Eureka Reader Definitions Sign in

Definitions › Airgeadas (Gaeilge)

riosca dlíthiúil

Defined in 1 EU act of the Airgeadas group: CRR First

In English: legal risk

CRR, Article 4(52a) First adopted 2013-06-26, amended 2024-05-31

an riosca caillteanais, lena n-áirítear speansais, fíneálacha, pionóis nó damáistí pionósacha, a d’fhéadfadh institiúid a thabhú mar thoradh ar theagmhais a mbíonn imeachtaí dlíthiúla mar thoradh orthu, lena n-áirítear an méid seo a leanas: (a) gníomhaíochtaí maoirseachta agus socraíochtaí príobháideacha; (b) neamhghníomh i gcás inar gá gníomhú chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh; (c) gníomhaíocht a dhéantar chun comhlíontacht le hoibleagáid dhlíthiúil a sheachaint; (d) teagmhais mhí-iompair, ar teagmhais iad a eascraíonn as mí-iompar toiliúil nó faillitheach, lena n-áirítear soláthar míchuí seirbhísí airgeadais nó faisnéis neamhleor nó mhíthreorach a sholáthar maidir le riosca airgeadais na dtáirgí arna ndíol ag an institiúid; (e) neamhchomhlíonadh aon cheanglas a fhaightear i bhforálacha náisiúnta nó idirnáisiúnta reachtúla nó reachtacha; (f) neamhchomhlíonadh aon cheanglais a fhaightear i socruithe conarthacha, nó neamhchomhlíonadh rialacha inmheánacha agus cód iompair arna gcur ar bun i gcomhréir le rialacha agus cleachtais náisiúnta nó idirnáisiúnta; (g) neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le heitic

Every term of the Airgeadas group · Other groups