Airteagal 33 · Cúirteanna agus údaráis riaracháin: bunús a thabhairt le maímh
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Bheadh cumhachtaí ag cúirteanna nó údaráis riaracháin náisiúnta a cheangal ar an trádálaí fianaise a thabhairt maidir le cruinneas na maíomh fíorasach i ndáil le cleachtas tráchtála, i gcás ina mbeadh an ceanglas sin iomchuí, de réir dealraimh, in imthosca an cháis áirithe. D’fhéadfaidís a mheas gur míchruinn iad maímh fhíorasacha mura dtabharfaí an fhianaise sin nó má mheasfaí í a bheith neamhleor.
Téacs Airteagal 33togra an Choimisiúin
Airteagal 33
Cúirteanna agus údaráis riaracháin: bunús a thabhairt le maímh
Beidh cumhachtaí ag cúirteanna nó údaráis riaracháin náisiúnta lena gcuirfear ar a gcumas dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh sna himeachtaí sibhialta nó riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 30:
(a)a cheangal ar an trádálaí fianaise a thabhairt i dtaobh chruinneas na maíomh fíorasach i ndáil le cleachtas tráchtála, más rud é, agus leas dlisteanach an trádálaí agus aon pháirtí eile sna himeachtaí á chur san áireamh, gur cosúil gurb iomchuí ceanglas den sórt sin ar bhonn imthosca an cháis áirithe;
agus
(b)a mheas gur míchruinn iad maímh fhíorasacha mura dtugtar an fhianaise a éilítear i gcomhréir le pointe (a) nó má mheasann an chúirt nó an t-údarás riaracháin nach leor an fhianaise sin.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 84 Maidir le daoine nó eagraíochtaí a meastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu san ábhar, ba…
In ionad
- Airteagal 12 de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 33) · Cuir i gcomparáid in Eureka
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
cleachtas tráchtála
ciallaíonn ‘cleachtas tráchtála’ aon bheart, neamhghníomh, iompraíocht nó léiriú, cumarsáid tráchtála lena n-áirítear fógraíocht agus margaíocht, a dhéanann trádálaí, ag a bhfuil ceangal díreach le cur chun cinn, díol nó soláthar táirge do thomhaltóirí
Airteagal 3, pointe (3)