Definitions › Airgeadas (Gaeilge)
riosca samhla
Defined in 1 EU act of the Airgeadas group: CRR First
In English: model risk
CRR, Article 4(52b) First adopted 2013-06-26, amended 2024-05-31
an riosca caillteanais a eascraíonn as cinntí atá bunaithe go príomha ar aschur samhlacha inmheánacha, de dheasca earráidí maidir le dearadh, forbairt, meastóireacht paraiméadair, cur chun feidhme, úsáid nó faireachán na samhlacha sin, lena n-áirítear an méid a leanas: (a) samhail inmheánach roghnaithe agus a saintréithe a dhearadh go míchuí; (b) fíorú nach leormhaith ar oiriúnacht samhla inmheánaí roghnaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar an ionstraim airgeadais nó chun an táirge a phraghsáil, nó ar oiriúnacht na samhla inmheánaí roghnaithe do na coinníollacha margaidh is infheidhme; (c) earráidí i gcur chun feidhme samhla inmheánaí roghnaithe; (d) luachálacha marcála míchearta ón margadh agus tomhas riosca de thoradh earráid le linn trádáil a chur isteach sa chóras trádála; (e) úsáid a bhaint as samhail inmheánach roghnaithe nó as a haschuir chun críche nach raibh an tsamhail sin beartaithe ná deartha chuici, lena n-áirítear cúbláil ar na paraiméadair shamhaltaithe; (f) faireachán nó fíorú míthráthúil nó mí-éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmiú na samhla nó ar an gcumas réamhaisnéise chun measúnú a dhéanamh an bhfuil an tsamhail inmheánach roghnaithe fós oiriúnach dá feidhm