Definitions › Airgeadas (Gaeilge)
sócmhainn thraidisiúnta
Defined in 1 EU act of the Airgeadas group: CRR First
In English: traditional asset
CRR, Article 5a(4) First adopted 2013-06-26, amended 2024-05-31
Own text citing PSD2, Article 4(25) (not in this group).
aon sócmhainn seachas cripteashócmhainn, lena n-áirítear: (a) ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (50), den Rialachán seo; (b) cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366; (c) taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena n-áirítear taiscí struchtúrtha; (d) suíomhanna urrúsúcháin i gcomhthéacs urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/2402; (e) táirgí árachais neamhshaoil nó saoil a thagann faoi na haicmí árachais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2009/138/CE nó conarthaí athárachais agus aisghéillte dá dtagraítear sa Treoir sin; (f) táirgí pinsin a aithnítear, faoin dlí náisiúnta, mar tháirgí arb é is príomhchuspóir dóibh ioncam a sholáthar don infheisteoir agus an t-infheisteoir ar scor agus lena dtugtar teideal don infheisteoir sochair áirithe a ghnóthú; (g) scéimeanna pinsin ceirde a aithnítear go hoifigiúil faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Threoir 2009/138/CE; (h) táirgí pinsin aonair a gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostóir ná ag an bhfostaí maidir leis an táirge pinsin nó maidir le soláthraí an táirge pinsin; (i) Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; (j) scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle