Airteagal 1 · Ábhar
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Leagfadh an Rialachán síos rialacha maidir le cothroime i gcleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir, chun díobháil do leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosc. Is é an cuspóir atá luaite leis cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach.
Téacs Airteagal 1togra an Choimisiúin
Airteagal 1
Ábhar
Is é is cuspóir don Rialachán seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach, trí rialacha maidir le cothroime le haghaidh cleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir a leagan síos chun cosc a chur ar dhíobháil do leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 7 Is é is cuspóir don Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le cothroime do chleachtais…
In ionad
- Airteagal 1 de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 1) · Cuir i gcomparáid in Eureka
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
cleachtas tráchtála
ciallaíonn ‘cleachtas tráchtála’ aon bheart, neamhghníomh, iompraíocht nó léiriú, cumarsáid tráchtála lena n-áirítear fógraíocht agus margaíocht, a dhéanann trádálaí, ag a bhfuil ceangal díreach le cur chun cinn, díol nó soláthar táirge do thomhaltóirí
Airteagal 3, pointe (3)