Definitions › Airgeadas (Gaeilge)
díol folamh
Defined in 1 EU act of the Airgeadas group: Short Selling Regulation First
In English: short sale
Short Selling Regulation, Article 2(1)(b) First adopted 2012-03-14
i ndáil le scair nó le hionstraim fiachais, aon díol den scair nó den ionstraim fiachais nach bhfuil faoi úinéireacht an díoltóra tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, lena n-áirítear díol den sórt ar dá réir, tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, go bhfuil an scair nó an ionstraim fiachais faighte ar iasacht lena seachadadh tráth na socraíochta, nó go bhfuil an díoltóir tar éis comhaontú a dhéanamh chun an méid sin a dhéanamh, seachas: (i) díol ag ceachtar páirtí faoi chomhaontú athcheannaigh i gcás inar aontaigh páirtí amháin urrús a dhíol leis an bpáirtí eile ar phraghas sonraithe agus é mar ghealltanas ag an bpáirtí eile an t-urrús sin a dhíol ar ais ar dháta níos déanaí ar phraghas sonraithe eile; (ii) aistriú urrús faoi chomhaontú maidir le hiasachtú urrús; nó (iii) conradh todhchaíochtaí nó conradh díorthach eile a dhéanamh ina gcomhaontaítear urrúis a dhíol ar phraghas sonraithe ar dháta éigin sa todhchaí