Tá feidhm ag an Rialachán maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le próiseáil eile ar shonraí pearsanta atá ina gcuid de chóras comhdúcháin nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de.
Níl feidhm aige maidir le próiseáil:
i ngníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;
ag na Ballstáit i ngníomhaíochtaí faoi Chaibidil 2 de Theideal V CAE;
ag duine nádúrtha i ngníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin; nó
ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú.
Foráiltear le hAirteagal 2(3) go bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Aisghaireadh an Rialachán sin le héifeacht ón 11 Nollaig 2018 le Rialachán (AE) 2018/1725; forléireofar tagairtí dó mar thagairtí do Rialachán (AE) 2018/1725 (Airteagal 99 de Rialachán (AE) 2018/1725).
Cumhdaítear leis an Rialachán próiseáil uathoibrithe agus próiseáil i gcóras comhdúcháin, ach amháin i gceithre chás; maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais, ainmnítear in Airteagal 2(3) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, a ndeachaigh Rialachán (AE) 2018/1725 ina áit ó shin.
Téacs Airteagal 2 · leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 2
Raon feidhme ábhartha
1.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.
2.
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:
(a)
má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;
(b)
má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;
(c)
má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;
(d)
má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.
3.
Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.
4.
Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 15Chun nach gcruthófaí riosca tromchúiseach go dtarlódh imchéimniú, ba cheart daoine nádúrtha a chosaint ar…
Aithris 16Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le saincheisteanna i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a…
Aithris 17Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le sonraí…
Aithris 18Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann duine nádúrtha ar shonraí pearsanta le…
Aithris 19Maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta…
Aithris 21Is gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) an…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
ciallaíonn “córas comhdúcháin” aon sraith struchtúraithe de shonraí pearsanta a bhfuil rochtain orthu de réir critéir shonracha, is cuma má tá an sraith sin lárnaithe, díláraithe nó scaipthe ar bhonn feidhmeach nó geografach;