Eureka 02009R0223-20241226 Sign in

02009R0223 — GA — 26.12.2024 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 223/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2009

maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

(IO L 087 31.3.2009, lch. 164)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2015/759 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 29 Aibreán 2015

  L 123

90

19.5.2015

►M2

RIALACHÁN (AE) 2024/3018 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 27 Samhain 2024

  L 3018

1

6.12.2024




▼B

RIALACHÁN (CE) Uimh. 223/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2009

maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus Raon Feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo réim dlíthiúil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

I gcomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta agus i gcomhréir le neamhspleáchas, le hiontaofacht agus le cuntasacht na n-údarás náisiúnta agus Comhphobail, is éard is Staidreamh Eorpach ann staidreamh ábhartha a bhfuil gá leis chun gníomhaíochtaí an Chomhphobail a chur i gcrích. Cinntear an Staidreamh Eorpach sa Chlár Staidrimh Eorpach. Forbrófar, táirgfear agus scaipfear an staidreamh sin i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 285(2) den Chonradh agus a dhéantar iad a fhorbairt tuilleadh sa Chód Cleachtais don Staidreamh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 11. Cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Prionsabail Staidrimh

1.  

Rialófar forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh de réir na bprionsabal staidrimh seo a leanas:

▼M1

(a) 

“neamhspleáchas gairmiúil”, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí neamhspleách, go háirithe maidir le roghnú teicníochtaí, sainmhínithe, modheolaíochtaí agus foinsí a bheidh le húsáid, agus uainiú agus inneachar i leith na bhfoirmeacha uile maidir le scaipeadh a dhéanamh, agus go bhfuil cur i gcrích na gcúraimí sin saor ó aon bhrú ó ghrúpaí polaitiúla, ó ghrúpaí sainleasa, ó údaráis náisiúnta nó ó údaráis an Aontais;

▼B

(b) 

“neamhchlaontacht”, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí neodrach, agus nach foláir go gcaitear go comhionann le gach aon úsáideoir;

(c) 

“oibiachtúlacht”, arb é atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar shlí chórasach, iontaofa agus neamhchlaonta; tuigtear leis sin go mbainfear úsáid as caighdeáin ghairmiúla agus eitice, agus go mbeidh na beartais agus na cleachtais a leanfar trédhearcach d'úsáideoirí agus do fhreagróirí na suirbhéanna;

(d) 

“iontaofacht”, is é atá i gceist leis sin nach foláir go dtomhasfadh an staidreamh ar bhealach atá chomh dílis, chomh cruinn agus chomh comhleanúnach agus is féidir, an réaltacht is cóir dóibh a léiriú; tuigtear leis sin go n-úsáidtear critéir eolaíochta chun foinsí, modhanna agus nósanna imeachta a roghnú;

(e) 

“rúndacht staidrimh”, is é atá i gceist leis sin cosaint sonraí rúnda a bhaineann le haonaid staidrimh ar leith a fhaightear go díreach chun críocha staidrimh nó go hindíreach ó fhoinsí riaracháin nó ó fhoinsí eile; tuigtear leis sin go mbeidh toirmeasc ar úsáid na sonraí a fhaightear chun críocha nach críocha staidrimh iad agus ar na sonraí sin a nochtadh go neamhdhleathach;

(f) 

“éifeachtacht costais”, is é atá i gceist leis sin nach foláir don chostas a bhaineann le táirgeadh staidrimh a bheith cionmhar le tábhacht na dtorthaí agus na dtairbhí a lorgaítear, go gcaithfear na hacmhainní a úsáid go barrmhaith agus an t-ualach freagartha a íoslaghdú. Beidh sé éasca, i gcás inar féidir, an fhaisnéis a iarrfar a bhaint ó na taifid nó na foinsí a bheidh ar fáil.

Tá na prionsabail staidrimh a leagtar amach sa mhír seo foirmhínithe sa Chód Cleachtais i gcomhréir le hAirteagal 11.

2.  
Cuirfear san áireamh na moltaí agus an sár-chleachtas idirnáisiúnta, agus Staidreamh Eorpach á fhorbairt, á tháirgeadh agus á scaipeadh.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “staidreamh” faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil, chomhiomlánaithe agus ionadaíoch a léiríonn feiniméan comhchoiteann i bpobal a bhreithnítear;

(2) 

ciallaíonn “forbairt” na gníomhaíochtaí atá dírithe ar na modhanna staidrimh, na caighdeáin staidrimh agus na nósanna imeachta staidrimh a úsáidtear i dtáirgeadh agus i scaipeadh staidrimh a bhunú, a neartú agus a fheabhsú mar aon le staidreamh agus le táscairí nua a cheapadh;

(3) 

ciallaíonn “táirgeadh” na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le bailiú, le stóráil, le próiseáil agus le hanailísiú, atá riachtanach chun staidreamh a thiomsú;

(4) 

ciallaíonn “scaipeadh” an ghníomhaíocht lena ndéantar staidreamh agus anailís ar staidreamh inrochtana d'úsáideoirí;

▼M2

(4a) 

ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach nó neamhdhigiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin maidir leis na haonaid a breathnaítear;

(4b) 

ciallaíonn “meiteashonraí” aon fhaisnéis lena sainítear sonraí agus próisis agus lena dtugtar tuairisc ar shonraí agus ar phróisis;

(4c) 

ciallaíonn “sealbhóir sonraí” duine dlítheanach nó nádúrtha nó aon eintiteas eile ag a bhfuil sé de cheart, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme, agus ag a bhfuil an cumas sonraí a fhaightear mar thoradh ar a ngníomhaíocht a bhainistiú agus a chur ar fáil;

▼B

(5) 

ciallaíonn “bailiú staidrimh” suirbhéanna agus gach modh eile chun faisnéis a fháil ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear foinsí riaracháin;

▼M2

(5a) 

ciallaíonn “foinse sonraí” foinse lena soláthraítear sonraí is ábhartha agus is gá, iontu féin nó i gcomhcheangal le sonraí ó fhoinsí eile, chun staidreamh a fhorbairt agus a tháirgeadh, lena n-áirítear suirbhéanna, daonáirimh, sonraí riaracháin nó sonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí arna iarraidh sin dóibh;

(5b) 

ciallaíonn “rochtain ar shonraí” an phróiseáil a dhéanann institiúid náisiúnta staidrimh nó údaráis náisiúnta eile nó an Coimisiún (Eurostat) ar shonraí arna soláthar nó arna gcur ar fáil ag sealbhóir sonraí, i gcomhréir le ceanglais shonracha theicniúla, dhlíthiúla nó eagraíochtúla;

▼B

(6) 

ciallaíonn “aonad staidrimh” an bunaonad breathnóireachta, eadhon duine nádúrtha, teaghlach, oibreoir eacnamaíoch agus gnóthais eile, a dtagraíonn na sonraí dó;

(7) 

ciallaíonn “sonraí rúnda” sonraí lena bhféadtar aonaid staidrimh a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, agus ar an dóigh sin faisnéis faoi dhuine aonair a nochtadh. D'fhonn a chinneadh cibé acu an bhfuil aonad staidrimh insainaitheanta nó nach bhfuil, cuirfear san áireamh na modhanna ábhartha uile a d'fhéadfadh tríú páirtí a úsáid go réasúnta chun an t-aonad staidrimh a shainaithint;

▼M2

(8) 

ciallaíonn “úsáid chun críoch staidrimh” úsáid eisiach ag údaráis staidrimh chun torthaí agus anailísí staidrimh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus eolaíocha, nó chun creataí samplála a bhunú;

▼B

(9) 

ciallaíonn “sainaithint dhíreach” aonad staidrimh a shainaithint óna ainm nó óna sheoladh, nó ó uimhir aitheantais atá inrochtana go poiblí;

(10) 

ciallaíonn “sainaithint indíreach” aonad staidrimh a shainaithint trí mhodh ar bith eile seachas trí shainaithint dhíreach;

(11) 

ciallaíonn “oifigigh an Choimisiúin (Eurostat)” oifigigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 1 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, atá ag obair san údarás staidrimh Comhphobail;

(12) 

ciallaíonn “foireann eile de chuid an Choimisiúin (Eurostat)” seirbhísigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 2 go hAirteagal 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, atá ag obair san údarás staidrimh Comhphobail.

CAIBIDIL II

RIALACHAS STAIDRIMH

Airteagal 4

An Córas Staidrimh Eorpach

Is comhpháirtíocht é an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) idir údárás staidrimh an Chomhphobail, arb é an Coimisiún (Eurostat), agus na hInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna), agus na húdaráis náisiúnta eile i ngach Ballstát atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Airteagal 5

Institiúidí Náisiúnta Staidrimh agus údaráis náisiúnta eile

▼M1

1.  
Gníomhóidh an t-údarás náisiúnta staidrimh a ainmneoidh gach Ballstát mar an comhlacht a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí uile ar an leibhéal náisiúnta maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, a chinntear sa Chlár Staidrimh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 1, (INS) i dtaca leis seo mar an t-aon phointe teagmhála don Choimisiún (Eurostat) maidir le hábhair staidrimh.

Cumhdóidh freagracht chomhordaithe INS gach údarás náisiúnta eile a bheidh freagrach as forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh, a chinntear sa Chlár Staidrimh Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 1. Go háirithe, beidh INS freagrach ar an leibhéal náisiúnta as clárú agus tuairisciú staidrimh, faireachán ar cháilíocht, modheolaíocht, tarchur sonraí agus cumarsáid faoi bhearta staidrimh CSE a chomhdordú. Sa mhéid go bhféadfaidh na Bainc Cheannais Náisiúnta (BCNanna) roinnt den Staidreamh Eorpach sin a thiomsú ina gcáil mar chomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), beidh dlúthchomhar idir INSanna agus BCNanna i gcomhréir le socruithe náisiúnta d'fhonn táirgeadh Staidrimh Eorpaigh ar bhealach iomlán agus comhtháite a áirithiú, agus an comhar riachtanach idir CSE agus CEBC mar a leagtar amach in Airteagal 9 á áirithiú ag an am céanna.

▼B

2.  
Coimeádfaidh an Coimisiún (Eurostat) liosta de na INSanna agus d'údaráis náisiúnta eile atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh de réir mar a ainmneoidh na Ballstáit iad, agus foilseoidh sé ar a láithreán gréasáin é.
3.  
Féadfaidh na INSanna agus na húdaráis náisiúnta eile a bheidh ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo deontais a fháil gan glao ar thairiscintí a bheith ann, i gcomhréir le hAirteagal 168(1)(d) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002.

▼M1

Airteagal 5a

Ceannairí INSanna agus ceannairí staidrimh údarás náisiúnta eile

1.  
Laistigh dá gcóras staidrimh náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit neamhspleáchas gairmiúil na n-oifigeach atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.
2.  

Chuige sin, déanfaidh ceannairí INSanna an méid seo a leanas:

(a) 

beidh an fhreagracht aonair orthu as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n-eisiúintí staidrimh agus na bhfoilseachán le haghaidh Staidreamh Eorpach arna bhforbairt, arna dtáirgeadh agus arna scaipeadh ag INS;

(b) 

cumhachtófar dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le gach ábhar a bhaineann le bainistíocht inmheánach INS;

(c) 

gníomhóidh siad ar bhealach neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a gcuid cúraimí staidrimh; agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon rialtas ná institiúid, comhlacht, oifig ná eintiteas eile;

(d) 

beidh siad freagrach as gníomhaíochtaí staidrimh INS agus cur i bhfeidhm bhuiséad INS;

(e) 

foilseoidh siad tuarascáil bhliantúil agus féadfaidh siad barúlacha a chur in iúl maidir le saincheisteanna a bhaineann le leithdháileadh an bhuiséid i ndáil le gníomhaíochtaí staidrimh INS;

(f) 

déanfaidh siad comhordú ar ghníomhaíochtaí staidrimh gach údaráis náisiúnta atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1);

(g) 

déanfaidh siad treoirlínte náisiúnta a tháirgeadh, i gcás inar gá sin chun cáilíocht a áirithiú i bhforbairt, táirgeadh agus scaipeadh an Staidrimh Eorpaigh uile laistigh dá gcórais náisiúnta staidrimh agus déanfaidh siad faireachán agus athbhreithniú ar chur chun feidhme an staidrimh sin; agus ag an am céanna beidh siad freagrach, as comhlíonadh na dtreoirlínte sin a áirithiú, laistigh d'INS amháin; agus

(h) 

déanfaidh siad ionadaíocht thar ceann a gcóras náisiúnta staidrimh laistigh de CSE.

3.  
Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta eile atá freagrach as forbairt, táirgeadh agus scaipeadh an Staidrimh Eorpaigh na cúraimí sin a chur i gcrích i gcomhréir leis na treoirlínte náisiúnta arna dtáirgeadh ag ceannaire INS.
4.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta chun ceannairí INSanna agus, i gcás inarb iomchuí, ceannairí staidrimh ar údaráis náisiúnta eile a tháirgeann Staidreamh Eorpach a earcú agus a cheapadh trédhearcach agus go mbeidh siad bunaithe ar chritéir ghairmiúla amháin. Áireofar leis na nósanna imeachta sin go ndéanfar prionsabal an chomhionannais deiseanna a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinscne. Maidir leis na cúiseanna le ceannairí INSanna a bhriseadh as a bpoist nó iad a aistriú chuig poist eile, ní bhainfidh siad an bonn don neamhspleáchas gairmiúil.
5.  
Féadfaidh gach Ballstát comhlacht náisiúnta a bhunú lena áirithiú go dtabharfar neamhspleáchas gairmiúil do tháirgeoirí Staidrimh Eorpaigh. Féadfaidh ceannairí INSanna agus, i gcás inarb iomchuí, ceannairí staidrimh údarás náisiúnta eile a tháirgeann Staidreamh Eorpach comhairle a fháil ó na comhlachtaí sin. Beidh na nósanna imeachta chun comhaltaí na gcomhlachtaí sin a earcú, a aistriú agus a bhriseadh as a bpoist trédhearcach agus is ar chritéir ghairmiúla amháin a bhunófar iad. Áiritheoidh na nósanna imeachta sin go ndéanfar prionsabal an chomhionannais deiseanna a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinscne.

▼B

Airteagal 6

An Coimisiún (Eurostat)

1.  
“An Coimisiún (Eurostat)” a ghairfear sa Rialachán seo den údarás staidrimh Comhphobail a ainmneoidh an Coimisiún chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

▼M1

2.  
Ag gníomhú dó go neamhspleách, áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat), ar leibhéal an Aontais, go dtáirgfear Staidreamh Eorpach de réir na rialacha agus na bprionsabal staidrimh atá bunaithe.
3.  
Gan dochar d'Airteagal 5 de Phrótacal Uimh 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) comhordú ar ghníomhaíochtaí staidrimh institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe d'fhonn comhsheasmhacht agus cáilíocht na sonraí a áirithiú agus an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) cuireadh a thabhairt d'aon institiúid nó d'aon chomhlacht de chuid an Aontais dul i gcomhairle nó i gcomhar leis d'fhonn modhanna agus córais a fhorbairt chun críocha staidrimh ina réimse inniúlacht faoi seach. Rachaidh aon cheann de na hinstitiúidí nó de na comhlachtaí sin a thograíonn staidreamh a tháirgeadh i gcomhairle leis an gCoimisiún (Eurostat) agus cuirfear aon mholadh a d'fhéadfadh sé a dhéanamh chuige sin san áireamh.

▼M1

Airteagal 6a

Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin (Eurostat)

1.  
Is é Eurostat údarás staidrimh an Aontais agus Ard-Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin. Beidh Ard-Stiúrthóir i gceannas air.
2.  
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an nós imeachta chun Ard-Stiúrthóir Eurostat a earcú trédhearcach agus go mbeidh sé bunaithe ar chritéir ghairmiúla amháin. Áireofar leis an nós imeachta go ndéanfar prionsabal an chomhionannais deiseanna a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinscne.
3.  
Is ar an Ard-Stiúrthóir amháin a bheidh freagracht aonair as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n-eisiúintí staidrimh agus na bhfoilseachán a bhaineann leis an staidreamh ar fad arna tháirgeadh ag Eurostat. Agus na cúraimí staidrimh sin á ndéanamh aige, gníomhóidh an tArd-Stiúrthóir ar bhealach neamhspleách agus ní lorgóidh sé ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile.
4.  
Is é Ard-Stiúrthóir Eurostat a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí staidrimh Eurostat. I gcreat an idirphlé staidrimh, agus díreach tar éis an duine a bheith ceaptha ag an gCoimisiún agus, ina dhiaidh sin, go bliantúil, tiocfaidh Ard-Stiúrthóir Eurostat os comhair choiste ábhartha Pharlaimint na hEorpa chun plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le rialachas staidrimh, le modheolaíocht agus le nuálaíocht staidrimh. Foilseoidh Ard-Stiurthóir Eurostat tuarascáil bhliantúil.

▼B

Airteagal 7

An Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach

1.  
Bunaítear leis seo an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (an Coiste CSE). Cuirfidh sé treoir ghairmiúil ar fáil don CSE maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, is treoir a bheidh ag teacht leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2(1).
2.  
Beidh an Coiste CSE comhdhéanta d'ionadaithe ó na INSanna is speisialtóirí náisiúnta don staidreamh. Is é an Coimisiún (Eurostat) a dhéanfaidh cathaoirleacht air.
3.  
Glacfaidh an Coiste CSE a chuid rialacha nós imeachta, rud a thabharfaidh léargas ar a chuid cúraimí.
4.  

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste CSE i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) 

na bearta atá faoin gCoimisiún a ghlacadh maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, an t-údar maith a bheidh leis an staidreamh ar bhonn éifeachtachta costais, na modhanna agus na tráthchláir chun na bearta sin a bhaint amach, an t-ualach freagartha ar fhreagróirí na suirbhéanna;

(b) 

na forbairtí agus na tosaíochtaí atá beartaithe sa Chlár Staidrimh Eorpach;

(c) 

tionscnaimh chun tosaíochtaí maidir leis an ualach freagartha a athrú agus maidir leis an t-ualach freagartha a íoslaghdú a chur i ngníomh;

(d) 

saincheisteanna a bhaineann le rúndacht staidrimh;

(e) 

an Cód Cleachtais a fhorbairt tuilleadh; agus

(f) 

aon cheist eile, go háirithe saincheisteanna modheolaíochta, a eascraíonn as cláir staidrimh a bhunú nó ar a chur chun feidhme, ar ceisteanna iad a dtarraingeoidh an Cathaoirleach aird orthu, cibé ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát.

Airteagal 8

Comhar le comhlachtaí eile

Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Staidreamh Eorpach agus leis an mBord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 9

Comhar leis an CEBC

Chun an t-ualach tuairiscithe a íoslaghdú agus chun an comhleanúnachas is gá chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh a áirithiú, beidh dlúthchomhar idir an CSE agus an CEBC, agus na prionsabail staidrimh a leagtar síos in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh acu an tráth céanna.

Airteagal 10

Comhar idirnáisiúnta

Gan dochar do sheasamh Ballstáit aonair ná dá ról, déanfaidh an Coiste CSE seasamh an CSE maidir le saincheisteanna atá ábhartha go sonrach do Staidreamh Eorpach ar an leibhéal idirnáisiúnta, mar aon leis na socruithe sainiúla a bhaineann le hionadaíocht a dhéanamh ar na comhlachtaí idirnáisiúnta staidrimh, a ullmhú agus déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) iad a chomhordú.

Airteagal 11

Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh

1.  
Beidh sé d'aidhm ag an gCód Cleachtais muinín an phobail sa Staidreamh Eorpach a áirithiú tríd an dóigh ina ndéanfar forbairt, táirgeadh agus scaipeadh ar an Staidreamh Eorpach a shuíomh i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus leis an sár-chleachtas staidrimh ar bhonn idirnáisiúnta.
2.  
Déanfaidh an Coiste CSE an Cód Cleachtais a athbhreithniú agus a uasdátú de réir mar is gá. Foilseoidh an Coimisiún leasuithe ar an gCód Cleachtais sin.

▼M1

3.  
Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach beart is gá chun muinín sa Staidreamh Eorpach a choimeád. Chuige sin, le “Gealltanais maidir le Muinín as Staidreamh” (na Gealltanais) ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, díreofar tuilleadh ar a áirithiú go mbeidh muinín ag an bpobal as an Staidreamh Eorpach agus díreofar ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme phrionsabail an staidrimh atá sa Chód Cleachtais. Áireofar ar na Gealltanais gealltanais shonracha beartais lena gcuirfear feabhas, de réir mar is gá, ar na coinníollacha a bhaineann leis an gCód Cleachtais a chur chun feidhme nó lena ndéanfar iad a chothabháil agus foilseofar iad in éineacht le hachoimre do na saoránaigh.
4.  
Maidir leis na Gealltanais ag na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta orthu ar bhonn tuarascálacha bliantúla a sheolfaidh na Ballstáit agus tabharfar cothrom le dáta iad de réir mar is gá.

In éagmais Gealltanas a fhoilsiú faoin 9 Meitheamh 2017, cuirfidh Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin agus foilseoidh sé tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chóid Chleachtais agus, i gcás inarb infheidhme, tuarascáil ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh i leith Gealltanas a bhunú. Déanfar na tuarascálacha ar dhul chun cinn sin a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil, gach dhá bhliain ar a laghad tar éis an dáta a bhfoilseofar don chéad uair iad.

Faoin 9 Meitheamh 2018 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na Gealltanais arna bhfoilsiú agus, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha ar dhul chun cinn.

5.  
Déanfaidh an Bord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach (ESGAB) faireachán rialta ar an nGealltanas arna bhunú ag an gCoimisiún. An measúnú a dhéanann ESGAB ar chur chun feidhme an Ghealltanais, déanfar é a áireamh sa tuarascáil bhliantúil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 235/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ). Tabharfaidh ESGAB tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme an Ghealltanais faoin 9 Meitheamh 2018.

▼B

Airteagal 12

Cáilíocht staidrimh

1.  

Chun cáilíocht na dtorthaí a ráthú, is ar bhonn caighdeán aonfhoirmeach agus ar bhonn modhanna comhchuibhithe a dhéanfar an Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Chuige sin, beidh feidhm ag na critéir cáilíochta seo a leanas:

(a) 

“ábharthacht”, a thagraíonn don mhéid a chomhlíonann an staidreamh riachtanais reatha agus féideartha na n-úsáideoirí;

(b) 

“cruinneas”, a thagraíonn do cé chomh gar is atá na meastacháin do na fíorluachanna anaithnide;

(c) 

“tráthúlacht”, a thagraíonn don tréimhse idir fáil a bheith ar an bhfaisnéis agus an teagmhas nó an feiniméan a dtugann sí tuairisc air;

(d) 

“poncúlacht”, a thagraíonn don aga moille idir dáta eisiúna na sonraí agus an spriocdháta (an dáta faoinar cheart na sonraí a bheith seachadta);

(e) 

“inrochtaineacht” agus “soiléire”, a thagraíonn do na coinníollacha agus do na rialacha mionsonraithe lena bhféadfaidh úsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léirthuiscint;

(f) 

“inchomparáideacht”, a thagraíonn don tomhas ar thionchar na ndifríochtaí i gcoincheapa, in uirlisí agus i nósanna imeachta tomhais an staidrimh fheidhmigh i gcás ina ndéantar comparáid ar staidreamh idir limistéir gheografacha, idir fearainn earnálacha nó in imeacht ama;

(g) 

“comhchuibheas”, a thagraíonn dá leordhóthanaí atá na sonraí lena gcomhcheangal go hiontaofa ar bhealaí éagsula agus i gcomhair úsáidí éagsúla.

▼M1

2.  
Féadfar riachtanais shonracha i dtaca le cáilíocht, amhail spriocluachanna agus íoschaighdeáin don táirgeadh staidrimh, a leagan síos freisin sa reachtaíocht earnála.

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach na critéir cháilíochta a leagtar síos i mír 1 ar na sonraí atá cumhdaithe ag reachtaíocht earnála sna réimsí sonracha staidrimh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta atá cumhdaithe ag reachtaíocht earnála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

3.  
Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) na tuarascálacha maidir le cáilíocht na sonraí arna dtarchur, lena n-áirítear aon ábhair lena gcuirfear imní orthu maidir le cruinneas na sonraí. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar bhonn anailís iomchuí, agus déanfaidh sé tuarascálacha agus teachtaireachtaí a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh.

▼M1

4.  
Ar mhaithe le trédhearcacht, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcás inarb iomchuí, a mheasúnú ar cháilíocht na rannchuidithe náisiúnta leis an Staidreamh Eorpach a phoibliú.
5.  
I gcás ina ndéantar foráil i reachtaíocht earnála d'fhíneálacha a ghearradh i gcásanna ina gcuireann Ballstáit mífhaisnéis faoi shonraí staidrimh in iúl, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na Conarthaí agus le reachtaíocht earnála den sórt sin, imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh, de réir mar is gá, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireacht ar an láthair d'fhonn a shuí ar cuireadh mífhaisnéis den sórt sin in iúl d'aonghnó, an mífhaisnéis thromchúiseach í nó an raibh mórfhaillí i gceist léi.

▼B

CAIBIDIL III

STAIDREAMH EORPACH A THÁIRGEADH

Airteagal 13

An Clár Staidrimh Eorpach

▼M1

1.  
Leis an gClár Staidrimh Eorpach soláthrófar an creat chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus leagfar amach ann príomhréimsí agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe do thréimhse a chomhfhreagraíonn do thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é a ghlacadh. Déanfar a thionchar agus a éifeachtacht costais a mheasúnú agus leas á bhaint as ionchur ó shaineolaithe neamhspleácha.

▼B

2.  
Leagfar síos sa Chlár Staidrimh Eorpach tosaíochtaí maidir leis na riachtanais i leith faisnéise d'fhonn gníomhaíochtaí an Chomhphobail a chur i gcrích. Meáfar na riachtanais sin le hais na n-acmhainní sin a mbeidh gá leo ar leibhéal an Chomhphobail agus ar an leibhéal náisiúnta chun an staidreamh is gá a sholáthar, agus freisin le hais an ualaigh fhreagartha agus le hais chostais ghaolmhara an fhreagróra.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún tionscnaimh a thabhairt isteach d'fhonn tosaíochtaí a leagan síos agus an t-ualach freagartha maidir leis an gClár Staidrimh Eorpach nó cuid de a laghdú.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún dréacht an Chláir Staidrimh Eorpaigh a chur faoi bhráid an Choiste CSE chun go ndéanfaí réamhscrúdú air.
5.  
Maidir le gach Clár Staidrimh Eorpach, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste CSE, tuarascáil eatramhach ar dhul chun cinn agus tuarascáil meastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle iad.

Airteagal 14

Cur chun feidhme an Chláir Staidrimh Eorpaigh

1.  

Is trí ghníomhaíochtaí aonair staidrimh a chuirfear an Clár Staidrimh Eorpach chun feidhme, is gníomhaíochtaí arna gcinneadh:

(a) 

ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle;

(b) 

ag an gCoimisiún, i gcásanna sonracha, agus a mbeidh call cuí leo, go háirithe chun riachtanais nach mbeidh coinne leo a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na forálacha i mír 2; nó

(c) 

trí chomhaontú idir na INSanna nó na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat), faoina réimsí inniúlachta faoi seach. Beidh comhaontuithe den sórt sin i scríbhinn.

▼M1

2.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh maidir le beart staidrimh a bheidh díreach agus sealadach ar choinníoll:

(a) 

nach bhforálann an ghníomhaíocht do bhailiú sonraí a mbeidh níos mó ná trí bliana tagartha á gcuimsiú aige;

(b) 

go bhfuil na sonraí ar fáil cheana nó go bhfuil rochtain orthu cheana laistigh d'INSanna nó de na húdaráis náisiúnta eile a bhfuil freagracht orthu, nó go bhféadfar na sonraí a fháil go díreach, trí na samplaí iomchuí a úsáid i mbreathnóireacht ar an tiomsú staidrimh daonra ar leibhéal an Aontais, le comhordú leordhóthanach le hINSanna nó leis na húdaráis náisiúnta eile; agus

(c) 

go ndéanann an tAontas ranníocaíochtaí airgeadais le hINSanna agus leis na húdaráis náisiúnta eile chun go gcumhdófar na costais incriminteacha a thabhóidh siad, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

▼B

3.  

Agus gníomhaíocht a mbeidh cinneadh le déanamh maidir léi faoi mhír 1(a) nó mír (b) á tairiscint, cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a) 

na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt don ghníomhaíocht, go háirithe i bhfianaise aidhmeanna an bheartais Chomhphobail lena mbaineann;

(b) 

cuspóirí na gníomhaíochta agus na torthaí a mbeifear ag súil leo;

(c) 

anailís éifeachtachta costais, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais um tháirgeadh; agus

(d) 

na slite ina mbeidh an ghníomhaíocht le cur i gcrích, lena n-áirítear ré na gníomhaíochta agus ról an Choimisiúin agus na mBallstát.

Airteagal 15

Líonraí comhoibríochta

Forbrófar sineirgíochtaí, nuair is féidir, sna gníomhaíochtaí staidrimh aonair, laistigh den CSE trí líonraí comhoibríochta, trí shaineolas agus torthaí a roinnt le chéile nó trí speisialtóireacht i gcúraimí sonracha a chothú. Forbrófar struchtúr airgeadais leordhóthanach chuige sin.

Cuirfear torthaí na ngníomhaíochtaí sin, amhail struchtúir chomhpháirteacha, agus uirlisí comhpháirteacha, próisis chomhpháirteacha agus modhanna comhpháirteacha ar fáil ar fud an CSE. Déanfaidh an Coiste CSE scrúdú ar na tionscnaimh maidir leis na líonraí comhoibríochta a chruthú chomh maith leis na torthaí a bheidh orthu.

Airteagal 16

Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh

1.  

I gcásanna sonracha a mbeidh call cuí leo agus faoi chuimsiú an Chláir Staidrimh Eorpaigh, is é atá d'aidhm ag an gCur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh:

(a) 

uasmhéadú a dhéanamh ar infhaighteacht na gcomhiomlán staidrimh ar leibhéal na hEorpa agus feabhas a chur ar thráthúlacht an Staidrimh Eorpaigh.

(b) 

laghdú a dhéanamh ar an ualach a bheidh ar na freagróirí agus ar an ualach a bheidh ar na INSanna agus ar na húdaráis náisiúnta eile is laghdú a bheidh bunaithe ar anailís éifeachtachta costais.

2.  

Ar na cásanna inarb ábhartha an Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh, áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

an Staidreamh Eorpach a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:

(i) 

rannchuidithe náisiúnta neamhfhoilsithe nó sonraí náisiúnta ó fhothacar de Bhallstáit;

(ii) 

scéimeanna suirbhéireachta a cheapfar go sonrach;

(iii) 

páirtfhaisnéis trí theicníochtaí samhaltúcháin;

(b) 

comhiomláin staidrimh a scaipeadh ar leibhéal na hEorpa trí theicníochtaí rialaithe sonracha maidir le nochtadh staidrimh a chur i bhfeidhm gan lagú a dhéanamh ar fhorálacha náisiúnta maidir le scaipeadh.

3.  
Is le lán-rannpháirtíocht na mBallstát a chuirfear i gcrích na bearta chun an Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh a chur chun feidhme. Is sna gníomhaíochtaí staidrimh aonair dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a leagfar síos na bearta chun an Cur Chuige Eorpach i leith an Staidrimh a chur chun feidhme.
4.  
Más gá, bunófar, i gcomhar leis na Ballstáit, beartas comhordaithe maidir le staidreamh a eisiúint agus a athbhreithniú.

▼M2

Airteagal 16a

Freagairt staidrimh ar riachtanais phráinneacha bheartais i ngéarchéimeanna

1.  

Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) scrúdú ar ghéarchéimeanna agus féadfaidh sé tabhairt faoi ghníomhaíochtaí práinneacha staidrimh de réir mar is iomchuí, faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

tá fíorghá leis chun freagairt ar riachtanais phráinneacha bheartais a eascraíonn as an ngéarchéim lena mbaineann tar éis sásraí éigeandála seanbhunaithe a ghníomhachtú i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, amhail Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle ( 3 ) nó gníomhartha dlí éigeandála eile de chuid an Aontais;

(b) 

ní féidir freastal ar na riachtanais phráinneacha bheartais sin faoin gClár Staidrimh Eorpach.

2.  

Is é an Coimisiún (Eurostat) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh dá dtagraítear i mír 1 ar leibhéal an Aontais i ndlúthchomhar leis na ISNanna agus leis na húdaráis náisiúnta eile, agus féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh iontu:

(a) 

Staidreamh Eorpach a tháirgeadh ar bhonn foinsí nua sonraí nó bailiú nua sonraí, agus an t-ualach ar fhreagróirí agus an éifeachtacht costais do na Ballstáit á gcur san áireamh;

(b) 

táscairí nua staidrimh agus léargais a sholáthar ar bhonn sonraí atá ann cheana;

(c) 

treoirlínte modheolaíochta a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh staidreamh ar fud na mBallstát a ndéanann an ghéarchéim difear dóibh inchomparáide agus comhsheasmhach;

(d) 

gníomhaíocht chomhordaithe eile ar leibhéal an Aontais arb é is aidhm di freagairt staidrimh thráthúil agus ábhartha a thabhairt ar an staid shonrach.

3.  
Agus measúnú á dhéanamh aige ar an ngá atá le gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) Coiste CSE ar an eolas go pras agus rachaidh sé i gcomhairle leis agus cuirfidh sé a threoraíocht ghairmiúil san áireamh go cuí. Beidh na gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh atá le déanamh faoi réir réamhscrúdú ag Coiste CSE. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) faisnéis chríochnúil a sholáthar do Choiste CSE maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh, an t-údar maith atá leo ar bhonn éifeachtacht costais, na modhanna agus na tráthchláir chun iad a bhaint amach, an measúnú ar an ualach freagartha ar fhreagróirí na suirbhéanna agus ranníocaíocht airgeadais an Aontais chun na costais incriminteacha arna dtabhú ag na ISNanna agus ag údaráis náisiúnta eile a chumhdach.
4.  
Féadfaidh Ballstáit a chinneadh, ar leithligh agus ar bhonn deonach, páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh dá dtagraítear i mír 1. Beidh na gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh sin ábhartha agus cumhdófar leo na riachtanais bheartais phráinneacha a eascraíonn as an ngéarchéim san Aontas. Agus iad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí práinneacha staidrimh, comhlíonfaidh Ballstáit na ceanglais choiteanna chomhaontaithe maidir leis an tréimhse ama, maidir leis an minicíocht agus maidir leis an gcáilíocht chun na sonraí náisiúnta a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).
5.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na gníomhaíochtaí práinneacha staidrimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shonrú agus an nós imeachta maidir lena ngabháil de láimh a leagan amach, lena n-áirítear na ceanglais ábhartha maidir leis an tréimhse ama, maidir leis an minicíocht agus maidir leis an gcáilíocht atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit atá rannpháirteach ar bhonn deonach sa ghníomhaíocht phráinneach staidrimh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh, cuirfear ranníocaíocht airgeadais ar fáil ó Chlár an Mhargaidh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) do na ISNanna agus do na húdaráis náisiúnta eile dá dtagraítear sa liosta a bhunaítear de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán seo chun na costais incriminteacha arna dtabhú de bharr chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí práinneacha staidrimh sin a chumhdach. Ina theannta sin, féadfaidh na ISNanna sin agus na húdaráis náisiúnta eile sin iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ó chláir airgeadais eile de is infheidhme chuid an Aontais i gcomhréir le rialacha clár den sórt sin. Féadfaidh na Ballstáit iarratas a dhéanamh freisin ar thacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ). Bunófar méid na ranníocaíochta airgeadais faoin bhfomhír seo i gcomhréir le rialacha an chláir cistiúcháin ábhartha, faoi réir an chistithe a bheith ar fáil, go háirithe i gcomhréir le rialacha an Chláir Staidrimh Eorpaigh.

6.  
Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi mhír 5 den Airteagal seo, fanfaidh siad i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná fad na géarchéime lena mbaineann, agus in aon chás tráth nach faide ná 12 mhí. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar an tréimhse sin a fhadú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ar feadh tréimhse bhreise 12 mhí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

▼M1

Airteagal 17

Clár oibre bliantúil

Cuirfidh an Coimisiún a chlár oibre bliantúil faoi bhráid Choiste CSE faoin 30 Aibreán don bhliain ina dhiaidh sin.

Agus gach clár oibre bliantúil á ullmhú aige, áiritheoidh an Coimisiún go leagfar síos tosaíochtaí ar bhonn éifeachtach, lena n-áirítear an t-athbhreithniú agus an tuairisciú a dhéanfar ar thosaíochtaí staidrimh agus leithdháileadh acmhainní airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún barúlacha Choiste CSE san áireamh go lánmhaith. Is ar an gClár Staidrimh Eorpach a bheidh gach clár oibre bliantúil bunaithe, agus tabharfar le fios iontu, go háirithe:

(a) 

na gníomhaíochtaí a mheasann an Coimisiún go bhfuil tosaíocht acu, agus riachtanais bheartais an Aontais, agus srianta airgeadais náisiúnta agus Aontais agus an t-ualach freagartha á gcur san áireamh;

(b) 

tionscnaimh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar thosaíochtaí, lena n-áirítear tosaíochtaí diúltacha, agus an laghdú ar an ualach ar sholáthróirí sonraí agus ar tháirgeoirí staidrimh araon; agus

(c) 

na nósanna imeachta agus aon ionstraimí dlí a bheartaíonn an Coimisiún chun an clár oibre bliantúil a chur chun feidhme.

▼M2

Airteagal 17a

Sonraí riaracháin a rochtain, a úsáid agus a chomhtháthú chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh

1.  
Comhlachtaí poiblí agus leathphoiblí náisiúnta faoin dlí náisiúnta atá i gceannas ar fhoinsí sonraí riaracháin, bunachair sonraí riaracháin, córais idir-inoibritheachta riaracháin nó sonraí is ábhartha agus is gá chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ceadóidh siad do na ISNanna agus do na húdaráis náisiúnta eile na sonraí sin agus na meiteashonraí ábhartha a rochtain, a úsáid agus a chomhtháthú, saor in aisce, ar bhealach tráthúil agus le minicíocht agus gráinneacht leordhóthanach chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.
2.  
Rachfar i gcomhairle leis na ISNanna agus leis an gCoimisiún (Eurostat) maidir le dearadh tosaigh foinsí sonraí riaracháin, bunachar sonraí riaracháin nó córas idir-inoibritheachta riaracháin arna gcur le chéile agus arna gcothabháil ag comhlachtaí eile, agus maidir lena bhforbairt ina dhiaidh sin agus lena scor, agus beidh siad rannpháirteach sa mhéid sin, agus ar an gcaoi sin, éascófar úsáid bhreise na bhfoinsí sonraí, na mbunachar sonraí nó na gcóras idir-inoibritheachta sin chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Beidh siad rannpháirteach freisin sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe a bhaineann le foinsí sonraí riaracháin, bunachair sonraí riaracháin nó córais idir-inoibritheachta riaracháin atá ábhartha do tháirgeadh Staidrimh Eorpaigh.
2a.  
Chun críocha an Rialacháin seo, ceadófar don Choimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin, rochtain a fháil go tráthúil ar shonraí ábhartha agus ar mheiteashonraí ábhartha ó bhunachair sonraí agus ó chórais idir-inoibritheachta arna gcothabháil ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus iad a úsáid agus a chomhtháthú go tráthúil agus gan dochar do ghníomhartha an Aontais lena mbunaítear na bunachair sonraí agus na córais idir-inoibritheachta sin, lena n-áirítear an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ). Chun na críche sin, comhoibreoidh an Coimisiún (Eurostat) leis na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais chun na sonraí agus meiteashonraí saincheaptha is gá, na socruithe oibríochtúla maidir le húsáid sonraí agus na coimircí riachtanacha fisiceacha agus loighciúla a shonrú. I gcás nach bhfuil na sonraí agus meiteashonraí is gá le haghaidh Staidreamh Eorpach ar fáil ach amháin i mbunachair sonraí agus i gcórais idir-inoibritheachta arna gcothabháil ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin, na sonraí sin a chomhroinnt leis na ISNanna ábhartha nó leis na húdaráis náisiúnta eile atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, gan dochar do ghníomhartha an Aontais lena mbunaítear na bunachair sonraí agus na córais idir-inoibritheachta sin.
3.  
Déanfar an rochtain a bheidh ag na ISNanna, ag údaráis náisiúnta eile agus ag an gCoimisiúin (Eurostat), mar aon lena rannpháirtíocht, de bhun mhíreanna 1, 2 agus 2a a theorannú d’fhoinsí sonraí riaracháin, do bhunachair sonraí riaracháin nó do chórais idir-inoibritheachta riaracháin laistigh dá gcóras riaracháin phoiblí féin.
4.  
Beidh meiteashonraí ábhartha ag gabháil le foinsí sonraí riaracháin, bunachair sonraí riaracháin nó córais idir-inoibritheachta riaracháin a chuireann a n-úinéirí ar fáil do na ISNanna, d’údaráis náisiúnta eile agus don Choimisiún (Eurostat) chun go bhféadfar iad a úsáid le haghaidh Staidreamh Eorpach a tháirgeadh.
5.  
Déanfaidh na ISNanna agus údaráis agus comhlachtaí náisiúnta eile dá dtagraítear i mír 1 na sásraí comhair is gá a bhunú i gcomhréir le sonraíochtaí náisiúnta. Leis na sásraí sin, cuirfear an deis ar fáil freisin do na ISNanna seiceálacha cáilíochta sonraí a dhéanamh agus creataí staidrimh a thógáil atá bunaithe ar na sonraí riaracháin ábhartha a bhfuarthas rochtain orthu.

▼M2

Airteagal 17b

Oibleagáid ar shealbhóirí sonraí príobháideacha sonraí a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh

1.  
Gan dochar d’oibleagáidí tuairiscithe, bailiú sonraí nó aon rochtain ar shonraí a leagtar síos i reachtaíocht staidrimh earnálach an Aontais ná don oibleagáid atá ar shealbhóirí sonraí sonraí a chur ar fáil ar bhonn riachtanas eisceachtúil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ), féadfaidh ISN nó an Coimisiún (Eurostat) a iarraidh ar shealbhóir sonraí príobháideach sonraí agus na meiteashonraí ábhartha a chur ar fáil saor in aisce i gcás ina bhfuil fíorghá leis na sonraí a iarrtar chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh agus nach féidir iad a fháil ar bhealaí eile nó i gcás ina mbeidh laghdú suntasach ar an ualach freagartha ar shealbhóirí sonraí agus ar ghnólachtaí eile mar thoradh ar a n-athúsáid. Féadfaidh an Coimisiún bailiú sonraí nó rochtain ar shonraí den sórt sin a áireamh sa chlár oibre bliantúil.
2.  
Mar chomhordaitheoir de chuid an chórais staidrimh náisiúnta, féadfaidh ISN iarraidh ar shonraí a chur faoi bhráid sealbhóir sonraí príobháideach thar ceann aon údarás náisiúnta eile, i gcás ina bhfuil na sonraí a iarrtar riachtanach le haghaidh Staidreamh Eorpach arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh ag an údarás náisiúnta eile sin. Comhoibreoidh an ISN agus údaráis náisiúnta eile Ballstáit chun ualach iomarcach ar shealbhóirí sonraí príobháideacha a sheachaint.
3.  
Comhoibreoidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun ualach iomarcach ar shealbhóirí sonraí príobháideacha a sheachaint agus chun a chinneadh cé a thíolacfaidh iarrataí ar shonraí. Go háirithe, cuirfidh an ISN an iarraidh ar shonraí faoi bhráid sealbhóir sonraí príobháideach, mura gcomhaontaíonn an Coimisiún (Eurostat) agus na ISNanna lena mbaineann go bhfuil an iarraidh ón gCoimisiún (Eurostat) níos éifeachtúla, mar shampla i gcás sealbhóirí sonraí príobháideacha a oibríonn ar scála uile-Aontais.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhaontú leis na ISNanna, bonneagar slán a bhunú, atá le húsáid ar bhonn deonach, chun comhroinnt bhreise leis na ISNanna agus na húdaráis náisiúnta eile a éascú maidir le sonraí a bhfuarthas rochtain orthu i gcomhréir le mír 3.

Beidh an bonneagar slán dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar theicneolaíochtaí atá ceaptha go sonrach chun Rialacháin (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) a chomhlíonadh.

5.  
I gcás ina gceanglaítear seirbhís próiseála shonrach le sonraí a iarrann ISN faoi mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cúiteamh a sholáthar don sealbhóir sonraí príobháideach as an tseirbhís phróiseála shonrach sin, ach amháin i gcás ina gcuireann an dlí náisiúnta cosc ar an INS nó ar údaráis náisiúnta eile atá freagrach as staidreamh a tháirgeadh sealbhóirí sonraí a chúiteamh. I gcás ina n-iarrann an Coimisiún (Eurostat) sonraí ar chúiseanna éifeachtúlachta de bhun mhír 3, agus ina bhfuil gá le seirbhís próiseála shonrach, molfaidh an Coimisiún (Eurostat) cúiteamh réasúnta don sealbhóir sonraí príobháideach as an tseirbhís phróiseála shonrach sin.
6.  
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le micrifhiontair ná fiontair bheaga mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 11 ), ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus ina bhfuil leas ar leith ag baint leis na sonraí a choinníonn micrifhiontair nó fiontair bheaga den sórt sin maidir le staidreamh oifigiúil mar gheall ar chineál agus méid na sonraí sin ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 17c

Iarrataí ar shonraí agus socruithe chun sonraí a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh

1.  

Agus sonraí á n-iarraidh acu i gcomhréir le hAirteagal 17b, déanfaidh na ISNanna nó an Coimisiún (Eurostat) an méid seo a leanas:

(a) 

a shonrú cé na sonraí agus na meiteashonraí is gá;

(b) 

an riachtanas staidrimh a shonrú a n-iarrtar na sonraí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17b(1);

(c) 

an mhinicíocht lena bhfuil na sonraí le cur ar fáil agus na spriocdhátaí faoina bhfuil siad le cur ar fáil a shonrú;

(d) 

na socruithe oibríochtúla a shonrú chun na sonraí a chur ar fáil.

2.  
Beidh iarrataí ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 de réir phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus beidh siad comhréireach leis an ngá staidrimh i dtéarmaí leibhéal mionsonraithe agus mhéid na sonraí agus a mhinice atá na sonraí le cur ar fáil. Bainfidh iarrataí den sórt sin, i bprionsabal, le sonraí neamhphearsanta agus, in imthosca sonracha, agus sna himthosca sin amháin, le sonraí pearsanta ó chatagóirí sonraí pearsanta a shonraítear i reachtaíocht earnála.
3.  
Tar éis iarraidh ar shonraí dá dtagraítear i mír 1, déanfar idirphlé idir an ISN, an t-údarás náisiúnta eile nó an Coimisiún (Eurostat) agus an sealbhóir sonraí príobháideach lena mbaineann chun na bearta is gá a phlé agus a chomhaontú chun sonraí a chur ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus é mar aidhm leis sin comhaontú a thabhairt i gcrích.
4.  

Mura dtugtar comhaontú dá dtagraítear i mír 3 i gcrích laistigh de 3 mhí tar éis fógra a thabhairt faoin iarraidh ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 nó mura gcomhlíonann an sealbhóir sonraí príobháideach an comhaontú:

(a) 

nuair atá na sonraí iarrtha ag an ISN, féadfaidh sé an dara hiarraidh a eisiúint don sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí a chur ar fáil laistigh de spriocdháta sonrach agus cuirfidh an sealbhóir sonraí príobháideacha na sonraí ábhartha ar fáil laistigh den spriocdháta sin;

(b) 

nuair atá na sonraí iarrtha ag an gCoimisiún (Eurostat), féadfaidh sé cinneadh a ghlacadh chun a cheangal ar an sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí a chur ar fáil laistigh de thréimhse nach giorra ná 15 lá féilire agus ansin cuirfidh an sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí ábhartha ar fáil don Choimisiún (Eurostat) laistigh den spriocdháta a shonraítear ann.

Beidh feidhm ag mír 1 maidir le cinneadh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Le cinneadh den sórt sin, cuirfear san áireamh ann saincheisteanna ar thángthas ar aon aigne fúthu, b’fhéidir, le linn an idirphlé leis an sealbhóir sonraí príobháideach. Sonrófar ann freisin an spriocdháta don sealbhóir sonraí príobháideach chun a fhreagra a thíolacadh, an spriocdháta don sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí a chur ar fáil, na fíneálacha dá bhforáiltear faoi mhír 6 a fhéadfar a chur i bhfeidhm mura soláthraítear na sonraí in am, agus na modhanna sásaimh in aghaidh an chinnidh.

5.  
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun forfheidhmiú éifeachtach na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), a áirithiú.
6.  
Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a glacadh i gcomhréir le mír 4, pointe (b), a áirithiú. Féadfar glacadh fíneálacha a áireamh ar na bearta sin i gcás ina mainníonn an sealbhóir sonraí príobháideach, d’aon ghnó nó go faillíoch, na sonraí a iarrtar le cinneadh dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), a sholáthar laistigh den spriocdháta nó ina soláthraíonn sé sonraí míchearta, neamhiomlána nó míthreoracha. Agus méid na bhfíneálacha á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cineál, tromchúis, fad agus atarlú an tsáraithe.
7.  
Féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha laistigh de bhliain amháin tar éis an spriocdháta chun sonraí a thíolacadh a leagtar síos ina chinneadh faoi mhír 4, pointe (b), i gcás ina mainníonn an sealbhóir sonraí príobháideach aon sonraí a thíolacadh nó laistigh de bhliain amháin tar éis sonraí míchearta, neamhiomlána nó míthreoracha a thíolacadh. Féadfaidh fíneálacha a bheith suas le EUR 25 000 agus, i gcás ina dtarlaíonn siad arís laistigh de 3 bliana, suas le EUR 50 000 . An chumhacht atá ag an gCoimisiún chun cinntí lena bhforchuirtear fíneáil a fhorfheidhmiú, beidh sí faoi réir tréimhse theorann 5 bliana ón dáta a dhéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh. Sula nglacann an Coimisiún cinneadh de bhun mhír 6, tabharfaidh sé deis don sealbhóir sonraí príobháideach éisteacht a fháil maidir le réamhthorthaí an Choimisiúin agus maidir leis na bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ar bhonn na réamhthorthaí sin.

Airteagal 17d

Athbhreithniú ar chinntí lena bhforchuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh fíneálacha

I gcomhréir le hAirteagal 261 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha. Féadfaidh sí an fhíneáil a forchuireadh a chealú, a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 17e

Oibleagáidí ISNanna, údarás náisiúnta eile agus an Choimisiúin (Eurostat) maidir le húsáid a bhaint as sonraí a chuireann sealbhóirí sonraí príobháideacha ar fáil chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh

1.  

Úsáidfidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) na sonraí a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 17b chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh:

(a) 

go heisiach chun críoch staidrimh;

(b) 

i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2(1); agus

(c) 

i gcomhréir leis an oibleagáid gan na sonraí a chomhroinnt lasmuigh de CSE ach amháin má tá sé comhaontaithe ag an sealbhóir sonraí príobháideach na sonraí sin a chomhroinnt.

2.  
Cuirfidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) coimircí iomchuí i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críoch staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679 agus le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar an prionsabal go bhfuil ainm bréige le cur i bhfeidhm ar shonraí.
3.  

Déanfaidh na ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) an méid seo a leanas:

(a) 

bearta iomchuí a dhéanamh chun rúndacht staidrimh agus rúin trádála a chosaint;

(b) 

bearta teicniúla agus eagraíochtúla lena gcosnaítear cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chur chun feidhme a mhéid is gá sonraí pearsanta a phróiseáil.

4.  
Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo maidir le haon údarás náisiúnta eile a fuair sonraí tar éis iarraidh a thíolaic ISN thar a cheann i gcomhréir le hAirteagal 17b(2).

Airteagal 17f

Comhroinnt sonraí neamhrúnda in CSE agus idir CSE agus CEBC

1.  
Déanfar sonraí neamhrúnda a chomhroinnt, más gá agus má tá siad ar fáil i bhfoirm chomhiomlánaithe, arna iarraidh sin idir ISNanna, ar a dtionscnamh féin nó thar ceann aon údarás náisiúnta eile, agus idir ISNanna agus an Coimisiún (Eurostat) go heisiach chun críoch staidrimh agus chun feabhas a chur ar cháilíocht an Staidrimh Eorpaigh.
2.  
Déanfar sonraí neamhrúnda, lena n-áirítear sonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí príobháideacha, a chomhroinnt idir CSE agus comhalta de CEBC arna iarraidh sin, más gá agus má tá siad ar fáil i bhfoirm chomhiomlánaithe, i réimsí freagrachta comhroinnte nó leasa choitinn agus i gcás ina n-úsáidtear na sonraí go heisiach chun críoch staidrimh agus chun feabhas a chur ar cháilíocht an Staidrimh Eorpaigh arna fhorbairt agus arna tháirgeadh ag an gcomhalta sin de CEBC.
3.  
Bunóidh an Coimisiún (Eurostat) bonneagar slán chun comhroinnt sonraí faoin Airteagal seo a éascú, agus féadfaidh na ISNanna, agus nuair is ábhartha na húdaráis náisiúnta eile, nó comhaltaí CEBC, an bonneagar slán comhroinnte sonraí sin a úsáid ar bhonn deonach.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na gnéithe teicniúla a bhaineann le comhroinnt sonraí idir na húdaráis staidrimh dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

CAIBIDIL IIIa

FORBAIRT AN STAIDRIMH EORPAIGH

Airteagal 17g

Staidreamh atá á fhorbairt

1.  
Féachfaidh na ISNanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) le haschuir agus léargais staidrimh nua a nuáil agus a fhorbairt go leanúnach ar bhonn na bhfoinsí sonraí uile atá ar fáil agus le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí úrscothacha, agus é mar aidhm iad a chomhtháthú i dtáirgeadh rialta Staidrimh Eorpaigh. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ndlúthchomhar le Coiste CSE, forbairt aschuir agus léargais staidrimh nua a thionscnamh ar fud CSE. Féadfar na haschuir agus léargais staidrimh sin a áireamh sa chlár oibre bliantúil agus a chur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí staidrimh aonair dá dtagraítear in Airteagal 14(1).
2.  
Maidir leis an staidreamh atá á fhorbairt, ní cheanglófar na critéir cháilíochta go léir a leagtar amach in Airteagal 12(1) a chomhlíonadh.
3.  
Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) Staidreamh Eorpach atá á fhorbairt a scaipeadh le comhaontú na ISNanna nó údarás náisiúnta eile agus léireoidh sé go sainráite go bhfuil an staidreamh sin á fhorbairt. Féadfaidh ISNanna agus údaráis náisiúnta eile Staidreamh Eorpach atá á fhorbairt agus táirgthe acu a scaipeadh freisin.

▼B

CAIBIDIL IV

SCAIPEADH AN STAIDRIMH EORPAIGH

Airteagal 18

Bearta maidir le scaipeadh

1.  
Agus an Staidreamh Eorpach á scaipeadh, comhlíonfar na prionsabail staidrimh, a leagtar amach in Airteagal 2(1), ina n-iomláine, go háirithe maidir le rúndacht staidrimh a chosaint agus le rochtain chomhionann a áirithiú faoi mar a cheanglaítear faoi phrionsabal na neamhchlaontachta.
2.  
Is iad an Coimisiún (Eurostat), na INSanna agus na húdaráis náisiúnta eile a scaipfidh an Staidreamh Eorpach, faoina réimsí inniúlachta faoi seach.
3.  
Soláthróidh na Ballstáit agus an Coimisiún, faoina réimsí inniúlachta faoi seach, an tacaíocht is gá chun rochtain chomhionann ar an Staidreamh Eorpach a áirithiú do gach aon úsáideoir.

▼M2

4.  
Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) Staidreamh Eorpach a d’fhoilsigh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta cheana a scaipeadh roimh na spriocdhátaí a leagtar amach sa reachtaíocht earnála ábhartha, ar choinníoll go gcomhlíontar na sainmhínithe ábhartha agus an t-aicmiú ábhartha le staidreamh den sórt sin.

▼B

Airteagal 19

Comhaid le haghaidh úsáid an phobail

Féadfar sonraí maidir le haonaid aonair staidrimh a scaipeadh i bhfoirm comhaid le haghaidh úsáid an phobail ina mbeidh taifid a mbeidh an fhaisnéis phearsanta curtha ó aithne agus a bheidh ullmhaithe ar shlí ionas nach bhféadfar an t-aonad staidrimh a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, nuair a chuirtear na modhanna ábhartha go léir a d'fhéadfadh tríú páirtí a úsáid go réasúnta san áireamh.

Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) ní foláir formheas sonrach an INS nó an údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí a fháil.

CAIBIDIL V

RÚNDACHT STAIDRIMH

Airteagal 20

Cosaint sonraí rúnda

1.  
Beidh feidhm ag na rialacha agus ag na bearta seo a leanas chun a áirithiú gur chun críocha staidrimh go heisiach a úsáidfear sonraí rúnda agus chun a nochtadh neamhdhleathach a chosc.
2.  
Maidir le sonraí rúnda a gheofar go heisiach chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh, úsáidfidh na INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) iad go heisiach chun críocha staidrimh mura mbeidh an t-aonad staidrimh tar éis a thoiliú a thabhairt go soiléir go n-úsáidfí iad chun aon chríocha eile.
3.  

Maidir le torthaí staidrimh lena bhféadfaí aonad staidrimh a shainaithint, féadfaidh na INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) iad a scaipeadh sna cásanna eisceachtúla seo a leanas:

(a) 

i gcás ina gcinntear coinníollacha agus rialacha mionsonraithe sonracha le gníomh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh, agus ina leasaítear na torthaí staidrimh ar shlí nach ndéanfaidh a scaipeadh dochar do rúndacht staidrimh cibé uair a mbeidh an t-aonad staidrimh tar éis a iarraidh amhlaidh; nó

(b) 

i gcás ina mbeidh an t-aonad staidrimh tar éis toiliú go soiléir le nochtadh na sonraí.

4.  

Déanfaidh na INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat), faoina réimsí inniúlachta faoi seach, na bearta uile rialúcháin, riaracháin, teicniúla agus eagraíochta is gá chun cosaint fhisiceach agus cosaint loighiciúil sonraí rúnda a áirithiú (Rialú ar Nochtadh Staidrimh).

▼M1

Glacfaidh INSanna, na húdaráis náisiúnta eile agus an Coimisiún (Eurostat) na bearta uile is gá chun go n-áiritheofar ailíniú na bprionsabal agus na dtreoirlínte maidir le cosaint fhisiceach agus cosaint loighiciúil sonraí rúnda. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar ailíniú den sórt sin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gan an Rialachán seo a fhorlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

▼B

5.  
Beidh oifigigh agus foireann eile de chuid na INSanna agus na n-údarás náisiúnta eile ag a mbeidh rochtain ar shonraí faoi réir an rúndacht sin a chomhlíonadh, fiú tar éis dóibh scor dá gcuid feidhmeanna.

Airteagal 21

Tarchur sonraí rúnda

▼M2

1.  
Sonraí rúnda ó údarás CSE, dá dtagraítear in Airteagal 4, a bhailigh na sonraí, ceadófar iad a tharchur chuig údarás eile CSE, ar choinníoll go bhfuil gá leis an tarchur chun Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh go héifeachtúil nó chun cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh a fheabhsú. Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat), is gá formheas a fháil ón ISN nó ón údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí.
2.  
Ceadófar sonraí rúnda a tharchur idir údarás CSE a bhailigh na sonraí agus comhalta de CEBC, ar choinníoll go bhfuil gá leis an tarchur chun an Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh go héifeachtúil nó chun cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh a fheabhsú, faoi réimsí inniúlachta CSE agus CEBC faoi seach, agus go bhfuil údar tugtha leis an ngá sin. Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat), is gá formheas a fháil ón ISN nó ón údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí.

▼B

3.  
Ceanglaítear údarú sainráite ón údarás a bhailigh na sonraí d'aon tarchur breise anuas ar an gcéad tarchur.
4.  
Ní agrófar rialacha náisiúnta maidir le rúndacht staidrimh chun cosc a chur ar tharchur sonraí rúnda faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 i gcás ina bhforáiltear le gníomh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh, do shonraí den sórt sin a tharchur.
5.  
Is chun críocha staidrimh go heisiach a úsáidfear na sonraí rúnda a tharchuirfear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus is ag an bhfoireann a mbeidh gníomhaíochtaí staidrimh ar bun acu laistigh dá réimse sainiúil oibre amháin a bheidh rochtain ar na sonraí sin.
6.  
Beidh feidhm ag na forálacha maidir le rúndacht staidrimh dá bhforáiltear sa Rialachán seo i leith na sonraí rúnda go léir a tharchuirtear laistigh den CSE agus idir an CSE agus an CEBC.

Airteagal 22

Cosaint sonraí rúnda sa Choimisiún (Eurostat)

1.  
Is oifigigh ón gCoimisiún (Eurostat) amháin, laistigh dá réimse sainiúil oibre, a mbeidh rochtain acu ar shonraí rúnda, faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar síos i mír 2.
2.  
Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcásanna eisceachtúla, rochtain ar shonraí rúnda a dheonú dá fhoireann eile agus do dhaoine nádúrtha eile atá fostaithe ag an gCoimisiún (Eurostat) faoi chonradh laistigh dá réimse sainiúil oibre.
3.  
Is chun críocha staidrimh go heisiach a úsáidfidh na daoine a mbeidh rochtain acu ar shonraí rúnda na sonraí sin. Beidh siad faoi réir an tsriain sin fiú amháin tar éis dóibh scor dá bhfeidhmeanna.

▼M2

Airteagal 23

Rochtain ar shonraí rúnda chun críoch taighde

Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), na ISNanna nó na húdaráis náisiúnta eile, faoina réimsí inniúlachta faoi seach, rochtain ar shonraí rúnda, lena n-áirítear sonraí arna gcur ar fáil ag sealbhóirí sonraí príobháideacha, ar sonraí iad nach bhféadfar na haonaid staidrimh a shainaithint leo ach amháin go hindíreach, a dheonú do thaighdeoirí a dhéanann anailísí staidrimh chun críoch eolaíoch. Más rud é gur tarchuireadh na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat), is gá formheas a fháil ón ISN nó ón údaráis náisiúnta eile a sholáthair na sonraí.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe, na rialacha agus na coinníollacha maidir le rochtain ar leibhéal an Aontais a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Chun críocha an Rialacháin seo, cumhdófar le críocha taighde gníomhaíochtaí taighde amhail forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh, taighde bunúsach agus taighde feidhmeach.

▼M1 —————

▼M2

Airteagal 25

Sonraí atá ar fáil go poiblí

Ní mheasfar gur sonraí rúnda iad sonraí atá ar fáil go dleathach don phobal agus a leanann de bheith ar fáil don phobal de bhun an dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais, nuair a úsáidtear iad chun críoch staidrimh nó chun staidreamh a fhaightear ó shonraí den sórt sin a scaipeadh. Áireofar ar shonraí den sórt sin go háirithe sonraí maidir le príomh-shaintréithe cuideachtaí aonair mar a liostaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún ( 12 ).

▼M1

Airteagal 26

Sárú ar rúndacht staidrimh

Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun cosc a chur ar aon sárú ar an rúndacht staidrimh agus pionóis a ghearradh i leith sáruithe dá leithéid. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

▼B

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

▼M2

Airteagal 26a

Rannchuidiú le creataí náisiúnta rialachais sonraí

1.  
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, féadfaidh na ISNanna feidhmeanna a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta mar a leagtar síos sna creataí náisiúnta rialachais sonraí agus é mar sprioc leo comhtháthú agus idir-inoibritheacht sonraí, tuairisc ar mheiteashonraí, dearbhú cáilíochta agus socrú caighdeán, comhroinnt sonraí agus athúsáid sonraí, mar aon le cúraimí agus feidhmeanna eile a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ), a chur chun cinn.
2.  
Beidh comhlíonadh na bhfeidhmeanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag na ISNanna ag luí le feidhmiú na bhfeidhmeanna staidrimh a dhéantar i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh, mar a leagtar amach in Airteagal 2(1).

▼M1

Airteagal 27

Nós imeachta coiste

1.  
Déanfaidh an Coiste CSE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ).
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼M2

Airteagal 27a

Measúnú agus athbhreithniú

Faoin 27 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoina phríomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa mheastóireacht, déanfar go háirithe measúnú ar an méid seo a leanas:

(a) 

an fhreagairt staidrimh ar ghéarchéim faoi Airteagal 16a;

(b) 

an oibleagáid atá ar shealbhóirí sonraí príobháideacha cead a thabhairt a gcuid sonraí a úsáid le haghaidh Staidreamh Eorpach i gcomhréir le hAirteagail 17b, 17c, 17d agus 17e;

(c) 

an chomhroinnt sonraí in CSE faoi Airteagal 17f;

(d) 

Staidreamh Eorpach a fhorbairt faoi Chaibidil IIIa.

▼B

Airteagal 28

Aisghairm

1.  

Aisghairtear leis seo Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Déanfar tagairtí don Rialachán atá aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Déanfar tagairtí don Choiste um Rúndacht Staidrimh a bunaíodh faoin Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste CSE arna bhunú le hAirteagal 7 den Rialachán seo.

2.  

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 322/97.

Déanfar tagairtí don Rialachán atá aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

3.  

Aisghairtear leis seo Cinneadh 89/382/CEE, Euratom.

Déanfar tagairtí don Choiste um an gClár Staidrimh a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste CSE arna bhunú le hAirteagal 7 den Rialachán seo.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Cinneadh Uimh. 235/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Bord Comhairleach um Rialachas Staidrimh Eorpach (IO L 73, 15.3.2008, lch. 17).

( 2 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

( 3 ) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28).

( 4 ) Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don Staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

( 5 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

( 6 ) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

( 7 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

( 8 ) Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí) (IO L, 2023/2854, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj).

( 9 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

( 10 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag forais, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

( 11 ) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

( 12 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid (IO L 19, 20.1.2023, lch. 43).

( 13 ) Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).

( 14 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).