Airteagal 31 · Cóid iompair
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní eisiafadh an Rialachán rialú ar chothroime tráchtála ag úinéirí cóid, rud a bhféadfaidh na Ballstáit é a spreagadh, ná dul ar iontaoibh úinéirí cóid, má bhíonn imeachtaí os a gcomhair sin i dteannta imeachtaí cúirte nó riaracháin. Ní mheasfaí gurb ionann dul ar iontaoibh úinéirí cóid agus staonadh ó aon mhodh cúláraigh bhreithiúnaigh nó riaracháin. Spreagfadh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, trádálaithe agus úinéirí cóid chun a gcóid iompair a chur in iúl do thomhaltóirí.
Téacs Airteagal 31togra an Choimisiúin
Airteagal 31
Cóid iompair
Ní eisiafar leis an Rialachán seo rialú ar chothroime tráchtála, rialú a fhéadfaidh na Ballstáit a spreagadh, ag úinéirí cóid nó na daoine nó na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 30 dul ar iontaoibh úinéirí cóid más rud é go bhfuil imeachtaí os comhair úinéirí cóid sa bhreis ar na himeachtaí cúirte nó riaracháin dá dtagraítear san Airteagal sin.
Ní mheasfar gurb ionann dul ar iontaoibh úinéirí cóid den sórt sin agus staonadh ó aon mhodh cúláraigh bhreithiúnaigh nó riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 30.
Spreagfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, trádálaithe agus úinéirí cód chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina gcóid iompair.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 83 Is iomchuí ról a thabhairt do chóid iompair, cóid a chuireann ar a gcumas do thrádálaithe prionsabail an…
In ionad
- Airteagal 10, an chéad fhomhír de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 31, an chéad fhomhír) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 10, an dara fomhír de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 31, an dara fomhír) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 17 de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 31, third subparagraph, for the information on codes of conduct; for the rest: –) · Cuir i gcomparáid in Eureka
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
cód iompair
ciallaíonn ‘cód iompair’ comhaontú nó sraith rialacha nach bhforchuirtear le dlí, rialachán nó foráil riaracháin de chuid Ballstáit ina sainítear iompar trádálaithe a ghabhfaidh orthu féin a bheith faoi cheangal an chóid i ndáil le cleachtas trádála nó earnáil ghnó amháin nó níos mó
Airteagal 3, pointe (32)
úinéir cóid
ciallaíonn ‘úinéir cóid’ aon eintiteas, lena n-áirítear trádálaí nó grúpa trádálaithe, atá freagrach as cód iompair a fhoirmliú agus a athbhreithniú agus/nó as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an chóid acu siúd a ghabh orthu féin a bheith faoi cheangal aige
Airteagal 3, pointe (33)