Airteagal 28 · Cumarsáid tráchtála gan iarraidh
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní bheadh cead ag trádálaithe meaisíní glaoite uathoibríocha, SMS, MMS ná ríomhphost a úsáid le haghaidh margaíocht dhíreach gan toiliú an tomhaltóra a fháil roimh ré. D’fhéadfadh trádálaí sonraí teagmhála ríomhphoist a fuarthas óna chustaiméirí i gcomhthéacs díola a úsáid chun a tháirgí comhchosúla féin a mhargú, ar choinníoll gur féidir le tomhaltóirí cur in aghaidh na húsáide sin saor in aisce agus ar bhealach éasca. Leagtar síos i mír 3 riail maidir le glaonna eile margaíochta dírí.
Téacs Airteagal 28togra an Choimisiúin
Airteagal 28
Cumarsáid tráchtála gan iarraidh
1.Ní úsáidfidh trádálaithe córais glaoite uathoibrithe gan idirghabháil dhaonna (meaisíní glaoite uathoibríocha), SMS, MMS ná ríomhphost chun críoch margaíochta dírí gan toiliú a fháil roimh ré ón tomhaltóir de réir bhrí Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679.
2.D’ainneoin mhír 1, i gcás ina bhfaigheann trádálaí óna chustaiméirí a sonraí teagmhála leictreonacha i gcomhair ríomhphoist, i gcomhthéacs táirge a dhíol nó a sholáthar, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh an trádálaí sin na sonraí teagmhála leictreonacha sin a úsáid chun margaíocht dhíreach a dhéanamh ar a tháirgí comhchosúla féin ar choinníoll go dtugtar an deis do chustaiméirí go soiléir agus go follasach, ar bhealach éasca agus saor in aisce, cur in aghaidh na húsáide sin tráth a mbailithe agus tráth a bhfaightear gach teachtaireacht ar leith i gcás nár dhiúltaigh an tomhaltóir úsáid den chineál sin ar an gcéad dul síos.
3.Ní chuirfidh trádálaithe glao ar thomhaltóir chun críoch margaíochta dírí, agus córais chumarsáide seachas na córais sin dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid acu, gan toiliú an tomhaltóra a fháil roimh ré de réir bhrí Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679 nó, i gcás ina bhforáiltear dó sin le dlí náisiúnta Bhallstát cónaithe an tomhaltóra, i gcás inar roghnaigh an tomhaltóir gan cumarsáid gan iarraidh den sórt sin a fháil ar bhealach a chinnfidh an Ballstát agus a bheidh saor in aisce don tomhaltóir.
4.Léireoidh trádálaithe, i ngach ríomhphost chun críoch margaíochta dírí, seoladh ríomhphoist bailí a bhféadfaidh an faighteoir iarraidh a sheoladh chuige go gcuirfear deireadh leis an gcumarsáid sin agus ní spreagfaidh siad tomhaltóirí chun cuairt a thabhairt ar shuíomhanna gréasáin a sháraíonn Airteagal 6 de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 82 Le Treoir 2002/58/CE cosnaítear úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar chumarsáid gan iarraidh chun…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
táirge
ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí
Airteagal 3, pointe (5)