Bheadh ar thrádálaí a ligeann do thomhaltóirí conarthaí a thabhairt i gcrích ar líne feidhm ar líne a thairiscint chun iad a fhoirceannadh, agus na focail “foirceann an conradh anseo” nó foirmliú comhfhreagrach gan débhrí mar lipéad uirthi.
gur féidir le tomhaltóirí an conradh a fhoirceannadh trí fheidhm foirceanta conartha a úsáid ar an gcomhéadan ar líne (‘feidhm foirceanta conartha ar líne’), gan beann ar an mbealach a tugadh an conradh i gcrích.
Déanfar an fheidhm foirceanta conartha ar líne a lipéadú leis na focail ‘foirceann an conradh anseo’ nó le foirmliú comhfhreagrach gan débhrí, ar bhealach soléite. Beidh sí le feiceáil go feiceálach ar an gcomhéadan ar líne agus beidh rochtain éasca ag an tomhaltóir uirthi.
Cuirfidh an fheidhm foirceanta conartha ar líne ar a chumas don tomhaltóir ráiteas foirceanta conartha ar líne a sheoladh chun a chinneadh an conradh a fhoirceannadh a chur in iúl don trádálaí.
Déanfar an fheidhm dhearbhúcháin sin a lipéadú ar bhealach soléite, agus déanfar amhlaidh leis na focail ‘dearbhaigh foirceannadh an chonartha’ amháin nó le foirmliú comhfhreagrach gan débhrí.
seolfaidh an trádálaí admháil chuig an tomhaltóir go bhfuarthas an ráiteas foirceanta conartha ar líne ar mheán marthanach, lena n-áirítear an t-ábhar atá ann, an dáta agus am a cuireadh isteach é, agus an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh, gan moill mhíchuí, agus laistigh de sheachtain amháin ar a dhéanaí