Eureka 52026PC1100 Definitions Sign in

An Bhruiséil,11.11.2026

COM(2026) 1100 final

2026/0356(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cleachtais tráchtála chothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a chur chun cinn sa mhargadh as líne agus sa mhargadh aonair digiteach, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/29/CE
(An Gníomh um Chothroime Dhigiteach)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2026) 1100 final} - {SWD(2026) 1100 final} - {SWD(2026) 1101 final} - {SWD(2026) 1102 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Tá athrú ó bhonn tagtha ar eispéiris tomhaltóirí mar gheall ar an ré dhigiteach. Cumasaíodh leis rochtain níos tapúla, níos áisiúla agus níos leithne ar raon earraí agus seirbhísí atá ag síormhéadú. An tráth céanna, tá bealaí nua agus níos sofaisticiúla chun tionchar a imirt ar roghanna tomhaltóirí tagtha chun cinn mar gheall uirthi. Mar aon leis na tairbhí doshéanta a bhaineann le rogha agus éifeachtúlacht, leis an úsáid fhorleathan a bhaintear as teicneolaíochtaí digiteacha, is féidir le cleachtais tráchtála éagóracha, idir sheanchleachtais agus chleachtais nua araon, difear a dhéanamh do thomhaltóirí ar scála, rud a chuireann leis na rioscaí dá leasanna eacnamaíocha, agus dá bhfolláine mheabhrach agus fhisiciúil. Déantar difear ar leith do thomhaltóirí leochaileacha.

Tá Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’ nó ‘TCTÉ’) 1 ar cheann de bhunchlocha acquis an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí. Mar ionstraim chomhchuibhithe uasta, bunaítear le TCTÉ tacar coiteann aonair rialacha maidir le cleachtais tráchtála éagóracha san Aontas, rud a fheabhsaíonn deimhneacht dhlíthiúil do thrádálaithe agus do thomhaltóirí araon agus a bhaineann bacainní ar thrádáil trasteorann. Tá raon feidhme leathan aici: tá feidhm aici maidir le gach cleachtas tráchtála éagórach, lena n-áirítear gníomhartha nó neamhghníomhartha míthreoracha, mar aon le cleachtais tráchtála ionsaitheacha roimh idirbhearta, lena linn agus ina dhiaidh; cumhdaítear léi gach tomhaltóir, lena n-áirítear tomhaltóirí leochaileacha, amhail leanaí, agus gach cineál trádálaí. Tá feidhm aici maidir le haon trádálaí a dhíríonn ar thomhaltóirí san Aontas, lena n-áirítear nuair atá na trádálaithe sin bunaithe lasmuigh den Aontas. Feidhmíonn sí mar líontán sábhála ginearálta maidir le cleachtais tráchtála éagóracha. Ceapadh an creat, áfach, i margadh a bhí ann roimh an ngeilleagar sonraí agus airde, margaíocht tionchairí, pearsantú, seirbhísí digiteacha bunaithe ar shíntiús, nó ceannacháin ionaipe.

Sa tSeiceáil Oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí an Aontais maidir le cothroime dhigiteach 2 , rinneadh meastóireacht ar TCTÉ in éineacht le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí’ nó ‘TCT’) 3 agus Treoir 93/13/CEE ón gComhairle 4 le linn na tréimhse 2017-2023. Thángthas ar an gconclúid inti go bhfuil na trí Threoir fós ábhartha agus riachtanach chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí ar líne agus feidhmiú éifeachtach an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a áirithiú agus gur soláthraíodh lena n-ollstruchtúr prionsabalbhunaithe an deimhneacht rialála is gá le haghaidh margadh éagsúil i dtáirgí digiteacha atá dírithe ar thomhaltóirí. An tráth céanna, tarraingíodh aird sa tSeiceáil Oiriúnachta freisin ar bhearnaí agus éiginnteachtaí dlíthiúla sa reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí a dhéanann difear mór do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon.

Freagraíonn an togra seo le haghaidh Gníomh um Chothroime Dhigiteach don sainordú dul i ngleic le teicnící agus cleachtais tráchtála neamheiticiúla a bhaineann le patrúin dhorcha, margaíocht ag tionchairí meán sóisialta, dearadh andúile táirgí digiteacha agus próifíliú ar líne, go háirithe i gcásanna ina ndéantar leochaileachtaí tomhaltóirí a dhúshaothrú chun críoch tráchtála 5 .

Tá an togra seo le léamh i gcomhar leis an togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a shimpliú 6 .

Fógraíodh an togra sin i gClár Oibre 2030 um Thomhaltóirí 7 agus áiríodh é i gclár oibre 2026 an Choimisiúin 8 . Freagraíonn sé freisin do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa ina n-iarrtar reachtaíocht in aghaidh dearadh andúile agus Gníomh um Chothroime Dhigiteach chun aghaidh a thabhairt ar fhógraíocht spriocdhírithe, margaíocht tionchairí, dearadh andúile, boscaí éadála, airgeadraí ionaipe agus patrúin dhorcha 9 . Sna Conclúidí ón gComhairle maidir le Clár Oibre 2030 um Thomhaltóirí, d’aithin sí freisin ‘nach mór aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála atá ann cheana’ 10 . Shainaithin comhchathaoirligh an Phainéil Speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne an Gníomh um Chothroime Dhigiteach atá ar na bacáin agus an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT) mar phríomhdheis chun cosaint leanaí agus déagóirí a leabú i gcroílár dhlí tomhaltóirí an Aontais 11 .

Tá dhá chomhpháirt sa togra le haghaidh Gníomh um Chothroime Dhigiteach.

Ar an gcéad dul síos, tiontaíonn sé an dlí substainteach maidir le cleachtais tráchtála éagóracha ó threoir go dlí Aontais atá infheidhme go díreach, is é sin rialachán. Tiocfaidh sé sin in ionad 27 gcóras trasuite de chuid na mBallstát agus laghdóidh sé an deis le haghaidh léirmhínithe náisiúnta éagsúla a sainaithníodh sa tSeiceáil Oiriúnachta mar spreagadh don ilroinnt agus don éiginnteacht dhlíthiúil. Is réamhchoinníoll dlíthiúil é freisin chun forfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí a lárú i gcásanna sonracha ar leibhéal an Aontais, mar a bheartaítear leis an togra ón gCoimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT) 12 .

Ar an dara dul síos, tugann sé aghaidh ar na heasnaimh a sainaithníodh sa tSeiceáil Oiriúnachta trí rialacha substainteacha a thabhairt isteach maidir leis na rudaí seo a leanas: Patrúin dhorcha, margaíocht tionchairí, pearsantú éagórach agus cleachtais uasmhéadaithe caithimh, dearadh andúile, cleachtais mhargaíochta éagóracha a bhaineann le praghsanna agus cothroime i gconarthaí, a mhéid a cháilíonn na cleachtais sin mar cleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóra. Áirítear leis freisin bearta cothrománacha agus roinnt bearta simpliúcháin spriocdhírithe a shainaithnítear mar bhearta atá in ann ualaí a laghdú gan cosaint tomhaltóirí a chailleadh. Mar a léirítear thuas, leagtar síos na gnéithe simpliúcháin go páirteach freisin sa Treoir maidir le rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a shimpliú, ar cuid den phacáiste reachtach céanna leis an tionscnamh seo í.

Tá sé d’aidhm ag an togra seo na nithe seo a leanas a dhéanamh:

–an díobháil a dhéantar do thomhaltóirí, lena n-áirítear leanaí agus grúpaí leochaileacha eile, mar thoradh ar chleachtais dhigiteacha achrannacha a laghdú;

–feabhas a chur ar chomhlíonadh na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí ag trádálaithe sna margaí digiteacha;

–tacar rialacha níos comhchuibhithe a sholáthar chun gníomhaíochtaí idirbheartaíochta trasteorann gnólachtaí a éascú.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra le haghaidh an Ghnímh um Chothroime Dhigiteach comhleanúnach le tosaíochtaí eile de chuid an Aontais agus le tosaíochtaí an Choimisiúin maidir le cosaint tomhaltóirí. Déantar leis Treoir 2005/29/CE a aisghairm agus a ionadú ina hiomláine. Déantar substaint na Treorach sin – an clásal ginearálta, na forálacha maidir le gníomhartha agus neamhghníomhartha míthreoracha, cleachtais ionsaitheacha, agus na cleachtais a liostaítear in Iarscríbhinn I – a thabhairt anonn agus an leibhéal cosanta tomhaltóirí á choinneáil ar bun an tráth céanna 13 .

Tagraíonn roinnt gníomhartha de chuid an Aontais do Threoir 2005/29/CE. Dá bhrí sin, foráiltear leis an togra nach mór tagairtí don Treoir aisghairthe a léamh mar thagairtí don Rialachán seo.

Ina theannta sin, moltar sa togra le haghaidh Treoir maidir le rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a shimpliú leasuithe spriocdhírithe ar an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí chun ualaí riaracháin ar thrádálaithe a laghdú agus cosaint tomhaltóirí a choinneáil ar bun sa réimse digiteach an tráth céanna.

An tráth céanna, tá athbhreithniú á mholadh ag an gCoimisiún ar Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT) 14 . Is é is aidhm don athbhreithniú sin an córas comhordúcháin forfheidhmiúcháin atá ann cheana d’údaráis náisiúnta a neartú agus forfheidhmiú a lárú i gcásanna sonracha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear i réimsí a chumhdaítear leis an nGníomh um Chothroime Dhigiteach.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra le haghaidh an Ghnímh um Chothroime Dhigiteach comhleanúnach freisin leis an gcreat rialála digiteach atá ann cheana, lena n-áirítear an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD), an Gníomh um Margaí Digiteacha (GMD) agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), an Omnibus Digiteach agus tionscnaimh leanúnacha, amhail an togra le haghaidh Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne (EU KIDS ACT), agus an t-athbhreithniú ar Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc.

Go háirithe, tá an togra comhlántach leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, leis an togra le haghaidh Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne agus an t-athbhreithniú ar Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc atá ar na bacáin agus soláthraítear leis líontán sábhála chun tomhaltóirí a chosaint sa timpeallacht dhigiteach.

Bunaítear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha creat cothrománach comhchuibhithe lena rialaítear freagrachtaí soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus, go háirithe, forchuirtear leis oibleagáidí a bhaineann le trédhearcacht, sábháilteacht agus cuntasacht ardán ar líne, lena n-áirítear oibleagáidí sonracha maidir le mionaoisigh a chosaint agus rioscaí sistéamacha a mheasúnú agus a mhaolú. Tugtar aghaidh sa togra seo ar chothroime na gcleachtas tráchtála, lena n-áirítear roghanna dearaidh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chumas tomhaltóirí cinntí saora eolacha a dhéanamh, sa timpeallacht dhigiteach i gcoitinne, gan beann ar shamhail ghnó na dtrádálaithe, gan an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a dhúbailt.

Bunaítear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid chun glacadh na hintleachta saorga duinelárnaí agus iontaofa san Aontas a chur chun cinn, agus ardleibhéal cosanta don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha á áirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear an ceart chun cosaint tomhaltóirí. Is é is aidhm don togra seo cosaint tomhaltóirí a neartú sa timpeallacht dhigiteach, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear. Comhlánaíonn sé an Gníomh um an Intleacht Shaorga trí rialacha áirithe a bhunú ar cheart d’uirlisí intleachta saorga iad a chomhlíonadh nuair a úsáideann tomhaltóirí iad.

Bunaítear leis an togra le haghaidh Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne ceanglais shonracha chomhchuibhithe chun feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar oiriúnacht aoise na seirbhísí agus na gcóras contúirteacha (‘na meáin shóisialta +’) a úsáideann mionaoisigh. Comhlánaíonn an togra seo na bearta sin trí chreat cothrománach a bhunú le haghaidh cóir chothrom do thomhaltóirí sa timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear i ndáil le cleachtais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leanaí mar thomhaltóirí óga, gan an nGníomh AE um Leas an Linbh ar Líne a dhúbailt. Tagraíonn an togra seo go hidirmhalartach do leanaí agus do ‘mhionaoisigh’, a shainmhínítear araon mar aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Tá an togra comhleanúnach freisin le Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc agus leis an athbhreithniú atá á dhéanamh uirthi, lena gcumhdaítear, inter alia, cumarsáid tráchtála agus cosaint mionaoiseach i seirbhísí meán closamhairc agus i seirbhísí ardáin comhroinnte físeán.

Le cur i bhfeidhm comhlántach an chreata rialála dhigitigh agus ionstraimí dlí tomhaltóirí, is féidir cosaint chuimsitheach éifeachtach tomhaltóirí a áirithiú 15 agus rannchuidiú le forfheidhmiú éifeachtúil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arb é bunús dlí Threoir 2005/29/CE é freisin (arna glacadh ar bhun Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh). Déantar foráil in Airteagal 114 CFAE maidir le comhfhogasú dlíthe agus cuirtear de cheangal ar an Aontas leis ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach, chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 26 CFAE a áirithiú. Meabhraítear in Airteagal 169 CFAE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha (Airteagal 38) an aidhm maidir le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí, agus tagraítear go sonrach in Airteagal 169 CFAE do shláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint.

Is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí. Is é is aidhm don togra deireadh a chur le bacainní ar sholáthar trasteorann earraí agus seirbhísí i margaí digiteacha a eascraíonn as rialacha náisiúnta éagsúla sna réimsí a chumhdaítear leis an togra, agus cosc a chur ar theacht chun cinn na mbacainní sin, rud a sainaithníodh sa tSeiceáil Oiriúnachta mar riosca intuartha. Tagann an réimse beartais faoi inniúlacht roinnte de bhun Airteagal 4(2)(a) agus (f) CFAE. Dá bhrí sin, tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta, agus tá an togra faoi réir an tsásra rialaithe coimhdeachta faoi Phrótacal Uimh. 2.

•Coimhdeacht

Is saincheisteanna trasteorann go bunúsach iad saincheisteanna cosanta tomhaltóirí, go háirithe sa réimse digiteach, saincheisteanna a eascraíonn as margaí digiteacha a fheidhmíonn ar fud an Aontais. I réimsí a chomhchuibhítear go hiomlán le Treoir 2005/29/CE, ní féidir leis na Ballstáit gníomhú go haontaobhach chun éiginnteacht dhlíthiúil a réiteach ar leibhéal an Aontais, rud a mhéadaíonn an baol go mbeidh léirmhínithe éagsúla ann, rud as a eascraíonn leibhéil éagsúla cosanta tomhaltóirí agus rioscaí gnó. I gcás ina ngníomhaíonn na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna nach bhfuil comhchuibhithe go hiomlán fós ar leibhéal an Aontais, is gnách leo cineálacha éagsúla cur chuige a ghlacadh freisin, rud a chruthaíonn bacainní ar ghníomhaíochtaí trasteorann gnó agus a dhéanann an margadh inmheánach a ilroinnt.

Tá breisluach mór ag baint le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Bíonn tionchar ag na fadhbanna a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair don tionscnamh ar bheagnach gach saoránach den Aontas agus ar sciar suntasach de ghnólachtaí an Aontais; eascraíonn go leor de na fadhbanna sin as cleachtais gnólachtaí a oibríonn ar bhonn trasteorann. Dá bhrí sin, chruthódh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais seachas ar an leibhéal náisiúnta iarmhairtí móra scála. Rannchuidíonn rialacha de chuid an Aontais atá lán-chomhchuibhithe freisin le forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos saoire mar gheall ar shineirgí i ngníomhaíochtaí na bhforfheidhmitheoirí náisiúnta, agus, má ghlactar an togra le haghaidh athchóiriú ar an gComhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí freisin, mar gheall ar fhorfheidhmiú láraithe ar leibhéal an Aontais i gcásanna sonracha 16 .

•Comhréireacht

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.

Ar an gcéad dul síos, ní athraíonn an t-athrú ionstraime, ann féin, leibhéal an chomhchuibhithe. Is treoir lán-chomhchuibhithe cheana féin í Treoir 2005/29/CE. Tríd an treoir sin a thiontú ina rialachán, cuirtear deireadh leis an ngá atá le trasuí ag na Ballstáit agus laghdaítear a thuilleadh an deis don éagsúlacht.

Ar an dara dul síos, leis an tiontú, ní leathnaítear inniúlacht an Aontais go réimsí a bhí forchoimeádta roimhe seo do na Ballstáit. Caomhnaítear na maoluithe sainráite ar chomhchuibhiú iomlán. Le hAirteagal 3(9) de Threoir 2005/29/CE, ceadaítear do na Ballstáit ceanglais níos sriantaí a fhorchur i ndáil le seirbhísí airgeadais agus maoin dhochorraithe; Le hAirteagal 3(5), ceadaítear rialacha náisiúnta níos cosantaí chun cleachtais ionsaitheacha nó mhíthreoracha a chomhrac i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh ar theach tomhaltóra agus turais tráchtála. Baineann an dá mhaolú den chuid is mó le hiompar as líne nó le hiompar earnáilsonrach lasmuigh den réimse a bhaineann le cothroime dhigiteach agus tá go leor Ballstát ag brath orthu. Leanfaidh siad de bheith ann.

Ar an tríú dul síos, ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach. Mar a thugtar tuairisc air i Roinn 6 den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair 17 , rinneadh na roghanna beartais a mheasúnú freisin i bhfianaise na comhréireachta a bhfuil coinne leis maidir leis na bearta arna gcoinneáil a mhéid a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna arna sainaithint. Is iad na hoibleagáidí substainteacha nua an rogha is lú cur isteach a d’fhéadfadh an cuspóir a bhaint amach agus, dá bhrí sin, tá siad comhréireach, mar a mhínítear freisin i Roinn 7.2 den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.

•An rogha ionstraime

Is i bhfoirm rialacháin atá an togra le haghaidh an Ghnímh um Chothroime Dhigiteach, ar na cúiseanna seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, freagraíonn sé don iarraidh ón gComhairle Eorpach tús áite a thabhairt do rialacháin seachas do threoracha 18 a léirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Creat Rialála AE Níos Simplí, Níos Soiléire, a Fhorfheidhmítear ar Bhealach Níos Fearr’ 19 . Ar an dara dul síos, laghdaíonn sé an deis don éiginnteacht dhlíthiúil a eascraíonn as difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann sa trasuí, léirmhínithe náisiúnta éagsúla agus rórialáil, rud atá ríthábhachtach chun an rómhaorlathas a laghdú agus chun simpliú a dhéanamh. Ar an tríú dul síos, cruthaítear leis an réamhchoinníoll dlíthiúil chun cumhachtaí díreacha imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a dhílsiú don Choimisiún i ndáil le cleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an nGníomh um Chothroime Dhigiteach i gcásanna sonracha faoin Rialachán athbhreithnithe maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT).

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht sa tSeiceáil Oiriúnachta 20 ar na trí Threoir maidir le dlí na dtomhaltóirí 21 i gcomparáid leis na cúig chritéar maidir le rialáil níos fearr don tréimhse 2017-2023. Féadfar achoimre a dhéanamh ar na conclúidí uaithi mar seo a leanas:

–Éifeachtacht: níl na Treoracha éifeachtach ach go páirteach ós rud é go bhfuil gearáin ó thomhaltóirí agus díobháil dóibh fós ard, go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil agus bearnaí dlíthiúla fós ann, agus go bhfuil baol ann go mbeidh ilroinnt rialála agus forfheidhmiú neamhleor ann.

–Comhleanúnachas: dearfach agus teorainn ann; tá an comhleanúnachas inmheánach comhsheasmhach agus treisíonn siad a chéile agus tá an comhleanúnachas seachtrach comhlántach go ginearálta le reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

–Éifeachtúlacht: dearfach freisin agus teorainn ann toisc go bhfuil na costais agus na tairbhí cothromaithe ar leibhéal na sochaí agus nach meastar go bhfuil costais chomhlíontachta ard, agus tairbhí suntasacha ann do thomhaltóirí, do thrádálaithe agus d’údaráis chomh maith le réimsí sonracha a d’fhéadfaí a shimpliú (e.g. oibleagáidí faisnéise, ceart chun tarraingt siar).

–Breisluach AE: Baineann creat dlíthiúil an Aontais torthaí atá píosa níos fearr nó i bhfad níos fearr amach ná mar a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach.

–Ábharthacht: dearfach agus teorainneacha ann. Tá na cuspóirí fós an-ábhartha agus tá tairbhí ag baint le creat líontáin sábhála atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Beidh tionchar ag forbairtí éagsúla teicneolaíochta agus margaidh ar an oiriúnacht don fheidhm agus meastar go ndéanfaidh siad amhlaidh ar luas níos tapúla amach anseo (e.g. méadú ar úsáid IS, uathoibriú, pearsantú). Beidh tionchar ag cur i bhfeidhm reachtaíocht eile de chuid an Aontais ar ábharthacht dhlí na dtomhaltóirí.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcomhréir leis na treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, rinneadh comhairliúcháin fhorleathana chun an rannpháirtíocht is leithne is féidir páirtithe leasmhara a áirithiú.

Cuimsíodh an méid seo a leanas sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin:

–Comhairliúchán poiblí, a bhí ar oscailt d’aiseolas ón 17 Iúil 2025 go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2025;

–Glao ar fhianaise a foilsíodh ar an tairseach ‘Cloisimis uait’, a bhí ar siúl i gcomhthráth leis an gcomhairliúchán poiblí;

–Suirbhé cainníochtúil ar ghnólachtaí;

–Suirbhé cainníochtúil ar thomhaltóirí (15 bliana d’aois nó níos sine);

–Suirbhé cainníochtúil ar leanaí (idir 7-14 bliana d’aois);

–Sraith turgnamh iompraíochta le tomhaltóirí (15 bliana d’aois nó níos sine);

–Sraith turgnamh iompraíochta le mionaoisigh (12-17 mbliana d’aois);

–Taighde cáilíochtúil (plé grúpa fócais) le mionaoisigh (12-17 mbliana d’aois);

–Trí shuirbhé spriocdhírithe ar pháirtithe leasmhara le:

·Comhlachais ghnó;

·Comhlachais tomhaltóirí;

·Údaráis phoiblí.

–Agallaimh spriocdhírithe le páirtithe leasmhara le hionadaithe ó ghnólachtaí, comhlachais ghnó lena n-áirítear ionadaithe FBManna, comhlachais tomhaltóirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do leanaí, don óige agus do ghrúpaí leochaileacha eile, agus acadóirí;

–Plé comhchéime leis na príomhpháirtithe leasmhara maidir le hábhair shonracha;

–Comhairliúchán le leanaí trí Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais;

–Idirphlé maidir le Cur Chun Feidhme leis an gCoimisinéir McGrath i ndáil le cosaint tomhaltóirí sa timpeallacht dhigiteach an 15 Iúil 2025;

–Idirphlé Beartais leis an Aos Óg maidir leis an nGníomh um Chothroime Dhigiteach an 17 agus an 18 Meitheamh 2026;

–Taighde deisce ar litríocht acadúil, ailt, páipéir bheartais agus acmhainní ar líne atá ábhartha.

Cuireadh san áireamh freisin moltaí chomhchathaoirligh an Phainéil Speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne a foilsíodh an 13 Iúil 2026, moltaí a bhí bunaithe go háirithe ar thorthaí Eorabharaiméadar 2026 maidir le tionchar an iomarca ama scáileáin agus na meán sóisialta ar mheabhairshláinte daoine óga 22 . Bhí an chothroime dhigiteach i measc na n-ábhar a pléadh freisin ag an gcéad chruinniú de Bhord Óige um Chomhairliú an Uachtaráin von der Leyen, a bhí ar siúl an 3 Nollaig 2025 agus ag an Idirphlé Beartais leis an Aos Óg maidir le Daoine Óga a Chosaint ar líne an 22 Meán Fómhair 2026.

Tá tuarascáil achoimre ar an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara mar chuid d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.

Foilsíodh tuarascáil achomair fhíorasach an Chomhairliúcháin Phoiblí an 19 Nollaig 2025 23 . Fuarthas 3 341 fhreagra ar an gcomhairliúchán poiblí ó réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear tomhaltóirí, gnólachtaí, FBManna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, údaráis phoiblí, agus eagraíochtaí acadúla agus taighde. Cumhdaíodh sa chomhairliúchán patrúin dhorcha, dearadh andúile, gnéithe sonracha i dtáirgí digiteacha amhail físchluichí, pearsantú éagórach, margaíocht tionchairí, cleachtais a bhaineann le praghsáil agus conarthaí digiteacha. Ar an iomlán, léirigh na freagraí tacaíocht nach beag do ghníomhaíocht bhreise ón Aontas sa timpeallacht dhigiteach. As na 1 733 fhreagra 24 , thacaigh 72 % le rialacha ceangailteacha nua de chuid an Aontais maidir le patrúin dhorcha, 70 % lena leithéid maidir le dearadh andúile, 70 % lena leithéid maidir le gnéithe sonracha i dtáirgí digiteacha agus 70 % lena leithéid maidir le pearsantú éagórach, agus 68 % lena leithéid maidir le margaíocht tionchairí.

Cuireadh i dtábhacht sa chomhairliúchán freisin an tábhacht a bhaineann le forfheidhmiú éifeachtach agus comhleanúnachas le creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana. Cé gur thacaigh freagróirí le raon beart chun cosaint tomhaltóirí a neartú, chuir roinnt gnólachtaí agus comhlachas gnó i dtábhacht an gá atá le forluí, dúbailt agus castacht rialála nach bhfuil gá léi a sheachaint. Bhí an tacaíocht ag FBManna do na bearta a cuireadh i láthair sa chomhairliúchán níos airde go ginearálta ná an tacaíocht ag fiontair mhóra agus comhlachais ghnó. Dá bhrí sin, léiríonn na torthaí go bhfuil gá le gníomhaíocht spriocdhírithe ón Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sainaitheanta, agus comhsheasmhacht leis an reachtaíocht atá ann cheana á háirithiú, ilroinnt á laghdú agus cothrom iomaíochta á choinneáil ar bun sa Mhargadh Aonair an tráth céanna.

An gá atá leis an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha a thiontú ó threoir go rialachán chun cumhachtaí díreacha forfheidhmiúcháin a dheonú don Choimisiún i gcásanna sonracha i ndáil le cleachtais a chumhdaítear leis an nGníomh um Chothroime Dhigiteach, pléadh é sin le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs Idirphlé maidir le Cur Chun Feidhme i ndáil leis an gcomhar forfheidhmiúcháin trasteorann i réimse dhlí na dtomhaltóirí an 6 Bealtaine 2026 25 . Thairis sin, áirítear sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair 26 a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT) forléargas ar thuairim na n-údarás náisiúnta cosanta tomhaltóirí maidir le tiontú TCTÉ.

•Bailiú agus úsáid saineolais

Bhraith an Coimisiún ar an staidéar meastóireachta seachtraí a thacaíonn leis an tSeiceáil Oiriúnachta, ar an staidéar seachtrach a thacaíonn leis an togra le haghaidh Gníomh um Chothroime Dhigiteach, ar shuirbhéanna ar údaráis, ar thaighde iompraíochta, ar Scórchlár Dhálaí na dTomhaltóirí, ar obair an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde agus ar litríocht acadúil neamhspleách. Tá na staidéir tacaíochta foilsithe agus déantar tagairt dóibh sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.

•Measúnú tionchair

Tacaítear leis na tograí le measúnú tionchair, ar eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (BGR) tuairim dhearfach le forchoimeádais ina leith an 3 Iúil 2026 27 .

Chuir BGR na barúlacha seo a leanas in iúl: (1) i sainiú na faidhbe, ba cheart an t-idirghaol idir patrúin dhorcha, dearadh andúile agus cleachtais phearsantaithe éagóracha a shoiléiriú; (2) ba cheart roinnt bearta beartais a shainiú ar bhealach níos soiléire; (3) ba cheart roinnt easnaimh mhodheolaíochta maidir le cainníochtuithe, go háirithe maidir le hiarmhairtí ioncaim ar ghnólachtaí, agus éiginnteachtaí bunúsacha a bhaineann le tionchair na mbeart a léiriú ar bhealach níos fearr; agus (4) ba cheart measúnú níos mionsonraithe a dhéanamh sa tuarascáil ar chomhleanúnachas na hidirghabhála le tionscnaimh ábhartha eile.

Tugadh an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair 28 cothrom le dáta ina dhiaidh sin agus aghaidh á tabhairt ar na pointí sin inti.

I gcás gach ceann de na réimsí sainaitheanta de chleachtais achrannacha ar líne, scrúdaíodh idir 3 agus 4 rogha beartais i gcomparáid leis an mbonnlíne.

Ina theannta sin, rinneadh measúnú sa mheasúnú tionchair ar roinnt beart cothrománach agus simplithe.

Ar bhonn an mheasúnaithe sin agus na comparáide idir roghanna, is mar seo a leanas atá an rogha beartais fhoriomlán ab fhearr:

Forbhreathnú achomair ar an rogha beartais fhoriomlán ab fhearr

Rogha beartais maidir le patrúin dhorcha

Toirmeasc ginearálta ar phatrúin dhorcha gnólacht le tomhaltóir mar chleachtais tráchtála éagóracha, mar aon le liosta solúbtha de phatrúin dhorcha a thoirmisctear i ngach imthoisc. Airteagal 16e TCT a bhaint.

Rogha beartais chun aghaidh a thabhairt ar tháirgí uasmhéadaithe caithimh agus gnéithe dearaidh andúile.

Sainmhíniú níos soiléire ar ‘cinneadh idirbhirt’. Trédhearcacht praghsanna maidir le fíorluach na gceannachán ionaipe a úsáideann airgeadraí fíorúla agus na dóchúlachtaí go mbuafar tairiscintí fíorúla lena ngabhann luaíochtaí bunaithe ar éiginnteacht (boscaí éadála). Is féidir le gach tomhaltóir tairiscintí fíorúla lena ngabhann luaíochtaí atá bunaithe ar éiginnteacht a mhúchadh. Toirmeasc ar roinnt cleachtais uasmhéadaithe caithimh i gcás mionaoiseach, agus na gnéithe eile múchta mar réamhshocrú. Tacú le féinrialúcháin le haghaidh físchluichí agus oibleagáid dhlíthiúil rátáil atá oiriúnach ó thaobh aoise de a bheith ag físchluichí. Is féidir le gach tomhaltóir gnéithe uasmhéadaithe airde a mhúchadh, agus toirmeasc ar chuid acu i gcás mionaoiseach agus na cinn eile múchta mar réamhshocrú.

Rogha beartais chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais phearsantaithe éagóracha

Toirmeasc ar fhógraíocht phearsantaithe atá dírithe ar mhionaoisigh agus ar fhógraíocht phearsantaithe atá bunaithe ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta mar a shainítear faoi RGCS nó ar leochaileachtaí tomhaltóirí. Toirmeasc ar phraghsáil phearsantaithe i leith mionaoiseach nó bunaithe ar leochaileachtaí tomhaltóirí, i gcás ina bhfágtar, mar thoradh uirthi, nach mbíonn na torthaí chomh fabhrach céanna.

Rogha beartais chun aghaidh a thabhairt ar mhargaíocht achrannach tionchairí

Sainmhíniú ar mhargaíocht tionchairí mar chleachtas tráchtála, agus soiléiriú ar an oibleagáid ábhar tráchtála a nochtadh go suntasach. Deireadh a chur leis an oibleagáid seoladh geografach tionchairí nach ndíolann go díreach le tomhaltóirí a nochtadh. Oibleagáid ar ghníomhaithe eile i slabhra na margaíochta tionchairí (e.g. brandaí agus gníomhaireachtaí fógraíochta) a cheangal go gcomhlíonann tionchairí dlí an Aontais. Toirmeasc ar mhargaíocht tionchairí ar tháirgí díobhálacha áirithe nó ar tháirgí atá mí-oiriúnach ar bhealach eile, lena n-áirítear do mhionaoisigh.

Rogha beartais chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais phraghsála éagóracha

Ní mór éabhlóid fíor-ama an phraghais agus an uasphraghais a thaispeáint agus tomhaltóirí ag fanacht i scuaine fhíorúil chun deis ceannaigh a fháil. Toirmeasc ar ‘phraghsáil deoir ar dheoir’ agus ar theicnící míthreoracha sonracha i gcomparáidí praghsanna. I gcomhthéacs praghsála dinimiciúla, ní mór do thrádálaithe a nochtadh cé mhéad earra atá ar fáil do thomhaltóirí ag an bpraghas fógartha.

Rogha beartais chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le conarthaí digiteacha

Faigheann tomhaltóirí meabhrúchán roimh thús tréimhse conartha íoctha tar éis triail saor in aisce agus ní mór dóibh glacadh go gníomhach leis an gconradh íoctha. Faigheann tomhaltóirí meabhrúchán sula ndéantar síntiús íoctha a athnuachan go huathoibríoch agus tá siad in ann síntiús sínte go huathoibríoch a fhoirceannadh am ar bith le gearrfhógra. Tá ar thrádálaithe saoráid cealúcháin éasca a sholáthar. Is féidir le tomhaltóirí paraiméadair na gcóras uathoibrithe a úsáidtear sa chonraitheoireacht a shocrú. Ceanglais laghdaithe maidir le faisnéis le haghaidh conarthaí atá go hiomlán uathoibrithe ar thaobh an trádálaí agus ar thaobh an tomhaltóra. Tá sé de cheart ag tomhaltóirí rochtain a fháil ar chomhchainteoir daonna i seirbhísí do chustaiméirí.

Bearta cothrománacha

Tugtar na sainmhínithe ar ‘gnáth-thomhaltóir’ agus ‘tomhaltóir leochaileach’ cothrom le dáta chun sainiúlachtaí na timpeallachta digití a chur san áireamh. Laghdaítear an dualgas cruthúnais i gcásanna atá casta ó thaobh na teicneolaíochta de. Tugtar isteach oibleagáid ghinearálta maidir le cothroime trí dhearadh, gan bheith nasctha le ceanglais shonracha phróisis. 

Bearta simplithe

Ní gá do thrádálaithe faisnéis réamhchonarthach éigeantach a sholáthar a thuilleadh faoin gceart chun tarraingt siar nuair a thoilíonn an tomhaltóir go sainráite rochtain láithreach a fháil ar inneachar digiteach ar líne. I gcás seirbhísí síntiúis le haghaidh meáin dhigiteacha (fuaime agus fís), cuirtear an ceart chun an conradh a chur ar ceal le linn na chéad mhíosa in ionad an chirt chun tarraingt siar 14 lá atá ann faoi láthair, faoi réir an táille síntiúis iomlán a íoc don mhí sin. Tá feidhm ag ceanglais laghdaithe maidir le faisnéis i ndáil le ceannacháin ionaipe athchuairte.

Meastar go mbeidh an rogha beartais ab fhearr an-éifeachtach, toisc go ndírítear go díreach léi ar chleachtais dhíobhálacha a chuireann isteach ar an gcinnteoireacht, trí choimircí níos láidre, roghanna gan bheith páirteach, cosaintí réamhshocraithe agus srianta sonracha do mhionaoisigh, agus ar an gcaoi sin bainfear amach léi laghduithe móra – EUR 88,4 billiún le linn na tréimhse 2025-2035 – ar dhíobháil airgeadais do thomhaltóirí agus tairbhí dáileacháin láidre do thomhaltóirí leochaileacha agus do mhionaoisigh. Meastar freisin go mbeidh iarmhairtí dearfacha sláinte ag an rogha beartais ab fhearr, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le costais shochaíocha a bhfuil luach airgid curtha orthu idir EUR 2,7 billiún agus EUR 18.5 billiún a sheachaint in aghaidh an chineáil cleachtais achrannaigh in aghaidh na bliana 29 . Tá sí éifeachtach freisin maidir le haghaidh a thabhairt ar iomaíocht éagórach trí choimircí níos láidre, níos soiléire agus níos aonfhoirmí a thabhairt isteach. D’fhéadfadh rialacha níos sonraí éascaíocht a dhéanamh ar fhorbairt modhanna uathoibrithe chun sáruithe a bhrath. Thairis sin, déantar foráil leis an rogha beartais fhoriomlán ab fhearr maidir leis an mbeart nós imeachta chun an dualgas cruthúnais a mhaolú, rud a mheastar a éascóidh forfheidhmiú go háirithe i gcásanna a bhaineann le cleachtais tráchtála phearsantaithe. Cuideoidh an beart sin le héifeachtacht fhadtéarmach an fhorfheidhmithe a áirithiú. Ar deireadh, meastar go n-éascófar idirbhearta trasteorann léi trí reachtaíocht a chomhchuibhiú ar fud an Aontais.

Ar bhonn bliantúil, shroichfeadh an laghdú díobhála do thomhaltóirí – lena gcumhdaítear díobháil airgeadais agus caillteanais ama a bhfuil luach airgid curtha orthu araon 30 – EUR 13,7 billiún, agus meastar gur EUR 1,2 billiún gan choigeartú a bheadh sna costais athfhillteacha bhliantúla do ghnólachtaí agus EUR 678 milliún arna gcoigeartú le haghaidh forluí idir na bearta agus ar fud na dtopaicí.

Tá na tionchair ar an gcomhshaol teoranta agus indíreach; tá na tionchair shóisialta dearfach, go háirithe do mhionaoisigh agus do thomhaltóirí i gcásanna leochaileachta.

Cuireann an tionscnamh le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 3, 10 agus 12, mar a ndéantar anailís orthu in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.

Cuirtear an rogha beartais ab fhearr chun feidhme tríd an togra seo le haghaidh Gníomh um Chothroime Dhigiteach, agus i ndáil leis na bearta simpliúcháin tríd an togra le haghaidh Treoir maidir le rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a shimpliú. Rinneadh gnéithe den rogha beartais ab fhearr a chomhtháthú freisin sa togra le haghaidh Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne, rud a bhraitheann go páirteach ar an measúnú tionchair le haghaidh an tionscnaimh seo.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is tionscnaimh REFIT iad na tograí. Tugtar aghaidh ar chomhpháirt an tsimplithe sa mheabhrán taiscéalaíoch a bhaineann leis na modhnuithe ar an Treoir maidir le cearta tomhaltóirí faoin togra le haghaidh Treoir maidir le rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a shimpliú.

Tá coinne leis go mbeidh dhá iarmhairt bhreise laghdaithe ualaigh ag an togra. Is ceann struchtúrach é an chéad cheann: tagann gníomh amháin atá infheidhme go díreach in áit treorach agus a 27 dtrasuí, rud a neartaíonn comhchuibhiú agus a fhaigheann réidh le costais trasuí ar Bhallstáit agus le costais taithíochta ar thrádálaithe a oibríonn i níos mó ná Ballstát amháin. Ar an dara dul síos, tríd an léirmhíniú a leagtar amach san Fhógra ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 31 a chomhdhlúthú i bhforálacha ceangailteacha, laghdaítear costais chomhairleacha, ós rud é nach mbeidh ar thrádálaithe ná ar údaráis oibleagáidí a dhíorthú a thuilleadh ó théacs fada neamhcheangailteach.

Cruthaítear leis an togra sraith aonair coigeartuithe ar cheart dóibh, a luaithe a dhéanfar iad, feabhas a chur ar staid na rannpháirtithe uile sa mhargadh. Beidh roghanna níos soiléire, níos neodraí ag tomhaltóirí, beidh praghsáil níos sothuigthe ann agus beidh níos lú deacrachtaí ag tomhaltóirí agus iad ag dul ar sheirbhísí digiteacha, iad a úsáid nó iad a fhágáil, rud a chuireann le muinín. caighdeáin deartha agus straitéisí luacha airgid a athchalabrú, agus aistriú i dtreo samhlacha fadtéarmacha clúbhunaithe a laghdaíonn an tsolúbthacht ghearrthéarmach ach a mhéadaíonn intuarthacht agus a laghdaíonn an riosca forfheidhmithe. D’fhéadfadh ualach comhlíontachta tosaigh a bheith ar FBManna - comhéadain, próisis agus doiciméadacht a athdhearadh - mar gheall ar na bearta a áirítear sa togra le haghaidh an Ghnímh um Chothroime Dhigiteach, ach, an tráth céanna, bainfidh siad tairbhe as laghdú an ualaigh mar gheall ar na bearta simpliúcháin faoin togra le haghaidh na Treorach maidir le rialacha i ndáil le cosaint tomhaltóirí an Aontais a shimpliú. Ina theannta sin, tar éis na n-athruithe tosaigh, tairbheoidh siad de thimpeallacht iomaíoch níos simplí agus níos trédhearcaí a chuirfidh ar a gcumas dóibh díriú ar cháilíocht agus ar nuálaíocht táirgí. Ar deireadh, gheobhaidh na húdaráis forfheidhmithe rialacha agus uirlisí níos soiléire nach bhfuil chomh débhríoch céanna lena gcumasófar idirghabhálacha coisctheacha níos luaithe, comhsheasmhacht níos fearr ar fud na mBallstát agus forfheidhmiú níos éifeachtúla agus níos inchreidte.

Ar an iomlán, tá an togra comhoiriúnach le cuspóirí iomaíochais an Aontais. Ní chothaíonn sé míbhuntáistí sistéamacha costais nó nuálaíochta agus soláthraíonn sé gnóthachain ghlana shoiléire d’iomaíochas foriomlán gnó agus FBManna, agus an nuálaíocht agus an iomaíocht á stiúradh i dtreo dinimic mhargaidh níos inbhuanaithe agus níos bunaithe ar iontaoibh ag an am céanna.

Tá an togra in oiriúint don saol digiteach agus tá sé comhsheasmhach le hoibriú an idirlín. Baineann sé le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a leasú agus a aisghairm go páirteach, mar aon le rialacha substainteacha nua a thabhairt isteach i réimse na cosanta tomhaltóirí. Mar sin féin, ní thugtar sainordú leis sonraí a bhailiú, a phróiseáil, a ghiniúint, a mhalartú ná a chomhroinnt chun a chuspóirí a bhaint amach. Ní cheanglaítear leis ach oiread aon teicneolaíocht a fhorbairt nó a úsáid lena ndéanfaí próisis páirtithe leasmhara a dhigitiú nó a uathoibriú nó aon réiteach digiteach a úsáid chun na cuspóirí beartais a bhaint amach. Ar deireadh, ní fhorchuirtear leis forbairt seirbhísí poiblí sonracha a mbeadh modhanna digiteacha ag teastáil chun iad a chur chun feidhme. Mar sin féin, ní chuirtear as an áireamh leis an tionscnamh an fhéidearthacht atá ag údaráis cosanta tomhaltóirí breithniú a dhéanamh ar uirlisí digiteacha sonracha a úsáid chun an beartas a chur i bhfeidhm.

•Cearta bunúsacha

Tugtar éifeacht leis an togra d’Airteagal 38 den Chairt agus d’Airteagal 24, faoina gcaithfidh leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh i ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á ghlacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha.

Cuireann an togra teorainn leis an tsaoirse fiontraíochta (Airteagal 16). Foráiltear do na teorainneacha sin leis an dlí, urramaítear leo bunbhrí na gceart lena mbaineann agus tá siad comhréireach leis an gcuspóir maidir le cosaint tomhaltóirí, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt. Tá na dualgais nochta is infheidhme maidir le margaíocht tionchairí teoranta do chumarsáid a dhéantar ar íocaíocht nó ar chomaoin luachmhar eile agus ní bhaineann siad le léiriú eagarthóireachta ná pearsanta.

Baineann Airteagal 21 (neamh-idirdhealú) le fógraíocht phearsantaithe agus praghsáil , ar féidir leo difreáil a chruthú a bhfuil comhghaol aici le saintréithe cosanta; freagraíonn an togra trí thrédhearcacht agus trí thoirmeasc a chur ar phearsanú a bhaineann leas as leochaileacht.

Ar an iomlán, leis an meascán de bhearta beartais atá sa Rialachán atá beartaithe baintear cothromaíocht amach idir cearta tomhaltóirí agus an ceart chun gnó a dhéanamh.

Rachfar i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 .

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon mhéadú ar acmhainní daonna ná aon chostas eile don Choimisiún mar thoradh ar an togra agus, dá bhrí sin, níl aon impleachtaí buiséadacha aige. Leis an togra seo, ní dhéantar úsáid réiteach digiteach, gnéithe sonraí, ná soláthar seirbhísí poiblí digiteacha a thabhairt isteach, a mhodhnú agus ní dhéantar difear dóibh. Leagtar síos leis an togra rialacha maidir le cleachtais tráchtála chothroma gnólacht le tomhaltóir; ní rialaítear leis na modhanna digiteacha le haghaidh cur chun feidhme. Ós rud é nach bhfuil tionchar buiséadach ná gné dhigiteach sa chiall shonrach sin, ní gá ráiteas reachtach airgeadais agus digiteach a sholáthar.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ós rud é gur rialachán é an togra, níl gá le haon trasuí agus níl gá le haon phlean cur chun feidhme.

Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí an togra a bhaint amach le sraith príomhtháscairí (atá liostaithe sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair). Déanfar coigeartú breise ar an gcreat faireacháin bunaithe ar na ceanglais deiridh a bheidh ann ó thaobh dlí agus cur chun feidhme de agus ar an sceideal a bheidh leagtha amach.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Caibidil I - Forálacha ginearálta (Airteagal 1 go hAirteagal 4)

Is in Airteagal 1 a leagtar amach an t-ábhar agus na cuspóirí. Sainítear in Airteagal 2 an raon feidhme, lena n-atáirgtear raon feidhme Threoir 2005/29/CE. Tá sainmhínithe in Airteagal 3 agus oiriúnaítear iad i bhfianaise chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Le hAirteagal 4 rialaítear an caidreamh le reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le cleachtais tráchtála.

Caibidil II - Cleachtais tráchtála éagóracha

Atáirgtear sa Chaibidil seo substaint Airteagail 5 go 9 de Threoir 2005/29/CE. Le hAirteagal 5 leagtar síos an toirmeasc ginearálta agus tástáil an díchill ghairmiúil agus leasaítear coincheap na leochaileachta. Tugtar aghaidh in Airteagail 6 go 9 ar ghníomhaíochtaí míthreoracha, easnaimh mhíthreoracha agus cleachtais ionsaitheacha.

Caibidil III - Cothroime dhigiteach

Pléitear in Airteagal 10 le patrúin dhorcha, lena soiléirítear go bhfuil toirmeasc ar chomhéadain ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach ar dócha go ndéanfadh sé saobhadh ábhartha ar iompraíocht eacnamaíoch tomhaltóirí. Le Cuid III d’Iarscríbhinn I, tugtar isteach liosta de phatrúin dhorcha a bhfuil toirmeasc orthu i ngach cás. Tá toirmeasc ar thrádálaithe ar líne cleachtais den sórt sin a úsáid, agus na cleachtais eile a liostaítear in Iarscríbhinn I, áit nach ndéantar idirdhealú idir an timpeallacht ar agus as líne. Le hAirteagal 10(3), cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear an liosta de phatrúin dhorcha i gCuid III d’Iarscríbhinn I chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú i gcoinne cleachtais den sórt sin.

Dírítear ar mhargaíocht tionchairí in Airteagal 11. Soiléirítear leis an chaoi ar cheart nochtadh suntasach chumarsáid tráchtála a dhéanamh. Cuirtear toirmeasc leis freisin ar thionchairí leas a bhaint as iontaoibh mhionaoiseach. Chun tomhaltóirí, lena n-áirítear mionaoisigh, a chosaint, cuirtear toirmeasc leis ar mhargaíocht tionchairí i ndáil le táirgí a bhfuil toirmeasc ar fhógraíocht ina leith faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta nó nach bhfuil sábháilte, agus forchuirtear leis oibleagáidí ar thrádálaithe eile i slabhra margaíochta na dtionchairí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an mhargaíocht tionchairí forálacha an Rialacháin seo.

Le hAirteagail 12 agus 13, dírítear ar chleachtais éagóracha a bhaineann le pearsantú. Le hAirteagal 12, leathnaítear na toirmisc atá ann cheana faoi GSD chuig trádálaithe eile, trí toirmeasc a chur ar fhógraíocht atá bunaithe ar phróifíliú do mhionaoisigh agus ar úsáid a bhaint as catagóirí speisialta sonraí pearsanta nuair a d’fhéadfadh sé sin díobháil a dhéanamh don tomhaltóir. Le hAirteagal 13, cuirtear toirmeasc ar phraghsáil phearsantaithe atá bunaithe ar phróifíliú nuair a d’fhéadfadh sé sin díobháil a dhéanamh do mhionaoisigh nó do tomhaltóirí leochaileacha.

Dírítear ar chleachtais uasmhéadaithe caiteachais in Airteagail 14 go 16. Le hAirteagal 14, ceanglaítear trédhearcacht praghsanna nuair a shloinntear in airgeadraí fíorúla iad. Le hAirteagal 15, tugtar aghaidh ar ábhair a bhaineann le córais luaíochta athraitheacha, lena n-áirítear trédhearcacht maidir leis an ndóchúlacht go mbuafaí iad, toirmeasc ar chórais den sórt sin do mhionaoisigh agus an rogha iad a díchumasú do thomhaltóirí uile. Le hAirteagal 16, cuirtear toirmeasc ar sásraí íoc le buachan agus íoc le dul chun cinn do mhionaoisigh.

Le hAirteagal 17, ceanglaítear ar thrádálaithe an féidearthacht gnéithe andúile a mhúchadh, gnéithe atá beartaithe chun úsáid éigníoch nó iomarcach a spreagadh nó ar féidir a thuar go réasúnta go ndéanfaidh siad amhlaidh. Le hAirteagal 17(2), cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear an liosta de ghnéithe atá beartaithe chun úsáid éigníoch nó iomarcach na seirbhíse a spreagadh nó ar féidir a thuar go réasúnta go ndéanfaidh siad amhlaidh agus ar cheart do thomhaltóirí a bheith in ann a dhíchumasú chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú i leith cleachtas den sórt sin.

Le hAirteagail 18 agus 19, dírítear ar oibleagáidí trédhearcachta maidir le ticéid imeachta, a bhfuil a bpraghas ag méadú go dinimiciúil de bharr ghníomhaíochtaí an trádálaí nó próisis uathoibrithe nó algartamacha (Airteagal 18) nó i gcás ina n-úsáideann trádálaí córais scuaine fíorúla (Airteagal 19).

Dírítear ar chothroime i gconarthaí digiteacha in Airteagail 20 go 27. Le hAirteagal 20, leagtar síos ceart tomhaltóirí meabhrúchán a fháil agus glacadh gníomhach a dhéanamh le tiontú ó triail saor in aisce go dtí conradh íoctha. Le hAirteagail 21 agus 22, tugtar isteach ceart tomhaltóirí meabhrúchán a fháil sula gcuirtear síneadh ama uathoibríoch ar chonradh fadtéarmach agus gearrthéarmach faoi seach. Le hAirteagal 21, sonraítear freisin maidir le síneadh uathoibríoch a chur le conradh le haghaidh fad neamhchinntithe, go bhféadfaidh tomhaltóirí é a fhoirceannadh tráth ar bith ar fhógra gearr. Ina theannta sin, tugtar isteach oibleagáid ar thrádálaithe feidhm foirceanta conartha a sholáthar (Airteagal 23), agus an ceart na dtomhaltóirí rochtain a fháil ar idirghabhálaí daonna i seirbhísí tomhaltóirí (Airteagal 25). Le hAirteagal 24, rialaítear feidhmiú an chirt chun tarraingt siar as cianchonarthaí a thugtar i gcrích trí chomhéadan ar líne. Ar deireadh, le hAirteagal 26, sonraítear gur cheart go bhféadfadh thomhaltóirí príomhpharaiméadair na gcóras uathoibrithe a úsáidtear le haghaidh conraitheoireachta, agus le hAirteagal 27, simplítear na ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach maidir le conarthaí atá lán-uathoibrithe ar thaobh an thrádálaí agus an tomhaltóra.

Le hAirteagal 28, cosnaítear tomhaltóirí ar chumarsáid leictreonach gan iarraidh chun críoch margaíochta dírí.

Le hAirteagal 29, cuirtear toirmeasc ar thrádálaithe dul i mbun aon iompraíochta a dhéanfadh dochar do chomhlíonadh éifeachtach a n-oibleagáidí i gCaibidil III.

Caibidil IV - Forfheidhmiú, Leigheasanna agus Pionóis

Díríonn an chaibidil seo ar shásamh agus ar fhorfheidhmiú. Soiléirítear go mbeidh cumhachtaí ag an gCoimisiún maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú.

Baineann Airteagal 30 le forfheidhmiú an Rialacháin seo ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún.

Le hAirteagal 34, cuirtear de chumas ar chúirteanna agus údaráis inniúla, arna iarraidh sin don éilitheoir a chuir fíorais agus fianaise i láthair atá leordhóthanach chun tacú leis an dóchúlacht go mbeadh cleachtas tráchtála éagórach ann sa timpeallacht ar líne nó i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhfuil cleachtas tráchtála éagórach ann sa timpeallacht ar líne, a cheangal ar an trádálaí na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird:
fianaise ábhartha a bhaineann le dearadh agus feidhmiú an chleachtais thráchtála ábhartha agus an tionchar atá aige ar iompraíocht tomhaltóirí.

Le hAirteagal 35, déileáiltear le pionóis, lena n-áirítear fíneálacha atá infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo ar a ndearna an Coimisiún imscrúdú de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún i leith dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú san Aontas, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 1177/2010, (AE) Uimh. 181/2011, (AE) 2018/302 agus (AE) 2021/782 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/2394 [An Rialachán nua CCT].

Le hAirteagal 36 tugtar ceart cúláraigh do thrádálaithe i gcás inar eascair sárú a bhfuarthas iad faoi dhliteanas ina leith as gníomhartha nó neamhghníomhartha duine eile a bhfuil caidreamh tráchtála acu leis nó i gcás inar rannchuidigh iompar duine eile a bhfuil caidreamh tráchtála acu leis leis an sárú. Tá na Ballstáit freagrach as a áirithiú gur ann do leigheasanna athchomhairleacha, chomhréireacha agus éifeachtacha chun é a chur ar a gcumas do thrádálaithe ceart cúláraigh a fheidhmiú.

Caibidil V – Forálacha críochnaitheacha

Leagtar amach in Airteagal 37 rialacha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí tarmligin.

Le hAirteagal 38 aisghairtear Treoir 2005/29/CE le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tá tagairtí don Treoir aisghairthe le forléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Tá forálacha sa Chaibidil freisin maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán, teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm.

Iarscríbhinní

Liostaítear in Iarscríbhinn I na cleachtais tráchtála a mheastar a bheith éagórach i ngach cás, agus an liosta atá i gceangal le Treoir 2005/29/CE arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161 agus Treoir (AE) 2024/825 á atáirgeadh. Cleachtais tráchtála a sainaithníodh sa tSeiceáil Oiriúnachta agus sa mheasúnú tionchair mar chleachtais atá an-díobhálach do thomhaltóirí, agus atá an-fhorleathan go háirithe sa timpeallacht dhigiteach.

Baintear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2005/29/CE. Tá tábla comhghaoil san Iarscríbhinn II nua.

2026/0356 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cleachtais tráchtála chothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a chur chun cinn sa mhargadh as líne agus sa mhargadh aonair digiteach, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/29/CE
(An Gníomh um Chothroime Dhigiteach)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 33 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 , bunaíodh creat uileghabhálach maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cleachtais tráchtála éagothroma in idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Trí rialacha cothrománacha, bunaithe ar phrionsabail agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a thabhairt isteach, rannchuidigh Treoir 2005/29/CE le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach, agus cothrom iomaíochta do ghnólachtaí á éascú ag an am céanna, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Tá cuspóirí agus prionsabail Threoir 2005/29/CE fónta i gcónaí.

(2)Le teacht chun cinn geilleagair atá bunaithe níos mó agus níos mó ar shonraí, le forbairtí tapa teicneolaíochta, le fás na margaí digiteacha, agus leis an domhandú, cruthaíodh dúshláin nua maidir le leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint. Cé gur thug na forbairtí sin tairbhí suntasacha do thomhaltóirí, lena n-áirítear rogha níos fearr agus bealaí nua chun rochtain a fháil ar earraí agus ar sheirbhísí, chuir siad leis na míchothromaíochtaí faisnéise agus cumhachta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí freisin. Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann trádálaithe ar líne as cleachtais tráchtála a thagann i dtír ar chlaontachtaí cognaíocha tomhaltóirí agus ar leochaileachtaí eile, rud a dhéanann dochar dá leasanna eacnamaíocha.

(3)Thángthas ar an gconclúid i Seiceáil Oiriúnachta 2024 ar dhlí tomhaltóirí an Aontais maidir le cothroime dhigiteach (‘an tSeiceáil Oiriúnachta’) 35 go bhfuil dlí na dtomhaltóirí fós ábhartha agus riachtanach chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh aonair dhigitigh a áirithiú. Mar sin féin, baintear an bonn dá éifeachtacht sa timpeallacht dhigiteach mar gheall ar éiginnteacht dhlíthiúil, ilroinnt rialála agus forfheidhmiú neamhéifeachtach, i measc nithe eile. Sainaithníodh sa tSeiceáil Oiriúnachta freisin cleachtais achrannacha áirithe nach bhfuil faoi réir rialacha comhchuibhithe, rud as a n-eascraíonn réitigh rialála éagsúla ó na Ballstáit.

(4)Is féidir aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht dhlíthiúil go páirteach trí ghnéithe áirithe den chreat rialála a bhunaítear le Treoir 2005/29/CE a shoiléiriú, ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’). Ina theannta sin, tá gá le rialacha nua maidir leis an gcothroime dhigiteach chun a áirithiú go gcumhachtófar agus go gcosnófar tomhaltóirí i margaí digiteacha agus chun gníomhaíochtaí trasteorann trádálaithe sna margaí sin a éascú.

(5) Ina theannta sin, i bhfianaise samhlacha gnó atá ag athrú, go háirithe i margaí digiteacha, ní leor forfheidhmiú ag na Ballstáit amháin a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh thomhaltóirí agus trádálaithe comhlíontacha. Dá bhrí sin, measadh gur ghá an chumhacht a thabhairt don Choimisiún faoi Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún i leith dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú san Aontas, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 1177/2010, (AE) Uimh. 181/2011, (AE) 2018/302 agus (AE) 2021/782 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/2394 [an Rialachán nua CCT] chun imscrúdú díreach a dhéanamh ar sháruithe áirithe ar na rialacha maidir le cleachtais tráchtála éagóracha a bhfuil tionchar suntasach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do thomhaltóirí nó a bhfuil an baol ann go mbeidh tionchar suntasach acu air agus na sáruithe sin a fhorfheidhmiú ar leibhéal an Aontais. Ós rud é nach féidir leis an gCoimisiún ach forálacha atá infheidhme go díreach i ngach Ballstát a fhorfheidhmiú, ba cheart na rialacha atá ann cheana maidir le cleachtais tráchtála éagóracha agus na rialacha nua maidir le cothroime dhigiteach a leagan síos i rialachán.

(6)Trí na rialacha atá i dTreoir 2005/29/CE a leagan síos i rialachán, níor cheart an t-ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithítear leis an Treoir sin a laghdú ná níor cheart a cheangal ar na Ballstáit na struchtúir forfheidhmiúcháin atá acu cheana a mhodhnú, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil na struchtúir sin bunaithe ar fhorfheidhmiú an dlí riaracháin, phríobháidigh nó choiriúil.

(7)Is é is cuspóir don Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le cothroime do chleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir as líne agus ar líne.

(8)Chun tacú le muinín tomhaltóirí, ba cheart feidhm chomhionann a bheith ag an Rialachán seo i gcás cleachtais tráchtála a tharlaíonn lasmuigh d’aon chaidreamh conarthach idir trádálaí agus tomhaltóir, nó a tharlaíonn tar éis conradh a bheith tugtha chun críche agus le linn a chur i gcrích.

(9)Leis an Rialachán seo, ba cheart ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú i ngach earnáil eacnamaíoch trí dhlí earnáilsonrach an Aontais a chomhlánú. Chun comhsheasmhacht le dlí an Aontais atá ann cheana a áirithiú, go háirithe i gcás ina mbaineann forálacha mionsonraithe maidir le cleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir le hearnálacha sonracha, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin a mhéid nach ann d’aon choimhlint le forálacha sonracha dhlí an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha de chleachtais tráchtála. De réir mar a léirmhínigh an Chúirt Bhreithiúnais é, tagraíonn an coincheap ‘coimhlint’ do ghaol idir forálacha nach féidir a shárú le foirmle aontaitheach a fhágann gur féidir an dá chás a bheith ann in éineacht a chéile. Dá réir sin, ní ann do choimhlint idir an Rialachán seo agus forálacha dhlí an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha de chleachtais tráchtála ach amháin i gcás ina bhforchuirtear ar thrádálaithe leis na forálacha lena rialaítear gnéithe sonracha de chleachtais ghnó, ar bhealach nach bhfágfar aon chorrlach lánroghnach acu, oibleagáidí atá ar neamhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart don Rialachán seo cosaint a chur ar fáil freisin do thomhaltóirí i gcás nach bhfuil aon reachtaíocht earnála shonrach ann ar leibhéal an Aontais. Dá bharr sin, ba cheart don Rialachán seo acquis an Aontais a chomhlánú, atá infheidhme maidir le cleachtais tráchtála a dhéanann díobháil do leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí.

(10)Go háirithe, i bhfianaise an ghá atá ann chun a áirithiú go mbeidh an Rialachán seo comhleanúnach le dlí ábhartha eile an Aontais i réimse na rialála ar chleachtais tráchtála ar líne, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do na gníomhartha dlí de chuid an Aontais a d’fhéadfadh feidhm a bheith acu maidir le cleachtais tráchtála thrádálaithe sa timpeallacht ar líne, amhail Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 , Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 , Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 , Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 , Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne - ‘caomhnú na cuntasachta agus na hiontaofachta i dtaca le spásanna digiteacha ar an idirlíon’ [EU KIDS Act] agus Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

(11)Leis an gcomhchuibhiú iomlán a shaothraítear tríd an Rialachán seo, ba cheart ardleibhéal comhchoiteann cosanta tomhaltóirí a chruthú. Mura n-údaraítear sin leis an Rialachán seo nó le dlí earnáilsonrach ábhartha an Aontais, níor cheart do na Ballstáit oibleagáidí breise a choinneáil ar bun ná a fhorchur ar thrádálaithe le dlíthe, rialacháin nó bearta riaracháin chun leibhéal níos airde cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach.

(12)Ina theannta sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do rialacha an Aontais agus na mBallstát maidir le dlí na gconarthaí, cearta maoine intleachtúla, gnéithe sláinte agus sábháilteachta de tháirgí, coinníollacha bunaíochta agus córais údaraithe, lena n-áirítear na rialacha sin atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus a bhaineann le gníomhaíochtaí cearrbhachais, agus rialacha iomaíochta an Aontais agus na forálacha náisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm iad. Dá bhrí sin, níor cheart go gcuirfidh an Rialachán seo bac ar na mBallstáit srianta agus toirmisc ar chleachtais tráchtála a choimeád nó a thabhairt isteach ar bhonn cosaint sláinte agus sábháilteachta tomhaltóirí ina gcríoch féin, pé áit ina bhfuil an trádálaí lonnaithe, mar shampla maidir le halcól, le táirgí tobac nó nicitín, nó le cógaisíocht.

(13)Mar gheall ar an gcastacht agus na rioscaí tromchúiseacha a bhaineann go dlúth le seirbhísí airgeadais agus leis an réadmhaoin, tá gá le ceanglais shonracha maidir leo, lena n-áirítear dualgais dhearfacha ar thrádálaithe. Ar an gcúis sin, i réimse na seirbhísí airgeadais agus na réadmhaoine, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do cheart na mBallstát dul níos faide ná forálacha an Rialacháin, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint.

(14)Níor cheart don Rialachán seo díriú ar chleachtais tráchtála a dhéantar go príomha chun críocha seachas tionchar a imirt ar chinntí idirbhirt tomhaltóirí i leith táirgí, lena n-áirítear mar shampla le haghaidh cumarsáid tráchtála atá dírithe ar infheisteoirí, amhail tuarascálacha bliantúla agus litríocht bholscaireachta chorparáideach. Ní dhírítear ar na ceanglais dhlíthiúla maidir le caoinbhéasa agus cuibhiúlacht a bhfuil difríocht mhór eatarthu ó Bhallstát go chéile. Dá réir sin ba cheart na Ballstáit a bheith in ann leanúint de chosc a chur ar chleachtais tráchtála ina gcríoch féin, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar chúiseanna caoinbhéas agus cuibhiúlachta.

(15)Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do shaoirse na mBallstát forálacha náisiúnta a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint tuilleadh ar chleachtais tráchtála éagóracha i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar a dtithe chun táirgí a thairiscint nó a dhíol nó i gcomhthéacs turais a d’eagródh trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina bhfuil údar maith le forálacha den sórt sin ar fhorais cosanta tomhaltóirí. Ba cheart aon fhorálacha den sórt sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart dóibh, mar sin, na bealaí díolacháin sin iontu féin a thoirmeasc. I dtaca le forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit, d’fhéadfaidís, mar shampla, am an lae a shainiú nuair nach gceadaítear cuairteanna a dhéanamh ar thithe tomhaltóirí gan iarraidh shainráite a fháil uathu nó toirmeasc a chur ar na cuairteanna sin nuair atá sé curtha in iúl go soiléir ag an tomhaltóir nach bhfuil na cuairteanna sin inghlactha nó an nós imeachta íocaíochta a fhorordú. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon fhorálacha náisiúnta a ghlacfar ina leith sin ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar agus faireachán a dhéanamh ar chineál comhréireach agus dlíthiúlacht na mbeart sin. I gcás ina nglactar forálacha den sórt sin ar fhorais seachas cosaint tomhaltóirí amhail leas an phobail nó ar son meas a thabhairt ar shaol príobháideach tomhaltóirí a chosnaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart a mheas nach dtagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(16)Sa bhreis air sin, níor cheart go ndéanfadh an Rialacháin seo difear do chleachtais fógraíochta agus margaíochta a bhfuil glacadh leo, amhail suíomh táirgí go dlisteanach, difreáil brandaí nó tairiscint dreasachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh go dlisteanach do thuairimí tomhaltóirí de tháirgí agus tionchar a imirt ar a n-iompraíocht gan cur isteach ar chumas an tomhaltóra cinneadh eolach a dhéanamh.

(17)Ní chumhdaíonn an Rialacháin seo na dlíthe náisiúnta maidir le cleachtais tráchtála éagóracha nach ndéanann díobháil ach do leasanna eacnamaíocha iomaitheoirí nó a bhaineann le hidirbheart idir trádálaithe, ná ní dhéanann sé difear dóibh.

(18)Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do dhlí an Aontais atá ann cheana ina dtugtar rogha shoiléir do na Ballstáit idir roghanna rialála éagsúla chun tomhaltóirí a chosaint i réimse na gcleachtas tráchtála.

(19)Chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ba cheart coincheapa áirithe a shoiléiriú ionas go léireofar iontu freisin éabhlóid dhlí-eolaíocht na Cúirte Breithiúnais.

(20)Ba cheart don Rialachán seo díriú ar chleachtais tráchtála a bhfuil baint dhíreach acu le tionchar a imirt ar chinntí idirbhirt tomhaltóirí i leith táirgí. Chun críocha a chur i bhfeidhm, ba cheart gur leor nach mbaineann iompar an trádálaí ach le tomhaltóir aonair amháin nó nach ndíríonn sé ach ar thomhaltóir aonair amháin.

(21)Ba cheart brí leathan a bheith leis an téarma ‘cinneadh idirbhirt’ lena gcumhdaítear ní hamháin cinntí amhail táirge a cheannach nó gan é a cheannach, ach cinntí a bhaineann go díreach le cinntí den sórt sin freisin, mar shampla an cinneadh dul isteach i siopa nó leanúint de scrollú i suíomh digiteach.

(22)Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, ba cheart an bhrí atá le haon chomaoin ar luach sócmhainne, arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, a thabhairt don choincheap ‘íocaíocht’ chun críocha an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ní hamháin go n-áirítear leis cistí a úsáidtear in idirbhearta íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí 7 agus 8 de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta], ach cuimsítear leis freisin bronntanais, cuirí, agus aon íocaíocht chomhchineáil eile. Chun a áirithiú nach n-eisiafar tomhaltóirí ó chosaint a dheonaítear faoin Rialachán seo, ba cheart go gcuimseodh an téarma sin freisin cásanna nach n-íocann an tomhaltóir le hairgead ach ina soláthraíonn sé sonraí pearsanta don trádálaí mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 . Cé go n-aithnítear go hiomlán gur ceart bunúsach í cosaint sonraí pearsanta, agus nach féidir sonraí pearsanta a mheas mar thráchtearra ann féin, tá luach eacnamaíoch, sócmhainne ag baint le bailiú sonraí pearsanta den sórt sin sa gheilleagar digiteach agus lena n-úsáid chun críoch tráchtála agus, i gcomhthéacs an gheilleagair dhigitigh, d’fhéadfaí é a mheas mar ‘íocaíocht’ de réir bhrí an Rialacháin seo.

(23)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart don Rialachán seo an gnáth-thomhaltóir a chur san áireamh mar thagarmharc, ar tomhaltóir é atá réasúnta eolach agus réasúnta géarchúiseach agus cáiréiseach, agus tosca sóisialta, cultúrtha agus teanga á gcur san áireamh, mar a léirmhíníonn an Chúirt Bhreithiúnais iad.

(24)Ní triail staitistiúil atá i dtriail an mheántomhaltóra. Beidh ar chúirteanna, ar údaráis inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, ar an gCoimisiún, a n-acmhainn bhreithiúnais féin a fheidhmiú, agus aird á tabhairt acu ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais, chun freagairt thipiciúil an mheántomhaltóra i gcás áirithe a shocrú. Mar a léirmhínigh an Chúirt Bhreithiúnais, tagraíonn cineál ‘réasúnta eolach’ an ghnáth-thomhaltóra don fhaisnéis is féidir a thoimhdiú go réasúnach a bheith ar eolas ag aon tomhaltóir, agus na tosca ábhartha sóisialta, cultúrtha agus teanga á gcur san áireamh. Ar an gcaoi chéanna, ós rud é gur cheart an coincheap ‘gnáth-thomhaltóir’ a thuiscint trí thagairt a dhéanamh do thomhaltóir atá ‘réasúnta géarchúiseach agus cáiréiseach’, ní eisiatar tionchar na gclaontachtaí cognaíocha ar an ngnáth-thomhaltóir sin a chur san áireamh.

(25)I réimsí áirithe, ní dócha go mbeidh an gnáth-thomhaltóir in ann sonraí uile tairisceana a thuiscint go teicniúil chun rogha a dhéanamh ar bhealach atá go hiomlán réasúnach. Go háirithe sa timpeallacht ar líne, d’fhéadfadh sé go mbeadh cumas teoranta ag an ngnáth-thomhaltóir faisnéis a phróiseáil mar gheall ar ró-ualach faisnéise nó ar litearthacht dhigiteach theoranta. D’fhéadfadh sé sin cur isteach ar aird, ar thuiscint agus ar cháilíocht na gcinntí a dhéanann an tomhaltóir.

(26)I gcás ina dhírítear cleachtas tráchtála go sonrach ar ghrúpa áirithe tomhaltóirí, amhail mionaoisigh, ba cheart go ndéanfaí tionchar an chleachtais tráchtála a mheas i ndáil le peirspictíocht an mheánbhaill den ghrúpa sin.

(27)Is gá freisin forálacha a leagan síos arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar dhúshaothrú tomhaltóirí atá an-leochaileach i leith cleachtais tráchtála éagóracha. D’fhéadfadh tomhaltóirí áirithe a bheith soghabhálach go háirithe i leith cleachtas tráchtála nó i leith an táirge fholuitigh mar gheall ar shaintréithe pearsanta amhail aois nó míchumas, saintréithe iompraíochta amhail saontacht, nó ar aon mhí-ádh nó ar aon imthoisc shonrach atá chomh tromchúiseach sin go ndéantar dochar do bhreithiúnas an tomhaltóra, amhail anás airgeadais, nó meascán díobh sin. Ciallaíonn ‘daoine faoi mhíchumas’ daoine a bhfuil lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d’fhéadfadh bac a chur ar a rannpháirtíocht éifeachtach iomlán sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart daoine faoi laguithe nach laguithe fadtéarmacha iad a chosaint ar an gcaoi chéanna. I gcás inar dócha go ndéanfaidh cleachtas tráchtála saobhadh ábhartha ar iompraíocht eacnamaíoch tomhaltóirí atá leochaileach ar bhealach is féidir leis an trádálaí a thuar go réasúnta, is iomchuí a áirithiú go ndéanfar tomhaltóirí den sórt sin a chosaint go leordhóthanach trí mheasúnú oibiachtúil a dhéanamh ar an gcleachtas ó thaobh an mheánbhaill den ghrúpa sin, gan beann ar an líon tomhaltóirí a ndéantar difear dóibh.

(28)Chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí do leanaí a áirithiú, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ a thuiscint mar aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois, gan beann ar aon fhorálacha den dlí náisiúnta lena ndéantar foráil do thromlach dlíthiúil a bhaint amach níos luaithe nó níos déanaí.

(29)Maidir le cé acu atá nó nach bhfuil táirge dírithe ar mhionaoisigh, nó cé acu atá nó nach bhfuil trádálaí ar an eolas le cinnteacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh, ba cheart measúnú a dhéanamh air sin ag féachaint do tháscairí oibiachtúla.

(30)Mar shampla, le dlí an Aontais, amhail Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne] agus na Treoirlínte maidir le mionaoisigh a chosaint faoi Rialachán (AE) 2022/2065, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí modhanna dearbhaithe aoise le haghaidh cineálacha áirithe trádálaithe. Chomh maith leis sin, féadfaidh trádálaithe cuntais chustaiméara a chomhtháthú ionas gur féidir leo a shuíomh go díreach nó go hindíreach an le mionaoisigh na cuntais. Is féidir córais rátála aoise na dtrádálaithe féin nó córais tríú páirtithe, amhail iad siúd nach mór do sholáthraithe siopaí feidhmchlár bogearraí a chur i bhfeidhm ar bhonn Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne], nó an córas aicmithe aoise Uile-Eorpach maidir le Faisnéis faoi Chluichí (PEGI) nó scéimeanna rátála aoise iontaofa inchomparáide, a chur san áireamh freisin.

(31)Áirítear freisin ar tháscairí oibiachtúla a léiríonn gur mionaoiseach é an tomhaltóir na bealaí margaíochta a úsáidtear chun an táirge nó gnéithe an táirge a fhógairt, amhail na carachtair (lena n-áirítear daoine cáiliúla nó tionchairí), téamaí, beochaintí, nó an cineál ceoil nó teanga a úsáidtear, nuair is dócha go bhfágfaidh táscairí den sórt sin go mbeidh an táirge tarraingteach do mhionaoisigh.

(32) D’fhéadfadh sé go mbeadh a fhios ag trádálaí freisin gur mionaoisigh iad cuid de na tomhaltóirí, mar shampla toisc go bpróiseálann an trádálaí sonraí pearsanta tomhaltóirí cheana féin lena nochtar a n-aois chun críoch eile. De bhun Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe prionsabal an íoslaghdaithe sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 5(1), pointe (c), den Rialachán sin, níor cheart go bhfágfadh forálacha an Rialacháin seo go ndéanfadh an trádálaí níos mó sonraí pearsanta a choinneáil, a fháil nó a phróiseáil ná mar atá ag trádálaithe cheana féin.

(33)Chun tomhaltóirí a chosaint ar chleachtais tráchtála mhíthreoracha, ba cheart na cleachtais sin a chumhdach leis an Rialachán seo, lena n-áirítear fógraíocht mhíthreorach, lena gcuirtear cosc ar thomhaltóirí rogha eolach a dhéanamh trí dhallamullóg a chur orthu. Ba cheart don Rialachán seo cleachtais mhíthreoracha a aicmiú ina ngníomhaíochtaí míthreoracha agus ina n-easnaimh mhíthreoracha. I dtaobh na n-easnamh míthreorach, leagtar amach sa Rialachán seo líon teoranta príomh-mhíreanna eolais a theastaíonn ón tomhaltóir go gcuirfear ar an eolas é faoi chun cinneadh idirbhirt eolach a dhéanamh. Níor cheart go mbeidh sé riachtanach an fhaisnéis sin a nochtadh i ngach fógra, ach i bhfógraí ina bhfuil an trádálaí ag tabhairt cuireadh chun táirge a cheannach, agus sna fógraí sin amháin, a bheidh sé riachtanach, i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, is ann do chuireadh chun ceannaigh a luaithe a bheidh an fhaisnéis faoin táirge a fhógraítear agus a phraghas leordhóthanach chun go mbeidh an tomhaltóir in ann cinneadh idirbhirt a dhéanamh, gan é a bheith riachtanach don chumarsáid tráchtála freisin deis iarbhír a thairiscint chun an táirge a cheannach nó chun go mbeidh sé le feiceáil i ndáil le deis den sórt sin.

(34)D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an gcaoi a ndéantar faisnéis a chur i láthair nó a leagadh amach ar chinntí tomhaltóirí. Mar shampla, is mó seans go gcuirfidh tomhaltóirí faisnéis a chuirtear i láthair ar bhealach níos suntasaí san áireamh agus cinntí á ndéanamh acu. Dá réir sin, agus a gcumarsáid tráchtála ar líne á dearadh acu, lena n-áirítear cuirí chun ceannaigh, ba cheart do thrádálaithe tosaíocht a thabhairt do chineálacha cur i láthair lena gcuirtear tuiscint ar fhaisnéis ábhartha chun cinn agus, ar an gcaoi sin, lena n-éascaítear cinnteoireacht shaor eolach tomhaltóirí.

(35)Má mhargaítear earraí ar fud na mBallstát mar earraí atá comhionann le hearraí eile cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe na n‐earraí sin, d’fhéadfaí tomhaltóirí a chur ar míthreoir agus tabhairt orthu cinneadh idirbhirt a dhéanamh nach ndéanfaidís murach sin. Ba cheart d’údaráis inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na cleachtais sin agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhonn cás ar chás i gcomhréir leis an Rialachán seo. Le measúnú den sórt sin, ba cheart aird a thabhairt ar an gceist an bhfuil an difríocht sin so-aitheanta ag tomhaltóirí, ar an gceart atá ag trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a oiriúnú do mhargaí geografacha difriúla ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla, amhail an dlí náisiúnta, infhaighteacht nó séasúracht amhábhar, nó straitéisí deonacha chun rochtain a fheabhsú ar bhia sláintiúil cothaitheach, agus ar an gceart atá ag an trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a thairiscint i bpacáistí a bhfuil meáchan difriúil nó toirt dhifriúil iontu i margaí geografacha difriúla. Ba cheart do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún a mheas an féidir le tomhaltóirí difreáil den sórt sin a shainaithint go héasca trí scrúdú a dhéanamh ar infhaighteacht agus leormhaitheas na faisnéise. Tá sé tábhachtach go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas faoi dhifreáil earraí ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla. Ba cheart saoirse a bheith ag trádálaithe an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealaí éagsúla a fhágann caoi ag tomhaltóirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá riachtanach. Ar an mórgóir, ba cheart do thrádálaithe tosaíocht a thabhairt do bhealaí eile seachas faisnéis a chur ar fáil ar lipéad earraí.

(36)Leis an gceanglas maidir le céannacht agus seoladh geografach an trádálaí a sholáthar i gcuireadh chun ceannaigh, cuirtear ar a gcumas do thomhaltóirí an trádálaí atá freagrach as an idirbheart a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leis. Mar sin féin, is ábhartha faisnéis faoi sheoladh geografach an trádálaí i gcás inar gá don tomhaltóir a chearta conarthacha a fheidhmiú i ndáil leis an gceannach, amhail an ceart chun tarraingt siar nó ráthaíocht dhlíthiúil. Má cheanglaítear ar thrádálaithe, go háirithe daoine aonair atá ag gníomhú i gcomhthéacs margaíocht tionchairí nach ndéanann ach táirge arna dhíol nó arna sholáthar ag trádálaí eile a chur chun cinn, a mholadh nó a chur in iúl ar bhealach eile, a seoladh geografach a chur ar fáil go poiblí, d’fhéadfadh sé cur isteach go díréireach ar a bpríobháideacht. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir leis an seoladh geografach a nochtadh i gcuireadh chun ceannaigh ach amháin maidir le trádálaithe atá i mbun táirgí a dhíol nó a sholáthar do thomhaltóirí.

(37)I gcás ina dtairgtear táirgí do thomhaltóirí i margaí ar líne, bíonn ról ag soláthraí an mhargaidh ar líne agus ag an soláthraí tríú páirtí araon i soláthar na faisnéise réamhchonarthaí a cheanglaítear le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 . Mar sin, bíonn seans ann nach mbeidh tuiscint shoiléir ag na tomhaltóirí a úsáideann an margadh ar líne ar cé na comhpháirtithe conarthacha lena mbaineann agus ar an difear a dhéanann sé sin dá gcearta agus dá n‐oibleagáidí. Da bhrí sin, ba cheart ceanglais faisnéise shonracha maidir le soláthraithe margaí ar líne a sholáthar sa Rialachán seo chun na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cé acu is trádálaí nó neamhthrádálaí, amhail tomhaltóir eile, é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí do na soláthraithe sin.

(38)Nuair a thugann soláthraithe feidhmiúlachta cuardaigh ar líne rangú níos airde nó suíomh feiceálach do thairiscintí tráchtála mar chuid de thorthaí cuardaigh ar líne, bíonn tionchar suntasach aige sin ar thomhaltóirí. Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na dtrádálaithe nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí feidhmiúlachta cuardaigh ar líne lena n‐áirítear mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin. Níl feidhm ag na ceanglais trédhearcachta maidir leis na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú faoi Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 ach amháin idir trádálaithe agus idirghabhálaithe ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do cheanglais trédhearcachta chomhchosúla chun trédhearcacht leordhóthanach i leith na dtomhaltóirí a áirithiú, seachas i gcás soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, a gceanglaítear orthu cheana le Rialachán (AE) 2019/1150 na príomhpharaiméadair is suntasaí, ina n-aonar nó le chéile, a fhoilsiú agus rangú agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin á gcinneadh.

(39)Trádálaithe a chumasaíonn tomhaltóirí le hearraí agus seirbhísí a chuardach, amhail taisteal, cóiríocht agus gníomhaíochtaí áineasa, arna dtairiscint ag trádálaithe éagsúla nó ag tomhaltóirí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na príomhpharaiméadair réamhshocraithe lena gcinntear rangú tairiscintí a thíolactar don tomhaltóir de thoradh an chuardaigh agus a dtábhacht choibhneasta i gcodarsnacht le paraiméadair eile. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith gonta agus ar fáil go héasca, go feiceálach agus go díreach. Ba cheart go n-áireofaí leis na bparaiméadair sin aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.

(40)Ba cheart an ceanglas faisnéise maidir leis na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 a bheith gan dochar. Níor cheart a cheangal ar thrádálaithe feidhmiú mionsonraithe a gcuid sásraí rangaithe, lena n‐áirítear algartaim, a nochtadh. Ba cheart do thrádálaithe tuairisc ghinearálta ar na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh a sholáthar, a mhíníonn na príomhpharaiméadair réamhshocraithe arna n‐úsáid ag an trádálaí agus a dtábhacht choibhneasta i gcodarsnacht le paraiméadair eile, ní gá, áfach, an tuairisc sin a thíolacadh ar bhealach saincheaptha le haghaidh gach cuardaigh ar leith.

(41)I gcás ina leagtar amach ceanglais faisnéise i ndlí an Aontais i ndáil le cumarsáid tráchtála, lena n-airítear fógraíocht agus margaíocht, ba cheart go meastar an fhaisnéis sin ábhartha faoin Rialachán seo. Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar na Ballstáit ceanglais faisnéise a bhaineann le dlí na gconarthaí agus a bhfuil tionchar acu ar dhlí na gconarthaí, a choimeád nó a thabhairt isteach i gcás ina gceadaítear é sin leis na híoschlásail in ionstraimí dlí an Aontais atá ann cheana.

(42)Níor cheart ach an fhaisnéis a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a mheas mar fhaisnéis ábhartha chun críche easnaimh mhíthreoracha a thoirmisctear faoin Rialachán seo. Áit a bhfuil ceanglais fhaisnéise tugtha isteach ag Ballstáit a sháraíonn an méid atá sonraithe i ndlí an Aontais, ar bhonn íoschlásail, má fhágtar amach an fhaisnéis bhreise sin níor cheart é a bheith comhionann le heasnamh míthreorach faoin Rialachán seo.

(43)Braitheann tomhaltóirí anois ar léirmheasanna agus ráitis tacaíochta ó thomhaltóirí eile agus cinntí ceannaigh á ndéanamh acu. Dá bhrí sin, i gcás ina dtugann trádálaithe rochtain ar léirmheasanna tomhaltóra ar tháirgí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas má tá próisis nó nósanna imeachta i bhfeidhm lena áirithiú gur ó thomhaltóirí a cheannaigh nó a d’úsáid na táirgí sin i ndáiríre a tháinig na léirmheasanna foilsithe. Má tá na próisis nó na nósanna imeachta sin i bhfeidhm, ba cheart do thrádálaithe faisnéis a sholáthar maidir leis an gcaoi a ndéantar na seiceálacha. Ba cheart dóibh faisnéis shoiléir a sholáthar do thomhaltóirí freisin maidir leis an gcaoi a bpróiseáiltear léirmheasanna, mar shampla, an ndearnadh urraíocht ar na léirmheasanna sin nó an raibh tionchar ag gaolmhaireacht conarthach le trádálaí orthu.

(44)Chun go dtabharfar de chumhacht do thomhaltóirí cinntí níos eolaí a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, an t-éileamh ar earraí níos inbhuanaithe agus soláthar na n-earraí sin a spreagadh, níor cheart iad a chur ar míthreoir faoi shaintréithe comhshaoil nó sóisialta nó gnéithe ciorclaíochta táirge, amhail marthanacht, indeisitheacht nó in-athchúrsáilteacht, trí chur i láthair foriomlán táirge. Ba cheart shaintréithe comhshaoil agus sóisialta agus gnéithe ciorclaíochta a mheas i measc na bpríomhthréithe táirge ar féidir a mheas go bhfuil cleachtais trádálaí míthreorach ina leith, tar éis measúnú cás ar chás. An fhaisnéis a sholáthraíonn trádálaithe faoi shaintréithe sóisialta táirge feadh a shlabhra luacha, is féidir baint a bheith aici, mar shampla, le cáilíocht agus cothroime dálaí oibre an lucht saothair lena mbaineann, amhail pá leormhaith, cosaint shóisialta, sábháilteacht na timpeallachta oibre agus idirphlé sóisialta. Is féidir baint a bheith ag faisnéis den sórt sin freisin le hurraim do chearta an duine, le cóir chomhionann agus deiseanna do chách, lena n-áirítear comhionannas inscne, cuimsiú agus éagsúlacht, le ranníocaíochtaí le tionscnaimh shóisialta nó le gealltanais eiticiúla, amhail leas ainmhithe. Is féidir ciall leathan a bhaint as saintréithe comhshaoil agus sóisialta táirge, lena gcuimsítear gnéithe comhshaoil agus sóisialta, tionchar agus feidhmíocht táirge.

(45)Baineann maímh chomhshaoil, go háirithe maímh a bhaineann leis an aeráid, níos mó agus níos mó le feidhmíocht amach anseo i bhfoirm aistriú chuig neodracht carbóin nó aeráide, nó cuspóir comhchosúil, faoi dháta áirithe. Trí bhíthin maímh den sórt sin, tugann trádálaithe le tuiscint go rannchuidíonn tomhaltóirí le geilleagar ísealcharbóin trína dtáirgí a cheannach. Chun cothroime agus inchreidteacht maíomh den sórt sin a áirithiú, is gá toirmeasc a chur ar mhaímh den sórt sin, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh, i gcás nach bhfuil siad tacaithe le gealltanais agus spriocanna a thugann an trádálaí atá soiléir, oibiachtúil, ar fáil go poiblí agus infhíoraithe agus atá leagtha amach i bplean cur chun feidhme mionsonraithe agus réalaíoch lena dtaispeántar conas a bhainfear na gealltanais agus na spriocanna sin amach agus lena leithdháiltear acmhainní chuige sin. Ba cheart a áireamh sa phlean cur chun feidhme sin na heilimintí ábhartha uile is gá chun na gealltanais a chomhlíonadh, amhail acmhainní buiséadacha agus forbairtí teicneolaíochta, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart do shaineolaí tríú páirtí maímh den sórt sin a fhíorú freisin, saineolaí ba cheart a bheith neamhspleách ar an trádálaí agus saor ó aon choinbhleachtaí leasa, ba cheart taithí agus inniúlacht a bheith ag an saineolaí i saincheisteanna comhshaoil agus ba cheart é a bheith ar chumas an tsaineolaí faireachán rialta a dhéanamh ar dhul chun cinn an trádálaí maidir leis na gealltanais agus na spriocanna, lena n-áirítear na garspriocanna chun iad a bhaint amach. Ba cheart do thrádálaithe a áirithiú go bhfuil na torthaí rialta sin ón saineolaí tríú páirtí ar fáil do thomhaltóirí.

(46)Cleachtas tráchtála eile a d’fhéadfadh bheith míthreorach is ea fógraíocht a dhéanamh faoi thairbhí do thomhaltóirí, ar tairbhí iad nach mbaineann le hábhar agus nach mbaineann go díreach le gné ar bith den táirge sonrach sin nó den ghnó sonrach sin agus a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur ar míthreoir sa chaoi go gcreidfidís go bhfuil siad níos tairbhiúla do thomhaltóirí, don chomhshaol nó don tsochaí ná táirgí eile den chineál céanna nó gnóthaí trádálaithe eile den chineál céanna, mar shampla, maíomh a dhéanamh go bhfuil branda áirithe uisce buidéil saor ó ghlútan nó maíomh a dhéanamh nach bhfuil plaisteach i mbileoga páipéir.

(47)Is teicníc mhargaíochta atá ag éirí níos coitianta é comparáid a dhéanamh idir táirgí bunaithe ar a saintréithe comhshaoil nó sóisialta nó ar ghnéithe ciorclaíochta, amhail marthanacht, indeisitheacht nó in-athchúrsáilteacht lena bhféadfaí tomhaltóirí a chur ar míthreoir, nach bhfuil in ann i gcónaí measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na faisnéise sin. Chun a áirithiú nach gcuirfidh comparáidí den sórt sin tomhaltóirí ar míthreoir, ba cheart do thrádálaithe faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí faoi mhodh na comparáide, faoi na táirgí atá faoi réir comparáide agus faoi sholáthróirí na dtáirgí sin, agus faoi na bearta chun faisnéis a choinneáil cothrom le dáta. Leis sin, ba cheart a áirithiú go ndéanfaidh tomhaltóirí cinntí idirbhirt níos eolaí agus iad ag brath ar chomparáidí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go mbeadh comparáidí den sórt sin oibiachtúil go háirithe trí chomparáid a dhéanamh idir táirgí a bhfuil an fheidhm chéanna acu, trí mhodh coiteann agus toimhdí coiteanna a úsáid, agus trí chomparáid a dhéanamh idir gnéithe ábhartha agus infhíoraithe na dtáirgí atá á gcur i gcomparáid le chéile.

(48)Ba cheart a chumhdach leis na forálacha maidir le cleachtais tráchtála ionsaitheacha cleachtais a chuireann isteach go mór ar shaoirse rogha an tomhaltóra trí chiapadh, comhéigean, lena n-áirítear fórsa fisiciúil a úsáid, agus tionchar míchuí a úsáid. D’fhéadfadh cumarsáid tráchtála agus cleachtais tráchtála eile, lena n-áirítear cleachtais atá ag éirí níos pearsantaithe, dochar suntasach a dhéanamh do shaoirse rogha an tomhaltóra, ar cumarsáid agus cleachtais iad lena dtagtar i dtír ar leochaileachtaí tomhaltóirí mar gheall ar thréithe amhail míchumas, aois nó saontacht, nó ar aon mhí-ádh nó ar aon imthoisc shonrach atá chomh tromchúiseach sin go ndéantar dochar do bhreithiúnas an tomhaltóra. Áirítear leis seo andúil agus anás airgeadais. Níor cheart a cheangal ar thrádálaithe ar líne sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheas an bhfuil tomhaltóir leochaileach.

(49)Is inmhianaithe go n-aithneofaí na cleachtais tráchtála sin atá éagothrom sna cúinsí uile chun níos mó deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar. Da bhrí sin, is gá liosta a sholáthar de na cleachtais sin ar cheart a mheas go bhfuil siad éagórach gan measúnú cás ar chás a dhéanamh in Iarscríbhinn I. 

(50)Tá cleachtais tráchtála achrannacha áirithe forleathan sa timpeallacht ar líne agus tá gá le rialacha sonracha chun aghaidh a thabhairt orthu. Ós rud é nach sáraíonn cleachtas tráchtála sa timpeallacht ar líne rialacha sonracha an Rialacháin seo maidir le cothroime dhigiteach ná rialacha sonracha Iarscríbhinn I, níor cheart cosc a chur ar an gcleachtas sin a mheas a bheith éagórach i gcás nach gcomhlíonann sé na rialacha ginearálta maidir le cleachtais tráchtála éagóracha.

(51)Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann trádálaithe as patrúin dhorcha ar chomhéadain ar líne a suíomhanna gréasáin, a bhfeidhmchlár, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, agus bogearraí eile a fhónann chun rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar tháirgí an trádálaí. D’fhéadfadh cleachtais den sórt sin brú a chur ar chumas tomhaltóirí cinntí idirbhirt saora agus eolacha a dhéanamh, é a chur ar míthreoir nó cur isteach air ar bhealach eile. Is féidir leis an úsáid fhorleathan a bhaintear astu in earnálacha amhail miondíol faisin ríghasta ar líne, mar shampla, tionchar a imirt ar roghanna tomhaltóirí i dtreo tobcheannaigh agus róthomhaltais. Cé go gcuirtear toirmeasc le Rialachán (AE) 2022/2065 ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha a oibríonn ardáin ar líne patrúin dhorcha a úsáid i ndearadh agus in eagrú a gcomhéadan ar líne, níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le patrúin dhorcha a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a bhaineann go heisiach le cleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir.

(52)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a shoiléiriú go bhfuil toirmeasc ar phatrúin dhorcha a úsáid chun saobhadh ábhartha a dhéanamh ar iompraíocht eacnamaíoch tomhaltóirí. Ós rud é go bhfuil baol an-ard ann go ndéanfaidh roinnt patrúin dhorcha saobhadh ar iompraíocht tomhaltóirí, ba cheart a mheas go bhfuil na cleachtais a liostaítear i gCuid III d’Iarscríbhinn I éagórach i ngach imthoisc. Ba cheart a mheas gur gnéithe éagóracha iad gnéithe dearaidh dúshaothraithe a dhéanann saobhadh ábhartha ar iompraíocht eacnamaíoch tomhaltóirí trí na tomhaltóirí a threorú i dtreo roghanna nó gníomhaíochtaí a théann chun tairbhe don trádálaí, ach a bhféadfadh sé nach bhfuil siad chun leasa an tomhaltóra, lena n-áirítear, mar shampla, trí níos mó suntasachta a thabhairt do roghanna a théann chun tairbhe don trádálaí, trí laghdú a dhéanamh ar shuntasacht na faisnéise ábhartha nó trí iallach a chur ar thomhaltóirí cliceáil tríd an iomarca céimeanna chun rochtain a fháil uirthi, nó trí thoradh gan choinne a bheith ar an rogha a léiríonn an tomhaltóir.

(53)Tá tomhaltóirí ag éirí níos neamhchosanta ar chumarsáid tráchtála a scaipeann tionchairí na meán shóisialta. Is minic a mheastar gur moltaí pearsanta seachas fógraíocht iad cumarsáid den sórt sin. Cé go dtoirmisctear leis an Rialachán seo easnaimh mhíthreoracha, lena n-áirítear mainneachtain cineál tráchtála na cumarsáide a nochtadh a d’fhéadfadh cosc a chur ar thomhaltóirí rogha eolach a dhéanamh, ba cheart cur i bhfeidhm a fhorálacha maidir le margaíocht tionchairí a shoiléiriú, go háirithe maidir leis an gcaoi ar cheart an nochtadh sin a dhéanamh.

(54)Ba cheart go nochtfaí cineál tráchtála na cumarsáide ag tionchairí ar bhealach soiléir, feiceálach agus gan débhrí, sa mheán céanna ina scaiptear an chumarsáid. Ba cheart nochtadh chineál tráchtála na cumarsáide a chur i láthair go feiceálach freisin agus ag an tús, an tráth céanna a fhoilsítear an chumarsáid, agus é a choinneáil ar bun ar feadh thréimhse na cumarsáide. Ba cheart é a chur in iúl i dteanga na cumarsáide agus i dtéarmaí sothuigthe atá oiriúnaithe don spriocphobal agus nár cheart a dhoiléiriú trína chur i measc míreanna faisnéise neamhghaolmhara. Ba cheart a mheas go bhfuil na téarmaí ‘fógraíocht’ agus ‘comhar tráchtála’ soiléir go leor.

(55)Tá mionaoisigh an-leochaileach do mhargaíocht tionchairí, agus is minic a bhraitheann siad tionchairí mar chairde leo. Uaireanta baineann tionchairí leas as muinín na mionaoiseach, mar shampla trí chuspóir tráchtála a ngníomhaíochtaí a dhoiléiriú, nó trí leas a bhaint as steiréitíopaí inscne agus leochaileachtaí inscne-shonracha, chun bhrú a chur ar mhionaoisigh táirgí a cheannach nó chun a gcinntí idirbheartaíochta a shaobhadh ar bhealach eile. Bíonn tionchairí áirithe i mbun margaíochta freisin ar tháirgí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, nó mí-oiriúnach ar bhealach eile do thomhaltóirí i gcoitinne nó do mhionaoisigh go háirithe, amhail ionstraimí amhantracha, gealltóireacht, crannchuir nó cineálacha eile táirgí cearrbhachais. D’fhéadfadh imní teacht chun cinn freisin maidir le margaíocht tionchairí i gcás ina dtagann na nithe seo a leanas mar thoradh uirthi: aistí bia neamhchothromaithe agus tionchar ar thomhaltas bia agus dí na mionaoiseach, bianna agus deochanna ina bhfuil cothaithigh agus substaintí a d’fhéadfadh nach oireann a n-iarmhairtí cothaitheacha nó fiseolaíocha d’aois na mionaoiseach. Le dlí an Aontais amhail Treoir 2010/13/AE, cuirtear toirmeasc ar fhógraíocht a dhéanamh ar tháirgí áirithe i gcoitinne, nuair a dhírítear ar mhionaoisigh amháin iad nó nuair a dhíríonn gníomhaithe áirithe iad. Ba cheart margaíocht tionchairí a thoirmeasc i gcás táirgí a bhfuil toirmeasc ar fhógraíocht ina leith faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

(56)Trádálaithe a scaipeann cumarsáid tráchtála trí bhíthin margaíocht tionchairí, amhail cuideachtaí a dhíolann táirgí brandáilte nó gníomhaireachtaí fógraíochta, is iad na trádálaithe sin a chinneann ábhar agus dreasachtaí na cumarsáide sin. Go ginearálta, is fearr is féidir leo a bheith ar an eolas faoi na ceanglais dlí is infheidhme. Dá bhrí sin, ba cheart trádálaithe den sórt sin a bheith faoi dhliteanas freisin as comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil a bhaineann le margaíocht tionchairí gan beann ar an gcineál íocaíochta a dheonaítear don tionchaire, rud a chiallaíonn ní hamháin suim airgid, ach aon chineál comaoine eile a bhfuil luach sócmhainne aici freisin, agus gan beann ar mhéid na saoirse eagarthóireachta a thugtar don tionchaire. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar thrádálaithe den sórt sin a áirithiú go conarthach, ar bhealach soiléir, go n-urramaítear na ceanglais dhlíthiúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Níor cheart go n-oibreodh forálacha conarthacha mar bhealach do thrádálaithe a ndliteanas féin a eisiamh i ndáil leis an tionchaire agus ní féidir leo difear a dhéanamh do dhliteanas an trádálaí faoin Rialachán seo. I gcás nach dtugtar conradh i gcrích go foirmiúil, mar shampla i gcás ina soláthraíonn trádálaithe bronntanais nó cuirí nó sochair chomhchineáil eile don tionchaire, bídís iarrtha nó gan iarraidh, ba cheart do thrádálaithe bearta malartacha a dhéanamh chun comhlíonadh a áirithiú. Ba cheart na bearta sin a bheith éifeachtach, iomchuí agus comhréireach. Féadfar a áireamh orthu sin faisnéis shoiléir a sholáthar don tionchaire maidir leis na rialacha is infheidhme, nochtadh iomchuí a iarraidh nó a fhíorú agus, i gcás inar gá, ceartú nó baint na cumarsáide tráchtála a iarraidh, lena n-áirítear trí bhíthin caingne dlí i gcás inarb iomchuí.

(57)Le Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 agus le reachtaíocht eile an Aontais maidir le táirgí, leagtar amach oibleagáidí comhréireacha d’oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, maidir le sábháilteacht táirgí, i ndáil lena róil faoi seach atá acu sa slabhra soláthair. I gcomhthéacs margaíocht tionchairí, d’fhéadfadh oibleagáidí a bheith ar na hoibreoirí lena mbaineann i gcásanna áirithe mar oibreoirí eacnamaíocha de bhun Rialachán (AE) 2023/988 nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le táirgí ag brath ar a ról agus ar a seasamh sa slabhra soláthair táirgí. Mar shampla, ní mór d’oibreoirí atá i mbun margaíocht tionchairí a mhonaraigh an táirge nó a rinne táirge a mhonarú nó a dhearadh dóibh agus a mhargaíonn é faoina n-ainm nó faoina dtrádmharc féin oibleagáidí monaróra a chomhlíonadh. Níl oibreoirí eacnamaíocha ach le táirgí sábháilte a chur ar fáil ar an margadh agus, i gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil táirge contúirteach, tá siad le bearta ceartaitheacha a ghlacadh, lena n-áirítear an táirge a tharraingt siar nó a aisghairm, chomh maith le tomhaltóirí agus na húdaráis ábhartha a chur ar an eolas. Gan beann ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn oibreoirí atá i mbun margaíocht tionchairí mar oibreoirí eacnamaíocha de bhun Rialachán (AE) 2023/988 nó reachtaíocht eile an Aontais maidir le táirgí, ba cheart toirmeasc a chur ar mhargaíocht tionchairí ar tháirgí contúirteacha de réir bhrí an Rialacháin sin nó reachtaíocht eile an Aontais maidir le táirgí. Sula dtéann siad i mbun gníomhaíochtaí margaíochta tionchairí maidir le táirge, moltar do na hoibreoirí lena mbaineann a sheiceáil an bhfuil na táirgí sin faoi réir beart ceartaitheach ar tugadh fógra ina leith sa tairseach Safety Gate, tairseach ghréasáin lena soláthraítear rochtain phoiblí saor in aisce ar bhearta ceartaitheacha a dhéantar in aghaidh táirgí contúirteacha.

(58)Nuair a thugtar fógraí do thomhaltóirí bunaithe ar theicnící spriocdhírithe atá barrfheabhsaithe chun leas a bhaint as a leochaileachtaí, d’fhéadfadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha a bheith ag fógraíocht phearsantaithe ar líne. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh fadhbanna ar leith a bheith ag baint le húsáid sonraí pearsanta íogaire dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, mar shampla, sonraí pearsanta lena nochtar faisnéis amhail tionscnamh ciníoch nó eitneach, nó sláinte agus gnéaschlaonadh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh mionaoisigh chomh heolach sin ar na rioscaí a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta chun críoch tráchtála. Le Rialachán (AE) 2022/2065, cuirtear toirmeasc cheana féin ar chleachtais fógraíochta áirithe soláthraithe ardán ar líne, go háirithe fógraí a chur i láthair fhaighteoirí maidir lena seirbhíse bunaithe ar phróifíliú trí úsáid a bhaint as catagóirí speisialta sonraí pearsanta, nó aon chineál sonraí pearsanta nuair is eol don soláthraí le cinnteacht réasúnta gur mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse. Mar sin féin, d’fhéadfadh slabhra casta gníomhaithe lasmuigh de sholáthraithe ardán ar líne a bheith i gceist le fógraí pearsantaithe ar líne a scaipeadh. Dá bhrí sin, is gá toirmisc chomhchosúla a fhorchur ar thrádálaithe eile nach gcáilíonn mar ardáin ar líne de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 nó nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le cur i bhfeidhm Roinn 3 de Chaibidil III den Rialachán sin.

(59)Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe fógraí atá bunaithe ar phróifíliú de bhun Rialachán (AE) 2016/679 a dhíriú trí úsáid as sonraí pearsanta íogair na dtomhaltóirí. Ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe freisin díriú ar fhógraí atá bunaithe ar phróifíliú agus sonraí pearsanta á n-úsáid nuair is eol dóibh le cinnteacht réasúnta gur mionaoiseach é an tomhaltóir. Ba cheart feidhm a bheith ag na toirmisc ar fhógraíocht phearsantaithe éagórach freisin i gcás ina bhfuil fógraíocht phearsantaithe i bhfoirm moltaí maidir le hábhar pearsantaithe, ranguithe táirgí agus moltaí, agus cineálacha eile teachtaireachtaí spriocdhírithe fógraíochta, lena n-áirítear i gcórais teanga nádúrtha. Chun a n-éifeachtacht a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na toirmisc sin maidir le gach trádálaí, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí fógraíochta, a dhíríonn ar spriocdhíriú na fógraíochta nó a éascaíonn an spriocdhíriú sin, amhail tríd an ábhar fógraíochta a roghnú, na critéir spriocdhírithe agus seachadta fógraí a roghnú, na sonraí a úsáidtear chun fógraí a spriocdhíriú agus a sheachadadh a sholáthar, na teicnící spriocdhírithe agus na teicnící seachadta fógraí a sholáthar, agus fógraí a sheachadadh agus a scaipeadh.

(60)Praghsáil phearsantaithe ar líne, i gcás ina gcuirtear praghsanna táirgí in oiriúint do thomhaltóirí áirithe nó do chatagóirí áirithe tomhaltóirí ar bhonn sonraí pearsanta, rud a fhágann go mbíonn praghsanna éagsúla ar an táirge céanna a thairgtear ag an am céanna do thomhaltóirí éagsúla, d’fhéadfadh sí a bheith éagórach má úsáideann trádálaithe an fhaisnéis sin ar bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thomhaltóirí. Nuair is eol dóibh le cinnteacht réasúnta gur mionaoiseach é an tomhaltóir, ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar thrádálaithe praghsanna a phearsantú bunaithe ar phróifíliú de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ar bhealach ar dócha le réasún go ndéanfaidh sé díobháil don mhionaoiseach. Ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe freisin praghsanna a phearsantú bunaithe ar phróifíliú ar bhealach ar dócha le réasún go ndéanfaidh sé dochar don tomhaltóir i gcás inarb eol dóibh le cinnteacht réasúnta go bhfuil an tomhaltóir leochaileach mar gheall ar aois, ar shaontacht, ar mhíchumas nó ar aon mhí-ádh nó ar aon imthoisc shonrach atá chomh tromchúiseach sin go ndéantar dochar do bhreithiúnas an tomhaltóra. Áireofaí leis na toirmisc sin, i bhformhór na gcásanna, praghsanna níos airde a thairiscint do thomhaltóirí, ach d’fhéadfaí a áireamh leo praghsanna níos ísle a thairiscint, mar shampla i gcás ina dtairgeann trádálaithe, ar bhonn na sonraí pearsanta, táirge a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith aige ar an tomhaltóir. Níor cheart go gcuimseodh na toirmisc sin pearsantú chun leasa tomhaltóirí, amhail lacáistí mac léinn nó lacáistí seanóirí. Leis na toirmisc sin, níor cheart, go háirithe, cosc a chur ar úsáid sonraí pearsanta tomhaltóirí, lena n-áirítear sonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le leochaileachtaí, chun críoch praghsála pearsantaithe nó difreála téarmaí conarthacha, i gcás ina bhfuil an pearsantú nó an difreáil sin bunaithe ar thosca dleathacha, ábhartha, oibiachtúla agus trédhearcacha, amhail riosca árachais fianaisebhunaithe nó costais bhreise don trádálaí, ar choinníoll go gcomhlíonann próiseáil na sonraí sin ceanglais infheidhme dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta agus nach dtagann an pearsantú sin i dtír ar leochaileachtaí.

(61)Is minic a bhíonn tomhaltóirí neamhchosanta ar chleachtais tráchtála a bhfuil sé d’éifeacht acu trédhearcacht a n-idirbheart eacnamaíoch a laghdú nó arb é atá iontu táirgí a thairiscint ar féidir leo caiteachas a mhéadú thar an leibhéal a roghnóidís. Áirítear ar chleachtais tráchtála uasmhéadaithe caiteachais den sórt sin úsáid airgeadraí fíorúla, córais luaíochta athraitheacha a chur ar fáil nó sásraí íoc le dul chun cinn nó sásraí íoc le buachan a chur ar fáil. Mar gheall ar úsáid airgeadraí fíorúla nó comharthaí nó monaí eile, is féidir a fháil go hiomlán nó go páirteach trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8 de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó trí airgeadraí fíorúla eile a n-íoctar astu, chun ítimí fíorúla nó táirgí eile a cheannach, tá sé níos deacra do thomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar fhíorchostas idirbhirt eacnamaíoch. Maidir le hairgeadraí fíorúla atá faoi ghlas laistigh d’fhíschluiche, den ardán cluichíochta nó den aip shonrach sin, nach bhfuil aon luach airgid thirim seachtrach acu agus nach féidir a bhriseadh amach nó a thrádáil lasmuigh den fhíschluiche, den ardán cluichíochta nó den aip, ní thagann siad faoi raon feidhme Rialachán (AE) [an Rialacháin maidir le Seirbhísí Íocaíochta] ná faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 . Chun go mbeidh tomhaltóirí in ann cinntí eolacha ceannaigh a dhéanamh agus iad ag íoc as ítimí fíorúla nó táirgí eile trí airgeadraí fíorúla i gcluichí a mhalartú, ar airgeadraí fíorúla iad a ceannaíodh trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó trí airgeadraí fíorúla eile ar íocaíocht, ba cheart fíorluach airgeadúil na dtáirgí sin san airgeadra a úsáidtear chun an t-airgeadra fíorúil a cheannach a chur in iúl dóibh ar bhealach feiceálach, soiléir agus sothuigthe, gan beann ar aon thuairisc dhlíthiúil nó sainmhíniú ar airgeadraí i gcluichí i ndlí an Aontais. I gcás nach féidir an luach airgeadúil a chinneadh go díreach, féadfar é a mheas bunaithe ar an méid a bheadh ar an tomhaltóir a íoc go hiomlán, go díreach nó go hindíreach trí airgeadra fíorúil eile gan lascainí cainníochta ná tairiscintí fógraíochta eile a chur i bhfeidhm. Maidir le pointí nó ítimí eile a bhailítear nó a fhaightear trí chláir dhílseachta, ní hionann iad agus airgeadas fíorúil de réir bhrí an Rialacháin seo.

(62)D’fhéadfadh sé a bheith thar a bheith deacair do mhionaoisigh fíorluach airgeadúil na n-airgeadraí fíorúla a thuiscint. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil táirge dírithe ar mhionaoisigh nó i gcás ina bhfuil an trádálaí ar an eolas le cinnteacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh, ba cheart airgeadraí fíorúla a dhíchumasú mar réamhshocrú, agus níor cheart don trádálaí a ngníomhachtú a cheadú ach amháin tar éis cead a fháil roimh ré ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir. Tá táirge dírithe ar mhionaoisigh, mar shampla i gcásanna ina bhfuil rátáil aoise faighte aige, bíodh sin ó thrádálaithe iad féin nó ó thríú páirtithe, amhail na cinn sin nach mór do sholáthraithe siopaí feidhmchlár bogearraí a chur i bhfeidhm ar bhonn Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne], nó ar bhonn an chórais aicmithe aoise maidir le Faisnéis Uile-Eorpach faoi Chluichí (PEGI) nó ar bhonn scéimeanna rátála aoise iontaofa inchomparáide, lena léirítear go bhfuil úsáid an táirge oiriúnach do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois. I gcás ina bhfaightear rochtain ar tháirge trí chuntas custaiméara atá curtha ar bun ag trádálaí agus a ligeann don trádálaí a shuí go díreach nó go hindíreach gur le mionaoiseach é, ba cheart a mheas go bhfuil a fhios ag an trádálaí le cinnteacht réasúnta gur mionaoiseach é faighteoir an táirge. Chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh trádálaithe atá faoi réir Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne] brath ar uirlisí le haghaidh caomhnóirí a leagtar amach faoin Rialachán sin.

(63)Córais luaíochta athraitheacha a thairgeann luaíochtaí randamacha nó corrlach athraitheach, amhail boscaí éadála, rothaí áidh, nó pacáistí cártaí inbhailithe, ní hamháin gur féidir leo a bheith ina gcúis le caiteachas neamh-inmhianaithe ag tomhaltóirí ach is féidir leo a bheith díobhálach freisin toisc go bhfuil gnéithe amhantracha an chearrbhachais acu. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an cuireadh chun na táirgí sin a cheannach na rialacha cosanta tomhaltóirí atá ann cheana, is gá oibleagáidí trádálaithe a shoiléiriú. Dá bhrí sin, ba cheart do thrádálaithe tomhaltóirí a chur ar an eolas ar bhealach soiléir feiceálach faoi na cineálacha táirgí atá ar fáil sna córais luaíochta athraitheacha sin agus faoi na dóchúlachtaí go bhfaighidh siad iad. Níor cheart a mheas gur córais luaíochta athraitheacha iad seirbhísí infheistíochta a bhaineann le hionstraimí airgeadais a thugann torthaí athraitheacha de réir a gcineáil.

(64)Tá mionaoisigh neamhchosanta go háirithe ar iarmhairtí áititheacha na dtáirgí uasmhéadaithe caiteachais. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil táirge dírithe ar mhionaoisigh nó i gcás ina bhfuil an trádálaí ar an eolas le cinnteacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh, níor cheart córais luaíochta athraitheacha is féidir a fháil go hiomlán nó go páirteach trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8 de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó trí airgeadraí fíorúla íoctha a chur ar fáil do mhionaoisigh. Ina theannta sin, ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann uirlisí éifeachtacha, simplí agus inrochtana go héasca a úsáid a chuirfidh ar a gcumas córais luaíochta athraitheacha a dhíchumasú. Níor cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc ar chórais luaíochta athraitheacha a thairiscint do mhionaoisigh dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, seirbhísí ardáin comhroinnte físeán agus comrádaithe IS agus botaí comhrá ginearálta atá faoi réir an toirmisc chéanna faoi Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne].

(65)D’fhéadfadh sásraí íoc le buachan agus íoc le dul chun cinn a fhágáil go mbeadh sé dodhéanta do thomhaltóirí dul chun cinn a dhéanamh i bhfíschluiche nó in aip nó d’fhéadfaidís a chreidiúint le réasún nach féidir leo dul chun cinn a dhéanamh nó dul san iomaíocht gan íocaíocht. Féadfar a áireamh ar shásraí den sórt sin bacainní ar dheacrachtaí saorga, luasanna dul chun cinn a fhágann go bhfuil an chonair neamhíoctha meabhlach, nó struchtúir iomaíocha ina gcinntear torthaí go héifeachtach de réir caiteachais. D’fhéadfadh sé a bheith deacair do mhionaoisigh cur in aghaidh an bhrú íocaíochta a mheastar a bheith ann. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil táirge dírithe ar mhionaoisigh nó i gcás ina bhfuil an trádálaí ar an eolas le cinnteacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh, níor cheart sásraí íoc le dul chun cinn nó íoc le buachan is féidir a fháil go hiomlán nó go páirteach trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8 de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó trí airgeadraí fíorúla íoctha a chur ar fáil do mhionaoisigh.

(66)Tá méadú ag teacht ar dhearadh táirgí digiteacha ní hamháin chun freastal ar na cuspóirí a n-úsáideann tomhaltóirí iad lena n-aghaidh, ach chun aird tomhaltóirí a ghabháil agus a choinneáil, agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht fhada a spreagadh a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí. Baineann gnéithe agus feidhmiúlachtaí dearaidh áirithe leas as leochaileachtaí tomhaltóirí, leochaileachtaí cognaíocha, síceolaíocha agus eile, chun críoch eacnamaíoch. Comhlánaíonn an Rialachán seo Rialachán (AE) 2022/2065, lena ndírítear ar rioscaí sonracha a eascraíonn as ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne i ndáil le dearadh comhéadan ar líne a bhaineann leas d’aon ghnó nó go neamhbheartaithe as laigí agus neamhthaithí mionaoiseach nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hiompraíocht andúileach, nó iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach duine. Níor cheart d’aon ní sa Rialachán seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065 chun faighteoir na seirbhísí a chosaint ar dhearadh andúile ag eintitis ainmnithe. Comhlánaíonn sé freisin Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne], lena bhforchuirtear bearta sábháilteachta trí dhearadh atá saincheaptha do na saintréithe sonracha agus na rioscaí a eascraíonn as na córais sin chun eispéireas atá oiriúnach ó thaobh aoise de a thairiscint do mhionaoisigh. Go háirithe, leis an Rialachán sin, cuirtear cosc ar ghnéithe dearaidh andúile a thagann i dtír ar leochaileachtaí mionaoiseach agus a spreagann úsáid éigníoch nó iomarcach na seirbhíse, rud a bhfuil iarmhairtí díobhálacha aige ar fholláine mheabhrach, mhothúchánach agus fhisiciúil mionaoiseach, seachas a ról mar thomhaltóirí. Leagtar amach ann freisin gnéithe sonracha a mheasfar a spreagfaidh úsáid den sórt sin ar sheirbhísí líonraithe shóisialta ar líne agus ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán agus, go pointe áirithe, ar chluichí ar líne agus ar chomrádaithe IS agus ar bhotaí comhrá ginearálta, i bhfianaise shaintréith shonrach na seirbhísí sin. Mar shampla, is minic a bhíonn seinm uathoibríoch ábhair ar ardáin comhroinnte físeán agus ar líonraí sóisialta ar líne agus dreasaíonn siad ‘an tsíorscrolláil’; d’fhéadfadh físchluichí rannpháirtíocht a dhreasú trí phionós a ghearradh ar an tomhaltóir mura mbíonn siad rannpháirteach; Dá réir sin, d’fhéadfadh comrádaithe IS agus botaí comhrá ginearálta caidreamh idirphearsanta a ionsamhlú chun úsáid fhada a dhreasú. Cé nár cheart na gnéithe ábhartha a bheith ar fáil do mhionaoisigh ar na seirbhísí sin, de bhun Airteagail 9, 14 agus 15 de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne], i bhfianaise na fianaise fairsinge maidir le díobhálacht na ngnéithe sin freisin do thomhaltóirí fásta agus lasmuigh de na seirbhísí sin, is gá a chur ar chumas tomhaltóirí gnéithe a dhíchumasú lena spreagtar úsáid éigeantach nó iomarcach. Forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le dearadh andúile, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le trádálaithe atá faoi réir fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne] i gcás cleachtais a bhaineann le mionaoisigh ná maidir le soláthraithe seirbhísí oideachais nó eolaíocha mar a shonraítear sa Rialachán sin.

(67)Is gné thábhachtach de rannpháirtíocht tomhaltóirí sa saol sóisialta agus cultúrtha í rochtain ar imeachtaí cultúrtha, spóirt agus siamsaíochta, agus tá an margadh le haghaidh ticéid chuig imeachtaí den sórt sin tar éis éirí níos digitithe. Mar sin féin, fágann neamhshiméadracht faisnéise idir trádálaithe agus tomhaltóirí agus an luach mothúchánach nó sóisialta a bhaineann le himeacht go mbíonn tomhaltóirí an-leochaileach i leith cleachtais atá ceaptha chun fíorphraghas an ticéid a cheilt, rud a chuireann isteach ar a gcumas cinneadh eolach a dhéanamh. Da bhrí sin, is gá ceanglais shonracha trédhearcachta a bhunú a bheidh infheidhme maidir le trádálaithe a thairgeann ticéid imeachta. Go háirithe, i gcás ina gcuireann trádálaithe ticéid imeachta ar fáil ar phraghsanna a d’fhéadfadh méadú mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an trádálaí nó ar úsáid sásraí praghsála uathoibrithe nó algartamacha, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir feiceálach, faoi líon na dticéad atá ar fáil ar an bpraghas fógartha agus faoin uasphraghas a d’fhéadfaí a ghearradh, lena n-áirítear aon mhuirear breise nó táille bhreise a d’fhéadfaí a cheangal ar an tomhaltóir a íoc.

(68)Is minic a úsáideann trádálaithe córais scuaine fhíorúla san earnáil thicéadú le haghaidh imeachtaí agus in earnálacha eile le haghaidh táirgí a bhfuil soláthar teoranta acu agus a bhfuil éileamh láidir tomhaltóirí orthu. Tá tomhaltóirí atá ag fanacht i scuaine fhíorúil chun ticéad a ceannach an-leochaileach i leith cleachtais phraghsála theimhneacha ar féidir leo a gcinntí idirbheartaíochta a shaobhadh. Chun an trédhearcacht is gá a áirithiú, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir, feiceálach agus tráthúil, faoi phraghas an táirge is infheidhme tráth an dul isteach sa scuaine agus cé acu atá nó nach bhfuil an praghas sin faoi réir athrú le linn an ama feithimh. Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas freisin faoi na hathruithe ar phraghsanna atá ann faoi láthair i bhfíor-am agus faoin uasphraghas díola agus iad ag fanacht i scuaine fhíorúil.

(69)Agus conradh á dhéanamh acu ar dtús chun earraí nó seirbhísí a sholáthar go leanúnach trí chomhéadan ar líne nó trí mhodhanna digiteacha eile, is iondúil nach mbíonn tomhaltóirí in ann na hearraí nó an tseirbhís a fheiceáil sula dtugann siad an conradh i gcrích. Ar an gcúis sin, is minic a cheadaíonn trádálaithe do thomhaltóirí na hearraí nó na seirbhísí a chumhdaítear le síntiúis den sórt sin a thástáil le linn tréimhse thrialach saor in aisce agus ag deireadh na tréimhse sin, tosaíonn tréimhse chonartha íoctha. Cuireann an cleachtas trína dtosaíonn tréimhse íoctha go huathoibríoch tar éis tréimhse thrialach saor in aisce gan an tomhaltóir a chur ar an eolas srian míchuí ar shaoirse rogha na dtomhaltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart don trádálaí faisnéis shoiléir intuigthe a thabhairt don tomhaltóir luath go leor roimh thús na tréimhse íoctha, rud a chuirfidh ar chumas an tomhaltóra cinneadh a dhéanamh maidir le leanúint den chonradh ar íocaíocht. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin ar a laghad dáta deiridh na tréimhse trialach saor in aisce agus tús na tréimhse íoctha, saintréithe mionsonraithe an chonartha íoctha, amhail an praghas, ré agus an nós imeachta foirceanta don chonradh íoctha, chomh maith leis an nós imeachta trínar féidir leis an tomhaltóir tús thréimhse an chonartha íoctha a dheimhniú. Níor cheart go n-éileofaí aon íocaíocht ar an tomhaltóir le linn tréimhse trialach saor in aisce, ach amháin má tá glactha go sainráite ag an tomhaltóir le soláthar na n-earraí nó na seirbhísí ar íocaíocht.

(70)Is minic a bhíonn clásail um shíneadh uathoibríoch i gconarthaí maidir le soláthar leanúnach earraí nó soláthar leanúnach seirbhísí arna dtabhairt i gcrích trí chomhéadan ar líne nó trí mhodhanna digiteacha eile. D’fhéadfadh clásail um shíneadh uathoibríoch den sórt sin srian míchuí a chur ar shaoirse rogha tomhaltóirí, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht soláthróirí a athrú. Is deacair do thomhaltóirí súil a choinneáil ar thréimhsí fógra na gconarthaí go léir atá tugtha i gcrích acu. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar thrádálaithe faisnéis shoiléir shothuigthe a thabhairt do thomhaltóirí luath go leor roimh dháta an tsínidh, rud a ligfidh dó thomhaltóir cinneadh a dhéanamh an ndéanfaidh siad a gconarthaí a fhoirceannadh. Thairis sin, féadann gaibhniú custaiméirí a bheith mar thoradh ar chonarthaí a chuirtear síneadh go huathoibríoch leo le haghaidh faid éiginnte, fiú tar éis meabhrúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart an ceart a bheith ag tomhaltóirí conarthaí fadtéarmacha den sórt sin a fhoirceannadh le tréimhse fógra ghearr.

(71)Is féidir le conarthaí soláthair gearrthéarmacha ina bhfuil clásail athnuachana uathoibríche srian míchuí a chur ar shaoirse rogha na dtomhaltóirí, más rud é gur faide a dtréimhse charnach, na síntí san áireamh, ná tréimhse áirithe agus nach gcuirtear an tomhaltóir ar an eolas faoi shíneadh den sórt sin. Dá bhrí sin, is iomchuí i gcásanna den sórt sin go gceanglaítear ar thrádálaithe faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí, chun gur féidir leo a chinneadh cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh siad a gconarthaí a fhoirceannadh. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin ar a laghad dáta sínidh an chonartha, praghas, fad agus nós imeachta foirceanta an chonartha sínte, lena n-áirítear tagairt don fheidhm foirceanta conartha ar líne nó nasc díreach chuici.

(72)Chun feidhmiú éifeachtach an chirt chun conradh a fhoirceannadh a áirithiú, níor cheart an nós imeachta chun an ceart sin a fheidhmiú a bheith níos déine ná an nós imeachta chun conradh a thabhairt i gcrích. I gcás ina dtairgeann an trádálaí an fhéidearthacht conarthaí a thabhairt i gcrích trí chomhéadan ar líne, ba cheart don trádálaí é a chur ar a chumas don tomhaltóir conradh arna thabhairt i gcrích leis an trádálaí sin a fhoirceannadh trí fheidhm ar líne. Ba cheart a áirithiú leis sin gur féidir le tomhaltóirí conradh a fhoirceannadh chomh héasca agus is féidir leo é a thabhairt i gcrích. Chun muinín as an bpróiseas foirceanta a neartú, ba cheart do thrádálaithe a bheith in ann Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa arna bunú faoi Rialachán (AE) [Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa] a úsáid, nó, i gcás trádálaithe aonair, Tiachóg Eorpach Céannachta Digití arna heisiúint faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, arna leasú le Rialachán (AE) 2024/1183, chun iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú i leith an tomhaltóra nuair a úsáidtear an fheidhm foirceanta conartha ar líne. D’fhéadfaí admhálacha go bhfuarthas an ráiteas foirceanta a eisiúint freisin trí bhíthin seirbhísí iontaoibhe cáilithe, amhail ríomhshéalaí cáilithe, stampaí ama cáilithe agus ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe cáilithe, a thairbhíonn d’éifeacht dhlíthiúil ar fud an Aontais. Ba cheart úsáid na modhanna sin a bheith roghnach i gcónaí, níor cheart go bhfágfadh sé go mbeadh an nós imeachta chun an conradh a fhoirceannadh níos déine ná an nós imeachta chun é a thabhairt i gcrích, agus níor cheart go gcuirfeadh sé cosc ar réitigh theicniúla choibhéiseacha eile a úsáid.

(73)I gcás ina dtairgeann an trádálaí an fhéidearthacht cianchonarthaí a thabhairt i gcrích atá faoi réir an chirt chun tarraingt siar faoi Threoir 2011/83/AE trí chomhéadan ar líne, amhail trí shuíomh gréasáin nó trí fheidhmchlár, ceanglaítear cheana féin le Treoir 2011/83/AE ar thrádálaithe feidhm ar líne a sholáthar chun ceart an tomhaltóra chun tarraingt siar a fheidhmiú. Ba cheart do thrádálaithe a bheith in ann brath ar Thiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, nó ar Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí i gcás trádálaithe aonair, chun iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú agus an fheidhm sin á soláthar acu, chun cabhrú le tomhaltóirí a fhíorú gurb é an trádálaí lena ndearna siad conradh a oibríonn an fheidhm. Ba cheart trádálaithe a bheith in ann seirbhísí iontaoibhe a úsáid freisin chun admháil shéalaithe a bhfuil stampa ama léi a sheoladh chuig tomhaltóirí maidir leis an ráiteas tarraingt siar, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe. Leis an admháil sin, ba cheart fianaise iontaofa a sholáthar maidir leis an dáta agus an t-am a cuireadh isteach an ráiteas tarraingt siar, gan dochar do cheart an tomhaltóra feidhmiú an chirt chun tarraingt siar a chruthú ar bhealaí eile.

(74)Ba cheart an fheidhm foirceanta conartha ar líne agus an fheidhm tarraingt siar ar líne a sholáthar ar bhealach comhchosúil, rud a d’fhéadfadh gan ach athruithe aonuaire a éileamh ar dhearadh an chomhéadain ar líne, agus an t-idirdhealú á dhéanamh nár cheart an fheidhm tarraingt siar ar líne a bheith ar fáil ach amháin le linn na tréimhse tarraingt siar agus gur cheart an fheidhm foirceanta conartha ar líne a tugadh isteach le déanaí a bheith ar fáil le linn fhad an chonartha. Dá bhrí sin, is iomchuí na ceanglais don dá fheidhm a leagan amach sa Rialachán seo. Leis an oibleagáid maidir leis an bhfeidhm tarraingt siar nó leis an bhfeidhm foirceanta conartha a sholáthar, níor cheart aon cheart a dheonú chun tarraingt siar as conradh nó chun conradh a fhoirceannadh, agus níor cheart rialáil a dhéanamh léi ach amháin ar na modhanna teicniúla chun na cearta sin a fheidhmiú i gcás inarb ann dóibh.

(75)Ba cheart an fheidhm tarraingt siar ar líne agus an fheidhm foirceanta conartha ar líne a bheith éasca don tomhaltóir a aimsiú, ar fáil go leanúnach agus infheicthe go soiléir le linn na tréimhse tarraingt siar nó le linn an chonartha faoi seach. Níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir tabhairt faoi nósanna imeachta chun na feidhmeanna sin a aimsiú nó rochtain a fháil orthu, amhail feidhmchlár a íoslódáil murar tugadh an conradh i gcrích tríd an bhfeidhmchlár sin. Ba cheart go gcuirfeadh an fheidhm tarraingt siar ar líne agus an fheidhm foirceanta conartha ar líne ar chumas tomhaltóirí an fhaisnéis is gá a sholáthar nó a dheimhniú chun iad féin agus an conradh a shainaithint. Mar shampla, ba cheart do thomhaltóirí a shainaithin iad féin cheana féin trí logáil isteach a bheith in ann tarraingt siar as an gconradh nó an conradh a fhoirceannadh gan gá a bheith lena sonraí aitheantais a sholáthar arís nó, i gcás inarb infheidhme, sainaithint an chonartha ar mian leis an tomhaltóir tarraingt siar uaidh nó ar mian leis an tomhaltóir deireadh a chur leis. Chun feidhmiú neamhbheartaithe an chirt chun tarraingt siar nó foirceannadh neamhbheartaithe an chonartha ag an tomhaltóir a sheachaint, ba cheart don trádálaí a iarraidh ar an tomhaltóir an cinneadh maidir le tarraingt siar nó foirceannadh an chonartha a dhearbhú. I gcás ina n-úsáideann an tomhaltóir an fheidhm chun an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú nó chun conradh a fhoirceannadh, ba cheart don trádálaí admháil a chur in iúl don tomhaltóir go bhfuarthas an tarraingt siar nó an foirceannadh conartha sin ar mheán marthanach gan moill mhíchuí.

(76)Tá méadú ag teacht ar líon na dtrádálaithe a úsáideann uirlisí ar líne chun cumarsáid a dhéanamh le tomhaltóirí agus chun seirbhís do chustaiméirí a sholáthar dóibh, a mhéid a bhaineann le cianchonarthaí agus conarthaí eile araon. Tar éis don chonradh a bheith tugtha i gcrích, ba cheart an ceart a bheith ag tomhaltóir cumarsáid a iarraidh le duine daonna chun fadhb a réiteach, nuair nach bhfuil modhanna eile éifeachtach. D’fhéadfadh an chumarsáid sin tarlú ar líne nó ar bhealach eile, lena n-áirítear le ríomhphost nó trí sheirbhísí teachtaireachtaí meandracha, sa teanga chéanna a úsáideadh chun an conradh a thabhairt i gcrích, saor in aisce, agus gan moill mhíchuí le linn uaireanta gnó an trádálaí. Agus measúnú á dhéanamh acu ar sháruithe ar an oibleagáid sin, féadfaidh na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, an Coimisiún, cineál agus méid na ndeacrachtaí a bhí ag tomhaltóirí a chur san áireamh agus cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh ualach míchuí a bheith ar an trádálaí i gcásanna den sórt sin mar thoradh ar idirghabháil dhaonna, go háirithe i bhfianaise mhéid ghnóthas an trádálaí. Ba cheart seirbhísí infheistíochta mar a shainmhínítear faoi Airteagal 4(1)(2) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 a eisiamh ón bhforáil sin i bhfianaise na reachtaíochta seirbhísí airgeadais is infheidhme.

(77)Tá córais uathoibrithe atá cláraithe chun idirghníomhú le daoine nádúrtha nó le córais uathoibrithe eile i gconraitheoireacht, lena n-áirítear trí chórais intleachta saorga (IS) a chur in úsáid, ag éirí níos ábhartha do thrádálaithe agus do thomhaltóirí araon. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht tráchtála a fheabhsú, lena n-áirítear in idirbhearta trasteorann, trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar rialacha áirithe maidir le huathoibriú a úsáid sa chonraitheoireacht ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Tá córais uathoibrithe in ann gníomhaíochtaí a chur i gcrích gan gá le hathbhreithniú ná idirghabháil ó dhuine nádúrtha. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil córas uathoibrithe faoi réir formhaoirseacht dhaonna, ní thugtar le tuiscint leis sin nach measfar a thuilleadh gur chóras uathoibrithe é.

(78)Is féidir le tomhaltóirí córais uathoibrithe a úsáid, lena n-áirítear iad siúd a sholáthraíonn tríú páirtithe, dá gcaidreamh conarthach le trádálaithe, ach níor cheart do thrádálaithe oibleagáid a chur orthu córais uathoibrithe a úsáid chun rochtain a fháil ar a gcomhéadain ar líne, lena n-áirítear rochtain a fháil ar thairiscintí nó coinníollacha speisialta, ná idirbhearta tráchtála a thabhairt i gcrích. Féadfaidh tomhaltóirí cinneadh a dhéanamh córais uathoibrithe a úsáid, ní hamháin ag an gcéim réamhchonarthach, ach freisin chun conarthaí a thabhairt i gcrích agus a chomhlíonadh. Da bhrí sin, tá sé tábhachtach a shoiléiriú go leanann dlí na dtomhaltóirí d’fheidhm a bheith aige agus tomhaltóirí ag úsáid córais uathoibrithe agus chun na cearta tomhaltóirí atá ann cheana a chosaint sa chomhthéacs sin freisin. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann leibhéal rialaithe a choinneáil ar bun ar ghníomhaíochtaí na gcóras uathoibrithe a úsáideann siad tríd an deis a bheith acu roghanna áirithe a chur in iúl agus na príomhpharaiméadair do chórais uathoibrithe den sórt sin a shocrú agus socruithe den sórt sin a mhodhnú de réir mar is gá. Chun na príomhpharaiméadair sin a shocrú, ba cheart do thrádálaithe a chuireann córais uathoibrithe ar fáil do thomhaltóirí a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh uirlisí atá inrochtana go héasca agus éifeachtach sna córais uathoibrithe sin a úsáidtear chun conraitheoireacht a dhéanamh, rud a chuirfidh ar chumas na dtomhaltóirí na príomhpharaiméadair a shocrú agus a choigeartú. Chun ardleibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí a choinneáil ar bun, ba cheart do thrádálaithe a áirithiú, agus córas uathoibrithe á úsáid den chéad uair, go gceanglaítear ar thomhaltóirí a roghnú go sainráite an mian leo na conarthaí uile arna moladh ag an gcóras uathoibrithe a dheimhniú sula mbeidh siad faoi cheangal ag na conarthaí sin, nó conarthaí áirithe amháin, bunaithe ar pharaiméadair shonracha a bheidh le socrú ag an tomhaltóir, nó nach gá aon chonradh a dheimhniú sula mbeidh siad faoi cheangal acu. Ní hionann córas uathoibrithe a bheith á úsáid ag an tomhaltóir agus aon tarscaoileadh ar chearta tomhaltóirí a thugtar faoi Threoir 2011/83/AE, fiú má chinnfidh an tomhaltóir gan aon chonradh a réamhcheadú sula mbeidh sé faoi cheangal acu. I ngach cás, ba cheart do thrádálaithe an fhaisnéis réamhchonarthach a cheanglaítear faoi Threoir 2011/83/AE a chur ar fáil don chóras uathoibrithe a úsáideann an tomhaltóir chun conradh a dhéanamh. I gcás ina roghnaíonn tomhaltóirí conarthaí áirithe nó na conarthaí uile a dhearbhú, ba cheart dóibh ar a laghad an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 6(1), pointí (a) go (e), (h) go (k), (o) agus (p), de Threoir 2011/83/AE a fháil tríd an gcóras uathoibrithe i bhformáid atá inléite ag an duine chun go mbeidh siad in ann cinntí eolacha a dhéanamh. Agus rogha á déanamh acu gan ach conarthaí áirithe arna moladh ag an gcóras uathoibrithe a dheimhniú, ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann na paraiméadair a mheasann siad a bheith tábhachtach dá gcinnteoireacht a shocrú. Mar shampla, ba cheart dóibh a bheith in ann conarthaí os cionn luach airgeadúil áirithe a chuir siad ar bun roimh ré a eisiamh, conarthaí uathoibrithe a theorannú do na conarthaí sin a bhfuil trádálaithe sonracha acu mar chontrapháirt, agus do na trádálaithe sin amháin, nó do na trádálaithe sin a sholáthraíonn ceart chun tarraingt siar nó ráthaíochtaí sonracha. Thairis sin, ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann teorainn ama a chur in iúl maidir le hinfheidhmeacht a rogha gan ach conarthaí áirithe a dheimhniú sula mbeidh siad faoi cheangal acu. I gcás ina bhfaigheann an trádálaí a chuireann córas uathoibrithe le haghaidh conradh ar fáil do thomhaltóirí aon íocaíocht as conradh a mholadh, mar shampla i gcás moladh urraithe ón gcóras uathoibrithe nó i gcás aon choinbhleacht leasa eile leis an trádálaí lena mbaineann an conradh atá beartaithe, amhail tosaíocht a thabhairt do tháirgí an trádálaí sin sna moltaí arna ndéanamh ag an gcóras uathoibrithe, ba cheart don chóras uathoibrithe a nochtadh don tomhaltóir ar thar a cheann atá sé ag gníomhú gurb ann don íocaíocht sin nó do choinbhleacht leasa eile agus deimhniú an chonartha a iarraidh ón tomhaltóir, go neamhspleách ar an rogha a chuir an tomhaltóir in iúl maidir le gach conradh nó conarthaí áirithe a dheimhniú nó gan iad a dheimhniú.

(79)I gcás ina n-idirghníomhaíonn córais uathoibrithe le trádálaithe thar ceann tomhaltóirí, tá sé tábhachtach gur féidir leis an dá thaobh brath ar fhaisnéis iontaofa maidir le cé atá ag gníomhú agus cé thar a cheann, chomh maith leis an éifeacht a bhaineann leis an gcóras ar leith a shainaithint. Chuige sin, ba cheart trádálaithe agus soláthraithe córas uathoibrithe ar oibreoirí eacnamaíocha iad a bheith in ann iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú trí bhíthin a dTiachóg Eorpach nó a dTiachóg Eorpach Céannachta Digití. Thairis sin, d’fhéadfadh idir-inoibritheacht le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa agus úsáid na dTiachóg sin cabhrú leis na córais sin a shainaithint agus a fhíordheimhniú, chun borradh a chur faoin muinín a chuirtear san éiceachóras a úsáidtear.

(80)Ba cheart do thrádálaithe a chuireann córais uathoibrithe conraitheoireachta ar fáil do thomhaltóirí a áirithiú go ndéanfar an córas uathoibrithe a úsáideann an tomhaltóir a ríomhchlárú sa chaoi go ndéanfaidh sé, agus conradh á thabhairt i gcrích aige thar ceann an tomhaltóra le trádálaí, sonraí teagmhála an tomhaltóra a tharchur chuig an trádálaí sin, lena n-áirítear an ríomhphost agus an seoladh geografach, ar bhonn thoiliú an tomhaltóra i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 chun an fhaisnéis sin a phróiseáil chun na críche sin.

(81)An tráth céanna, chun an t-ualach riaracháin ar thrádálaithe a laghdú, i gcás ina dtabharfaidh an trádálaí agus an tomhaltóir conradh i gcrích trí chórais uathoibrithe amháin, ba cheart cead a bheith ag an trádálaí an fhaisnéis réamhchonarthach a cheanglaítear faoi Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE a sholáthar i bhformáid mheaisín-inléite amháin agus ba cheart é a dhíolmhú ón bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 6a a sholáthar. Níor cheart feidhm a bheith ag Airteagal 8(1), (2), (3), (4) agus (8) de Threoir 2011/83/AE maidir le cásanna den sórt sin. 

(82)Le Treoir 2002/58/CE cosnaítear úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar chumarsáid gan iarraidh chun críocha margaíochta dírí trí bhíthin glaonna teileafóin, ríomhphost, SMS, MMS agus facs. Tá an chosaint sin an-ábhartha do thomhaltóirí. Is iomchuí, dá bhrí sin, é a chomhtháthú i gcreat dhlí tomhaltóirí an Aontais. An tráth céanna, ba cheart na rialacha a nuachóiriú trí dheireadh a chur le facs, modh cumarsáide nach bhfuil ábhartha a thuilleadh sa chaidreamh gnó le tomhaltóirí. Ba cheart úsáid cumarsáide leictreonaí chun críoch margaíochta dírí a bheith indéanta le toiliú roimh ré ó thomhaltóirí, rud ba cheart a léirmhíniú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú ina ndlíthe náisiúnta glaonna margaíochta dírí a oibrítear le hidirghabháil dhaonna mura roghnaigh an tomhaltóir gan na glaonna sin a fháil. Ba cheart rialacha mionsonraithe na rogha gan bheith páirteach a chinneadh leis an dlí náisiúnta ar choinníoll nach mbaineann costais don tomhaltóir don tomhaltóir leis an rogha sin.

(83)Is iomchuí ról a thabhairt do chóid iompair, cóid a chuireann ar a gcumas do thrádálaithe prionsabail an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach i réimsí eacnamaíocha sonracha. I gcás earnálacha ina bhfuil rialacha éigeantacha sonracha lena rialaítear iompraíocht trádálaithe, is iomchuí go soláthraítear leis na rialacha sin freisin fianaise maidir le ceanglais i ndáil le dícheall gairmiúil san earnáil sin. Mar gheall ar an smacht a fheidhmíonn úinéirí cóid ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais chun deireadh a chur le cleachtais tráchtála éagóracha d’fhéadfadh sé nár ghá dul i muinín bearta riaracháin nó breithiúnacha agus ba cheart é a chothú dá bhrí sin. Chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach, d'fhéadfaí eagraíochtaí tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi dhréachtú cód iompair, agus d’fhéadfaidís a bheith páirteach sa dréachtú sin.

(84)Maidir le daoine nó eagraíochtaí a meastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu san ábhar, ba cheart leigheas dlí a bheith acu chun imeachtaí a thionscnamh in aghaidh cleachtais tráchtála mhíthreoracha, os comhair cúirte nó os comhair údarás riaracháin atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh i dtaobh gearán nó atá inniúil ar imeachtaí iomchuí dlí a thionscnamh. Ba cheart a chuimsiú sna himeachtaí sin na himeachtaí faoi Threoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 . Cé gur faoin dlí náisiúnta atá sé an dualgas cruthúnais a chinneadh, is iomchuí é a chur ar a gcumas do chúirteanna agus údaráis riaracháin ceangal a chur ar thrádálaithe fianaise a thabhairt maidir le cruinneas na bhfíricí atá maíte acu.

(85)Is minic a bhíonn neamhshiméadrachtaí faisnéise i gcaidreamh idir gnólachtaí le tomhaltóirí, agus is féidir leis an trádálaí amháin an fhianaise is gá a shealbhú. Is amhlaidh atá go háirithe sa timpeallacht ar líne, mar gheall ar an gcastacht ard theicniúil a bhaineann le cleachtais tráchtála, ar cleachtais iad atá ag éirí níos sonraíbhunaithe agus níos pearsantaithe. Chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, is iomchuí é a chur ar a gcumas do chúirteanna agus údaráis inniúla a cheangal ar thrádálaithe fianaise ábhartha a thabhairt ar aird, arna iarraidh sin d’éilitheoir a chuir fíorais agus fianaise i láthair atá leordhóthanach chun tacú leis an dóchúlacht go mbeidh cleachtas tráchtála éagórach ann, nó i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ar an údarás riaracháin go ndearnadh sárú, ar fianaise í a bhaineann le dearadh, oibriú agus tionchar an chleachtais tráchtála ábhartha ar iompraíocht tomhaltóirí. Ba cheart fianaise den sórt sin a chur i láthair ar bhealach inrochtana agus intuigthe. Ba cheart do chúirteanna agus d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil nochtadh fianaise teoranta don mhéid is gá agus is comhréireach. Ní mór faisnéis rúnda, amhail rúin trádála, a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe Treoir (AE) 2016/943.

(86)Ba cheart leigheasanna a bheith ar fáil do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun deireadh a chur le hiarmhairtí uile na gcleachtas éagórach sin. D’fhágfadh creat soiléir le haghaidh leigheasanna aonair go mbeadh forfheidhmiú príobháideach níos éasca. Ba cheart rochtain a bheith ag tomhaltóirí ar chúiteamh i leith damáistí agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú ar an bpraghas nó foirceannadh ar an gconradh, ar bhealach comhréireach agus éifeachtach. Beidh na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí gan dochar do leigheasanna eile atá ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear an ceart chun cúitimh faoi Threoir (AE) 2024/2853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 . Níor cheart aon chosc a chur ar na Ballstáit cearta chun leigheasanna eile a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach amhail deisiú nó athsholáthar do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun a áirithiú go gcuirfear deireadh iomlán le hiarmhairtí na gcleachtas sin. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit coinníollacha le haghaidh chur i bhfeidhm agus iarmhairtí leigheasanna do thomhaltóirí a chinneadh. Tráth a chuirtear na leigheasanna i bhfeidhm, d’fhéadfaí tromchúis agus nádúr an chleachtais tráchtála éagóraigh, na damáistí a bhain don tomhaltóir agus imthosca ábhartha eile, amhail mí-iompar an trádálaí nó sárú an chonartha, a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

(87)Chun a áirithiú go mbeidh an forfheidhmiú ina dhíspreagadh, ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhforfheidhmeofar iad. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Thairis sin, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún fíneálacha a fhorchur i leith sáruithe ar an Rialachán seo de bhun Rialachán (AE) [AN Rialachán nua CCT], ós rud é go rannchuideodh sé sin le díspreagadh freisin i gcásanna sáruithe ar mhórscála a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do thomhaltóirí.

(88)Áirithítear leis an Rialachán seo an t-ardleibhéal céanna cosanta tomhaltóirí gan beann ar mhéid an trádálaí, ós rud é go mbíonn tomhaltóirí neamhchosanta ar chleachtais éagóracha, bíodh sé go mbaineann siad le gnóthas mór, micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide. An tráth céanna, chun a áirithiú go bhfuil forfheidhmiú an Rialacháin seo éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus nach bhforchuireann sé ualach nach bhfuil gá leis ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún 50 , ba cheart d’údaráis inniúla agus do chúirteanna méid agus acmhainneacht eacnamaíoch an trádálaí a chur san áireamh agus cineál agus méid na bpionós nó an mhéid cúitimh á gcinneadh acu. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na cúirteanna aird chuí a thabhairt ar mhéid, láimhdeachas agus acmhainní airgeadais an trádálaí, gan dochar don leibhéal cosanta a thugtar do thomhaltóirí.

(89)Ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit na cineálacha pionóis a bheidh le forchur a roghnú agus na nósanna imeachta ábhartha chun na pionóis sin a fhorchur a leagan síos ina ndlí náisiúnta.

(90)Chun cur i bhfeidhm pionós ar bhealach níos comhsheasmhaí a éascú, go háirithe pionóis i gcás sáruithe laistigh den Aontas, sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 /Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT], is gá critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha agus tháscacha a leagan síos maidir le pionóis a chur i bhfeidhm. Ba cheart a áireamh leis na critéir sin nádúr, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe, agus aon sásamh a thug an trádálaí do thomhaltóirí i leith na díobhála a rinneadh. Sárú leantach ag an aon déantóir amháin, is fianaise é ar an gclaonadh atá ag an déantóir sáruithe den sórt sin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, is léiriú nach beag é ar thromchúis an iompair agus, dá réir sin, ar an ngá leibhéal an phionóis a mhéadú ar mhaithe le díspreagadh éifeachtach a bhaint amach. Ba cheart na sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó na caillteanais a seachnaíodh, de bharr an tsáraithe a chur san áireamh, má tá na sonraí ábhartha ar fáil. Chomh maith leis sin, féadfar tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile a bhaineann le himthosca an cháis a chur san áireamh.

(91)D’fhéadfadh sé nach mbainfeadh na critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha agus táscacha sin le haghaidh pionóis a chur i bhfeidhm le hábhar le linn pionóis a chinneadh i leith gach sáraithe, go háirithe i leith sáruithe neamh-thromchúiseacha. Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt freisin ar na prionsabail ghinearálta eile dlí is infheidhme i leith pionóis a fhorchur, amhail prionsabal non bis in idem.

(92)I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394/Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT], tá údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe, laistigh dá ndlínse, leis na bearta forfheidhmiúcháin uile is gá a dhéanamh i gcoinne an trádálaí is cúis leis an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais chun go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmiscfí é. I gcás arb iomchuí, tá siad le pionóis a fhorchur, amhail fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ar an trádálaí is cúis leis an sárú forleathan nó leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais. Tá bearta forfheidhmiúcháin le déanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe chun go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmiscfí é. Tá na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe chun féachaint le bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh go comhuaineach sna Ballstáit a bhfuil baint ag an sárú sin leo.

(93)Chun a áirithiú gur féidir le húdaráis na mBallstát pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais atá faoi réir bearta comhordaithe imscrúdaithe agus forfheidhmithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2394/Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT], ba cheart fíneálacha a thabhairt isteach mar eilimint de na pionóis i leith sáruithe den sórt sin. Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht díspreagthach ag na fíneálacha, ba cheart do na Ballstáit an fhíneáil uasta i leith sáruithe den sórt sin a shocrú ina ndlí náisiúnta ar leibhéal atá cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. I gcásanna áirithe, is féidir grúpa cuideachtaí a bheith i gceist le trádálaí. Maidir le sáruithe ar an Rialachán seo arna n-imscrúdú ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT], ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún fíneálacha nach mó ná 6 % de láimhdeachas bliantúil domhanda an trádálaí a fhorchur.

(94)Mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2394/ Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT], nuair a bhíonn pionóis á bhforchur, ba cheart aird chuí a thabhairt, de réir mar is iomchuí, ar nádúr, tromchúis agus fad an tsáraithe atá i gceist. Ar deireadh, ba cheart na pionóis a fhorchuirtear a bheith iomchuí do nádúr agus do dhíobháil iarbhír nó ionchasach fhoriomlán an tsáraithe i leith dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí. Ba cheart an chumhacht chun pionóis a fhorchur a bheith á feidhmiú go díreach ag údaráis inniúla faoina n‐údarás féin, nó, i gcás inarb iomchuí, trí dhul ar iontaoibh údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile, nó trí threoir a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, más infheidhme, nó trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú, lena n‐áirítear, más iomchuí, trí achomharc a dhéanamh, mura n‐éiríonn leis an iarratas ar an gcinneadh is gá a dheonú.

(95)Más rud é, mar thoradh ar an ngníomhaíocht chomhordaithe faoi Rialachán (AE) 2017/2394/Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT], go bhforchuirfidh údarás inniúil aonair de réir bhrí an Rialacháin sin fíneáil ar an trádálaí is cúis leis an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, ba cheart don údarás sin a bheith in ann fíneáil a fhorchur atá cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an ghníomhaíocht forfheidhmithe chomhordaithe.

(96)Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit fíneálacha uasta níos airde atá bunaithe ar láimhdeachas a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit freisin fíneálacha den sórt sin a bhunú ar láimhdeachas domhanda an trádálaí, nó rialacha maidir le fíneálacha a shíneadh chun go gcuimseofaí leo sáruithe eile nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo agus a bhaineann le bearta forfheidhmiúcháin i ngníomhaíochtaí comhordaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394/ Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT]. An ceanglas atá ann an fhíneáil a shocrú ar leibhéal nach lú ná 4 % de láimhdeachas bliantúil an trádálaí, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le haon riail Ballstát breise maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, amhail fíneálacha laethúla, neamhchomhlíonadh aon chinnidh, aon ordaithe, aon bhirt eatramhaigh, aon ghealltanais ón trádálaí nó aon bhirt eile a bhfuil sé mar aidhm leo deireadh a chur leis an sárú.

(97)Le linn dóibh an t‐ioncam ó fhíneálacha a leithdháileadh, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chosaint leasa ghinearálta tomhaltóirí a fheabhsú chomh maith le leasanna poiblí cosanta eile.

(98)Bíonn trádálaithe ar líne ag brath níos mó agus níos mó ar chomhpháirteanna bogearraí agus ar sheirbhísí a sholáthraíonn tríú páirtithe chun a dtáirgí digiteacha, a gcomhéadain ar líne, a gcórais algartamacha agus feidhmiúlachtaí agus próisis dhigiteacha eile a dhearadh. Is fíor sin go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide. I gcás ina bhfuil trádálaí faoi dhliteanas i leith sárú ar an Rialachán seo, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil cearta cúláraigh iomchuí acu i gcoinne daoine arb iad a ngníomhaíochtaí nó a neamhghníomhartha ba chúis leis an sárú nó ar rannchuidigh siad leis an sárú. Ba cheart na cearta sin a theorannú do chaidrimh tráchtála agus níor cheart, dá bhrí sin, go gcumhdófaí leo cásanna ina bhfuil an trádálaí faoi dhliteanas i leith sárú a d’eascair as úsáid bogearraí a soláthraíodh gan praghas faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte a bheith íoctha ag duine eile.

(99)Is féidir baint a bheith ag lipéid inbhuanaitheachta le go leor saintréithe de tháirge, próiseas nó gnó, agus tá sé ríthábhachtach a dtrédhearcacht agus a gcreidiúnacht a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin, nó nach bhfuil bunaithe ag údaráis phoiblí. Sula dtaispeánfar lipéad inbhuanaitheachta, ba cheart don trádálaí a áirithiú, de réir théarmaí na scéime deimhniúcháin, ar téarmaí iad atá ar fáil go poiblí, go gcomhlíonann sé coinníollacha íosta trédhearcachta agus creidiúnachta, lena n-áirítear go ndéantar faireachán oibiachtúil ar chomhlíonadh cheanglais na scéime. Ba cheart do thríú páirtí an faireachán sin a dhéanamh, tríú páirtí a n-áirithítear a inniúlacht agus a neamhspleáchas ó úinéir na scéime agus ón trádálaí araon ar bhonn caighdeáin agus nósanna imeachta idirnáisiúnta, ar chaighdeáin agus nósanna imeachta de chuid an Aontais nó ar chaighdeáin agus nósanna imeachta náisiúnta, mar shampla trína léiriú go bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh, amhail ISO 17065 ‘Measúnú comhréireachta - Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’ nó trí na sásraí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 . Is féidir fós lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint gan scéim deimhniúcháin i gcás ina mbunaíonn údarás poiblí lipéid den sórt sin, nó i gcás ina n-úsáidtear bealaí breise chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh i gcás bia i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 . Samplaí de lipéid inbhuanaitheachta a bhunaigh údaráis phoiblí is ea lógónna a bhronntar nuair a chomhlíontar ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 54 nó (CE) Uimh. 66/2010 55 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is féidir le roinnt marcanna deimhniúcháin, a shainmhínítear in Airteagal 27 de Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 , feidhmiú mar lipéid inbhuanaitheachta freisin má chuireann siad táirge, próiseas nó gnó chun cinn trí thagairt a dhéanamh, mar shampla, dá shaintréithe comhshaoil nó sóisialta nó don dá rud. Níor cheart don trádálaí a bheith in ann marcanna deimhniúcháin den sórt sin a thaispeáint ach amháin má tá siad bunaithe ag údaráis phoiblí nó má tá siad bunaithe ar scéim deimhniúcháin. Leis an riail sin, comhlánaítear Iarscríbhinn I, pointe (4), a ghabhann leis an Rialachán seo, lena gcuirtear toirmeasc ar mhaíomh a dhéanamh go bhfuil trádálaí, cleachtais tráchtála trádálaí nó táirge formheasta, formhuinithe nó údaraithe ag comhlacht poiblí nó príobháideach i gcás nach amhlaidh an cás, nó maíomh den sórt sin a dhéanamh gan téarmaí an fhormheasa, an fhormhuinithe ná an údaraithe a chomhlíonadh. Caighdeáin dheonacha mhargadhbhunaithe agus caighdeáin dheonacha phoiblí le haghaidh bannaí glasa agus inbhuanaithe, níl siad dírithe go príomha ar infheisteoirí miondíola agus tá siad faoi réir dlíthe sonracha. Ar na cúiseanna sin, níor cheart a mheas gur lipéid inbhuanaitheachta iad na caighdeáin sin faoin Rialachán seo. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh údaráis phoiblí, a mhéid is féidir agus i gcomhréir le dlí an Aontais, bearta chun cinn chun rochtain ar lipéid inbhuanaitheachta a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

(100)I gcás ina bhfuil cumarsáid tráchtála ag baint le lipéad inbhuanaitheachta a thaispeáint lena gcuirtear in iúl nó lena dtugtar le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach ag táirge ar an gcomhshaol nó nach bhfuil aon tionchar aige ar an gcomhshaol, nó go ndéanann sé níos lú dochair don chomhshaol ná mar a dhéanann táirgí atá in iomaíocht leo, ba cheart a mheas freisin gur maíomh comhshaoil é an lipéad inbhuanaitheachta.

(101)Leis an Rialachán seo, ba cheart toirmeasc a chur ar mhaíomh comhshaoil cineálach a dhéanamh gan feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth atá ábhartha don mhaíomh. I measc samplaí de mhaímh chomhshaoil chineálacha tá ‘neamhdhíobhálach don chomhshaol’, ‘éiceabhách’, ‘glas’, ‘cara an dúlra’, ‘éiceolaíoch’, ‘ceart don chomhshaol’, ‘neamhdhíobhálach don aeráid’, ‘séimh ar an gcomhshaol’, ‘comhshaol ísealcharbóin’, ‘fuinneamhéifeachtúil’, ‘in-bhithdhíghrádaithe’, ‘bithbhunaithe’ nó ráitis chomhchosúla lena dtugtar le fios nó lena dtugtar le tuiscint go bhfuiltear ag tabhairt feidhmíocht chomhshaoil den scoth. Ba cheart toirmeasc a chur ar mhaímh chomhshaoil chineálacha den sórt sin nuair nach féidir feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth a léiriú. Nuair a chuirtear sonraíocht an mhaímh comhshaoil ar fáil i dtéarmaí soiléire agus feiceálacha ar an meán céanna, amhail an mhír fógraíochta chéanna, pacáistíocht an táirge nó comhéadan díolacháin ar líne, ní mheastar gur maíomh comhshaoil cineálach é an maíomh comhshaoil. Mar shampla, maíomh cineálach a bheadh sa mhaíomh ‘pacáistíocht atá neamhdhíobhálach don aeráid’, ach maíomh sonrach a bheadh sa mhaíomh ‘tagann 100 % den fhuinneamh a úsáidtear chun an phacáistíocht seo a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite’, rud nach dtiocfadh faoin toirmeasc sin, gan dochar d’fhorálacha eile an Rialacháin seo a bheadh fós infheidhme maidir leis na maímh shonracha sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh maíomh a dhéantar i bhfoirm scríofa nó ó bhéal i dteannta maímh intuigthe amhail dathanna nó íomhánna a bheith ina mhaíomh comhshaoil cineálach.

(102)Is féidir feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth a léiriú trí Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 a chomhlíonadh, trí scéimeanna éicilipéadaithe EN ISO 14024 atá aitheanta go hoifigiúil sna Ballstáit a chomhlíonadh, nó trí chomhfhreagairt don fheidhmíocht chomhshaoil is fearr i gcás saintréith chomhshaoil shonrach i gcomhréir le dlíthe infheidhme eile de chuid an Aontais, amhail aicme A i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 . Maidir leis an bhfeidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth atá i gceist, ba cheart í a bheith ábhartha maidir leis an maíomh ina iomláine. Mar shampla, d’fhéadfaí maíomh comhshaoil cineálach amhail ‘fuinneamhéifeachtúil’ a dhéanamh ar bhonn feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1369. Os a choinne sin, ní fhéadfaí maíomh comhshaoil cineálach amhail ‘in-bhithdhíghrádaithe’ a dhéanamh ar bhonn feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, a mhéid nach bhfuil aon cheanglas maidir le bith-dhíghrádaitheacht i gcritéir shonracha an Éicilipéid AE a bhaineann leis an táirge i gceist. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart do thrádálaí maíomh cineálach a dhéanamh amhail ‘comhfhiosach’, ‘inbhuanaithe’ nó ‘freagrach’ ar bhonn feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth go heisiach, toisc go mbaineann maímh den sórt sin le saintréithe eile sa bhreis ar na saintréithe comhshaoil, amhail saintréithe sóisialta.

(103)Leis an Rialachán seo, ba cheart toirmeasc a chur freisin ar mhaíomh comhshaoil a dhéanamh maidir leis an táirge ar fad nó gnó ar fad an trádálaí nuair nach mbaineann sé ach le gné áirithe den táirge nó le gníomhaíocht shonrach de ghnó an trádálaí. Bheadh feidhm ag an toirmeasc sin, mar shampla, nuair a dhéantar táirge a mhargú mar tháirge ‘déanta le hábhar athchúrsáilte’, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil an táirge comhdhéanta ina iomláine d’ábhar athchúrsáilte, nuair nach bhfuil ann ach an phacáistíocht atá comhdhéanta d’ábhar athchúrsáilte, nó nuair a thugann trádálaí le tuiscint nach n-úsáideann sé ach foinsí fuinnimh in-athnuaite ach gurb amhlaidh go n-úsáideann roinnt saoráidí gnó de chuid an trádálaí breoslaí iontaise go fóill. Dá réir sin, leis an toirmeasc, níor cheart cosc a chur ar thrádálaí maímh chomhshaoil a dhéanamh faoina ghnó ina iomláine, ar choinníoll go bhfuil na maímh sin cruinn agus infhíoraithe agus nach ndéanann siad áibhéil faoin tairbhe chomhshaoil, amhail mar a bheadh sa chás sa dara ceann de na samplaí sin dá dtuairisceodh an trádálaí sin laghdú ar úsáid breoslaí iontaise dá ghnó ina iomláine.

(104)Tá sé tábhachtach go háirithe toirmeasc a chur ar mhaímh a dhéanamh, bunaithe ar fhritháireamh astaíochtaí gás ceaptha teasa, go bhfuil tionchar neodrach, laghdaithe nó dearfach ag táirge, bíodh sé ina earra nó ina sheirbhís, ar an gcomhshaol ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de. Ba cheart toirmeasc a chur ar mhaímh den sórt sin i ngach cúinse toisc go gcuireann siad tomhaltóirí ar míthreoir sa chaoi go gcreidfidís go mbaineann maímh den sórt sin leis an táirge féin nó le soláthar agus táirgeadh an táirge sin, nó toisc go dtugann siad le tuiscint, go bréagach, do thomhaltóirí nach bhfuil aon tionchar ag tomhaltas an táirge sin ar an gcomhshaol. I measc samplaí de mhaímh den sórt sin tá ‘neodrach ó thaobh na haeráide de’, ‘deimhnithe neodrach ó thaobh CO2’, ‘carbóndearfach’, ‘glan-nialas aeráide’, ‘cúiteamh don aeráid’, ‘tionchar laghdaithe aeráide’ agus ‘lorg teoranta CO2’. Níor cheart maímh den sórt sin a cheadú ach amháin nuair atá siad bunaithe ar thionchar saolré iarbhír an táirge atá i gceist, agus nach bhfuil bunaithe ar fhritháireamh astaíochtaí gás ceaptha teasa lasmuigh de shlabhra luacha an táirge, ós rud é nach bhfuil an chéad cheann díobh sin coibhéiseach leis an dara ceann díobh sin. Le toirmeasc den sórt sin, níor cheart cosc a chur ar chuideachtaí fógraíocht a dhéanamh faoina n-infheistíochtaí i dtionscnaimh chomhshaoil, lena n-áirítear tionscadail creidmheasa carbóin, fad a sholáthraíonn siad faisnéis den sórt sin ar bhealach nach bhfuil míthreorach agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais.

(105)Is minic a úsáideann trádálaithe comparáidí praghsanna chun táirgí a chur chun cinn ina dtaispeántar laghdú céatadáin nó dearbhchoigilt airgeadúla agus ina gcuirtear líne tríd an bpraghas tagartha. Bíonn tionchar nach beag ag teicnící den sórt sin a thugann buntáiste sonrach praghais le fios ar chinntí idirbheartaíochta na ngnáth-thomhaltóirí. Chun trédhearcacht a áirithiú, níor cheart do thrádálaithe teicnící den sórt sin a úsáid ach amháin i gcomparáidí le praghas infhíoraithe an táirge chéanna arna ghearradh ag iomaitheoir sonrach, nó nuair a chuirtear praghas táirge athláimhe nó athchóirithe i gcomparáid le praghas an táirge nua chéanna. Os a choinne sin, níor cheart na teicnící sin a thugann buntáiste praghais sonrach le fios a úsáid i gcomparáidí atá bunaithe ar phraghsanna measta nó molta amháin, amhail praghas miondíola molta an mhonaróra. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag trádálaithe praghas tagartha measta nó molta a chur i láthair mar mhodh cur chun cinn, mar shampla i bhfeachtais fógraíochta chomhordaithe i líonraí miondíola, faoi réir cheanglais ghinearálta maidir le cothroime agus trédhearcacht a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart na rialacha maidir le comparáidí praghsanna sa Rialachán seo a bheith gan dochar do na ceanglais maidir le laghduithe praghsanna a leagtar síos i dTreoir 98/6/CE.

(106)Nuair a chuireann trádálaithe praghas i láthair tomhaltóirí nach n-áirítear muirir éigeantacha nó dhosheachanta leis, nithe nach gcuireann siad leis an bpraghas ach ag céim níos déanaí den phróiseas ceannaigh, cuireann siad teorainn le cumas tomhaltóirí tairiscintí a chur i gcomparáid le chéile agus cinntí idirbhirt eolacha a dhéanamh. Baineann cleachtais den sórt sin an bonn freisin d’éifeachtacht na gceanglas maidir le trédhearcacht praghsanna a bhunaítear faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2011/83/AE. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe praghas a chur ar fáil don tomhaltóir le haghaidh táirge gan gach táille, cáin, muirear nó íocaíocht eile intuartha a thabhóidh an tomhaltóir ar dhóigh dhosheachanta má cheannaíonn an tomhaltóir an táirge a chur san áireamh sa phraghas a chuirtear in iúl don tomhaltóir den chéad uair. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin aon uair nach féidir an táille nó an muirear a sheachaint agus nuair is eol a mhéid roimh ré, amhail táille riaracháin ar thicéad imeachta nó táille shocraithe seachadta. Níor cheart feidhm a bheith aige i gcás ina mbraitheann an muirear nó an táille ar pharaiméadair aonair an idirbhirt nach mbunaítear ach i gcéimeanna ina dhiaidh sin den phróiseas ordaithe, amhail costais seachadta a bhraitheann ar sheoladh an tomhaltóra, ar mhéid iomlán an ordaithe nó ar an modh seachadta a roghnaítear. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin gan beann ar na modhanna teicniúla nó ar an mbealach tráchtála trína gcuirtear an tairiscint i láthair.

(107)Cur i láthair ceanglas a fhorchuirtear leis an dlí ar na táirgí uile sa chatagóir táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear táirgí allmhairithe, mar ghné shainiúil de thairiscint an trádálaí, ba cheart an cur i láthair sin a thoirmeasc i ngach cúinse. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin, mar shampla, i gcás ina ndéanann trádálaí fógraíocht faoi tháirge ar leith mar tháirge nach bhfuil substaint cheimiceach shonrach ann nuair atá an tsubstaint sin toirmiscthe cheana de réir an dlí le haghaidh gach táirge atá sa chatagóir táirge sin san Aontas. Os a choinne sin, níor cheart a chumhdach leis an toirmeasc cleachtais tráchtála lena gcuirtear chun cinn comhlíonadh ceanglas dlí ag trádálaithe nó ag táirgí, ar ceanglais iad nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le táirgí áirithe ach nach bhfuil feidhm acu maidir le táirgí iomaíocha eile den chatagóir chéanna ar mhargadh an Aontais, amhail táirgí nach de thionscnamh an Aontais iad. D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh go gceanglaítear ar tháirgí áirithe ar an margadh ceanglais dlí áirithe a chomhlíonadh agus nach gceanglaítear ar tháirgí eile sa chatagóir chéanna táirgí na ceanglais sin a chomhlíonadh. Mar shampla, a mhéid a bhaineann le táirgí éisc a tháirgtear go hinbhuanaithe i gcomhréir le dlí an Aontais, cheadófaí saintréithe inbhuanaitheachta na dtáirgí sin a chomhlíonann ceanglais dlí an Aontais a chur chun cinn, mura gceanglaítear ar tháirgí éisc de thionscnamh tríú tír a thairgtear ar mhargadh an Aontais na ceanglais dlí sin de chuid an Aontais a chomhlíonadh.

(108)Ba cheart toirmeasc a chur ar chleachtais ina soláthraíonn trádálaí faisnéis do thomhaltóir i bhfoirm torthaí cuardaigh mar fhreagairt ar iarratas cuardaigh ar líne an tomhaltóra, gan aon fhógraíocht íoctha nó aon íocaíocht shonrach as rangú níos airde táirgí a bhaint amach laistigh de na torthaí cuardaigh a nochtadh go soiléir. Nuair atá soláthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne íoctha ag trádálaí go díreach nó go hindíreach as rangú níos airde táirge laistigh de na torthaí cuardaigh, ba cheart do sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina thaobh sin i bhfoirm atá beacht, inrochtana go héasca, agus intuigthe. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an íocaíocht indíreach go nglacfadh trádálaí le hoibleagáidí breise i leith sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne a bhfuil rangú níos airde mar thoradh sonrach uirthi. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san íocaíocht indíreach ná coimisiún méadaithe in aghaidh an idirbhirt chomh maith le scéimeanna cúitimh éagsúla a mbeadh rangú níos airde mar thoradh sonrach orthu. Íocaíochtaí ar sheirbhísí ginearálta, amhail táillí liostúcháin nó síntiúis bhallraíochta, a thugann aghaidh ar réimse leathan feidhmiúlachtaí arna dtairgeadh ag soláthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne don trádálaí, níor cheart iad a mheas a bheith ina n-íocaíocht go sonrach chun rangú níos airde táirgí a bhaint amach, ar choinníoll nach bhfuil na híocaíochtaí sin tiomnaithe do rangú níos airde a bhaint amach. Féadfaidh cineálacha éagsúla trádálaithe ar líne, lena n‐áirítear idirghabhálaithe, feidhmiúlacht chuardaigh ar líne a sholáthar amhail margaí ar líne, innill chuardaigh agus suíomhanna gréasáin comparáideacha.

(109)Ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe ticéid a athdhíol le tomhaltóirí le haghaidh imeachtaí cultúir agus spóirt, ar ticéid iad a fuair siad trí úsáid a bhaint as bogearraí amhail ‘botaí’ a ligeann dóibh líon ticéad a cheannach de bhreis ar na teorainneacha teicniúla arna bhforchur ag an bpríomhdhíoltóir ticéad nó a ligeann dóibh teacht timpeall ar aon mhodh teicniúil eile atá i bhfeidhm ag an bpríomhdhíoltóir chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an uile dhuine ar na ticéid. Ba cheart an toirmeasc sin a bheith gan dochar d’aon bheart náisiúnta eile is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint, chun beartas cultúrtha agus rochtain leathan ar imeachtaí cultúir agus spóirt do gach duine a dhaingniú, amhail rialáil a dhéanamh ar phraghas athdhíola na dticéad.

(110)Ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe tomhaltóirí a chur ar míthreoir trína rá gur chuir tomhaltóirí isteach léirmheasanna ar tháirgí a d’úsáid siad nó a cheannaigh siad i ndáiríre nuair nach ndearnadh aon bheart réasúnta ná comhréireach chun a áirithiú gur ó na tomhaltóirí sin a tháinig na léirmheasanna. D’fhéadfaí a áireamh i gcéimeanna den sórt sin modhanna teicniúla chun iontaofacht an duine a fhoilsíonn léirmheas a fhíorú, mar shampla trí fhaisnéis a iarraidh chun a fhíorú gur úsáid nó gur cheannaigh an tomhaltóir an táirge i ndáiríre.

(111)Ba cheart, freisin, toirmeasc a chur ar thrádálaithe bréagléirmheasanna agus bréagráitis tacaíochta tomhaltóra a chur isteach, mar shampla ‘is maith liom’ a fhágáil ar na meáin shóisialta, nó daoine eile a choimisiúnú chun an méid sin a dhéanamh chun táirgí a chur chun cinn, chomh maith le toirmeasc a chur ar léirmheasanna agus ráitis tacaíochta tomhaltóra a ionramháil, amhail gan ach léirmheasanna dearfacha a fhoilsiú agus na cinn dhiúltacha a scriosadh. D’fhéadfadh cleachtas den sórt sin tarlú freisin trí ráitis tacaíochta ar na meáin shóisialta a eachtarshuí, i gcás ina ndéantar idirghníomhaíocht dhearfach úsáideora le hábhar áirithe ar líne a nascadh le hábhar eile atá gaolmhar leis, nó a aistriú chuige, rud a thabharfadh le fios go bhfuil meon dearfach ag an úsáideoir sin i dtreo an ábhair ghaolmhair freisin.

(112)Chun feabhas a chur ar leas na dtomhaltóirí, leis an Rialachán seo ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar roinnt cleachtas a bhaineann le dífheidhmeacht luath, lena n-áirítear cleachtais dífheidhmeachta luaithe pleanáilte, a thuigtear mar bheartas tráchtála lena mbaineann táirge a phleanáil nó a dhearadh d’aon ghnó sa chaoi is go mbeadh saolré theoranta aige ionas go mbeidh sé dífheidhmithe roimh am nó go mbeidh sé neamhfheidhmiúil tar éis tréimhse áirithe ama nó tar éis déine úsáide réamhshocraithe. Is cúis díobhála do thomhaltóirí táirgí a cheannach a bhfuil coinne leis go mairfidís níos faide ná mar a mhaireann siad i ndáiríre. Thairis sin, bíonn tionchar diúltach foriomlán ag cleachtais dífheidhmeachta luaithe ar an gcomhshaol i bhfoirm níos mó dramhaíola agus úsáid mhéadaithe fuinnimh agus ábhar. Dá bhrí sin, má thugtar aghaidh ar fhaisnéis a bhaineann le cleachtais dífheidhmeachta luaithe, is dócha go laghdófar an méid dramhaíola, rud a rannchuideodh le tomhaltas níos inbhuanaithe a bhaint amach.

(113)Ba cheart é a bheith toirmiscthe freisin faisnéis a choinneáil siar ó thomhaltóirí go mbeidh tionchar diúltach ag nuashonrú bogearraí ar fheidhmiú earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar úsáid ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha. Go ginearálta, tá coinne leis go mbeadh faisnéis den sórt sin ag trádálaithe atá freagrach as nuashonruithe bogearraí a fhorbairt, agus i gcásanna eile is féidir le trádálaithe brath ar fhaisnéis iontaofa a sholáthraíonn, mar shampla, forbróirí bogearraí, soláthróirí nó údaráis náisiúnta inniúla. Mar shampla, agus cuireadh á thabhairt do thomhaltóirí an córas oibriúcháin ar a bhfón cliste a nuashonrú, níor cheart don trádálaí faisnéis a choinneáil siar ón tomhaltóir go mbeidh tionchar diúltach ag nuashonrú den sórt sin ar fheidhmiú aon cheann de ghnéithe an fhóin chliste, amhail an ceallra, feidhmíocht feidhmchlár áirithe nó go dtiocfaidh moilliú iomlán ar an bhfón cliste dá bharr sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin maidir le haon nuashonrú, lena n-áirítear nuashonruithe slándála agus feidhmiúlachta. Maidir le nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, is gá chun an t-earra, an t-ábhar digiteach agus an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréireacht, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 8 de Threoir (AE) 2019/770 agus ag Airteagal 7 de Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 freisin. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar d’Airteagal 19 de Threoir (AE) 2019/770.

(114)Tá gá le nuashonruithe bogearraí ar nuashonruithe slándála iad chun úsáid shlán a bhaint as an táirge cé nach bhfuil gá le nuashonruithe a bhaineann le gnéithe feidhmiúlachta a fheabhsú. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo ba cheart cur i láthair nuashonraithe bogearraí a thoirmeasc de réir mar is gá chun an táirge a choinneáil i gcomhréireacht i gcás nach bhfeabhsaíonn an nuashonrú sin ach gnéithe feidhmiúlachta.

(115)Is cleachtas tráchtála atá díobhálach do thomhaltóirí agus don chomhshaol é cumarsáid tráchtála le haghaidh earraí ina bhfuil gné a tugadh isteach chun a marthanacht a theorannú toisc go spreagann sí díol earraí den sórt sin as a dtagann costais níos airde do thomhaltóirí agus úsáid neamhriachtanach acmhainní, táirgeadh dramhaíola agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Dá bhrí sin, ba cheart cumarsáid tráchtála den sórt sin a thoirmeasc i gcás ina bhfuil faisnéis faoin ngné agus faoina hiarmhairtí ar mharthanacht an earra ar fáil don trádálaí. D’fhéadfaí a áireamh i measc samplaí de ghnéithe den sórt sin bogearraí a stopann nó a íosghrádaíonn feidhmiúlacht an earra tar éis tréimhse áirithe ama, nó píosa crua-earraí atá deartha sa chaoi go gclisfeadh sé tar éis tréimhse áirithe ama. Sampla eile a d’fhéadfadh a bheith ann freisin ná locht deartha nó monaraíochta a fhágann, cé nár tugadh isteach é mar ghné chun na críche sin, go gclisfeadh an t-earra roimh am, mura ndeisítear í a luaithe a bheidh an fhaisnéis faoin ngné sin a bheith ann agus faoi éifeacht na gné sin ar fáil don trádálaí. I gcomhthéacs an toirmisc sin, áirítear le cumarsáid tráchtála cumarsáid atá ceaptha chun na hearraí a chur chun cinn, go díreach nó go hindíreach. Ní cumarsáid tráchtála é monarú earraí agus iad a chur ar fáil ar an margadh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an toirmeasc sin trádálaithe a chumhdach den chuid is mó arb iad táirgeoirí na n-earraí iad freisin, toisc gurb iadsan a chinneann marthanacht na n-earraí. Dá bhrí sin, go ginearálta, nuair a shainaithnítear earra mar earra ina bhfuil gné chun an mharthanacht a theorannú, ba cheart coinne a bheith leis go mbeadh táirgeoir an earra sin ar an eolas faoin ngné sin agus faoina héifeacht ar mharthanacht an earra sin. Mar sin féin, leis an toirmeasc sin, ba cheart díriú ar thrádálaithe nach táirgeoirí na n-earraí iad, amhail na díoltóirí, i gcás ina mbíonn faisnéis iontaofa ar fáil dóibh faoin ngné agus faoina hiarmhairtí ar mharthanacht, amhail ráiteas ó údarás náisiúnta inniúil nó faisnéis arna soláthar ag an táirgeoir. Dá bhrí sin, a luaithe a bheidh faisnéis den sórt sin ar fáil don trádálaí, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc gan beann ar cibé acu atá an trádálaí ar an eolas i ndáiríre faoin bhfaisnéis sin nó nach bhfuil, mar shampla trí fhaillí a dhéanamh uirthi. Chun go measfaí cleachtas tráchtála den sórt sin a bheith éagórach, níor cheart gur gá a léiriú gurb é cuspóir na gné athsholáthar an earra atá i gceist a spreagadh, ach bheadh sé leordhóthanach a chruthú gur tugadh an ghné isteach chun marthanacht an earra a theorannú. Leis an toirmeasc sin, comhlánaítear na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí i gcás easpa comhréireachta faoi Threoir (AE) 2019/771 agus ní dhéanann an toirmeasc sin difear do na leigheasanna sin. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir úsáid gnéithe lena gcuirtear teorainn le marthanacht na n-earraí agus cleachtais mhonaraíochta ina n-úsáidtear ábhair nó próisis ar cháilíocht atá íseal go ginearálta agus a mbíonn marthanacht theoranta na n-earraí mar thoradh orthu. Maidir le heaspa comhréireachta earra mar thoradh ar ábhair nó próisis ar cháilíocht íseal a úsáid, ba cheart di leanúint de bheith faoi rialú na rialacha maidir le comhréireacht earraí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/771.

(116)Leis an Rialachán seo ba cheart toirmeasc a chur ar an gcleachtas lena n-éilítear go bréagach go bhfuil marthanacht áirithe ag earra i dtéarmaí ama úsáide nó déine faoi ghnáthchoinníollacha úsáide. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, dá gcuirfeadh trádálaí tomhaltóirí ar an eolas go bhfuil coinne leis go mairfeadh meaisín níocháin líon áirithe timthriallta níocháin, i gcomhréir leis an ngnáthúsáid ionchasach a léirítear sna treoracha, ach go léiríonn úsáid iarbhír an mheaisín níocháin faoi na coinníollacha forordaithe nach amhlaidh atá. Is iad na táirgeoirí a dhéanann maímh den sórt sin den chuid is mó, toisc gurb iadsan a chinneann marthanacht na n-earraí. Dá bhrí sin, go ginearálta, tá coinne leis go mbeadh trádálaithe ar táirgeoirí na n-earraí iad freisin ar an eolas faoi mhaímh bhréagacha maidir le marthanacht na n-earraí, ach ba cheart do thrádálaithe eile amhail díoltóirí brath ar fhaisnéis iontaofa atá ar fáil dóibh, mar shampla ar bhonn ráiteas ó údarás náisiúnta inniúil nó faisnéis arna soláthar ag an táirgeoir. Maidir le heaspa comhréireachta earra de thoradh fabhtanna ó am go chéile i monaraíocht earra, ba cheart di leanúint de bheith faoi rialú na rialacha maidir le comhréireacht earraí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/771.

(117)Cleachtas eile a bhaineann le dífheidhmeacht luath ba cheart a thoirmeasc is ea an tomhaltóir a spreagadh chun tomhaltáin táirge a athsholáthar nó a athshlánú níos luaithe ná mar ba ghá murach sin ar chúiseanna teicniúla. Le cleachtais den sórt sin, cuirtear an tomhaltóir ar míthreoir sa chaoi go gcreideann an tomhaltóir nach bhfeidhmeoidh na hearraí níos mó mura ndéantar a dtomhaltáin a athsholáthar, rud a fhágann go gceannaíonn an tomhaltóir níos mó tomhaltán ná mar is gá. Mar shampla, ba cheart toirmeasc a chur ar an gcleachtas faoina spreagtar don tomhaltóir, trí shocruithe an phrintéara, cartúis dúigh an phrintéara a athrú sula mbíonn siad folamh i ndáiríre chun ceannach cartús breise dúigh a spreagadh.

(118)Leis an Rialachán seo ba cheart toirmeasc a chur ar fhaisnéis a choinneáil siar ón tomhaltóir faoi lagú feidhmiúlachta earra agus úsáid á baint as tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh. Mar shampla, má tá printéir deartha sa chaoi go dteorannófaí a fheidhmiúlacht agus úsáid á baint as cartúis dúigh nach soláthraíonn táirgeoir bunaidh an phrintéara, níor cheart an fhaisnéis sin a chur i bhfolach ón tomhaltóir toisc go bhféadfadh cleachtas den sórt sin an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le cartús dúigh malartach a cheannach nach féidir a úsáid le haghaidh an phrintéara sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh sruthanna dramhaíola neamhriachtanacha nó costais bhreise ann don tomhaltóir. Ar an gcuma chéanna, má tá gaireas cliste deartha sa chaoi go dteorannófaí a fheidhmiúlacht agus úsáid á baint as luchtairí nó páirteanna spártha nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh, níor cheart an fhaisnéis sin a chur i bhfolach ón tomhaltóir tráth an cheannaigh. Ba cheart toirmeasc a chur freisin ar an tomhaltóir a chur ar míthreoir sa chaoi go gcreidfeadh an tomhaltóir go gcuirfidh úsáid tomhaltán, páirteanna spártha nó gabhálas nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh isteach ar fheidhmiúlacht earra nuair nach amhlaidh an cás. Go ginearálta, tá coinne leis go mbeadh an fhaisnéis sin ag trádálaithe ar táirgeoirí na n-earraí iad freisin, ach ba cheart do thrádálaithe eile amhail díoltóirí brath ar fhaisnéis iontaofa atá ar fáil dóibh, mar shampla ar bhonn ráiteas ó údarás náisiúnta inniúil nó faisnéis arna soláthar ag an táirgeoir.

(119)Is féidir le ráitis chruinne gan débhrí maidir le hinfhaighteacht táirge nó an t-éileamh atá ar tháirge cabhrú le tomhaltóirí cinntí eolacha a dhéanamh. Mar sin féin, is gnách le tomhaltóirí luach níos mó a shannadh do tháirgí a mheastar a bheith teoranta, deacair a fháil nó inmhianaithe ag tomhaltóirí eile. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe maímh bhréagacha a dhéanamh maidir le hinfhaighteacht táirge nó an t-éileamh ar tháirge. Ba cheart ráitis faoi ghníomhaíocht tomhaltóirí eile áireamh ar mhaímh den sórt sin, amhail an líon tomhaltóirí a cheannaigh táirge. Ar an gcuma chéanna, ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe ráitis a dhéanamh maidir le hinfhaighteacht táirge nó an t-éileamh atá air nach nochtann cáilíochtaí ábhartha go soiléir agus gan débhrí maidir le hinfhaighteacht nó éileamh ar an táirge sin. Mar shampla, i gcás inar féidir táirge arna thairiscint ag trádálaí a cheannach in áit eile, ba cheart don trádálaí a nochtadh nach mbaineann aon mhaíomh a dhéanann sé maidir le hinfhaighteacht an táirge ach le soláthar an trádálaí féin.

(120)Teicnící a bhraitheann ar roghanna réamhshocraithe a gceanglaítear ar an tomhaltóir iad a dhiúltú, amhail boscaí ar cuireadh tic iontu roimh ré, agus modhanna eile chun a thuiscint go dtoilíonn tomhaltóirí le híocaíocht a dhéanamh as táirgí breise, cainníocht éagsúil táirge nó táirge difriúil, baineann siad leas as claonadh láidir iompraíochta na dtomhaltóirí glacadh le roghanna réamhshocraithe. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar theicnící den sórt sin. Tá an toirmeasc sin ina chomhlánú ar Airteagal 22 de Threoir 2011/83/AE. Ba cheart go gcumhdófaí leis an toirmeasc sin cleachtais a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thoiliú na dtomhaltóirí táirgí breise, cainníocht éagsúil táirgí nó táirgí éagsúla a fháil, agus níor cheart go gcuimseodh sé toiliú na dtomhaltóirí an íocaíocht fholuiteach a fhorghníomhú.

(121)Níl aon chuspóir dlisteanach ag fógraí bréagacha nó bréige agus tá siad meabhlach ó nádúr. Áirítear leis sin foláirimh, teachtaireachtaí, suaitheantais, míreanna aníos nó comharthaí eile a thugann le fios go bréagach go ndeachaigh tomhaltóir eile, an trádálaí nó tríú páirtí i dteagmháil leis an tomhaltóir, nó go ndearna siad gníomhaíocht a bhaineann leis an tomhaltóir, nó a thugann le fios go bréagach gur gá aird an tomhaltóra a tharraingt ar ábhar. Dá bhrí sin, ba cheart fógraí den sórt sin a thoirmeasc sna cúinsí uile.

(122)Is féidir leis na cineálacha patrún dorcha a úsáideann trádálaithe sa timpeallacht dhigiteach athrú go tapa agus go substaintiúil. Chun a áirithiú gur féidir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a choinneáil ar bun sa chás ina n-úsáideann trádálaithe patrúin dhorcha ar chomhéadain ar líne nach gcumhdaítear go sainráite le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an liosta de phatrúin dhorcha a bhfuil toirmeasc orthu faoi na cúinsí uile i gCuid III d’Iarscríbhinn I a leasú. I bhfianaise cineál athraitheach táirgí agus gnéithe digiteacha atá beartaithe nó ar féidir a thuar go réasúnta go spreagfaidh siad úsáid éigníoch nó iomarcach na seirbhíse ag tomhaltóirí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar liosta na ngnéithe atá beartaithe nó ar féidir a thuar go réasúnta go spreagfaidh siad úsáid éigníoch nó iomarcach na seirbhíse, ar gnéithe iad ar cheart do thrádálaithe a chur ar a gcumas do thomhaltóirí iad a dhíchumasú. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh faoin Rialachán seo, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 59 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(123)Ba cheart Treoir 2005/29/CE a aisghairm.

(124)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun ardleibhéal comhchoiteann cosanta tomhaltóirí a bhaint amach.

(125)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 agus thug sé tuairim uaidh an [dáta].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Is é is cuspóir don Rialachán seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach, trí rialacha maidir le cothroime le haghaidh cleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir a leagan síos chun cosc a chur ar dhíobháil do leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir roimh idirbheart tráchtála maidir le táirge, lena linn agus ina dhiaidh.

2.Tá an Rialachán seo gan dochar do dhlí na gconarthaí agus, go háirithe, do na rialacha maidir le bailíocht, foirmiú nó éifeacht conartha.

3.Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta maidir le gnéithe sláinte agus sábháilteachta de tháirgí.

4.Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint maidir le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais a d’eagródh trádálaí arb é is aidhm dóibh nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.

5.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon fhoráil náisiúnta a ghlacfar ar bhonn mhír 4 agus faoi aon athrú ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach atá inrochtana do héasca do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

6.Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha lena gcinntear dlínse na gcúirteanna.

7.Tá an Rialachán seo gan dochar d’aon choinníoll maidir le bunaíocht nó córais údaraithe, nó do chóid iompair dualeolaíocha nó rialacha sonracha eile lena rialaítear gairmeacha rialaithe ionas go gcloífidh an gairmí le hardchaighdeáin ionracais, coinníollacha a fhéadfaidh Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, a fhorchur ar ghairmithe.

8.Maidir le ‘seirbhísí airgeadais’, mar a shainmhínítear i dTreoir 2011/83/AE, agus maoin dhochorraithe, féadfaidh na Ballstáit ceanglais a fhorchur a bheidh níos sriantaí nó forordaithí ná na ceanglais a fhorchuirtear leis an Rialachán seo, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 3 

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(2)ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí;

(3)ciallaíonn ‘cleachtas tráchtála’ aon bheart, neamhghníomh, iompraíocht nó léiriú, cumarsáid tráchtála lena n-áirítear fógraíocht agus margaíocht, a dhéanann trádálaí, ag a bhfuil ceangal díreach le cur chun cinn, díol nó soláthar táirge do thomhaltóirí;

(4)ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ;

(5)ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí;

(6)ciallaíonn ‘cinneadh idirbhirt’ aon chinneadh a dhéanann tomhaltóir maidir le táirge a cheannach, íocaíocht a dhéanamh as, go hiomlán nó go páirteach, é a choinneáil, a dhiúscairt nó leanúint dá úsáid, nó maidir le ceart conarthach a fheidhmiú i ndáil leis an táirge, agus conas an méid sin a dhéanamh agus cé na téarmaí faoina ndéanfaidh sé an méid sin, cibé acu a chinnfidh an tomhaltóir gníomhú nó gan gníomhú;

(7)ciallaíonn ‘chun saobhadh ábhartha a dhéanamh ar iompraíocht eacnamaíoch tomhaltóirí’ úsáid a bhaint as cleachtas tráchtála chun dochar ábhartha a dhéanamh do chumas tomhaltóra cinneadh eolach a dhéanamh, rud a fhágann go ndéanfadh an tomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin;

(8)ciallaíonn ‘cuireadh chun ceannaigh’ cumarsáid tráchtála a léiríonn saintréithe an táirge agus an praghas ar bhealach atá iomchuí don mhodh cumarsáide tráchtála atá á úsáid agus a chuireann, ar an dóigh sin, ar a chumas don tomhaltóir ceannachán a dhéanamh;

(9)ciallaíonn ‘dícheall gairmiúil’ an caighdeán scile speisialta agus cúraim a bhféadfadh coinne a bheith leis le réasún go bhfeidhmeoidh trádálaí é i leith tomhaltóirí, i gcomhréir le cleachtas margaidh macánta nó prionsabal ginearálta an mheoin mhacánta i réimse gníomhaíochta an trádálaí;

(10)ciallaíonn ‘tionchar míchuí’ leas a bhaint as staid chumhachta i ndáil leis an tomhaltóir chun brú a chur air, gan lámh láidir a úsáid ná a bhagairt fiú, ar bhealach a chuireann teorainn shuntasach le cumas an tomhaltóra cinneadh eolach a dhéanamh;

(11)ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, lena n-áirítear feidhmchlár móibíleach, a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar a cheann, agus a fhónann chun rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar tháirgí;

(12)ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar a cheann lenar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile;

(13)ciallaíonn ‘triail saor in aisce’ cleachtas tráchtála ina dtairgtear táirge don tomhaltóir le linn tréimhse shocraithe ama gan an oibleagáid íocaíocht a dhéanamh trí idirbheart íocaíochta i gcistí de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) 2027/(..);

(14)ciallaíonn ‘rangú’ an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do tháirgí, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú nó arna gcur in iúl ag an trádálaí, gan beann ar na modhanna teicneolaíochta a úsáidtear don chur i láthair, don eagrúchán nó don chur in iúl sin;

(15)ciallaíonn ‘margaíocht tionchairí’ cleachtas tráchtála ina n-úsáideann trádálaithe an t-éileamh atá orthu i measc a lucht féachana chun táirgí a chur chun cinn go díreach nó go hindíreach mar mhalairt ar íocaíocht;

(16)ciallaíonn ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois;

(17)ciallaíonn ‘airgeadraí fíorúla ar íocaíocht’ airgeadraí fíorúla a fhaightear trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó, i gcás inarb infheidhme, mar mhalairt ar airgeadra fíorúil eile ar íocaíocht;

(18)ciallaíonn ‘córais luaíochtaí athraitheacha ar íocaíocht’ ítimí fíorúla, cé is moite de tháirgí airgeadais, lena dtairgtear luaíochtaí randamacha nó corrlach athraitheach a fhaightear trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó mar mhalairt ar airgeadraí fíorúla ar íocaíocht;

(19)ciallaíonn ‘meicníochtaí ‘íoc chun dul chun cinn’ agus meicníochtaí ‘íoc chun buachan’ ceannacháin ionchluiche nó ionaipe atá riachtanach nó a chuirtear i láthair mar nithe riachtanacha le haghaidh dul chun cinn nó rath ionchluiche nó ionaipe, a fhaightear trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó mar mhalairt ar airgeadraí fíorúla ar íocaíocht;

(20)ciallaíonn ‘scuaine fhíorúil’ gné dhigiteach trína gcuirtear tomhaltóirí i gcóras feithimh seicheamhaithe roimh rochtain a fháil ar an gcomhéadan ordaithe, ar lena linn a d’fhéadfadh na trádálaithe an praghas a athrú;

(21)ciallaíonn ‘córas uathoibrithe’ bogearraí atá in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh agus cinntí a dhéanamh a mbíonn iarmhairtí dlíthiúla acu dá úsáideoir, lena n-áirítear conarthaí a thabhairt i gcrích, gan gá le hidirghabháil dhaonna;

(22)ciallaíonn ‘scéim deimhniúcháin’ scéim fíorúcháin tríú páirtí lena ndeimhnítear go gcomhlíonann táirge, próiseas nó gnólacht ceanglais áirithe agus lena gceadaítear lipéad inbhuanaitheachta comhfhreagrach a úsáid, a bhfuil a théarmaí, lena n-áirítear a cheanglais, ar fáil go poiblí agus a gcomhlíonann a théarmaí, lena n-áirítear a cheanglais, na critéir seo a leanas:

(a)tá an scéim oscailte faoi théarmaí trédhearcacha, cothroma, agus neamh-idirdhealaitheacha do gach trádálaí atá toilteanach agus ábalta ceanglais na scéime a chomhlíonadh;

(b)is é úinéir na scéime a fhorbraíonn ceanglais na scéime i gcomhairle le saineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha;

(c)leagtar amach sa scéim nósanna imeachta chun déileáil le neamhchomhlíonadh cheanglais na scéime agus déantar foráil léi maidir leis an úsáid a bhaineann an trádálaí as an lipéad inbhuanaitheachta a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcás neamhchomhlíonadh cheanglais na scéime; agus

(d)tá an faireachán a dhéantar ar chomhlíonadh cheanglais na scéime ag an trádálaí faoi réir nós imeachta oibiachtúil agus déanann tríú páirtí é a bhfuil a inniúlacht agus a neamhspleáchas ó úinéir na scéime agus ón trádálaí araon bunaithe ar chaighdeáin agus nósanna imeachta idirnáisiúnta, ar chaighdeáin agus nósanna imeachta de chuid an Aontais nó ar chaighdeáin agus nósanna imeachta náisiúnta;

(23)ciallaíonn ‘tomhaltán’ aon chomhpháirt d’earra a úsáidtear arís agus arís eile agus is gá a athsholáthar nó a athshlánú chun go bhfeidhmeoidh an t-earra mar a bhí beartaithe;

(24)ciallaíonn ‘marthanacht’ marthanacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/771;

(25)ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil’ aon teachtaireacht nó léiriú nach bhfuil éigeantach faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta, i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear léiriú téacs, pictiúrtha, grafach nó siombalach, amhail lipéid, ainmneacha branda, ainmneacha cuideachta nó ainmneacha táirgí, i gcomhthéacs cumarsáid tráchtála, agus ina luaitear nó ina dtugtar le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach nó tionchar nialasach ag táirge, catagóir táirge, branda nó trádálaí ar an gcomhshaol nó gur lú dochair a dhéanann sé nó sí don chomhshaol ná mar a dhéanann táirgí, catagóirí táirgí, brandaí nó trádálaithe eile, nó gur chuir sé nó sí feabhas ar an tionchar atá aige nó aici le himeacht ama;

(26)ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil cineálach’ aon mhaíomh comhshaoil a dhéantar i bhfoirm scríofa nó ó bhéal, lena n-áirítear trí mheáin chlosamhairc, nach n-áirítear ar lipéad inbhuanaitheachta agus i gcás nach gcuirtear sonraíocht an mhaímh ar fáil i dtéarmaí soiléire feiceálacha ar an meán céanna;

(27)ciallaíonn ‘feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth’ feidhmíocht chomhshaoil a chomhlíonann Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 nó a chomhlíonann scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha éicilipéadaithe chineál I EN ISO 14024 arna n-aithint go hoifigiúil sna Ballstáit, nó a chomhlíonann an fheidhmíocht chomhshaoil is fearr i gcomhréir le dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais;

(28)ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir (AE) 2019/771;

(29)ciallaíonn ‘nuashonrú bogearraí’ nuashonrú is gá chun earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréireacht i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2019/771, lena n-áirítear nuashonrú slándála, nó nuashonrú feidhmiúlachta;

(30)ciallaíonn ‘lipéad inbhuanaitheachta’ aon mharc iontaoibhe deonach, aon mharc cáilíochta nó a choibhéis, bíodh sé poiblí nó príobháideach, a bhfuil sé d’aidhm aige idirdhealú a dhéanamh idir táirge, próiseas nó gnó agus cinn eile agus táirge, próiseas nó gnó a chur chun cinn trí thagairt a dhéanamh dá shaintréithe comhshaoil nó sóisialta, nó don dá rud, agus lena n-eisiatar aon lipéad éigeantach a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;

(31)ciallaíonn ‘gairm rialaithe’ gníomhaíocht ghairmiúil nó grúpa gníomhaíochtaí gairmiúla a bhfuil an rochtain uirthi nó orthu, a saothrú, nó ceann de na modhanna ina saothraítear í nó iad, coinníollach, go díreach nó go hindíreach, ar cháilíochtaí gairmiúla sonracha a bheith ag duine, de bhun dlíthe, rialachán nó forálacha riaracháin;

(32)ciallaíonn ‘cód iompair’ comhaontú nó sraith rialacha nach bhforchuirtear le dlí, rialachán nó foráil riaracháin de chuid Ballstáit ina sainítear iompar trádálaithe a ghabhfaidh orthu féin a bheith faoi cheangal an chóid i ndáil le cleachtas trádála nó earnáil ghnó amháin nó níos mó;

(33)ciallaíonn ‘úinéir cóid’ aon eintiteas, lena n-áirítear trádálaí nó grúpa trádálaithe, atá freagrach as cód iompair a fhoirmliú agus a athbhreithniú agus/nó as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an chóid acu siúd a ghabh orthu féin a bheith faoi cheangal aige;

(34)ciallaíonn ‘meán marthanach’ meán marthanach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de Threoir 2011/83/AE.

Airteagal 4

Gaolmhaireacht le reachtaíocht eile de chuid an Aontais

1.Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha de chleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir, go háirithe:

(a)Rialachán (AE) 2016/679;

(b)Rialachán (AE) 2022/1925;

(c)Rialachán (AE) 2022/2065;

(d)Rialachán (AE) 2024/1689;

(e)Treoir 2010/13/AE; agus

(f)Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne].

2.I gcás ina mbeidh coimhlint idir forálacha an Rialacháin seo agus rialacha eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe sonracha de chleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir, is ag na rialacha eile de chuid an Aontais a bheidh an forlámhas agus beidh feidhm acu maidir leis na gnéithe sonracha sin.

Caibidil II

CLEACHTAIS TRÁCHTÁLA ÉAGÓRACHA

Airteagal 5

Toirmeasc ar chleachtais tráchtála éagóracha

1.Cuirfear toirmeasc ar chleachtais tráchtála éagóracha.

2.Beidh cleachtas tráchtála éagórach sna cásanna seo a leanas:

(a)tá sé contrártha do cheanglais an díchill ghairmiúil;

agus

(b)déanann sé saobhadh ábhartha nó is dóchúil go ndéanfaidh sé saobhadh ábhartha, maidir leis an táirge, ar iompraíocht eacnamaíoch an ghnáth-thomhaltóra a shroicheann sé nó ar a bhfuil sé dírithe, nó ar iompraíocht eacnamaíoch an mheánbhaill den ghrúpa nuair atá cleachtas tráchtála dírithe ar ghrúpa áirithe tomhaltóirí.

3.Cleachtais tráchtála ar dócha go ndéanfaidh siad saobhadh ábhartha ar iompraíocht eacnamaíoch tomhaltóirí atá an-leochaileach go príomha, ar bhealach a bhféadfadh coinne réasúnta a bheith leis go dtuarfadh an trádálaí é, ar an gcleachtas nó ar an mbuntáirge mar gheall ar mhíchumas, aois, saontacht, nó aon mhí-ádh nó imthoisc shonrach atá chomh tromchúiseach sin go ndéanfaí dochar do bhreithiúnas an tomhaltóra, déanfar measúnú ar na cleachtais tráchtála sin ó pheirspictíocht an mheánbhaill den ghrúpa sin. Tá sé sin gan dochar don chleachtas fógraíochta coitianta agus dlisteanach mar atá ráitis áibhéalacha a dhéanamh nó ráitis a dhéanamh nach ceart a thuiscint go litriúil.

4.Go háirithe, beidh cleachtais tráchtála éagórach sna cásanna seo a leanas:

(a)má bhíonn siad míthreorach mar a leagtar amach in Airteagail 6 agus 7,

(b)má bhíonn siad ionsaitheach mar a leagtar amach in Airteagail 8 agus 9, nó

(c)má sháraíonn siad aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III.

5.In Iarscríbhinn I tá liosta de chleachtais tráchtála a mheastar a bheith éagórach sna cúinsí uile.

Airteagal 6

Bearta míthreoracha

1.Measfar go bhfuil cleachtas tráchtála míthreorach má tá faisnéis bhréagach ann agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé neamhfhírinneach nó go gcuireann sé nó gur dóchúil go gcuirfidh sé dallamullóg ar an ngnáth-thomhaltóir ar bhealach ar bith, lena n-áirítear an cur i láthair iomlán, fiú má tá an fhaisnéis ceart go fíorasach, i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas, agus i gceachtar de na cásanna sin, go bhfágann sé, nó gur dóchúil go bhfágfadh sé, go ndéanfadh an gnáth-thomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin:

(a)an táirge a bheith ann nó cineál an táirge;

(b)príomh-shaintréithe an táirge, amhail a infhaighteacht, a thairbhí, na rioscaí a ghabhann leis, a chur i gcrích, a chomhdhéanamh, a shaintréithe comhshaoil nó sóisialta, a ghabhálais, a ghnéithe ciorclaíochta, amhail marthanacht, indeisitheacht nó in-athchúrsáilteacht, cúnamh iardhíola do chustaiméirí agus láimhseáil gearán, modh agus dáta an mhonaraithe nó an tsoláthair, an seachadadh, a oiriúnaí atá sé don fheidhm, a úsáid, a chainníocht, a shonraíocht, a thionscnamh geografach nó tráchtála nó na torthaí a mbeadh coinne leo óna úsáid, nó torthaí agus gnéithe ábhartha na dtástálacha nó na seiceálacha a dhéantar ar an táirge;

(c)méid ghealltanais an trádálaí, na cúiseanna leis an gcleachtas tráchtála agus cineál an phróisis díolacháin, aon ráiteas nó samhailchomhartha i ndáil le hurraíocht nó formheas díreach nó indíreach an trádálaí nó an táirge;

(d)an praghas nó an bealach a dhéantar an praghas a ríomh, nó buntáiste sonrach praghais a bheith ann;

(e)an gá le seirbhís, páirt, athsholáthar nó deisiú;

(f)cineál, tréithe agus cearta an trádálaí nó ghníomhaire an trádálaí, amhail céannacht agus sócmhainní, cáilíochtaí, stádas, formheas, baint nó ceangal an trádálaí nó an ghníomhaire agus a n-úinéireacht ar chearta maoine tionsclaíche, tráchtála nó intleachtúla nó dámhachtainí agus gradaim an trádálaí nó an ghníomhaire;

(g)cearta an tomhaltóra, lena n-áirítear an ceart chun athsholáthair nó chun aisíocaíochta faoi Threoir (AE) 2019/771, nó na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith roimh an tomhaltóir.

2.Measfar freisin go bhfuil cleachtas tráchtála míthreorach más rud é, ina chomhthéacs fíorasach, agus na gnéithe agus na cúinsí uile a ghabhann leis á gcur san áireamh, go bhfágann sé, nó gur dóchúil go bhfágfadh sé, go ndéanfadh an gnáth-thomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin, agus go bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas i gceist leis:

(a)aon mhargaíocht ar tháirge, lena n-áirítear fógraíocht chomparáideach, a mheascann an táirge le haon táirge, trádmharc, trádainm nó marc sainiúil eile de chuid iomaitheora;

(b)neamhchomhlíonadh na ngealltanas i gcóid iompair ag trádálaí, cóid ar ghabh an trádálaí air féin a bheith faoi cheangal acu, i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(I)nach mianaidhm an gealltanas ach gealltanas daingean is féidir a fhíorú;

(II)go gcuireann an trádálaí in iúl i gcleachtas trádála go bhfuil sé faoi cheangal an chóid;

(c)earra a mhargú, i mBallstát amháin, mar earra atá comhionann le hearra a mhargaítear i mBallstáit eile, cé go bhfuil comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin an-difriúil, mura rud é go bhfuil údar maith leis sin ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla;

(d)maíomh comhshaoil a dhéanamh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo gan gealltanais shoiléire, oibiachtúla, infhíoraithe atá ar fáil go poiblí agus a leagtar amach i bplean cur chun feidhme mionsonraithe réalaíoch lena n-áirítear spriocanna intomhaiste faoi cheangal ama agus eilimintí ábhartha eile is gá chun tacú lena chur chun feidhme, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainní, agus a fhíoraíonn saineolaí tríú páirtí neamhspleách go tráthrialta, a gcuirtear a thorthaí ar fáil do thomhaltóirí;

(e)fógraíocht a dhéanamh do thomhaltóirí faoi thairbhí nach mbaineann le hábhar agus nach eascraíonn as aon ghné den táirge ná den ghnó.

Airteagal 7

Neamhghníomhartha míthreoracha

1.Measfar go bhfuil cleachtas tráchtála míthreorach má fhágann sé ar lár, ina chomhthéacs fíorasach, agus na gnéithe agus na cúinsí uile a ghabhann leis agus teorainneacha an mhodha cumarsáide á gcur san áireamh, faisnéis ábhartha a theastaíonn ón ngnáth-thomhaltóir, de réir an chomhthéacs, chun cinneadh idirbhirt eolach a dhéanamh agus ar an dóigh sin go bhfágann sé, nó gur dóchúil go bhfágfadh sé, go ndéanfadh an gnáth-thomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin.

2.Measfar gur neamhghníomh míthreorach é cleachtas tráchtála freisin nuair a dhéanann trádálaí, agus na hábhair a dtugtar tuairisc orthu i mír 1 á gcur san áireamh, an fhaisnéis ábhartha sin dá dtagraítear sa mhír sin a cheilt nó a sholáthar ar bhealach doiléir, dothuigthe, débhríoch nó míthráthúil nó nuair nach sainaithníonn sé intinn tráchtála an chleachtais tráchtála murar léir cheana í ón gcomhthéacs, agus más rud é, i gceachtar de na cásanna sin, go bhfágann sé sin, nó gur dóchúil go bhfágfadh sé, go ndéanfadh an gnáth-thomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin.

3.I gcás ina bhfuil teorainneacha spáis nó ama ann mar gheall ar an meán a úsáidtear chun an cleachtas tráchtála a chur in iúl, cuirfear san áireamh na teorainneacha sin agus aon bheart atá déanta ag an trádálaí chun an fhaisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí ar mheáin eile agus cinneadh á dhéanamh ar fágadh faisnéis ar lár.

4.I gcás cuireadh chun ceannaigh, measfar gur faisnéis ábhartha í an fhaisnéis seo a leanas, murar léir cheana í ón gcomhthéacs:

(a)príomh-shaintréithe an táirge, a mhéid is iomchuí don mheán agus don táirge;

(b)seoladh geografach agus céannacht an trádálaí, lena n-áirítear trádainm an trádálaí agus, i gcás inarb infheidhme, seoladh geografach agus céannacht an trádálaí eile a bhfuil an trádálaí ag gníomhú thar a cheann;

(c)an praghas lena n-áirítear cánacha, nó i gcás nach féidir an praghas a ríomh go réasúnta roimh ré mar gheall ar nádúr an táirge, an bealach a dhéantar an praghas a ríomh, agus, i gcás inarb iomchuí, gach muirear breise lasta, seachadta nó poist nó, i gcás nach féidir na muirir sin a ríomh go réasúnta roimh ré, an fíoras go bhféadfadh sé go mbeadh na muirir bhreise sin le híoc;

(d)na socruithe maidir le híocaíocht, seachadadh agus feidhmíocht, i gcás ina n‐imíonn siad ó cheanglais an díchill ghairmiúil;

(e)i gcás táirgí agus idirbhearta lena mbaineann ceart chun tarraingt siar nó cealaithe, gur ann don cheart sin;

(f)i gcás táirgí a thairgtear ar mhargaí ar líne, cé acu is trádálaí nó nach trádálaí é an tríú páirtí atá ag tairiscint na dtáirgí, ar bhonn an dearbhaithe atá tugtha ag an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne.

De mhaolú ar phointe (b) den mhír seo, i gcás nach mbíonn trádálaithe ag gabháil do dhíol díreach táirgí le tomhaltóirí, lena n-áirítear i gcomhthéacs margaíochta tionchairí, ní cheanglófar orthu a seoladh geografach a sholáthar i gcuireadh chun ceannaigh.

5.Agus an fhéidearthacht á sholáthar do thomhaltóirí táirgí a thairgeann trádálaithe éagsúla nó tomhaltóirí a chuardach ar bhonn cuardach i bhfoirm eochairfhocail, natha nó ionchur eile, gan beann ar an áit ina dtabharfar idirbhearta i gcrích ar deireadh, measfar gur faisnéis ábhartha í faisnéis ghinearálta a chuirtear ar fáil i rannán ar leith den chomhéadan ar líne atá inrochtana go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear torthaí an chuardaigh i láthair, faoi na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na dtáirgí arna gcur i láthair don tomhaltóir mar thoradh ar an gcuardach agus tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin, i gcomparáid le paraiméadair eile. Níl feidhm ag an mír seo maidir le soláthraithe inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Rialachán (AE) 2019/1150.

6.Measfar gur ábhartha ceanglais faisnéise arna mbunú le dlí an Aontais maidir le cumarsáid tráchtála lena n-áirítear fógraíocht nó margaíocht.

7.I gcás ina soláthraíonn trádálaí rochtain ar léirmheasanna tomhaltóra ar tháirgí, measfar gur ábhartha an fhaisnéis faoi cé acu a áirithíonn nó nach n‐áirithíonn an trádálaí gur tomhaltóirí a d’úsáid an táirge nó a bhfuil an táirge ceannaithe acu i ndáiríre a rinne na léirmheasanna sin agus faoin gcaoi a n‐áirithíonn an trádálaí an méid sin.

8.I gcás ina soláthraíonn trádálaí seirbhís lena ndéantar comparáid idir táirgí agus lena soláthraítear faisnéis don tomhaltóir faoi shaintréithe comhshaoil nó sóisialta nó faoi ghnéithe ciorclaíochta, lena n-áirítear marthanacht, indeisitheacht nó in-athchúrsáilteacht, na dtáirgí sin nó sholáthraithe na dtáirgí sin, measfar gur faisnéis ábhartha í faisnéis faoin modh comparáide, faoi na táirgí ar ábhar comparáide iad agus faoi sholáthraithe na dtáirgí sin, agus faoi na bearta atá i bhfeidhm chun an fhaisnéis sin a choimeád cothrom le dáta.

Airteagal 8

Cleachtais tráchtála ionsaitheacha

Measfar go bhfuil cleachtas tráchtála ionsaitheach más rud é, ina chomhthéacs fíorasach, agus na gnéithe agus na cúinsí uile a ghabhann leis á gcur san áireamh, trí chiapadh, trí chomhéigean, lena n-áirítear lámh láidir, nó trí thionchar míchuí, go ndéanfadh sé dochar suntasach nó gur dóchúil go ndéanfadh sé dochar suntasach do shaoirse rogha nó iompar an ghnáth-thomhaltóra maidir leis an táirge agus ar an dóigh sin go bhfágann sé, nó gur dócha go bhfágfadh sé, go ndéanfadh an gnáth-tomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin.

Airteagal 9

Úsáid ciaptha, comhéigin agus tionchair mhíchuí

Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil úsáid á baint as ciapadh, comhéigean, lena n-áirítear úsáid láimh láidre, nó tionchar míchuí i gcleachtas tráchtála, cuirfear aon cheann de na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)a uainiú, suíomh, cineál nó dianseasmhacht;

(b)úsáid teanga nó iompraíochta atá bagrach nó maslach;

(c)an trádálaí leas a bhaint as aon leochaileacht de réir bhrí Airteagal 5(3), nó aon mhí-ádh nó cúinse sonrach atá tromchúiseach go leor go ndéanfadh sé dochar do bhreithiúnas an tomhaltóra, a bhfuil an trádálaí ar an eolas faoi, chun tionchar a imirt ar chinneadh an tomhaltóra maidir leis an táirge;

(d)aon bhacainn neamhchonarthach dhochraideach nó dhíréireach a fhorchuireann an trádálaí i gcás inar mian le tomhaltóir cearta a fheidhmiú faoin gconradh, lena n-áirítear cearta chun conradh a fhoirceannadh nó aistriú go táirge eile nó trádálaí eile;

(e)aon bhagairt beart a dhéanamh nach féidir a dhéanamh go dlíthiúil.

Caibidil III

COTHROIME DHIGITEACH

Airteagal 10

Patrúin dhorcha

1.Ní dhéanfaidh trádálaithe a gcomhéadain ar líne, lena n-áirítear comhpháirteanna amhairc, éisteachta agus comhpháirteanna eile díobh, a dhearadh, a eagrú ná a oibriú ar bhealach ar dóchúil go gcuirfear dallamullóg ar thomhaltóirí nó go ndéanfar iad a ionramháil, nó ar bhealach ar dóchúil go ndéanfaidh sé saobhadh ábhartha ar iompraíocht eacnamaíoch tomhaltóirí ar bhealach eile.

2.I gcuid III d’Iarscríbhinn I tá liosta de phatrúin dhorcha a mheasfar a bheith éagórach sna cúinsí uile.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun an liosta dá dtagraítear i mír 2 a leasú trí phatrúin dhorcha a chur leis nó a mhodhnú i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus margaidh, taighde ar iompraíocht tomhaltóirí agus taithí forfheidhmiúcháin na n-údarás inniúil agus an Choimisiúin, ar choinníoll go bhfuil gá le leasú den sórt sin chun an t-ardleibhéal cosanta tomhaltóirí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a choinneáil ar bun.

Airteagal 11

Margaíocht tionchairí

1.Trádálaithe a dhéanann margaíocht tionchairí, nochtfaidh siad intinn tráchtála cumarsáide ar bhealach soiléir, feiceálach agus gan débhrí, agus an comhthéacs, an suíomh, an t-uainiú, an fad, an meán cumarsáide, an teanga agus an spriocphobal á gcur san áireamh. Cuirfear nochtadh den sórt sin in iúl go sainráite, i gcás gach cumarsáide tráchtála, leis na téarmaí ‘fógraíocht’ nó ‘comhar tráchtála’.

2.I gcás ina gcuirtear an chumarsáid tráchtála dá dtagraítear i mír 1 ar ardán ar líne a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2022/2065, déanfar an chumarsáid sin a nochtadh trí úsáid a bhaint as an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 26 (2) den Rialachán sin.

3.Trádálaithe a dhéanann margaíocht tionchairí, ní dhéanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)spreagadh díreach do mhionaoisigh a áireamh i gcumarsáid tráchtála, ar spreagadh é chun táirgí a cheannach nó chun a chur ina luí ar a dtuismitheoirí nó ar dhaoine fásta eile táirgí a cheannach;

(b)a thabhairt le tuiscint nach bhfuil siad ag gníomhú chun críoch tráchtála nuair atá siad, go háirithe nuair is mionaoisigh a dhéanann an chumarsáid ábhartha nó nuair a bhíonn mionaoisigh mar chuid di;

(c)a thabhairt le tuiscint go bhfuil táirge oiriúnach do mhionaoisigh nuair nach bhfuil.

4.Ní dhéanfaidh trádálaithe margaíocht tionchairí ar tháirgí a bhfuil toirmeasc ar fhógraíocht a dhéanamh orthu do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear táirgí dá dtagraítear i dTreoir 2010/13/AE.

5.Ní dhéanfaidh trádálaithe margaíocht tionchairí ar tháirgí atá contúirteach de réir bhrí Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/988 nó reachtaíocht eile an Aontais maidir le táirgí.

6.Aon trádálaí a úsáideann seirbhísí margaíochta tionchairí, áiritheoidh sé go conarthach, nó in éagmais conartha trí mhodhanna iomchuí eile, go gcomhlíonfaidh an trádálaí a dhéanann margaíocht tionchairí forálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 12

Fógraíocht phearsantaithe

Ní dhíreoidh trádálaithe fógraí ar thomhaltóir bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679:

(a)trí shonraí pearsanta an tomhaltóra a úsáid i gcás ina bhfuil an trádálaí ar an eolas le deimhneacht réasúnta gur mionaoiseach é an tomhaltóir;

(b)trí úsáid a bhaint as catagóirí speisialta sonraí pearsanta an tomhaltóra dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

Ní chuirfidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo d’oibleagáid ar thrádálaithe sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheasúnú an mionaoiseach é an tomhaltóir. 

Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a bhfuil feidhm ag Roinn 3 de Chaibidil III de Rialachán 2022/2065 maidir leo.

Airteagal 13

Praghsáil phearsantaithe

Ní dhéanfaidh trádálaithe an praghas a phearsantú bunaithe ar phróifíliú, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679 ar bhealach ar sách dóchúil go ndéanfaidh sé díobháil don tomhaltóir sna cásanna seo a leanas:

(a)tá an trádálaí ar an eolas le deimhneacht réasúnta gur mionaoiseach é an tomhaltóir;

(b)tá an trádálaí ar an eolas le deimhneacht réasúnta go bhfuil an tomhaltóir leochaileach mar gheall ar a aois, saontacht, míchumas, nó aon mhí-ádh nó imthoisc shonrach atá chomh tromchúiseach sin go ndéanfaí dochar do bhreithiúnas an tomhaltóra.

Ní chuirfidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo d’oibleagáid ar thrádálaithe sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheasúnú an mionaoiseach nó duine leochaileach é an tomhaltóir.

Airteagal 14

Airgeadraí fíorúla

1.Maidir le trádálaí a thairgeann nó a chuireann ar fáil do thomhaltóirí airgeadraí fíorúla ar íocaíocht a úsáidtear chun ítimí fíorúla nó táirgí eile a thairgeann an trádálaí sin a cheannach, léireoidh sé luach airgeadúil comhfhreagrach na n-ítimí fíorúla sin nó na dtáirgí eile sin, nó a luach airgeadúil measta san airgeadra ina bhfuair an tomhaltóir an chéad airgeadra fíorúil.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le soláthraithe seirbhísí líonra shóisialta ar líne nó seirbhísí ardáin comhroinnte físeán ná soláthraithe chomrádaithe IS agus botaí comhrá ginearálta atá faoi réir na hoibleagáide maidir le nochtadh a leagtar síos in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne].

2.I gcás ina bhfuil táirgí trádálaí dírithe ar mhionaoisigh nó i gcás ina bhfuil an trádálaí ar an eolas le deimhneacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh, áiritheoidh an trádálaí go ndéanfar airgeadraí fíorúla ar íocaíocht a dhíchumasú mar réamhshocrú do mhionaoisigh agus áiritheoidh sé nach féidir airgeadraí fíorúla ar íocaíocht a ghníomhachtú ach amháin le formheas tuismitheora nó caomhnóra.

Airteagal 15

Córais luaíochtaí athraitheacha

1.Trádálaithe a thairgeann nó a chuireann ar fáil do thomhaltóirí córais luaíochtaí athraitheacha ar íocaíocht, cuirfidh siad tomhaltóirí ar an eolas faoi na cineálacha táirgí nó ítimí fíorúla atá ar fáil sna córais luaíochtaí athraitheacha sin agus faoin dóchúlacht a bhaineann lena bhfáil.

2.Cuirfidh trádálaithe uirlisí éifeachtacha ar fáil do thomhaltóirí, ar bhealach atá inrochtana go héasca, lena gcuirfear ar a gcumas do na dtomhaltóirí sin córais luaíochtaí athraitheacha ar íocaíocht a dhíchumasú.

3.I gcás ina bhfuil táirgí trádálaí dírithe ar mhionaoisigh nó i gcás ina bhfuil an trádálaí ar an eolas le deimhneacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh, ní thairgfidh an trádálaí córais luaíochtaí athraitheacha ar íocaíocht do mhionaoisigh. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le soláthraithe seirbhísí líonra shóisialta ar líne nó seirbhísí ardáin comhroinnte físeán ná soláthraithe chomrádaithe IS agus botaí comhrá ginearálta atá faoi réir Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne].

Airteagal 16

Toirmeasc ar mheicníochtaí ‘íoc chun dul chun cinn’ agus meicníochtaí ‘íoc chun buachan’ do mhionaoisigh

I gcás ina bhfuil táirgí trádálaí dírithe ar mhionaoisigh nó i gcás ina bhfuil an trádálaí ar an eolas le deimhneacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh, ní thairgfidh an trádálaí meicníochtaí ‘íoc chun dul chun cinn’ agus meicníochtaí ‘íoc chun buachan’ do mhionaoisigh.

Airteagal 17

Dearadh andúile

1.Trádálaithe a dhearann, a eagraíonn nó a oibríonn a dtáirgí digiteacha ar bhealach a bhfuil sé beartaithe, nó ar féidir a thuar le réasún, go spreagfaidh siad úsáid éigníoch nó iomarcach, cuirfidh siad uirlisí éifeachtacha ar fáil do thomhaltóirí, ar bhealach atá inrochtana go héasca, lena gcuirfear ar a gcumas dóibh na gnéithe seo a leanas a spreagann úsáid den sórt sin a dhíchumasú, ar leithligh nó in aon am amháin:

(a)gnéithe lena gcumasaítear uathsheinm ábhair agus tomhaltas ábhair gan bhriseadh, gan meandair bheaga idirbhriste éifeachtacha agus tráthrialta a bheith ann a chuireann ar a chumas don tomhaltóir breithniú a dhéanamh ar a thoilteanas níos mó ábhair a thomhailt;

(b)fógraí nach spreagtar de bharr idirghníomhaíocht nó ghníomhaíocht an tomhaltóra ar an tseirbhís, nó nach mbaineann go díreach leis an idirghníomhaíocht nó leis an ngníomhaíocht sin;

(c)gnéithe lena ndéantar rannpháirtíocht a dhreasú go tráthrialta nó a dhreasú níos minice, lena n-áirítear trí phionóis nó caillteanas tairbhí as gan páirt a ghlacadh go tráthrialta nó laistigh d’eatraimh ama shonraithe;

(d)gnéithe agus iompraíochtaí córais lena spreagtar úsáid leanúnach trí chaidreamh idirphearsanta a ionsamhlú, amhail leideanna leanúnacha chun leanúint de bheith ag plé le córas uathoibrithe.

Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le trádálaithe atá faoi réir Airteagail 9, 14 agus 15 de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne] i dtaca le cleachtais a bhaineann le mionaoisigh, ná maidir le trádálaithe a sholáthraíonn seirbhísí a thagann faoi na catagóirí a shonraítear in Airteagal 2(4), pointí (c) agus (e), de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne].

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun an liosta gnéithe i mír 1 a leasú trí ghnéithe a chur leis nó a mhodhnú i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus margaidh, taighde ar iompraíocht tomhaltóirí agus taithí forfheidhmiúcháin na n-údarás inniúil agus an Choimisiúin, i gcás ina bhfuil gá le leasuithe den sórt sin chun an t-ardleibhéal cosanta tomhaltóirí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a choinneáil ar bun.

Airteagal 18

Trédhearcacht ó thaobh praghsanna de in earnáil na dticéad imeachta

1.I gcuireadh chun ticéid imeachta a cheannach ar dócha go dtiocfaidh méadú ar a bpraghas mar gheall ar ghníomhaíochtaí an trádálaí nó mar gheall ar phróisis uathoibrithe nó algartamacha, nochtfaidh an trádálaí go soiléir agus go feiceálach an líon ticéad sa chatagóir ticéid ábhartha atá ar fáil ar an bpraghas fógartha agus an t-uasphraghas a bhféadfaí a cheangal ar thomhaltóir íoc as an ticéad sin.

2.Gan dochar do na ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE, déanfaidh trádálaí a thairgeann ticéad imeachta a athdhíol an méid seo a leanas a chur ar taispeáint go soiléir agus go feiceálach:

(a)bunphraghas iomlán an ticéid a ghearr eagraí an imeachta;

(b)i gcás inarb infheidhme, catagóir an ticéid, uimhir an ró agus an tsuíocháin.

Airteagal 19

Scuaine fhíorúil

I gcás ina mbaineann trádálaí úsáid as córas scuaine fíorúla, déanfaidh an trádálaí, an tráth a théann an tomhaltóir isteach sa scuaine fíorúil agus fad a bheidh an tomhaltóir ann, an fhaisnéis seo a leanas a thaispeáint go soiléir agus go feiceálach:

(a)praghas reatha an táirge, a thabharfar cothrom le dáta i bhfíor-am i gcás ina n-athraíonn an praghas le linn don tomhaltóir a bheith sa scuaine fhíorúil;

(b)an bhfuil an praghas sin faoi réir athrú le linn am feithimh an tomhaltóra sa scuaine; agus

(c)i gcás ina bhféadfadh an praghas athrú, an t-uasphraghas a d’fhéadfaí a cheangal ar an tomhaltóir a íoc.

Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le forghníomhú orduithe ar ionstraimí airgeadais de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 20

Conarthaí lena ngabhann tréimhsí trialacha saor in aisce

1.I gcás conarthaí a thugtar i gcrích ar chomhéadan ar líne nó le modhanna digiteacha eile lena ngabhann tréimhse thrialach saor in aisce, meabhróidh an trádálaí don tomhaltóir ar bhealach soiléir feiceálach ar mheán marthanach, agus laistigh de thréimhse réasúnta ama roimh dheireadh na tréimhse trialaí, dáta deiridh na tréimhse trialaí saor in aisce, an ceart an conradh a fhoirceannadh tar éis na tréimhse trialaí saor in aisce agus an fhéidearthacht don tomhaltóir leanúint den chonradh ar bhonn íoctha tar éis dheireadh na tréimhse trialaí saor in aisce má chomhaontaíonn an tomhaltóir go sainráite leis sin. Léireofar go soiléir sa mheabhrúchán an dáta a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse thrialach saor in aisce agus an praghas, an fad agus na coinníollacha chun an conradh íoctha a fhoirceannadh.

2.I gcás nár seoladh an meabhrúchán chuig an tomhaltóir i gcomhréir le mír 1 nó i gcás nár chomhaontaigh an tomhaltóir go sainráite roimh dheireadh na tréimhse trialaí leanúint den chonradh ar bhonn íoctha, ní bheidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh.

3.I gcás inar seoladh an meabhrúchán chuig an tomhaltóir i gcomhréir le mír 1 agus inar chomhaontaigh an tomhaltóir go sainráite, roimh dheireadh na trialach saor in aisce, a bheith faoi cheangal ag an gconradh ar bhonn íoctha, tabharfaidh an trádálaí deimhniú maidir leis an gcomhaontú sin don tomhaltóir, ar mheán marthanach gan moill mhíchuí agus laistigh de sheachtain amháin ar a dhéanaí ó dheimhniú an tomhaltóra a fháil.

Áireofar sa deimhniú atá le seoladh ag an trádálaí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE a bhaineann leis an gconradh íoctha ach amháin má tá an fhaisnéis sin tugtha cheana féin ag an trádálaí don tomhaltóir ar mheán marthanach.

Airteagal 21

Meabhrúchán roimh shíneadh uathoibríoch a chur le conradh soláthair fadtéarmach

1.Maidir le conradh a thugtar i gcrích ar chomhéadan ar líne nó le modhanna digiteacha eile chun táirgí a sholáthar go leanúnach ar feadh 6 mhí nó níos faide lena ndéantar foráil maidir le síneadh uathoibríoch a chur leis an gconradh ar feadh aon tréimhse, meabhróidh an trádálaí don tomhaltóir ar bhealach soiléir feiceálach ar mheán marthanach, tráth nach luaithe ná 1 mhí agus tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta a chuirfear síneadh leis an gconradh go huathoibríoch, faoin síneadh atá le teacht agus faoi cheart an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh.

2.Léireofar go soiléir sa mheabhrúchán de bhun mhír 1 dáta an tsínidh atá le teacht ar an gconradh, an fad go dtí dáta an tsínidh ina dhiaidh sin, an praghas, agus na coinníollacha chun an conradh a fhoirceannadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tagairt d’fheidhm foirceanta an chonartha nó nasc díreach le feidhm foirceanta an chonartha dá dtagraítear in Airteagal 23.

3.I gcás nár seoladh an meabhrúchán chuig an tomhaltóir i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, beidh an ceart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh saor in aisce tráth ar bith ó dháta an tsínidh go dtí an dáta a sheolfaidh an trádálaí meabhrúchán, gan aon tréimhse fógra a urramú agus gan íocaíocht a bheith dlite don tréimhse idir dáta an tsínidh agus an dáta a fhoirceannfar an conradh.

4.I gcás conarthaí ar cuireadh síneadh tréimhse neamhchinntithe leo, beidh an ceart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh tar éis an tsínidh uathoibríoch tráth ar bith le huastréimhse fógra míosa agus saor in aisce, cé is moite de na muirir as an táirge a fháil le linn na tréimhse fógra.

Airteagal 22

Meabhrúchán roimh shíneadh uathoibríoch a chur le conradh soláthair gearrthéarmach

1.Maidir le conradh a thugtar i gcrích ar chomhéadan ar líne nó le modhanna digiteacha eile chun táirgí a sholáthar go leanúnach ar feadh níos lú ná 6 mhí lena ndéantar foráil maidir le síneadh uathoibríoch a chur leis an gconradh, seachtain amháin ar a dhéanaí roimh an síneadh uathoibríoch meabhróidh an trádálaí don tomhaltóir ar bhealach soiléir feiceálach ar mheán marthanach faoin síneadh atá le teacht agus faoi cheart an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh, agus fágfaidh an síneadh uathoibríoch go sroichfidh fad tosaigh an chonartha (nó aon tréimhse sínithe ina dhiaidh sin) 6 mhí nó gurb é an deichiú síneadh leis an gconradh, cibé acu is túisce.

2.Léireofar go soiléir sa mheabhrúchán de bhun mhír 1 dáta an tsínidh atá le teacht ar an gconradh, an fad go dtí dáta an tsínidh ina dhiaidh sin, an praghas, agus na coinníollacha chun an conradh a fhoirceannadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tagairt d’fheidhm foirceanta an chonartha nó nasc díreach le feidhm foirceanta an chonartha dá dtagraítear in Airteagal 23.

3.I gcás nár seoladh an meabhrúchán chuig an tomhaltóir i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, beidh an ceart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh saor in aisce tráth ar bith ón dáta a bhí an meabhrúchán dlite go dtí an dáta a sheolfaidh an trádálaí meabhrúchán, gan aon tréimhse fógra a urramú agus gan íocaíocht a bheith dlite don tréimhse idir an dáta a bhí an meabhrúchán dlite agus an dáta a fhoirceannfar an conradh.

4.De mhaolú ar na ceanglais faoi mhír 1, i gcomhthéacs seirbhísí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, má thugann an tomhaltóir toiliú sainráite don trádálaí síneadh uathoibríoch a chur leis an gconradh infheistíochta gearrthéarmach in ionstraimí airgeadais a rinne sé leis an trádálaí, cuirfear síneadh leis an gconradh sin go huathoibríoch gan an oibleagáid a bheith ar an trádálaí a mheabhrú don tomhaltóir go dtí go n-iarrfaidh an tomhaltóir go bhfoirceannfar é, nó go dtí nach gcomhlíonfar na coinníollacha a bhaineann leis an síneadh uathoibríoch a thuilleadh.

Airteagal 23

Feidhm foirceanta conartha ar líne

1.I gcás ina dtugann an trádálaí deis do thomhaltóirí conarthaí a thabhairt i gcrích trí bhíthin comhéadan ar líne, áiritheoidh an trádálaí gur féidir le tomhaltóirí an conradh a fhoirceannadh trí fheidhm foirceanta conartha a úsáid ar an gcomhéadan ar líne (‘feidhm foirceanta conartha ar líne’), gan beann ar an mbealach a tugadh an conradh i gcrích.

2.Déanfar an fheidhm foirceanta conartha ar líne a lipéadú leis na focail ‘foirceann an conradh anseo’ nó le foirmliú comhfhreagrach gan débhrí, ar bhealach soléite. Beidh sí le feiceáil go feiceálach ar an gcomhéadan ar líne agus beidh rochtain éasca ag an tomhaltóir uirthi.

3.Cuirfidh an fheidhm foirceanta conartha ar líne ar a chumas don tomhaltóir ráiteas foirceanta conartha ar líne a sheoladh chun a chinneadh an conradh a fhoirceannadh a chur in iúl don trádálaí. 

Cuirfidh an ráiteas foirceanta conartha ar líne sin ar a chumas don tomhaltóir an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar nó a dheimhniú go héasca:

(a)ainm an tomhaltóra;

(b)mionsonraí lena sainaithnítear an conradh is mian leis an tomhaltóir a fhoirceannadh;

(c)mionsonraí maidir leis an modh leictreonach trína seolfar admháil maidir leis an bhfoirceannadh conartha dá dtagraítear i mír 5 chuig an tomhaltóir.

4.Nuair a bheidh an ráiteas foirceanta conartha ar líne comhlánaithe ag an tomhaltóir i gcomhréir le mír 3, cuirfidh an trádálaí ar a chumas don tomhaltóir é a chur isteach trí bhíthin feidhm dhearbhúcháin. Déanfar an fheidhm dhearbhúcháin sin a lipéadú ar bhealach soléite, agus déanfar amhlaidh leis na focail ‘dearbhaigh foirceannadh an chonartha’ amháin nó le foirmliú comhfhreagrach gan débhrí.

5.A luaithe a ghníomhachtóidh an tomhaltóir an fheidhm dhearbhúcháin, seolfaidh an trádálaí admháil chuig an tomhaltóir go bhfuarthas an ráiteas foirceanta conartha ar líne ar mheán marthanach, lena n-áirítear an t-ábhar atá ann, an dáta agus am a cuireadh isteach é, agus an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh, gan moill mhíchuí, agus laistigh de sheachtain amháin ar a dhéanaí.

Airteagal 24

Feidhmiú an chirt chun tarraingt siar as cianchonarthaí a thugtar i gcrích ar chomhéadan ar líne

1.I gcás cianchonarthaí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2011/83/AE, lena n-áirítear conarthaí le haghaidh soláthar seirbhísí airgeadais, a thugtar i gcrích ar chomhéadan ar líne, áiritheoidh an trádálaí gur féidir leis an tomhaltóir tarraingt siar as an gconradh, i gcomhréir le hAirteagail 9, 11 agus 16b de Threoir 2011/83/AE, trí fheidhm tarraingt siar a úsáid.

2.Déanfar an fheidhm tarraingt siar a lipéadú leis na focail ‘tarraing siar as an gconradh anseo’ nó le foirmliú comhfhreagrach gan débhrí, ar bhealach soléite. Beidh an fheidhm tarraingt siar ar fáil go leanúnach le linn na tréimhse tarraingt siar. Beidh sí le feiceáil go feiceálach ar an gcomhéadan ar líne agus beidh rochtain éasca ag an tomhaltóir uirthi.

3.Cuirfidh an fheidhm tarraingt siar ar a chumas don tomhaltóir ráiteas tarraingt siar ar líne a sheoladh chun a chinneadh tarraingt siar as an gconradh a chur in iúl don trádálaí. Cuirfidh an ráiteas tarraingt siar ar líne sin ar a chumas don tomhaltóir an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar nó a dheimhniú go héasca:

(a)ainm an tomhaltóra;

(b)mionsonraí lena sainaithnítear an conradh ar mian leis an tomhaltóir tarraingt siar uaidh; agus

(c)mionsonraí maidir leis an modh leictreonach trína seolfar admháil maidir leis an tarraingt siar dá dtagraítear i mír 5 chuig an tomhaltóir.

4.A luaithe a bheidh an ráiteas tarraingt siar ar líne comhlánaithe ag an tomhaltóir i gcomhréir le mír 3, cuirfidh an trádálaí ar a chumas don tomhaltóir é a chur isteach trí bhíthin feidhm dhearbhúcháin. Déanfar an fheidhm dhearbhúcháin sin a lipéadú ar bhealach soléite, agus déanfar amhlaidh leis na focail ‘dearbhaigh an tarraingt siar’ amháin nó le foirmliú comhfhreagrach gan débhrí.

5.A luaithe a ghníomhachtóidh an tomhaltóir an fheidhm dhearbhúcháin, seolfaidh an trádálaí admháil chuig an tomhaltóir go bhfuarthas an tarraingt siar ar mheán marthanach, lena n-áirítear an t-ábhar atá inti agus an dáta agus am a cuireadh isteach í, gan moill mhíchuí.

6.Measfar gur fheidhmigh tomhaltóirí a gceart chun tarraingt siar laistigh den tréimhse tarraingt siar ábhartha má chuir sé an ráiteas tarraingt siar ar líne dá dtagraítear san Airteagal seo isteach sula ndeachaigh an tréimhse sin in éag.

Airteagal 25

Cumarsáid le duine daonna i seirbhís do chustaiméirí

I gcás ina soláthraíonn trádálaí seirbhís do chustaiméirí ar líne tar éis conradh a thabhairt i gcrích, áiritheoidh an trádálaí go gcuirfear cumarsáid le duine daonna ar fáil, arna iarraidh sin don tomhaltóir agus nuair nach bhfuil modhanna eile éifeachtach.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le seirbhísí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE.

Airteagal 26

Córais uathoibrithe le haghaidh conraitheoireachta thar ceann tomhaltóra le trádálaí

1.Trádálaithe a chuireann córais uathoibrithe ar fáil do thomhaltóirí ar féidir le tomhaltóirí iad a úsáid chun conarthaí a thabhairt i gcrích agus a fheidhmiú thar ceann na dtomhaltóirí leis na trádálaithe sin nó le trádálaithe eile, áiritheoidh siad go mbeidh uirlisí inrochtana, intuigthe agus éifeachtacha sna córais uathoibrithe sin, lena gcuirfear ar a gcumas do na tomhaltóirí a roghanna a chur in iúl agus paraiméadair na gcóras uathoibrithe sin dá dtagraítear i mír 2 a shocrú agus a choigeartú. Beidh an deis ag tomhaltóirí an rogha a cuireadh in iúl a mhodhnú agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 2 a athrú tráth ar bith leis na huirlisí a sholáthraítear chun na críche sin i gcomhréir leis an mír seo.

2.Trádálaithe a chuireann córais uathoibrithe ar fáil do thomhaltóirí ar féidir le tomhaltóirí iad a úsáid chun conarthaí a thabhairt i gcrích agus a fheidhmiú thar ceann na dtomhaltóirí, áiritheoidh siad, agus córas uathoibrithe á úsáid den chéad uair, go gceanglófar ar thomhaltóirí ceann amháin de na nithe seo a leanas a roghnú go sainráite:

(a)an mian leo na conarthaí go léir arna moladh ag an gcóras uathoibrithe a dheimhniú sula mbeidh siad faoi cheangal ag na conarthaí sin;

(b)an mian leo gan ach cineál áirithe conarthaí a dheimhniú, bunaithe ar chritéir shonracha a bheidh le socrú ag an tomhaltóir, lena n-áirítear praghas uasta agus teorainn ama d’infheidhmeacht na rogha sin;

(c)an mian leo gan conarthaí a dhaingniú sula mbeidh siad faoi cheangal acu.

3.Trádálaithe a chuireann córais uathoibrithe ar fáil do thomhaltóirí ar féidir le tomhaltóirí iad a úsáid chun conarthaí a thabhairt i gcrích agus a fheidhmiú thar ceann na dtomhaltóirí, seolfaidh siad deimhniú maidir leis an rogha a rinneadh i gcomhréir le mír 2 chuig an tomhaltóir ar mheán marthanach.

4.Trádálaithe a chuireann córais uathoibrithe le haghaidh conraitheoireachta ar fáil do thomhaltóirí, áiritheoidh siad freisin go gcomhlíonann na córais uathoibrithe sin na critéir seo a leanas:

(a)i gcás inar roghnaigh an tomhaltóir na conarthaí uile nó conarthaí áirithe a dheimhniú sula mbeidh sé faoi cheangal acu, i gcomhréir le mír 2, pointe (a) nó (b), den Airteagal seo, soláthróidh an córas uathoibrithe an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 6(1), pointí (a) go (e), (h) go (k), (o) agus (p), de Threoir 2011/83/AE ar a laghad don tomhaltóir;

(b)nochtfar leis an gcóras uathoibrithe aon íocaíocht a fhaigheann na trádálaithe a chuireann córais uathoibrithe le haghaidh conraitheoireachta ar fáil do thomhaltóirí chun conradh a mholadh agus aon choinbhleacht leasa leis na trádálaithe lena mbaineann conradh beartaithe agus, i gcás íocaíocht nó coinbhleachta leasa den sórt sin, ceanglófar ar an tomhaltóir an conradh comhfhreagrach a dheimhniú, go neamhspleách ar an rogha atá curtha in iúl ag an tomhaltóir i gcomhréir le mír 2.

5.I gcás ina n-idirghníomhaíonn córas uathoibrithe trádálaí le tomhaltóir nó thar ceann tomhaltóra, féadfaidh an trádálaí agus soláthraí an chórais uathoibrithe iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú trí bhíthin Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa arna bunú faoi Rialachán (AE) [Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa] nó trí úsáid a bhaint as Tiachóg Eorpach Céannachta Digití arna heisiúint faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, arna leasú le Rialachán (AE) 2024/1183.

6.Féadfar Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid freisin chun an córas uathoibrithe lena mbaineann a shainaithint agus chun a shuí cé dó a ngníomhaíonn sé, ionas gur féidir leis an trádálaí agus leis an tomhaltóir araon brath ar fhaisnéis iontaofa maidir le céannacht an chórais agus an pháirtí dá ndéanann sé ionadaíocht. Dá bhrí sin, féadfaidh soláthraithe córas uathoibrithe idir-inoibritheacht le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú chun sainaithint agus fíordheimhniú na gcóras sin a éascú.

7.I gcás ina dtabharfaidh an córas uathoibrithe conradh i gcrích thar ceann an tomhaltóra idir trádálaí agus an tomhaltóir, déanfaidh an córas uathoibrithe atá á úsáid ag an tomhaltóir sonraí teagmhála an tomhaltóra, a bhfuil gá leo chun an conradh a fheidhmiú, a tharchur chuig an trádálaí sin, amhail an seoladh leictreonach agus an seoladh geografach.

8.Tar éis don tomhaltóir conradh a thabhairt i gcrích le trádálaí trí chóras uathoibrithe, seolfaidh an trádálaí sin dearbhú chuig an tomhaltóir maidir leis an gconradh a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Threoir 2011/83/AE, ar mheán marthanach, i dteanga shoiléir shothuigthe.

9.Ní dhéanfaidh trádálaithe a gcomhéadain ar líne a dhearadh, a eagrú ná a oibriú ar bhealach lena gceanglaítear ar thomhaltóirí córais uathoibrithe a úsáid chun rochtain a fháil ar idirbhearta tráchtála ar chomhéadain ar líne na dtrádálaithe nó chun iad a thabhairt i gcrích.

10.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le seirbhísí airgeadais a sholáthar.

Airteagal 27

Ceanglais maidir le conarthaí a thugtar i gcrích trí chórais uathoibrithe amháin

1.I gcás ina dtabharfaidh an trádálaí agus an tomhaltóir conradh i gcrích trí chórais uathoibrithe amháin, ní cheadófar don trádálaí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE a sholáthar ach amháin i bhformáid mheaisín-inléite a úsáidtear go coitianta agus beidh sé díolmhaithe ón oibleagáid an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 6a a sholáthar.

2.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8(1), (2), (3), (4) agus (8) de Threoir 2011/83/AE maidir leis na conarthaí dá dtagraítear i mír 1.

3.Soláthróidh an trádálaí dearbhú don tomhaltóir maidir leis an gconradh a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Threoir 2011/83/AE, ar mheán marthanach, i dteanga shoiléir shothuigthe.

Airteagal 28

Cumarsáid tráchtála gan iarraidh

1.Ní úsáidfidh trádálaithe córais glaoite uathoibrithe gan idirghabháil dhaonna (meaisíní glaoite uathoibríocha), SMS, MMS ná ríomhphost chun críoch margaíochta dírí gan toiliú a fháil roimh ré ón tomhaltóir de réir bhrí Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679.

2.D’ainneoin mhír 1, i gcás ina bhfaigheann trádálaí óna chustaiméirí a sonraí teagmhála leictreonacha i gcomhair ríomhphoist, i gcomhthéacs táirge a dhíol nó a sholáthar, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh an trádálaí sin na sonraí teagmhála leictreonacha sin a úsáid chun margaíocht dhíreach a dhéanamh ar a tháirgí comhchosúla féin ar choinníoll go dtugtar an deis do chustaiméirí go soiléir agus go follasach, ar bhealach éasca agus saor in aisce, cur in aghaidh na húsáide sin tráth a mbailithe agus tráth a bhfaightear gach teachtaireacht ar leith i gcás nár dhiúltaigh an tomhaltóir úsáid den chineál sin ar an gcéad dul síos.

3.Ní chuirfidh trádálaithe glao ar thomhaltóir chun críoch margaíochta dírí, agus córais chumarsáide seachas na córais sin dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid acu, gan toiliú an tomhaltóra a fháil roimh ré de réir bhrí Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679 nó, i gcás ina bhforáiltear dó sin le dlí náisiúnta Bhallstát cónaithe an tomhaltóra, i gcás inar roghnaigh an tomhaltóir gan cumarsáid gan iarraidh den sórt sin a fháil ar bhealach a chinnfidh an Ballstát agus a bheidh saor in aisce don tomhaltóir.

4.Léireoidh trádálaithe, i ngach ríomhphost chun críoch margaíochta dírí, seoladh ríomhphoist bailí a bhféadfaidh an faighteoir iarraidh a sheoladh chuige go gcuirfear deireadh leis an gcumarsáid sin agus ní spreagfaidh siad tomhaltóirí chun cuairt a thabhairt ar shuíomhanna gréasáin a sháraíonn Airteagal 6 de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 29

Frith-imchéimniú

Ní ghabhfaidh trádálaithe d’aon iompar a dhéanfadh dochar do chomhlíonadh éifeachtach a n-oibleagáidí i gCaibidil III, gan beann ar cibé acu an iompar de chineál conarthach, tráchtála nó teicniúil é, nó de chineál ar bith eile, nó arb é atá ann teicnící iompraíochta nó dearadh comhéadain a úsáid.

Caibidil IV

Forfheidhmiú, Leigheasanna agus Pionóis

Airteagal 30

Forfheidhmiú

1.Áiritheoidh na Ballstáit gur ann do mhodhanna leordhóthanacha éifeachtacha chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú ar mhaithe le leas tomhaltóirí.

Ar na modhanna sin beidh forálacha dlíthiúla faoina bhféadfaidh daoine nó eagraíochtaí a mheastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu maidir le cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac, lena n-áirítear iomaitheoirí, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)caingean dlí a thionscnamh in aghaidh cleachtais tráchtála éagóracha den sórt sin;

agus/nó

(b)cleachtais tráchtála éagóracha den sórt sin a thabhairt os comhair údarás riaracháin atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir le gearáin nó ar imeachtaí iomchuí dlíthiúla a thionscnamh.

Cinnfidh gach Ballstát cé na modhanna dá dtagraítear sa dara fomhír a bheidh ar fáil agus cé acu a chuirfidh nó nach gcuirfidh sé ar a gcumas do na cúirteanna nó do na húdaráis riaracháin a cheangal go rachfaí ar iontaoibh modhanna bunaithe eile roimh ré chun déileáil le gearáin, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 31. Beidh na modhanna sin ar fáil gan beann ar cibé acu atá na tomhaltóirí i gceist i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil an trádálaí lonnaithe nó i mBallstát eile.

Cinnfidh gach Ballstát an bhféadfar na modhanna dá dtagraítear sa dara fomhír a dhíriú:

(a)ar leithligh nó i gcomhpháirt in aghaidh roinnt trádálaithe ón earnáil eacnamaíoch chéanna;

(b)in aghaidh úinéir cóid i gcás ina gcuirtear chun cinn leis an gcód ábhartha neamhchomhlíonadh na gceanglas dlíthiúil.

2.Faoi na forálacha dlíthiúla dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, beidh cumhachtaí ag na cúirteanna náisiúnta nó na húdaráis riaracháin a chuirfidh ar a gcumas dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh, i gcásanna ina measann siad go bhfuil gá le bearta den sórt sin agus gach leas lena mbaineann á chur san áireamh, go háirithe leas an phobail:

(a)a ordú go scoirfear de chleachtais tráchtála éagóracha, nó imeachtaí dlíthiúla iomchuí a thionscnamh le haghaidh ordú go scoirfear de chleachtais tráchtála éagóracha;

nó

(b)i gcás nach bhfuil an cleachtas tráchtála éagórach curtha i gcrích go fóill ach go bhfuil sé ar tí tarlú, a ordú go gcuirfear toirmeasc ar an gcleachtas, nó imeachtaí dlíthiúla iomchuí a thionscnamh le haghaidh ordú chun toirmeasc a chur ar an gcleachtas,

fiú gan cruthúnas a bheith ann ar chaillteanas nó damáiste iarbhír ná ar intinn nó faillí ar thaobh an trádálaí.

Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh le déanamh faoi nós imeachta brostaithe:

(a)ag a mbeidh éifeacht eatramhach;

nó

(b)ag a mbeidh éifeacht chinntitheach,

ar an tuiscint gur faoi gach Ballstát atá sé a chinneadh cé acu den dá rogha a roghnófar.

Thairis sin, d’fhonn deireadh a chur le hiarmhairtí leanúnacha na gcleachtas tráchtála éagórach, ar ordaíodh deireadh a chur leo trí chinneadh críochnaitheach, féadfaidh na Ballstáit cumhachtaí a thabhairt do na cúirteanna nó do na húdaráis riaracháin lena gcumasaítear dóibh:

(a)a cheangal go bhfoilseofar an cinneadh sin ina iomláine nó go páirteach agus i cibé foirm a mheasfaidh siad a bheith leordhóthanach;

(b)a cheangal ina theannta sin go bhfoilseofar ráiteas ceartaitheach.

3.Maidir leis na húdaráis riaracháin dá dtagraítear i mír 1:

(a)beidh siad comhdhéanta sa chaoi nach gcaithfí amhras ar a neamhchlaontacht;

(b)beidh cumhachtaí leordhóthanacha acu, i gcás ina ndéanann siad cinneadh maidir le gearáin, chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh a gcinntí agus chun an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú go héifeachtach;

(c)tabharfaidh siad cúiseanna lena gcinntí de ghnáth.

I gcás ina bhfuil na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 á bhfeidhmiú go heisiach ag údarás riaracháin:

(a)tabharfar cúiseanna lena chinntí i gcónaí;

(b)déanfar foráil maidir le nósanna imeachta trína bhféadfaidh feidhmiú míchuí nó míréasúnta a chumhachtaí ag an údarás riaracháin nó mainneachtain mhíchuí nó mhíréasúnta na cumhachtaí sin a fheidhmiú a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

4.Beidh cumhachtaí ag an gCoimisiún chun comhlíonadh an Rialacháin seo a imscrúdú agus a fhorfheidhmiú maidir le sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT] i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán sin, ach amháin i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 2(3), (4), (7), agus (8) agus Airteagal 28(3) den Rialachán seo.

5.De mhaolú ar mhír 1, an tríú fomhír, is iad na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne ] a dhéanfaidh Airteagal 14(2), Airteagal 15(3) agus Airteagal 16 den Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus a mhaoirsiú i gcás trádálaithe a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin faoi na coinníollacha a shonraítear san Airteagal sin. Chun na críche sin, aon tagairt i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 do chomhlíonadh nó neamhchomhlíonadh fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2022/2065 agus Chaibidil IX de Rialachán (AE) 2024/1689 maidir le comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2024/1689, measfar go n-áirítear léi Airteagal 14(2), Airteagal 15(3) agus Airteagal 16 den Rialachán seo.

De mhaolú ar mhír 1, an tríú fomhír, is iad na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 a dhéanfaidh Airteagal 17(1) den Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus a mhaoirsiú i gcás trádálaithe ar soláthraithe ardán ar líne iad de bhun Rialachán (AE) 2022/2065 agus is iad údaráis arna n-ainmniú de bhun Airteagail 70, 74 agus 75 de Rialachán (AE) 2024/1689 a dhéanfaidh amhlaidh i gcás trádálaithe ar soláthraithe nó úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga iad a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1689. Chun na críche sin, beidh feidhm ag Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Caibidil IX de Rialachán (AE) 2024/1689 agus measfar go n-áirítear Airteagal 17(1) den Rialachán seo le haon tagairt iontu do chomhlíonadh na bhforálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Rialachán (AE) 2024/1689.

Ba cheart forfheidhmiú faoin mír seo a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit a chur ar a gcumas do dhaoine nó d’eagraíochtaí a meastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac, lena n-áirítear iomaitheoirí, caingean dlí a thionscnamh in aghaidh na gcleachtas tráchtála éagórach sin.

6.Na húdaráis a d’ainmnigh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Airteagail 70 agus 74 de Rialachán (AE) 2024/1689, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis sin inniúil chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Airteagal 14(2), Airteagal 15(3), Airteagal 16 agus Airteagal 17(1) den Rialachán seo i leith trádálaithe a shonraítear i mír 5 a thagann faoi inniúlacht na n-údarás inniúil náisiúnta.

7.A mhéid a thugtar cumhachtaí don Choimisiún faoi Roinn 4 de Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Caibidil IX de Rialachán (AE) 2024/1689, cumhdófar leis na cumhachtaí sin maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagal 14(2), Airteagal 15(3), Airteagal 16 agus Airteagal 17(1) den Rialachán seo.

8.Nuair a dhéanann údarás riaracháin náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 nó údarás inniúil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo cinneadh maidir le hábhar atá ina ábhar cheana féin do chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(2), Airteagal 15(3) agus Airteagal 16 den Rialachán seo nó a bhaineann leis an ábhar a rialaítear in Airteagal 17 den Rialachán seo, ní dhéanfaidh an t-údarás aon chinneadh a thagann salach ar an gcinneadh sin ón gCoimisiún.

Airteagal 31

Cóid iompair

Ní eisiafar leis an Rialachán seo rialú ar chothroime tráchtála, rialú a fhéadfaidh na Ballstáit a spreagadh, ag úinéirí cóid nó na daoine nó na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 30 dul ar iontaoibh úinéirí cóid más rud é go bhfuil imeachtaí os comhair úinéirí cóid sa bhreis ar na himeachtaí cúirte nó riaracháin dá dtagraítear san Airteagal sin.

Ní mheasfar gurb ionann dul ar iontaoibh úinéirí cóid den sórt sin agus staonadh ó aon mhodh cúláraigh bhreithiúnaigh nó riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 30.

Spreagfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, trádálaithe agus úinéirí cód chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina gcóid iompair.

Airteagal 32

Leigheasanna

1.Beidh rochtain ag tomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh ar leigheasanna comhréireacha agus éifeachtacha, lena n‐áirítear cúiteamh i leith damáiste a bhain don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú ar an bpraghas nó foirceannadh an chonartha.

2.Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm agus iarmhairtí na leigheasanna sin a chinneadh. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tromchúis agus cineál an chleachtais tráchtála éagóraigh, an damáiste a bhain don tomhaltóir agus imthosca ábhartha eile a chur san áireamh.

3.Beidh na leigheasanna dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do chur i bhfeidhm leigheasanna eile atá ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 33

Cúirteanna agus údaráis riaracháin: bunús a thabhairt le maímh

Beidh cumhachtaí ag cúirteanna nó údaráis riaracháin náisiúnta lena gcuirfear ar a gcumas dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh sna himeachtaí sibhialta nó riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 30:

(a)a cheangal ar an trádálaí fianaise a thabhairt i dtaobh chruinneas na maíomh fíorasach i ndáil le cleachtas tráchtála, más rud é, agus leas dlisteanach an trádálaí agus aon pháirtí eile sna himeachtaí á chur san áireamh, gur cosúil gurb iomchuí ceanglas den sórt sin ar bhonn imthosca an cháis áirithe;

agus

(b)a mheas gur míchruinn iad maímh fhíorasacha mura dtugtar an fhianaise a éilítear i gcomhréir le pointe (a) nó má mheasann an chúirt nó an t-údarás riaracháin nach leor an fhianaise sin.

Airteagal 34

Fianaise a nochtadh maidir le cleachtais tráchtála sa timpeallacht ar líne

1.I dteannta na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 33, beidh cumhachtaí ag cúirteanna agus údaráis riaracháin náisiúnta lena gcuirfear ar a gcumas dóibh, sna himeachtaí sibhialta nó riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 30 agus in Airteagal 32, arna iarraidh sin d’éilitheoir a chuir fíorais agus fianaise i láthair atá leordhóthanach chun tacú leis an dóchúlacht go bhfuil cleachtas tráchtála éagórach ann sa timpeallacht ar líne, nó i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ar an údarás riaracháin ábhartha go bhfuil cleachtas tráchtála éagórach ann sa timpeallacht ar líne, a cheangal ar thrádálaithe fianaise ábhartha a nochtadh, ar bhealach atá inrochtana go héasca agus intuigthe, a bhaineann le dearadh, oibriú agus tionchar an chleachtais tráchtála ábhartha ar iompraíocht tomhaltóirí.

Beidh cumhachtaí ag cúirteanna agus údaráis riaracháin náisiúnta lena gcuirfear ar a gcumas dóibh pionóis a fhorchur má sholáthraíonn an trádálaí faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach faoi fhomhír 1 nó mura soláthraíonn sé an fhaisnéis sin laistigh den teorainn ama is gá.

2.Beidh nochtadh na fianaise de bhun mhír 1 teoranta don mhéid is gá agus is comhréireach.

3.Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil nochtadh fianaise riachtanach agus comhréireach, breithneoidh cúirteanna agus údaráis riaracháin náisiúnta leas dlisteanach an trádálaí agus aon pháirtí eile sna himeachtaí, go háirithe i ndáil le rúin trádála a chosaint.

4.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás mainneachtain an fhianaise dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh.

5.Féadfaidh cúirteanna nó údaráis riaracháin náisiúnta mainneachtain an fhianaise dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh a mheas mar ghné ábhartha chun éagóir cleachtais tráchtála a shuí, ar bhonn imthosca an cháis mar aon le fianaise ábhartha eile.

Airteagal 35

Pionóis

1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.Cuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:

(a)cineál, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe;

(b)aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;

(c)aon sárú a rinne an trádálaí roimhe sin;

(d)na sochair airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, más rud é go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil;

(e)pionóis a fhorchuirtear ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina mbíonn faisnéis faoi na pionóis sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 [/Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT]];

(f)aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.

3.Nuair a bheidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394 [/Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT]], cuimseofar iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh chun fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, ina mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar don Rialachán sin, féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna bunreachtúla náisiúnta, gan fíneálacha a fhorchur ach sna cásanna seo a leanas:

(a)sáruithe ar Airteagail 6, 7, 8, 9, ar na hoibleagáidí i gCaibidil III agus ar Iarscríbhinn I; agus

(b)trádálaí a bheith ag baint úsáid leanúnach as cleachtas tráchtála a bhfuair an t‐údarás inniúil náisiúnta nó an chúirt é a bheith ina chleachtas éagórach, nuair nach bhfuil an cleachtas trádála sin ina shárú dá dtagraítear i bpointe (a).

4.I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil an fhaisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh EUR 2 mhilliún ar a laghad i gceist leis an bhfíneáil uasta díobh.

5.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi aon leasú a dhéanann difear do na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1.

6.Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 6 % de láimhdeachas bliantúil domhanda an trádálaí a fhorchur de bhun Airteagal 43 de Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT] le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo arna n-imscrúdú ag an gCoimisiún i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT].

Airteagal 36

Ceart cúláraigh

1.I gcás ina bhfuil an trádálaí faoi dhliteanas i leith cleachtas tráchtála éagórach ar líne faoi Airteagail 30 agus 32 den Rialachán seo, agus i gcás ina n-eascraíonn an dliteanas sin as gníomh nó neamhghníomh duine eile a bhfuil caidreamh tráchtála ag an trádálaí leis, nó i gcás inar rannchuidigh gníomh nó neamhghníomh duine eile a bhfuil caidreamh tráchtála ag an trádálaí leis leis an dliteanas sin, beidh an trádálaí sin i dteideal leigheasanna a lorg in aghaidh an duine sin.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh leigheasanna éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha ann a chuirfidh ar a gcumas do thrádálaithe an ceart cúláraigh dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú.

Caibidil V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus Airteagal 17(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó [dháta theacht i bhfeidhm, Airteagal 40].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus Airteagal 17(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 10(3) agus Airteagal 17(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó tugadh fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar síneadh 2 mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 38

Treoir 2005/29/CE a aisghairm

1.Déantar Treoir 2005/29/CE a aisghairm.

2.Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 39

Tuairisciú ag an gCoimisiún agus athbhreithniú

1.Faoin [60 mí tar éis dháta an chur i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2. Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm aige ón [12 mí tar éis dó teacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/29/oj ).
(2)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Fitness Check of EU consumer law on digital fairness [Seiceáil Oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí an Aontais maidir le cothroime dhigiteach], SWD(2024) 230 final, 3.10.2024.
(3)    Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/83/oj ).
(4)    Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1993/13/oj ).
(5)    Litir mhisin an 17 Meán Fómhair 2024 ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh chuig an gCoimisinéir ainmnithe um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí.
(6)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2011/83/AE Treoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a shimpliú, COM(2026) 1110 final.
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Clár Oibre 2030 do Thomhaltóirí agus plean gníomhaíochta do thomhaltóirí sa mhargadh aonair, COM(2025) 848 final, 19.11.2025.
(8)    Clár oibre 2026 an Choimisiúin, COM(2025) 870 final.
(9)    Rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 maidir le dearadh andúile seirbhísí ar líne agus cosaint tomhaltóirí (2023/2043(INI)), an 8 Bealtaine 2025 maidir leis na seandúshláin agus cleachtais tráchtála nua sa mhargadh inmheánach (2025/2542(RSP)), agus an 26 Samhain 2025 maidir le cosaint mionaoiseach ar líne (2025/2060(INI)), P10_TA(2025)0299.
(10)    Conclúidí ón gComhairle maidir le Clár Oibre 2030 do Thomhaltóirí, an 26 Feabhra 2026, doiciméad 6634/26.
(11)     https://commission.europa.eu/document/download/d833504d-5ec3-4fac-945f-38e7d0bd5326_ga?filename=Special-panel-report.pdf  
(12)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún i leith dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú san Aontas, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 1177/2010, (AE) Uimh. 181/2011, (AE) 2018/302 agus (AE) 2021/782 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/2394, COM(2026)1120 final.
(13)    Arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí (IO L 328, 18.12.2019, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/2161/oj) ) agus Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (IO L, 2024/825, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj ).
(14)    Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2394/oj ).
(15)    Léirítear cur i bhfeidhm comhlántach an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus dhlí na dtomhaltóirí, mar shampla, le gníomhaíochtaí comhthreomhara an Choimisiúin agus an Ghréasáin CCT maidir le hionaid margaidh ar líne Temu agus Shein . Sna himeachtaí sin, tá an gréasán CCT ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna cosanta tomhaltóirí amhail lascainí bréige, brúdhíol, cluichiú éigeantach, faisnéis atá in easnamh agus atá míthreorach maidir le cearta dlíthiúla tomhaltóirí, léirmheasanna bréige agus sonraí teagmhála folaithe.
(16)    Féach freisin an Ghreille Mheasúnaithe maidir leis an gCoimhdeacht, SWD(2026) 1100 final.
(17)    SWD(2026) 1101 final.
(18)    Conclúidí an 19 Márta 2026, pointe 36, d (ii), ga-20260319-european-council-conclusions.pdf.
(19)    COM(2026) 380 final.
(20)     Cothroime dhigiteach – seiceáil oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí an Aontais .
(21)    Treoir 2005/29/CE, Treoir 2011/83/AE agus Treoir 93/13/CEE.
(22)    An Coimisiún Eorpach, Tionchar an iomarca ama scáileáin agus na meán sóisialta ar mheabhairshláinte daoine óga , Meitheamh 2026. Léiríonn na torthaí go gceapann 40 % de dhéagóirí an Aontais atá idir 13-18 mbliana d’aois go gcaitheann siad an iomarca ama ar scáileáin, agus go dtuairiscíonn beagnach duine as gach triúr go mbraitheann siad faoi strus, brónach nó eisiata go sóisialta mar gheall ar na meáin shóisialta. Bhí torthaí an Eorabharaiméadair mar bhonn eolais d’obair an Phainéil Speisialta agus don Ghníomh AE um Leas an Linbh ar Líne atá beartaithe. Tá sonraí ann freisin maidir leis an sciar déagóirí a mothaíonn faoi bhrú mar gheall ar tháirgí míshláintiúla a bheith chur chun cinn ar na meáin shóisialta (25 %) agus a bhraitheann brú maidir leis an gcuma ba cheart a bheith orthu nó cad ba cheart a cheannach (24 %).
(23)    Public consultation on the Digital Fairness Act – Factual summary report [Comhairliúchán poiblí maidir leis an nGníomh um Chothroime Dhigiteach – Tuarascáil achomair fhíorasach], Nollaig 2025.
(24)    Sainaithníodh feachtas mór amháin le linn an Chomhairliúcháin Phoiblí, lenar bhain 1 594 freagra, ó thomhaltóirí iad ar fad. Rinneadh anailís ar leithligh ar na freagraí sin. Freagraíonn na 1 733 fhreagra do na freagraí lasmuigh den fheachtas.
(25)     Idirphlé maidir le cur chun feidhme i ndáil leis an gcomhar forfheidhmiúcháin trasteorann i réimse dhlí na dtomhaltóirí leis an gCoimisinéir Michael McGrath - An Coimisiún Eorpach .
(26)    SWD(2026) 1121 final.
(27)    SEC(2026)1100.
(28)    SWD(2026) 1101 final.
(29)    Ní féidir meastacháin ar an éifeacht mheabhairshláinte a shuimiú mar gheall ar phobail fhorluiteacha agus sineirgí chun aghaidh a thabhairt ar spreagthaí coiteanna díobhála.
(30)    Áirítear leis sin freisin díobháil do roinnt cleachtas nach n-áirítear sa bhonnlíne.
(31)    Fógra ón gCoimisiún - Treoraíocht maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 2005/29/CE (IO C 526, 29.12.2021, lch. 1).
(32)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).
(33)    IO C , , lch. .
(34)     Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/29/oj).
(35)     Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Seiceáil Oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí an Aontais maidir le cothroime dhigiteach, SWD(2024) 230 final, 3.10.2024.
(36)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj ).
(37)    Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj ).
(38)    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj ).
(39)    Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj ).
(40)    Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (Leagan códaithe) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/13/oj ).
(41)    Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/770/oj ).
(42)    Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/83/oj ).
(43)    Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne ((IO L 186, 11.7.2019, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1150/oj ).
(44)    Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne a n-éadála, a n-úsáide agus a nochta neamhdhleathaigh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/943/oj ).
(45)    Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj ).
(46)    Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj ).
(47)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj ).
(48)    Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/1828/oj ).
(49)    Treoir (AE) 2024/2853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha agus lena n-aisghairtear Treoir 85/374/CEE ón gComhairle (IO L, 2024/2853, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2853/oj ).
(50)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj ).
(51)    Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2394/oj ).
(52)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj ).
(53)    Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1169/oj ).
(54)    Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1221/oj ).
(55)    Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/66/oj ).
(56)    Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2436/oj ).
(57)    Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1369/oj ).
(58)    Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n‐aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/771/oj ).
(59)    IO C 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj .
(60)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj ).

An Bhruiséil,11.11.2026

COM(2026) 1100 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cleachtais chothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí a chur chun cinn sa mhargadh as líne agus sa mhargadh digiteach, lena n-aisghairtear Treoir 2005/29/CE

(an Gníomh um Chothroime Dhigiteach)

{SEC(2026) 1100 final} - {SWD(2026) 1100 final} - {SWD(2026) 1101 final} - {SWD(2026) 1102 final}


IARSCRÍBHINN 1

CLEACHTAIS TRÁCHTÁLA A MHEASTAR A BHEITH ÉAGÓRACH I nGACH IMTHOISC

Cuid I. Cleachtais tráchtála mhíthreoracha

1. An maíomh gur shínigh an trádálaí cód iompair nuair nár shínigh.

2. Trustmharc, marc cáilíochta nó a gcoibhéis a thaispeáint agus gan an t‑údarú riachtanach a bheith faighte.

3. Lipéad inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin nó nach bhfuil bunaithe ag údaráis phoiblí.

4. An maíomh go bhfuil formhuiniú ó chomhlacht poiblí nó ó chomhlacht eile faighte ag cód iompair nuair nach bhfuil.

5. An maíomh go ndearna comhlacht poiblí nó príobháideach an trádálaí (lena n‑áirítear a chuid cleachtas tráchtála) nó táirge áirithe a fhormheas, a fhormhuiniú nó a údarú nuair nach ndearna nó an méid sin a mhaíomh gan cloí le téarmaí an fhormheasta, an fhormhuinithe nó an údaraithe.

6. Maíomh cineálach comhshaoil a dhéanamh nach bhfuil an trádálaí in ann feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth a léiriú ina leith atá ábhartha don mhaíomh.

7. Maíomh comhshaoil a dhéanamh maidir leis an táirge ar fad nó gnó ar fad an trádálaí nuair nach mbaineann sé ach le gné áirithe den táirge nó le gníomhaíocht shonrach de ghnó an trádálaí.

8. Maíomh a dhéanamh, bunaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhritháireamh, go bhfuil tionchar neodrach, laghdaithe nó dearfach ag táirge ar an gcomhshaol ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de.

9. Cuireadh a thabhairt chun táirgí a cheannach ar phraghas sonraithe gan nochtadh gurb ann d’aon chúis réasúnta a d’fhéadfadh a bheith ag an trádálaí le creidiúint nach mbeidh sé in ann na táirgí sin nó táirgí coibhéiseacha a thairiscint lena soláthar nó trádálaí eile a fháil chun iad a sholáthar ag an bpraghas sin ar feadh tréimhse réasúnta, agus i gcainníochtaí réasúnta, ag féachaint don táirge, do scála na fógraíochta faoin táirge agus don phraghas atá á thairiscint (fógraíocht mhealltach).

10. Cuireadh a thabhairt chun táirgí a cheannach ar phraghas sonraithe agus ansin:

(a)diúltú an t‑earra a fógraíodh a thaispeáint do thomhaltóirí;

nó

(b)diúltú orduithe a thógáil ina leith nó é a sheachadadh laistigh de thréimhse ama réasúnta;

nó

(c)sampla lochtach de a thaispeáint,

le hintinn táirge eile a chur chun cinn (mealladh agus aistriú)

11. Comparáid praghsanna a sholáthar bunaithe ar phraghas tagartha trí shochar a fhógairt mar chéatadán nó mar dhearbhluach airgeadaíochta, nó líne a chur tríd an bpraghas tagartha, nó trí theicnící comhchosúla eile a úsáid a thugann laghdú praghais le fios, i gcás nach praghas reatha é praghas tagartha na comparáide a ghearrann iomaitheoir ar an táirge, ar iomaitheoir é atá sainaitheanta go soiléir ar an margadh.

12. Praghas ar tháirge a chur faoi bhráid an tomhaltóra gan gach táille, cáin, muirear nó íocaíocht eile intuartha a thabhóidh an tomhaltóir ar dhóigh dhosheachanta a chur san áireamh sa phraghas a thaispeántar ag an gcéad chéim ag a dtugtar faisnéis faoi phraghsáil don tomhaltóir, ach an tomhaltóir an táirge a cheannach.

13. A mhaíomh go bréagach nach mbeidh táirge ar fáil ach ar feadh tréimhse ama an‑teoranta, nó nach mbeidh sé ar fáil ach ar théarmaí áirithe ar feadh tréimhse ama an‑teoranta, chun cinneadh láithreach a spreagadh ionas nach dtabharfar deis nó am leordhóthanach do thomhaltóirí le rogha eolasach a dhéanamh.

14. A mhaíomh nach mbeidh táirge ar fáil ach ar feadh tréimhse ama an‑teoranta, nó nach mbeidh sé ar fáil ach ar théarmaí áirithe ar feadh tréimhse ama an‑teoranta, gan fad tréimhse na tairisceana fógraíochta a nochtadh.

15. Gealltanas a thabhairt seirbhís iar-dhíolacháin a thabhairt do thomhaltóirí a ndearna an trádálaí cumarsáid leo roimh idirbheart i dteanga nach teanga oifigiúil í de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an trádálaí suite agus ansin gan an tseirbhís sin a chur ar fáil ach i dteanga eile gan é sin a nochtadh go soiléir don tomhaltóirí sula dtugann sé gealltanas maidir leis an idirbheart.

16. A mhaíomh nó a thabhairt le tuiscint ar bhealach eile gur féidir táirge a dhíol go dlíthiúil nuair nach féidir.

17. Cearta a thugtar do thomhaltóirí de réir an dlí a chur i láthair mar ghné shainiúil de thairiscint an trádálaí.

18. Ceanglais a fhorchuirtear le dlí ar na táirgí uile laistigh den chatagóir táirge ábhartha ar mhargadh an Aontais a chur i láthair mar ghné shainiúil de thairiscint an trádálaí.

19. Ábhar eagarthóireachta a úsáid sna meáin chun táirge a chur chun cinn i gcás inar íoc trádálaí as an bhfógra gan é sin a chur in iúl go soiléir san ábhar nó le híomhánna nó fuaimeanna ar féidir leis an tomhaltóir iad a aithint go soiléir (alt fógraíochta). Beidh an méid sin gan dochar do Threoir 2010/13/AE.

20. Torthaí cuardaigh a thabhairt mar fhreagra ar chuardach ar líne tomhaltóra agus gan a thabhairt le fios go soiléir más ann d’fhógraí íoctha nó más ann d’íocaíocht chun rangú níos airde a bhaint amach do na táirgí sna torthaí cuardaigh.

21. Éileamh atá míchruinn go hábhartha maidir le cineál agus méid an bhaoil do shlándáil phearsanta an tomhaltóra nó a mhuintire mura gceannóidh an tomhaltóir an táirge.

22. Táirge a chur chun cinn atá cosúil le táirge a dhéanann monaróir áirithe ar bhealach go gcuirtear an tomhaltóir ar míthreoir d’aon turas sa mhéid is go gcreideann sé go ndéanann an monaróir céanna sin an táirge nuair nach amhlaidh atá.

23. Scéim fógraíochta phirimide a bhunú, a oibriú nó a chur chun cinn i gcás ina dtugann tomhaltóir comaoin ar son deis cúiteamh a fháil, cúiteamh a fhaightear go príomha ó thomhaltóirí eile a thabhairt chuig an scéim seachas ó dhíol nó úsáid táirgí.

24. An maíomh go bhfuil an trádálaí ar tí éirí as trádáil nó bogadh go háitreabh eile nuair nach bhfuil.

25. An maíomh gur féidir le táirgí cabhrú le bua a fháil i gcluichí áidh.

26. An maíomh go bréagach gur féidir leis an táirge tinnis, mífheidhmiú nó anchuma a leigheas.

27. Faisnéis atá míchruinn go hábhartha a chur ar aghaidh faoi choinníollacha margaidh nó faoin bhféidearthacht an táirge a aimsiú agus é de rún ag an trádálaí an tomhaltóir a spreagadh chun an táirge a cheannach ar choinníollacha nach bhfuil chomh fabhrach le gnáthchoinníollacha margaidh.

28. An maíomh i gcleachtas tráchtála comórtas nó duais fógraíochta a thairiscint gan na duaiseanna a bhfuil tuairisc orthu ná coibhéis réasúnta a thabhairt.

29. Tuairisc ar tháirge mar ‘gratis’, ‘saor in aisce’, ‘gan táille’ nó téarma comhchosúil leis más amhlaidh nach mór don tomhaltóir aon rud eile a íoc seachas an costas dosheachanta a bhaineann le freagairt don chleachtas tráchtála agus an ítim a bhailiú nó íoc as í a sheachadadh.

30. Sonrasc nó doiciméad comhchosúil ina n‑iarrtar íocaíocht a chur isteach in ábhar margaíochta a fhágann go dtugtar le tuiscint don tomhaltóir go bhfuil an táirge arna mhargú ordaithe aige cheana nuair nach bhfuil.

31. An maíomh go bréagach nó a thabhairt le tuiscint nach bhfuil an trádálaí ag gníomhú le haghaidh cuspóirí a bhaineann lena thrádáil, a ghnó, a cheird, nó a ghairm, nó a ligean air féin gur tomhaltóir é an trádálaí.

32. A thabhairt le tuiscint go bréagach go bhfuil an tseirbhís iardhíolacháin maidir le táirge ar fáil i mBallstát eile seachas an ceann ina ndíoltar an táirge.

33. A rá go bréagach nó a thabhairt le tuiscint go bréagach ar bhealach eile go bhfuil an táirge i stoc ag díoltóir i gcás ina soláthraíonn tríú páirtí an táirge go díreach don tomhaltóir (dírlastas).

34. A rá go bréagach nó a thabhairt le tuiscint go bréagach ar bhealach eile nach féidir leis an tomhaltóir a chearta a fheidhmiú in aghaidh an díoltóra toisc gur tríú páirtí a chomhlíonann an t‑ordú (dírlastas).

35. Ticéid imeachtaí a athdhíol le tomhaltóirí má fuair an trádálaí iad trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid chun dul timpeall ar aon teorainn a fhorchuirtear ar an líon ticéad is féidir le duine a cheannach nó dul timpeall ar aon rialacha eile is infheidhme maidir le ticéid a cheannach.

36. A lua gur tomhaltóirí a d’úsáid nó a cheannaigh táirge i ndáiríre a d’fhág léirmheasanna ar tháirge gan aon bhearta réasúnta ná comhréireacha a dhéanamh chun a sheiceáil gur ó na tomhaltóirí sin a tháinig na léirmheasanna.

37. A áitiú ar dhuine dlítheanach eile nó ar dhuine nádúrtha eile, nó é a choimisiúnú, léirmheasanna bréagacha nó ráitis tacaíochta bhréagacha ó thomhaltóirí a chur isteach, nó bréagléiriú a thabhairt ar léirmheasanna tomhaltóirí nó ar ráitis tacaíochta ar na meáin shóisialta, ar mhaithe le táirgí a chur chun cinn.

38. Faisnéis a choinneáil siar ón tomhaltóir go mbeidh tionchar diúltach ag nuashonrú bogearraí ar fheidhmiú earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar úsáid ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha.

39. Nuashonrú bogearraí a chur i láthair mar rud riachtanach nuair nach ndéanann sé ach cur le gnéithe feidhmiúlachta.

40. Aon chumarsáid tráchtála i ndáil le hearra ina bhfuil gné a tugadh isteach chun a mharthanacht a theorannú d’ainneoin faisnéis faoin ngné agus a héifeachtaí ar mharthanacht an earra a bheith ar fáil don trádálaí.

41. An maíomh bréagach a dhéanamh go bhfuil marthanacht áirithe ag earra ó thaobh achar nó dhéine na húsáide de faoi ghnáthchoinníollacha úsáide.

42. Earra a chur i láthair mar earra indeisithe nuair nach earra den sórt sin é.

43. An tomhaltóir a spreagadh tomhaltáin earra a athsholáthar nó a athshlánú níos luaithe ná mar is gá ar chúiseanna teicniúla.

44. Faisnéis a choinneáil siar maidir le lagú feidhmiúlachta earra nuair a úsáidtear tomhaltáin, páirteanna spártha nó oiriúintí nach soláthraíonn an táirgeoir bunaidh, nó an maíomh bréagach a dhéanamh go dtarlóidh lagú den sórt sin.

Cuid II. Cleachtais tráchtála ionsaitheacha

45. A thabhairt le tuiscint nach féidir leis an tomhaltóir imeacht ón áitreabh nó go ndéantar conradh.

46. Cuairteanna pearsanta a thabhairt ar theach an tomhaltóra agus neamhaird a dhéanamh d’iarratas an tomhaltóra imeacht nó gan filleadh ach in imthosca agus a mhéid a bhfuil údar leis, faoin dlí náisiúnta, chun oibleagáid chonarthach a fhorfheidhmiú.

47. Iarratais leanúnacha a dhéanamh ar an nguthán, trí fhacs, ríomhphost nó cianmheáin eile gan iarraidh ach amháin in imthosca agus a mhéid a bhfuil údar leis faoin dlí náisiúnta chun oibleagáid chonarthach a fhorfheidhmiú. Tá an méid sin gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679.

48. Ceangal a chur ar thomhaltóir ar mian leis éileamh a dhéanamh faoi pholasaí árachais cáipéisí a thabhairt ar aird nach bhféadfaí a mheas go bhfuil siad ábhartha maidir le bailíocht an éilimh, nó gan freagairt ar bhonn córasach do chomhfhreagras cuí, chun a chur ina luí ar thomhaltóir gan a chuid ceart conarthach a fheidhmiú.

49. Gríosú díreach chuig leanaí a chur i bhfógra chun táirgí fógartha a cheannach nó a chur ina luí ar a dtuismitheoirí nó ar dhaoine fásta eile táirgí fógartha a cheannach dóibh.

50. Íocaíocht láithreach nó iarchurtha a éileamh as táirgí arna soláthar ag an trádálaí, nó as na táirgí sin a thabhairt ar ais nó a choinneáil slán, ach nach bhfuil iarrtha ag an tomhaltóir (díol gan iarraidh).

51. A chur in iúl go soiléir do thomhaltóir go mbeidh post nó slí bheatha an trádálaí i mbaol mura gceannóidh sé an táirge nó an tseirbhís.

52. A thabhairt le tuiscint go bréagach gur bhuaigh an tomhaltóir duais nó tairbhe choibhéiseach eile cheana, nó go mbuafaidh siad, nó go mbuafaidh siad sin tar éis beart áirithe a dhéanamh, ach gurb amhlaidh an méid a leanas:

–nach ann do dhuais nó do thairbhe choibhéiseach,

nó

–maidir le haon bheart a ghlacadh chun an duais nó tairbhe choibhéiseach eile a éileamh, tá sé faoi réir airgead a íoc nó costas a ligean ar an tomhaltóir.

Cuid III. Patrúin dhorcha

53. Maíomhanna bréagacha a dhéanamh maidir le hinfhaighteacht nó an t‑éileamh atá ar tháirge, nó gan cáilíochtaí ábhartha a nochtadh go soiléir agus gan débhrí maidir le hinfhaighteacht nó maidir leis an éileamh atá ar an táirge sin.

54. Ráitis a thaispeáint go leanúnach le linn an phróisis ordaithe maidir le hinfhaighteacht nó an t‑éileamh ar tháirge nó tairisceana fógraíochta chun a thabhairt le tuiscint go bhfuil táirge gann.

55. Roghanna réamhshocraithe a úsáid lena gceanglaítear ar an tomhaltóir diúltú do thoiliú an tomhaltóra maidir le híocaíocht a dhéanamh as táirge breise, as cainníocht éagsúil den táirge nó as táirge eile nó an toiliú sin a chur in iúl ar shlí eile.

56. An rogha chun diúltú do chuireadh chun táirge a cheannach, nó leanúint de tháirge a sholáthar, a chur i láthair amhail agus gurb í an rogha mhícheart í.

57. A thabhairt le tuiscint go bréagach nach bhfuil aon rogha eile ag an tomhaltóir seachas an rogha atá le feiceáil go soiléir.

58. A iarraidh go leanúnach ar thomhaltóirí rogha a dhéanamh nó go n‑athróidh siad a rogha sa chás ina ndearnadh an rogha sin cheana féin, i gcás nach gá sin chun go gcomhlíonfaidh an trádálaí ceanglais dhlíthiúla.

59. Caint mhíthreorach nó dhébhríoch a úsáid agus roghanna á gcur faoi bhráid tomhaltóirí, lena n‑áirítear trí loighic nó frámú na cainte a chur droim ar ais laistigh de liosta roghanna, nó trí leaganacha diúltacha dúbáilte a úsáid.

60. An praghas a chur i láthair nó, i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi fhad an chonartha agus faoina athnuachan uathoibríoch, i gcuireadh chun ceannach ar lú an suntas a bhaineann leis ná mar a bhaineann le míreanna eile faisnéise ábhartha.

61. Fógraí a sheoladh chuig an tomhaltóir nó a thaispeáint dó a thugann le fios go bréagach go ndeachaigh tomhaltóir eile, an trádálaí nó tríú páirtí i dteagmháil leis an tomhaltóir, nó go bhfuil aird an tomhaltóra ag teastáil maidir le hábhar áirithe.

62. Na bearta is gá chun rogha a dhiúltú, a tharraingt siar nó a athrú a dhéanamh níos líonmhaire, níos casta nó níos fadálaí ná mar is gá go réasúnach, agus sin ar bhonn díréireach.

IARSCRÍBHINN 2

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2005/29/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe (a)

Airteagal 3, pointe 1

Airteagal 2, pointe (b)

Airteagal 3, pointe 2

Airteagal 2, pointe (c)

Airteagal 3, pointe 5

Airteagal 2, pointe (ca)

Airteagal 3, pointe 4

Airteagal 2, pointe (d)

Airteagal 3, pointe 3

Airteagal 2, pointe (e)

Airteagal 3, pointe 7

Airteagal 2, pointe (f)

Airteagal 3, pointe 32

Airteagal 2, pointe (g)

Airteagal 3, pointe 33

Airteagal 2, pointe (h)

Airteagal 3, pointe 9

Airteagal 2, pointe (i)

Airteagal 3, pointe 8

Airteagal 2, pointe (j)

Airteagal 3, pointe 10

Airteagal 2, pointe (k)

Airteagal 3, pointe 6

Airteagal 2, pointe (l)

Airteagal 3, pointe 31

Airteagal 2, pointe (m)

Airteagal 3, pointe 14

Airteagal 2, pointe (n)

Airteagal 3, pointe 12

Airteagal 2, pointe (o)

Airteagal 3, pointe 25

Airteagal 2, pointe (p)

Airteagal 3, pointe 26

Airteagal 2, pointe (q)

Airteagal 3, pointe 30

Airteagal 2, pointe (r)

Airteagal 3, pointe 22

Airteagal 2, pointe (s)

Airteagal 3, pointe 27

Airteagal 2, pointe (t)

Airteagal 3, pointe 24

Airteagal 2, pointe (u)

Airteagal 3, pointe 29

Airteagal 2, pointe (v)

Airteagal 3, pointe 23

Airteagal 2, pointe (w)

Airteagal 3, pointe 28

Airteagal 3(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 2(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(2)

Airteagal 3(5)

Airteagal 2(4)

Airteagal 3(6)

Airteagal 2(5)

Airteagal 3(7)

Airteagal 2(6)

Airteagal 3(8)

Airteagal 2(7)

Airteagal 3(9)

Airteagal 2(8)

Airteagal 3(10)

–

Airteagal 4

–

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(4 a)

Airteagal 7(5)

Airteagal 7(5)

Airteagal 7(6)

Airteagal 7(6)

Airteagal 7(7)

Airteagal 7(7)

Airteagal 7(8)

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10, an chéad fhomhír

Airteagal 31, an chéad fhomhír

Airteagal 10, an dara fomhír

Airteagal 31, an dara fomhír

Airteagal 11

Airteagal 30

Airteagal 11a(1), an chéad abairt

Airteagal 32(1)

Airteagal 11a(1), an dara habairt

Airteagal 32(2)

Airteagal 11a(2)

Airteagal 32(3)

Airteagal 12

Airteagal 33

Airteagal 13

Airteagal 35

Airteagal 14

–

Airteagal 15

–

Airteagal 16

–

Airteagal 17

Airteagal 31, an tríú fomhír, le haghaidh na faisnéise faoi chóid iompair; don chuid eile: –

Airteagal 18(1), an chéad abairt

Airteagal 39(1)

Airteagal 18(1), an dara habairt

Airteagal 39(2)

Airteagal 18(2)

–

Airteagal 19

–

Airteagal 20

Airteagal 40(1)

Airteagal 21

–

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

–

Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE

Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo

Pointe 1

Pointe 1

Pointe 2

Pointe 2

Pointe 2a

Pointe 3

Pointe 3

Pointe 4

Pointe 4

Pointe 5

Pointe 4a

Pointe 6

Pointe 4b

Pointe 7

Pointe 4c

Pointe 8

Pointe 5

Pointe 9

Pointe 6

Pointe 10

Pointe 7

Pointe 13

Pointe 8

Pointe 15

Pointe 9

Pointe 16

Pointe 10

Pointe 17

Pointe 10a

Pointe 18

Pointe 11

Pointe 19

Pointe 11a

Pointe 20

Pointe 12

Pointe 21

Pointe 13

Pointe 22

Pointe 14

Pointe 23

Pointe 15

Pointe 24

Pointe 16

Pointe 25

Pointe 17

Pointe 26

Pointe 18

Pointe 27

Pointe 19

Pointe 28

Pointe 20

Pointe 29

Pointe 21

Pointe 30

Pointe 22

Pointe 31

Pointe 23

Pointe 32

Pointe 23a

Pointe 35

Pointe 23b

Pointe 36

Pointe 23c

Pointe 37

Pointe 23d

Pointe 38

Pointe 23e

Pointe 39

Pointe 23f

Pointe 40

Pointe 23g

Pointe 41

Pointe 23h

Pointe 42

Pointe 23i

Pointe 43

Pointe 23j

Pointe 44

Pointe 24

Pointe 45

Pointe 25

Pointe 46

Pointe 26

Pointe 47

Pointe 27

Pointe 48

Pointe 28

Pointe 49

Pointe 29

Pointe 50

Pointe 30

Pointe 51

Pointe 31

Pointe 52

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…