Airteagal 21 · Meabhrúchán roimh shíneadh uathoibríoch a chur le conradh soláthair fadtéarmach
Cuid de: Síntiúis, trialacha saor in aisce agus cealú
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Maidir le conarthaí a shíntear go huathoibríoch, sé mhí nó níos faide, le haghaidh soláthar leanúnach táirgí, a thugtar i gcrích trí chomhéadan ar líne nó trí mhodhanna digiteacha eile, bheadh ar an trádálaí meabhrúchán a thabhairt don tomhaltóir tráth nach luaithe ná mí amháin agus nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh an síneadh uathoibríoch. Gan an meabhrúchán sin, d’fhéadfadh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh saor in aisce go dtí go seolfaí ceann. Tar éis síneadh ar feadh tréimhse éiginnte, d’fhéadfadh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh tráth ar bith le tréimhse fógra mí amháin ar a mhéad.
Téacs Airteagal 21togra an Choimisiúin
Airteagal 21
Meabhrúchán roimh shíneadh uathoibríoch a chur le conradh soláthair fadtéarmach
1.Maidir le conradh a thugtar i gcrích ar chomhéadan ar líne nó le modhanna digiteacha eile chun táirgí a sholáthar go leanúnach ar feadh 6 mhí nó níos faide lena ndéantar foráil maidir le síneadh uathoibríoch a chur leis an gconradh ar feadh aon tréimhse, meabhróidh an trádálaí don tomhaltóir ar bhealach soiléir feiceálach ar mheán marthanach, tráth nach luaithe ná 1 mhí agus tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta a chuirfear síneadh leis an gconradh go huathoibríoch, faoin síneadh atá le teacht agus faoi cheart an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh.
2.Léireofar go soiléir sa mheabhrúchán de bhun mhír 1 dáta an tsínidh atá le teacht ar an gconradh, an fad go dtí dáta an tsínidh ina dhiaidh sin, an praghas, agus na coinníollacha chun an conradh a fhoirceannadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tagairt d’fheidhm foirceanta an chonartha nó nasc díreach le feidhm foirceanta an chonartha dá dtagraítear in Airteagal 23.
3.I gcás nár seoladh an meabhrúchán chuig an tomhaltóir i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, beidh an ceart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh saor in aisce tráth ar bith ó dháta an tsínidh go dtí an dáta a sheolfaidh an trádálaí meabhrúchán, gan aon tréimhse fógra a urramú agus gan íocaíocht a bheith dlite don tréimhse idir dáta an tsínidh agus an dáta a fhoirceannfar an conradh.
4.I gcás conarthaí ar cuireadh síneadh tréimhse neamhchinntithe leo, beidh an ceart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh tar éis an tsínidh uathoibríoch tráth ar bith le huastréimhse fógra míosa agus saor in aisce, cé is moite de na muirir as an táirge a fháil le linn na tréimhse fógra.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 70 Is minic a bhíonn clásail um shíneadh uathoibríoch i gconarthaí maidir le soláthar leanúnach earraí nó…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
táirge
ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí
Airteagal 3, pointe (5)
comhéadan ar líne
ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, lena n-áirítear feidhmchlár móibíleach, a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar a cheann, agus a fhónann chun rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar tháirgí
Airteagal 3, pointe (11)
meán marthanach
ciallaíonn ‘meán marthanach’ meán marthanach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de Threoir 2011/83/AE
Airteagal 3, pointe (34)