02009R0223 — GA — 26.12.2024 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (CE) Uimh. 223/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis) (IO L 087 31.3.2009, lch. 164) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2015/759 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2015 |
L 123 |
90 |
19.5.2015 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2024/3018 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 27 Samhain 2024 |
L 3018 |
1 |
6.12.2024 |
|
RIALACHÁN (CE) Uimh. 223/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2009
maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus Raon Feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo réim dlíthiúil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.
I gcomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta agus i gcomhréir le neamhspleáchas, le hiontaofacht agus le cuntasacht na n-údarás náisiúnta agus Comhphobail, is éard is Staidreamh Eorpach ann staidreamh ábhartha a bhfuil gá leis chun gníomhaíochtaí an Chomhphobail a chur i gcrích. Cinntear an Staidreamh Eorpach sa Chlár Staidrimh Eorpach. Forbrófar, táirgfear agus scaipfear an staidreamh sin i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 285(2) den Chonradh agus a dhéantar iad a fhorbairt tuilleadh sa Chód Cleachtais don Staidreamh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 11. Cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Prionsabail Staidrimh
Rialófar forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh de réir na bprionsabal staidrimh seo a leanas:
“neamhspleáchas gairmiúil”, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí neamhspleách, go háirithe maidir le roghnú teicníochtaí, sainmhínithe, modheolaíochtaí agus foinsí a bheidh le húsáid, agus uainiú agus inneachar i leith na bhfoirmeacha uile maidir le scaipeadh a dhéanamh, agus go bhfuil cur i gcrích na gcúraimí sin saor ó aon bhrú ó ghrúpaí polaitiúla, ó ghrúpaí sainleasa, ó údaráis náisiúnta nó ó údaráis an Aontais;
“neamhchlaontacht”, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí neodrach, agus nach foláir go gcaitear go comhionann le gach aon úsáideoir;
“oibiachtúlacht”, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí chórasach, iontaofa agus neamhchlaonta; tuigtear leis sin go mbainfear úsáid as caighdeáin ghairmiúla agus eitice, agus go mbeidh na beartais agus na cleachtais a leanfar trédhearcach d'úsáideoirí agus do fhreagróirí na suirbhéanna;
“iontaofacht”, is é atá i gceist leis sin nach foláir go dtomhasfadh an staidreamh ar bhealach atá chomh dílis, chomh cruinn agus chomh comhleanúnach agus is féidir, an réaltacht is cóir dóibh a léiriú; tuigtear leis sin go n-úsáidtear critéir eolaíochta chun foinsí, modhanna agus nósanna imeachta a roghnú;
“rúndacht staidrimh”, is é atá i gceist leis sin cosaint sonraí rúnda a bhaineann le haonaid staidrimh ar leith a fhaightear go díreach chun críocha staidrimh nó go hindíreach ó fhoinsí riaracháin nó ó fhoinsí eile; tuigtear leis sin go mbeidh toirmeasc ar úsáid na sonraí a fhaightear chun críocha nach críocha staidrimh iad agus ar na sonraí sin a nochtadh go neamhdhleathach;
“éifeachtacht costais”, is é atá i gceist leis sin nach foláir don chostas a bhaineann le táirgeadh staidrimh a bheith cionmhar le tábhacht na dtorthaí agus na dtairbhí a lorgaítear, go gcaithfear na hacmhainní a úsáid go barrmhaith agus an t-ualach freagartha a íoslaghdú. Beidh sé éasca, i gcás inar féidir, an fhaisnéis a iarrfar a bhaint ó na taifid nó na foinsí a bheidh ar fáil.
Tá na prionsabail staidrimh a leagtar amach sa mhír seo foirmhínithe sa Chód Cleachtais i gcomhréir le hAirteagal 11.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “staidreamh” faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil, chomhiomlánaithe agus ionadaíoch a léiríonn feiniméan comhchoiteann i bpobal a bhreithnítear;
ciallaíonn “forbairt” na gníomhaíochtaí atá dírithe ar na modhanna staidrimh, na caighdeáin staidrimh agus na nósanna imeachta staidrimh a úsáidtear i dtáirgeadh agus i scaipeadh staidrimh a bhunú, a neartú agus a fheabhsú mar aon le staidreamh agus le táscairí nua a cheapadh;
ciallaíonn “táirgeadh” na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le bailiú, le stóráil, le próiseáil agus le hanailísiú, atá riachtanach chun staidreamh a thiomsú;
ciallaíonn “scaipeadh” an ghníomhaíocht lena ndéantar staidreamh agus anailís ar staidreamh inrochtana d'úsáideoirí;
ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach nó neamhdhigiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin maidir leis na haonaid a breathnaítear;
ciallaíonn “meiteashonraí” aon fhaisnéis lena sainítear sonraí agus próisis agus lena dtugtar tuairisc ar shonraí agus ar phróisis;
ciallaíonn “sealbhóir sonraí” duine dlítheanach nó nádúrtha nó aon eintiteas eile ag a bhfuil sé de cheart, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme, agus ag a bhfuil an cumas sonraí a fhaightear mar thoradh ar a ngníomhaíocht a bhainistiú agus a chur ar fáil;
ciallaíonn “bailiú staidrimh” suirbhéanna agus gach modh eile chun faisnéis a fháil ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear foinsí riaracháin;
ciallaíonn “foinse sonraí” foinse lena soláthraítear sonraí is ábhartha agus is gá, iontu féin nó i gcomhcheangal le sonraí ó fhoinsí eile, chun staidreamh a fhorbairt agus a tháirgeadh, lena n-áirítear suirbhéanna, daonáirimh, sonraí riaracháin nó sonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí arna iarraidh sin dóibh;
ciallaíonn “rochtain ar shonraí” an phróiseáil a dhéanann institiúid náisiúnta staidrimh nó údaráis náisiúnta eile nó an Coimisiún (Eurostat) ar shonraí arna soláthar nó arna gcur ar fáil ag sealbhóir sonraí, i gcomhréir le ceanglais shonracha theicniúla, dhlíthiúla nó eagraíochtúla;
ciallaíonn “aonad staidrimh” an bunaonad breathnóireachta, eadhon duine nádúrtha, teaghlach, oibreoir eacnamaíoch agus gnóthais eile, a dtagraíonn na sonraí dó;
ciallaíonn “sonraí rúnda” sonraí lena bhféadtar aonaid staidrimh a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, agus ar an dóigh sin faisnéis faoi dhuine aonair a nochtadh. D'fhonn a chinneadh cibé acu an bhfuil aonad staidrimh insainaitheanta nó nach bhfuil, cuirfear san áireamh na modhanna ábhartha uile a d'fhéadfadh tríú páirtí a úsáid go réasúnta chun an t-aonad staidrimh a shainaithint;
ciallaíonn “úsáid chun críoch staidrimh” úsáid eisiach ag údaráis staidrimh chun torthaí agus anailísí staidrimh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus eolaíocha, nó chun creataí samplála a bhunú;
ciallaíonn “sainaithint dhíreach” aonad staidrimh a shainaithint óna ainm nó óna sheoladh, nó ó uimhir aitheantais atá inrochtana go poiblí;
ciallaíonn “sainaithint indíreach” aonad staidrimh a shainaithint trí mhodh ar bith eile seachas trí shainaithint dhíreach;
ciallaíonn “oifigigh an Choimisiúin (Eurostat)” oifigigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 1 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, atá ag obair san údarás staidrimh Comhphobail;
ciallaíonn “foireann eile de chuid an Choimisiúin (Eurostat)” seirbhísigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 2 go hAirteagal 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, atá ag obair san údarás staidrimh Comhphobail.
CAIBIDIL II
RIALACHAS STAIDRIMH
Airteagal 4
An Córas Staidrimh Eorpach
Is comhpháirtíocht é an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) idir údárás staidrimh an Chomhphobail, arb é an Coimisiún (Eurostat), agus na hInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna), agus na húdaráis náisiúnta eile i ngach Ballstát atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.
Airteagal 5
Institiúidí Náisiúnta Staidrimh agus údaráis náisiúnta eile
Cumhdóidh freagracht chomhordaithe INS gach údarás náisiúnta eile a bheidh freagrach as forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh, a chinntear sa Chlár Staidrimh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 1. Go háirithe, beidh INS freagrach ar an leibhéal náisiúnta as clárú agus tuairisciú staidrimh, faireachán ar cháilíocht, modheolaíocht, tarchur sonraí agus cumarsáid faoi bhearta staidrimh CSE a chomhdordú. Sa mhéid go bhféadfaidh na Bainc Cheannais Náisiúnta (BCNanna) roinnt den Staidreamh Eorpach sin a thiomsú ina gcáil mar chomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), beidh dlúthchomhar idir INSanna agus BCNanna i gcomhréir le socruithe náisiúnta d'fhonn táirgeadh Staidrimh Eorpaigh ar bhealach iomlán agus comhtháite a áirithiú, agus an comhar riachtanach idir CSE agus CEBC mar a leagtar amach in Airteagal 9 á áirithiú ag an am céanna.
Airteagal 5a
Ceannairí INSanna agus ceannairí staidrimh údarás náisiúnta eile
Chuige sin, déanfaidh ceannairí INSanna an méid seo a leanas:
beidh an fhreagracht aonair orthu as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n-eisiúintí staidrimh agus na bhfoilseachán le haghaidh Staidreamh Eorpach arna bhforbairt, arna dtáirgeadh agus arna scaipeadh ag INS;
cumhachtófar dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le gach ábhar a bhaineann le bainistíocht inmheánach INS;
gníomhóidh siad ar bhealach neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a gcuid cúraimí staidrimh; agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon rialtas ná institiúid, comhlacht, oifig ná eintiteas eile;
beidh siad freagrach as gníomhaíochtaí staidrimh INS agus cur i bhfeidhm bhuiséad INS;
foilseoidh siad tuarascáil bhliantúil agus féadfaidh siad barúlacha a chur in iúl maidir le saincheisteanna a bhaineann le leithdháileadh an bhuiséid i ndáil le gníomhaíochtaí staidrimh INS;
déanfaidh siad comhordú ar ghníomhaíochtaí staidrimh gach údaráis náisiúnta atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1);
déanfaidh siad treoirlínte náisiúnta a tháirgeadh, i gcás inar gá sin chun cáilíocht a áirithiú i bhforbairt, táirgeadh agus scaipeadh an Staidrimh Eorpaigh uile laistigh dá gcórais náisiúnta staidrimh agus déanfaidh siad faireachán agus athbhreithniú ar chur chun feidhme an staidrimh sin; agus ag an am céanna beidh siad freagrach, as comhlíonadh na dtreoirlínte sin a áirithiú, laistigh d'INS amháin; agus
déanfaidh siad ionadaíocht thar ceann a gcóras náisiúnta staidrimh laistigh de CSE.
Airteagal 6
An Coimisiún (Eurostat)
Airteagal 6a
Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin (Eurostat)
Airteagal 7
An Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach
Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste CSE i dtaobh na nithe seo a leanas:
na bearta atá faoin gCoimisiún a ghlacadh maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, an t-údar maith a bheidh leis an staidreamh ar bhonn éifeachtachta costais, na modhanna agus na tráthchláir chun na bearta sin a bhaint amach, an t-ualach freagartha ar fhreagróirí na suirbhéanna;
na forbairtí agus na tosaíochtaí atá beartaithe sa Chlár Staidrimh Eorpach;
tionscnaimh chun tosaíochtaí maidir leis an ualach freagartha a athrú agus maidir leis an t-ualach freagartha a íoslaghdú a chur i ngníomh;
saincheisteanna a bhaineann le rúndacht staidrimh;
an Cód Cleachtais a fhorbairt tuilleadh; agus
aon cheist eile, go háirithe saincheisteanna modheolaíochta, a eascraíonn as cláir staidrimh a bhunú nó ar a chur chun feidhme, ar ceisteanna iad a dtarraingeoidh an Cathaoirleach aird orthu, cibé ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát.
Airteagal 8
Comhar le comhlachtaí eile
Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach agus leis an mBord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.
Airteagal 9
Comhar leis an CEBC
Chun an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú agus chun an comhleanúnachas is gá chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh a áirithiú, beidh dlúthchomhar idir an CSE agus an CEBC, agus na prionsabail staidrimh a leagtar síos in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh acu an tráth céanna.
Airteagal 10
Comhar idirnáisiúnta
Gan dochar do sheasamh Ballstáit aonair ná dá ról, déanfaidh an Coiste CSE seasamh an CSE maidir le saincheisteanna atá ábhartha go sonrach do Staidreamh Eorpach ar an leibhéal idirnáisiúnta, mar aon leis na socruithe sainiúla a bhaineann le hionadaíocht a dhéanamh ar na comhlachtaí idirnáisiúnta staidrimh, a ullmhú agus déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) iad a chomhordú.
Airteagal 11
Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh
In éagmais Gealltanas a fhoilsiú faoin 9 Meitheamh 2017, cuirfidh Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin agus foilseoidh sé tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chóid Chleachtais agus, i gcás inarb infheidhme, tuarascáil ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh i leith Gealltanas a bhunú. Déanfar na tuarascálacha ar dhul chun cinn sin a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil, gach dhá bhliain ar a laghad tar éis an dáta a bhfoilseofar don chéad uair iad.
Faoin 9 Meitheamh 2018 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na Gealltanais arna bhfoilsiú agus, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha ar dhul chun cinn.
Airteagal 12
Cáilíocht staidrimh
Chun cáilíocht na dtorthaí a ráthú, is ar bhonn caighdeán aonfhoirmeach agus ar bhonn modhanna comhchuibhithe a dhéanfar an Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Chuige sin, beidh feidhm ag na critéir cáilíochta seo a leanas:
“ábharthacht”, a thagraíonn don mhéid a chomhlíonann an staidreamh riachtanais reatha agus féideartha na n-úsáideoirí;
“cruinneas”, a thagraíonn do cé chomh gar is atá na meastacháin do na fíorluachanna anaithnide;
“tráthúlacht”, a thagraíonn don tréimhse idir fáil a bheith ar an bhfaisnéis agus an teagmhas nó an feiniméan a dtugann sí tuairisc air;
“poncúlacht”, a thagraíonn don aga moille idir dáta eisiúna na sonraí agus an spriocdháta (an dáta faoinar cheart na sonraí a bheith seachadta);
“inrochtaineacht” agus “soiléire”, a thagraíonn do na coinníollacha agus do na rialacha mionsonraithe lena bhféadfaidh úsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léirthuiscint;
“inchomparáideacht”, a thagraíonn don tomhas ar thionchar na ndifríochtaí i gcoincheapa, in uirlisí agus i nósanna imeachta tomhais an staidrimh fheidhmigh i gcás ina ndéantar comparáid ar staidreamh idir limistéir gheografacha, idir fearainn earnálacha nó in imeacht ama;
“comhchuibheas”, a thagraíonn dá leordhóthanaí atá na sonraí lena gcomhcheangal go hiontaofa ar bhealaí éagsula agus i gcomhair úsáidí éagsúla.
D'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach na critéir cháilíochta a leagtar síos i mír 1 ar na sonraí atá cumhdaithe ag reachtaíocht earnála sna réimsí sonracha staidrimh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta atá cumhdaithe ag reachtaíocht earnála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
CAIBIDIL III
STAIDREAMH EORPACH A THÁIRGEADH
Airteagal 13
An Clár Staidrimh Eorpach
Airteagal 14
Cur chun feidhme an Chláir Staidrimh Eorpaigh
Is trí ghníomhaíochtaí aonair staidrimh a chuirfear an Clár Staidrimh Eorpach chun feidhme, is gníomhaíochtaí arna gcinneadh:
ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle;
ag an gCoimisiún, i gcásanna sonracha, agus a mbeidh call cuí leo, go háirithe chun riachtanais nach mbeidh coinne leo a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na forálacha i mír 2; nó
trí chomhaontú idir na INSanna nó na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat), faoina réimsí inniúlachta faoi seach. Beidh comhaontuithe den sórt sin i scríbhinn.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh maidir le beart staidrimh a bheidh díreach agus sealadach ar choinníoll:
nach bhforálann an ghníomhaíocht do bhailiú sonraí a mbeidh níos mó ná trí bliana tagartha á gcuimsiú aige;
go bhfuil na sonraí ar fáil cheana nó go bhfuil rochtain orthu cheana laistigh d'INSanna nó de na húdaráis náisiúnta eile a bhfuil freagracht orthu, nó go bhféadfar na sonraí a fháil go díreach, trí na samplaí iomchuí a úsáid i mbreathnóireacht ar an tiomsú staidrimh daonra ar leibhéal an Aontais, le comhordú leordhóthanach le hINSanna nó leis na húdaráis náisiúnta eile; agus
go ndéanann an tAontas ranníocaíochtaí airgeadais le hINSanna agus leis na húdaráis náisiúnta eile chun go gcumhdófar na costais incriminteacha a thabhóidh siad, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
Agus gníomhaíocht a mbeidh cinneadh le déanamh maidir léi faoi mhír 1(a) nó mír (b) á tairiscint, cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil i dtaca leis na nithe seo a leanas:
na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt don ghníomhaíocht, go háirithe i bhfianaise aidhmeanna an bheartais Chomhphobail lena mbaineann;
cuspóirí na gníomhaíochta agus na torthaí a mbeifear ag súil leo;
anailís éifeachtachta costais, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais um tháirgeadh; agus
na slite ina mbeidh an ghníomhaíocht le cur i gcrích, lena n-áirítear ré na gníomhaíochta agus ról an Choimisiúin agus na mBallstát.
Airteagal 15
Líonraí comhoibríochta
Forbrófar sineirgíochtaí, nuair is féidir, sna gníomhaíochtaí staidrimh aonair, laistigh den CSE trí líonraí comhoibríochta, trí shaineolas agus torthaí a roinnt le chéile nó trí speisialtóireacht i gcúraimí sonracha a chothú. Forbrófar struchtúr airgeadais leordhóthanach chuige sin.
Cuirfear torthaí na ngníomhaíochtaí sin, amhail struchtúir chomhpháirteacha, agus uirlisí comhpháirteacha, próisis chomhpháirteacha agus modhanna comhpháirteacha ar fáil ar fud an CSE. Déanfaidh an Coiste CSE scrúdú ar na tionscnaimh maidir leis na líonraí comhoibríochta a chruthú chomh maith leis na torthaí a bheidh orthu.
Airteagal 16
Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh
I gcásanna sonracha a mbeidh call cuí leo agus faoi chuimsiú an Chláir Staidrimh Eorpaigh, is é atá d'aidhm ag an gCur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh:
uasmhéadú a dhéanamh ar infhaighteacht na gcomhiomlán staidrimh ar leibhéal na hEorpa agus feabhas a chur ar thráthúlacht an Staidrimh Eorpaigh.
laghdú a dhéanamh ar an ualach a bheidh ar na freagróirí agus ar an ualach a bheidh ar na INSanna agus ar na húdaráis náisiúnta eile is laghdú a bheidh bunaithe ar anailís éifeachtachta costais.
Ar na cásanna inarb ábhartha an Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh, áirítear an méid seo a leanas:
an Staidreamh Eorpach a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:
rannchuidithe náisiúnta neamhfhoilsithe nó sonraí náisiúnta ó fhothacar de Bhallstáit;
scéimeanna suirbhéireachta a cheapfar go sonrach;
páirtfhaisnéis trí theicníochtaí samhaltúcháin;
comhiomláin staidrimh a scaipeadh ar leibhéal na hEorpa trí theicníochtaí rialaithe sonracha maidir le nochtadh staidrimh a chur i bhfeidhm gan lagú a dhéanamh ar fhorálacha náisiúnta maidir le scaipeadh.
Airteagal 16a
Freagairt staidrimh ar riachtanais phráinneacha bheartais i ngéarchéimeanna
Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) scrúdú ar ghéarchéimeanna agus féadfaidh sé tabhairt faoi ghníomhaíochtaí práinneacha staidrimh de réir mar is iomchuí, faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
tá fíorghá leis chun freagairt ar riachtanais phráinneacha bheartais a eascraíonn as an ngéarchéim lena mbaineann tar éis sásraí éigeandála seanbhunaithe a ghníomhachtú i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, amhail Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle ( 3 ) nó gníomhartha dlí éigeandála eile de chuid an Aontais;
ní féidir freastal ar na riachtanais phráinneacha bheartais sin faoin gClár Staidrimh Eorpach.
Is é an Coimisiún (Eurostat) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh dá dtagraítear i mír 1 ar leibhéal an Aontais i ndlúthchomhar leis na ISNanna agus leis na húdaráis náisiúnta eile, agus féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh iontu:
Staidreamh Eorpach a tháirgeadh ar bhonn foinsí nua sonraí nó bailiú nua sonraí, agus an t-ualach ar fhreagróirí agus an éifeachtacht costais do na Ballstáit á gcur san áireamh;
táscairí nua staidrimh agus léargais a sholáthar ar bhonn sonraí atá ann cheana;
treoirlínte modheolaíochta a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh staidreamh ar fud na mBallstát a ndéanann an ghéarchéim difear dóibh inchomparáide agus comhsheasmhach;
gníomhaíocht chomhordaithe eile ar leibhéal an Aontais arb é is aidhm di freagairt staidrimh thráthúil agus ábhartha a thabhairt ar an staid shonrach.
Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh, cuirfear ranníocaíocht airgeadais ar fáil ó Chlár an Mhargaidh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) do na ISNanna agus do na húdaráis náisiúnta eile dá dtagraítear sa liosta a bhunaítear de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán seo chun na costais incriminteacha arna dtabhú de bharr chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí práinneacha staidrimh sin a chumhdach. Ina theannta sin, féadfaidh na ISNanna sin agus na húdaráis náisiúnta eile sin iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ó chláir airgeadais eile de is infheidhme chuid an Aontais i gcomhréir le rialacha clár den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit iarratas a dhéanamh freisin ar thacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ). Bunófar méid na ranníocaíochta airgeadais faoin bhfomhír seo i gcomhréir le rialacha an chláir cistiúcháin ábhartha, faoi réir an chistithe a bheith ar fáil, go háirithe i gcomhréir le rialacha an Chláir Staidrimh Eorpaigh.
Airteagal 17
Clár oibre bliantúil
Cuirfidh an Coimisiún a chlár oibre bliantúil faoi bhráid Choiste CSE faoin 30 Aibreán don bhliain ina dhiaidh sin.
Agus gach clár oibre bliantúil á ullmhú aige, áiritheoidh an Coimisiún go leagfar síos tosaíochtaí ar bhonn éifeachtach, lena n-áirítear an t-athbhreithniú agus an tuairisciú a dhéanfar ar thosaíochtaí staidrimh agus leithdháileadh acmhainní airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún barúlacha Choiste CSE san áireamh go lánmhaith. Is ar an gClár Staidrimh Eorpach a bheidh gach clár oibre bliantúil bunaithe, agus tabharfar le fios iontu, go háirithe:
na gníomhaíochtaí a mheasann an Coimisiún go bhfuil tosaíocht acu, agus riachtanais bheartais an Aontais, agus srianta airgeadais náisiúnta agus Aontais agus an t-ualach freagartha á gcur san áireamh;
tionscnaimh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar thosaíochtaí, lena n-áirítear tosaíochtaí diúltacha, agus an laghdú ar an ualach ar sholáthróirí sonraí agus ar tháirgeoirí staidrimh araon; agus
na nósanna imeachta agus aon ionstraimí dlí a bheartaíonn an Coimisiún chun an clár oibre bliantúil a chur chun feidhme.
Airteagal 17a
Sonraí riaracháin a rochtain, a úsáid agus a chomhtháthú chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh
Airteagal 17b
Oibleagáid ar shealbhóirí sonraí príobháideacha sonraí a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh
Beidh an bonneagar slán dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar theicneolaíochtaí atá ceaptha go sonrach chun Rialacháin (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) a chomhlíonadh.
Airteagal 17c
Iarrataí ar shonraí agus socruithe chun sonraí a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh
Agus sonraí á n-iarraidh acu i gcomhréir le hAirteagal 17b, déanfaidh na ISNanna nó an Coimisiún (Eurostat) an méid seo a leanas:
a shonrú cé na sonraí agus na meiteashonraí is gá;
an riachtanas staidrimh a shonrú a n-iarrtar na sonraí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17b(1);
an mhinicíocht lena bhfuil na sonraí le cur ar fáil agus na spriocdhátaí faoina bhfuil siad le cur ar fáil a shonrú;
na socruithe oibríochtúla a shonrú chun na sonraí a chur ar fáil.
Mura dtugtar comhaontú dá dtagraítear i mír 3 i gcrích laistigh de 3 mhí tar éis fógra a thabhairt faoin iarraidh ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 nó mura gcomhlíonann an sealbhóir sonraí príobháideach an comhaontú:
nuair atá na sonraí iarrtha ag an ISN, féadfaidh sé an dara hiarraidh a eisiúint don sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí a chur ar fáil laistigh de spriocdháta sonrach agus cuirfidh an sealbhóir sonraí príobháideacha na sonraí ábhartha ar fáil laistigh den spriocdháta sin;
nuair atá na sonraí iarrtha ag an gCoimisiún (Eurostat), féadfaidh sé cinneadh a ghlacadh chun a cheangal ar an sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí a chur ar fáil laistigh de thréimhse nach giorra ná 15 lá féilire agus ansin cuirfidh an sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí ábhartha ar fáil don Choimisiún (Eurostat) laistigh den spriocdháta a shonraítear ann.
Beidh feidhm ag mír 1 maidir le cinneadh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Le cinneadh den sórt sin, cuirfear san áireamh ann saincheisteanna ar thángthas ar aon aigne fúthu, b’fhéidir, le linn an idirphlé leis an sealbhóir sonraí príobháideach. Sonrófar ann freisin an spriocdháta don sealbhóir sonraí príobháideach chun a fhreagra a thíolacadh, an spriocdháta don sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí a chur ar fáil, na fíneálacha dá bhforáiltear faoi mhír 6 a fhéadfar a chur i bhfeidhm mura soláthraítear na sonraí in am, agus na modhanna sásaimh in aghaidh an chinnidh.
Airteagal 17d
Athbhreithniú ar chinntí lena bhforchuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh fíneálacha
I gcomhréir le hAirteagal 261 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha. Féadfaidh sí an fhíneáil a forchuireadh a chealú, a laghdú nó a mhéadú.
Airteagal 17e
Oibleagáidí ISNanna, údarás náisiúnta eile agus an Choimisiúin (Eurostat) maidir le húsáid a bhaint as sonraí a chuireann sealbhóirí sonraí príobháideacha ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh
Úsáidfidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) na sonraí a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 17b chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh:
go heisiach chun críoch staidrimh;
i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2(1); agus
i gcomhréir leis an oibleagáid gan na sonraí a chomhroinnt lasmuigh de CSE ach amháin má tá sé comhaontaithe ag an sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí sin a chomhroinnt.
Déanfaidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) an méid seo a leanas:
bearta iomchuí a dhéanamh chun rúndacht staidrimh agus rúin trádála a chosaint;
bearta teicniúla agus eagraíochtúla lena gcosnaítear cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chur chun feidhme a mhéid is gá sonraí pearsanta a phróiseáil.
Airteagal 17f
Comhroinnt sonraí neamhrúnda in CSE agus idir CSE agus CEBC
CAIBIDIL IIIa
FORBAIRT AN STAIDRIMH EORPAIGH
Airteagal 17g
Staidreamh atá á fhorbairt
CAIBIDIL IV
SCAIPEADH AN STAIDRIMH EORPAIGH
Airteagal 18
Bearta maidir le scaipeadh
Airteagal 19
Comhaid le haghaidh úsáid an phobail
Féadfar sonraí maidir le haonaid aonair staidrimh a scaipeadh i bhfoirm comhaid le haghaidh úsáid an phobail ina mbeidh taifid a mbeidh an fhaisnéis phearsanta curtha ó aithne agus a bheidh ullmhaithe ar shlí ionas nach bhféadfar an t-aonad staidrimh a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, nuair a chuirtear na modhanna ábhartha go léir a d'fhéadfadh tríú páirtí a úsáid go réasúnta san áireamh.
Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) ní foláir formheas sonrach an INS nó an údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí a fháil.
CAIBIDIL V
RÚNDACHT STAIDRIMH
Airteagal 20
Cosaint sonraí rúnda
Maidir le torthaí staidrimh lena bhféadfaí aonad staidrimh a shainaithint, féadfaidh na INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) iad a scaipeadh sna cásanna eisceachtúla seo a leanas:
i gcás ina gcinntear coinníollacha agus rialacha mionsonraithe sonracha le gníomh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh, agus ina leasaítear na torthaí staidrimh ar shlí nach ndéanfaidh a scaipeadh dochar do rúndacht staidrimh cibé uair a mbeidh an t-aonad staidrimh tar éis a iarraidh amhlaidh; nó
i gcás ina mbeidh an t-aonad staidrimh tar éis toiliú go soiléir le nochtadh na sonraí.
Déanfaidh na INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat), faoina réimsí inniúlachta faoi seach, na bearta uile rialúcháin, riaracháin, teicniúla agus eagraíochta is gá chun cosaint fhisiceach agus cosaint loighiciúil sonraí rúnda a áirithiú (Rialú ar Nochtadh Staidrimh).
Glacfaidh INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) na bearta uile is gá chun go n-áiritheofar ailíniú na bprionsabal agus na dtreoirlínte maidir le cosaint fhisiceach agus cosaint loighiciúil sonraí rúnda. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar ailíniú den sórt sin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gan an Rialachán seo a fhorlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
Airteagal 21
Tarchur sonraí rúnda
Airteagal 22
Cosaint sonraí rúnda sa Choimisiún (Eurostat)
Airteagal 23
Rochtain ar shonraí rúnda chun críoch taighde
Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), na ISNanna nó na húdaráis náisiúnta eile, faoina réimsí inniúlachta faoi seach, rochtain ar shonraí rúnda, lena n-áirítear sonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí príobháideacha, ar sonraí iad nach bhféadfar na haonaid staidrimh a shainaithint leo ach amháin go hindíreach, a dheonú do thaighdeoirí a dhéanann anailísí staidrimh chun críoch eolaíoch. Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat), is gá formheas a fháil ón ISN nó ón údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe, na rialacha agus na coinníollacha maidir le rochtain ar leibhéal an Aontais a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
Chun críocha an Rialacháin seo, cumhdófar le críocha taighde gníomhaíochtaí taighde amhail forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh, taighde bunúsach agus taighde feidhmeach.
▼M1 —————
Airteagal 25
Sonraí atá ar fáil go poiblí
Ní mheasfar gur sonraí rúnda iad sonraí atá ar fáil go dleathach don phobal agus a leanann de bheith ar fáil don phobal de bhun an dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais, nuair a úsáidtear iad chun críoch staidrimh nó chun staidreamh a fhaightear ó shonraí den sórt sin a scaipeadh. Áireofar ar shonraí den sórt sin go háirithe sonraí maidir le príomh-shaintréithe cuideachtaí aonair mar a liostaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún ( 12 ).
Airteagal 26
Sárú ar rúndacht staidrimh
Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun cosc a chur ar aon sárú ar an rúndacht staidrimh agus pionóis a ghearradh i leith sáruithe dá leithéid. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 26a
Rannchuidiú le creataí náisiúnta rialachais sonraí
Airteagal 27
Nós imeachta coiste
Airteagal 27a
Measúnú agus athbhreithniú
Faoin 27 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoina phríomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa mheastóireacht, déanfar go háirithe measúnú ar an méid seo a leanas:
an fhreagairt staidrimh ar ghéarchéim faoi Airteagal 16a;
an oibleagáid atá ar shealbhóirí sonraí príobháideacha cead a thabhairt a gcuid sonraí a úsáid le haghaidh Staidreamh Eorpach i gcomhréir le hAirteagail 17b, 17c, 17d agus 17e;
an chomhroinnt sonraí in CSE faoi Airteagal 17f;
Staidreamh Eorpach a fhorbairt faoi Chaibidil IIIa.
Airteagal 28
Aisghairm
Aisghairtear leis seo Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Déanfar tagairtí don Rialachán atá aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Déanfar tagairtí don Choiste um Rúndacht Staidrimh a bunaíodh faoin Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste CSE arna bhunú le hAirteagal 7 den Rialachán seo.
Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 322/97.
Déanfar tagairtí don Rialachán atá aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Aisghairtear leis seo Cinneadh 89/382/CEE, Euratom.
Déanfar tagairtí don Choiste um an gClár Staidrimh a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste CSE arna bhunú le hAirteagal 7 den Rialachán seo.
Airteagal 29
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Cinneadh Uimh. 235/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Bord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach (IO L 73, 15.3.2008, lch. 17).
( 2 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
( 3 ) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28).
( 4 ) Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don Staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).
( 5 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
( 6 ) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
( 7 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
( 8 ) Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí) (IO L, 2023/2854, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj).
( 9 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
( 10 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag forais, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
( 11 ) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
( 12 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid (IO L 19, 20.1.2023, lch. 43).
( 13 ) Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).
( 14 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).