Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh am ar bith, ar fhorais a bhaineann lena chás nó lena cás ar leith, i gcoinne próiseála bunaithe ar phointe (e) nó (f) d'Airteagal 6(1), lena n-áirítear próifíliú.
Ní mór don rialaitheoir stopadh ansin mura dtaispeánann sé forais dhlisteanacha láidre a sháraíonn leasanna, cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, nó mura bhfuil an phróiseáil ann le haghaidh éileamh dlíthiúil.
Féadfaidh an t-ábhar sonraí agóid a dhéanamh am ar bith freisin i gcoinne próiseála chun críocha margaíocht dhíreach, lena n-áirítear próifíliú gaolmhar, agus ina dhiaidh sin ní fhéadfar na sonraí a phróiseáil chun na gcríoch sin a thuilleadh.
Ní mór an ceart a chur in iúl go sainráite don ábhar sonraí ar a dhéanaí tráth na chéad chumarsáide.
Maidir le críocha taighde nó staidrimh faoi Airteagal 89(1), féadfaidh an t-ábhar sonraí agóid a dhéanamh ar fhorais a bhaineann lena chás nó lena cás ar leith mura gá an phróiseáil le haghaidh cúram a dhéantar ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail.
Téacs Airteagal 21 · leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 21
An ceart chun agóid a dhéanamh
1.
►C2 Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, ag am ar bith, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin agus é arna bhunú ar phointe (e) nó ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), lena n-áirítear próifíliú bunaithe ar na forálacha sin. ◄ Ní phróiseálfaidh an rialaitheoir na sonraí pearsanta a thuilleadh mura rud é go dtaispeánfaidh an rialaitheoir go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha leis an bpróiseáil a dhéanamh ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, ar chearta agus ar shaoirsí an ábhair sonraí nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.
2.
I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha margaíocht dhíreach, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh am ar bith i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi chun críocha na margaíochta sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid is a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den chineál sin.
3.
I gcás go ndéanfaidh an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne próiseála chun críocha na margaíochta, ní dhéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críocha sin a thuilleadh.
4.
Ar a dhéanaí, ag an tráth a rachfar i dteagmháil den chéad uair leis an ábhar sonraí, déanfar an ceart dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a thabhairt go follasach ar aire don ábhar sonraí agus cuirfear faoina bhráid é go soiléir agus beidh sé scartha amach ó aon fhaisnéis eile.
5.
I gcomhthéacs seirbhísí na sochaí faisnéise a úsáid, agus d'ainneoin Threoir 2002/58/CE, féadfaidh an t-ábhar sonraí a cheart nó a ceart chun agóid a dhéanamh a fheidhmiú trí mhodhanna uathoibrithe lena n-úsáidtear sonraíochtaí teicniúla.
6.
I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil, nó chun críocha staidrimh de bhun Airteagal 89(1), beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, agóid a dhéanamh i gcoinne sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin a phróiseáil, ach amháin i gcás gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 69I gcás inar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach siocair gur gá an phróiseáil chun cúram a chur…
Aithris 70I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun margaíocht dhíreach a dhéanamh, ba cheart an ceart a bheith…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
ciallaíonn “próifíliú” aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin nó chun na gnéithe sin a thuar;
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;