfar aon iarrataí dúblacha (Airteagal 25(5))
Míniú ar an gcaoi a bhfuil sonraí nuachruthaithe inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in‑athúsáidte, agus ar an gcaoi a gcomhlíonann siad caighdeáin ardcháilíochta
Leis an athbhreithniú atá beartaithe ar chreat rialála Europol, áirithítear maidir le sonraí nuachruthaithe go gcloítear le prionsabail na so-aimsitheachta, na hinrochtaineachta, na hidir-inoibritheachta agus na hin‑athúsáideachta laistigh de phobal dúnta údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, agus, go pointe áirithe, i leith tríú tíortha’, comhlachtaí de chuid an Aontais sa réimse ceartais agus gnóthaí baile, agus Eagraíochtaí Idirnáisiúnta atá rannpháirteach sa chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta. Maidir leis sin, coinnítear caighdeáin ardcháilíochta ar bun leis an gcreat atá beartaithe trí rialachas struchtúrtha agus trí ardbhonneagar teicniúil.
Baintear so-aimsitheacht amach trí ardáin láraithe a bhunú amhail Timpeallacht Anailíseach Europol (Airteagal 40) agus an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta (Airteagal 42), lena soláthraítear stórtha slána innéacsaithe le haghaidh faisnéis choiriúil, anailísí oibríochtúla, agus imscrúduithe comhpháirteacha. Ionchorpraítear sna córais sin caighdeáin maidir le meiteashonraí, aitheantóirí uathúla, agus feidhmiúlachtaí cuardaigh (lena n‑áirítear cuardaigh alfa-uimhriúla, bithmhéadracha agus ilmheán (Airteagal 41)) chun gur féidir sonraí a aisghabháil go beacht. Ráthaítear inrochtaineacht trí rialuithe rochtana ar bhonn na ról, tríd an gcéannacht dhigiteach póilíneachta AE (Airteagal 51), agus trí uirlisí idir-inoibritheacha amhail Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise, (Airteagal 46), lena n‑éascaítear sonraí a chomhroinnt go rianúil slán i measc na mBallstát, chomhlachtaí an Aontais agus comhpháirtithe údaraithe. Ina theannta sin, áirithítear le Néalbhonneagar Europol (Airteagal 50) rochtain inscálaithe ar éileamh ar shonraí agus diancheanglais maidir le slándáil agus ceannasacht á gcomhlíonadh, lena n‑áirítear urrannú sonraí agus criptiú. Tá idir-inoibritheacht leabaithe sa togra trí chaighdeáin theicniúla shainordaitheacha, amhail an Fhormáid Uilíoch Teachtaireachta (Airteagal 53), lena gcomhchuibhítear malartú sonraí ar fud chórais faisnéise an Aontais, agus trí uirlisí Europol a chomhtháthú le hardáin an Aontais atá ann cheana amhail Córas Faisnéise Schengen agus an Córas Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta, Airteagal 48). Déanann an tseirbhís cros‑seiceála (Airteagal 36) agus an feidhmchlár meaitseála DNA (Airteagal 54) comparáidí ar fud tacair sonraí a uathoibriú, rud lena laghdaítear stórais aonraithe sonraí agus lena gcumasaítear nascálacha fíor-ama idir cásanna. Tacaítear leis an ath‑inúsáidteacht leis an gCreat Forbartha Fadbhreathnaitheachta agus Cumais (Airteagal 57), lena gcuirtear chun cinn modheolaíochtaí caighdeánaithe, uirlisí anailíseacha coiteanna, agus dearaí modúlacha córais (e.g. comhpháirteanna bogearraí in‑athúsáidte sa néalbhonneagar). Forfheidhmítear caighdeáin ardcháilíochta trí phrótacail um bailíochtú sonraí (e.g., ‘lódálaithe sonraí’ le haghaidh uaslódálacha uathoibrithe, Airteagal 38), athbhreithnithe tréimhsiúla ar chruinneas sonraí (Airteagal 101), agus uirlisí staidrimh agus tuairiscithe (Airteagal 48) lena ndéantar faireachán ar fheidhmíocht, ar chomhsheasmhacht agus ar chomhlíonadh dhlí an Aontais. Ina theannta sin, déanann an Grúpa Stiúrtha um TFC agus Bainistiú Faisnéise (Airteagal 50) formhaoirseacht ar chomhleanúnachas teicniúil, agus áirithíonn cláir oiliúna (Airteagal 64) go bhfuil na scileanna cuí ag an bpearsanra chun sláine sonraí a choinneáil ar bun. I dteannta a chéile, cruthaíonn na bearta sin éiceachóras láidir ina bhfuil sonraí ní hamháin éifeachtach ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de ach ailínithe le dea-chleachtais dhlíthiúla agus theicniúla freisin.
Sreabha sonraí
Tuairisc ardleibhéil ar na sreabha sonraí
|
Cineál sonraí |
Tagairtí do na ceanglais |
Gníomhaithe a sholáthraíonn na sonraí |
Gníomhaithe a fhaigheann na sonraí |
Truicear don mhalartú sonraí |
Minicíocht (más infheidhme) |
|
Iarraidh ar fhaisnéis chun rannchuidiú le beart comhordúcháin |
Airteagal 8(7) |
Europol |
Ballstáit |
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 8(7) |
Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
Europol |
Iarraidh ó Europol |
/ |
|
Iarraidh ar fhaisnéis |
Airteagal 9(2) |
Europol |
Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát |
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 9(2) |
Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát |
Europol |
Iarraidh ó Europol |
/ |
|
Iarraidh ar ghníomhú (reo sócmhainní) |
Airteagal 9(3) |
Europol |
Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
Tionscanta ag Europol, an baol go n‑imeoidh sócmhainní ó amharc |
/ |
|
Cinneadh maidir le reo sócmhainní |
Airteagal 9(3) |
Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
Europol |
Iarraidh ó Europol |
/ |
|
Iarraidh ar fhaisnéis |
Airteagal 9(4) |
Europol |
Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais na mBallstát |
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 9(5) |
Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais na mBallstát |
Europol |
Iarraidh ó Europol |
/ |
|
Táirgí anailíseacha |
Airteagal 7
|
Europol |
Ballstát
|
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 7(4) agus (5) |
Ballstáit
|
Europol |
Iarraidh ó Europol ar tháirge anailíseach oibríochtúil nó straitéiseach |
/ |
|
Iarrataí ar imscrúdú coiriúil a thionscnamh |
Airteagal 11 |
Europol |
Ballstáit |
i gcás ina measann Europol gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh maidir le coir a thagann faoi raon feidhme a chuspóirí |
/ |
|
Ordú baint anuas d’ábhar ar líne |
Airteagal 18 |
Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
Europol |
Cinneadh an Bhallstáit maidir le baint anuas ábhair a iarraidh |
/ |
|
Ordú baint anuas d’ábhar ar líne |
Airt. 18(a) |
Europol |
Páirtithe Príobháideacha |
Comhordú idir Europol agus údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
/ |
|
Tarchuir maidir le hábhar ar líne |
Airt. 18(b) |
Europol |
Páirtithe Príobháideacha |
Iarraidh ó údarás forfheidhmithe dlí na mBallstát |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil (ábhar ar líne, seirbhísí, cuntais, bonneagair nó gníomhaíochtaí digiteacha) |
Airt. 18(e) |
Europol |
Páirtithe Príobháideacha |
Iarraidh ó Europol |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 16(a) |
Europol/Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní |
Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní/Europol |
Tionscanta ag Europol/ Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal (16)(c) |
Europol/OIPE |
OIPE/Europol |
Tionscanta ag Europol / OIPE |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 21(4) |
Europol/Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú |
Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú/Europol |
Tionscanta ag Europol & Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 25(5)(a) |
Europol |
Aonaid Náisiúnta Europol na mBallstát |
Agus malartú á dhéanamh le húdaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
/ |
|
Iarraidh ar fhaisnéis |
Airteagal 25(5)(a) |
Europol |
Aonaid Náisiúnta Europol na mBallstát |
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Iarraidh ar fhaisnéis |
Airteagal 25(5)(c) |
Aonaid Náisiúnta Europol na mBallstát |
údaráis MS |
Iarraidh ó Europol |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 25(5)(b) |
Údaráis na mBallstát a bhfuil faisnéis acu |
Aonaid Náisiúnta Europol na mBallstát |
Iarraidh ó Europol |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 25(5) |
Aonaid Náisiúnta Europol na mBallstát |
Europol |
Iarraidh ó Europol |
/ |
|
Faisnéis atá ar fáil go poiblí |
Airteagal 28 |
Foinse atá ar fáil go poiblí |
Europol |
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 29, 32, 33 |
Údaráis inniúla na mBallstát Oifigigh idirchaidrimh inimirce |
Europol |
Tugann an Ballstát faoi deara go bhfuil gá leis an bhfaisnéis chun cuspóirí Europol a chomhlíonadh |
/ |
|
Tuairisciú |
Airteagal 29 |
Europol |
Comhairle
|
Cur i bhfeidhm an Rialacháin |
Go bliantúil |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 34 |
Europol |
Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
Nuair a aimsítear faisnéis oibríochtúil ábhartha |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 38 |
Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
An tseirbhís cros‑seiceála |
gan moill mhíchuí i gcás ina bhfaightear amach go gcomhlíonann sonraí coinníollacha a leagtar síos faoi Airteagail 35 go 38 |
Go córasach |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 49 |
Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
An tseirbhís cros‑seiceála |
Nuair a bheidh imscrúduithe á seoladh / nuair a bheidh gné thrasteorann ag baint le cás |
go córasach |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 49 |
An tseirbhís cros‑seiceála |
Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
Arna iarraidh sin don Bhallstát thuas |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 41 |
Europol
|
Timpeallacht anailíseach Europol |
Tionscanta ag Údaráis forfheidhmithe dlí / Aonaid Náisiúnta Europol na mBallstát |
/ |
|
Amas a fháil/gan amas a fháil |
Airteagal 41 |
Timpeallacht anailíseach Europol |
Aonaid Náisiúnta Europol na mBallstát |
Arna iarraidh sin dó atá thuas |
/ |
|
Aon fhaisnéis |
Airteagal 46 |
Europol, na Ballstáit, Tríú Tíortha, Bunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol, II |
Europol, na Ballstáit, Tríú Tíortha, Bunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol, II |
/ |
/ |
|
Staitisticí agus tuarascálacha |
Airteagal 52 |
Uirlis |
Na Ballstáit, Europol, eintitis eile |
Arna iarraidh sin |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 94 |
Europol |
Tríú tíortha |
Tionscanta ag Tríú páirtí nó ag Europol |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 96(3) |
Páirtithe Príobháideacha |
Europol |
Tionscanta ag Páirtithe Príobháideacha |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 96(3) |
Europol |
Údaráis inniúla na mBallstát |
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 96(4), Airteagal 96(5) |
Europol |
Páirtithe Príobháideacha |
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Iarraidh ar fhaisnéis |
Airteagal 96(7) |
Europol |
Aonaid Náisiúnta Europol |
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Tuairisciú |
Airteagal 96(11), Airteagal 96(12) |
Europol |
An Bord Bainistíochta, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle |
Cur chun feidhme an Rialacháin |
Go bliantúil |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 97(1) |
Duine nádúrtha |
Europol |
Tionscanta ag Páirtithe Príobháideacha |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 97(3) |
Europol |
Na Ballstáit, Tríú Tíortha |
Nuair a fhaightear an fhaisnéis thuas |
/ |
|
Fógra maidir le sárú i ndáil le sonraí pearsanta |
Airteagal 103 |
Europol |
Údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát |
I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta |
/ |
|
Fógra maidir le sárú i ndáil le sonraí pearsanta |
Airteagal 104 |
Europol |
Ábhar sonraí |
I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta |
/ |
|
Sonraí pearsanta |
Airteagal 105 |
Europol |
Ábhar sonraí |
Arna iarraidh sin don Ábhar sonraí |
/ |
|
Faisnéis don Ghrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach |
Airteagal 116(3) |
Europol |
An Grúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach |
Éagsúil de réir na coda sonraí den fhaisnéis ón nGrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach |
Éagsúil. |
|
Iarraidh ar fhaisnéis |
Airteagal 117(1) |
Parlaimint na hEorpa |
Europol |
Tionscanta ag Parlaimint na hEorpa |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 109(2) |
Europol |
Parlaimint na hEorpa |
Arna iarraidh sin dó atá thuas |
/ |
|
Tuairisciú |
Airteagal 130 |
Europol |
An Bord Bainistíochta, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Parlaimintí Náisiúnta |
Cur chun feidhme an Rialacháin, Teacht i bhfeidhm an Rialacháin |
5 bliana |
|
Iarraidh ar fhaisnéis maidir le sonraí duine |
Airteagal 136 |
Europol |
Bunachair sonraí na mBallstát trí ródaire Prüm |
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Céannacht duine |
Airteagal 136 |
Bunachair sonraí na mBallstát trí ródaire Prüm |
Europol |
Arna iarraidh sin dó atá thuas |
/ |
|
Gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún lena gcinntear tús na n‑oibríochtaí |
Airteagal 137 |
An Coimisiún |
Ballstáit |
An nós imeachta coiste |
/ |
|
Faisnéis fhorlíontach ó Chóras Faisnéise Schengen |
Airteagal 30 |
Ballstáit: Iarraidh ar Fhaisnéis fhorlíontach ag na Bealaí Isteach Náisiúnta |
Europol |
Nuair a fhaightear amas de bharr foláirimh ó Chóras Faisnéise Schengen |
/ |
|
Faisnéis agus faisnéis choiriúil |
Airteagal 30 |
Europol |
Ballstáit: Iarraidh ar Fhaisnéis fhorlíontach ag na Bealaí Isteach Náisiúnta |
Mar fhreagairt ar an bhfógra thuas |
/ |
|
Faisnéis arna foinsiú ó thríú tír |
Airteagal 30 |
Europol |
Ballstáit |
Tionscanta ag Europol |
/ |
|
Fógra a thabhairt maidir le foláireamh a chur isteach |
Airteagal 30 |
Ballstáit |
Europol |
Nuair a chuirtear isteach foláireamh i gCóras Faisnéise Schengen |
/ |
|
Faisnéis fhorlíontach |
Airteagal 30 |
Europol |
Ballstáit |
Arna iarraidh sin, nuair a fhaightear amais de bharr foláirimh shonracha |
/ |
4,3.Réitigh dhigiteacha
|
Réiteach digiteach |
Tagairtí do na ceanglais |
Na príomhfheidhmiúlachtaí sainordaithe |
An comhlacht atá freagrach |
Conas a dhéantar freastal ar an inrochtaineacht? |
Conas a chuirtear an ath‑inúsáidteacht san áireamh? |
Úsáid teicneolaíochtaí IS (más infheidhme) |
|
Seirbhís cros‑seiceála Europol |
Airteagal 35 go Airteagal 39 |
Stóráil, cuardach agus cros‑seiceáil uathoibrithe faisnéise trí shonraí alfa-uimhriúla agus bithmhéadracha. Is é a bheidh ann: bonneagar chun faisnéis a stóráil; comhéadan cuardaigh; comhéadan chun faisnéis a uaslódáil, a nuashonrú nó a scriosadh; bonneagar cumarsáide slán idir an tseirbhís cros‑seiceála agus na Ballstáit/comhlachtaí an Aontais/an Tairseach Chuardaigh Eorpach. |
Europol |
Ní bhaineann le hábhar comhéadan meaisín |
Sineirgí le hAirteagal 78(2) de eu-LISA b’fhéidir le comhpháirteanna ó Prüm II Airteagal 36(4): bainfidh an tseirbhís cros‑seiceála úsáid as comhpháirteanna teicneolaíochta, bloic thógála agus bonneagar atá ann cheana arna bhforbairt agus arna mbainistiú ag eu-LISA |
Modúil meaitseála sonraí bithmhéadracha |
|
Timpeallacht Anailíseach Europol |
Airteagail 40 agus 41 |
Timpeallacht Europol chun sonraí a stóráil, a phróiseáil, a chros‑seiceáil, a léirshamhlú agus a anailísiú, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh mar thaca le himscrúduithe coiriúla agus le comhordú oibríochtúil. Is é a bheidh ann spásanna oibre anailíseacha, feidhmiúlachtaí um bainistiú cásanna, uirlisí comhoibríocha, seirbhísí próiseála sonraí agus cumais eile. Déanfar foráil ann maidir le tionscadail anailíse arna scaradh go loighciúil chun sonraí a stóráil agus a phróiseáil chun críoch anailíseach sainiúil.
Cuardach amas a fháil/gan amas a fháil: cumasófar leis na sonraí arna stóráil a chuardach chun naisc a aimsiú le cásanna atá ann cheana. |
Europol |
Sonraíochtaí Europol do chomhéadain úsáideora |
Cf. An Spás sonraí comhroinnte póilíneachta |
Cf. An Spás sonraí comhroinnte póilíneachta |
|
An Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta |
Airteagal 42 go Airteagal 45 |
Timpeallacht na mBallstát chun cásanna anailíse oibríochtúla comhpháirtí a thionscnamh: sonraí imscrúdaitheacha a uaslódáil, a stóráil, a chros‑seiceáil, a phróiseáil agus a anailísiú, doiciméid agus tuarascálacha a léirshamhlú, a chur in eagar go comhpháirteach, cumarsáid a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú ar bhealach slán. Le bheith bunaithe ar an Néalbhonneagar. |
Europol |
Don chomhéadan úsáideora, Gníomh Cur Chun Feidhme dá dtagraítear in Airteagal 42(4), agus sonraíochtaí Europol |
Ceanglas maidir le comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí Thimpeallacht Anailíseach Europol a chomhroinnt agus a athúsáid agus a huirlisí, a feidhmiúlachtaí agus a modúil a chur ar fáil. |
Is dócha go mbeidh teicneolaíocht IS comhtháite in uirlisí, i bhfeidhmiúlachtaí agus i modúil a bheidh á n‑óstáil (arna sainiú le gníomhartha cur chun feidhme). |
|
Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise |
Airteagal 46 |
malartú slán faisnéise idir na Ballstáit, Europol, comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta Is é a bheidh ann: bonneagar lárnach chun sonraí a stóráil agus a phróiseáil; comhéadan gréasáin/comhéadain ghréasáin agus feidhmchlár móibíleach/feidhmchláir mhóibíleacha a chuireann ar a gcumas do na foirne forfheidhmithe dlí faisnéis a mhalartú; comhéadan tiomnaithe ríomhchláraithe nó comhéadain thiomnaithe ríomhchláraithe lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht le córais TF na mBallstát agus córais TF chomhlachtaí an Aontais; bonneagar cumarsáide slán idir Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise agus na Ballstáit/ comhlachtaí de chuid an Aontais/ tríú tíortha/ eagraíochtaí idirnáisiúnta. |
Europol |
Arna leagan síos ag Sonraíochtaí Europol don chomhéadan úsáideora |
Forbairt shonrach. |
Modúil ar líne chun cabhrú le faisnéis mhalartaithe a chur isteach agus a léirmhíniú |
|
Ardán comhair le páirtithe príobháideacha (san áireamh i dTimpeallacht Anailíseach Europol) |
Airteagal 47 |
An t‑ordú baint anuas d’ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a chur chun feidhme, tarchur GSD a chur chun feidhme, agus géarchéim ar líne. Cumarsáid a éascú idir Europol, na Ballstáit agus páirtithe príobháideacha a chuireann seirbhís ar fáil san Aontas. Gníomhú mar ardán freagartha i gcás géarchéime le haghaidh géarchéimeanna ar líne, cumarsáid a éascú agus é a chur ar a chumas do Europol an fhaisnéis lena bhfuil gá a sholáthar do pháirtithe príobháideacha. |
Europol |
Arna leagan síos ag Sonraíochtaí Europol don chomhéadan úsáideora |
Freastalaíonn an t‑ardán ar thrí shreabhadh oibre éagsúla cheana féin |
/ |
|
Córas Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta (EPRIS) |
Airteagal 48 |
Ní thugtar isteach aon fheidhmiúlacht nua. Ní leagtar síos leis an Airteagal ach go ndéanfaidh Europol na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) 2024/982, a mhéid a bhaineann leis an gCóras Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta. |
Europol |
// |
// |
// |
|
Seirbhísí agus uirlisí eile |
Airteagal 49 |
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na nósanna imeachta chun feidhmiúlachtaí riachtanacha na seirbhísí agus na n‑uirlisí breise a shainiú. |
An Coimisiún Eorpach |
// |
// |
// |
|
Néalbhonneagar Europol |
Airteagal 50 |
Soláthraíonn sé acmhainneachtaí stórála agus próiseála atá inscálaithe, slán agus leaisteach, lenar féidir an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta a chruthú. Dá bhrí sin, tacaíonn sé le Europol agus le húdaráis inniúla na mBallstát rochtain a fháil ar uirlisí Europol, ar thimpeallachtaí comhoibríocha agus ar chumais próiseála sonraí oibríochtúla eile. Féadfaidh comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus tríú tíortha é a úsáid freisin chun na críche céanna. Tacóidh sé le stóráil, próiseáil, anailísiú agus malartú sonraí. Áiritheoidh sé go rialófar an rochtain go dian, urrannú sonraí Cearta rochtana mionsonraithe. |
Europol |
Ní bhaineann le hábhar comhéadan meaisín |
Soláthar Comhpháirteach seirbhísí néalríomhaireachta |
Beidh anailísíocht bunaithe ar IS ag brath ar an inscálaitheacht lena bhfuil coinne |
|
Céannacht dhigiteach póilíneachta AE |
Airteagal 51 |
Soláthraítear léi an scéim láidir um fhíordheimhniú agus céannacht is gá chun rochtain a fháil ar an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta |
Ballstáit Europol |
Gníomh cur chun feidhme faoi Airteagal 51 |
Ba cheart gníomh cur chun feidhme a fhorbairt d’fhonn athúsáid a bhaint as an gCreat um chomhpháirteanna teicniúla arna bhunú le Rialachán (AE) 910/2014 agus lena ghníomhartha cur chun feidhme. Ba cheart go mbeifí in ann úsáid a bhaint as ar Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití nuair is féidir |
Líon |
|
Uirlisí staidrimh agus tuairiscithe |
Airteagal 52 |
Staitisticí agus tuarascálacha a sholáthar chun críoch meastóireachta, faireacháin, anailísiú agus tuairisciú. Baileoidh, ginfidh, agus soláthróidh siad faisnéis chomhiomlánaithe staidrimh, táscairí, logaí teicniúla, méadracht úsáide agus tuarascálacha anailíseacha. |
Europol |
Gníomh cur chun feidhme faoi Airteagal 52(6) |
Airteagal 86(2)(a) athúsáid a bhaint as comhpháirteanna comhchosúla ó chórais mórscála TF an Aontais amhail lárstóras um thuairisciú agus staidreamh |
Teoranta d’fhormáidiú na tuarascála |
|
Feidhmchlár AE um meaitseáil ADN |
Airteagal 54 |
Comparáid shlán iontaofa a chumasú idir próifílí DNA mar thaca le himscrúduithe na mBallstát ar chionta coiriúla |
Europol |
Ní bhaineann le hábhar Comhéadan meaisín |
Úsáidfidh na Ballstáit an feidhmchlár meaitseála |
Líon |
Seirbhís cros‑seiceála Europol et al.
|
Beartas digiteach agus/nó earnálach (i gcás inarb infheidhme) |
Míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ailínithe |
|
An Gníomh um an Intleacht Shaorga |
Féadfaidh algartaim crosmheaitseála úsáid a bhaint as córais nó samhlacha intleachta saorga de réir bhrí an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, go háirithe i réimse na bithmhéadrachta nó fhorfheidhmiú an dlí (e.g. méarlorg, íomhá den aghaidh, próifíliú). Le gníomh cur chun feidhme faoi Airteagal 37(4), freastalófar ar ailíniú a áirithiú leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus le treoirlínte an Choimisiúin, go háirithe maidir le córais intleachta saorga ardriosca a aicmiú. D’fhéadfadh treoraíocht bhreise ó Europol a bheith úsáideach d’úsáideoirí na mBallstát maidir le comhtháthú agus cur chun feidhme laistigh de nósanna imeachta náisiúnta, de réir rialacha éagsúla maidir le rialú, cé acu a thagann nó nach dtagann na córais faoin aicmiú ardriosca. Timpeallacht Anailíseach Europol agus an Spás sonraí comhroinnte póilíneachta; cé nach mbeartaítear leis an togra go mbeidh na timpeallachtaí sin bunaithe ar theicneolaíocht IS, is é a bheidh iontu an timpeallacht dhaingnithe thiomnaithe, do Europol féin, agus do na Ballstáit faoi seach, chun ardanailísí coiriúla a dhéanamh ar bhonn ábhar fianaiseach agus faisnéis eile, trí úsáid a bhaint as uirlisí, atá bunaithe den chuid is mó ar IS arna hóstáil i gceachtar den dá thimpeallacht. Tá an‑chuid de na huirlisí lena saothraítear an anailísíocht choireachta lasmuigh de raon feidhme an aicmithe ardriosca (mar shampla tacair mhóra chasta sonraí a phróiseáil, amhail comhaid fuaime a thras‑scríobh, chun eintitis a asbhaint, amhail ainmneacha agus uimhreacha teileafóin ó theachtaireachtaí téacs gan dul trí ábhar na teachtaireachta; Íomhánna a aicmiú agus ábhair a bhrath, ach gan bhithmhéadracht), Ní bheadh ach cuid bheag de na cásanna eile a bheadh fágtha (amhail brathadóirí éithigh nó uirlisí próifíliúcháin a úsáid) faoi Iarscríbhinní I agus III a ghabhann leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga. Mínítear na córais intleachta saorga atá laistigh agus lasmuigh de raon feidhme na gcóras intleachta saorga ardriosca i dtreoirlínte COM maidir le córais intleachta saorga ardriosca a aicmiú. Faoin togra seo, tugtar cumas do Europol oiliúint a chur ar a uirlisí IS‑chumasaithe féin agus iad a fhorbairt trí úsáid a bhaint as boscaí gainimh rialála (Airteagal 61(2)), agus tugtar cead chun tacú leis na Ballstáit na huirlisí agus na cumais chomhfhreagracha arna n‑óstáil a ghlacadh (Airteagal 59(3)) agus chun an oiliúint ghaolmhar a sholáthar (Airteagal 64(1)(b)). Agus uaillmhianta chomh mór sin aige, treiseofar Europol dá réir chun tacú lena oibleagáidí mar sholáthraí, faoi seach, mar úsáideoir gairmiúil córas intleachta saorga, lena n‑áirítear córais ardriosca (cf. SO3/Ardchumais lena ngabhann EUR 117 milliún agus 40 aonad de choibhéis lánaimseartha i gcaitheamh an gcéad CAI eile) Tacófar le hoiliúint agus tacaíocht do na Ballstáit chun rialacha intleachta saorga a chomhlíonadh agus uirlisí arna soláthar ag Europol á n‑úsáid acu trí oifigí tacaíochta Europol a chruthú (EUR 112 mhilliún, 157 n‑aonad de choibhéis lánaimseartha). Comhar idir Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise agus Ardáin do pháirtithe príobháideacha Ní ceadmhach ach modúl IS‑chumasaithe neamh‑ardriosca inlíneach, amhail próiseáil teanga nádúrtha (aistriú, tras‑scríobh, etc.) a leabú le réiteach digiteach den sórt sin. Tabharfar aire d’oibleagáidí trédhearcachta i gcomhthéacs na hiarrachta an córas agus na huirlisí atá ann cheana a uasghrádú (EUR 130 milliún, 115 aonad de choibhéis lánaimseartha). Néalbhonneagar Europol Céannacht dhigiteach póilíneachta AE Uirlisí staidrimh agus tuairiscithe Feidhmchlár AE um meaitseáil ADN Níl aon cheann de na réitigh sin le bheith ag brath ar theicneolaíocht IS |
|
Creat Cibearshlándála an Aontais |
Tá an sainordú nua atá beartaithe ailínithe leis an Dara Treoir NIS (inter alia le haghaidh na bpáirtithe príobháideacha) agus leis an nGníomh um Chibearshlándáil, ós rud é a)go gceanglaítear go sainráite leis na ceanglais nua a chuirtear ar na comhlachtaí lena mbaineann Europol, creat cibearshlándála an Aontais a chur i bhfeidhm (i) maidir le soláthar néalseirbhísí in Airteagal 50(4) agus (ii) agus táirgeadh staitisticí in Airteagal 52(5). b)treisíonn sé ról Europol in imscrúduithe cibearchoireachta. Cé nach eintiteas é féin Europol atá faoi chumhdach an Dara Treoir NIS, neartaíonn an togra bearta eagraíochtúla cibearshlándála (e.g. láimhseáil shlán sonraí, freagairt ar theagmhais). Feabhsaítear cumas Europol leis chun tacú leis na Ballstáit cibirtheagmhais a imscrúdú, gan oibleagáidí díreacha a fhorchur ar eintitis phríobháideacha. Tá feidhmchlár AE um meaitseáil ADN i gcomhréir leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht freisin toisc nach bhforchuirtear ceanglais leis an táirge a dhéanfadh difear don chaoi a gcuireann an monaróir ceanglais fhíor-riachtanacha an Ghnímh chun feidhme. |
|
eIDAS |
Cé nach bhfuil feidhm ag eIDAS maidir le státseirbhísigh ná le foireann na nGníomhaireachtaí, beidh gá le céannacht dhigiteach póilíneachta an Aontais chun rochtain a fháil ar Néalbhonneagar Europol atá mar bhonn taca ag an Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta. Féadfar úsáid na céannachta sin a leathnú chun réitigh dhigiteacha eile a chuimsiú freisin (Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise, …). Le gníomhartha cur chun feidhme, freastalófar ar mhodh ríomh‑shainaitheantais a chur chun feidhme go céimneach le haghaidh na n‑imscrúdaitheoirí coiriúla uile a bhfuil ardleibhéal dearbhaithe acu. Chuige sin, beifear ag féachaint chun scéimeanna agus bonneagair atá ann cheana, agus a leagtar amach le rialachán eIDAS, a ailíniú agus a athúsáid. |
|
Tairseach Aonair Dhigiteach agus IMI |
Níl feidhm ag Tairseach Aonair Dhigiteach maidir le seirbhísí a chuireann Europol ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát, do Bhunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol, do pháirtithe príobháideacha ná do dhaoine nádúrtha. Níl feidhm ag Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh toisc nach bhfuil an tionscnamh faoi raon feidhme an mhargaidh inmheánaigh. |
|
Eile |
4,4. Measúnú idir-inoibritheachta
Tuairisc ardleibhéil ar na seirbhísí poiblí digiteacha a ndéanann na ceanglais difear dóibh
|
Seirbhís phoiblí dhigiteach nó catagóir de sheirbhísí poiblí digiteacha |
Tuairisc |
Tagairtí do na ceanglais |
Réiteach/réitigh um Eoraip Idir-Inoibritheach Ní bhaineann le hábhar |
Réitigh idir-inoibritheachta eile |
|
Tacaíocht straitéiseach |
Táirgí anailíseacha de chineál oibríochtúil agus straitéiseach a ullmhú, |
Airteagal 7 Airteagail 50, 51, 52, 53 |
Tacaíonn Europol le modheolaíochtaí agus caighdeáin choiteanna anailíseacha a fhorbairt agus a úsáid |
|
|
Malartú faisnéise a éascú |
Comhroinnt: oibleagáidí ar na Ballstáit lena n‑áirítear Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní agus Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus Europol faisnéis a chomhroinnt Seirbhísí cros‑seiceála: seirbhís lárnach amháin, lena n‑áirítear feidhmchlár meaitseála DNA le haghaidh údaráis inniúla na mBallstát; sásra ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ do Bhunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol agus do chórais faisnéise an Aontais; rochtain bhreise ag OIPE ar thimpeallacht anailíseach Europol Cainéil an Mhalartaithe: Spás sonraí comhroinnte póilíneachta le haghaidh cásanna comhpháirteacha, agus Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise le haghaidh malartuithe déthaobhacha/iltaobhacha. |
Airteagail 8(7), 9, 16(a), 16(c) Airteagail 12 13, 25(5)(a), (b), 29, 30, 34 Airteagail 35 go 39 Airteagail 46, 54 Airteagail 80, 81 Airteagail 45, 46, 47, 49, 50-51, 136 |
Formáid Uilíoch Teachtaireachta, caighdeáin maidir le faisnéis airgeadais agus bhithmhéadrach i reachtaíocht earnála / reachtaíocht maidir le malartú faisnéise (Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní, an sciúradh airgid a chomhrac, Prüm II, Córas Faisnéise Víosaí …) Leis an bhfeidhmchlár DNA, fíorófar caighdeán faoi stiúir an Aontais sa réimse den chéad uair. Tacaíonn céannacht dhigiteach póilíneachta AE le bealach éasca chun aghaidh a thabhairt ar chontrapháirtithe sna malartuithe. |
|
|
Comhar le páirtithe príobháideacha |
Faisnéis a sholáthar do pháirtithe príobháideacha atá i ngéarchéim, chun ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhaint anuas agus a tharchur, agus ábhar aindleathach, ar bhonn ardán tiomnaithe. Faisnéis a iarraidh ó pháirtithe príobháideacha trí Aonaid Náisiúnta Europol. |
Airteagail 14, 47, 96 go 99 Airteagail 49, 50, 51, 53, 55, 56 |
Formáid Uilíoch Teachtaireachta |
|
|
Tacú le hanailís ar fhaisnéis choiriúil |
Anailís ar fhaisnéis choiriúil a sholáthar Timpeallacht anailíseach Europol ina bhfuil ardfhóiréinsic. Tacar arduirlisí anailíseacha agus fóiréinsice Tacaíonn leis an anailís choiriúil chomhpháirteach Spás sonraí comhroinnte póilíneachta le haghaidh comhar comhpháirteach idir na Ballstáit. Na harduirlisí céanna agus atá thuas. |
Airteagail 13 go hAirteagal 19 Airteagail 48, 49, 50, 51, 53, 55, 56 Airteagal 41 go Airteagal 45 Airteagail 48, 49, 50, 51, 53, 55, 56, 137 |
Formáid Uilíoch Teachtaireachta Tacar beart agus creataí rialachais chun glacadh na n‑ardchumas anailíseach, lena n‑áirítear ardchumais atá bunaithe ar an intleacht shaorga, ag na Ballstáit a stiúradh, a chaighdeánú, a chomhordú, a fhorbairt, a chur chun úsáide, agus chun tacú leis an nglacadh sin: Airteagail 13 go 19, 22(3)(a), 26, 53, 54, 55, 56, 57 go 64 |
|
|
Cearta um Chosaint Sonraí |
Cur i bhfeidhm na gceart ag ábhair sonraí a bhaineann le cosaint sonraí, agus formhaoirseacht |
Airteagail 103-106, 116(3), 117 |
Ní bhaineann le hábhar |
Spleáchas na seirbhísí poiblí digiteacha ar réitigh dhigiteacha
|
X: spléach orthu P: d’fhéadfadh sé a bheith spleách orthu |
Seirbhís cros‑seiceála Europol |
Timpeallacht anailíseach Europol |
An Spás Sonraí Comhroinnte Póilíneachta |
Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise |
Ardán comhair le páirtithe príobháideacha |
Córas Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta |
Seirbhísí agus uirlisí eile |
Néalbhonneagar Europol |
Céannacht dhigiteach póilíneachta AE |
Uirlisí staidrimh agus tuairiscithe |
Feidhmchlár AE um meaitseáil ADN |
|
Tacaíocht straitéiseach |
X |
X |
X |
P |
P |
P |
X |
||||
|
Malartú faisnéise a éascú |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
P |
X |
X |
X |
|
|
Comhar le páirtithe príobháideacha |
X |
X |
X |
P |
P |
P |
|||||
|
Tacú le hanailís ar fhaisnéis choiriúil |
X |
X |
X |
X |
P |
X |
P |
X |
X |
X |
An tionchar atá ag na ceanglais, ó thaobh na hidir-inoibritheachta trasteorann de, i gcás gach seirbhíse poiblí digití ar leith
Tacaíocht straitéiseach
|
Measúnú |
Bearta |
Bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann i gcónaí (más infheidhme) |
|
Ailíniú le beartais dhigiteacha agus beartais earnálacha atá ann cheana |
Níor sainaithníodh aon bheartas digiteach ná aon bheartas earnála. |
- |
|
Bearta eagraíochtúla maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil |
-An Bord Bainistíochta á dtarmligean don Bhord Feidhmiúcháin lena dtarmligean (Airteagal 75(1)). -Bord Feidhmiúcháin chun tacú le cinntí an Bhoird Bainistíochta (Airteagal 75(5)) -Cruinniú tráthrialta HENU (Airteagal 25(4)). |
- |
|
Bearta a glacadh chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann i leith na sonraí |
-Forbróidh Europol caighdeáin maidir le táirgí straitéiseacha (Airteagal 7(3)). |
- |
|
Úsáid sonraíochtaí agus caighdeán teicniúil oscailte comhaontaithe |
-Forbróidh Europol caighdeáin maidir le táirgí straitéiseacha (Airteagal 7(3)). -Uirlis Choiteann staidrimh agus tuairiscithe, sainítear catagóirí le gníomh cur chun feidhme (Airteagal 52(6)). |
- |
Malartú faisnéise a éascú
|
Measúnú |
Bearta |
Bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann i gcónaí (más infheidhme) |
|
Ailíniú le beartais dhigiteacha agus beartais earnálacha atá ann cheana |
Treisíonn beartas nua raon feidhme ábhartha an dá ionstraim . Prüm II: Leasaítear Rialachán (AE) 2024/982 chun cumas Europol a leathnú maidir le bunachair sonraí náisiúnta a cheadú (Airteagal 136); Forbraíonn Europol feidhmchlár AE um meaitseáil ADN chun tacú le malartuithe DNA faoi Prüm II (Airteagal 54) Mionléirítear freagracht Europol as an gCóras Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta faoi Airteagal 48. . Treoir (AE) 2023/977 maidir le malartú faisnéise: Úsáideann an t‑ionad ilfhreastail náisiúnta Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise chun faisnéis a sholáthar do Europol (Airteagal 46(3)), mar chainéal réamhshocraithe chun faisnéis a mhalartú le Europol (Airteagal 46(5)); Is féidir Cás Anailíse Oibríochtúla Comhpháirtí a chruthú mar chéim bhreise de mhalartú faisnéise atá ar siúl faoin Treoir (Airt. 46(4)); Is féidir Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise a úsáid chun faisnéis a mhalartú le tríú tíortha (Airteagal 46(7)). . Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh: faoi Airteagal 73(3), roinnfear faisnéis le OIPE ar faisnéis í a bhfaightear amas ina leith. . Rialachán Eurojust (AE) 2018/1727: rochtain chómhalartach ar fhaisnéis chun críche cros‑seiceála. . Treoir (AE) 2024/1260 maidir le hAisghabháil Sócmhainní: faoin mbeartas atá beartaithe, tugtar mionsonraí faoi fhreagrachtaí agus faoi chumais na gníomhaireachta sa chreat comhair a leagtar amach faoi Airteagal 29 den Treoir, agus leathnaítear na freagrachtaí agus na cumais sin. Faoi Airteagal 9 faigheann Europol rochtain ar shonraí atá inrochtana go díreach nó go hindíreach ag na hoifigí um aisghabháil sócmhainní. . Rialachán (AE) 2019/818 maidir le hIdir-inoibritheacht: Cuirtear de chúram ar Europol tacú le forbairt na Formáide Uilíche Teachtaireachta (Airteagal 53). Freagrachtaí níos soiléire maidir le Códú na lárionad agus na gcóras . Rialachán (AE) 2019/1240 maidir le hoifigigh idirchaidrimh inimirce: oibleagáidí chun nascadh le Feidhmchlár an Líonra um Malartú Slán Faisnéise; soiléirítear oibleagáidí maidir le rannchuidiú le faisnéis a sholáthar do Europol. . Treoir (AE) 2019/1153 maidir le faisnéis airgeadais: soiléirítear go bhféadfadh raon feidhme an chomhair le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais na mBallstát a bheith níos leithne ná sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, agus déantar é a athghrúpáil faoi airteagal tiomnaithe 9(4) & 9(5) maidir leis an tacaíocht d’imscrúduithe airgeadais agus d’aisghabháil sócmhainní. . Rialachán (AE) 2019/818 maidir le hIdir-inoibritheacht: maidir leis an rochtain a fhaightear trí chórais mórscála TF an Aontais agus leis an Rialachán maidir le scagadh ar shonraí Europol chun cros‑seiceáil a dhéanamh (i.e. lárchórais an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus an Chórais Faisnéise Víosaí), braitear ar chainéal cumarsáide slán a bhunaítear faoi Airteagal 36(1)(e) leis an Tairseach Chuardaigh Eorpach. . Rialachán (AE) 2024/1356 maidir le Scagadh: braitheann rochtain na n‑údarás scagtha anois ar an gcainéal cumarsáide arna bhunú idir an sásra um chros‑seiceáil agus an Tairseach Chuardaigh Eorpach. Tá an t‑ailíniú fós mar atá / athfhoirmliú . Córas Faisnéise Schengen: Rialacháin (AE) 2018/1860, 1861, 1862 ról Europol a mhéid a bhaineann le hanailís a dhéanamh ar fhaisnéis fhorlíontach, i bhfoláireamh a chur isteach le haghaidh faisnéise, faoi amais a fhaightear de bharr foláireamh le haghaidh faisnéise agus gníomhaíocht sceimhlitheoireachta, baineann sé le foláirimh, Rialacháin. . Treoir (AE) 2015/849 ó AFA: tá coimirce an neamhchur isteach ar mhalartuithe le páirtithe príobháideacha faoin Treoir fós mar an gcéanna. . Rialachán (AE) 2019/881 maidir leis an gCibearshlándáil: Tá an comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil díreach mar an gcéanna i gcónaí. |
Tá an rialachán fós ciúin faoin idirghníomhú leis na rialacháin seo a leanas maidir le forálacha sonracha a bhaineann le malartú faisnéise chun gníomhaíochtaí coiriúla a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú . Taifead Ainmneacha Paisinéirí: Treoir 2016/681 . Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí: Rialachán (AE) 2025/13 . Rialachán (AE) 767/2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí, Rialachán 2017/2226 maidir leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta, Rialachán (AE) 2018/1240 maidir leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil, Rialachán (AE) 2024/1358 maidir leis an gCóras Eorpach chun comparáid a dhéanamh idir taifid dhachtalascópacha iarrthóirí tearmainn . Rialachán (AE) 2023/1113 maidir le faisnéis i dtaca le cripteashócmhainní . Treoir (AE) 2021/555 maidir le hairm thine agus Rialachán (AE) 2025/41 |
|
Bearta eagraíochtúla maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil |
Maidir le cumais riachtanacha a fhorbairt chun seirbhís phoiblí dhigiteach a sholáthar -Grúpa Stiúrtha um TFC agus Bainistiú Faisnéise a chruthú (Airteagal 55). -Grúpa Comhairleach um TFC agus Bainistiú Faisnéise a chruthú (Airteagal 56). -Soláthróidh Europol tacaíocht theicniúil don chomhtháthú (Airteagal 22(2) mír 3). -Soiléirítear cúraimí Aonaid Náisiúnta Europol maidir le glacadh na seirbhíse poiblí digití (Airteagal 25(6)) lena n‑áirítear uirlisí teicniúla. -Faigheann Aonaid Náisiúnta Europol tacaíocht ó Oifig Tacaíochta Europol (Airteagal 26) ina bhfuil 150+ ball foirne de chuid Europol ar fud an Aontais. |
- |
|
Bearta a glacadh chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann i leith na sonraí |
-Cf Tacaíocht ó Europol, Aonaid Náisiúnta Europol & Oifigí Tacaíochta. |
- |
|
Úsáid sonraíochtaí agus caighdeán teicniúil oscailte comhaontaithe |
An Fhormáid Uilíoch Teachtaireachta a ghinearálú: -Tacóidh Europol lena forbairt agus lena glacadh (Airteagal 53). -Rannchuidíonn an Grúpa Comhairleach um ICT agus um Bainistiú Faisnéise (Airteagal 56(6)(c)) le comhchaighdeáin theicniúla a shainaithint agus a chur chun cinn. -Tacóidh Europol le próisis um chaighdeánú, lena n‑áirítear comhchaighdeán a fhorbairt agus a chur chun cinn, chomh maith le ceanglais idir-inoibritheachta, sonraíochtaí oibríochtúla agus teicniúla atá ábhartha do chomhar i bhforfheidhmiú an dlí (Airteagal 57(3)(b): go háirithe (Airteagal 65(2)(b) trína Sheirbhís um Chumas agus Nuálaíocht. -Soláthróidh Europol tacaíocht theicniúil don chomhtháthú (Airteagal 22(2) mír 3). |
-Níl an Fhormáid Uilíoch Teachtaireachta sainordaithe maidir le Réitigh dhigiteacha Europol a fhorbairt. -Níl an Fhormáid Uilíoch Teachtaireachta sainordaithe maidir le córais náisiúnta a chomhtháthú. |
Malartú le páirtithe príobháideacha
|
Measúnú |
Bearta |
Bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann i gcónaí (más infheidhme) |
|
Ailíniú le beartais dhigiteacha agus beartais earnálacha atá ann cheana |
Freagrachtaí níos soiléire maidir le Códú na lárionad agus na gcóras . Rialachán (AE) 2021/784 ón gComhairle maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne Cuirtear de chúram ar Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa a códaíodh le déanaí, na cúraimí uile ó Europol i ndáil le tarchuir agus orduithe baint anuas a dhéanamh; agus déantar iad ar ardán digiteach nuabhunaithe comhair le páirtithe príobháideacha (Airteagal 47(2)(a)). . Rialachán (AE) 2022/2065 maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha: cosúil leis an méid thuas faoi Airteagal 47(2)(a). . Creat an Aontais maidir le hábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí: Déantar cúraimí agus cumais Europol maidir le malartú ábhair mí‑úsáide gnéasaí leanaí a chuíchóiriú a thuilleadh leis an gcóras cineálach malartuithe le páirtithe príobháideacha faoi Airteagal 91. Tá an t‑ailíniú fós mar atá / athfhoirmliú . Treoir (AE) 2015/849 ó AFA: tá coimirce an neamhchur isteach ar mhalartuithe le páirtithe príobháideacha faoin Treoir fós mar an gcéanna. |
Tá an rialachán fós ciúin faoin idirghníomhú leis na rialacháin seo a leanas maidir le forálacha sonracha a bhaineann le malartú faisnéise chun gníomhaíochtaí coiriúla a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú. |
|
Bearta eagraíochtúla maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil |
Maidir le cumais riachtanacha a fhorbairt chun seirbhís phoiblí dhigiteach a sholáthar do na Ballstáit agus do Bhunáiteanna Gníomhaíochtaí Oibríochtúla Europol: cf for-‘mhalartú faisnéise’. Maidir lena cur chun úsáide / lena glacadh ag páirtithe príobháideacha: -Féadfaidh Europol caidreamh comhoibritheach a bhunú le páirtithe príobháideacha (Airteagal 91). -Bunaíonn Europol nós imeachta chun rochtain shlán ar an ardán do pháirtithe príobháideacha a thabhairt nó a tharraingt siar (Airteagal 47(4), |
-Tacaíocht do pháirtithe príobháideacha cosúil leis an mBallstát, de rogha Europol agus faoi réir comhaontuithe déthaobhacha. |
|
Bearta a glacadh chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann i leith na sonraí |
-Cf Tacaíocht ó Europol, Aonaid Náisiúnta Europol & Oifigí Tacaíochta. |
-Tacaíocht do pháirtithe príobháideacha cosúil leis an mBallstát, de rogha Europol agus faoi réir comhaontuithe déthaobhacha |
|
Úsáid sonraíochtaí agus caighdeán teicniúil oscailte comhaontaithe |
-Iarrann Europol ar pháirtithe príobháideacha rannchuidiú le hobair an Ghrúpa Chomhairligh um Nuálaíocht (Airteagal 67). |
-Cuireadh do pháirtithe príobháideacha rannchuidiú le hobair an Ghrúpa Chomhairligh um Nuálaíocht nach gcumhdaítear caighdeán go sainráite léi (Airteagal 67) |
Tacú le hanailís ar fhaisnéis choiriúil
|
Measúnú |
Bearta |
Bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann i gcónaí (más infheidhme) |
|
Ailíniú le beartais dhigiteacha agus beartais earnálacha atá ann cheana |
Treisíonn beartas nua raon feidhme ábhartha an dá ionstraim Treoir (AE) 2024/1640 maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac: Is féidir le Europol tacú le hanailís chomhpháirteach arna déanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) de bhun na Treorach in Airteagal 76 Rialachán Frontex (AE) 2019/1896: Soláthraíonn Europol anailísí riosca do Frontex ar bhonn faisnéis taistil (Airteagal 77(1)) Tá an t‑ailíniú fós mar atá / athfhoirmliú |
Tá an rialachán fós ciúin faoin idirghníomhú leis na rialacháin seo a leanas maidir le forálacha sonracha a bhaineann le malartú faisnéise chun gníomhaíochtaí coiriúla a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú . e-codex (AE) 2022/850. . Rialachán (AE) 2023/969 maidir le hardán comhoibrithe na bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú |
|
Bearta eagraíochtúla maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil |
Mar an gcéanna le ‘malartú faisnéise’ -Spéis ar leith in oibleagáidí nua Europol lena dtacaítear le glacadh ardchumas anailíseach agus fóiréinseach nua faoi Airteagal 59 |
- |
|
Bearta a glacadh chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann i leith na sonraí |
Mar an gcéanna le ‘malartú faisnéise’ |
- |
|
Úsáid sonraíochtaí agus caighdeán teicniúil oscailte comhaontaithe |
Mar an gcéanna le ‘malartú faisnéise’ |
- |
4,5. Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
Tuairisc ardleibhéil ar bhearta a thacaíonn leis an gcur chun feidhme digiteach
|
Tuairisc ar an mbeart |
Tagairtí do na ceanglais |
Ról an Choimisiúin (más infheidhme) |
Gníomhaithe le bheith páirteach (más infheidhme) |
An amlíne a bhfuil coinne léi (más infheidhme) |
|
Gníomhartha nó treoirlínte cur chun feidhme / tarmligthe a ghlacadh |
Airteagal 38(3) agus 137(1) Airteagal 50(9) agus 137(2) Airteagal 42(4) agus 137(3) Airteagal 81(8) agus 137(4) Airteagal 52(6) agus 137(5) |
Na gníomhartha a ghlacadh |
Ballstáit |
Y0+1 |
|
Rialacha cur chun feidhme a ghlacadh |
Airteagal 13(5) Airteagal 70(2)(j) |
Vótáil sa Bhord Bainistíochta |
Europol
|
Y0+1 |
|
Tacaíocht don tástáil, don imscaradh, don chomhtháthú, do ghlacadh oibríochta lena n‑áirítear oiliúint |
Airteagail 25, 26 Airteagal 65(2)(b) Airteagal 66(1) Airteagail 59, 62, 63, 64 |
Ról maoirseachta i nGrúpa Comhairle, Grúpa Stiúrtha um Bainistiú Faisnéise/TFC |
Europol
|
De réir an réitigh; féach § 1.5.1 |
- (1) Féach na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 26-27 Meitheamh 2025 maidir le comhrac na coireachta tromchúisí eagraithe.
- (2) Féach Roinn 2.1 maidir leis an gComhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana.
- (3) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin.
- (4) Rogha na hEorpa – Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024–2029, Iúil 2024.
- (5) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ProtectEU – Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, COM(2025) 148 final, an 1 Aibreán 2025.
- (6) Ráiteas ó Ardoifigigh Póilíneachta Eorpacha, an 29 Aibreán 2025.
- (7) Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht, IO L 169, 27.6.2022, lch. 1.
- (8) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust).
- (9) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’).
- (10) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624.
- (11) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF).
- (12) Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA).
- (13) Lena n‑áirítear forbairtí a eascraíonn as an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, COM(2023) 258 final, 17.5.2023.
- (14) Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle.
- (15) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin
- (16) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le ProtectEU: Clár Oibre chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, COM(2026) 101 final, 26 Feabhra 2026.
- (17) Conclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar EMPACT agus maidir le tosaíochtaí an Aontais i ndáil le coireacht don chéad timthriall EMPACT eile 2026-2029, a d’fhormheas an Chomhairle an 13 Meitheamh 2025.
- (18) COM(2025) 743 final, 04 Nollaig 2025.
- (19) COM(2025) 744 final, 04 Nollaig 2025.
- (20) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáinneáil ar airm thine agus cionta eile a bhaineann le hairm thine a chomhrac, COM(2026) 102 final, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 26 Feabhra 2026.
- (21) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Treochlár maidir le rochtain dhleathach agus éifeachtach ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, COM(2025) 349 final, an 24 Meitheamh 2025.
- (22) Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011.
- (23) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil).
- (24) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – ‘Straitéis Eorpach le haghaidh Sonraí’, COM (2020) 66 final, 19 Feabhra 2020.
- (25) Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach
- (26) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An EU Strategy for Data Centres and Cloud [Straitéis an Aontais Eorpaigh um Lárionaid Sonraí agus an Néalríomhaireacht], COM(2024) [final].
- (27) Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht).
- (28) Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council establishing a framework of measures for strengthening Europe’s cloud and AI ecosystem [Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras néalríomhaireachta agus intleachta saorga na hEorpa a neartú] (an Gníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga); COM(2026) 502 final.
- (29) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (An Dara Treoir NIS).
- (30) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht
- (31) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht, COM(2022) 332 final, 5 Iúil 2022.
- (32) Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (ÚCSA), agus Rialachán (AE) 2024/1624 agus Treoir (AE) 2024/1640, ar cuid de phacáiste an Aontais maidir le frithsciúradh airgid iad.
- (33) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (Treoir CLA).
- (34) COM(2025) 752 final.
- (35) Arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2024/1689 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga).
- (36) Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/371/oj ).
- (37) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/794/oj ).
- (38) Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/o j).
- (39) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1727/oj ).
- (40) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) ( IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj ).
- (41) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj ).
- (42) Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/36/oj ).
- (43) IO L 123, 12.05.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj .
- (44) Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.05.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj ).
- (45) IO L 123, 12.05.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj .
- (46) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE ( IO L 295, 21.11.2018, lch. 39 , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).
- (47) Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, 17.5.2021, lch. 79, http://data.europa.eu/eli/reg/2021/784/oj ).
- (48) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj ).
- (49) Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II) (IO L, 2024/982, 05.04.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/982/oj ).
- (50) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/818/oj ).
- (51) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj ).
- (52) Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear an cinneadh sin (IO L 319, 4.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2219/oj ).
- (53) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 122, 10.5.2019, lch. 1 , ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj ).
- (54) Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj ).
- (55) Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1971/1182/oj ).
- (56) Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/168/oj ).
- (57) Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle …(IO…, ELI: ..).
- (58) Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 198, 25.7.2019, lch. 88, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1240/oj ).
- (59) Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (IO L 134, 22.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/977/oj ).
- (60) Cinneadh 2005/511/CGB ón gComhairle an 12 Iúil 2005 maidir leis an euro a chosaint ar ghóchumadh, trí Europol a ainmniú mar an Lároifig maidir le góchumadh an euro a chomhrac (IO L 185, 16.7.2005, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2005/511/oj ).
- (61) Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj ).
- (62) Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/922/oj ).
- (63) Treoir (AE) 2019/1153ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n‑éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lch. 122, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1153/oj ).
- (64) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj ).
- (65) Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (IO L 162, 20.6.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2002/465/oj ).
- (66) IO C 197, 12.7.2000, lch. 3.
- (67) Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1860/oj ).
- (68) Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1861/oj ).
- (69) Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1862/oj ).
- (70) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/767/oj ).
- (71) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/767/oj ).
- (72) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/680/oj ).
- (73) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj ).
- (74) Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj ).
- (75) Rialachán (AE) 2023/1322 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 maidir le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 (IO L 166, 30.6.2023, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1322/oj ).
- (76) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj )
- (77) Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Lárionad Aistriúcháin le haghaidh chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (IO L 314, 7.12.1994, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/2965/oj ).
- (78) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj ) .
- (79) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar an gcalaois agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj ).
- (80) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj ).
- (81) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/443/oj ).
- (82) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj ).
- (83) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
- (84) Is gá uirlisí intleachta saorga a úsáid le haghaidh 10 % go 15 % d’imscrúduithe coiriúil, de réir measúnú ón gCoimisiún.
- (85) Cionta, daoine atá faoi dhrochamhras agus ciontóirí, mar a shainmhínítear https://ec.europa.eu/eurostat/cache/metadata/en/crim_sims.htm.
- (86) Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
- (87) COM(2025) 570 final; https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52025DC0570
- (88) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) http://data.europa.eu/eli/reg/2016/794/2026-01-11 .
- (89) I bprionsabal, tá coinne leis go mbeidh feidhmeanna rialachais Europol mórán mar a chéile den chuid is mó ó thaobh foirne de. Tá coinne leis go nginfear gnóthachain éifeachtúlachta leis an togra, go háirithe trí na nósanna imeachta a bhaineann le cosaint sonraí a shimpliú agus a chuíchóiriú, rud a chuirfidh teorainn leis na riachtanais foirne breise a bheidh ann le haghaidh rialachas cothrománach agus feidhmeanna riaracháin.
- (90) Rialachán airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
- (91) Ráiteas Comhpháirteach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe.
- (92) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
- (93) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
- (94) Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar arb iarrthóirí ionchasacha iad.
- (95) Is ionann na Gealltanais agus na hÍocaíochtaí.
- (96) Is ionann na Gealltanais agus na hÍocaíochtaí.
- (97) Féach fonóta Error! Bookmark not defined..
- (98) Féach fonóta Error! Bookmark not defined..
- (99) Féach fonóta Error! Bookmark not defined..
- (100) Féach fonóta Error! Bookmark not defined..
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.6.2026
COM(2026) 580 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 agus Rialachán (AE) 2024/982, agus lena n−aisghairtear Rialachán (AE) 2016/794
{SEC(2026) 580 final} - {SWD(2026) 580 final} - {SWD(2026) 581 final} - {SWD(2026) 582 final}
IARSCRÍBHINN 1
Liosta de na cineálacha coireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1):
–sceimhlitheoireacht;
–an choireacht eagraithe;
–gáinneáil ar dhrugaí;
–gníomhaíochtaí sciúrtha airgid;
–coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha;
–smuigleáil imirceach;
–gáinneáil ar dhaoine;
–coireacht a bhaineann le mótarfheithiclí;
–dúnmharú agus mórdhíobháil choirp;
–trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna;
–fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gabháil giall;
–ciníochas agus seineafóibe;
–robáil agus tromghoid;
–gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n‑áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne;
–caimiléireacht agus calaois;
–coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais;
–trádáil cos istigh agus cúbláil margaidh airgeadais;
–cambheartaíocht agus sracaireacht;
–góchumadh agus píoráideacht táirgí;
–doiciméid riaracháin a bhrionnú agus gáinneáil orthu;
–brionnú airgid agus modhanna íocaíochta;
–coireacht ríomhairí, lena n‑áirítear cibirionsaithe;
–éilliú;
–gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin;
–gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhíocha i mbaol;
–gáinneáil aindleathach ar speicis phlandaí agus cineálacha plandaí i mbaol;
–coireacht chomhshaoil, lena n‑áirítear truailliú ó longa;
–gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile;
–mí‑úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n‑áirítear ábhar mí‑úsáide leanaí agus sirtheoireacht páistí ar líne chun críoch collaíochta;
–foréigean inscnebhunaithe;
–cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh;
–sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais.
IARSCRÍBHINN 2
NA CATAGÓIRÍ ÁBHAR SONRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 32
(1)Na catagóirí ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 32:
(a)daoine a gceaptar, de bhun dhlí náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist, go ndearna siad cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina thaobh, gur ghlac siad páirt ann, nó daoine a ciontaíodh as an gcion sin;
(b)daoine a bhfuil tásca fíorasacha nó forais réasúnta faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann le creidiúint go ndéanfaidh siad cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith;
(c)daoine a bhféadfaí go n‑iarrfaí orthu fianaise a thabhairt in imscrúduithe i gceangal leis na ciontaí atá á mbreithniú nó in imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin;
(d)daoine a bhí ina n‑íospartaigh i gceann de na ciontaí atá á mbreithniú nó a dtugann fíricí áirithe maidir leo cúis le creidiúint go bhféadfaí go mbeidís ina n‑íospartaigh i gcion den sórt sin;
(e)teagmhálacha agus comhpháirtithe; agus
(f)daoine is féidir faisnéis a chur ar fáil faoi na ciontaí coiriúla atá á mbreithniú.
(2)Is éard is ‘teagmhálacha agus comhpháirtithe’ ann, mar a thagraítear dóibh i bpointe 1(e), daoine trína bhfuil dóthain cúiseanna le creidiúint gur féidir faisnéis, a bhaineann leis na daoine dá dtagraítear i bpointí 1(a) agus (b) agus atá ábhartha don anailís, a fháil, ar choinníoll nach n‑áirítear iad i gceann de na catagóirí de dhaoine dá dtagraítear i bpointí 1(a) go (d) agus (f). Is iad ‘teagmhálacha’ na daoine úd a mbíonn teagmháil fhánach acu leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b). Is iad ‘comhpháirtithe’ na daoine sin a mbíonn teagmháil rialta acu leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b).
(3)Má thagann sé chun solais, am ar bith le linn anailíse, ar bhonn tásc tromchúiseach agus comhthacaíoch, gur cheart duine a chuimsiú i gcatagóir daoine, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn seo, atá éagsúil ón gcatagóir ar cuireadh an duine sin ann ar dtús, ní fhéadfaidh Europol na sonraí faoin duine sin a phróiseáil ach amháin i gcás na sonraí faoi atá ceadaithe faoin gcatagóir sin, agus scriosfar na sonraí eile go léir.
(4)Má thagann sé chun solais, ar bhonn tásc den sórt sin, gur cheart duine a chur in dhá chatagóir éagsúla nó níos mó, mar a shainítear san Iarscríbhinn seo, féadfaidh Europol na sonraí go léir atá ceadaithe faoi na catagóirí sin a phróiseáil.