02013R0575 — GA — 01.01.2026 — 020.003
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
►M9 RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ◄ (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 176 27.6.2013, lch. 1) |
Arna leasú le:
Arna cheartú le:
|
Ceartúchán, IO L 90328, 16.4.2025, lch. 1 (Rialachán (AE) 2024/1623) |
|
|
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 Ó PHARLAIMINT NAhEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meitheamh 2013
maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CUID A hAON
FORÁLACHA GINEARÁLTA
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Raon feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais stuamachta ghinearálta nach mór d'institiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi mhaoirsiú Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh i ndáil leis na nithe seo a leanas:
ceanglais a chuireann teorainneacha le ►C12 neamhchosaint ◄ móra;
ceanglais leachtachta a bhaineann le ►C12 riosca ◄ leachtachta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;
ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointí (a), (b) agus (c);
ceanglais maidir le nochtadh poiblí.
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na ceanglais cistí dílse agus dliteanas incháilithe a chomhlíonfaidh eintitis réitigh ar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) iad nó cuid de G-SIInna agus fochuideachtaí suntasacha de G-SIInna neamh-AE.
Ní rialaítear leis an Rialachán seo na ceanglais atá ar údaráis inniúla maidir le nochtadh i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta institiúidí mar a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE.
Airteagal 2
Cumhachtaí maoirseachta
Airteagal 3
Cur i bhfeidhm ceanglas níos déine ag institiúidí
Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar institiúidí cistí dílse agus a gcomhpháirteanna de bhreis orthu siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bheith ina seilbh acu, ná bearta a chur i bhfeidhm atá níos déine ná iad siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn 'institiúid creidmheasa' gnóthas arb é a ghnó aon cheann de na nithe seo a leanas:
taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá cuntas féin;
aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointí (3) agus (6), a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) a dhéanamh, i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin de na nithe seo a leanas, ach nach déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí, gnóthas comhinfheistíochta, gnóthas árachais ná gnólacht infheistíochta é an gnóthas a ndéantar an t-údarú mar institiúid creidmheasa a tharscaoileadh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8a de Threoir 2013/36/AE:
is ionann agus EUR 30 billiún nó is mó ná sin luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnóthais atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear aon bhrainse nó aon fhochuideachta dá chuid a bunaíodh i dtríú tír;
is lú ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní an ghnóthais atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear aon bhrainse nó aon fhochuideachta dá chuid atá bunaithe i dtríú tír, agus is cuid de ghrúpa é an gnóthas inarb ionann agus EUR 30 billiún nó is mó ná sin luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa sin atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear aon cheann dá mbrainsí nó dá bhfochuideachtaí atá bunaithe i dtríú tír, ar lú ná EUR 30 billiún na sócmhainní iomlána atá ag gach ceann acu ar bhonn aonair agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointí (3) agus (6), a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
is lú ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní an ghnóthais atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear aon bhrainse nó aon fhochuideachta dá chuid atá bunaithe i dtríú tír, agus is cuid de ghrúpa é an gnóthas inarb ionann agus EUR 30 billiún nó is mó ná sin luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointí (3) agus (6), a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina gcinnfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe amhlaidh, i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann go bhféadfaí dul timpeall ar an riail nó ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais;
chun críocha phointí (b)(ii) agus (b)(iii), i gcás ina bhfuil an gnóthas ina chuid de ghrúpa tríú tír, déanfar sócmhainní iomlána gach brainse den ghrúpa tríú tír arna údarú san Aontas a áireamh i gcomhluach iomlán shócmhainní na ngnóthas uile sa ghrúpa.
ciallaíonn 'gnólacht infheistíochta' gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE atá údaraithe faoin Treoir sin ach ní áirítear leis institiúid creidmheasa;
ciallaíonn 'institiúid' institiúid creidmheasa atá údaraithe faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE nó gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) di;
▼M9 —————
ciallaíonn “gnóthas árachais” gnóthas áracháis mar a shainmhínítear faoi phointe (1) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) ( 7 );
ciallaíonn “gnóthas athárachais” gnóthas árachais mar a shainmhínítear faoi phointe (4) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;
ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta” nó “(GC)” GCUI mar a shainmhínítear é in Airteagal 1 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) nó ciste infheistíochta malartach (CIM) mar a shainmhínítear é i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );
ciallaíonn “eintiteas earnála poiblí” comhlacht riaracháin neamh-thráchtála atá freagrach do rialtais láir, do rialtais áitiúla nó d'údaráis áitiúla, nó d'údaráis a fheidhmíonn na freagrachtaí céanna a fheidhmíonn rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla; nó gnóthas neamh-thráchtála atá faoi úinéireacht nó bunaithe agus urraithe ag rialtais láir, ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla agus ag a bhfuil socruithe ráthaíochta follasacha, agus féadfaidh comhlachtaí féinriartha arna rialú ag dlí atá faoi mhaoirseach phoiblí a áireamh leo;
ciallaíonn “comhlacht bainistíochta” comhlacht bainistíochta mara shainmhínítear é i bpointe 7 d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE)
ciallaíonn “bainistíocht shinsearach” bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear í i bpointe (9) Airteagal 43(1) de Threoir 2013/36/(AE);
▼M17 —————
ciallaíonn “tionscnóir” tionscnóir mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ( 10 );
ciallaíonn “urraitheoir” urraitheoir mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “iasachtóir bunaidh” iasachtóir bunaidh mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “máthairghnóthas” gnóthas a rialaíonn, de réir bhrí phointe (37), gnóthas amháin nó níos mó;
ciallaíonn “fochuideachta” gnóthas atá á rialú ag gnóthas eile, de réir bhrí phointe (37), fochuideachta de chuid fochuideachta, measfar gur fochuideachta í de chuid an ghnóthais atá ina mháthairghnóthas bunaidh aici;
ciallaíonn “brainse” áit ghnó atá ina cuid spleách de réir dlí d'institiúid agus a dhéanann go díreach na hidirbhearta uile nó cuid díobh ar cuid dhílis iad de ghnó na n-institiúidí;
ciallaíonn “gnóthas seirbhísí coimhdeacha” gnóthas arb í an phríomhghníomhaíocht a dhéanann sé, cibé acu a sholáthraítear iad do ghnóthais laistigh den ghrúpa nó do chliaint taobh amuigh den ghrúpa, aon cheann díobh seo a leanas:
síneadh díreach ar bhaincéireacht;
léasú oibriúcháin, úinéireacht nó bainistiú ar mhaoin, soláthar seirbhísí próiseála sonraí nó aon ghníomhaíocht eile a mhéid atá na gníomhaíochtaí sin coimhdeach le baincéireacht;
aon ghníomhaíocht eile a mheasann ÚBE a bheith cosúil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b);
ciallaíonn “cuideachta bhainistíochta sócmhainní” cuideachta bhainistíochta sócmhainní mar a shainmhínítear í i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE nó BCIM mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear, mura bhforáiltear a mhalairt, eintitis de chuid tríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla agus atá faoi réir dhlíthe tríú tír a chuireann ceanglais mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá ar a laghad cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas;
ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais” gnóthas a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir:
is institiúid airgeadais é;
ní cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha é;
tá fochuideachta amháin ar a laghad aige ar institiúid í;
baineann níos mó ná 50 % d’aon cheann de na táscairí a leanas, ar bhonn cobhsaí, le fochuideachtaí is institiúidí nó institiúidí airgeadais, agus le gníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas féin nach mbaineann le héadáil nó le húinéireacht sealúchais i bhfochuideachtaí nuair is ionann cineál na ngníomhaíochtaí sin agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann institiúidí nó institiúidí airgeadais:
cothromas an ghnóthais bunaithe ar a chás comhdhlúite;
sócmhainní an ghnóthais bunaithe ar a chás comhdhlúite;
ioncaim an ghnóthais bunaithe ar a chás comhdhlúite;
pearsanra an ghnóthais bunaithe ar a chás comhdhlúite;
táscairí eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha.
Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gcáilíonn eintiteas mar chuideachta sealbhaíochta airgeadais fiú má chomhlíontar ceann amháin de na táscairí dá dtagraítear sa chéad mhír, pointí (i) go (iv), i gcás ina measann an t-údarás inniúil nach dtugann an táscaire ábhartha léargas cothrom fírinneach ar phríomhghníomhaíochtaí agus príomhrioscaí an ghrúpa. Sula ndéanfaidh sé cinneadh den sórt sin, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle le ÚBE agus tabharfaidh sé údar cáilíochtúil agus cainníochtúil a bhfuil bunús leis agus atá mionsonraithe. Tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí ar an tuairim ó ÚBE agus, i gcás ina gcinneann sé imeacht uaithi, tabharfaidh sé do ÚBE, laistigh de 3 mhí ón dáta a gheobhaidh sé an tuairim ó ÚBE, an réasúnaíocht ba bhun leis an imeacht sin ón tuairim ábhartha.;
ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta infheistíochta” cuideachta sealbhaíochta infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (23), de Rialachán (AE) 2019/2033;
ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha” cuideacht sealbhaíocht mheasctha mar a shainmhínítear í i bpointe 15 d'Airteagal 2de Threoir 2002/87/CE;
ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha” máthairghnóthas nach cuideachta shealbhaíochta airgeadais ná institiúid ná cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha í, a bhfuil institiúid amháin ar a laghad i measc a fochuideachtaí
ciallaíonn “gnóthas árachais tríú tír” gnóthas árachais tríú tír mar a shainmhínítear é i bpointe (6) d'Airteagal 13de Threoir 2009/138/CE;
ciallaíonn “gnóthas athárachais tríú tír” gnóthas athárachais tríú tír mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 13de Threoir 2009/138/CE;
ciallaíonn “gnólacht infheistíochta aitheanta de chuid tríú tíortha” gnólacht a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
bheadh sé cumhdaithe ag an sainmhíniú ar ghnólacht infheistíochta, dá mbeadh sé bunaithe laistigh den Aontas;
tá sé údaraithe i dtríú tír;
tá sé faoi réir rialacha stuamachta a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ar a laghad chomh dian leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo nó le Treoir2013/36/AE agus a chomhlíonann na rialacha sin;
ciallaíonn “institiúid airgeadais” gnóthas a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas:
ní institiúid, ná cuideachta sealbhaíochta lántionsclaíoch, ná eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, ná cuideachta sealbhaíochta árachais é, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE, ná ní cuideachta sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha é, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (g), den Treoir sin, ach amháin i gcás ina bhfuil fo-institiúid ag cuideachta sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha;
comhlíonann sé ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
is é príomhghníomhaíocht an ghnóthais sealúchais a fháil nó a bheith ina úinéir sealúchas nó saothrú ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, pointí 2 go 12 agus pointí 15, 16 agus 17, a ghabhann le Treoir 2013/36/AE, nó saothrú ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí nó gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn A nó B, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE i ndáil le hionstraimí airgeadais a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
is gnólacht infheistíochta, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, cuideachta sealbhaíochta infheistíochta, soláthraí seirbhísí íocaíochta de réir mar a dhéantar an méid sin a chatagóiriú faoi Airteagal 1(1), pointí (a) go (d), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), cuideachta bainistíochta sócmhainní nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha é an gnóthas;
ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta lántionsclaíoch” gnóthas a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
is é a phríomhghníomhaíocht sealúchas a fháil nó a bheith ina úinéir sealúchais;
ní thagraítear dó i bpointe 27(a), nó pointe (27)(d) go (l), den mhír seo agus ní gnólacht infheistíochta ná cuideachta bainistíochta sócmhainní, ná soláthraí seirbhísí íocaíochta é de réir mar a dhéantar an méid sin a chatagóiriú faoi Airteagal 1(1), pointí (a) go (d), de Threoir (AE) 2015/2366;
níl aon rannpháirtíochtaí aige in eintiteas earnála airgeadais;
ciallaíonn “eintiteas earnála airgeadais” aon cheann díobh seo a leanas:
institiúid;
institiúid airgeadais;
▼M17 —————
gnóthas árachais;
gnóthas árachais tríú tír;
gnóthas athárachais;
gnóthas athárachais tríú tír;
cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear i bpointe (f) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE í;
gnóthas atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin;
gnóthas tríú tíre a bhfuil príomhghnó aige atá inchomparáide le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go (k) thuas.
ciallaíonn “máthairinstitiúid i mBallstát” institiúid i mBallstát a bhfuil institiúid nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta aici, nó a bhfuil rannpháirtíocht aici in institiúid nó in institiúid airgeadais, agus nach bhfuil ina fochuideachta de chuid institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna;
ciallaíonn “máthairinstitiúid AE” máthairinstitiúid i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe in aon Bhallstát;
ciallaíonn 'máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát' máthairghnóthas i mBallstát ar gnólacht infheistíochta é;
ciallaíonn 'máthairghnólacht infheistíochta AE' máthairghnóthas AE ar gnólacht infheistíochta é;
ciallaíonn “máthairinstitiúid chreidmheasa i mBallstát” máthairinstitiúid i mBallstát ar institiúid creidmheasa í;
ciallaíonn “máthairinstitiúid creidmheasa AE” máthairinstitiúid AE ar institiúid creidmheasa í;
ciallaíonn “máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát” cuideachta shealbhaíochta airgeadais nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna;
ciallaíonn “máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE” máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha eile atá bunaithe in aon Bhallstát;
ciallaíonn “máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát” cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna.
ciallaíonn “máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha AE” máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha eile atá bunaithe in aon Bhallstát;
ciallaíonn “contrapháirtí lárnach” nó “CL” CL mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;
ciallaíonn “rannpháirtíocht” leas rannpháirteach, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ) é, nó úinéireacht, bíodh sí díreach nó indíreach, 20 % nó níos mó de chearta vótála nó de chaipiteal gnóthais;
ciallaíonn “sealúchas cáilitheach” sealúchas díreach nó indíreach i ngnóthas arb ionann é agus 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist nó a fhágann gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an ghnóthais sin;
ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir máthairghnóthas agus fochuideachta, mar atá sonraithe in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE, nó sna caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ), nó caidreamh atá cosúil leis idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;
ciallaíonn “dlúthnaisc” staid ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dlítheanacha, nó níos mó, nasctha le chéile ar cheann de na bealaí seo a leanas:
rannpháirtíocht i bhfoirm úinéireachta, bíodh sé díreach nó i bhfoirm rialaithe, ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais;
smacht;
an dá duine nádúrtha nó dlítheanacha nó iad go léir a bheith buan-nasctha leis an tríú duine trí ghaolmhaireacht rialaithe;
ciallaíonn “grúpa cliant nasctha” aon cheann díobh seo a leanas:
dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, ar aon ►C9 riosca ◄ amháin iad, mura léirítear a mhalairt, toisc go bhfuil rialú ag duine acu, go díreach nó go hindíreach, ar an duine nó ar na daoine eile;
dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nach bhfuil aon ghaol rialaithe den chineál a dtagraítear dó i bpointe (a) eatarthu, ach atá le meas mar aon ►C9 riosca ◄ amháin toisc go bhfuil an nasc chomh dlúth sin eatarthu gur dócha, dá mbeadh fadhbanna airgeadais ag duine amháin acu, go háirithe deacrachtaí maoinithe nó aisíocaíochta, go mbeadh deacrachtaí airgeadais ag an duine eile nó ag na daoine eile go léir;
D'ainneoin phointe (a) agus do phointe (b),sa chás go bhfuil rialú díreach ag rialtas láir ar níos mó ná duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó go bhfuil sé idirnasctha go díreach leo, féadfar, maidir leis an tacar arb éard atá ann an rialtas láir agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá faoina rialú díreach nó indíreach i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha leis i gcomhréir le pointe (b), an tacar sin a mheas mar ghrúpa nach bhfuil cliaint nasctha ann. Ina ionad sin, féadfar measúnú ar leith a dhéanamh, ina measfaí an ann do ghrúpa cliant nasctha ina bhfuil an rialtas láir agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ar measúnú do gach duine ar leith é atá faoina rialú díreach i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha go díreach leis i gcomhréir le pointe (b), agus do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá faoi rialú an duine sin i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha leis an duine sin i gcomhréir le pointe (b), lena n-áirítear an rialtas láir. Tá feidhm ag an méid sin freisin i gcás rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil a bhfuil feidhm ag Airteagal 115(2) ina leith.
Ní mheastar gur grúpa cliant nasctha iad beirt nó triúr daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) mar go bhfuil siad ►C12 neamhchosainta ◄ go díreach ar CPL céanna chun críocha gníomhaíochtaí imréitigh;
ciallaíonn “udarás inniúil” údarás poiblí nó comhlacht atá aitheanta go hoifigiúil ag an dlí náisiúnta, agus a dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht dó maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí mar chuid den chóras maoirseachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann;
ciallaíonn “maoirseoir comhdhlúthaithe” údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE;
ciallaíonn “údarú” ionstraim arna heisiúint i bhfoirm ar bith ag na húdaráis ar ar deonaíodh an ceart an gnó a dhéanamh;
ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát ar tugadh údarú d'institiúid ann;
ciallaíonn “Ballstát óstaigh” an Ballstát a bhfuil brainse ag institiúid ann nó ina gcuireann sí seirbhísí ar fáil;
ciallaíonn “bainc cheannais CEBC” na bainc cheannais náisiúnta atá ina gcomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE);
ciallaíonn “bainc cheannais” bainc cheannais CEBC agus bainc cheannais tríú tíortha
ciallaíonn “cás comhdhlúite” an cás a thagann as ceanglais an rialacháin seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II de Chaibidil 2 ar institiúid amhail dá mba institiúid amháin í agus eintiteas amháin eile nó níos mó;
ciallaíonn “bonn comhdhlúite” ar bhonn an cháis chomhdhlúite;
ciallaíonn “ar bhonn fo-chomhdhlúite” ar bhonn cháis chomhdhlúite máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha gan fo-ghrúpa eintiteas san áireamh nó ar bhonn cháis chomhdhlúite máthairinstitiúide, cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nach an mháthairinstitiúid dheiridh, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais dheiridh nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha dheiridh í.
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” aon cheann díobh seo a leanas:
conradh a bhfuil mar thoradh air sócmhainn airgeadais i gcás páirtí amháin agus dliteanas airgeadais nó ionstraim cothromais i gcás an pháirtí eile;
ionstraim a shainítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;
ionstraim airgeadais dhíorthach;
ionstraim phríomhúil airgeadais;
ionstraim airgid.
Ní ionstraimí airgeadais na hionstraimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) ach amháin sa chás go ndíorthaítear a luach ó phraghas ionstraime airgeadais fholuitigh, ó ítim eile fholuiteach, ó ráta, nó ó innéacs;
ciallaíonn 'caipiteal tosaigh' méideanna agus cineálacha na gcistí dílse a shainítear in Airteagal 12 de Threoir 2013/36/AE;
ciallaíonn “riosca oibriúcháin” an riosca caillteanais mar thoradh ar phróisis, daoine agus córais inmheánacha ar theip orthu nó nach raibh leormhaith, nó mar thoradh ar imeachtaí seachtracha, lena n-áirítear riosca dlíthiúil, riosca samhla nó riosca teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), ach gan a bheith teoranta dóibh sin, ach gan riosca straitéiseach ná riosca do chlú a bheith san áireamh;
ciallaíonn “riosca dlíthiúil” an riosca caillteanais, lena n-áirítear speansais, fíneálacha, pionóis nó damáistí pionósacha, a d’fhéadfadh institiúid a thabhú mar thoradh ar theagmhais a mbíonn imeachtaí dlíthiúla mar thoradh orthu, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
gníomhaíochtaí maoirseachta agus socraíochtaí príobháideacha;
neamhghníomh i gcás inar gá gníomhú chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh;
gníomhaíocht a dhéantar chun comhlíontacht le hoibleagáid dhlíthiúil a sheachaint;
teagmhais mhí-iompair, ar teagmhais iad a eascraíonn as mí-iompar toiliúil nó faillitheach, lena n-áirítear soláthar míchuí seirbhísí airgeadais nó faisnéis neamhleor nó mhíthreorach a sholáthar maidir le riosca airgeadais na dtáirgí arna ndíol ag an institiúid;
neamhchomhlíonadh aon cheanglas a fhaightear i bhforálacha náisiúnta nó idirnáisiúnta reachtúla nó reachtacha;
neamhchomhlíonadh aon cheanglais a fhaightear i socruithe conarthacha, nó neamhchomhlíonadh rialacha inmheánacha agus cód iompair arna gcur ar bun i gcomhréir le rialacha agus cleachtais náisiúnta nó idirnáisiúnta;
neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le heitic;
ciallaíonn “riosca samhla” an riosca caillteanais a eascraíonn as cinntí atá bunaithe go príomha ar aschur samhlacha inmheánacha, de dheasca earráidí maidir le dearadh, forbairt, meastóireacht paraiméadair, cur chun feidhme, úsáid nó faireachán na samhlacha sin, lena n-áirítear an méid a leanas:
samhail inmheánach roghnaithe agus a saintréithe a dhearadh go míchuí;
fíorú nach leormhaith ar oiriúnacht samhla inmheánaí roghnaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar an ionstraim airgeadais nó chun an táirge a phraghsáil, nó ar oiriúnacht na samhla inmheánaí roghnaithe do na coinníollacha margaidh is infheidhme;
earráidí i gcur chun feidhme samhla inmheánaí roghnaithe;
luachálacha marcála míchearta ón margadh agus tomhas riosca de thoradh earráid le linn trádáil a chur isteach sa chóras trádála;
úsáid a bhaint as samhail inmheánach roghnaithe nó as a haschuir chun críche nach raibh an tsamhail sin beartaithe ná deartha chuici, lena n-áirítear cúbláil ar na paraiméadair shamhaltaithe;
faireachán nó fíorú míthráthúil nó mí-éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmiú na samhla nó ar an gcumas réamhaisnéise chun measúnú a dhéanamh an bhfuil an tsamhail inmheánach roghnaithe fós oiriúnach dá feidhm;
ciallaíonn “riosca TFC” an riosca caillteanas a bhaineann le haon imthosca atá inaitheanta go réasúnta i ndáil le húsáid córas gréasáin agus faisnéise a d’fhéadfadh, má thagann siad chun cinn, dochar a dhéanamh do shlándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise, aon uirlise nó próisis atá spleách ar theicneolaíocht, na n-oibríochtaí agus na bpróiseas, nó soláthair seirbhísí trí éifeachtaí díobhálacha a chruthú sa timpeallacht dhigiteach nó fhisiciúil;
ciallaíonn “riosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais” nó “riosca CSR” an riosca maidir le haon tionchar airgeadais diúltach ar institiúid a eascraíonn as an tionchar reatha nó ionchasach atá ag tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais (CSR) ar chontrapháirtithe nó sócmhainní infheistithe na hinstitiúide sin; is trí na catagóirí traidisiúnta rioscaí airgeadais a thagann rioscaí CSR chun cinn;
ciallaíonn “riosca comhshaoil” an riosca maidir le haon tionchar airgeadais diúltach ar institiúid a eascraíonn as an tionchar reatha nó ionchasach atá ag tosca comhshaoil ar chontrapháirtithe nó sócmhainní infheistithe na hinstitiúide sin, lena n-áirítear tosca a bhaineann leis an aistriú chuig na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ); cuimsítear riosca fisiciúil agus riosca aistrithe le riosca comhshaoil;
ciallaíonn “riosca fisiciúil”, mar chuid den riosca comhshaoil, an riosca maidir le haon tionchar airgeadais diúltach ar institiúid a thagann ón tionchar reatha nó ionchasach ag éifeachtaí fisiciúla tosca comhshaoil ar chontrapháirtithe nó ar shócmhainní infheistithe na hinstitiúide sin;
ciallaíonn “riosca aistrithe”, mar chuid den riosca comhshaoil, an riosca maidir le haon tionchar airgeadais diúltach ar institiúid a thagann ón tionchar reatha nó ó thionchar ionchasach atá ag an aistriú chuig geilleagar atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ar chontrapháirtithe nó sócmhainní infheistithe na hinstitiúide sin;
ciallaíonn “riosca sóisialta” an riosca go mbeadh aon tionchar airgeadais diúltach ar institiúid a eascraíonn ón tionchar reatha nó ó thionchar ionchasach atá ag tosca sóisialta ar a contrapháirtithe nó ar a sócmhainní infheistithe;
ciallaíonn “riosca rialachais” an riosca go mbeadh tionchar airgeadais diúltach ar institiúid a eascraíonn ón tionchar reatha nó ó thionchar ionchasach ag tosca rialachais ar chontrapháirtithe nó sócmhainní infheistithe na hinstitiúide sin;
ciallaíonn “dóchúlacht mainneachtana” nó “PD” dóchúlacht mainneachtana oibleagáideora nó, i gcás inarb infheidhme, dóchúlacht mainneachtana saoráide creidmheasa ar feadh tréimhse aon bhliain amháin, agus, i gcomhthéacs riosca caolúcháin, an dóchúlacht caolúcháin ar feadh tréimhse aon bhliain amháin;
ciallaíonn “caillteanas i gcás mainneachtana” nó “LGD” cóimheas an chaillteanais ar neamhchosaint a bhaineann le saoráid aonair de thoradh mainneachtain oibleagáideora nó, i gcás inarb infheidhme, saoráide creidmheasa leis an méid gan íoc tráth na mainneachtana nó ar dháta tagartha áirithe tar éis dháta na mainneachtana agus, i gcomhthéacs an riosca caolúcháin, an caillteanas i gcás caolúcháin, rud a chiallaíonn cóimheas an chaillteanais ar neamhchosaint a bhaineann le hearra infhaighte ceannaithe de bharr caolúcháin, leis an méid den earra infhaighte ceannaithe atá gan íoc;
ciallaíonn “fachtóir coinbhéartachta” nó “fachtóir coinbhéartachta creidmheasa” nó “CCF” cóimheas an mhéid gealltanais atá gan tarraingt ó shaoráid aonair ag pointe ama áirithe roimh mhainneachtain agus, dá bhrí sin, atá gan íoc tráth na mainneachtana, le méid an ghealltanais atá gan tarraingt ón tsaoráid sin, is í an teorainn mholta a chinnfidh fairsinge an ghealltanais, ach amháin má tá an teorainn neamh-mholta níos airde;
ciallaíonn “cosaint creidmheasa chistithe” nó “FCP” teicníc maolaithe riosca creidmheasa ina dtagann an laghdú ar an riosca creidmheasa a ghabhann le neamhchosaint institiúide ó cheart na hinstitiúide sin, i gcás mhainneachtain an oibleagáideora nó na saoráide creidmheasa nó i gcás teagmhas creidmheasa sainithe eile a bhaineann leis an oibleagáideoir, sócmhainní nó méideanna áirithe a leachtú nó iad a bheith aistrithe nó leithreasaithe, nó iad a choinneáil, nó méid na neamhchosanta ar mhéid na difríochta idir méid na neamhchosanta agus méid éilimh ar an institiúid a laghdú nó méid na difríochta sin a chur ina ionad;
ciallaíonn “cosaint creidmheasa neamhchistithe” nó “UFCP” teicníc maolaithe riosca creidmheasa ina dtagann an laghdú ar an riosca creidmheasa a ghabhann le neamhchosaint institiúide as oibleagáid tríú páirtí méid a íoc i gcás mhainneachtain an oibleagáideora nó na saoráide creidmheasa, nó i gcás teagmhas creidmheasa sainithe eile;
ciallaíonn “ionstraim chomhshamhlaithe airgid” deimhniú taisce, banna, lena n-áirítear banna faoi chumhdach, nó aon ionstraim neamh-fho-ordaithe eile atá eisithe ag institiúid iasachtaí, a bhfuil íocaíocht iomlán faighte ag an institiúid iasachtaí sin ina leith cheana féin agus a aisíocfaidh an institiúid gan choinníoll ag a luach ainmniúil;
ciallaíonn “órbhuillean” ór i bhfoirm tráchtearra, lena n-áirítear barraí óir, uingí agus boinn óir, a nglacann an margadh buillin leo go coitianta, i gcás inarb ann do mhargaí do bhuillean, agus arb é luach an chion óir, arna shainiú de réir íonachta agus maise, a chinneann an luach atá orthu, seachas an díol spéise do lucht na moneolaíochta;
ciallaíonn “urrúsú” urrúsú mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “suíomh urrúsúcháin” suíomh urrúsúcháin mar a shainmhínítear i bpointe (19) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “ath-urrúsú” ath-urrúsú mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “suíomh ath-urrúsúcháin” ►C9 neamhchosaint ◄ ar ath-urrúsúchán;
ciallaíonn “feabhsú creidmheasa” socrú conarthach trína ndéantar cáilíocht chreidmheasa suímh atá in urrúsú a fheabhsú le hais mar a bheadh sé murach sin, lena n-áirítear feabhsú a thagann as tráinsí níos sóisearaí san urrúsú agus as cineálacha eile cosanta creidmheasa;
ciallaíonn “eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin” nó “SSPE” eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin nó SSPE mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “tráinse” tráinse mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “marcáil ón margadh” luacháil suíomh ag praghsanna thráth dúnta an mhargaidh atá ar fáil gan dua agus a bhfuil foinse neamhspleách acu, lena n-áirítear praghsanna malartaithe, praghsanna scáileáin nó meastacháin ó roinnt bróicéirí neamhspleácha creidiúnacha;
ciallaíonn “marcáil de réir samhla” aon luacháil is gá a thagarmharcáil, a eachtarshuí nó a ríomh ar bhealach eile ó ionchur margaidh amháin nó níos mó;
ciallaíonn “fíorú neamhspleách ar phraghsanna” próiseas ina ndéantar praghsanna an mhargaidh nó ionchuir marcáil de réir samhla a fhíorú go rialta maidir le cruinneas agus neamhspleáchas;
ciallaíonn “caipiteal incháilithe” na nithe seo a leanas:
chun críocha Theideal III de Chuid a Dó, ciallaíonn sé suim na nithe seo a leanas:
caipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 25, gan an asbhaint atá in Airteagal 36(1)(k)(i) a chur i bhfeidhm;
caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin faoi mar a ríomhtar é de bhun phointe (i) den phointe seo;
ciallaíonn “malartán aitheanta” malartán a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir:
is margadh rialáilte nó margadh tríú tír é a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE;
tá sásra imréitigh aige trína ndéantar conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chur faoi réir ceanglas corrlaigh laethúil a chuireann cosaint iomchuí ar fáil, i dtuairim na n-údarás inniúil;
ciallaíonn “sochair phinsin lánroghnacha” sochair phinsin fheabhsaithe arna dtabhairt ar bhonn lánroghnach ag institiúid d'fhostaí mar chuid dá phacáiste luach saothair inathraithe, nach gcuimsíonn sochar fabhraithe a tugadh d'fhostaí faoi théarmaí scéim pinsean na cuideachta;
ciallaíonn “luach iasachta morgáiste” luach maoine dochorraithe arna chinneadh ag measúnú stuama ar indíoltacht na maoine sa todhchaí, ag cur san áireamh gnéithe inbhuanaithe fadtéarmacha na maoine, gnáthchoinníollacha an mhargaidh áitiúil, úsáid reatha agus úsáidí malartacha iomchuí na maoine;
ciallaíonn “luach réadmhaoine” luach réadmhaoine cónaithe nó luach réadmhaoine dochorraithe tráchtála arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 229(1);
ciallaíonn “réadmhaoin chónaithe” aon cheann díobh seo a leanas:
réadmhaoin dhochorraithe atá de chineál teaghaise agus a shásaíonn gach dlí agus rialachán is infheidhme a fhágann gur féidir an réadmhaoin a áitiú chun críoch tithíochta;
réadmhaoin dhochorraithe atá de chineál teaghaise agus atá fós á tógáil, ar choinníoll go meastar go sásóidh an réadmhaoin gach dlí agus rialachán is infheidhme a fhágann gur féidir an réadmhaoin a áitiú chun críoch tithíochta;
an ceart chun cónaí in árasán i gcomharchumainn tithíochta atá lonnaithe sa tSualainn;
talamh atá coimhdeach le réadmhaoin dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c);
ciallaíonn “réadmhaoin dhochorraithe tráchtála” aon réadmhaoin dhochorraithe nach réadmhaoin chónaithe í;
ciallaíonn “neamhchosaint ar réadmhaoin a ghineann ioncam” nó “neamhchosaint IPRE” neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála nó chónaithe amháin nó níos mó ina bhfuil comhlíonadh na n-oibleagáidí creidmheasa a bhaineann leis an neamhchosaint ag brath go hábhartha ar na sreafaí airgid arna nginiúint ag na réadmhaoine dochorraithe sin a urraíonn an neamhchosaint sin, seachas ar acmhainneacht an oibleagáideora na hoibleagáidí creidmheasa a chomhlíonadh ó fhoinsí eile; nuair is léas nó íocaíochtaí cíosa, nó fáltais ó dhíol na réadmhaoine cónaithe nó na réadmhaoine dochorraithe tráchtála iad príomhfhoinse na sreabh airgid sin;
ciallaíonn “neamhchosaint ar réadmhaoin nach ngineann ioncam” nó “neamhchosaint neamh-IPRE” aon neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála nó chónaithe amháin nó níos mó nach neamhchosaint IPRE í;
ciallaíonn “neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin chónaithe” nó “neamhchosaint arna hurrú le morgáiste ar réadmhaoin chónaithe” neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin chónaithe nó neamhchosaint a mheastar a bheith amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 108(4);
ciallaíonn “neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála” nó “neamhchosaint arna hurrú le morgáiste ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála” neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála;
ciallaíonn “neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe” nó “neamhchosaint arna hurrú le morgáiste ar réadmhaoin dhochorraithe” nó “neamhchosaint arna hurrú le comhthaobhacht réadmhaoine dochorraithe” neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin chónaithe nó réadmhaoin dhochorraithe tráchtála nó neamhchosaint a mheastar a bheith amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 108(4);
ciallaíonn “margadhluach”, chun críocha maoine dochorraithe, an méid measta ba cheart a bheith ar an mhaoin ar í a mhalartú ar an dáta luachála idir ceannaitheoir toilteanach agus díoltóir toilteanach in idirbheart ar neamhthuilleamaí tar éis margaíochta cuí ina raibh na páirtithe ag gníomhú go heolasach, go stuama agus gan bheith faoi éigeantas;
ciallaíonn “creat cuntasaíochta infheidhme” na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil an institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó Treoir 86/635/CCE;
ciallaíonn “ráta mainneachtana bliana” an cóimheas idir líon na n-oibleagáideoirí nó, i gcás ina gcuirtear an sainmhíniú ar mhainneachtain i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide creidmheasa de bhun Airteagal 178(1), an dara fomhír, na saoráidí creidmheasa a meastar gur tharla mainneachtain ina leith le linn tréimhse dar tús bliain amháin roimh dháta breathnaithe T, agus líon na n-oibleagáideoirí, nó i gcás ina gcuirtear an sainmhíniú ar mhainneachtain i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide creidmheasa de bhun Airteagal 178(1), an dara fomhír, saoráidí creidmheasa a shanntar don ghrád sin nó don chomhthiomsú sin bliain amháin roimh an dáta breathnaithe T sin;
ciallaíonn “neamhchosaintí maidir le héadáil talún, forbairt agus tógáil” nó “neamhchosaintí ADC” neamhchosaintí ar chorparáidí nó eintitis shainchuspóireacha a mhaoiníonn aon éadáil talún chun críoch forbartha agus tógála, nó a mhaoiníonn forbairt agus tógáil aon réadmhaoine cónaithe nó aon réadmhaoine dochorraithe tráchtála;
ciallaíonn “neamhchosaint neamh-ADC” aon neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin chónaithe amháin nó níos mó nó réadmhaoin dhochorraithe tráchtála amháin nó níos mó nach neamhchosaint ADC í;
▼M17 —————
ciallaíonn “maoiniú trádála” maoiniú, lena n-áirítear ráthaíochtaí, a bhaineann le malartú earraí nó seirbhísí trí tháirgí airgeadais d'aibíocht sheasta ghearrthéarmach, níos lú ná bliain amháin go hiondúil, gan tar-rolladh uathoibríoch, ►C9 neamhchosaintí ◄ ;
Ciallaíonn “creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil” iasachtaí nó creidmheasanna chun onnmhairiú earraí agus seirbhísí a mhaoiniú a sholáthraíonn gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil ráthaíochtaí, árachas nó maoiniú díreach ina leith;
ciallaíonn “comhaontú athcheannaigh” agus “comhaontú athcheannaigh droim ar ais” aon chomhaontú ina n- aistríonn institiúid nó a contrapháirtí urrúis nó tráchtearraí nó cearta ráthaithe a bhaineann le teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí nuair is malartán aitheanta a shealbhaíonn cearta na n-urrúis nó na dtráchtearraí a eisíonn an ráthaíocht sin, agus nuair nach dtugann an comhaontú cead don institiúid urrús nó tráchtearra ar leith a aistriú chuig níos mó ná contrapháirtí amháin san am céanna, faoi réir tiomantais iad a athcheannach, nó le hurrúis nó tráchtearraí athsholáthraithe den chineál céanna ag praghas agus ar dháta sa todhchaí atá sainithe ag an aistreoir, nó ag praghas agus ar dháta a shaineoidh sé, agus arb é atá iontu comhaontú athcheannaigh ag an institiúid atá ag díol na n-urrús nó na dtráchtearraí agus comhaontú ceannaigh droim ar ais ag an institiúid atá á gceannach;
ciallaíonn “idirbheart athcheannaigh” aon idirbheart arna rialú ag comhaontú athcheannaigh nó comhaontú athcheannaigh droim ar ais;
ciallaíonn “comhaontú simplí athcheannaigh” idirbheart athcheannaigh ar shócmhainn aonair nó ar shócmhainní chomhchosúla, neamhchasta seachas bascaed sócmhainní;
ciallaíonn “suímh arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil” aon cheann díobh seo a leanas:
suímh dhílsithe agus suímh a eascraíonn ó sheirbhísiú cliaint agus ó dhéanamh margaí;
suímh atá ceaptha lena n-athdhíol sa ghearrtéarma;
suímh atá ceaptha leas a bhaint as difríochtaí praghais gearrthéarmacha iarbhír nó ionchais idir praghsanna ceannaigh agus praghsanna díola nó as athróga eile ar phraghsanna nó as athróga ar an ráta úis;]
ciallaíonn “leabhar trádála” gach suíomh in ionstraimí airgeadais agus i dtráchtearraí arna sealbhú ag institiúid le hintinn trádála, nó d'fhonn suíomhanna arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil a fhálú, i gcomhréir le hAirteagal 104;
ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhíníter í i bpointe 15 d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE;]
ciallaíonn “contrapháirtí lárnach cáilitheach” nó “CLC” contrapháirtí lárnach atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin;
ciallaíonn “ciste mainneachtana” ciste arna bhunú ag contrapháirtí lárnach i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 agus arna úsáid i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán sin;
ciallaíonn “ranníocaíocht réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh” ranníocaíocht le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh a íocann institiúid;
ciallaíonn “ ►C12 neamhchosaint ◄ trádála” ►C12 neamhchosaint ◄ reatha, lena n-áirítear corrlach athrúcháin atá dlite don chomhalta imréitigh ach nach bhfuarthas fós agus aon ►C12 neamhchosaint ◄ a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo de chuid comhalta imréitigh nó de chuid cliaint ar CPL a eascraíonn as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 301(1), mar aon le corrlach tosaigh;
ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialtáilte mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE;
ciallaíonn “luamhánú” méid choibhneasta sócmhainní institiúide, oibleagáidí atá lasmuigh den chlár comhardaithe agus oibleagáidí teagmhasacha comhthaobhacht a íoc nó a sheachadadh nó a sholáthar, lena n-áirítear oibleagáidí ó mhaoiniú faighte, tiomantais déanta, díorthaigh nó comhaontuithe athcheannaigh, cé is moite d'oibleagáidí nach féidir a chur i bhfeidhm ach amháin le linn leachtú institiúide, i gcomparáid le cistí dílse na hinstitiúide sin;
ciallaíonn “ ►C9 riosca ◄ luamhánaithe iomarcaigh” an ►C9 riosca ◄ a eascraíonn as leochaileacht institiúide mar gheall ar luamhán nó ar luamhán teagmhasach lena bhféadfaí bearta ceartaitheacha neamhbheartaithe a éileamh i ndáil lena phlean gnó, lena n-áirítear díol tochsail sócmhainní a bhféadfadh caillteanais nó coigeartuithe luachála ar na sócmhainní atá fós aige a bheith mar thoradh air;
ciallaíonn “coigeartú ar ►C9 riosca ◄ creidmheasa” méid an tsoláthair shonraigh agus ghinearálta do chaillteanas ar iasachtaí i gcomhair priacail creidmheasa, ar méid é ar tugadh aitheantas ina leith i ráitis airgeadais na hinstitiúide i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
ciallaíonn “fálú inmheánach” suíomh lena bhfritháirítear na heilimintí ►C12 riosca ◄ comhpháirtí idir suíomh sa leabhar trádála agus suíomh amháin nó níos mó sa leabhar neamhthrádála nó idir dhá dheasca trádála;
ciallaíonn “oibleagáid tagartha” oibleagáid a mbaintear úsáid aisti chun an luach socraíochta a bheidh ag díorthach creidmheasa a chinneadh.
Ciallaíonn institiúidí um measúnú creidmheasa seachtrach nó IMCS gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe nó deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ( 15 ) nó banc ceannais a eisíonn rátálacha creidmheasa atá díolmhaithe ó fheidhm Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.
Ciallaíonn “IMCS ainmnithe” IMCS a ainmníonn institiúid;
tá le “ioncam cuimsitheach carntha eile” an bhrí atá leis faoin gCaighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta (CCI) 1, de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;
ciallaíonn “cistí dílse bunúsacha” cistí dílse bunúsacha de réir bhrí Airteagal 88 de Threoir 2009/138/CE;
ciallaíonn “ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 1” ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 1 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 94 den Treoir sin;
ciallaíonn “ítimí breise d'árachas cistí dílse de Leibhéal 1” ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin mar chaipiteal Leibhéal 1 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 94(1) den Treoir sin, agus ina bhfuil teorainn ar áirithiú na hítimí sin de bhun ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 99 den Treoir sin;
ciallaíonn “ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 2” ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 2 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 2 d'Airteagal 94 den Treoir sin;
ciallaíonn “ítimí d'árachas cistí dílse de Leibhéal 3” ítimí árachais bunúsacha chistí dílse ghnóthais atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 3 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 3 d'Airteagal 94 den Treoir sin;
tá le “sócmhainní cánach iarchurtha” an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
ciallaíonn ‘sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí sócmhainní cánach iarchurtha nach bhféadfar a luach todhchaí a réadú ach amháin sa chás go ngineann an institiúid brabús inchánach sa todhchaí;
tá le “dliteanais cánach iarchurtha” an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme
ciallaíonn “sócmhainní ciste pinsin le sochar sainithe” sócmhainní ciste pinsean sainithe nó sócmhainní plean pinsean sainithe, de réir mar is infheidhme, arna ríomh tar éis iad a laghdú le méid na n-oibleagáidí faoin bplean nó faoin gciste sin;
ciallaíonn “dáileacháin” íocaíocht díbhinní nó leas i bhfoirm ar bith;
tá le “gnóthas airgeadais” an bhrí atá leis faoi phointí (b) agus (d) d'Airteagal 13(25) de Threoir 2009/138/CE;
tá le “cistí do priacail baincéireachta ginearálta” an bhrí atá leis faoi Airteagal 38 de Threoir 86/635/CEE;
tá le “cáilmheas” an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
ciallaíonn “sealúchas indíreach” aon neamhchosaint d’eintiteas idirmheánach a bhfuil neamhchosaint aige ar ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais nó ar dhliteanais arna n-eisiúint ag institiúid más rud é, i gcás ina ndíscríobhtar ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag an eintiteas earnála airgeadais nó na dliteanais arna n-eisiúint ag an institiúid go buan, nach mbeadh an caillteanas a thabhódh an institiúid mar thoradh ar an díscríobh éagsúil go hábhartha leis an gcaillteanas a thabhódh an institiúid ó shealúchas díreach na n-ionstraimí caipitil sin arna n-eisiúint ag an eintiteas earnála airgeadais ná na ndliteanas sin arna n–eisiúint ag an institiúid;
tá le “sócmhainní doláimhsithe” an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus áirítear leis cáilmheas;
ciallaíonn “ionstraimí caipitil eile” ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintitis ábhartha san earnáil airgeadais nach gcáilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 2, ítimí d'árachas cistí dílse de Leibhéal 1, ítimí breise d'árachas cistí dílse Leibhéal 1, ítimí d'árachas cistí dílse Leibhéal 2, ná ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 3;
ciallaíonn “cúlchistí eile” cúlchistí de réir bhrí an chreata cuntasaíochta is infheidhme nach foláir a nochtadh faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, cé is moite d'aon mhéideanna ar áireamh cheana féin in ioncam cuimsitheach carntha eile nó i dtuilleamh coimeádta;
ciallaíonn “cistí dílse” suim chaipiteal Leibhéal 1 agus caipiteal Leibhéal 2;
ciallaíonn “ionstraimí cistí dílse” ionstraimí chaipitil arna n-eisiúint ag an institiúid a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Breise Leibhéal 2;
ciallaíonn “leas mionlaigh” an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta institiúide atá inchurtha i leith duine nádúrtha nó dlítheanach seachas iad siúd a áirítear i raon feidhme comhdhlúthaithe stuamachta na hinstitiúide;
tá le “brabús” an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
ciallaíonn “tras-shealúchas cómhalartach” sealúchas chuid institiúide ar ionstraimí cistí dílse nó ionstraimí caipitil eile arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais i gcás ina bhfuil ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag an institiúid i seilbh na n-eintiteas sin freisin;
ciallaíonn “tuilleamh coimeádta” brabúis agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur chun feidhme deiridh an bhrabúis nó an chaillteanais faoi na creataí cuntasaíochta is infheidhme;
tá le “cuntas scairbhisigh” an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
tá le “difríochtaí sealadacha” an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
ciallaíonn “sealúchas sintéiseach” infheistíocht institiúide in ionstraim airgeadais ar ionstraim í a bhfuil nasc díreach ag a luach le luach na n-ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais nó le luach na ndliteanas arna n-eisiúint ag institiúid;
ciallaíonn “scéim trasráthaíochta” scéim lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúidí céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) nó tá siad cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach trí bhíthin líonra;
tá na hinstitiúidí comhdhlúite go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2013/34/AE agus áirítear iad sa mhaoirseacht a dhéantar, ar bhonn comhdhlúite, ar an institiúid ar máthairinstitiúid i mBallstát í i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, den Rialachán seo agus atá faoi réir ceanglas cistí dílse;
bunaítear máthairinstitiúid agus na fochuideachtaí sa Bhallstát céanna agus tá siad faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag an údarás inniúil céanna;
tá comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil ag an máthairinstitiúid i mBallstát agus ag na fochuideachtaí a thugann cosaint do na hinstitiúidí sin agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint i gcás ina bhfuil gá sin a dhéanamh;
tá socruithe i bhfeidhm lena áirithiú go gcuifear acmhainn airgeadais ar fáil go pras i dtéarmaí caipitil agus leachtachta más gá faoin gcomhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil dá dtagraítear i bpointe (d);
déanann an t-údarás inniúil faireachán ar leordhóthanacht na socruithe dá dtagraítear i bpointe (d) agus (e) go rialta;
tá íostréimhse fógartha10 mbliana ag fochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais;
tá sé de chumhacht ag an údarás inniúil cosc a chur ar fhochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais;
ciallaíonn “ítimí indáilte” méid an bhrabúis ag deireadh na bliana airgeadais deiridh móide aon bhrabús a thugtar ar aghaidh agus aon chúlchistí atá ar fáil chuige sin sula ndéanfar dáileacháin ar shealbhóirí ionstraimí cistí dílse lúide aon chaillteanais a thugtar ar aghaidh, aon bhrabúis atá neamh-indáilte de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta nó fhodhlíthe na hinstitiúide, agus aon suimeanna a chuirtear i gcúlchistí neamh-indáilte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is nó le reachtanna na hinstitiúide, i ngach cás maidir le catagóir sonrach na n-ionstraimí cistí dílse lena mbaineann dlí an Aontais, an dlí náisiúnta, fodhlíthe na n-institiúidí nó reachtanna; agus brabúis, caillteanais agus cúlchistí den chineál sin á gcinneadh ar bhonn chuntas aonair na hinstitiúide seachas ar bhonn na gcuntas comhdhlúite;
ciallaíonn “seirbhíseoir” seirbhíseoir mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “údarás réitigh” údarás réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (18) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;
ciallaíonn “údarás ábhartha tríú tír” údarás tríú tír mar a shonraítear in Airteagal 2(1), pointe (90), de Threoir 2014/59/AE;
ciallaíonn “eintiteas réitigh” eintiteas réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (83a) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;
ciallaíonn “grúpa réitigh” grúpa réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (83b) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;
ciallaíonn “institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi” nó “G-SII” G-SII a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 131(1) agus (2) de Threoir 2013/36/AE;
ciallaíonn “institiúid dhomhanda neamh-AE a bhfuil tábhacht shistéamach léi ‘nó’ G-SII neamh-”AE grúpa banc domhanda lena bhfuil tábhacht shistéamach nó banc (G-SIBanna) nach G-SII é agus atá ar liosta na G-SIBanna a fhoilsíonn an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, liosta a thabharfar cothrom le dáta go rialta;
ciallaíonn “fochuideachta ábhartha” fochuideachta a chomhlíonann, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
sealbhaíonn an fhochuideachta níos mó ná 5 % de shócmhainní comhdhlúite atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ a máthairghnóthais bunaidh;
gineann an fhochuideachta níos mó ná 5 % d'ioncam oibriúcháin iomlán a máthairghnóthais bunaidh;
chun cinneadh cé hí an fhochuideachta ábhartha, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, glacfar leis an dá mháthairghnóthas idirmheánacha de chuid an Aontais mar fhochuideachta aonair ar bhonn a gcáis chomhdhlúite;
ciallaíonn “eintiteas G-SII” eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus ar G-SII nó cuid de G-SII nó de G-SII neamh-AE é;
ciallaíonn “uirlis díluachála fiachais” uirlis díluachála fiachais mar a shainmhínítear í i bpointe (57) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/(AE);
ciallaíonn “grúpa” grúpa de ghnóthais ar institiúid é gnóthas amháin acu ar a laghad agus atá déanta de mháthairghnóthas agus dá fochuideachtaí, nó de ghnóthais a bhfuil baint acu lena chéile mar a leagtar amach ina Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle ( 16 );
ciallaíonn “idirbheart maoinithe urrús”“idirbheart athcheannaigh”, idirbheart lena dtugtar nó lena bhfaightear urrúis nó tráchtearraí ar iasacht, nó idirbheart lena dtugtar corrlach ar iasacht;
ciallaíonn “corrlach tosaigh” nó “CT” aon chomhthaobhacht, seachas an corrlach athrúcháin, a bailíodh ó eintiteas nó a postáladh chuige chun an ►C12 neamhchosaint ◄ atá ann faoi láthair agus an ►C12 neamhchosaint ◄ a d'fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí ar idirbheart nó punann idirbheart le linn na tréimhse is gá chun na hidirbhearta sin a leachtú nó chun a ►C12 riosca ◄ margaidh a athfhálú, tar éis mhainneachtain an chontrapháirtí san idirbheart nó i bpunann na n-idirbheart;
ciallaíonn “deasc thrádála”, grúpa déileálaithe léir-shainaitheanta arna chur ar bun ag an institiúid i gcomhréir le hAirteagal 104b(1) chun comhbhainistiú a dhéanamh ar phunann de shuíomhanna leabhair trádála, nó na suíomhanna leabhair neamhthrádála dá dtagraítear i míreanna (5) agus (6) den Airteagal sin, i gcomhréir le straitéis ghnó chomhsheasmhach dhea-shainithe agus é ag oibriú faoin struchtúr bainistithe riosca céanna;
ciallaíonn “institiúid bheag neamhchasta” institiúid a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
nach institiúid mhór í;
tá luach iomlán a sócmhainní ar bhonn aonair nó, más infheidhme, ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ar an meán, cothrom le tairseach EUR 5 bhilliún thar an tréimhse ceithre bliana atá díreach roimh an tréimhse bhliantúil reatha tuairiscithe nó níos lú ná an tairseach sin; Is ceadmhach do Bhallstáit an tairseach sin a ísliú;
níl sí faoi réir aon oibleagáidí, nó tá sí faoi réir oibleagáidí simplithe, i ndáil leis an bpleanáil téarnaimh agus réitigh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2014/59/AE;
rangaítear a gnó leabhar trádála mar ghnó beag de réir bhrí Airteagal 94(1);
ní mó luach iomlán a suíomhanna díorthacha arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil ná 2 % d'iomlán á sócmhainní laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus ní mó luach iomlán a suíomhanna díorthach ná 5 %, i gcás ina ríomhfar an dá luach sin i gcomhréir le hAirteagal 273a(3);
sáraíonn sócmhainní nó dliteanais chomhdhlúite na hinstitiúide a bhaineann le gníomhaíochtaí le contrapháirtithe atá lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, cé is moite de neamhchosaintí laistigh de ghrúpa sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, 75 % de shócmhainní agus dliteanais iomlána chomhdhlúite na hinstitiúide, cé is moite de na neamhchosaintí laistigh de ghrúpa sa dá chás;
ní úsáideann an institiúid samhlacha inmheánacha chun freastal ar na ceanglais stuamachta i gcomhréir leis an Rialachán seo cé is moite d'fhochuideachtaí a bhaineann úsáid as samhlacha inmheánacha a forbraíodh ar leibhéal an ghrúpa, ar choinníoll go bhfuil an grúpa faoi réir na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar síos in Airteagal 433a nó in Airteagal 433c ar leibhéal comhdhlúite;
níor cuireadh agóid in iúl don údarás inniúil ag an institiúid i gcoinne a rangaithe mar institiúid bheag neamhchasta;
ní dhearna an t-údarás inniúil cinneadh nach measfar an institiúid a bheith mar institiúid bheag neamhchasta ar bhonn anailís ar a méid, a hidirnascacht, a castacht nó ar a próifíl ►C12 riosca ◄ ;
ciallaíonn “institiúid mhór” institiúid a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
is “G-SII” í;
sainaithníodh í mar institiúid eile a bhfuil tábhacht shistéamach léi (O-SII) i gcomhréir le hAirteagal 131(1) agus (2) de Threoir 2013/36/AE;
tá sí, sa Bhallstát ina bhfuil sí bunaithe, ar na trí institiúid is mó de réir luach iomlán na sócmhainní;
is comhionann le EUR 30 billiún nó níos mó ná sin é luach iomlán a sócmhainní ar bhonn aonair nó, más infheidhme, ar bhonn a cáis chomhdhlúite i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE;
ciallaíonn “fochuideachta mhór” cuideachta a cháilíonn mar institiúid mhór;
ciallaíonn “institiúid neamhliostaithe” institiúid nár eisigh urrúis a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte d'aon Bhallstát, de réir bhrí phointe (21) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “tuarascáil airgeadais”, chun chríocha Chuid a hOcht, tuarascáil airgeadais de réir bhrí Airteagail 4 agus 5 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 );
ciallaíonn 'déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí' gnóthas arb é a phríomhghnó eisiach seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar i dtaca leis na díorthaigh tráchtearraí nó na conarthaí díorthach tráchtearraí dá dtagraítear i bpointí (5), (6), (7), (9) agus (10), díorthaigh lamháltas astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (4), nó lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “neamhchosaint imrothlach” aon neamhchosaint lena gceadaítear iarmhéid an iasachtaí atá gan íoc a luainiú, de réir a chinntí maidir le hiasacht a fháil agus a aisíoc, suas go dtí teorainn chomhaontaithe;
ciallaíonn “neamhchosaint oibreora” aon neamhchosaint imrothlach a bhfuil ar a laghad 12 mhí de stair aisíocaíochta aici agus ar ceann díobh seo a leanas í:
neamhchosaint ar ina leith, go tráthrialta, eadhon gach 12 mhí ar a laghad, a chinntear an t-iarmhéid atá le haisíoc ar an gcéad dáta aisíocaíochta sceidealta eile mar an méid tarraingthe ar dháta tagartha réamhshainithe, agus ag a bhfuil dáta aisíocaíochta sceidealta tráth nach déanaí ná i ndiaidh 12 mhí, ar choinníoll go raibh an t-iarmhéid aisíoctha go hiomlán ar gach dáta aisíocaíochta sceidealta sa 12 mhí roimhe sin;
saoráid rótharraingte nach raibh aon tarraingt anuas uirthi le 12 mhí anuas;
ciallaíonn “eintiteas in earnáil na mbreoslaí iontaise” cuideachta, fiontar nó gnóthas a aicmítear ó thaobh staidrimh de mar eintiteas a bhfuil a phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch in earnáil na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnáil an ghuail, na hola nó an gháis, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXXIX, Teimpléad 3, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún ( 18 ) agus mar a shainaithnítear trí thagairt a dhéanamh d’aicmiú staidrimh na gcód gníomhaíochtaí eacnamaíocha (NACE Athbhreithniú 2) a liostaítear in Iarscríbhinn I, Ranna B, C, D agus G, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 19 ); i gcás nach n-aicmítear príomhghníomhaíocht eacnamaíoch chuideachta, fiontair nó ghnóthais trí úsáid a bhaint as cóid NACE Athbhreithniú 2 a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006, nó as aicmiú náisiúnta a dhíorthaítear astu, cinnfidh institiúidí go coimeádach an bhfuil a príomhghníomhaíocht nó a phríomhghníomhaíocht ag an gcuideachta, ag an bhfiontar nó ag an ngnóthas sin i gceann de na hearnálacha sin;
ciallaíonn “neamhchosaintí atá faoi réir thionchar tosca comhshaoil nó sóisialta” neamhchosaintí a chuireann bac ar uaillmhian an Aontais a chuspóirí rialála a bhaineann le tosca CSR a bhaint amach, ar bhealach a bhféadfadh tionchar diúltach airgeadais a bheith aige ar institiúidí san Aontas;
ciallaíonn “eintiteas scáthbhaincéireachta” eintiteas a dhéanann gníomhaíochtaí baincéireachta lasmuigh den chreat rialáilte.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointí (1)(b)(ii) agus (iii), i gcás ina bhfuil an gnóthas ina chuid de ghrúpa tríú tír, áireofar sócmhainní iomlána gach brainse den ghrúpa tríú tír arna údarú san Aontas i gcomhluach iomlán shócmhainní na ngnóthas uile sa ghrúpa.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (1)(b)(iii), féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an fhaisnéis ábhartha uile a iarraidh ar an ngnóthas chun a chinneadh a dhéanamh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (52a), ní chuimseofar le riosca dlíthiúil aisíocaíochtaí le tríú páirtithe ná fostaithe agus íocaíochtaí cáilmheasa de bharr deiseanna gnó, i gcás nár tharla aon sárú ar aon rialacha ná ar iompar eiticiúil agus i gcás ina bhfuil a hoibleagáidí comhlíonta ag an institiúid go tráthúil. Ná ní chuimseofar le riosca dlíthiúil costais dlí sheachtracha i gcás nach teagmhas riosca oibriúcháin é an teagmhas as a leanann na costais sheachtracha sin.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (145)(e), den mhír seo, féadfaidh institiúid suíomhanna díorthacha arna ndéanamh aici lena cliaint neamhairgeadais agus na suíomhanna díorthacha a úsáideann sí chun na suíomhanna sin a fhálú a eisiamh, ar choinníoll nach mó ná 10 % de shócmhainní uile na hinstitiúide atá laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe é comhluach na suíomhanna eisiata arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 273a(3).
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 5
Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasa
Chun críocha Chuid a Trí, Theideal II, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “neamhchosaint”, sócmhainn nó ítim atá lasmuigh den chlár comhardaithe.
ciallaíonn “caillteanas” caillteanas eacnamaíoch, lena n-áirítear éifeachtaí lascainí móra, agus costais ábhartha dhíreacha agus indíreacha a bhaineann le hathghnóthú na hionstraime;
ciallaíonn “caillteanas ionchasach” nó “CI”, cóimheas, a bhaineann le saoráid aonair, an mhéid a cheaptar a chaillfear ar neamhchosaint i ngeall ar aon cheann díobh seo a leanas:
mainneachtain fhéideartha oibleagáideora i gcaitheamh tréimhse bliana leis an méid gan íoc tráth na mainneachtana;
teagmhas caolúcháin féideartha i gcaitheamh tréimhse bliana leis an méid gan íoc tráth an teagmhais caolúcháin;
ciallaíonn “oibleagáid chreidmheasa” aon oibleagáid a eascraíonn as conradh creidmheasa, lena n-áirítear príomhshuim, ús fabhraithe agus táillí, atá dlite d’oibleagáideoir;
ciallaíonn “neamhchosaint creidmheasa” aon ítim laistigh den chlár comhardaithe nó aon ítim lasmuigh den chlár comhardaithe a bhfuil oibleagáid chreidmheasa mar thoradh uirthi nó a bhféadfadh oibleagáid chreidmheasa teacht aisti;
ciallaíonn “saoráid” nó “saoráid chreidmheasa” neamhchosaint creidmheasa a eascraíonn as conradh nó tacar conarthaí idir oibleagáideoir agus institiúid;
ciallaíonn “corrlach coimeádachais” forlíontán a ionchorpraítear i meastacháin ar pharaiméadar riosca chun cuntas a thabhairt ar an raon measta earráidí meastacháin a thagann ó easnaimh shainaitheanta i sonraí, modhanna, samhlacha agus athruithe ar chaighdeáin frithgheallta, fonn riosca, beartais bhailithe agus aisghabhála agus aon fhoinse eile éiginnteachta breise, agus ó earráid mheastacháin ghinearálta chomh maith leis sin;
ciallaíonn “coigeartú iomchuí” an tionchar ar mheastacháin riosca a eascraíonn as cur i bhfeidhm modheolaíochtaí laistigh den mheastachán ar pharaiméadair riosca chun na heasnaimh arna sainaithint sna sonraí agus sna modhanna meastacháin a cheartú, agus chun athruithe ar chaighdeáin frithgheallta, fonn riosca, beartais bhailithe agus aisghabhála agus aon fhoinse eile éiginnteachta breise a chur san áireamh a mhéid is féidir chun claontachtaí i meastacháin ar pharaiméadair riosca a sheachaint;
ciallaíonn “fiontar beag agus meánmhéide” nó “FBM” cuideachta, fiontar nó gnóthas a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 000 000 aici nó aige, de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí uaidh;
ciallaíonn “gealltanas” aon socrú conarthach a thairgeann institiúid do chliant agus a nglacann an cliant sin leis, chun creidmheas a shíneadh, chun sócmhainní a cheannach nó chun ionadaithe creidmheasa a eisiúint; agus aon socrú mar sin a fhéadfaidh institiúid a chealú gan choinníoll tráth ar bith gan fógra a thabhairt don oibleagáideoir roimh ré nó aon socrú a fhéadfaidh institiúid a chealú i gcás ina dteipeann ar an oibleagáideoir na coinníollacha arna leagan amach i ndoiciméadacht na saoráide a chomhlíonadh, lena n-áirítear coinníollacha nach mór don oibleagáideoir a chomhlíonadh sula ndéantar aon tarraingt anuas tosaigh nó aon tarraingt anuas ina dhiaidh sin, mura rud é go gcomhlíonann na socruithe conarthacha na coinníollacha seo a leanas go léir:
socruithe conarthacha nach bhfaigheann an institiúid aon táillí ná coimisiúin ina leith chun na socruithe conarthacha sin a bhunú nó a choinneáil ar bun;
socruithe conarthacha ina gceanglaítear ar an gcliant iarratas a dhéanamh ar an institiúid chun an íostarraingt tosaigh agus gach tarraingt anuas ina dhiaidh sin a dhéanamh faoi na socruithe conarthacha sin;
socruithe conarthacha ina bhfuil údarás iomlán ag an institiúid, gan beann ar na coinníollacha a leagtar amach i ndoiciméadacht an tsocraithe chonarthaigh a bheith á gcomhlíonadh ag an gcliant, ar chur i gcrích gach tarraingthe anuas;
leis na socruithe conarthacha, is féidir leis an institiúid measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an chliaint díreach roimh chinneadh a dhéanamh maidir le gach tarraingt anuas a fhorghníomhú agus tá nósanna imeachta inmheánacha curtha chun feidhme agus á gcur i bhfeidhm ag an institiúid lena n-áirithítear go bhfuil an measúnú sin á dhéanamh sula ndéantar gach tarraingt anuas a fhorghníomhú;
socruithe conarthacha a thairgtear d’eintiteas corparáideach, lena n-áirítear FMB, a ndéantar dlúthfhaireachán air ar bhonn leanúnach;
ciallaíonn “gealltanas atá inchealaithe go neamhchoinníollach” aon ghealltanas a gceadaítear don institiúid lena théarmaí an gealltanas sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi ghníomhartha dlíthiúla maidir le cosaint tomhaltóirí agus faoi ghníomhartha dlíthiúla gaolmhara, i gcás inarb infheidhme, tráth ar bith gan fógra a thabhairt roimh ré don oibleagáideoir, nó lena ndéantar foráil go héifeachtach maidir le cealú uathoibríoch de dheasca meath ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí.
Airteagal 5a
Sainmhínithe atá sonrach do chripteashócmhainní
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “cripteashócmhainn” cripteashócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ) nach airgeadra digiteach bainc ceannais í;
ciallaíonn “comhartha ríomh-airgid” nó “comhartha r-airgid” comhartha ríomh-airgid nó comhartha r-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114;
ciallaíonn “neamhchosaint cripteashócmhainní” sócmhainn nó ítim lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le cripteashócmhainn as a dtagann riosca creidmheasa, riosca creidmheasa contrapháirtí, riosca margaidh, riosca oibriúcháin nó riosca leachtachta;
ciallaíonn “sócmhainn thraidisiúnta” aon sócmhainn seachas cripteashócmhainn, lena n-áirítear:
ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (50), den Rialachán seo;
cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366;
taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ), lena n-áirítear taiscí struchtúrtha;
suíomhanna urrúsúcháin i gcomhthéacs urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/2402;
táirgí árachais neamhshaoil nó saoil a thagann faoi na haicmí árachais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2009/138/CE nó conarthaí athárachais agus aisghéillte dá dtagraítear sa Treoir sin;
táirgí pinsin a aithnítear, faoin dlí náisiúnta, mar tháirgí arb é is príomhchuspóir dóibh ioncam a sholáthar don infheisteoir agus an t-infheisteoir ar scor agus lena dtugtar teideal don infheisteoir sochair áirithe a ghnóthú;
scéimeanna pinsin ceirde a aithnítear go hoifigiúil faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 ) nó Threoir 2009/138/CE;
táirgí pinsin aonair a gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostóir ná ag an bhfostaí maidir leis an táirge pinsin nó maidir le soláthraí an táirge pinsin;
Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 23 );
ciallaíonn “sócmhainn thraidisiúnta théacschomharthaithe” cineál cripteashócmhainne ar sócmhainn thraidisiúnta é, lena n-áirítear comhartha ríomh-airgid;
ciallaíonn “comhartha sócmhainn-tagartha” comhartha sócmhainn-tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (6), de Rialachán (AE) 2023/1114;
ciallaíonn “seirbhís cripteashócmhainní” seirbhís cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 16, de Rialachán (AE) 2023/1114.
TEIDEAL II
LEIBHÉAL CUR I BHFEIDHM CEANGLAS
CAIBIDIL 1
Cur i bhfeidhm ceanglas ar bhonn aonair
Airteagal 6
Prionsabail ghinearálta
Comhlíonfaidh fochuideachtaí ábhartha de G-SII neamh-AE Airteagal 92b ar bhonn aonair i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha uile seo a leanas:
ní eintitis réitigh iad;
níl fochuideachtaí acu;
ní fochuideachtaí iad de mháthairinstitiúid AE.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo Airteagal 437a agus pointe (h) d'Airteagal 447 ar bhonn aonair.
Comhlíonfaidh institiúidí na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé agus i bpointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn aonair.
Ní bheidh sé de cheangal ar na hinstitiúidí seo a leanas cloí le hAirteagal 413(1) agus na ceanglais tuairiscithe leachtachta bhainteacha a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo:
institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 16 agus pointe (a) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 ), ar choinníoll nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha; agus
institiúidí a ainmnítear i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll:
go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí teoranta chuig seirbhísí de chineál baincéireachta, amhail dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, a thairiscint do sheirbhísí do thaisclanna lárnacha urrús a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin,; agus
nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha.
Airteagal 7
Maolú ar chur chun feidhme ceanglas stuamachta ar bhonn aonair
Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh i leith aon fhochuideachta de chuid institiúide, i gcás ina bhfuil an fhochuideachta agus an institiúid faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcás ina bhfuil an fhochuideachta ar áireamh sa mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite ar an institiúid arb í an mháthairghnóthas í, agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear cistí dílse go leordhóthanach idir an máthairghnóthas agus na fochuideachtaí:
ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;
sásaíonn an máthairghnóthas an t-údarás inniúil maidir le bainistíocht stuama na fochuideachta agus tá sé fógartha aige, le cead ón údarás inniúil, go ráthaíonn sé na gealltanais arna ndéanamh ag an bhfochuideachta, nó neachtar acu tá priacail an fhochuideachta diomaibhseach;
cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta ►C9 riosca ◄ na máthairchuideachta an fhochuideachta freisin;
tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal na fochuideachta i seilbh na máthairchuideachta nó neachtar acu tá sé de cheart ag an máthairchuideachta formhór bhaill de chomhlacht bainistíochta na fochuideachta a cheapadh nó a chur as oifig.
Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh maidir le máthairinstitiúid i mBallstát, i gcás go bhfuil an institiúid sin faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil sí cuimsithe faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite, agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear na cistí dílse go leormhaith ar an máthairchuideachta agus ar na fochuideachtaí:
ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairinstitiúid i mBallstát cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;
cuimsítear an mháthairinstitiúid i mBallstát leis na nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta ►C9 riosca ◄ atá ábhartha don mhaoirseacht chomhdhlúite;
An t-údarás inniúil a bhaineann úsáid as an mír seo, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile go léir ar an eolas ina leith.
Airteagal 8
Maolú ar chur chun feidhme ceanglas leachtachta ar bhonn aonair
Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Chuid a Sé a tharscaoileadh i bpáirt nó ina iomláine maidir le hinstitiúid agus maidir lena fochuideachtaí go léir san Aontas, nó maidir le cuid acu, agus féadfaidh siad maoirseacht a dhéanamh orthu mar fhoghrúpa leachtachta aonair, fad a chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas go léir:
déanann an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó institiúid fochuideachta ar bhonn fochomhdhlúite na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh;
déanfaidh an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó an institiúid fochuideachta ar bhonn fo-chomhdhlúite, maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna leachtachta gach institiúide den ghrúpa nó den fhoghrúpa atá faoi réir na tarscaoilte, déanfaidh sí faireachán agus maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna cistiúcháin gach institiúide den ghrúpa nó den fhoghrúpa i gcás ina dtarscaoilfear an ceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (CGCC) a leagtar amach i dteideal IV de Chuid a Sé, agus áiritheoidh sí go mbeidh leibhéal leordhóthanach leachtachta ann agus, i gcás ina dtarscaoilfear ceanglas CGCC a leagtar amach i dteideal IV de Chuid a Sé, go mbeidh leibhéal leordhóthanach cistiúcháin chobhsaí ann i gcomhair na n-institiúidí sin uile;
tá na hinstitiúidí tar éis dul i gconarthaí atá chun sástacht na n-údarás inniúil ina ndéantar foráil maidir le saorghluaiseacht maoine eatarthu chun cur ar a gcumas a n-oibleagáidí aonair agus comhpháirteacha a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite;
ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, maidir le comhlíonadh na gconarthaí dá dtagraítear i (c).
Faoin 1 Eanáir 2014, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le constaicí dlí ar bith a bhféadfadh sé dá mbarr gur dodhéanta a bheadh sé pointe (c) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm agus iarrtar air togra reachtach a dhéanamh, más iomchuí, faoin 31 Nollaig 2015 maidir le cé acu de na na constaicí sin ba cheart a bhaint.
I gcás ina bhfuil institiúidí uile an fhoghrúpa leachtachta aonair údaraithe i roinnt Ballstát, ní chuirfear mír 1 i bhfeidhm ach amháin tar éis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 21 a leanúint, agus ní dhéanfar é sin ach amháin i gcás institiúidí a n-aontaíonn a n-údaráis inniúla maidir leis na gnéithe seo a leanas:
a measúnú ar chomhlíonadh na heagraíochta agus ar láimhseáil an ►C9 riosca ◄ leachtachta leis na coinníollacha a cheanglaítear le hAirteagal 86 de Threoir (AE)201336 thar an bhfoghrúpa leachtachta aonair;
dáileadh méideanna, láthair agus úinéireacht na sócmhainní leachtacha arna gceangal atá le sealbhú laistigh den fhoghrúpa leachtachta aonair i gcás ina dtarscaoilfear an ceanglas maidir le cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (LCR) mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus dáileadh méideanna agus suíomh an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil laistigh den fhoghrúpa leachtachta aonair i gcás ina dtarscaoilfear ceanglas CGCC a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé;
cinneadh a dhéanamh i ndáil le híosmhéid sócmhainní leachtacha atá le sealbhú ag institiúidí ar ina leith a tharscaoilfear cur chun feidhme cheanglas LCR a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus cinneadh a dhéanamh i ndáil le híosmhéid cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil atá le sealbhú ag institiúidí ar ina leith a tharscaoilfear cur chun feidhme cheanglas CGCC a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé;
an gá atá le paraiméadair níos déine ná iad sin atá leagtha amach i gCuid a Sé;
roinnt neamhshrianta faisnéise iomláine idir na húdaráis inniúla.
tuiscint iomlán ar impleachtaí tarscaoilte den sórt sin.
Airteagal 9
An modh comhdhlúthaithe aonair
Airteagal 10
Tarscaoileadh maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach
Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCodanna a Dó go hOcht den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 a tharscaoileadh go páirteach nó go hiomlán d'institiúid chreidmheasa amháin nó níos mó atá suite sa Bhallstát céanna agus atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach a dhéanann maoirseacht orthu agus atá bunaithe sa Bhallstát céanna, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is dliteanais chomhpháirteacha agus leithleacha iad gealltanais an chomhlachta lárnaigh agus institiúidí cleamhnaithe, nó tá gealltanais a institiúidí cleamhnaithe ráthaithe go hiomlán ag an gcomhlacht lárnach;
déantar faireachán ar shócmhainneacht agus ar leachtacht an chomhlachta lárnaigh agus na n-institiúidí cleamhnaithe uile ina n-iomlán ar bhonn chuntais chomhdhlúite na n-institiúidí sin;
tá sé de chumhacht ag bainistíocht an chomhlachta lárnaigh treoracha a eisiúint do bhainistíocht na n-institiúidí cleamhnaithe.
Féadfaidh Ballstáit an dlí náisiúnta atá ann cheana féin a choinneáil agus leas a bhaint as maidir leis an tarscaoileadhdá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm a mhéid is nach mbeidh sé ag teacht salach ar an Rialachán sin nó ar Threoir 2013/36/AE.
CAIBIDIL 2
Comhdhlúthú stuamachta
Airteagal 10a
Ceanglais stuamachta a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite i gcás inar máthairghnóthais na gnólachtaí infheistíochta
Chun críocha na Caibidle seo, measfar gur máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE gnólachtaí infheistíochta agus cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta i gcás inar máthairghnóthais institiúide nó gnólachta infheistíochta na gnólachtaí infheistíochta sin nó na gnólachtaí sealbhaíochta infheistíochta sin faoi réir an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2033.
Airteagal 11
Láimhseáil ghinearálta
Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais an Rialacháin seo i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh na téarmaí “institiúid”, “máthairinstitiúid i mBallstát”, “máthairinstitiúid AE” agus “máthairghnóthas”, de réir an cháis, tagairt freisin don mhéid a leanas:
cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a de Threoir 2013/36/AE;
institiúid ainmnithe a rialaíonn máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i gcás nach mbíonn an mháthairchuideachta sin faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE;
cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó institiúid a ainmnítear i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 21a(6) de Threoir 2013/36/AE.
Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nach mbíonn faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo.
▼M8 —————
Is máthairghnóthais de chuid an Aontais Eorpaigh ar fochuideachta iad de G-SII neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad, agus iadsan amháin, a chomhlíonfaidh Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán seo. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, comhlíonfaidh an dá mháthairghnóthas idirmheánacha AE faoi seach, ar sainaithníodh go comhpháirteach iad mar fhochuideachta ábhartha, Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.
Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn a staide comhdhlúite i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó sa ghrúpa atá údaraithe na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar.
I gcás inar tugadh tarscaoileadh faoi Airteagal 8(1) go (5), déanfaidh na hinstitiúidí agus, i gcás inarb infheidhme, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar cuid d'fhoghrúpa leachtachta iad, Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo‐chomhdhlúite an fhoghrúpa leachtachta.
Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
▼M8 —————
Airteagal 12a
Ríomh comhdhlúite le haghaidh G-SIInna ag a bhfuil il-eintitis réitigh
I gcás inarb eintitis réitigh nó eintitis tríú tír iad dhá eintiteas G-SII ar a laghad agus an dá eintiteas sin mar chuid den G-SII céanna, agus i gcás inarb eintitis réitigh a bheadh iontu dá mbeidís bunaithe san Aontas, ríomhfaidh máthaireintiteas AE an G-SII sin an méid cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 92a(1), pointe (a):
maidir le gach eintiteas réitigh nó eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;
maidir le máthairinstitiúid AE amhail gurbh í an t-aon eintiteas réitigh de chuid an G-SII í.
Déanfar an ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír go heisiach ar bhonn chás comhdhlúite mháthairinstitiúid AE.
Gníomhóidh údaráis réitigh i gcomhréir le hAirteagail 45d(4) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.
Airteagal 13
Cur i bhfeidhm ceanglais maidir le nochtadh ar bhonn comhdhlúite
Nochtfaidh fochuideachtaí móra mháthairinstitiúidí AE an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 449a, 449b, 450, 451, 451a agus 453 ar bhonn aonair nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ar bhonn fo-chomhdhlúite.
Beidh feidhm ag an dara fomhír de mhír 1 maidir le fochuideachtaí máthairghnóthas atá suite i dtríú tír ina bhfuil na fochuideachtaí sin cáilithe mar fhochuideachtaí móra.
Airteagal 14
Ceanglais Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite
▼M9 —————
Airteagal 18
Modhanna comhdhlúthaithe stuamachta
Chun críocha Airteagal 11(3a), na hinstitiúidí nach mór dóibh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a nó 92b a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú ar na hinstitiúidí agus na hinstitiúidí airgeadais uile arb iad a bhfochuideachtaí iad sna grúpaí réitigh ábhartha.
▼M17 —————
Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é sna cásanna seo a leanas:
i gcás ina bhfuil, i dtuairim na n-údarás inniúil, tionchar suntasach ag institiúid ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin; agus
i gcás ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó curtha faoi bhainistíocht aonair ach amháin más de bhun conartha, ar bhonn clásail atá ina meabhráin nó ar bhonn a n-airteagal comhlachais a dhéantar an méid sin.
Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid an mhodha a ndéantar foráil dó in Airteagal 22(7), (8) agus (9) de Threoir 2013/34/AE a cheadú nó a éileamh.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú d'institiúidí nó a éileamh orthu modh éagsúil a chur i bhfeidhm ar fhochuideachtaí nó rannpháirtíochtaí den chineál sin, lena n-áirítear an modh a cheanglaítear faoin gcreat cuntasaíochta infheidhme, ar choinníoll go ndéanfar an méid a leanas:
nach bhfuil an modh cothromais á chur i bhfeidhm cheana ar an 28 Nollaig 2020;
gur róthrom an t-ualach an modh cothromais a chur i bhfeidhm nó nach léirítear go leordhóthanach leis an modh cothromais na ►C12 riosca ◄ don institiúid ón ngnóthas dá dtagraítear sa chéad fhomhír; agus
nach mbíonn comhdhlúthú iomlán nó cionmhar ar an ngnóthas sin mar thoradh ar an modh a chuirtear i bhfeidhm.
►M17 Féadfaidh údaráis inniúla comhdhlúthú iomlán nó cionmhar a cheangal ar fhochuideachta nó ar ghnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i gcás nach institiúid ná institiúid airgeadais an fhochuideachta nó an gnóthas sin agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: ◄
ní gnóthas árachais, gnóthas árachais tríú tír, gnóthas athárachais, gnóthas athárachais tríú tír, cuideachta shealbhaíochta árachais nó gnóthas atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin é an gnóthas;
tá baol suntasach ann go gcinnfidh an institiúid tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don ghnóthas sin agus é i gcruachás, in éagmais aon oibleagáidí conarthacha nó sa bhreis ar aon oibleagáidí conarthacha maidir le tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
I bhfianaise thorthaí ÚBE, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun coigeartuithe a dhéanamh ar na sainmhínithe ábhartha nó ar raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta.
Airteagal 19
Eintitis arna n-eisiamh ó raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta
►M17 Aon institiúid nó institiúid airgeadais atá ina fochuideachta nó ina gnóthas ina bhfuil seilbh ar rannpháirtíocht, ní gá í a áirithiú sa chomhdhlúthú i gcás ina bhfuil méid iomlán sócmhainní agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe an ghnóthais lena mbaineann níos lú ná an ceann is ísle den dá mhéid seo a leanas: ◄
EUR 10 milliún;
1 % de shuim iomlán shócmhainní agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe an mháthairchuideachta nó an ghnóthais a shealbhaíonn an rannpháirtíocht.
►M17 Sna cásanna thíos féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite de bhun Airteagal 111 de Threoir 2013/36/AE cinneadh a dhéanamh, de réir an cháis ar a fhiúntas féin, nach gá a áirithiú sa chomhdhlúthú institiúid, nó institiúid airgeadais atá ina fochuideachta nó ina sealbhaítear rannpháirtíocht: ◄
i gcás ina bhfuil an gnóthas lena mbaineann lonnaithe i dtríú tír ina bhfuil baic dhlíthiúla le haistriú na faisnéise is gá;
i gcás nach bhfuil ach tábhacht dhiomaibhseach ag an ngnóthas lena mbaineann i leith chuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí;
i gcás ina mbeadh sé mí-oiriúnach nó míthreorach comhdhlúthú a dhéanamh ar shuíomh airgeadais an ghnóthais lena mbaineann, a fhad a bhaineann le cuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí ◄ , dar leis an údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a fheidhmiú ar bhonn comhdhlúite.
Airteagal 20
Cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta
Oibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile agus iad i lánchomhairle le chéile:
i gcás iarratais ar na ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 143(1), Airteagal 151(9), Airteagal 283 agus Airteagal 325az arna gcur isteach ag máthairinstitiúid AE agus a fochuideachtaí, nó i gcomhpháirt a chéile ag fochuideachtaí máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, chun cinneadh a dhéanamh cé acu a thabharfar nó nach dtabharfar an cead atá á lorg agus chun na téarmaí agus na coinníollacha, más ann dóibh, a chinneadh, ar cheart an cead sin a bheith faoina réir;
chun a dhéanamh amach an bhfuil na critéir maidir le láimhseáil shonrach idirghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 422(9) agus in Airteagal 425(5) arna gcomhlánú le caighdeáin teicniúla rialála an ÚBE dá dtagraítear in Airteagal 422(10) agus in Airteagal 425(6) á gcomhlíonadh.
Chuig an maoirseoir comhdhlúthaithe amháin a chuirfear iarratais isteach.
▼M17 —————
Déanfaidh na húdaráis inniúla gach ní ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí maidir leis na nithe seo:
an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;
na critéir a mheas agus an láimhseáil shonrach dá dtagraítear i mír 1(b) a dhéanamh amach;
Beidh an cinneadh comhpháirteach seo leagtha amach i ndoiciméad ina mbeidh an cinneadh lán-réasúnaithe, doiciméad a chuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don iarratasóir.
Tosóidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 2:
an dáta a fhaigheann an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán dá dtagraítear i mír 1(a). Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán ar aghaidh chuid na húdaráis inniúla eile gan mhoill;
an dáta a fhaigheann na húdaráis inniúla tuarascáil arna hullmhú ag an maoirseoir comhdhlúthaithe ag déanamh anailíse ar thiomantais idirghrúpa laistigh den ghrúpa.
Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n-údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí.
Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mháthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE agus do na húdaráis inniúla eile.
Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh maidir le mír 1(a) siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a d'fhéadfadh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lenachinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n -údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí.
Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe a thugann fógra don máthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE.
Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil an maoirseoir comhdhlúthaithe tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfochuideachta ar bhonn aonair a chinneadh maidir le mír 1(b) den Airteagal seo siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a fhéadfaidh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir leis an gcinneadh sin, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 21
Cinntí comhpháirteacha maidir le leibhéal cur i bhfeidhm na gceanglas leachtachta
Déanfar an cinneadh comhpháirteach laistigh de sé mhí ón dáta a sheolann an maoirseoir comhdhlúthaithe isteach tuarascáil a shainaithníonn foghrúpaí leachtachta aonair ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 8. I gcás easaontú i rith na tréimhse sé mhí, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an ÚBE arna iarraidh sin d'aon cheann de na húdaráis inniúla eile atá i gceist. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe dul i gcomhairle leis an ÚBE as a stuaim féin.
Féadfaidh an cinneadh comhpháirteach srianta a chur freisin ar láthair agus ar úinéireacht sócmhainní leachtacha agus a cheangal go mbeidh íoslíon sócmhainní leachtacha ina seilbh ag institiúidí atá díolmhaithe ó chur chun feidhme Chuid a Sé.
Leagfar an cinneadh comhpháirteach amach i ndoiciméad ina léireofar an cinneadh lán-réasúnaithe a thíolacfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe do mháthairinstitiúid an fhoghrúpa leachtachta.
Mar sin féin, féadfaidh aon údarás inniúil ábhartha dul i gcomhairle leis an ÚBE i rith na tréimhse sé mhí maidir le cé acu atá coinníollacha (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. Sa chás sin, is féidir leis an ÚBE idirghabháil neamhcheangailteach a dhéanamh de réir Airteagal 31(c) de Rialachán Uimh (AE) 1093/2010 agus Sa chás sin, cuirfidh na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann a gcinntí siar go dtí go dtabharfar i gcrích an idirghabháil neamhcheangailteach. Más rud é nach dtagann na húdaráis inniúla ar chinneadh laistigh de thrí mhí, i rith na hidirghabhála, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin, agus comhréireacht na sochar agus na ►C9 riosca ◄ ar leibhéal Bhallstáit na máthairinstitiúide á cur san áireamh mar aon le comhréireacht na sochar agus na ►C9 riosca ◄ ar leibhéal Bhallstát na fochuideachta. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
Beidh an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus na cinntí dá dtagraítear a dara fomhír den mhír seo ceangailteach.
Airteagal 22
Fo-chomhdhlúthú i gcás eintitis i dtríú tíortha
Airteagal 23
Gnóthais i dtríú tíortha
Chun críocha maoirseacht a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite de réir na Caibidle seo, beidh feidhm ag na téarmaí “gnólacht infheistíochta”, “institiúid chreidmheasa”, “institiúid airgeadais” agus “institiúid” maidir le gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha freisin, ar gnóthais iad a chomhlíonfadh sainiú na dtéarmaí sin in Airteagal 4 dá mba san Aontas a bheidís bunaithe.
Airteagal 24
Luacháil na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár-comhardaithe
CUID A DÓ
CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE
TEIDEAL I
EILIMINTÍ DE CHISTÍ DÍLSE
CAIBIDIL 1
Caipiteal Leibhéal 1
Airteagal 25
Caipiteal Leibhéal 1
Is éard atá i gcaipiteal Leibhéal 1 institiúide suim chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus chaipiteal breise Leibhéal 1 na hinstitiúide.
CAIBIDIL 2
Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Airteagal 26
Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Is éard atá in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúidí na nithe seo a leanas:
ionstraimí caipitil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infhedhme,Airteagal 29;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
tuilleamh coimeádta;
ioncam cuimsitheach carntha eile;
cúlchistí eile
cistí do priacail baincéireachta ginearálta.
Ní aithneofar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má tá siad ar fáil don institiúid lena úsáid láithreach, gan srian, chun priacail nó caillteanais a chumhdach a luaithe a thagann siad chun cinn.
Chun críocha phointe (c) de mhír 1, mura mbeidh cead faighte roimh ré ón údarás inniúil ní fhéadfaidh institiúidí brabúis eatramhacha nó brabúis dheireadh na bliana a chur ar áireamh i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sula mbeidh cinneadh foirmiúil déanta ag an institiúid á dhearbhú brabús nó caillteanas deiridh na hinstitiúide don bhliain. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh fíorú déanta ar na brabúis sin ag daoine atá neamhspleách ar an institiúid atá freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chuntais na hinstitiúide sin;
go mbeidh sé léirithe ag an institiúid chun shásamh an údaráis inniúil go bhfuil aon mhuirear nó díbhinn intuartha asbhainte ó mhéid na mbrabús sin.
Tabharfaidh fíorú ar bhrabúis eatramhacha nó ar bhrabúis deiridh bliana na hinstitiúide leibhéal leormhaith forchinntithe go bhfuil meastóireacht déanta ar na brabúis sin de réir na bprionsabal atá leagtha amach sa chreat cuntasaíochta is infheidhme.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na hinstitiúidí eisiúintí a dhéanfar ina dhiaidh sin i bhfoirm ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dár tugadh cead don institiúid cheana féin, a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar ar dá choinníoll seo a leanas:
gurb ionann, a bheag nó a mhór, na forálacha lena rialaítear na heisiúintí sin a dhéanfar ina dhiaidh sin agus na forálacha lena rialaítear na heisiúintí sin dár tugadh cead don institiúid cheana féin;
gur thug na hinstitiúidí fógra luath go leor do na húdaráis inniúla faoi na heisiúintí sin a dhéanfar ina dhiaidh sin sula ndéanfar iad a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1.
Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE sula dtabharfaidh siad an cead sin le haghaidh cineálacha nua ionstraimí caipitil a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar thuairim ÚBE agus, i gcás ina gcinnfidh siad imeacht uaithi, scríobhfaidh siad chuig ÚBE laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighidh siad tuairim ÚBE, d'fhonn an réasúnaíocht ba bhun leis an imeacht sin uaithi a leagan amach. Níl feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na hionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 31.
Ar bhonn na faisnéise a bhailítear ó na húdaráis inniúla, déanfaidh ÚBE liosta d'fhoirmeacha uile ionstraimí caipitil a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú i ngach Ballstát, ar ionstraimí iad a cháilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, féadfaidh ÚBE aon fhaisnéis a bhailiú i ndáil le hionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a mheasann sé is gá chun a bhunú go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29 den Rialachán seo, agus d'fhonn an liosta dá dtagraítear san fhomhír seo a chothabháil agus a nuashonrú.
I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh de réir an phróisis a leagtar amach in Airteagal 80, agus i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach nach gcomhlíonann na hionstraimí caipitil ábhartha na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29, nó gur scoir siad den chomhlíonadh sin, is ceadmhach do ÚBE a chinneadh gan na hionstraimí dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a chur leis an liosta sin nó iad a bhaint den liosta, de réir an cháis. Tabharfaidh ÚBE fógra chun na críche sin ina dtagrófar freisin do sheasamh an údaráis inniúil ábhartha i leith an ábhair féin. Níl feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na hionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 31.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 27
Ionstraimí caipitil cumann frithpháirteach, comharchumann, institiúidí coigiltis nó institiúidí comhchosúla in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Cuimseoidh ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 aon ionstraim chaipitil arna heisiúint ag institiúid faoina théarmaí reachtúla ar na gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
comhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme Airteagal 29;
Na cumainn frithpháirteacha, na comharchumainn, na hinstitiúidí coigiltis nó na hinstitiúidí cosúla sin a aithníodh amhlaidh faoin dlí náisiúnta ab infheidhme roimh an 31 Nollaig 2012, leanfar dá n-aicmiú amhlaidh chun críocha na Coda seo, ar choinníoll go mbeidh na critéir lenar cinneadh an t-aitheantas sin á gcomhlíonadh acu i gcónaí.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréacht caighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 28
Ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Ní cháileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is í an institiúid féin a eisíonn na hionstraimí le cead roimh ré ó úinéirí na hinstitiúide, nó, i gcás ina bhfuil sé ceadmhach faoin dlí náisiúnta infheidhme, is é comhlacht bainistíochta na hinstitiúide a eisíonn;
tá na hionstraimí láníoctha agus ní dhéanann an institiúid, go díreach nó go hindíreach, éadáil úinéireacht na n-ionstraimí sin a chistiú;
comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas go léir maidir lena n-aicmiú:
cáilíonn siad mar chaipiteal de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE;
tá siad aicmithe mar chothromas de réir bhrí an chreata chuntasaíochta is infheidhme;
tá siad aicmithe mar chaipiteal cothromais chun críocha dócmhainneacht chlár comhardaithe a chinneadh, nuair is infheidhme faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta;
tá na hionstraimí nochta go soiléir agus go leithleach ar an gclár comhardaithe i ráitis airgeadais na hinstitiúide;
is ionstraimí síoraí iad;
ní féidir príomhshuim na n-ionstraimí a laghdú ná a aisíoc, seachas i gceann de na cásanna seo a leanas:
leachtú na hinstitiúide;
athcheannach lánroghnach na n-ionstraimí nó bealaí lánroghnacha eile chun caipiteal a laghdú, i gcás ina bhfuil cead faighte roimh ré ag an institiúid ón údarás inniúil i gcomhréir le Airteagal 77;
ní thugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe sna forálacha a rialaíonn na hionstraimí go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na n-ionstraimí a laghdú nó a aisíoc seachas trí leachtú na hinstitiúide, agus ní thugann an institiúid é sin le fios ar aon slí eile roimh ná le linn eisiúint na n-ionstraimí, cé is moite de chás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27 ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimín chineál sin a fhuascailt;
comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas maidir le dáileacháin:
ní hann do láimhseáil fhabhrach dáileacháin maidir le hord na n-íocaíochtaí dáileacháin, lena n-áirítear i leith ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, agus ní chuirtear ar fáil leis na téarmaí lena rialaítear na hionstraimí cearta fabhracha i leith íoc na ndáileachán;
is as ítimí indáilte amháin is féidir dáileacháin ar shealbhóirí na n-ionstraimí a íoc;
níl caidhp ná srian eile ar an uasleibhéal dáileacháin sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27.
ní chinntear an leibhéal dáileachán ar bhonn na méide a íocadh as na hionstraimí tráth a n-eisithe, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27;
sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí níl aon oibleagáid ar an institiúid dáileacháin a dhéanamh ar a sealbhóirí, agus níl aon oibleagáid den chineál sin ar an institiúid ar aon slí eile;
ní ionann neamhíoc na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;
ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;
i gcomparáid leis na hionstraimí caipitil uile arna n-eisiúint ag an institiúid, ionsúnn na hionstraimí an chéad sciar caillteanas, is é sin an sciar is mó go comhréireach, de réir mar a tharlaíonn siad, agus ionsúnn gach ionstraim caillteanais sa mhéid chéanna is a ionsúnn gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eile iad;
tá na hionstraimí aicmithe faoi bhun gach éileamh eile i gcás dhócmhainneacht nó leachtacht na hinstitiúide;
tugann na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, éileamh atá, i gcás leachtachta agus tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha, comhréireach le méid na n-ionstraimí a eisíodh agus nach bhfuil socraithe nó faoi réir caidhpe, seachas i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 27;
níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:
an institiúid nó a fochuideachtaí;
máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;
aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);
níl na hionstraimí faoi réir aon socrú, is cuma cé acu socrú conarthach nó conradh de chineál eile é, a chuireann le sinsearacht na n-éileamh faoi na hionstraimí i gcás dócmhainneachta nó leachtachta.
Measfar go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (j) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim Gnáthchothromais Leibhéal 1.
Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (f) de mhír 1 d'ainneoin an laghdú ar phríomhshuim na hionstraime caipitil laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.
Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (g) de mhír 1 d'ainneoin na bhforálacha lena rialaítear an ionstraim caipitil ina dtugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na hionstraime a laghdú laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.
Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (h)(v) den chéad fhomhír de mhír 1 d'ainneoin fochuideachta a bheith faoi réir comhaontú leis an máthairghnóthas maidir le brabús agus caillteanas a aistriú, ar dá réir a bhfuil sé d'oibleagáid ar an bhfochuideachta an toradh bliantúil a aistriú chuig an máthairghnóthas, tar éis di a ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas:
gur leis an máthairghnóthas 90 %, nó níos mó, de chearta vótála agus de chaipiteal na fochuideachta;
go bhfuil an máthairghnóthas agus an fhochuideachta lonnaithe sa Bhallstát céanna;
gur chun críocha dlisteanacha cánach a tugadh an comhaontú i gcrích;
go bhfuil sé de rogha ag an bhfochuideachta suim na ndáileachán a laghdú, agus an ráiteas airgeadais bliantúil á ullmhú aici, trí chuid dá brabús nó an brabús ar fad a leithdháileadh ar a cúlchistí dílse nó ar a cistí do ►C12 riosca ◄ baincéireachta ginearálta sula ndéanfaidh sí aon íocaíocht leis an máthairghnóthas;
go bhfuil sé d'oibleagáid ar an máthairghnóthas faoin gcomhaontú sin an fhochuideachta a chúiteamh go hiomlán ar na caillteanais uile a thabhaíonn sí;
go bhfuil an comhaontú faoi réir tréimhse fógra ar dá réir is féidir an comhaontú a fhoirceannadh faoi dheireadh na bliana cuntasaíochta, agus faoi sin amháin, agus éifeacht ag an bhfoirceannadh sin tráth nach luaithe ná tosach na bliana cuntastaíochta dár gcionn, rud a fhágann nach dtagann aon athrú ar an oibleagáid atá ar an máthairghnóthas an fhochuideachta a chúiteamh go hiomlán ar na caillteanais uile a thabhaíonn sí le linn na bliana cuntasaíochta reatha.
I gcás ina bhfuil comhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú déanta ag institiúid, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil gan mhoill agus cuirfidh sí cóip den chomhaontú ar fáil don údarás inniúil. Tabharfaidh an institiúid fógra freisin don údarás inniúil gan mhoill má thagann aon athrú ar an gcomhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú agus má fhoirceanntar é. Ní dhéanfaidh institiúid níos mó ná aon chomhaontú amháin maidir le brabús agus caillteanas a aistriú.
Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh ionstraimí caipitil is infheidhme;
Cé acu a gcuirfeadh ildáileacháin ró-ualach díréireach ar chistí dílse agus dá gcuirfeadh, cathain;
an bhrí atá le dáileacháin fhabhracha;
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 29
Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo
Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas maidir le fuascailt na n-ionstraimí caipitil:
seachas i gcás ina dtoirmeasctear é faoin dlí náisiúnta infheidhme, beidh sé ar chumas na hinstitiúide fuascailte na n-ionstraimí a dhiúltú;
i gcás ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimí a fhuascailt, cuirfidh na forálacha a rialaíonn na hionstraimí ar chumas na hinstitiúide a bhfuascailt a theorannú;
ní teagmhas mainneachtana de chuid na hinstitiúide a bheidh i ndiúltú na hionstraimí a fhuascailt, ná i dteorainn a chur le fuascailt na n-ionstraimí nuair is infheidhme.
An coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, ní dochar é don deis a bheith ag cumann frithpháirteach, ag comharchumann, ag institiúid coigiltis nó ag institiúid atá cosúil leis ionstraimí a aithint laistigh de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach mbronntar cearta vótála don sealbhóir leo agus lena gcomhlíontar an dá choinníoll seo araon a leanas:
éileamh shealbhóirí na n-ionstraimí neamh-vótala i ndócmhainneacht nó i leachtacht na hinstitiúide, is comhréireach é le scair na n-ionstraimí iomlána sin de chuid Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arb ionann í agus na hionstraimí neamh-vótála sin;
cáilíonn na hionstraimí ar shlí eile mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 30
Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Beidh feidhm acu seo a leanas, i gcás ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1, nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29:
scoirfidh an ionstraim láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
scoirfidh na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, láithreach bonn.
Airteagal 31
Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime
I gcásanna éigeandála, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí caipitil a chomhlíonann ar a laghad na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) go (e) d'Airteagal 28(1) a áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
Gur eisíodh na hionstraimí tar éis 1 Eanáir 2014.
Go measann an Coimisiún gur Státchabhair atá sna hionstraimí caipitil.
Go n-eisítear na hionstraimí caipitil i gcomhthéacs scéime athchaipitlithe de bhun na rialacha maidir le Státchabhair atá ann ag an am.
Go bhfuil na hionstraimí caipitil suibscríofa go hiomlán agus ina seilbh ag an Stát nó ag údarás ábhartha poiblí nó ag eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.
Go bhfuil na hionstraimí caipitil in ann caillteanais a sheasamh.
Ach amháin i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 25, go dtabharfaidh na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, i gcás leachtaithe, tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha.
Go bhfuil sásraí leordhóthanacha um imeacht ann don Stáit, nó i gcás inarb infheidhme, don údarás ábhartha poiblí nó don eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.
Go mbeidh cead tugtha roimh ré ag an údarás inniúil agus go mbeidh a chinneadh foilsithe aige in éineacht le míniú ar an gcinneadh sin.
Airteagal 32
Sócmhainní urrúsaithe
Déanfaidh institiúid aon mhéadú ar a cothromas faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme a eascraíonn as sócmhainní urrúsaithe a eisiamh ó aon eilimint de na cistí dílse, iad seo a leanas san áireamh:
méadú den chineál sin atá gaolmhar le hioncam corrlaigh todhchaí a mbíonn gnóthachan ar dhíolachán don institiúid mar thoradh air;
i gcás gur tionscnóir an urrúsaithe an institiúid, gnóthachain ghlana a eascraíonn as caipitliú ioncaim todhchaí ó na sócmhainní urrúsaithe a chuireann feabhsú creidmheasa ar fáil do shuímh san urrúsú.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 33
Fálú sreabhadh airgid agus athruithe ar luach dliteanas dílis
Ní áireoidh institiúidí na hítimí seo a leanas in aon eilimint de na cistí dílse:
na cúlchistí luacha chóir a bhaineann le gnóthachain nó caillteanais ar fhálú sreabhadh airgid d'ionstraimí airgeadais nach bhfuil luacháilte ag luach cóir, lena n-áirítear sreabhadh airgid réamh-mheasta;
gnóthachain nó caillteanais ar dhliteanais na hinstitiúide atá luacháilte ag luach cóir a eascraíonn ó athruithe ar acmhainneacht creidmheasa dílse na hinstitiúide.
gnóthachain agus caillteanais ar luach cóir ar dhliteanais díorthach de chuid na hinstitiúide as a dtagann athruithe ar ►C12 riosca ◄ creidmheasa dhílis na hinstitiúide sin.
Gan dochar do phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí méid na ngnóthachan agus na gcaillteanas ar a dhliteanais a áireamh i gcistí dílse i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
is i bhfoirm bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE iad atá na dliteanais;
is mar thoradh ar na hathruithe céanna i seasamh creidmheasa dílse na hinstitiúide na hathruithe ar luach sócmhainní agus dliteanas na hinstitiúide;
tá luach na mbannaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus luach sócmhainní na hinstitiúide ag teacht go dlúth le chéile;
is féidir na hiasachtaí morgáiste a fhuascailt trí na bannaí atá ag maoiniú na hiasachtaí morgáiste a cheannach ar ais ar luach an mhargaidh nó ar an luach ainmniúil.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúinfaoin 30 Meán Fómhair 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 34
Coigeartuithe luacha breise
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 35
Gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe arna dtomhas ag luach cóir
Seachas i gcás na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 33, ní dhéanfaidh institiúidí coigeartuithe chun gnóthachain nó caillteanais neamhréadaithe ar a sócmhainní nó ar a dliteanais arna dtomhas ag luach cóir a bhaint óna gcistí dílse.
Airteagal 36
Asbhaintí as Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
caillteanais don bhliain airgeadais reatha;
sócmhainní doláimhsithe cé is moite de bhogearraí a luacháiltear go stuama agus nach mbíonn tionchar diúltach ag réiteach, ag dócmhainneacht nó ag leachtú na hinstitiúide ar a luach;
sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí;
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (Cur Chuige IRB), easnamh IRB, i gcás inarb infheidhme, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 159;
sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe ar chlár comhardaithe na hinstitiúide.
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá d'oibleagáid iarbhír nó theagmhasach ar institiúid a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana;
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais sa chás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach ag an institiúid leis na heintitis sin a measann an t-údarás inniúil gur ceapadh é chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 56 a sháraíonn ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide;
méid ►C9 neamhchosanta ◄ na n-ítimí seo a leanas a cháilíonn i gcomhair ►C9 ualach riosca ◄ 1 250 %, i gcás ina n-asbhaineann an institiúid an méid risíochta sin ó mhéid Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar mhalairt ar ►C9 ualach riosca ◄ 1 250 % a chur i bhfeidhm:
sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais;
suíomhanna urrúsúcháin, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 244(1), le pointe (b) d’Airteagal 245(1) agus le hAirteagal 253;
seachadtaí in aisce, i gcomhréir le hAirteagal 379(3);
suímh i mbascaed nach bhféadfaidh institiúid an ►C9 t-ualach riosca ◄ a chinneadh ina leith faoi chur chuige IRB, i gcomhréir le hAirteagal 153(8);
▼M17 —————
neamhchosaintí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC dá sanntar ualú riosca 1 250 % i gcomhréir le hAirteagal 132(2), an dara fomhír;
aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach;
méid infheidhme an chumhdaigh neamhdhóthanaigh le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha;
i gcás gealltanas íosluacha dá dtagraítear in Airteagal 132c(2), suim ar bith lena dtagann margadhluach reatha i gcás aonad nó scaireanna in GCanna agus a fholuíonn an gealltanas íosluacha, lena dtagann sin gann ar luach reatha an ghealltanais íosluacha agus nach bhfuil laghdú aitheanta cheana féin ag an institiúid ina leith i gcás ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn sonrú a dhéanamh ar na cineálacha ionstraimí caipitil atá ag institiúidí airgeadais agus, i gcomhairle leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) UAPGE, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh.1094/2010 ( 27 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010., ag gnóthais árachais agus athárachais tríú tíre, agus ag gnóthais arna n-eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 4 den Treoir sin, agus a asbhainfear as na gnéithe seo a leanas de chistí dílse:
Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
Ítimí Breise Leibhéal 1;
Ítimí Leibhéal 2.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Chun críocha na míre seo, ciallaíonn “athstruchtúróir speisialaithe fiachais” institiúid a chomhlíon, le linn na bliana airgeadais roimhe sin, na coinníollacha seo a leanas go léir ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon:
is é príomhghníomhaíocht na hinstitiúide neamhchosaintí neamhthuillmheacha a cheannach, a bhainistiú agus a athstruchtúrú i gcomhréir le próiseas cinnteoireachta inmheánach atá soiléir agus éifeachtach arna chur chun feidhme ag a comhlacht bainistíochta;
ní mó ná 15 % dá sócmhainní iomlána an luach cuntasaíochta a thomhaistear gan aon choigeartuithe i leith riosca creidmheasa ar a hiasachtaí tionscnaimh dílse a chur san áireamh;
is ionann ar a laghad 5 % den luach cuntasaíochta a thomhaistear gan aon choigeartuithe i leith riosca creidmheasa dá hiasachtaí tionscnaimh dílse a chur san áireamh agus athmhaoiniú iomlán nó páirteach, nó coigeartú ar théarmaí ábhartha na neamhchosaintí neamhthuillmheacha arna gceannach a cháilíonn mar bheart staonta i gcomhréir le hAirteagal 47b;
ní mó ná EUR 20 billiún luach iomlán shócmhainní na hinstitiúide;
coimeádann an institiúid, ar bhonn leanúnach, cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí 130 % ar a laghad;
ní mó ná 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide taiscí ar amharc na hinstitiúide.
Tabharfaidh an t-athstruchtúróir speisialaithe fiachais fógra don údarás inniúil, gan mhoill, más rud é nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír á gcomhlíonadh a thuilleadh. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE, ar bhonn bliantúil ar a laghad, faoi chur i bhfeidhm na míre seo ag institiúidí a thagann faoina maoirseacht.
Déanfaidh ÚBE liosta d’athstruchtúróirí speisialaithe fiachais a bhunú, a choimeád agus a fhoilsiú. Déanfaidh ÚBE faireachán ar ghníomhaíocht athstruchtúróirí speisialaithe fiachais agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2028 maidir le torthaí an fhaireacháin sin agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún faoi cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha chun cáiliú mar “athstruchtúróir speisialaithe fiachais” sách rioscabhunaithe agus iomchuí i bhfianaise buntáiste a thabhairt don mhargadh tánaisteach i gcás iasachtaí neamhthuillmheacha, agus measúnú a dhéanamh chun féachaint an bhfuil gá le coinníollacha breise.
Airteagal 37
Sócmhainní doláimhsithe a asbhaint
Déanfaidh na hinstitiúidí méid na sócmhainní doláimhsithe a bheidh le hasbhaint a chinneadh mar seo a leanas:
laghdófar an méid atá le hasbhaint de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar a mhúchfaí dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní doláimhsithe nó dá mbainfí den chlár comhardaithe iad faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
cuimseoidh an méid atá le hasbhaint cáilmheas arna áireamh sa luacháil ar infheistíochtaí suntasacha na hinstitiúide;
bainfear méid na hathluachála cuntasaíochta ar shócmhainní doláimhsithe na gcuideachtaí arna dhíorthú ó chomhdhlúthú fochuideachtaí is inchurtha i leith daoine seachas na gnóthais atá sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, bainfear an méid sin den mhéid atá le hasbhaint.
Airteagal 38
Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a asbhaint
Féadfar méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a laghdú de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar atá ag an institiúid, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tá ceart ag an eintiteas faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ar ceart é atá infhorghníomhaithe ó thaobh dlí de, chun na sócmhainní cánach reatha sin a fhritháireamh in aghaidh dliteanas cánach reatha;
baineann na sócmhainní cánach iarchurtha sin agus na dliteanais chánach iarchurtha le cánacha ioncaim a ghearrann an t-údarás cánachais céanna ar an eintiteas inchánach céanna.
Déanfar méid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar dá dtagraítear i mír 4 a leithdháileadh orthu seo a leanas:
sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha nach n-asbhaintear i gcomhréir le hAirteagal 48(1);
na sócmhainní cánach iarchurtha eile go léir atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí.
Déanfaidh institiúidí na dliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara a leithdháileadh de réir an chion de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a bhfuil na hítimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b),agus (c) in ionannas leis.
Airteagal 39
Ró-íocaíochtaí cánach, tabhairt siar caillteanais chánach agus sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí
Ní asbhainfear na hítimí a leanas ó na cistí dílse agus beidh siad faoi réir ►C9 ualach riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme,:
ró-íocaíochtaí cánach a rinne an institiúid sa bhliain reatha;
caillteanais chánach na hinstitiúide sa bhliain reatha arna dtabhairt siar go blianta roimhe sin as a dtig éileamh ar, nó earra infhaighte ó, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás cánach áitiúil.
►M8 Beidh na sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí teoranta do shócmhainní cánach iarchurtha a cruthaíodh roimh 23 Samhain 2016 agus a eascraíonn as difríochtaí sealadacha, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad: ◄
cuirtear creidmheas cánach ina n-ionad go huathoibríoch agus go héigeantach gan mhoill, i gcás ina dtuairiscíonn an institiúid caillteanas nuair a fhormheastar ráitis airgeadais bhliantúla na hinstitiúide go foirmiúil, agus i gcás leachtú nó dócmhainneacht na hinstitiúide;
beidh an institiúid in ann, de réir an dlí cánach náisiúnta is infheidhme, creidmheas cánach dá dtagraítear in bpointe (a) a fhritháireamh i gcoinne aon dliteanais chánach atá ag an institiúid nó aon ghnóthais eile ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna agus an institiúid chun críocha cánach de réir an dlí sin nó aon ghnóthais eile faoi réir na maoirseachta ar bhonn comhdhlúthaithe i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
i gcás ina sáraíonn méid na gcreidmheasanna cánach dá dtagraítear i bpointe (b) na dliteanais chánach dá dtagraítear sa phointe sin, cuirtear éileamh díreach ar rialtas láir an Bhallstáit ina ionchorpraítear an institiúid in ionad barrachais den chineál sin gan mhoill.
Cuirfidh na hinstitiúidí ►C9 ualach riosca ◄ de 100 % i bhfeidhm maidir le sócmhainní cánach iarchurtha i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí a) b) agus c).
Airteagal 40
Méideanna diúltacha a thig ó ríomh méideanna an chaillteanais ionchasaigh a asbhaint
Ní dhéanfar an méid a bheidh le hasbhaint i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 36(1) a laghdú trí mhéadú i leibhéal na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí, nó trí éifeacht chánach bhreise eile, a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtarlódh sé go méadódh soláthairtí go leibhéal an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí.
Airteagal 41
Sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a asbhaint
Chun críocha phointe (e) d'Airteagal 36(1), déanfar méid na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a bheidh le hasbhaint a laghdú an méid seo leanas:
méid aon dliteanais cánach iarchurtha ghaolmhair arbh fhéidir go múchfaí é dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní nó dá ndéanfaí iad a bhaint den chlár comhardaithe faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe nach bhfuil srian ar chumas na hinstitiúide iad a úsáid, ar an gcoinníoll go bhfuil cead roimh ré faighte ag an institiúid ón údarás inniúil.
Na sócmhainní sin a úsáidtear chun an méid a asbhainfear a laghdú, cuirfear ►C9 ualach riosca ◄ leo i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 42
Sealúchais ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint
Chun críocha phointe (f) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir le hAirteagal 36, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil ►C9 riosca ◄ contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil na suímh fhada agus na suímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála.
Airteagal 43
Infheistíocht shuntasach in eintiteas earnála airgeadais
Chun críocha asbhaint a dhéanamh, tiocfaidh infheistíocht shuntasach institiúide in eintiteas earnála airgeadais chun cinn sa chás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas
tá os cionn 10 % de na hionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;
tá dlúthnaisc ag an institiúid leis an eintiteas sin agus tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;
tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide agus ní áirítear an t-eintiteas sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, ach áirítear é sa chomhdhlúthú cuntasaíochta céanna leis an institiúid ar mhaithe le tuairisciú airgeadais faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme.
Airteagal 44
Sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas na hearnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
déanfar sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus d'ionstraimí caipitil eile arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;
déanfar ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.
Airteagal 45
Sealúchais d'ionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (h) agus pointe (i) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araonsa leabhar trádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh.
Airteagal 46
Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
Chun críocha phointe (h) d'Airteagal 36(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de chomhiomláin na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
Airteagail 32 go 35;
na hasbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
Airteagal 44 agus Airteagal 45
an méid comhiomlán a sháraítear le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a ►C2 roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal Breise 1 agus Leibhéal Breise 2 na n-eintiteas sin san earnáil airgeadais. ◄
Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a mhéadú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a léirítear le gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá sealbhaithe.
Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime Ghnáthchothromais Leibhéal 1 atá ualaithe de réir ►C9 riosca ◄ de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a ualú de réir ►C9 riosca ◄ de bhun mhír 4;
an cion a eascraíonn as an ríomh i bpointe (b) de mhír 3.
Airteagal 47
Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
Chun críocha phointe (i) d'Airteagal 36(1), ní dhéanfar suímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra a áireamh sa mhéid infheidhme a asbhainfear as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus socrófar iad i gcomhréir le hAirteagal 44 agus Airteagal 45 agus le foroinn 2.
Airteagal 47a
Risíochtaí neamhthuillmheacha
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), áireofar le risíocht aon cheann de na hítimí seo a leanas, ar choinníoll nach gcuirtear iad ar áireamh i leabhar trádála na hinstitiúide:
ionstraim fiachais, lena n-áirítear urrús fiachais, iasacht, airleacan, agus taisce phrapéilimh;
gealltanas iasachta a tugadh, ráthaíocht airgeadais a tugadh nó aon ghealltanas eile a tugadh, is cuma cé acu atá sé in-chúlghairthe nó neamh-inchúlghairthe, cé is moite de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe a fhéadfar a chur ar ceal gan choinníoll tráth ar bith gan fógra, nó a bhforáiltear go héifeachtach iontu d'uathchealú mar thoradh ar mheathlú in acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí.
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), áireofar an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí ar luach risíochta ionstraime fiachais a ceannaíodh ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí.
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), beidh luach risíochta aon cheangaltais iasachta a thugtar, aon ráthaíochta airgeadais a thugtar nó aon cheangaltas eile a thugtar dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo cothrom leis an luach ainmniúil atá air nó uirthi, rud a bheidh cothrom le risíocht uasta na hinstitiúide ar phriacal creidmheasa gan aird a thabhairt ar aon chosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe. Beidh luach ainmniúil aon cheangaltais iasachta a tugadh cothrom leis an méid neamhtharraingthe ar gheall an institiúid go dtabharfadh sí ar iasacht é agus beidh luach ainmniúil aon ráthaíochta airgeadais a tugadh cothrom leis an méid uasta a d'fhéadfadh a bheith ar an eintiteas a íoc dá nglaofaí an ráthaíocht.
Ní chuirfear san áireamh leis an luach ainmniúil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo aon choigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa, aon choigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) nó laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an risíocht.
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), aicmeofar na risíochtaí seo a leanas mar risíochtaí neamhthuillmheacha:
risíocht ar ina leith a mheastar go raibh mainneachtain ann i gcomhréir le hAirteagal 178;
risíocht a mheastar a bheith lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;
risíocht atá faoi phromhadh de bhun mhír 7, i gcás ina ndeonaítear bearta staonta breise nó ina bhfuil an risíocht thar téarma níos faide ná 30 lá;
risíocht atá i bhfoirm ceangaltas ar dóigh nach n-aisíocfaí ina hiomláine é gan comhthaobhacht a réadú dá dtarraingeofaí anuas é nó dá n-úsáidfí ar shlí eile é;
risíocht atá i bhfoirm ráthaíocht airgeadais ar dóigh go nglaofaidh an páirtí ráthaithe í, lena n-áirítear i gcás ina gcomhlíonann an risíocht ráthaithe fholuiteach na critéir maidir lena meas mar bheith neamhthuillmheach.
Chun críche phointe (a), i gcás ina bhfuil risíochtaí sa chlár comhardaithe ag institiúid ar oibleagáideoir, ar risíochtaí iad atá thar téarma níos faide ná 90 lá agus a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 20 % de na risíochtaí uile sa chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin, measfar gach risíocht sa chlár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin a bheith neamhthuillmheach.
Maidir le risíochtaí nach bhfuil faoi réir aon bhirt staonta, scoirfear dá n-aicmiú mar risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
comhlíonann an risíocht na critéir imeachta a chuireann an institiúid i bhfeidhm chun scor de risíocht a aicmiú mar risíocht lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus chun scor de risíocht a aicmiú mar risíocht a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178;
tá an oiread sin feabhais tagtha ar staid an oibleagáideora gur deimhin leis an institiúid gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil;
ní ag an oibleagáideoir aon mhéid atá thar téarma níos faide ná 90 lá.
Maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha atá faoi réir bearta staonta, scoirfear dá n-aicmiú mar risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá scortha ag na risíochtaí sin de bheith i staid a d'fhágfadh go n-aicmeofaí iad mar risíochtaí neamhthuillmheacha faoi mhír 3;
tá bliain amháin ar a laghad imithe thart ón dáta a deonaíodh na bearta staonta nó ón dáta a aicmíodh na risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha, cibé tráth acu is déanaí;
níl aon mhéid thar téarma ann tar éis na mbeart staonta agus is deimhin leis an institiúid, bunaithe ar an anailís ar staid airgeadais an oibleagáideora, gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i leith na risíochta.
Féadfar a mheas gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i gcás ina ndéanann an t‐oibleagáideoir íocaíochtaí rialta tráthúla atá cothrom le ceann amháin díobh seo a leanas:
an méid a bhí thar téarma sular deonaíodh an beart staonta, i gcás ina raibh méideanna thar téarma ann;
an méid a díscríobhadh faoi na bearta staonta a deonaíodh, i gcás nach raibh aon mhéideanna thar téarma ann.
I gcás ina scoirfear de risíocht a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach de bhun mhír 6, beidh an risíocht sin faoi phromhadh go dtí go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
chuaigh dhá bhliain ar a laghad thart ón dáta a athaicmíodh an risíocht atá faoi réir bearta staonta mar risíocht thuillmheach;
rinneadh íocaíochtaí rialta tráthúla le linn leath na tréimhse ar a laghad ina raibh an risíocht faoi phromhadh, rud a d'fhág gur íocadh méid comhiomlán suntasach príomhshuime nó úis;
níl aon cheann de na risíochtaí ar an oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 30 lá.
Airteagal 47b
Bearta staonta
Is é atá i gceist le beart staonta aon lamháltas a dhéanfaidh institiúid i leith oibleagáideoir a bhfuil deacrachtaí aige a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige. Féadfar caillteanas don iasachtóir a bheith i gceist le lamháltas agus bainfidh sé le ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
athrú ar théarmaí agus ar choinníollacha oibleagáide fiachais, i gcás nach ndeonófaí athrú den sórt sin murach deacrachtaí a bheith ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh;
athmhaoiniú iomlán nó páirteach oibleagáide fiachais, i gcás nach ndeonófaí athmhaoiniú den sórt sin murach deacrachtaí a bheith ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh.
Measfar gur bearta staonta iad na staideanna seo a leanas ar a laghad:
téarmaí conartha nua atá níos fabhraí don oibleagáideoir ná na téarmaí conartha roimhe sin, i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige;
téarmaí conartha nua atá níos fabhraí don oibleagáideoir ná na téarmaí conartha arna dtairiscint ag an institiúid chéanna d'oibleagáideoirí a raibh próifíl priacal den chineál céanna acu ag an am sin, i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige;
bhí an risíocht faoi na téarmaí conartha tosaigh aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach sula ndearnadh an t-athrú ar na téarmaí conartha nó bheadh an risíocht aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach dá mba rud é nach ndearnadh aon athrú ar na téarmaí conartha;
is é an toradh atá ar an mbeart gur cuireadh an oibleagáid fiachais iomlán nó cuid di ar ceal;
formheasann an institiúid feidhmiú clásal lena gcumasaítear don oibleagáideoir téarmaí an chonartha a athrú agus bhí an risíocht aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach sular feidhmíodh na clásail sin, nó d'aicmeofaí an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach mura bhfeidhmeofaí na clásail sin;
tráth a deonaíodh an fiachas, nó gar don tráth sin, rinne an t-oibleagáideoir íocaíochtaí príomhshuime nó úis ar oibleagáid fiachais eile leis an institiúid chéanna, ar oibleagáid í a bhí aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach nó a bheadh aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach mura ndéanfaí na híocaíochtaí sin;
is é atá i gceist leis an athrú ar théarmaí an chonartha aisíocaíochtaí a dhéanamh trí sheilbh a ghlacadh ar chomhthaobhacht, i gcás inarb ionann athrú den sórt sin agus lamháltas.
Tá na himthosca seo a leanas ina dtáscairí á léiriú go bhféadfadh gur glacadh bearta staonta:
bhí an conradh tosaigh thar téarma níos faide ná 30 lá uair amháin ar a laghad le linn na dtrí mhí sula ndearnadh athrú air nó bheadh sé thar téarma níos faide ná 30 lá mura ndéanfaí aon athrú air;
tráth a tugadh an comhaontú creidmheasa i gcrích, nó gar don tráth sin, rinne an t-oibleagáideoir íocaíochtaí príomhshuime nó úis ar oibleagáid fiachais eile leis an institiúid chéanna, ar oibleagáid í a bhí thar téarma níos faide ná 30 lá uair amháin ar a laghad le linn na dtrí mhí sular deonaíodh an fiachas nua;
formheasann an institiúid feidhmiú clásal lena gcumasaítear don oibleagáideoir téarmaí an chonartha a athrú agus tá an risíocht thar téarma 30 lá nó bheadh an risíocht thar téarma 30 lá mura bhfeidhmeofaí na clásail sin.
Airteagal 47c
Asbhaint le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha
Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), is tríd an méid a chinnfear i bpointe (b) den mhír seo a dhealú ón méid a chinnfear i bpointe (a) den mhír seo a chinnfidh institiúidí an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme le haghaidh gach risíochta neamhthuillmhí ar leithligh a asbhainfear ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, i gcás inar mó an tsuim dá dtagraítear i bpointe (a) ná an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b):
suim na nithe seo a leanas:
an chuid neamhurraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 2;
an chuid urraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 3;
suim na n-ítimí seo a leanas ar choinníoll go mbaineann siad leis an risíocht neamhthuillmheach chéanna:
coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa;
coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105;
laghduithe eile ar chistí dílse;
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha, dearbhluach na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a bhaineann le risíochtaí neamhthuillmheacha, i gcás ina gcinnfear an dearbhluach is inchurtha i leith gach risíochta neamhthuillmhí trí na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a iolrú faoin rannchuidiú a dhéanfaidh an méid caillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochta neamhthuillmhí maidir leis na méideanna iomlána caillteanais ionchasaigh le haghaidh risíochtaí a mhainnigh nó nár mhainnigh, de réir mar is infheidhme;
i gcás ina gceannófar risíocht neamhthuillmheach ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí, an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí;
méideanna a dhíscríobh an institiúid ó aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.
Is í an chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach an chuid den risíocht a mheastar, chun críche ceanglais cistí dílse de bhun Theideal II de Chuid a Trí a ríomh, go bhfuil sí cumhdaithe le cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe nó urraithe go huile agus go hiomlán le morgáistí.
Comhfhreagraíonn an chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach don difríocht, más ann di, idir luach na risíochta dá dtagraítear in Airteagal 47a(1) agus an chuid urraithe den risíocht, más ann di.
Chun críocha phointe (a)(i) de mhír 1, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:
0,35 don chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den tríú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
1 don chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den cheathrú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.
Chun críocha phointe (a)(ii) de mhír 1, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:
0,25 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den cheathrú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,35 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den chúigiú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,55 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den séú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,70 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den seachtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,80 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe eile de bhun Theideal II de Chuid a Trí a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den seachtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,80 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
1 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe eile de bhun Theideal II de Chuid a Trí a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
0,85 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den naoú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;
1 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den deichiú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.
►M17 De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas maidir leis an gcuid den neamhchosaint neamhthuillmheach arna ráthú nó arna frithráthú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201(1), pointí (a) go (e), na neamhchosaintí neamhurraithe a sannfaí ualú riosca 0 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2: ◄
0 don chuid urraithe den risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir bliain amháin agus seacht mbliana tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach; agus
1 le haghaidh na coda urraithe den neamhchosaint neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm ón gcéad lá den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar neamhchosaint neamhthuillmheach, mura rud é gur chomhaontaigh an soláthraí cosanta incháilithe oibleagáidí íocaíochta uile an oibleagáideora i leith na hinstitiúide a chomhlíonadh go hiomlán agus i gcomhréir leis an mbunsceideal íocaíochta conartha, agus sa chás sin beidh feidhm ag fachtóir 0 le haghaidh na coda urraithe den neamhchosaint neamhthuillmheach.
Eiseofar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
De mhaolú ar mhír 3, i gcás inar deonaíodh beart staonta do risíocht idir dhá bhliain agus sé bliana tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach, an fachtóir is infheidhme i gcomhréir le mír 3 an dáta a ndeonófar an beart staonta, beidh sé infheidhme go ceann bliain bhreise.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis an gcéad bheart staonta a deonaíodh ón tráth ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.
Airteagal 48
Díolúintí tairsí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1
Le linn dóibh na hasbhaintí is gá de bhun phointí (c) agus (i) d'Airteagal 36(1) a dhéanamh, níl sé de cheanglas ar na hinstitiúidí méideanna na n-ítimí atá liostaithe i bpointí (a) agus (b) den mhír seo atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, an méid na tairsí dá dtagraítear i mír 2:
sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Airteagail 32 go 35;
Airteagal 36(1), pointí (a) go (h), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais, sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na n-eintiteas sin atá ag an institiúid atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Airteagail 32 go 35;
Airteagal 36(1), pointí (a) go (h), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
Chun críocha mhír 1, beidh méid na tairsí comhionann leis an méid dá dtagraítear ii bpointe (a) den mhír seo iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
méid iarmharach maidir le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe agus na hasbhaintí in Airteagal 32 gohAirteagal 35 a chur i bhfeidhm ina n-iomláine agus gan na díolúintí a shonraítear san Airteagal seo a chur i bhfeidhm;
17.65 %.
Chun críocha mhír 1, cinnfidh institiúid an cion de shócmhainní cánach iarchurtha as méid iomlán na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach gá a asbhaint tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b):
sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin;
suim na nithe seo a leanas:
an méid dá dtagraítear i bpointe (a);
méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí cistí dílse d'eintitis earnála airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin.
Tá an cion d'infheistíochtaí suntasacha as méid iomlán na n-ítimí nach gá a asbhaint cothrom lena a haon lúide an cion dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Airteagal 49
Ceanglas ar asbhaint i gcás ina gcuirtear comhdhlúthú, maoirseacht fhorlíontach nó scéimeanna cosanta institiúideacha i bhfeidhm
Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite, sa chás ina gcuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar institiúidí nó ina gceadóidh siad d'institiúidí modh 1, modh 2 nó modh 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú d'institiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais a asbhaint, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid, ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais, ag an máthairchuideachta nó ag máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (e) den mhír seo:
is gnóthas árachais, gnóthas ath-árachais nó cuideachta shealbhaíochta árachais é an t-eintiteas earnála airgeadais;
áirítear an gnóthas árachais sin, an gnóthas ath-árachais sin nó an chuideachta shealbhaíochta árachais sin sa mhaoirseacht fhorlíontach chéanna faoi Threoir 2002/87/CE agus atá an mháthairinstitiúid, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an mháthairchuideachta nó máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bhfuil an sealúchas aici;
fuair an institiúid cead roimh ré ó na húdaráis inniúla;
sula ndeonóidh siad an cead sin dá dtagraítear i bpointe (c), agus ar bhonn leanúnach, tá na húdaráis inniúla sásta gur leor leibhéal na bainistíochta comhtháite, na bainistíochta ►C9 riosca ◄ agus na rialaithe inmheánaí maidir leis na heintitis a chuirfí san áireamh faoi chuimsiú mhodh 1, mhodh 2 nó mhodh 3;
is le ceann díobh seo a leanas na sealúchais san eintiteas:
an mháthairinstitiúid chreidmheasa;
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;
an institiúid;
fochuideachta ceann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv) a áirítear sa raon feidhme comhdhlúthúcháin de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
Déanfar an modh a roghnófar a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach thar am.
Agus an cur chuige seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chur i bhfeidhm ní fhéadfaidh go mbeidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an AE ina iomláine ina fhoirmeoidh nó ina chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo nuair a bheifear ag ríomh cistí dílse chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 92a agus 92b, rud a ríomhfar i gcomhréir leis an gcreat asbhainte a leagtar amach in Airteagal 72e(4).
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis na hasbhaintí a leagtar amach in Airteagal 72e(5).
Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú do na hinstitiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse a asbhaint sna cásanna a leanas:
áit a bhfuil sealúchas ag institiúid in institiúid eile agus áit a gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (i) go (v);
tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7);
tá an cead dá dtagraítear in Airteagal 113(7) tugtha ag na húdaráis inniúla;
comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 113(7);
leis an scéim chosanta institiúideach déantar clár comhardaithe comhdhlúite dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 113(7) a tharraingt suas, áit nach gceanglaítear é cuntais chomhdhlúite a tharraingt suas, déanfar ríomh comhiomlán leathnaithe atá, chun sástachta na n-údarás inniúil, coibhéiseach leis na forálacha i dTreoir 86/635/CCE, Treoir a ionchorpraíonn oiriúnuithe áirithe a rinneadh ar fhorálacha Sheachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 nó Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, a rialaíonn cuntais chomhdhlúite na n-institiúidí creidmheasa. Déanfar coibhéise an ríomha chomhiomláin leathnaithe a fhíorú trí iniúchóir seachtrach agus fíorófar go háirithe go ngeofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúid maidir leis an ríomh sin; ►M8 Déanfar an clár comhardaithe comhdhlúite nó an ríomh comhiomlán leathnaithe a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla chomh minic agus a leagtar amach sna ceanglais theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 430(7); ◄
comhlíonann na hinstitiúidí atá ar áireamh i scéim chosanta institiúideach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92 ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn comhiomlán fadaithe agus déanann siad comhlíonadh na gceanglas sin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430. ◄ Laistigh de scéim chosanta institiúideach, níl sé de cheangal ús na gcomhaltaí comharchumainn nó na n-eintiteas dlíthiúil a asbhaint, nach comhaltaí den Scéim Chosanta Institiúideach iad, ar an gcoinníoll go bhfaighfear réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí agus an scairshealbhóir mionlaigh, nuair atá institiúid i gceist.
i gás ina bhfuil sealúchas ag institiúid chreidmheasa réigiúnach ina hinstitiúid chreidmheasa lárnach nó in institiúid chreidmheasa réigiúnach eile agus go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (v).
Na sealúchais sin nach ndéantar asbhaint ina leith i gcomhréir le míreanna 2 nó 3, cáileoidh siad mar neamhchosaintí agus déanfar iad a ualú ó thaobh riosca ag 100 %.
Cuirfidh an ÚBE, an ÚAPGE agus an tÚdarás Eorpach Urrús na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach.
Airteagal 50
Gnáthchothromas Leibhéal 1
Is é atá i gCaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe is gá de réir Airteagail 32 go 35, na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus na díolúintí agus na roghanna eile asbhainte atá leagtha síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79 a chur i bhfeidhm.
CAIBIDIL 3
Caipiteal Breise Leibhéal 1
Airteagal 51
Ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
ionstraimí caipitil, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 52(1);
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a).
Ionstraimí a chuimsítear faoi phointe (a), ní cháileoidh siad mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 2.
Airteagal 52
Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
eisíonn institiúid na hionstraimí go díreach agus tá siad íoctha go hiomlán;
ní le haon cheann díobh seo a leanas na hionstraimí:
an institiúid nó a fochuideachtaí;
gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;
ní dhéanann an institiúid éadáil úinéireacht na n-ionstraimí a chistiú go díreach nó go hindíreach;
tá na hionstraimí aicmithe níos ísle ná ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide;
níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht na n-éileamh ag aon cheann díobh seo a leanas:
an institiúid nó a fochuideachtaí;
máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;
aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v)
níl na hionstraimí faoi réir ag aon socrú, idir shocrú conarthach nó eile, a chuireann le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí atá dócmhainneach nó faoi leachtú;
is ionstraimí síoraí iad agus níl aon dreasacht áirithe sna forálacha lena rialaítear iad ionas go mbeidh an institiúid in ann iad a fhuascailt;
i gcás ina n-áirítear leis na hionstraimí luathrogha amháin ar fhuascailt, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora;
ní fhéadfar na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 77, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis na heisiúna ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 78(4);
ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfadh an institiúid ionstraimí a cheannach, a fhuascailt nó a athcheannach, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;
ní thugann an institiúid le fios go sainráite nó go hintuigthe go dtabharfadh an t-údarás inniúil toiliú d'iarratas chun na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach;
comhlíonann dáileacháin faoi na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas:
íoctar amach as ítimí indáilte iad;
ní leasófar leibhéal na ndáileachán a dhéanfar faoi na hionstraimí ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;
tugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí lánrogha don institiúid tráth ar bith na dáileacháin faoi na hionstraimí a chur ar ceal ar feadh tréimhse gan teorainn agus ar bhonn neamhcharnach, agus féadfaidh an institiúid íocaíochtaí cealaithe den sórt sin a úsáid gan srian chun a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite;
ní hionann cealú na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;
ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;
ní rannchuidíonn na hionstraimí le cinneadh go sáraíonn dliteanais institiúide a cuid sócmhainní, i gcás ina gcuimsíonn cinneadh den sórt sin tástáil dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta is infheidhme;
ceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfaí, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, díluacháil ar bhonn buan nó sealadach ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí, nó go ndéanfaí na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1,.
ní áirítear leis na forálacha lena rialaí tear na hionstraimí aon ghné a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, de réir an dlí nó de réir forálacha conartha lena rialaítear na hionstraimí, ní mór, ar chinneadh ón údarás réitigh an chumhacht díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin a fheidhmiú, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus nár ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintitis réitigh bunaithe san Aontas, ceanglaítear leis an dlí, nó le forálacha conartha, lena rialaítear na hionstraimí, nach mór, ar chinneadh ón údarás ábhartha sa tríú tír, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, is i gcás ina bhfuil feidhmiú na cumhachta díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin de réir dlíthe tríú tír, ina bhfuil an feidhmiú sin éifeachtach agus infheidhmithe ar bhonn forálacha reachtacha nó forálacha conartha a aithníonn gníomhartha réitigh nó gníomhartha díluachála nó comhshó eile, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar ionstraimí a eisiúint faoi dhlíthe tríú tír nó a chur faoi réir na ndlíthe sin ar dhóigh eile;
níl na hionstraimí faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas.
Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (d) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1.
Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
foirm agus cineál na ndreasachtaí fuascailte;
cineál aon uasluachála mhéid na príomhshuime d'ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis mhéid a príomhshuime a dhíluacháil ar bhonn sealadach.
na nósanna imeachta agus an t-uainiú dóibh seo a leanas:
cinneadh a dhéanamh gur tharla eachtra thucaide;
uasluacháil mhéid na príomhshuime d'ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis mhéid a príomhshuime a dhíluacháil ar bhonn sealadach;
gnéithe d'ionstraimí a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide;
eintitis shainchuspóireacha a úsáid chun ionstraimí cistí dílse a eisiúint go hindíreach.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 53
Srianta ar dháileacháin faoi ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar ceal agus gnéithe a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide
Chun críocha phointí (l)(v) agus (o) d'Airteagal 52(1), ní áireofar iad seo a leanas go háirithe sna forálacha lena rialaítear ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
ceanglas maidir le dáileacháin faoi na hionstraimí a dhéanamh i gcás ina ndéantar dáileachán faoi ionstraim arna heisiúint ag an institiúid atá aicmithe ar chomhchéim, nó níos ísle ná, ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, lena n-áirítear ionstraim de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
ceanglas chun íocaíocht dáileacháin faoi ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a chur ar ceal i gcás nach ndéantar dáileacháin faoi na hionstraimí sin de Chaipiteal Breise Leibhéal 1;
oibleagáid maidir le híocaíocht in aon fhoirm eile a chur in ionad na híocaíochta úis nó díbhinne. Ní bheidh an institiúid faoi réir ag oibleagáid den sórt sin ar aon shlí eile.
Airteagal 54
Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil nó a chomhshó
Chun críocha phointe (n) d'Airteagal 52(1), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
tarlóidh eachtra thucaide nuair a thitfidh an cóimheas de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92(1) faoi bhun ceachtar díobh seo a leanas:
5.125 %;
leibhéal níos airde ná 5.125 %, i gcás inar chinntigh an institiúid é agus inar sonraíodh é sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;
Féadfaidh institiúidí eachtra thucaide amháin nó níos mó a shonrú sna forálacha lena rialaítear an ionstraim, de bhreis ar an eachtra a dtagraítear di i bpointe(a);
i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí iad a chomhshó ina ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, sonróidh na forálacha sin ceachtar díobh seo a leanas:
ráta comhshóite den sórt sin agus teorainn ar an méid comhshóite a cheadófar;
raon, ar laistigh de, a chomhshóidh na hionstraimí ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí méid a bpríomhshuime a dhíluacháil tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, laghdófar na nithe seo a leanas ar fad sa díluacháil:
éileamh shealbhóir na hionstraime i ndócmhainneacht nó i leachtú na hinstitiúide;
an méid a cheanglaítear a íoc i gcás ina ndéantar an ionstraim a ghlaoch nó a fhuascailt;
na dáileacháin a dhéantar faoin ionstraim;
i gcás ina n-eisíonn gnóthas fochuideachta atá bunaithe i dtríú tír na hionstraimí Leibhéal 1 Breise, déanfar an truicear dar méid 5,125 % nó níos airde, dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír sin nó leis na forálacha conarthacha lena rialaítear na hionstraimí, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, go bhfuil na forálacha sin comhionann, ar a laghad, leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.
Maidir le méid comhiomlán ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nach mór a dhíluacháil nó a chomhshó tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, ní bheidh sé níos lú ná an ceann is ísle de na méideanna seo a leanas:
an méid a theastaíonn chun an cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide a chur ar ais go hiomlán go 5.125 %;
méid iomlán phríomhshuim na hionstraime.
Nuair a tharlóidh eachtra thucaide déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:
na hinstitiúidí inniúla a chur ar an eolas láithreach bonn;
sealbhóirí na nIonstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar an eolas;
príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil, nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 gan mhoill, ach tráth nach déanaí ná i gceann mí amháin, i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo.
Airteagal 55
Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear, i gcás ionstraime de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 52(1):
scoirfidh an ionstraim láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1;
scoirfidh an chuid sin de na cuntais scairbhisigh, ar cuid í a bhaineann leis an ionstraim sin, láithreach bonn de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1.
Airteagal 56
Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 60, na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra;
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 2 de bhun Airteagal 66 a sháraíonn ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide;
aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach.
Airteagal 57
Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil ►C9 riosca ◄ contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
go bhfuil na suímh fhada agus ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó sa leabhar trádála;
Airteagal 58
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 53 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;
déanfar ítimí chistí dílse d'árachas breise Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.
Airteagal 59
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) d'Airteagal 56 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh;
Airteagal 60
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais
Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Airteagail 32 go 35;
Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
Airteagal 44 agus Airteagal 45;
an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 d'eintitis sin na hearnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal Breise 2 n-eintiteas earnála airgeadais sin.
Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh na hinstitiúidí an méid a bheidh le hasbhaint ó gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
cion mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin atá in ionannas le gach ionstraim Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú.
Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraim Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá ualaithe de réir ►C9 riosca ◄ de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a ualú de réir ►C9 riosca ◄ de bhun mhír 4;
an cion a eascraíonn as an ríomh i bpointe (b) de mhír 3.
Airteagal 61
Caipiteal Breise Leibhéal 1
Is é atá i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 institiúide ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus tar éis Airteagal 79 a chur i bhfeidhm.
CAIBIDIL 4
Caipiteal Leibhéal 2
Airteagal 62
Ítimí Leibhéal 2
Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:
ionstraimí caipitil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 64;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, coigeartuithe ginearálta i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa, agus éifeachtaí cánach san áireamh, go dtí 1.25 % de mhéideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;
maidir le hinstitiúidí a dhéanann méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, an barrachas IRB, i gcás inarb infheidhme, agus éifeachtaí cánach san áireamh, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 159, go dtí 0,6 % de mhéideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca a ríomhtar i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3.
Ní cháileoidh ítimí a áirítear faoi phointe (a) mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná Chaipiteal Breise Leibhéal 1.
Airteagal 63
Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2
Cáileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Leibhéal 2 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
eisíonn institiúid na hionstraimí go díreach agus tá siad íoctha ina n-iomláine;
ní le haon cheann díobh seo a leanas na hionstraimí:
an institiúid nó a fochuideachtaí;
gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;
ní dhéanann an institiúid éadáil úinéireacht na n-ionstraimí a chistiú go díreach nó go hindíreach;
tá an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí rangaithe faoi bhun aon éilimh ó ionstraimí dliteanas incháilithe;
níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíocht lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:
an institiúid nó a fochuideachtaí;
máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;
an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó a fochuideachtaí;
aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);
níl na hionstraimí faoi réir aon socrú a chuireann le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí;
tá aibíocht bunaidh cúig bliana ar a laghad ag na hionstraimí;
sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí, níl aon dreasacht do na hinstitiúidí chun a méid príomhshuime a fhuascailt nó a aisíoc, mar is infheidhme, roimh thráth a n-aibíochta;
i gcás ina n-áirítear leis na hionstraimí luathrogha amháin ar aisíoc, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora;
ní fhéadfar na hionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 77, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis an dáta eisiúna ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 78(4);
ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfadh an institiúid ionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;
ní thugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide;
ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na hionstraimí ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, de réir an dlí nó de réir forálacha conartha lena rialaítear na hionstraimí, ní mór, ar chinneadh ón údarás réitigh an chumhacht díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin a fheidhmiú, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus nár ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintitis réitigh bunaithe san Aontas, ceanglaítear leis an dlí, nó le forálacha conartha, lena rialaítear na hionstraimí, nach mór, ar chinneadh ón údarás ábhartha sa tríú tír, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, is i gcás ina bhfuil feidhmiú na cumhachta díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin de réir dlíthe tríú tír, ina bhfuil an feidhmiú sin éifeachtach agus infheidhmithe ar bhonn forálacha reachtacha nó forálacha conartha a aithníonn gníomhartha réitigh nó gníomhartha díluachála nó comhshó eile, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar ionstraimí a eisiúint faoi dhlíthe tríú tír nó a chur faoi réir na ndlíthe sin ar dhóigh eile;
níl na hionstraimí faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas.
Chun críocha phointe (a) den chéad mhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim Leibhéal 2.
Airteagal 64
Ionstraimí de Chaipiteal Leibhéal 2 a amúchadh
Déantar an méid a cháilíonn ionstraimí Leibhéal 2 mar ítimí Leibhéal 2 sna cúig bliana deireanacha d'aibíocht na n-ionstraimí a ríomh tríd an toradh a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) a iolrú faoin méid dá dtagraítear i bpointe (b) mar seo a leanas:
roinntear suim ainmniúil na n-ionstraimí ar an gcéad lá den tréimhse deiridh cúig bliana dá n-aibíocht chonarthach ar líon na laethanta sa tréimhse sin;
líon na laethanta d'aibíocht chonarthach atá fágtha maidir leis na hionstraimí.
Airteagal 65
Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 63:
scoirfidh an ionstraim sin láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Leibhéal 2;
scoirfidh an chuid de na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, láithreach bonn.
Airteagal 66
Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2
Asbhainfear na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil a gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 70, sealúchas díreach, indíreach agus shintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá oibre;
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí dliteanas incháilithe de bhun Airteagal 72e a sháraíonn ítimí dliteanas incháilithe na hinstitiúide.
Airteagal 67
Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 66, déanfaidh institiúidí sealúchais a ríomh ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 sna hinnéacsanna sin a ríomh;
féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil ►C9 riosca ◄ contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin.; ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
go bhfuil an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála.
Airteagal 68
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi pointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:
déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a ríomh ar bhonn na n-ollshuíomh fada;
déanfar sealúchais d'ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 chun críocha asbhainte.
Airteagal 69
Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint
Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointí (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas de chuid na hearnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh ar bhonn na ►C9 neamhchosanta ◄ bunúsaí ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais ábhartha sna hinnéacsanna sin.
Airteagal 70
Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas ábhartha
Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 66, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Airteagail 32 go 35;
Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
Airteagal 44 agus Airteagal 45;
méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag institiúid arna roinnt ar mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach go léir nach bhfuil infheistíocht shuntasach iontu ag an institiúid d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 na n-eintiteas earnála airgeadais sin.
Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Leibhéal 2 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí an méid a bheidh le hasbhaint as gach ionstraim Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid iomlán na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
cion mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin atá in ionannas le gach ionstraim arna sealbhú.
Déanfaidh institiúidí méíd gach ionstraim Leibhéal 2 atá ualaithe de réir ►C9 riosca ◄ de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a ualú de réir ►C9 riosca ◄ de bhun mhír 4;
an cion a eascraíonn as an ríomh ata i bpointe (b) de mhír 3.
Airteagal 71
Caipiteal Leibhéal 2
Is é atá i gCaipiteal Leibhéal 2 institiúide ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide tar éis na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 66 a asbhaint agus tar éis Airteagal 79 a chur chun feidhme.
CAIBIDIL 5
Cistí dílse
Airteagal 72
Cistí dílse
Is é atá i gcistí dílse institiúide suim Chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide agus Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide.
CAIBIDIL 5a
Dliteanais incháilithe
Airteagal 72a
Ítimí dliteanas incháilithe
Is iad na nithe seo a leanas a bheidh ina n-ítimí dliteanas incháilithe, mura bhfuil siad in aon cheann de na catagóirí de dhliteanais eisiata a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 72c:
ionstraimí dliteanas incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2;
Ionstraimí Leibhéal 2 ag a bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 64.
Eisiafar na dliteanais seo a leanas ó ítimí dliteanas incháilithe:
taiscí cumhdaithe;
taiscí ar amharc agus taiscí gearrthéarma a bhfuil a n-aibíocht bunaidh faoi bhun bliain amháin;
an chuid sin de thaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 29 );
taiscí a bheadh ina dtaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, gur taisceadh iad trí bhrainsí a bhí lonnaithe lasmuigh den Aontas ó institiúidí atá bunaithe san Aontas;
dliteanais urraithe lena n-áirítear bannaí cumhdaithe agus dliteanais i bhfoirm ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun críocha fálaithe agus ar cuid lárnach iad den chomhthiomsú cumhdaigh agus dhéantar a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe, ar choinníoll nach ndéanfar difear d'aon sócmhainní urraithe a bhaineann le comhthiomsú cumhdaigh agus go leanfar dá ndóthain cistiúcháin a thabhairt dóibh agus seachas aon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a mbeidh comhthaobhacht geallta ina leith ar mó é ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil sé urraithe;
aon dliteanas a thagann chun cinn mar gheall ar shócmhainní cliaint nó airgead cliaint i seilbh lena n-áirítear sócmhainní cliaint agus airgead cliaint atá i seilbh ar son gnóthais chomhinfheistíochta, ar choinníoll ar choinníoll go mbeidh an cliant sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta is infheidhme;
aon dliteanais a eascraíonn de bhua caidrimh mhuinínigh idir an t-eintiteas réitigh nó aon cheann dá fhochuideachtaí (mar mhuiníneach) agus duine eile (mar thairbhí), ar choinníoll go mbeidh an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó sibhialta is infheidhme;
dliteanais d'institiúidí, gan dliteanais d'eintitis ar cuid den ghrúpa céanna iad a áireamh, a bhfuil aibíocht bunaidh níos lú ná seacht lá acu;
dliteanais a bhfuil aibíocht níos lú ná seacht lá fágtha iontu, atá dlite do na heintitis seo a leanas:
córais nó oibreoirí córas a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 30 );
rannpháirtithe i gcóras a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 98/26/CE agus a eascraíonn as rannpháirtíocht i gcóras den sórt sin; nó
CPL tríú tír a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:
Fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála agus seachas an chomhchuid inathraithe de luach saothair glacadóirí ►C12 riosca ◄ ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 92(2) de Threoir 2013/36/AE;
creidiúnaí tráchtála nó trádála má thagann an dliteanas as soláthar, don institiúid nó don mháthairghnóthas, earraí nó seirbhísí a bhfuil gá leo chun go bhfeidhmeodh oibríochtaí na hinstitiúide nó an mháthairghnóthais, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh;
údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme;
scéimeanna ráthaithe taiscí má thagann an dliteanas as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE;
dliteanais a thagann as díorthaigh;
dliteanais a thagann as ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe.
Chun críocha phointe (l) den chéad fhomhír, ionstraimí fiachais ina bhfuil roghanna ar luathfhuascailt is féidir a fheidhmiú de réir rogha an eisitheora nó an tsealbhóra, agus ionstraimí fiachais ag a bhfuil ús athraitheach a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go leitheadach amhail Euribor nó Libor, ní mheasfar gur ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe iad ar bhonn gnéithe den sórt sin amháin.
Airteagal 72b
Ionstraimí dliteanas incháilithe
Cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
eisíonn institiúid go díreach nó faigheann institiúid na dliteanais, de réir mar is infheidhme, agus tá siad íoctha go hiomlán;
ní le haon cheann díobh seo a leanas na dliteanais:
institiúid nó eintiteas atá sa ghrúpa réitigh céanna;
gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht dhíreach nó indíreach ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireacht dhíreach, nó i bhfoirm rialaithe, ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin;
ní dhéanann an t-eintiteas réitigh éadáil úinéireacht na ndliteanas a chistiú go díreach nó go hindíreach;
tá an t-éileamh ar phríomhshuim na ndliteanas faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí go hiomlán fo-ordaithe maidir le héilimh a thagann as na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2); measfar gur comhlíonadh an ceanglas fo-ordúcháin sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
sonraíonn na forálacha conartha lena rialaítear na dliteanais go mbeidh, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, an t-éileamh ar phríomhshuim na n-ionstraimí rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thagann as aon cheann de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo;
sonraítear sa dlí is infheidhme go mbeidh, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, an t-éileamh ar phríomhshuim na n-ionstraimí rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thagann as aon cheann de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo;
is eintiteas réitigh nach bhfuil aon dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo a rangaítear pari passu le hionstraimí dliteanas incháilithe nó níos sóisearaí ná iad ar a chlár comhordaithe a eisíonn na hionstraimí;
níl na dliteanais urraithe, ná faoi réir ráthaíochta ná aon socrú eile lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh, ag aon cheann díobh seo a leanas:
institiúid nó a fochuideachtaí;
máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii);
níl na dliteanais faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas i gcás réitigh;
ní áirítear sna forálacha lena rialaítear na dliteanais aon dreasacht don institiúid chun a méid príomhshuime a cheannach, a fhuascailt nó a athcheannach roimh a n-aibíocht nó a aisíoc, de réir mar is infheidhme, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(3);
níl féidir le sealbhóirí na n-ionstraimí na dliteanais a fhuascailt roimh thráth a n-aibíochta, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(2);
faoi réir Airteagal 72c(3) agus (4), i gcás ina n-áirítear leis na dliteanais luathrogha amháin ar aisíoc, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(2);
ní fhéadfar na dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath ach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 77 agus 78a;
ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na dliteanais go ndéanfadh an t-eintiteas réitigh dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;
ní thugann na forálacha lena rialaítear na dliteanais an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis réitigh;
ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na dliteanais, de réir mar is infheidhme, ar bhonn sheasamh creidmheasa an eintitis réitigh nó a mháthairghnóthas;
i gcás ionstraimí a eisítear tar éis 28 Meitheamh 2021, luafar go sainráite sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann leis an eisiúint, go bhféadfaí an chumhacht díluachála agus comhshó a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Threoir 2014/59/AE.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh ach na codanna sin de na dliteanais atá íoctha go hiomlán i dteideal a gcáilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe.
Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil roinnt de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta, ar an ábhar, inter alia, go bhfuil siad á sealbhú ag creidiúnaí a bhfuil dlúthnaisc aige leis an bhféichiúnaí, go bhfuil, nó go raibh, an creidiúnaí ina scairshealbhóir, i ngaolmhaireacht rialaithe nó grúpa, gur comhalta den chomhlacht bainistíochta an creidiúnaí nó go bhfuil an creidiúnaí bainteach le haon duine de na daoine sin, ní dhéanfar an fo-ordú a mheas trí thagairt d'éilimh a éiríonn as dliteanais eisiata den sórt sin.
Chun críocha Airteagal 92b, tuigfear tagairtí freisin don eintiteas réitigh i bpointí (c), (k), (l) agus (m) den chéad fhomhír den mhír seo mar thagairtí d’institiúid ar fochuideachta ábhartha í de G-SII neamh-AE é.
►M17 Sa bhreis ar na dliteanais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanas suas go dtí méid comhiomlán nach mó ná 3,5 % de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3), ar choinníoll an mhéid seo a leanas: ◄
go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2;
go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) cé is moite de dhliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo; agus
nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe, ►C12 riosca ◄ ábhartha d'agóid dhlíthiúil rathúil ná d'éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 34(1) agus d'Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE.
Féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe sa bhreis ar na dliteanais dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go ndéantar an méid a leanas:
nach gceadaítear don institiúid dliteanais dá dtagraítear i mír 3 a áireamh i ndliteanais incháilithe;
go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo;
go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2), nó gur sinsearaí na dliteanais ná iad, cé is moite de na dliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2;
ar chlár comhordaithe na hinstitiúide, nach mó ná 5 % de mhéid cistí dílse agus dliteanas incháilithe na hinstitiúide an méid dliteanas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) a rangaítear pari passu leis na dliteanais sin i ndócmhainneacht nó níos ísle ná iad;
nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe, ►C12 riosca ◄ ábhartha d'agóid dhlíthiúil rathúil ná d'éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 34(1) agus d'Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh infheidhme na n-ionstraimí dliteanas incháilithe;
foirm agus cineál na ndreasachtaí atá le fuascailt chun críocha an choinníll a leagtar amach i bpointe (g) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo agus chun críocha Airteagal 72c(3).
Déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 28(5) agus i bpointe (a) d'Airteagal 52(2).
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 72c
Ionstraimí dliteanas incháilithe a amúchadh
Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair faoi bhun bliain amháin, ní cháileoidh siad go mar ítimí dliteanas incháilithe.
Airteagal 72d
Na hiarmhairtí le deireadh a bheith le comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta
Más rud é, i gcás ionstraim dliteanas incháilithe, gur stadadh de chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, stadfaidh na dliteanais láithreach de cháiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe.
Féadfar glacadh le dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 72b(2) mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcáilíonn siad mar ionstraimí dliteanas incháilithe faoi Airteagal 72b(3) nó (4).
Airteagal 72e
Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe
Asbhainfidh institiúidí atá faoi réir Airteagal 92a an méid seo a leanas as ítimí dliteanas incháilithe:
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse atá ag an institiúid, lena n-áirítear dliteanais dhílse a bhfeadfadh oibleagáid a bheith ar an institiúid iad a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII agus ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cumas ionsúcháin caillteanas agus cumas athchaipitlithe na hinstitiúide a mhéadú go saorga;
méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 72i, sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G-SII, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá gnó.
Chun críocha na Roinne seo, féadfaidh institiúidí méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) a ríomh mar a leanas:
nuair:
|
h |
= |
méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3); |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear institiúid eisiúna in iúl; |
|
Hi |
= |
méid sealúchas dhliteanais incháilithe na hinstitiúide eisiúna i dá dtagraítear in Airteagal 72b(3); |
|
li |
= |
méid na sealúchas a áiríonn an institiúid eisiúna i in ítimí dliteanas incháilithe laistigh de na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 72b(3) de réir an nochta is déanaí ón institiúid eisiúna; agus |
|
Li |
= |
méid iomlán dhliteanais gan íoc na hinstitiúide eisiúna i dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) de réir an nochta is déanaí ón institiúid eisiúna. |
I gcás mháthairinstitiúid AE nó máthairinstitiúid i mBallstát atá faoi réir Airteagal 92a, ag a bhfuil sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d’ionstraimí cistí dílse nó d’ionstraimí dliteanas incháilithe a bhaineann le fochuideachta amháin nó níos mó nach bhfuil sa ghrúpa réitigh céanna ina bhfuil an mháthairinstitiúid sin, féadfaidh údarás réitigh na máthairinstitiúide sin, tar éis dó barúil na n-údarás réitigh nó na n-údarás réitigh tríú tír ábhartha a mheas mar is cuí, cead a thabhairt don mháthairinstitiúid na sealúchais sin a asbhaint trí mhéid níos lú a asbhaint, méid arna shonrú ag údarás réitigh na máthairinstitiúide sin. Beidh an méid coigeartaithe sin cothrom, ar a laghad, leis an méid (m) a ríomhfar mar a leanas:
nuair:
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an fhochuideachta in iúl; |
|
OPi |
= |
an méid ionstraimí cistí dílse arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide; |
|
LPi |
= |
an méid ionstraimí dliteanas incháilithe arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide; |
|
β |
= |
céatadán na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh an mháthaireintitis, arna ríomh mar seo a leanas: ; |
|
Oi |
= |
méid chistí dílse fhochuideachta i, gan an asbhaint arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh; |
|
Li |
= |
méid dhliteanais incháilithe fhochuideachta i, gan an asbhaint arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh; |
|
ri |
= |
an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ag leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 92a(1), pointe (a), den Rialachán seo agus le hAirteagal 45c(3), an chéad fhomhír, pointe (a), de Threoir 2014/59/AE nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, ceanglas maidir le réiteach coibhéiseach is infheidhme i dtaca le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse nó ina ndliteanais incháilithe faoin Rialachán seo; |
|
aRWAi |
= |
méid iomlán na risíochta ar phriacal an eintitis G-SII i arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3), agus na coigeartuithe a leagtar amach in Airteagal 12a á gcur san áireamh, nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla is infheidhme; |
|
wi |
= |
an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ar leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 92a(1), pointe (b), den Rialachán seo agus le hAirteagal 45c(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir 2014/59/AE nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, ceanglas maidir le réiteach coibhéiseach is infheidhme i dtaca le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse nó ina ndliteanais incháilithe faoin Rialachán seo; |
|
aLREi |
= |
tomhas iomlán risíocht an eintitis G-SII i arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla is infheidhme. |
I gcás ina bhfuil cead ag an máthairinstitiúid an méid coigeartaithe a asbhaint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, asbhainfidh an fhochuideachta an difríocht idir méid shealúchais na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus an méid coigeartaithe sin.
Déanfaidh na hinstitiúidí agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), de Threoir 2014/59/AE a sealúchais d’ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a asbhaint ó ítimí dliteanas incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
tá na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe i seilbh institiúide nó eintitis nach eintiteas réitigh é féin ach ar fochuideachta d’eintiteas réitigh é nó d’eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;
ceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92b den Rialachán seo nó in Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh;
d’eisigh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 92b(1) den Rialachán seo nó in Airteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE nach eintiteas réitigh é féin na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) agus atá sa ghrúpa réitigh céanna leis an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a).
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní asbhainfear sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe i gcás ina gceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite agus ina n-áirítear an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i gcomhdhlúthú na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2.
Chun críocha na míre seo, tuigfear an tagairt d’ítimí dliteanas incháilithe mar thagairt do cheann ar bith de na nithe seo a leanas:
ítimí dliteanas incháilithe a chuirtear san áireamh chun an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92b a chomhlíonadh;
dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE.
Chun críocha na míre seo, tuigfear gurb ionann an tagairt d’ionstraimí cistí dílse agus d’ionstraimí dliteanas incháilithe agus tagairt do cheann ar bith díobh seo a leanas:
ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a chomhlíonann coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 92b(2) agus (3);
cistí dílse agus dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE.
Airteagal 72f
Sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a asbhaint
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí sealúchais ar bhonn ollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:
féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an ►C12 neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna ag na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra agus níl aon phriacal contrapháirtí ag baint leis na suíomhanna gearra;
coimeádtar na suíomhanna gearra agus na suíomhanna fada araon sa leabhar trádála nó coimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;
déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an ►C12 neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí dliteanas dílis incháilithe sna hinnéacsanna sin a ríomh;
féadfaidh institiúidí ollsuíomhanna fada in ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a thagann as sealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomhanna gearra in ionstraimí dílse 72e(1) a thagann as suíomhanna gearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil ►C12 neamhchosaint ◄ contrapháirtí ag baint leis na suíomhanna gearra sin. ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
coimeádtar na suíomhanna gearra agus na suíomhanna fada araon sa leabhar trádála nó coimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála.
Airteagal 72g
Bunachar asbhainte le haghaidh ítimí dliteanas incháilithe
Chun críocha phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 723(1), asbhainfidh institiúidí na hollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar síos in Airteagal 72h agus 72i.
Airteagal 72h
Sealúchais de dhliteanais incháilithe de chuid eintitis G-SII eile a asbhaint
Institiúidí nach bhfuil ag úsáid na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 72j, déanfaidh siad na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 72e(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí dliteanas incháilithe a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa ►C12 neamhchosaint ◄ bhunúsach chéanna ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh trí dhearcadh ar an ►C12 neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí dliteanas incháilithe sna hinnéacsanna sin.
Airteagal 72i
Dliteanais incháilithe a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintitis G-SII
Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a díorthaíodh ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais agus eintitis, ionstraimí dliteanas de chuid eintiteas G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in aon cheann acu, a sháraíonn 10 % de na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhfar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Airteagail 32 go 35;
Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
Airteagail 44 agus 45;
an méid comhiomlán sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ar ionstraimí dliteanas incháilithe atá ag eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna roinnt ar mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá ag an institiúid d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais agus ionstraimí dliteanas de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an eintiteas réitigh in aon cheann acu.
Dáilfear an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 ar gach ionstraim dliteanas incháilithe de chuid eintiteas G-SII. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a shonraítear i bpointe (b) den mhír seo:
méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna léiriú ag gach ionstraim dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide.
Airteagal 72j
Díolmhú leabhair trádála ó asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe
Féadfaidh institiúidí cinneadh a dhéanamh gan cuid ainmnithe dá sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ar ionstraimí dliteanas incháilithe, atá, ina méid comhiomlán agus arna thomhas ar bhonn comhlán fada, cothrom le nó níos lú ná 5 % d'ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid na hinstitiúide tar éis dóibh Airteagail 32 go 36, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
tá na sealúchais sa leabhar trádála;
ní choinnítear na hionstraimí dliteanas incháilithe níos faide ná 30 lá gnó.
Airteagal 72k
Ionstraimí dliteanas incháilithe
Is éard a bheidh i ndliteanais incháilithe institiúide, ítimí dliteanais incháilithe na hinstitiúide tar éis na n-asbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 72e.
Airteagal 72l
Cistí dílse agus dliteanais incháilithe
Is éard a bheidh i gcistí dílse agus dliteanais incháilithe, suim a cistí dílse agus a dliteanais incháilithe.
CAIBIDIL 6
Ceanglais ghinearálta maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
Airteagal 73
Dáileacháin ar ionstraimí
Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla an réamhchead dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás ina measann siad go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hinstitiúide íocaíochtaí a chur ar ceal faoin ionstraim;
nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hionstraime caipitil nó an dliteanais caillteanais a sheasamh;
nach laghdódh an rogha dá dtagraítear i mír 1 nó an fhoirm ina bhféadfaí na dáileacháin a dhéanamh cáilíocht na hionstraime caipitil nó an dliteanais ar aon slí eile.
Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis an údarás réitigh maidir leis an institiúid a bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha sin sula dtabharfaidh sé an réamhchead dá dtagraítear i mír 1.
Ní bheidh feidhm ag mír 4 sa chás gurb eintiteas tagartha í an institiúid in innéacs leathan an mhargaidh sin ach amháin sa chás go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas
measann an institiúid nach bhfuil na gluaiseachtaí in innéacs leathan an mhargaidh comhghaolaithe go suntasach le seasamh creidmheasa na hinstitiúide, a máthairinstitiúide nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha nó na máthairchuideachta sealbhaíochta gníomhaíochta measctha;
nár bhain an t-údarás inniúil amach cinneadh atá éagsúil ón gcinneadh dá dtagraítear i bpointe (a).
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 74
Sealúchas d'ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais nach gcáilíonn mar chaipiteal rialála
Ní dhéanfaidh institiúidí aon eilimint a asbhaint dá gcistí féin, bíodh siad ina sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais rialáilte nach gcáilíonn mar chaipiteal rialála an eintitis sin. Cuirfidh institiúidí ualuithe riosca i bhfeidhm maidir le sealúchais mar sin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2.
Airteagal 75
Ceanglais i ndáil le hasbhaint agus aibíocht le haghaidh suíomh gearr
Measfar go gcomhlíontar na ceanglais aibíochta i ndáil le suíomhanna gearra dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 45(a), pointe (a) d'Airteagal 59, pointe (a) d'Airteagal 69 agus pointe (a) d'Airteagal 72h maidir le suíomhanna a thógtar nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:
tá sé de cheart conarthach ag an institiúid an suíomh fada atá á fhálú a dhíol leis an gcontrapháirtí a chuireann an fálú ar fáil, ar dháta ar leith sa todhchaí;
tá oibleagáid chonarthach ar chontrapháirtí a chuireann an fálú ar fáil don institiúid an suíomh fada dá dtagraítear i bpointe (a) a cheannach ón institiúid ar an dáta sin ar leith sa todhchaí
Airteagal 76
Sealúchais innéacsanna d'ionstraimí caipitil agus de dhliteanais
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 42, phointe (a) d'Airteagal 45, phointe (a) d'Airteagal 57, phointe (a) d'Airteagal 59, phointe (a) d'Airteagal 67, phointe (a) d'Airteagal 69, pointe (a) d'Airteagal 72f agus phointe (a) d'Airteagal 72h, féadfaidh institiúidí méid suímh fhada in ionstraim chaipitil nó i ndliteanas a laghdú le cion innéacs atá comhdhéanta den ►C12 neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna atá á fálú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
sealbhaítear an suíomh fada atá á fhálú, agus coimeádtar an suíomh gearr arna úsáid in innéacs chun an suíomh fada sin a fhálú sa leabhar trádála nó sealbhaítear iad araon sna leabhair neamhthrádála;
sealbhaítear na suímh dá dtagraítear i bpointe (a) ag luach chóir ar chlár comhordaithe na hinstitiúide;
cáilíonn an suíomh gearr dá dtagraítear i bpointe (a) mar fhálú éifeachtach faoi phróisis rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide;
déanann na húdaráis inniúla measúnú ar leordhóthanacht na bpróiseas inmheánach rialaithe dá dtagraítear i bpointe (c) ar bhonn bliantúil ar a laghad agus tá siad sásta lena oiriúnaí atá na próisis i gcónaí.
Féadfaidh institiúid, i gcás inar dheonaigh an t-údarás inniúil réamhchead, meastachán coimeádach a úsáid ar ►C12 neamhchosaint ◄ fholuiteach na hinstitiúide ar ionstraimí caipitil nó ar dhliteanais a áirítear sna hinnéacsanna mar rogha eile ar institiúid a bheith ag ríomh na ►C12 neamhchosainta ◄ atá aici ar na hítimí dá dtagraítear i gceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:
ionstraimí dílse Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe, a áirítear sna hinnéacsanna;
ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais, a áirítear sna hinnéacsanna;
ionstraimí dliteanas incháilithe, a áirítear sna hinnéacsanna.
Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
cén uair a bheidh meastachán a úsáidtear mar rogha eile chun an ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach dá dtagraítear i mír 2 a ríomh coimeádach go leordhóthanach;
an bhrí atá le ródhian ó thaobh na hoibre de chun críocha mhír 3.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 77
Coinníollacha maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a laghdú
Gheobhaidh institiúid réamhchead ón údarás inniúil chun aon cheann acu seo a leanas a dhéanamh:
ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an institiúid ar shlí a cheadaítear faoin dlí náisiúnta is infheidhme a laghdú, a fhuascailt nó a athcheannach;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí cistí dílse a laghdú, a dháileadh nó a athaicmiú mar ítim cistí dílse;
ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó ionstraimí Leibhéal 2, a chur i gcrích roimh dháta a n-aibíochta conarthaí.
Airteagal 78
Cead maoirseachta chun cistí dílse a laghdú
Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid chun ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 a laghdú, a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc, nó a athcheannach, nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a laghdú, a dháileadh nó a athaicmiú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
tráth roimh beart ar bith dá dtagraítear in Airteagal 77(1), nó an tráth céanna le beart ar bith acu sin, déanfaidh an institiúid na hionstraimí nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 77(1) a ionadú le hionstraimí cistí dílse a mbeidh an cháilíocht chéanna nó cáilíocht níos airde iontu faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;
léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go sáródh cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide, tar éis an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán seo, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE de chorrlach a mheasann an t-údarás inniúil a bheith riachtanach.
Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse os cionn na méideanna a cheanglaítear sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, féadfaidh an t-údarás inniúil réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin aon cheann de na gníomhartha a leagtar síos in Airteagal 77(1) den Rialachán seo a dhéanamh, faoi réir critéir lena n-áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás inniúil. ►C7 I gcás ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 3 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 10 % den mhéid a sháraíonn caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 suim na gceanglas maidir maidir le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a leagtar amach sa Rialachán seo, i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE agus corrlach a mheasann an t-údarás inniúil atá riachtanach. I gcás ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 10 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 3 % de mhéid iomlán ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 gan íoc, de réir mar is infheidhme. ◄
Aistarraingeoidh na húdaráis inniúla an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin.
Féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 nó cuntais scairbhisigh ghaolmhara a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc le linn na gcúig bliana tar éis a ndáta eisiúna má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tháinig athrú ar aicmiú rialála na n-ionstraimí sin ar dóigh go mbeadh mar thoradh air eisiamh na n-ionstraimí ó chistí dílse nó athaicmiú mar chistí dílse de chineál cáilíochta níos ísle, agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
measann an t-údarás inniúil gur leor an chinnteacht a bhaineann leis an athrú sin;
léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil nach raibh athaicmiú rialála na n-ionstraimí sin intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna;
tháinig athrú ar an láimhseáil cánach is infheidhme i ndáil leis na hionstraimí sin a léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil gur athrú ábhartha é agus nach raibh sé intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna;
déantar na hionstraimí agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a mharthanú faoi Airteagal 494b;
tráth roimh an mbeart nó an tráth céanna leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 77(1), déanfaidh an institiúid na hionstraimí nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 77(1) a ionadú le hionstraimí cistí dílse ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hacmhainn ioncaim na hinstitiúide agus cheadaigh an t-údarás inniúil an gníomh sin ar bhonn an chinnidh go mbainfeadh sochar leis ó thaobh na stuamachta de agus go mbeadh údar leis de bharr cás eisceachtúil a bheith ann;
athcheannaítear ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 chun críocha cruthaithe margaidh.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
an bhrí atá le “inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide”;
na bunúis iomchuí le teorannú na fuascailte dá dtagraítear i mír 3;
an próiseas, lena n-áirítear na teorainneacha agus na nósanna imeachta maidir leis na húdaráis inniúil an formheas a dhéanamh roimh ré i gcás beart atá liostaithe in Airteagal 77(1), agus na ceanglais sonraí a theastóidh nuair a dhéanfaidh institiúid iarratas ar chead an údaráis inniúil chun beart atá liostaithe ann a dhéanamh, lena n-áirítear an próiseas atá le cur i bhfeidhm i gcás fhuascailt na scaireanna arna n-eisiúint do chomhaltaí comharchumann, agus an teorainn ama atá leis an iarratas sin a phróiseáil.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 78a
Cead ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú
Tabharfaidh an t-údarás réitigh cead d'institiúid ionstraimí dliteanas incháilithe a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tráth níos luaithe ná an beart nó an tráth céanna le ceann ar bith de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 77(2), déanann an institiúid na hionstraimí dliteanas incháilithe a ionadú le hionstraimí cistí dílse nó le hionstraimí dliteanas incháilithe atá ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;
léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis réitigh go sáródh cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide, tar éis an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 77(2) den Rialachán seo, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE, de chorrlach a mheasann an t-údarás réitigh, agus an t-údarás inniúil ar aon intinn leis, atá riachtanach;
léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis réitigh gur gá ionstraimí cistí dílse a chur in ionad dliteanais incháilithe, go hiomlán nó go páirteach, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cistí dílse a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, ionas go leanfar leis an údarú.
Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse agus le dliteanais incháilithe os cionn mhéid na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE, féadfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí dliteanas incháilithe a dhéanamh, faoi réir critéir lena n-áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás réitigh. Cuirfidh na húdaráis réitigh na húdaráis inniúla ar an eolas faoi aon réamhchead ginearálta a tugadh.
Aistarraingeoidh an t-údarás réitigh an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
an próiseas don chomhordú idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh;
an nós imeachta, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na ceanglais faisnéise, chun cead a dheonú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 1;
an nós imeachta, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na ceanglais faisnéise, chun an réamhchead ginearálta a dheonú i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1;
an bhrí atá le “inbhuanaithe d'acmhainn ioncaim na hinstitiúide”.
Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 78.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 79
Tarscaoileadh sealadach ó asbhaint ó chistí dílse agus ó dhliteanais incháilithe
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 79a
Measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe
Is ar ghnéithe substaintiúla na n-ionstraimí agus ní ar a bhfoirm dhlíthiúil amháin a thabharfaidh na hinstitiúidí aird agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i gCuid a Dó. Áireofar sa mheasúnú ar ghnéithe substaintiúla ionstraime na socruithe go léir a bhaineann leis na hionstraimí, fiú i gcás socruithe nach leagtar amach go sainráite i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na n-ionstraimí féin, d'fhonn a chinneadh an gcomhlíontar cuspóir na bhforálacha ábhartha le héifeachtaí comhcheangailte eacnamaíocha na socruithe sin.
Airteagal 80
Athbhreithniú leantach ar cháilíocht cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe
Ar iarratas ó ÚBE agus gan aon mhoill, cuirfidh údaráis inniúla gach faisnéis ar aghaidh chuig ÚBE a mheasann ÚBE a bhaineann le hábhar i ndáil le hionstraimí nua caipitil nó cineálacha nua dliteanas a eisíodh chun é a chur ar chumas ÚBE faireachán a dhéanamh ar cháilíocht ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais.
Beidh an méid seo a leanas ar áireamh san fhógra:
míniú mionsonraithe ar chineál agus ar mhéid an easnaimh atá aitheanta;
comhairle theicniúil maidir leis an mbeart de chuid an Choimisiúin a mheasann an ÚBE a bheith riachtanach.
forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.
Tabharfaidh ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún maidir le haon athruithe suntasacha a mheasann sé a theastaíonn don sainmhíniú ar chistí dílse mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:
forbairtí ábhartha i gcaighdeáin nó i gcleachtais an mhargaidh;
athruithe i gcaighdeáin ábhartha dlí nó cuntasaíochta;
forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.
TEIDEAL II
LEAS MIONLAIGH AGUS IONSTRAIMÍ CHAIPITEAL BREISE LEIBHÉAL 1 AGUS DE CHAIPITEAL LEIBHÉAL 2 ARNA N-EISIÚINT AG FOCHUIDEACHTAÍ
Airteagal 81
Leasanna mionlaigh atá cáilithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
Is leasanna mionlaigh iad suim na n-ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:
institiúid;
gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;
cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;
gnólacht infheistíochta;
cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus ar choinníoll gur ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;
tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo.
Airteagal 82
Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha
Is é a bheidh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus i gcistí dílse cáilitheacha, an leas mionlaigh, ionstraimí Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 nó Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:
institiúid;
gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;
cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;
gnólacht infheistíochta;
cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus i gcás inar ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;
tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, na hítimí Leibhéal 1 Breise agus na hítimí Leibhéal 2.
Airteagal 83
Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal cáilitheach Leibhéal 2 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach
Go dtí an 31 Nollaig 2021, níl ionstraimí Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara ar áireamh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise nó i Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 nó i gcistí dílse cáilitheacha, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.
níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 52(1);
níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaomhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Leibhéal 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 63;
is í an t-aon sócmhainn atá ag an eintiteas sainchuspóireach a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2, Theideal II de Chuid a hAon, agus comhlíonann a foirm na coinníollacha iomchuí atá leagtha amach in Airteagal 52(1) nó Airteagal 63, de réir mar is infheidhme.
I gcás ina measann an t-údarás inniúil gur mionsócmhainní agus sócmhainní neamhthábhachtacha i gcás eintitis shainchuspóirigh iad na sócmhainní atá ag eintiteas sainchuspóireach seachas a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, féadfaidh an t-údarás inniúil an coinníoll a shonraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír a tharscaoileadh.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 84
Leasanna mionlaigh atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
Déanfaidh institiúidí méid na leasanna mionlaigh a bheidh ag fochuideachta i gcaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó leasanna mionlaigh an ghnóthais sin mar a leanas:
caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
i gcás inar ceann díobhsan a liostaítear in Airteagal 81(1), pointe (a), den Rialachán seo í an fhochuideachta ach nach gnólacht infheistíochta ná cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (a), den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás inar gnólacht infheistíochta nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í an fhochuideachta, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/2034, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (a), den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
leasanna mionlaigh na fochuideachta arna sloinneadh mar chéatadán d’ítimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an ghnóthais sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt d’institiúid ceachtar de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó (ii) a asbhaint a luaithe a léireoidh an institiúid sin chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil an méid breise leasa mhionlaigh ar fáil chun caillteanais a ionsú ar an leibhéal comhdhlúite.
Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanann institiúid cinneadh mar sin, d'fhéadfaí nach n-áireofaí leas mionlach na fochuideachta sin i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Féadfaidh údaráis inniúla tarscaoileadh ó fheidhmiú an Airteagail seo a thabhairt do mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha seo go léir:
is é a príomhghníomhaíocht sealúchas a fháil;
tá sé faoi réir maoirseachta stuamachta ar bhonn comhdhlúite;
déanann sí comhdhlúthú ar fho-institiúid nach bhfuil ach sealbhaíocht mhionlach aici inti de bhua na gaolmhaireachta rialaithe de bhrí Airteagal 4(1), pointe (37);
tagann níos mó ná 90 % den chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a éilítear ón bhfo-institiúid dá dtagraítear i pointe c) agus a ríomhtar ar bhonn fho-chomhdhlúite.
►C1 I gcás, tar éis an 28 Meitheamh 2013, ina n-éireoidh máthairchuideachta ◄ shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír, ina máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, féadfaidh údaráis inniúla an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonú don mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos san fhomhír sin.
Airteagal 85
Ionstraimí cáilitheacha Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite
Déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin mar a leanas:
an caipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
an méid caipitil Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin is gá chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
i gcás inar ceann díobhsan a liostaítear in Airteagal 81(1), pointe (a), den Rialachán seo í an fhochuideachta ach nach gnólacht infheistíochta ná cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (b), den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;
i gcás inar gnólacht infheistíochta nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í an fhochuideachta, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/2034, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;
an méid de chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (b), den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;
caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta arna shloinneadh mar chéatadán d’ítimí uile Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ítimí Leibhéal 1 Breise an ghnóthais sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt d’institiúid ceachtar de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó (ii) a asbhaint a luaithe a léireoidh an institiúid sin chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil an méid breise de chaipiteal Leibhéal 1 ar fáil chun caillteanais a ionsú ar an leibhéal comhdhlúite.
Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta sin a áireamh sa chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.
Airteagal 86
Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite
Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh trí leasanna mionlaigh an ghnóthais sin atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.
Airteagal 87
Cistí dílse cáilitheacha atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite
Déanfaidh institiúidí méid na gcistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin mar a leanas:
cistí dílse na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
an méid de chistí dílse na fochuideachta a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
i gcás inar ceann díobhsan a liostaítear in Airteagal 81(1), pointe (a), den Rialachán seo í an fhochuideachta ach nach gnólacht infheistíochta ná cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (c), den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le cistí dílse;
i gcás inar gnólacht infheistíochta nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í an fhochuideachta, an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/2034, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le cistí dílse;
an méid cistí dílse comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (c), den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le cistí dílse;
cistí dílse cáilitheacha an ghnóthais, arna sloinneadh mar chéatadán de shuim na n-ítimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ítimí Leibhéal 1 Breise agus ítimí Leibhéal 2, seachas na méideanna dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 62, an ghnóthais sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt d’institiúid ceachtar de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó (ii) a asbhaint a luaithe a léireoidh an institiúid sin chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil an méid breise cistí dílse ar fáil chun caillteanais a ionsú ar an leibhéal comhdhlúite.
Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina nglacfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar leas mionlaigh na fochuideachta sin a chur san áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.
Airteagal 88
Ionstraimí cáilitheacha de chistí dílse atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite
Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite a chinneadh trí chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite.
Airteagal 88a
Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe
Maidir le dliteanais a eiseoidh fochuideachta atá bunaithe san Aontas ar cuid den ghrúpa réitigh céanna í leis an eintiteas réitigh, beidh siad cáilithe a áireamh i measc ionstraimí dliteanas incháilithe chomhdhlúthaithe institiúide faoi réir Airteagal 92a ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
eiseofar iad i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;
ceannóidh scairshealbhóir atá ann cheana iad nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é chomh fada agus nach ndéanfar difear, le feidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go 62 de Threoir 2014/59/AE, don rialú a dhéanfaidh an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;
ní mó iad ná méid a chinnfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (i) a dhealú ón méid dá dtagraítear i bpointe (ii):
suim na ndliteanas a eiseofar don eintiteas réitigh agus a cheannóidh an t-eintiteas réitigh sin go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna agus méid na gcistí dílse a eiseofar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;
an méid is gá i gcomhréir le hAirteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE
Airteagal 88b
Gnóthais i dtríú tíortha
Chun críocha an Teidil seo, tuigfear go n-áirítear leis na téarmaí “gnólacht infheistíochta” agus “institiúid” gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha, ar gnóthais iad a thiocfadh faoi shainmhíniú na dtéarmaí sin sa Rialachán seo dá mba san Aontas a bheidís bunaithe.
TEIDEAL III
SEALÚCHAIS CHÁILITHEACHA LASMUIGH DEN EARNÁIL AIRGEADAIS
Airteagal 89
►C9 Ualach riosca ◄ agus toirmeasc ar shealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais
Cuirfidh údaráis inniúla na ceanglais atá leagtha amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) i bhfeidhm maidir le sealúchais cháilitheacha na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:
chun an ceanglas caipitil a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí cuirfidh institiúidí ►C9 ualach riosca ◄ 1 250 % leis an gceann is mó de na cinn a leanas:
méid na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 1 ar mó iad ná 15 % den chaipiteal incháilithe;
méid iomlán na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 2 ar mó iad ná 60 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide;
cuirfidh na húdaráis inniúla toirmeasc ar institiúidí sealúchais cháilitheacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bheith acu nuair is mó é a méid ná na céatadáin de chaipiteal incháilithe atá leagtha amach sna míreanna sin.
Foilseoidh na húdaráis inniúla a rogha idir (a) nó (b).
▼M17 —————
Airteagal 90
Rogha eile ar ►C9 ualach riosca ◄ 1 250 %
Mar rogha eile ar ►C9 ualach riosca ◄ 1 250 % a chur i bhfeidhm maidir leis na méideanna ar mó iad ná na teorainneacha atá sonraithe i mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 89, féadfaidh institiúidí na méideanna sin a asbhaint as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d'Airteagal 36(1).
Airteagal 91
Eisceachtaí
Ní dhéanfar scaireanna gnóthas nach dtagraítear dóibh i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 d'Airteagal 89 a áireamh nuair a ríomhfar na teorainneacha do chaipiteal incháilithe atá sonraithe san Airteagal sin i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
sealbhaítear na scaireanna sin go sealadach le linn oibríocht tarrthála airgeadais a bheith ar bun, dá dtagraítear in Airteagal 79;
is suíomh frithgheallta arna shealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra é sealúchas na scaireanna sin;
sealbhaítear na scaireanna sin in ainm na hinstitiúide féin agus thar ceann daoine eile.
CUID A TRÍ
CEANGLAIS CHAIPITIL
TEIDEAL I
CEANGLAIS GHINEARÁLTA, LUACHÁIL AGUS TUAIRISCIÚ
CAIBIDIL 1
Leibhéal cistí dílse arna cheangal
Airteagal 92
Ceanglais cistí dílse
Faoi réir Airteagal 93 agus Airteagal 94, comhlíonfaidh institiúidí tráth ar bith na ceanglais cistí dílse seo a leanas:
cóimheas caipitil 4.5 % de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
cóimheas caipitil Leibhéal 1 6 %;
cóimheas caipitil iomlán 8 %;
cóimheas luamhánaithe 3 %.
Ní dhéanfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh ach amháin le caipiteal Leibhéal 1. Caipiteal Leibhéal 1 a úsáidfear chun an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh, ní úsáidfear é chun aon cheanglas luamhánú-bhunaithe a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo agus i dTreoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, ach amháin má dhéantar foráil shainráite dó ar shlí eile sa Rialachán nó sa Treoir.
I gcas nach gcomhlíonfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, beidh sé faoi réir an cheanglais caomhnaithe caipitil i gcomhréir le hAirteagal 141b de Threoir 2013/36/AE.
I gcás nach gcomhlíonfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE é ag an am céanna, beidh sé faoi réir an cheanglais caomhnaithe caipitil atá níos airde i gcomhréir le hAirteagal 141 agus 141b den Treoir sin.
Ríomhfaidh institiúidí a gcóimheasa caipitil mar seo a leanas:
Ríomhfaidh institiúidí méid iomlán na neamhchosanta ar riosca mar leanas:
TREA = max {U-TREA; x·S-TREA}
i gcás inarb amhlaidh:
|
TREA |
= méid iomlán neamhchosaint an eintitis ar riosca; |
|
U-TREA |
= méid iomlán neamhchosaint an eintitis ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta arna ríomh i gcomhréir le mír 4; |
|
S-TREA |
= méid iomlán caighdeánaithe neamhchosaint an eintitis ar riosca arna ríomh i gcomhréir le mír 5; |
|
x |
= 72,5 %. |
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh Ballstát a chinneadh gurb éard a bheidh i méid iomlán na neamhchosanta ar riosca méid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta, arna ríomh i gcomhréir le mír 4, maidir le hinstitiúidí atá mar chuid de ghrúpa le máthairinstitiúid sa Bhallstát céanna, ar choinníoll go ndéanfaidh an mháthairinstitiúid sin nó, i gcás grúpaí atá comhdhéanta de chomhlacht lárnach agus d’institiúidí buanchleamhnaithe, an t-iomlán mar atá comhdhéanta den chomhlacht lárnach agus a institiúidí cleamhnaithe, méid iomlán na neamhchosanta ar riosca a ríomh, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo ar bhonn comhdhlúite.
Ríomhfar méid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta mar shuim phointí (a) go (g) den mhír seo tar éis mír 6 den Airteagal seo a chur san áireamh:
na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca le haghaidh riosca creidmheasa, lena n-áirítear riosca creidmheasa contrapháirtí, agus riosca caolúcháin, arna ríomh i gcomhréir le Teideal II den Chuid seo agus le hAirteagal 379, maidir le gníomhaíochtaí gnó uile institiúide, cé is moite de mhéideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca ó ghnó leabhair trádála na hinstitiúide;
ceanglais cistí dílse gnó institiúide, ar gnó é sin a bhaineann leis an leabhar trádála, i gcás an mhéid seo a leanas:
riosca margaidh, arna ríomh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo;
neamhchosaintí móra a sháraíonn na teorainneacha a shonraítear in Airteagail 395 go 401, a mhéid is ceadmhach d'institiúid na teorainneacha sin a shárú, arna gcinneadh i gcomhréir le Cuid a Ceathair;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh, arna ríomh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo le haghaidh gach gníomhaíochta gnó leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca socraíochta, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 378 agus 380;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh an riosca coigeartaithe luachála creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le Teideal VI den Chuid seo;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh le riosca oibriúcháin, arna ríomh i gcomhréir le Teideal III den Chuid seo;
na méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca le haghaidh riosca creidmheasa contrapháirtí a eascraíonn as gnó leabhar trádála na hinstitiúide i gcás na gcineálacha idirbheart agus comhaontuithe a leanas, arna ríomh i gcomhréir le Teideal II den Chuid seo:
conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;
idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchtearraí bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;
idirbhearta iasachtaithe corrlaigh bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;
idirbhearta socraíochta iarchurtha.
Ríomhfar méid iomlán caighdeánaithe na neamhchosanta ar riosca mar shuim mhír 4, pointí (a) go (g), tar éis na forálacha a leagtar amach i mír 6 agus na ceanglais seo a leanas a chur san áireamh:
na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca le haghaidh riosca creidmheasa, lena n-áirítear riosca creidmheasa contrapháirtí, agus riosca caolúcháin, dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), agus le haghaidh riosca creidmheasa contrapháirtí a eascraíonn as gnó leabhair trádála na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír sin, déanfar iad a ríomh gan aon cheann de na cineálacha cur chuige seo a leanas a úsáid:
cur chuige na samhla inmheánaí le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála a leagtar amach in Airteagal 221;
an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 3;
Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha i leith an Urrúsaithe a leagtar amach in Airteagail 258, 259 agus 260 agus Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a leagtar amach in Airteagal 265;
Modh na Samhla Inmheánaí a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 6, Roinn 6;
déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh do ghnó an leabhair trádála dá dtagraítear i mír 4, pointe (b)(i), a ríomh gan úsáid a bhaint astu seo a leanas:
an cur chuige samhla inmheánaí malartach a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1b; nó
aon chur chuige a liostaítear faoi phointe (a) den mhír seo, i gcás inarb infheidhme;
déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh gach gníomhaíochta gnó leabhair neamhthrádála de chuid institiúide atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), den Airteagal seo a ríomh gan an cur chuige samhla inmheánaí malartach a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1b, a úsáid.
Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas nuair a bheidh méid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta dá dtagraítear i mír 4 agus méid iomlán caighdeánaithe na neamhchosanta ar riosca dá dtagraítear i mír 5 á ríomh:
áireofar sna ceanglais cistí dílse dá dtagraítear i mír 4, pointí (d), (e) agus (f), na ceanglais sin a eascraíonn as gníomhaíochtaí gnó uile institiúide;
déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i mír 4, pointí (b) go (f), a iolrú faoi 12,5 .
Airteagal 92a
Ceanglais ar G-SIInna maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
Faoi réir Airteagail 93 agus 94 agus na n-eisceachtaí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí a shainaithnítear mar eintitis réitigh agus ar eintitis G-SII iad na ceanglais seo a leanas i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe:
cóimheas rioscabhunaithe 18 %, arb iad cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3);
Ní bheidh feidhm leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:
faoi cheann thrí bliana i ndiaidh an dáta ar sainaithníodh an institiúid nó an grúpa ar cuid den institiúid é mar G-SII;
faoi cheann dhá bhliain tar éis an dáta ar chuir an t-údarás réitigh an uirlis díluachála fiachais i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 2014/59/EU;
faoi cheann an dá bhliain tar éis an dáta ar chuir an t-eintiteas réitigh beart malartach ón earnáil phríobháideach i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 32(1) de Threoir 2014/59/EU lena ndearnadh ionstraimí caipitil agus dliteanais eile a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun an t-eintiteas réitigh a athchaipitliú gan uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm.
▼M15 —————
Airteagal 92b
Ceanglais ar G-SIInna neamh-AE maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
Ní chuirfear aon ionstraim dliteanas incháilithe san áireamh chun mír 1 a chomhlíonadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh sí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, beidh an t-éileamh a eascróidh ón dliteanas rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thiocfaidh as dliteanais nach gcomhlíonfaidh na coinníollach a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nach bhfuil incháilithe mar ionstraimí cistí dílse;
tá sí faoi réir na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 go hAirteagal 61 de Threoir 2014/59/AE.
Airteagal 93
Ceanglas caipitil tosaigh ar ghnóthas leantach
▼M9 —————
Airteagal 94
Maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála
►M17 De mhaolú ar Airteagal 92(4), pointe (b), agus ar Airteagal 92(5), pointe (b), féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar choinníoll gur lú méid gnó na n-institiúidí a bhaineann leis an leabhar trádála laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go mbeidh siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéanfar orthu go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí á n-úsáid: ◄
5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
EUR 50 milliún.
I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh mar seo a leanas:
maidir leis na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II, pointe 1, ar conarthaí iad a bhaineann le cothromais dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn sin agus díorthaigh chreidmheasa, féadfaidh institiúidí na suíomhanna sin a dhíolmhú ón gceanglas maidir le cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (b), agus Airteagal 92(5), pointe (b);
maidir le suíomhanna leabhair trádála, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, féadfaidh institiúidí an ceanglas arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(4), pointe (a), agus Airteagal 92(5), pointe (a), a chur in ionad an cheanglais maidir le cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (b), agus Airteagal 92(5), pointe (b).
Déanfaidh institiúidí méid an ghnó leabhair trádála atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí chun críocha mhír 1 i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
beidh na suíomhanna uile a shannfar don leabhar trádála i gcomhréir le hAirteagal 104 ar áireamh sa ríomh seachas sna cásanna seo a leanas:
suíomhanna a bhaineann le malairt eachtrach agus tráchtearraí;
suíomhanna i ndíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar ►C12 neamhchosaint ◄ leabhair neamhthrádála ar ►C12 riosca ◄ creidmheasa nó ►C12 neamhchosaint ◄ ar phriacal contrapháirtí agus na hidirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán ►C12 riosca ◄ margaidh na bhfáluithe inmheánacha sin dá dtagraítear in Airteagal 106(3);
déanfar gach suíomh a áireofar sa ríomh i gcomhréir le pointe (a) a luacháil ag a margadhluach ar an dáta áirithe sin, i gcás nach mbeidh margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin; i gcás nach mbeidh margadhluach ná an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;
déanfar luach absalóideach an tsuímh fhada chomhiomlánaithe a shuimiú le luach absalóideach an tsuímh ghearr chomhiomlánaithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is ionann suíomh fada agus suíomh ina dtiocfaidh méadú ar mhargadhluach an tsuímh nuair a thagann méadú ar luach a phríomhthionscnóra riosca, agus is ionann suíomh gearr agus suíomh ina laghdaíonn margadhluach an tsuímh nuair a thagann méadú ar luach a phríomhthionscnóra riosca.
Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh luach an tsuímh fhada (gearr) chomhiomlánaithe cothrom le suim luachanna na suíomhanna fada (gearr) aonair a áirítear sa ríomh i gcomhréir le pointe (a).
Scoirfidh institiúid de cheanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 laistigh de thrí mhí tar éis do cheann amháin de na cásanna seo a leanas tarlú:
ní chomhlíonfaidh na hinstitiúidí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) de mhír 1 ar feadh trí mhí as a chéile;
ní chomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh níos mó ná 6 mhí de na 12 mhí dheireanacha.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ÚBE san áireamh an modh a forbraíodh le haghaidh na gcaighdeán teicniúil rialála a shainordaítear i gcomhréir le hAirteagal 279a(3), pointe (b).
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 95
Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta a bhfuil údarú teoranta acu seirbhísí infheistíochta a sholáthar
Déanfaidh na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) a chuireann na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí a liostáitear i bpointe (2) agus i bpointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE méid iomlán na ►C9 neamhchosanta ◄ ar ►C9 riosca ◄ a ríomh mar a bheith níos airde ná an méid a leanas:
suim na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointí (a) go (e) agus (g), tar éis Airteagal 92(6) a chur i bhfeidhm;
12,5 iolraithe faoin méid atá sonraithe in Airteagal 97.
Déanfaidh na gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) a chuireann na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (2) agus i bpointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE na ceanglais atá in Airteagal 92(1) agus (2) a chomhlíonadh, bunaithe ar mhéid iomlán na ►C9 neamhchosanta ◄ ar ►C9 riosca ◄ dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Féadfaidh údaráis inniúla na ceanglais cistí dílse le haghaidh gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) lena bhforáiltear go mbeidh na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochta atá liostaithe in uimhir (2) agus (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE mar na ceanglais cistí dílse a cheanglófar ar na gnólachtaí sin i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh a bheidh i bhfeidhm an 31 Nollaig 2013 le haghaidh Threoir 2006/49/CE agus Threoir 2006/48/CE.
Airteagal 96
Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta ina sealbhaítear caipiteal tosaigh mar atá leagtha amach in Airteagal 28(2) de Threoir 36 (AE)2013
Chun críocha Airteagal 92(3), úsáidfidh na catagóirí seo a leanas de ghnólachtaí infheistíochta ina sealbhaítear caipiteal tosaigh i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Threoir 2013/36/AE an ríomh maidir le méid iomlán na ►C9 neamhchosanta ◄ ar ►C9 riosca ◄ atá sonraithe i mír 2 den Airteagal seo:
gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin amháin ar mhaithe le hordú cliaint a chomhlíonadh nó a chur i bhfeidhm nó ar mhaithe le dul isteach i gcóras socraíochta agus imréitigh nó i malartán aitheanta nuair a bheidh siad ag gníomhú i gcáil gníomhaireachta nó ag cur ordú cliaint i bhfeidhm;
gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:
nach bhfuil airgead nó urrúis cliant ina seilbh;
a ghabhann de dhéileáil ar a gcuntas féin amháin;
nach bhfuil aon chustaiméirí seachtracha acu;
a ndéantar feidhmiú agus socrú na n-idirbheart sin ina leith faoi chúram institiúide imréitigh agus atá ráthaithe ag an institiúid imréitigh sin.
Maidir le gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, ríomhfar méid iomlán na ►C9 neamhchosanta ◄ ar ►C9 riosca ◄ mar shuim na nithe seo a leanas:
Airteagal 92(4), pointí (a) go (e) agus (g), tar éis Airteagal 92(6) a chur i bhfeidhm;
an méid dá dtagraítear in Airteagal 97 a iolrú faoi 12,5.
Airteagal 97
Cistí dílse bunaithe ar Fhorchostais Sheasta
Forbróidh an ÚBE, i gcomhairle leis an ÚEÚM, dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe:
ríomh an cheanglais caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin a shealbhú;
na coinníollacha ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil coigeartú ar an gceanglas caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais na bliana roimhe sin a shealbhú;
forchostais sheasta réamh-mheasta a ríomh i gcás gnólachta infheistíochta nár chuir aon ghnó i gcrích ar feadh bliana amháin.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Márta 2014.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 98
Cistí dílse do ghnólachtaí infheistíochta ar bhonn comhdhlúite
I gcás gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 95(1) i ngrúpa, i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa sa ghrúpa sin, cuirfidh máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát Airteagal 92 i bhfeidhm ag leibhéal comhdhlúite mar seo a leanas:
cistí dílse arna ríomh ar bhonn staid chomhdhlúite an mháthairghnólachta infheistíochta, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, de réir mar is infheidhme.
I gcás gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 96(1) i ngrúpa, i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa sa ghrúpa sin, cuirfidh máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát agus gnólacht infheistíochta arna rialú ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha Airteagal 92 i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite mar seo a leanas:
úsáidfidh sé cistí dílse arna ríomh ar bhonn staid chomhdhlúite an mháthairghnólachta infheistíochta nó staid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó staid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, de réir mar is infheidhme, agus Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon á chomhlíonadh go hiomlán.
▼M8 —————
CAIBIDIL 3
Leabhar trádála
Airteagal 102
Ceanglais maidir leis an Leabhar Trádála
Airteagal 103
An leabhar trádála a bhainistiú
Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí maidir le bainistiú foriomlán an leabhair trádála. Rachaidh na beartais agus na nósanna imeachta sin i ngleic leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
na gníomhaíochtaí a mheasann an institiúid gur gníomhaíochtaí trádála iad agus gur cuid den leabhar trádála iad chun críocha ceanglas cistí dílse;
a mhéid is féidir suíomh a mharcáil go laethúil ón margadh trí thagairt a dhéanamh do mhargadh dhá-threo leachtach, gníomhach;
maidir le suíomhanna atá marcáilte de réir samhla, an méid is féidir leis an institiúid na nithe seo a leanas a dhéanamh:
►C12 riosca ◄ ábhartha uile an tsuímh a shainaithint;
►C12 riosca ◄ ábhartha uile an tsuímh a fhálú le hionstraimí a bhfuil margadh dhá threo leachtach, gníomhach ann ina leith;
meastacháin iontaofa a dhíorthú do na príomhthoimhdí agus do na paraiméadair a úsáidtear sa tsamhail;
a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, luachálacha a ghiniúint don suíomh, luachálacha is féidir a bhailíochtú go seachtrach agus go comhleanúnach;
a mhéid a chuirfeadh srianta dlí nó ceanglais oibriúcháin eile bac ar chumas na hinstitiúide an suíomh a leachtú nó a fhálú go gearrthéarmach;
a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, ►C12 riosca ◄ na suíomhanna laistigh dá hoibríocht trádála a bhainistiú;
a mhéid a fhéadfaidh an institiúid ►C12 riosca ◄ nó suíomhanna a athaicmiú idir na leabhair neamhthrádála agus na leabhair thrádála agus na ceanglais maidir leis na hathaicmithe sin dá dtagraítear in Airteagal 104a.
Agus í ag bainistiú a cuid suíomhanna nó a punanna suíomhanna sa leabhar trádála, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas ar fad:
beidh straitéis trádála a bheidh doiciméadaithe go soiléir, agus formheasta ag an mbainistíocht shinsearach, i bhfeidhm ag an institiúid don suíomh nó do na punanna sa leabhar trádála, agus áireofar an tréimhse shealbhaíochta ionchasach ann;
beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid d'fhonn bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar shuíomhanna nó ar phunanna sa leabhar trádála; áireofar na nithe seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta sin:
cé na suíomhanna nó na punanna ar féidir le gach deasc trádála nó, de réir mar a bheidh, déileálaithe ainmnithe dul isteach iontu;
teorainneacha suímh a shocrú agus faireachán a dhéanamh orthu féachaint cé chomh hoiriúnach is atá siad;
áiritheofar go mbeidh an uathriail ag déileálaithe dul isteach i suíomh agus é a bhainistiú laistigh de theorainneacha a bheidh comhaontaithe agus de réir na straitéise formheasta;
áiritheofar go dtuairisceofar suíomhanna don bhainistíocht shinsearach mar chuid lárnach de phróiseas bainistithe ►C12 riosca ◄ na hinstitiúide;
áiritheofar go ndéanfar faireachán gníomhach ar shuíomhanna agus tabharfar aird ar fhoinsí faisnéise an mhargaidh agus ar mheasúnú a dhéanfar ar an gcumas an suíomh, nó na chomhpháirte a bhaineann leis, a mhargú nó a fhálú, lena n-áirítear measúnú, cáilíocht agus infhaighteacht ionchuir an mhargaidh sa phróiseas luachála, leibhéal láimhdeachais an mhargaidh, ►C12 riosca ◄ méideanna na suíomh a dhéantar a thrádáil ar an margadh;
nósanna imeachta agus rialuithe gníomhacha frithchalaoise;
beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar na suíomhanna i gcomparáid le straitéis trádála na hinstitiúide lena n-áirítear faireachán ar láimhdeachas agus ar shuíomhanna ar saraíodh an tréimhse shealbhaíochta a bhí i gceist leo ag an tús ina leith.
Airteagal 104
Áireamh sa leabhar trádála
Beidh feidhm neamhspleách rialaithe riosca i bhfeidhm ag institiúid a dhéanfaidh meastóireacht, ar bhonn leanúnach, an bhfuil nó nach bhfuil a hionstraimí á sannadh mar is ceart don leabhar trádála nó don leabhar neamhthrádála.
Sannfaidh institiúidí suíomhanna sna hionstraimí a leanas don leabhar trádála:
ionstraimí a chomhlíonann na critéir, a leagtar amach in Airteagal 325(6), (7) agus (8), chun iad a chur ar áireamh sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (“ACTP”);
ionstraimí a dtiocfadh glansuíomh creidmheasa gearr nó glansuíomh cothromais gearr sa leabhar neamhthrádála chun cinn mar thoradh orthu, cé is moite de dhliteanais dhílse na hinstitiúide, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann na suíomhanna sin na critéir dá dtagraítear i bpointe (e);
ionstraimí mar thoradh ar ghealltanais frithgheallta urrús, i gcás ina mbaineann na gealltanais frithgheallta sin le hurrúis a bhfuil coinne leis go gceannóidh an institiúid iad ar an dáta socraíochta, agus leis na hurrúis sin amháin;
ionstraimí a aicmítear go soiléir mar shócmhainní nó dliteanais a bhfuil cuspóir trádála acu faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme maidir leis an institiúid;
ionstraimí mar thoradh ar ghníomhaíochtaí cruthaithe margaidh;
na suíomhanna a shealbhaítear le hintinn trádála in GCanna, ar choinníoll go gcomhlíonann na GCanna sin ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach i mír 8;
cothromais liostaithe;
idirbhearta um maoiniú urrús atá bainteach le trádáil;
roghanna, nó díorthaigh eile, leabaithe i ndliteanais dhílse na hinstitiúide sa leabhar neamhthrádála a bhaineann le riosca creidmheasa nó riosca cothromais.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), beidh glansuíomh cothromais gearr ag institiúid i gcás inar brabús don institiúid é an toradh a bheidh ar laghdú ar phraghas an chothromais. Beidh glansuíomh creidmheasa ghearr ag institiúid i gcás inar brabús don institiúid é an toradh a bheidh ar mhéadú ar raon difríochta creidmheasa eisitheora nó grúpa eisitheoirí nó meathlúchán ar acmhainneacht creidmheasa eisitheora nó grúpa eisitheoirí. Déanfaidh institiúidí faireachán leanúnach chun féachaint an mbeidh glansuíomh creidmheasa gearr nó glansuíomh cothromais gearr sa leabhar neamhthrádála chun cinn mar thoradh ar ionstraimí.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (i), roinnfidh institiúid an rogha leabaithe, nó díorthach eile, óna dliteanas dílis sa leabhar neamhthrádála a bhaineann le riosca creidmheasa nó riosca cothromais. Sannfaidh sí an rogha leabaithe, nó díorthach eile, don leabhar trádála agus fágfaidh sí an dliteanas dílis sa leabhar neamhthrádála. I gcás, mar gheall ar a cineál, nach féidir an ionstraim a roinnt, sannfaidh an institiúid an ionstraim iomlán don leabhar trádála. I gcás mar sin, déanfaidh sí doiciméadú cuí ar an gcúis leis an láimhseáil sin a chur i bhfeidhm.
Ní shannfaidh institiúidí suíomhanna sna hionstraimí seo a leanas don leabhar trádála:
ionstraimí atá ainmnithe le haghaidh stórasú urrúsúcháin;
ionstraimí a bhaineann le sealúchais réadmhaoine;
cothromais neamhliostaithe;
ionstraimí a bhaineann le miondíol agus creidmheas FBManna;
suíomhanna in GCanna eile seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2, pointe (f);
conarthaí díorthacha agus GCanna ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí foluiteacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo;
ionstraimí arna sealbhú chun riosca ar leith a fhálú maidir le suíomh amháin nó níos mó in ionstraim dá dtagraítear i bpointí (a) go (f), (h) agus (i), den mhír seo;
dliteanais dhílse na hinstitiúide, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann na hionstraimí sin na critéir dá dtagraítear i mír 2, pointe (e), nó na critéir dá dtagraítear i mír 2, an tríú fomhír;
ionstraimí i gcistí fálaithe.
Sannfaidh institiúid suíomh in GC don leabhar trádála, cé is moite de na suíomhanna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), atá á shealbhú le hintinn trádála, i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
tá an institiúid in ann faisnéis leordhóthanach a fháil faoi neamhchosaintí foluiteacha aonair an ghnóthais comhinfheistíochta;
níl an institiúid in ann faisnéis leordhóthanach a fháil faoi neamhchosaintí foluiteacha an ghnóthais comhinfheistíochta, ach is eol don institiúid a bhfuil i sainordú an ghnóthais comhinfheistíochta agus tá sí in ann praghsanna luaite laethúla a fháil don ghnóthas comhinfheistíochta.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 104a
Suíomh a athaicmiú
Déanfaidh ÚBE faireachán ar raon na gcleachtas maoirseachta agus eiseoidh sé treoirlínte faoin 10 Iúil 2027, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, faoin mbrí atá le himthosca eisceachtúla chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo agus mhír 5 den Airteagal seo. Go dtí go n-eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin, cuirfidh údaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoina gcinntí maidir le cé acu a thabharfaidh siad cead d’institiúid a suíomh a athaicmiú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó nach dtabharfaidh, agus an réasúnaíocht a bheidh leis.
Déanfaidh comhlacht bainistíochta na hinstitiúide an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhormheas.
I gcás inar thug údarás inniúil an cead suíomh leabhair trádála a athaicmiú i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an institiúid a fuair an cead an méid seo a leanas:
gan aon mhoill, an dá ní seo a leanas a nochtadh go poiblí,
an fhaisnéis go ndearnadh a shuíomh a athaicmiú, agus
i gcás ina mbeidh laghdú ar cheanglais cistí dílse na hinstitiúide mar éifeacht ar an athaicmiú sin, méid an laghdaithe; agus
i gcás inar laghdú ar cheanglais cistí dílse na hinstitiúide éifeacht an athaicmithe sin, ní aithneoidh sí an éifeacht sin go dtí go n-aibeoidh an suíomh, mura gceadóidh údarás inniúil na hinstitiúide di an éifeacht a aithint ar dháta níos luaithe.
Airteagal 104b
Ceanglais le haghaidh na deisce trádála
Comhlíonfaidh deasca trádála na n-institiúidí na ceanglais seo a leanas i gcónaí:
beidh ag gach deasc trádála straitéis ghnó atá soiléir sainiúil agus struchtúr bainistithe ►C12 riosca ◄ atá oiriúnach dá straitéis ghnó;
beidh ag gach deasc trádála struchtúr soiléir eagrúcháin; déanfaidh déileálaithe ainmnithe de chuid na hinstitiúide na suíomhanna in aon deasc trádála ar leith a bhainistiú; beidh a shainfheidhmeanna féin ag gach déileálaí i dtaca leis an deasc trádála; ní shannfar d'aon deasc trádála ar leith ach an t-aon déileálaí amháin;
socrófar teorainneacha suímh laistigh de gach deasc trádála de réir straitéis gnó na deisce trádála sin;
déanfar tuarascálacha ar na gníomhaíochtaí, ar an mbrabúsacht, ar an mbainistiú ►C12 riosca ◄ agus ar na ceanglais rialála ar leibhéal na deisce trádála a sholáthar ar bhonn seachtainiúil ar a laghad agus cuirfear iad in iúl don chomhlacht bainistíochta ar bhonn rialta;
beidh plean gnó bliantúil soiléir ag gach deasc trádála lena n-áireofar beartas dea-shainithe luacha saothair bunaithe ar chritéir fhónta a úsáidtear chun feidhmíocht a thomhas;
ullmhófar tuarascálacha maidir le suíomhanna a aibíonn go laethúil, sáruithe teorann trádála ionlae agus laethúla agus gníomhaíochtaí a dhéanann an institiúid chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin, chomh maith le measúnú ar leachtacht an mhargaidh le haghaidh gach deisce trádála ar bhonn míosúil agus cuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla iad.
Airteagal 104c
Fáluithe riosca malairte eachtraí de chuid cóimheasa caipitil a láimhseáil
Féadfaidh institiúid a bhfuil suíomh riosca tógtha aici d’aon turas chun fálú a dhéanamh, ar a laghad go páirteach, in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil dá dtagraítear in Airteagal 92(1), pointí (a), (b) agus (c), féadfaidh sí, faoi réir chead a húdaráis inniúil, an suíomh riosca sin a eisiamh ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí dá dtagraítear in Airteagal 325(1), ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha a leanas:
tá uasmhéid an tsuímh riosca a eisiatar ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh teoranta do mhéid an tsuímh riosca a neodraíonn íogaireacht aon cheann de na cóimheasa caipitil chuig na gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí;
eisiatar an suíomh riosca ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh ar feadh ar a laghad 6 mhí;
tá creat bainistíochta riosca iomchuí bunaithe ag an institiúid chun na gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil a fhálú, lena n-áirítear straitéis fálúcháin shoiléir agus struchtúr rialála soiléir;
tá údar le suíomh riosca a eisiamh ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh, mionsonraí an tsuímh riosca sin agus an méid le heisiamh, tugtha ag an institiúid don údarás inniúil.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
na suíomhanna riosca is féidir le hinstitiúid a thógáil d’aon turas chun fálú a dhéanamh, ar a laghad go páirteach, in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil dá dtagraítear i mír 1;
conas an t-uasmhéid dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a chinneadh, agus an bealach atá institiúid leis an méid sin a eisiamh maidir le gach ceann de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1);
na critéir atá le comhlíonadh ag creat bainistíochta riosca institiúide dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), chun é a mheas a bheith iomchuí chun críocha an Airteagail seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 105
Ceanglas maidir le Luacháil Stuama
Déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe a bheidh leordhóthanach chun meastacháin luachála stuama agus iontaofa a sholáthar a bhunú agus a choimeád ar bun. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna córais agus sna rialuithe sin:
beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe don phróiseas luachála, lena n-áirítear freagrachtaí a bheidh sainmhínithe go soiléir maidir leis na réimsí éagsúla a bhaineann leis an luacháil a chinneadh, foinsí faisnéise an mhargaidh agus athbhreithniú ar cé chomh hoiriúnach is atá siad, treoirlínte maidir le hionchuir dhobhraite a úsáid, a léiríonn toimhdí na hinstitiúide maidir le cad a d'úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an suíomh á phraghsáil acu, minicíocht na luachála neamhspleáiche, uainiú na bpraghsanna scoir, nósanna imeachta chun luachálacha a choigeartú, nósanna imeachta fíorúcháin ad-hoc agus deireadh míosa;
línte tuairiscithe don roinn a bheidh freagrach as an bpróiseas luachála a bheidh soiléir agus neamhspleách ón oifig thosaigh, ar línte chuig an gcomhlacht bainistíochta a bheidh iontu sa deireadh.
Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas nuair a bheidh siad ag marcáil de réir samhla:
beidh eolas ag an lucht bainistíochta sinsearaí ar na gnéithe den leabhar trádála nó de shuímh eile a bhfuil luach cóir ag gabháil leo agus atá faoi réir ag marcáil de réir samhla agus tuigfidh siad ábharthacht na neamhchinnteachta a chruthófar leis sin sa tuairisciú ar an ►C9 riosca ◄ /ar fheidhmíocht an ghnó;
déanfaidh institiúidí na hionchuir mhargaidh a fhoinsiú, nuair is féidir, i gcomhréir le praghsanna an mhargaidh, agus déanfaidh siad measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá ionchuir mhargaidh an tsuímh áirithe a bhfuil luach á chur air agus ar pharaiméadair na samhla agus déanfar é sin go minic;
nuair a bheidh fáil orthu, bainfidh institiúidí úsáid as modheolaíochtaí luachála atá glactha mar chleachtas ar an margadh i gcás ionstraimí nó tráchtearraí airgeadais áirithe;
i gcás gurb í an institiúid féin a fhorbraíonn an tsamhail, beidh sí bunaithe ar thoimhdí iomchuí, a bhfuil measúnú déanta orthu agus a bhfuil a ndúshlán tugtha ag páirtithe atá cáilithe go cuí agus atá neamhspleách ar an bpróiseas forbartha;
beidh nósanna imeachta foirmiúla i bhfeidhm ag institiúidí chun athruithe a rialú agus beidh cóip shlán den tsamhail ina seilbh acu agus úsáidfear í go tréimhsiúil chun luachálacha a sheiceáil;
tabharfar faoi deara i mbainistíocht ►C9 riosca ◄ na laigeachtaí atá ag na samhlacha atá in úsáid agus conas is féidir na laigeachtaí sin a léiriú san aschur luachála; agus
beidh samhlacha institiúidí faoi réir ag athbhreithniú tréimhsiúil chun cruinneas a bhfeidhmíochta a chinneadh, agus áireofar leis sin measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá na toimhdí ar bhonn leanúnach, anailís ar bhrabús agus ar chaillteanas i gcoinne fachtóirí priacail, luachanna glanta cuntais iarbhír a chur i gcomparáid le haschuir na samhla.
Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, ceapfar nó formheasfar an tsamhail go neamhspleách ar na deasca trádála agus déanfar tástáil neamhspleách uirthi, lena n-áirítear bailíochtú ar an matamaitic, ar na toimhdí agus ar chur chun feidhme na mbogearraí.
Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta chun coigeartú don luacháil reatha ar aon suímh bheagleachtacha a ríomh a bhunú agus a choimeád ar bun, ar suímh iad ar féidir leo go háirithe teacht ó theagmhais ar an margadh nó cásanna a bhaineann le hinstitiúid amhail suímh chomhchruinnithe agus/nó suímh a bhfuil an tréimhse shealbhaíochta a bhí leagtha amach dóibh ag an tús sáraithe. Déanfaidh institiúidí, más gá, coigeartuithe den sórt sin anuas ar aon athruithe ar luach an tsuímh a bheidh riachtanach chun críocha tuairiscithe airgeadais agus dearfar coigeartuithe den sórt sin mar léiriú ar neamhleachtacht an tsuímh. Faoi na nósanna imeachta sin, breithneoidh institiúidí roinnt fachtóirí nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil gá le coigeartú luachála ar shuímh bheagleachtacha. Áirítear leis na fachtóirí sin:
luaineacht agus meán raonta difríochta tairisceana/atairisceana;
infhaighteacht na gcuótaí margaidh (líon agus céannacht na gcruthaitheoirí margaidh) agus luaineacht agus meán na méideanna trádála lena n-áirítear méideanna trádála le linn tréimhsí struis sa mhargadh;
comhdhlúthacht an mhargaidh;
aosú na suíomh;
a mhéid a bhíonn luacháil ag brath ar mharcáil de réir samhla;
an tionchar a bhíonn ag priacail eile de bharr samhaltaithe.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 106
Fálú Inmheánach
Comhlíonfaidh fálú inmheánach go háirithe na ceanglais seo a leanas:
ní bheidh sé i gceist go príomha ceanglais cistí dílse a sheachaint nó a laghdú leis;
déanfar é a dhoiciméadú i gceart agus beidh sé faoi réir faomhadh inmheánach áirithe agus nósanna imeachta iniúchta;
déileálfar leis ag coinníollacha an mhargaidh;
déanfar bainistiú dinimiciúil sa leabhar trádála ar an ►C9 riosca ◄ margaidh a ghinfear leis an bhfálú inmheánach agus déanfar an bainistiú sin laistigh de na teorainneacha údaraithe;
déanfar faireachán cúramach air i gcomhréir le nósanna imeachta dóthanacha.
Áiritheofar go ndéanfar faireachán air trí nósanna imeachta leordhóthanacha.
Áireofar fálú inmheánach a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an díorthach creidmheasa a dhéantar le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe araon sa leabhar trádála chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh. Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), á úsáid, sannfar an dá shuíomh don deasc thrádála chéanna lena mbainistítear rioscaí comhchosúla.
Áireofar fálú inmheánach a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus an díorthach cothromais a dhéantar le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe araon sa leabhar trádála chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh. Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh rioscaí margaidh a ríomh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), á úsáid, sannfar an dá shuíomh don deasc thrádála chéanna lena mbainistítear rioscaí comhchosúla.
I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar neamhchosaintí leabhair neamhthrádála ar riosca ráta úis agus suíomh riosca ráta úis á úsáid atá cláraithe ina leabhar trádála, measfar gur fálú inmheánach é an suíomh sin maidir le riosca an ráta úis chun críoch riosca ráta úis a thagann as suíomhanna leabhair neamhthrádála a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointí (a), (b) agus (c), á n-úsáid, sannadh an suíomh do phunann ar leithligh ó na suíomhanna leabhair trádála eile, arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an riosca margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar neamhchosaint ar riosca ráta úis, agus an méid sin amháin;
chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), á úsáid, sannadh an suíomh do dheasc thrádála arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an riosca margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar neamhchosaint ar riosca ráta úis, agus an méid sin amháin;
rinne an institiúid doiciméadú iomlán ar an gcaoi a maolóidh an suíomh an riosca ráta úis a bhaineann le suíomhanna leabhair neamhthrádála chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE.
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir leis an deasc thrádála dá dtagraítear i mír 5, pointe (b), den Airteagal seo:
féadfaidh an deasc thrádála sin suíomhanna eile riosca ráta úis a bheith aici le tríú páirtithe nó le deasca trádála eile de chuid na hinstitiúide, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na suíomhanna sin go hiomlán na ceanglais chun iad a chur ar áireamh sa leabhar trádála dá dtagraítear in Airteagal 104 agus go bhfritháireoidh na deasca trádála eile sin go hiomlán riosca margaidh na suíomhanna eile riosca ráta úis sin trí shuíomhanna riosca ráta úis urchomhaireacha a bheith acu le tríú páirtithe;
ní shanntar aon suíomhanna leabhair trádála ar an deasc thrádála sin, seachas na suíomhanna dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;
de mhaolú ar Airteagal 104b, ní bheidh an deasc thrádála sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal sin.
I gcás ina ndéanann institiúid fálú maidir le neamhchosaint ar riosca coigeartaithe ar luacháil creidmheasa (CVA) trí ionstraim dhíorthach a úsáid a rinne sí lena leabhar trádála, aithneofar an suíomh san ionstraim dhíorthach sin mar fhálú inmheánach don neamhchosaint ar riosca CVA chun na ceanglais cistí dílse a ríomh do riosca CVA i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 383 nó 384, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
aithnítear an suíomh díorthach mar fhálú incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386;
i gcás ina bhfuil an suíomh díorthach faoi réir aon cheann de na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325c(2), pointe (b) nó (c), nó in Airteagal 325e(1), pointe (c), fritháiríonn an institiúid go hiomlán riosca margaidh an tsuímh dhíorthaigh sin trí shuíomhanna urchomhaireacha a dhéanamh le tríú páirtithe.
Áireofar suíomh leabhair trádála urchomhaireach an fhálaithe inmheánaigh a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír i leabhar trádála na hinstitiúide chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh.
TEIDEAL II
CEANGLAIS CHAIPITIL LE HAGHAIDH ►C9 RIOSCA ◄ CREIDMHEASA
CAIBIDIL 1
Prionsabail ghinearálta
Airteagal 107
Cineálacha cur chuige maidir le ►C9 riosca ◄ creidmheasa
I gcás neamhchosaintí trádála agus i gcás ranníocaíochtaí an chiste mainneachtana le contrapháirtí lárnach, cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 6, Roinn 9, i bhfeidhm chun a méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh chun críocha Airteagal 92(4), pointí (a) agus (g). Maidir le gach cineál eile neamhchosanta contrapháirtí lárnaigh, déanfaidh institiúidí iad a láimhseáil mar a leanas:
mar neamhchosaintí institiúide maidir le gach cineál eile neamhchosanta contrapháirtí lárnaigh cháilithigh;
mar neamhchosaintí ar chorparáid maidir le gach cineál eile neamhchosanta contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh.
Airteagal 108
Teicnící um maolú riosca creidmheasa a úsáid faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus faoi Chur Chuige IRB le haghaidh riosca creidmheasa agus riosca caolúcháin
Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 5, féadfar údaráis iasachtaí do dhaoine nádúrtha a mheas mar neamhchosaintí arna n-urrú le morgáiste ar réadmhaoin chónaithe, in ionad iad a láimhseáil mar neamhchosaintí ráthaithe, chun críocha Theideal II, Caibidlí 2, 3 agus 4, de réir mar is infheidhme, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leanas do na hiasachtaí sin i mBallstát:
maidir le formhór na n-iasachtaí le daoine nádúrtha chun réadmhaoin chónaithe a cheannach sa Bhallstát sin, ní chuirtear iad ar fáil mar mhorgáistí i bhfoirm dhlíthiúil;
maidir le formhór na n-iasachtaí le daoine nádúrtha chun réadmhaoin chónaithe a cheannach sa Bhallstát sin, déanann soláthraí cosanta iad a ráthú le measúnú creidmheasa ó IMCS ainmnithe a chomhfhreagraíonn do chéim cáilíochta creidmheasa 1 nó 2, a éilítear chun an institiúid a aisíoc go hiomlán i gcás mhainneachtain an iasachtaí bhunaidh;
tá an ceart dlíthiúil ag an institiúid morgáiste a ghlacadh ar an réadmhaoin chónaithe i gcás nach gcomhlíonann an soláthraí cosanta dá dtagraítear i bpointe (b) a oibleagáidí faoin ráthaíocht a cuireadh ar fáil, nó i gcás nach féidir leis nó léi iad a chomhlíonadh.
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, bpointí (a), (b) agus (c), den mhír seo i gcríocha náisiúnta a gcuid dlínsí, agus soláthróidh siad ainmneacha na soláthraithe cosanta a bheidh incháilithe don láimhseáil sin lena gcomhlíonfar coinníollacha na míre seo agus mhír 5.
Foilseoidh ÚBE an liosta de na soláthraithe cosanta incháilithe uile sin ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta gach bliain.
Chun críocha mhír 4, féadfar iasachtaí dá dtagraítear sa mhír sin a láimhseáil mar neamhchosaintí arna n-urrú le morgáiste ar réadmhaoin chónaithe, in ionad iad a láimhseáil mar neamhchosaintí ráthaithe, i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
maidir le neamhchosaint a láimhseáiltear faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, comhlíonann an neamhchosaint gach ceann de na ceanglais a bheidh le sannadh don aicme neamhchosanta um Chur Chuige Caighdeánaithe “neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe” de bhun Airteagail 124 agus 125 ach amháin nach bhfuil morgáiste ag an institiúid a cheadóidh an iasacht ar an réadmhaoin chónaithe;
i gcás neamhchosaint a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB, comhlíonann an neamhchosaint gach ceann de na ceanglais a bheidh le sannadh don aicme neamhchosanta IRB “neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe” dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d)(ii), ach amháin nach bhfuil morgáiste ag an institiúid a cheadóidh an iasacht ar an réadmhaoin chónaithe;
níl aon lian morgáiste ar an réadmhaoin chónaithe nuair a cheadaítear an iasacht agus i gcás iasachtaí a ceadaíodh ón 1 Eanáir 2014, tá an t-iasachtaí faoi cheangal conarthach gan aon lian morgáiste a cheadú gan toiliú ón institiúid a cheadaigh an iasacht an chéad uair;
is soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201 é an soláthraí cosanta, agus tá measúnú creidmheasa ag an soláthraí sin a rinne IMCS ainmnithe a chomhfhreagraíonn do chéim cáilíochta creidmheasa 1 nó 2;
is institiúid nó eintiteas earnála airgeadais é an soláthraí cosanta atá faoi réir na gcístí dílse atá inchomparáide leo sin is infheidhme maidir le hinstitiúidí nó gnóthais árachais;
bhunaigh an soláthraí cosanta comhchiste ráthaíochta lánchistithe nó cosaint choibhéiseach do ghnóthais árachais chun caillteanais riosca creidmheasa a sheasamh, agus déanfaidh a údarás inniúil calabrú an chiste sin a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil agus déanfar tástáil thréimhsiúil struis, gach re bliain ar a laghad;
tá an institiúid cumhachtaithe, go conarthach agus go dlíthiúil, morgáiste a ghlacadh ar an réadmhaoin chónaithe i gcás nach gcomhlíonann an soláthraí cosanta a oibleagáidí faoin ráthaíocht a chuirtear ar fáil, nó i gcás nach féidir leis nó léi iad a chomhlíonadh.
Airteagal 109
Láimhseáil suíomhanna urrúsúcháin
Ríomhfaidh institiúidí méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcás suíomh atá ina seilbh in urrúsú i gcomhréir le Caibidil 5.
Airteagal 110
Coigeartú ginearálta i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa a láimhseáil
Chun críocha an Airteagail seo agus Chaibidil 2 agus Chaibidil 3, ní bheidh cistí le haghaidh ►C9 riosca ◄ ginearálta baincéireachta san áireamh i gcoigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa.
Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige IRB agus a chuireann an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm maidir le cuid dá ►C9 neamhchosanta ◄ ar bhonn comhdhlúite nó aonair, cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 148 agus Airteagal 150 faoin gcuid sin den choigeartú ginearálta i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa a shannfar chun coigeartú ginearálta i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus chun coigeartú ginearálta i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige IRB mar seo a leanas:
nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige IRB i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartuithe ginearálta i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 2;
nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartú ginearálta i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 1;
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ríomh na gcoigeartuithe sonracha i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa agus na gcoigeartuithe ginearálta i leith ►C9 riosca ◄ creidmheasa a shonrú faoin gcreat infheidhme cuntasaíochta maidir leo seo a leanas:
luach na ►C9 neamhchosanta ◄ faoin gCur Chuige Caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 111;
luach na ►C9 neamhchosanta ◄ faoin gCur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagail 166 go 168;
láimhseáil méideanna an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 159;
mainneachtain a chinneadh faoi Airteagal 178;
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 110a
Faireachán ar shocruithe conarthacha nach gealltanais iad
Déanfaidh institiúidí faireachán ar shocruithe conarthacha a chomhlíonann na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 5, pointí (10)(a) go (e), agus déanfaidh siad doiciméadú chun sástacht a n-údarás inniúil ar a gcomhlíontacht leis na coinníollacha sin go léir.
CAIBIDIL 2
Cur Chuige Caighdeánaithe
Airteagal 111
Luach na neamhchosanta
Is é a bheidh i luach na neamhchosanta ar ítim lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I an céatadán seo a leanas de luach ainmniúil na hítime tar éis coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 110 agus méideanna a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m):
100 % le haghaidh ítimí i mbuicéad 1;
50 % le haghaidh ítimí i mbuicéad 2;
40 % le haghaidh ítimí i mbuicéad 3;
20 % le haghaidh ítimí i mbuicéad 4;
10 % le haghaidh ítimí i mbuicéad 5.
Beidh luach na neamhchosanta ar ghealltanas ar ítim lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar an gcuid is ísle de na céatadáin seo a leanas de luach ainmniúil an ghealltanais tar éis coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa a asbhaint agus méideanna a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m):
an céatadán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo is infheidhme maidir leis an ítim ar a ndéantar an gealltanas;
an céatadán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo is infheidhme maidir leis an gcineál gealltanais.
I gcás socruithe conarthacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5, pointí (10)(a) go (e), is é 0 % an céatadán is infheidhme.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
na critéir a úsáidfidh institiúidí chun ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a shannadh, cé is moite d’ítimí atá áirithe cheana féin in Iarscríbhinn I, do bhuicéid 1 go 5 dá dtagraítear in Iarscríbhinn I;
na tosca a d’fhéadfadh srian a chur ar chumas na n-institiúidí na gealltanais atá inchealaithe go neamhchoinníollach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chur ar ceal;
an próiseas chun fógra a thabhairt do ÚBE faoi aicmiú na n-institiúidí ar ítimí eile atá lasmuigh den chlár comhardaithe lena ngabhann rioscaí den chineál céanna leo sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 112
Aicmí ►C9 neamhchosanta ◄
Déanfar gach ►C9 neamhchosaint ◄ a shannadh do cheann de na haicmí ►C9 neamhchosanta ◄ seo a leanas:
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar rialtais láir nó bainc cheannais
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla;
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar eintitis san earnáil phoiblí;
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar bhainc forbartha iltaobhacha;
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar eagraíochtaí idirnáisiúnta;
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar institiúidí;
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar chorparáidí;
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar mhiondíol;
neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe agus neamhchosaintí ADC;
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar mhainneachtain;
neamhchosaintí fofhiachais;
►C9 neamhchosaintaí ◄ i bhfoirm bannaí faoi chumhdach;
ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe;
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu;
►C9 neamhchosaintaí ◄ i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna);
►C9 neamhchosaintaí ◄ ar chothromas;
ítimí eile.
Airteagal 113
►M17 Cé is moite de neamhchosaintí as a dtagann ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó Chaipiteal Leibhéal 2, féadfaidh institiúid, faoi réir faomhadh na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, cinneadh a dhéanamh gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí na hinstitiúide sin ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachta, fochuideachta de chuid a máthairghnóthas nó gnóthas atá nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE é. Tá sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla faomhadh a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: ◄
is institiúid nó institiúid airgeadais atá faoi réir ceanglais stuamachta iomchuí é an contrapháirtí;
tá an contrapháirtí ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna leis an institiúid ar bhonn iomlán;
tá an contrapháirtí faoi réir ag an meastóireacht chéanna ar priacail, agus ag na nósanna imeachta tomhais agus rialaithe céanna leis an institiúid;
tá an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna leis an institiúid;
níl aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábhartha reatha ná ionchais ann maidir le haistriú pras cistí dílse nó aisíocaíocht dliteanas ón gcontrapháirtí chuig an institiúid.
I gcás ina bhfuil institiúid údaraithe, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % a shannadh.
Cé is moite de ►C9 neamhchosaintí ◄ as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, itimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, féadfaidh institiúidí, faoi réir chead na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ ar chontrapháirtithe a bhfuil scéim chosanta institiúideach déanta ag an institiúid leo ar comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil é a thugann cosaint do na hinstitiúidí agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint más gá. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla cead a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
níl na ceanglais atá leagtha amach i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 6 comhlíonta;
áirithíonn na socruithe go bhfuil an scéim chosanta institiúideach in ann tacaíocht a thabhairt atá riachtanach faoina thiomantas ó chistí atá ar fáil go héasca dó;
tá córais chonarthacha oiriúnacha agus aonfhoirmeacha sa scéim chosanta institiúideach chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar ►C9 riosca ◄ , agus a thugann léargas iomlán ar staid ►C9 riosca ◄ gach comhalta aonair agus na scéime cosanta institiúidí trí chéile, agus féidearthachtaí ag gabháil leis chun tionchar a imirt; déanfaidh na córais sin faireachán iomchuí ar ►C9 neamhchosaintí ◄ a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178(1);
déanann an scéim chosanta institiúideach a athbhreithniú féin ar ►C9 riosca ◄ a chuirtear in iúl do na comhaltaí aonair;
déanann an scéim chosanta institiúideach ceachtar den dá thuarascáil seo a leanas a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain: tuarascáil chomhdhlúite ina mbeidh an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar ►C9 riosca ◄ , a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile; nó tuarascáil ina mbeidh an clár comhardaithe comhiomlánaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais comhiomlánaithe, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar ►C9 riosca ◄ , a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile;
tá sé de dhualgas ar chomhaltaí na scéime cosanta institiúidí fógra roimh ré a thabhairt 24 mí ar a laghad más mian leo deireadh a chur leis an scéim chosanta institiúideach;
gheofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh (dá ngairtear “ilghiaráil” anseo feasta) chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí;
Beidh an scéim chosanta institiúideach bunaithe ar bhallraíocht leathan d'institiúidí creidmheasa a mbeidh próifíl ghnó aonchineálach acu den chuid is mó;
déanann na húdaráis inniúla ábhartha leordhóthanacht na gcóras dá dtagraítear i bpointe (c) and (d) a fhaomhadh go rialta agus déanann siad faireachán orthu go rialta.
I gcás ina gcinnfidh institiúid, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % a shannadh.
Airteagal 114
►C9 Neamhchosaintí ◄ ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais
Déanfar ►C9 ualach riosca ◄ i gcomhréir le Tábla 1 a shannadh do ►C9 neamhchosaintí ◄ ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith agus comhfhreagraíonn an t-ualú sin don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 1
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
►C9 Ualach riosca ◄ |
0 % |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
▼M11 —————
Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar rialtas láir nó ar bhanc ceannais de chuid tríú tíre, go dtí an 1 Eanáir 2015, i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 115
►C9 Neamhchosaintí ◄ ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla
I gcás neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 1 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 1
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú riosca |
20 % |
50 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
I gcás neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh i gcomhréir leis an gcéim cáilíochta creidmheasa a bhfuil neamhchosaintí ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla corpraithe sannta di i gcomhréir le Tábla 2.
Tábla 2
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú riosca |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
100 % |
150 % |
Maidir leis na neamhchosaintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar ualú riosca 100 % a shannadh i gcás ina bhfuil rialtas láir na dlínse ina bhfuil rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla ionchorpraithe gan rátáil.
Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí a bheidh ar fáil don phobal ina mbeidh na rialtais réigiúnacha uile agus na húdaráis áitiúla uile san Aontas a dhéanann na húdaráis inniúla ábhartha a láimhseáil mar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar a rialtais lárnacha.
Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 116
►C9 Neamhchosaintí ◄ ar eintitis san earnáil phoiblí
I gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ ar eintitis san earnáil phoiblí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ►C9 ualach riosca ◄ a shannadh dóibh de réir na céime cáilíochta creidmheasa a bhfuil ►C9 neamhchosaintí ◄ ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil an t-eintiteas sin den earnáil phoiblí corpraithe sannta dó i gcomhréir le Tábla 2 seo a leanas:
Tábla 2
|
Céim cáilíochta creidmheasa a bhfuil an rialtas láir sannta dó |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
►C9 ualach riosca ◄ |
20 % |
50 % |
100 % |
100 % |
100 % |
150 % |
I gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ ar eintitis san earnáil phoiblí atá corpraithe i dtíortha ina bhfuil an rialtas láir gan rátáil, beidh an t- ►C9 ualach riosca ◄ cothrom le 100 %.
Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí d’eintitis earnála poiblí uile laistigh den Aontas dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 117
►C9 Neamhchosaintí ◄ ar bhainc forbartha iltaobhacha
Déanfar ualú riosca a shannadh do neamhchosaintí ar bhainc forbartha iltaobhacha nach dtagraítear dóibh i mír 2 agus a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith i gcomhréir le Tábla 1. Sannfar ualú riosca 50 % ar neamhchosaintí ar bhainc forbartha iltaobhacha nach dtagraítear dóibh i mír 2 agus nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith.
Tábla 1
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú riosca |
20 % |
30 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
Measfar gur bainc forbartha iltaobhacha iad an Chorparáid Idir-Mheiriceánach Infheistíochta, Banc Trádála agus Forbartha na Mara Duibhe, an Banc Lár-Mheiriceánach um Lánpháirtíocht Eacnamaíoch agus CAF-Banc Forbartha Mheiriceá Laidineach.
Déanfar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % a shannadh do ►C9 neamhchosaintí ◄ ar na bainc forbartha iltaobhacha seo a leanas:
an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha;
an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta;
an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach;
Banc Forbartha na hÁise;
Banc Forbartha na hAfraice;
Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa;
an Banc Nordach Infheistíochta;
Banc Forbartha Mhuir Chairib;
an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha;
an Banc Eorpach Infheistíochta;
an Ciste Eorpach Infheistíochta;
an Ghníomhaireacht Iltaobhach Rathaithe Infheistíochtaí;
an tSaoráid Airgeadais Idirnáisiúnta um Imdhíonadh;
an Banc Ioslamach um Fhorbraíocht;
an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta;
Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a leasú trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 lena leasítear, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, liosta na mbanc forbartha iltaobhach dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Airteagal 118
►C9 Neamhchosaintí ◄ ar eagraíochtaí idirnáisiúnta
Déanfar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % a shannadh do ►C9 neamhchosaintí ◄ ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas:
an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;
an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta;
an Banc le haghaidh Socruithe Idirnáisiúnta;
an tSaoráid um Chobhsaíocht Airgeadais;
an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;
institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bhunú ag dhá Bhallstát nó níos mó, a bhfuil sé mar aidhm aici cistiú a chur ar bun agus cúnamh airgeadais a thabhairt ar mhaithe lena cuid comhaltaí a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe acu nó atá i mbaol deacrachtaí móra maoinithe.
Airteagal 119
►C9 Neamhchosaintí ◄ ar institiúidí
▼M17 —————
Féadfar ►C9 neamhchosaint ◄ ar institiúid i bhfoirm cúlchistí íosta a cheanglaíonn BCE nó banc ceannais Ballstáit iad a bheith sealbhaithe ag institiúid a ualú ó thaobh ►C9 riosca ◄ mar ►C9 neamhchosaint ◄ ar bhanc ceannais an Bhallstáit atá i gceist ar an gcoinníoll:
go sealbhaítear na cúlchistí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1745/2003 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Meán Fómhair 2003 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta ( 31 ) nó i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta i ngach cás ábhartha atá coibhéiseach leis an Rialachán sin;
i gcás féimheachta nó dócmhainneachta na hinstitiúide ina sealbhaítear na cúlchistí, déantar na cúlchistí a aisíoc go hiomlán leis an institiúid ar shlí thráthúil agus ní chuirtear ar fáil iad chun fónamh do dhliteanais eile na hinstitiúide.
►C11 Neamhchosaint ◄ ar institiúidí airgeadais arna n-údarú agus arna maoirsiú ag na húdaráis inniúla agus atá faoi réir ceanglais stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta, déanfar iad a láimhseáil mar ►C11 neamhchosaint ◄ ar institiúidí.
Chun críocha na míre seo, measfar na ceanglais stuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith inchomparáide leis na ceanglais a chuirtear i bhfeidhm ar institiúidí ó thaobh stóinseachta de.
Airteagal 120
►C9 Neamhchosaintí ◄ ar institiúidí rátáilte
I gcás neamhchosaintí ar institiúidí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 1 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 1
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú riosca |
20 % |
30 % |
50 % |
100 % |
100 % |
150 % |
I gcás neamhchosaintí ar institiúidí a bhfuil aibíocht bunaidh 3 mhí nó níos lú acu a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ina leith ar fáil agus neamhchosaintí a eascraíonn as gluaiseacht earraí thar theorainneacha náisiúnta ag a bhfuil aibíocht bunaidh 6 mhí nó níos lú agus a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ina leith ar fáil, déanfar ualú riosca a shannadh do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le Tábla 2 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 2
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú riosca |
20 % |
20 % |
20 % |
50 % |
50 % |
150 % |
Is mar seo a leanas a bheidh an idirghníomhaíocht idir an tslí ina láimhseáiltear measúnú creidmheasa gearrthéarmach faoi Airteagal 131 agus an láimhseáil fhabhrach ghinearálta a chuirtear i bhfeidhm maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha atá leagtha amach i mír 2:
Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ►C9 ualach riosca ◄ níos fabhraí nó ►C9 ualach riosca ◄ comhionann i bhfeidhm seachas an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do ►C9 neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, úsáidfear an measúnú gearrthéarmach i gcás na ►C9 neamhchosanta ◄ sonraí sin amháin. Cuirfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do ►C9 neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha eile;
Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ►C9 ualach riosca ◄ nach lú fabhar ná an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do ►C9 neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm, ní úsáidfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do ►C9 neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha agus déanfar an ►C9 t-ualach riosca ◄ céanna is a chuirtear i bhfeidhm leis an measúnú gearrthéarmach sonrach a shannadh do gach éileamh gearrthéarmach gan rátáil.
Airteagal 121
Neamhchosaintí ar institiúidí gan rátáil
Déanfar neamhchosaintí ar institiúidí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a shannadh do cheann de na gráid seo a leanas:
i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas, déanfar neamhchosaintí ar institiúidí a shannadh do Ghrád A:
tá acmhainneacht leordhóthanach ag an institiúid chun a gealltanais airgeadais a chomhlíonadh, lena n-áirítear aisíocaíochtaí príomhshuime agus úis, go tráthúil, ar feadh shaolré mheasta na sócmhainní nó na neamhchosaintí agus gan beann ar thimthriallta eacnamaíocha ná ar dhálaí gnó;
comhlíonann nó sáraíonn an institiúid an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1) den Rialachán seo, agus Airteagal 458(2), pointí (d)(i) agus (vi), agus Airteagal 459, pointe (a), den Rialachán seo á gcur san áireamh i gcás inarb infheidhme, na ceanglais cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), de Threoir 2013/36/AE, nó aon cheanglais mhaoirseachta agus rialála áitiúil choibhéiseacha agus bhreise i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin foilsithe agus le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 nó cistí dílse, de réir mar is infheidhme;
déantar an fhaisnéis faoi cibé a chomhlíonann nó a sháraíonn an institiúid na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (ii) den phointe seo a nochtadh go poiblí, nó cuirtear ar fáil don institiúid iasachtaí ar shlí eile í;
níor tugadh le fios leis an measúnú a rinne an institiúid iasachtaí i gcomhréir le hAirteagal 79 de Threoir 2013/36/AE nach gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (i) agus (ii) den phointe seo;
i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas agus nach gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha i bpointe (a) den mhír seo, déanfar neamhchosaintí ar institiúidí a shannadh do Ghrád B:
tá an institiúid faoi réir riosca creidmheasa substaintiúil, lena n-áirítear acmhainneacht aisíocaíochta atá ag brath ar dhálaí eacnamaíocha nó ar dhálaí gnó cobhsaí nó fabhracha;
comhlíonann nó sáraíonn an institiúid an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1) den Rialachán seo, agus Airteagal 458(2), pointe (d)(i), agus Airteagal 459, pointe (a), den Rialachán seo á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais cistí dílse sonracha dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, nó aon cheanglais mhaoirseachta nó rialála áitiúla choibhéiseacha agus bhreise i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin foilsithe agus le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 nó cistí dílse, de réir mar is infheidhme;
déantar an fhaisnéis faoi cibé a chomhlíonann nó a sháraíonn an institiúid na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (ii) den phointe seo a nochtadh go poiblí, nó cuirtear ar fáil don institiúid iasachtaí ar shlí eile í;
níor tugadh le fios leis an measúnú a rinne an institiúid iasachtaí i gcomhréir le hAirteagal 79 de Threoir 2013/36/AE nach gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (i) agus (ii) den phointe seo.
i gcás nach ndéantar neamhchosaintí ar institiúidí a shannadh do Ghrád A nó Grád B, nó i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, déanfar neamhchosaintí ar institiúidí a shannadh do Ghrád C:
tá rioscaí réamhshocraithe ábhartha agus corrlaigh sábháilteachta teoranta ag an institiúid;
is rídhócha nach mbeidh sé ar chumas na hinstitiúide, nó nach raibh sé ar chumas na hinstitiúide, a gealltanais airgeadais a chomhlíonadh mar gheall ar dhrochdhálaí gnó, airgeadais, nó eacnamaíocha;
i gcás ina gceanglaítear ráitis airgeadais iniúchta de réir dlí ar an institiúid, inar eisigh an t-iniúchóir seachtrach tuairim iniúchóireachta dhiúltach nó inar léirigh sé amhras substaintiúil maidir le cumas na hinstitiúide leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach ina chuid ráiteas airgeadais iniúchta nó ina thuarascálacha iniúchta laistigh den 12 mhí roimhe seo.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b)(ii), den mhír seo, ní áireofar caipiteal maolánach atá coibhéiseach leo sin a shainítear in Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE leis na ceanglais mhaoirseachta nó rialála áitiúla choibhéiseacha agus bhreise.
Is mar a leanas a dhéanfar ualú riosca a shannadh do neamhchosaintí arna sannadh do Ghrád A, B nó C i gcomhréir le mír 1:
neamhchosaintí arna sannadh do Ghrád A, B nó C a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh le haghaidh neamhchosaintí gearrthéarmacha i gcomhréir le Tábla 1:
tá aibíocht bhunaidh 3 mhí nó níos giorra ag an neamhchosaint;
tá aibíocht bunaidh 6 mhí nó níos giorra ag an neamhchosaint agus eascraíonn sí as gluaiseacht earraí thar theorainneacha náisiúnta;
déanfar ualú riosca 30 % a shannadh do neamhchosaintí arna sannadh do Ghrád A nach neamhchosaintí gearrthéarmacha iad, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
ní chomhlíonann an neamhchosaint aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a);
tá Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide cothrom le 14 % nó níos airde ná sin;
tá cóimheas luamhánaithe na hinstitiúide cothrom le 5 % nó níos airde ná sin;
neamhchosaintí arna sannadh do Ghrád A, B nó C nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b), sannfar ualú riosca dóibh i gcomhréir le Tábla 1.
I gcás nach ndéantar neamhchosaint institiúide a ainmniú in airgeadra intíre dhlínse chorpraithe na hinstitiúide sin, nó i gcás inar chuir an institiúid sin an oibleagáid chreidmheasa in áirithe i mbrainse i ndlínse dhifriúil agus nach bhfuil an neamhchosaint in airgeadra intíre na dlínse ina bhfeidhmíonn an brainse, ní bheidh an t-ualú riosca arna shannadh i gcomhréir le pointí (a), (b) nó (c), maidir le neamhchosaintí seachas iad sin a bhfuil aibíocht aon bhliain amháin nó níos lú acu a eascraíonn as ítimí teagmhasacha féinleachtaitheacha a bhaineann le trádáil a eascraíonn as gluaiseacht earraí thar theorainneacha náisiúnta, ní bheidh sé níos ísle ná ualú riosca atá ag neamhchosaint rialtas láir na tíre ina bhfuil an institiúid ionchorpraithe.
Tábla 1
|
Measúnú riosca creidmheasa |
Grád A |
Grád B |
Grád C |
|
Ualú riosca maidir le neamhchosaintí gearrthéarmacha |
20 % |
50 % |
150 % |
|
Ualú riosca |
40 % |
75 % |
150 % |
Airteagal 122
►C9 Neamhchosaintí ◄ ar chorparáidí
I gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ►C9 ualach riosca ◄ a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 6 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 1
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú riosca |
20 % |
50 % |
75 % |
100 % |
150 % |
150 % |
Airteagal 122a
Neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe
Laistigh den aicme neamhchosanta ar chorparáidí dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (g), déanfaidh institiúidí neamhchosaintí a bhfuil na tréithe uile seo a leanas acu a shainaithint ar leithligh mar neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe:
is neamhchosaint ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun sócmhainní fisiceacha a mhaoiniú nó a oibriú atá i gceist nó is neamhchosaint í atá inchomparáide go heacnamaíoch le neamhchosaint mar sin;
níl baint ag an neamhchosaint le maoiniú réadmhaoine cónaithe nó réadmhaoine dochorraithe tráchtála agus tá sí laistigh de na sainmhínithe ar mhaoiniú réada, ar mhaoiniú tionscadail nó ar neamhchosaintí ar mhaoiniú tráchtearraí a leagtar síos i mír 3;
tugann na socruithe conarthacha lena rialaítear an oibleagáid a bhaineann leis an neamhchosaint smacht áirithe don institiúid ar na sócmhainní agus ar an ioncam a ghintear leo;
is é príomhfhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide a bhaineann leis an neamhchosaint ná an t-ioncam a ghintear leis na sócmhainní atá á maoiniú, seachas an acmhainneacht neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne.
Neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe a bhfuil measúnú creidmheasa is infheidhme go díreach a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 1.
Tábla 1
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú riosca |
20 % |
50 % |
75 % |
100 % |
150 % |
150 % |
Neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe is infheidhme go díreach ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh mar a leanas:
i gcás inarb é is cuspóir do neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe maoiniú a sholáthar chun sócmhainní fisiceacha a fháil, lena n-áirítear longa, aerárthaí, satailítí, cairr iarnróid agus cabhlaigh, agus ina mbeidh an t-ioncam a ghinfear leis na sócmhainní sin i bhfoirm sreabha airgid arna nginiúint ag na sócmhainní fisiceacha sonracha atá maoinithe agus geallta nó sannta don iasachtóir (“neamhchosaintí um maoiniú réada”), cuirfidh na hinstitiúidí ualú riosca 100 % i bhfeidhm;
i gcás inarb é is cuspóir do neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe maoiniú gearrthéarmach a sholáthar le haghaidh cúlchistí, fardal nó infháltais i leith tráchtearraí arna dtrádáil ar an stocmhalartán, lena n-áirítear amhola, miotail nó barra, agus inarb é an t-ioncam atá le giniúint leis na cúlchistí, fardail nó infháltais sin na fáltais ón tráchtearra a dhíol (“neamhchosaintí um maoiniú tráchtearraí”), cuirfidh na hinstitiúidí ualú riosca 100 % i bhfeidhm;
i gcás inarb é is cuspóir do neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe tionscadal aonair a mhaoiniú, bíodh sé i bhfoirm maoiniú chun suiteáil chaipitil nua a thógáil, nó suiteáil atá ann cheana a athmhaoiniú, le feabhsuithe nó gan feabhsuithe, chun suiteálacha móra, casta agus costasacha a fhorbairt nó a fháil, lena n-áirítear gléasraí cumhachta, gléasraí próiseála ceimiceán, mianaigh, bonneagar iompair, timpeallacht agus bonneagar teileachumarsáide, ina bhféachann an institiúid iasachtaí go príomha ar an ioncam a ghinfidh an tionscadal maoinithe, bíodh sé mar fhoinse aisíocaíochta agus mar urrús don iasacht (“neamhchosaintí um maoiniú tionscadail”), cuirfidh na hinstitiúidí na hualuithe riosca seo a leanas i bhfeidhm:
130 % i gcás ina bhfuil an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sa chéim réamhoibriúcháin;
ar choinníoll nach gcuirtear i bhfeidhm an coigeartú ar cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 501a, 80 % i gcás ina bhfuil an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sa chéim oibriúcháin agus ina gcomhlíonann an neamhchosaint gach ceann de na critéir seo a leanas:
tá srianta conarthacha le cumas an oibleagáideora gníomhaíochtaí a dhéanamh lena bhféadfaí dochar a dhéanamh d’iasachtóirí, lena n-áirítear an srian nach féidir fiacha nua a eisiúint gan cead ó sholáthraithe féich atá ann cheana;
tá cúlchistí leordhóthanacha ag an oibleagáideoir atá cistithe go hiomlán le hairgead tirim, nó socruithe airgeadais eile le heintiteas, chun an cistiú teagmhasach agus na riachtanais caipitil oibre a chumhdach le linn shaolré an tionscadail atá á mhaoiniú, ar choinníoll go sannann IMCS aitheanta rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad don eintiteas nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir le Caibidil 3, i gcás nach bhfuil measúnú creidmheasa ag an eintiteas ó IMCS aitheanta, sannann an institiúid rátáil chreidmheasa inmheánach don eintiteas sin atá coibhéiseach le céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad, ar choinníoll go ndéanann an institiúid rátáil inmheánach ar an eintiteas sin i gcomhréir le forálacha Chaibidil 3, Roinn 6;
gineann an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sreabha airgid atá intuartha agus lena gcumhdaítear na haisíocaíochtaí iasachta uile a bheidh ann amach anseo;
i gcás nach gcistítear ioncam an oibleagáideora le híocaíochtaí ó líon mór úsáideoirí, braitheann foinse aisíocaíochta na hoibleagáide ar phríomh-chontrapháirtí amháin agus is ceann díobh seo a leanas an príomh-chontrapháirtí sin:
foráiltear leis na forálacha conarthacha lena rialaítear an neamhchosaint ar an oibleagáideoir maidir le leibhéal ard cosanta don institiúid iasachtaí i gcás ina mainníonn an t-oibleagáideoir;
déanann an príomh-chontrapháirtí, nó na contrapháirtithe eile a chomhlíonann na critéir incháilitheachta ar an gcaoi chéanna maidir leis an bpríomh-chontrapháirtí, an institiúid iasachtaí a chosaint go héifeachtach ar chaillteanais a bheadh mar thoradh ar fhoirceannadh an tionscadail;
tá na sócmhainní agus na conarthaí uile is gá chun an tionscadal a fheidhmiú geallta don institiúid iasachtaí a mhéid is a cheadaítear de réir an dlí is infheidhme;
is féidir leis an institiúid iasachtaí smacht a ghlacadh ar an eintiteas oibleagáideora i gcás teagmhas mainneachtana;
100 % i gcás ina bhfuil an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sa chéim oibriúcháin agus nach gcomhlíonann an neamhchosaint na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (ii);
chun críocha phointe (c)(ii)(3), ní mheasfar gurb intuartha na sreabha airgid a ghintear mura gcomhlíonann cuid shubstaintiúil de na hioncaim ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
tá an t-ioncam “bunaithe ar infhaighteacht”, rud a chiallaíonn go bhfuil an t-oibleagáideoir, a luaithe a bheidh an tógáil curtha i gcrích agus a fhad agus a chomhlíontar na coinníollacha conarthacha, i dteideal íocaíochtaí óna chontrapháirtithe conarthacha a chumhdaíonn costais oibriúcháin agus chothabhála, costais fiachsheirbhíse agus tuairisceáin chothromais de réir mar a oibríonn an t-oibleagáideoir an tionscadal, agus nach mbíonn na híocaíochtaí sin faoi réir luascadh éilimh, mar shampla, leibhéil tráchta, agus nach ndéantar iad a choigeartú de ghnáth ach d’easpa feidhmíochta nó d’easpa infhaighteachta na sócmhainne don phobal;
tá na hioncaim faoi réir rialáil ráta fáltais;
tá na hioncaim faoi réir conradh lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta;
chun críocha phointe (c), ciallóidh an chéim oibriúcháin an chéim ina gcomhlíonann an t-eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun an tionscadal a mhaoiniú, nó atá inchomparáide ó thaobh eacnamaíochta de, an dá choinníoll seo a leanas:
tá glan-sreabhadh airgid thirim dearfach ag an eintiteas, atá leordhóthanach chun aon oibleagáid chonarthach atá fágtha a chumhdach;
tá fiachas fadtéarmach atá ag dul i laghad ag an eintiteas.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 123
Neamhchosaintí miondíola
Measfar gur neamhchosaintí miondíola iad neamhchosaintí a chomhlíonann gach ceann de na critéir seo a leanas:
baineann an neamhchosaint le duine nádúrtha amháin nó níos mó nó le FBM;
ní mó ná EUR 1 mhilliún an méid iomlán a bheidh dlite don institiúid, dá máthairghnóthais agus dá fochuideachtaí, ón oibleagáideoir nó ón ngrúpa cliant nasctha, lena n-áirítear aon neamhchosaint ar mainneachtain ach gan neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe suas go dtí an luach réadmhaoine san áireamh, a mhéid is feasach don institiúid, a dhéanfaidh bearta réasúnta chun an cás a dheimhniú;
is é atá sa neamhchosaint ceann amháin de líon suntasach neamhchosaintí a mbeidh tréithe comhchosúla acu, sa mhéid is go laghdaítear go mór na rioscaí a bhaineann leis na neamhchosaintí sin;
láimhseálann an institiúid lena mbaineann an neamhchosaint ina creat bainistíochta riosca agus bainistíonn sí an neamhchosaint go hinmheánach mar neamhchosaint mhiondíola go comhleanúnach thar am agus ar bhealach a bheidh cosúil leis an láimhseáil a dhéanfaidh an institiúid ar neamhchosaintí eile miondíola.
Beidh luach reatha na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol incháilithe don aicme neamhchosanta miondíola.
Ní bheidh ►C9 neamhchosaintí ◄ nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) go (c) den chéad fhomhír incháilithe mar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol.
Faoin 10 Iúil 2025, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun modhanna comhréireacha éagsúlaithe a shonrú faoina measfar neamhchosaint mar cheann de líon suntasach neamhchosaintí comhchosúla mar a shonraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo.
Ní mheasfar gur neamhchosaintí miondíola na neamhchosaintí seo a leanas:
neamhchosaintí neamhfhiachais a chuireann fo-éileamh iarmharach in iúl ar shócmhainní nó ioncam an eisitheora;
neamhchosaintí fiachais agus urrús eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh, nó uirlisí eile, a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na neamhchosaintí atá sonraithe i bpointe (a);
gach neamhchosaint eile i bhfoirm urrús.
De mhaolú ar mhír 3, neamhchosaintí i ngeall ar iasachtaí arna ndeonú ag institiúid do phinsinéirí nó d’fhostaithe a bhfuil conradh buan acu in aghaidh aistriú neamhchoinníollach cuid de phinsean nó de thuarastal an iasachtaí chuig an institiúid sin, sannfar ualú riosca 35 % dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
chun an iasacht a aisíoc, údaraíonn an t-iasachtaí go neamhchoinníollach don chiste pinsin nó don fhostóir íocaíochtaí díreacha a dhéanamh leis an institiúid trí na híocaíochtaí míosúla ar an iasacht a asbhaint as pinsean nó tuarastal míosúil an iasachtaí;
clúdaítear go cuí na rioscaí báis, éagumais chun oibre, dífhostaíochta nó laghdaithe ar phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí le polasaí árachais chun tairbhe na hinstitiúide;
ní mó ná 20 % de phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí na híocaíochtaí míosúla atá le déanamh ag an iasachtaí ar na hiasachtaí uile a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b);
tá uastréimhse aibíochta bunaidh na hiasachta cothrom le 10 mbliana nó níos giorra ná sin.
Airteagal 123a
Neamhchosaintí lena mbaineann neamhréir airgeadra
I gcás neamhchosaintí ar dhaoine nádúrtha a shanntar don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (h), nó i gcás neamhchosaintí ar dhaoine nádúrtha a cháilíonn mar neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe a shanntar don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (i), iolrófar an t-ualú riosca a shanntar i gcomhréir leis an gCaibidil seo faoi fhachtóir 1,5 , trí nach mbeidh an t-ualú riosca a bheidh mar thoradh air níos airde ná 150 %, sa chás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
ainmnítear an neamhchosaint in airgeadra atá difriúil le hairgeadra fhoinse ioncaim an oibleagáideora;
níl fálú ag an oibleagáideoir le haghaidh an riosca íocaíochta mar gheall ar neamhréir airgeadra, de bharr ionstraim airgeadais nó ioncam airgeadra eachtrach atá i gcomhréir le hairgeadra na neamhchosanta, nó cumhdaíonn foriomlán na bhfáluithe sin atá ar fáil don iasachtaí ní lú ná 90 % do gach tráthchuid don neamhchosaint seo.
I gcás nach bhfuil institiúid in ann na neamhchosaintí ar leith sin ag a bhfuil neamhréir airgeadra a phiocadh amach, beidh feidhm ag an iolraitheoir ualaithe riosca de 1,5 maidir le gach neamhchosaint neamhfhálaithe i gcás ina bhfuil airgeadra na neamhchosanta difriúil le hairgeadra intíre thír chónaithe an oibleagáideora.
Airteagal 124
Neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe
Déanfar neamhchosaint neamh-ADC nach gcomhlíonann na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 3, nó aon chuid de neamhchosaint neamh-ADC a sháraíonn méid ainmniúil an liain ar an réadmhaoin, a láimhseáil mar seo a leanas:
déanfar neamhchosaint neamh-IPRE a ualú ó thaobh riosca mar neamhchosaint ar an gcontrapháirtí nach bhfuil urraithe leis an réadmhaoin dhochorraithe lena mbaineann;
sannfar ualú riosca 150 % do neamhchosaint IPRE.
Déanfar neamhchosaint neamh-ADC, suas go dtí méid ainmniúil an liain ar an réadmhaoin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, a láimhseáil mar seo a leanas:
i gcás ina bhfuil an neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin chónaithe,
láimhseálfar neamhchosaint neamh-IPRE i gcomhréir le hAirteagal 125(1):
láimhseálfar neamhchosaint IPRE i gcomhréir le hAirteagal 125(1) i gcás ina gcomhlíonann sí aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
is ionann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint agus príomháit chónaithe an oibleagáideora, i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe ina hiomláine agus aonad tithíochta aonair nó i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint agus aonad tithíochta atá ina chuid scoite laistigh den réadmhaoin dhochorraithe;
is do dhuine nádúrtha atá an neamhchosaint agus tá sí urraithe le haonad tithíochta cónaithe a ghineann ioncam, i gcás inarb ionann an réadmhaoin dhochorraithe ina hiomláine agus aonad tithíochta aonair nó i gcás ina bhfuil an t-aonad tithíochta ina chuid scoite laistigh den réadmhaoin dhochorraithe, agus nach bhfuil neamhchosaintí foriomlána na hinstitiúide don duine nádúrtha sin urraithe le breis agus ceithre réadmhaoin dhochorraithe, lena n-áirítear iad siúd nach réadmhaoine dochorraithe iad nó nach gcomhlíonann aon chritéar a leagtar amach sa phointe seo, nó aonaid tithíochta aonair laistigh de réadmhaoin dhochorraithe;
neamhchosaint ar chomhlachais nó ar chomharchumainn daoine nádúrtha atá rialáilte leis an dlí náisiúnta agus atá ann le haon chuspóir amháin chun úsáid as príomháit chónaithe sa mhaoin lena n-urraítear an iasacht a thabhairt dá gcomhaltaí;
neamhchosaint ar chuideachtaí tithíochta poiblí nó comhlachais neamhbhrabúis atá rialáilte ag an dlí agus atá ann chun freastal ar fheidhmeanna sóisialta agus chun tithíocht fhadtéarmach a chur ar fáil do thionóntaí;
láimhseálfar neamhchosaint IPRE nach gcomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (ii) den phointe seo, i gcomhréir le hAirteagal 125(2);
i gcás ina bhfuil an neamhchosaint urraithe le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála, déanfar í a láimhseáil mar a leanas:
láimhseálfar neamhchosaint neamh-IPRE i gcomhréir le hAirteagal 126(1);
láimhseálfar neamhchosaint IPRE i gcomhréir le hAirteagal 126(2).
Chun bheith incháilithe don láimhseáil dá dtagraítear i mír 2, comhlíonfaidh neamhchosaint atá urraithe le réadmhaoin dhochorraithe gach ceann de na coinníollacha a leanas:
comhlíonann an réadmhaoin dhochorraithe lena n-urraítear an neamhchosaint aon cheann de na coinníollacha a leanas:
cuireadh an réadmhaoin dhochorraithe i gcrích ina hiomláine;
is foraois nó talamh talmhaíochta í an réadmhaoin dhochorraithe;
is leis an duine nádúrtha atá an t-iasachtú agus is ionann an réadmhaoin dhochorraithe agus réadmhaoin chónaithe atá á tógáil nó talamh ar a bhfuil sé beartaithe réadmhaoin chónaithe a thógáil sa chás inar fhaomh go dlíthiúil gach údarás ábhartha an plean, de réir mar is infheidhme, agus sa chás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leanas:
níl níos mó ná ceithre aonad chónaithe sa réadmhaoin dhochorraithe agus príomháit chónaithe an oibleagáideora a bheidh ann agus ní bheidh iasachtú an duine nádúrtha ag maoiniú neamhchosaintí ADC go hindíreach;
tá rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil nó eintiteas earnála poiblí i gceist, a láimhseáiltear neamhchosaintí air i gcomhréir le hAirteagail 115(2) nó 116(4), faoi seach, agus tá na cumhachtaí dlíthiúla agus an cumas aige lena chinntiú go gcríochnófar réadmhaoin atá á tógáil faoi thráthchlár réasúnta agus a n-éilítear air, nó a thug gealltanas ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh dlí de, críochnú a áirithiú i gcás nach gcríochnófaí an tógáil laistigh de thráthchlár réasúnta den sórt sin murach sin; de rogha air sin, tá sásra dlíthiúil coibhéiseach i bhfeidhm chun a áirithiú go gcríochnófar an réadmhaoin atá á tógáil laistigh de thréimhse réasúnta ama;
tá an neamhchosaint urraithe le céad lian atá i seilbh na hinstitiúide ar an réadmhaoin dhochorraithe, nó tá an chéad lian agus aon lian eile ag a bhfuil rangú níos ísle ar an réadmhaoin sin i seilbh na hinstitiúide;
ní bhraitheann an luach réadmhaoine go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora;
déantar an fhaisnéis ar fad is gá ag tionscnamh na neamhchosanta agus chun críoch faireacháin a dhoiciméadú go cuí, lena n-áirítear faisnéis maidir le cumas an oibleagáideora aisíocaíocht a dhéanamh agus faisnéis maidir le luach na réadmhaoine;
comhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 208 agus comhlíontar na rialacha luachála a leagtar amach in Airteagal 229(1).
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás ina ndéanfaidh tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch difear don luach réadmhaoine agus d’fheidhmíocht an oibleagáideora araon.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), cuirfidh institiúidí beartais frithgheallta i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe a thionscnamh lena n-áirítear measúnú ar chumas an iasachtaí aisíocaíocht a dhéanamh. Áireofar sna beartais frithgheallta na méadrachtaí ábhartha don mheasúnú sin agus a n-uasleibhéil faoi seach.
Chun críocha na chéad fhomhíre, áiritheoidh na rialacha lena rialaítear na liain gach ní a leanas:
is féidir le gach institiúid ag a bhfuil lian ar réadmhaoin díol na réadmhaoine a thionscnamh go neamhspleách ar eintitis eile ag a bhfuil lian ar an réadmhaoin;
sa chás nach ndíoltar an réadmhaoin trí bhíthin ceant poiblí, déanfaidh eintitis ag a bhfuil lian sinsearach bearta réasúnta chun margadhluach cóir a fháil nó an praghas is fearr is féidir a fháil sna himthosca agus aon chumhacht díola á feidhmiú acu.
Chun críocha Airteagal 125(2) agus Airteagal 126(2), ríomhfar an cóimheas idir neamhchosaint agus luach trí bhíthin an t-ollmhéid neamhchosanta a roinnt faoin luach réadmhaoine faoi réir na gcoinníollacha a leanas:
ríomhfar an t-ollmhéid neamhchosanta mar luach cuntasaíochta na hítime sócmhainne a bhaineann leis an neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe agus aon mhéid neamhtharraingthe, ach atá geallta, a mhéadóidh luach neamhchosanta na neamhchosanta arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe nuair a tharraingeofar é; ríomhfar an t-ollmhéid neamhchosanta sin gan an méid seo a leanas a chur san áireamh:
coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110;
coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 maidir le gnó leabhair neamhthrádála na hinstitiúide;
méideanna arna asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m); agus
laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an ítim shócmhainne;
ríomhfar an t-ollmhéid neamhchosanta gan aon chineál cosanta creidmheasa cistithe nó neamhchistithe a chur san áireamh, ach amháin le haghaidh cuntais taisce gheallta atá ag an institiúid iasachtaí a chomhlíonann gach ceanglas i gcás glanluachála laistigh den chlár comhardaithe, faoi na máistir-chomhaontuithe glanluachála i gcomhréir le hAirteagail 196 agus 206 nó faoi chomhaontuithe glanluachála eile laistigh den chlár chomhardaithe i gcomhréir le hAirteagail 195 agus 205 agus atá geallta go neamh-choinníollach agus go neamh-inchúlghairthe chun an oibleagáid chreidmheasa a bhaineann leis an neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin dhochorraithe a chomhlíonadh agus chun na críche sin amháin;
i gcás neamhchosaintí nach mór a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 125(2) nó Airteagal 126(2) i gcás ina bhfuil lian sinsearach i seilbh páirtí seachas an institiúid agus ina bhfuil lian sóisearach i seilbh na hinstitiúide atá aitheanta faoi mhír 4 den Airteagal seo, ríomhfar ollmhéid neamhchosanta mar shuim ollmhéid neamhchosanta an liain atá i seilbh na hinstitiúide agus ollmhéideanna neamhchosanta do gach lian eile ag a bhfuil sinsearacht rangaithe atá cothrom leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, nó atá níos airde ná é.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), i gcás ina bhfuil níos mó ná neamhchosaint amháin urraithe leis an réadmhaoin dhochorraithe chéanna ag institiúid agus i gcás ina bhfuil na neamhchosaintí sin urraithe le liain ar an réadmhaoin dhochorraithe sin atá seicheamhach ó thaobh ordú rangaithe gan lian i seilbh tríú páirtí rangaithe eatarthu, déanfar na neamhchosaintí a láimhseáil mar chomh-neamhchosaint amháin agus suimeálfar na hollmhéideanna neamhchosanta le haghaidh na neamhchosaintí aonair chun an t-ollmhéid neamhchosanta a ríomh don chomh-neamhchosaint amháin.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), i gcás ina bhfuil easpa faisnéise chun gur féidir rangú na lian eile a fhionnadh, déanfaidh an institiúid rangú na lian sin a láimhseáil pari passu leis an lian sóisearach atá i seilbh na hinstitiúide. Déanfaidh an institiúid an t-ualú riosca a chinneadh ar dtús i gcomhréir le hAirteagal 125(2) nó Airteagal 126(2) (“an bun-ualú riosca”), de réir mar is infheidhme. Coigeartóidh sé an t-ualú riosca ansin faoi iolraitheoir 1,25 , chun méideanna na lian sóisearach a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh. I gcás ina bhfuil an bun-ualú riosca i gcomhréir leis an mbuicéad neamhchosanta agus luacha is ísle, ní chuirfear an t-iolraitheoir i bhfeidhm. Déanfar an t-ualú riosca atá ann mar thoradh ar an mbun-ualú riosca a iolrú faoi 1,25 a uasteorannú ag an ualú riosca a chuirfí i bhfeidhm ar an neamhchosaint mura gcomhlíonfaí na ceanglais i mír 3.
I gcás inarb é an t-údarás inniúil an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás inniúil sin a áirithiú go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí sa mheasúnú ar ábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 9.
I gcás nach é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú ceart faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar na húdaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh an t-údarás ainmnithe na dualgais a fhorchuirtear air, de bhun an Airteagail seo, ar bhealach leordhóthanach. Beidh sé d’aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochtaí dúbailteacha nó neamh-chomhsheasmhacha idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.
Bunaithe ar an bhfaisnéis arna bailiú faoi Airteagal 430a agus ar aon táscaire ábhartha eile, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo a mheas go tréimhsiúil, agus ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na hualuithe riosca a leagtar síos in Airteagail 125 agus 126 do neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe atá suite ar chríoch Bhallstát an údaráis sin atá bunaithe go hiomchuí ar an méid a leanas:
caillteanas taithí na neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe;
forbairtí réamhbhreathnaitheacha sa mhargadh réadmhaoine dochorraithe.
I gcás ina mbeidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo den tuairim, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach léireofar go leordhóthanach sna hualuithe riosca a leagtar amach in Airteagal 125 nó 126 na rioscaí iarbhír a bhaineann le neamhchosaintí maidir le deighleog amháin réadmhaoine nó maidir le níos mó deighleog réadmhaoine arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe nó ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá lonnaithe i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstát an údaráis sin, agus má mheasann sé go bhféadfadh neamhdhóthanacht na n-ualuithe riosca difear díobhálach a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé na hualuithe riosca is infheidhme ar na neamhchosaintí sin a mhéadú laistigh de na raonta a shocraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo nó féadfaidh sé critéir a fhorchur atá níos déine ná na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal sin.
Tabharfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo fógra do ÚBE agus do BERS faoi aon choigeartú ar na hualuithe riosca agus ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm de bhun na míre seo. Laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fógra sin a fháil, tabharfaidh ÚBE agus BERS a dtuairim don Bhallstát lena mbaineann agus féadfaidh siad a lua sa tuairim sin, i gcás inar gá, cé acu an measann siad nó nach measann siad go moltar na coigeartuithe ar ualuithe riosca agus ar chritéir do Bhallstáit eile freisin. Foilseoidh ÚBE agus BERS na hualuithe riosca agus na critéir le haghaidh neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagail 125 agus 126 agus in Airteagal 199(1), pointe (a), arna gcur chun feidhme ag an údarás ábhartha.
Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás a ainmnítear i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo na hualuithe riosca a leagtar síos in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, in Airteagal 125(2), an chéad fhomhír, in Airteagal 126(1), an chéad fhomhír, nó in Airteagal 126(2), an chéad fhomhír, a mhéadú, nó féadfaidh sé critéir níos déine a fhorchur ná iad siúd a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo i gcás neamhchosaintí ar dheighleog réadmhaoine amháin nó níos mó arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstáit an údaráis sin. Ní mhéadóidh an t-údarás sin na hualuithe riosca sin go breis agus 150 %.
Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo na céatadáin den luach réadmhaoine dá dtagraítear in Airteagal 125(1) nó in Airteagal 126(1), nó na céatadáin neamhchosanta agus luacha a shainíonn an buicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha a leagtar amach in Airteagal 125(2), Tábla 1, nó in Airteagal 126(2), Tábla 1, a laghdú freisin. Áiritheoidh an t-údarás ábhartha comhsheasmhacht thar gach buicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha, ionas gurb ísle i gcónaí an t-ualú riosca a bhaineann le buicéad ualaithe riosca neamhchosanta nó luacha níos ísle ná an t-ualú riosca a bhaineann le buicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha níos airde, nó gurb ionann iad.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Féadfaidh BERS, trí bhíthin moltaí, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo maidir leis an dá ní seo a leanas:
na tosca a d’fhéadfadh “difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo” dá dtagraítear i mír 9, an dara fomhír;
tagarmharcanna táscacha atá le cur san áireamh ag an údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 agus ualuithe riosca níos airde á socrú.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 125
Neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe
I gcás ina bhfuil lian sóisearach i seilbh institiúide agus ina bhfuil liain níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide sin, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 20 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine a laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide.
I gcás ina bhfuil liain nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 20 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid aon lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide, a laghdú de thoradh an mhéid seo a leanas:
55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid lian níos sinsearaí, más ann dóibh, atá i seilbh na hinstitiúide agus i seilbh institiúidí eile araon; agus
méid na lian nach bhfuil i seilbh an fhorais atá ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide arna roinnt ar shuim na lian pari passu uile.
I gcás, i gcomhréir le hAirteagal 124(9), inar shocraigh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe ualú riosca níos airde nó céatadán níos ísle den luach réadmhaoine ná na cinn siúd dá dtagraítear sa mhír seo, úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca nó céatadán a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 124(9).
Déanfar an chuid atá fágtha den neamhchosaint dá dtagraítear sa chéad fhomhír, más ann dó, a ualú ó thaobh riosca de mar neamhchosaint ar chontrapháirtí nach bhfuil urraithe le réadmhaoin chónaithe.
Chun críocha na míre seo, i gcomhréir le hAirteagal 124(9), i gcás inar shocraigh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe ualú riosca níos airde nó céatadán neamhchosanta agus luacha atá níos ísle ná na cinn siúd dá dtagraítear sa mhír seo, úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca nó céatadán a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 124(9).
Tábla 1
|
ETV |
ETV ≤ 50 % |
50 % < ETV ≤ 60 % |
60 % < ETV ≤ 80 % |
80 % < ETV ≤ 90 % |
90 % < ETV≤ 100 % |
ETV > 100 % |
|
Ualú riosca |
30 % |
35 % |
45 % |
60 % |
75 % |
105 % |
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh institiúidí an láimhseáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Bhallstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 430a(3) rátaí caillteanais do na neamhchosaintí sin nach mó iad, bunaithe ar na sonraí comhiomlánaithe arna dtuairisciú ag na hinstitiúidí sa Bhallstát sin le haghaidh an mhargaidh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta sin, ná aon cheann de na teorainneacha seo a leanas le haghaidh caillteanais chomhiomlána thar na hinstitiúidí uile agus na neamhchosaintí sin a bhí ann an bhliain roimhe:
ní mó ná 0,3 % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (a), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (c);
ní mó ná 0,5 % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (b), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (c).
I gcás nach bhfoilseoidh údarás inniúil tríú tír rátaí caillteanais comhfhreagracha le haghaidh neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe atá suite laistigh de chríoch an tríú tír sin, féadfaidh ÚBE an fhaisnéis sin a fhoilsiú don tríú tír sin, ar choinníoll go bhfuil sonraí staidrimh bailí, atá ionadaíoch ó thaobh staidrimh de ar an margadh comhfhreagrach réadmhaoine cónaithe, ar fáil.
Airteagal 126
Neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála
I gcás ina bhfuil lian sóisearach i seilbh institiúide agus ina bhfuil liain níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide sin, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 60 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine a laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide.
I gcás ina bhfuil lian nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 60 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid aon lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide, a laghdú de thoradh an mhéid seo a leanas:
55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid lian níos sinsearaí, más ann dóibh, atá i seilbh na hinstitiúide agus i seilbh institiúidí eile araon; agus
méid na lian nach bhfuil i seilbh an fhorais atá ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide arna roinnt ar shuim na lian pari passu uile.
I gcás, i gcomhréir le hAirteagal 124(9), inar shocraigh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe ualú riosca níos airde nó céatadán níos ísle den luach réadmhaoine ná na cinn siúd dá dtagraítear sa mhír seo, úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca nó céatadán a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 124(9).
Déanfar an chuid atá fágtha den neamhchosaint dá dtagraítear sa chéad fhomhír, más ann dó, a ualú ó thaobh riosca de mar neamhchosaint ar an gcontrapháirtí nach bhfuil urraithe le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála.
Chun críocha na míre seo, i gcomhréir le hAirteagal 124(9), i gcás inar shocraigh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe ualú riosca níos airde nó céatadán neamhchosanta agus luacha atá níos ísle ná na cinn siúd dá dtagraítear sa mhír seo, úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca nó céatadán a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 124(9).
Tábla 1
|
|
ETV ≤ 60 % |
60 % < ETV ≤ 80 % |
ETV > 80 % |
|
Ualú riosca |
70 % |
90 % |
110 % |
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh institiúidí an láimhseáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá lonnaithe laistigh de chríoch Bhallstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 430a(3), rátaí caillteanais na neamhchosaintí sin nach mó iad, bunaithe ar na sonraí comhiomlánaithe arna dtuairisciú ag na hinstitiúidí sa Bhallstát sin le haghaidh an mhargaidh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta sin, ná aon cheann de na teorainneacha seo a leanas le haghaidh caillteanais chomhiomlána thar na hinstitiúidí uile agus na neamhchosaintí sin a bhí ann an bhliain roimhe:
ní mó ná 0,3 % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (d), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (f);
ní mó ná 0,5 % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (e), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (f).
I gcás nach bhfoilseoidh údarás inniúil tríú tír rátaí caillteanais comhfhreagracha le haghaidh neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá suite laistigh den tríú tír sin, féadfaidh ÚBE an fhaisnéis sin a fhoilsiú don tríú tír sin, ar choinníoll go bhfuil sonraí staidrimh bailí, atá ionadaíoch ó thaobh staidrimh de ar mhargadh comhfhreagrach na réadmhaoine dochorraithe tráchtála, ar fáil.
Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus aird chuí á tabhairt aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2028.
Airteagal 126a
Neamhchosaintí maidir le héadáil talún, forbairt agus tógáil
D’fhéadfaí ualú riosca 100 % a shannadh do neamhchosaintí ADC ar réadmhaoin chónaithe, ar choinníoll go gcuireann an institiúid chun feidhme na caighdeáin iontaofa tionscanta agus faireacháin a chomhlíonann ceanglais a leagtar síos in Airteagail 74 agus 79 de Threoir 2013/36/AE agus i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha a leanas:
is cuid shuntasach d’fhoriomlán na gconarthaí iad conarthaí réamhdhíola nó réamhléasaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí, a bhfuil taisce shubstaintiúil airgid thirim, atá faoi réir forghéilleadh má fhoirceanntar é, íoctha ag an gceannaitheoir nó ag an tionónta dó, nó i gcás ina ndéantar an maoiniú a áirithiú ar bhealach coibhéiseach, nó conarthaí díolacháin nó léasa atá ceangailteach ó thaobh dlí, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar an íocaíocht i dtráthchodanna de réir mar a théann na hoibreacha foirgníochta chun cinn;
tá cothromas substaintiúil faoi riosca ag an oibleagáideoir, cothromas a léirítear mar mhéid iomchuí de chothromas atá curtha ag an oibleagáideoir le luach na réadmhaoine cónaithe tar éis í a chur i gcrích.
Airteagal 127
►C9 Neamhchosaint ◄ ar mhainneachtain
I gcás na coda neamhurraithe d'aon ítim ar ina leith a mhainnigh an t-oibleagáideoir i gcomhréir le hAirteagal 178, nó i gcás risíochtaí ar mhiondíol, sannfar ualú priacail atá cothrom leis na nithe seo a leanas don chuid neamhurraithe d'aon saoráid chreidmheasa a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178:
150 %, i gcás ina mbeadh suim na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) níos lú ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta dá mba rud é nár cuireadh na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na hasbhaintí sin i bhfeidhm;
100 %, i gcás nach mbeadh suim na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) níos lú ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta dá mba rud é nár cuireadh na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na hasbhaintí sin i bhfeidhm.
Chun na coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ríomh maidir le neamhchosaint a ceannaíodh agus í ar mainneachtain cheana, áireoidh institiúidí sa ríomh aon difríocht dhearfach idir an méid atá dlite ón oibleagáideoir ar an neamhchosaint sin agus suim an laghdaithe breise cistí dílse dá ndíscríobhfaí an neamhchosaint sin ina hiomláine agus aon laghduithe ar chistí dílse atá ann cheana a bhaineann leis an neamhchosaint sin.
▼M17 —————
Airteagal 128
Neamhchosaintí ar fhiachas fo-ordaithe
Déanfar na neamhchosaintí seo a leanas a láimhseáil mar neamhchosaintí ar fhiachas fo-ordaithe:
neamhchosaintí ar fhiachas atá fo-ordaithe d’éilimh gnáthchreidiúnaithe neamhurraithe;
ionstraimí cistí dílse a mhéid nach meastar gur neamhchosaintí ar chothromas i gcomhréir le hAirteagal 133(1) iad na hionstraimí sin; agus
neamhchosaintí a thagann as ionstraimí dliteanas incháilithe a shealbhaíonn an institiúid lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b.
Airteagal 129
►C9 Neamhchosaintí ◄ i bhfoirm bannaí faoi chumhdach
►M10 Chun bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, leis na bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ( 32 ) comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3, 3a agus 3b den Airteagal sin agus déanfar iad a chomhthaobhú le haon cheann de na sócmhainní incháilithe seo a leanas: ◄
►C9 neamhchosaintí ◄ ar nó ráthaithe ag rialtais láir, bainc cheannais CEBC, eintitis san earnáil phoiblí, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla san Aontas;
►C9 neamhchosaintí ◄ ar nó ráthaithe ag rialtais láir tríú tíortha, bainc cheannais tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus ►C9 neamhchosaintí ◄ ar nó ráthaithe ag eintitits na hearnála poiblí tríú tíortha, rialtais réigiúnacha tríú tíortha nó údaráis áitiúla tríú tíortha atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ mar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar institiúidí nó ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais i gcomhréir le hAirteagal 115(1) nó (2), nó le hAirteagal 116(1), (2) nó (4) faoi seach agus a cháilíonn don bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus ►C9 neamhchosaintí ◄ i gcomhthéacs an phointe seo a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, ar an gcoinníoll nach mó iad ná 20 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag institiúidí eisiúna;
risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa nó do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, nó risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa i gcás ina bhfuil na risíochtaí sin sna foirmeacha seo a leanas:
taiscí gearrthéarma lena ngabhann aibíocht bhunaidh nach mó ná 100 lá, i gcás ina n‐úsáidtear na taiscí sin chun an ceanglas um maolán leachtachta le haghaidh comhthiomsú cumhdaigh in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 a chomhlíonadh; nó
conarthaí díorthacha a chomhlíonann ceanglais Airteagal 11(1) den Treoir sin, i gcás ina bhfuil sin ceadaithe ag na húdaráis inniúla;
iasachtaí a urraítear le maoin chónaithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall;
iasachtaí cónaithe arna n-urrú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a cháilíonn le haghaidh céim 2 den cháilíocht chreidmheasa nó os a chionn, mar a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gcás nach mbeidh an chuid de gach ceann de na hiasachtaí a úsáidtear chun an gceanglas a leagtar amach sa mhír seo maidir le hurrús comhthaobhach an bhanna faoi chumhdach a chomhlíonadh níos mó ná 80 % de luach na maoine cónaithe comhfhreagraí a bheidh lonnaithe sa Fhrainc, agus i gcás ina n-urramaítear cóimheas iasacht/ioncaim 33 % ar a mhéid i gcás ina gceadaítear iasacht. Ní bheidh níos mó lian morgáiste ar an maoin chónaithe nuair a cheadófar an iasacht, agus i gcás na n-iasachtaí a cheadófar ón 1 Eanáir 2014, beidh an t-iasachtaí faoi cheangal conarthach gan liain mar sin a cheadú gan toiliú ón institiúid chreidmheasa a cheadaíonn an iasacht. Seasann an cóimheas iasachta/ioncaim do sciar d'ollioncam an iasachtaí lena gcumhdaítear aisíoc na hiasachta, ús san áireamh. Is institiúid airgeadais a bheidh údaraithe ag na húdaráis inniúla agus a ndéanfaidh na húdaráis maoirseacht orthu a bheidh i soláthraí na cosanta agus beidh sí faoi réir ceanglas stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta institiúide nó gnóthais árachais. Bunóidh sé comhchiste ráthaíochta nó cosaint choibhéiseach do ghnóthais árachais chun caillteanais ►C9 riosca ◄ creidmheas a sheasamh, agus déanfaidh na húdaráis inniúla an calabrú a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil. ►C2 Déanfaidh an institiúid chreidmheasa agus soláthraí na cosanta araon measúnú ar acmhainneacht creidmheasa ar an iasachtaí; ◄
iasachtaí a urraítear le maoin tráchtála dhochorraithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall. Tá iasachtaí arna n‐urrú le maoin tráchtála dhochorraithe incháilithe i gcás ina ndéantar cóimheas iasachta/luacha 60 % a shárú suas go dtí uasleibhéal 70 % más mó ná 10 % ar a laghad an sárú a dhéanann luach na sócmhainní iomlána atá curtha i ngeall mar chomhthaobhacht do na bannaí faoi chumhdach ar an méid ainmniúil gan íoc ar an mbanna faoi chumhdach, agus ina gcomhlíonann éileamh na sealbhóirí bannaí na ceanglais maidir le deimhneacht dhlíthiúil atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh tús áite ag éileamh na sealbhóirí bannaí thar gach éileamh eile a dhéanfar ar an gcomhthaobhacht;
iasachtaí a urraítear le liain mhuirí ar longa suas go dtí an difríocht idir 60 % de luach na longa atá curtha i ngeall agus luach aon lian muirí a bhí ann roimhe sin.
Chun críocha mhír 1a, maidir le risíochtaí a tharla de dhroim tharchur agus bhainistiú íocaíochtaí na n‐oibleagáideoirí i leith iasachtaí arna n‐urrú le maoin gheallta de chuid na n‐urrús fiachais nó de dhroim tharchur agus bhainistiú na bhfáltas leachtachta i dtaca le hiasachtaí den sórt sin, ní chuirfear san áireamh iad i ríomh na dteorainneacha dá dtagraítear sa mhír sin.
▼M10 —————
Gan dochar don chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo, go dtí an 1 Iúil 2027, déanfar neamhchosaintí indíreacha ar institiúidí creidmheasa gan rátáil sheachtrach lena ráthaítear iasachtaí morgáiste go dtí a gclárú chun críocha an phointe sin a láimhseáil mar neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, ar choinníoll gur neamhchosaintí gearrthéarmacha iad a shanntar do ghrád A faoi Airteagal 121 agus go mbeidh na hiasachtaí morgáiste ráthaithe, a luaithe a chlárófar iad, incháilithe don láimhseáil fhabhrach de bhun na chéad fhomhíre, pointí (d), (e) agus (f), den mhír seo.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh an risíocht thar 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna;
i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh an risíocht thar 10 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna;
i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa a bheidh i bhfoirm taiscí gearrthéarma, dá dtagraítear i bpointe (c)(i) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, nó i bhfoirm conarthaí díorthacha, dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ní rachaidh an risíocht iomlán thar 8 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna; maidir leis na húdaráis inniúla arna n‐ainmniú de bhun Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2019/2019/2162, féadfaidh siad, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, risíochtaí a cheadú ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa i bhfoirm conarthaí díorthach, ar choinníoll gur féidir doiciméadú a dhéanamh ar fhadhbanna suntasacha comhchruinnithe a d'fhéadfadh teacht chun cinn sna Ballstáit lena mbaineann mar thoradh ar na ceanglais i leith chéim 1 agus 2 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear sa mhír seo a chur i bhfeidhm;
maidir leis an risíocht iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh sí thar 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna agus maidir leis an risíocht iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh sí thar 10 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna.
Chun réadmhaoin dhochorraithe a luacháil, féadfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2019/2162 a cheadú an réadmhaoin sin a luacháil ar an margadhluach nó luach níos ísle, nó sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste i bhforálacha reachtúla nó rialúcháin, ag luach iasachta morgáiste na réadmhaoine sin, gan na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 229(1), pointe (e) den Rialachán seo, a chur i bhfeidhm.
Sa bhreis ar na sócmhainní incháilithe a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhthaobhú, beidh bannaí faoi chumhdach faoi réir íosleibhéal ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh 5 % mar a shainmhínítear i bpointe (14) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162.
Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, beidh méid ainmniúil iomlán na sócmhainní cumhdaigh uile mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 3 den Treoir sin ar aon luach ar a laghad le méid ainmniúil iomlán na mbannaí faoi chumhdach gan íoc (“prionsabal ainmniúil”) agus sócmhainní incháilithe amhail mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a bheidh iontu.
Féadfaidh na Ballstáit íosleibhéal níos ísle ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh a shocrú maidir le bannaí faoi chumhdach nó féadfaidh siad údarú a thabhairt dá n‐údaráis inniúla leibhéal den sórt sin a shocrú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na forálacha seo a leanas:
tá ríomh an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh bunaithe ar chur chuige foirmiúil lena ndéantar priacal foluiteach na sócmhainní a chur san áireamh, sin nó tá luacháil na sócmhainní faoi réir an luacha iasachta morgáiste; agus
níl íosleibhéal an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh níos ísle ná 2 % bunaithe ar an bprionsabal ainmniúil dá dtagraítear in Airteagal 15(6) agus (7) de Threoir (AE) 2019/2019/2162.
Ní bheidh na sócmhainní a chuirtear san áireamh in íosleibhéal ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh faoi réir na dteorainneacha ar mhéid risíochta amhail mar a leagtar amach i mír 1a agus ní áireofar iad faoi chomhair na dteorainneacha sin.
I gcás bannaí faoi chumhdach a bhfuil measúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach agus a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 1 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 1
|
Céim na cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
Ualú riosca |
10 % |
20 % |
20 % |
50 % |
50 % |
100 % |
I gcás bannaí faoi chumhdach nach bhfuil measúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach agus a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh ar bhonn an ualaithe riosca a sannadh do neamhchosaintí neamhurraithe sinsearacha ar an institiúid a eisíonn iad. Beidh feidhm ag an gcomhfhreagras seo a leanas idir ualuithe riosca:
má dhéantar ualú riosca 20 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 10 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
má dhéantar ualú riosca 30 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 15 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
má dhéantar ualú riosca 40 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 20 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
má dhéantar ualú riosca 50 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 25 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
má dhéantar ualú riosca 75 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 35 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
má dhéantar ualú riosca 100 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 50 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;
má dhéantar ualú riosca 150 % a shannadh do na neamhchosaintí ar an institiúid, déanfar ualú riosca 100 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach.
Airteagal 130
Ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe
Déanfar méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ i dtaca le suímh urrúsaithe a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 5.
Airteagal 131
►C9 Neamhchosaintí ◄ ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu
I gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ►C9 ualach riosca ◄ a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 7 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.
Tábla 7
|
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
►C9 Ualach riosca ◄ |
20 % |
50 % |
100 % |
150 % |
150 % |
150 % |
Airteagal 132
Ceanglais cistí dílse do ►C12 neamhchosaintí ◄ atá i bhfoirm aonad nó scaireanna i GCanna
Faoi réir Airteagal 132b(2), na hinstitiúidí sin nach gcuirfidh cur chuige na trédhearcachta ná an cur chuige bunaithe ar shainordú i bhfeidhm, sannfaidh siad ualú ►C12 riosca ◄ 1 250 % (“cur chuige cúltaca”) ar na ►C12 neamhchosaint ◄ sin dá gcuid atá i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC.
Féadfaidh institiúidí méid ►C12 neamhchosaint ◄ a ►C12 riosca ◄ féin atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC a ríomh trí na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa mhír seo a chomhcheangal, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na cineálacha cur chuige sin a úsáid.
Féadfaidh institiúidí méid ►C12 neamhchosaintí ◄ ►C12 neamhchosaint ◄ GC atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ a chinneadh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
is ceann díobh seo a leanas an GC sin:
gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) atá faoi rialú ag Treoir 2009/65/CE;
ciste infheistíochta malartach (CIM) faoi bhainistiú bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha de chuid an Aontais Eorpaigh (BCIM AE) atá cláraithe faoi Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;
CIM faoi bhainistiú BCIM AE atá údaraithe faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE;
CIM faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá údaraithe faoi Airteagal 37 de Threoir 2011/61/AE;
CIM neamh-AE faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2011/61/AE;
CIM neamh-AE nach margaítear san Aontas faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá bunaithe i dtríú tír a chumhdaítear faoi ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 67(6) de Threoir 2011/61/AE;
áirítear an méid seo a leanas i réamheolaire an GC sin nó ina choibhéis de dhoiciméad:
na catagóirí sócmhainní a bhfuil údarú ag an GC sin infheistiú iontu;
na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;
tá nósanna tuairiscithe an GC nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
déanfaidh tríú páirtí neamhspleách faisnéis faoi na ►C12 neamhchosaint ◄ foluiteacha a fhíorú i gcás ina gcuirfidh an institiúid cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm.
De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh bainc forbartha iltaobhacha agus bainc forbartha déthaobhacha agus institiúidí eile a chomhinfheistíonn i GC le bainc forbartha iltaobhacha nó déthaobhacha méid ►C12 neamhchosaint ◄ ►C12 neamhchosaintí ◄ GC atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ a chinneadh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo agus de réir teorannacha i sainordú infheistíochta GC nach féidir leis an GC sin infheistiú a dhéanamh in aon chineál sócmhainní eile seachas sócmhainní a chuireann forbairt inbhuanaithe chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha.
Tabharfaidh institiúidí fógra dá n-údarás inniúil faoi na GCanna sin a gcuireann siad na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír i bhfeidhm orthu.
De mhaolú ar phointe (c)(i) den chéad fhomhír, i gcás ina gcinnfidh an institiúid méid ►C12 neamhchosainta ◄ ►C12 neamhchosaint ◄ GC atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ i gcomhréir leis an gcur chuige sainordú-bhunaithe, féadfar tuairisciú an GC sin nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid a theorannú do shainordú infheistíochta an GC sin agus d'aon athruithe ina leith agus ní fhéadfar an tuairisciú a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtabhóidh an institiúid an ►C12 neamhchosaint ◄ t don GC sin den chéad uair agus nuair a bheidh athrú ar shainordú infheistíochta an GC sin.
Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid ►C12 neamhchosainta ◄ ►C12 neamhchosaint ◄ GC atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC ar chuntar go ndéanfaidh an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanfaidh sí gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
maidir le GCanna nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, cuideachta bainistíochta an GC sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an chuideachta an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 3;
déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a(1), (2) nó (3) de réir mar is infheidhme;
deimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríomha a rinne an tríú páirtí.
Institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, déanfaidh siad an méid ►C12 neamhchosainta ◄ , ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ , de ►C12 neamhchosaint ◄ GC a thiocfaidh as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2.
De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí ag a bhfuil cur chuige na trédhearcachta á chur i bhfeidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 132a(1) an méid
►C12
neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh
►C12
riosca ◄ dá
►C12
neamhchosainti ◄ féin a ríomh i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí mhéid
►C12
neamhchosainta ◄ na
►C12
neamhchosainti ◄ sin a iolrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111, agus an t-ualú
►C12
riosca ◄ (
) arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in Airteagal 132c, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
déanfaidh na hinstitiúidí luach a n-aonad nó scaireanna i GC a thomhas ar chostas stairiúil ach déanfaidh siad luach sócmhainní foluiteacha an GC a thomhas ar luach cóir má chuireann siad cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm;
ní dhéanfaidh athrú i margadhluach na n-aonad nó na scaireanna ar a ndéanfaidh na hinstitiúidí an luach ar chostas stairiúil a thomhas aon difríocht do mhéid chistí dílse na n-institiúidí sin ná don luach ►C12 neamhchosainta ◄ a bhaineann leis na sealúchais sin.
Airteagal 132a
Cineálacha cur chuige chun na méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ , ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ , de GCanna a ríomh
Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh na hinstitiúidí na ríomhanna, á ghlacadh leis go dtabhóidh an GC sin ar dtús ►C12 neamhchosainti ◄ go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin reachtaíocht ábhartha sna ►C12 neamhchosainti ◄ a mbaineann an ceanglas cistí dílse is airde leo agus go leanfaidh siad de bheith ag tabhú ►C12 neamhchosainti ◄ in ord íslitheach go dtí go sroichfear an uasteorainn ►C12 neamhchosainta ◄ iomlán, agus go gcuirfidh an GC sin luamhánú i bhfeidhm go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin dlí ábhartha, i gcás inarb infheidhme.
Déanfaidh institiúidí na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gCaibidil 5 den Teideal seo, agus i Roinn 3, i Roinn 4 nó i Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus an ceanglas cistí dísle do dhíorthach ►C12 riosca ◄ ó choigeartú luachála creidmheasa á ríomh aici, féadfaidh institiúid ►C12 neamhchosaintí ◄ a eisiamh ón ríomh sin nach mbeadh faoi réir an cheanglais i gcás inar thabhaigh an institiúid go díreach iad.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 132b
Eisiaimh ó na cineálacha cur chuige chun na méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ , ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ , de chuid GCanna a ríomh
Airteagal 132c
►C12 Neamhchosaintí ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe ar GCanna a láimhseáil
Ríomhfaidh institiúidí méid na ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ maidir lena n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ag a bhfuil an fhéidearthacht ►C12 neamhchosainti ◄ a chomhshó i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí luachanna ►C12 neamhchosainta ◄ na ►C12 neamhchosainti ◄ sin a iolrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111, ag a bhfuil an t-ualú ►C12 riosca ◄ seo a leanas:
►C7 do gach ►C12 neamhchosaint ◄ a mbaineann na hinstitiúidí úsáid as ceann de na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a ina leith: ◄
nuair:
|
|
= |
an t-ualú ►C12 riosca ◄ ; |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an GC in iúl: |
|
RWAEi |
= |
an tsuim arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 132a maidir le GCi; |
|
|
= |
|
Ai |
= |
luach cuntasaíochta na sócmhainní GCi; agus |
|
EQi |
= |
luach cuntasaíochta chothromas GCi. |
do gach
►C12
neamhchosaint ◄ eile,
.
Ríomhfaidh institiúidí an méid ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ le haghaidh ►C12 neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe a thagann as na gealltanais íosluacha a chomhlíonfaidh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo trí luach ►C12 neamhchosainta ◄ na ►C12 neamhchosainti ◄ a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartaithe de 20 % agus an t-ualú ►C12 riosca ◄ a dhíorthaítear faoi Airteagal 132 nó 152.
Cinnfidh institiúidí an méid ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ le haghaidh ►C12 neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe a eascraíonn ó ghealltanais íosluacha i gcomhréir le mír 2 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
is ionann ►C12 neamhchosaint ◄ lasmuigh de chlár comhardaithe na hinstitiúide agus gealltanas íosluacha chun infheistíocht a dhéanamh in aonaid nó scaireanna de chuid GC amháin nó níos mó nach bhfuil oibleagáid dá réir ar an institiúid ach íocaíocht a dhéanamh de réir an ghealltanais íosluacha i gcás ina bhfuil margadhluach ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an GC nó na GCanna faoi bhun tairseach réamhshocraithe ag ceann amháin nó níos mó de na pointí in am, mar a shonraítear sa chonradh;
is GC é aon cheann díobh seo a leanas:
GCUI mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/65/CE; nó
CIM mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE nach n-infheistíonn ach in urrúis inaistrithe amháin nó i sócmhainní so-aistrithe airgeadais eile dá dtagraítear in Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE, i gcás nach gceadaítear faoi shainordú an CIM luamhánú níos airde ná mar a cheadaítear faoi Airteagal 51(3) de Threoir 2009/65/CE;
cumhdaíonn nó sáraíonn margadhluach reatha ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an GC is bun leis an ngealltanas íosluacha gan aird a thabhairt ar éifeacht gealltanais íosluacha atá lasmuigh den chlár comhardaithe an luach reatha atá ar an tairseach a shonraítear sa ghealltanas íosluacha;
i gcás ina laghdóidh barrachas margadhluacha ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an GC nó na GCanna i gcomparáid le luach reatha an ghealltanais íosluacha, féadfaidh an institiúid, nó gnóthas eile a mhéid is atá sé clúdaithe ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE nó Treoir 2002/87/CE, tionchar a imirt ar chomhdhéanamh ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an GC nó na GCanna nó teorainn a chur leis na féidearthachtaí maidir le laghdú breise ar an mbarrachas i slite eile;
is cliant miondíola mar a shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é de ghnáth tairbhí deiridh díreach nó indíreach an ghealltanais íosluacha.
Airteagal 133
Neamhchosaintí ar chothromas
Aicmeofar an méid ar fad seo a leanas mar neamhchosaintí cothromais:
aon neamhchosaint a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha a leanas:
níl sí infhuascailte sa chiall nach féidir fáltas na gcistí infheistithe a bhaint amach ach amháin trí bhíthin dhíol na hinfheistíochta nó dhíol na gceart ar an infheistíocht nó leachtú an eisitheora;
ní oibleagáid de chuid an eisitheora í;
cuireann sí éileamh iarmharach ar na sócmhainní nó ar ioncam an eisitheora in iúl;
ionstraimí a cháileodh mar ítimí Shraith 1 dá n-eiseodh institiúid iad;
ionstraimí atá mar chuid d’oibleagáid de chuid an eisitheora agus a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leanas:
tá an t-eisitheoir in ann socraíocht na hoibleagáide a iarchur gan uair a cheapadh;
éilítear leis an oibleagáid, nó ceadaítear léi ar dhiscréid an eisitheora, socraíocht trí bhíthin líon socraithe de scaireanna cothromais an eisitheora a eisiúint;
éilítear leis an oibleagáid, nó ceadaítear léi ar dhiscréid an eisitheora, socraíocht trí bhíthin líon athraitheach de scaireanna cothromais an eisitheora a eisiúint agus, ceteris paribus, tá aon athrú ar luach na hoibleagáide inchurtha leis an athrú ar luach líon socraithe de scaireanna cothromais an eisitheora, inchomparáide leis, agus sa treo céanna leis;
tá an rogha ag sealbhóir na hionstraime a éileamh go socrófar an oibleagáid i scaireanna cothromais, mura gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha a leanas:
i gcás ionstraim thrádáilte, tá léirithe ag an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go dtrádáiltear an ionstraim ar an margadh ar bhealach níos cosúla le fiachas an eisitheora ná an cothromas;
i gcás ionstraimí neamhthrádáilte, tá léirithe ag an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil gur cheart an ionstraim a láimhseáil mar shuíomh fiachais;
oibleagáidí fiachais agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh nó uirlisí eile atá struchtúrtha ar bhealach a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na neamhchosaintí atá sonraithe i bpointí (a), (b) agus (c), lena n-áirítear dliteanais óna bhfuil an fáltas nasctha leis na cothromais;
neamhchosaintí cothromais a thaifeadtar mar iasacht ach a eascraíonn as babhtáil fiachais ar chothromas arna déanamh mar chuid de réadú ordúil nó athstruchtúrú an fhiachais.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c)(iii), cuirtear ar áireamh sna hoibleagáidí iad siúd a éilíonn nó a cheadaíonn socraíocht trí bhíthin líon athraitheach de scaireanna cothromais an eisitheora a eisiúint ar ina leith is ionann an t-athrú ar luach airgeadúil na hoibleagáide agus an t-athrú ar luach cóir líon socraithe scaireanna cothromais arna n-iolrú faoi fhachtóir sonraithe, sa chás ina bhfuil an fachtóir agus an líon tagartha scaireanna socraithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c)(iv), i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha a leagtar síos sa phointe sin, féadfaidh an institiúid na rioscaí a mhiondealú chun críoch reachtúil, faoi réir réamhcheadú ón údarás inniúil.
Ní dhéanfar infheistíochtaí cothromais a láimhseáil mar neamhchosaintí cothromais in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
tá na hinfheistíochtaí cothromais struchtúrtha ar bhealach ina bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil le tábhacht eacnamaíoch sealúchais fiachais nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 1;
is neamhchosaintí ar urrúsú na hinfheistíochtaí cothromais.
Sannfar ualú riosca 400 % do na neamhchosaintí cothromais seo a leanas ar chuideachtaí neamhliostaithe, mura gceanglaítear na neamhchosaintí sin a asbhaint nó a ualú ó thaobh riosca i gcomhréir le Cuid a 2:
infheistíochtaí le haghaidh athdhíol gearrthéarmach;
infheistíochtaí i ngnólachtaí caipitil fiontair nó infheistíochtaí cosúla a fhaightear ag dréim le gnóthachain chaipitil shuntasacha ghearrthéarmacha.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, sannfar ualú riosca i gcomhréir le mír 3 nó 5, de réir mar is infheidhme, d’infheistíochtaí cothromais fadtéarmacha, lena n-áirítear infheistíochtaí i gcothromais de chuid cliant corparáideach ar bhunaigh an institiúid gaolmhaireacht gnó fhadtéarmach leo nó a bhfuil sé i gceist ag an institiúid gaolmhaireacht gnó fhadtéarmach a bhunú leo agus babhtálacha fiachais ar chothromas chun críoch athstruchtúrú corparáideach. Chun críocha an Airteagail seo, is é is infheistíocht chothromais fhadtéarmach infheistíocht chothromais arna sealbhú ar feadh 3 bliana nó níos faide nó arna tabhú agus é de rún í a shealbhú ar feadh 3 bliana nó níos faide arna fhormheas ag ardbhainistíocht na hinstitiúide.
Institiúidí a bhfuil cead faighte acu roimh ré ó na húdaráis inniúla, féadfaidh siad ualú riosca 100 % a shannadh do neamhchosaintí ar chothromas arna dtabhú faoi chláir reachtacha chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a spreagadh, suas leis an gcuid sin de na neamhchosaintí sin ar chothromas nach mó, i bhfoirm chomhiomlán, ná 10 % de chistí dílse na hinstitiúide, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir:
soláthraítear don institiúid leis na cláir reachtacha fóirdheontais shuntasacha nó ráthaíochtaí suntasacha, lena n-áirítear ó bhainc forbartha iltaobhacha, institiúidí creidmheasa forbartha poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 429a(2) nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, le haghaidh na hinfheistíochta;
baineann na cláir reachtacha le cineál éigin de mhaoirseacht rialtais;
baineann na cláir reachtacha le srianta ar infheistíocht chothromais, mar shampla, teorainneacha ar mhéid agus cineálacha na ngnólachtaí ina bhfuil an institiúid ag infheistiú, ar mhéideanna incheadaithe leasanna úinéireachta, ar an suíomh geografach agus ar thosca ábhartha eile a chuireann teorainn le riosca féideartha na hinfheistíochta don institiúid infheistíochta.
Airteagal 134
Ítimí eile
Airteagal 135
Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna
Ar bhonn na tuarascála sin, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 10 Eanáir 2026.
Airteagal 136
Measúnuithe creidmheasa an IMCS a mhapáil
Cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014 agus cuirfidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin más gá.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
Nuair a bheidh mapáil na measúnuithe creidmheasa á cinneadh, comhlíonfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na ceanglais seo a leanas:
d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta ►C9 riosca ◄ a dhéantar le gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cainníochtúla a mheas amhail an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim a sanntar an measúnú creidmheasa céanna orthu. I gcás IMCSanna a bunaíodh le déanaí agus i gcás na IMCSanna sin nár thiomsaigh ach taifead gearr de shonraí mainneachtana, fiafróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM den IMCS cad a chreideann sé an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim ar a sanntar an measúnú creidmheasa céanna a bheith;
d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta ►C9 riosca ◄ arna sloinneadh ag gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cailíochtúla a mheas amhail an comhthiomsú eisitheoirí arna chumhdach ag an IMCS, raon na measúnuithe creidmheasa arna sannadh ag an IMCS, an bhrí atá le gach measúnú creidmheasa agus an sainmhíniú a thugann an IMCS ar mhainneachtain;
cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar gach measúnú creidmheasa IMCS áirithe i gcomparáid le tagarmharc atá tógtha ar bhonn na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ag IMCSanna eile maidir le líon eisitheoirí a léiríonn leibhéal coibhéiseach ►C9 riosca ◄ creidmheasa;
i gcás ina bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa IMCS áirithe níos airde ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM céim cáilíochta creidmheasa níos airde sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa a shannadh do mheasúnú creidmheasa an IMCS;
i gcás ina bhfuil an ►C9 t-ualach riosca ◄ gaolmhar ardaithe ag ÚBE, ag UAPGE agus ag ÚEUM do mheasúnú creidmheasa sonrach IMCS áirithe, agus i gcás nach bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa an IMCS sin níos airde a thuilleadh ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, féadfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM an chéim cáilíochta creidmheasa bhunaidh a chur ar ais sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa do mheasúnú creidmheasa an IMCS.
Cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.
Airteagal 137
Measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin a úsáid
Chun críocha Airteagal 114, féadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a d'ainmnigh an institiúid a úsáid, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is scór riosca na coitiantachta é ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin atá rannpháirteach sa “Socrú maidir le Treoirlínte do Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil” de chuid an ECFE;
foilsíonn an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a measúnuithe creidmheasa, agus glacann an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE, agus tá baint ag an measúnú creidmheasa le ceann de na hocht íosphréimheanna árachais onnmhairiúcháin a bhunaítear le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú.
Airteagal 138
Ceanglais ghinearálta
Féadfaidh institiúid IMCS amháin nó níos mó a ainmniú a úsáidfear chun ►C9 ualach riosca ◄ a bheidh le sannadh d'ítimí sócmhainne agus d'ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a chinneadh. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú. Ní úsáidfear na measúnuithe creidmheasa ar bhonn roghnaitheach. Úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa atá iarrtha. Ní fhéadfaidh sí measúnuithe creidmheasa gan iarraidh a úsáid, áfach, ach amháin má tá sé deimhnithe ag ÚBE nach bhfuil difríocht ó thaobh cáilíochta idir measúnuithe creidmheasa gan iarraidh de IMCS agus measúnuithe creidmheasa den IMCS sin atá iarrtha. Diúltóidh ÚBE nó cúlghairfidh sé an deimhniú sin go háirithe má tá measúnú creidmheasa gan iarraidh úsáidte ag an IMCS chun brú a chur ar an eintiteas rátáilte ord a chur isteach le haghaidh measúnaithe creidmheasa nó seirbhísí eile. Agus measúnú creidmheasa á úsáid, comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas:
maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid d'aicme áirithe ítimí, úsáidfidh sí na measúnuithe creidmheasa sin ar bhonn comhsheasmhach maidir leis na ►C9 neamhchosaintí ◄ go léir atá san aicme sin;
maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid, úsáidfidh sí iad ar bhealach leanúnach agus comhsheasmhach le himeacht ama;
ní úsáidfidh institiúid ach measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS ina gcuirtear san áireamh na méideanna go léir, i bhfoirm príomhshuime agus úis, atá dlite di;
i gcás nach bhfuil ach measúnú creidmheasa amháin ar fáil ó IMCS ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin chun an ►C9 t-ualach riosca ◄ don ítim sin a chinneadh;
i gcás ina bhfuil níos mó ná dhá mheasúnú creidmheasa ar fáil ó IMCSanna ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, tagrófar don dá mheasúnú a ghineann an dá ►C9 ualach riosca ◄ is ísle. Má tá an dá ►C9 ualach riosca ◄ is ísle éagsúil, déanfar an ►C9 t-ualach riosca ◄ is airde díobh a shannadh. Más ionann an dá ►C9 ualach riosca ◄ is ísle, déanfar an ►C9 t-ualach riosca ◄ sin a shannadh;
i gcás neamhchosaintí ar institiúidí, ní úsáidfidh institiúid measúnú creidmheasa IMCS a ionchorpraíonn toimhdí de thacaíocht rialtais intuigthe, ach amháin má thagraítear i measúnú creidmheasa IMCS faoi seach d’institiúid faoi úinéireacht nó atá bunaithe agus urraithe ag rialtais láir, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla.
Chun críocha na chéad mhíre, pointe (g), i gcás institiúidí seachas institiúidí atá faoi úinéireacht nó bunaithe agus urraithe ag rialtais láir, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla, nach bhfuil ann ina leith ach measúnuithe creidmheasa IMCS a ionchorpraíonn toimhdí de thacaíocht rialtais intuigthe, déanfar neamhchosaintí ar institiúidí den sórt sin a láimhseáil mar neamhchosaintí ar institiúidí gan rátáil i gcomhréir le hAirteagal 121.
Ciallaíonn “tacaíocht rialtais intuigthe” go ndéanfadh an rialtas láir, an rialtas réigiúnach nó an t-údarás áitiúil gníomhú chun creidiúnaithe na hinstitiúide a chosc ar chaillteanais a thabhú i gcás mhainneachtain nó bhrú na hinstitiúide.
Airteagal 139
Measúnú creidmheasa an eisitheora agus na heisiúna
I gcás nach bhfuil aon mheasúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach ann a bhaineann le hítim áirithe, ach go bhfuil measúnú creidmheasa ann a bhaineann le clár sonrach nó le saoráid shonrach eisiúna nach leis nó léi an ítim arb í an ►C9 neamhchosaint ◄ í nó go bhfuil measúnú ginearálta creidmheasa ann a bhaineann leis an eisitheoir, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
táirgeann an measúnú creidmheasa ualú riosca níos airde ná mar a bheadh amhlaidh dá ndéanfaí an neamhchosaint a láimhseáil mar neamhchosaint gan rátáil agus tá an méid a leanas fíor i gcás na neamhchosanta lena mbaineann:
ní neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe í;
rangaítear an neamhchosaint pari passu nó ar chéim níos sóisearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le neamhchosaintí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is ábhartha;
táirgeann an measúnú creidmheasa ualú riosca níos ísle ná mar a bheadh amhlaidh i gcás ina ndéanfaí an neamhchosaint a láimhseáil mar neamhchosaint gan rátáil agus tá an méid a leanas fíor i gcás na neamhchosanta lena mbaineann:
ní neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe í;
rangaítear an neamhchosaint pari passu nó ar chéim níos sinsearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le neamhchosaintí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is ábhartha.
I ngach cás eile, láimhseálfar an ►C9 neamhchosaint ◄ mar ►C9 neamhchosaint ◄ gan rátáil.
Airteagal 140
Measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha agus gearrthéarmacha
Ní bheidh feidhm ag aon mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach ach amháin maidir leis an ítim a dtagraíonn an measúnú creidmheasa gearrthéarmach dó, agus ní úsáidfear é chun ►C9 ualach riosca ◄ a dhíorthú maidir le hítim eile, cé is moite de na cásanna seo a leanas:
Airteagal 141
Ítimí airgeadra intíre agus eachtraigh
Chun críocha na chéad fhomhíre, i gcás ina bhfuil an neamhchosaint atá ainmnithe in airgeadra eachtrach ráthaithe in aghaidh in-chomhshóiteachta agus aistriú riosca, ní fhéadfar an measúnú creidmheasa ar ítim airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid ach chun críoch ualaithe riosca ar an gcuid ráthaithe den neamhchosaint sin. Déanfar an chuid den neamhchosaint nach bhfuil ráthaithe a ualú ó thaobh riosca bunaithe ar mheasúnú creidmheasa ar an oibleagáideoir ina dtagraítear d’ítim atá ainmnithe san airgeadra eachtrach sin.
CAIBIDIL 3
Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha
Airteagal 142
Sainmhínithe
Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “córas rátála” gach modh, próiseas, rialuithe, córas bailiúcháin sonraí agus TF a thacaíonn le ►C9 riosca ◄ creidmheasa a mheasúnú, ►C9 neamhchosaintí ◄ a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe rátála, agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanais a forbraíodh le haghaidh cineálacha áirithe ►C9 neamhchosaintí ◄ a chainníochtú;
ciallaíonn “aicme neamhchosanta” ceann ar bith de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (a), pointe (aa)(i) nó (ii), pointe (b), pointe (c)(i), (ii) nó (iii), pointe (d)(i), (ii), (iii) nó (iv), pointe (e), (ea), (f) nó (g);
ciallaíonn “neamhchosaint ar chorparáidí” neamhchosaint a shanntar d’aon cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c)(i), (ii) nó (iii);
ciallaíonn “neamhchosaint mhiondíola” aon neamhchosaint a shanntar d’aon cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d)(i), (ii), (iii) nó (iv);
ciallaíonn “neamhchosaint ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí” aon neamhchosaint a shanntar d’aon cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (aa)(i) nó(ii);
ciallaíonn “cineál neamhchosanta” grúpa neamhchosaintí arna mbainistiú go haonchineálach, a d’fhéadfadh a bheith teoranta d’eintiteas amháin nó d’fho-fhoireann aonair eintiteas laistigh de ghrúpa ar choinníoll go ndéantar bainistíocht éagsúil ar an gcineál céanna neamhchosaintí in eintitis eile den ghrúpa;
ciallaíonn “aonad gnó” aon eintiteas eagraíochtúil nó dlíthiúil faoi leith, réimeanna gnó, suímh thíreolaíocha;
ciallaíonn “mór-eintiteas earnála airgeadais rialáilte” aon eintiteas earnála airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
is mó ná EUR 70 billiún, nó cothrom leis, sócmhainní iomlána an eintitis, nó sócmhainní iomlána a mháthairchuideachta, i gcás go bhfuil máthairchuideachta ag an eintiteas, a ríomhtar ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, agus leas á bhaint as an ráiteas airgeadais iniúchta is déanaí nó as an ráiteas airgeadais chomhdhlúite is déanaí chun méid na sócmhainne a chinneadh;
tá an t-eintiteas faoi réir ceanglas stuamachta, go díreach ar bhonn aonair nó comhdhlúite, nó go hindíreach ó chomhdhlúthú stuamachta a mháthairghnóthais, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) 2019/2033, le Treoir 2009/138/CE, nó le ceanglais stuamachta dlíthiúla tríú tír a bheidh comhionann ar a laghad leis na hionstraimí sin de chuid an Aontais;
ciallaíonn “eintiteas earnála airgeadais neamhrialáilte” eintiteas earnála airgeadais nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar amach i bpointe (4)(b);
ciallaíonn “corparáid mhór” aon ghnóthas corparáideach a bhfuil méid foriomlán a dhíolacháin chomhdhlúite bhliantúil os cionn EUR 500 milliún nó a bhaineann le grúpa ina bhfuil díolachán bliantúil an ghrúpa chomhdhlúite níos mó ná EUR 500 milliún;
ciallaíonn 'grád oibleagáideora catagóir ►C9 riosca ◄ laistigh de scála rátála oibleagáideora de chóras rátála, a sanntar d'oibleagáideoirí ar bhonn sraith critéar rátála sonrach agus sainiúil, óna ndíorthaítear meastacháin ar dhóchúlacht mainneachtana (PD);
▼M5 —————
ciallaíonn “cur chuige um shamhaltú coigeartaithe PD/LGD” coigeartú ar an LGD nó coigeartú ar an PD agus an PGD a shamhaltú den neamhchosaint fholuiteach;
ciallaíonn “íosráta RW an tsoláthraí cosanta” an t-ualú riosca infheidhme maidir le neamhchosaint inchomparáide dhíreach leis an soláthraí cosanta;
maidir le neamhchosaint a gcuirfidh institiúid Cur Chuige IRB i bhfeidhm ina leith trína cuid meastachán féin ar LGD a úsáid faoi Airteagal 143, ciallaíonn cosaint creidmheasa neamhchistithe “aitheanta” cosaint creidmheasa neamhchistithe a dtugtar an tionchar atá aige ar ríomh na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca nó méideanna an chaillteanais ionchasaigh de chuid na neamhchosanta forluití san áireamh le ceann de na modhanna a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 108(3):
Cur chuige um shamhaltú coigeartaithe PD/LGD;
ionadú an chur chuige maidir le paraiméadair riosca faoi A-IRB, mar a sainmhínítear in Airteagal 192, pointe (5);
ciallaíonn “SA-CCF” an céatadán is infheidhme faoi Chaibidil 2 i gcomhréir le hAirteagal 111(2);
ciallaíonn “IRB-CCF” féinmheastacháin ar fhachtóir coinbhéartachta creidmheasa.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (5a), agus an measúnú don tairseach díolachán á dhéanamh, déanfar na méideanna a thuairisciú, mar atá siad, i ráitis airgeadais iniúchta na gcorparáidí nó, i gcás corparáidí atá mar chuid de ghrúpaí comhdhlúite, a ngrúpaí comhdhlúite de réir an chaighdeáin cuntasaíochta is infheidhme maidir le máthairghnóthas deiridh an ghrúpa chomhdhlúite. Beidh na figiúirí bunaithe ar na meánmhéideanna arna ríomh in imeacht na 3 bliana roimhe sin, nó ar na méideanna is déanaí arna dtabhairt cothrom le dáta gach 3 bliana ag an institiúid.
Airteagal 143
Cead chun an Cur Chuige IRB a úsáid
Beidh raon feidhme córais rátála comhdhéanta de na ►C9 neamhchosaintí ◄ go léir den cineál ábhartha ►C9 neamhchosanta ◄ ar forbraíodh an córas rátála sin lena aghaidh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
Airteagal 144
Measúnú na n-údarás inniúil ar iarratas chun an Cur Chuige IRB a úsáid
Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid, de bhun Airteagal 143, an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ach amháin má tá an t-údarás inniúil sásta gur comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa Chaibidil seo, go háirithe na ceanglais sin a leagadh síos i Roinn 6, agus go bhfuil córais na hinstitiúide chun ►C9 neamhchosaintí ◄ ar ►C9 riosca ◄ creidmheasa a bhainistiú agus a rátáil fónta agus curtha chun feidhme ina n-iomláine agus, go háirithe, gur léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil gur comhlíonadh na caighdeáin seo a leanas:
tá rátálacha inmheánacha agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanas, a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse agus córais agus próisis ghaolmhara a ríomh, fíor-riachtanach don phróiseas bainistíochta ►C9 riosca ◄ agus cinnteoireachta, agus d'fheidhmeanna na hinstitiúide a bhaineann le formheas creidmheasa, leithdháileadh caipitil inmheánaigh agus rialachas corparáideach;
tá aonad rialaithe ►C9 riosca ◄ creidmheasa san institiúid atá freagrach as córais rátála na hinstitiúide agus atá neamhspleách go hiomchuí agus saor ó thionchar míchuí;
bailíonn agus stórálann an institiúid na sonraí ábhartha go léir chun tacaíocht éifeachtach a thabhairt dá próiseas chun ►C9 riosca ◄ creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú;
déanann an institiúid doiciméadú ar a córais rátála agus ar an réasúnaíocht a bhaineann lena ndearadh agus déanann sí bailíochtú ar a córais rátála;
rinne an institiúid bailíochtú ar gach córas rátála i dtréimhse iomchuí sula bhfuair sí cead an córas rátála sin a úsáid, rinne sí measúnú le linn na tréimhse sin féachaint an oireann gach córas rátála do raon feidhme an chórais rátála sin, agus, bunaithe ar an measúnú a bheith déanta aici, rinne sí na hathruithe is gá ar gach córas rátála;
rinne an institiúid na ceanglais cistí dílse a thagann óna cuid meastachán ar pharaiméadair phriacail a ríomh faoin gCur Chuige IRB agus tá sí in ann an tuairisciú a cheanglaítear le hAirteagal 430 a chur isteach;
tá an institiúid tar éis gach neamhchosaint a shannadh, agus leanfaidh sí den sannadh sin, i réimse cur i bhfeidhm córais rátála maidir le grád rátála nó comhthiomsú an chórais rátála sin.
Tá feidhm freisin leis na ceanglais chun an Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus fachtóirí coinbhéartachta, i gcás inar chuir institiúid córas rátála, nó samhail arna húsáid laistigh de chóras rátála, a cheannaigh sí ó dhíoltóir tríú-páirtí, i bhfeidhm.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
Airteagal 145
Taithí roimhe seo maidir le cur chuige IRB a úsáid
Airteagal 146
Bearta a ghlacfar i gcás ina scoirfear de bheith ag comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo
I gcás ina scoireann institiúid de chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa Roinn seo, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil agus déanfaidh sí ceann de na nithe seo a leanas:
tíolacfaidh sí plean chun sástacht an údaráis inniúil ionas go gcomhlíonfar na ceanglais arís go tráthúil agus bainfidh sí amach an plean sin laistigh de thréimhse ama a chomhaontóidh an t-údarás inniúil;
taispeánfaidh sí chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil éifeacht an neamhchomhlíonta neamhábhartha.
Airteagal 147
Sannfar gach neamhchosaint do cheann de na haicmí neamhchosanta a leanas:
neamhchosaintí ar rialtas láir agus ar bhainc cheannais;
neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí atá le sannadh do na haicmí neamhchosanta seo a leanas:
neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla;
neamhchosaintí ar eintitis earnála poiblí;
neamhchosaintí ar institiúidí;
neamhchosaintí ar chomhlachtaí corpraithe, le sannadh do na haicmí neamhchosanta seo a leanas:
corparáidí ginearálta;
neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe;
earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha;
neamhchosaintí miondíola, le sannadh do na haicmí neamhchosanta seo a leanas:
neamhchosaintí imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol (“QRREnna”);
neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe;
earraí infhaighte ceannaithe ar mhiondíol;
neamhchosaintí eile miondíola;
neamhchosaintí ar chothromas;
neamhchosaintí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC;
ítimí in ionannas le suíomhanna urrúsúcháin;
sócmhainní oibleagáide neamhchreidmheasa eile.
Le bheith incháilithe d'aicme na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol atá leagtha amach i bpointe (d) de mhír 2, comhlíonfaidh ►C9 neamhchosaintí ◄ na critéir seo a leanas:
beidh ceann díobh seo a leanas i gceist leo:
►C9 neamhchosaintí ◄ ar dhuine nádúrtha amháin nó níos mó;
neamhchosaintí ar FBM, ar choinníoll sa chás sin nach mó an méid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus dá fochuideachtaí, lena n-áirítear aon neamhchosaint ar mainneachtain, ag an oibleagáideoir cliant nó ag an ngrúpa cliant nasctha, ach gan neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, suas go dtí an luach réadmhaoine san áireamh, a mhéid is feasach don institiúid, ná EUR 1 mhilliún, a dhéanfaidh bearta réasúnta chun méid na neamhchosaintí sin a fhíorú;
neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, lena n-áirítear an chéad lian agus liain ina dhiaidh sin, iasachtaí téarma, línte creidmheasa cothromais tí imrothlacha, agus neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagal 108(4) agus (5), gan beann ar mhéid na neamhchosanta, ar choinníoll gur ceann díobh seo a leanas atá sa neamhchosaint:
neamhchosaint ar dhuine nádúrtha;
neamhchosaint ar chomhlachais nó ar chomharchumainn daoine aonair atá rialáilte faoin dlí náisiúnta agus atá ann le haon chuspóir amháin chun úsáid as príomháit chónaithe sa mhaoin lena n-urraítear an iasacht a thabhairt dá gcomhaltaí;
déanann an institiúid iad a láimhseáil sa bhainistíocht ►C9 riosca ◄ a bhíonn ar bun aici agus déantar é sin go comhsheasmhach le himeacht ama agus ar bhealach dá samhail;
ní bhainistítear iad díreach chomh haonarach agus a dhéantar le neamhchosaintí sna haicmí neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c)(i), (ii) nó (iii);
tá gach ceann in ionannas le ceann as líon suntasach ►C9 neamhchosaintí ◄ a bhainistítear ar an gcaoi chéanna.
Anuas ar na ►C9 neamhchosaintí ◄ atá liostaithe sa chéad fhomhír, áireofar luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol in aicme na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol.
Sannfar na neamhchosaintí a chomhlíonann na coinníollacha uile a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (a)(iii), pointí (b), (c) agus (d), den mhír seo don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(ii).
De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh údaráis inniúla iasachtaí le daoine nádúrtha a bhfuil níos mó ná ceithre réadmhaoin dhochorraithe nó aonad tithíochta faoi mhorgáiste acu, lena n-áirítear iasachtaí le daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 108(4), a eisiamh ón aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(ii), lena n-áirítear iasachtaí le daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 108(4), agus na hiasachtaí sin a shannadh do cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c)(i), (ii) nó (iii).
Déanfar neamhchosaintí miondíola a bhaineann le cineál neamhchosaintí a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas a shannadh don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(i):
is ar dhuine nádúrtha amháin nó níos mó a bheidh neamhchosaintí an chineáil sin neamhchosaintí;
is neamhchosaintí den chineál sin neamhchosaintí iad atá imrothlach, neamhurraithe, agus, sa mhéid nach dtarraingítear láithreach agus go neamhchoinníollach iad, inchealaithe ag an institiúid;
EUR 100 000 nó níos lú an neamhchosaint uasta ar dhuine nádúrtha sa chineál sin neamhchosanta;
thaispeáin an cineál sin neamhchosaintí luaineacht íseal maidir le rátaí caillteanais, i gcoibhneas lena mheánleibhéal rátaí caillteanais, go háirithe laistigh de bhannaí ísle PD;
tá láimhseáil na neamhchosaintí arna sannadh don chineál sin neamhchosaintí mar neamhchosaint imrothlach cháilitheach miondíola comhsheasmhach le saintréithe riosca foluiteacha an chineáil sin neamhchosaintí.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (b), ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bheith neamhurraithe maidir le saoráidí creidmheasa comhthaobhaithe atá nasctha le cuntas pá. Sa chás sin, ní chuirfear san áireamh méideanna a gnóthaíodh ón gcomhthaobhacht sna meastacháin LGD.
Sainaithneoidh institiúidí laistigh den aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(i), neamhchosaintí ar oibreoir (“oibreoirí QRRE”) agus neamhchosaintí nach neamhchosaintí ar oibreoir iad (“imrothlóirí QRRE”). Go háirithe, sainaithneofar QRREnna a bhfuil níos lú ná 12 mhí de stair aisíocaíochta acu mar imrothlóirí QRRE.
Laistigh d'aicme na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar chorparáidí atá leagtha amach i bpointe (c) de mhír 2, déanfaidh institiúidí ►C9 neamhchosaintí ◄ a bhfuil na tréithe seo a leanas acu a aithint ar leithligh mar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar iasachtú speisialaithe:
tugann na socruithe conarthacha roinnt mhaith rialaithe don iasachtóir ar na sócmhainní agus ar an ioncam a ghintear leo;
is é príomhfhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide an t-ioncam a ghintear leis na sócmhainní a bheith maoinithe, seachas an cumas neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne.
Sannfar na neamhchosaintí sin don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c)(ii), agus déanfar iad a chatagóiriú mar a leanas: “maoiniú tionscadail” (PF), “maoiniú réada” (OF), “maoiniú tráchtearraí” (CF) agus “réadmhaoin a ghineann ioncam” (IPRE).
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
catagóiriú ar PF, OF agus CF, go comhsheasmhach leis na sainmhínithe i gCaibidil 2;
cinneadh a dhéanamh maidir le catagóir IPRE, ina sonraítear go háirithe cé na neamhchosaintí ADC agus na neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe a fhéadfar a chatagóiriú, nó a dhéanfar a chatagóiriú, mar IPRE.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 148
Coinníollacha maidir leis an gCur Chuige IRB a chur chun feidhme thar aicmí éagsúla ►C9 neamhchosanta ◄ agus aonad gnó
Faoi réir réamhchead na n-údarás inniúil, féadfar Cur Chuige IRB a chur chun feidhme go seicheamhach ar feadh na gcineálacha éagsúla neamhchosaintí laistigh d’aicme neamhchosanta ar leith laistigh den aonad gnó céanna agus feadh na n-aonad gnó éagsúla sa ghrúpa céanna, nó ar mhaithe lena meastacháin féin ar LGD nó chun IRB-CCF a úsáid.
▼M17 —————
Airteagal 149
Coinníollacha chun filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna a úsáid
Institiúid atá ag úsáid an Cur Chuige IRB le haghaidh aicme ►C9 neamhchosaintí ◄ nó chineál ►C9 neamhchosanta ◄ ar leith, ní stadfaidh sí den chur chuige sin a úsáid agus an gCur Chuige Caighdeánaithe a úsáid ina ionad chun méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ a ríomh, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
tá sé léirithe ag an institiúid, chun sástachta an údaráis inniúil, nach mbaintear úsáid as an gCur Chuige Ginearálta d’fhonn dul i mbun arbatráiste rialála, lena n-áirítear trí cheanglais cistí dílse na hinstitiúide a laghdú go míchuí, agus go bhfuil gá lena úsáid ar bhonn chineál agus chastacht na neamhchosaintí ar fad den chineál sin atá ag an institiúid agus nach mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aici ar shócmhainneacht na hinstitiúide ná ar an gcumas atá aici rioscaí a bhainistiú go héifeachtach;
fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.
Maidir le hinstitiúidí a fuair cead faoi Airteagal 151(9) chun a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid, ní fhillfidh siad ar luachanna LGD agus fachtóirí coinbhéartachta dá dtagraítear in Airteagal 151(8) a úsáid, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil nach bhfuil sé i gceist na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta atá leagtha amach in Airteagal 151(8) le haghaidh aicme ►C9 neamhchosaintí ◄ nó cineál ►C9 neamhchosanta ◄ ar leith a úsáid d'fhonn ceanglas cistí dílse na hinstitiúide a laghdú amháin, go bhfuil sé riachtanach ar bhonn chineál agus chastacht na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar fad den chineál sin atá ag an institiúid agus nach mbeadh tionchar díobhálach ábhartha aige ar shócmhainneacht na hinstitiúide ná ar an gcumas atá inti ►C9 riosca ◄ a bhainistiú go héifeachtach;
fuair an institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil.
Airteagal 150
Coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan
Cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm le haghaidh na neamhchosaintí uile a leanas:
neamhchosaintí a shanntar don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (e);
neamhchosaintí a shanntar d’aicmí neamhchosanta nó do chineálacha neamhchosaintí atá laistigh d’aicme neamhchosanta nach bhfuair institiúidí cead roimh ré ó na húdaráis inniúla Cur Chuige IRB a úsáid ina leith chun na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh.
Féadfaidh institiúid a gceadaítear di Cur Chuige IRB a úsáid chun méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh d’aicme neamhchosanta ar leith a ríomh, faoi réir réamhchead a fháil ón údarás inniúil, féadfaidh sí an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha éagsúla neamhchosaintí laistigh den aicme neamhchosanta sin, lena n-áirítear neamhchosaintí ar bhrainsí eachtracha agus grúpaí éagsúla táirgí, i gcás ina bhfuil na cineálacha neamhchosaintí sin neamhábhartha i dtéarmaí méide agus na próifíle riosca braite.
I dteannta na neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, féadfaidh institiúid, faoi réir réamhchead a fháil ón údarás inniúil, an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí seo a leanas i gcás ina gcuirtear Cur Chuige IRB i bhfeidhm maidir le cineálacha eile neamhchosaintí laistigh den aicme neamhchosanta chéanna:
neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát agus a gcuid rialtas réigiúnach, údarás áitiúil, agus eintiteas earnála poiblí ar an gcoinníoll:
nach bhfuil aon difríocht ó thaobh riosca idir na neamhchosaintí ar an rialtas láir sin agus ar na bainc cheannais agus na neamhchosaintí eile sin i ngeall ar shocruithe poiblí sonracha; agus
go ndéantar ualú riosca 0 % a shannadh do neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais faoi Airteagal 114(2) nó (4);
neamhchosaintí institiúide ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fhochuideachtaí nó fochuideachta a máthairghnóthais é ar an gcoinníoll gurb é atá sa chontrapháirtí ná institiúid nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid airgeadais, cuideachta bainistíochta sócmhainní nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá faoi réir ag ceanglais stuamachta iomchuí nó gnóthas atá nasctha trí ghaolmhaireacht de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE;
neamhchosaintí idir institiúidí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 113(7).
Institiúid a gceadaítear di Cur Chuige IRB a úsáid chun méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca do chineálacha neamhchosaintí ar leith amháin laistigh d’aicme neamhchosanta a ríomh, cuirfidh sí an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm maidir leis na cineálacha neamhchosaintí atá fágtha laistigh den aicme neamhchosanta sin.
I dteannta na neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo agus sa mhír seo, féadfaidh institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm i gcás neamhchosaintí ar eaglaisí agus ar phobail reiligiúnacha, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 115(3).
▼M17 —————
▼M17 —————
Airteagal 151
Láimhseáil de réir aicme ►C9 neamhchosanta ◄
▼M17 —————
Maidir leis na neamhchosaintí a leanas, cuirfidh institiúidí na luachanna LGD a leagtar amach in Airteagal 161(1) agus SA-CCFanna i gcomhréir le hAirteagal 166(8), (8a) agus (8b) i bhfeidhm:
neamhchosaintí a shanntar don aicme neamhchosanta ar chothromas dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (b);
neamhchosaintí ar eintitis earnála airgeadais seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo;
neamhchosaintí ar chorparáidí móra nach sanntar don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c)(ii).
Maidir le neamhchosaintí sna haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (a), pointe (aa)(i) nó (ii) nó pointe (c)(i), (ii) nó (iii), seachas na neamhchosaintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, cuirfidh institiúidí na luachanna LGD a leagtar amach in Airteagal 161(1) agus SA-CCFanna i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 166,(8), (8a) agus (8b), ach amháin má ceadaíodh dóibh a meastacháin féin ar LGD agus IRB-CCF a úsáid i gcás na neamhchosaintí sin i gcomhréir le mír 9 den Airteagal seo.
Airteagal 152
►C12 Neamhchosainti ◄ i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna a láimhseáil
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus an ceanglas cistí dísle do dhíorthach ►C12 riosca ◄ ó choigeartú luachála creidmheasa á ríomh aici, féadfaidh institiúid ►C12 neamhchosainti ◄ a eisiamh ón ríomh sin nach mbeadh faoi réir an cheanglais i gcás inar thabhaigh an institiúid go díreach iad.
Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo agus nach n-úsáideann na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo nó i gCaibidil 5, de réir mar is infheidhme, maidir le gach cuid nó codanna de neamhchosaintí foluiteacha an GC, ríomhfaidh siad méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh do gach cuid de na neamhchosaintí foluiteacha sin i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
maidir le neamhchosaintí foluiteacha a shannfaí don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (e), cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe a leagtar síos i gCaibidil 2 i bhfeidhm;
maidir le neamhchosaintí a shanntar do na hítimí ionannas le suíomhanna urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (f), cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 254 i bhfeidhm amhail is dá mbeadh na neamhchosaintí sin i seilbh na n-institiúidí sin go díreach;
maidir le gach neamhchosaint fholuiteach eile, cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe a leagtar síos i gCaibidil 2 i bhfeidhm.
Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid ►C12 neamhchosainta ◄ , ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ de chuid GC a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i míreanna 2, 3, 4 agus 5, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC sin, ar chuntar go ndéanfaidh an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanfaidh sí gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
maidir le GCanna nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, an chuideachta bainistíochta GC, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh cuideachta bainistíochta an GC sin na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 132(3);
maidir le ►C12 neamhchosainti ◄ seachas iad siúd a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a(1);
maidir leis na ►C12 neamhchosainti ◄ a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4, déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach inti;
daingneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríomha a rinne an tríú páirtí.
Déanfaidh institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí na méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ , ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ , de ►C12 neamhchosainti ◄ GCa thagann as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2.
De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi.
Airteagal 153
Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí, neamhchosaintí ar institiúidí agus neamhchosaintí ar chorparáidí
►M17 Faoi réir ag cur chun feidhme na láimhseálacha sonracha a leagtar amach i míreanna 2 agus 4, déanfar na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí, neamhchosaintí ar institiúidí agus neamhchosaintí ar chorparáidí, a ríomh de réir na bhfoirmlí seo a leanas: ◄
mar a bhfuil an t- ►C9 ualach riosca ◄ RW arna shainiú mar a leanas:
má tá PD = 0, beidh RW cothrom le 0;
má tá PD = 1, i.e. le haghaidh ►C9 neamhchosaintí ◄ a mhainnigh:
;
mar a mbeidh an meastachán is fearr maidir leis an gcaillteanas ionchasach (dá ngairtear “ELBE ” anseo feasta) ionann leis an meastachán is fearr atá ag an institiúid ar chaillteanas ionchasach don ►C9 neamhchosanta ◄ mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h);
má tá 0 < PD < 1, ansin:
i gcás inarb amhlaidh:
|
N |
= an fheidhm dáileacháin charnaigh d'athróg randamach normálta chaighdeánach, i.e. tá N(x) cothrom leis an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta de mheán 0 agus d’athraitheas 1 níos lú ná, nó cothrom le, x; |
|
G |
= an fheidhm dáileacháin charnaigh inbhéartaigh d'athróg randamach normálta chaighdeánach, i.e. má tá x = G(z), is é x an luach sa chaoi is go bhfuil N(x) = z; |
|
R |
= an chomhéifeacht comhghaolúcháin, arna sainiú mar:
|
|
b |
= an fachtóir coinbhéartachta aibíochta, arna shainiú mar: b = 0,11852 - 0,05478 · lnPD2 ; |
|
M |
= an aibíocht, arna sloinneadh i mblianta agus arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 162. |
▼M17 —————
Maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ ar chuideachtaí ina bhfuil líon na ndíolachán bliantúil don ghrúpa comhdhlúite a bhfuil an gnólacht ina chuid de níos lú ná EUR 50 milliún, féadfaidh institiúidí an fhoirmle chomhghaoil seo a leanas i mír 1 (iii) a úsáid chun ►C9 ualach riosca ◄ ar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar chorparáidí a ríomh. San fhoirmle seo sloinntear S mar an díolachán bliantúil iomlán i milliúin Euro, mar a bhfuil EUR 5 milliún ≤ S ≤ EUR 50 milliún. Déanfar díolacháin thuairiscithe níos ísle ná EUR 5 milliún a láimhseáil amhail is go raibh siad ionann le EUR 5 milliún. I gcás earra infhaighte ceannaithe beidh an díolachán bliantúil iomlán ionann leis an meán ualaithe de réir ►C9 neamhchosaintí ◄ aonair an chomhthiomsaithe.
Déanfaidh institiúidí an díolachán bliantúil iomlán a chur in ionad shócmhainní iomlána an ghrúpa chomhdhlúite nuair nach táscaire fóinteach é an díolachán bliantúil iomlán ar mhéid an ghnólachta agus nuair is táscaire níos fóintí iad iomlán na sócmhainní ná an díolachán bliantúil iomlán.
Maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ ar iasachtú speisialaithe nach bhfuil institiúid in ann meastachán a thabhairt ar PDanna ina leith nó nach gcomhlíonann meastacháin PD na n-institiúidí na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6, déanfaidh an institiúid ►C9 ualach riosca ◄ a shannadh do na ►C9 neamhchosaintí ◄ sin de réir Thábla 1, mar seo a leanas:
Tábla 1
|
Aibíocht Iarmhair |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Catagóir 3 |
Catagóir 4 |
Catagóir 5 |
|
Níos lú ná 2.5 bliain |
50 % |
70 % |
115 % |
250 % |
0 % |
|
Cothrom le, nó níos mó ná, 2,5 bliain |
70 % |
90 % |
115 % |
250 % |
0 % |
Agus ►C9 ualach riosca ◄ á sannadh do ►C9 neamhchosaintí ◄ ar iasachtú speisialaithe, cuirfidh institiúidí na fachtóirí seo a leanas san áireamh: láidreacht airgeadais, an timpeallacht pholaitiúil agus dhlíthiúil, tréithe idirbhirt agus/nó sócmhainne, láidreacht an urraitheora agus an fhorbróra, lena n-áirítear aon sruth ioncaim ó chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí, agus pacáiste slándála.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 154
Méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ i gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol
Déanfar méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ i gcás ►C9 neamhchosanta ◄ ar mhiondíol a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
mar a bhfuil an ►C9 t-ualach riosca ◄ RW arna shainiú mar a leanas:
má tá PD < 1:
i gcás inarb amhlaidh:
|
N |
= an fheidhm dáileacháin charnaigh d'athróg randamach normálta chaighdeánach, i.e. tá N(x) cothrom leis an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta de mheán 0 agus d’athraitheas 1 níos lú ná, nó cothrom le, x; |
|
G |
= an fheidhm dáileacháin charnaigh inbhéartaigh d'athróg randamach normálta chaighdeánach, i.e. má tá x = G(z), is é x an luach sa chaoi is go bhfuil N(x) = z; |
|
R |
= an chomhéifeacht comhghaolúcháin, arna sainiú mar:
|
▼M17 —————
Déanfar an t-ualú riosca arna ríomh maidir le neamhchosaint arna hurrú go páirteach le réadmhaoin chónaithe de bhun mhír 1, pointe (ii), agus comhéifeacht comhghaolúcháin R mar a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo á cur san áireamh, a chur i bhfeidhm maidir leis an gcuid urraithe agus leis an gcuid neamhurraithe den neamhchosaint sin araon.
Déanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú ar luaineacht choibhneasta na rátaí caillteanais ar fud QRREnna a bhaineann leis an gcineál céanna neamhchosaintí, agus ar fud na haicme neamhchosanta QRRE comhiomlán, agus déanfaidh siad faisnéis maidir le gnáth-shaintréithe rátaí an chaillteanais cháilithigh imrothlaigh ar mhiondíol a roinnt leis na Ballstáit agus le ÚBE.
Le bheith incháilithe don láimhseáil mhiondíola, comhlíonfaidh na hearraí infhaighte ceannaithe na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 184 agus na coinníollacha seo a leanas:
ginfear na hearraí infhaighte ceannaithe ar neamhthuilleamaí idir an díoltóir agus an t-oibleagáideoir. Dá bhrí sin, ní bheidh cuntais infhála idir chuideachtaí ná earraí infhaighte faoi réir ag cuntais chontra idir gnólachtaí a cheannaíonn óna chéile agus a dhíolann lena chéile incháilithe;
tá éileamh ag an institiúid cheannaigh ar gach fáltas ó na hearraí infhaighte ceannaithe nó tá ús pro-rata aici sna fáltais; agus
tá punann na n-earraí infhaighte ceannaithe éagsúlaithe a dhóthain.
▼M17 —————
Airteagal 156
Méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ i gcás sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad
Déanfar méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ i gcás sócmhainní eile nach oibleagáid chreidmheasa iad a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
,
ach amháin sna cásanna seo a leanas:
airgead ar láimh agus ítimí coibhéiseacha airgid chomh maith le hórbhuillean arna shealbhú ina bhoghtaí féin nó ar bhonn leithdháilte, sa mhéid is go bhfuil sé cumhdaithe ag dliteanais bhuillin, déanfar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % a shannadh dóibh;
nuair is luach iarmharach de shócmhainní léasaithe í an ►C9 neamhchosanta ◄ , is mar seo a leanas a ríomhfar í:
i gcás ina bhfuil t ar an méid is airde idir 1 agus an líon is gaire de bhlianta iomlána atá fágtha sa léas.
Airteagal 157
Méideanna ►C9 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ le haghaidh ►C9 riosca ◄ caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú a thuilleadh:
an mhodheolaíocht chun an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh le haghaidh riosca caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe, lena n-áirítear aitheantas ar mhaolú riosca creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 160(4), agus na coinníollacha ó thaobh a mheastacháin féin agus paraiméadair an chur chuige cúltaca a úsáid;
an measúnú ar an gcritéar neamhábharthachta don chineál neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 5.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
Airteagal 158
Láimhseáil de réir chineál na ►C9 neamhchosanta ◄
Ríomhfar an caillteanas ionchasach (EL) agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás neamhchosaintí ar chorparáidí, institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí agus ar neamhchosaintí miondíola i gcomhréir leis na foirmlí seo a leanas:
caillteanas ionchasach (EL) = PD * LGD
méid an chaillteanais ionchasaigh = EL [iolraithe faoi] luach na neamhchosanta.
I gcás neamhchosaintí a mhainnigh (PD = 100 %) nuair a úsáideann institiúidí a meastachán LGD féin, beidh EL cothrom le ELBE, an meastachán is fearr de chuid na hinstitiúide ar chaillteanas ionchasach i gcás na neamhchosanta a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 181(1), pointe (h).
Is de réir Thábla 2 a shannfar luachanna EL na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar iasachtú speisialaithe i gcás ina n-úsáideann institiúidí na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) maidir le hualuithe ►C9 riosca ◄ a shannadh.
Tábla 2
|
Aibíocht Iarmhair |
Catagóir 1 |
Catagóir 2 |
Catagóir 3 |
Catagóir 4 |
Catagóir 5 |
|
Níos lú ná 2.5 bliain |
0 % |
0,4 % |
2,8 % |
8 % |
50 % |
|
Cothrom le 2.5 bliain nó níos mó ná sin |
0,4 % |
0,8 % |
2,8 % |
8 % |
50 % |
▼M17 —————
Ríomhfar méideanna an chaillteanais ionchasaigh maidir le ►C9 riosca ◄ caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe de réir na foirmle seo a leanas:
Airteagal 159
Méideanna an chaillteanais ionchasaigh, easnamh IRB agus barrachas IRB a láimhseáil
Déanfaidh na hinstitiúidí méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagal 158(5), (6) agus (10) a dhealú ó shuim na nithe seo uile a leanas:
na coigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith riosca creidmheasa a bhaineann leis na neamhchosaintí sin, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 110;
coigeartuithe luacha breise i ngeall ar mhainneachtain an chontrapháirtí arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 34 agus a bhaineann le neamhchosaintí a ríomhtar méideanna an chaillteanais ionchasaigh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10);
laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis na neamhchosaintí sin seachas na hasbhaintí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m).
I gcás ina dtiocfaidh méid deimhneach as an ríomh arna dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfar “barrachas IRB” ar an méid a gheofar. I gcás ina dtiocfaidh méid diúltach as an ríomh arna dhéanamh i gcomhréir le torthaí na chéad fhomhíre, tabharfar “easnamh IRB” ar an méid a gheofar.
Airteagal 159a
Neamhfheidhm íosrátaí ionchuir PD, LGD agus CCF
Chun críocha Chaibidil 3, agus go háirithe maidir le hAirteagail 160(1), 161(4), 164(4) agus 166(8c), i gcás ina gcumhdaítear neamhchosaint le ráthaíocht incháilithe arna soláthar ag rialtas láir nó banc ceannais nó ag BCE, ní bheidh feidhm ag na híosrátaí ionchuir PD, LGD ná CCF maidir leis an gcuid den neamhchosaint a chumhdaítear leis an ráthaíocht sin. Beidh an chuid den neamhchosaint nach gcumhdaítear leis an ráthaíocht sin, áfach, faoi réir na n-íosrátaí ionchuir PD, LGD agus CCF lena mbaineann.
Neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí
Airteagal 160
Dóchúlacht mainneachtana (PD)
I gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe nach bhfuil institiúid in ann meastachán a dhéanamh ar PDanna ina leith nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide do na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6, cinnfear PDanna na ►C9 neamhchosaintí ◄ sin de réir na modhanna seo mar a leanas:
i gcás éileamh sinsearach ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is éard a bheidh in PD meastachán EL na hinstitiúide arna roinnt ar LGD do na hearraí infhaighte sin;
i gcás fo-éileamh ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is é meastachán EL na hinstitiúide a bheidh in PD;
institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil úsáid a bhaint as a meastacháin féin ar LGD le haghaidh ►C9 neamhchosaintí ◄ corparáideacha de bhun Airteagal 143 agus a fhéadfaidh a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfaidh sí úsáid a bhaint as an meastachán PD a thig ón miondealú seo.
▼M17 —————
Airteagal 161
Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)
Úsáidfidh na hinstitiúidí na luachanna LGD a leanas:
neamhchosaintí sinsearacha gan cosaint creidmheasa chistithe incháilithe ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar eintitis earnála airgeadais agus ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí: 45 %;
neamhchosaintí sinsearacha gan cosaint creidmheasa chistithe incháilithe ar chorparáidí nach eintitis earnála airgeadais iad: 40 %;
►C9 fo-neamhchosaintí ◄ gan comhthaobhacht incháilithe: 75 %;
▼M17 —————
is féidir luach LGD 11.25 % a shannadh do bhannaí faoi chumhdach atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó in Airteagal 129(5);
i gcás neamhchosaintí sinsearacha ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás nach mbeidh an institiúid in ann PDanna a mheas nó nuair nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide na ceanglais a leagtar amach i Roinn 6: 40 %;
i gcás ►C9 fo-neamhchosaintí ◄ ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, nuair nach féidir le hinstitiúid meastachán a dhéanamh ar PDanna nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6: 100 %;
i gcás riosca caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe: 100 %.
I gcás neamhchosaintí arna sannadh do na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c)(i), (ii) nó (iii), chun méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí sin a ríomh, agus chuige sin amháin, agus go háirithe chun críocha Airteagal 153(1), pointe (iii), Airteagal 157, agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), i gcás ina n-úsáidtear a meastacháin LGD féin, ní bheidh luachanna LGD maidir le gach neamhchosaint a úsáidtear mar ionchur de na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná na luachanna íosráta ionchuir LGD seo a leanas, arna ríomh i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo.
Tábla 1
|
Íosrátaí ionchuir LGD (LGDíosráta) i gcás neamhchosaintí a bhaineann leis na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c)(i), (ii) nó (iii) |
||
|
Neamhchosaint gan FCP incháilithe (LGDíosráta U) |
Neamhchosaint arna hurrú go hiomlán le FCP incháilithe (LGDíosráta S) |
|
|
25 % |
comhthaobhacht airgeadais |
0 % |
|
earraí infhaighte |
10 % |
|
|
réadmhaoin chónaithe nó réadmhaoin dhochorraithe tráchtála |
10 % |
|
|
comhthaobhacht fhisiceach eile |
15 % |
|
Chun críocha mhír 4 den Airteagal seo agus chun críocha chur i bhfeidhm na gcoigeartuithe gaolmhara ábhartha, Hc agus Hfx, i gcomhréir le hAirteagal 230, beidh cosaint creidmheasa chistithe incháilithe de bhun na Caibidle seo. Sa chás sin, déanfar an cineál cosanta creidmheasa chistithe “comhthaobhacht fhisiceach eile” in Airteagal 230, Tábla 1, a thuiscint mar “comhthaobhacht fhisiceach eile agus comhthaobhacht incháilithe eile”.
Déantar an t-íosráta ionchuir LGD is infheidhme (LGDíosráta) i gcás aon neamhchosanta arna hurrú go páirteach le FCP a ríomh mar mheán ualaithe LGDíosráta U don chuid den neamhchosaint gan FCP agus mar LGDíosráta S don chuid atá urraithe go hiomlán, mar a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
Is iad LGDíosráta U agus LGDíosráta S na híosluachanna ábhartha i dTábla 1;
Cinntear E, ES, EU agus HE i gcomhréir le hAirteagal 230.
Airteagal 162
Aibíocht
►M17 I gcás neamhchosaintí a gcuireann institiúid a meastacháin féin ar LGD i bhfeidhm ina leith, ríomhfar an luach aibíochta (“M”) i dtréimhsí arna sloinneadh i mblianta mar a leagtar amach sa mhír seo agus faoi réir mhíreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo. Ní bheidh M níos mó ná 5 bliana, seachas i gcásanna a shonraítear in Airteagal 384(2) áit a n-úsáidfear M mar a shonraítear ansin é. Ríomhfar M mar a leanas i ngach ceann de na cásanna seo a leanas: ◄
I gcás ionstraime atá faoi réir sceideal sreafa airgid, ríomhfar M de réir na foirmle seo a leanas:
mar a gciallaíonn CFt na sreafaí airgid (an phríomhshuim, íocaíochtaí úis agus táillí), a bhfuil oibleagáid chonarthach ar an oibleagáideoir a íoc i dtréimhse t;
i gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ a thagann as ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II, agus as idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, agus atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh 10 lá ar a laghad in M;
i gcás idirbheart athcheannaigh nó idirbheart i leith urrús nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart mar a mbeidh 5 lá ar a laghad in M. Úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt d'fhonn an aibíocht a ualú;
i gcás idirbheart iasachta urraithe atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is é a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh 20 lá ar a laghad in M; úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt chun an aibíocht a ualú;
i gcás máistir-chomhaontú glanluachála lena n-áirítear níos mó ná aon cheann de na cineálacha idirbhirt a chomhfhreagraíonn do phointe (c), (d) nó (da) den mhír seo, is é a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh in M an tréimhse sealbhaíochta is faide ar a laghad, arna sloinneadh i mblianta, agus infheidhme do na hidirbhearta sin mar a fhoráiltear dó in Airteagal 224(2); 10 lá nó 20 lá, ag brath ar na cásanna. Úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt chun an aibíocht a ualú;
maidir le hinstitiúid a bhfuil cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin PD féin a úsáid le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás méideanna a tarraingíodh beidh M cothrom le meánaibíocht ualaithe na ►C9 neamhchosanta ◄ ar earraí infhaighte ceannaithe, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M. Úsáidfear luach céanna seo M do mhéideanna neamhtharraingthe faoi shaoráid thiomanta ceannaigh ar an gcoinníoll go bhfuil sa tsaoráid cúnaint éifeachtacha, truicir um luathamúcadh, nó gnéithe eile a chosnaíonn an institiúid ceannaigh ar aon mheath suntasach ar cháilíocht na n-earraí infhaighte todhchaí a cheanglófar uirthi a cheannach le linn théarma na saoráide. In éagmais cosaintí éifeachtacha den sórt sin, ríomhfar M do mhéideanna neamhtharraingthe mar shuim an infháltais fhéideartha is faide ó dháta de réir an chomhaontaithe ceannaigh agus aibíocht iarmhair na saoráide ceannaigh, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M;
i gcás aon ionstraime seachas iad siúd dá dtagraítear sa mhír seo nó i gcás nach bhfuil an institiúid in ann M a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (a), is é a bheidh in M an tréimhse is faide a bheidh fágtha, i mblianta, a bheidh ceadaithe don oibleagáideoir le go gcomhlíonfadh sé a oibleagáidí conarthacha, lena n-áirítear an phríomhshuim, an t-ús agus na táillí, mar a mbeidh bliain amháin ar a laghad in M;
i gcás institiúidí a úsáideann Modh na Samhla Inmheánaí mar atá leagtha amach i Roinn 6 de Chaibidil 6 chun luachanna na ►C9 neamhchosanta ◄ a ríomh, ríomhfar M do na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar a gcuireann siad an modh sin i bhfeidhm agus ar mó ná bliain amháin aibíocht an chonartha is faide ó dháta acu sa tacar glanluachála, de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
|
= |
athróg táscaire arb ionann a luach sa tréimhse todhchaí tk agus 0 má tá tk > 1 bliain agus 1 má tá tk ≤ 1; |
|
|
= |
an ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach ag tréimhse todhchaí tk; |
|
|
= |
an ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach éifeachtach ag tréimhse todhchaí tk; |
|
|
= |
an fachtóir lascaine saor ó ►C9 riosca ◄ don tréimhse todhchaí tk; |
;
féadfaidh institiúid a úsáideann samhail inmheánach chun coigeartú leataobhach ar luacháil creidmheasa a ríomh úsáid a bhaint as an ré iarbhír creidmheasa arna meas ag an tsamhail inmheánach mar M, faoi réir chead na n-údarás inniúil.
Faoi réir mhír 2, cuirfear an fhoirmle atá i bpointe (a) i bhfeidhm maidir le tacair ghlanluachála ar lú ná bliain amháin an aibíocht tosaigh acu;
i gcás institiúidí a úsáideann na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 382a(1), pointe (a) nó (b), chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA a bhaineann le hidirbhearta le contrapháirtí ar leith, ní bheidh M níos mó ná 1 san fhoirmle a leagtar amach in Airteagal 153(1), pointe (iii), chun méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh le haghaidh riosca contrapháirtí i gcás na n-idirbheart céanna, dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (a) nó (g), de réir mar is infheidhme;
i gcás neamhchosaintí imrothlacha, úsáidfear dáta uasta foirceanta conarthach na saoráide chun M a chinneadh; ní úsáidfidh institiúidí dáta aisíocaíochta na tarraingthe reatha murab é dáta foirceanta conarthach uasta na saoráide é an dáta sin.
►M17 I gcás inar gá an doiciméadacht a ataisceadh agus a athluacháil go laethúil agus ina bhfuil forálacha inti lena gceadaítear leachtú nó fritháireamh pras na comhthaobhachta i gcás mainneachtana nó i gcás nach ndéantar an t-ataisceadh, is é a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart agus beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad le haghaidh an mhéid seo a leanas: ◄
ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II;
idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe nó geall leis;
idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús agus tráchtearraí;
Ina theannta sin, i gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha cáilitheacha nach cuid iad de mhaoiniú leanúnach an oibleagáideora ar an institiúid, beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad. Áireofar iad seo a leanas ar ►C9 neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha cáilitheacha:
risíochtaí ar institiúidí nó gnólachtaí infheistíochta a thagann as oibleagáidí malairte eachtraí a ghlantar;
idirbhearta maoiniúcháin trádála gearrthéarmacha atá féinleachtaitheach agus earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha, ar choinníoll go bhfuil aibíocht iarmhair suas le bliain amháin ag na neamhchosaintí faoi seach;
►C9 neamhchosaintí ◄ a thagann as díol agus ceannach urrús a ghlantar laistigh den ghnáth-thréimhse sheachadta nó laistigh de dhá lá gnó;
►C9 neamhchosaintí ◄ a thagann as aistrithe socraíochtaí airgid de shreang agus socraíochtaí idirbhearta ríomhíocaíochta agus costais réamhíoctha, lena n-áirítear rótharraingtí a thagann as idirbhearta loicthe nach faide iad ná líon gearr, socruithe de laethanta gnó arna chomhaontú;
litreacha creidmheasa arna n-eisiúint agus arna ndeimhniú atá gearrthéarmach, is é sin go bhfuil aibíocht níos lú ná bliain amháin acu, agus atá féinleachtaitheach.
Airteagal 163
Dóchúlacht mainneachtana (PD)
D’aon toisc chun méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca de agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí sin a ríomh, agus go háirithe chun críoch Airteagail 154 agus 157, agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), is é a bheidh sa PD do gach neamhchosaint a úsáidfear mar ionchur de na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach an PD bliana amháin níos airde a bhaineann le grád nó comhthiomsú inmheánach an iasachtaí dá sanntar an neamhchosaint mhiondíola agus na luachanna íosráta ionchuir PD a leanas:
0,1 % i gcás imrothlóirí QRRE;
0,05 % i gcás neamhchosaintí miondíola nach imrothlóirí QRRE iad.
Airteagal 164
Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)
▼M17 —————
D’aon toisc chun na méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca de agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí sin miondíola a ríomh, agus go háirithe de bhun Airteagal 154(1), pointe (ii), Airteagal 157, agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), ní bheidh luachanna LGD do gach neamhchosaint a úsáidtear mar ionchur de na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná na luachanna íosráta ionchuir LGD a leagtar amach i dTábla 1, arna ríomh i gcomhréir le mír 4a den Airteagal seo:
Tábla 1
|
Íosrátaí ionchuir LGD (LGDíosráta) i gcás neamhchosaintí miondíola |
|||
|
Neamhchosaint gan FCP (LGDíosráta U) |
Neamhchosaint arna hurrrú le FCP (LGDíosráta S) |
||
|
Neamhchosaint mhiondíola arna hurrú le réadmhaoin chónaithe |
Ní bhaineann le hábhar |
Neamhchosaint mhiondíola arna hurrú le réadmhaoin chónaithe |
5 % |
|
QRRE |
50 % |
QRRE |
Ní bhaineann le hábhar |
|
Neamhchosaint eile mhiondíola |
30 % |
Neamhchosaint eile mhiondíola arna hurrú le comhthaobhacht airgeadais |
0 % |
|
Neamhchosaint eile mhiondíola arna hurrú le suimeanna infhaighte |
10 % |
||
|
Neamhchosaint eile mhiondíola arna hurrú le réadmhaoin chónaithe nó réadmhaoin dhochorraithe tráchtála |
10 % |
||
|
Neamhchosaint eile mhiondíola arna hurrú le comhthaobhacht fhisiceach eile |
15 % |
||
Chun críocha mhír 4, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
Beidh feidhm ag íosrátaí ionchuir LGD i mír 4, Tábla 1, maidir le neamhchosaintí arna n-urrú le cosaint creidmheasa chistithe i gcás ina mbeidh an chosaint creidmheasa chistithe incháilithe de bhun na Caibidle seo;
seachas i gcás neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, beidh feidhm ag na híosrátaí ionchuir LGD i mír 4, Tábla 1, den Airteagal seo maidir le neamhchosaintí arna n-urrú go hiomlán le cosaint creidmheasa chistithe, tar éis na coigeartuithe luaineachta ábhartha a bheith curtha i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 230, i gcás inarb ionann luach FCP agus luach na neamhchosanta foluití nó is mó ná an luach sin; chun críoch chur i bhfeidhm na gcoigeartuithe gaolmhara ábhartha, Hc agus Hfx, i gcomhréir le hAirteagal 230, beidh cosaint creidmheasa chistithe incháilithe de bhun na Caibidle seo;
seachas i gcás neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, déantar an t-íosráta ionchuir LGD is infheidhme maidir le neamhchosaint arna n-urrú go páirteach le cosaint creidmheasa chistithe a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in Airteagal 161(6);
i gcás neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, socrófar an t-íosráta ionchuir LGD is infheidhme ag 5 % gan beann ar an leibhéal comhthaobhachta arna sholáthar leis an réadmhaoin chónaithe.
I gcás inarb é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh an t-údarás inniúil sin go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí i measúnú na n-ábhar imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 6.
I gcás nach é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú ceart faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar na húdaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh an t-údarás ainmnithe na dualgais a fhorchuirtear air, de bhun an Airteagail seo, ar bhealach leordhóthanach. Beidh sé d'aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochtaí dúblailteacha nó neamh-chomhsheasmhacha idir an t-údaráis inniúla agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.
I gcás ina mbeidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den tuairim, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach leordhóthanach na luachanna íosráta ionchuir LGD dá dtagraítear i mír 4, agus ina measfaidh sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na luachanna íosráta ionchuir LGD difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé luachanna íosráta ionchuir LGD níos airde a shocrú i dtaca leis na neamhchosaintí sin atá lonnaithe i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis sin. Féadfar na luachanna íosráta ionchuir LGD níos airde sin a chur i bhfeidhm freisin ar leibhéal ceann amháin nó níos mó de na deighleoga réadmhaoine den sórt sin.
Tabharfaidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 fógra do ÚBE agus do BERS roimh an gcinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a dhéanamh. Laistigh de mhí amháin tar éis an fógra sin a fháil, cuirfidh ÚBE agus BERS a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na luachanna íosráta ionchuir LGD níos airde dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Féadfaidh BERS trí nhithín moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
na fachtóirí a d'fhéadfadh “difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo” dá dtagraítear i mír 6; agus
tagarmharcanna táscacha a chuirfidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 5 san áireamh agus luachanna LGD níos airde á socrú.
▼M17 —————
Airteagal 166
Neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí agus neamhchosaintí miondíola
Tá feidhm ag an riail seo freisin maidir le sócmhainní a ceannaíodh ar phraghas nach ionann é agus an méid atá dlite.
I gcás sócmhainní ceannaithe, meastar gur lascaine ar an difríocht idir an méid atá dlite agus an luach cuntasaíochta a fhanann ar chlár comhardaithe na hinstitiúide agus í ag ceannach na sócmhainne, tar éis di na coigeartuithe sonracha ar an ►C9 riosca ◄ creidmheasa a chur i bhfeidhm, más mó an méid atá dlite, agus meastar gur préimh í más lú an méid atá dlite.
I gcás nach mbeidh ach iarmhéideanna tarraingthe saoráidí imrothlacha urrúsaithe, áiritheoidh institiúidí go bhfanfaidh siad i seilbh mhéid na gcistí dílse a cheanglaítear orthu a shealbhú in aghaidh na n-iarmhéideanna neamhtharraingthe atá bainteach leis an urrúsú.
Institiúid nach bhfuair cead IRB-CCF a úsáid, ríomhfaidh sí luach na neamhchosanta mar an méid atá geallta ach neamhtharraingthe arna iolrú faoi SA-CCF lena mbaineann.
Ríomhfaidh institiúid a úsáideann IRB-CCF luach na neamhchosanta le haghaidh ceangaltais neamhtharraingthe mar an méid neamhtharraingthe arna iolrú faoi IRB-CCF.
Faoi réir cead údarás inniúil, bainfidh institiúidí a chomhlíonann na ceanglais chun IRB-CCF a úsáid mar a shonraítear i Roinn 6 úsáid as IRB-CCF i gcás neamhchosaintí a eascraíonn as gealltanais neamhtharraingthe imrothlacha a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB ar choinníoll nach mbeadh na neamhchosaintí sin faoi réir SA-CCF 100 % faoin gCur Chuige Caighdeánaithe. Úsáidfear SA-CCFanna le haghaidh an mhéid seo a leanas:
gach ítim eile lasmuigh den chlár comhardaithe, go háirithe gealltanais neamhtharraingthe neamh-imrothlacha;
neamhchosaintí nach gcomhlíonann an institiúid na híoscheanglais ina leith chun IRB-CCF a ríomh mar a shonraítear i Roinn 6, nó i gcás nár thug an t-údarás inniúil cead chun IRB-CCF a úsáid.
Chun críche an Airteagail seo, measfar go mbeidh gealltanas “imrothlach” i gcás ina dtabharfaidh sé caoi d’fhéichiúnaí iasacht a fháil ina mbeidh sé de sholúbthacht ag an bhféichiúnaí a chinneadh cá mhinice a aistarraingeoidh sé as iasacht agus cé na faid ama a bheidh idir na haistarraingtí, rud a ligfidh don oibleagáideoir iasachtaí airleacain a tugadh dó a tharraingt anuas, a aisíoc agus a atarraingt. Is mar shocruithe “imrothlacha” a mheasfar socruithe conarthacha lena gceadaítear réamhíocaíochtaí a dhéanamh agus atarraingtí a dhéanamh ar na réamhíocaíochtaí sin ina dhiaidh sin.
I gcás ina n-úsáidtear IRB-CCF chun na méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí a thagann as ceangaltais imrothlacha seachas neamhchosaintí a shanntar don aicme neamhchosanta i gcomhréir le hAirteagal 147(2), pointe (a), go háirithe de bhun Airteagal 153(1), Airteagal 157 agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), agus chun na críche sin amháin, ní bheidh luach na neamhchosanta maidir le gach neamhchosaint a úsáidtear mar ionchur den mhéid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná suim na nithe seo a leanas:
méid tarraingthe an ghealltanais imrothlaigh;
50 % de mhéid na neamhchosanta atá lasmuigh den chlár comhardaithe ar an gcuid neamhtharraingthe den ghealltanas imrothlach atá fágtha arna ríomh leis an SA-CCF is infheidhme dá bhforáiltear in Airteagal 111.
Tagrófar do shuim phointí (a) agus (b) mar “íosráta ionchuir CCF”.
▼M17 —————
Airteagal 168
Sócmhainní eile nach sócmhainní oibleagáide creidmheasa iad
Is ionann luach na ►C9 neamhchosanta ◄ i gcás sócmhainní eile nach sócmhainní oibleagáide creidmheasa iad agus an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha nuair a chuirfear coigeartuithe sonracha ar an ►C9 riosca ◄ creidmheasa i bhfeidhm.
Airteagal 169
Prionsabail ghinearálta
Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, faoin mbealach ina bhféadtar na ceanglais maidir le dearadh samhla, cainníochtú riosca, bailíochtú agus cur i bhfeidhm paraiméadar riosca a chur i bhfeidhm sa chleachtas trí scálaí rátála leanúnacha nó fíorghráinneacha a úsáid le haghaidh gach paraiméadair riosca.
Airteagal 170
Struchtúr na gcóras rátála
►M17 Déanfaidh struchtúr na gcóras rátála le haghaidh neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh: ◄
cuirfear saintréithe ►C9 riosca ◄ an oibleagáideora agus an idirbhirt san áireamh sa chóras rátála;
beidh scála rátála oibleagáideora sa chóras rátála nach léireoidh ach an cainníochtú ar ►C9 riosca ◄ mainneachtana an oibleagáideora. Beidh ar a laghad 7 ngrád sa scála rátála féichiúnaí d'oibleagáideoirí neamh-mhainneachtana agus ceann amháin d'oibleagáideoirí mainneachtana;
institiúidí a bhfuil punanna acu atá comhchruinnithe i ndeighleog mhargaidh ar leith agus i raon ►C9 riosca ◄ mainneachtana ar leith, beidh a ndóthain grád oibleagáideora acu laistigh den raon sin le nach mbeidh an iomarca oibleagáideoirí comhchruinnithe in aon ghrád ar leith. I gcás comhchruinnithe suntasacha in aon ghrád amháin, tabharfar fianaise eimpíreach dhiongbháilte go gcumhdaíonn an grád oibleagáideora banda réasúnta caol PD agus go bhfuil ►C9 riosca ◄ mainneachtana gach oibleagáideoir sa ghrád sin laistigh den bhanda sin;
le go mbeidh cead ag an údarás inniúil a meastacháin féin ar LGDanna a úsáid chun a gceanglais cistí dílse a ríomh, ní mór scála rátála saoráidí ar leith a bheith sa chóras rátála nach léiríonn ach saintréithe na n-idirbheart a bhaineann le LGD. Beidh i sainiú an ghráid saoráide cur síos ar an gcaoi a sanntar ►C9 neamhchosaintí ◄ don ghrád sin agus cur síos ar na critéir a úsáidtear chun leibhéal an ►C9 riosca ◄ sna gráid éagsúla a aithint;
Comhlíonfaidh struchtúr na gcóras rátála do ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol na ceanglais seo a leanas:
áiritheoidh leibhéal difreála an ►C9 riosca ◄ gur leor líon na ►C9 neamhchosaintí ◄ in aon ghrád nó in aon chomhthiomsú ar leith le gur féidir cainníochtú agus bailíochtú fóinteach a dhéanamh ar na saintréithe caillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe. Dáilfear na ►C9 neamhchosaintí ◄ agus na hoibleagáideoirí ar na gráid nó na comhthiomsuithe ar chaoi nach mbeidh an iomarca comhchruinnithe ann;
fágfaidh próiseas sannta na ►C9 neamhchosaintí ◄ do ghráid agus do chomhthiomsuithe go bhféadfar difreáil fhóinteach a dhéanamh ar na priacail, go ngrúpálfar na ►C9 neamhchosaintí ◄ atá aonchineálach a ndóthain agus go bhféadfar meastachán beacht comhsheasmhach a dhéanamh ar shaintréithe an chaillteanais ar leibhéal an ghráid nó an chomhthiomsaithe. I gcás earraí infhaighte ceannaithe, léireoidh an ghrúpáil cleachtaí frithgheallta an díoltóra agus ilchineálacht a chustaiméirí.
Cuirfidh na hinstitiúidí na spreagaithe ►C9 riosca ◄ seo a leanas san áireamh agus iad ag sannadh ►C9 neamhchosaintí ◄ do ghráid nó do chomhthiomsuithe:
saintréithe an phriacail oibleagáideora;
saintréithe an riosca idirbhirt, lena n-áirítear cineálacha táirgí agus cineálacha na cosanta creidmheasa cistithe, cosaint creidmheasa neamhchistithe aitheanta, bearta iasachta/luacha, stálú agus sinsearacht; tabharfaidh institiúidí aghaidh go sainráite ar chásanna ina mbaineann roinnt neamhchosaintí tairbhe as an gcosaint creidmheasa chistithe nó neamhchistithe chéanna;
Airteagal 171
Grádanna nó comhthiomsuithe a shannadh
Beidh sainmhínithe, próisis agus critéir ar leith ag institiúid chun ►C9 neamhchosaintí ◄ a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe laistigh de chóras rátála a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
beidh sainmhínithe agus critéir na ngrád agus na gcomhthiomsuithe mionsonraithe a ndóthain le gur féidir leo siúd a bhfuil sé de chúram orthu rátálacha a shannadh na hoibleagáideoirí nó na saoráidí a bhfuil an ►C9 riosca ◄ céanna ag baint leo a shannadh go comhsheasmhach don ghrád nó don chomhthiomsú céanna. Beidh an chomhsheasmhacht sin le fáil thar línte gnó, ranna agus suímh gheografacha;
cuirfidh doiciméadú an phróisis rátála ar chumas tríú páirtithe sannadh na ►C9 neamhchosaintí ◄ do ghráid nó do chomhthiomsuithe a thuiscint, an sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe a mhacasamhlú agus meastachán a dhéanamh ar oiriúnacht an tsannta don ghrád nó don chomhthiomsú;
ina theannta sin, beidh na critéir comhsheasmhach le caighdeáin inmheánacha iasachtaithe na hinstitiúide agus lena beartais maidir leis an gcaoi a bpléitear le hoibleagáideoirí nó le saoráidí struis.
Airteagal 172
Sannadh ►C9 neamhchosaintí ◄
►M17 I gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla nó eintitis earnála poiblí, neamhchosaintí ar institiúidí agus neamhchosaintí ar chorparáidí, déanfar neamhchosaintí a shannadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas: ◄
sannfar gach oibleagáideoir do ghrád oibleagáideora ar leith mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh;
déanfar rátáil ar leith ar gach eintiteas dlíthiúil ar leith ar a bhfuil an institiúid neamhchosanta;
déanfar ►C9 neamhchosaintí ◄ leithleacha ar an oibleagáideoir céanna a shannadh don ghrád oibleagáideora céanna, beag beann ar aon difríocht idir cineál gach idirbhirt ar leith. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn gráid éagsúla ag an oibleagáideoir céanna de bharr ►C9 neamhchosaintí ◄ leithleacha, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
féadfar láimhseáil ráthaíochtaí gaolmhara ar ►C9 neamhchosaint ◄ a léiriú i sannadh coigeartaithe do ghrád oibleagáideora;
toirmeascann an reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí, rúndacht bhaincéireachta nó reachtaíocht eile malartú sonraí na gcliant.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), beidh beartais iomchuí ag institiúid maidir leis an mbealach a láimhseáiltear cliaint aonair ar oibleagáideoirí iad agus grúpaí cliant nasctha. Beidh próiseas sna beartais sin chun Sainriosca Comhghaolmhaireachta a shainaithint i gcás gach eintitis dhlítheanaigh a bhfuil an institiúid neamhchosanta ina leith.
Chun críocha Chaibidil 6, déanfar idirbhearta le contrapháirtithe i gcásanna inar sainaithníodh Sainriosca Comhghaolmhaireachta a láimhseáil ar bhealach difriúil nuair a bheidh luach na neamhchosanta á ríomh acu.
Airteagal 173
Sláine an phróisis sannta
►M17 I gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla nó eintitis earnála poiblí, neamhchosaintí ar institiúidí agus neamhchosaintí ar chorparáidí, comhlíonfaidh an próiseas sannacháin na ceanglais seo a leanas: ◄
Is páirtí neamhspleách nach mbaineann aon tairbhe dhíreach as aon chinneadh síneadh a chur leis an gcreidmheas a dhéanfaidh nó a fhaomhfaidh na sanntaí agus na hathbhreithnithe tréimhsiúla ar na sanntaí;
Athbhreithneoidh institiúidí na sanntaí uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad agus déanfaidh siad an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe. Déanfar athbhreithnithe níos minice ar oibleagáideoirí ►C9 ardriosca ◄ agus ar ►C9 neamhchosaintí ◄ a bhfuil fadhb ag baint leo. Gabhfaidh institiúidí sannadh nua ar láimh má bhíonn faisnéis ábhartha ar an oibleagáideoir nó ar an ►C9 neamhchosaint ◄ ar fáil;
Beidh próiseas éifeachtach ag institiúid chun faisnéis ábhartha maidir le saintréithe oibleagáideora a dhéanann difear do PDanna agus faisnéis maidir le saintréithe idirbhirt a dhéanann difear do LGDanna nó d'fhachtóirí coinbhéartacha a fháil agus a nuashonrú.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 174
Úsáid samhlacha
Úsáidfidh institiúidí modhanna staitistiúla nó matamaiticiúla eile (“samhlacha”) chun neamhchosaintí a shannadh d’oibleagáideoir nó do ghráid nó do chomhthiomsuithe saoráidí. Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
beidh acmhainn mhaith réamhaisnéise ag an tsamhail agus ní chuirfear na ceanglais cistí dílse as a riocht de bharr í a úsáid;
beidh próiseas i bhfeidhm ag an institiúid chun na hionchuir sonraí sa tsamhail a sheiceáil, lena n-airítear measúnú ar bheachtas, ar chomhláine agus ar oiriúnacht na sonraí;
beidh na sonraí a úsáidfear chun an tsamhail a thógáil ionadaíoch do dhaonra oibleagáideoirí nó ►C9 neamhchosaintí ◄ iarbhír na hinstitiúide;
beidh timthriall rialta bailíochtaithe samhla ag an institiúid lena n-áireofar faireachán ar fheidhmíocht agus ar chobhsaíocht na samhla; athbhreithniú ar shonraíocht na samhla; agus tástáil ar aschuir na samhla in aghaidh na dtorthaí;
comhlánóidh an institiúid an tsamhail staitistiúil le breithiúnas daonna agus le formhaoirseacht dhaonna chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sanntaí atá bunaithe ar an tsamhail agus lena áirithiú go n-úsáidfear na samhlacha go hiomchuí. Is é aidhm a bheidh ag na nósanna imeachta athbhreithnithe na hearráidí a thagann as laigí na samhla a aimsiú agus a theorannú. Déanfaidh an breithiúnas daonna gach faisnéis ábhartha nár cuireadh san áireamh sa tsamhail a chur san áireamh. Doiciméadóidh an institiúid an chaoi nach mór an breithiúnas daonna agus torthaí na samhla a thabhairt le chéile.
Chun críocha na chéad mhíre, pointe (a), beidh na hathróga ionchuir ina mbonn réasúnach éifeachtach leis na réamhaisnéisí a sholáthrófar. Ní bheidh aon laofacht ábhartha sa tsamhail. Beidh nasc feidhmeach idir ionchuir agus aschuir na samhla, a fhéadfar a chinneadh trí bhreithiúnas saineolaithe, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 175
Doiciméadú na gcóras rátála
I gcás ina n-úsáideann an institiúid samhlacha staitistiúla sa phróiseas rátála, doiciméadóidh an institiúid a modheolaíochtaí. Déanfar an méid seo a leanas sa doiciméadacht sin:
achoimre mhionsonraithe a sholáthar ar an teoiric, ar na toimhdí agus ar an mbunús matamaiticiúil agus eimpiriciúil is bonn le sannadh na meastachán do ghráid, d'oibleagáideoirí aonair, do ►C9 neamhchosaintí ◄ nó do comhthiomsuithe, agus ar an bhfoinse/na foinsí sonraí a úsáideadh chun an tsamhail a mheas;
dianphróiseas staitistiúil a bhunú, lena n-áirítear trialacha feidhmíochta as am agus as sampla chun an tsamhail a bhailíochtú;
na dálaí a thabhairt le fios nach n-oibríonn an tsamhail go éifeachtach iontu.
Airteagal 176
Cothabháil sonraí
►M17 I gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla nó eintitis earnála poiblí, neamhchosaintí ar institiúidí agus neamhchosaintí ar chorparáidí, déanfaidh na hinstitiúidí an méid seo a leanas a bhailiú agus a stóráil: ◄
tuairiscí iomlána rátála ar oibleagáideoirí agus ar ráthóirí aitheanta;
na dátaí ar ar sannadh na rátálacha;
na príomhshonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh le teacht ar an rátáil;
an duine atá freagrach as an sanndh rátála;
céannacht na n-oibleagáideoirí agus na ►C9 neamhchosaintí ◄ a mhainnigh;
dáta agus na dálaí na mainneachtana sin;
sonraí maidir leis na PDanna agus na rátaí mainneachtana réadaithe a bhaineann le gráid rátála agus le himirce rátálacha.
Baileoidh agus stórálfaidh institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta na nithe seo a leanas:
tuairiscí iomlána na sonraí ar na rátálacha saoráide agus ar na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a bhaineann le gach aon scála rátála;
na dátaí ar ar sannadh na rátálacha agus ar a ndearnadh na meastacháin;
na príomhshonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh le teacht ar na rátálacha saoráide agus ar na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta;
an duine a shann an rátáil saoráide agus an duine a sholáthair na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta;
sonraí maidir leis na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta measta agus réadaithe a bhaineann le gach ►C9 neamhchosanta ◄ mhainnigh;
sonraí maidir le LGD na ►C9 neamhchosanta ◄ roimh mheastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí ráthaíochta nó díorthaigh chreidmheasa agus ina dhiaidh sin, i gcás na n-institiúidí sin a chuireann i gcuntas sa LGD an chaoi a maolaíonn na ráthaíochtaí nó na díorthaigh chreidmheasa an ►C9 riosca ◄ creidmheasa;
sonraí maidir le comhpháirteanna an chaillteanais i gcás gach ►C9 neamhchosanta ◄ a mhainnigh.
I gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol, baileoidh agus stórálfaidh institiúidí na nithe seo a leanas:
na sonraí á úsáidtear agus ►C9 neamhchosaintí ◄ á sannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe;
sonraí maidir leis na PDanna, na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta measta a bhaineann le gráid nó le comhthiomsuithe ►C9 neamhchosaintí ◄ ;
céannacht na n-oibleagáideoirí agus na ►C9 neamhchosaintí ◄ a mhainnigh;
sonraí maidir le rátaí caillteanais i gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol.
Airteagal 177
Tástálacha struis a úsáidtear chun leordhóthanacht caipitil a mheasúnú
Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir le cur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 2a.
▼M17 —————
Airteagal 178
Mainneachtain oibleagáideora nó saoráide creidmheasa
Measfar go mbeidh mainneachtain tar éis tarlú maidir le hoibleagáideoir ar leith má tharlaíonn ceachtar den dá rud a leanas nó an dá rud:
measann an institiúid nach dócha go n-íocfaidh an t-oibleagáideoir iomlán a oibleagáidí creidmheasa leis an institiúid, leis an máthairchuideachta nó le ceann ar bith dá fochuideachtaí gan an institiúid dul i muinín birt amhail urrús a réadú;
tá an t-oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 90 lá in aon oibleagáid chreidmheasa ábhartha i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí.
I gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí an sainmhíniú ar mhainneachtain a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide aonair creidmheasa seachas ar na hoibleagáidí iomlána a bheidh ag iasachtaí.
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas chun críocha phointe (b) de mhír 1:
i gcás rótharraingtí, tosaíonn na laethanta thar téarma a luaithe a sháraíonn an t-oibleagáideoir teorainn mholta, a luaithe a mholtar teorainn dó atá níos lú ná na suimeanna gan íoc, nó a luaithe atá creidmheas tarraingthe aige gan údarás, nuair atá an méid bunúsach ábhartha;
chun críocha phointe (a), cuimsíonn teorainn mholta aon teorainn chreidmheasa a chinn an institiúid agus a d'fhógair an institiúid don oibleagáideoir;
i gcás cártaí creidmheasa, tosaíonn na laethanta thar téarma ar an dáta a bhfuil an íos-íocaíocht dlite.
ábharthacht oibleagáid chreidmheasa thar theárma a mheasúnófar le tairseach, arna sainiú ag na húdaráis inniúla. Cuirfear i gcuntas sa tairseach seo an leibhéal ►C9 riosca ◄ is dóigh leis an údarás inniúil a bheith réasúnta;
beidh beartais dhoiciméadaithe ag institiúidí i leith áireamh na laethanta thar téarma, go háirithe maidir le hathaosú na saoráidí agus le síntí, leasuithe nó iarchur a cheadú, athnuachaintí, agus glanluacháil a dhéanamh ar chuntais atá ann cheana. Cuirfear na beartais sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama, agus beidh siad I gcomhréir le próisis chinnteoireachta agus le bainistíocht ►C9 riosca ◄ inmheánach na hinstitiúide.
Chun críocha phointe (a) de mhír 1, áireofar na heilimintí seo a leanas mar tháscairí ar mhídhóchúlacht na híocaíochta:
tugann an institiúid an stádas “neamhfhabhraithe” don oibleagáid chreidmheasa;
díolann an institiúid an oibleagáid chreidmheasa faoi chaillteanas eacnamaíoch ábhartha a bhaineann le creidmheas;
toilíonn an institiúid le beart staonta dá dtagraítear in Airteagal 47b den oibleagáid creidmheasa i gcás inar dóigh go mbeidh mar thoradh ar an mbeart sin oibleagáid airgeadais níos lú mar gheall ar chealú ábhartha nó ar chur siar na príomhshuime, an úis nó, i gcás inarb ábhartha, na dtáillí;
tá an institiúid tar éis iarratas oifigiúil a dhéanamh ar ordú féimheachta nó ordú dá leithéid i leith oibleagáid chreidmheasa an oibleagáideora i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí;
tá an t-oibleagáideoir tar éis féimheacht a iarraidh nó breithníodh é ina fhéimheach nó tá sé tar éis cosaint dá samhail a iarraidh nó a fháil i gcás ina mbacfaí nó ina gcuirfí moill ar aisíocaíocht na hoibleagáide creidmheasa i leith na hinstitiúide, na máthairchuideachta nó ceann ar bith dá fochuideachtaí dá bharr.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Faoin 10 Iúil 2025, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a nuashonrú. Go háirithe, tabharfar aird chuí sa nuashonrú sin ar an ngá atá le hinstitiúidí a spreagadh chun dul i mbun athstruchtúrú réamhghníomhach coisctheach fóinteach fiachais chun tacú leis na hoibleagáideoirí.
Agus na treoirlínte sin á gceapadh aige, déanfaidh ÚBE breithniú cuí ar an ngá atá le solúbthacht leordhóthanach a dheonú d’institiúidí nuair a dhéanfar sonrú ar cad is ann “d’oibleagáid laghdaithe airgeadais” chun críocha mhír 3, pointe (d).
Airteagal 179
Ceanglais fhoriomlána maidir le meastachán a dhéanamh
Agus na paraiméadair ►C9 riosca ◄ a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm.
beidh gach sonra, faisnéis agus modh ábhartha ar áireamh i meastacháin na hinstitiúide féin ar na paraiméadair ►C9 riosca ◄ , PD, LGD, fachtóirí coinbhéartachta agus EL. Díorthófar na meastacháin trí úsáid a bhaint as an taithí stairiúil agus as an bhfianaise eimpíreach araon, gan dul i muinín ceisteanna breithiúnais amháin. Beidh na meastacháin dealraitheach agus iomasach agus iad bunaithe ar spreagaí gach paraiméadair ►C9 riosca ◄ faoi seach. Dá laghad sonraí a bheidh ag institiúid, is amhlaidh is coimeádaí a bheidh sí ina meastachán;
beidh institiúid in ann miondealú a chur ar fáil ar stair a chaillteanais maidir le minicíocht na mainneachtana, LGD, fachtóir coinbhéartachta, nó caillteanas i gcás ina n-úsáidtear meastachán EL, ar bhonn na bhfachtóirí a mheasann sí a bheith ina spreagaithe le gach paraiméadair ►C9 riosca ◄ faoi leith. Beidh an taithí fhadtéarmach curtha san áireamh i meastacháin na hinstitiúide;
cuirfear san áireamh aon athrú a thiocfaidh ar an gcleachtas iasachtaithe nó ar an bpróiseas chun fiacha a ghnóthú dá dtagraítear in Airteagal 180(1)(h) agus (2)(e), in Airteagal 181(1)(j) agus (2), agus in Airteagal 182(2) agus (3). Cuirfear san áireamh i meastacháin na hinstitiúide impleachtaí an dul chun cinn teicniúil agus sonraí nua agus faisnéis eile, de réir mar a chuirfear iad sin ar fáil. Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar a meastacháin nuair a thiocfaidh faisnéis nua chun solais agus ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana;
beidh líon na ►C9 neamhchosaintí ◄ atá san áireamh sna sonraí a úsáideadh le haghaidh an mheastacháin, na caighdeáin iasachtaithe a úsáideadh nuair a gineadh na sonraí, agus saintréithe ábhartha eile, beidh siad inchomparáide leo siúd a bhaineann le ►C9 neamhchosaintí ◄ agus le caighdeáin na hinstitiúide. Beidh dálaí an mhargaidh nó dálaí eacnamaíocha is bonn leis na sonraí ábhartha do na dálaí reatha nó ionchasacha. Beidh líon na ►C9 neamhchosaintí ◄ sa sampla agus an tréimhse shonraí a úsáideadh le haghaidh an chainníochtú leordhóthanach le go mbeidh muinín ag an institiúid as beachtas agus as stóinseacht a meastachán;
i gcás earraí infhaighte ceannaithe, cuirfear i gcuntas sna meastacháin gach faisnéis iomchuí a bheidh ar fáil don institiúid cheannaigh maidir le caighdeán na n-earraí infhaighte foluiteacha, lena n-áirítear sonraí maidir le comhthiomsuithe comhchosúla arna gcur ar fáil ag an díoltóir, ag an institiúid cheannaigh, nó ag foinsí seachtracha. Déanfaidh an institiúid cheannaigh meastóireacht ar aon sonra a chuirtear san áireamh arbh é an díoltóir a chuir ar fáil é;
chun claontachtaí a shárú, áireoidh institiúid coigeartuithe iomchuí ina meastacháin a mhéid is féidir; tar éis di coigeartú iomchuí a áireamh, cuirfidh institiúid corrlach choimeádachais leordhóthanach lena meastacháin a bhaineann le raon ionchasach na n-earráidí meastacháin; i gcás ina meastar nach bhfuil na modhanna agus na sonraí sásúil nó go bhfuil raon ionchasach na n-earráidí níos mó, beidh an corrlach choimeádachais níos mó.
I gcás ina n-úsáideann institiúidí meastacháin éagsúla chun na hualuithe ►C9 riosca ◄ a ríomh nó chun críocha inmheánacha, doiciméadófar é sin agus beidh sé réasúnta. Más féidir le hinstitiúidí a léiriú dá n-údaráis inniúla go ndearnadh coigeartuithe iomchuí ar na sonraí a bailíodh roimh an 1 Eanáir 2007 sa chaoi is go bhfuil siad coibhéiseach, tríd is tríd, leis an sainmhíniú ar mhainneachtain atá leagtha síos in Airteagal 178 nó le caillteanas, féadfaidh údaráis inniúla roinnt solúbthachta a cheadú do na hinstitiúidí maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán arna gceangal maidir le sonraí.
I gcás ina n-úsáideann institiúid sonraí atá comhthiomsaithe thar institiúidí éagsúla, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:
tá córais rátála agus critéir na n-institiúidí eile sa chomhthiomsú cosúil lena cuid córas rátála agus critéar féin;
tá an comhthiomsú ionadaíoch don phunann a n-úsáidtear na sonraí comhthiomsaithe lena aghaidh;
úsáideann an institiúid na sonraí comhthiomsaithe go comhsheasmhach le himeacht ama dá meastacháin;
leanfaidh an institiúid de bheith freagrach as sláine a córais rátála;
coimeádfaidh an institiúid ar bun an t-eolas atá ag a foireann ar chórais rátála i gcónaí, lena n-áirítear an cumas faireachán agus iniúchóireacht éifeachtach a dhéanamh ar an bpróiseas rátála.
Airteagal 180
Ceanglais a bhaineann go sonrach le meastachán ar PD
►M17 Agus na paraiméadair riosca a bhainfidh leis na gráid nó leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh na hinstitiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le meastachán PD a chur i bhfeidhm i gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí, neamhchosaintí ar institiúidí agus neamhchosaintí ar chorparáidí: ◄
déanfaidh institiúidí meastachán ar PDanna de réir grád oibleagáideora ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana aon bhliain amháin. Cuirfear san áireamh i meastacháin PD oibleagáideoirí atá dianluamhánaithe nó oibleagáideoirí ar sócmhainní trádáilte den chuid is mó a sócmhainní feidhmíocht na sócmhainní foluiteacha ar bhonn tréimhsí luaineachta struis;
i gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe féadfaidh institiúidí an EL de réir an ghráid oibleagáideora a mheas ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana réadaithe aon bhliain amháin;
má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PDanna agus LGDanna i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe ó mheastachán EL, agus ar mheastachán iomchuí ar PD nó ar LGD, comhlíonfaidh an próiseas chun na caillteanais iomlána a mheas na caighdeáin ghinearálta maidir le meastacháin ar PDanna agus LGDanna atá leagtha amach sa chuid seo, agus beidh an toradh comhsheasmhach le coincheap an LGD mar atá sé leagtha amach in Airteagal 181(1)(a);
ní bhainfidh institiúidí úsáid as teicnící measta PD gan anailís a chur mar thaca leo. Cuirfidh institiúidí san áireamh an tábhacht a bhaineann le breithiúnas maidir le torthaí na dteicnící a chur le chéile agus coigeartuithe a dhéanamh i ngeall ar easnamh na dteicnící agus na faisnéise;
sa mhéid go n-úsáideann institiúid sonraí maidir leis an taithí inmheánach ar an mainneachtain chun PDanna a mheas, cuirfear san áireamh sna meastacháin na caighdeáin frithgheallta reatha agus na difríochtaí sa chóras rátála a ghin na sonraí agus an córas rátála reatha; I gcás ina bhfuil athrú tagtha ar na caighdeáin frithgheallta nó ar na córais rátála, tar éis coigeartú iomchuí a chur san áireamh, cuirfidh an institiúid corrlach coimeádachais níos mó lena meastachán ar PD a bhaineann le raon ionchasach na n-earráidí meastacháin nach bhfuil cumhdaithe cheana féin leis an gcoigeartú iomchuí;
sa mhéid go gcomcheanglaíonn nó go mapálann institiúid a gráid inmheánacha leis an scála a úsáideann IMCS nó eagraíochtaí dá leithéid agus go sannann sí ansin an ráta mainneachtana atá le haithint ar ghráid na heagraíochta seachtraí do ghráid na hinstitiúide, beidh na mapálacha bunaithe ar chomparáid idir na critéir rátála inmheánacha agus na critéir a úsáideann an eagraíocht sheachtrach agus ar chomparáid idir na rátálacha inmheánacha agus na rátálacha seachtracha i gcás aon oibleagáideoir atá i bpáirt acu. Seachnófar laofachtaí nó neamhréireanna sa chur chuige mapála nó sna bunsonraí. Beidh critéir na heagraíochta seachtraí a fholuíonn na sonraí a úsáidfear don chainníochtú dírithe ar an ►C9 riosca ◄ mainneachtana amháin agus ní chuirfidh siad saintréithe na n-idirbheart san áireamh. Áireofar san anailís a dhéanfaidh an institiúid comparáid idir na sainmhínithe ar mhainneachtain arna n-úsáid, faoi réir na gceanglas in Airteagal 178. Doiciméadóidh an institiúid bunús na mapála;
sa mhéid go n-úsáideann institiúid samhlacha staitistiúla chun mainneachtain a thuar, is ceadmhach meastachán a dhéanamh ar na PDanna mar mheán simplí na meastachán ar dhóchúlacht mainneachtana oibleagáideoirí aonair in aon ghrád ar leith. An úsáid a bhainfidh an institiúid as samhlacha um dhóchúlacht mainneachtana chun na críche seo, comhlíonfaidh sí na caighdeáin atá leagtha amach in Airteagal 174;
is cuma cé acu foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán den trí rud sin a úsáideann an institiúid dá meastachán PD, beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla foluití cothrom le 5 bliana ar a laghad i gcás foinse amháin díobh ar a laghad;
gan beann ar an modh a úsáidfear chun PD a mheas, déanfaidh institiúidí meastachán ar PD i gcás gach gráid rátála bunaithe ar an meánráta stairiúil mainneachtana bliana breathnaithe, ar meán uimhríochtúil é bunaithe ar líon na n-oibleagáideoirí (a ualaítear ó thaobh a lín); ní cheadófar cineálacha cur chuige eile, lena n-áirítear meáin a ualaítear ó thaobh na neamhchosanta.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (h), den mhír seo, i gcás inar faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil i gcás aon fhoinse ar leith, agus i gcás ina mbeidh na sonraí sin ábhartha, is í an tréimhse is faide sin a úsáidfear. Cuimseoidh na sonraí sin meascán ionadaíoch de bhlianta maithe agus de dhrochbhlianta an timthrialla eacnamaíoch a bheidh ábhartha don chineál neamhchosaintí. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, institiúidí nach mbeidh cead faighte acu ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin féin ar LGD ná IRB-CCF a úsáid, féadfaidh siad sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse 2 bhliain a úsáid le linn dóibh Cur Chuige IRB a chur chun feidhme. Cuirfear 1 bhliain amháin gach bliain leis an tréimhse atá le cumhdach go dtí go gcumhdóidh sonraí ábhartha tréimhse 5 bliana ar a laghad.
I gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
déanfaidh institiúidí meastachán ar PDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe oibleagáideora nó saoráide ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana bliana, agus ní ríomhfar rátaí mainneachtana ar leibhéal na saoráide ach amháin i gcás ina gcuirfear sainiú na mainneachtana i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide creidmheasa aonair de bhun Airteagal 178(1), an dara fomhír;
féadfar meastacháin PD a dhéanamh freisin ar bhonn meastachán na gcaillteanas iomlán agus ar bhonn meastachán ábhartha ar LGDanna;
measfaidh na hinstitiúidí gurb iad na sonraí inmheánacha maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe príomhfhoinse na faisnéise chun meastachán a dhéanamh ar shaintréithe an chaillteanais. Féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as sonraí seachtracha (lena n-áirítear sonraí comhthiomsaithe) nó samhlacha staitistiúla don chainníochtú ar an gcoinníoll go mbeidh an dá nasc láidir seo i gceist:
idir próiseas na hinstitiúide maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ a shannadh do ghráid nó do chomthiomsuithe agus an próiseas a úsáideann foinse na sonraí seachtracha; agus
idir próifíl ►C9 riosca ◄ inmheánach na hinstitiúide agus comhdhéanamh na sonraí seachtracha;
má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PD agus LGD i leith ►C9 neamhchosaintí ◄ miondíola a dhíorthú ó mheastachán ar chaillteanais iomlána ◄ agus ar mheastachán ábhartha ar PD nó an LGD, comhlíonfaidh an próiseas chun meastachán a dhéanamh ar na caillteanais iomlána na caighdeáin ghinearálta maidir leis meastacháin PD agus LGD atá leagtha amach sa chuid seo, agus beidh an toradh comhsheasmhach le coincheap an LGD mar atá sé leagtha amach i bpointe (a) d'Airteagal 181(1);
is cuma cé acu foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán den trí rud sin, a úsáideann an institiúid dá meastachán PD, beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla foluití cothrom le 5 bliana ar a laghad i gcás foinse amháin díobh ar a laghad;
I gcás earraí infhaighte ceannaithe, féadfaidh institiúidí sonraí tagartha inmheánacha agus seachtracha a úsáid. Bainfidh na hinstitiúidí úsáid as gach foinse sonraí ábhartha mar phointí comparáide.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), beidh PD bunaithe ar an meánráta stairiúil mainneachtana bliana breathnaithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (e), i gcás inar faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil i gcás aon fhoinse ar leith, agus i gcás ina mbeidh na sonraí sin ábhartha, is í an tréimhse is faide sin a úsáidfear. Cuimseoidh na sonraí sin meascán ionadaíoch de bhlianta maithe agus de dhrochbhlianta an timthrialla eacnamaíoch a bheidh ábhartha don chineál neamhchosaintí. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse 2 bhliain a úsáid. Cuirfear 1 bhliain amháin gach bliain leis an tréimhse atá le cumhdach go dtí go gcumhdóidh sonraí ábhartha 5 bliana ar a laghad.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 181
Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna
Agus na paraiméadair ►C9 riosca ◄ a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna i bhfeidhm.
déanfaidh institiúidí meastachán ar LGDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn na meán-LGDanna réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí (an meán mainneachtain-ualaithe);
úsáidfidh institiúidí meastacháin ar LGDanna atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad sin níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála LGDanna réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair ►C9 riosca ◄ de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun iarmhairt an ghéarchoir sa gheilleagar ar an gcaipiteal a theorannú;
breithneoidh institiúid a mhéid a bhraitheann riosca an oibleagáideora, ar thaobh amháin, agus riosca na cosanta creidmheasa cistithe nó riosca an tsoláthraí cosanta sin, ar an taobh eile, ar a chéile, seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe;
déanfar neamhréireanna airgeadra idir an oibleagáid fholuiteach agus an chosaint creidmheasa chistithe seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe a láimhseáil go coimeádach maidir le measúnú na hinstitiúide ar LGD;
a mhéid a chuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGD cosaint creidmheasa chistithe a bheith ann seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe, ní bheidh na meastacháin sin bunaithe ar mhargadhluach measta na cosanta creidmheasa cistithe sin amháin;
a mhéid a chuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGD cosaint creidmheasa chistithe seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe, bunóidh institiúidí ceanglais inmheánacha maidir le bainistíocht, deimhneacht dhlíthiúil agus bainistíocht riosca na cosanta creidmheasa cistithe sin, agus beidh na ceanglais sin comhsheasmhach i gcoitinne leis na cinn a leagtar amach i gCaibidil 4, Roinn 3, Foroinn 1;
a mhéid a aithneoidh institiúid cosaint creidmheasa chistithe seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe chun luach na neamhchosanta ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6, Roinn 5 nó 6, ní chuirfear san áireamh sna meastacháin LGD aon suim a bhfuiltear ag súil lena gnóthú ón gcosaint creidmheasa chistithe sin;
maidir le sainchás na ►C9 neamhchosaintí ◄ atá ar mainneachtain cheana, úsáidfidh an institiúid suim an mheastacháin is fearr atá aici ar an gcaillteanas ionchasach do gach ►C9 neamhchosaint ◄ díobh de réir dálaí eacnamaíocha reatha agus stádas na ►C9 neamhchosanta ◄ agus a meastachán faoin ardú ar an ráta caillteanais a bheidh ann mar gheall ar chaillteanais eile a d'fhéadfadh a bheith ann nach raibh súil leo i rith na tréimhse aisghnóthaithe, i.e. idir an dáta a ndéanfar an mainneachtain agus dáta leachtú deiridh na ►C9 neamhchosanta ◄ ;
a mhéid a chaipitlítear ar tháillí ar íocaíochtaí déanacha, arna ngearradh ar an oibleagáideoir roimh thráth na mainneachtana, i ráiteas ioncaim na hinstitiúide, cuirfear iad sin le tomhas na hinstitiúide ar neamhchosaint agus ar chaillteanas;
i gcás neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí, bunófar na meastacháin LGD ar shonraí thar 5 bliana ar a laghad, agus cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse sin tar éis a gcur chun feidhme go dtí go sroichfear 7 mbliana ar a laghad, i gcás foinse sonraí amháin ar a laghad, más faide an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh ar fáil d’aon fhoinse ar bith, agus má tá na sonraí ábhartha, úsáidfear an tréimhse is faide sin.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, cuirfidh institiúid gnóthuithe arna réadú le linn na bpróiseas ábhartha gnóthaithe ó aon chineál de chosaint creidmheasa chistithe agus ó chosaint creidmheasa neamhchistithe nach dtagann faoi réim an tsainmhínithe in Airteagal 142(1), pointe (10), san áireamh mar is iomchuí.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), is go coimeádach a láimhseálfar cásanna ina bhfuil spleáchas suntasach.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (e), cuirfear san áireamh sna meastacháin LGD cén chaoi a rachadh sé i gcion ar na hinstitiúidí gan a bheith in ann a gcomhthaobhacht a ghabháil go gasta agus í a leachtú.
I gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh:
na meastacháin ar LGDanna a dhíorthú ó na caillteanais réadaithe agus ar mheastacháin ábhartha ar PDanna;
tarraingtí todhchaí a chur san áireamh ina bhfachtóirí coinbhéartachta nó ina meastacháin ar LGDanna;
I gcás earraí infhaighte ceannaithe, sonraí tagartha inmheánacha agus seachtracha a úsáid chun LGDanna a mheas.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), i gcás ina n-áiríonn institiúidí tarraingtí breise amach anseo ina bhfachtóirí coinbhéartachta, ba cheart iad sin a chur san áireamh in LGD san uimhreoir agus san ainmneoir araon. I gcás nach n-áiríonn institiúidí tarraingtí breise amach anseo ina bhfachtóirí coinbhéartachta, ba cheart iad sin a chur san áireamh in uimhreoir LGD amháin.
I gcás neamhchosaintí miondíola, bunófar meastacháin LGD ar shonraí thar 5 bliana ar a laghad. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse 2 bhliain a úsáid. Cuirfear bliain amháin gach bliain leis an tréimhse atá le cumhdach go dtí go gcumhdóidh sonraí ábhartha tréimhse 5 bliana ar a laghad.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
cineál, géire agus fad an ghéarchoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1;
na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid de bhun mhír 2 sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid, nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Chun críche caillteanas a ríomh, eiseoidh ÚBE, faoin 31 Nollaig 2025, treoirlínte nuashonraithe, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis an méid seo a leanas:
maidir le cásanna a fhilleann ar stádas neamh-mhainnithe, lena sonrófar an chaoi a ndéanfar sreabhadh airgid saorga a láimhseáil agus cé acu atá nó nach bhfuil sé níos iomchuí d’institiúidí an sreabhadh airgid saorga a lascainiú le linn na tréimhse mainneachtana iarbhír;
measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil calabrú agus cur i bhfeidhm an ráta lascaine iomchuí chun caillteanas eacnamaíoch a ríomh ar fud na neamhchosaintí uile.
Airteagal 182
Ceanglais a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta
Agus na paraiméadair ►C9 riosca ◄ a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar fhachtóirí coinbhéartachta a chur i bhfeidhm:
déanfaidh institiúidí fachtóirí coinbhéartachta a mheas de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn mheán na bhfachtóirí coinbhéartachta réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as an meán mainneachtain-ualaithe a thig ó gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí;
úsáidfidh na hinstitiúidí meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta LGD atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála fachtóirí coinbhéartachta réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair ►C9 riosca ◄ de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun éifeacht an ghéarchoir eacnamaíoch ar an gcaipiteal a theorannú;
léireofar in IRB-CCF institiúidí an fhéidearthacht go ndéanfaidh oibleagáideoir tarraingtí breise go dtí go spreagfar teagmhas mainneachtana agus ina dhiaidh sin;
le linn dóibh teacht ar mheastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta, cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh na beartais agus na straitéisí sonracha lenar ghlac siad maidir leis an bhfaireachán ar chuntais agus le próiseáil na n-íocaíochtaí. Cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh freisin a mhéid atá siad ábalta agus toilteanach tarraingtí eile a chosc i ndálaí atá gar don mhainneachtain, amhail sáruithe cúnaint nó teagmhais mhainneachtana theicniúla eile;
beidh córais agus nósanna imeachta leormhaithe ar bun ag institiúidí le faireachán a dhéanamh ar mhéideanna saoráide, ar mhéideanna gan íoc i gcomparáid leis na línte atá tiomanta agus ar na hathruithe ar na méideanna gan íoc de réir an oibleagáideora agus an ghráid. Beidh an institiúid i riocht faireachán a dhéanamh go laethúil ar aon iarmhéid gan íoc;
úsáidfear tréimhse shocraithe 12 mhí mar chur chuige chun IRB-CCF institiúidí a mheas;
beidh IRB-CCF institiúidí bunaithe ar shonraí tagartha ina léireofar saintréithe chleachtais bainistíochta an oibleagáideora, na saoráide agus an bhainc i leith na neamhchosaintí dá gcuirfear na meastacháin i bhfeidhm.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), i gcás ina dtugann institiúidí faoi deara go bhfuil fachtóir coinbhéartachta réadaithe diúltach ag gabháil dá mbreathnuithe mainneachtana, beidh an fachtóir coinbhéartachta réadaithe ar na breathnuithe sin cothrom le nialas chun críche a gcuid IRB-CCF a chainníochtú. Féadfaidh institiúidí an fhaisnéis faoin bhfachtóir coinbhéartachta réadaithe diúltach a úsáid le linn fhorbairt na samhla chun críche difreáil riosca.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), cuimseofar in IRB-CCF corrlach choimeádachais níos mó i gcás inar féidir ionchas a bheith leis, ar bhonn réasúnach, go mbeidh comhghaol deimhneach níos láidre ann idir minicíocht na mainneachtana agus méid an fhachtóra coinbhéartachta.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (g), déanfar gach mainneachtain a nascadh le saintréithe ábhartha an oibleagáideora agus na saoráide ar an dáta tagartha socraithe a shainmhínítear mar 12 mhí roimh dháta na mainneachtana.
Chun críocha mhír 1, pointe (h), ní bheidh IRB-CCF arna chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí ar leith bunaithe ar shonraí a mheascann na héifeachtaí atá ag saintréithe éagothroma ná ar shonraí ó neamhchosaintí a léiríonn saintréithe riosca éagsúla ó thaobh ábhair de. Beidh IRB-CCF bunaithe ar dheighleoga aonchineálacha mar is iomchuí. Chun na críche sin, ní cheadófar na cleachtais seo a leanas ach amháin ar bhonn grinnscrúdú agus réasúnú mionsonraithe arna ndéanamh ag institiúid:
sonraí foluiteacha FBM/meánmhargaidh a bheith á gcur i bhfeidhm maidir le hoibleagáideoirí corparáideacha móra;
sonraí ó ghealltanais, ar beag a n-infhaighteacht teorann gan úsáid, a bheith á gcur i bhfeidhm maidir le saoráidí ar mór an infhaighteacht teorann gan úsáid atá acu;
sonraí ó oibleagáideoirí atá thar téarma nó bactha in aghaidh tuilleadh tarraingtí anuas a dhéanamh tráth an dáta tagartha a bheith á gcur i bhfeidhm maidir le hoibleagáideoirí nach eol iad a bheith thar téarma nó faoi shrianta ábhartha;
sonraí a ndearna athruithe i meascán iasachtaí agus táirgí eile creidmheasa na n-oibleagáideoirí difear dóibh thar an tréimhse breathnóireachta mura rud é go bhfuil na sonraí sin coigeartaithe go héifeachtach trí éifeachtaí na n-athruithe sa mheascán táirgí a bhaint.
Chun críocha mhír 1a, pointe (d), léireoidh institiúidí do na húdaráis inniúla go bhfuil tuiscint mhionsonraithe acu ar an tionchar a imríonn athruithe i meascán táirgí custaiméara ar thacair sonraí tagartha na neamhchosaintí agus IRB-CCF gaolmhar, agus go bhfuil an tionchar neamhábhartha nó maolaithe go héifeachtach laistigh dá bpróiseas meastacháin. Ina leith sin, ní mheasfar gurb iomchuí iad na nithe seo a leanas:
íosrátaí nó uasteorainneacha ar IRB-CCF nó breathnóireacht ar luach neamhchosanta a shocrú, cé is moite den fhachtóir coinbhéartachta réadaithe atá cothrom le nialas, i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1;
úsáid a bhaint as meastacháin ar leibhéal an oibleagáideora nach gcumhdaítear leo ina n-iomláine na roghanna ábhartha claochlaithe táirge nó a gcomhcheanglaítear leo go míchuí táirgí a bhfuil saintréithe an-éagsúil acu;
gan ach breathnóireachtaí ábhartha a ndearna claochlú táirge difear dóibh a choigeartú;
breathnóireachtaí a ndearna claochlú próifíle táirge difear dóibh a eisiamh.
I gcás neamhchosaintí miondíola, bunófar meastacháin ar fhachtóirí coinbhéartachta ar shonraí thar 5 bliana ar a laghad. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúidí, le linn dóibh Cur Chuige IRB a chur chun feidhme, sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse 2 bhliain a úsáid. Cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse atá le cumhdach gach bliain go dtí go gcumhdóidh sonraí ábhartha tréimhse 5 bliana ar a laghad.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
cineál, géire agus fad an ghéarchoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1;
na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme den chéad uair.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 183
Ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag cosaint creidmheasa neamhchistithe i gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí, agus, neamhchosaintí ar chorparáidí, i gcás ina n-úsáidtear a meastacháin LGD féin agus i gcás neamhchosaintí miondíola
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le ráthóirí agus ráthaíochtaí incháilithe:
i gcás ráthóirí aitheanta beidh feidhm ag na rialacha céanna sin a bhaineann le hoibleagáideoirí mar atá leagtha amach in Airteagal 171, Airteagal 172 agus Airteagal 173;
beidh an ráthaíocht fianaithe i scríbhinn, beidh sí neamh-inchealaithe agus neamh-inathraithe ó thaobh an ráthóra, beidh sí i bhfeidhm nó go gcomhlíonfar an oibleagáid ina hiomláine, a mhéid a bhaineann le méid agus aibíocht na ráthaíochta, agus is féidir í a chur i bhfeidhm le dlí i gcoinne an ráthóra i ndlínse ina bhfuil sócmhainní ag an ráthóir a fhéadfar a urghabháil chun breithiúnas a fhorfheidhmiú;
beidh an ráthaíocht gan choinníoll.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), ciallaíonn “ráthaíocht gan choinníoll” ráthaíocht nach bhfuil aon chlásal i gconradh na cosanta creidmheasa nach bhfuil a chomhlíonadh faoi rialú díreach na hinstitiúide iasachtaí agus a d’fhéadfadh cosc a chur ar an ráthóir a bheith faoi oibleagáid íocaíocht a dhéanamh go tráthúil de bhun mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora nó de bhun méid dlite gan a bheith íoctha ag an oibleagáideoir bunaidh. I gcás ina mbeidh clásal sa chonradh cosanta creidmheasa lena bhforáiltear go gcealófar nó go laghdófar fairsinge na ráthaíochta arna tairiscint ag an ráthóir i gcás dícheall cuí lochtach nó calaois a bheith déanta ag an institiúid iasachtaí, ní bheidh an ráthaíocht sin dícháilithe óna bheith measta mar ráthaíocht gan choinníoll.
I gcás ráthaíochtaí ina bhfuil íocaíocht an ráthóra faoi réir na hinstitiúide iasachtaí a bheith ag tóraíocht an oibleagáideora ar dtús agus nach gcumhdaítear leo ach caillteanais a bheidh fágtha tar éis don institiúid an próiseas réitigh a thabhairt i gcrích, measfar go bhfuil na ráthaíochtaí sin gan choinníoll.
Beidh na critéir dealraitheach iomasach. Tabharfaidh siad aghaidh ar chumas agus ar thoil an ráthóra feidhmiú faoin ráthaíocht, an uair is dócha a dhéanfaidh an ráthóir aon íocaíocht, a mhéid atá cumas an ráthóra maidir leis na téarmaí a chomhlíonadh comhghaolaithe le cumas an oibleagáideora an aisíocaíocht a dhéanamh agus a mhéid a fhanann an ►C9 riosca ◄ iarmharach i leith an oibleagáideora.
Tabharfaidh na critéir aghaidh ar struchtúr eisíocaíochta an díorthaigh chreidmheasa agus measúnóidh siad go coimeádach a iarmhairt ar leibhéal agus ar uainiú na n-aisghnóthuithe. Cuirfidh an institiúid san áireamh a mhéid atá cineálacha eile ►C9 riosca ◄ iarmharaigh fanta.
Féadfar díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain a aithint mar chosaint creidmheasa neamhchistithe incháilithe. Ní aithneofar díorthaigh chreidmheasa don dara mainneachtain ná aon díorthaigh chreidmheasa eile don n-ú mainneachtain mar chosaint creidmheasa neamhchistithe incháilithe.
▼M17 —————
Airteagal 184
Ceanglais maidir le hearraí infhaighte ceannaithe
Déanfaidh an institiúid faireachán ar cháilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus freisin ar staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora. Beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
déanfaidh an institiúid measúnú ar an gcomhghaol atá idir cáilíocht na n-earraí infhaighte ceannaithe agus staid airgeadais an díoltóra agus an tseirbhíseora, beidh beartais agus nósanna imeachta inmheánacha ar bun aici a mbeidh ina gcosaint iomchuí ar aon teagmhas, lena n-áirítear rátáil ►C9 riosca ◄ inmheánach a shannadh do gach díoltóir agus gach seirbhíseoir;
beidh beartais agus nósanna imeachta soiléire éifeachtacha ag an institiúid le hincháilitheacht an díoltóra agus an tseirbhíseora a chinneadh. Déanfaidh an institiúid nó a gníomhaire athbhreithnithe tréimhsiúla ar dhíoltóirí agus ar sheirbhíseoirí le beachtas thuarascálacha an díoltóra nó an tseirbhíseora a dheimhniú, le calaois nó laigí oibriúcháin a aimsiú agus le cáilíocht bheartais chreidmheasa an díoltóra agus cáilíocht bheartais agus nósanna imeachta bailiúcháin an tseirbhíseora a dheimhniú. Doiciméadófar torthaí na n-athbhreithnithe sin;
measúnóidh an institiúid saintréithe na gcomhthiomsaithe d'earraí infhaighte ceannaithe, lena n-áirítear ró-airleacain; stair riaráistí agus dhrochfhiacha an díoltóra agus stair a lamháltas in aghaidh drochfhiach; téarmaí íocaíochta agus cuntais contra ionchasacha;
beidh beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar bhonn comhiomláin ar chomhchruinnithe oibleagáideoirí aonair trasna comhthiomsuithe d'earraí infhaighte ceannaithe agus laistigh díobh;
áiritheoidh an institiúid go bhfaighidh sí tuarascálacha tráthúla mionsonraithe a ndóthain ón seirbhíseoir ar aosú agus ar chaolú na n-earraí infhaighte lena áirithiú go gcomhlíonfar critéir incháilitheachta na hinstitiúide agus na beartais airleacain a rialaíonn na hearraí infhaighte ceannaithe, agus le modh éifeachtach a chur ar fáil le faireachán a dhéanamh ar théarmaí díolta agus caolúcháin an díoltóra agus iad sin a dhaingniú.
Airteagal 185
Bailíochtú na meastachán inmheánach
Déanfaidh institiúidí bailíochtú ar a gcuid meastachán faoi réir na gceanglas seo a leanas:
beidh córais stóinsithe i bhfeidhm ag an institiúid chun cruinneas agus comhsheasmhacht na gcóras rátála agus na bpróiseas a bhailíochtú, mar aon leis an meastachán ar gach paraiméadar ►C9 riosca ◄ ábhartha. Cuirfidh an próiseas bailíochtaithe inmheánach ar chumas na hinstitiúide measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras rátála agus na meastachán ►C9 riosca ◄ inmheánach go comhsheasmhach agus go fóinteach;
déanfaidh institiúidí comparáid go rialta idir na rátaí mainneachtana a réadaíodh agus PDanna measta gach gráid agus, má tá na rátaí mainneachtana lasmuigh den raon a bhfuil súil leis sa ghrád sin, déanfaidh na hinstitiúidí anailís shonrach ar na cúiseanna is bun leis an diall. Institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartachta féin, déanfaidh siad anailís den chineál céanna i gcás na meastachán sin. Bainfidh na comparáidí seo úsáid as sonraí stairiúla a chumhdaíonn an tréimhse is faide is féidir. Tabharfaidh an institiúid tuairisc ar na modhanna agus ar na sonraí a úsáideadh i gcomparáidí den sórt sin. Tabharfar an anailís agus an doiciméadacht cothrom le dáta uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad;
úsáidfidh institiúidí uirlisí bailíochtaithe cainníochtúla eile freisin mar aon le comparáidí le foinsí sonraí seachtracha ábhartha. Bunófar an anailís ar shonraí atá oiriúnach don phunann, a nuashonraítear go rialta agus a chumhdaíonn tréimhse bhreathnóireachta ábhartha. Bunófar measúnuithe inmheánacha na n-institiúidí maidir le feidhmiú a gcóras rátála ar an tréimhse is faide is féidir;
beidh na modhanna agus na sonraí a úsáidfear don bhailíochtú cainníochtúil comhsheasmhach go fadtéarmach. Tuairisceofar na hathruithe ar na modhanna agus ar na sonraí meastacháin agus bailíochtaithe (foinsí na sonraí agus na tréimhsí a chumhdaíonn siad);
beidh caighdeáin fhónta inmheánacha ag na hinstitiúidí le haghaidh cásanna ina bhfuil na diallais ó na luachanna ionchasacha sna PDanna, sna LGDanna, sna fachtóirí coinbhéartachta agus sna caillteanais iomlána, nuair a úsáidtear an EL, suntasach a ndóthain le bheith in amhras faoi bhailíocht na meastachán. Cuirfear san áireamh sna caighdeáin sin timthriallta gnó agus inathraitheachtaí córasacha comhchosúla i stair an mhainneachtana. Más airde i gcónaí na luachanna réadaithe ná na luachanna ionchasacha, leasóidh an institiúid na meastacháin in airde chun a stair mhainneachtana agus chaillteanais a chur san áireamh iontu;
▼M17 —————
Airteagal 189
Rialachas Corparáideach
Beidh an bhainistíocht shinsearach faoi réir na gceanglas seo a leanas:
fógróidh siad don chomhlacht bainistíochta nó don choiste ainmnithe den chomhlacht sin aon athrú ábhartha ar, nó aon eisceacht ó, na beartais bhunaithe a dhéanfaidh difear ábhartha d'oibríochtaí chórais rátála na hinstitiúide;
beidh tuiscint mhaith acu ar dhearadh agus ar oibríochtaí na gcóras rátála;
áiritheoidh siad go seasta go bhfuil na córais rátála ag feidhmiú mar ba cheart;
Cuirfidh na haonaid rialaithe ►C9 riosca ◄ creidmheasa an bhainistíocht shinsearach ar an eolas faoi fheidhmiú an phróisis rátála, faoi ghnéithe nár mhór a fheabhsú agus faoi stádas na n-iarrachtaí atá déanta le feabhas a chur ar easnaimh a sainaithníodh roimhe sin.
Airteagal 190
Rialú ►C9 riosca ◄ creidmheasa
Cuimseoidh réimsí freagrachta an aonaid nó na n-aonad rialaithe ►C9 riosca ◄ creidmheasa:
gráid agus comhthiomsuithe a thástáil agus faireachán a dhéanamh orthu;
tuairiscí achoimre de chuid chórais rátála na hinstitiúide a ullmhú agus anailís a dhéanamh orthu;
nósanna imeachta a chur chun feidhme chun a dheimhniú go bhfuil sainmhínithe na ngrád agus na gcomhthiomsuithe á gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach thar ranna agus thar limistéir gheografacha;
aon athrú ar an bpróiseas rátála a athbhreithniú agus a dhoiciméadú, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis na hathruithe;
athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir rátála chun a mheas an bhfuil siad fós réamhfháistineach maidir le ►C9 riosca ◄ . Déanfar na hathruithe ar an bpróiseas rátála, agus ar chritéir nó ar pharaiméadair rátála aonair a dhoiciméadú agus a choinneáil;
rannpháirtíocht ghníomhach i ndearadh nó roghnú, i gcur chun feidhme agus I mbailíochtú na samhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála;
formhaoirseacht agus maoirseacht ar shamhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála;
athbhreithniú leanúnach agus athruithe ar shamhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála.
Féadfaidh institiúidí a úsáideann sonraí comhthiomsaithe i gcomhréir le hAirteagal 179(2) na cúraimí seo a leanas a sheachfhoinsiú:
faisnéis a tháirgeadh atá ábhartha maidir le gráid agus comhthiomsuithe a thástáil agus faireachán a dhéanamh orthu;
tuairiscí achoimre a tháirgeadh ó chórais rátála na hinstitiúide;
faisnéis a tháirgeadh atá ábhartha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na critéir rátála chun a mheas an bhfuil siad fós réamhfháistineach maidir le ►C9 riosca ◄ ;
athruithe ar an bpróiseas rátála, ar chritéir nó ar pharaiméadair rátála aonair a dhoiciméadú;
faisnéis a tháirgeadh atá ábhartha don athbhreithniú leanúnach ar shamhlacha a úsáidtear sa phróiseas rátála agus do na hathruithe orthu.
Airteagal 191
Iniúchadh Inmheánach
Déanfaidh an t-aonad iniúchta inmheánaigh nó aonad iniúchta neamhspleách inchomparáide eile athbhreithniú bliantúil ar a laghad ar chórais rátála na hinstitiúide agus ar a Cuid oibríochtaí, lena n-áirítear oibríochtaí na feidhme creidmheasa agus an meastachán ar PDanna, LGDanna, ELanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta. Áireofar sna réimsí athbhreithnithe comhlíonadh na ceanglais go léir is infheidhme.
CAIBIDIL 4
Maolú ►C9 riosca ◄ creidmheasa
Airteagal 192
Sainmhínithe
Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “institiúid iasachtaí” an institiúid ag a bhfuil an ►C9 neamhchosaint ◄ i gceist;
Ciallaíonn “idirbheart iasachta urraithe” aon idirbheart as a dtagann ►C9 neamhchosaint ◄ atá urraithe ag comhthaobhacht nach bhfuil foráil ann lena mbronntar ar an institiúid an ceart chun corrlach a fháil ar a laghad gach lá;
Ciallaíonn “idirbheart caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh” aon idirbheart as a dtagann ►C9 neamhchosaint ◄ atá urraithe ag comhthaobhacht nach bhfuil foráil ann lena mbronntar ar an institiúid an ceart chun corrlach a fháil ar a laghad gach lá;
Ciallaíonn “GC bunúsach” GC a bhfuil infheistíocht déanta ag GC eile ina scaireanna nó a aonaid;
ciallaíonn “ionadú an chur chuige maidir le paraiméadair riosca faoi A-IRB” paraiméadair riosca PD agus LGD araon na neamhchosanta foluití a chur in ionad PD agus LGD chomhfhreagraigh a shannfaí faoi Chur Chuige IRB agus meastacháin LGD féin á n-úsáid ar neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar an soláthraí cosanta, i gcomhréir le hAirteagal 236a.
Airteagal 193
Prionsabail maidir le héifeacht teicnící maolaithe ►C9 riosca ◄ creidmheasa a aithint
Maidir le hinstitiúid a bhfuil méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ á ríomh aici faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, i gcás ina gcumhdaíonn sí risíocht amháin le cosaint creidmheasa arna soláthar ag soláthraí na cosanta amháin agus ina bhfuil aibíochtaí éagsúla ag an gcosaint sin, déanfaidh sí an dá ní seo a leanas:
Airteagal 194
Prionsabail lena rialaítear incháilitheacht teicnící maolaithe ►C9 riosca ◄ creidmheasa
An leagan is déanaí den tuairim nó de na tuairimí dlíthiúla réasúnaithe neamhspleácha i scríbhinn a d'úsáid an institiúid lena cruthú cibé an gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír lena socrú nó a socruithe cosanta creidmheasa nó nach gcomhlíontar an coinníoll sin, déanfaidh an institiúid iasachta é a chur ar fáil, arna iarraidh sin don údarás inniúil.
Ní fhéadfaidh institiúidí cosaint creidmheasa cistithe a aithint agus éifeacht an mhaolaithe ar ►C9 riosca ◄ creidmheasa á ríomh ach amháin i gcás ina mbeidh an dá choinníoll seo a leanas á gcomhlíonadh ag na sócmhainní a bhfuiltear ag brath orthu chun cosanta:
tá siad san áireamh i liosta na sócmhainní incháilithe atá leagtha amach in Airteagail 197 go 200, de réir mar is infheidhme;
tá siad sách leachtach agus tá a luach thar thréimhse ama sách seasmhach le cinnteacht a thabhairt maidir leis an gcosaint creidmheasa atá bainte amach, ag féachaint don chur chuige a úsáideadh chun méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ a ríomh agus ag féachaint don mhéid aitheanta atá ceadaithe.
I gcás cosanta neamhchistithe creidmheasa, cáileoidh comhaontú cosanta mar chomhaontú cosanta incháilithe sa chás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas, agus sa chás sin amháin:
tá sé san áireamh i liosta na gcomhaontuithe cosanta incháilithe atá leagtha amach in Airteagal 203 agus in Airteagal 204(1);
tá sé éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí de sna dlínsí dlíthiúla, ionas gur féidir cinnteacht iomchuí a chur ar fáil maidir leis an gcosaint creidmheasa atá baint amach, ag féachaint don chur chuige a úsáidtear chun méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ a ríomh agus ag féachaint don mhéid aitheanta atá ceadaithe.
comhlíonann soláthraí na cosanta na critéir a leagtar síos i mír 5.
▼M17 —————
Airteagal 195
Glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe
Féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe ar éilimh fhrithpháirteacha idir í féin agus a contrapháirtí mar fhoirm incháilithe maolaithe ►C9 riosca ◄ creidmheasa.
Gan dochar d'Airteagal 196, tá incháilitheacht teoranta d'iarmhéideanna airgid cómhalartacha idir an institiúid agus an contrapháirtí. Féadfaidh institiúidí méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ a leasú agus, nuair is iomchuí, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a mhodhnú le haghaidh iasachtaí agus taiscí a fuair siad féin agus atá faoi réir comhaontú glanluachála laistigh den chlár comhardaithe, agus chun na críche sin amháin.
Airteagal 196
Máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh.
Institiúidí a ghlacann an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 223, féadfaidh siad a chur san áireamh éifeachtaí conarthaí déthaobhacha glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, le contrapháirtí. Gan dochar d'Airteagal 299, an chomhthaobhacht a ghlacfar agus na hurrúis nó na tráchtearraí a gheofar ar iasacht laistigh de chomhaontuithe nó d'idirbhearta den sórt sin, comhlíonfaidh siad na ceanglais incháilitheachta maidir le comhthaobhacht atá leagtha amach in Airteagal 197 agus Airteagal 198.
Airteagal 197
Incháilitheacht na comhthaobhachta faoi gach cineál cur chuige agus gach modh
Féadfaidh institiúidí na nithe seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe faoi gach cineál cur chuige agus gach modh:
airgead i dtaisce leis an institiúid iasachtaí, nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid arna sealbhú aici;
urrúis fiachais, arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS nó ag gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin sna cásanna seo a leanas:
tá IMCS nó an ghníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus
tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2, 3 nó 4 den cháilíocht chreidmheasa de réir na rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais faoi Chaibidil 2;
urrúis fiachais, arna n-eisiúint ag institiúidí, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS sna cásanna seo a leanas:
tá IMCS ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus
tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa de réir rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí ar institiúidí faoi Chaibidil 2;
urrúis fiachais, arna n-eisiúint ag eintitis eile, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS sna cásanna seo a leanas:
tá IMCS ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus
tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa de réir rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;
urrúis fiachais a ndéanann IMCS measúnú creidmheasa gearrthéarmach orthu sna cásanna seo a leanas:
tá IMCS ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus
tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa de réir na rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí gearrthéarmacha faoi Chaibidil 2;
cothromas nó na bannaí in-chomhshóite a áirítear i bpríomhinnéacs;
órbhuillean;
suíomhanna urrúsúcháin nach suíomhanna ath-urrúsúcháin iad agus atá faoi réir ualú priacail 100 % nó níos lú i gcomhréir le hAirteagal 261 go go hAirteagal 264.
Chun críocha phointe (b) de mhír 1, áireofar in “urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais” iad seo ar fad a leanas:
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear mar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4);
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha a sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2);
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 118.
Chun críocha phointe (c) de mhír 1, áireofar in “urrúis fiachais arna n-eisiúint ag institiúidí” iad seo ar fad a leanas:
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla seachas na hurrúis fiachais sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí, a láimhseáiltear ►C9 neamhchosaintí ◄ orthu de réir Airteagal 116(1) agus (2);
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha seachas iad sin a sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2);
Urrúis fiachais a eisíonn institiúidí eile agus nach bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS, féadfaidh institiúid iad a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfaidh na hurrúis fiachais sin na critéir seo a leanas ar fad:
tá siad liostaithe ar mhalartán aitheanta;
cáilíonn siad mar fhiachas sinsearach;
maidir leis na heisiúintí rátáilte ón institiúid eisithe a mbaineann an tsinsearacht chéanna leo, tá measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS a bhfuil sé cinnte ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde de réir na rialacha ualaithe ►C9 riosca ◄ maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ ar institiúidí nó ►C9 neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha faoi Chaibidil 2;
níl aon fhaisnéis ag an institiúid iasachtaí a thabharfadh le fios go mbeadh údar le measúnú creidmheasa a bheadh níos ísle ná an ceann a shonraítear i bpointe (c);
is leor leachtacht mhargaidh na hionstraime chun na críocha sin.
Féadfaidh institiúidí aonaid nó scaireanna in GCanna a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:
tá praghas luaite poiblí laethúil ag na haonaid nó ag na scaireanna;
tá na GCanna teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe d'aitheantas faoi mhír 1 agus mhír 4;
comhlíonann na GCanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 132(3).
I gcás ina n-infheistíonn GC i scaireanna nó in aonaid GC eile, beidh na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír i bhfeidhm go cothrom maidir le haon GC bunúsach den sórt sin.
I gcás ina n-úsáideann GC ionstraimí díorthaigh chun infheistíochtaí ceadaithe a fhálú, ní choiscfear aonad ná scaireanna sa ghnóthas sin a bheith incháilithe mar chomhthaobhacht dá bharr sin.
Chun críocha mhír 5 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil GC (“an GC bunaidh”) ná aon cheann dá GCanna foluiteacha teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe faoi mhír 1 agus mhír 4 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
i gcás ina gcuireann na hinstitiúidí cur chuige na trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 132a(1) nó Airteagal 152(2) i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha ar GC, féadfaidh siad aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht suas go dtí an méid atá cothrom le luach na n-ionstraimí arna sealbhú ag an GC sin atá incháilithe faoi mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo;
i gcás ina gcuireann institiúidí an cur chuige bunaithe ar shainordú dá dtagraítear in Airteagal 132a(2) nó 152(5) i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha ar GC, féadfaidh siad aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht suas chuig an méid atá cothrom le luach na n-ionstraimí arna sealbhú ag an GC sin atá incháilithe faoi mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, á ghlacadh leis gur infheistigh an GC nó aon cheann dá GCanna foluiteacha in ionstraimí neamh-incháilithe go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina gcuid sainorduithe féin.
I gcás ina bhfuil GCanna foluiteacha dá chuid féin aige ag aon GC bunúsach, féadfaidh institiúidí aonaid nó scaireanna sa GC bunaidh a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe ar an gcoinníoll go ndéanfaidh siad an mhodheolaíocht a leagtar síos sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm.
I gcás ina bhféadfadh luach diúltach a bheith ag sócmhainní neamh-incháilithe mar gheall ar dhliteanais nó ar dhliteanais theagmhasacha a thig ó úinéireacht, déanfaidh institiúidí an dá ní seo a leanas:
ríomhfaidh siad luach iomlán na sócmhainní neamh-incháilithe;
i gcás ina bhfuil an méid a gheofar faoi phointe (a) diúltach, dealóidh siad luach absalóideach an mhéid sin ó luach iomlán na sócmhainní incháilithe.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:
na príomhinnéacsanna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo, i bpointe (a) d'Airteagal 198(1), in Airteagal 224(1) agus (4), agus i bpointe (e) d'Airteagal 299(2);
na malartuithe aitheanta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 den Airteagal seo,i bpointe (a) d'Airteagal 198(1), in Airteagal 224(1) agus (4), i bpointe (e) d'Airteagal 299(2), i bpointe (k) d'Airteagal 400(2), i bpointe (e) d'Airteagal 416(3), i bpointe (c) d'Airteagal 428(1), agus i bpointe 12 d'Iarscríbhinn III i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (72) d'Airteagal 4(1).
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 198
Incháilitheacht bhreise na comhthaobhachta faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
I dteannta na comhthaobhachta a bhunaítear in Airteagal 197, i gcás ina n-úsáideann institiúid an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 223, féadfaidh an institiúid sin na nithe seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe:
cothromais nó bannaí in-chomhshóite nach n-áirítear i bpríomhinnéacs ach a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta;
aonaid nó scaireanna in GCanna i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
tá praghas luaite poiblí laethúil ag na haonaid nó ag na scaireanna;
tá an GC teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe d'aitheantas faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus na hítimí a luaitear i bpointe (a) den fhomhír seo.
I gcás ina n-infheistíonn GC i scaireanna nó in aonaid GC eile, beidh na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a) agus (b) den mhír seo i bhfeidhm go cothrom maidir le haon GC bunúsach den sórt sin.
I gcás ina n-úsáideann GC ionstraimí díorthaigh chun infheistíochtaí ceadaithe a fhálú, ní choiscfear incháilitheacht aonad ná scaireanna sa ghnóthas sin mar chomhthaobhacht dá bharr sin.
I gcás nach bhfuil an GC nó aon GC foluiteach teoranta d’infheistiú in ionstraimí atá incháilithe i gcomhair aitheantais faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus sna hítimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
i gcás ina gcuireann institiúidí cur chuige na trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 132a(1) nó 152(2) i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha ar GC, féadfaidh siad aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht suas go dtí an méid atá cothrom le luach na n-ionstraimí arna sealbhú ag an GC sin atá incháilithe faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus na hítimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo;
i gcás ina gcuireann institiúidí an cur chuige bunaithe ar shainordú dá dtagraítear in Airteagal 132a(2) nó 152(5) i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha ar GC, féadfaidh siad aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht suas chuig an méid atá cothrom le luach na n-ionstraimí arna sealbhú ag an GC sin atá incháilithe faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus na hítimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo, á ghlacadh leis gur infheistigh an GC nó aon cheann dá GCanna foluiteacha in ionstraimí neamh-incháilithe go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina gcuid sainorduithe féin.
I gcás ina bhféadfadh luach diúltach a bheith ag ionstraimí neamh-incháilithe mar gheall ar dhliteanais nó ar dhliteanais theagmhasacha a thagann ó úinéireacht, déanfaidh institiúidí an dá rud seo a leanas:
ríomhfaidh siad luach iomlán na n-ionstraimí neamh-incháilithe;
i gcás ina bhfuil an méid a gheofar faoi phointe (a) diúltach, dealóidh siad luach absalóideach an mhéid sin ó luach iomlán na n-ionstraimí incháilithe.
Airteagal 199
Incháilitheacht bhreise do chomhthaobhacht faoin gCur Chuige IRB
I dteannta na comhthaobhachta dá dtagraítear in Airteagail 197 agus 198, féadfaidh institiúidí a ríomhann méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoin gCur Chuige IRB na cineálacha comhthaobhachta seo a úsáid freisin:
comhthaobhacht maoine dochorraithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;
earraí infhaighte i gcomhréir le mír 5;
comhthaobhacht fhisiceach eile i gcomhréir le míreanna 6 agus 8;
léasú i gcomhréir le mír 7.
Mura sonrófar a mhalairt faoi Airteagal 124(9), féadfaidh institiúidí comhthaobhacht incháilithe a úsáid i bhfoirm réadmhaoine cónaithe atá nó a bheidh á háitiú nó á ligean ar cíos ag an úinéir, nó ag an úinéir tairbhiúil i gcás cuideachtaí infheistíochta pearsanta, agus réadmhaoin dhochorraithe tráchtála, lena n-áirítear oifigí agus áitribh thráchtála eile, i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
ní bhraitheann an luach réadmhaoine go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora;
ní bhraitheann riosca an iasachtaí go hábhartha ar fheidhmíocht na réadmhaoine bunúsaí ná an tionscadail fholuitigh, ach ar acmhainneacht fholuiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar thoradh air sin, ní bheidh aisíocaíocht na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint leis an réadmhaoin fholuiteach a fheidhmíonn mar chomhthaobhacht.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás ina ndéanfaidh tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch difear don luach réadmhaoine agus d‘fheidhmíocht an iasachtaí araon.
Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ arna n-urrú le maoin chónaithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine cónaithe dea-fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn aon cheann de na teorainneacha seo a leanas:
ní mó ná 0,3 % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (a), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (c);
ní mó ná 0,5 % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (b), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (c).
I gcás nach gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír in aon bhliain faoi leith, ní úsáidfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san fhomhír sin go dtí go gcomhlíonfar an dá choinníoll i mbliain ina dhiaidh sin.
Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás maoine tráchtála dochorraithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine tráchtála dochorraithe dea- fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraítear aon cheann de na teorainneacha seo a leanas leo:
ní mó ná 0,3 % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (d), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (f);
ní mó ná 0,5 % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (e), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 43a(1), pointe (f).
I gcás nach gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír in aon bhliain faoi leith, ní úsáidfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san fhomhír sin go dtí go gcomhlíonfar an dá choinníoll i mbliain ina dhiaidh sin.
I gcás ina n-eiseoidh institiúid creidmheasa forbartha poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 429a(2) den Rialachán seo í iasacht spreagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 429a(3) den Rialachán seo í chuig institiúid eile, nó chuig institiúid airgeadais atá údaraithe chun gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 2 nó pointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a dhéanamh agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 119(5) den Rialachán seo, agus i gcás ina gcuirfidh an institiúid eile nó an institiúid airgeadais sin an iasacht spreagtha faoi bhealach, go díreach nó go hindíreach, chuig oibleagáideoir deiridh agus ina ngéillfidh sí don institiúid creidmheasa forbartha poiblí an tsuim infhaighte ón iasacht spreagtha mar chomhthaobhacht, féadfaidh an institiúid creidmheasa forbartha poiblí an tsuim infhaighte ghéillte a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe, gan beann ar aibíocht bhunaidh na suime infhaighte géillte.
Tabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid comhthaobhacht fhisiceach de chineál seachas na cinn atá léirithe i mír 2, mír 3 agus mír 4 a úsáid mar comhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leanas:
tá margaí leachtacha ann, arna bhfianú ag idirbhearta minice, agus cineál na sócmhainne á chur san áireamh, chun comhthaobhacht a dhiúscairt ar mhodh atá gasta agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Déanfaidh institiúidí measúnú ar an gcoinníoll seo go tréimhsiúil agus i gcás inar léir ón fhaisnéis go bhfuil athruithe ábhartha sa mhargadh;
tá praghsanna margaidh ann don chomhthaobhacht atá dea-bhunaithe agus ar fáil don phobal. Féadfaidh institiúidí a mheas gur praghsanna dea-bhunaithe iad praghsanna an mhargaidh i gcás ina dtagann siad as foinsí iontaofa faisnéise amhail innéacsanna poiblí agus gur léiriú iad ar phraghas na n-idirbheart faoi ghnáthdhálaí. Féadfaidh institiúidí a mheas gur praghsanna atá fáil don phobal iad praghsanna an mhargaidh, sa chás go nochtar praghsanna, go bhfuil rochtain éasca orthu, agus gur féidir iad a fháil go rialta agus gan aon ualach míchuí riaracháin nó airgeadais ag baint leo;
déanann an institiúid anailís ar phraghsanna an mhargaidh, ar an am agus ar na costais a bhaineann leis an gcomhthaobhacht a réadú agus ar na fáltais réadaithe ón gcomhthaobhacht;
léiríonn an institiúid nach bhfuil na fáltais réadaithe ón gcomhthaobhacht faoi 70 % de luach na comhthaobhachta i gcás 90 % ar a laghad de na leachtuithe ar fad i gcás cineál áirithe comhthaobhachta; i gcás ina bhfuil luaineacht ábhartha i bpraghsanna an mhargaidh, léireoidh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil a luacháil ar an gcomhthaobhacht sách coimeádach.
Doiciméadóidh an institiúid comhlíonadh na gcoinníollacha atá sonraithe i bpointí (a) go (d) sa chéad fhomhír agus na coinníollacha sin atá sonraithe in Airteagal 210.
Airteagal 200
Cosaint chistithe creidmheasa eile
Féadfaidh institiúidí an chosaint chistithe creidmheasa eile seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe:
airgead i dtaisce le hinstitiúid tríú páirtí i socrú neamhchoinneála nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid atá ina seilbh agus atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí;
polasaithe árachas saoil atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí;
ionstraimí arna n-eisiúint ag institiúid tríú páirtí nó ag gnólacht infheistíochta a athcheannóidh an institiúid nó an gnólacht sin arna iarraidh sin.
Airteagal 201
Incháilitheacht sholáthraithe na cosanta faoi gach cur chuige
Féadfaidh institiúidí na páirtithe seo a leanas a úsáid mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa:
rialtais láir agus bainc cheannais;
rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla;
bainc forbartha iltaobhacha;
eagraíochtaí idirnáisiúnta dá sanntar ualú riosca 0 % i gcomhréir le hAirteagal 118;
eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear éilimh orthu i gcomhréir le hAirteagal 116;
eintitis earnála airgeadais rialáilte;
i gcás nach soláthraítear cosaint creidmheasa do neamhchosaint ar urrúsú, gnóthais eile, ag a bhfuil measúnú creidmheasa arna dhéanamh ag IMCS ainmnithe orthu, lena n-áirítear máthairghnóthais, fochuideachtaí nó eintitis chleamhnaithe an oibleagáideora, i gcás ina bhfuil ualú riosca níos ísle ag neamhchosaint dhíreach ar na máthairghnóthais, na fochuideachtaí nó na heintitis chleamhnaithe sin ná an neamhchosaint ar an oibleagáideoir;
contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (fa), den Airteagal seo, ciallaíonn “eintiteas earnála airgeadais rialáilte” eintiteas earnála airgeadais a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 142(1), pointe (4)(b).
▼M17 —————
Airteagal 203
Incháilitheacht ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa
Féadfaidh institiúidí leas a bhaint as ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe.
Airteagal 204
Cineálacha díorthach creidmheasa incháilitheach
Féadfaidh institiúidí na cineálacha seo a leanas de dhíorthaigh chreidmheasa, agus ionstraimí a a bheadh comhdhéanta de dhíorthaigh chreidmheasa den sórt sin nó de chinn a bhfuil éifeacht eacnamaíoch chomhchosúil acu, a úsáid mar chosaint creidmheasa incháilithe:
babhtálacha mainneachtain chreidmheasa;
babhtálacha an toraidh iomláin;
nótaí creidmheas-nasctha, go feadh mhéid a cistithe airgid.
I gcás ina gceannaíonn institiúid cosaint creidmheasa trí bhabhtáil an toraidh iomláin agus ina ndéanann sí taifead ar na glaníocaíochtaí arna bhfáil ar an mbabhtáil mar ghlanioncam, ach nach ndéanann sí taifeadadh ar an meath fritháirimh i luach na sócmhainne atá cosanta faoi laghduithe i luach cothrom nó trí mhéid breise a bheith curtha le cúlchistí, ní cháilíonn an chosaint creidmheasa sin mar chosaint creidmheasa incháilithe.
I gcás ina ndearnadh fálú inmheánach de réir na chéad fhomhíre agus inar comhlíonadh na ceanglais sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí na rialacha a leagtar amach i Roinn 4 go 6 i bhfeidhm maidir le méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ a ualaíteara ualaítear ó thaobh ►C9 riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás ina bhfaigheann siad cosaint neamhchistithe creidmheasa.
Airteagal 204a
Cineálacha incháilithe díorthach cothromais
I gcás ina gceannóidh institiúid cosaint chreidmheasa trí bhabhtáil an toraidh iomláin agus ina ndéanann sí taifead ar na glaníocaíochtaí arna bhfáil ar an mbabhtáil mar ghlanioncam, ach nach ndéanfaidh sí taifead ar an meath fritháirimh i luach na sócmhainne atá cosanta faoi laghduithe i luach cóir nó trí mhéid breise a bheith curtha le cúlchistí, ní cháileoidh an chosaint chreidmheasa sin mar chosaint chreidmheasa incháilithe.
I gcás ina ndearnadh fálú inmheánach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus inar comhlíonadh na ceanglais sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí na rialacha a leagtar amach i Roinn 4 go Roinn 6 den Chaibidil seo i bhfeidhm maidir le méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás ina bhfaighidh siad cosaint neamhchistithe chreidmheasa.
Airteagal 205
Ceanglais maidir le comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár chomhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 206 seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála
Cáileoidh comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár chomhardaithe, seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 206, mar fhoirm incháilithe de mhaolú ►C9 riosca ◄ creidmheasa i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
tá éifeacht dlí ag na comhaontuithe sin agus tá siad inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí, i ngach dlínse ábhartha, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta nó féimheachta contrapháirtí;
is féidir le hinstitiúidí na sócmhainní nó na dliteanais atá faoi réir na gcomhaontuithe sin a chinneadh aon tráth;
déanann institiúidí faireachán ar na priacail a bhaineann le foirceannadh na cosanta creidmheasa agus rialaíonn siad iad ar bhonn leanúnach;
déanann institiúidí faireachán ar na ►C9 neamhchosaintí ◄ ábhartha agus rialaíonn siad iad ar bhonn glanluachála agus ar bhonn leanúnach.
Airteagal 206
Ceanglais maidir le máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh
Máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, cáileoidh siad mar fhoirm incháilithe de mhaolú ►C9 riosca ◄ creidmheasa i gcás ina gcomhlíonfaidh an chomhthaobhacht a bheidh curtha ar fáil faoi na comhaontuithe sin na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 207(2) go (4) agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
tá éifeacht dlí ag na comhaontuithe sin agus tá siad inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí, i ngach dlínse ábhartha, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta nó féimheachta contrapháirtí;
tugtar an ceart iontu don pháirtí neamh-mhainneachtana gach idirbheart a fhoirceannadh nó a dhúnadh go tráthúil faoin gcomhaontú i gcás mainneachtana, lena n-áirítear i gcás féimheachta nó dócmhainneachta contrapháirtí;
déantar foráil leo maidir le gnóthachain agus caillteanais a ghlanluacháil ar idirbhearta a dúnadh faoi chomhaontú sa chaoi is go mbeidh aon ghlanluach amháin ag páirtí amháin ar an bpáirtí eile.
Airteagal 207
Ceanglais maidir le comhthaobhacht airgeadais
Ní cháileofar urrúis arna n-eisiúint ag an oibleagáideoir, ná ag aon eintiteas grúpa gaolmhar, mar chomhthaobhacht incháilithe. D'ainneoin sin, cáilítear eisiúintí an oibleagáideora féin de bhannaí faoi chumhdach a thagann faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 129 mar chomhthaobhacht incháilithe nuair a bhreactar iad mar chomhthaobhacht le haghaidh idirbhirt athcheannaigh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad an coinníoll a leagtar amach sa chéad fhomhír.
Beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúidí lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta i ngach dlínse iomchuí. Déanfaidh siad athbhreithnithe den chineál sin arís de réir mar is gá d'fhonn in-fhorfheidhmitheacht leanúnach a áirithiú.
Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais oibriúcháin uile a leanas:
déanfaidh siad na socruithe comhthaobhachta a dhoiciméadú mar is cuí agus beidh nósanna imeachta soiléire agus stóinsithe i bhfeidhm acu le haghaidh leachtú tráthúil na comhthaobhachta;
úsáidfidh siad nósanna imeachta agus próisis stóinsithe chun rialú a dhéanamh ar priacail a thagann as úsáid comhthaobhachta, lena n-áirítear priacail cosanta creidmheasa teipthe nó laghdaithe, priacail measúnaithe, priacail a bhaineann le foirceannadh na cosanta creidmheasa, ►C9 riosca ◄ comhchruinnithe a thagann as úsáid comhthaobhachta agus as an idirghníomhaíocht le próifíl ►C9 riosca ◄ fhoriomlán na hinstitiúide;
beidh beartais agus próisis dhoiciméadaithe i bhfeidhm acu a bhaineann le cineálacha agus méideanna na comhthaobhachta a nglactar leo;
ríomhfaidh siad margadhluach na comhthaobhachta, agus déanfaidh siad é a athluacháil dá réir sin, uair amháin gach 6 mhí ar a laghad agus aon am a bheidh cúis acu le creidiúint go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar mhargadhluach na comhthaobhachta; le breithnithe a bhaineann le CSR, spreagfar measúnú ar cé acu ar tharla nó nár tharla laghdú suntasach ar mhargadhluach na comhthaobhachta;
i gcás in bhfuil an chomhthaobhacht i seilbh tríú páirtí, déanfaidh siad bearta réasúnta lena áirithiú go leithscarfaidh an tríú páirtí an chomhthaobhacht óna sócmhainní féin;
áiritheoidh siad go ndíreoidh siad acmhainní leordhóthanacha ar fheidhmiú ordúil na gcomhaontuithe corrlaigh le díorthaigh thar an gcuntar agus contrapháirtithe um maoiniú urrús, mar a thomhaistear é le tráthúlacht agus beachtas a nglaonna corrlaigh amach agus leis an aga freagartha ar ghlaonna corrlaigh isteach;
beidh beartais bhainistíochta i leith comhthaobhachta i bhfeidhm acu d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an méid seo a leanas agus chun é a rialú agus a thuairisciú:
na priacail ar a mbíonn siad ►C9 neamhchosanta ◄ de thoradh na gcomhaontuithe corrlaigh;
an ►C9 riosca ◄ comhchruinnithe do chineálacha éagsúla de shócmhainní comhthaobhachta;
athúsáid na comhthaobhachta lena n-áirítear na heasnaimh leachtachta a d'fhéadfadh tarlú mar thoradh ar athúsáid na comhthaobhachta a fhaightear ó chontrapháirtithe;
géilleadh na gceart maidir le comhthaobhacht breactha go dtí contrapháirtithe.
Airteagal 208
Ceanglais maidir le comhthaobhacht maoine dochorraithe
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le deimhneacht dhlíthiúil:
beidh morgáiste nó muirear inchurtha i bhfeidhm i ngach dlínse a bheidh iomchuí an tráth a chuirfear an comhaontú creidmheasa i gcrích agus déanfar é a chomhdú mar is cuí ar bhonn tráthúil;
comhlíonadh gach ceanglas dlíthiúil maidir leis an ngealltán a bhunú;
fágann an comhaontú cosanta agus an próiseas dlíthiúil is bonn leis go bhfuil sé ar chumas na hinstitiúide luach na cosanta a réadú laistigh de fhráma ama réasúnta.
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le faireachán a dhéanamh ar luachanna maoine agus ar luacháil maoine:
déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na maoine go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad i gcás maoine tráchtála dochorraithe agus uair amháin gach trí bliana i gcás maoine cónaithe. ◄ Déanfaidh institiúidí faireachán níos minice i gcás ina dtagann athruithe móra ar dhálaí an mhargaidh;
déanfar athbhreithniú ar an luacháil maoine nuair is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil d'institiúidí go bhféadfadh sé gur tháinig laghdú ábhartha ar an luach réadmhaoine i gcoibhneas le praghsanna ginearálta an mhargaidh agus déanfaidh luachálaí ag a bhfuil na cáilíochtaí, an taithí agus an cumas cuí chun luacháil a chur i gcrích agus atá neamhspleách ón bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa an t-athbhreithniú sin; measfar breithnithe a bhaineann le CSR, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le teorainneacha arna bhforchur ag cuspóirí rialála agus gníomhartha dlí ábhartha an Aontais agus na mBallstát, chomh maith le, i gcás inarb ábhartha le haghaidh institiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, cuspóirí dlíthiúla agus rialála tríú tíortha, measfar na breithnithe sin a bheith mar léiriú go bhféadfadh sé gur tháinig laghdú ábhartha ar an luach réadmhaoine, i gcoibhneas le praghsanna ginearálta an mhargaidh; i gcás iasachtaí os cionn EUR 3 mhilliún nó 5 % de chistí dílse na hinstitiúide, déanfaidh an luachálaí sin athbhreithniú ar luacháil na maoine gach 3 bliana ar a laghad.
▼M17 —————
Féadfaidh institiúidí faireachán a dhéanamh ar luach na réadmhaoine dochorraithe agus an réadmhaoin dhochorraithe a bhfuil athluacháil de dhíth uirthi a shainaithint, i gcomhréir le mír 3, trí bhíthin ardmhodhanna staidrimh nó modhanna matamaiticiúla eile (“samhlacha”), ar choinníoll go bhforbraítear na modhanna sin go neamhspleách ar an bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
leagann na hinstitiúidí amach, ina mbeartais agus nósanna imeachta, na critéir le haghaidh samhlacha a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar luachanna comhthaobhachta agus chun an réadmhaoin ar cheart athluacháil a dhéanamh uirthi a shainaithint; tabharfar cuntas sna beartais agus nósanna imeachta sin ar chuntas teiste cruthaithe na samhlacha sin, ar athróga measta a bhaineann go sonrach le maoin ar leith, ar an úsáid a baineadh as an méid íosta faisnéise beaichte a bhí ar fáil, agus ar éiginnteacht na samhlacha;
áirithíonn na hinstitiúidí go mbeidh na samhlacha a úsáidfear:
sonrach ó thaobh réadmhaoine agus áite ar leibhéal leordhóthanach gráinneachta;
bailí agus beacht, agus faoi réir cúltástáil stóinseach rialta i gcoinne na bpraghsanna idirbhirt iarbhír a bhreathnaítear;
bunaithe ar shampla atá mór agus ionadaíoch go leordhóthanach, bunaithe ar phraghsanna idirbhirt a bhreathnaítear;
bunaithe ar shonraí ardcháilíochta cothrom le dáta;
is iad na hinstitiúidí atá freagrach ar deireadh as oiriúnacht agus feidhmíocht na samhlacha;
áirithíonn na hinstitiúidí go mbeidh doiciméadacht na samhlacha cothrom le dáta;
tá próisis, córais agus acmhainneachtaí TF leormhaithe i bhfeidhm ag na hinstitiúidí agus tá sonraí beachta leordhóthanacha acu le haghaidh aon fhaireachán shamhailbhunaithe ar luach comhthaobhachta réadmhaoine agus sainaithint réadmhaoine dochorraithe ar gá athluacháil a dhéanamh orthu;
déantar na meastacháin ar shamhlacha a bhailíochtú go neamhspleách agus tá an próiseas bailíochtaithe comhsheasmhach go ginearálta leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 185, i gcás inarb infheidhme.
De mhaolú ar Airteagal 92(5), pointe (a)(ii), agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, maidir le neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2025, ní cheanglófar ar institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB i bhfeidhm dá dtagraítear i gCaibidil 3 den Teideal seo trína meastacháin féin ar LGD a úsáid na forálacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a chur i bhfeidhm.
Airteagal 209
Ceanglais maidir le hearraí infhaighte
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le deimhneacht dhlíthiúil:
beidh an sásra dlíthiúil lena soláthrófar an chomhthaobhacht d'institiúid iasachtaí stóinsithe agus éifeachtach agus áiritheoidh sí go mbeidh cearta soiléire ag an institiúid ar an gcomhthaobhacht lena n-áirítear an ceart ar na fáltais tar éis an chomhthaobhacht a dhíol;
déanfaidh institiúidí gach beart is gá chun riachtanais áitiúla a chomhlíonadh maidir le hin-fhorfheidhmitheacht leas urrúis. Beidh éileamh chéadtosaíochta ag institiúidí iasachtaí ar an gcomhthaobhacht cé go bhféadfadh sé go mbeadh éilimh den sórt sin faoi réir éileamh na gcreidiúnaithe tosaíochta dá bhforáiltear i bhforálacha reachtaíochta;
beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúidí lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta i ngach dlínse iomchuí;
déanfaidh siad a socruithe comhthaobhachta a dhoiciméadú mar is cuí agus beidh nósanna imeachta soiléire agus stóinsithe i bhfeidhm acu maidir le comhthaobhacht a bhailiú go tráthúil;
beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar aon choinníollacha dlíthiúla is gá chun mainneachtain iasachtaí a dhearbhú agus comhthaobhacht a bhailiú go tráthúil;
i gcás struis nó mainneachtana airgeadais iasachtaí, beidh údarás dlíthiúil ag institiúidí na hearraí infhaighte a dhíol le páirtithe eile nó a shannadh dóibh gan toiliú oibleagáideoirí na n-earraí infhaighte.
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le bainistíocht ►C9 riosca ◄ :
beidh próiseas fónta i bhfeidhm ag institiúid chun an ►C9 riosca ◄ creidmheasa a bhaineann leis na hearraí infhaighte a chinneadh. Áireofar i bpróiseas den sórt sin anailísí ar ghnólacht agus ar thionscal an iasachtaí agus ar na cineálacha custaiméirí lena ndéanann an t-iasachtaí sin gnó. I gcás go mbraitheann institiúid ar a hiasachtaithe chun ►C9 riosca ◄ creidmheasa na gcustaiméirí a fhionnadh, déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar chleachtais chreidmheasa na n-iasachtaithe d'fhonn a chreidiúnaí agus a fhónta atá siad a fhionnadh;
léireoidh an difríocht idir méid na ►C9 neamhchosanta ◄ agus luach na n-earraí infhaighte na fachtóirí iomchuí uile, lena n-áirítear costas an bhailithe, comhchruinniú laistigh de chomhthiomsú na n-earraí infhaighte arna gcur i ngeall ag iasachtaí ar leith, agus an comhchruinniú ►C9 riosca ◄ a d'fhéadfadh a bheith ann laistigh de ►C9 neamhchosaintí ◄ iomlána na hinstitiúide os cionn an méid a rialaítear le modheolaíocht ghinearálta na hinstitiúide. Déanfaidh institiúidí próiseas faireacháin leanúnach atá oiriúnach do na hearraí infhaighte. Déanfaidh siad athbhreithniú, ar bhonn rialta chomh maith, ar chomhlíonadh cúnant iasachtaí, srianta comhshaoil, agus ceanglas dlíthiúil eile;
déanfar earraí infhaighte arna gcur i ngeall ag iasachtaí a éagsúlú agus ní dhéanfar iad a a chomhghaolú go míchuí leis an iasachtaí sin. I gcás go bhfuil comhghaol deimhneach ábhartha i gceist, cuirfidh institiúidí ►C9 riosca ◄ coimhdeach san áireamh i socrú na n-corrlaigh le haghaidh chomhthiomsú na comhthaobhachta ina hiomláine;
ní úsáidfidh institiúidí earraí infhaighte ó chleamhnaithe iasachtaí, lena n-áirítear fochuideachtaí agus fostaithe, mar chosaint creidmheasa incháilithe;
beidh próiseas doiciméadaithe i bhfeidhm ag institiúid trína mbaileofar íocaíochtaí infhála i gcásanna struis. Beidh na saoráidí riachtanacha ag institiúidí le híocaíochtaí a bhailiú fiú amháin más gnách leo brath ar a gcuid iasachtaithe lena mbailiú.
Airteagal 210
Ceanglais maidir le comhthaobhacht fhisiceach eile
Cáileoidh comhthaobhacht fhisiceach seachas comhthaobhacht maoine dochorraithe mar chomhthaobhacht incháilithe faoin gChur Chuige IBR i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
beidh an comhaontú comhthaobhachta faoina soláthraítear an chomhthaobhacht fhisiceach d'institiúid éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse iomchuí agus cuirfear ar chumas na hinstitiúide sin luach na comhthaobhachta a réadú laistigh d'amchlár réasúnta;
cé is moite de na héilimh chéadtosaíochta incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 209(2)(b), ní cháileofar ach túsliain nó muirir ar chomhthaobhacht mar chomhthaobhacht incháilithe agus beidh tús áite ag institiúid thar gach iasachtaí eile ó thaobh fháltais réadaithe na comhthaobhachta;
déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na comhthaobhachta go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh institiúidí faireachán níos minice sa chás go bhfuil an margadh faoi réir athruithe suntasacha dálaí;
áireofar ar an gcomhaontú iasachta tuairiscí mionsonraithe ar an gcomhthaobhacht mar aon le sonraíochtaí mionsonraithe ar mhodh agus ar mhinicíocht an athluachála;
déanfaidh institiúidí na cineálacha comhthaobhachta fisicí a nglacann siad leo agus na beartais agus na cleachtais atá i bhfeidhm acu maidir le méid iomchuí gach cineáil chomhthaobhachta i gcoibhneas le méid na ►C9 neamhchosanta ◄ a dhoiciméadú go soiléir i mbeartais agus i nósanna imeachta creidmheasa a bheidh ar fáil lena scrúdú;
tabharfar aghaidh i mbeartais chreidmheasa institiúidí maidir le struchtúr na n-idirbheart ar na nithe seo a leanas:
ceanglais chomhthaobhachta iomchuí i gcoibhneas le méid na ►C9 neamhchosanta ◄ ;
an cumas an chomhthaobhacht a leachtú go héasca;
an cumas praghas nó margadhluach a bhunú go hoibiachtúil;
an mhinicíocht lenar féidir an luach a fháil go héasca, lena n-áirítear breithmheas gairmiúil nó luacháil ghairmiúil;
luaineacht nó ionadaí luaineacht luach na comhthaobhachta;
cuirfidh institiúidí san áireamh ina iomláine gach meath nó dífheidhmeacht maidir leis an gcomhthaobhacht agus an luacháil tosaigh agus an athluacháil á ndéanamh acu, agus tabharfaidh siad aird faoi leith ar an tionchar a bhíonn ag imeacht ama ar chomhthaobhachtaí atá íogair ó thaobh cúrsaí faisin nó dáta; maidir le comhthaobhacht fhisiceach, tabharfar aird i ndífheidhmeacht na comhthaobhachta ar cheisteanna luachála a bhaineann le CSR atá bainteach le toirmisc nó teorainneacha arna bhforchur faoi chuspóirí rialála agus gníomhartha dlí ábhartha an Aontais agus na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha d’institiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, faoi chuspóirí dlí agus rialála tríú tír;
beidh an ceart ag institiúidí iniúchadh fisiceach a dhéanamh ar an gcomhthaobhacht. Beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm acu freisin ina dtabharfar aghaidh ar fheidhmiú a gcirt chun iniúchadh fisiceach a dhéanamh;
beidh an chomhthaobhacht a nglacfar leis mar chosaint árachaithe a dóthain i gcoinne ►C9 riosca ◄ damáiste agus beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí chun faireachán a dhéanamh air sin.
I gcás ina soláthraíonn comhaontuithe urraithe ginearálta, nó foirmeacha eile muirir chomhlúthaigh, éileamh cláraithe don institiúid iasachtaí ar shócmhainní cuideachta agus i gcás ina gcuimsítear leis an éileamh sin idir shócmhainní nach bhfuil incháilithe mar chomhthaobhacht faoi Chur Chuige IRB agus shócmhainní atá incháilithe mar chomhthaobhacht faoi Chur Chuige IRB, féadfaidh an institiúid na sócmhainní deireanacha sin a aithint mar chosaint creidmheasa chistithe incháilithe. Sa chás sin, beidh an t-aitheantas sin ag brath ar na sócmhainní sin a bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le hincháilitheacht comhthaobhachta faoi Chur Chuige IRB mar a leagtar amach sa Chaibidil seo.
Airteagal 211
Ceanglais maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ ar léasanna a láimhseáil mar ►C9 neamhchosaintí ◄ comhthaobhaithe
Láimhseálfaidh institiúidí ►C9 neamhchosaintí ◄ a thagann as idirbhearta léasaithe mar ►C9 neamhchosaintí ◄ atá comhthaobhaithe leis an gcineál maoine atá léasaithe, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 208 nó 210, de réir mar is infheidhme, maidir leis an gcineál maoine a bheidh léasaithe le cáiliú mar chomhthaobhacht incháilithe;
tá bainistíocht ►C9 riosca ◄ stóinsithe i bhfeidhm ag an léasóir maidir leis an úsáid a bhaintear as an tsócmhainn léasaithe, an suíomh ina bhfuil sí agus an aois atá aici agus an tréimhse atá beartaithe í a úsáid, lena n-áirítear faireachán iomchuí a dhéanamh ar luach an urrúis;
tá úinéireacht dhlíthiúil ag an léasóir ar an tsócmhainn agus tá sé ábalta a chearta mar úinéir a fheidhmiú go tráthúil;
sa chás nár fionnadh é sin agus leibhéal an LGD á ríomh, níl an difríocht idir luach an méid gan amúchadh agus margadhluach an urrúis chomh mór sin is go ndéanfaí meastachán thar ceart ar an maolú ►C9 riosca ◄ creidmheasa a chuirtear i leith na sócmhainní léasaithe.
Airteagal 212
Ceanglais maidir le cosaint chistithe creidmheasa eile
Beidh airgead i dtaisce le hinstitiúid tríú páirtí nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid ina seilbh incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 232(1), i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
tá éileamh an iasachtaí i gcoinne na hinstitiúide tríú páirtí curtha i ngeall go hoscailte nó sannta don institiúid iasachtaí agus tá an gealltán nó an sannadh sin éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse iomchuí agus tá sé neamhchoinníollach agus neamh-inchúlghairthe;
tugtar fógra don institiúid tríú páirtí maidir leis an ngealltán nó an sannadh;
mar thoradh ar an bhfógra, ní féidir leis an institiúid tríú páirtí íocaíochtaí a dhéanamh leis an institiúid iasachtaí agus sin amháin nó le páirtithe eile mura bhfaigheann sí toiliú na hinstitiúide iasachtaí roimh ré;
Cáileoidh polasaithe árachas saoil atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
tá an polasaí árachas saoil curtha i ngeall nó sannta go hoscailte don institiúid iasachtaí;
tugtar fógra maidir leis an ngealltán nó an sannadh don chuideachta atá ag soláthar an árachais saoil, agus mar thoradh ar an bhfógra, ní fhéadfaidh sí méideanna atá iníoctha faoin gconradh a íoc gan toiliú na hinstitiúide iasachtaí roimh ré;
tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí an polasaí a chur ar ceal agus an luach géilliúna a fháil i gcás mhainneachtain an iasachtaí;
cuirtear in iúl don institiúid aon íocaíochtaí faoin bpolasaí nach ndearna sealbhóir an pholasaí;
cuirtear an chosaint creidmheasa ar fáil go ceann théarma na hiasachta. Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh toisc go gcríochnaíonn an caidreamh árachais sular n-éagann an caidreamh iasachta, cinnteoidh an institiúid go n-úsáidfear an méid a thagann ón gconradh árachais mar urrús don institiúid go dtí deireadh thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa;
tá an gealltán nó an sannadh éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm go dlíthiúil an tráth a chuirfear an comhaontú creidmheasa i gcrích;
dearbhaíonn an chuideachta atá ag soláthar an árachais an luach géilliúna agus tá sé neamh-inlaghdaithe;
tá an luach géilliúna le híoc go tráthúil ag an gcuideachta atá ag soláthar an árachais saoil, arna iarraidh sin;
ní iarrfar an luach géilliúna gach toiliú na hinstitiúide roimh ré;
tá an chuideachta atá ag soláthar an árachais saoil faoi réir Threoir 2009/138/CE nó tá sí faoi réir maoirseachta ag údarás inniúil tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na cinn a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.
Airteagal 213
Ceanglais a bhaineann le ráthaíochtaí agus le díorthaigh chreidmheasa araon
Faoi réir Airteagal 214(1), cáileoidh cosaint creidmheasa a eascraíonn ó ráthaíocht nó ó dhíorthach creidmheasa mar chosaint creidmheasa neamhchistithe incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
is cosaint creidmheasa dhíreach í an chosaint creidmheasa;
tá méid na cosanta creidmheasa leagtha amach go soiléir agus ní fhéadfar é a chonspóid;
níl aon chlásal i gconradh na cosanta creidmheasa, a bhfuil a chomhlíonadh lasmuigh de rialú díreach na hinstitiúide iasachtaí, a d'fhágfadh:
go bhféadfadh an soláthraí cosanta an chosaint creidmheasa a chealú nó a athrú go haontaobhach;
go dtiocfadh méadú ar chostas éifeachtach na cosanta creidmheasa mar thoradh ar cháilíocht chreidmheasa na neamhchosanta faoi chosaint a bheith ag meathlú;
go bhféadfaí cosc a chur ar oibleagáid a bheith ar sholáthraí na cosanta íocaíocht a dhéanamh go tráthúil i gcás nach ndéanfaidh an t-oibleagáideoir bunaidh íocaíochtaí ar bith atá dlite a íoc, nó i gcás ina mbeadh an conradh léasaithe tar éis dul in éag chun luach iarmharach ráthaithe a aithint faoi Airteagail 134(7) agus 166(4);
go bhféadfadh soláthraí na cosanta aibíocht na cosanta creidmheasa a laghdú;
tá conradh na cosanta creidmheasa éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm go dlíthiúil i ngach dlínse is iomchuí tráth an comhaontú creidmheasa a bheith á thabhairt i gcrích.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), ní dhéanfaidh clásal i gconradh na cosanta creidmheasa lena bhforáiltear go gcealófar nó go laghdófar méid na cosanta creidmheasa arna tairiscint ag an ráthóir i gcás dícheall cuí lochtach nó calaois a bheith déanta ag an institiúid iasachtaí an chosaint creidmheasa sin a dhícháiliú óna bheith incháilithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), féadfaidh an soláthraí cosanta aon íocaíocht chnapshuime amháin a dhéanamh ar an airgead uile atá dlite faoin éileamh, nó féadfaidh sé glacadh le hoibleagáidí íocaíochta todhchaíocha an oibleagáideora arna gcumhdach leis an gconradh cosanta creidmheasa.
Beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúid lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na cosanta neamhchistithe creidmheasa i ngach dlínse iomchuí. Déanfaidh sí athbhreithniú den sórt sin arís de réir mar is gá d'fhonn in-fhorfheidhmitheacht leanúnach a áirithiú.
Airteagal 214
Frithráthaíochtaí cheannasacha agus frithráthaíochtaí eile de chuid na hearnála poiblí
Féadfaidh institiúidí na ►C9 neamhchosaintí ◄ dá dtagraítear i mír 2 a láimhseáil mar ►C9 neamhchosaint ◄ atá faoi chosaint ráthaíochta arna soláthar ag na heintitis a liostaítear sa mhír sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
cumhdaítear gach eilimint ►C9 riosca ◄ creidmheasa den éileamh faoin bhfrithráthaíocht;
comhlíonann an ráthaíocht bhunaidh agus an fhrithráthaíocht na ceanglais le haghaidh ráthaíochtaí a leagtar amach in Airteagail 213 agus 215(1), ach amháin nach gcaithfidh an fhrithráthaíocht a bheith díreach;
tá an cumhdach stóinsithe agus ní léir ó aon rud san fhianaise stairiúil nach bhfuil cumhdach na frithráthaíochta coibhéiseach le cumhdach ráthaíochta dírí ón eintiteas i gceist.
Beidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ faoi chosaint ráthaíochta arna bhfrithráthú ag aon cheann de na heintitis seo a leanas:
rialtais láir nó bainc cheannais;
rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil;
eintiteas earnála poiblí, a láimhseáiltear éilimh air mar éilimh ar an rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4);
banc forbartha iltaobhach nó eagraíocht idirnáisiúnta, dá sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % faoi Airteagal 117(2) agus Airteagal 118 nó de bhua Airteagal 117(2) agus Airteagal 118 faoi seach;
eintiteas earnála poiblí, a láimhseáiltear éilimh air i gcomhréir le hAirteagal 116(1) agus le hAirteagal 116(2).
Airteagal 215
Ceanglais bhreise maidir le ráthaíochtaí
Cáileoidh ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:
ar mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora, nó ar an méid dlite gan a bheith íoctha aige, tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí an ráthóir a thóraíocht go tráthúil i leith airgead ar bith atá dlite faoin éileamh a bhfuil an chosaint á soláthar ina leith;
is oibleagáid atá doiciméadaithe go sainráite arna gabháil ag an ráthóir atá sa ráthaíocht;
comhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
cumhdaítear gach cineál íocaíochta atáthar ag súil go ndéanfadh an oibleagáideoir maidir leis an éileamh faoin ráthaíocht;
i gcás ina ndéantar cineálacha faoi leith íocaíochta a eisiamh ón ráthóir, tá luach na ráthaíochta coigeartaithe ag an institiúid iasachtaí chun an cumhdach teoranta a léiriú.
Ní bheidh íocaíocht an ráthóra faoi réir an institiúid iasachtaí a bheith ag tóraíocht an oibleagáideora ar dtús.
I gcás cosaint creidmheasa neamhchistithe lena gcuimsítear iasachtaí morgáiste cónaithe, ní cheanglófar na ceanglais in Airteagal 213(1), pointe (c)(iii), agus sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, a chomhlíonadh ach laistigh de 24 mhí.
I gcás ráthaíochtaí arna soláthar i gcomhthéacs comhscéimeanna ráthaíochta nó arna soláthar nó arna bhfrithráthú ag na heintitis a liostaítear in Airteagal 214(2), measfar go mbeidh na ceanglais i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo agus in Airteagal 213(1), pointe (c)(iii), comhlíonta i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
de bhun mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora bunaidh nó an méid dlite gan a bheith íoctha aige, tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí íocaíocht shealadach a fháil go tráthúil ón ráthóir, ar íocaíocht í a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas:
léiríonn an íocaíocht shealadach meastachán stóinsithe ar an gcaillteanas, ar caillteanas é is dócha a thabhóidh an institiúid iasachtaí, lena n-áirítear caillteanais a thagann ó ús gan íoc agus cineálacha eile íocaíochta a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh;
tá an íocaíocht shealadach comhréireach le cumhdach na ráthaíochta;
is féidir leis an institiúid iasachtaí a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil go dtugann éifeachtaí na ráthaíochta, a chumhdóidh caillteanais a thagann ó ús gan a bheith íoctha agus cineálacha íocaíochta eile a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh freisin, go dtugann siad údar leis an láimhseáil sin; déanfar an t-údarú sin a dhoiciméadú i gceart agus beidh sé faoi réir faomhadh tiomnaithe inmheánach agus nósanna imeachta iniúchóireachta.
Airteagal 216
Ceanglais bhreise maidir le díorthaigh chreidmheasa
Cáileoidh díorthaigh chreidmheasa mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:
áirítear ar na teagmhais chreidmheasa a shonraítear sa chonradh díorthach creidmheasa:
mainneachtain na méideanna atá dlite faoi théarmaí na hoibleagáide foluití a íoc atá i bhfeidhm tráth na mainneachtana sin, agus tréimhse chairde ann atá comhionann leis an tréimhse chairde nó atá níos giorra ná an tréimhse chairde sa bhunoibleagáid;
féimheacht, dócmhainneacht nó neamhábaltacht an oibleagáideora a fhiacha a íoc, nó mainneachtain nó admháil i scríbhinn an oibleagáideora maidir lena neamhábaltacht go ginearálta a fhiacha a íoc de réir mar a thagann siad chun bheith dlite, agus teagmhais comhchosúla.
athchóiriú na hoibleagáide foluití trí bhíthin na príomhshuime, an úis nó na dtáillí as a dtig teagmhas caillteanas creidmheasa a mhaitheamh nó a chur siar;
i gcás ina ndéantar foráil do shocraíochtaí airgid le díorthaigh chreidmheasa:
tá próiseas luachála stóinsithe i bhfeidhm ag institiúidí d'fhonn caillteanas a mheas go hiontaofa;
tá tréimhse ann a shonraítear go soiléir chun luachálacha na hoibleagáide foluití a fháil tar éis an teagmhais chreidmheasa;
i gcás ina bhfuil ceart agus cumas cheannaitheoir na cosanta an oibleagáid fholuiteach a aistriú chuig soláthraí na cosanta ag teastáil chun socrú a dhéanamh, foráiltear le téarmaí na hoibleagáide foluití nach gcoinneofar siar gan chall aon toiliú a bheadh ag teastáil chun aistriú den chineál sin a dhéanamh;
tá sainithe go soiléir céannacht na bpáirtithe atá freagrach as a chinneadh cé acu a tharla teagmhas creidmheasa nó nár tharla;
níl sé faoi sholáthraí na cosanta agus faoi-sean amháin an teagmhas creidmheasa a chinneadh;
tá sé de cheart nó de chumas ag ceannaitheoir na cosanta teagmhas creidmheasa a tharla a chur in iúl do sholáthraí na cosanta.
I gcás nach n-áirítear athchóiriú na hoibleagáide foluití ar na teagmhais chreidmheasa mar a thuairiscítear i bpointe (a)(iii), d'fhéadfadh an chosaint creidmheasa a bheith incháilithe mar sin féin faoi réir laghdaithe sa luach mar a shonraítear in Airteagal 233(2);
Aon neamhréir idir an oibleagáid fholuiteach agus an oibleagáid tagartha faoin díorthach creidmheasa nó idir an oibleagáid fholuiteach agus an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, ní ceadmhach í a úsáid ach i gcás go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an oibleagáid tagartha nó an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, de réir mar a bheidh, pari passu leis an oibleagáid fholuiteach nó tá sí sóisearach dó;
tá an oibleagáideoir céanna ag an oibleagáid fholuiteach agus ag an oibleagáid tagartha nó an oibleagáid a úsáidtear lena chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla teagmhas creidmheasa, de réir mar a bheidh, agus tá clásail um thrasmhainneachtain nó um thras-luathú is inchurtha i bhfeidhm le dlí i bhfeidhm.
De mhaolú ar mhír 1, maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí arna cumhdach le díorthach creidmheasa, ní cheanglófar an teagmhas creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) den mhír sin a shonrú sa chonradh díorthach ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
is gá vóta 100 % chun aibíocht, príomhshuim, cúpón, airgeadra nó stádas sinsearachta na neamhchosanta foluití ar chorparáidí a leasú;
tá cód féimheachta seanbhunaithe ag an sainchónaí dlíthiúil lena rialaítear an neamhchosaint ar chorparáidí a thugann caoi do chuideachta atheagrú agus athchóiriú a dhéanamh, agus a bhforáiltear leis socraíocht ordúil ar éilimh ó chreidiúnaithe.
I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, d’fhéadfadh an chosaint creidmheasa a bheith incháilithe mar sin féin faoi réir laghdú ar an luach mar a shonraítear in Airteagal 233(2).
▼M17 —————
Airteagal 218
Nótaí creidmheas-nasctha
Féadfar infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag institiúid iasachtaí a láimhseáil mar chomhthaobhacht airgid d'fhonn éifeacht na cosanta cistithe creidmheasa a ríomh i gcomhréir leis an bhForoinn seo, ar an gcoinníoll go gcáileoidh an bhabhtáil mainneachtain chreidmheasa atá leabaithe sa nóta creidmheas-nasctha mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe. Lena chinneadh an gcáileoidh an bhabhtáil mainneachtain chreidmheasa atá leabaithe sa nóta creidmheas-nasctha mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe, féadfaidh an institiúid a mheas gur comhlíonadh an coinníoll i bpointe (c) d'Airteagal 194(6).
Airteagal 219
Glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe
Na hiasachtaí a thugtar don institiúid iasachtaí sin agus na taiscí a dhéantar léi atá faoi réir glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe, is mar chomhthaobhacht airgid a dhéanfaidh an institiúid iad a láimhseáil chun éifeacht na cosanta creidmheasa cistithe a ríomh maidir leis na hiasachtaí agus na taiscí sin de chuid na hinstitiúide iasachtaí atá faoi réir glanluacháil laistigh den chlár comhardaithe.
Airteagal 220
An Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta a úsáid le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála
Chun críocha E* a ríomh, déanfaidh institiúidí an méid a leanas:
ríomhfaidh siad an suíomh glan i ngach grúpa urrús nó i ngach cineál tráchtearra trí bhíthin an méid i bpointe (ii) a dhealú ón méid i bpointe (i):
luach iomlán grúpa urrús nó tráchtearraí den chineál céanna a iasachtaíodh, a díoladh nó a soláthraíodh faoin máistir-chomhaontú glanluachála;
luach iomlán grúpa urrús nó tráchtearraí den chineál céanna a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas faoin máistir-chomhaontú glanluachála;
ríomhfaidh institiúidí an suíomh glan i ngach airgeadra, seachas airgeadra socraíochta an mháistir-chomhaontaithe glanluachála, trí bhíthin an méid i bpointe (ii) a dhealú ón méid i bpointe (i):
suim luach iomlán na n-urrús atá ainmnithe san airgeadra sin a iasachtaíodh, a díoladh nó a soláthraíodh faoin máistir-chomhaontú glanluachála agus méid an airgid thirim san airgeadra sin a iasachtaíodh nó a aistríodh faoin gcomhaontú sin;
suim luach iomlán na n-urrús atá ainmnithe san airgeadra sin a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas faoin máistir-chomhaontú glanluachála agus méid an airgid thirim san airgeadra sin a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas faoin gcomhaontú sin;
luach an choigeartaithe luaineachta, nó, i gcás inarb ábhartha, luach absalóideach an choigeartaithe luaineachta is iomchuí do ghrúpa áirithe urrús nó do chineál áirithe tráchtearraí, a chur i bhfeidhm maidir le luach absalóideach an tsuímh ghlain dheimhnigh nó dhiúltaigh sna hurrúis sa ghrúpa sin urrús, nó maidir leis na tráchtearraí ón gcineál sin tráchtearraí;
cuirfidh siad an coigeartú luaineachta maidir le ►C9 riosca ◄ malairte eachtraí (fx) i bhfeidhm maidir leis an suíomh glan deimhneach nó diúltach i ngach airgeadra seachas airgeadra socraíochta an mháistir-chomhaonaithe glanluachála.
Ríomhfaidh institiúidí E * i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
i |
= an t-innéacs lena gcuirtear in iúl gach urrús, tráchtearra nó suíomh airgid ar leithligh faoin gcomhaontú arna n-iasachtú, arna ndíol faoi chomhaontú chun iad a athcheannach, nó arna mbreacadh ag an institiúid don chontrapháirtí; |
|
j |
= an t-innéacs lena gcuirtear in iúl gach urrús, tráchtearra nó suíomh airgid ar leithligh faoin gcomhaontú arna bhfáil ar iasacht, arna gceannach faoi chomhaontú chun iad a athdhíol, nó arna sealbhú ag an institiúid; |
|
k |
= an t-innéacs lena gcuirtear in iúl gach airgeadra ar leithligh ina n-ainmnítear aon urrús, tráchtearra nó suíomh airgid faoin gcomhaontú; |
|
Ei |
= luach neamhchosanta urrúis, tráchtearra nó shuíomh airgid áirithe i arna iasachtú, arna dhíol faoi chomhaontú chun é a athcheannach, nó arna bhreacadh don chontrapháirtí faoin gcomhaontú a mbeadh feidhm leis in éagmais cosaint creidmheasa, i gcás ina ríomhann institiúidí na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcomhréir le Caibidil 2 nó 3, de réir mar is infheidhme; |
|
Cj |
= luach urrúis, tráchtearra nó shuíomh airgid áirithe j arna fháil ar iasacht, arna cheannach faoi chomhaontú chun é a athdhíol, nó arna shealbhú ag an institiúid faoin gcomhaontú; |
|
|
= an suíomh glan (deimhneach nó diúltach) in airgeadra áirithe k seachas airgeadra socraíochta an chomhaontaithe arna ríomh i gcomhréir le mír 2, pointe (b); |
|
|
= coigeartú luaineachta airgeadra k i leith airgeadra eachtrach; |
|
Enet |
= neamhchosaint ghlan an chomhaontaithe, arna ríomh mar a leanas: |
i gcás inarb amhlaidh:
|
l |
= an t-innéacs lena gcuirtear in iúl gach grúpa leithleach de na hurrúis chéanna agus gach cineál leithleach de na tráchtearraí céanna faoin gcomhaontú; |
|
|
= an suíomh glan (deimhneach nó diúltach) i ngrúpa áirithe urrús l, nó grúpa áirithe tráchtearraí l, faoin gcomhaontú arna ríomh i gcomhréir le mír 2, pointe (a); |
|
|
= an coigeartú luaineachta is iomchuí do ghrúpa áirithe urrús l, nó grúpa áirithe tráchtearraí l, arna chinneadh i gcomhréir le mír 2, pointe (c); cinnfear an comhartha mar a leanas:
(a)
beidh comhartha deimhneach aige i gcás ina mbeidh an grúpa urrús l arna iasachtú, arna dhíol faoi chomhaontú chun é a athcheannach nó arna idirbheartú ar bhealach comhchosúil le hiasachtú urrús nó le comhaontú athcheannaigh;
(b)
beidh comhartha diúltach aige i gcás ina mbeidh an grúpa urrús l arna fháil ar iasacht, arna cheannach faoi chomhaontú chun é a athdhíol nó arna idirbheartú ar bhealach comhchosúil le hiasachtaíocht urrús nó le comhaontú athcheannaigh droim ar ais; |
|
N |
= an líon iomlán grúpaí leithleacha de na hurrúis chéanna agus cineálacha leithleacha tráchtearraí faoin gcomhaontú; chun críocha an ríomha sin, ní áireofar na grúpaí agus na cineálacha sin dá bhfuil níos lú ná; |
|
Egross |
= oll-neamhchosaint an chomhaontaithe, arna ríomh mar a leanas: |
.
Airteagal 221
Cur Chuige na Samhlacha Inmheánacha a úsáid le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála
Féadfaidh institiúid cur chuige na samhla inmheánaí a úsáid i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
ní úsáideann an institiúid an cur chuige sin ach i gcás neamhchosaintí a ríomhtar méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca ina leith faoi Chur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3;
tugann a húdarás inniúil cead don institiúid chun an cur chuige sin a úsáid.
Ní thabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid ach amháin i gcás inar deimhin leo go bhfuil córas na hinstitiúide maidir leis na priacail a thagann as na hidirbhearta a chuimsíonn an máistir-chomhaontú glanluachála slán ar bhonn coincheapúil agus curtha chun feidhme le hionracas agus i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin cháilíochtúla seo a leanas:
tá an tsamhail tomhas ►C9 riosca ◄ inmheánach a úsáidtear chun luaineacht praghsanna fhéideartha a ríomh le haghaidh na n-idirbheart comhtháite go dlúth le próiseas bainistithe ►C9 riosca ◄ laethúil na hinstitiúide agus úsáidtear í mar an bhonn le ►C9 neamhchosaintí ◄ ar ►C9 riosca ◄ a thuairisciú do bhainistíocht shinsearach na hinstitiúide;
tá aonad rialaithe ►C9 riosca ◄ ag an institiúid a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
tá sé neamhspleách ar aonaid trádála gnó agus tuairiscíonn sé go díreach don bainistíocht shinsearach;
tá sé freagrach as córas bainistíochta ►C9 riosca ◄ na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme;
déanann sé tuairiscí laethúla ar aschur na samhla tomhas ►C9 riosca ◄ agus ar na bearta iomchuí atá le déanamh i dtéarmaí teorainneacha suímh agus déanann sé anailís orthu.
tá a dóthain ball foirne ag an institiúid san aonad rialaithe ►C9 riosca ◄ atá oilte i samhlacha sofaisticiúla a úsáid;
tá nósanna imeachta bunaithe ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar shraith dhoiciméadaithe de bheartais agus rialuithe inmheánacha a bhaineann le feidhmiú foriomlán an chórais chun ►C9 riosca ◄ a thomhas agus lena áirithiú go gcomhlíonfar na beartais agus na rialuithe sin;
tá cuntas teiste cruthaithe ag samhlacha na hinstitiúide maidir le cruinneas réasúnta i priacail a thomhas arna léiriú trí thástáil a théann siar ar a haschur ag úsáid sonraí bliana ar a laghad;
déanann an institiúid dianchlár tástála struis go minic agus déanann an bhainistíocht shinsearach athbhreithniú ar thorthaí na dtástálacha sin agus léirítear iad sna beartais agus sna teorainneacha a shocraíonn sí;
Uair amháin sa bhliain ar a laghad, déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe ►C9 riosca ◄ .
comhlíonann an tsamhail inmheánach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 292(8) agus (9) agus in Airteagal 294.
Féadfaidh institiúid comhghaoil eimpíreacha úsáid laistigh de chatagóirí ►C9 riosca ◄ agus thar chatagóirí ►C9 riosca ◄ i gcás ina bhfuil a córas tomhaiste comhghaol fónta agus go gcuirtear chun feidhme é go hionraic.
Déanfaidh institiúidí atá ag úsáid chur chuige na samhlacha inmheánacha E* a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
Ei |
= |
luach ►C9 neamhchosanta ◄ gach ►C9 neamhchosanta ◄ ar leith faoin gcomhaontú a bheadh i bhfeidhm in éagmais na cosanta creidmheasa, i gcás ina ríomhann institiúidí na méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ a ualaíteara ualaítear ó thaobh ►C9 riosca ◄ faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó i gcás ina ríomhann siad na méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ a ualaíteara ualaítear ó thaobh ►C9 riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoin gCur Chuige IRB; |
|
Ci |
= |
luach na n-urrús a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas nó an t-airgead a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas maidir le gach aon ►C9 neamhchosaint ◄ i den sórt sin. |
Agus méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ a ualaítear ó thaobh ►C9 riosca ◄ á ríomh ag úsáid samhlacha inmheánacha, úsáidfidh institiúidí aschur shamhail an lae gnó roimhe sin.
Beidh ríomh an athraithe a d'fhéadfadh tarlú i luach dá dtagraítear i mír 6 faoi réir na gcaighdeán seo a leanas ar fad:
déanfar é gach lá ar a laghad;
beidh sé bunaithe ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl;
beidh sé bunaithe ar thréimhse leachtaithe atá coibhéiseach le 5 lá, ach amháin i gcás idirbheart seachas idirbhearta athcheannaigh i leith urrús nó idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht mar a n-úsáidfear tréimhse leachtaithe atá coibhéiseach le 10 lá;
tréimhse bhreathnóireachta stairiúil iarbhír 1 bhliana ar a laghad ach amháin nuair atá údar le tréimhse bhreathnóireachta níos giorra i ngeall ar bhorradh suntasach i luaineacht praghsanna;
déanfar an tacar sonraí a úsáidtear sa ríomh a nuashonrú gach trí mhí.
I gcás ina bhfuil idirbheart athcheannaigh ag institiúid, nó idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht agus idirbheart iasachta corrlaigh nó idirbheart dá shamhail nó tacar glanluachála a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 285(2), (3) agus (4), beidh an íostréimhse shealbhaíoctha i gcomhréir leis an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ a bheadh i bhfeidhm faoi na míreanna sin, i gcomhar le hAirteagal 285(5).
▼M17 —————
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
cad is punann neamhábhartha ann chun críocha mhír 3;
na critéir lena chinneadh an bhfuil an tsamhail inmheánach fónta agus curtha chun feidhme le hionracas chun críocha mhír 4 agus mhír 5 agus chun críocha na máistir-chomhaontuithe glanluachála.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2015.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 222
Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais
Sannfaidh institiúidí ►C9 ualach riosca ◄ 10 %, de réir mhéid an tsoláthair urrúis chomhthaobhaigh, do luachanna ►C9 neamhchosanta ◄ na n-idirbheart sin a bheidh comhthaobhaithe le hurrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais dá sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % faoi Chaibidil 2.
I gcás idirbheart seachas na cinn sin dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, féadfaidh institiúidí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % a shannadh i gcás ina mbeidh an ►C9 neamhchosaint ◄ agus an chomhthaobhacht ainmnithe san airgeadra céanna, agus i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
airgead i dtaisce nó ionstraim chomhshamhlaithe airgid is ea an chomhthaobhacht;
tá an chomhthaobhacht i bhfoirm urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtas láir nó ag bainc cheannais a cháilíonn ►C9 d'ualach riosca ◄ 0 % faoi Airteagal 114, agus rinneadh lascaine 20 % ar a mhargadhluach.
Chun críocha mhíreanna 5 agus 6, áireofar ar “urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais” na nithe seo a leanas:
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha a sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2) nó de bhua Airteagal 117(2);
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 118.
urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear mar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4).
Airteagal 223
Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais
I gcás ina mbeidh comhthaobhacht ainmnithe in airgeadra atá éagsúil leis an airgeadra ina bhfuil an ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach ainmnithe, cuirfidh institiúidí coigeartú leis a léireoidh luaineacht airgeadra ar an gcoigeartú luaineachta atá iomchuí don chomhthaobhacht mar a leagtar amach in Airteagail 224 go 227.
I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar arna gcumhdach faoi chomhaontuithe glanluachála a aithníonn na húdaráis inniúla faoi Chaibidil 6, cuirfidh institiúidí coigeartú luaineachta i bhfeidhm a léireoidh luaineacht airgeadra ar an gcoigeartú luaineachta nuair a bheidh neamhréir idir an t-airgeadra comhthaobhachta agus an t-airgeadra socraíochta. Fiú nuair atá airgeadraí éagsúla i gceist sna hidirbhearta arna gcumhdach faoin gcomhaontú glanluachála, cuirfidh institiúidí coigeartú luaineachta aonair i bhfeidhm.
Ríomhfaidh institiúidí luach na comhthaobhachta arna choigeartú de réir na luaineachta (CVA) nach mór dóibh a chur san áireamh mar a leanas:
nuair atá:
|
C |
= |
luach na comhthaobhachta; |
|
HC |
= |
an coigeartú luaineachta is iomchuí don chomhthaobhacht, arna ríomh faoi Airteagail 224 agus 227; |
|
Hfx |
= |
an coigeartú luaineachta is iomchuí do neamhréir airgeadra, arna ríomh faoi Airteagail 224 agus 227. |
Úsáidfidh institiúidí an fhoirmle sa mhír seo agus luach na comhthaobhachta arna choigeartú de réir na luaineachta á ríomh acu le haghaidh gach idirbhirt seachas na hidirbhearta sin atá faoi réir mháistir-chomhaontuithe glanluachála aitheanta a bhfuil feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagail 220 agus 221 maidir leo.
Ríomhfaidh institiúidí luach na ►C9 neamhchosanta ◄ arna choigeartú de réir na luaineachta(CVA) nach mór dóibh a chur san áireamh mar a leanas:
nuair atá:
|
E |
= |
luach na ►C9 neamhchosanta ◄ mar a chinnfí é faoi Chaibidil 2 nó faoi Chaibidil 3 de réir mar is infheidhme, i gcás nach raibh an ►C9 neamhchosaint ◄ comhthaobhaithe; |
|
HE |
= |
an coigeartú luaineachta is iomchuí don neamhchosaint, arna ríomh faoi Airteagail 2224 agus 227. |
I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar, déanfaidh institiúidí a mbíonn an modh a leagtar síos i Roinn 6 de Chaibidil 6 á úsáid acu EVA a ríomh mar a leanas:
Chun críocha E a ríomh i mír 3, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, beidh luach neamhchosanta ítime atá lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I cothrom le 100 % de luach na hítime sin seachas a bheith cothrom le luach na neamhchosanta a shonraítear in Airteagal 111(2);
i gcás ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe seachas díorthaigh a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB, ríomhfaidh institiúidí a luachanna neamhchosanta trí úsáid a bhaint as CCF 100 % seachas as an SA-CCF nó an IRB-CCF dá bhforáiltear in Airteagal 166(8), (8a) agus (8b).
Ríomhfaidh institiúidí luach na ►C9 neamhchosanta ◄ lánchoigeartaithe (E*), agus éifeachtaí luaineachta agus maolaithe ►C9 riosca ◄ na comhthaobhachta á gcur san áireamh mar a leanas:
nuair atá:
|
EVA |
= |
luach na ►C9 neamhchosanta ◄ arna choigeartú de réir na luaineachta mar a ríomhadh é i mír 3; |
|
CVAM |
= |
CVA arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronacht aibíochta ar bith i gcomhréir le forálacha Roinn 5; |
I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar, déanfaidh institiúidí a mbíonn na modhanna a leagtar síos i Roinn 3, i Roinn 4 agus i Roinn 5 de Chaibidil 6 á n-úsáid acu, éifeachtaí maolaithe ►C12 riosca ◄ na comhthaobhachta a chur san áireamh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Ranna 3, 4 agus 5 de Chaibidil 6, de réir mar is infheidhme.
Mar a bhfuil an chomhthaobhacht comhdhéanta de roinnt ítimí incháilithe, ríomhfaidh institiúidí an coigeartú luaineachta (H) mar a leanas:
nuair atá:
|
ai |
= |
an cion de luach na hítime incháilithe i luach iomlán na comhthaobhachta; |
|
Hi |
= |
an coigeartú luaineachta is infheidhme maidir leis an ítim incháilithe i. An bhféadfadh na dlítheangeolaithe a áirithiú gur i bhfoscript atá an “i” a thagann i ndiaidh an H] |
Airteagal 224
Coigeartú luaineachta de réir maoirseachta faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
Is iad na coigeartuithe luaineachta a bheidh le cur i bhfeidhm ag institiúidí faoin gCur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta, ag glacadh leis go ndéantar athluacháil laethúil, iad sin a leagtar amach i dTáblaí 1 go 4 den mhír seo.
COIGEARTUITHE LUAINEACHTA
Tábla 1
|
An chéim den cháilíocht chreidmheasa lena mbaineann an measúnú creidmheasa ar an urrús fiachais |
Aibíocht iarmhair (m), arna sloinneadh i mblianta |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear in Airteagal 197(1), pointe (b) |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear in Airteagal 197(1), pointí (c) agus (d) |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 197(1), pointe (h) |
||||||
|
|
|
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
|
1 |
m ≤ 1 |
0,707 |
0,5 |
0,354 |
1,414 |
1 |
0,707 |
2,828 |
2 |
1,414 |
|
|
1 < m ≤ 3 |
2,828 |
2 |
1,414 |
4,243 |
3 |
2,121 |
11,314 |
8 |
5,657 |
|
|
3 < m ≤ 5 |
2,828 |
2 |
1,414 |
5,657 |
4 |
2,828 |
11,314 |
8 |
5,657 |
|
|
5 < m ≤ 10 |
5,657 |
4 |
2,828 |
8,485 |
6 |
4,243 |
22,627 |
16 |
11,314 |
|
|
m > 10 |
5,657 |
4 |
2,828 |
16,971 |
12 |
8,485 |
22,627 |
16 |
11,314 |
|
2 go 3 |
m ≤ 1 |
1,414 |
1 |
0,707 |
2,828 |
2 |
1,414 |
5,657 |
4 |
2,828 |
|
|
1 < m ≤ 3 |
4,243 |
3 |
2,121 |
5,657 |
4 |
2,828 |
16,971 |
12 |
8,485 |
|
|
3 < m ≤ 5 |
4,243 |
3 |
2,121 |
8,485 |
6 |
4,243 |
16,971 |
12 |
8,485 |
|
|
5 < m ≤ 10 |
8,485 |
6 |
4,243 |
16,971 |
12 |
8,485 |
33,941 |
24 |
16,971 |
|
|
m > 10 |
8,485 |
6 |
4,243 |
28,284 |
20 |
14,142 |
33,941 |
24 |
16,971 |
|
4 |
uile |
21,213 |
15 |
10,607 |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Tábla 2
|
An chéim cáilíochta creidmheasa lena bhfuil baint ag an measúnú creidmheasa ar urrús fiachais gearrthéarmach |
Aibíocht iarmhair (m), arna sloinneadh i mblianta |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear in Airteagal 197(1), pointe (b), a ngabhann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear in Airteagal 197(1), pointí (c) agus (d), a ngabhann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo |
Coigeartuithe luaineachta le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 197(1), pointe (h), agus a ngabhann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo |
||||||
|
|
|
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
|
1 |
|
0,707 |
0,5 |
0,354 |
1,414 |
1 |
0,707 |
2,828 |
2 |
1,414 |
|
2 go 3 |
|
1,414 |
1 |
0,707 |
2,828 |
2 |
1,414 |
5,657 |
4 |
2,828 |
Tábla 3
Cineálacha eile comhthaobhachta nó neamhchosanta
|
|
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
|
Cothromais phríomhinnéacs, bannaí in-chomhshóite príomhinnéacs |
28,284 |
20 |
14,142 |
|
Cothromas eile nó bannaí in-chomhshóite eile a liostaítear ar mhalartán aitheanta |
42,426 |
30 |
21,213 |
|
Airgead |
0 |
0 |
0 |
|
Órbhuillean |
28,284 |
20 |
14,142 |
Tábla 4
Coigeartú luaineachta le haghaidh neamhréir airgeadra (Hfx)
|
tréimhse leachtaithe 20 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 10 lá (%) |
tréimhse leachtaithe 5 lá (%) |
|
11,314 |
8 |
5,657 |
Beidh ríomh na gcoigeartuithe luaineachta i gcomhréir le mír 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
i gcás idirbheart iasachta urraithe beidh an tréimhse leachtaithe cothrom le 20 lá gnó;
i gcás idirbheart athcheannaigh, ach amháin a mhéid is a bhaineann na hidirbhearta sin le haistriú na dtráchtearraí nó na gceart faoi ráthaíocht a bhaineann le teideal chun tráchtearraí, agus idirbhearta maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht, beidh an tréimhse leachtaithe cothrom le 5 lá gnó;
i gcás idirbheart caipitil eile faoi thionchar an mhargaidh, beidh an tréimhse leachtaithe cothrom le 10 lá gnó;
I gcás ina bhfuil idirbheart nó tacar glanluachála ag institiúid trína gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 285(2), (3) agus (4), beidh an íostréimhse shealbhaíochta i gcomhréir leis an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ a bheadh i bhfeidhm faoi na míreanna sin.
Ar mhaithe leis an gcéim den cháilíocht chreidmheasa lena mbaineann measúnú creidmheasa ar an urrús fiachais dá dtagraítear san chéad fhomhír a chinneadh, tá feidhm ag Airteagal 197(7) chomh maith.
I gcás nach eol don institiúid cad iad na sócmhainní inar infheistigh an ciste, tá an coigeartú luaineachta cothrom leis an gcoigeartú luaineachta is airde a mbeadh feidhm aige maidir le ceann ar bith de na sócmhainní a bhfuil sé de cheart ag an gciste infheistiú iontu.
▼M17 —————
Airteagal 226
Coigeartú luaineachta a mhéadú ó scála faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
Is iad na coigeartuithe luaineachta a leagtar amach in Airteagal 224 na coigeartuithe luaineachta a chuirfidh institiúid i bhfeidhm i gcás ina ndéantar athluacháil laethúil. I gcás nach ndéantar an athluacháil gach lá, cuirfidh institiúidí coigeartuithe luaineachta níos mó i bhfeidhm. Ríomhfaidh institiúidí iad trí choigeartuithe luaineachta na hathluachála laethúla a mhéadú ó scála, ag úsáid na foirmle um fhréamh chearnach ama a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
H |
= an coigeartú luaineachta atá le cur i bhfeidhm; |
|
HM |
= an coigeartú luaineachta i gcás ina ndéantar athluacháil laethúil; |
|
NR |
= líon iarbhír na laethanta gnó idir athluachálacha; |
|
TM |
= an tréimhse leachtaithe don chineál idirbhirt lena mbaineann. |
Airteagal 227
Coinníollacha maidir le coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm faoin modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
Féadfaidh institiúidí coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
tá an ►C9 neamhchosaint ◄ agus an chomhthaobhacht araon ainmnithe san airgeadra céanna;
ní faide ná lá amháin aibíocht an idirbhirt nó tá an ►C9 neamhchosaint ◄ agus an chomhthaobhacht araon faoi réir marcáil laethúil ón margadh nó ataisceadh laethúil;
ní faide ná ceithre lá gnó an tréimhse idir an mharcáil laethúil dheireanach ón margadh sular mhainnigh an contrapháirtí ataisceadh a déanamh agus leachtú na comhthaobhachta;
socraítear an t-idirbheart i gcóras socraíochta atá cruthaithe don chineál sin idirbhirt;
is é atá sa doiciméadacht ina gcuimsítear an comhaontú nó an t-idirbheart an doiciméadacht mhargaidh chaighdeánach le haghaidh idirbheart athcheannaigh nó idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht laistigh de na hurrúis lena mbaineann;
tá an t-idirbheart faoi rialú ag doiciméadacht ina sonraítear gur féidir an t-idirbheart a fhoirceannadh láithreach i gcás ina mainníonn an contrapháirtí oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hairgead tirim nó urrúis nó corrlach a sheachadadh nó má mhainníonn sé ar shlí eile;
measann na húdaráis inniúla gur príomhpháirtí sa mhargadh é an contrapháirtí.
Áireofar ar na príomhpháirtithe sa mhargadh dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 2 na heintitis seo a leanas:
institiúidí;
gnólachtaí infheistíochta;
gnóthais airgeadais eile de réir bhrí phointe 25(b) agus phointe 25(d) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE a sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 20 % do ►C9 neamhchosaintí ◄ orthu faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ a ualaítear ó thaobh ►C9 riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh de réir an Chuir Chuige IRB, nach bhfuil measúnú creidmheasa acu ó IMCS aitheanta agus atá rátáilte go hinmheánach ag an institiúid.
GCanna rialáilte atá faoi réir riachtanais chaipitil nó luamhánachta;
cistí pinsean rialáilte;
eagraíochtaí aitheanta imréitigh.
Airteagal 228
Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais i gcás neamhchosaintí a láimhseáiltear faoin gCur Chuige Caighdeánaithe
Faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, úsáidfidh institiúidí E * arna ríomh faoi Airteagal 223(5) mar luach na neamhchosanta chun críocha Airteagal 113. I gcás ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, úsáidfidh institiúidí E * mar an luach a bhfuil na céatadáin a shonraítear in Airteagal 111(2) le cur i bhfeidhm maidir leis chun luach na neamhchosanta a ríomh.
Airteagal 229
Prionsabail luachála le haghaidh comhthaobhacht incháilithe seachas comhthaobhacht airgeadais
Comhlíonfar gach ceann de na ceanglais seo a leanas agus réadmhaoin dhochorraithe á luacháil:
déanann luachálaí neamhspleách ag a bhfuil na cáilíochtaí, an cumas agus an taithí is gá chun luacháil a dhéanamh meastóireacht ar an luach go neamhspleách ar phróiseas fála morgáiste, próiseála iasachtaí agus cinnteoireachta iasachtaí na hinstitiúide;
déantar meastóireacht ar an luach trí úsáid a bhaint as critéir luachála choimeádacha stuama a chomhlíonann gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
ní chuirtear ionchais maidir le méaduithe ar phraghsanna san áireamh sa luach;
coigeartaítear an luach lena chur san áireamh ann go bhféadfadh an margadhluach reatha a bheith i bhfad os cionn an luacha ab inbhuanaithe thar shaolré na hiasachta;
déantar an luach a dhoiciméadú ar bhealach trédhearcach agus soiléir;
níl an luach níos airde ná margadhluach ar an réadmhaoin dhochorraithe i gcás ina bhféadtar an margadhluach sin a chinneadh;
i gcás ina ndéantar athluacháil ar an réadmhaoin, ní théann an luach réadmhaoine os cionn an mheánluacha arna thomhas don réadmhaoin sin, nó do réadmhaoin inchomparáide, le 6 bliana anuas i gcás réadmhaoin chónaithe nó le 8 mbliana i gcás réadmhaoin dhochorraithe tráchtála ná os cionn an luacha tráth an tionscnaimh, cibé acu is airde.
Chun an meánluach a ríomh, tógfaidh institiúidí meán na luachanna réadmhaoine a breathnaíodh ag eatraimh chomhionanna agus áireofar trí phointe sonraí ar a laghad sa tréimhse thagartha.
Chun an meánluach a ríomh, féadfaidh institiúidí na torthaí ón bhfaireachán ar luachanna réadmhaoine a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 208(3). Féadfar gur mó an luach réadmhaoine ná an meánluach sin nó an luach tráth an tionscnaimh, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéantar modhnuithe ar an réadmhaoin a mhéadaíonn a luach go soiléir, mar shampla feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fuinnimh nó feabhas a chur ar sheasmhacht agus cosaint an fhoirgnimh agus an aonaid tithíochta agus iad a chur in oiriúint do rioscaí fisiciúla an fhoirgnimh nó an aonaid tithíochta. Ní dhéanfar athluacháil aníos ar an luach réadmhaoine mura bhfuil sonraí leordhóthanacha ag na hinstitiúidí chun an meánluach a ríomh ach amháin má tá an méadú ar an luach bunaithe ar mhodhnuithe lena méadaítear an luach go cinnte.
Cuirfear san áireamh i luacháil na réadmhaoine dochorraithe aon éilimh a rinneadh roimhe sin ar an réadmhaoin, mura gcuirtear éileamh a rinneadh roimhe ré san áireamh i ríomh ollmhéid na neamhchosanta de bhun Airteagal 124(6), pointe (c), nó mar laghdú 55 % den luach réadmhaoine de bhun Airteagal 125(1) nó Airteagal 126(1), agus léireofar, i gcás inarb infheidhme, torthaí an fhaireacháin a cheanglaítear faoi Airteagal 208(3).
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
Airteagal 230
Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás aon neamhchosanta ag a bhfuil cosaint creidmheasa chistithe atá incháilithe faoi Chur Chuige IRB
Faoi Chur Chuige IRB, seachas i gcás na neamhchosaintí sin a thagann faoi raon feidhme Airteagal 220, is é an LGD éifeachtach (LGD*) an LGD a úsáidfidh institiúidí chun críocha Chaibidil 3 chun cosaint creidmheasa chistithe atá incháilithe de bhun na Caibidle seo a aithint. Déanfaidh institiúidí LGD * a ríomh mar a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
E |
= luach na neamhchosanta sula gcuirtear san áireamh éifeacht na cosanta creidmheasa cistithe; i gcás neamhchosanta arna hurrú ag comhthaobhacht airgeadais incháilithe i gcomhréir leis an gCaibidil seo, ríomhfar an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 223(3); i gcás na n-urrús arna n-iasachtú nó arna mbreacadh, beidh an méid sin cothrom leis an airgead tirim nó leis na hurrúis arna n-iasachtú nó arna mbreacadh; i gcás na n-urrús arna n-iasachtú nó arna mbreacadh, méadófar luach na neamhchosanta tríd an gcoigeartú luaineachta (HE) a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 223 go 227; |
|
ES |
= luach reatha na cosanta creidmheasa cistithe arna fáil tar éis chur i bhfeidhm an choigeartaithe luaineachta is infheidhme maidir leis an gcineál sin cosanta creidmheasa cistithe (HC) agus tar éis chur i bhfeidhm an choigeartaithe luaineachta le haghaidh neamhréireanna airgeadra (Hfx) idir an neamhchosaint agus an chosaint creidmheasa chistithe, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3; déanfar ES a uasteorannú ag an luach seo a leanas: E·(1+HE); |
|
EU |
= E·(1+HE) – ES; |
|
LGDU |
= an LGD is infheidhme maidir le neamhchosaint gan urrús mar a leagtar amach in Airteagal 161(1); |
|
LGDS |
= an LGD is infheidhme maidir le neamhchosaintí arna n-urrú leis an gcineál incháilithe cosanta creidmheasa cistithe arna úsáid san idirbheart, mar a shonraítear i mír 2, Tábla 1. |
Sonraítear i dTábla 1 na luachanna LGDS agus Hc is infheidhme san fhoirmle a leagtar amach i mír 1.
Tábla 1
|
An cineál cosanta creidmheasa cistithe |
LGDS |
Coigeartú luaineachta (Hc) |
|
Comhthaobhacht airgeadais |
0 % |
Coigeartú luaineachta Hc mar a leagtar amach in Airteagail 224 go 227 |
|
Earraí infhaighte |
20 % |
40 % |
|
Réadmhaoin chónaithe agus réadmhaoin dhochorraithe tráchtála |
20 % |
40 % |
|
Comhthaobhacht fhisiceach eile |
25 % |
40 % |
|
Cosaint creidmheasa chistithe neamh-incháilithe |
Neamhbhainteach |
100 % |
Airteagal 231
Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás comhthiomsuithe cosanta creidmheasa cistithe incháilithe maidir le neamhchosaint a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB
I gcás neamhchosaintí a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB, féadfaidh institiúidí a bhfuil cineálacha iomadúla cosanta creidmheasa cistithe acu an fhoirmle a leagtar amach in Airteagal 230 a chur i bhfeidhm go seicheamhach i gcás gach cineál comhthaobhachta ar leith. Chun na críche sin, déanfaidh na hinstitiúidí sin, i ndiaidh dóibh gach cineál cosanta creidmheasa cistithe ar leith a aithint, luach iarmhair na neamhchosanta gan urrús (EU) a laghdú de réir luach coigeartaithe na comhthaobhachta (ES) arna aithint sa chéim sin. I gcomhréir le hAirteagal 230(1), déanfar iomlán ES thar gach cineál cosanta creidmheasa cistithe a uasteorannú ag luach E·(1+HE), a mbeidh an fhoirmle seo a leanas mar thoradh air:
i gcás inarb amhlaidh:
|
LGDS,i |
= LGD is infheidhme maidir leis an gcosaint creidmheasa chistithe i, mar a shonraítear in Airteagal 230(2); |
|
ES,i |
= luach reatha na cosanta creidmheasa cistithe i arna fháil tar éis an coigeartú luaineachta is infheidhme maidir leis an gcineál cosanta creidmheasa cistithe (Hc) a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 230(2). |
Airteagal 232
Cosaint chistithe creidmheasa eile
I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 212(2), déanfaidh institiúidí an cion den ►C9 neamhchosaint ◄ atá comhthaobhaithe le luach géilliúna reatha na bpolasaithe árachais atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí a láimhseáil mar a leanas:
i gcás ina bhfuil an ►C9 neamhchosaint ◄ faoi réir an Chuir Chuige IBR ach nach bhfuil sí faoi réir meastacháin na hinstitiúide féin ar LGD, sannfar LGD 40 % di.
Má tharlaíonn neamhréir airgeadra, laghdóidh institiúidí an luach géilliúna reatha i gcomhréir le hAirteagal 233(3), arb é luach na cosanta creidmheasa luach géilliúna reatha an pholasaí árachas saoil.
Chun críocha phointe (a) de mhír 2, sannfaidh institiúidí na hualuithe ►C9 riosca ◄ seo a leanas ar bhonn an ualaithe ►C9 riosca ◄ arna shannadh do ►C9 neamhchosaint ◄ neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil:
ualú riosca 52,5 %, i gcás ina sanntar ualú riosca 75 % don neamhchosaint neamhurraithe shinsearach ar an ngnóthas a sholáthraíonn an t-árachas saoil;
Féadfaidh institiúidí ionstraimí arna n-athcheannach ar iarraidh atá incháilithe faoi Airteagal 200(c) a láimhseáil mar ráthaíocht ón institiúid eisiúna. Beidh luach na cosanta creidmheasa cothrom leis na méideanna seo a leanas:
mar a n-athcheannófar an ionstraim ar a haghaidhluach, beidh luach na cosanta cothrom leis an méid sin;
mar a n-athcheannófar an ionstraim ar phraghas an mhargaidh, beidh luach na cosanta cothrom le luach na hionstraime arna luacháil ar an dóigh chéanna leis na hurrúis fiachais lena gcomhlíontar na coinníollacha atá in Airteagal 197(4).
Airteagal 233
Luacháil
Más rud é nach n-áirítear mar theagmhas creidmheasa i ndíorthach creidmheasa athchóiriú na hoibleagáide foluití a bhaineann le príomhshuim, ús nó táillí a mhaitheamh nó a chur ar atráth as a dtig teagmhas caillteanais chreidmheasa, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
i gcás nach mó ná luach na ►C9 neamhchosanta ◄ an méid atá geallta ag soláthraí na cosanta a íoc, déanfaidh institiúidí luach na cosanta creidmheasa arna ríomh faoi mhír 1 a laghdú 40 %;
I gcás ina bhfuil an chosaint neamhchistithe creidmheasa ainmnithe in airgeadra atá éagsúil ón airgeadra ina bhfuil an ►C9 neamhchosaint ◄ ainmnithe, laghdóidh institiúidí luach na cosanta creidmheasa trí choigeartú luaineachta a chur i bhfeidhm mar a leanas:
nuair atá:
|
G* |
= |
méid na cosanta creidmheasa arna choigeartú i leith ►C9 riosca ◄ malairte eachtraí, |
|
G* |
= |
méid ainmniúil na cosanta creidmheasa; |
|
Hfx |
= |
an coigeartú luaineachta le haghaidh neamhréire airgeadra ar bith idir an chosaint chreidmheasa agus an oibleagáid fholuiteach arna chinneadh i gcomhréir le mír 4. |
I gcás nach bhfuil neamhréir airgeadra ar bith i gceist tá Hfx cothrom le nialas.
Airteagal 234
Méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ a ualaítear ó thaobh ►C9 riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás cosanta páirtí agus tráinsiú
I gcás ina n-aistríonn institiúid cuid de ►C9 riosca ◄ na hiasachta i dtráinse amháin nó níos mó, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i gCaibidil 5. Féadfaidh institiúidí tairseacha ábharthachta ar íocaíochtaí nach ndéanfar íocaíocht ar bith fúthu a mheas i gcás caillteanais a bheadh coibhéiseach le suímh céadchaillteanais coinnithe agus a chuirfeadh aistriú ►C9 riosca ◄ i dtráinsí faoi deara.
Airteagal 235
Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoin gCur Chuige Caighdeánaithe
Chun críocha Airteagal 113(3), is i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas a ríomhfaidh institiúidí na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcás neamhchosaintí lena ngabhann cosaint creidmheasa neamhchistithe a gcuireann na hinstitiúidí sin an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm ina leith, gan beann ar láimhseáil neamhchosanta dírí inchomparáide ar an soláthraí cosanta:
max{0, E – GA} · r + GA· g
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
E |
= luach na neamhchosanta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111; chun na críche sin, beidh luach neamhchosanta ítime atá lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I cothrom le 100 % dá luach seachas luach na neamhchosanta a shonraítear in Airteagal 111(2); |
|
GA |
= méid na cosanta creidmheasa arna choigeartú i leith riosca malairte eachtraí (G*) ríomh faoi Airteagal 233(3) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronachta aibíochta ar bith mar a leagtar síos i Roinn 5 den Chaibidil seo; |
|
r |
= ualú riosca na neamhchosaintí ar an oibleagáideoir mar a shonraítear i gCaibidil 2; |
|
g |
= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le neamhchosaint dhíreach ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear i gCaibidil 2. |
Airteagal 235a
Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina bhfuil an neamhchosaint ráthaithe arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB agus ina bhfuil neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar an soláthraí cosanta arna láimhseáil faoin gCur Chuige IRB
I gcás neamhchosaintí lena ngabhann cosaint creidmheasa neamhchistithe a gcuireann institiúid Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm ina leith agus i gcás ina bhfuil neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta arna láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, ríomhfaidh institiúidí na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
max{0, E – GA} · r + GA· g
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
E |
= luach na neamhchosanta arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil 3, Roinn 5. chun na críche sin, déanfaidh institiúidí luach na neamhchosanta i gcás ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe seachas díorthaigh arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB a ríomh trí úsáid a bhaint as CCF 100 % seachas as na SA-CCFanna nó IRB-CCF dá bhforáiltear in Airteagal 166(8), (8a) agus (8b); |
|
GA |
= méid na cosanta creidmheasa arna ríomh choigeartú i leith riosca malairte eachtraí (G*) i gcomhréir le hAirteagal 233(3) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronacht aibíochta ar bith mar a leagtar síos i Roinn 5 den Chaibidil seo; |
|
r |
= ualú riosca na neamhchosaintí ar an oibleagáideoir mar a shonraítear i gCaibidil 3; |
|
g |
= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le neamhchosaint dhíreach ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear i gCaibidil 2. |
Airteagal 236
Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoi Chur Chuige IRB gan a meastacháin féin ar LGD a úsáid agus ina láimhseáiltear an neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta faoin gCur Chuige IRB
Airteagal 236a
Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoi Chur Chuige IRB trína meastacháin féin ar LGD a úsáid agus ina láimhseáiltear an neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta faoi Chur Chuige IRB
Airteagal 237
Aisioncronacht aibíochta
I gcás ina bhfuil aisioncronacht aibíochta ann, ní cháileoidh an chosaint chreidmheasa mar chosaint chreidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
tá aibíocht tosaigh na cosanta níos lú ná bliain amháin;
Airteagal 238
Aibíocht na cosanta creidmheasa
Airteagal 239
Cosaint a luacháil
I gcás idirbheart atá faoi réir cosanta cistithe creidmheasa faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais, léireoidh institiúidí aibíocht na cosanta creidmheasa agus na ►C9 neamhchosaint ◄ i luach coigeartaithe na comhthaobhachta de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
CVA |
= |
luach na comhthaobhachta arna choigeartú de réir luaineachta mar a shonraítear in Airteagal 218(2) nó méid na ►C9 neamhchosaint ◄ , cibé acu is ísle; |
|
t |
= |
líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na cosanta creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238, nó luach T, cibé acu is ísle; |
|
T |
= |
líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na cosanta creidmheasa arna ríomh de réir Airteagal 238, nó cúig bliana, cibé acu is ísle; |
|
t* |
= |
0,25. |
Úsáidfidh institiúidí CVAMmar CVAarna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronachta aibíochta san fhoirmle chun luach na ►C9 neamhchosanta ◄ atá coigeartaithe go hiomlán (E*) a ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 223(5).
I gcás idirbheart atá faoi réir cosanta neamhchistithe creidmheasa, léireoidh institiúidí aibíocht na cosanta creidmheasa agus na ►C9 neamhchosanta ◄ i luach coigeartaithe na cosanta creidmheasa de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
GA |
= |
G* arna choigeartú i leith aisioncronachta aibíochta ar bith; |
|
G* |
= |
méid na cosanta arna choigeartú i leith neamhréire airgeadra ar bith; |
|
t |
= |
líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na cosanta creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238, nó luach T, cibé acu is ísle; |
|
T |
= |
líon na mblianta atá fágtha go dtí dáta aibíochta na ►C9 neamhchosanta ◄ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238, nó cúig bliana, cibé acu is ísle; |
|
t* |
= |
0,25. |
Úsáidfidh institiúidí GA mar luach na cosanta chun críocha Airteagail 233 go 236.
▼M17 —————
CAIBIDIL 5
Urrúsú
Airteagal 242
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “céadrogha ar cheannach farasbairr” rogha chonarthach lena dtugtar cead don tionscnóir na suíomhanna urrúsúcháin a cheannach sula n-aisíocfar na risíochtaí urrúsaithe uile, cibé acu trí fhuíoll na risíochtaí foluiteacha a athcheannach i gcás urrúsuithe traidisiúnta nó tríd an gcosaint chreidmheasa a fhoirceannadh i gcás urrúsuithe sintéiseacha agus, sa dá chás sin, nuair a bheidh líon na risíochtaí foluiteacha gan íoc ar leibhéal áirithe réamhshonraithe nó faoina bhun;
ciallaíonn “stráice feabhsaithe creidmheasa úis amháin” sócmhainn laistigh den chlár comhardaithe ar luacháil í ar shreafaí airgid atá gaolmhar le hioncam corrlaigh amach anseo agus ar tráinse is fo-ordaithe í san urrúsú;
ciallaíonn “saoráid leachtachta” saoráid leachtachta mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “suíomh gan rátáil” suíomh urrúsúcháin nach ndearnadh measúnú creidmheasa incháilithe air i gcomhréir le Roinn 4;
ciallaíonn “suíomh rátáilte” suíomh urrúsúcháin a ndearnadh measúnú creidmheasa incháilithe air i gcomhréir le Roinn 4;
ciallaíonn “suíomh sinsearach urrúsúcháin” suíomh atá bunaithe nó urrúsaithe ag céadéileamh ar iomlán na risíochtaí foluiteacha, gan beann, chun na gcríoch seo, ar mhéideanna atá dlite faoi chonarthaí díorthach ráta úis nó airgeadra, táillí nó íocaíochtaí comhchosúla eile, agus gan beann ar aon difríocht in aibíocht le haon tráinse sinsearach eile (nó níos mó díobh) lena roinneann an suíomh sin caillteanais ar bhonn pro rata;
ciallaíonn “comhthiomsú IRB” comhthiomsú de risíochtaí foluiteacha den chineál a bhfuil cead ag an institiúid Cur Chuige IRB a úsáid ina leith agus lenar féidir méideanna risíochtaí atá ualaithe de réir priacail a ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 i gcás na risíochtaí sin uile;
ciallaíonn “comhthiomsú measctha” comhthiomsú de risíochtaí foluiteacha den chineál a bhfuil cead ag institiúid Cur Chuige IRB a úsáid ina leith agus lenar féidir méideanna risíochta atá ualaithe de réir priacail a ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 i gcás cuid de na risíochtaí ach ní i gcás na risíochtaí uile;
ciallaíonn “ró-urrúsú comhthaobhach” aon chineál feabhsaithe creidmheasa lena bpostáiltear risíochtaí foluiteacha ar luach atá os cionn luach na suíomh urrúsúcháin;
Ciallaíonn “urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe” nó “urrúsú STC” urrúsú a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2402 ;
ciallaíonn “clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe” nó “clár ABCP” clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó clár ABCP mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP)” nó “idirbheart ABCP” idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP) nó idirbheart ABCP mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 de Rialachán AE) 2017/2402;
ciallaíonn “urrúsú traidisiúnta” urrúsú traidisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “urrúsú sintéiseach” urrúsú sintéiseach mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “risíocht imrothlach” risíocht imrothlach mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “foráil maidir le luathamúchadh” foráil maidir le luathamúchadh mar a shainmhínítear i bpointe 17 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “tráinse céadchaillteanais” tráinse céadchaillteanais mar a shainmhínítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “suíomh urrúsúcháin mezzanine” suíomh in urrúsú atá faoi réir an tsuímh urrúsúcháin shinsearaigh agus ar sinsearaí é ná an tráinse céadchaillteanais, agus atá faoi réir ualú priacail is ísle ná 1 250 % agus is airde ná 25 % i gcomhréir le Foroinn 2 agus Foroinn 3 de Roinn 3;
ciallaíonn “eintiteas cur chun cinn” aon ghnóthas nó eintiteas a bhunaíonn rialtas láir, réigiúnach, nó áitiúil de chuid Ballstáit, a dheonaíonn iasachtaí cur chun cinn nó a dheonaíonn ráthaíochtaí cur chun cinn, agus arb é is príomhaidhm dó gan brabús a dhéanamh ná an sciar den mhargadh a uasmhéadú ach cuspóirí bheartas poiblí an rialtais sin a chur chun cinn, ar choinníoll, faoi réir rialacha Státchabhrach, go bhfuil oibleagáid ar an rialtas sin bonn eacnamaíoch an ghnóthais a chosaint agus a inmharthanacht a choinneáil ar feadh a shaoil, nó go ráthaíonn rialtas láir, réigiúnach nó áitiúil an Bhallstáit, go díreach nó go hindíreach, ar a laghad 90 % dá chaipiteal bunaidh nó dá chistiú bunaidh nó den iasacht cur chun cinn a dheonaíonn sé;
ciallaíonn “barrachas raoin difríochta shintéisigh” barrachas raoin difríochta shintéisigh mar a shainmhínítear i bpointe (29) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402.
Airteagal 243
Critéir le haghaidh Urrúsuithe STC a cháilíonn do láimhseáil dhifreáilte caipitil
Beidh suíomhanna i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 260, Airteagal 262 agus Airteagal 264 i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
maidir leis na risíochtaí foluiteacha, comhlíonfaidh siad, tráth a gcuirfear leis an gclár ABCP iad, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh, na coinníollacha maidir lena sannadh, faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus aon mhaolú incháilithe ar phriacal á chur san áireamh, agus beidh acu ualú priacail is cothrom le 75 % nó is ísle ná sin ar bhonn risíocht aonair más risíocht mhiondíola í an risíocht nó 100 % i gcás aon risíochtaí eile; agus
ní mó ná 2 % de luach na risíochtaí uile atá laistigh den chlár ABCP luach risíochta comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar oibleagáideoir aonair ar leibhéal an chláir ABCP tráth a gcuirfear na risíochtaí leis an gclár ABCP. Chun críocha an ríomha sin, measfar gur risíochtaí ar oibleagáideoir aonair iasachtaí nó léasanna do ghrúpa cliant atá nasctha le chéile, chomh fada agus is eol don urraitheoir.
I gcás earraí infhaighte trádála, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír má tá ►C11 riosca ◄ creidmheasa na n-earraí infhaighte trádála sin faoi chumhdach iomlán ag cosaint chreidmheasa incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4, ar choinníoll gur institiúid, gnólacht infheistíochta, gnóthas árachais nó gnóthas athárachais é soláthraí na cosanta sa chás sin.
I dtaca le luachanna léasaithe iarmharacha urrúsaithe, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír i gcás nach bhfuil na luachanna sin ar ris ar phriacal um athmhaoiniú nó um athcheannach i ngeall ar ghealltanas is infhorghníomhaithe le dlí a thug an tríú páirtí is incháilithe faoi Airteagal 201(1) maidir leis an risíocht sin a athcheannach nó a athmhaoiniú ar shuim réamhchinntithe.
De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír, i gcás ina gcuireann an institiúid an fhoráil a leagtar síos in Airteagal 248(3), i bhfeidhm nó inar tugadh cead di úsáid a bhaint as Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 265, is coibhéiseach le 100 % nó níos lú an t-ualú priacail sin a shannfadh an institiúid sin do shaoráid leachtachta lena gcuimsítear go hiomlán an ABCP a eisítear faoin gclár.
Suíomhanna in urrúsú, seachas clár ABCP nó idirbheart ABCP a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC, beidh siad incháilithe maidir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 260, Airteagal 262 agus Airteagal 264 i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
níl luach risíochta comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar oibleagáideoir aonair sa chomhthiomsú os cionn 2 % de luachanna risíochta na luachanna risíochta gan íoc comhiomlánaithe i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha tráth a gcuimsithe san urrúsú. Chun críocha an ríomha sin, measfar gur risíochtaí ar oibleagáideoir aonair iasachtaí nó léasanna do ghrúpa cliant atá nasctha le chéile.
I dtaca le luachanna léasaithe iarmharacha urrúsaithe, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den phointe seo i gcás nach bhfuil na luachanna sin ar ris ar phriacal um athmhaoiniú nó um athcheannach i ngeall ar ghealltanas is infhorghníomhaithe le dlí a thug tríú páirtí is incháilithe faoi Airteagal 201(1) maidir leis an risíocht sin a athcheannach nó a athmhaoiniú ar shuim réamhchinntithe;
i gcás ina gcomhlíonann na risíochtaí foluiteacha na coinníollacha maidir le sannadh, faoin gCur Chuige Caighdeánaithe tráth a gcuimsithe san urrúsú agus aon mhaolú incháilithe ar phriacal á chur san áireamh, tá an t-ualú priacail cothrom leis an méid seo a leanas nó faoina bhun:
40 % ar bhonn mheánualú na risíochtaí le haghaidh na punainne i gcás ina bhfuil na risíochtaí ina n-iasachtaí arna n-urrú ag morgáistí cónaithe nó iasachtaí cónaithe atá ráthaithe go hiomlán, amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 129(1);
50 % ar bhonn risíocht aonair i gcás inar iasacht arna hurrú ag morgáiste tráchtála í an risíocht;
75 % ar bhonn risíocht aonair i gcás inar risíocht mhiondíola í an risíocht;
i gcás aon risíochtaí eile, 100 % ar bhonn risíocht aonair;
i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b)(i) agus (b)(ii), ní chuimseofar na hiasachtaí a urraíodh le cearta urrúis ar chéim níos ísle ar shócmhainn áirithe san urrúsú ach amháin i gcás ina bhfuil na hiasachtaí uile a urraíodh le cearta urrúis réamhthosaíochta ar an tsócmhainn sin cuimsithe san urrúsú freisin;
i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b)(i) den mhír seo, ní bheidh cóimheas iasacht/luach os cionn 100 % ag aon iasacht i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha tráth an chuimsithe san urrúsú, arna thomhas i gcomhréir le pointe (d)(i) d’Airteagal 129(1) agus le hAirteagal 229(1).
Airteagal 244
Urrúsú traidisiúnta
Féadfaidh institiúid tionscnóra de chuid urrúsú traidisiúnta risíochtaí foluiteacha a eisiamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, más ábhartha, i gcás ina gcomhlíontar ceachtar den dá choinníoll seo a leanas:
aistríodh priacal creidmheasa suntasach a bhaineann leis na risíochtaí foluiteacha chuig tríú páirtithe;
cuireann an institiúid tionscnóra ualú priacail 1 250 % i bhfeidhm maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin go léir atá ina seilbh laistigh den urrúsú nó asbhaineann sí na suíomhanna urrúsúcháin sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1).
Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra laistigh den urrúsú sin, ní sháraíonn siad 50 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine go léir atá ann laistigh den urrúsú sin;
níl i seilbh na hinstitiúide tionscnóra níos mó ná 20 % de luach risíochta an tráinse céadchaillteanais san urrúsú, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an tionscnóir in ann a léiriú go sáraíonn luach risíochta an tráinse céadchaillteanais meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí foluiteacha faoi chorrlach suntasach;
níl aon suíomhanna urrúsúcháin mezzanine ann.
I gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú faoi phointe (a) nó faoi phointe (b), féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh ar bhonn gach cáis nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla a ligean d’institiúidí tionscnóra aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh a aithint i ndáil le hurrúsú i gcás ina léiríonn an institiúid tionscnóra i ngach cás, go bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú ar riachtanais cistí dílse a bhaineann an tionscnóir amach leis an urrúsú. Ní fhéadfar cead a thabhairt ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:
tá beartais agus modheolaíochtaí inmheánacha bainistithe priacail leordhóthanacha ag an institiúid le haistriú an phriacail creidmheasa a mheasúnú;
d’aithin an institiúid an t-aistriú priacail creidmheasa chuig tríú páirtithe i ngach cás ar mhaithe le bainistiú priacail inmheánaigh agus leithdháileadh caipitil inmheánaigh na hinstitiúide.
Chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, comhlíonfar gach coinníoll díobh seo a leanas:
léiríonn doiciméadacht an idirbhirt tábhacht eacnamaíoch an tsuímh urrúsúcháin;
ní hionann na suíomhanna urrúsúcháin agus oibleagáidí íocaíochta na hinstitiúide tionscnóra;
fágadh nach bhfuil breith ag an institiúid tionscnóra gona creidiúnaithe ar na risíochtaí foluiteacha i gcaoi a gcomhlíonann an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2107/2402;
ní choinníonn an institiúid tionscnóra rialú ar na risíochtaí foluiteacha. Measfar go mbeidh rialú éifeachtach coinnithe ar na risíochtaí foluiteacha má tá sé de cheart ag an tionscnóir na risíochtaí a aistríodh roimhe sin a athcheannach ón aistrí d’fhonn a dtairbhí a réadú nó má tá ceanglas eile air an priacal aistrithe a ghlacadh arís. Má tá institiúid tionscnóra ag coinneáil na gceart nó na n-oibleagáidí seirbhísithe i leith na risíochtaí foluiteacha, ní leor sin ann féin mar rialú ar na risíochtaí;
níl téarmaí ná coinníollacha i ndoiciméadacht an urrúsúcháin:
a chuireann ceangal ar an institiúid tionscnóra comhdhéanamh na risíochtaí foluiteacha a athrú chun meáncháilíocht an chomhthiomsaithe a fheabhsú; nó
a mhéadaíonn an toradh is iníoctha le sealbhóirí suíomhanna nó a chuirfeadh feabhas de chineál eile ar na suíomhanna i gcaoi eile laistigh den urrúsú mar fhreagairt ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa na risíochtaí foluiteacha;
más infheidhme, is léir i ndoiciméadacht an idirbhirt nach bhféadfaidh an tionscnóir nó an t-urraitheoir suíomhanna urrúsúcháin a cheannach nó a athcheannach nó na risíochtaí foluiteacha a athcheannach, a athstruchtúrú nó a ionadú thar a n-oibleagáidí conarthacha i gcás ina ndéantar na socruithe sin i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh atá i réim agus ina ngníomhaíonn na páirtithe lena mbaineann lena leas féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí);
i gcás ina bhfuil céadrogha ar cheannach farasbairr ann, comhlíonfaidh an rogha sin gach coinníoll seo a leanas freisin:
tá sí infheidhmithe de rogha na hinstitiúide tionscnóra;
ní féidir í a fheidhmiú ach amháin nuair atá 10 % nó níos lú de luach bunaidh na risíochtaí foluiteacha fós gan amúchadh;
níl sí struchtúraithe sa chaoi nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa ná ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí san urrúsú agus níl sí struchtúraithe in aon chaoi eile chun feabhsú creidmheasa a chur ar fáil;
tá tuairim faighte ag an institiúid tionscnóra ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-urrúsú na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) den mhír seo.
Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas maoirseachta i ndáil le haistriú priacail shuntasaigh in urrúsuithe traidisiúnta a shainaithint i gcomhréir leis an Airteagal seo. Go háirithe, déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar:
na coinníollacha maidir le haistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;
léiriú ar “aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe” chun críocha mheasúnú na n-údarás inniúil dá bhforáiltear sa dara fomhír de mhír 2 agus de mhír 3;
na ceanglais le haghaidh mheasúnú na n-údarás inniúil ar idirbhearta urrúsúcháin a n-iarrann an tionscnóir aitheantas ar aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe ina leith i gcomhréir le mír 2 nó mír 3.
Cuirfidh ÚBE na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis an tuarascáil ó ÚBE a chur san áireamh, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, mar fhorlíonadh ar an Rialachán seo, trí shonrú breise a dhéanamh ar na hítimí a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.
Airteagal 245
Urrúsú sintéiseach
Féadfaidh an institiúid tionscnóra a bhíonn ag urrúsú sintéiseach méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh, agus, nuair is iomchuí, méideanna caillteanais ionchasaigh i leith na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 251 agus le hAirteagal 252, i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
tá priacal creidmheasa suntasach aistrithe chuig tríú páirtithe trí chosaint chistithe chreidmheasa nó trí chosaint neamhchistithe chreidmheasa;
cuireann an institiúid tionscnóra ualú priacail 1 250 % i bhfeidhm maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin go léir atá ina seilbh laistigh den urrúsú sin nó asbhaineann sí na suíomhanna urrúsúcháin sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1).
Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra laistigh den urrúsú sin, ní sháraíonn siad 50 % de mhéideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine go léir atá ann laistigh den urrúsú sin;
níl i seilbh na hinstitiúide tionscnóra níos mó ná 20 % de luach risíochta an tráinse céadchaillteanais san urrúsú, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
tá an tionscnóir in ann a léiriú go sáraíonn luach risíochta an tráinse céadchaillteanais meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí foluiteacha faoi chorrlach suntasach;
ní ann d’aon suíomhanna urrúsúcháin mezzanine.
I gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú seo, féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh, agus iad ag meas gach cáis ar a fhiúntas féin, nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla a ligean d’institiúidí tionscnóra aistriú creidmheasa shuntasaigh a aithint i ndáil le hurrúsú i gcás ina léiríonn an institiúid tionscnóra i ngach cás, go bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú ar cheanglais cistí dílse a bhaineann an tionscnóir amach leis an urrúsú. Ní fhéadfar cead a thabhairt ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:
tá beartais agus modheolaíochtaí leordhóthanacha inmheánacha bainistithe priacail ag an institiúid le haistriú an phriacail a mheasúnú;
d’aithin an institiúid an t-aistriú priacail creidmheasa chuig tríú páirtithe i ngach cás ar mhaithe le bainistiú priacail inmheánaigh agus leithdháileadh caipitil inmheánaigh na hinstitiúide.
Chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, comhlíonfar gach coinníoll díobh seo a leanas:
léiríonn doiciméadacht an idirbhirt tábhacht eacnamaíoch an tsuímh urrúsúcháin;
an chosaint chreidmheasa ar dá bua a aistrítear an priacal creidmheasa, comhlíonann sí Airteagal 249;
níl téarmaí ná coinníollacha i ndoiciméadacht an urrúsúcháin lena ndéantar an méid seo a leanas:
tairseacha ábharthachta suntasacha a fhorchur a meastar nár spreagadh cosaint chreidmheasa faoina mbun i gcás teagmhas creidmheasa;
foirceannadh na cosanta a cheadú mar gheall ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa na risíochtaí foluiteacha;
a cheangal ar an institiúid tionscnóra comhdhéanamh na risíochtaí foluiteacha a athrú chun meáncháilíocht an chomhthiomsaithe a fheabhsú; nó
costas cosanta creidmheasa na hinstitiúide nó an toradh is iníoctha le sealbhóirí suíomhanna laistigh den urrúsú a mhéadú mar fhreagairt ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa an chomhthiomsaithe fholuitigh;
tá an chosaint chreidmheasa infhorghníomhaithe i ngach dlínse ábhartha;
más infheidhme, is léir i ndoiciméadacht an idirbhirt nach bhféadfaidh an tionscnóir ná an t-urraitheoir suíomhanna urrúsúcháin a cheannach ná na risíochtaí foluiteacha a athcheannach, a athstruchtúrú ná a ionadú thar a n-oibleagáidí conarthacha i gcás ina ndéantar socruithe den sórt sin i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh atá i réim agus ina ngníomhaíonn na páirtithe lena mbaineann ar mhaithe leo féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí);
i gcás ina bhfuil céadrogha ar cheannach farasbairr ann, comhlíonann an rogha sin na coinníollacha uile seo a leanas:
féadfar í a fheidhmiú de rogha na hinstitiúide tionscnóra;
ní fhéadfar í a fheidhmiú ach amháin nuair atá 10 % nó níos lú de luach bunaidh na risíochtaí foluiteacha fós gan amúchadh;
níl sí struchtúraithe ionas nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa ná ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí san urrúsú agus níl sí struchtúraithe ar chaoi eile chun feabhsú creidmheasa a sholáthar;
tá tuairim faighte ag an institiúid tionscnóra ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-urrúsú na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (d) den mhír seo;
Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas maoirseachta i ndáil le haistriú priacail shuntasaigh in urrúsuithe sintéiseacha a aithint i gcomhréir leis an Airteagal seo. Go háirithe, déanfaidh ÚBE athbhreithniú:
ar na coinníollacha maidir le haistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;
ar an léiriú ar “aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe” chun críocha mheasúnú na n-údarás inniúil dá bhforáiltear sa dara fomhír de mhír 2 agus i mír 3; agus
ar na ceanglais le haghaidh mheasúnú na n-údarás inniúil ar idirbhearta urrúsúcháin a n-iarrann an tionscnóir aitheantas ar aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe ina leith i gcomhréir le mír 2 nó mír 3.
Cuirfidh ÚBE na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis an tuarascáil ó ÚEB a chur san áireamh, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, mar fhorlíonadh ar an Rialachán seo, trí shonrú breise a dhéanamh ar na hítimí a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.
Airteagal 246
Ceanglais oibríochtúla maidir le forálacha i ndáil le luathamúchadh
I gcás ina n-áirítear risíochtaí imrothlacha agus forálacha i ndáil le luathamúchadh nó forálacha comhchosúla san urrúsú, ní mheasfar go bhfuil priacal creidmheasa suntasach aistrithe ag an institiúid tionscnóra ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 244 agus Airteagal 245 agus nach ndéantar leis an bhforáil maidir le luathamúchadh, a luaithe a spreagtar é, an méid seo a leanas:
éileamh sinsearach nó pari passu na hinstitiúide ar na risíochtaí foluiteacha a chur faoi réir éilimh na n-infheisteoirí eile;
éileamh na hinstitiúide ar na risíochtaí foluiteacha a chur faoi réir éilimh páirtithe eile tuilleadh; nó
risíocht na hinstitiúide ar chaillteanais a bhaineann le risíochtaí imrothlacha foluiteacha a mhéadú ar bhealach eile.
Airteagal 247
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh
I gcás inar aistrigh institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach a bhaineann le risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe i gcomhréir le Roinn 2, féadfaidh an institiúid sin:
i gcás urrúsú traidisiúnta, na risíochtaí foluiteacha a eisiamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail, agus mar is ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh;
i gcás urrúsú sintéiseach, méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus, más ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, i leith na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 251 agus le hAirteagal 252.
I gcás nár aistrigh an institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach nó gur chinn sí gan mír 1 a chur i bhfeidhm, ní chuirfear de cheangal uirthi méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i leith aon suíomh a d’fhéadfadh a bheith aici laistigh den urrúsú ach leanfaidh sí de na risíochtaí foluiteacha agus, i gcás inarb abhartha, méideanna an chaillteananais ionchasaigh, a áireamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh amhail is nár urrúsaíodh riamh iad.
Airteagal 248
Luach na risíochta
Déanfar luach risíochta suímh urrúsúcháin a ríomh mar seo a leanas:
is é a bheidh i luach risíochta suíomhanna urrúsúcháin laistigh den chlár comhardaithe ná a luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis aon choigeartuithe sonracha i leith aon phriacal creidmheasa a chur i bhfeidhm, ar coigeartuithe iad a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 110;
is é a bheidh i luach risíochta suíomh urrúsúcháin lasmuigh den chlár comhardaithe ná a luach ainmniúil lúide aon choigeartuithe ábhartha sonracha i leith priacal creidmheasa a bhaineann leis an suíomh urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 110, iolraithe faoin bhfachtóir coinbhéartaithe ábhartha a leagtar amach sa phointe seo. Beidh an fachtóir coinbhéartaithe cothrom le 100 %, ach amháin i gcás na saoráidí airleacan airgid. Féadfar fachtóir coinbhéartaithe 0 % a chur i bhfeidhm maidir le méid ainmniúil saoráide leachtachta atá inchealaithe go neamhchoinníollach chun luach risíochta chion neamhtharraingthe na saoráidí airleacan airgid a chinneadh ar an gcoinníoll go bhfuil aisíoc na dtarraingtí ar an tsaoráid níos sinsearaí ná aon éilimh eile ar an sreabhadh airgid a thagann as na risíochtaí foluiteacha agus gur léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil modh coimeádach iomchuí á chur i bhfeidhm aici chun an méid den chion neamhtharraingthe a thomhas;
déanfar luach na risíochta ar phriacal creidmheasa suíomhanna urrúsúcháin don chontrapháirtí a thagann ó ionstraim díorthaigh a liostaítear in Iarscríbhinn II a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6;
féadfaidh institiúid tionscnóra méid na gcoigeartuithe i leith na bpriacal creidmheasa sonrach maidir leis na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 110 a asbhaint de luach risíochta suímh urrúsúcháin a bhfuil ualú priacail 1 250 % sannta dó i gcomhréir le Foroinn 3 nó a asbhaintear de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1), agus aon lascainí neamh-inaisíoctha ar an bpraghas ceannaigh atá nasctha le risíochtaí foluiteacha den chineál sin a mhéid a bhfuil a gcistí dílse laghdaithe acu;
áireofar an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme, sa luach risíochta ar bharrachas raoin difríochta shintéisigh:
aon ioncam ó na risíochtaí urrúsaithe a d’aithin an institiúid tionscnóra cheana ina ráiteas ar ioncam faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, ar ioncam é a rinne an institiúid tionscnóra a ainmniú go conarthach i leith an idirbhirt mar bharrachas raoin difríochta shintéisigh agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;
aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra in aon tréimhsí san am atá thart agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;
aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra don tréimhse reatha agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;
aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra do thréimhsí a bheidh ann amach anseo.
Chun críocha an phointe seo, ní áireofar sa luach risíochta aon mhéid a sholáthraítear mar fheabhsú comhthaobhachta nó creidmheasa maidir leis an urrúsú sintéiseach agus atá faoi réir ceanglas cistí dílse cheana i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú cad is modh coimeádach iomchuí ann chun an méid den chion neamhtharraingthe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a thomhas.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
I gcás ina bhfuil na suíomhanna forluiteach i bpáirt, féadfaidh an institiúid an suíomh a dheighilt ina dhá chuid agus gan an forluí a aithint ach i ndáil le cuid amháin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. De mhalairt air sin, féadfaidh an institiúid déileáil leis na suíomhanna amhail is go raibh siad iomlán forluiteach tríd an suíomh a thugann na méideanna risíochta atá ualaithe níos airde ó thaobh priacail a fhairsingiú chun críocha ríomh caipitil.
Féadfaidh an institiúid forluí a aithint idir na ceanglais cistí dílse faoi phriacal sonrach i leith suíomhanna sa leabhar trádála agus na ceanglais cistí dílse i leith suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar neamhthrádála, ar an gcoinníoll gur féidir leis an institiúid ceanglais cistí dílse i leith na suíomhanna ábhartha a ríomh agus a chur i gcomparáid le chéile.
Chun críocha na míre seo measfar dhá shuíomh a bheith forluiteach i gcás ina bhfuil siad ag fritháireamh a chéile go frithpháirteach i gcaoi ar féidir leis an institiúid na caillteanais a thiocfadh as suíomh amháin a sheachaint trí na hoibleagáidí a cheanglaítear faoin suíomh eile a chomhlíonadh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 249
Maolú priacail creidmheasa a aithint le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin
Maidir le cosaint neamhchistithe creidmheasa agus soláthraithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa, ní bheidh ach na daoine sin atá incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4 incháilithe agus beidh aithint mhaolú an phriacail creidmheasa faoi réir chomhlíonadh na gceanglas ábhartha mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4.
Féadfaidh institiúidí a ligtear dóibh an Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm maidir le risíocht dhíreach ar sholáthraí na cosanta incháilitheacht a mheasúnú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír bunaithe ar dhóchúlacht mhainneachtana (PD) sholáthraí na cosanta a bheith coibhéiseach leis an PD a bhaineann leis na céimeanna cáilíochta creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 136.
De mhaolú ar fhomhír 2, beidh SSPEnna ina soláthraithe cosanta incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leanas:
tá sócmhainní ag SSPE a cháilíonn mar chomhthaobhacht airgeadais incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4;
níl na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir éilimh ná éilimh theagmhasacha a bhfuil réamhthosaíocht acu ar éileamh nó éileamh teagmhasach na hinstitiúide a fhaigheann cosaint chreidmheasa neamhchistithe, nó atá pari passu leis; agus
comhlíontar na ceanglais uile maidir le haithint comhthaobhachta airgeadais a leagtar amach i gCaibidil 4.
I gcás ina bhfuil cosaint chreidmheasa iomlán nó cosaint chreidmheasa pháirteach ar bhonn pro-rata ag suíomh urrúsúcháin, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
déanfaidh an institiúid a sholáthraíonn cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don chion sin den suíomh urrúsúcháin atá ag fáil cosaint chreidmheasa i gcomhréir le Foroinn 3 amhail is go raibh an cion sin den suíomh sin ina seilbh dhíreach féin;
ríomhfaidh an institiúid a bheidh ag ceannach cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcomhréir le Caibidil 4 don chion chosanta.
I ngach cás nach gcumhdaítear le mír 6, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
láimhseálfaidh an institiúid a sholáthraíonn cosaint chreidmheasa an cion den suíomh atá ag fáil cosaint chreidmheasa mar shuíomh urrúsúcháin agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail amhail is go raibh an suíomh ina seilbh dhíreach féin i gcomhréir le Foroinn 3, faoi réir mhíreanna 8, 9 agus 10;
déanfaidh an institiúid a bheidh ag ceannach cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don chion den suíomh atá cosanta dá dtagraítear i bpointe (a) i gcomhréir le Caibidil 4. Maidir leis an gcion den suíomh urrúsúcháin nach bhfaigheann cosaint chreidmheasa, láimhseálfaidh an institiúid é mar shuíomh urrúsúcháin ar leith agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcomhréir le Foroinn 3, faoi réir mhír 8, mhír 9 agus mhír 10.
Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (SEC-ERBA) faoi Fhoroinn 3 le haghaidh an tsuímh urrúsúcháin bunaidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh do na suíomhanna a dhíorthaítear i gcomhréir le mír 7 mar seo a leanas:
i gcás ina bhfuil sinsearacht níos airde ag an suíomh díorthaithe, sannfar ualú priacail an tsuímh urrúsúcháin bunaidh dó;
i gcás ina bhfuil sinsearacht níos ísle ag an suíomh díorthaithe, féadfar rátáil atá bunaithe ar thátal a shannadh dó i gcomhréir le hAirteagal 263(7). Ríomhfar tiús ionchur T sa chás sin ar bhonn an tsuímh díorthaithe amháin. I gcás nach bhfuil rátáil bunaithe ar thátal ann, féadfaidh an institiúid an t-ualú priacail is airde a chur i bhfeidhm de thoradh ceachtar acu seo a leanas:
SEC-SA a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8 agus Foroinn 3; nó
ualú priacail an tsuímh urrúsúcháin bunaidh faoi SEC-ERBA.
Airteagal 250
Tacaíocht intuigthe
Ní mheasfar go bhfuil idirbheart ina thacaíocht chun críocha mhír 1 i gcás inar cuireadh an t-idirbheart san áireamh go hiomchuí agus aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh á mheasúnú agus go ndearna an dá pháirtí an t-idirbheart agus iad ag gníomhú ar a leas féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí). Chun na gcríoch sin, tabharfaidh an institiúid faoi athbhreithniú creidmheasa iomlán ar an idirbheart agus, ar a laghad, cuirfidh sí na hítimí seo a leanas san áireamh:
an praghas athcheannaigh;
suíomh caipitil agus leachtachta na hinstitiúide roimh an athcheannach agus ina dhiaidh;
feidhmiú na risíochtaí foluiteacha;
feidhmiú na suíomhanna urrúsúcháin;
tionchar na tacaíochta ar na caillteanais a mheastar a thabhóidh an tionscnóir i gcomparáid leis na hinfheisteoirí.
Má mhainníonn institiúid tionscnóra nó institiúid is urraitheoir mír 1 a chomhlíonadh maidir le hurrúsú, áireoidh an institiúid risíochtaí uile an tsuímh urrúsúcháin sin ina ríomh ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail amhail is nár urrasaíodh riamh iad agus nochtfaidh sí:
gur thug sí tacaíocht don suíomh urrúsúcháin agus mír 1 á sárú aici; agus
tionchar na tacaíochta a soláthraíodh ó thaobh ceanglais cistí dílse.
Airteagal 251
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna n-urrúsú in urrúsú sintéiseach agus arna ríomh ag institiúidí tionscnóra
Airteagal 252
Neamhréir aibíochta in urrúsuithe sintéiseacha a láimhseáil
Ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 251, déanfar aon neamhréir aibíochta idir an chosaint chreidmheasa faoina mbaintear amach an t-aistriú priacail agus na risíochtaí foluiteacha a ríomh mar seo a leanas:
glacfar leis gurb í aibíocht na risíochtaí foluiteacha aibíocht aon cheann de na risíochtaí sin a bhfuil an aibíocht is faide aici, faoi réir uasteorainn 5 bliana. Cinnfear aibíocht na cosanta creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 4;
déanfaidh institiúid tionscnóra neamhaird d’aon neamhréir i méideanna risíochtaí atá ualaithe do shuíomhanna urrúsúcháin a ríomh faoi réir ualú priacail 1 250 % i gcomhréir leis an Roinn seo. I gcás gach suímh eile, cuirfear an tslí a láimhseáiltear neamhréir aibíochta a leagtar amach i gCaibidil 4 i bhfeidhm i gcomhréir leis na foirmle seo a leanas:
i gcás inarb é:
|
RW * |
= |
méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca chun críocha Airteagal 92(4), pointe (a); |
|
RWAss |
= |
méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i leith risíochtaí foluiteacha murar urrúsaíodh riamh iad, arna ríomh ar bhonn pro rata; |
|
RWSP |
= |
méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna ríomh faoi Airteagal 251 mura raibh aon neamhréir aibíochta ann; |
|
T |
= |
aibíocht na risíochtaí foluiteacha,arna sloinneadh i mblianta; |
|
t |
= |
aibíocht na cosanta creidmheasa arna sloinneadh i mblianta; |
|
t* |
= |
0,25. |
Airteagal 253
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a laghdú
Airteagal 254
Ordlathas modhanna
Úsáidfidh institiúidí ceann de na modhanna a leagtar amach i bhForoinn 3 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir leis an ordlathas seo a leanas:
i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 258, úsáidfidh institiúid SEC-IRBA i gcomhréir le hAirteagal 259 agus le hAirteagal 260;
i gcás nach bhféadtar SEC-ERBA a úsáid, úsáidfidh institiúid an (SEC-SA) i gcomhréir le hAirteagal 261 agus le hAirteagal 262;
i gcás nach bhféadtar SEC-SA a úsáid, úsáidfidh institiúid an SEC-ERBA i gcomhréir le hAirteagal 263 agus le hAirteagal 264 le haghaidh suíomhanna rátáilte nó suíomhanna ar féidir rátáil atá bunaithe ar thátal a úsáid ina leith.
I gcás suíomhanna rátáilte nó suíomhanna ar féidir rátáil atá bunaithe ar thátal a úsáid ina leith, úsáidfidh institiúid SEC-ERBA seachas SEC-SA i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
i gcás ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-SA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 25 % do shuíomhanna a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC;
i gcás ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-SA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 25 % nó ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-ERBA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 75 % do shuíomhanna nach gcáilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC;
le haghaidh idirbhearta urrúsúcháin bunaithe ar chomhthiomsuithe d’iasachtaí gluaisteáin, de léasanna gluaisteán agus de léasanna trealaimh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh institiúid fógra faoina chinneadh a thabhairt don údarás inniúil tráth nach déanaí ná an 17 Samhain 2018.
Aon chinneadh ina dhiaidh sin a dhéanfaí chun an cur chuige a cuireadh i bhfeidhm maidir lena cuid suíomhanna urrúsúcháin rátáilte uile a athrú tuilleadh, déanfaidh an institiúid fógra ina leith a thabhairt dá húdarás inniúil roimh an 15 lá de mhí na Samhna a thagann díreach tar éis an chinnidh sin.
Más rud é nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil aon agóid faoin 15 lá den mhí Nollag sin a thagann díreach tar éis an spriocdháta dá dtagraítear sa dara fomhír nó sa tríú fomhír, de réir mar is iomchuí, beidh éifeacht ag an gcinneadh ar thug an institiúid fógra ina leith ón 1 Eanáir den bhliain dar gcionn agus beidh sé bailí go dtí go mbeidh éifeacht ag cinneadh ina dhiaidh sin dá dtugtar fógra. Ní bhainfidh institiúid úsáid as cuir chuige éagsúla san aon bhliain amháin.
Airteagal 255
KIRB agus KSA a chinneadh
Chun críocha KIRB a ríomh, áireofar ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomhfaí faoi Chaibidil 3 i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha an méid seo a leanas:
méid na gcaillteanas ionchasach a bhaineann le risíochtaí foluiteacha uile an urrúsaithe lena n-áirítear risíochtaí foluiteacha, agus iad ar mainneachtain, atá fós mar chuid den chomhthiomsú i gcomhréir le Caibidil 3; agus
méid na gcaillteanas gan choinne a bhaineann leis na risíochtaí foluiteacha uile lena n-áirítear risíochtaí foluiteacha, agus iad ar mainneachtain, atá sa chomhthiomsú i gcomhréir le Caibidil 3;
I gcás ina láimhseáiltear caillteanais ó phriacail chaolúcháin agus chreidmheasa ar bhealach comhiomlán san urrúsú, déanfaidh institiúidí KIRB do phriacal caolúcháin agus creidmheasa faoi seach a chomhcheangal in aon KIRB amháin chun críocha Fhoroinn 3. Féadfar a mheas, i gcás cúlchiste aonair nó ró-urrúsú comhthaobhach atá ar fáil chun caillteanais de bharr priacal creidmheasa nó caolúcháin a chumhdach, gur tásc é sin go bhfuil na priacail seo á láimhseáil ar bhealach comhiomlán.
I gcás nach láimhseáiltear priacal caolúcháin agus creidmheasa ar bhealach comhiomlán san urrúsú, modhnóidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach sa dara mír chun an KIRB faoi seach do phriacal caolúcháin agus creidmheasa a chomhcheangal ar bhealach stuama.
Chun críocha na míre seo, ríomhfaidh institiúidí luach risíochta na risíochtaí foluiteacha gan aon choigeartuithe priacail creidmheasa sonracha agus coigeartuithe luacha breise a ghlanluacháil i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 110 agus laghduithe cistí dílse eile.
I gcás urrúsuithe sintéiseacha cistithe, déanfar aon fháltais ábhartha ó eisiúint nótaí creidmheas-nasctha nó oibleagáidí cistithe eile de chuid SSPE a fhónann mar chomhthaobhacht le haghaidh aisíocaíocht na suíomhanna urrúsúcháin a áireamh i ríomh KIRB nó KSA má bhíonn priacal creidmheasa na comhthaobhachta faoi réir leithdháileadh an tráinse caillteanais.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála t chun na coinníollacha a shonrú tuilleadh chun a cheadú d’institiúidí KIRB a ríomh do chomhthiomsuithe risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le mír 4, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:
beartas creidmheasa inmheánach agus samhlacha chun KIRB a ríomh le haghaidh urrúsuithe;
fachtóirí éagsúla priacail a úsáid a bhaineann leis an gcomhthiomsú risíochtaí foluiteacha agus, i gcás nach mbeidh go leor sonraí iontaofa nó cruinne faoin gcomhthiomsú sin ar fáil, sonraí ionadacha a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar PD agus LGD; agus
ceanglais díchill chuí chun faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí agus ar na beartais de chuid díoltóirí earraí infhaighte nó tionscnóirí eile.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 256
Pointe astaithe (A) agus pointe dí-astaithe (D) a chinneadh
Sloinnfear an pointe astaithe (A) mar luach deachúil idir nialas agus a haon agus beidh sé cothrom leis an gceann is mó de nialas agus an cóimheas idir iarmhéid gan íoc chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha san urrúsú lúide iarmhéid gan íoc na dtráinsí uile atá níos sinsearaí nó pari passu maidir leis an tráinse ina bhfuil an suíomh urrúsúcháin ábhartha len n-áirítear an risíocht í féin agus maidir le hiarmhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha uile san urrúsú.
Sloinnfear an pointe dí-astaithe (D) mar luach deachúil idir nialas agus a haon agus beidh sé cothrom leis an gceann is mó de nialas agus an cóimheas idir iarmhéid gan íoc chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha san urrúsú lúide iarmhéid gan íoc na dtráinsí uile atá níos sinsearaí ná an tráinse ina bhfuil an suíomh urrúsúcháin ábhartha agus iarmhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha uile san urrúsú.
Airteagal 257
An tráinse aibíochta (MT) a chinneadh
Chun críocha Fhoroinn 3 agus faoi réir mhír 2, féadann institiúidí aibíocht tráinse (MT) a thomhas:
mar mheánaibíocht ualaithe na n-íocaíochtaí conarthacha atá dlite faoin tráinse i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:
i gcás ina gcuireann CFt gach íocaíocht chonarthach in iúl (príomhshuim, ús agus táillí) atá iníoctha ag an iasachtaí le linn an tréimhse t; nó
mar aibíocht dhlíthiúil deiridh an tráinse i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb é ML aibíocht dhlíthiúil deiridh an tráinse.
Airteagal 258
Coinníollacha maidir leis an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánach (SEC-IRBA) a úsáid
Bainfidh institiúidí úsáid as SEC-IRBA chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh maidir le suíomh urrúsúcháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tá an suíomh bunaithe ar chomhthiomsú IRB nó ar chomhthiomsú measctha, ar an gcoinníoll maidir leis an dara cás, gur féidir leis an institiúid KIRB a ríomh i gcomhréir le Roinn 3 ar 95 % ar a laghad den mhéid risíochta foluiteach;
is leor an méid faisnéise atá ar fáil maidir le risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe chun go mbeidh an institiúid in ann KIRB a ríomh; agus
níl bac ar an institiúid SEC-IRBA a úsáid maidir le suíomh urrúsúcháin áirithe i gcomhréir le mír 2.
Féadfaidh údaráis inniúla ar bhonn gach cáis ar leith bac a chur ar úsáid SEC-IRBA i gcás ina bhfuil gnéithe an-chasta ag urrúsuithe nó ina bhfuil gnéithe a bhfuil go leor priacail ag baint leo acu. Chun na gcríoch sin, féadfar a mheas gur gnéithe an-chasta nó gnéithe a bhfuil go leor priacal ag baint leo na gnéithe a leanas:
feabhsú creidmheasa a d’fhéadfaí a chreimeadh ar chúiseanna eile seachas caillteanais punainne;
comhthiomsuithe risíochtaí foluiteacha ina bhfuil leibhéal ard comhghaoil inmheánaigh mar thoradh ar risíochtaí ródhlúth ar earnálacha ar leith nó ar limistéir gheoghrafacha;
idirbhearta ina bhfuil aisíoc na suíomhanna urrúsúcháin ag brath go mór ar spreagaithe priacal nach bhfuil léirithe sa KIRB; nó
leithdháiltí an-chasta caillteanais idir tráinsí.
Airteagal 259
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoi SEC-IRBA
Faoi SEC-IRBA, déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail maidir le suíomh urrúsúcháin a ríomh trí luach risíochta an tsuímh, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 248, a iolrú faoin ualú priacail is infheidhme a chinnfear mar a leanas, faoi réir íostairseach 15 % i ngach cás:
|
RW = 1 250 % |
nuair atá D ≤ KIRB |
|
|
nuair atá A ≥ KIRB |
|
|
nuair atá A < KIRB < D |
i gcás inarb ionann:
|
KIRB |
agus muirear caipitil chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha mar a shainmhínítear in Airteagal 255 |
|
D |
agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256 |
|
A |
agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256 |
i gcás inarb ionann:
|
a |
= |
– (1/(p * KIRB)) |
|
u |
= |
D – KIRB |
|
l |
= |
uasmhéid (A – KIRB; 0) |
i gcás inarb ionann:
i gcás inarb ionann:
|
N |
agus líon éifeachtach na risíochtaí i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha, arna ríomh i gcomhréir le mír 4. |
|
LGD |
agus an an meánchaillteanas i gcás mainneachtana atá ualaithe ó thaobh na risíochtaí i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha, arna ríomh i gcomhréir le mír 5. |
|
MT |
agus aibíocht an tráinse arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 257. |
Déanfar na paraiméadair A,B,C, D agus E a chinneadh i gcomhréir leis an tábla cuardaigh seo:
|
|
A |
B |
C |
D |
E |
|
|
Neamh-mhiondíol |
Sinsearach, gráinneach (N ≥ 25) |
0 |
3,56 |
-1,85 |
0,55 |
0,07 |
|
Sinsearach, neamhghráinneach (N < 25) |
0,11 |
2,61 |
-2,91 |
0,68 |
0,07 |
|
|
Neamhshinsearach, gráinneach (N ≥ 25) |
0,16 |
2,87 |
-1,03 |
0,21 |
0,07 |
|
|
Neamhshinsearach, neamhghráinneach (N < 25) |
0,22 |
2,35 |
-2,46 |
0,48 |
0,07 |
|
|
Miondíol |
Sinsearach |
0 |
0 |
-7,48 |
0,71 |
0,24 |
|
Neamhshinsearach |
0 |
0 |
-5,78 |
0,55 |
0,27 |
|
Ríomhfar líon éifeachtach na risíochtaí (N) mar a leanas:
i gcás ina léiríonn EADi an luach risíochta a bhaineann leis an iú risíocht sa chomhthiomsú.
Comhdhlúthófar risíochtaí iolracha ar an oibleagáideoir céanna agus láimhseálfar iad mar risíocht amháin.
Ríomhfar an meánLGD atá ualaithe ó thaobh risíochta, mar a leanas:
i gcás ina léiríonn LGDi an meán LGD a bhaineann le gach risíocht ar an iú oibleagáideoir.
I gcás ina láimhseáiltear priacail chreidmheasa agus chaolúcháin le haghaidh earraí infhaighte ceannaithe ar bhealach comhiomlán laistigh d’urrúsú, measfar an t-ionchur LGD a bheith mar mheán ualaithe an LGD i gcás priacal creidmheasa agus mar 100 % an LGD i gcás priacal caolúcháin. Is iad ceanglais chaipitil dhílse neamhspleácha an Cur chuige IRB a bhaineann le priacal creidmheasa agus le priacal caolúcháin faoi seach a bheidh ina n-ualaí. Chun na gcríoch seo, féadfar a mheas gur léiriú é cúlchiste aonair nó ró-urrúsú comhthaobhach atá ar fáil chun caillteanais de bharr priacal creidmheasa nó priacal caolúcháin a chumhdach go bhfuil na priacail seo á mbainistiú ar bhealach comhiomlán.
I gcás nach mó ná 3 % sciar na risíochta foluití is mó sa chomhthiomsú (C1), féadfaidh institiúidí an modh simplithe seo a leanas a úsáid chun N agus na meánLGDanna atá ualaithe ó thaobh risíochta a ríomh:
LGD = 0,50
i gcás inarb ionann
|
Cm |
agus an sciar den chomhthiomsú a chomhfhreagraíonn do shuim na m-risíochtaí is mó; agus |
|
m |
is í an institiúid a leagann síos m. |
Mura bhfuil le fáil ach C1 agus murar mó an méid seo ná 0.03, féadfaidh an institiúid an LGD a leagan síos mar 0.50 agus N mar 1/C1.
I gcás ina bhfuil an suíomh bunaithe ar chomhthiomsú measctha agus ina bhfuil an institiúid in ann KIRB a ríomh ar 95 % de na méideanna risíochta foluiteacha ar a laghad i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 258(1), ríomhfaidh an institiúid an muirear caipitil don chomhthiomsú risíochtaí foluiteacha mar:
i gcás inarb ionann
d agus an sciar de mhéid risíochta na risíochtaí foluiteacha a bhfuil an institiúid in ann KIRB a ríomh ina leith thar mhéid risíochta na risíochtaí foluiteacha go léir.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.
Airteagal 260
Urrúsuithe STC a láimhseáil faoi SEC-IRBA
Faoi SEC-IRBA, ríomhfar an t-ualú priacail maidir le suíomh in urrúsú STC i gcomhréir le hAirteagal 259, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
íosualú priacail do shuíomhanna urrúsúcháin sinsearacha = 10 %
Airteagal 261
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoin gCur Chuige Caighdeánaithe (SEC-SA)
Faoi SEC-SA, déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail maidir le suíomh in urrúsú a ríomh trí luach risíochta an tsuímh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 248 a iolrú faoin ualú priacail is infheidhme a chinnfear mar a leanas, faoi réir íostairseach 15 % i ngach cás:
|
RW = 1 250 % |
nuair atá D ≤ KA |
|
|
nuair atá A ≥ KA |
|
|
when A < KA < D |
i gcás inarb ionann:
|
D |
agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256; |
|
A |
agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256; |
|
KA |
Is paraiméadar é KA a ríomhtar i gcomhréir le mír 2; |
i gcás inarb ionann:
|
a |
= |
– (1/(p · KA)) |
|
u |
= |
D – KA |
|
l |
= |
uasmhéid (A – KA; 0) |
|
p |
= |
maidir le risíocht urrúsúcháin nach risíocht ath-urrúsúcháin í |
Chun críocha mhír 1, ríomhfar KA mar a leanas:
i gcás inarb ionann:
KSA agus muirear caipitil an chomhthiomsaithe fholuitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 255;
ina bhfuil W = an cóimheas idir:
suim mhéid ainmniúil na risíochtaí foluiteacha ar mainneachtain, agus
suim mhéid ainmniúil na risíochtaí foluiteacha uile.
Chun na gcríoch seo, ciallóidh risíocht ar mainneachtain risíocht fholuiteach atá: (i) 90 lá nó níos mó thar téarma; (ii) faoi réir ag imeachtaí féimheachta nó dócmhainneachta; (iii) faoi réir ag imeacht foriaimh nó imeacht comhchosúil; nó (iv) ar mainneachtain i gcomhréir leis an doiciméadacht urrúsúcháin.
I gcás nach eol d’institiúid stádas faillí 5 % nó níos lú de na risíochtaí foluiteacha sa chomhthiomsú, féadfaidh an institiúid SEC-SA a úsáid i gcomhréir leis an gcoigeartú seo a leanas maidir le KA a ríomh:
I gcás nach eol d’institiúid stádas faillí níos mó ná 5 % de na risíochtaí foluiteacha sa chomhthiomsú, ní mór an suíomh san urrúsú a ualú ó thaobh priacail ag 1 250 %.
Chun críocha na chéad mhíre seo, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.
Airteagal 262
Urrúsuithe STC a láimhseáil faoi SEC-SA
Faoi SEC-IRBA, déanfar an t-ualú priacail maidir le suíomh in urrúsú STC a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 261, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
Airteagal 263
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoin gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (SEC-IRBA)
Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le mír 7, beidh feidhm ag na hualaí priacail a leanas:
Tábla 1
|
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
Gach rátáil eile |
|
Ualú priacail |
15 % |
50 % |
100 % |
1 250 % |
Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa fadtéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na hualuithe priacail i dTábla 2 agus iad coigeartaithe mar is infheidhme maidir le haibíocht tráinse (MT) i gcomhréir le hAirteagal 257 agus mír 4 den Airteagal seo agus maidir le tiús tráinse le haghaidh tráinsí neamhshinsearacha i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo:
Tábla 2
|
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
Tráinse is sinsearaí |
Tráinse neamhshinsearach (tanaí) |
||
|
Aibíocht tráinse (MT) |
Aibíocht tráinse (MT) |
|||
|
1 bhliain |
5 bliana |
1 bhliain |
5 bliana |
|
|
1 |
15 % |
20 % |
15 % |
70 % |
|
2 |
15 % |
30 % |
15 % |
90 % |
|
3 |
25 % |
40 % |
30 % |
120 % |
|
4 |
30 % |
45 % |
40 % |
140 % |
|
5 |
40 % |
50 % |
60 % |
160 % |
|
6 |
50 % |
65 % |
80 % |
180 % |
|
7 |
60 % |
70 % |
120 % |
210 % |
|
8 |
75 % |
90 % |
170 % |
260 % |
|
9 |
90 % |
105 % |
220 % |
310 % |
|
10 |
120 % |
140 % |
330 % |
420 % |
|
11 |
140 % |
160 % |
470 % |
580 % |
|
12 |
160 % |
180 % |
620 % |
760 % |
|
13 |
200 % |
225 % |
750 % |
860 % |
|
14 |
250 % |
280 % |
900 % |
950 % |
|
15 |
310 % |
340 % |
1 050 % |
1 050 % |
|
16 |
380 % |
420 % |
1 130 % |
1 130 % |
|
17 |
460 % |
505 % |
1 250 % |
1 250 % |
|
Gach ceann eile |
1 250 % |
1 250 % |
1 250 % |
1 250 % |
D’fhonn an tiús tráinse a chur san áireamh, déanfaidh institiúidí an t-ualú priacail do thráinsí neamhshinsearacha a ríomh mar a leanas:
i gcás inarb ionann
T = tiús an tráinse arna thomhas mar D – A
i gcás inarb ionann
|
D |
agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256 |
|
A |
agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256 |
Chun rátálacha atá bunaithe ar thátal a úsáid, sannfaidh institiúidí rátáil atá bunaithe ar thátal do shuíomh gan rátáil agus beidh an rátáil sin coibhéiseach le measúnú creidmheasa suímh tagartha rátáilte a chomhlíonann na coinníollacha seo go léir:
tá an suíomh tagartha ar comhchéim ar gach bealach leis an suíomh urrúsúcháin gan rátáil nó, i gcás nach ann d’aicmiú pari passu, tá an suíomh tagartha díreach faoi réir an tsuímh gan rátáil;
ní bhaineann an suíomh tagartha aon tairbhe as ráthaíochtaí tríú páirtí nó as aon fheabhsuithe creidmheasa eile nach bhfuil ar fáil ag an suíomh gan rátáil;
beidh aibíocht an tsuímh tagartha cothrom le haibíocht an tsuímh gan rátáil atá i gceist nó níos faide ná í;
ar bhonn leanúnach, tabharfar aon rátáil bunaithe ar thátal cothrom le dáta chun aon athruithe maidir le measúnú creidmheasa an tsuímh tagartha a léiriú.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.
Airteagal 264
Urrúsuithe STC a láimhseáil faoi SEC-ERBA
Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le hAirteagal 263(7), beidh na hualuithe priacail a leanas infheidhme:
Tábla 3
|
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
Gach rátáil eile |
|
Ualú priacail |
10 % |
30 % |
60 % |
1 250 % |
Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa fadtéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le hAirteagal 263(7), cinnfear ualuithe priacail i gcomhréir le Tábla 4 agus iad coigeartaithe maidir le haibíocht tráinse (MT) i gcomhréir le hAirteagal 257 agus le hAirteagal 263(4) agus maidir le tiús tráinse le haghaidh tráinsí neamhshinsearacha i gcomhréir le hAirteagal 263(5):
Tábla 4
|
Céim Cáilíochta Creidmheasa |
Tráinse is sinsearaí |
Tráinse neamhshinsearach (tanaí) |
||
|
Aibíocht tráinse (MT) |
Aibíocht tráinse (MT) |
|||
|
1 bhliain |
5 bliana |
1 bhliain |
5 bliana |
|
|
1 |
10 % |
10 % |
15 % |
40 % |
|
2 |
10 % |
15 % |
15 % |
55 % |
|
3 |
15 % |
20 % |
15 % |
70 % |
|
4 |
15 % |
25 % |
25 % |
80 % |
|
5 |
20 % |
30 % |
35 % |
95 % |
|
6 |
30 % |
40 % |
60 % |
135 % |
|
7 |
35 % |
40 % |
95 % |
170 % |
|
8 |
45 % |
55 % |
150 % |
225 % |
|
9 |
55 % |
65 % |
180 % |
255 % |
|
10 |
70 % |
85 % |
270 % |
345 % |
|
11 |
120 % |
135 % |
405 % |
500 % |
|
12 |
135 % |
155 % |
535 % |
655 % |
|
13 |
170 % |
195 % |
645 % |
740 % |
|
14 |
225 % |
250 % |
810 % |
855 % |
|
15 |
280 % |
305 % |
945 % |
945 % |
|
16 |
340 % |
380 % |
1 015 % |
1 015 % |
|
17 |
415 % |
455 % |
1 250 % |
1 250 % |
|
Gach ceann eile |
1 250 % |
1 250 % |
1 250 % |
1 250 % |
Airteagal 265
Raon feidhme agus ceanglais oibríochtúla Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh
I gcás ina bhfuil B cead faighte ag institiúid chun Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, agus ina dtagann suíomh sonrach i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP laistigh den raon feidhme a chumhdaítear leis an gcead sin, cuirfidh an institiúid an chur chuige sin i bhfedhm chun méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don suíomh sin.
Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead d’institiúidí Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a chur i bhfeidhm laistigh de raon feidhme atá sainithe go soiléir i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
is suíomhanna rátáilte na suíomhanna go léir sa pháipéar tráchtála arna eisiúint ag an gclár ABCP;
léiríonn an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa an tsuímh an mhodheolaíocht mheasúnaithe atá ag IMCS amháin nó níos mó atá ar fáil don phobal, chun suíomhanna urrúsúcháin atá bunaithe ar risíochtaí foluiteacha den chineál atá urrúsuithe a rátáil;
an páipéar tráchtála a eisítear ón gclár ABCP, den chuid is mó eisítear d’infheisteoirí tríú páirtí é;
tá próiseas measúnaithe inmheánach na hinstitiúide chomh coimeádach ar a laghad agus measúnuithe na IMCSanna sin atá ar fáil don phobal a sholáthair rátáil sheachtrach don pháipéar tráchtála arna eisiúint ag an gclár ABCP, go háirithe maidir le fachtóirí struis agus gnéithe cainníochtúla ábhartha eile;
cuireann modheolaíocht na hinstitiúide maidir le measúnú inmheánach san áireamh gach modheolaíocht rátála ábhartha, atá ar fáil don phobal, de chuid na IMCSanna faoina rátáiltear páipéar tráchtála an chláir ABCP agus cuirtear san áireamh gráid rátála a fhreagraíonn do mheasúnuithe creidmheasa IMCSanna. Tabharfaidh an institiúid ina taifid inmheánacha ráiteas míniúcháin ina ndéanfar cur síos ar an gcaoi ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sa phointe seo agus tabharfaidh sí an ráiteas sin cothrom le dáta ar bhonn rialta;
úsáideann an institiúid an mhodheolaíocht um measúnú inmheánach chun críocha bainistithe priacail inmheánaigh, lena n-áirítear a próisis cinnteoireachta, bainistíochta faisnéise agus a próisis inmheánacha maidir le leithdháileadh caipitil;
déanann iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha, IMCS, nó feidhm inmheánach athbhreithnithe creidmheasa nó bainistíochta priacail na hinstitiúide athbhreithniú rialta ar an bpróiseas measúnaithe inmheánaigh agus ar cháilíocht na measúnuithe inmheánacha arna ndéanamh ar cháilíocht chreidmheasa risíochtaí na hinstitiúide ar chlár ABCP nó ar idirbheart ABCP;
déanfaidh an institiúid feidhmíocht a rátálacha inmheánacha a rianú le himeacht ama chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht a modheolaíochta um measúnú inmheánach agus déanfaidh sí an mhodheolaíocht sin a choigeartú, de réir mar is gá, má bhíonn difríocht rialta idir feidhmíocht na risíochtaí agus an fheidhmíocht arna léiriú ag na rátálacha inmheánacha;
áireofar leis an gclár ABCP caighdeáin um bainistíocht frithgheallta agus dliteanais i bhfoirm treoirlínte do riarthóir an chláir maidir leis an méid seo a leanas, ar a laghad:
na critéir maidir le hincháilitheacht sócmhainní, faoi réir phointe (j);
cineálacha agus luach airgeadaíoch na risíochtaí mar thoradh ar sholáthar saoráidí leachtachta agus feabhsuithe creidmheasa;
an dáileachán caillteanais idir na suíomhanna urrúsúcháin sa chlár nó san idirbheart ABCP;
aonrú dlíthiúil agus eacnamaíoch na sócmhainní aistrithe ón eintiteas atá i mbun na sócmhainní a dhíol;
leis na critéir maidir le hincháilitheacht sócmhainní sa chlár ABCP déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas, ar a laghad:
eisiamh ceannach sócmhainní atá go mór thar téarma nó ar mainneachtain;
teorannú ró-chomhchruinnithe maidir le limistéar geografach nó oibleagáideoir aonair; agus
teorannú éirim na sócmhainní a bheidh le ceannach;
go ndéantar anailís ar phriacail chreidmheasa agus ar phróifíl ghnó dhíoltóir na sócmhainne, lena n-áireofar ar a laghad measúnú:
ar fheidhmíocht airgeadais an díoltóra roimhe seo agus ar an bhfeidhmíocht airgeadais is dóigh a bheidh aige amach anseo;
ar shuíomh reatha an díoltóra ar an margadh, agus ar an iomaíochas is dócha a bheidh ann amach anseo;
ar luamhánacht, sreabhadh airgid, cumhdach úis agus rátáil fiachais an díoltóra; agus
ar chaighdeáin frithgheallta, cumas fiachas a sheirbhísiú, agus próisis bailiúcháin an díoltóra;
tá beartais agus próisis bailiúcháin ag an gclár ABCP a chuireann cumas oibriúcháin agus cáilíocht chreidmheasa an tseirbhíseora san áireamh agus a chuimsíonn gnéithe a mhaolaíonn priacail a bhaineann le feidhmíocht an díoltóra agus an tseirbhíseora. Chun críocha an phointe seo, féadfar priacail a bhaineann le feidhmíocht a mhaolú trí thucaidí a bheidh bunaithe ar cháilíocht chreidmheasa reatha an díoltóra nó an tseirbhíseora cosc a chur ar mheascadh cistí i gcás mhainneachtain an díoltóra nó an tseirbhíseora;
cuirtear san áireamh sa mheastachán comhiomlánaithe caillteanais ar chomhthiomsú sócmhainní a d’fhéadfaí a cheannach faoin gclár ABCP gach foinse a d’fhéadfadh priacal a beith ag baint leo, amhail priacal creidmheasa agus caolúcháin;
i gcás ina bhfuil méid na bhfeabhsuithe creidmheasa a sholáthair an díoltóir bunaithe ar chaillteanais a bhaineann le creidmheas agus orthu sin amháin, agus más iomchuí an priacal caolúcháin i gcás an chomhthiomsaithe sócmhainní ar leith sin, is cúlchiste ar leithligh a bheidh sa chlár ABCP le haghaidh priacal caolúcháin;
déantar méid an leibhéil fheabhsaithe is gá sa chlár ABCP a ríomh trí aird a thabhairt ar roinnt blianta d’fhaisnéis stairiúil, lena n-áirítear caillteanais, ciontóireacht, caoluithe, agus ráta láimhdeachais earraí infhaighte;
sa chlár ABCP, tá gnéithe struchtúracha i gceist le linn risíochtaí a cheannach d’fhonn meathlú creidmheasa féideartha na punainne foluití a mhaolú. D’fhéadfaí tairseacha clabhsúir a bhaineann go sonrach le comhthiomsú risíochtaí a bheith ina ngnéithe sin;
déanfaidh an institiúid meastóireacht ar na gnéithe a bhaineann leis an gcomhthiomsú sócmhainní foluiteach, amhail an meánscór creidmheasa atá ualaithe, agus sainaithneoidh sí aon chomhchruinnithe d’oibleagáideoir aonair nó do limistéar geografach agus do ghráinneacht an chomhthiomsaithe sócmhainní.
Maidir le hinstitiúidí a bhfuil cead faighte acu Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a úsáid, ní fhillfidh siad ar mhodhanna eile a úsáid maidir le suíomhanna a thagann faoi raon feidhme acu Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh, mura gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
tá léirithe ag an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil cúis mhaith ag an institiúid déanamh amhlaidh;
tá cead faighte ag an institiúid roimh ré ón údarás inniúil.
Airteagal 266
Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoi Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh
Airteagal 267
Ualú priacail uasta le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin shinsearacha: Cur chuige an trébhreathnaithe
I gcás comhthiomsuithe measctha, déanfar an t-ualú priacail uasta a ríomh mar seo a leanas:
i gcás ina gcuirfidh an institiúid SEC-IRBA i bhfeidhm, sannfar ualú priacail an Chur Chuige Chaighdeánaithe agus ualú priacail an Chur Chuige IRB do chion an Chur Chuige Chaighdeánaithe agus do chion an Chur Chuige IRB den chomhthiomsú foluiteach faoi seach;
i gcás ina gcuirfidh an institiúid SEC-SA nó SEC-ERBA i bhfeidhm, beidh an t-ualú priacail uasta do shuíomhanna urrúsúcháin sinsearacha cothrom leis an ualú priacail meánualaithe faoin gCur Chuige Caighdeánaithe atá ag na risíochtaí foluiteacha.
Chun críocha an Airteagail seo, san áireamh leis an ualú priacail a bheadh infheidhme faoin gCur Chuige IRB i gcomhréir le Caibidil 3, beidh cóimheas idir:
na caillteanais ionchasacha iolraithe faoi 12.5, agus
luach risíochta na risíochtaí foluiteacha.
Airteagal 268
Ceanglais maidir le caipiteal uasta
Is é a bheidh sa cheanglas uasta caipitil an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an méid arna ríomh i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 faoin gcion is mó úis atá i seilbh na hinstitiúide sna tráinsí ábhartha (V), arna shloinneadh mar chéatadán agus arna ríomh mar a leanas:
i gcás institiúid a bhfuil suíomh urrúsúcháin amháin nó níos mó aici in aon tráinse amháin, beidh V cothrom le cóimheas mhéid ainmniúil na suíomhanna urrúsúcháin atá i seilbh na hinstitiúide sin sa tráinse sin agus méid ainmniúil an tráinse;
i gcás institiúid a bhfuil suíomhanna urrúsúcháin aici i dtráinsí éagsúla, beidh V cothrom leis an gcion uasta úis thar na tráinsí. Chun na gcríoch sin, déanfar cion an úis i gcomhair gach ceann de na tráinsí éagsúla a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (a).
Airteagal 269
Ath-urrúsuithe
I gcás suíomh in ath-urrúsú, cuirfidh institiúidí SEC-SA i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 261, agus na hathruithe seo a leanas air:
W = 0 i gcás aon risíocht ar thráinse urrúsúcháin laistigh den chomhthiomsú risíochtaí foluiteacha;
p = 1.5;
beidh an t-ualú priacail a thiocfaidh as sin faoi réir ualú priacail íosta 100 %.
Airteagal 269a
Láimhseáil urrúsuithe risíochtaí neamhthuillmheacha (NPE)
Chun críocha an Airteagail seo:
ciallaíonn “urrúsú NPE” urrúsú risíochta neamhthuillmhí (NPE) mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;
ciallaíonn “urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE” urrúsú traidisiúnta NPE i gcás inarb ionann an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha agus 50 % ar a laghad de mhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha tráth a aistríodh iad chuig SSPE.
Déanfaidh institiúidí an ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
i gcás:
|
CRmax |
= |
an ceanglas caipitil uasta i gcás urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE; |
|
RWEAIRB |
= |
suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
ELIRB |
= |
suim mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
NRPPD |
= |
an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha; |
|
EVIRB |
= |
suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
EVPool |
= |
suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha uile sa chomhthiomsú; |
|
SCRAIRB |
= |
i gcás institiúidí tionscnóra, na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha sin atá faoi réir Chur Chuige IRB ach amháin má sháraíonn na coigeartuithe sin NRPPD agus a mhéid a sháraíonn siad é sa chás sin; i gcás institiúidí infheisteora, is é nialas an méid; |
|
RWEASA |
= |
suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe. |
Chun críocha na chéad fhomhíre, institiúidí tionscnóra a chuireann SEC-IRBA i bhfeidhm maidir le suíomh agus a gceadaítear dóibh a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid le haghaidh na risíochtaí foluiteacha ar fad atá faoi réir Chur Chuige IRB i gcomhréir le Caibidil 3, déanfaidh siad an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha agus, i gcás inarb infheidhme, aon choigeartú sonrach breise i leith priacal creidmheasa a bhaint as na caillteanais ionchasacha agus luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha a bhaineann le suíomh sinsearach in urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE de réir na foirmle seo a leanas:
i gcás:
|
RWmax |
= |
an t-ualach priacail, sula gcuirfear an íosteorainn i bhfeidhm, is infheidhme maidir le suíomh sinsearach in urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE nuair a úsáidtear cur chuige na trédhearcachta; |
|
RWEAIRB |
= |
suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
RWEASA |
= |
suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe; |
|
ELIRB |
= |
suim mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
NRPPD |
= |
an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha; |
|
EVIRB |
= |
suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB; |
|
EVpool |
= |
suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha uile sa chomhthiomsú; |
|
EVSA |
= |
suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe; |
|
SCRAIRB |
= |
na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid tionscnóra i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB ach amháin má sháraíonn na coigeartuithe sin NRPPD agus a mhéid a sháraíonn siad é sa chás sin |
Chun críocha an Airteagail seo, déanfar an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a ríomh tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (b) a bhaint ón méid dá dtagraítear i bpointe (a):
an méid gan íoc de risíochtaí foluiteacha maidir le hurrúsú NPE ag an uair a aistríodh na risíochtaí sin chuig an eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE);
suim na nithe seo a leanas:
praghas díola tosaigh na dtráinsí nó, i gcás inarb infheidhme, codanna de thráinsí maidir le hurrúsú NPE a dhíoltar le hinfheisteoirí tríú páirtí; agus
méid gan íoc na dtráinsí, ag an uair a aistríodh na risíochtaí foluiteacha chuig SSPE, nó, i gcás inarb infheidhme, méid gan íoc codanna de thráinsí an urrúsaithe sin atá ina sheilbh ag an tionscnóir.
Chun críocha mhíreanna 5 agus 6, i rith shaolré an idirbhirt, déanfar ríomh na lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a choigeartú anuas, agus na caillteanais réadaithe á gcur san áireamh. Déanfaidh aon laghdú ar mhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha a thagann as caillteanais réadaithe an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a laghdú, faoi réir íosteorainn nialais.
I gcás ina ndéanfar lascaine a struchtúrú sa chaoi gur féidir í a aisíoc go hiomlán nó go páirteach leis an tionscnóir, ní áireofar an lascaine sin mar lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha chun críocha an Airteagail seo.
Airteagal 270
Suíomhanna sinsearacha in urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe
Na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de shuíomh urrúsúcháin in urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 26a(1) de Rialachán (AE) 2017/2402, féadfaidh institiúid tionscnóra na méideanna sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 260, 262 nó 264 den Rialachán seo, de réir mar is infheidhme, i gcás ina gcomhlíonann an suíomh sin an dá choinníoll seo a leanas:
go gcomhlíontar leis an urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 243(2);
go gcáilíonn an suíomh mar an suíomh urrúsúcháin sinsearach.
Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur i bhfeidhm mhír 1, go háirithe i ndáil leis an méid seo a leanas:
méid margaidh agus sciar margaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe a gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm ina leith ar fud aicmí éagsúla sócmhainní;
leithdháileadh breathnaithe na gcaillteanas ar an tráinse sinsearach agus ar thráinsí eile d’urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, i gcás ina gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm i leith an tsuímh shinsearaigh atá ann in urrúsuithe den sórt sin;
tionchar chur i bhfeidhm mhír 1 ar luamhánú na n-institiúidí;
tionchar na húsáide a bhaintear as urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, ar urrúsuithe iad a gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm ina leith maidir le hionstraimí caipitil a bheith á n-eisiúint ag na hinstitiúidí tionscnóra faoi seach.
Airteagal 270a
Ualú priacail breise
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 270b
Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna
Ní fhéadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa a úsáid chun ualú priacail de chuid suíomh urrúsúcháin a chinneadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo ach amháin sa chás ina bhfuil an measúnú creidmheasa eisithe nó formhuinithe ag IMCS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.
Airteagal 270c
Ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag measúnuithe creidmheasa IMCSanna
Chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le Roinn 3, ní úsáidfidh institiúidí measúnú creidmheasa de chuid IMCS ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
níl neamhréir ar bith idir na cineálacha íocaíochtaí atá léirithe sa mheasúnú creidmheasa agus na cineálacha íocaíochtaí a bhfuil an institiúid ina dteideal faoin gconradh as a dtagann an suíomh urrúsúcháin atá i gceist;
foilsíonn an IMCS na measúnuithe creidmheasa agus an fhaisnéis maidir leis an anailís chaillteanais agus sreabhadh airgid, íogaireacht na rátálacha i leith athruithe i dtoimhdí foluiteacha na rátálacha, lena n-áirítear feidhmíocht na risíochtaí foluiteacha, agus maidir leis na nósanna imeachta, na modheolaíochtaí, na toimhdí agus na príomhghnéithe atá ina mbuntaca leis na measúnaithe creidmheasa i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Chun críocha an phointe seo, measfar faisnéis a bheith ina faisnéis atá ar fáil go poiblí má dhéantar í a fhoilsiú i bhformáid inrochtana. Ní mheasfar faisnéis nach gcuirtear ar fáil ach do líon teoranta eintiteas a bheith ina faisnéis atá ar fáil go poiblí;
tá na measúnuithe creidmheasa san áireamh i maitrís thrasdultach an IMCS;
níl na measúnuithe creidmheasa bunaithe ná bunaithe i bpáirt ar thacaíocht neamhchistithe arna soláthar ag an institiúid féin. I gcás ina mbeidh suíomh bunaithe nó bunaithe i bpáirt ar thacaíocht neamhchistithe, measfaidh an institiúid an suíomh sin amhail is go raibh sé gan rátáil ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don suíomh sin i gcomhréir le Roinn 3;
tá gealltanas tugtha ag an IMCS mínithe a fhoilsiú maidir leis an tionchar a bheidh ag feidhmíocht risíochtaí foluiteacha ar an measúnú creidmheasa.
Airteagal 270d
Measúnuithe creidmheasa a úsáid
Bainfidh institiúid úsáid as measúnuithe creidmheasa ar a suíomhanna urrúsúcháin go comhsheasmhach agus ní go roghnach agus, chun na gcríoch sin, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas:
ní úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa IMCS dá suíomhanna i dtráinsí áirithe agus measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS eile dá suíomhanna i dtráinsí eile laistigh den urrúsú céanna a d’fhéadfadh a bheith nó gan bheith rátáilte ag an gcéad IMCS;
i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfidh an institiúid úsáid as an measúnú creidmheasa is lú fabhar;
i gcás ina bhfuil trí mheasúnú creidmheasa nó níos mó ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfear úsáid as an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí. I gcás ina bhfuil an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí éagsúil le chéile, bainfear úsáid as an measúnú is lú fabhar;
ní iarrfaidh institiúid go ndéanfar rátálacha is lú fabhar a tharraingt siar.
Airteagal 270e
Urrús a mhapáil
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach sa Chaibidil seo a bhaineann le measúnuithe creidmheasa ábhartha gach IMCS a mhapáil ar bhealach oibiachtúil comhsheasmhach. Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh ÚBE an méid seo a leanas, go háirithe:
idirdhealú idir na céimeanna coibhneasta priacail a chuirtear in iúl i ngach measúnú;
fachtóirí cainníochtúla a mheas, amhail rátaí mainneachtana nó caillteanais agus feidhmíocht stairiúil na measúnuithe creidmheasa a rinne gach IMCS thar aicmí sócmhainne éagsúla;
fachtóirí cáilíochtúla a mheas, amhail raon na n-idirbheart arna mheasúnú ag an IMCS, a mhodheolaíocht agus an bhrí atá lena mheasúnuithe creidmheasa, go háirithe cé acu a chuirtear an caillteanas ionchasach nó an chéad chaillteanas Euro, agus íocaíocht thráthúil úis nó íocaíocht deiridh úis san áireamh;
iarracht lena áirithiú go mbaineann suíomhanna urrúsúcháin lena gcuirtear an t-ualú priacail céanna i bhfeidhm ar bhonn measúnuithe creidmheasa IMCSanna, go mbaineann céimeanna coibhéiseacha priacail chreidmheasa leo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 6
►C9 Riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí
Airteagal 271
Luach na ►C9 neamhchosanta ◄ a chinneadh
Airteagal 272
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo agus Theideal VI den Chuid seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “idirbhearta socraíochta iarchurtha” idirbhearta i gcás ina ngeallann contrapháirtí urrús, tráchtearra nó suim malairte eachtraí a sheachadadh i gcoinne airgid thirim, ionstraimí airgeadais eile, nó tráchtearraí, nó a mhalairt, ag dáta socraíochta nó seachadta arna shonrú i gconradh atá níos déanaí ná caighdeán an mhargaidh don chineál idirbhirt ar leith seo nó cúig lá gnó tar éis an dáta ina dtéann an institiúid i mbun an idirbhirt, cibé acu is luaithe;
ciallaíonn “idirbhearta iasachta corrlaigh” idirbhearta ina síneann institiúid creidmheas i ndáil le hurrúis a cheannach, a dhíol, a iompar nó a thrádáil. Níl iasachtaí eile atá urraithe le comhthaobhacht i bhfoirm urrús san áireamh in idirbhearta iasachta corrlaigh;
ciallaíonn “tacar glanluachála” grúpa idirbheart idir institiúid agus contrapháirtí amháin atá faoi réir ag socrú glanluachála déthaobhach is infheidhme le dlí a aithnítear faoi Roinn 7 agus Caibidil 4;
Déanfar gach idirbheart nach bhfuil faoi réir ag socrú glanluachála déthaobhach is infheidhme le dlí a aithnítear faoi Roinn 7 a láimhseáil mar a thacar glanluachála féin chun cuspóirí na Caibidle seo;
Faoi Mhodh na Samhla Inmheánaí a leagtar amach i Roinn 6, féadfar gach tacar glanluachála le contrapháirtí amháin a láimhseáil mar thacar glanluachála amháin má shocraítear luachanna margaidh ionsamhlaithe diúltacha na dtacar glanluachála aonair go 0 sa mheastachán den ►C9 neamhchosaint ionchasach ◄ (dá ngairtear “EE” anseo feasta);
ciallaíonn “tacar fálaithe” grúpa idirbheart laistigh de thacar glanluachála aonair dá gceadaítear fritháireamh iomlán nó páirteach chun an ►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch a chinneadh de réir na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó i Roinn 4 den Chaibidil seo;
ciallaíonn “comhaontú corrlaigh” comhaontú nó forálacha comhaontaithe faoinar gá do chontrapháirtí amháin comhthaobhacht a sholáthar do dhara contrapháirtí eile nuair a sháraíonn ►C9 neamhchosaint ◄ den dara contrapháirtí sin ar an gcéad chontrapháirtí leibhéal sonraithe;
ciallaíonn “comhaontú corrlaigh aontreo” comhaontú corrlaigh faoina n-éileofar ar an institiúid corrlaigh athrúcháin a bhreacadh chuig contrapháirtí ach nach bhfuil sí i dteideal corrlach athrúcháin a fháil ón gcontrapháirtí sin nó a mhalairt;
ciallaíonn “tairseach corrlaigh” an méid is mó de ►C9 neamhchosanta ◄ fhanann gan íoc sula mbeidh ceart ag páirtí amháin glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht;
ciallaíonn “aibíocht iarbhír” faoi Mhodh na Samhla Inmheánaí le haghaidh tacar glanluachála le haibíocht de níos mó ná bliain amháin cóimheas shuim na ►C9 neamhchosanta ◄ ionchasaí thar shaolré na n-idirbheart sa tacar glanluachála lascainithe ag an ráta toraidh saor ó ►C9 riosca ◄ , arna roinnt ar shuim na ►C9 neamhchosanta ◄ ionchasaí thar bhliain amháin i dtacar glanluachála lascainithe ag an ráta saor ó ►C9 riosca ◄ ;
Féadfar an aibíocht iarbhír sin a oiriúnú chun an ►C9 riosca ◄ tar-rollta a léiriú má dhéantar an ►C9 neamhchosanta ◄ ionchasach a ionadú leis an ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach iarbhír do thréimhsí réamhaisnéise níos lú ná bliain amháin;
ciallaíonn “glanluacháil trastáirgí” idirbhearta de chatagóirí éagsúla táirgí a áireamh laistigh den tacar glanluachála céanna de bhun na rialacha um Ghlanluacháil Trastáirgí a leagtar amach sa Chaibidil seo;
ciallaíonn “margadhluach reatha”, nó “CMV” margadhluach glan na n-idirbheart uile laistigh de thacar glanluachála, d'aon chomhthaobhacht a fuarthas nó a breacadh, i gcás margadh dearfach agus margadh diúltach a bheith glanluacháilte agus an CMV á ríomh;
ciallaíonn “glanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche” nó “NICA” suim luach na glanchomhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig an tacar glanluachála seachas an corrlach athrúcháin;
ciallaíonn “dáileadh margadhluachanna” réamhaisnéis maidir le dáileadh dóchúlachta de ghlan-mhargadhluachanna na n-idirbheart laistigh de thacar glanluachála do dháta sa todhchaí (an tréimhse réamhaisnéise), má thugtar margadhluach réadaithe na n-idirbheart sin ar dháta na réamhaisnéise;
ciallaíonn “dáileadh ►C9 neamhchosaintí ◄ ” réamhaisnéis maidir le dáileadh dóchúlachta na margadhluachanna a ghintear trí áisc réamhaisnéise de ghlan-mhargadhluachanna diúltacha a shocrú cothrom le nialas;
ciallaíonn “dáileadh iarbhír” dáileadh margadhluachanna nó ►C9 neamhchosaintí ◄ ag tréimhse ama sa todhchaí nuair a dhéantar an dáileadh a ríomh ag úsáid luachanna stairiúla nó réadaithe amhail luaineachtaí arna ríomh ag úsáid athruithe ar phraghsanna nó ar rátaí ón am atá thart;
ciallaíonn “ ►C9 neamhchosaint ◄ reatha” an ceann is mó idir nialas agus margadhluach idirbhirt nó punainne idirbheart laistigh de thacar glanluachála le contrapháirtí a chaillfí ar mhainneachtain an chontrapháirtí, ag glacadh leis nach ndéanfaí gnóthú ar luach na n-idirbheart sin i ndócmhainneacht nó i leachtacht;
ciallaíonn “ ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach iarbhír ar dháta sonrach” (dá ngairtear “EE iarbhír” anseo feasta) an ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach uasta a bhíonn ann an dáta sin nó aon dáta roimhe sin. A mhalairt sin, féadfar é a shainiú do dháta sonrach mar an gceann is mó idir ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach ar an dáta sin nó an ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach iarbhír ar dháta ar bith roimhe sin;
ciallaíonn “ ►C9 neamhchosaint ◄ dheimhneach ionchasach” (dá ngairtear “EPE” anseo feasta) meán ualaithe le himeacht ama de ►C9 neamhchosaintí ◄ ionchasacha, sa chás gurb iad na hualuithe an cion den tréimhse ama iomlán a bhfuil an ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach aonair in ionannas léi;
Agus an ceanglas cistí dílse á ríomh, úsáidfidh institiúidí an meán thar an gcéad bhliain nó, má aibíonn gach ceann de na conarthaí laistigh den tacar glanluachála faoi cheann bliana amháin, thar an tréimhse ama go dtí go n-aibeoidh an conradh leis an aibíocht is faide sa tacar glanluachála.
ciallaíonn “ ►C9 neamhchosaint ◄ dheimhneach ionchasach iarbhír” (dá ngairtear “EPE iarbhír” anseo feasta), meán ualaithe den ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach iarbhír thar an gcéad bhliain de thacar glanluachála nó, máaibíonn gach ceann de na conarthaí laistigh den tacar glanluachála faoi cheann bliana amháin, thar thréimhse ama an chonartha leis an aibíocht is faide sa tacar glanluachála, sa chás gurb iad na hualuithe an cion den tréimhse ama iomlán a bhfuil an ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach aonair in ionannas leis;
ciallaíonn “contrapháirtí” chun críocha Roinn 7 duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a dhéanann comhaontú glanluachála, agus a bhfuil an cumas conarthach aige nó aici é sin a dhéanamh;
ciallaíonn “comhaontú glanluachála trastáirge conarthach” comhaontú conarthach déthaobhach i scríbhinn idir institiúid agus contrapháirtí faoina gcruthaítear oibleagáid dhlíthiúil amháin (bunaithe ar ghlanluacháil na n-idirbheart atá clúdaithe) a chumhdaíonn gach máistir-chomhaontú déthaobhach agus gach idirbheart déthaobhach a bhaineann le catagóirí éagsúla táirgí atá ar áireamh laistigh den chomhaontú;
Chun críocha an tsainmhínithe seo, ciallaíonn “catagóirí éagsúla táirgí”:
idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús agus tráchtearraí;
idirbhearta iasachta corrlaigh;
na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II;
ciallaíonn “cuid d'íocaíocht” an íocaíocht a chomhaontaítear in idirbheart díorthach thar an gcuntar le próifíl líneach ►C9 riosca ◄ ina sonraítear go ndéanfar ionstraim airgeadais a mhalartú le haghaidh íocaíochta.
I gcás na n-idirbheart ina sonraítear go ndéanfar íocaíocht a mhalartú in aghaidh íocaíochta, beidh an dá chuid d'íocaíocht sin comhdhéanta de na híocaíochtaí comhlána comhaontaithe, lena n-áirítear méid barúlach an idirbhirt.
Airteagal 273
Modhanna chun luach na ►C9 neamhchosanta ◄ a ríomh
Ní úsáidfidh institiúid nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a (1) an modh a leagtar amach i Roinn 4. Ní úsáidfidh institiúid nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a (2) an modh a leagtar amach i Roinn 5.
Féadfaidh institiúidí na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 6 a úsáid i dteaglaim ar bhonn buan laistigh de ghrúpa. Ní dhéanfaidh institiúid aonair, ar bhonn buan, na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 a úsáid i dteaglaim.
Féadfaidh institiúid luach na ►C9 neamhchosanta ◄ a chinneadh maidir leis na hítimí seo a leanas ag baint úsáide as Modh na Samhla Inmheánaí a leagtar amach i Roinn 6 sa chás ina gceadaíonn na húdaráis inniúla é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 283(1) agus (2):
na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II;
idirbhearta athcheannaigh;
idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;
idirbhearta iasachta corrlaigh;
idirbhearta socraíochta iarchurtha.
Má cheannaíonn institiúid cosaint trí dhíorthach creidmheasa i gcoinne ►C9 neamhchosanta ◄ ar leabhar neamhthrádála nó i gcoinne ►C9 neamhchosanta ◄ ar ►C9 riosca ◄ an chontrapháirtí, féadfaidh sí a ceanglas cistí dílse féin don ►C9 neamhchosaint fhálaithe ◄ a ríomh i gcomhréir le ceachtar díobh seo a leanas:
Airteagail 233 go 236;
i gcomhréir le hAirteagal 183, i gcás inar tugadh cead i gcomhréir le hAirteagal 143.
Nialas a bheidh i luach na ►C9 neamhchosanta ◄ le haghaidh CCR i gcás na ndíorthach creidmheasa sin, ach amháin má chuireann institiúidí cur chuige (ii) i bpointe (h) d'Airteagal 299(2) i bhfeidhm.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbeidh feidhm ag comhaontú corrlaigh amháin maidir le tacair ghlanluachála iomadúla leis an gcontrapháirtí sin agus i gcás ina mbeidh ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 á úsáid ag an institiúid chun luach ►C12 neamhchosainta ◄ na dtacar glanluachála sin a ríomh, déanfar luach na ►C12 neamhchosainta ◄ a ríomh i gcomhréir leis an Roinn ábhartha.
Le haghaidh contrapháirtí faoi leith, beidh luach na ►C12 neamhchosainta ◄ le haghaidh tacar glanluachála áirithe d'ionstraimí díorthacha thar an gcuntar a liostaítear in Iarscríbhinn II arna ríomh i gcomhréir leis an gCaibidil seo cothrom leis an gceann is mó idir nialas agus an difríocht idir suim na luachanna ►C12 neamhchosainta ◄ thar gach tacar glanluachála leis an gcontrapháirtí agus suim na gcoigeartuithe luachála creidmheasa don chontrapháirtí sin arna aithint ag an institiúid mar dhíluacháil thabhaithe. Déanfar na coigeartuithe luachála creidmheasa a ríomh gan aon choigeartuithe luachála dochair fhritháirimh a chur san áireamh a thugtar do ►C12 riosca ◄ creidmheasa na gnólachta airgeadais féin atá eisiata cheana ó chistí dílse i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 33(1).
Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar gur lánmheaitseálacha dhá chonradh dhíorthacha thar an gcuntar i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil a suíomhanna ►C12 riosca ◄ urchomhaireach i leith a chéile;
gur comhionann na gnéithe atá acu cé is moite den dáta trádála;
go bhfritháiríonn a sreabha airgid a chéile.
Airteagal 273a
Coinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach na ►C12 neamhchosainta ◄ a ríomh
Féadfaidh institiúid luach ►C12 neamhchosainta ◄ a cuid suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 4 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid:
10 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
EUR 300 milliún.
Féadfaidh institiúid luach ►C12 neamhchosainta ◄ suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 5 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid;
5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
EUR 100 milliún.
Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh institiúidí méid a ngnó díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí amach i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
déanfar gach suíomh díorthach a luacháil ag a margadhluachanna ar an dáta áirithe sin; i gcás nach bhfuil margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin a ghlacadh; i gcás nach mbeidh an margadhluach an an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;
déanfar luach absalóideach an tsuímh fhada chomhiomlánaithe a shuimiú le luach absalóideach an tsuímh ghearr chomhiomlánaithe;
Chun críocha na chéad fhomhíre, is ionann ciall na suíomhanna fada agus suíomhanna gearra agus an chiall a leagtar amach in Airteagal 94(3).
Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh luach an tsuímh fhada (gearr) chomhiomlánaithe cothrom le suim luachanna na suíomhanna fada (gearr) aonair a áirítear sa ríomh i gcomhréir le pointe (c).
Airteagal 273b
Neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach neamhchosanta díorthach a ríomh agus maidir leis an gcur chuige simplithe chun na ceanglais cistí dílse i gcás riosca CVA a ríomh
►M17 Scoirfidh institiúidí de luachanna neamhchosanta a suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir le Roinn 4 nó 5 agus de na ceanglais cistí dílse i gcás riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 385, de réir mar is infheidhme, laistigh de 3 mhí ón uair a tharlóidh ceann amháin de na cásanna seo a leanas: ◄
ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ar feadh trí mhí as a chéile;
ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ar feadh breis agus 6 mhí den 12 mhí roimhe sin.
Airteagal 274
Luach risíochta
Féadfaidh institiúid luach risíochta aonair a ríomh ar leibhéal an tacair glanluachála le haghaidh na n-idirbheart uile a chumhdaítear le comhaontú glanluachála conarthach i gcás ina gcomhlíontar an méid seo a leanas:
is le ceann de na cineálacha comhaontuithe glanluachála conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 295 a bhaineann an comhaontú glanluachála;
tá an comhaontú glanluachála aitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 296;
tá na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 297 comhlíonta ag an institiúid i ndáil leis an gcomhaontú glanluachála.
I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh an institiúid gach idirbheart a láimhseáil amhail agus dá mba é a thacar glanluachála féin é.
Déanfaidh institiúidí luach risíochta tacair ghlanluachála a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí mar leanas:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 275; agus |
|
PFE |
= |
an ►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 278; |
|
α |
= |
1,4. |
I gcás ina bhfuil feidhm ag roinnt comhaontuithe corrlaigh leis an tacar glanluachála céanna, nó i gcás ina n-áirítear sa tacar glanluachála céanna idir idirbhearta atá faoi réir comhaontú corrlaigh agus idirbhearta nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh, ríomhfaidh institiúid luach a neamhchosanta mar a leanas:
bunóidh an institiúid na fothacair hipitéiseacha glanluachála lena mbaineann, a bheidh comhdhéanta d’idirbhearta arna n-áireamh sa tacar glanluachála, mar a leanas:
déanfar gach idirbheart atá faoi réir comhaontú corrlaigh agus faoi réir na tréimhse céanna corrlaigh faoi riosca arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 285(2) go (5) a leithdháileadh chuig an bhfothacar céanna glanluachála;
déanfar gach idirbheart nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh a leithdháileadh chuig an bhfothacar céanna glanluachála, a bheidh leithleach ó na fothacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le pointe (i) den mhír seo;
ríomhfaidh an institiúid costas athsholáthair an tacair glanluachála i gcomhréir le hAirteagal 275(2), agus na hidirbhearta uile sa tacar glanluachála á gcur san áireamh, bíodh siad faoi réir comhaontú corrlaigh nó ná bíodh, agus cuirfidh sí gach ceann den mhéid seo a leanas i bhfeidhm:
déanfar CMV na n-idirbheart uile laistigh de thacar glanluachála a ríomh mar aon le haon chomhthaobhacht arna sealbhú nó arna breacadh i gcás ina bhfuil margadhluachanna deimhneacha agus diúltacha arna ríomh i bhfoirm ghlan agus CMV á ríomh;
déanfar NICA, VM, TH, agus MTA, i gcás inarb infheidhme, a ríomh ar leithligh mar shuim na n-ionchur céanna is infheidhme maidir le gach comhaontú corrlaigh ar leith de chuid an tacair glanluachála;
déanfaidh an institiúid neamhchosaint fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 278 a ríomh tríd an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:
beidh an t-iolraitheoir dá dtagraítear in Airteagal 278(1) bunaithe ar na hionchuir CMV, NICA agus VM, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo;
déanfar é a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 278, ar leithligh i gcás gach fothacair hipitéisigh glanluachála dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo.
Féadfaidh institiúidí luach ►C12 neamhchosainta ◄ tacair glanluachála a shocrú ag nialas i gcás ina gcomhlíonann an tacar sin na coinníollacha seo a leanas:
gur céadroghanna díolta amháin atá sa tacar glanluachála;
go mbíonn margadhluach reatha an tacair glanluachála diúltach i gcónaí;
go bhfuair an institiúid roimh ré préimh na gcéadroghanna uile a áirítear sa tacar glanluachála chun comhlíonadh na gconarthaí a ráthú;
nach bhfuil an tacar glanluachála faoi réir aon chomhaontaithe corrlaigh.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, cuirfidh institiúidí in ionad céadrogha loime digití arb ionann a luach ceangail agus K an teaglaim choiléir ábhartha de dhá rogha loma dhigiteacha ar cheannach nó ar dhíol arna ndíol agus arna gceannach a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
tá an méid seo a leanas ag dhá rogha na teaglama coiléir:
an dáta éaga céanna agus spotphraghas nó réamhphraghas na hionstraime foluití agus atá ag an gcéadrogha lom dhigiteach;
luachanna ceangail atá cothrom le 0,95 ·K agus 1,05 ·K faoi seach;
beidh an teaglaim choiléir ina macasamhail bheacht ar dhea-thoradh na céadrogha loime digití lasmuigh den raon idir an dá luach ceangail dá dtagraítear i bpointe (a).
Ríomhfar suíomh riosca dhá chéadrogha na teaglama coiléir dá dtagraítear sa dara fomhír ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 279.
Airteagal 275
Costas athsholáthair
Déanfaidh institiúidí costas athsholáthair RC“ ”na dtacar glanluachála nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
Déanfaidh institiúidí costas athsholáthair na dtacar glanluachála aonair atáoi réir comhaontú corrlaigh a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair |
|
VM |
= |
luach an ghlanchorrlaigh athrúcháin arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig an tacar glanluachála ar bhonn rialta chun athruithe ar CMV an tacair glanluachála a mhaolú; |
|
TH |
= |
an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus |
|
MTA |
= |
íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh. |
Déanfaidh institiúidí an costas athsholáthair le haghaidh tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir an chomhaontaithe corrlaigh chéanna a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
|
RC |
= |
costas athsholáthair |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair ghlanluachála atá faoi réir an corrlaigh aonair; |
|
CMVi |
= |
CMV thacar glanluachála “i”; |
|
VMMA |
= |
suim luach na comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig tacair ghlanluachála iolracha ar bhonn rialta chun athruithe ar a CMV a mhaolú; agus |
|
NICAMA |
= |
suim luach na comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig tacair ghlanluachála iolracha cé is moite de VMMA. |
Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfar NICAMA a ríomh ar an leibhéal trádála, ar leibhéal an tacair glanluachála nó ar leibhéal na dtacar glanluachála uile a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leo ag brath ar an leibhéal a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leis.
Airteagal 276
Comhthaobhacht a aithint agus a láimhseáil
Chun críocha na Roinne seo, déanfaidh institiúidí méideanna comhthaobhachta VM, VMMA, NICA agus NICAMA, a ríomh trí na ceanglais uile seo a leanas a chur i bhfeidhm:
i gcás ina mbaineann na hidirbhearta uile a áirítear i dtacar glanluachála leis an leabhar trádála, ní aithneofar ach amháin comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagail 197 agus 299;
i gcás ina bhfuil idirbheart amháin ar a laghad a bhaineann le leabhar neamhthrádála i dtacar glanluachála, ní aithneofar ach amháin comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagal 197;
is trí chomhartha deimhneach a aithneofar comhthaobhacht a fhaightear ó chontrapháirtí agus is trí chomhartha diúltach a aithneofar comhthaobhacht a bhreactar i leith contrapháirtí;
déanfar luach aon chineáil comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 223;
ní áireofar an ítim chomhthaobhachta chéanna i VM agus i NICA araon ag an am céanna;
ní áireofar an ítim chomhthaobhachta chéanna i VMMA agus i NICAMA araon ag an am céanna;
ní aithneofar aon chomhthaobhacht a bhreactar i leith an chontrapháirtí atá leithscartha ó shócmhainní an chontrapháirtí sin, agus, mar gheall ar an leithscaradh sin, nach bhfuil baint aici le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chontrapháirtí sin, ní aithneofar í agus NICA agus NICAMA á ríomh.
Maidir le luach comhthaobhachta breactha arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo a ríomh, cuirfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas in ionad na foirmle a leagtar amach in Airteagal 223(2):
Chun críche phointe (d) de mhír 1, socróidh institiúidí an tréimhse leachtaithe is ábhartha do ríomh an luacha comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, i gcomhréir le ceann amháin de na tréimhsí ionchasacha seo a leanas:
bliain amháin i gcás na dtacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1)r;
an tréimhse corrlaigh faoi phriacal arna cinneadh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 279c(1) i gcás na dtacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3).
Airteagal 277
Idirbhearta a mhapáil ar chatagóirí ►C12 riosca ◄
Mapálfaidh institiúidí gach idirbheart de chuid tacar glanluachála ar cheann amháin de na catagóirí ►C12 riosca ◄ seo a leanas chun an ►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch a chinneadh don tacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 278:
►C12 riosca ◄ ráta úis;
►C12 riosca ◄ malairte eachtraí;
►C12 riosca ◄ creidmheasa;
►C12 riosca ◄ cothromais;
►C12 riosca ◄ tráchtearraí;
►C12 riosca ◄ eile.
In ainneoin mhíreanna 1, 2 agus 3, nuair a bheidh idirbhearta á mapáil acu ar na catagóirí ►C12 riosca ◄ a liostaítear i mír 1, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm:
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
an modh chun na hidirbhearta sin nach bhfuil ach aon spreagaí ►C12 rioscaí ◄ ábhartha amháin acu a shainaithint;
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 277a
Tacair falúcháin
Bunóidh institiúidí na tacair fálúcháin is ábhartha do gach catagóir phriacail a ghabhann le tacar glanluachála agus sannfaidh siad gach idirbheart do na tacair fálúcháin sin mar leanas:
ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ ráta úis ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí ►C12 riosca ◄ , nó an spreagaí ►C12 riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12 riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), ainmnithe san airgeadra céanna;
ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí ►C12 riosca ◄ , nó an spreagaí ►C12 riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12 riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), bunaithe ar an bpéire airgeadra céanna;
sannfar don tacar fálúcháin céanna gach idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ creidmheasa;
sannfar don tacar fálúcháin céanna gach idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ cothromais;
sannfar do cheann amháin de na tacair fálúcháin seo a leanas idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ tráchtearraí ar bhonn nádúr a bpríomhspreagaí ►C12 riosca ◄ nó an spreagaí ►C12 riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12 riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3):
fuinneamh;
miotail;
earraí talmhaíochta;
tráchtearraí eile;
dálaí aeráide;
ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir phriacail eile ach amháin i gcás inarb ionann príomhspreagaí ►C12 riosca ◄ , nó an spreagaí ►C12 riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12 riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), dóibh.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, sannfar do thacair fálúcháin ar leithligh idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ ráta úis ar athróg boilsciúcháin é an príomhspreagaí ►C12 riosca ◄ atá acu, cé is moite de na tacair fálúcháin sin a bunaíodh le haghaidh idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ ráta úis nach é athróg boilsciúcháin an príomhspreagaí ►C12 riosca ◄ atá acu. Ní shannfar na hidirbhearta sin don tacar fálúcháin céanna ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí ►C12 riosca ◄ , nó an spreagaí ►C12 riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12 riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), ainmnithe san airgeadra céanna.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, bunóidh institiúidí tacair fálúcháin aonair ar leithligh i ngach catagóir phriacail le haghaidh na n-idirbheart seo a leanas:
idirbhearta arb é an príomhspreagaí ►C12 riosca ◄ , nó an spreagaí ►C12 riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12 riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), atá acu luaineacht spreagaí ►C12 riosca ◄ , cé acu luaineacht intuigthe an mhargaidh í sin nó luaineacht réadaithe, nó an comhchoibhneas idir dhá spreagaí ►C12 riosca ◄ ;
idirbhearta arb é an príomhspreagaí ►C12 riosca ◄ , nó an spreagaí ►C12 riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12 riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), atá acu an difríocht idir dhá spreagaí ►C12 riosca ◄ arna mapáil ar an gcatagóir chéanna phriacail nó idirbhearta arb é atá iontu dhá chuid d'íocaíocht ainmnithe san airgeadra céanna agus a bhfuil spreagaí ►C12 riosca ◄ ó chatagóir chéanna phriacail an phríomhspreagaí ►C12 riosca ◄ le fáil sa chuid d'íocaíocht eile nach í an chuid d'íocaíocht a bhfuil an príomhspreagaí ►C12 riosca ◄ inti í.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire ►C12 riosca ◄ lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann príomhspreagaí ►C12 riosca ◄ , nó an spreagaí ►C12 riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12 riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), dóibh.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire ►C12 riosca ◄ lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann an péire spreagaithe ►C12 riosca ◄ sna hidirbhearta sin dá dtagraítear ann agus go mbeidh an dá spreagaí ►C12 riosca ◄ sa phéire sin curtha i gcomhchoibhneas deimhneach. Seachas sin, sannfaidh institiúidí idirbhearta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír do cheann amháin de na tacair fálúcháin sin arna mbunú i gcomhréir le mír 1, ar bhonn ceann den dá spreagaí ►C12 riosca ◄ dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, sannfaidh institiúidí idirbhearta do thacar fálúcháin ar leithligh de chuid na catagóire riosca ábhartha de réir struchtúr an tacair fálúcháin chéanna a leagtar amach i mír 1.
Airteagal 278
►C12 Neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch
Ríomhfaidh institiúidí an ►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch “ ”a bhaineann le tacar glanluachála mar leanas:
nuair:
|
PFE |
= |
►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch |
|
a |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na catagóirí ►C12 riosca ◄ a áireofar i ríomh ►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála; |
|
AddOn(a) |
= |
an forlíontán do chatagóir phriacail“” arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 280a go 280f, de réir mar is infheidhme; agus |
|
multiplier |
= |
fachtóir iolrúcháin arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle dá dtagraítear i mír 3. |
Chun críche an ríomha sin, áireoidh institiúidí forlíontán catagóire ►C12 riosca ◄ áirithe i ríomh ►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála i gcás inar mapáladh idirbheart amháin ar a laghad de chuid an tacair glanluachála ar an gcatagóir phriacail sin.
Chun críche mhír 1, ríomhfar an t-iolraitheoir mar leanas:
|
multiplier = |
|
1 if z ≥ 0 |
|
|
if
|
nuair:
|
z = |
|
CMV-NICA i gcás na dtacar fálaithe dá dtagraítear in Airteagal 275(1) |
|
|
CMV-VM- NICA i gcás na dtacar fálaithe dá dtagraítear in Airteagal 275(2) |
|||
|
CMVi-NICAi i gcás na dtacar fálaithe dá dtagraítear in Airteagal 275(3) |
|
NICAi |
= |
glanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche arna ríomh d'idirbhearta a áirítear i dtacar glanluachála “i” agus do na hidirbhearta sin amháin. Déanfar NICAi a ríomh ar an leibhéal trádála nó ar leibhéal an tacair glanluachála ag brath ar an gcomhaontú corrlaigh. |
Airteagal 279
Suíomhanna ►C12 riosca ◄ a ríomh
Chun críocha na forlíontáin catagóire ►C12 riosca ◄ dá dtagraítear in Airteagal 280a go hAirteagal 280f a ríomh, déanfaidh institiúidí suíomh ►C12 riosca ◄ gach idirbhirt de chuid tacar glanluachála a ríomh mar leanas:
|
δ |
= |
deilte mhaoirseachta an idirbhirt a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 279a; |
|
AdjNot |
= |
méid barúlach coigeartaithe an idirbhirt arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 279b; agus |
|
MF |
= |
fachtóir aibíochta an idirbhirt a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 279c. |
Airteagal 279a
Deilte mhaoirseachta
Ríomhfaidh institiúidí an deilte mhaoirseachta mar leanas:
maidir le céadroghanna ar dhíol nó ar cheannach lena dtugtar cead do cheannaitheoir na céadrogha sin bunionstraim a cheannach nó a dhíol ar phraghas deimhneach ar aon dáta amháin nó ar an iliomad dátaí sa todhchaí, cé is moite de chásanna inar mapáladh na céadroghanna sin ar an gcatagóir riosca ráta úis nó riosca tráchtearraí, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:
nuair:
|
δ |
= |
an deilte mhaoirseachta |
|
sign |
= |
-1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar dhíol atá díolta nó céadrogha ar cheannach atá ceannaithe é; |
|
sign |
= |
+1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar dhíol atá ceannaithe nó céadrogha ar cheannach atá díolta é; |
|
type |
= |
-1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar cheannach é; |
|
type |
= |
+1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar dhíol é; |
|
N(x) |
= |
an fheidhm dáileacháin charnaigh d'athróg randamach normálta chaighdeánach, i.e. an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta le meán de nialas agus athraitheas d'aon níos lú ná, nó cothrom le, “x”; |
|
P |
= |
spotphraghas nó réamhphraghas bhunionstraim na céadrogha; i gcás roghanna a bhfuil a sreafaí airgid ag brath ar mheánluach phraghas na bunionstraime, beidh P cothrom leis an meánluach ar an dáta ríofa; |
|
K |
= |
praghas ceangail na céadrogha; |
|
T |
= |
an tréimhse idir dáta éaga Texp na céadrogha agus an dáta tuairiscithe; i gcás céadroghanna nach féidir a fheidhmiú ach amháin ar dháta amháin sa todhchaí, is é an dáta sin a bheidh mar Texp; i gcás céadroghanna is féidir a fheidhmiú ar dhátaí éagsúla sa todhchaí, is é an dáta is déanaí de na dátaí sin a bheidh mar Texp; sloinnfear T i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; agus |
|
σ |
= |
luaineacht mhaoirseachta na céadrogha arna cinneadh i gcomhréir le Tábla 1 ar bhonn chatagóir phriacail an idirbhirt agus nádúr bhunionstraim na céadrogha. |
Tábla 1
|
Catagóir phriacail |
Bunionstraim |
Luaineacht mhaoirseachta |
|
Malairt Eachtrach |
Uile |
15 % |
|
Creidmheas |
Ionstraim aonainm |
100 % |
|
Ionstraim il-ainmneacha |
80 % |
|
|
Cothromas |
Ionstraim aonainm |
120 % |
|
Ionstraim il-ainmneacha |
75 % |
|
|
Tráchtearra |
Leictreachas |
150 % |
|
Tráchtearraí eile (seachas leictreachas) |
70 % |
|
|
Eile |
Uile |
150 % |
Institiúidí a bheidh ag úsáid réamhphraghas bhunionstraim na céadrogha, áiritheoidh siad na nithe seo a leanas:
go bhfuil an réamhphraghas comhsheasmhach le tréithe na céadrogha;
go ríomhtar an réamhphraghas ag úsáid pé ráta úis ábhartha atá i réim ar an dáta tuairiscithe;
go gcomhtháthaítear sa réamhphraghas sreabha airgid ionchasacha na bunionstraime roimh dháta éaga na céadrogha;
maidir le tráinsí d'urrúsú sintéiseach agus díorthach creidmheasa don nú mainneachtain, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:
nuair:
|
sign = |
|
+ 1 where credit protection has been obtained through the transaction |
|
|
– 1 where credit protection has been provided through the transaction |
|
A |
= |
pointe astaithe an tráinse; i gcás idirbheart díorthach creidmheasa don nú mainneachtain bunaithe ar eintitis tagartha k, A = (n-1)/k; agus |
|
D |
= |
pointe dí-astaithe an tráinse; i gcás idirbheart díorthach creidmheasa don nú mainneachtain bunaithe ar eintitis tagartha k, D = n/k; |
maidir le hidirbhearta nach dtagraítear dóibh i bpointe (a) ná (b), úsáidfidh institiúidí an deilte mhaoirseachta seo a leanas:
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
i gcomhréir leis na forbairtí rialála idirnáisiúnta, na foirmlí a úsáidfidh institiúidí chun ríomh a dhéanamh ar dheilte mhaoirseachta na gcéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol arna mapáil ar an gcatagóir riosca ráta úis nó riosca tráchtearraí atá comhoiriúnach le dálaí margaidh faoina bhféadfadh rátaí úis nó praghsanna tráchtearraí a bheith diúltach agus an luaineacht mhaoirseachta atá oiriúnach do na foirmlí sin;
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 279b
Méid barúlach coigeartaithe
Ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:
maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ ráta úis nó an catagóir ►C12 riosca ◄ creidmheasa, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar thoradh mhéid barúlach an chonartha dhíorthaigh agus fhachtóir na marthanachta maoirseachta, a ríomhfar mar leanas:
nuair:
|
R |
= |
an ráta lascaine maoirseachta; R = 5 %; |
|
S |
= |
an tréimhse idir dáta tosaigh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe, arna sloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; agus |
|
E |
= |
an tréimhse idir dáta deiridh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe, arna sloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre.. |
Is é dáta tosaigh idirbhirt an dáta is luaithe ar a ndéantar ar a laghad íocaíocht chonarthach faoin idirbheart, leis an institiúid nó as an institiúid, a shocrú nó a mhalartú, seachas na híocaíochtaí a bhaineann le malartú comhthaobhacha i gcomhaontú corrlaigh. I gcás ina raibh íocaíochtaí á socrú nó á ndéanamh faoin idirbheart ar an dáta tuairiscithe cheana féin, beidh dáta tosaigh an idirbhirt cothrom le 0.
I gcás ina bhfuil aon dáta conarthach nó níos mó dátaí conarthacha sa todhchaí i gceist leis an idirbheart, ar a bhféadfaidh an institiúid nó an contrapháirtí a chinneadh an t-idirbheart a fhoirceannadh roimh dháta a aibíochta conarthaí, beidh dáta tosaigh an idirbhirt cothrom leis an gceann is luaithe díobh seo a leanas:
an dáta nó an ceann is luaithe de dhátaí éagsúla sa todhchaí ar a bhféadfaidh an institiúid nó an contrapháirtí a chinneadh idirbheart a fhoirceannadh níos luaithe ná dáta a aibíochta conarthaí;
an dáta ar a dtosaítear ar íocaíochtaí a shocrú nó a dhéanamh le hidirbheart, seachas íocaíochtaí a bhaineann le malartú comhthaobhachta i gcomhaontú corrlaigh.
I gcás ina bhfuil ionstraim airgeadais ag idirbheart mar an bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha sin an idirbhirt, cinnfear dáta tosaigh idirbhirt ar bhonn an dáta is luaithe ar a dtosaítear ar íocaíochtaí a shocrú nó a dhéanamh leis an mbunionstraim.
Is é dáta deiridh idirbhirt an dáta is déanaí ar a ndéantar íocaíocht chonarthach faoin idirbheart sin, leis an institiúid nó as an institiúid, nó an dáta is déanaí ar a bhféadtar an íocaíocht sin a dhéanamh.
I gcás ina bhfuil ionstraim airgeadais ag idirbheart mar bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha sin an idirbhirt, cinnfear dáta deiridh an idirbhirt ar bhonn na híocaíochta conarthaí deireanaí a dhéanfar i leith bhunionstraim an idirbhirt.
I gcás idirbheart atá struchtúraithe chun ►C12 neamhchosaint ◄ gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás inar athshocraíodh na téarmaí sa chaoi gur nialas é margadhluach an idirbhirt ar na dátaí sonraithe sin, measfar gur íocaíocht chonarthach faoin idirbheart céanna é socrú na ►C12 neamhchosainta ◄ gan íoc ar na dátaí sonraithe sin;
maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:
nuair is aon chuid d'íocaíocht amháin a bheidh i gceist leis an idirbheart, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe méid barúlach an chonartha dhíorthaigh;
nuair is dhá chuid d'íocaíocht a bheidh i gceist leis an idirbheart agus méid barúlach cuid d'íocaíocht amháin díobh sin ainmnithe in airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe méid barúlach na coda d'íocaíocht eile;
nuair is dhá chuid d'íocaíocht a bheidh i gceist leis an idirbheart agus méid barúlach an dá chuid d'íocaíocht ainmnithe in airgeadra eile seachas airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe an ceann is mó de mhéideanna barúlacha an dá chuid d'íocaíocht tar éis na méideanna sin a thiontú go hairgeadra tuairiscithe na hinstitiúide de réir an spotráta malairte atá i réim;
maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ cothromais nó ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ tráchtearraí, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe trí phraghas margaidh aon aonad amháin de bhunionstraim an idirbhirt a iolrú faoi líon na n-aonad sa bhunionstraim atá faoi thagairt ag an idirbheart;
i gcás ina ndéantar idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ cothromais nó ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ tráchtearraí a shloinneadh, de réir conartha, mar mhéid barúlach, úsáidfidh institiúidí méid barúlach an idirbhirt seachas líon na n-aonad sa bhunionstraim, mar an méid barúlach coigeartaithe;
i gcás idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ eile, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe ar bhonn an mhodha is iomchuí i measc na modhanna a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c), ag brath ar chineál agus ar shaintréithe bhunionstraim an idirbhirt.
Cinnfidh institiúidí méid barúlach nó líon aonad na bunionstraime chun críche méid barúlach coigeartaithe idirbhirt dá dtagraítear i mír 1 a ríomh mar leanas:
i gcás nach socraítear méid barúlach nó líon aonad bhunionstraim an idirbhirt go dtí a aibíocht chonarthach:
maidir le méideanna barúlacha cinnteachaíocha agus líon aonad cinnteachaíoch na bunionstraime, beidh an méid barúlach cothrom le meán ualaithe luachanna cinnteachaíocha mhéideanna barúlacha cinnteachaíocha agus líon aonad cinnteachaíoch na bunionstraime, de réir mar is infheidhme, go dtí aibíocht chonarthach an idirbhirt, nuair is ionann na hualuithe agus an cion den tréimhse ama a bhfuil feidhm ag gach luach méid bharúlaigh lena linn;
maidir le méideanna barúlacha stocastach agus líon aonad stocastach na bunionstraime, beidh an méid barúlach cothrom leis an méid a chinntear trí mhargadhluachanna reatha a shocrú laistigh den fhoirmle lena ríomhtar margadhluachanna na todhchaí;
maidir le conarthaí le malartuithe iolracha an mhéid bharúlaigh, déanfar an méid barúlach a iolrú faoi líon na n-íocaíochtaí atá fágtha a bheidh fós le déanamh i gcomhréir leis na conarthaí;
i gcás conarthaí ina ndéantar foráil maidir le hiolrú íocaíochtaí na sreabh airgid nó maidir le hiolrú bhunionstraim an chonartha dhíorthaigh, coigeartóidh institiúid an méid barúlach chun iarmhairtí an iolrúcháin ar struchtúr ►C12 riosca ◄ na gconarthaí sin a chur san áireamh.
Airteagal 279c
Fachtóir Aibíochta
Ríomhfaidh institiúidí an fachtóir aibíochta “ ”mar leanas:
maidir le hidirbhearta a áirítear i dtacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1), úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:
nuair:
|
MF |
= |
an fachtóir aibíochta |
|
M |
= |
aibíocht iarmhair an idirbhirt atá cothrom leis an tréimhse is gá chun oibleagáidí conarthacha uile an idirbhirt a fhoirceannadh; chun na críche sin, measfar gur oibleagáid chonarthach í aon roghnaíocht a ghabhann le conradh díorthach; sloinnfear an aibíocht iarmhair i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; i gcás ina bhfuil conradh díorthach eile ag idirbheart mar bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha an idirbhirt, beidh aibíocht iarmhair an idirbhirt cothrom leis an tréimhse is gá chun oibleagáidí conarthacha uile na bunionstraime a fhoirceannadh; i gcás idirbheart atá struchtúraithe chun ►C12 neamhchosaint ◄ gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás inar athshocraíodh na téarmaí sa chaoi gur nialas é margadhluach an idirbhirt ar na dátaí sonraithe sin, beidh aibíocht iarmhair an idirbhirt cothrom leis an tréimhse go dtí an chéad dáta athshocraithe eile; agus |
|
OneBusinessYear |
= |
bliain amháin arna sloinneadh i laethanta oibre ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; |
maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3), sainmhínítear an fachtóir aibíochta mar a leanas:
nuair:
|
MF |
= |
an fachtóir aibíochta; |
|
MPOR |
= |
an tréimhse corrlaigh faoi phriacal a ghabhann le tacar glanluachála arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 285(2) go (5); agus |
|
OneBusinessYear |
= |
bliain amháin arna sloinneadh i laethanta gnó agus leas á bhaint as an gcoinbhinsiún ábhartha maidir le lá gnó |
Agus an tréimhse corrlaigh faoi phriacail d'idirbhearta idir cliant agus comhalta imréitigh á cinneadh aici, cuirfidh an institiúid ag gníomhú di mar an cliant nó mar an comhalta imréitigh, cuirfidh sí cúig lá oibre in ionad na híostréimhse a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 285(2).
Airteagal 280
Comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin
Chun críche an forlíontán tacair fálúcháin dá dtagraítear in Airteagal 280a go hAirteagal 280f a ríomh, is éard a bheidh i gcomhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin “є”:
|
є = |
|
1 i gcás na dtacar fálaithe arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 277a(1) |
|
|
5 i gcás na dtacar fálaithe arna mbunú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 277a(2) |
|||
|
0,5 i gcás na dtacar fálaithe arna mbunú i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 277a(2)) |
Airteagal 280a
Forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ ráta úis
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ ráta úis le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
►C7 AddOn IR ◄ |
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ ráta úis; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin ►C12 riosca ◄ ráta úis uile arna socrú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus |
|
|
= |
forlíontán thacar fálúcháin “j” de chuid na catagóire ►C12 riosca ◄ ráta úis arna ríomh i gcomhréir le mír 2. |
Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir ►C12 riosca ◄ ráta úis mar a leanas:
nuair:
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir leis na luachanna is infheidhme a shonraítear in Airteagal 280; |
|
SFIR |
= |
fachtóir maoirseachta na catagóire ►C12 riosca ◄ ráta úis ag a bhfuil luach atá cothrom le 0,5 %; agus |
|
|
= |
méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” arna ríomh i gcomhréir le mír 3. |
Chun críche méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j”, a ríomh, déanfaidh institiúidí gach idirbheart den tacar fálúcháin a mhapáil ar an mbuicéad iomchuí i dTábla 2. Déanfaidh siad amhlaidh ar bhonn dháta deiridh gach idirbhirt arna chinneadh faoi phointe (a) d'Airteagal 279b(1):
Tábla 2
|
Buicéad |
Dáta deiridh (blianta) |
|
1 |
>0 agus <=1 |
|
2 |
>1 agus <= 5 |
|
3 |
> 5 |
Déanfaidh institiúidí méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
|
|
= |
méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j”; agus |
|
Dj,k |
= |
méid barúlach iarbhír bhuicéad “k” de chuid thacar fálúcháin “j” arna ríomh mar leanas:
|
nuair:
|
l |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh ►C12 riosca ◄ in iúl. |
Airteagal 280b
Forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
►C7 AddOnFX ◄ |
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí arna socrú i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus |
|
|
= |
forlíontán thacar fálúcháin “j” de chuid na catagóire ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí arna ríomh i gcomhréir le mír 2. |
Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí mar leanas:
nuair:
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; |
|
SFFX |
= |
fachtóir maoirseachta na catagóire ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí ag a bhfuil luach atá cothrom le 4 %; |
|
|
= |
méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” arna ríomh mar leanas: |
nuair:
|
l |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh ►C12 riosca ◄ in iúl. |
Airteagal 280c
Forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ creidmheasa
Chun críocha mhír 2, bunóidh institiúidí eintitis tagartha chreidmheasa ábhartha an tacair glanluachála i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
Beidh aon eintiteas tagartha creidmheasa ann do gach eisitheoir ionstraime fiachais tagartha a fholuíonn idirbheart aonainm arna leithdháileadh ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ creidmheasa; sannfar idirbhearta aonainm don eintiteas tagartha creidmheasa céanna i gcás ina n-eisíonn an t-eisitheoir céanna bunionstraim fiachais tagartha na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin;
Beidh aon eintiteas tagartha creidmheasa ann do gach grúpa d'ionstraimí fiachais tagartha nó díorthaigh chreidmheasa aonainm a fholuíonn idirbheart il-ainmneacha arna leithdháileadh ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ creidmheasa; sannfar idirbhearta il-ainmneacha don eintiteas tagartha creidmheasa céanna i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna céanna i ngach grúpa de bhunionstraimí fiachais tagartha nó i ndíorthaigh chreidmheasa aonainm na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin.
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ creidmheasa le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
AddOnCredit |
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ creidmheasa; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin ►C12 riosca ◄ creidmheasa uile arna socrú i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála. agus |
|
|
= |
an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir ►C12 riosca ◄ creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le mír 3. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j” mar leanas:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j” |
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; |
|
k |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl eintitis tagartha chreidmheasa an tacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le mír 1; |
|
|
= |
fachtóir comhghaolúcháin eintiteas tagartha creidmheasa “k”; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha creidmheasa k i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, , i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha creidmheasa k i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1, ; agus |
|
AddOn(Entityk) |
= |
an forlíontán don eintiteas tagartha creidmheasa “k” arna chinneadh i gcomhréir le mír 4. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintiteas tagartha creidmheasa “k” mar leanas:
nuair:
|
|
= |
méid barúlach iarbhír eintiteas tagartha creidmheasa k arna ríomh mar a leanas:
nuair:
|
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintiteas tagartha creidmheasa k mar a leanas:
mhapáil ar cheann amháin de na sé fhachtóir maoirseachta a leagtar amach i dTábla 3 den mhír seo ar bhonn mheasúnú creidmheasa seachtrach arna dhéanamh ag IMCS ainmnithe de chuid an eisitheora aonair chomhfhreagraigh; maidir le heisitheoir aonair nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith:
institiúid a úsáideann an cur chuige dá dtagraítear i gCaibidil 3, déanfaidh sí rátáil inmheánach an eisitheora aonair a mhapáil ar cheann de na measúnuithe creidmheasa seachtracha;
institiúid a úsáideann an cur chuige dá dtagraítear i gCaibidil 2, déanfaidh sí
a shannadh don eintiteas tagartha creidmheasa sin; i gcás ina gcuireann institiúid Airteagal 128 i bhfeidhm, áfach, chun
►C12
neamhchosainti ◄
►C12
riosca ◄ creidmheasa contrapháirtithe ar an eisitheoir aonair sin a ualú ó thaobh
►C12
riosca ◄ , déanfar
a shannadh don eintiteas tagartha creidmheasa sin;
maidir le heintiteas tagartha creidmheasa k arna mbunú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1:
i gcás inar innéacs creidmheasa, a liostaítear ar mhalartán aitheanta, é an suíomh
►C12
riosca ◄ arna shannadh d'eintiteas tagartha creidmheasa k, déanfar
mhapáil ar cheann den dá fhachtóir maoirseachta a leagtar amach i dTábla 4 den mhír seo ar bhonn cháilíocht chreidmheasa fhormhór a chomhpháirteanna aonair;
i gcás nach dtagraítear i bpointe (i) den phointe seo do shuíomh
►C12
riosca ◄ l arna shannadh d'eintiteas tagartha creidmheasa “k”, is éard a bheidh in
ualaithe na bhfachtóirí maoirseachta arna mapáil ar gach comhpháirt i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i bpointe (a), nuair a shainmhínítear na hualuithe de réir chion mhéid barúlach na gcomhpháirteanna sa suíomh sin.
Tábla 3
|
Céim cáilíochta creidmheasa |
Fachtóir maoirseachta d'idirbhearta aonainm |
|
1 |
0,38 % |
|
2 |
0,42 % |
|
3 |
0,54 % |
|
4 |
1,06 % |
|
5 |
1,6 % |
|
6 |
6,0 % |
Tábla 4
|
Cáilíocht chreidmheasa cheannasach |
Fachtóir maoirseachta d'innéacsanna luaite |
|
Grád infheistíochta |
0,38 % |
|
Grád neamhinfheistíochta |
1,06 % |
Airteagal 280d
Forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ cothromais
Chun críocha mhír 2, bunóidh na hinstitiúidí eintitis tagartha chothromais ábhartha an tacair glanluachála i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
beidh aon eintiteas tagartha cothromais ann do gach eisitheoir ionstraime tagartha cothromais a fholuíonn idirbheart aonainm arna leithdháileadh ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ cothromais; sannfar idirbhearta aonainm don eintiteas tagartha cothromais céanna i gcás ina n-eisíonn an t-eisitheoir céanna bunionstraim tagartha chothromais na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin;
beidh aon eintiteas tagartha cothromais ann do gach grúpa d'ionstraimí tagartha cothromais nó díorthaigh chothromais aonainm a fholuíonn idirbheart il-ainmneacha arna leithdháileadh ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ cothromais; sannfar idirbhearta il-ainmneacha don eintiteas tagartha cothromais céanna i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna céanna i ngach grúpa de bhunionstraimí tagartha cothromais nó i ndíorthaigh chothromais aonainm na n-idirbheart sin, de réir mar is infheidhme, agus sa chás sin amháin.
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ cothromais le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
AddOnEquity |
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ cothromais; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin ►C12 riosca ◄ cothromais uile arna socrú i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus |
|
|
= |
an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir ►C12 riosca ◄ cothromais arna ríomh i gcomhréir le mír 3. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ cothromais le haghaidh thacar fálúcháin “j” mar leanas:
nuair:
|
|
= |
an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir ►C12 riosca ◄ cothromais; |
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin tha car fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; |
|
k |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl eintitis tagartha chothromais an tacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le mír 1; |
|
|
= |
fachtóir comhghaolúcháin eintiteas tagartha cothromais k; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha cothromais k i gcomhréir le mír 1(a), ; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha cothromais k i gcomhréir le pointe (b) de mhír ; agus |
|
AddOn(Entityk) |
= |
an forlíontán don eintiteas tagartha creidmheasa “k” arna chinneadh i gcomhréir le mír 4. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintitis tagartha cothromais “k” mar leanas:
nuair:
|
AddOn(Entityk ) |
= |
an forlíontán eintitis tagartha cothromais k; |
|
|
= |
an fachtóir maoirseachta is infheidhme maidir le heintiteas tagartha cothromais k; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha cothromais k i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, ; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha cothromais “k” i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1, ; agus |
|
|
= |
méid barúlach iarbhír eintiteas tagartha cothromais “k” arna ríomh mar leanas:
nuair:
|
Airteagal 280e
Forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ tráchtearraí
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ tráchtearraí le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
AddOnCom |
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ tráchtearraí; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin tráchtearraí arna socrú i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus |
|
|
= |
an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir ►C12 riosca ◄ tráchtearraí arna ríomh i gcomhréir le mír 4. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin j mar leanas:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin j; |
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin j arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; |
|
ρCom |
= |
fachtóir comhghaolúcháin na catagóire ►C12 riosca ◄ tráchtearraí ag a bhfuil luach atá cothrom le 40 %; |
|
k |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl cineálacha tagartha tráchtearraí an tacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le mír 2; agus |
|
|
= |
forlíontán chineál tagartha tráchtearraí k arna ríomh i gcomhréir le mír 5. |
Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do chineál tagartha tráchtearraí k mar leanas:
nuair:
|
|
= |
an forlíontán do chineál tagartha tráchtearraí “k”; |
|
|
= |
an fachtóir maoirseachta is infheidhme maidir le cineál tagartha tráchtearraík; i gcás ina gcomhfhreagraíonn cineál tagartha tráchtearraí “k” d'idirbhearta arna leithdháileadh ar an tacar fálúcháin dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 277a(1), cé is moite d'idirbhearta a bhaineann le leictreachas,; ; d'idirbhearta a bhaineann le leictreachas,; agus |
|
|
= |
méid barúlach iarbhír chineál tagartha tráchtearraí k arna ríomh mar leanas:
nuair:
|
Airteagal 280f
Forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ eile
Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ eile le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:
nuair:
|
AddOnOther |
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ eile; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin ►C12 riosca ◄ eile arna socrú i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus |
|
|
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ eile le haghaidh thacar fálúcháin j arna ríomh i gcomhréir le mír 2. |
Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ eile le haghaidh thacar fálúcháin “j” mar leanas:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ eile le haghaidh thacar fálúcháin j; |
|
єj |
= |
comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; agus |
|
SFOther |
= |
fachtóir maoirseachta na catagóire ►C12 riosca ◄ eile ag a bhfuil luach atá cothrom le 8 %; |
|
|
= |
méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin j arna ríomh mar leanas:
nuair:
|
Airteagal 281
Luach na ►C12 neamhchosainta ◄ a ríomh
Ríomhfar luach ►C12 neamhchosainta ◄ tacair glanluachála i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
ní chuirfidh institiúidí an láimhseáil dá dtagraítear in Airteagal 274(6) i bhfeidhm;
de mhaolú ar Airteagal 275(1), maidir le tacair ghlanluachála nach dtagraítear dóibh in Airteagal 275(2), ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
RC = max{CMV,0}
nuair:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair; agus |
|
CMV |
= |
an margadhluach reatha. |
de mhaolú ar Airteagal 275(2) den Rialachán seo, maidir le tacair ghlanluachála na n-idirbheart: a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta; a imréitíonn contrapháirtí lárnach ar bhonn lárnach, ar contrapháirtí é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin; nó a malartaítear comhthaobhacht ina leith ar bhonn déthaobhach leis an gcontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir leo sin ar fad ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
RC=TH+MTA
nuair atá:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair; |
|
TH |
= |
an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus |
|
MTA |
= |
íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh; |
de mhaolú ar Airteagal 275(3), maidir le tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir comhaontú corrlaigh, ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair mar shuim chostas athsholáthair gach tacair glanluachála aonair, arna ríomh sin i gcomhréir le mír 1 amhail agus nach raibh siad faoi chumhdach corrlaigh;
bunófar gach tacar fálúcháin i gcomhréir le hAirteagal 277a(1);
de mhaolú ar Airteagal 279a(1), maidir le gach idirbheart, ríomhfaidh institiúidí an deilte mhaoirseachta mar leanas:
|
δ= |
|
+1 nuair is suíomh fada sa phríomhspreagraí ►C12 riosca ◄ é an t idirbheart |
|
|
-1 nuair is suíomh gearr sa phríomspreagraí ►C12 riosca ◄ é an t idirbheart |
nuair:
|
δ |
= |
an deilte mhaoirseachta; |
mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 279b(1) a úsáidtear chun fachtóir na marthanachta maoirseachta a ríomh:
fachtóir na marthanachta maoirseachta=E-S
nuair:
|
E |
= |
an tréimhse idir dáta deiridh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe; agus |
|
S |
= |
an tréimhse idir dáta tosaigh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe; |
déanfar an fachtóir aibíochta dá dtagraítear in Airteagal 279c(1) a ríomh mar leanas:
maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1), MF = 1;
maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3), MF=0,42;
mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280a(3) a úsáidtear chun méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” a ríomh:
nuair:
|
|
= |
méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin “j” agus |
|
Dj,k, |
= |
méid barúlach iarbhír bhuicéad k de thacar fálúcháin “j” |
mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear ina Airteagal 280c(3) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j” a ríomh:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j”; agus |
|
AddOn(Entityk) |
= |
forlíontán an eintitis thagartha creidmheasa k; |
mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280d(3) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ cothromais le haghaidh thacar fálúcháin “j” a ríomh:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ cothromais le haghaidh thacar fálúcháin “j” agus |
|
AddOn(Entityk) |
= |
forlíontán an eintitis thagartha creidmheasa k; |
mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280e(4) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin “j” a ríomh:
nuair:
|
|
= |
forlíontán na catagóire ►C12 riosca ◄ tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin “j” agus |
|
|
= |
forlíontán na tagartha tráchtearraí de chineál k. |
Airteagal 282
Luach na ►C12 neamhchosainta ◄ a ríomh
Déanfar an costas reatha athsholáthair dá dtagraítear i mír 2 a ríomh mar leanas:
maidir le tacair ghlanluachála na n-idirbheart: a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta; a imréitíonn contrapháirtí lárnach ar bhonn lárnach, ar contrapháirtí é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin; nó a malartaítear comhthaobhacht ina leith ar bhonn déthaobhach leis an gcontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir leo sin ar fad úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:
RC=TH+MTA
nuair:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair; |
|
TH |
= |
an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus |
|
MTA |
= |
íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh; |
maidir leis na tacair ghlanluachála eile nó na hidirbhearta aonair eile, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:
RC=max{CMV,0}
nuair:
|
RC |
= |
an costas athsholáthair; agus |
|
CMV |
= |
an margadhluach reatha. |
D'fhonn an costas reatha athsholáthair a ríomh, tabharfaidh institiúidí na luachanna margaidh reatha cothrom le dáta ar bhonn míosúil ar a laghad.
Déanfaidh institiúidí an ►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch dá dtagraítear i mír 2 a ríomh mar leanas:
is éard is ►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch idirbhirt aonair ann a mhéid barúlach arna iolrú faoin méid seo a leanas:
toradh 0,5 % agus aibíocht iarmhair an idirbhirt arna sloinneadh i mblianta le haghaidh conarthaí díorthach rátaí úis;
toradh 6 % agus aibíocht iarmhair an idirbhirt arna sloinneadh i mblianta le haghaidh conarthaí díorthach creidmheasa;
4 % le haghaidh díorthach malairte eachtraí;
18 % le haghaidh díorthach óir agus tráchtearraí seachas díorthaigh leictreachais;
40 % le haghaidh díorthach leictreachais;
32 % le haghaidh díorthach cothromais;
déanfar an méid barúlach dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a chinneadh i gcomhréir le pointe (2) agus (3) d'Airteagal 279(b) maidir le gach díorthach a liostaítear sa phointe sin; ina theannta sin, déanfar méid barúlach na ndíorthach dá dtagraítear i bpointí (b)(iii) go (b)(vi) den mhír seo a chinneadh i gcomhréir le pointí (b) agus (c) d'Airteagal 279b(1);
déanfar ►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch na dtacar glanluachála dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a iolrú faoi 0,42.
Chun ►C12 neamhchosaint ◄ fhéideartha díorthach rátaí úis agus díorthach creidmheasa i gcomhréir le pointe b(i) agus (ii), féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh an aibíocht bunaidh a úsáid in áit aibíocht iarmhair na gconarthaí.
Airteagal 283
Cead chun Modh na Samhla Inmheánaí a úsáid
Ar an gcoinníoll go bhfuil na húdaráis inniúla sásta gur chomhlíon institiúid an ceanglas i mír 2, tabharfaidh siad cead don institiúid sin Modh na Samhla Inmheánaí (IMM) a úsáid chun luach na ►C9 neamhchosanta ◄ a ríomh le haghaidh ceann ar bith de na hidirbhearta seo a leanas:
idirbhearta in Airteagal 273(2)(a);
idirbhearta in Airteagal 273(2)(b), (c) agus (d);
idirbhearta in Airteagal 273(2)(a) go (d),
I gcás ina dtugtar cead d'institiúid an IMM a úsáid chun luach na ►C9 neamhchosanta ◄ a ríomh maidir le haon cheann de na hidirbhearta a luaitear i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír, féadfaidh sí an IMM a úsáid maidir leis na hidirbhearta in Airteagal 273(2)(e) freisin.
D'ainneoin an tríú fomhír d'Airteagal 273(1), féadfaidh institiúid an rogha a dhéanamh gan an modh seo a chur i bhfeidhm i leith ►C9 neamhchosaintí ◄ atá neamhábhartha ó thaobh méide agus ►C9 riosca ◄ de. I gcás mar sin, cuirfidh an institiúid ceann de na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 5 i bhfeidhm i leith na ►C9 neamhchosaintí ◄ sin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais ábhartha uile maidir le gach cur chuige.
I gcás ina scoireann institiúid de chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Roinn seo, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil agus déanfaidh sí ceann de na nithe seo a leanas:
cuirfidh sí plean faoi bhráid an údaráis inniúil ionas go gcomhlíonfar na ceanglais arís go tráthúil;
taispeánfaidh sí chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil éifeacht an neamhchomhlíonta neamhábhartha.
Airteagal 284
Luach na ►C9 neamhchosanta ◄
Déanfaidh an tsamhail arna húsáid ag an institiúid chun na críche sin:
an dáileachán réamhaisnéise a shonrú le haghaidh athruithe i margadhluach an tacair ghlanluachála de thoradh ar chomhathruithe in athróga ábhartha an mhargaidh, amhail rátaí úis agus rátaí malairte eachtraí;
luach na ►C9 neamhchosanta ◄ a ríomh don tacar glanluachála ar gach ceann de na dátaí sa todhchaí ar bhonn na gcomhathruithe in athróga an mhargaidh.
Beidh an ceanglas cistí dílse do ►C9 riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí i ndáil leis na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar CCR a gcuireann institiúid an IMM i bhfeidhm ina leith, cothrom leis an gceann is airde díobh seo a leanas:
an ceanglas cistí dílse do na ►C9 neamhchosaintí ◄ sin arna ríomh ar bhonn an EPE iarbhír ag úsáid sonraí reatha an mhargaidh;
Cé is moite de na contrapháirtithe a aithnítear a bhfuil ►C9 Sainriosca ◄ Comhghaolmhaireachta acu a thagann faoi raon feidhme Airteagal 291(4) agus (5), déanfaidh institiúidí luach na ►C9 neamhchosanta ◄ a ríomh mar an toradh ar alfa (α) uair an EPE iarbhír, mar a leanas:
nuair atá:
|
α |
= |
1.4, ach amháin má bhíonn α níos airde de dhíth ar údaráis inniúla nó má cheadaíonn siad a meastacháin féin a úsáid i gcomhréir le mír 9; |
Déanfar an EPE iarbhír a ríomh trí mheastachán a dhéanamh den ►C9 neamhchosaint ◄ ionchasach (EEt) mar an ►C9 neamhchosanta ◄ mheánach ar dháta sa todhchaí t, i gcás ina ndéantar an meán a thógáil thar luachanna féideartha fachtóirí ►C9 riosca ◄ margaidh ábhartha.
Déanfaidh an tsamhail meastachán ar EE ar shraith dátaí sa todhchaí, t1, t2, t3, etc.
Déanfar EE iarbhír a ríomh go hathchúrsach mar a leanas:
nuair atá:
Is é atá in EPE iarbhír meán an EE iarbhír i rith na chéad bhliana de ►C9 neamhchosaint ◄ todhchaí. Má aibíonn gach conradh sa tacar glanluachála faoi cheann bliana amháin, beidh an EPE cothrom le meán an EE go dtí go n-aibeoidh gach conradh sa tacar glanluachála. ►C3 Déanfar an EPE iarbhír a ríomh mar mheán ualaithe den EE iarbhír:
i gcás ina gceadaítear leis na hualuithe
gur féidir an
►C9
neamhchosaint ◄ todhchaí a ríomh ar dhátaí nach bhfuil an méid ama céanna eatarthu. ◄
D'ainneoin mhír 4, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí a meastacháin féin ar alfa a úsáid sa chás seo a leanas:
beidh alfa cothrom leis an gcóimheas idir an caipiteal inmheánach ó ionsamhlú iomlán de ►C9 neamhchosaint ◄ CCR thar chontrapháirtithe (uimhreoir) agus an caipiteal inmheánach bunaithe ar EPE (ainmneoir);
san ainmneoir, bainfear úsáid as EPE amhail is dá mba shuim sheasta gan íoc í.
Nuair a dhéantar meastachán ar alfa i gcomhréir leis an mír seo, ní bheidh sé níos ísle ná 1.2.
Airteagal 285
Luach na ►C9 neamhchosanta ◄ maidir le tacair ghlanluachála atá faoi réir ag comhaontú éarlaise
Má tá an tacar glanluachála faoi réir ag comhaontú corrlaigh agus luacháil laethúil marcála ón margadh, déanfaidh an institiúid EPE iarbhír faoi mar a leagtar amach é sa mhír seo a ríomh. Más rud é go ndéantar iarmhairtí socraithe corrlaigh a ghabháil sa tsamhail agus an EE á ríomh, féadfaidh an institiúid, faoi réir ceada ón údarás inniúil, tomhas EE na samhla a úsáid go díreach sa chothromóid in Airteagal 284(5). Ní bhronnfaidh údaráis inniúla cead den sórt sin ach amháin má dhéanann siad a fhíorú go ndéanann an tsamhail iarmhairtí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil i gceart agus meastachán á dhéanamh ar EE. Déanfaidh institiúid nach bhfuil an cead sin faighte aici ceann de na tomhais EPE iarbhír seo a leanas a úsáid:
EPE iarbhír, arna ríomh gan comhthaobhacht ar bith atá á sealbhú nó atá breactha mar corrlach a chur san áireamh móide comhthaobhacht ar bith breactha le contrapháirtí, neamhspleách ón bpróiseas laethúil luachála agus corrlaigh nó ón ►C9 neamhchosaint ◄ reatha;
EPE iarbhír arna ríomh mar an méadú féideartha sa ►C9 neamhchosaint ◄ thar an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ , móide an ceann is mó idir:
an ►C9 neamhchosaint ◄ reatha lena n-áirítear an chomhthaobhacht uile atá á sealbhú nó atá breactha, seachas comhthaobhacht atá glaoite nó faoi dhíospóid;
an ►C9 neamhchosaint ◄ ghlan is mó, lena n-áirítear comhthaobhacht faoin gcomhaontú corrlaigh, nach spreagfadh glao ar chomhthaobhacht. Léireofar sa tsuim seo gach tairseach, íosmhéideanna aistrithe, méideanna neamhspleácha agus corrlaigh tosaigh is infheidhme faoi chomhaontú corrlaigh;
Chun críocha phointe (b), déanfaidh institiúidí an forlíontán a ríomh mar an t-athrú deimhneach a bhfuiltear ag súil leis i luach marcála ón margadh na n-idirbheart i rith na tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ . Léireofar athruithe ar luach comhthaobhachta ag baint úsáide as coigeartuithe luaineachta maoirseachta i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil 4 nó sna meastacháin féin den choigeartú luaineachta sa Mhodh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais, ach ní dhéanfar talamh slán d'aon íocaíochtaí comhthaobhachta i rith na tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ . Tá an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ faoi réir ag na híostréimhsí a leagtar amach i míreanna 2 go 54.
Maidir le hidirbhearta atá faoi réir ag athshocrú laethúil corrlaigh agus luacháil marcála ón margadh, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ a úsáidtear chun críocha ionsamhlaithe ar luach na ►C9 neamhchosanta ◄ le comhaontuithe corrlaigh níos lú ná:
5 lá gnó maidir le tacair ghlanluachála atá comhdhéanta d'idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí agus idirbhearta iasachta corrlaigh amháin;
10 lá gnó maidir le gach tacar glanluachála eile.
Beidh pointe (a) agus pointe (b) de mhír 2 faoi réir ag na heisceachtaí seo a leanas:
maidir le tacair ghlanluachála ina bhfuil trádáil amháin nó níos mó lena bhfuil comhthaobhacht neamhleachtach i gceist, nó díorthach thar an gcuntar nach féidir a ionadú go héasca, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ níos lú ná 20 lá gnó.
Cinnfidh institiúid an bhfuil comhthaobhacht neamhleachtach nó nach bhfuil nó ar féidir díorthaigh thar an gcuntar a athsholáthar go héasca i gcomhthéacs na ndálaí struis sa mhargadh, rud a chiallaíonn go bhfuil easpa margaí atá gníomhach go leanúnach ann i gcás ina bhfaigheadh contrapháirtí, laistigh de dhá lá nó níos lú ná sin, praghsanna iolracha reatha nach ndéanfadh an margadh a bhogadh ná praghas a léiriú lena ndéanfaí lascaine margaidh (i gcás comhthaobhachta) nó préimh (i gcás díorthach thar an gcuntar) a léiriú.
Déanfaidh institiúid a mheas an bhfuil trádálacha agus urrúis arna sealbhú aici comhdhlúite i gcontrapháirtí áirithe nó nach bhfuil agus, dá bhfágfadh an contrapháirtí sin an margadh go rite, an mbeadh an institiúid in ann na trádálacha nó na hurrúis sin a athsholáthar nó nach mbeadh.
Maidir le hathshocrú corrlaigh lena mbaineann tréimhse N lá, beidh an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ cothrom ar a laghad leis an tréimhse a shonraítear i mír 2 agus mír 3, F, móide N lá lúide lá amháin. Is é sin:
Airteagal 286
Bainistíocht ar CCR – Beartais, próisis agus córais
Déanfaidh institiúid creat bainistíochta CCR a bhunú agus a choimeád ar bun, lena gcuimsítear na nithe seo a leanas:
beartais, próisis agus córais chun aithint, tomhas, bainistíocht, faomhadh agus tuairisciú inmheánach a áirithiú maidir le CCR;
nósanna imeachta chun a áirithiú go gcomhlíontar na beartais, na próisis agus na córais sin.
Beidh na beartais, na próisis agus na córais sin bunaithe ar bhonn coincheapúil fónta, arna bhfeidhmiú le hionracas agus arna ndoiciméadú. Áireofar leis an doiciméadú míniú ar na teicnící eimpíreacha a úsáideadh chun CCR a thomhas.
Cuirfear priacail margaidh, leachtachta agus priacail dlíthiúla agus oibriúcháin a bhaineann le CCR san áireamh sa chreat bainistíochta CCR a cheanglaítear le mír 1. Áiritheoidh an creat go háirithe go gcomhlíonann an institiúid na prionsabail seo a leanas:
ní dhéanann sí gnó le contrapháirtí gan a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;
cuireann sí ►C9 riosca ◄ creidmheasa socraíochta agus réamhshocraíochta san áireamh go hiomlán;
Áiritheoidh institiúid a úsáideann an IMM go gcomfhreagraíonn a creat bainistíochta CCR, chun sástachta an údaráis inniúil, do na priacail leachtachta a bhaineann leis na nithe seo a leanas go léir:
glaonna ionchasacha ar corrlach a thiocfadh isteach i gcomhthéacs malartuithe corrlaigh athrúcháin nó cineálacha corrlaigh eile, amhail corrlach thosaigh nó neamhspleách, faoi shuaití neamhfhabhracha sa mhargadh;
glaonna ionchasacha a thiocfadh isteach ar aisíoc comhthaobhachta iomarcaí a dhéantar a thaisceadh ag contrapháirtithe;
glaonna mar thoradh ar íosghrádú ionchasach ar a measúnú seachtrach féin ar cháilíocht chreidmheasa.
Áiritheoidh institiúid go bhfuil cineál agus scóip athúsáid na comhthaobhachta comhsheasmhach lena riachtanais leachtachta agus nach gcuirtear a cumas comhthaobhacht a bhreacadh nó a aisíoc ar bhealach tráthúil i gcontúirt.
Airteagal 287
Struchtúir eagrúcháin maidir le bainistíocht CCR
Déanfaidh institiúid a úsáideann an IMM na nithe seo a leanas a bhunú agus a choimeád ar bun:
aonad rialaithe ►C9 riosca ◄ a chomhlíonann le mír 2;
aonad bainistíochta comhthaobhachta a chomhlíonann le mír 3.
Beidh an t-aonad rialaithe ►C9 riosca ◄ freagrach as bainistíocht CCR na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear bailíochtú tosaigh agus leanúnach na samhla, agus déanfaidh sé na feidhmeanna seo a leanas agus comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:
beidh sé freagrach as córas bainistíochta CCR na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme;
déanfaidh sé sláine na sonraí ionchuir a rialú agus déanfaidh sé tuarascálacha a tháirgeadh agus a anailísiú maidir le haschur shamhail tomhais ►C9 riosca ◄ na hinstitiúide, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcaidreamh idir toisí luachanna na ►C9 neamhchosanta ◄ ar ►C9 riosca ◄ agus teorainneacha creidmheasa agus trádála;
beidh sé neamhspleách ó aonaid atá freagrach as ►C9 neamhchosaintí ◄ a thionscnamh, a athnuachan nó a thrádáil agus beidh sé saor ó thionchar míchuí;
beidh dóthain foirne ann;
déanfaidh sé tuairiscí a chur díreach chuig lucht bainistíochta sinsearaí na hinstitiúide;
beidh a chuid oibre comhtháite go dlúth le próiseas laethúil bainistithe ►C9 riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide;
beidh a aschur ina chuid ríthábhachtach den phróiseas pleanála, faireacháin agus rialaithe maidir le próifíl chreidmheasa agus ►C9 riosca ◄ fhoriomláin na hinstitiúide.
Cuirfidh an t-aonad bainistíochta comhthaobhachta na cúraimí agus na feidhmeanna seo a leanas i gcrích:
glaonna ar chorrlach a ríomh agus a dhéanamh, díospóidí maidir le glaonna ar corrlach a bhainistiú agus leibhéil na méideanna neamhspleácha, corrlaigh tosaigh agus corrlaigh athrúcháin a thuairisciú go beacht ar bhonn laethúil;
sláine na sonraí a rialú a úsáidtear chun glaonna ar chorrlach a dhéanamh, agus a áirithiú go bhfuil siad comhsheasmhach agus go ndéantar iad a réiteach go rialta le foinsí sonraí ábhartha uile laistigh den institiúid;
rianú a dhéanamh ar cé chomh mór is a dhéantar athúsáid ar chomhthaobhacht agus ar aon leasú ar chearta na hinstitiúide ar an gcomhthaobhacht a thaisceann sí nó maidir leis an gcomhthaobhacht sin;
tuairisciú don leibhéal bainistíochta iomchuí maidir leis na cineálacha sócmhainní comhthaobhachta a athúsáidtear, agus téarmaí athúsáide den sórt sin lena n-áirítear an ionstraim, cáilíocht an chreidmheasa agus aibíocht;
rianú a dhéanamh ar chomhdhlúthacht chuig cineálacha aonair sócmhainní comhthaobhachta a nglacann an institiúid leo;
faisnéis bainistíochta comhthaobhachta a thuairisciú ar bhonn rialta, agus gach ráithe ar a laghad, don lucht bainistíochta sinsearaí, lena n-áirítear faisnéis maidir le cineál na comhthaobhachta a fhaightear agus a dhéantar a bhreacadh, méid, aosú agus an chúis maidir le díospóidí um ghlaonna ar chorrlach. Léireofar claontaí sna figiúirí seo sa tuairisciú inmheánach sin.
Airteagal 288
Athbhreithniú ar chóras bainistíochta CCR
Déanfaidh institiúid athbhreithniú neamhspleách rialta ar a córas bainistíochta CCR trína próiseas iniúchta inmheánaigh. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad bainistíochta rialaithe agus comhthaobhachta araon a cheanglaítear le hAirteagal 287 agus tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas go sainiúil, ar a laghad:
leordhóthanacht dhoiciméadú an chórais agus an phróisis bhainistíochta CCR a cheanglaítear le hAirteagal 286;
eagrúchán an aonaid rialaithe CCR a cheanglaítear le hAirteagal 287(1)(a);
eagrúchán an aonaid bhainistíochta comhthaobhachta a cheanglaítear le hAirteagal 287(1)(b);
comhtháthú na mbeart CCR le bainistíocht laethúil ►C9 riosca ◄ ;
an próiseas faofa maidir le samhlacha praghsála ►C9 riosca ◄ agus córais luachála arna n-úsáid ag pearsanra na hoifige tosaigh agus na cúloifige;
bailíochtú aon athraithe shuntasaigh ar an bpróiseas tomhais CCR;
raon feidhme an CCR arna ghabháil ag an tsamhail tomhais ►C9 riosca ◄ ;
sláine an chórais faisnéise bainistíochta;
beachtas agus iomláine na sonraí CCR;
léiriú beacht na dtéarmaí dlíthiúla i gcomhaontuithe comhthaobhachta agus glanluachála go tomhais luachanna ►C9 neamhchosaintí ◄ ;
fíorú ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun samhlacha a rith, lena n-áirítear neamhspleáchas foinsí sonraí den sórt sin;
beachtas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta agus comhghaolúcháin;
beachtas na ríomhanna luachála agus claochlaithe ►C9 riosca ◄ ;
fíorú ar bheachtas na samhla trí chúltástáil a dhéanamh go minic mar a leagtar amach i bpointí (b) go (e) d'Airteagal 293(1);
comhlíonadh na gceanglas rialála ábhartha ag an aonad rialaithe agus aonad bainistíochta comhthaobhachta CCR.
Airteagal 289
Tástáil úsáide
Airteagal 290
Tástáil struis
Cuirfear cásanna ráithiúla tástála struis ilfhachtóirgh i bhfeidhm agus déanfar measúnú ar priacail neamhthreocha ábhartha lena n-áirítear ►C9 neamhchosaint ◄ cuar toraidh agus bunpriacail. Mar íosmhéid, tabharfar aghaidh ar na cásanna a leanas ina dtarlaíonn na nithe seo a leanas le tástálacha struis ilfhachtóirigh:
teagmhais thromchúiseacha eacnamaíocha nó margaidh;
laghdú suntasach ar leachtacht leathan an mhargaidh;
tá suímh á leachtú ag mór-idirghabhálaí airgeadais.
Airteagal 291
►C9 Riosca ◄ Comhghaolmhaireachta
Chun críocha an Airteagail seo:
tarlaíonn “ ►C9 riosca ◄ ginearálta comhghaolmhaireachta” nuair a dhéantar dealraitheacht de mainneachtana ag contrapháirtithe a chur i gcomhchoibhneas deimhneach le fachtóirí ginearálta um priacail margaidh;
tarlaíonn “ ►C9 Sainriosca ◄ Comhghaolmhaireachta” nuair a dhéantar ►C9 neamhchosaint ◄ todhchaí ar chontrapháirtí sonrach a chur i gcomhchoibhneas deimhneach le PD an chontrapháirtí de bharr nádúr na n-idirbheart leis an gcontrapháirtí. Measfar institiúid a bheith ar ris ar ►C9 shainriosca ◄ comhghaolmhaireachta má táthar ag súil go mbeidh an ►C9 neamhchosaint ◄ todhchaí ar chontrapháirtí sonrach ard tráth a mbeidh dóchúlacht mainneachtana an chontrapháirtí ard freisin.
Déanfaidh institiúidí a gceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh CCR maidir le hidirbhearta i gcás ina ndearnadh ►C9 sainriosca ◄ comhghaolmhaireachta a aithint agus i gcás ina bhfuil baint dhlíthiúil idir an contrapháirtí agus eisitheoir bhunionstraim an díorthaigh bhunúsaí thar an gcuntar nó bhunionstraim na n-idirbheart dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 273(2), i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
tá ►C9 sainriosca ◄ comhghaolmhaireachta ann ach ní dhéanfar na hionstraimí a áireamh sa tacar glanluachála céanna ina bhfuil idirbhearta eile leis an gcontrapháirtí, agus láimhseálfar gach ceann acu mar thacar glanluachála ar leith;
laistigh de thacar glanluachála ar leith den sórt sin, maidir le babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm, is ionann luach na ►C9 neamhchosanta ◄ agus an caillteanas ionchasach iomlán i luach an luacha chóir atá fágtha de na bunionstraimí bunaithe ar an toimhde go bhfuil an t-eisitheoir foluiteach faoi leachtú;
beidh an LGD d'institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 3 cothrom le 100 % le haghaidh idirbheart babhtála den sórt sin;
nó institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 2, beidh an ►C9 t-ualach riosca ◄ infheidhme coibhéiseach leis sin a bhaineann le hidirbheart neamhurraithe;
maidir le gach idirbheart eile lena ndéantar aon ainm a thagairt i dtacar glanluachála ar leith den sórt sin, beidh ríomh luach na ►C9 neamhchosanta ◄ comhsheasmhach leis an toimhde go mainneofar na bunoibleagáidí sin gan choinne i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí. Maidir le hidirbhearta lena ndéantar bascaed ainmneacha nó innéacs a thagairt, cuirfear i bhfeidhm mainneachtain na mbunoibleagáidí faoi seach, i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí, más ábhartha;
sa mhéid go n-úsáideann an ríomh um riosca margaidh leis sin le haghaidh ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana mar a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1d, Roinn 4 nó 5, nó le haghaidh riosca mainneachtana trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach i gcomhair riosca mainneachtana mar a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1b, Roinn 3, ina bhfuil toimhde LGD cheana féin, is é 100 % an LGD a úsáidfear san fhoirmle.
Airteagal 292
Sláine an phróisis samhaltaithe
Áiritheoidh institiúid sláine an phróisis samhaltaithe mar a leagtar amach in Airteagal 284 trí na bearta seo a leanas a ghlacadh ar a laghad:
léireofar téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart leis an tsamhail ar bhealach tráthúil, iomlán agus coimeádach;
áireofar leis na téarmaí sin ar a laghad méideanna barúlacha, aibíocht, sócmhainní tagartha, socruithe faoi shocrú corrlaigh agus socruithe glanluachála a bhainfidh leis an gconradh;
déanfar na téarmaí agus sonraíochtaí sin a choinneáil i mbunachar sonraí a bheidh faoi réir ag iniúchadh foirmiúil tréimhsiúil;
próiseas chun socruithe glanluachála a aithint óna dteastaíonn foireann dhlíthiúil chun a fhíorú go bhfuil glanluacháil faoi na socruithe sin infheidhme le dlí;
cuirfidh aonad neamhspleách an fíorú a cheanglaítear le pointe (d) isteach sa bhunachar sonraí atá luaite i bpointe (c);
beidh tarchur téarmaí idirbheart agus sonraí na sonraíochtaí chuig an tsamhail EPE faoi réir ag iniúchadh inmheánach;
beidh próisis ann chun réiteach foirmiúil a dhéanamh idir an tsamhail agus córais na sonraí foinseacha chun fíorú a dhéanamh ar bhonn leanúnach go bhfuil téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart á léiriú i gceart, nó go coimeádach ar a laghad, in EPE.
Chun an EPE iarbhír a ríomh le calabrú struis, déanfaidh institiúid EPE iarbhír a chalabrú agus trí bliana de shonraí, lena n-áirítear tréimhse struis i dtaca le raonta difríochta creidmheasa a contrapháirtithe, a úsáid nó sonraí intuigthe ón margadh ó thréimhse struis den sórt sin.
Cuirfidh an institiúid na ceanglais i míreanna 3, 4 agus 5 i bhfeidhm chun na críche sin.
Ceanglóidh na húdaráis inniúla ar institiúid an calabrú struis a choigeartú má athraíonn na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar na punanna tagarmharcála sin go suntasach óna chéile.
Déanfaidh institiúid an tsamhail a chur faoi phróiseas bailíochtaithe atá léirithe go soiléir i mbeartais agus i nósanna imeachta na n-institiúidí. Maidir leis an bpróiseas bailíochtaithe:
sonrófar an cineál tástála is gá chun sláine na samhla a áirithiú agus dálaí a aithint faoi nach leor na toimhdí a fholuíonn an tsamhail agus a bhféadfadh maolaisnéis i leith EPE a bheith mar thoradh orthu dá bhrí sin;
áireofar athbhreithniú ar chuimsitheacht na samhla.
Déanfaidh institiúid faireachán ar na priacail ábhartha agus beidh próisis i bhfeidhm aici chun a meastachán ar EPE iarbhír a choigeartú nuair a éiríonn na priacail sin suntasach. Déanfaidh an institiúid na nithe seo a leanas agus an mhír seo á comhlíonadh:
a ►C9 neamhchosaintí ◄ ar ►C9 shainriosca ◄ comhghaolmhaireachta a tharlaíonn a aithint agus a bhainistiú mar a shonraítear in Airteagal 291(1)(b) agus a ►C9 neamhchosaintí ◄ ar ►C9 riosca ◄ ginearálta comhghaolmhaireachta a tharlaíonn a aithint agus a bhainistiú mar a shonraítear in Airteagal 291(1)(a);
Airteagal 293
Ceanglais maidir leis an gcóras bainistíochta ►C9 riosca ◄
Comhlíonfaidh institiúid na ceanglais seo a leanas:
comhlíonfaidh sí na ceanglais cháilíochtúla a leagtar amach i gCuid 3, Teideal IV, Caibidil 5;
beidh baint ag comhlacht bainistíochta agus lucht bainistíochta sinsearaí leis an bpróiseas rialaithe ►C9 riosca ◄ agus áiritheoidh siad go leithdháilfear dóthain acmhainní ar rialú creidmheasa agus rialú ►C9 riosca ◄ creidmheasa contrapháirtithe. I dtaca leis sin, déanfar athbhreithniú ar na tuarascálacha laethúla arna n-ullmhú ag an aonad rialaithe creidmheasa neamhspleách arna bhunú de réir Airteagal 287(1)(a) ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh sinsearacht agus údarás imleor chun laghduithe i suímh a ghlacann trádálaithe aonair a fhorfheidhmiú chomh maith le laghduithe i ►C9 neamhchosaint ◄ fhoriomlán na hinstitiúide ar ►C9 riosca ◄ ;
bainfear úsáid as an gcóras chun ►C9 riosca ◄ a thomhas in éineacht le teorainneacha inmheánacha maidir le trádáil agus le neamhchosaint. I dtaca leis sin, beidh baint ag teorainneacha ►C9 neamhchosanta ◄ le samhail tomhais ►C9 riosca ◄ na hinstitiúide ar bhealach a bheidh comhsheasmhach thar am agus ar a mbeidh dea-thuiscint ag trádálaithe, an fheidhm chreidmheasa agus lucht bainistíochta sinsearaí;
áiritheoidh institiúid go bhfuil a córas bainistíochta ►C9 riosca ◄ doiciméadaithe go leormhaith. Go háirithe, déanfaidh sí tacar doiciméadaithe de bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha a choinneáil a bhaineann le hoibriú an chórais tomhais ►C9 riosca ◄ , chomh maith le socruithe chun a áirithiú go gcomhlíontar na beartais sin;
déanfar athbhreithniú neamhspleách ar an gcóras tomhais ►C9 riosca ◄ go rialta i bpróiseas iniúchta inmheánaigh na hinstitiúide. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleáigh rialaithe ►C9 riosca ◄ araon. Déanfar athbhreithniú ar an gcóras bainistithe ►C9 riosca ◄ foriomlán ag eatraimh rialta (agus tráth nach lú ná uair amháin sa bhliain) agus tabharfar faoi na pointí go léir dá dtagraítear in Airteagal 288 go háirithe;
déanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar an mbailíochtú leanúnach ar shamhlacha ►C9 riosca ◄ creidmheasa contrapháirtithe, lena n-áirítear cúltástáil, ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh údarás leormhaith chun aghaidh a thabhairt ar laigí sna samhlacha.
Airteagal 294
Ceanglais bhailíochtaithe
Mar chuid den bhailíochtú tosaigh agus leanúnach ar shamhail na ►C9 neamhchosanta ◄ ar CCR agus a bearta ►C9 riosca ◄ , áiritheoidh institiúid go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfaidh an institiúid cúltástáil ag úsáid sonraí stairiúla maidir le gluaiseachtaí i bhfachtóirí ►C9 riosca ◄ an mhargaidh roimh an gcead ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 283(1). Breithneofar roinnt tréimhsí ama um réamhaithrisí sainiúla sa chúltástáil chomh fada amach le haon bhliain ar a laghad, thar raon dátaí túsaithe éagsúla agus lena gcumhdaítear raon leathan dálaí sa mhargadh;
déanfaidh an institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i mír 12(b) d'Airteagal 284 bailíochtú rialta ar a samhail lena thástáil an bhfuil ►C9 neamhchosaintí ◄ réadaithe reatha comhsheasmhach le réamhaisnéisí thar na tréimhsí corrlaigh ar fad laistigh d'aon bhliain. Má bhaineann aibíocht níos giorra ná aon bhliain le cuid de na trádálacha sa tacar glanluachála, agus má tá íogaireachtaí níos airde i dtaobh fachtóirí ►C9 riosca ◄ ag an tacar glanluachála d'uireasa na dtrádálacha, cuirfear é seo san áireamh sa bhailíochtú;
déanfaidh sí cúltástáil ar fheidhmíocht shamhail na ►C9 neamhchosanta ◄ ar CCR agus ar bhearta ►C9 riosca ◄ ábhartha na samhla chomh maith leis na réamhaithrisí maidir le fachtóirí ►C9 riosca ◄ margaidh. Maidir le trádálacha comhthaobhaithe, cuirfear ar áireamh leis na tréimhsí ama réamhaithrise na cinn lena léirítear tréimhsí tipiciúla corrlaigh ►C9 riosca ◄ a chuirtear i bhfeidhm i dtrádáil chomhthaobhaithe nó faoi chumhdach corrlaigh;
má léirítear le bailíochtú na samhla go bhfuil an EPE iarbhír gannmheasta, gníomhóidh an institiúid mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar mhíchruinneas na samhla;
déanfaidh sí tástáil ar na samhlacha praghsála a úsáidtear chun ►C9 neamhchosaint ◄ ar CCR a ríomh maidir le cás áirithe de shuaitheadh amach anseo d'fhachtóirí ►C9 riosca ◄ margaidh mar chuid den phróiseas bailíochtaithe tosaigh agus leanúnach. Tabharfar fáthanna sna samhlacha praghsála le neamhlíneacht luacha rogha maidir le fachtóirí ►C9 riosca ◄ margaidh;
déanfar an fhaisnéis a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta atá riachtanach le bheith in ann ►C9 neamhchosaintí ◄ a chomhiomlánú ar leibhéal an tacair ghlanluachála a ghabháil le samhail na ►C9 neamhchosanta ◄ ar CCR. Deimhneoidh institiúid go ndéantar idirbhearta a shannadh don tacar glanluachála iomchuí laistigh den tsamhail;
áireofar le samhail na ►C9 neamhchosanta ◄ ar CCR faisnéis a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta chun éifeachtaí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil. Cuirfear an méid corrlaigh reatha agus an corrlach a dhéanfaí a aistriú idir contrapháirtithe sa todhchaí araon san áireamh leis. Tabharfaidh samhail den sórt sin cuntas ar nádúr na gcomhaontuithe corrlaigh atá aontaobhach nó déthaobhach, ar mhinicíocht na nglaonna ar corrlaigh, an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ , íostairseach na ►C9 neamhchosanta ◄ nach bhfuil faoi chumhdach corrlaigh atá an institiúid toilteanach a ghlacadh, agus íosmhéid an aistrithe. Déanfar an t-athrú i leith marcáil ón margadh ar luach na comhthaobhachta a bhreactar a mheas le samhail den sórt sin nó cuirfear na rialacha a leagtar amach i gCaibidil 4 i bhfeidhm;
áireofar le próiseas bailíochtaithe na samhla cúltástáil stairiúil statach ar phunanna contrapháirtithe ionadaíocha. Déanfaidh institiúid cúltástáil den sórt sin ar roinnt punann contrapháirtithe ionadaíocha atá iarbhír nó hipitéiseach ag eatraimh rialta. Roghnófar na punanna ionadaíocha sin ar bhonn a n-íogaireachta maidir leis na fachtóirí ►C9 riosca ◄ ábhartha agus meascán de na fachtóirí ►C9 riosca ◄ ar a bhfuil an institiúid ar ris;
déanfaidh institiúid cúltástáil atá deartha chun tástáil a dhéanamh ar phríomhthoimhdí shamhail na ►C9 neamhchosanta ◄ ar CCR agus ar na bearta ►C9 riosca ◄ ábhartha, lena n-áirítear an caidreamh samhaltaithe idir éirimí an fhachtóra ►C9 riosca ◄ chéanna, agus na caidrimh shamhaltaithe idir na fachtóirí ►C9 riosca ◄ ;
déanfaidh institiúid tástáil rialta ar na samhlacha praghsála a úsáidtear chun ►C9 neamhchosaint ◄ contrapháirtithe a ríomh i gcoinne tagarmharcanna neamhspleácha iomchuí mar chuid den phróiseas leanúnach ar bhailíochtú na samhla;
déanfaidh institiúid measúnú ar an minicíocht lena ndéantar paraiméadair shamhail na ►C9 neamhchosanta ◄ ar CCR a nuashonrú mar chuid den phróiseas ar bhailíochtú tosaigh agus leanúnach;
déanfar measúnú leis an mbailíochtú tosaigh agus leanúnach ar cibé acu atá ríomhanna na ►C9 neamhchosanta ◄ maidir le leibhéal an chontrapháirtí agus an tacair ghlanluachála iomchuí nó nach bhfuil.
Airteagal 295
Glanluacháil chonarthach a aithint mar laghdú ►C9 riosca ◄
Ní fhéadfaidh institiúidí a láimhseáil mar laghdú ►C9 riosca ◄ i gcomhréir le hAirteagal 298 ach na cineálacha comhaontuithe seo a leanas a bhaineann le glanluacháil chonarthach i gcás ina bhfuil an comhaontú glanluachála aitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 296 agus i gcás ina gcomhlíonann an institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 297:
conarthaí déthaobhacha le haghaidh nuachana idir institiúid agus a contrapháirtí faoina ndéantar éilimh agus oibleagáidí frithpháirteacha a chónascadh go huathoibríoch ar bhealach ina ndéantar aon mhéid aonair glan a shocrú leis an nuachan gach uair atá sé infheidhme chun conradh singil nua a chruthú a chuirtear in áit na gconarthaí agus na n-oibleagáidí uile roimhe sin idir páirtithe de bhun na gconarthaí sin agus tá sé ceangailteach ar na páirtithe;
comhaontuithe déthaobhacha eile idir institiúid agus a contrapháirtí;
comhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha maidir le hinstitiúidí a bhfuil cead faighte acu an modh a leagtar amach i Roinn 6 a úsáid i dtaca le hidirbhearta lasmuigh de raon feidhme an mhodha sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla liosta de na comhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha a formheasadh a thuairisciú do ÚBE.
Ní dhéanfar glanluacháil thar idirbhearta a dhéanann eintitis dhlíthiúla éagsúla i ngrúpa a aithint ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse a ríomh.
Airteagal 296
Comhaontuithe glanluachála conarthacha a aithint
Comhlíonfaidh gach comhaontú glanluachála conarthach na coinníollacha uile a leanas a úsáideann institiúid ar mhaithe le luach na ►C9 neamhchosanta ◄ a chinneadh sa Chuid seo:
thug an institiúid comhaontú glanluachála conarthach i gcrích lena contrapháirtí lena gcruthaítear oibleagáid dhlíthiúil aonair, lena gcumhdaítear gach idirbheart atá ar áireamh, ionas go mbeadh sí i dteideal, i gcás mainneachtana ar thaobh an chontrapháirtí, an tsuim ghlan amháin de luachanna deimhneacha agus diúltacha maidir le marcáil ón margadh idirbheart aonair atá ar áireamh a fháil nó iad a íoc;
chuir an institiúid tuairimí dlíthiúla réasúnaithe i scríbhinn ar fáil do na húdaráis inniúla ionas nach mbeadh éilimh ná oibleagáidí na hinstitiúide níos mó ná na héilimh agus na hoibleagáidí sin dá dtagraítear i bpointe (a), i gcás ina ndéanfaí agóid dhlíthiúil i gcoinne an chomhaontaithe ghlanluachála. Déanfar tagairt don dlí is infheidhme sa tuairim dhlíthiúil:
an dlínse ina bhfuil an contrapháirtí corpraithe;
má tá baint ag brainse gnóthais leis, atá suite i dtír eile seachas an tír ina bhfuil an gnóthas corpraithe, an dlínse ina bhfuil an brainse suite;
an dlínse ina ndéantar na hidirbhearta aonair atá ar áireamh sa chomhaontú glanluachála a rialú lena dlí;
an dlínse ina ndéantar aon chonradh nó comhaontú a rialú lena dlí atá riachtanach chun an ghlanluacháil chonarthach a chur i gcrích;
ní bheidh aon chlásal sa chonradh lena dtugtar cead, i gcás mainneachtana ar thaobh contrapháirtí, do chontrapháirtí neamh-mhainneachtana íocaíochtaí teoranta amháin a dhéanamh, nó gan íocaíochtaí ar bith a dhéanamh, le heastát an pháirtí mainneachtana, fiú má tá an páirtí mainneachtana ina ghlanchreidiúnaí (i.e. clásáil tréigthe).
Mura bhfuil ceann ar bith de na húdaráis inniúla sásta go bhfuil an ghlanluacháil chonarthach bailí go dlíthiúil agus infhorghníomhaithe faoi dhlí gach dlínse dá dtagraítear i bpointe (b) ní dhéanfar an comhaontú glanluachála conarthach a aithint mar laghdú ►C9 riosca ◄ maidir le ceachtar de na contrapháirtithe. Cuirfidh údaráis inniúla é sin in iúl dá chéile dá réir sin.
Féadfar na tuairimí dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (b) a tharraingt suas trí thagairt do chineálacha glanluachála conarthaí. Comhlíonfaidh comhaontuithe glanluachála trastáirge conarthacha na coinníollacha breise seo a leanas:
is í an tsuim ghlan dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo an tsuim ghlan de na luachanna imréitigh deimhneacha agus diúltacha d'aon mháistir-chomhaontú déthaobhach aonair atá ar áireamh agus de luach deimhneach agus diúltach um marcáil ón margadh na n-idirbheart aonair (an “Méid Glan Trastáirge”);
na tuairimí dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, tabharfar eolas ar bhailíocht agus ar infhorghníomhacht an chomhaontaithe glanluachála trastáirgí chonarthaigh iomláin faoina théarmaí agus ar thionchar an chomhaontaithe glanluachála ar fhorálacha ábhartha atá in aon mháistir-chomhaontú déthaobhach aonair atá ar áireamh.
Airteagal 297
Oibleagáidí na n-institiúidí
Agus an comhaontú glanluachála trastáirgí á chur san áireamh, leanfaidh an institiúid de bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le glanluacháil dhéthaobhach a aithint agus ceanglais Chaibidil 4 maidir le maolú ►C9 riosca ◄ creidmheasa a aithint, de réir mar is infheidhme, maidir le gach máistir-chomhaontú déthaobhach aonair agus idirbheart atá ar áireamh.
Airteagal 298
Na héifeachtaí a bhaineann le glanluacháil mar rud a laghdaíonn ►C12 riosca ◄ a aithint
Déanfar glanluacháil chun críocha Roinn 3 go Roinn 6 a aithint mar a leagtar amach sna Ranna sin.
Airteagal 299
Ítimí sa leabhar trádála
Agus méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ á ríomh maidir le ►C9 riosca ◄ contrapháirtí i dtaca le hítimí sa leabhar trádála, comhlíonfaidh institiúidí na prionsabail seo a leanas:
▼M8 —————
ní bhainfidh institiúidí úsáid as an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 222 chun éifeachtaí na comhthaobhachta airgeadais a aithint;
i gcás idirbheart athcheannaigh agus idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí a chuirtear sa leabhar trádála, féadfaidh institiúidí na hionstraimí airgeadais agus tráchtearraí uile a aithint mar chomhthaobhacht incháilithe atá le cur san áireamh sa leabhar trádála;
maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ a thagann as ionstraimí díorthacha thar an gcuntar arna gcur sa leabhar trádála, féadfaidh institiúidí tráchtearraí atá incháilithe a áireamh sa leabhar trádála a aithint mar chomhthaobhacht incháilithe;
chun críocha coigeartuithe luaineachta a ríomh i gcás ina ndéantar ionstraimí airgeadais nó tráchtearraí den sórt sin nach bhfuil incháilithe faoi Chaibidil 4 a thabhairt ar iasacht, a dhíol nó a sholáthar, nó a fháil ar iasacht, a cheannach nó a fháil trí chomhthaobhacht nó trí mheán eile faoina leithéid d'idirbheart, agus nuair a úsáideann institiúid cur chuige na gcoigeartuithe luaineachta maoirseachta faoi Roinn 3 de Chaibidil 4, déanfaidh institiúidí ionstraimí agus tráchtearraí den sórt sin a láimhseáil ar an mbealach céanna agus a láimhseálann siad cothromas neamh-phríomhinnéacs ar mhalartán aitheanta;
i gcás ina bhfuil institiúid ag úsáid an cur chuige bunaithe ar a meastacháin féin de choigeartuithe luaineachta faoi Roinn 3 de Chaibidil 4 maidir le hionstraimí airgeadais nó tráchtearraí nach bhfuil incháilithe faoi Chaibidil 4, ríomhfaidh sí coigeartuithe luaineachta do gach ítim ar leith. I gcás go bhfuil cead faighte ag institiúid Modh na Samhlacha Inmheánacha arna shainiú i gCaibidil 4 a úsáid, féadfaidh sí an cur chuige sin a chur i bhfeidhm sa leabhar trádála;
maidir le máistir-chomhaontuithe glanluachála a aithint ina gcuimsítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, ní aithneoidh institiúidí ach glanluacháil thar shuímh sa leabhar trádála agus sa leabhar neamhthrádála nuair a chomhlíonann na hidirbhearta glanluacháilte na coinníollacha seo a leanas:
déantar gach idirbheart a mharcáil ón margadh ar bhonn laethúil;
féadfar aon ítimí a fhaightear ar iasacht, a cheannaítear nó a fhaightear faoi na hidirbhearta a aithint mar chomhthaobhacht airgeadais incháilithe faoi Chaibidil 4 gan pointí (c) go (f) den mhír seo a chur i bhfeidhm;
i gcás gur cuid d'fhálú inmheánach é díorthach creidmheasa atá ar áireamh sa leabhar trádála agus go n-aithnítear an chosaint chreidmheasa faoin Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 204, cuirfidh institiúidí ceann amháin de na modhanna seo a leanas i bhfeidhm:
láimhseálfaidh siad é amhail is nár thig aon ►C9 riosca ◄ contrapháirtí ón suíomh sa díorthach creidmheasa sin;
chun na ceanglais cistí dílse a ríomh maidir le ►C9 riosca ◄ creidmheasa contrapháirtí, cuirfidh siad ar áireamh go comhsheasmhach na díorthaigh chreidmheasa go léir atá sa leabhar trádála agus atá ina gcuid d'fhálú inmheánach nó a ceannaíodh mar chosaint i gcoinne ►C9 neamhchosanta ◄ ar CCR sa chás go bhfuil an chosaint chreidmheasa aitheanta mar chosaint incháilithe faoi Chaibidil 4.
Airteagal 300
Sainmhínithe
Chun críocha na Roinne seo agus Chuid a Seacht, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “gan baint le féimheacht”, maidir le sócmhainní cliant, go bhfuil socruithe éifeachtacha i bhfeidhm lena n-áirithítear nach mbeidh na sócmhainní sin ar fáil do chreidiúnaithe contrapháirtí lárnaigh nó chomhalta imréitigh i gcás dhócmhainneacht an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh sin faoi seach nó nach mbeidh na sócmhainní ar fáil don comhalta imréitigh chun caillteanais a chumhdach a thabhaigh sé i ndiaidh mhainneachtain cliaint nó cliant seachas iad siúd a chuir na sócmhainní sin ar fáil;
ciallaíonn “idirbheart a bhaineann le contrapháirtí lárnach” conradh nó idirbheart atá liostaithe in Airteagal 301(1) idir cliant agus comhalta imréitigh a bhaineann go díreach le conradh nó idirbheart atá liostaithe sa mhír sin idir an comhalta imréitigh sin agus contrapháirtí lárnach;
ciallaíonn “comhalta imréitigh” comhalta imréitigh mar atá sainmhínithe i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Rialachán(AE) Uimhir 648/2012
ciallaíonn “cliant” cliant mar atá sainmhínithe i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012 nó gnóthás a bhfuil socruithe imréitigh indíreacha bunaithe acu le comhalta imréitigh, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán sin;
ciallaíonn “idirbheart airgid” idirbheart in airgead tirim, ionstraimí fiachais nó cothromais, spot-idirbheart malairte eachtraí nó spot-idirbheart tráchtearraí; ach ní idirbhearta airgid iad idirbhearta athcheannaigh agus idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí;
ciallaíonn “socrú imréitigh indíreach” socrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
ciallaíonn “cliant ar leibhéal níos airde” eintiteas a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil do chliant ar leibhéal níos ísle;
ciallaíonn “cliant ar leibhéal níos ísle” eintiteas a bhfuil rochtain ar sheirbhísí contrapháirtí lárnaigh á fáil aige trí bhíthin cliant ar leibhéal níos airde;
ciallaíonn “struchtúr cliant il-leibhéil” socrú imréitigh indíreach faoina gcuireann eintiteas nach comhalta imréitigh é ach ar cliant de chuid comhalta imréitigh nó de chuid cliant ar leibhéal níos airde é, faoina gcuireann sé seirbhísí imréitigh ar fáil d'institiúid;
ciallaíonn “ranníocaíocht neamhchistithe le ciste mainneachtana” ranníocaíocht a gheallann institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh go conarthach a sholáthar do chontrapháirtí lárnach tar éis don chontrapháirtí lárnach a chiste mainneachtana a ídiú chun caillteanais a chumhdach a thabhaigh sé tar éis mainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh;
ciallaíonn “idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith taiscí lánráthaithe” idirbheart margaidh i leith airgead lánchomhthaobhaithe ina malartaíonn beirt chontrapháirtithe taiscí le chéile agus ina n-idirchuireann contrapháirtí é féin eatarthu chun comhlíonadh oibleagáidí íocaíochta na gcontrapháirtithe sin a áirithiú.
Airteagal 301
Raon feidhme ábhartha
Baineann an Roinn seo leis na conarthaí agus na hidirbhearta seo a leanas fad agus atá siad gan réiteach le contrapháirtí lárnach:
na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;
idirbhearta um maoiniú urrús agus idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith taiscí lánráthaithe; agus
idirbhearta socraíochta iarchurtha.
Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le ►C12 neamhchosainti ◄ a thagann as socraíocht idirbheart airgid. Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar síos i dTeideal V i bhfeidhm ar ►C12 neamhchosainti ◄ trádála a thagann as na hidirbhearta sin agus cuirfidh siad ualú ►C12 riosca ◄ 0 % i bhfeidhm ar na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chumhdaíonn na hidirbhearta réamhráite agus iad sin amháin. Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 307 i bhfeidhm ar na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chumhdaíonn aon cheann de na conarthaí a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo sa bhreis ar idirbhearta airgid.
Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
ní áireofar sa chorrlach tosaigh ranníocaíochtaí le contrapháirtí lárnach le haghaidh socruithe roinnte caillteanas;
áireofar sa chorrlach tosaigh comhthaobhacht arna taisceadh ag institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh nó ag cliant sa bhreis ar an íosmhéid a theastaíonn ón gcontrapháirtí lárnach nó ón institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh faoi seach, ar choinníoll go bhféadfaidh an contrapháirtí lárnach sin nó an institiúid sin, nuair is iomchuí, cosc a chur ar an institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh nó ar an gcliant an chomhthaobhacht bhreise sin a aistarraingt;
i gcás ina n-úsáideann contrapháirtí lárnach corrlach tosaigh chun caillteanais a fhrithpháirtiú i measc a chomhaltaí imréitigh, féadfaidh institiúidí a ghníomhaíonn mar chomhaltaí imréitigh an corrlach tosaigh sin a láimhseáil mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana.
Airteagal 302
Faireachán a dhéanamh ar ►C9 neamhchosaintí ◄ contrapháirtithe lárnacha
Airteagal 303
►C12 Neamhchosainti ◄ na gcomhaltaí imréitigh ar chontrapháirtithe lárnacha a láimhseáil
Airteagal 304
►C9 Neamhchosaintí ◄ na gcomhaltaí imréitigh ar chliaint a láimhseáil
I gcás ina n-úsáideann institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó i Roinn 6 den Chaibidil seo chun a ceanglais cistí dílse le haghaidh a ►C12 neamhchosainti ◄ a ríomh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
de mhaolú ar Airteagal 285(2), féadfaidh an institiúid leas a bhaint as tréimhse corrlaigh faoi phriacail a mhairfidh cúig lá oibre ar a laghad le haghaidh a ►C12 neamhchosainti ◄ ar chliant;
cuirfidh an institiúid tréimhse corrlaigh faoi phriacail i bhfeidhm a mhairfidh 10 lá oibre ar a laghad le haghaidh a ►C12 neamhchosainti ◄ ar chontrapháirtí lárnach;
de mhaolú ar Airteagal 285(3), i gcás ina gcomhlíonann tacar glanluachála atá ar áireamh sa ríomh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin, féadfaidh an institiúid neamhaird a thabhairt ar an teorainn a leagtar amach sa phointe sin, ar choinníoll nach gcomhlíonann an tacar glanluachála an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) den mhír sin agus nach bhfuil aon trádálacha ná céadroghanna coimhthíocha iontu ar ábhar díospóide iad;
i gcás ina gcoimeádann contrapháirtí lárnach corrlach athrúcháin i gcoinne idirbhirt agus nach ndéantar comhthaobhacht na hinstitiúide a chosaint ar dhócmhainneacht an chontrapháirtí lárnaigh, cuirfidh an institiúid tréimhse corrlaigh ►C12 riosca ◄ i bhfeidhm arb ionann í agus aon bhliain amháin nó aibíocht iarmhair an idirbhirt, cibé acu is ísle, agus íosráta 10 lá gnó i gceist.
I gcás struchtúr cliant il-leibhéil, féadfar an láimhseáil a leagtar amach sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den struchtúr sin.
Airteagal 305
►C9 Neamhchosaintí ◄ na gcliant a láimhseáil
Gan dochar don chur chuige atá sonraithe i mír 1, i gcás gur cliant í an institiúid, féadfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá ►C9 neamhchosaintí ◄ trádála d'idirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 306 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá suímh agus sócmhainní na hinstitiúide sin a bhaineann leis na hidirbhearta sin idirdhealaithe agus leithscartha, ar leibhéal an chomhalta imréitigh agus an chontrapháirtí lárnaigh araon, ó shuímh agus sócmhainní an chomhalta imréitigh agus chliaint eile an chomhalta imréitigh sin agus mar gheall ar an idirdhealú sin agus an leithscaradh sin níl baint ag na suímh agus sócmhainní sin le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó dá chliaint eile;
éascaítear le dlíthe, rialacháin, rialacha agus socruithe conarthacha is infheidhme maidir leis an institiúid sin nó leis an gcontrapháirtí lárnach atá ceangailteach orthu, go ndéanfar suímh an chliaint a bhaineann leis na conarthaí agus idirbhearta sin agus an chomhthaobhacht chomhfhreagrach a aistriú chuig comhalta imréitigh eile laistigh den tréimhse corrlaigh is infheidhme faoi ►C9 riosca ◄ i gcás dhócmhainneacht nó mhainneachtain an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh bhunaidh. In imthosca mar sin, déanfar suímh agus comhthaobhacht an chliaint a aistriú ag luach an mhargaidh mura n-iarrann an cliant go ndéanfaí an suíomh a shocrú ar luach an mhargaidh;
tá athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag an gcliant, ar athbhreithniú é atá cothrom le dáta, a chruthaíonn go bhfuil na socruithe lena n-áirithítear comhlíonadh an choinníll atá leagtha amach i bpointe (b), go bhfuil siad dlíthiúil, bailí, ceangailteach agus infhorfheidhmithe faoi dhlíthe ábhartha na dlínse nó na ndlínsí ábhartha;
is contrapháirtí lárnach cáilitheach é an contrapháirtí lárnach.
I gcás ina ndéanann an institiúid measúnú ar an gcaoi a bhfuil an coinníoll i bpointe (b) den chéad fhomhír á chomhlíonadh aici, féadfaidh institiúid aon fhasaigh shoiléire i ndáil le haistrithe suíomhanna cliant agus le comhthaobhacht chomhfhreagrach chuig contrapháirtí lárnach a chur san áireamh, maille le haon rún sa tionscal leanúint den chleachtas seo.
Airteagal 306
Ceanglais cistí dílse maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ trádála
Cuirfidh institiúid an láimhseáil a leanas i bhfeidhm ar a ►C9 neamhchosaintí ◄ trádála ar chontrapháirtithe lárnacha:
i gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach agus go bhforálann téarmaí an idirbhirt a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach nach bhfuil sé de cheangal ar an institiúid an cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhain dó de thoradh athruithe ar luach an idirbhirt sin má mhainníonn an contrapháirtí lárnach, féadfaidh an institiúid sin luach ►C12 neamhchosainta ◄ na ►C12 neamhchosainta ◄ trádála ar an gcontrapháirtí lárnach a chomhfhreagraíonn don idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach, féadfaidh sí an luach sin a shocrú ag nialas;
i gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, agus go bhforálann téarmaí an idirbhirt a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach go bhfuil sé de cheangal ar an institiúid an cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhain dó de thoradh athruithe ar luach an idirbhirt sin má mhainníonn an contrapháirtí lárnach, féadfaidh an institiúid sin an láimhseáil i bpointe (a) nó i bpointe (b), de réir mar is infheidhme, a chur i bhfeidhm ar an ►C12 neamhchosaint ◄ trádála ar an gcontrapháirtí lárnach a chomhfhreagraíonn don idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach.
Airteagal 307
Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh
Cuirfidh institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh an láimhseáil seo a leanas i bhfeidhm ar a ►C12 neamhchosainti ◄ a thagann as a ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh:
ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 308;
ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí réamhchistithe agus neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 309;
ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 310.
Airteagal 308
Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh réamh-mhaoinithe
Is mar seo a leanas a ríomhfaidh institiúid an ceanglas cistí dílse chun an ►C12 neamhchosaint ◄ a thagann as a ranníocaíocht réamhchistithe a chumhdach:
nuair atá:
|
Ki |
= |
an ceanglas cistí dílse; |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl; |
|
KCCP |
= |
caipiteal hipitéiseach an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; |
|
DFi |
= |
an ranníocaíocht réamhchistithe; |
|
DFCCP |
= |
acmhainní airgeadais réamhchistithe an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; agus |
|
DFCM |
= |
suim ranníocaíochtaí réamhchistithe chomhaltaí imréitigh uile an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. |
▼M8 —————
Airteagal 309
Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh agus le ranníocaíochtaí neamhchistithe le contrapháirtí lárnach neamhcháilitheach
Cuirfidh institiúid an fhoirmle seo a leanas i bhfeidhm chun an ceanglas cistí dílse a ríomh maidir leis na ►C12 neamhchosainti ◄ a thagann as a ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh agus as ranníocaíochtaí neamhchistithe le contrapháirtí lárnach den sórt sin:
|
K |
= |
na ceanglais cistí dílse; |
|
DF |
= |
ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh; agus |
|
UC |
= |
ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh. |
Airteagal 310
Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh
Cuirfidh institiúid ualú ►C12 riosca ◄ 0 % i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh.
Airteagal 311
Ceanglais cistí dílse do ►C12 neamhchosainti ◄ ar chontrapháirtithe lárnacha nach gcomhlíonann coinníollacha áirithe a thuilleadh
I gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i mír 1, déanfaidh institiúidí, laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfuil a fhios acu faoin imthoisc dá dtagraítear sa mhír sin nó níos luaithe i gcás ina n-éilíonn údaráis inniúla na n-institiúidí sin é, déanfaidh siad an méid seo a leanas i ndáil lena ►C12 neamhchosainti ◄ ar an gcontrapháirtí lárnach sin:
cuirfidh siad an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 306(1) i bhfeidhm ar a ►C12 neamhchosainti ◄ trádála ar an gcontrapháirtí lárnach sin;
cuirfidh siad an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 309 i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh sin agus ar a ranníocaíochtaí neamhchistithe leis an gcontrapháirtí lárnach sin;
déanfaidh siad a ►C12 neamhchosainti ◄ ar an gcontrapháirtí lárnach sin seachas iad sin a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin a láimhseáil mar ►C12 neamhchosainti ◄ ar eintiteas corparáideach i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le priacalcreidmheasa a leagtar amach i gCaibidil 2.
TEIDEAL III
CEANGLAS CISTÍ DÍLSE LE HAGHAIDH RIOSCA OIBRIÚCHÁIN
CAIBIDIL 1
AN CEANGLAS CISTÍ DÍLSE A RÍOMH LE HAGHAIDH RIOSCA OIBRIÚCHÁIN
Airteagal 311a
Sainmhínithe
Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “teagmhas riosca oibriúcháin” aon teagmhas a bhfuil baint aige le riosca oibriúcháin a ngintear caillteanas nó caillteanais iomadúla dá dheasca, laistigh de 1 bhliain amháin airgeadais nó laistigh de bhlianta iomadúla airgeadais;
ciallaíonn “caillteanas comhlán comhiomlánaithe” suim na gcaillteanas comhlán uile a bhfuil baint acu leis an teagmhas riosca oibriúcháin céanna thar 1 bhliain amháin airgeadais nó thar bhlianta iomadúla airgeadais;
ciallaíonn “glanchaillteanas comhiomlánaithe” suim na nglanchaillteanas uile a bhfuil baint acu leis an teagmhas riosca oibriúcháin céanna thar 1 bhliain amháin airgeadais nó thar bhlianta iomadúla airgeadais;
ciallaíonn “caillteanais ghrúpáilte” gach caillteanas oibriúcháin a tharla de bharr truicear bunúsach coiteann nó bunchúis a d’fhéadfaí a ghrúpáil in aon teagmhas riosca oibriúcháin amháin.
Airteagal 312
Ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca oibriúcháin
Is é a bheidh sa cheanglas cistí dílse le haghaidh riosca oibriúcháin ná comhpháirt an táscaire gnó arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 313.
Airteagal 313
Comhpháirt an táscaire gnó
Ríomhfaidh institiúidí a gcomhpháirt táscaire gnó i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
BIC |
= comhpháirt an táscaire gnó; |
|
BI |
= comhpháirt an táscaire gnó, arna sloinneadh sna billiúin euro, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 314. |
Airteagal 314
Táscaire gnó
Ríomhfaidh institiúidí a dtáscaire gnó i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
BI = ILDC + SC + FC
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
BI |
= comhpháirt an táscaire gnó, arna sloinneadh sna billiúin euro; |
|
ILDC |
= an chomhpháirt úis, léasanna agus díbhinne, arna sloinneadh sna billiúin euro agus arna ríomh i gcomhréir le mír 2; |
|
SC |
= an chomhpháirt seirbhísí, arna sloinneadh sna billiúin euro agus arna ríomh i gcomhréir le mír 5; |
|
FC |
= an chomhpháirt airgeadais, arna sloinneadh sna billiúin euro agus arna ríomh i gcomhréir le mír 6. |
Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhpháirt úis, léasanna agus díbhinne i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
ILDC |
= an chomhpháirt úis, léasanna agus díbhinne; |
|
IC |
= an chomhpháirt úis, arb é ioncam úis na hinstitiúide é ó gach sócmhainn airgeadais agus ioncam eile úis, lena n-áirítear ioncam úis ó léasanna airgeadais agus ioncam ó léasanna oibriúcháin agus ó bhrabúis ó shócmhainní léasaithe, lúide speansais úis na hinstitiúide ó gach dliteanas airgeadais agus ó speansais eile úis, lena n-áirítear speansas úis ó léasanna airgeadais agus oibriúcháin, ó dhímheas agus lagú sócmhainní léasaithe oibriúcháin, agus ó chaillteanais uathu, arna ríomh mar mheán bliantúil luachanna absalóideacha na ndifríochtaí thar na 3 bliana airgeadais roimhe sin; |
|
AC |
= an chomhpháirt sócmhainní, arb é suim iomlán olliasachtaí gan íoc, airleacain, urrúis úsmhara, lena n-áirítear bannaí rialtais, agus sócmhainní léasaithe na hinstitiúide é, arna ríomh mar an meán bliantúil thar na 3 bliana airgeadais roimhe sin ar bhonn na méideanna ag deireadh gach ceann de na blianta airgeadais faoi seach; |
|
DC |
= an chomhpháirt díbhinne, arb é ioncam díbhinne na hinstitiúide é ó infheistíochtaí i stoic agus i gcistí nach bhfuil comhdhlúite i ráitis airgeadais na hinstitiúide, lena n-áirítear ioncam díbhinne ó fhochuideachtaí neamh-chomhdhlúite, ó ghnólachtaí comhlachaithe agus ó chomhfhiontair, arna ríomh mar an meán bliantúil thar na 3 bliana airgeadais roimhe sin. |
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh máthairinstitiúid AE, go dtí an 31 Nollaig 2027, cead a iarraidh ar a maoirseoir comhdhlúthacháin ús, léasanna agus comhpháirt díbhinne ar leithligh a ríomh le haghaidh aon cheann dá fo-institiúidí sonracha agus toradh an ríomha sin a chur leis an gcomhpháirt úis, léasanna agus díbhinne arna ríomh, ar bhonn comhdhlúite, d’eintitis eile an ghrúpa i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
is iad gníomhaíochtaí baincéireachta miondíola nó tráchtála na bhfochuideachtaí an chuid is mó dá ngníomhaíocht;
tá iasachtaí a bhfuil PD ard ag baint leo ina gcion suntasach de ghníomhaíochtaí baincéireachta miondíola nó tráchtála na bhfochuideachtaí;
soláthraíonn úsáid an mhaolaithe bonn iomchuí chun ceanglas cistí dílse mháthairinstitiúid AE le haghaidh riosca oibriúcháin a ríomh.
Agus an cead deonaithe, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin athmheasúnú ar an gcead agus ar na coinníollacha a ghabhann leis gach 2 bhliain.
Tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthacháin fógra do ÚBE a luaithe a thabharfar an cead sin, a dheimhneofar é nó a tharraingeofar siar é.
Faoin 31 Nollaig 2031, cuirfidh ÚBE tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le húsáid agus oiriúnacht an mhaolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ag féachaint, go háirithe, do na samhlacha gnó sonracha lena mbaineann agus do leordhóthanacht na gceanglas cistí dílse gaolmhara le haghaidh riosca oibriúcháin. Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ghaolmhara a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2032.
Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhpháirt seirbhísí i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
SC = max (OI, OE) + max (FI, FE)
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
SC |
= an chomhpháirt seirbhísí; |
|
OI |
= an t-ioncam oibriúcháin eile, arb é meánioncam bliantúil na hinstitiúide thar na 3 bliana airgeadais roimhe sin é ó ghnáthoibríochtaí baincéireachta nach n-áirítear le ítimí eile an táscaire gnó ach atá de chineál dá shamhail; |
|
OE |
= na speansais oibriúcháin eile, arb iad meánspeansais agus meánchaillteanais bhliantúla na hinstitiúide iad le linn na 3 bliana airgeadais roimhe sin ó ghnáthoibríochtaí baincéireachta nach n-áirítear le hítimí eile an táscaire gnó ach atá de chineál dá samhail, agus ó theagmhais riosca oibriúcháin; |
|
FI |
= an chomhpháirt ioncaim ó tháillí agus ó choimisiúin, arb é meánioncam bliantúil na hinstitiúide thar na 3 bliana roimhe sin é arna fháil ó chomhairle agus ó sheirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear ioncam arna fháil ag an institiúid mar sheachfhoinsitheoir seirbhísí airgeadais; |
|
FE |
= an chomhpháirt speansas ó tháillí agus ó choimisiúin, arb iad na meánspeansais arna n-íoc ag an institiúid thar na 3 bliana roimhe sin iad as comhairle agus seirbhísí a fháil, lena n-áirítear táillí seachfhoinsithe arna n-íoc ag an institiúid as seirbhísí airgeadais a soláthraíodh, ach nach n-áirítear leo táillí seachfhoinsithe arna n-íoc as seirbhísí a soláthraíodh nach seirbhísí airgeadais iad. |
Faoi réir cead an údaráis inniúil a fháil roimh ré, agus a mhéid atá córais oiriúnacha aonfhoirmeacha ar fáil don scéim cosanta institiúideach chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar rioscaí oibriúcháin, féadfaidh institiúidí ar comhaltaí iad de scéim cosanta institiúideach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7) an chomhpháirt seirbhísí glan ó aon ioncam a fhaightear ó institiúidí nó ó aon chaiteachas a íoctar le hinstitiúidí, ar comhaltaí iad den scéim cosanta institiúideach chéanna, a ríomh. Tá aon chaillteanais a eascraíonn as na rioscaí oibriúcháin gaolmhara faoi réir frithpháirtiú ar fud chomhaltaí na scéime cosanta institiúidí.
Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhpháirt airgeadais i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
FC = TC + BC
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
FC |
= an chomhpháirt airgeadais; |
|
TC |
= comhpháirt an leabhair trádála, arb é meán bliantúil na luachanna absalóideacha glanbhrabúis nó glanchaillteanais é, de réir mar is infheidhme, ar leabhar trádála na hinstitiúide thar na 3 bliana airgeadais deireanacha roimhe sin é, arna chinneadh mar is iomchuí i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta nó i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal I, Caibidil 3, lena n-áirítear ó shócmhainní trádála agus dliteanais trádála, ó chuntasaíocht fálaithe agus ó dhifríochtaí malartaithe; |
|
BC |
= comhpháirt an leabhair baincéireachta, arb é meán bliantúil na luachanna absalóideacha glanbhrabúis nó glanchaillteanais thar na 3 bliana airgeadais deireanacha roimhe sin é, de réir mar is infheidhme, ar leabhar neamhthrádála na hinstitiúide, lena n-áirítear ó shócmhainní agus dliteanais airgeadais arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús agus trí chaillteanas, ó chuntasaíocht fálaithe, ó dhifríochtaí malartaithe, agus ó ghnóthachain agus caillteanais réadaithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais airgeadais nach dtomhaistear ar luach cóir trí bhrabús agus trí chaillteanas. |
Ní úsáidfidh institiúidí aon cheann de na gnéithe seo a leanas le linn dóibh a dtáscaire gnó a ríomh:
ioncam agus speansais ó ghnólacht árachais nó athárachais;
préimheanna arna n-íoc agus íocaíochtaí arna bhfáil ó pholasaithe árachais nó athárachais arna gceannach;
speansais riaracháin, lena n-áirítear speansais foirne, táillí seachfhoinsithe arna n-íoc as seirbhísí a soláthraíodh nach seirbhísí airgeadais iad, agus speansais eile riaracháin;
gnóthú speansas riaracháin lena n-áirítear gnóthú íocaíochtaí thar ceann custaiméirí;
speansais áitribh agus sócmhainní seasta, ach amháin i gcás inar toradh iad na speansais sin ar theagmhais riosca oibriúcháin;
dímheas sócmhainní inláimhsithe agus amúchadh sócmhainní doláimhsithe, seachas an dímheas a bhaineann le sócmhainní léasaithe oibriúcháin, a áireofar i speansais léasa airgeadais agus oibriúcháin;
soláthairtí agus cealú soláthairtí, seachas i gcás ina mbaineann na soláthairtí sin le teagmhais riosca oibriúcháin;
speansais i ngeall ar scairchaipiteal atá inaisíoctha ar éileamh;
lagú agus cealú laguithe;
athruithe ar cháilmheas arna n-aithint i mbrabús nó i gcaillteanas;
cáin chorparáide.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
comhpháirteanna an táscaire gnó, agus a n-úsáid, trí liostaí d’fho-ítimí tipiciúla a fhorbairt, agus caighdeáin rialála idirnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, an teorainn stuamachta a shainítear i gCuid a Trí, Teideal I, Caibidil 3, á gcur san áireamh;
na heilimintí a liostaítear i mír 7 den Airteagal seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 315
Coigeartuithe ar an táscaire gnó
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
conas atá na coigeartuithe ar an táscaire gnó dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 le cinneadh ag institiúidí;
na coinníollacha faoina mbeidh údaráis inniúla in ann an cead dá dtagraítear i mír 2 a dheonú;
an t-uainiú le haghaidh na gcoigeartuithe dá dtagraítear i mír 2.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 2
BAILIÚ SONRAÍ AGUS RIALACHAS
Airteagal 316
An caillteanas riosca oibriúcháin bliantúil a ríomh
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla tarscaoileadh ón gceanglas chun caillteanais riosca oibriúcháin bhliantúla a ríomh a thabhairt d’institiúidí nach mó a dtáscaire gnó ná EUR 1 bhilliún, ar choinníoll gur léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go mbeadh sé ina ualach míchuí ar an institiúid an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 317
Tacar sonraí maidir le caillteanas
Chun críoch mhír 1, déanfaidh institiúidí:
gach teagmhas riosca oibriúcháin arna thaifeadadh i gcaitheamh bliain amháin airgeadais nó i gcaitheamh blianta iomadúla airgeadais a chur san áireamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas;
dáta na cuntasaíochta a úsáid chun caillteanais a bhaineann le teagmhais riosca oibriúcháin a chur san áireamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas;
caillteanais agus gnóthuithe gaolmhara i gcás teagmhais riosca oibriúcháin chomhchoitinn nó teagmhais riosca oibriúcháin ghaolmhara thar thréimhse ama, arna mbreacadh sna cuntais thar bhlianta éagsúla, a leithdháileadh ar na blianta airgeadais comhfhreagracha sa tacar sonraí maidir le caillteanas, i gcomhréir lena láimhseáil chuntasaíochta.
Baileoidh na hinstitiúidí freisin:
faisnéis maidir le dátaí tagartha na dteagmhas riosca oibriúcháin, lena n-áirítear:
an dáta a tharla an teagmhas riosca oibriúcháin nó a thosaigh sé ar dtús (“dáta an tarlaithe”), i gcás ina bhfuil fáil air sin;
an dáta a tháinig an institiúid ar an eolas faoin teagmhas riosca oibriúcháin (“dáta an aimsithe”);
an dáta nó na dátaí a tharlaíonn caillteanas de dheasca teagmhais riosca oibriúcháin, nó a dhéantar cúlchiste nó soláthar in aghaidh caillteanais, arna aithint i gcuntais bhrabúis agus chaillteanais na hinstitiúide (“dáta na cuntasaíochta”);
faisnéis maidir le haon ghnóthú ar mhéideanna caillteanais chomhláin mar aon le faisnéis thuairisciúil faoi na cúiseanna a bhí leis na teagmhais chaillteanais nó faoi na gníomhaithe a spreag iad.
Beidh an líon mionsonraí san fhaisnéis thuairisciúil i gcomhréir le méid an chaillteanais chomhláin.
Chun críocha an Airteagail seo, áiritheoidh institiúidí fóntacht, stóinseacht agus feidhmíocht a gcóras agus a mbonneagair TF is gá chun an tacar sonraí maidir le caillteanas a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe tríd an méid seo a leanas ar fad a áirithiú:
tá a gcórais agus a mbonneagar fónta agus athléimneach agus féadtar an fhóntacht agus an athléimneacht sin a choinneáil ar bun go leanúnach;
tá a gcórais agus a mbonneagar TF faoi réir próisis bainistithe cumraíochta, bainistithe athruithe agus bainistithe scaoilte;
i gcás ina seachfhoinsíonn institiúid codanna de chothabháil a gcóras agus a mbonneagair TF, áirithítear fóntacht, stóinseacht agus feidhmíocht na gcóras agus an bhonneagair TF tríd an méid seo a leanas ar a laghad a dheimhniú:
tá a córais agus a mbonneagar fónta agus athléimneach agus féadtar an fhóntacht agus an athléimneacht sin a choinneáil ar bun go leanúnach;
tá an próiseas atá ann chun na córais agus an bonneagar TF a phleanáil, a chruthú, a thástáil agus a chur chun feidhme fónta agus cuí i dtaca le bainistíocht tionscadal, bainistiú riosca, rialachas, innealtóireacht, dearbhú cáilíochta agus pleanáil tástála, forbairt agus samhaltú córas, dearbhú cáilíochta i ngach gníomhaíocht, lena n-áirítear athbhreithnithe ar chóid agus i gcás inarb iomchuí, fíorúchán cóid, agus tástáil, lena n-áirítear glacadh i measc úsáideoirí;
tá a córais agus a mbonneagar TF faoi réir próisis bainistithe cumraíochta, bainistithe athruithe agus bainistithe scaoilte;
formheasann an comhlacht bainistíochta nó an lucht bainistíochta sinsearaí an próiseas atá ann chun na córais agus an bonneagar TF a phleanáil, a chruthú, a thástáil agus a chur chun feidhme agus cuirtear ar an eolas iad go tráthrialta faoi na córais TF agus faoi fheidhmíocht an bhonneagair.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 318
Méid an ghlanchaillteanais agus an chaillteanais chomhláin a ríomh
Chun críocha Airteagal 316(1), déanfaidh institiúidí glanchaillteanas a ríomh i gcás gach teagmhais riosca oibriúcháin mar a leanas:
glanchaillteanas = caillteanas comhlán – gnóthú
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
caillteanas comhlán |
= caillteanas a bhfuil baint aige le teagmhas riosca oibriúcháin sula mbeidh gnóthú d’aon chineál ann; |
|
gnóthú |
= tarlú neamhspleách amháin nó tarluithe neamhspleácha iomadúla a bhaineann leis an teagmhas riosca oibriúcháin bunaidh, atá ar leithligh san am, ina bhfaightear cistí nó insreafaí tairbhí eacnamaíocha ó thríú páirtí. |
Coinneoidh institiúidí ríomh an ghlanchaillteanais cothrom le dáta ar bhonn leanúnach i gcás gach teagmhais riosca oibriúcháin. Chuige sin, tabharfaidh institiúidí ríomh an ghlanchaillteanais cothrom le dáta bunaithe ar athruithe, iarbhír nó arna meas, ar an gcaillteanas comhlán agus ar an ngnóthú i gcás gach bliana de na 10 mbliana airgeadais roimhe sin. I gcás ina bhfeictear caillteanais, a bhfuil baint acu leis an teagmhas riosca oibriúcháin céanna, i gcaitheamh blianta airgeadais iomadúla laistigh den tréimhse 10 mbliana sin, déanfaidh an institiúid an méid seo a leanas a ríomh agus a choinneáil cothrom le dáta:
an glanchaillteanas, an caillteanas comhlán agus an gnóthú i gcás gach bliain airgeadais den tréimhse 10 mbliana sin inar taifeadadh an glanchaillteanas, an caillteanas comhlán agus an gnóthú sin;
glanchaillteanas comhiomlánaithe, caillteanas comhlán comhiomlánaithe agus gnóthú comhiomlánaithe bhlianta airgeadais ábhartha uile na tréimhse 10 mbliana.
Chun críocha mhír 1, áireofar na hítimí seo a leanas i ríomh an chaillteanais chomhláin:
muirir dhíreacha, amhail laguithe, socraíochtaí, agus méideanna arna n-íoc chun an damáiste, na pionóis agus an t-ús ar riaráistí agus táillí dlí i gcuntais bhrabúis agus chaillteanais na hinstitiúide a shlánú, mar aon le díluachálacha, arb ann dóibh de dheasca an teagmhais riosca oibriúcháin, lena n-áirítear:
i gcás ina mbaineann an teagmhas riosca oibriúcháin le riosca margaidh, na costais chun suíomhanna margaidh a leachtú sa mhéid caillteanais arna thaifeadadh de bharr na n-ítimí riosca oibriúcháin;
i gcás ina mbaineann íocaíochtaí le mainneachtain nó próisis neamhleordhóthanacha na hinstitiúide, pionóis, muirir úis, muirir ar riaráistí, táillí dlí agus, seachas an méid cánach a bhí dlite i dtosach, cáin, ach amháin má tá an méid san áireamh cheana faoi phointe (e);
costais arna dtabhú mar thoradh ar an teagmhas riosca oibriúcháin, lena n-áirítear speansais sheachtracha a bhfuil baint dhíreach acu leis an teagmhas riosca oibriúcháin agus costais deisiúcháin nó athsholáthair, arna dtabhú chun an suíomh a bhí i réim sular tharla an teagmhas riosca oibriúcháin a athbhunú;
soláthairtí nó cúlchistí a chuirtear san áireamh sna cuntais bhrabúis agus chaillteanais in aghaidh thionchar féideartha an chaillteanais oibriúcháin, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as teagmhais mhí-iompair;
caillteanais a eascraíonn as teagmhais riosca oibriúcháin a bhfuil tionchar airgeadais cinntitheach acu a bhreactar go sealadach i gcuntais neamhbhuana nó fionraí agus nach léirítear go fóill sna cuntais bhrabúis agus chaillteanais (“caillteanais ar feitheamh”);
tionchair eacnamaíocha dhiúltacha arna mbreacadh do bhliain airgeadais de thoradh teagmhais riosca oibriúcháin a imríonn tionchar ar shreafaí airgid nó ar ráitis airgeadais blianta airgeadais roimhe sin (“caillteanais uainithe”).
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), áireofar caillteanais ábharacha ar feitheamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas laistigh de thréimhse ama i gcomhréir le méid agus aois na hítime ar feitheamh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (e), caillteanais uainithe ábharacha cuirfidh an institiúid san áireamh iad sa tacar sonraí maidir le caillteanas i gcás inar thoradh iad ar theagmhais riosca oibriúcháin a mhaireann níos faide ná bliain airgeadais amháin. Cuirfidh institiúidí san áireamh sa mhéid caillteanais arna thaifeadadh den ítim riosca oibriúcháin de bhliain airgeadais, caillteanais atá mar thoradh ar cheartú earráidí i mbreacadh sa chuntas a tharla in aon bhliain airgeadais roimhe sin, fiú i gcás nach ndéanann na caillteanais sin difear díreach do thríú páirtithe. I gcás ina bhfuil caillteanais uainithe ábharacha ann agus ina ndéanann an teagmhas riosca oibriúcháin difear díreach do thríú páirtithe, lena n-áirítear custaiméirí, soláthraithe agus fostaithe de chuid na hinstitiúide, cuirfidh an institiúid san áireamh freisin athráiteas oifigiúil ar thuarascálacha airgeadais a eisíodh roimhe sin.
Chun críocha mhír 1, beidh na hítimí seo a leanas eisiata ó ríomh an chaillteanais chomhláin:
costais na cothabhála ginearálta ar chonarthaí maidir le maoin, gléasra nó trealamh;
caiteachas inmheánach nó seachtrach chun feabhas a chur ar an ngnólacht i ndiaidh na gcaillteanas riosca oibriúcháin, lena n-áirítear uasghráduithe, feabhsuithe, tionscnaimh agus feabhsuithe i ndáil le measúnú riosca;
préimheanna árachais.
Arna iarraidh sin don údarás inniúil, soláthróidh an institiúid an doiciméadacht uile is gá chun na híocaíochtaí arna bhfáil agus arna gcur san áireamh i ríomh an ghlanchaillteanais ó theagmhas riosca oibriúcháin a fhíorú.
Airteagal 319
Tairseacha na sonraí maidir le caillteanas
Airteagal 320
Caillteanais a eisiamh
Féadfaidh institiúid cead a iarraidh ón údarás inniúil teagmhais riosca oibriúcháin eisceachtúla nach ábhartha iad a thuilleadh dá próifíl riosca a eisiamh ó ríomh a caillteanais riosca oibriúcháin bliantúil, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
is féidir leis an institiúid a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil nach dtarlóidh arís an méid ba chúis don teagmhas riosca oibriúcháin as ar tháinig na caillteanais riosca oibriúcháin sin;
glanchaillteanas comhiomlánaithe an teagmhais riosca oibriúcháin chomhfhreagraigh:
beidh sé cothrom le 10 % de mheánchaillteanas riosca oibriúcháin bliantúil na hinstitiúide nó níos mó, arna ríomh le 10 mbliana airgeadais anuas agus bunaithe ar an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 319(1), i gcás ina dtagraíonn an teagmhas caillteanais riosca oibriúcháin do ghníomhaíochtaí ar cuid den táscaire gnó go fóill iad; nó
bainfidh sé le teagmhas riosca oibriúcháin a thagraíonn do ghníomhaíochtaí arna ndífheistiú ón táscaire gnó i gcomhréir le hAirteagal 315(2);
bhí an caillteanas riosca oibriúcháin sa tacar sonraí maidir le caillteanas ar feadh tréimhse 1 bhliain amháin ar a laghad, mura rud é go mbaineann an caillteanas riosca oibriúcháin le gníomhaíochtaí arna ndífheistiú ón táscaire gnó i gcomhréir le hAirteagal 315(2).
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo, tosóidh an íostréimhse 1 bhliain amháin ón dáta inar mhó, den chéad uair, an teagmhas riosca oibriúcháin arna chur san áireamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas ná an tairseach ábharthachta dá bhforáiltear in Airteagal 319(1).
Institiúid a iarrann an cead dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh sí cúiseanna doiciméadaithe don údarás inniúil le teagmhas riosca oibriúcháin eisceachtúil a eisiamh, lena n-áirítear:
tuairisc ar an teagmhas riosca oibriúcháin;
cruthúnas go bhfuil an caillteanas atá mar thoradh ar an teagmhas riosca oibriúcháin os cionn na tairsí ábharthachta le haghaidh eisiamh caillteanas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(i), lena n-áirítear an dáta a d’éirigh an teagmhas riosca oibriúcháin níos mó ná an tairseach ábharthachta;
an dáta a d’eisiafaí an teagmhas riosca oibriúcháin lena mbaineann, i bhfianaise na híostréimhse coinneála a leagtar amach i mír 1, pointe (c);
an fáth a meastar nach bhfuil an teagmhas riosca oibriúcháin ábhartha a thuilleadh do phróifíl riosca na hinstitiúide;
léiriú nach bhfuil neamhchosaintí dlíthiúla comhchosúla nó iarmharacha ann agus nach bhfuil an teagmhas riosca oibriúcháin a bheidh le heisiamh ábhartha do ghníomhaíochtaí eile ná do tháirgí eile;
tuarascálacha ar athbhreithniú nó ar bhailíochtú neamhspleách na hinstitiúide, á dheimhniú nach ábhartha a thuilleadh an teagmhas riosca oibriúcháin agus nach bhfuil neamhchosaintí dlíthiúla comhchosúla ná iarmharacha ann;
cruthúnas go bhfuil údaráis inniúla na hinstitiúide tar éis an iarraidh ar eisiamh an teagmhais riosca oibriúcháin a fhormheas, trí phróisis formheasa na hinstitiúide, agus dáta an fhormheasa sin;
tionchar eisiamh an teagmhais riosca oibriúcháin ar an gcaillteanas riosca oibriúcháin bliantúil.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 321
Caillteanais de thoradh eintiteas nó gníomhaíochtaí arna gcumasc nó arna bhfáil a chur san áireamh
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 322
Cuimsitheacht, cruinneas agus cáilíocht na sonraí caillteanais
Airteagal 323
Creat bainistíochta riosca oibriúcháin
Beidh na nithe seo a leanas i bhfeidhm ag institiúidí:
córas dea-dhoiciméadaithe measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin mar dhlúthchuid den phróiseas chun próifíl riosca oibriúcháin na hinstitiúide a rialú agus chun faireachán a dhéanamh uirthi, é de dhlúth agus d’inneach na bpróiseas bainistíochta riosca ó lá go lá, agus freagrachtaí soiléire sannta ina leith; déanfar leis an gcóras measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin neamhchosaintí na hinstitiúide ar riosca oibriúcháin a shainaithint agus sonraí ábhartha maidir le riosca oibriúcháin a rianú, lena n-áirítear sonraí maidir le caillteanas ábharach;
feidhm bainistithe riosca oibriúcháin atá neamhspleách ar aonaid ghnó agus oibriúcháin na hinstitiúide;
córas chun tuairisciú chuig an lucht bainistíochta sinsearaí faoina soláthraítear tuairiscí ar riosca oibriúcháin do na feidhmeanna ábhartha laistigh den institiúid;
córas chun faireachán agus tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar neamhchosaintí riosca oibriúcháin agus ar chaillteanais a tharlaíonn, agus nósanna imeachta chun gníomhartha ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh;
gnáthaimh chun an comhlíonadh a áirithiú, agus beartais chun neamhchomhlíonadh a láimhseáil;
athbhreithnithe tráthrialta ar phróisis agus ar chórais measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin na hinstitiúide, arna ndéanamh ag iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha a bhfuil an saineolas is gá acu;
próisis bhailíochtaithe inmheánacha a fheidhmíonn ar bhealach fónta éifeachtach;
sreafaí sonraí agus próisis, atá idir thrédhearcach agus inrochtana, i ndáil le córas measúnaithe riosca oibriúcháin na hinstitiúide.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
TEIDEAL IV
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE LE HAGHAIDH ►C9 RIOSCA ◄ MARGAIDH
CAIBIDIL 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 325
Cur chuige chun críche ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh ►C12 riosca ◄ margaidh
Déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás gach ceann dá cuid suíomhanna leabhair trádála agus gach ceann dá cuid suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige seo a leanas:
an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a;
an cur chuige malartach samhla inmheánaí a leagtar amach i gCaibidil 1b le haghaidh na suíomhanna sin arna sannadh do dheasca trádála ar thug údarás inniúil na hinstitiúide cead don institiúid an cur chuige malartach sin a úsáid mar a leagtar amach in Airteagal 325az(1);
an cur chuige caighdeánaithe simplithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325a(1).
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfaidh institiúid ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí i gcás suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí a ríomh i gcás ina ndéantar na suíomhanna sin a asbhaint as cistí dílse na hinstitiúide. Déanfaidh an institiúid an úsáid a bhaineann sí as an maolú a leagtar amach san fhomhír seo a dhoiciméadú, lena n-áirítear tionchar agus ábharthacht na húsáide sin, agus cuirfidh sí an fhaisnéis ar fáil, arna iarraidh sin, dá húdarás inniúil.
Is é a bheidh sna ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh arna ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe simplithe ná suim na gceanglas cistí dílse seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca suímh dá dtagraítear i gCaibidil 2 iolraithe faoin méid seo a leanas:
1,3 , i gcás na rioscaí ginearálta agus sonracha a bhaineann le suíomhanna in ionstraimí fiachais, seachas ionstraimí urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 337;
3,5 , i gcás na rioscaí ginearálta agus sonracha a bhaineann le suíomhanna in ionstraimí cothromais;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí dá dtagraítear i gCaibidil 3, iolraithe faoi 1,2 ;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca tráchtearraí dá dtagraítear i gCaibidil 4, iolraithe faoi 1,9 ;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh ionstraimí urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 337.
Maidir le suíomhanna urrúsúcháin agus díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas, áireofar san ACTP iad:
ní suíomhanna athurrúsúcháin iad, ná roghanna ar thráinse urrúsúcháin, ná aon díorthaigh eile ó ►C12 neamhchosainti ◄ urrúsúcháin nach soláthraíonn sciar pro rata sna fáltais ó thráinse urrúsúcháin;
is ionstraimí de na cinn seo a leanas iad na hionstraimí foluiteacha:
ionstraimí aonainm, lena n-áirítear díorthaigh chreidmheasa aonainm, a bhfuil margadh leachtach dhá threo ann ina leith;
innéacsanna a thrádáiltear de ghnáth bunaithe ar na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (i).
Meastar go bhfuil margadh dhá threo ann má dhéantar tairiscintí neamhspleácha bona fide chun earraí a cheannach agus a dhíol ionas gur féidir praghas a bhaineann go réasúnta leis an bpraghas díola deireanach nó le tairiscint iomaíoch bona fide agus luachanna tairisceana reatha a chinneadh laistigh de lá amháin agus a shocrú ar an bpraghas sin laistigh de thréimhse measartha gearr ag teacht le gnás trádála.
Ní áireofar sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach aon suíomhanna ina bhfuil aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:
ionstraimí foluiteacha a shanntar do na haicmí ►C12 neamhchosainti ◄ dá dtagraítear i bpointe (h) nó i bpointe (i) d'Airteagal 112;
éileamh ar eintiteas sainchuspóireach, arna chomhthaobhú, go díreach nó go hindíreach, le suíomh nach mbeadh incháilithe é féin le cur isteach sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach i gcomhréir le mír 6.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325a
Coinníollacha maidir leis an gcur chuige caighdeánaithe simplithe a úsáid
►M17 Féadfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh agus an cur chuige caighdeánaithe simplithe dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (c), á úsáid aici, ar choinníoll gur lú méid gnó na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir riosca margaidh ná gach ceann de na tairseacha seo a leanas, nó go bhfuil sé cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil, agus sonraí ó lá deireanach na míosa á n-úsáid: ◄
10 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
EUR 500 milliún.
Déanfaidh institiúidí méid a ngnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir ►C12 riosca ◄ margaidh bunaithe ar shonraí amhail ón lá deireanach de gach mí i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
áireofar na suíomhanna go léir a shannfar don leabhar trádála, cé is moite de dhíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar ►C12 neamhchosainti ◄ leabhair neamhthrádála ar ►C12 riosca ◄ creidmheasa agus idirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán ►C12 riosca ◄ margaidh na bhfáluithe inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 106(3);
áireofar gach suíomh den leabhar neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó tráchtearraí, seachas na suíomhanna sin atá eisiata ó ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí i gcomhréir le hAirteagal 104c nó iad siúd a asbhaintear as cistí dílse na n-institiúidí féin;
déanfar gach suíomh a luacháil ag a luachanna ar an margadh an dáta sin, seachas na suíomhanna dá dtagraítear i bpointe (b); i gcás nach bhfuil luach margaidh suímh leabhair thrádála ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh leabhair thrádála a ghlacadh ar an dáta sin; i gcás nach bhfuil an luach cóir agus luach margaidh ar shuíomh leabhair thrádála ar fáil ar dháta ar leith, déanfaidh institiúidí an luach is déanaí, cibé an luach margaidh nó an luach cóir, don suíomh sin a ghlacadh;
déanfar gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí a mheas mar ghlansuíomh foriomlán in airgeadra eachtrach agus a luacháil i gcomhréir le hAirteagal 352;
déanfar gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir ►C12 riosca ◄ tráchtearra a mheas i gcomhréir le hAirteagail 357 agus 358;
déanfar luach absalóideach an tsuímh fhada chomhiomlánaithe a shuimiú le luach absalóideach an tsuímh ghearr chomhiomlánaithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is ionann ciall na suíomhanna fada agus suíomhanna gearra agus an chiall a leagtar amach in Airteagal 94(3).
Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh luach an tsuímh fhada (gearr) chomhiomlánaithe cothrom le suim luachanna na suíomhanna fada (gearr) aonair a áirítear sa ríomh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) den fhomhír sin.
►M17 Scoirfidh institiúidí de na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh i gcomhréir leis an gcur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (c), laistigh de 3 mhí ó cheachtar díobh seo a leanas: ◄
ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh trí mhí as a chéile; nó
níor chomhlíon an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh níos mó ná 6 mhí de na 12 mhí dheireanacha.
▼M17 —————
Airteagal 325b
Cead i leith ceanglais chomhdhlúite
Ní fhéadfaidh institiúidí mír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin le cead ó na húdaráis inniúla, cead a thabharfar má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá cistí dílse leithdháilte go sásúil laistigh den ghrúpa;
ráthaítear leis an gcreat rialúcháin, dlíthiúil nó conarthach ina bhfeidhmíonn na hinstitiúidí go bhfuil tacaíocht airgeadais fhrithpháirteach laistigh den ghrúpa.
I gcás ina bhfuil na gnóthais suite i dtríú tíortha, comhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas i dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2:
tá na gnóthais sin údaraithe i dtríú tír agus comhlíonann siad an sainmhíniú ar institiúid creidmheasa nó is gnólachtaí infheistíochta aitheanta tríú tír iad;
ar bhonn aonair, comhlíonann na gnóthais sin ceanglais cistí dílse atá coibhéiseach leis na cinn sin a leagtar síos sa Rialachán seo;
níl aon rialacháin sna tríú tíortha atá i gceist a d'fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d'aistriú cistí laistigh den ghrúpa.
I gcás nár thug údarás inniúil an cead dá dtagraítear i mír 2 d’aon institiúid amháin ar a laghad nó d’aon ghnóthas amháin ar a laghad de chuid an ghrúpa, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir leis an Teideal seo:
ríomhfaidh an institiúid glansuíomhanna agus ceanglais cistí dílse i gcomhréir leis an Teideal seo le haghaidh na suíomhanna uile in institiúidí nó i ngnóthais de chuid an ghrúpa a bhfuil an cead dá dtagraítear i mír 2 á thabhairt don institiúid ina leith, agus an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 á húsáid;
ríomhfaidh an institiúid glansuíomhanna agus ceanglais cistí dílse i gcomhréir leis an Teideal seo ina gceann is ina gceann le haghaidh na suíomhanna uile i ngach institiúid nó i ngach gnóthas de chuid an ghrúpa nach bhfuil an cead dá dtagraítear i mír 2 tugtha don institiúid ina leith;
ríomhfaidh an institiúid iomlán na gceanglas cistí dílse i gcomhréir leis an Teideal seo ar bhonn comhdhlúite trí na méideanna arna ríomh i bpointí (a) agus (b) den mhír seo a shuimiú le chéile.
Chun críocha an ríomha dá dtagraítear sa chéad fhomhír,, pointí (a) agus (b), úsáidfidh institiúidí agus gnóthais dá dtagraítear san fhomhír sin an t-airgeadra tuairiscithe céanna agus an t-airgeadra tuairiscithe a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh i gcomhréir leis an Teideal seo ar bhonn comhdhlúite don ghrúpa.
CAIBIDIL 1a
An Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach
Airteagal 325c
Raon feidhme, struchtúr agus ceanglais cháilíochtúla an chur chuige chaighdeánaithe mhalartaigh
Déanfaidh na hinstitiúidí a gceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach maidir le punann de shuíomhanna sa leabhar trádála agus de shuíomhanna leabhar neamhthrádála atá faoi réir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí nó tráchtearraí mar shuim na dtrí chomhpháirt seo a leanas:
an ceanglas cistí dílse de réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2;
an ceanglas cistí dílse i gcomhair ►C12 riosca ◄ mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 a bhfuil feidhm aige maidir leis na suíomhanna leabhar trádála dá dtagraítear sa Roinn sin agus leis na suíomhanna sin amháin;
an ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ iarmharacha a leagtar amach i Roinn 4 a bhfuil feidhm aige maidir leis na suíomhanna leabhar trádála dá dtagraítear sa Roinn sin agus leis na suíomhanna sin amháin.
Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallaíonn “gnóthas tríú páirtí” gnóthas a chuireann seirbhísí iniúchóireachta nó comhairliúcháin ar fáil d’institiúidí agus a bhfuil líon foirne aige a bhfuil scileanna leordhóthanacha acu sa réimse a bhaineann le riosca margaidh.
An t-athbhreithniú ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear i mír 5, cumhdófar leis gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleách rialaithe riosca araon agus déanfar measúnú ann ar an méid seo a leanas ar a laghad:
na beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad;
leordhóthanacht dhoiciméadacht an chórais agus na bpróiseas bainistithe riosca agus eagrú an aonaid rialaithe riosca dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;
a bheaichte atá ríomhanna íogaireachta agus an próiseas a úsáidtear chun na ríomhanna sin a dhíorthú ó shamhlacha praghsála na hinstitiúide atá mar bhonn le brabús agus caillteanas a thuairisciú don lucht bainistíochta sinsearaí, mar a thagraítear dó in Airteagal 325t;
an próiseas fíorúcháin a úsáideann an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, tráthúlacht agus iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh agus an cur chuige caighdeánaithe malartach á úsáid aici, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin.
Déanfaidh institiúid an t-athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír uair amháin sa bhliain ar a laghad, nó ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin suas le gach 2 bhliain i gcás inar féidir leis an institiúid a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil go dtugann méid, tábhacht shistéamach, cineál, scála agus castacht ghnó a leabhair trádála údar maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2028.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325d
Sainmhínithe
Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “aicme ►C12 riosca ◄ ” aon cheann de na seacht gcatagóir seo a leanas:
►C12 riosca ◄ ráta úis ghinearálta;
►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa (CSR) le haghaidh neamhurrúsúcháin;
►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála neamhchomhghaoil mhalartach (CSR nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP);
►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP CSR);
►C12 riosca ◄ cothromais;
►C12 riosca ◄ tráchtearraí;
►C12 riosca ◄ malairte eachtraí;
ciallaíonn “íogaireacht” an t-athrú cóimheasa ar luach suímh, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d'fhachtóirí ►C12 riosca ◄ ábhartha an tsuímh, a ríomhadh le samhail phraghsála na hinstitiúide i gcomhréir le Foroinn 2 de Roinn 3;
ciallaíonn “buicéad” fochatagóir suíomhanna laistigh d’aicme phriacail amháin a bhfuil próifíl phriacail aige a bhfuil riosca-ualú sannta di mar a shainmhínítear i bhForoinn 1 de Roinn 3.
Airteagal 325e
Comhpháirteanna an mhodha íogaireacht-bhunaithe
Déanfaidh institiúidí a gceanglais cistí dílse féin le haghaidh ►C12 riosca ◄ margaidh a ríomh de réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe trí na trí cheanglas cistí dílse a chomhiomlánú i gcomhréir le hAirteagal 325h:
ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ cuaire lena ngabhtar an ►C12 riosca ◄ go dtiocfaidh athruithe ar luach ionstraime mar gheall ar ghluaiseachtaí sna príomhfhachtóirí ►C12 riosca ◄ neamhluaineachta a bhaineann le fachtóirí ►C12 riosca ◄ gaolmhara nach ngabhtar le ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ deilte.
Chun críche an ríomha dá dtagraítear i mír 1,
beidh suíomhanna uile aon ionstraimí lena ngabhann roghnaíocht faoi réir na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i bpointí (a), (b) (c) de mhír 1 maidir leis na rioscaí seachas ionstraimí foluiteacha coimhthíocha na n-ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 325u(2);
beidh suíomhanna uile aon ionstraimí gan roghnaíocht faoi réir na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 maidir leis na rioscaí seachas ionstraimí foluiteacha coimhthíocha na n-ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 325u(2),
Chun críocha na Caibidle seo, ar na hionstraimí ina bhfuil roghnaíocht tá, i measc ionstraimí eile: glaonna, céadroghanna, caidhpeanna, íosrátaí, roghtálacha, céadroghanna bacainneacha agus céadroghanna coimhthíocha. Measfar gur suíomhanna ar leithligh i roghanna iad roghanna leabaithe, amhail roghanna réamhíocaíochta nó iompraíochta, chun críche ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ margaidh a ríomh.
Chun críocha na Caibidle seo, measfar gur ionstraimí gan roghnaíocht iad ionstraimí ar féidir a sreabhadh airgid thirim a scríobh mar fheidhm líneach de mhéid barúlach an fholuitigh.
Tabharfaidh aon institiúid a roghnaíonn an cur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír a úsáid fógra dá húdarás inniúil 3 mhí ar a laghad roimh an gcéad úsáid. Tar éis na 3 mhí sin a bheith caite agus ar choinníoll nach ndearna an t-údarás inniúil agóid ina choinne, féadfaidh an institiúid an cur chuige sin a úsáid go dtí go gcuirfidh an t-údarás inniúil an institiúid ar an eolas nach bhfuil cead aici a thuilleadh é a dhéanamh.
Aon institiúid ar mian léi scor den chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír a úsáid, tabharfaidh sí fógra dá húdarás inniúil 3 mhí ar a laghad sula scorfaidh sí den úsáid sin. Féadfaidh an institiúid scor den chur chuige sin a chur i bhfeidhm, ach amháin má rinne an t-údarás inniúil agóid laistigh den tréimhse 3 mhí sin.
Airteagal 325f
Ceanglais cistí dílse maidir le ►C12 riosca ◄ deilte agus vega
Déanfar na glaníogaireachtaí ar gach fachtóir ►C12 riosca ◄ laistigh de gach buicéad a iolrú faoi na hualuithe ►C12 riosca ◄ chomhfhreagracha mar a leagtar amach i Roinn 6, as a dtiocfaidh íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir ►C12 riosca ◄ laistigh den bhuicéad sin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
Déanfar na híogaireachtaí ualaithe ar na fachtóirí ►C12 riosca ◄ difriúla laistigh de gach buicéad a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, mar a socraítear íosteorainn an mhéid laistigh den fheidhm fréimhe cearnaí ag nialas, as a dtagann an íogaireacht bhuicéad-shonrach. Úsáidfear na comhghaolta comhfhreagracha maidir le híogaireachtaí ualaithe laistigh den bhuicéad céanna (ρkl), a leagtar amach i Roinn 6.
|
Kb |
= |
an íogaireacht bhuicéad-shonrach; agus |
|
WS |
= |
na híogaireachtaí ualaithe. |
Déanfar an íogaireacht bhuicéad-shonrach a ríomh maidir le gach buicéad atá laistigh d'aicme phriacail i gcomhréir le mír 5, mír 6 agus mír 7. Nuair a ríomhfar an íogaireacht bhuicéad-shonrach i leith na mbuicéad go léir, déanfar íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir ►C12 riosca ◄ a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, trí na comhghaolta comhfhreagracha γbc maidir le híogaireachtaí ualaithe i mbuicéad difriúla a úsáid mar a leagtar amach i Roinn 6, as a dtagann an ceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme phriacail do phriacal deilte nó vega:
nuair:
|
Sb |
= |
Σk WSk atá maidir le gach fachtóir ►C12 riosca ◄ i mbuicéad b agus Sc = Σk i mbuicéad c; i gcás ina ngineann suim luachanna Sb agus Sc uimhir dhiúltach mar shuim fhoriomlán , déanfaidh an institiúid ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme phriacail do phriacal deilte nó vega ar leith a ríomh trí úsáid a bhaint as sonrú malartach i gcás ina bhfuil |
|
Sb |
= |
max [min (Σk WSk, Kb), – Kb] maidir le gach fachtóir ►C12 riosca ◄ i mbuicéad b, agus |
|
Sc |
= |
max [min (Σk WSk, Kc), – Kc] maidir le gach fachtóir ►C12 riosca ◄ i mbuicéad c. |
Déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ deilte nó vega a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith a ríomh maidir le gach aicme phriacail i gcomhréir le míreanna 1 go 8.
Airteagal 325g
Ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire
Maidir le fachtóir riosca ar leith, déanfaidh institiúidí na ríomhanna sin ar bhonn glan thar shuíomhanna uile na n-ionstraimí atá faoi réir an cheanglais cistí dílse i gcomhair riosca cuaire a bhfuil an fachtóir riosca sin ann.
arna shloinneadh mar a leanas:
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear suíomhanna uile na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 1 in iúl agus lena n-áirítear fachtóir riosca k; |
|
xk |
= |
luach reatha fhachtóir riosca k; |
|
Vi xk |
= |
luach ionstraim i mar a mheastar le samhail phraghsála na hinstitiúide bunaithe ar luach reatha fhachtóir riosca k; |
|
|
= |
lluach ionstraim i mar a mheastar le samhail phraghsála na hinstitiúide bunaithe ar athrú aníos ar luach fhachtóir riosca k; |
|
|
= |
lluach ionstraim i mar a mheastar le samhail phraghsála na hinstitiúide bunaithe ar athrú anuas ar luach fhachtóir riosca k; |
|
|
= |
lan t-ualú riosca is infheidhme maidir le fachtóir riosca k arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 6; |
|
sik |
= |
íogaireacht deilte ionstraim i maidir le fachtóir riosca k, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325r. |
Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i mír 2, i gcás inar cuar d’fhachtóirí riosca é xk a leithdháiltear ar aicmí riosca GIRR, CSR agus ar aicmí tráchtearraí, is é a bheidh ann sik ná suim na n-íogaireachtaí deilte ar fhachtóir riosca an chuair thar aibíochtaí uile an chuair.
arna shloinneadh mar a leanas:
|
b |
= |
an t-innéacs a sheasann do bhuicéad d’aicme riosca ar leith; |
|
Kb |
= |
ceanglais cistí dílse maidir le riosca cuaire do bhuicéad b; |
;
;
;
|
pkl |
= |
na comhghaolta laistigh de bhuicéad idir fachtóirí riosca k agus l mar a leagtar síos i Roinn 6; |
|
k, l |
= |
na hinnéacsanna a sheasann d’fhachtóirí riosca uile na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 1 a shanntar do bhuicéad b; |
|
() |
= |
suíomh an ghlanriosca cuaire aníos; |
|
() |
= |
suíomh an ghlanriosca cuaire anuas. |
arna shloinneadh mar a leanas:
|
b, c |
= |
na hinnéacsanna a sheasann do na buicéid uile d’aicme riosca ar leith a chomhfhreagraíonn do na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1; |
|
Kb |
= |
ceanglais cistí dílse maidir le riosca cuaire do bhuicéad b; |
;
;
|
γbc |
= |
na comhghaolta idir buicéid, idir buicéid b agus c mar a leagtar amach i Roinn 6. |
Airteagal 325h
Ceanglais cistí dílse a chomhiomlánú a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith le haghaidh ►C12 riosca ◄ deilte, vega agus cuaire
An próiseas chun ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicmí ►C12 riosca ◄ deilte, vega agus cuaire ar leith a ríomh mar a thuairiscítear in Airteagail 325f agus 325g, déanfar an próiseas sin trí huaire le haghaidh gach aicme phriacail, trí thacar paraiméadar comhghaoil difriúil a úsáid gach uair ρkl (an comhghaol idir fachtóirí ►C12 riosca ◄ laistigh de bhuicéad) agus γbc (an comhghaol idir buicéid laistigh d'aicme phriacail). Beidh gach ceann de na trí thacar sin comhfhreagrach le cás difriúil, mar a leanas:
cás “na meán-chomhghaolta”, trína bhfágfar nach mbíonn aon difríocht idir na paraiméadair comhghaoil ρkl agus γbc a shonraítear i Roinn 6;
“cás na gcomhghaolta arda”, trína ndéanfar na paraiméadair comhghaoil ρkl agus γbc a shonraítear i Roinn 6 a iolrú go haonfhoirmeach faoi 1,25, agus beidh ρkl agus γbc faoi réir uasteorainn 100 %.
“cás na gcomhghaolta ísle”, trína ndéantar na paraiméadair chomhghaoil ρkl agus γbc a shonraítear i Roinn 6 a ionadú le agus, faoi seach
Airteagal 325i
Ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile a láimhseáil
Úsáidfidh institiúidí cur chuige trébhreathnaitheach le haghaidh ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
chun críocha ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca deilte agus riosca cuaire a ríomh, measfaidh institiúidí go bhfuil suíomhanna aonair ina seilbh go díreach i gcomhpháirteanna foluiteacha an innéacs nó ionstraimí il-fholuiteacha eile, ach amháin maidir le suíomh in innéacs a áirítear san ACTP a ndéanfaidh siad íogaireacht aonair ar an innéacs a ríomh ina leith;
lamháiltear d’institiúidí na híogaireachtaí ar fhachtóir riosca atá ina chomhpháirt d’ionstraim innéacs nó d’ionstraim il-fholuiteach eile a ghlanluacháil leis na híogaireachtaí ar an bhfachtóir riosca céanna den chomhpháirt chéanna d’ionstraimí aonainm, cé is moite de shuíomhanna a áirítear san ACTP;
chun críocha ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca véige a ríomh, féadfaidh institiúidí a mheas go bhfuil suíomhanna aonair i gcomhchodanna foluiteacha an innéacs nó ionstraim il-fholuiteach eile ina seilbh dhíreach acu, nó féadfaidh siad íogaireacht aonair a ríomh maidir le hionstraim fholuiteach na hionstraime sin. Sa dara cás, déanfaidh institiúidí an íogaireacht aonair a shannadh don bhuicéad ábhartha mar a leagtar amach i bhFoRoinn 1 de Roinn 6 mar a leanas:
i gcás ina ndéanfaí níos mó ná 75 % de na comhpháirteanna san innéacs sin a mhapáil ar an mbuicéad céanna, agus ualuithe an innéacs sin á gcur san áireamh, déanfaidh institiúidí an íogaireacht a shannadh don bhuicéad sin agus déanfaidh siad í a láimhseáil mar íogaireacht aonainm sa bhuicéad sin;
i ngach cás eile, déanfaidh institiúidí an íogaireacht a shannadh don bhuicéad innéacs ábhartha.
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh institiúidí íogaireacht aonair ar shuíomh i gcothromas nó in innéacs creidmheasa liostaithe a ríomh chun críocha na gceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ríomh ar choinníoll go gcomhlíonann an cothromas liostaithe nó an t-innéacs creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach i mír 3. Sa chás sin, déanfaidh institiúidí an íogaireacht aonair a shannadh don bhuicéad ábhartha mar a leagtar amach i bhFoRoinn 1 de Roinn 6 mar a leanas:
i gcás ina ndéanfaí níos mó ná 75 % de na comhpháirteanna san innéacs liostaithe sin a mhapáil ar an mbuicéad céanna, agus ualuithe an innéacs liostaithe sin á gcur san áireamh, déanfar an íogaireacht sin a shannadh don bhuicéad sin agus déanfar í a láimhseáil mar íogaireacht aonainm sa bhuicéad sin;
i ngach cás eile, déanfaidh institiúidí an íogaireacht a shannadh don bhuicéad innéacs liostaithe ábhartha.
Féadfaidh institiúidí an cur chuige a leagtar amach i mír 2 a úsáid maidir le hionstraimí lena ndéantar tagairt do chothromas liostaithe nó d’innéacs creidmheasa i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá na comhpháirteanna den innéacs liostaithe agus a n-ualuithe faoi seach san innéacs sin ar eolas;
tá 20 comhpháirt ar a laghad san innéacs liostaithe;
ní hionann aon chomhpháirt aonair laistigh den innéacs liostaithe agus os cionn 25 % de chaipitliú margaidh iomlán an innéacs sin;
ní hionann aon tacar ina bhfuil an deichiú cuid de líon iomlán chomhpháirteanna an innéacs liostaithe, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile, agus os cionn 60 % de chaipitliú margaidh iomlán an innéacs sin;
ní lú ná EUR 40 billiún caipitliú margaidh iomlán chomhpháirteanna uile an innéacs liostaithe.
Airteagal 325j
Láimhseáil gnóthas comhinfheistíochta
Déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh de chuid suímh i ngnóthas comhinfheistíochta a ríomh, agus ceann amháin de na cineálacha cur chuige seo a leanas á úsáid aici:
institiúid a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 104(8), pointe (a), déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh an tsuímh sin trí amharc ar shuíomhanna foluiteacha an ghnóthais comhinfheistíochta, ar bhonn míosúil, amhail is dá mba i seilbh dhíreach na hinstitiúide a bhí na suíomhanna sin;
institiúid a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 104(8), pointe (b), déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh an tsuímh sin agus ceachtar de na cineálacha cur chuige seo a leanas á úsáid aici:
déanfaidh sí an suíomh sa ghnóthas comhinfheistíochta a mheas mar shuíomh cothromais aonair arna leithdháileadh ar an mbuicéad “earnáil eile” in Airteagal 325ap(1), Tábla 8;
cuirfidh sí san áireamh na teorainneacha a shocraítear i sainordú an ghnóthais comhinfheistíochta agus sa dlí ábhartha.
Chun críocha an ríomha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b)(ii), féadfaidh an institiúid an cur chuige simplithe a leagtar amach in Airteagal 132a(3) a úsáid chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca creidmheasa contrapháirtí agus chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca coigeartaithe luachála creidmheasa i gcás suíomhanna díorthacha de chuid an ghnóthais comhinfheistíochta.
Chun críocha na gcur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), den Airteagal seo, déanfaidh an institiúid:
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 agus le haghaidh fhorlíontán an riosca iarmharaigh a leagtar amach i Roinn 4 a chur i bhfeidhm maidir le suíomh i ngnóthas comhinfheistíochta, i gcás ina dtugann sainordú an ghnóthais comhinfheistíochta sin cead don institiúid infheistíocht a dhéanamh i neamhchosaintí a bheidh faoi réir na gceanglas cistí dílse sin; agus an cur chuige dá dtagraítear i mír 1, bpointe (b)(i), den Airteagal seo á úsáid aici, cuirfidh an institiúid an suíomh sa ghnóthas comhinfheistíochta san áireamh mar shuíomh cothromais aonair gan rátáil arna leithdháileadh ar an mbuicéad “gan rátáil” in Airteagal 325y(1), Tábla 2; agus
i gcás gach suímh sa ghnóthas comhinfheistíochta céanna, an cur chuige céanna a úsáid as measc na gcur chuige a leagtar amach i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, chun na ceanglais cistí dílse a ríomh ar bhonn neamhspleách mar phunann ar leithligh.
I gcás nach bhfuil sonraí don 12 mhí dheireanacha ar fáil ina n-iomláine, áfach, féadfaidh institiúid, ach cead a fháil ó údarás inniúil na hinstitiúide, difríocht toraidh bhliantúlaithe ó thréimhse is giorra ná 12 mhí a úsáid.
Úsáidfidh an institiúid an phunann hipitéiseach chéanna agus an ceann dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun na ceanglais cistí dílse a ríomh, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh riosca mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 agus le haghaidh fhorlíontán an riosca iarmharaigh a leagtar amach i Roinn 4 maidir le suíomh i ngnóthas comhinfheistíochta.
Formheasfaidh údarás inniúil na hinstitiúide an mhodheolaíocht arna forbairt ag an institiúid chun punanna hipitéiseacha gach suímh i ngnóthais chomhinfheistíochta dá n-úsáidfear na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh.
Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh maidir le suíomh i ngnóthas comhinfheistíochta a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i mír 1, pointe (a), féadfaidh institiúidí brath ar thríú páirtí chun an ríomh sin a dhéanamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an ghnóthais comhinfheistíochta, ar an gcoinníoll nach ndéanann an gnóthas comhinfheistíochta infheistíocht ach in urrúis agus go ndéanann sé gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
i gcás gnóthais chomhinfheistíochta nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, cuideachta bainistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bainistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta na critéir a leagtar amach in Airteagal 132(3), pointe (a);
díoltóir tríú páirtí ar choinníoll go ndéanann na tríú páirtithe dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii) den phointe seo nó díoltóir tríú páirtí eile mar sin na sonraí, an fhaisnéis nó na méadrachtaí riosca a sholáthar nó a ríomh;
cuireann an tríú páirtí na sonraí, an fhaisnéis nó méadrachtaí riosca ar fáil don institiúid chun an ceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh shuíomh an ghnóthais comhinfheistíochta i gcomhréir leis an gcur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo;
dhearbhaigh iniúchóir seachtrach a rinne iniúchadh ar an institiúid go bhfuil sonraí, faisnéis nó méadrachtaí riosca an tríú páirtí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo leordhóthanach agus go bhfuil rochtain gan srian ag údarás inniúil na hinstitiúide ar na sonraí, ar an bhfaisnéis agus ar na méadrachtaí riosca sin ach í a iarraidh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325k
Suíomhanna frithgheallta
Déanfaidh institiúidí ceann amháin de na fachtóirí iolraithe iomchuí arna liostú i dTábla 1 a chur i bhfeidhm ar ghlaníogaireachtaí na suíomhanna frithgheallta i ngach eisitheoir aonair, seachas na suíomhanna frithgheallta a ndéantar a shuibscríobh nó a fho-fhrithghealladh ag tríú páirtithe ar bhonn comhaontuithe foirmiúla, agus déanfaidh siad na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo ar bhonn na nglaníogaireachtaí coigeartaithe.
Tábla 1
|
Lá gnó 0 |
0 % |
|
Lá gnó 1 |
10 % |
|
Lá gnó 2 agus 3 |
25 % |
|
Lá gnó 4 |
50 % |
|
Lá gnó 5 |
75 % |
|
Tar éis lá gnó 5 |
100 % |
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “lá gnó 0” an lá gnó ar a dtabharfaidh an institiúid gealltanas gan choinníoll glacadh le líon áirithe urrús ar phraghas comhaontaithe.
Airteagal 325l
Fachtóirí ►C12 riosca ◄ i dtaca le ráta úis ginearálta
Is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ deilte i dtaca le rátaí úis ginearálta mar is infheidhme maidir le hionstraimí atá íogair ar rátaí úis na rátaí ábhartha saor ó phriacal in aghaidh an airgeadra agus in aghaidh gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,25 bliain, 0.5 bliain, 1 bhliain, 2 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana, 15 bliana, 20 bliain, 30 bliain. Déanfaidh institiúidí fachtóirí ►C12 riosca ◄ a shannadh do na reanna a shonraítear trí idirshuíomh líneach nó trí mhodh a úsáid is mó atá comhsheasmhach leis na feidhmeanna praghsála a úsáidtear le feidhm rialaithe phriacail neamhspleách na hinstitiúide chun ►C12 riosca ◄ margaidh nó brabúis agus caillteanais a thuairisciú chun na bainistíochta sinsearaí.
I gcás nach leordhóthanach na sonraí maidir le cuara babhtála intuigthe ón margadh ar a bhfuil tuairisc i mír 2 agus sa chéad fhomhír den mhír sin, féadfar na rátaí saor ó phriacal a dhíorthú ón gcuar banna ceannais is oiriúnaí maidir le hairgeadra ar leith.
I gcás ina n-úsáideann institiúidí fachtóirí ►C12 riosca ◄ ráta úis ghinearálta a dhíorthaítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír den mhír sin maidir le hionstraimí fiachais cheannasaigh, ní bheidh díolúine ag an ionstraim fiachais cheannasaigh ón gceanglas cistí maidir le ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa. Sna cásanna sin, nuair nach féidir an ráta saor ó phriacal a scaradh ó chomhpháirt an raoin difríochta, déanfar an íogaireacht ar an bhfachtóir ►C12 riosca ◄ sin a leithdháileadh ar phriacal ráta úis ghinearálta agus ar aicmí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta.
Cuirfidh institiúidí fachtóirí ►C12 riosca ◄ breise le haghaidh ►C12 riosca ◄ boilscithe i bhfeidhm ar ionstraimí fiachais a bhfuil a sreabhadh airgid thirim ag brath go feidhmeach ar rátaí boilscithe. Is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ breise sin veicteoir amháin de rátaí boilscithe intuigthe ón margadh a bhfuil aibíochtaí difriúla acu in aghaidh an airgeadra. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil de rátaí boilscithe ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.
Is éard a bheidh sna fachtóirí ar bhonn trasairgeadra sin veicteoir amháin de rátaí boilscithe intuigthe ón margadh ag a bhfuil aibíochtaí difriúla acu in aghaidh an airgeadra. Maidir le gach ionstraim fiachais, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil de bhoinn thrasairgeadra ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála don ionstraim sin. Buicéad difriúil a bheidh i ngach airgeadra.
Déanfaidh institiúidí íogaireacht na hionstraime ar an bhfachtóir ar bhonn trasairgeadra a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Buicéad ar leith a bheidh i ngach airgeadra. Laistigh de gach buicéad beidh dhá fhachtóir ►C12 riosca ◄ fhéideartha éagsúla: bonn de réir euro agus bonn de réir dollar SAM, gan beann ar an líon comhpháirteanna a bhíonn i ngach veicteoir lena bhfuil bonn trasairgeadra. Ní bheidh níos mó ná dhá ghlaníogaireacht i ngach buicéad.
Chun críocha mapála, measfaidh gach institiúid gur san fhachtóir ►C12 riosca ◄ céanna a bheidh luaineachtaí intuigthe arna nascadh leis na rátaí céanna saor ó phriacal agus arna mapáil ar na haibíochtaí céanna.
I gás ina mapálann institiúidí luaineachtaí intuigthe leis na haibíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
i gcás ina ndéantar an chéadrogha a ailíniú le haibíocht na hionstraime foluití, déanfar fachtóir ►C12 riosca ◄ aonair a mheas, a dhéanfar a mhapáil don aibíocht sin;
i gcás inar giorra aibíocht na céadrogha ná aibíocht na hionstraime foluití, déanfar na fachtóirí ►C12 riosca ◄ seo a leanas a mheas mar a leanas:
déanfar an chéad fhachtóir ►C12 riosca ◄ a mhapáil d'aibíocht na céadrogha;
déanfar an dara fachtóir ►C12 riosca ◄ a mhapáil d'aibíocht iarmharach na hionstraime foluití dáta éaga na céadrogha.
Ní bheidh aon cheanglais cistí dílse ►C12 riosca ◄ cuaire le haghaidh boilsciú agus ►C12 riosca ◄ trasairgeadra-bhunaithe.
Airteagal 325m
Fachtóirí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta le haghaidh neamhurrúsúcháin
Airteagal 325n
Fachtóirí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta i gcomhair urrúsúcháin
Cuirfidh institiúidí na fachtóirí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa dá dtagraítear i mír 5 i bhfeidhm ar shuíomhanna urrúsúcháin nach n-áirítear i ACTP, dá dtagraítear i mír (6), mír (7) agus mír (8) d'Airteagal 325.
Bainfidh na buicéid is infheidhme le ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúchán nach n-áirítear i ACTP go sonrach leis an gcatagóir aicme phriacail sin, dá dtagraítear i Roinn 6.
Is iad seo a leanas na fachtóirí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin a áirítear i ACTP:
is é a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ rátaí um raon difríochta creidmheasa ábhartha uile eisitheoirí ►C12 neamhchosainti ◄ ionstraimí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin, a bhunaítear ar na hionstraimí fiachais agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa, agus maidir le gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ vega a bhíonn le cur i bhfeidhm maidir le céadroghanna a áirítear i ACTP mar ionstraimí foluiteacha ná luaineachtaí intuigthe um raon difríochta eisitheoirí ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin, atá intuigthe mar a thuairiscítear i bpointe (a) den mhír seo, a ndéanfar a mhapáil ar na hurrúsúcháin seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha comhfhreagraí faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ chuaire cuara toraidh ábhartha um raon difríochta creidmheasa eisitheoirí ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin arna shloinneadh mar veicteoir rátaí um raon difríochta creidmheasa maidir le haibíochtaí difriúla, atá intuigthe ó phointe (a) den mhír seo; maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí um raon difríochta creidmheasa ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.
Déanfaidh na fachtóirí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin nach n-áirítear i ACTP, déanfaidh siad tagairt do raon difríochta an tráinse seachas raon difríochta na n-ionstraimí foluiteacha agus is éard a bheidh iontu an méid seo a leanas:
is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ deilte na rátaí um raon difríochta creidmheasa arna mapáil ar na haibíochtaí seo a leanas, i gcomhréir le haibíocht an tráinse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ vega a bhíonn le cur i bhfeidhm maidir le céadroghanna nach n-áirítear i ACTP mar ionstraimí foluiteacha ná luaineachtaí intuigthe um raon difríochta creidmheasa na dtráinsí, a ndéanfar a mhapáil ar na hurrúsúcháin seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha comhfhreagraí faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
Airteagal 325o
Fachtóirí ►C12 riosca ◄ cothromais
Chun críocha ►C12 riosca ◄ cothromais, is fachtóir ►C12 riosca ◄ aonair, arna shloinneadh mar veicteoir rátaí athcheannaigh d'aibíochtaí difriúla, a bheidh i gcuar athcheannaigh cothromais sonrach. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí athcheannaigh ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.
Déanfaidh institiúidí íogaireacht ionstraime ar an bhfachtóir ►C12 riosca ◄ cothromais sin a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ar fhachtóir ►C12 riosca ◄ ráta athcheannaigh an urrúis cothromais chéanna a fhritháireamh, gan beann ar an líon comhpháirteanna i ngach veicteoir.
Airteagal 325p
Fachtóirí ►C12 riosca ◄ tráchtearraí
Déanfar íogaireacht na hionstraime ar gach fachtóir ►C12 riosca ◄ arna úsáid san fhoirmle phriacail chuaire a ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 325g. Chun críocha ►C12 riosca ◄ cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir ►C12 riosca ◄ céanna veicteoirí a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an gcineál tráchtearra céanna.
Airteagal 325q
Fachtóirí ►C12 riosca ◄ um phriacal malairte eachtraí
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 3, féadfaidh institiúid, ach cead a fháil óna húdaráis inniúil, airgeadra eile (“an bunairgeadra”) a chur in ionad a hairgeadra tuairiscithe sna spotrátaí malairte uile chun na fachtóirí riosca malairte eachtraí deilte agus cuaire a shloinneadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
níl ach aon airgeadra bunúsach amháin in úsáid ag an institiúid;
cuireann an institiúid an bunairgeadra i bhfeidhm go comhsheasmhach ar a suíomhanna leabhair trádála uile agus ar a suíomhanna leabhair neamhthrádála uile;
tá an méid a leanas léirithe ag an institiúid chun sástachta a údaráis inniúil:
fágann úsáid an bhonnairgeadra a roghnaíodh gur ann d’ionadaíocht iomchuí riosca do shuíomhanna na hinstitiúide atá faoi riosca malairte eachtraí;
tá rogha an bhunairgeadra comhoiriúnach leis an gcaoi a bhfuil na rioscaí malairte eachtraí sin á mbainistiú go hinmheánach ag an institiúid;
ní hé an fonn atá ann ceanglais cistí dílse na hinstitiúide a laghdú is cúis go príomha le rogha an bhunairgeadra;
cuireann an institiúid san áireamh an riosca aistriúcháin idir an t-airgeadra tuairiscithe agus an bunairgeadra.
Aon institiúid a bhfuil cead tugtha di bunairgeadra a úsáid mar a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a thiocfaidh as an méid sin i gcomhair riosca malairte eachtraí a chomhshó san airgeadra tuairiscithe, agus úsáid á baint as an spotráta malairte atá i réim idir an bunairgeadra agus an t-airgeadra tuairiscithe.
Airteagal 325r
Íogaireachtaí ►C12 riosca ◄ deilte
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ►C12 riosca ◄ deilte i dtaca le rátaí úis ginearálta (GIRR) a ríomh mar a leanas:
déanfar na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ lena n-áirítear rátaí saor ó phriacal a ríomh mar a leanas:
nuair atá:
|
|
= |
na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ lena n-áirítear rátaí saor ó phriacal; |
|
rkt |
= |
ráta cuaire saor ó phriacal k ag a bhfuil an aibíocht t; |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
x,y |
= |
fachtóirí ►C12 riosca ◄ seachas rkt san fheidhm praghsála Vi; |
déanfar na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ lena n-áirítear ►C12 riosca ◄ boilscithe agus bonn trasairgeadra a ríomh mar a leanas:
nuair:
|
|
= |
na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ lena n-áirítear ►C12 riosca ◄ boilscithe agus bonn trasairgeadra; |
|
|
= |
veicteoir de chomhpháirteanna m lena léirítear an chuar boilscithe intuigthe nó an chuar ar bhonn trasairgeadra maidir le hairgeadra ar leith j nuair a bhíonn m cothrom leis an líon athróg boilscithe nó trasairgeadra arna úsáid i samhail phraghsála na hionstraime i; |
|
|
= |
maitrís aontachta ghné (1 x m); |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
y, z |
= |
athróga eile sa tsamhail phraghsála. |
Déanfaidh institiúidí na híogaireachta ►C12 riosca ◄ deilte um raon difríochta creidmheasa i gcomhair gach suíomh urrúsúcháin agus neamhurrúsúcháin a ríomh mar a leanas:
nuair:
|
|
= |
a híogaireachta ►C12 riosca ◄ deilte um raon difríochta creidmheasa i gcomhair gach suíomh urrúsúcháin agus neamhurrúsúcháin; |
|
cskt |
= |
luach ráta um raon difríochta creidmheasa eisitheora j ag aibíocht t; |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
x,y |
= |
fachtóirí ►C12 riosca ◄ seachas cskt san fheidhm praghsála Vi. |
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ►C12 riosca ◄ cothromais deilte a ríomh mar a leanas:
déanfar na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ ar rátaí spotphraghsanna cothromais iad a ríomh mar a leanas:
nuair:
|
sk |
= |
na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ ar rátaí spotphraghsanna cothromais; |
|
k |
= |
urrús cothromais sonrach; |
|
EQk |
= |
luach spotphraghais an urrúis cothromais sin; |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
x,y |
= |
fachtóirí ►C12 riosca ◄ seachas EQk san fheidhm praghsála Vi; |
ina ndéanfar na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ ar rátaí athcheannaigh gnáthchothromais iad a ríomh mar a leanas:
nuair atá:
|
|
= |
na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ ar rátaí athcheannaigh gnáthchothromais; |
|
k |
= |
an t-innéacs a chuireann na cothromais in iúl; |
|
|
= |
veicteoir de chomhpháirteanna m lena léirítear an struchtúr téarma athcheannaigh i gcomhair cothromas ar leith k nuair a bhíonn m cothrom le líon na rátaí athcheannaigh atá comhfhreagrach leis na haibíochtaí a úsáidtear i samhail phraghsála na hionstraime i; |
|
|
= |
maitrís aontachta ghné (1 · m); |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
y,z |
= |
fachtóirí
►C12
riosca ◄ seachas |
Déanfaidh institiúidí na híogaireachtaí ►C12 riosca ◄ tráchtearraí deilte a ríomh ar gach fachtóir ►C12 riosca ◄ k mar a leanas:
nuair:
|
sk |
= |
na híogaireachtaí ►C12 riosca ◄ tráchtearraí deilte; |
|
k |
= |
fachtóir ►C12 riosca ◄ tráchtearraí ar leith; |
|
CTYk |
= |
luach fachtóir ►C12 riosca ◄ k; |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
y,z |
= |
fachtóirí ►C12 riosca ◄ seachas san fheidhm praghsála Vi. |
Déanfaidh institiúidí na híogaireachtaí ►C12 riosca ◄ malairte airgid deilte a ríomh ar gach fachtóir ►C12 riosca ◄ k mar a leanas:
nuair:
|
sk |
= |
na híogaireachtaí ►C12 riosca ◄ malairte airgid deilte; |
|
k |
= |
fachtóir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí ar leith; |
|
FXk |
= |
luach an fhachtóra phriacail; |
|
Vi (.) |
= |
feidhm praghsála na hionstraime i; agus |
|
y, z |
= |
fachtóirí ►C12 riosca ◄ seachas FXk i samhail phraghsála na hionstraime i. |
Airteagal 325s
Íogaireachtaí ►C12 riosca ◄ vega
Déanfaidh institiúidí íogaireacht ►C12 riosca ◄ vega céadrogha ar fhachtóir ►C12 riosca ◄ k a ríomh mar a leanas:
nuair:
|
sk |
= |
íogaireacht ►C12 riosca ◄ vega céadrogha; |
|
k |
= |
fachtóir ►C12 riosca ◄ vega ar leith, ina bhfuil luaineacht intuigthe; |
|
volk |
= |
luach an fhachtóra phriacail sin, ar cheart é a shloinneadh mar chéatadán; agus |
|
x,y |
= |
fachtóirí ►C12 riosca ◄ seachas volk san fheidhm praghsála Vi. |
Airteagal 325t
Ceanglais maidir le ríomhanna íogaireachta
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar institiúid, dár tugadh cead úsáid a bhaint as an gcur chuige malartach samhla inmheánaí a leagtar amach i gCaibidil 1b, feidhmeanna praghsála an chórais tomhaiste riosca a ghabhann lena gcur chuige samhla inmheánaí a úsáid i dtaca le híogaireachtaí a ríomh faoin gCaibidil seo chun críocha an ríomha agus na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 325(3).
Agus íogaireachtaí ►C12 riosca ◄ vega ionstraimí ina bhfuil roghnaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 325e(2) á ríomh, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
maidir le ►C12 riosca ◄ ráta úis ginearálta agus ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa, toimhdeoidh na hinstitiúidí, i gcás gach airgeadra, go leanfaidh ionstraim fholuiteach na bhfachtóirí ►C12 riosca ◄ luaineachta, ar ina leith a dhéantar ►C12 riosca ◄ vega a ríomh, dáileadh lognormalach nó normalach sna samhlacha praghsála a úsáidtear do na hionstraimí sin;
maidir le ►C12 riosca ◄ cothromais, ►C12 riosca ◄ tráchtearraí agus ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí, toimhdeoidh na hinstitiúidí go leanfaidh ionstraim fholuiteach na bhfachtóirí ►C12 riosca ◄ luaineachta, ar ina leith a dhéantar ►C12 riosca ◄ vega a ríomh, dáileadh lognormalach sna samhlacha praghsála a úsáidtear do na hionstraimí sin.
De mhaolú ar mhír 1, faoi réir cead a fháil ó na húdaráis inniúla, féadfaidh institiúid sainmhínithe malartacha ar íogaireachtaí ►C12 riosca ◄ deilte a úsáid chun na ceanglais cístí dílse maidir le suíomh leabhair trádála a ríomh faoin gCaibidil seo ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha uile seo a leanas:
úsáidtear na sainmhínithe malartacha sin chun críocha bainistithe riosca inmheánaigh nó chun tuairiscithe ar bhrabús agus caillteanais don lucht bainistíochta sinsearaí arna dhéanamh ag aonad neamhspleách rialaithe riosca laistigh den institiúid;
léireoidh an institiúid gur iomchuí na sainmhínithe malartacha seo chun na híogaireachtaí ábhartha maidir leis an suíomh a ghabháil ná na foirmlí a leagtar amach san Fhoroinn seo agus nach bhfuil aon difear ábharthach idir na híogaireachtaí a thagann astu agus na foirmlí sin.
De mhaolú ar mhír 1, faoi réir cead a fháil ó na húdaráis inniúla, féadfaidh institiúid íogaireachtaí vega a ríomh ar bhonn claochlú líneach sainmhínithe malartacha ar íogaireachta chun na ceanglais cístí dílse maidir le suíomh leabhair trádála a ríomh faoin gCaibidil seo, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:
úsáidtear na sainmhínithe malartacha sin chun críocha bainistithe riosca inmheánaigh nó chun tuairiscithe ar bhrabús agus caillteanais don lucht bainistíochta sinsearaí arna dhéanamh ag aonad neamhspleách rialaithe riosca laistigh den institiúid;
léiríonn an institiúid go bhfuil na sainmhínithe malartacha sin níos iomchuí chun na híogaireachtaí maidir leis an suíomh a ghabháil ná na foirmlí a leagtar amach san Fhoroinn seo, go léiríonn an claochlú líneach dá dtagraítear sa chéad fhomhír íogaireacht riosca véige, agus nach bhfuil na híogaireachtaí a thagann astu éagsúil go hábharach leis na cinn a thagann as cur i bhfeidhm na bhfoirmlí sin.
Airteagal 325u
Ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ iarmharacha
Measfar gur ionstraimí ar ris ar phriacail iarmharacha iad ionstraimí a chomhlíonfaidh aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
tagraíonn an ionstraim d'ionstraim fholuiteach choimhthíoch, rud a chiallaíonnchun críocha na Caibidle seo, ionstraim leabhair trádála lena dtagraítear do nó cuaire faoin modh íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2 nó faoi na ceanglais cistí dílse i gcomhair ►C12 riosca ◄ mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5;
iompraíonn an ionstraim ►C12 riosca ◄ iarmharach eile,rud a chiallaíonn, chun críocha na Caibidle seo, aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:
ionstraimí atá faoi réir ceanglais cistí dílse i gcomhair ►C12 riosca ◄ vega agus cuaire faoin modh íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2 agus as a dtagann dea-thorthaí nach féidir aithris a dhéanamh orthu mar chomhcheangal líneach finideach de chéadroghanna loma le praghas cothromais foluiteach aonair, praghas tráchtearraí, ráta malairte, praghas banna, praghas um babhtáil mainneachtana creidmheasa nó babhtáil ráta úis;
ionstraimí ar suíomh urrúsúcháin iad a áirítear i ACTP, dá dtagraítear in Airteagal 325(6); ní bhreathnófar ar fháluithe a áirítear i ACTP, dá dtagraítear in Airteagal 325(8).
Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse breise dá dtagraítear i mír 1 a ríomh mar shuim ollmhéideanna barúlacha na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 2 iolraithe faoi na hualuithe ►C12 riosca ◄ seo a leanas:
1,0 % i gcás na hionstraime dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;
0,1 % i gcás na hionstraime dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.
De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfaidh institiúid an ceanglas cistí dílse a chur i bhfeidhm maidir le ►C12 riosca ◄ iarmharacha ar ionstraim a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
tá an ionstraim liostaithe ar mhalartán aitheanta;
tá an ionstraim i dteideal imréiteach lárnach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
déanann an ionstraim phriacail margaidh suímh eile sa leabhar trádála a fhritháireamh go hiomlán, agus sa chás sin beidh díolúine ag an dá shuíomh leabhar trádála lánchomhréireacha ón gceanglas cistí dílse i gcomhair ►C12 riosca ◄ iarmharacha.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead an láimhseáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm más féidir leis an institiúid a léiriú ar bhonn leanúnach chun sástachta an údaráis inniúil go gcomhlíonann na hionstraimí na critéir a bheidh le láimhseáil mar shuíomhanna fálaithe.
Tabharfaidh an institiúid tuairisc don údarás inniúil ar thoradh ríomh na gceanglas cistí dílse maidir leis na rioscaí iarmharacha do na hionstraimí uile a gcuirtear an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm ina leith.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á gceapadh aige, déanfaidh ÚBE scrúdú ar cheart ►C12 riosca ◄ fadsaolaí, an aimsir, tubaistí nádúrtha agus luaineacht a réadófar sa todhchaí a mheas mar ionstraimí foluiteacha coimhthíocha.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325v
Sainmhínithe agus forálacha ginearálta
Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “ollmhéid na mainneachtana gan choinne (ollmhéid JTD)” méid measta an ghnóthachain nó an chaillteanais a thiocfadh as mainneachtain féichiúnaí maidir le ►C12 neamhchosaint ◄ ar leith;
ciallaíonn “glanmhéid na mainneachtana gan choinne (glanmhéid JTD)” méid measta an ghnóthachain nó an chaillteanais a thabhódh institiúid mar gheall ar mainneachtain féichiúnaí, tar éis fritháireamh a dhéanamh idir ollmhéideanna JTD,
ciallaíonn “caillteanas i gcás mainneachtana” nó “LGD” caillteanas i gcás mainneachtana an fhéichiúnaí maidir le hionstraim arna heisiúint ag an bhféichiúnaí sin arna shloinneadh mar sciar de mhéid bharúlach na hionstraime;
ciallaíonn “ualú ►C12 riosca ◄ mainneachtana” an céatadán lena léirítear dóchúlacht mainneachtana measta gach féichiúnaí, i gcomhréir le hacmhainneacht creidmheasa an fhéichiúnaí sin.
Airteagal 325w
Ollmhéideanna na mainneachtana gan choinne
Déanfaidh institiúidí ollmhéideanna na mainneachtana gan choinne a ríomh maidir le gach ►C12 neamhchosaint ◄ fhadtéarmach ar ionstraimí fiachais mar a leanas:
|
JTDlong |
= |
ollmhéid JTD le haghaidh na ►C12 neamhchosaint ◄ fadtéarmaí; |
|
Vnotional |
= |
méid barúlach na hionstraime; |
|
P&Llong |
= |
téarma a oiriúnaíonn do ghnóthachain nó caillteanais arna gcur san áireamh cheana ag an institiúid de bharr athruithe ar luach cóir na hionstraime lena gcruthaítear an ►C12 neamhchosaint ◄ fhadtéarmach; is le comhartha deimhneach a iontrálfar gnóthachain san fhoirmle agus is le comhartha diúltach a iontrálfar caillteanais san fhoirmle; agus |
|
Adjustmentlong |
= |
an méid a mhéadófaí nó a laghdófaí, de bharr struchtúr na hionstraime díorthaí, caillteanas na hinstitiúide i gcás mainneachtana i gcoibhneas le caillteanas iomlán na hionstraime foluite; iontrálfar méaduithe i dtéarma Adjustmentlong agus comhartha deimhneach leo agus iontrálfar caillteanais i dtéarma Adjustmentlong agus comhartha diúltach leo. |
Déanfaidh institiúidí ollmhéideanna JTD a ríomh maidir le gach ►C12 neamhchosaint ◄ ghearrthéarmach ar ionstraimí fiachais mar a leanas:
|
JTDshort |
= |
ollmhéid JTD le haghaidh ►C12 neamhchosaint ◄ gearrthéarmaí |
|
Vnotional |
= |
méid barúlach na hionstraime a iontrálfar san fhoirmle agus comhartha diúltach leis; |
|
P&Lshort |
= |
téarma a oiriúnaíonn do ghnóthachain nó caillteanais arna gcur san áireamh cheana ag an institiúid de bharr athruithe ar luach cóir na hionstraime lena gcruthaítear an ►C12 neamhchosaint ◄ ghearrthéarmach; is le comhartha deimhneach a iontrálfar gnóthachain san fhoirmle agus is le comhartha diúltach a iontrálfar caillteanais san fhoirmle; agus |
|
Adjustmentshort |
= |
an méid a mhéadófaí nó a laghdófaí, de bharr struchtúr na hionstraime díorthaí, gnóthachan na hinstitiúide i gcás mainneachtana i gcoibhneas le caillteanas iomlán na hionstraime foluití; i gcás laghduithe, iontrálfar Adjustmentshort agus comhartha deimhneach leis, agus i gcás méaduithe, agus comhartha diúltach leis. |
Chun críche an ríomha a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, beidh an méid seo a leanas in LGD i gcomhair ionstraimí fiachais a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí:
sannfar LGD 100 % do ►C12 neamhchosaintí ◄ ar ionstraimí fiachais neamhshinsearaigh;
sannfar LGD 75 % d'ionstraimí fiachais shinsearaigh;
sannfar LGD 25 % do ►C12 neamhchosaintí ◄ ar bhannaí faoi chumhdach, dá dtagraítear in Airteagal 129.
Chun críocha an ríomha a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, déanfar méideanna barúlacha a chinneadh mar seo a leanas:
is éard atá sa mhéid barúlach i gcás banna luach ainmniúil na hionstraime fiachais;
is éard atá sa mhéid barúlach i gcás céadrogha ar cheannach atá díolta maidir le banna méid barúlach na céadrogha; is é 0 an méid barúlach i gcás céadrogha ar dhíol atá ceannaithe maidir le banna.
Maidir le ►C12 neamhchosaintí ◄ ar ionstraimí cothromais, déanfaidh institiúidí ollmhéideanna JTD a ríomh leis na foirmlí seo a leanas, seachas na foirmlí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:
JTDlong = max{LGD • V + P&Llong + Adjustmentlong; 0}
JTDshort = min{LGD • V + P&Lshort + Adjustmentshort ; 0}
nuair atá:
|
JTDlong |
= |
ollmhéid JTD le haghaidh na ►C12 neamhchosainta ◄ fadtéarmaí; |
|
Vnotional |
= |
méid barúlach na hionstraime cothromais; is éard atá sa mhéid barúlach luach cóir an chothromais le haghaidh ionstraimí cothromais airgid tirim; |
|
P&Llong |
= |
téarma a oiriúnaíonn do ghnóthachain nó caillteanais arna gcur san áireamh cheana ag an institiúid de bharr athruithe ar luach cóir na hionstraime lena gcruthaítear an ►C12 neamhchosaint ◄ fhadtéarmach; is le comhartha deimhneach a iontrálfar gnóthachain san fhoirmle agus is le comhartha diúltach a iontrálfar caillteanais san fhoirmle; |
|
Adjustmentlong |
= |
an méid a mhéadófaí nó a laghdófaí, de bharr struchtúr na hionstraime díorthaí, caillteanas na hinstitiúide i gcás mainneachtana i gcoibhneas le caillteanas iomlán na hionstraime foluite; iontrálfar méaduithe i dtéarma Adjustmentlong agus comhartha deimhneach leo agus iontrálfar caillteanais i dtéarma Adjustmentlong agus comhartha diúltach leo. |
|
JTDshort |
= |
ollmhéid JTD le haghaidh ►C12 neamhchosainta ◄ gearrthéarmaí; |
|
P&Lshort |
= |
téarma a oiriúnaíonn do ghnóthachain nó caillteanais arna gcur san áireamh cheana ag an institiúid de bharr athruithe ar luach cóir na hionstraime lena gcruthaítear an ►C12 neamhchosaint ◄ ghearrthéarmach; is le comhartha deimhneach a iontrálfar gnóthachain san fhoirmle agus is le comhartha diúltach a iontrálfar caillteanais san fhoirmle; agus |
|
Adjustmentshort |
= |
an méid a mhéadófaí nó a laghdófaí, de bharr struchtúr na hionstraime díorthaí, gnóthachan na hinstitiúide i gcás mainneachtana i gcoibhneas le caillteanas iomlán na hionstraime foluití; i gcás laghduithe, iontrálfar Adjustmentshort agus comhartha deimhneach leis, agus i gcás méaduithe, agus comhartha diúltach leis. |
Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
an dóigh a bhfuil institiúidí leis na comhpháirteanna P&Llong, P&Lshort, Adjustmentlong and Adjustmentshort a dhearbhú agus méideanna JTD á ríomh acu maidir le cineálacha difriúla ionstraimí i gcomhréir leis an Airteagal seo;
na modheolaíochtaí malartacha atá le húsáid ag institiúidí chun críocha ollmhéideanna JTD a mheas dá dtagraítear i mír 7.
méideanna barúlacha ionstraimí seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 4.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325x
Glanmhéideanna na mainneachtana gan choinne
Beidh an fritháireamh iomlán nó páirteach, ag brath ar aibíochtaí na ►C12 neamhchosainti ◄ fritháirimh.
Déanfar fritháireamh iomlán i gcás ina mbíonn aibíochtaí de thréimhse bliana nó níos mó ag na ►C12 neamhchosainti ◄ fritháirimh.
Beidh an fritháireamh páirteach i gcás ina mbíonn aibíocht níos lú ná bliain amháin ag ceann de na ►C12 neamhchosaintí ◄ fritháirimh, agus sa chás sin, déanfar méid JTD gach ►C12 neamhchosainti ◄ a bhfuil ►C12 neamhchosaint ◄ níos lú ná bliain amháin aige a iolrú faoi choibhneas aibíocht na ►C12 neamhchosainti ◄ i dtaca le bliain amháin.
Airteagal 325y
Ceanglais cistí dílse i gcomhair ►C12 riosca ◄ mainneachtana a ríomh
Déanfar glanmhéideanna JTD, gan beann ar an gcineál contrapháirtí, a iolrú faoi na hualuithe ►C12 riosca ◄ mainneachtana a chomhfhreagraíonn dá gcáilíocht chreidmheasa, mar a leagtar amach i dTábla 2:
Tábla 2
|
Catagóir cáilíochta creidmheasa |
Ualú ►C12 riosca ◄ mainneachtana |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 1 |
0,5 % |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 2 |
3 % |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 3 |
6 % |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 4 |
15 % |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 5 |
30 % |
|
Céim cáilíochta creidmheasa 6 |
50 % |
|
Gan rátáil |
15 % |
|
Mainnithe |
100 % |
Déanfar glanmhéideanna ualaithe JTD a chomhiomlánú le gach buicéad i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
|
DRCb |
= |
an ceanglas cistí dílse i gcomhair an phriacail mhainneachtana do bhuicéad b; |
|
i |
= |
an t-innéacs a léiríonn ionstraim a bhaineann le buicéad b; |
|
RWi |
= |
|
WtS |
= |
coibhneas lena n-aithnítear leas le haghaidh gaolta fálaithe laistigh de bhuicéad, a dhéanfar a ríomh mar a leanas:
|
Chun críocha DRCb agus WtS a ríomh, déanfar suimiú na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra a chomhiomlánú maidir le gach suíomh laistigh de bhuicéad, gan beann ar an gcéim cáilíochta creidmheasa ar a ndéantar na suíomhanna sin a leithdháileadh, chun na ceanglais cistí dílse um phriacal mainneachtana a bhaineann go sonrach le buicéid ar leith a fháil.
Airteagal 325z
Méideanna na mainneachtana gan choinne
Airteagal 325aa
Ceanglas cistí dílse i gcomhair ►C12 riosca ◄ mainneachtana le haghaidh urrúsúchán a ríomh
Déanfar glanmhéideanna JTD ►C12 riosca-ualaithe ◄ a shannadh do na buicéid seo a leanas:
aon chomhbhuicéad amháin do na corparáidí go léir, gan beann ar an réigiún;
44 bhuicéad éagsúla, is é sin buicéad amháin in aghaidh an réigiúin do gach ceann de an 11 aicme sócmhainne a shainmhínítear sa dara fomhír.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is iad seo a leanas an 11 aicme sócmhainne: ABPC, iasachtaí /léasanna le haghaidh gluaisteáin, urrúis de bhun morgáistí cónaithe, cártaí creidmheasa, urrúis de bhun morgáistí tráchtála, oibleagáidí iasachta atá comhthaobhaithe, oibleagáid fiachais atá comhthaobhaithe-cearnaithe, fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”), iasachtaí mic léinn, miondíol eile, mórdhíol eile. Is iad an Áise, an Eoraip, Meiriceá Thuaidh, agus an chuid eile den domhan na ceithre réigiún.
Airteagal 325ab
Raon feidhme
▼M17 —————
Airteagal 325ac
Méideanna mainneachtana gan choinne i gcomhair ACTP
Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “dí-chomhdhéanamh le samhail luachála” go luachálfar comhdhéanamh aonainm neamhurrúsúcháin mar an difríocht idir luach neamhchoinníollach an urrúsúcháin agus luach coinníollach an urrúsúcháin ag glacadh leis go mainneoidh an t-aonainm sin le LGD 100 %;
ciallaíonn “macasamhlú” go ndéantar an teaglaim tráinsí innéacs neamhurrúsúcháin aonair a chumasc chun tráinse eile den tsraith innéacs sin a mhacasamhlú, nó chun suíomh nach bhfuil i dtráinse sa tsraith innéacs a mhacasamhlú;
Déileálfar le táirgí Nú mainneachtana mar tháirgí i dtráinsí a mbeidh na pointí astaithe agus na pointí dí-astaithe seo acu:
pointe astaithe = (N – 1) / Ainmneacha Iomlána;
pointe dí-astaithe = N / Ainmneacha Iomlána;
i gcás inarb é “Ainmneacha Iomlána” líon iomlán na n-ainmneacha sa bhascaed nó sa chomhthiomsú comhfhreagrach.
Déanfar glanmhéideanna JTD a chinneadh trí ollmhéideanna JTD fadtéarmacha agus ollmhéideanna JTD gearrthéarmacha a fhritháireamh. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin idir ►C12 neamhchosainti ◄ arb ionann iad ar gach dóigh ach amháin maidir le haibíocht. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin sna cásanna seo a leanas:
maidir le hinnéacsanna, tráinsí innéacs agus tráinsí saincheaptha, féadfar fritháireamh a dhéanamh ar aibíochtaí sa chlann innéacs chéanna, sa tsraith innéacs chéanna agus sa tráinse innéacs céanna, faoi réir na bhforálacha maidir le ►C12 neamhchosainti ◄ ar lú ná bliain amháin iad mar a leagtar síos in Airteagal 325x; is féidir méideanna JTD fadtéarmacha agus méideanna JTD gearrthéarmacha, ar macasamhlaithe foirfe iad, a fhritháireamh trína ndí-chomhdhéanamh i ►C12 neamhchosainti ◄ coibhéiseacha aonainm agus shamhail luachála á húsáid; i gcásanna den chineál sin beidh suim na n-ollmhéideanna JTD de chuid ►C12 neamhchosainti ◄ coibhéiseacha aonainm arna bhfáil trí dhí-chomhdhéanamh cothrom le hollmhéid JTD na risíochta neamh-dhí-chomhdhéanta.
ní cheadófar fritháireamh, mar a leagtar síos i bpointe (a) é, trí dhí-chomhdhéanamh maidir le hathurrúsúcháin nó le díorthaigh ar urrúsúcháin.
maidir le hinnéacsanna agus tráinsí innéacs, beidh fritháireamh indéanta ar aibíochtaí sa chlann innéacs chéanna, sa tsraith innéacs chéanna agus sa tráinse innéacs céanna trí mhacasamhlú nó trí dhí-chomhdhéanamh; i gcás ina mbeidh na ►C12 neamhchosaintí ◄ fadtéarmacha agus na ►C12 neamhchosainti ◄ gearrthéarmacha coibhéiseach, seachas comhpháirt iarmharach aonair, ceadófar fritháireamh agus léireoidh glanmhéid JTD an ►C12 neamhchosainti ◄ iarmharach.
ní cheadófar tráinsí difriúla sa tsraith innéacs chéanna, i sraitheanna difriúla den innéacs céanna agus i gclanna innéacs difriúla a fhritháireamh ar a chéile.
Airteagal 325ad
Na ceanglais chistí dílse i gcomhair ►C12 riosca ◄ mainneachtana le haghaidh ACTP a ríomh
Déanfar glanmhéideanna JTD a iolrú faoin méid seo a leanas:
i gcás táirgí nach bhfuil i dtráinsí, na hualuithe riosca mainneachtana a chomhfhreagraíonn dá gcáilíocht chreidmheasa mar a shonraítear in Airteagal 325y(1) agus (2);
i gcás táirgí i dtráinsí, na hualuithe riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325aa(1).
Déanfar glanmhéideanna ualaithe JTD a chomhiomlánú le gach buicéad i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
|
DRCb |
= |
an ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana do bhuicéad b; |
|
i |
= |
ionstraim atá i mbuicéad b; agus |
|
WtSACTP |
= |
an cóimheas lena n-aithnítear tairbhe maidir le gaolta fálaithe laistigh de bhuicéad, a ríomhfar i gcomhréir leis an bhfoirmle WtS a leagtar amach in Airteagal 325y(4), ach trí úsáid a bhaint as suíomhanna fada agus gearra ar ACTP iomlán seachas ar na suíomhanna i mbuicéad ar leith amháin. |
Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse um phriacal mainneachtana le haghaidh ACTP a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a úsáid:
nuair:
|
DRCACTP |
= |
na ceanglais cistí dílse um phriacal mainneachtana le haghaidh ACTP; agus |
|
DRCb |
= |
na ceanglais cistí dílse um phriacal mainneachtana do bhuicéad b. |
Airteagal 325ae
Ualuithe ►C12 riosca ◄ do phriacal ráta úis ginearálta
Maidir le hairgeadraí nach n-áirítear i bhfochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 325bd(7), is mar seo a leanas a bheidh ualaí riosca na n-íogaireachtaí ar na fachtóirí riosca ráta saor ó riosca:
Tábla 3
|
Buicéad |
Aibíocht |
Ualú Riosca |
|
1 |
0,25 bliain |
1,7 % |
|
2 |
0,5 bliain |
1,7 % |
|
3 |
1 bhliain |
1,6 % |
|
4 |
2 bhliain |
1,3 % |
|
5 |
3 bliana |
1,2 % |
|
6 |
5 bliana |
1,1 % |
|
7 |
10 mbliana |
1,1 % |
|
8 |
15 bliana |
1,1 % |
|
9 |
20 bliain |
1,1 % |
|
10 |
30 bliain |
1,1 % |
Is mar seo a leanas a bheidh ualuithe riosca na bhfachtóirí riosca bunaithe ar na hairgeadraí san fhochatagóir airgeadra is leachtaí dá dtagraítear in Airteagal 325bd(7), pointe (b), agus ar airgeadra intíre na hinstitiúide:
i gcás fachtóirí riosca rátála saor ó riosca, na hualuithe riosca dá dtagraítear i mír 1, Tábla 3, den Airteagal seo arna roinnt ar ;
i gcás fachtóir riosca boilscithe agus fachtóirí riosca trasairgeadra-bhunaithe, na hualuithe riosca dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo arna roinnt ar .
Airteagal 325af
Comhghaolta laistigh de bhuicéad maidir le ►C12 riosca ◄ ráta úis ginearálta
An comhghaol idir dhá íogaireacht ualaithe ar na fachtóirí ►C12 riosca ◄ ráta úis ginearálta WSk agus WSl laistigh den bhuicéad céanna, a bhíonn comhfhreagrach leis an gcuar céanna, ach a bhfuil aibíochtaí difriúla acu, socrófar an comhghaol sin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
Tk (Tl faoi seach) |
= |
an aibíocht a bhaineann leis an ráta ►C12 riosca ◄ saor ó phriacal; |
|
θ |
= |
3 %. |
Airteagal 325ag
Comhghaolta i mbuicéid difriúla i gcomhair ►C12 riosca ◄ ráta úis ginearálta
Airteagal 325ah
Ualuithe ►C12 riosca ◄ i gcomhair an phriacail um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán
Is ionann na hualuithe ►C12 riosca ◄ do na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa (neamhurrúsúcháin) i dtaca le gach aibíocht (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad i dTábla 4:
Tábla 4
|
Uimhir bhuicéid |
Cáilíocht chreidmheasa |
Earnáil |
Ualú riosca |
|
1 |
Gach catagóir |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, na mBallstát |
0,5 % |
|
2 |
Céim cáilíochta creidmheasa 1 go 3 |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tír, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118 |
0,5 % |
|
3 |
Údaráis réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
1,0 % |
|
|
4 |
Eintitis earnála airgeadais lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá corpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus iasachtóirí cur chun cinn |
5,0 % |
|
|
5 |
Bunábhair, fuinneamh, tionscail, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
3,0 % |
|
|
6 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta |
3,0 % |
|
|
7 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
2,0 % |
|
|
8 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
1,5 % |
|
|
9 |
|
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit |
1,0 % |
|
10 |
Céim cáilíochta creidmheasa 1 |
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha |
1,5 % |
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 2 go 3 |
2,5 % |
||
|
11 |
Céim cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tír, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118 |
2 % |
|
12 |
Údaráis réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
4,0 % |
|
|
13 |
►M17 Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa arna n-ionchorprú nó arna mbunú ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil, iasachtóirí cur chun cinn agus bannaí faoi chumhdach ◄ |
12,0 % |
|
|
14 |
Bunábhair, fuinneamh, tionscail, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
7,0 % |
|
|
15 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta |
8,5 % |
|
|
16 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
5,5 % |
|
|
17 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
5,0 % |
|
|
18 |
Earnáil eile |
12,0 % |
|
|
19 |
Innéacsanna creidmheasa liostaithe ina bhfuil formhór a gcomhpháirteanna aonair ar ghrád infheistíochta |
1,5 % |
|
|
20 |
Innéacsanna creidmheasa liostaithe ina bhfuil formhór a gcomhpháirteanna aonair ar ghrád neamhinfheistíochta nó gan rátáil |
5 % |
|
Chun críocha an Airteagail seo, sannfar do neamhchosaint an chatagóir riosca creidmheasa a chomhfhreagraíonn don chatagóir cáilíochta creidmheasa a shannfaí di faoin gcur chuige caighdeánaithe i gcás riosca creidmheasa a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 2.
Airteagal 325ai
Comhghaolta laistigh de bhuicéad maidir le ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán
Socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl, idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” laistigh den bhuicéad céanna, mar a leanas:
Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair comhghaoil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le buicéad 18 i dTábla 4 de Airteagal 325ah(1). Beidh an ceanglas caipitil maidir leis an bhfoirmle comhiomlánaithe ►C12 neamhchosainti ◄ deilte cothrom le suim luachanna absalóideacha na nglaníogaireachtaí ualaithe a leithdháiltear ar an mbuicéad sin:
Airteagal 325aj
Comhghaolta i mbuicéid difriúla i gcomhair ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán
Déanfar an paraiméadar comhghaoil γbc a bhfuil feidhm aige maidir le comhiomlánú na n-íogaireachtaí idir buicéid dhifriúla a shocrú mar a leanas:
1, i gcás inar buicéid 1 go 17 iad buicéid b agus c agus i gcás ina bhfuil an chatagóir cáilíochta creidmheasa chéanna ag an dá bhuicéad sin (“céim cáilíochta creidmheasa 1 go 3” nó “céim cáilíochta creidmheasa 4 go 6”); beidh sé cothrom le 50 % i ngach cás eile; chun críocha an ríomha sin, measfar go mbeidh an chatagóir cáilíochta creidmheasa chéanna ag buicéad 1 agus atá ag buicéid a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 1 go 3 acu;
1, i gcás inar buicéad 18 é ceachtar de bhuicéid b nó c;
1, i gcás inar buicéad 19 é ceann de bhuicéid b nó c agus i gcás ina bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 1 go 3 ag an mbuicéad eile; beidh sé cothrom le 50 % i ngach cás eile;
1, i gcás inar buicéad 20 é ceann de bhuicéid b nó c agus i gcás ina bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 4 go 6 ag an mbuicéad eile; beidh sé cothrom le 50 % i ngach cás eile;
Tábla 5
|
Buicéad |
1, 2 agus 11 |
3 agus 12 |
4 agus 13 |
5 agus 14 |
6 agus 15 |
7 agus 16 |
8 agus 17 |
9 agus 10 |
18 |
19 |
20 |
|
1, 2 agus 11 |
|
75 % |
10 % |
20 % |
25 % |
20 % |
15 % |
10 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
3 agus 12 |
|
|
5 % |
15 % |
20 % |
15 % |
10 % |
10 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
4 agus 13 |
|
|
|
5 % |
15 % |
20 % |
5 % |
20 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
5 agus 14 |
|
|
|
|
20 % |
25 % |
5 % |
5 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
6 agus 15 |
|
|
|
|
|
25 % |
5 % |
15 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
7 agus 16 |
|
|
|
|
|
|
5 % |
20 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
8 agus 17 |
|
|
|
|
|
|
|
5 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
9 agus 10 |
|
|
|
|
|
|
|
|
0 % |
45 % |
45 % |
|
18 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0 % |
0 % |
|
19 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
75 % |
|
20 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Airteagal 325ak
Ualuithe ►C12 riosca ◄ i gcomhair urrúsúcháin phriacail um raon difríochta creidmheasa a áirítear i ACTP
Is ionann na hualuithe ►C12 riosca ◄ do na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúchán a áirítear i ACTP i dtaca le gach aibíocht (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad agus sonrófar iad do gach buicéad i dTábla 6 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a:
Tábla 6
|
Uimhir bhuicéid |
Cáilíocht chreidmheasa |
Earnáil |
Ualú riosca |
|
1 |
Gach catagóir |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, na mBallstát |
4,0 % |
|
2 |
►M17 Céim cáilíochta creidmheasa 1 go 10 ◄ |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tír, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118 |
4,0 % |
|
3 |
Údaráis réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
4,0 % |
|
|
4 |
Eintitis earnála airgeadais lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá corpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus iasachtóirí cur chun cinn |
8,0 % |
|
|
5 |
Bunábhair, fuinneamh, tionscail, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
5,0 % |
|
|
6 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta |
4,0 % |
|
|
7 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
3,0 % |
|
|
8 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
2,0 % |
|
|
9 |
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit |
3,0 % |
|
|
10 |
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha |
6,0 % |
|
|
11 |
►M17 Céim cáilíochta creidmheasa 11 go 17 ◄ |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tír, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118 |
13,0 % |
|
12 |
Údaráis réigiúnacha nó áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
13,0 % |
|
|
13 |
►M17 Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa arna n-ionchorprú nó arna mbunú ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil, iasachtóirí cur chun cinn agus bannaí faoi chumhdach ◄ |
16,0 % |
|
|
14 |
Bunábhair, fuinneamh, tionscail, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
10,0 % |
|
|
15 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta |
12,0 % |
|
|
16 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
12,0 % |
|
|
17 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
12,0 % |
|
|
18 |
Earnáil eile |
13,0 % |
|
Chun críocha an Airteagail seo, sannfar do neamhchosaint an chatagóir riosca creidmheasa a chomhfhreagraíonn don chatagóir cáilíochta creidmheasa a shannfaí di faoin gcur chuige caighdeánaithe i gcás riosca creidmheasa a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 2.
De mhaolú ar an dara mír, féadfaidh institiúidí neamhchosaint ar riosca banna faoi chumhdach gan rátáil a shannadh do bhuicéad 4 i gcás ina bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 1 go 3 ag an institiúid a eisíonn an banna faoi chumhdach.
Airteagal 325al
Comhghaolta i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa a áirítear i ACTP
Airteagal 325am
Ualuithe ►C12 riosca ◄ i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa nach n-áirítear i ACTP
Is ionann na hualuithe ►C12 riosca ◄ do na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa le haghaidh hurrúsúchán nach n-áirítear i ACTP i dtaca le gach aibíocht (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad i dTábla 7 agus sonrófar iad do gach buicéad i dTábla 7 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a:
Tábla 7
|
Uimhir bhuicéid |
Cáilíocht chreidmheasa |
Earnáil |
Ualú riosca |
|
1 |
►M17 Céim cáilíochta shinsearachsinsearach agus creidmheasa 1 go 10 ◄ |
RMBS – Príomh |
0,9 % |
|
2 |
RMBS – Meán-Phríomh |
1,5 % |
|
|
3 |
RMBS – Fo-Phríomh |
2,0 % |
|
|
4 |
CMBS |
2,0 % |
|
|
5 |
Urrúis de bhun sócmhainní (ABS) – Iasachtaí do Mhic Léinn |
0,8 % |
|
|
6 |
ABS - Cártaí creidmheasa |
1,2 % |
|
|
7 |
ABS - Gluaisteán |
1,2 % |
|
|
8 |
Oibleagáidí iasachta atá comhthaobhaithe (CLO) neamh-ACTP |
1,4 % |
|
|
9 |
►M17 Céim cáilíochta neamhshinsearach agus creidmheasa 1 go 10 ◄ |
RMBS – Príomh |
1,125 % |
|
10 |
RMBS – Meán-Phríomh |
1,875 % |
|
|
11 |
RMBS – Fo-Phríomh |
2,5 % |
|
|
12 |
CMBS |
2,5 % |
|
|
13 |
ABS – Iasachtaí do mhic léinn |
1 % |
|
|
14 |
ABS - Cártaí creidmheasa |
1,5 % |
|
|
15 |
ABS - Gluaisteán |
1,5 % |
|
|
16 |
CLO neamh-ACTP |
1,75 % |
|
|
17 |
►M17 Céim cáilíochta creidmheasa 11 go 17 agus gan rátáil ◄ |
RMBS – Príomh |
1,575 % |
|
18 |
RMBS – Meán-Phríomh |
2,625 % |
|
|
19 |
RMBS – Fo-Phríomh |
3,5 % |
|
|
20 |
CMBS |
3,5 % |
|
|
21 |
ABS – Iasachtaí do mhic léinn |
1,4 % |
|
|
22 |
ABS - Cártaí creidmheasa |
2,1 % |
|
|
23 |
ABS - Gluaisteán |
2,1 % |
|
|
24 |
CLO neamh-ACTP |
2,45 % |
|
|
25 |
Earnáil eile |
3,5 % |
|
Airteagal 325an
Comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa nach n-áirítear i ACTP
Idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” laistigh den bhuicéad céanna, socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl mar a leanas:
Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair chomhghaoil dá dtagraítear i mír 1 maidir le buicéad 25 i dTábla 7 d'Airteagal 325am(1). Beidh an ceanglas cistí dílse maidir leis an bhfoirmle chomhiomlánaithe ►C12 riosca ◄ deilte laistigh de bhuicéad 25 cothrom le suim luachanna absalóideacha na nglaníogaireachtaí ualaithe a leithdháilfear ar an mbuicéad sin:
Airteagal 325ao
Comhghaolta i mbuicéid dhifriúla i gcomhair urrúsúcháin phriacail raon difríochta creidmheasa nach n-áirítear i ACTP
Airteagal 325ap
Déanfar na hualuithe ►C12 riosca ◄ do na híogaireachtaí ar fhachtóirí ►C12 riosca ◄ maidir le rátaí cothromais agus rátaí athcheannaigh cothromais a shonrú do gach buicéad i dTábla 8 de bhun an ghníomh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a:
Tábla 8
|
Uimhir bhuicéid |
Caipitliú margaidh |
Geilleagar |
Earnáil |
Ualú riosca i gcomhair spotphraghas cothromais |
Ualú riosca i gcomhair ráta athcheannaigh |
|
1 |
Mór |
Geilleagar margaidh atá ag teacht chun cinn |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta, cúram sláinte, fóntais |
55 % |
0,55 % |
|
2 |
Teileachumarsáid, scaireanna tionsclaíocha |
60 % |
0,60 % |
||
|
3 |
Bunábhair, fuinneamh, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
45 % |
0,45 % |
||
|
4 |
Airgeadas lena n-áirítear airgeadas le taca rialtais, gníomhaíochtaí réadmhaoine, teicneolaíocht |
55 % |
0,55 % |
||
|
5 |
Geilleagar sárfhorbartha |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta, cúram sláinte, fóntais |
30 % |
0,30 % |
|
|
6 |
Teileachumarsáid, scaireanna tionsclaíocha |
35 % |
0,35 % |
||
|
7 |
Bunábhair, fuinneamh, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
40 % |
0,40 % |
||
|
8 |
Airgeadas lena n-áirítear airgeadas le taca rialtais, gníomhaíochtaí réadmhaoine, teicneolaíocht |
50 % |
0,50 % |
||
|
9 |
Beag |
Geilleagar margaidh atá ag teacht chun cinn |
Gach earnáil a thuairiscítear faoi uimhreacha buicéid 1, 2, 3 agus 4 |
70 % |
0,70 % |
|
10 |
Geilleagar sárfhorbartha |
Gach earnáil a thuairiscítear faoi uimhreacha buicéid 5, 6, 7 agus 8 |
50 % |
0,50 % |
|
|
11 |
Earnáil eile |
70 % |
0,70 % |
||
|
12 |
caidhp mhór mhargaidh, innéacsanna geilleagair shárfhorbartha |
15 % |
0,15 % |
||
|
13 |
Innéacsanna eile |
25 % |
0,25 % |
||
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325aq
Comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair ►C12 riosca ◄ cothromais
I gcásanna eile seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar an paraiméadar comhghaoil ρkl idir dhá íogaireacht WS“k” agus WS“l” ar spotphraghas cothromais laistigh den bhuicéad céanna a shocrú mar a leanas:
15 % idir dhá íogaireacht laistigh den bhuicéad céanna a thagann faoin gcatagóir do chaipitliú margaidh mór, eacnamaíocht margaidh i mbéal forbartha (buicéad 1, 2, 3, nó 4);
25 % idir dhá íogaireacht laistigh den bhuicéad céanna a thagann faoin gcatagóir do chaipitliú margaidh mór, geilleagar sárfhorbartha (buicéad 5, 6, 7, nó 8);
7,5 % idir dhá íogaireacht laistigh den bhuicéad céanna a thagann faoin gcatagóir do chaipitliú margaidh beag, eacnamaíocht margaidh i mbéal forbartha (buicéad 9);
12,5 % idir dhá íogaireacht laistigh den bhuicéad céanna a thagann faoin gcatagóir do chaipitliú margaidh beag, geilleagar sárfhorbartha (buicéad 10);
80 % idir dhá íogaireacht laistigh den bhuicéad céanna a thagann faoi bhuicéad innéacs (buicéad uimhir 12 nó 13).
Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair chomhghaoil a shonraítear i mír 1 go mír 4 maidir le buicéad 11. Beidh an ceanglas caipitil maidir leis an bhfoirmle chomhiomlánaithe phriacail deilte laistigh de bhuicéad 11 cothrom le suim luachanna absalóideacha na nglaníogaireachtaí ualaithe a leithdháiltear ar an mbuicéad sin:
Airteagal 325ar
Comhghaolta idir buicéid i gcomhair riosca cothromais
Beidh feidhm ag an bparaiméadar comhghaoil c maidir le comhiomlánú íogaireachtaí idir buicéid éagsúla.
Socrófar é maidir le buicéid Thábla 8 in Airteagal 325ap mar a leanas:
15 % i gcás ina bhfuil an dá bhuicéad laistigh d’uimhreacha buicéid 1 go 10;
0 % i gcás ina bhfuil an dá bhuicéad laistigh d’uimhir bhuicéid 11;
75 % i gcás ina bhfuil an dá bhuicéad laistigh d’uimhir bhuicéid 12 go 13;
45 % i gcásanna eile.
Airteagal 325as
Ualuithe riosca i gcomhair riosca tráchtearraí
Is mar a leanas a bheidh na hualuithe riosca maidir le híogaireachtaí ar fhachtóirí riosca tráchtearraí:
Tábla 9
|
Uimhir bhuicéid |
Ainm buicéid |
Ualú riosca |
|
1 |
Fuinneamh – ábhair indóite sholadacha |
30 % |
|
2 |
Fuinneamh – ábhair indóite leachtacha |
35 % |
|
3 |
►M17 Fuinneamh – leictreachas ◄ |
60 % |
|
3a |
Fuinneamh – trádáil carbóin faoi CTA an Aontais |
40 % |
|
3b |
Fuinneamh — trádáil carbóin lasmuigh de CTA an Aontais |
60 % |
|
4 |
Lasta |
80 % |
|
5 |
Miotail – neamhlómhara |
40 % |
|
6 |
Ábhair indóite ghásacha |
45 % |
|
7 |
Miotail lómhara (lena n-áirítear ór) |
20 % |
|
8 |
Gráin agus olashíol |
35 % |
|
9 |
Beostoc agus déiríocht |
25 % |
|
10 |
Táirgí boga agus táirgí eile talmhaíochta |
35 % |
|
11 |
Tráchtearraí eile |
50 % |
Airteagal 325at
Comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair ►C12 riosca ◄ tráchtearraí
Socrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl, idir dhá íogaireacht WS k agus WS l laistigh den bhuicéad céanna, mar a leanas:
Is éard atá sna comhghaoil laistigh de bhuicéad ρkl (commodity) ná:
Tábla 10
|
Uimhir Buicéid |
Ainm Buicéid |
Comhghaolú ρkl (commodity) |
|
1 |
Fuinneamh - ábhair indóite sholadacha |
55 % |
|
2 |
Fuinneamh – ábhair indóite leachtacha |
95 % |
|
3 |
Fuinneamh - leictreachas agus carbóin a thrádáil |
40 % |
|
4 |
Lasta |
80 % |
|
5 |
Miotail – neamhlómhar |
60 % |
|
6 |
Ábhair indóite gásacha |
65 % |
|
7 |
Miotail lómhara (lena n-áirítear ór) |
55 % |
|
8 |
Gráin agus olashíol |
45 % |
|
9 |
Beostoc agus déiríocht |
15 % |
|
10 |
Táirgí boga agus táirgí talmhaíochta eile |
40 % |
|
11 |
Táirgí tráchtearraí eile |
15 % |
In ainneoin mhír 1, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
Airteagal 325au
Comhghaolta i mbuicéid difriúla i gcomhair ►C12 riosca ◄ tráchtearraí
Déanfar an paraiméadar comhghaoil γ bc a bhfuil feidhm aige maidir le comhiomlánú íogaireachtaí idir buicéid dhifriúla a shocrú é ag:
20 % i gcás inar buicéid as measc na gcinn dar uimhir 1 go 10 an dá bhuicéad sin;
0 % i gcás inarb é buicéad 11 ceachtar den dá bhuicéad sin.
Airteagal 325av
Is éard a bheidh in ualú ►C12 riosca ◄ na bhfachtóirí ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí maidir le péirí airgeadraí atá comhdhéanta den euro agus d'airgeadra Ballstáit atá páirteach i meicníocht an ráta malairte (MRM II), arb é sin an dara céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, ceann de na hualuithe seo a leanas:
an t-ualú ►C12 riosca ◄ dá dtagraítear i mír 1 roinnte ar 3;
an uasluaineacht laistigh den bhanda luaineachta a chomhaontaigh an Ballstát agus an Banc Ceannais Eorpach go foirmiúil i gcás ina bhfuil an banda luaineachta sin níos cúinge ná an banda luaineachta a shainítear faoi MRM II.
Airteagal 325ax
Ualuithe ►C12 riosca ◄ cuaire agus vega
Sannfar ualuithe riosca le haghaidh íogaireachtaí maidir le fachtóirí riosca véige i gcomhréir le haicme riosca na bhfachtóirí riosca, mar a leanas:
Tábla 1
|
Aicme riosca |
Ualuithe riosca |
|
Riosca ginearálta an ráta úis |
100 % |
|
Riosca raoin difríochta creidmheasa nach riosca urrúsúcháin é |
100 % |
|
Riosca raoin difríochta creidmheasa urrúsúcháin (ACTP) |
100 % |
|
Riosca raoin difríochta creidmheasa urrúsúcháin (nach mbaineann le ACTP) |
100 % |
|
Riosca cothromais (caipitliú mór agus innéacsanna) |
77,78 % |
|
Riosca cothromais (caipitliú beag agus earnálacha eile) |
100 % |
|
Riosca tráchtearraí |
100 % |
|
Riosca malairte eachtraí |
100 % |
▼M17 —————
Airteagal 325ay
Comhghaolta ►C12 riosca ◄ cuaire agus vega
Idir íogaireachtaí ar phriacal vega laistigh den bhuicéad céanna den phriacal ráta úis ghinearálta (RRUG), déanfar an paraiméadar rkl a shocrú mar a leanas:
nuair:
cothrom le
i gcás ina socrófar α ag 1 %, beidh Tk agus Tl cothrom le haibíochtaí na gcéadroghanna dá ndíorthaítear íogaireachtaí vega, arna sloinneadh mar líon blianta; agus
cothrom le
, i gcás ina bhfuil α socraithe ar 1 %, beidh
agus
cothrom le haibíochtaí ionstraimí foluiteacha na gcéadroghanna dá ndíorthaítear íogaireachtaí vega, lúide aibíochtaí na gcéadroghanna comhfhreagracha, sloinnte sa dá chás mar líon blianta.
Idir íogaireachtaí ar phriacal vega laistigh de bhuicéad de na haicmí ►C12 riosca ◄ eile, déanfar an paraiméadar comhghaoil ρkl a shocrú mar a leanas:
nuair:
cothrom leis an gcomhghaol deilte laistigh de bhuicéad a bhíonn cothrom leis an mbuicéad dá sannfaí fachtóirí ►C12 riosca ◄ vega k agus l; agus
a shocrú i gcomhréir le mír 1.
CAIBIDIL 1B
An cur chuige malartach samhla inmheánaí
Airteagal 325az
Cur chuige na samhla inmheánaí malartaí agus cead samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid
Tar éis dóibh a fhíorú gur chomhlíon na hinstitiúidí na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 325bh, 325bi agus 325bj, ceadóidh údaráis inniúla d'institiúidí a gceanglais cistí dílse féin do phunann na suíomhanna go léir arna sannadh do dheasca trádála a ríomh trí úsáid a bhaint as a samhlacha inmheánacha i gcomhréir le hAirteagal 325ba, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:
bunaíodh na deasca trádála i gcomhréir le hAirteagal 104b;
tá sé mínithe ag an institiúid don údarás inniúil cad chuige ar chuimsigh sí deasca trádála i raon feidhme chur chuige na samhla inmheánaí malartaí;
tá na ceanglais chúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3) á gcomhlíonadh ag na deasca trádála;
tá na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais (“sannadh B&C”) dá dtagraítear in Airteagal 325bg á gcomhlíonadh ag na deasca trádála;
maidir le deasca trádála ar sannadh ceann amháin de na suíomhanna leabhair trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bl, comhlíonann na deasca trádála na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325bm maidir leis an tsamhail phriacail mainneachtana inmheánach;
níor sannadh aon suíomhanna urrúsúcháin ná aon suíomhanna ath-urrúsúcháin do na deasca trádála;
níl aon suíomh i ngnóthais chomhinfheistíochta a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 104(8), pointe (b), sannta do na deasca trádála.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh sé ina dhreasacht gan deasca trádála a chuimsiú i raon feidhme chur chuige na samhla inmheánaí malartaí go mbeadh an ceanglas cistí dílse arna ríomh faoin gcur chuige malartach caighdeánaithe a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 325(3) níos ísle ná an ceanglas cistí dílse arna ríomh faoi chur chuige na samhla inmheánaí malartaí;
Cuirfidh na hinstitiúidí na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na síntí agus na hathruithe uile ar fad a dhéanfar ar an úsáid a bhaintear as na samhlacha inmheánacha malartacha dá bhfuil cead faighte ag an institiúid.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
na coinníollacha faoina ndéanfar measúnú ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha agus ar athruithe ar bhfo-thacar na bhfachtóirí ►C12 riosca ◄ insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc;
an mhodheolaíocht measúnaithe faoina bhfíoraíonn údaráis inniúla an gcomhlíonann institiúid na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2024.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Chun an tuairim sin a sholáthar, déanfaidh ÚBE faireachán ar dhálaí an mhargaidh chun a mheasúnú arbh ann d'imthosca urghnácha agus i gcás inarb amhlaidh gurbh ann dóibh, tabharfaidh sé fógra láithreach don Choimisiún ina leith.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325ba
Ceanglais cistí dílse nuair a úsáidtear samhlacha inmheánacha
Ríomhfaidh institiúid,a úsáideann samhail inmheánach mhalartach na ceanglais cistí dílse maidir le punann na suíomhanna uile a shannfar do na deasca trádála, ar tugadh, don institiúid sin, an cead ina dtaobh dá dtagraítear in Airteagal 325az(2), mar an luach is airde de na luachanna seo a leanas:
suim na luachanna seo a leanas:
meánluach thomhas ►C12 riosca ◄ easnaimh ionchasaigh laethúil na hinstitiúide arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325bb do gach lá den seasca lá gnó roimhe sin (ESavg), arna iolrú faoin bhfachtóir iolrúcháin (mc); agus
meánluach thomhas ►C12 riosca ◄ cáis struis laethúil na hinstitiúide arna ríomh i gcomhréir le Roinn 5 do gach lá den seasca lá gnó roimhe sin (SSavg).
I gcás ina ríomhtar ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh ag úsáid samhail inmheánach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ní áireoidh institiúid a raonta difríochta creidmheasa féin le linn di na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a ríomh maidir le suíomhanna in ionstraimí fiachais dílse na hinstitiúide.
Comhlíonfaidh institiúidí a bhfuil suíomhanna acu in ionstraimí fiachais thrádáilte agus cothromais a thagann faoi raon feidhme na samhla ►C12 riosca ◄ mainneachtana inmheánaí agus a shanntar do na deasca trádála dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh siad ceanglas cistí dílse breise arna shloinneadh mar an luach is airde de na luachanna seo a leanas:
an ceanglas cistí dílse is déanaí le haghaidh riosca mainneachtana, arna ríomh i gcomhréir le Roinn 3;
meán an mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) thar an 12 sheachtain roimhe sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh institiúid faoi réir an cheanglais cistí dílse breise maidir le sealúchais a hionstraimí fiachais féin.
I gcás institiúid a úsáideann samhail inmheánach mhalartach, déanfaidh sí iomlán na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás na suíomhanna leabhair trádála uile agus na suíomhanna leabhair neamhthrádála uile a ghineann riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
AIMA |
= suim na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2; |
|
PLAaddon |
= an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 325bg(2); |
|
ASAnon-aima |
= na ceanglais cistí dílse arna ríomh le haghaidh riosca margaidh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (a), i gcás phunann na suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála a ghineann riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a n-úsáideann an institiúid an cur chuige caighdeánaithe malartach ina leith chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh; |
|
ASAallportfolio |
= na ceanglais cistí dílse arna ríomh le haghaidh riosca margaidh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (a), i gcás phunann na suíomhanna leabhair trádála uile agus na suíomhanna leabhair neamhthrádála uile a ghineann riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí; |
|
ASAaima |
= na ceanglais cistí dílse arna ríomh le haghaidh riosca margaidh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (a), i gcás phunann na suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála a ghineann riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a n-úsáideann an institiúid an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), ina leith chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh. |
Airteagal 325bb
Tomhas ►C12 riosca ◄ easnaimh ionchasaigh
Ríomhfaidh institiúidí an tomhas ►C12 riosca ◄ easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 325ba(1) d'aon dáta ar leith “t” agus d'aon phunann ar leith de shuíomhanna leabhair trádála agus de shuíomhanna leabhair neamhtrádála atá faoi réir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí nó ►C12 riosca ◄ tráchtearraí mar a leanas:
nuair:
|
ESt |
= |
an tomhas ►C12 riosca ◄ easnaimh ionchasaigh; |
|
i |
= |
innéacs lena léirítear na cúig chatagóir leathana d'fhachtóirí ►C12 riosca ◄ arna liostú sa chéad cholún de Thábla 2 d'Airteagal 325bd; |
|
UESt |
= |
an tomhas ►C12 riosca ◄ easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe arna ríomh mar a leanas:
|
|
|
= |
an tomhas easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe don chatagóir fachtóra phriacail leathan i arna ríomh mar a leanas:
|
|
|
= |
méid an easnaimh ionchasaigh pháirtigh do chatagóir fachtóra phriacail leathan “i” a ríomhfar do na suíomhanna go léir sa phunann i gcomhréir le hAirteagal 325bc(2); |
|
|
= |
méid an easnaimh ionchasaigh pháirtigh do chatagóir fachtóra phriacail leathan “i” a ríomhfar do na suíomhanna go léir sa phunann i gcomhréir le hAirteagal 325bd(3); agus |
|
|
= |
méid an easnaimh ionchasaigh pháirtigh do chatagóir fachtóra phriacail leathan “i” a ríomhfar do na suíomhanna go léir sa phunann i gcomhréir le hAirteagal 325bc(4). |
agus thomhais easnaimh ionchasaigh pháirtigh
,
agus
a laghdú maidir leis na catagóirí fachtóra phriacail leathana ó ríomh laethúil go ríomh seachtainiúil ar choinníoll go gcomhlíonfar an méid a leanas:
á ríomh;
,
,
agus
a mhéadú ó ríomh seachtainiúil go ríomh laethúil i gcás ina gceanglóidh a údarás inniúil sin uirthi.
Airteagal 325bc
Ríomhanna easnaimh ionchasaigh pháirtigh
Déanfaidh institiúidí méideanna uile na n-easnamh ionchasach páirteach dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) a ríomh mar a leanas:
ríomhanna laethúla méideanna na n-easnamh ionchasacha páirteacha;
ag an 97,5ú peircintíl, eatramh muiníne aonfhoircneach;
le haghaidh punann ar leith de shuíomhanna leabhair trádála agus de shuíomhanna leabhair neamhtrádála atá faoi réir ►C9 riosca ◄ malairte eachtraí nó ►C9 riosca ◄ tráchtearraí, déanfaidh institiúidí méid an easnaimh ionchasaigh pháirtigh ag am “t” a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
|
PESt |
= |
méid an easnaimh ionchasaigh pháirtigh ag am “t”; |
|
j |
= |
an t-innéacs lena léirítear na cúig thréimhse leachtachta a liostaítear sa chéad cholún de Thábla 1; |
|
LHj |
= |
fad na dtréimhsí leachtachta ionchasacha j mar a shloinntear i laethanta i dTábla 1; |
|
T |
= |
tréimhse ionchasach bunaidh i gcás T= 10 lá; |
|
PESt(T) |
= |
méid an easnaimh ionchasaigh pháirtigh a chinntear trí chásanna suaite amach anseo a bhfuil tréimhse ama 10 lá acu a chur i bhfeidhm ar thacar sonrach fachtóirí ►C12 riosca ◄ insamhaltaithe na suíomhanna sa phunann a leagtar amach i mír 2, mír 3 agus mír 4 i gcomhair méid gach easnaimh ionchasaigh pháirtigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) agus ar an tacar sonrach sin amháin; agus |
|
PESt(T, j) |
= |
méid an easnaimh ionchasaigh pháirtigh a chinntear trí chásanna suaite amach anseo a bhfuil tréimhse ama 10 lá acu a chur i bhfeidhm ar thacar sonrach fachtóirí ►C12 riosca ◄ insamhaltaithe na suíomhanna sa phunann a leagtar amach i mír 2, mír 3 agus mír 4 i gcomhair méid gach easnaimh ionchasaigh pháirtigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) agus dá bhfuil an tréimhse leachtachta éifeachtach, dá gcinntear i gcomhréir le hAirteagal 325bd(2), cothrom le LHj nó níos faide ná é.
Tábla 1
|
agus
dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) a ríomh, déanfaidh institiúidí, i dteannta leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
agus
á ríomh, ní dhéanfaidh institiúidí cásanna suaite amach anseo a chur i bhfeidhm ach amháin ar an bhfo-thacar d'fhachtóirí
►C12
riosca ◄ insamhaltaithe na suíomhanna sa phunann, arna roghnú ag na hinstitiúidí inniúla, sa chaoi is go gcomhlíonfar an coinníoll seo, agus go dtógfar an tsuim ó thréimhse an 60 lá gnó roimhe sin:
Tabharfaidh institiúid nach gcomhlíonann an ceanglas a thuilleadh sa chéad alt den phointe seo fógra gan mhoill do na húdaráis inniúla, lena mbaineann, agus déanfaidh sí an fo-thacar de na fachtóirí ►C12 riosca ◄ insamhaltaithe a uasdátú laistigh de dhá sheachtain chun an ceanglas sin a chomhlíonadh; i gcás, tar éis dhá sheachtain, inar mhainnigh an institiúid an ceanglas a chomhlíonadh, rachaidh an institiúid sin ar ais chuig an gcur chuige a leagtar amach i gCaibidil 1a chun na ceanglais cistí dílse i gcomhair ►C12 riosca ◄ margaidh maidir le deasca trádála áirithe, go dtí go bhféadfaidh an institiúid sin a léiriú don údarás inniúil go bhfuil sí ag comhlíonadh an cheanglais a leagtar amach sa chéad fho-alt den phointe seo;
agus
á ríomh, ní dhéanfaidh institiúidí cásanna suaite amach anseo a chur i bhfeidhm ach amháin ar an bhfo-thacar d'fhachtóirí
►C12
riosca ◄ insamhaltaithe na suíomhanna sa phunann, arna roghnú ag an institiúid chun críche phointe (a) den mhír seo, agus ar mapáladh iad ar an gcatagóir fachtóra phriacail leathan “i” i gcomhréir le hAirteagal 325bd;
calabrófar na hionchuir sonraí a úsáidtear chun na cásanna suaite amach anseo a chinneadh arna gcur i bhfeidhm ar na fachtóirí
►C12
riosca ◄ insamhaltaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) do na sonraí stairiúla tréimhse leanúnaí struis airgeadais 12 mhí a shainaithneoidh an institiúid chun luach
a uasmhéadú; chun críche an tréimhse struis sin a aithint, úsáidfidh institiúidí tréimhse bhreathnaithe a thosóidh ar a laghad ón 1 Eanáir 2007, chun sástacht na n-údarás inniúla; agus
a chalabrú don tréimhse struis 12 mhí atá sainaitheanta ag an institiúid chun críocha phointe (c).
agus
dá dtágraítear in Airteagal 325bb(1) a ríomh, déanfaidh institiúidí, i dteannta leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
agus
á ríomh, ní dhéanfaidh institiúidí cásanna suaite amach anseo a chur i bhfeidhm ach amháin ar an bhfo-thacar de d'fhachtóirí
►C12
riosca ◄ insamhaltaithe na suíomhanna sa phunann dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;
á ríomh, ní dhéanfaidh institiúidí cásanna suaite amach anseo a chur i bhfeidhm ach amháin ar an bhfo-thacar de shuíomhanna fachtóra phriacail insamhaltaithe sa phunann dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;
maidir leis na hionchuir sonraí a úsáidfear chun na cásanna suaite amach anseo a chinneadh a chuirfear i bhfeidhm ar na fachtóirí ►C12 riosca ◄ insamhaltaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo, calabrófar iad leis na sonraí stairiúla dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4; déanfar na sonraí sin a uasdátú ar bhonn míosúil ar a laghad.
agus
dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) a ríomh, déanfaidh institiúidí, i dteannta leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
agus
á ríomh, déanfaidh institiúidí cásanna suaite amach anseo a chur i bhfeidhm ar fhachtóirí
►C12
riosca ◄ insamhaltaithe uile na suíomhanna sa phunann;
agus
á ríomh, déanfaidh institiúid
►C12
riosca ◄ insamhaltaithe na suíomhanna sa phunann, ar mapáladh iad ar an gcatagóir fachtóra phriacail leathan “i” i gcomhréir le hAirteagal 325bd;
calabrófar na hionchuir sonraí a úsáidtear chun na cásanna suaite amach anseo a chinneadh arna gcur i bhfeidhm ar na fachtóirí ►C12 riosca ◄ insamhaltaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) do na sonraí stairiúla ón tréimhse 12 mhí roimhe sin; i gcás ina mbeidh borradh suntasach i luaineacht praghsanna líon ábhartha d'fhachtóirí ►C12 riosca ◄ insamhaltaithe i bpunann institiúide nach bhfuil i bhfo-thacar na ►C12 riosca ◄ dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla ceanglas a chur ar institiúid sonraí stairiúla le haghaidh tréimhse ar giorra ná an 12 mhí roimhe sin í a úsáid, ach ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná tréimhse na sé mhí roimhe sin; tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚBE maidir le cinneadh ar bith lena gcuirfear ceanglas ar institiúid sonraí stairiúla ó thréimhse ar giorra ná 12 mhí í a úsáid agus bunús a thabhairt leis an gcinneadh sin.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325bd
Tréimhsí leachtachta
Cuirfidh institiúid fógra chuig na húdaráis inniúla faoi na deasca trádála agus fochatagóirí leathana na bhfachtóirí ►C12 riosca ◄ maidir lena gcinnfidh sí an láimhseáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm.
Chun méideanna an easnaimh ionchasaigh pháirtigh a ríomh […] i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 325bc(1), déanfar tréimhse leachtachta éifeachtach d'fhachtóir ►C12 riosca ◄ insamhaltaithe de chuid suíomh leabhair trádála ar leith nó de shuíomh leabhair neamhtrádála atá faoi réir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí nó ►C12 riosca ◄ tráchtearraí a ríomh mar a leanas:
|
EffectiveLH= |
|
SubCatLH if Mat > LH5 |
|
|
min (SubCatLH,minj {LHj/LHj ≥ Mat} ) if LH1 ≤ Mat ≤ LH5 |
|||
|
LH1 i f Mat < LH1 |
nuair atá:
|
EffectiveLH |
= |
an tréimhse leachtacht éifeachtach; |
|
Mat |
= |
aibíocht shuíomh an leabhair trádála; |
|
SubCatLH |
= |
fad tréimhse leachtachta an fhachtóra phriacail insamhaltaithe arna chinneadh i gcomhréir le mír 1; agus |
|
minj{LHj/LHj ≥ Mat} |
= |
fad ceann amháin de na tréimhsí leachtachta a liostaítear i dTábla 1 d'Airteagal 325bc arb í an tréimhse leachtachta is gaire í os cionn aibíocht an tsuímh leabhair trádála. |
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
an chaoi ina ndéanfaidh institiúidí fachtóirí ►C12 riosca ◄ na suíomhanna leabhair trádála dá dtagraítear i mír 1 a mhapáil ar chatagóirí leathana fachtóra phriacail agus fochatagóirí leathana fachtóra phriacail chun críche mhír 1;
na hairgeadraí lena gcomhdhéantar fochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí i gcatagóir leathan fhachtóir ►C12 riosca ◄ ráta úis Thábla 2;
na péirí airgeadraí lena gcomhdhéantar fochatagóir na bpéirí airgeadraí is leachtaí i gcatagóir leathan fhachtóir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí Thábla 2;
sainmhínithe ar chaipitliú beag margaidh agus caipitliú mór margaidh i gcomhair fhochatagóir an phraghais cothromais agus na luaineachta de chatagóir leathan fhachtóir ►C12 riosca ◄ cothromais Thábla 2;
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Tábla 2
|
Catagóirí leathana fachtóra riosca |
Fochatagóirí leathana fachtóra phriacail |
Tréimhsí leachtachta |
Fad na tréimhse leachtachta (i laethanta) |
|
Ráta úis |
Airgeadraí is leachtaí agus airgeadra náisiúnta |
1 |
10 |
|
Airgeadraí eile (gan na hairgeadraí is leachtaí a chur san áireamh) |
2 |
20 |
|
|
Luaineacht |
4 |
60 |
|
|
Cineálacha eile |
4 |
60 |
|
|
Raon difríochta creidmheasa |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc ceannais, de chuid na mBallstát |
2 |
20 |
|
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa sna Ballstáit (Grád Infheistíochta) |
2 |
20 |
|
|
Flaithiúnas (Grád infheistíochta) |
2 |
20 |
|
|
Flaithiúnas (Ard toraidh) |
3 |
40 |
|
|
Corparáideach (Grád infheistíochta) |
3 |
40 |
|
|
Corparáideach (Ard toraidh) |
4 |
60 |
|
|
Luaineacht |
5 |
120 |
|
|
Cineálacha eile |
5 |
120 |
|
|
Cothromas |
Praghas cothromais (Caipitliú mór margaidh) |
1 |
10 |
|
Praghas cothromais (Caipitliú beag margaidh) |
2 |
20 |
|
|
Luaineacht (Caipitliú mór margaidh ) |
2 |
20 |
|
|
Luaineacht (Caipitliú mór margaidh ) |
4 |
60 |
|
|
Cineálacha eile |
4 |
60 |
|
|
Malairt Eachtrach |
Péirí airgeadraí is leachtaí |
1 |
10 |
|
Péirí airgeadraí eile (gan na hairgeadraí is leachtaí a chur san áireamh) |
2 |
20 |
|
|
Luaineacht |
3 |
40 |
|
|
Cineálacha eile |
3 |
40 |
|
|
Tráchtearra |
Praghas fuinnimh agus praghas astaíochtaí carbóin |
2 |
20 |
|
Praghas miotail lómhair agus praghas miotail neamhfheiriúil |
2 |
20 |
|
|
Praghsanna tráchtearraí eile (seachas praghas fuinnimh, praghas astaíochtaí carbóin, praghas miotail lómhair agus praghas miotail neamhfheiriúil) |
4 |
60 |
|
|
Luaineacht fuinnimh agus luaineacht astaíochtaí carbóin |
4 |
60 |
|
|
Luaineacht miotail lómhair agus luaineacht miotail neamhfheiriúil |
4 |
60 |
|
|
Luaineachtaí tráchtearraí eile (seachas luaineacht fuinnimh, luaineacht astaíochtaí carbóin, luaineacht miotail lómhair agus luaineacht miotail neamhfheiriúil) |
5 |
120 |
|
|
Cineálacha eile |
5 |
120 |
Airteagal 325be
Insamhaltaitheacht na bhfachtóirí ►C12 riosca ◄ a mheasúnú
Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad mhír, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí úsáid a bhaint as sonraí margaidh arna soláthar ag díoltóirí tríú páirtí.
In imthosca urghnácha, arb ann dóibh le linn tréimhsí ina dtagann laghdú suntasach ar ghníomhaíochtaí áirithe trádála sna margaí airgeadais, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí a úsáideann an cur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo fachtóirí riosca nár mheas na hinstitiúidí sin a bheith insamhaltaithe roimhe seo i gcomhréir le mír 1 a mheas a bheith insamhaltaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tá na fachtóirí riosca atá faoi réir na láimhseála comhfhreagrach do na gníomhaíochtaí trádála atá laghdaithe go suntasach sna margaí airgeadais;
cuirtear an láimhseáil i bhfeidhm go sealadach agus ní chuirtear i bhfeidhm í go ceann tréimhse is faide ná 6 mhí laistigh de 1 bhliain airgeadais amháin;
leis an láimhseáil, ní laghdaítear ar bhealach suntasach iomlán na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh de chuid na n-institiúidí a chuireann i bhfeidhm í;
tugann údaráis inniúla fógra do ÚBE láithreach faoi aon chinneadh cead a thabhairt d’institiúidí an cur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le fachtóirí riosca a mheas a bheith insamhaltaithe nár measadh roimhe seo iad a bheith insamhaltaithe, agus faoi na gníomhaíochtaí trádála lena mbaineann, agus tugann siad foras leis an gcinneadh sin.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
Airteagal 325bf
Ceanglais cúltástála rialála agus fachtóirí iolrúcháin
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “róluaineacht” athrú aon lae ar luach punainne atá comhdhéanta de na suíomhanna go léir a sannadh don deasc trádála ar athrú luacha é a sháraíonn an luach faoi phriacal gaolmhar a ríomhtar ar bhonn shamhail inmheánach mhalartach na hinstitiúide i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
beidh ríomh an luacha faoi phriacal faoi réir tréimhse shealbhaíochta dar fad lá amháin;
beidh feidhm ag cásanna suaití amach anseo maidir le fachtóirí ►C12 riosca ◄ shuíomhanna na ndeasca trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bg(3) agus measfar iad a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 325be;
ionchuir sonraí a úsáidtear chun na cásanna suaite amach anseo a chinneadh arna gcur i bhfeidhm ar na fachtóirí ►C12 riosca ◄ insamhaltaithe, calabrófar iad leis na sonraí stairiúla dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 325bc(4);
mura luafar a mhalairt san Airteagal seo, bunófar samhail inmheánach mhalartach na hinstitiúide ar na toimhdí samhaltaithe céanna a úsáidtear chun an tomhas ►C12 riosca ◄ easnaimh ionchasaigh a ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 325ba(1).
Measfar go mbeidh na ceanglais chúltástála comhlíonta ag deasc trádála institiúide i gcás nach sárófar, le líon na róluaineachtaí don deasc trádála sin a tharla in imeacht an 250 lá gnó is déanaí, aon cheann de na nithe seo a leanas:
12 róluaineacht don uimhir luacha faoi phriacal, arna ríomh ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl ar bhonn cúltástáil ar na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne;
12 róluaineacht don uimhir luacha faoi phriacal, arna ríomh ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl ar bhonn cúltástáil ar na hathruithe iarbhír ar luach na punainne;
30 róluaineacht don uimhir luacha faoi phriacal, arna ríomh ar eatramh muiníne aonfhoircneach 97,5ú peircintíl ar bhonn cúltástáil ar na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne;
30 róluaineacht don uimhir luacha faoi phriacal, arna ríomh ar eatramh muiníne aonfhoircneach 97,5ú peircintíl ar bhonn cúltástáil ar na hathruithe iarbhír ar luach na punainne.
Comhairfidh institiúidí róluaineachtaí aon lae i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
beidh an chúltástáil ar athruithe hipitéiseacha ar luach na punainne bunaithe ar chomparáid idir luach deiridh lae na punainne agus, ag glacadh leis nach bhfuil athruithe ar shuíomhanna, luach na punainne ag deireadh an lae dár gcionn;
beidh an chúltástáil ar athruithe iarbhír ar luach na punainne bunaithe ar chomparáid idir luach deiridh lae na punainne agus luach iarbhír na punainne ag deireadh an lae dár gcionn cé is moite de tháillí agus de choimisiúin;
comhairfear róluaineacht le haghaidh gach lae gnó nach bhfuil an institiúid in ann luach na punainne a mheasúnú dó nó nach bhfuil sí in ann uimhir an luacha faoi phriacal dá dtagraítear i mír 3 a ríomh dó;
►M17 Beidh an fachtóir iolrúcháin (mc) cothrom, ar a laghad, le suim 1,5 móide forlíontán arna chinneadh i gcomhréir le Tábla 3. Maidir leis an bpunann dá dtagraítear i mír 5, ríomhfar an forlíontán sin ar bhonn líon na róluaineachtaí a tharla le linn an 250 lá gnó is déanaí arna fhianú le cúltástáil na hinstitiúide ar uimhir an luacha faoi riosca a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) den fhomhír seo. Beidh ríomh an fhorlíontáin faoi réir na gceanglas seo a leanas: ◄
is é an rud a bheidh i róluaineacht athrú aon lae i luach na punainne a sháraíonn uimhir ghaolmhar an luacha faoi phriacal arna ríomh le samhail inmheánach na hinstitiúide i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
tréimhse shealbhaíochta aon lae;
eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl;
beidh feidhm ag cásanna suaití amach anseo maidir le fachtóirí ►C12 riosca ◄ shuíomhanna na ndeasca trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bg(3) agus a mheastar a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 325be;
na hionchuir sonraí a úsáidtear chun na cásanna suaite amach anseo a chinneadh arna gcur i bhfeidhm ar na fachtóirí ►C12 riosca ◄ insamhaltaithe, calabrófar iad leis na sonraí stairiúla dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 325bc(4);
mura luafar a mhalairt san Airteagal seo, bunófar samhail inmheánach na hinstitiúide ar na toimhdí samhaltaithe céanna a úsáidtear chun an tomhas ►C12 riosca ◄ easnaimh ionchasaigh a ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 325ba(1).
Beidh líon na róluaineachtaí cothrom leis an líon is airde de na róluaineachtaí faoi na hathruithe hipitéiseacha agus iarbhír i luach na punainne;
Tábla 3
|
Líon na róluaineachtaí |
Forlíontán |
|
Níos lú ná 5 |
0,00 |
|
5 |
0,20 |
|
6 |
0,26 |
|
7 |
0,33 |
|
8 |
0,38 |
|
9 |
0,42 |
|
Os cionn 9 |
0,50 |
In imthosca urghnácha, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúid ceann amháin nó an dá cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:
ríomh an fhorlíontáin a theorannú don mhéid sin de atá ina thoradh ar róluaineachtaí de bhun cúltástáil ar athruithe hipitéiseacha, i gcás nach toradh ar easnaimh i samhail inmheánach mhalartach na hinstitiúide é líon na róluaineachtaí de bhun cúltástáil ar athruithe iarbhír;
na róluaineachtaí arna bhfianú le cúltástáil athruithe hipitéiseacha nó iarbhír a eisiamh ó ríomh an fhorlíontáin, i gcás nach toradh iad na róluaineachtaí sin ar easnaimh i samhail inmheánach mhalartach na hinstitiúide.
Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh údaráis inniúla luach mc a mhéadú os cionn na suime dá dtagraítear san fhomhír sin, i gcás ina léirítear easnaimh i samhail inmheánach mhalartach institiúide lena gcuirtear cosc ar na ceanglais cistí dílse a bheith á dtomhas go hiomchuí le haghaidh riosca margaidh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325bg
Ceanglas sannta brabúis agus caillteanais
Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
na critéir a shonraíonn cé acu atá nó nach bhfuil na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne deisce trádála gar nó gar go leor do na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála chun críocha mhír 1, agus forbairtí rialála idirnáisiúnta á gcur san áireamh;
an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i mír 2;
a mhinice a bheidh ar an institiúid an aitreabúideacht B&C a chur i gcrích;
na gnéithe teicniúla a chuirfear san áireamh sna hathruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha ar luach punainne deasca trádála chun críocha an Airteagail seo.
▼M17 —————
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325bh
Ceanglais maidir le ►C12 riosca ◄ a thomhas
Institiúidí a úsáideann samhail tomhais phriacail inmheánach chun na ceanglais cistí dílse i gcomhair ►C12 riosca ◄ margaidh dá dtagraítear in Airteagal 325ba a ríomh, áiritheoidh na hinstitiúidí sin go gcomhlíonann an tsamhail na ceanglais seo a leanas go léir:
gabhfar líon leordhóthanach fachtóirí ►C12 riosca ◄ sa tsamhail tomhais phriacail inmheánach, lena n-áireofar ar a laghad na fachtóirí dá dtagraítear i bhForoinn 1 de Roinn 3 den Chaibidil 1a mura léiríonn an institiúid do na húdaráis inniúla nach ndéanann easnamh na bhfachtóirí ►C12 riosca ◄ sin difear ábhartha do thorthaí an cheanglais sannta B&C dá dtagraítear in Airteagal 325bg; beidh institiúidí in ann a mhíniú do na húdaráis inniúla an fáth a ndearna siad fachtóir ►C12 riosca ◄ a ionchorprú ina samhail phraghsála agus gan é a ionchorprú ina samhail tomhais phriacail inmheánach.
ionchorprófar leis an tsamhail tomhais ►C12 riosca ◄ inmheánach sraith fachtóirí ►C12 riosca ◄ a chomhfhreagraíonn do rátaí úis gach airgeadra ina bhfuil suíomhanna lena mbaineann íogaireacht ráta úis laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ag an institiúid; déanfaidh an institiúid na cuair toraidh a shamhaltú ag úsáid ceann de na cineálacha cur chuige a bhfuil glactha leo go ginearálta; déanfar an cuar toraidh a roinnt ina dheighleoga aibíochta, chun luaineachtaí rátaí feadh an chuair toraidh a ghabháil; maidir le ►C12 neamhchosainti ◄ ábhartha ar phriacal ráta úis sna hairgeadraí agus sna margaí móra, déanfar an cuar toraidh a shamhaltú ag úsáid sé dheighleog aibíochta ar a laghad, agus beidh líon na fachtóirí ►C12 riosca ◄ a úsáidtear chun an cuar toraidh a shamhaltú comhréireach le cineál agus castacht straitéisí trádála na hinstitiúide; déanfaidh an tsamhail phriacail raon difríochta luaineachtaí nach bhfuil comhghaolaithe go foirfe idir cuair toraidh dhifriúla nó ionstraimí airgeadais difriúla ar an eisitheoir foluiteach céanna a ghabháil.
ionchorprófar leis an tsamhail inmheánach tomhaiste riosca fachtóirí riosca a chomhfhreagraíonn d'ór agus do na hairgeadraí eachtracha aonair ina bhfuil suíomhanna na hinstitiúide ainmnithe; i gcás gnóthais chomhinfheistíochta, cuirfear suímh iarbhír maidir le hairgeadra eachtrach an ghnóthais comhinfheistíochta san áireamh; féadfaidh institiúidí dul i muinín tuairisciú tríú páirtí ar shuíomh an ghnóthais comhinfheistíochta in airgeadra eachtrach i gcás ina bhfuil cruinneas na tuairisce sin áirithithe go leormhaith.
beidh sofaisticiúlacht na teicníce samhaltaithe coibhéiseach le hábharthacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide ar na margaí cothromais; úsáidfidh an tsamhail ►C12 tomhais-riosca ◄ inmheánach fachtóir ►C12 riosca ◄ ar leithligh maidir le gach margadh cothromais ar a laghad ina sealbhaíonn an institiúid suíomhanna suntasacha agus fachtóir ►C12 riosca ◄ amháin ar a laghad lena ngabhfar gluaiseachtaí i bpraghsanna cothromais agus spleáchas an fhachtóra phriacail sin ar na fachtóirí ►C12 riosca ◄ aonair maidir le gach margadh cothromais.
úsáidfidh an tsamhail ►C12 tomhais-riosca ◄ inmheánach fachtóir ►C12 riosca ◄ ar leithligh maidir le gach tráchtearra ar a laghad ina sealbhaíonn an institiúid suíomhanna suntasacha mura bhfuil suíomh tráchtearraí comhiomlánaithe beag ag an institiúid i gcomparáid lena gníomhaíochtaí trádála go léir agus sa chás sin féadfaidh sí fachtóir ►C12 riosca ◄ ar leithligh a úsáid maidir le gach cineál tráchtearra; maidir le ►C12 neamhchosainti ◄ ábhartha ar mhargaí tráchtearraí, déanfar a ghabháil leis an tsamhail an ►C12 neamhchosainti ◄ a bhaineann le gluaiseachtaí nach bhfuil comhghaolaithe ar bhealach iomlán foirfe idir tráchtearraí atá cosúil ach nach bhfuil comhionann, an ►C12 riosca ◄ ar athruithe i réamhphraghsanna a thagann as neamhréireacha aibíochta agus an toradh áise idir suíomhanna díorthach agus suíomhanna airgid thirim.
aon ionadaigh a mbainfear úsáid astu, taispeánfaidh siad cuntas teiste maithe i leith an tsuímh iarbhír a shealbhaítear, beidh siad coimeádach go hiomchuí agus ní úsáidfear iad ach amháin i gcás ina mbeidh na sonraí atá ar fáil neamhleor, mar shampla le linn na tréimhse struis dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 325bc(2).
i gcás suíomhanna i ngnóthais chomhinfheistíochta, déanfaidh institiúidí suíomhanna foluiteacha na ngnóthas comhinfheistíochta a thrébhreathnú ar bhonn seachtainiúil ar a laghad chun a gceanglas cistí dílse a ríomh i gcomhréir leis an gCaibidil seo; i gcás ina gcuirtear cur chuige na trébhreathnaitheachta i gcrích go seachtainiúil, beidh institiúidí in ann faireachán a dhéanamh ar na rioscaí a thagann as athruithe suntasacha i gcomhdhéanamh an ghnóthais comhinfheistíochta; mura bhfuil ionchuir sonraí leordhóthanacha nó faisnéis leordhóthanach ag institiúidí chun ceanglasna ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh maidir le suíomh gnóthais comhinfheistíochta i gcomhréir le cur chuige sin an trébhreathnaithe, féadfaidh siad brath ar thríú páirtí chun na hionchuir sonraí sin nó an fhaisnéis sin a fháil, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an ghnóthais comhinfheistíochta, ar an gcoinníoll go ndéanann an gnóthas comhinfheistíochta infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanann sé gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
cuideachta bhainistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir a leagtar amach in Airteagal 132(3), pointe (a);
díoltóir tríú páirtí ar choinníoll go ndéanann na tríú páirtithe dá dtagraítear i bpointe (1) nó (2) den phointe seo nó díoltóir tríú páirtí eile den sórt sin na sonraí, an fhaisnéis nó na méadrachtaí riosca a sholáthar nó a ríomh;
déanann an tríú páirtí na sonraí, an fhaisnéis nó na méadrachtaí riosca a sholáthar don institiúid chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh shuíomh an ghnóthais comhinfheistíochta i gcomhréir le cur chuige an trébhreathnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír;
dhearbhaigh iniúchóir seachtrach a rinne iniúchadh ar an institiúid gur leordhóthanach sonraí, faisnéis nó méadrachtaí riosca an tríú páirtí dá dtagraítear i bpointe (ii) agus go bhfuil rochtain gan srian ag an údarás inniúil ar na sonraí, ar an bhfaisnéis nó ar na méadrachtaí riosca sin arna n-iarraidh sin.
▼M17 —————
Airteagal 325bi
Ceanglais cháilíochtúla
Beidh aon samhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ arna húsáid chun críocha na Caibidle seo fónta ar bhonn coincheapúil, déanfar í a ríomh agus a chur i bhfeidhm go hionraic agus comhlíonfar léi na ceanglais cháilíochtúla uile a leanas:
aon samhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ a úsáidfear chun ceanglais chaipitil a ríomh le haghaidh ►C12 riosca ◄ margaidh, beidh sí comhtháite go dlúth le próiseas laethúil bainistithe phriacail na hinstitiúide agus úsáidfear í mar bhonn chun ►C12 neamhchosaint ◄ ar phriacal a thuairisciú don bhainistíocht shinsearach.
beidh aonad rialaithe riosca atá neamhspleách ar aonaid trádála gnó ag institiúid agus tuairisceoidh an t-aonad go díreach chun na bainistíochta sinsearaí; beidh an t-aonad sin:
freagrach as aon samhail inmheánach tomhaiste riosca, arna húsáid sa chur chuige malartach samhla inmheánaí chun críocha na Caibidle seo, a dhearadh agus a chur chun feidhme;
freagrach as an gcóras foriomlán bainistithe riosca;
freagrach as tuairiscí laethúla a tháirgeadh maidir le haschur aon samhla inmheánaí arna húsáid chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh, agus maidir le hoiriúnacht na mbeart a bheidh le déanamh i dtéarmaí teorainneacha trádála, agus as anailís a dhéanamh orthu.
Beidh an comhlacht bainistíochta agus an bhainistíocht shinsearach rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas rialaithe ►C12 riosca ◄ agus déanfar athbhreithniú ar na tuairiscí laethúla arna ndéanamh ag an aonad rialaithe ►C12 riosca ◄ ar leibhéal bainistíochta a mbeidh údarás leordhóthanach aige chun laghdú ar shuíomhanna arna nglacadh ag trádálaithe aonair a cheangal agus laghdú ar ►C12 neamhchosaint ◄ fhoriomlán na hinstitiúide ar phriacal a cheangal.
Beidh líon foirne leordhóthanach ag an institiúid a bhfuil na scileanna atá acu ar leibhéal is iomchuí maidir le sofaisticiúlacht na samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ a úsáidfear, agus líon foirne leordhóthanach a bhfuil scileanna acu sna réimsí trádála, rialaithe ►C12 riosca ◄ , iniúchta agus cúloifige.
Beidh tacar doiciméadaithe de bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú foriomlán a samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad.
Aon samhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ , lena n-áirítear aon samhail phraghsála, beidh cuntas teiste cruthaithe aige maidir le cruinneas réasúnach i ►C12 riosca ◄ a thomhas, agus ní bheidh difear suntasach ann idir an tsamhail sin agus na samhlacha a úsáideann an institiúid dá bainistíocht phriacail inmheánach.
Déanfaidh an institiúid dianchláir tástála struis go minic, lena n-áirítear tástálacha struis droim ar ais, lena gcuimseofar aon samhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ ; déanfaidh an bhainistíocht shinsearach athbhreithniú ar thorthaí na dtástálacha struis sin ar bhonn míosa ar a laghad agus beidh na torthaí i gcomhréir leis na beartais agus na teorainneacha atá faofa ag an gcomhlacht bainistíochta; déanfaidh an institiúid bearta iomchuí i gcás ina léireoidh torthaí na dtástálacha struis caillteanais iomarcacha a eascróidh as gnó na hinstitiúide maidir le trádáil faoi imthosca áirithe;
Déanfaidh an institiúid athbhreithniú neamhspleách ar a samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ , mar chuid dá próisis iniúchóireachta inmheánaí rialta, nó trí shainordú a thabhairt do ghnóthas tríú páirtí an t-athbhreithniú sin a dhéanamh, athbhreithniú a dhéanfar chun sástacht na n-údarás inniúil.
Déanfaidh aonad bailíochtaithe, ar aonad é atá ar leithligh ón aonad rialaithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), an bailíochtú tosaigh agus leanúnach ar aon samhail inmheánach tomhaiste riosca arna húsáid sa chur chuige malartach samhla inmheánaí chun críocha na Caibidle seo.
Chun críocha phointe (h) den chéad fhomhír, is gnóthas tríú páirtí é gnóthas a chuireann seirbhísí iniúchóireachta nó seirbhísí comhairliúcháin ar fáil d'institiúidí agus a bhfuil líon foirne aige a bhfuil a ndóthain scileanna acu sa réimse a bhaineann le ►C12 riosca ◄ margaidh i ngníomhaíochtaí trádála.
San áireamh san athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 beidh gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid rialaithe phriacail neamhspleách araon. Déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe ►C12 riosca ◄ ar a laghad uair amháin sa bhliain. Déanfar measúnú ar na nithe seo a leanas san athbhreithniú:
leordhóthanacht dhoiciméadú an chórais agus an phróisis bainistíochta ►C12 riosca ◄ agus eagrúchán an aonaid rialaithe phriacail;
bearta ►C12 riosca ◄ a chomhtháthú leis an mbainistíocht phriacail laethúil agus sláine an chórais faisnéise bainistíochta;
na próisis atá in úsáid ag an institiúid chun na samhlacha phraghsála ►C12 riosca ◄ agus córais luachála atá in úsáid ag pearsanra na hoifige tosaigh agus na cúloifige a fhormheas;
beachtas agus iomláine na sonraí suímh, beachtas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta agus comhghaoil, beachtas na ríomhanna luachála agus íogaireachta maidir le ►C12 riosca ◄ agus beachtas agus oiriúnacht maidir le soláthar ionadach sonraí sa chás nach leor na sonraí atá ar fáil chun an ceanglas a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh;
an próiseas fíoraithe atá in úsáid ag an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun aon cheann dá samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ a rith, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin;
an próiseas fíoraithe atá in úsáid ag an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar cheanglais chúltástála agus ar cheanglais aitreabúideachta brabúis agus caillteanais a dhéantar chun measúnú a dhéanamh ar bheachtas na samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ ;
i gcás go ndéanann gnóthas tríú páirtí an t-athbhreithniú i gcomhréir le pointe (h) de mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonann an fíorú a leagtar amach leis an bpróiseas bailíochtaithe inmheánach in Airteagal 325bj a chuspóirí.
Airteagal 325bj
Bailíochtú Inmheánach
Déanfaidh na hinstitiúidí an bailíochtú dá dtagraítear i mír 1 sna cúinsí seo a leanas:
nuair a dhéanfar aon samhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ a fhorbairt i dtosach agus nuair a dhéanfar aon athruithe suntasacha ar an tsamhail sin;
déanfar an bailíochtú freisin ar bhonn tráthúil agus i gcás ina mbeidh aon athruithe struchtúracha suntasacha sa mhargadh nó athruithe i gcomhdhéanamh na punainne a d'fhágfadh nach mbeadh an tsamhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ leordhóthanach a thuilleadh.
Ní bheidh bailíochtú ar na samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ a bhaineann le hinstitiúid teoranta do chúltástáil agus do cheanglais aitreabúideachta brabúis agus caillteanais, ach áireofar ar a laghad iad seo a leanas mar chuid de:
tástálacha lena fhíorú gur iomchuí aon toimhdí a dhéanfar laistigh den samhail inmheánach agus nach ndéanfar leo gannmheastachán nó rómheastachán ar an ►C12 riosca ◄ ;
tástálacha bailíochtaithe na n-institiúidí féin ar an tsamhail inmheánach, lena n-áirítear cúltástáil mar aon leis na cláir chúltástála rialála, maidir le ►C12 riosca ◄ agus struchtúir a bpunann;
úsáid a bhaint as punanna hipitéiseacha lena áirithiú gur féidir cuntas a thabhairt leis an tsamhail inmheánach tomhais ►C12 riosca ◄ ar ghnéithe struchtúracha ar leith a d'fhéadfadh teacht chun cinn, mar shampla ►C12 riosca ◄ ábhartha boinn agus ►C12 riosca ◄ comhchruinnithe nó na ►C12 riosca ◄ a bhaineann leis an úsáid a bhaintear as ionadaigh.
Airteagal 325bk
Beart ►C12 riosca ◄ maidir le cás struis a ríomh
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo le haghaidh gach fochatagóir leathan fachtóirí ►C12 riosca ◄ a liostaítear i dTábla 2 d'Airteagal 325bd a bhféadfaidh institiúidí a úsáid nuair nach féidir leo dianchás de shuaitheadh amach anseo a fhorbairt i gcomhréir le pointe (a) den fhomhír seo, nó a bhféadfaidh údaráis inniúla iarraidh ar an institiúid a chur i bhfeidhm mura bhfuil na húdaráis sin sásta leis an dianchás de shuaitheadh amach anseo arna fhorbairt ag an institiúid;
an chaoi a gcomhiomlánfaidh institiúidí na bearta ►C12 riosca ◄ maidir le cás struis d'fhachtóirí ►C12 riosca ◄ neamh-insamhaltaithe uile a áirítear ina suíomhanna leabhair trádála agus sna suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí nó ►C12 riosca ◄ tráchtearraí.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh ÚBE san áireamh an ceanglas go mbeidh leibhéal na gceanglas maidir le cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ margaidh an fhachtóra phriacail neamh-insamhaltaithe de réir mar a leagtar síos san Airteagal seo, go mbeidh sé chomh hard le leibhéal na gceanglas le haghaidh ►C12 riosca ◄ margaidh a dhéanfaí a ríomh faoin gCaibidil dá bhféadfaí an fachtóir sin a shamhaltú.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meán Fómhair 2020.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacad ►C12 riosca ◄ h i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 325bl
Raon feidhme na samhla inmheánaí maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana
Airteagal 325bm
Cead samhail inmheánach maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana a úsáid
Airteagal 325bn
Ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ mainneachtana trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana
Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ mainneachtana a ríomh trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana do phunann na suíomhanna uile leabhar trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bl mar seo a leanas:
beidh na ceanglais cistí dílse cothrom le huimhir luacha faoi phriacal lena ndéanfar tomhas ar chaillteanais a d'fhéadfadh a bheith ann i luach margaidh na punainne mar thoradh ar mhainneachtain eisiúnaithe a bhaineann leis na suíomhanna sin ag an eatramh muiníne 99.9 % thar thréimhse ionchasach bliana.
ciallaíonn an caillteanas a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtagraítear i bpointe (a) caillteanas díreach nó indíreach i luach margaidh an tsuímh mar thoradh ar mhainneachtain na n-eisiúnaithe agus ar caillteanas incriminteach é ar aon chaillteanais a chuirfear san áireamh roimhe sin i luacháil reatha an tsuímh; déanfar mainneachtain eisiúnaithe na suíomhanna cothromais a léiriú trí luach phraghsanna cothromais na n-eisiúnaithe a chur go nialas.
cinnfidh institiúidí na comhghaolta mainneachtana idir eisiúnaithe éagsúla bunaithe ar mhodheolaíocht atá fónta ar bhonn coincheapúil agus trí úsáid a bhaint as sonraí stairiúla oibiachtúla maidir le raonta difríochta creidmheasa margaidh nó praghsanna cothromais a chumhdaíonn tréimhse 10 mbliana ar a laghad lena n-áirítear an tréimhse struis arna sainiú ag an institiúid i gcomhréir le hAirteagal 325bc(2); déanfar ríomh na gcomhghaolta mainneachtana idir na heisiúnaithe éagsúla a chalabrú do thréimhse ionchasach bliana.
beidh an tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana bunaithe ar thoimhde suímh sheasta bliana.
Airteagal 325bo
Fálú a aithint i samhail inmheánach maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana
Áiritheoidh institiúidí nach ndéantar riosca a mheas ró-íseal mar thoradh ar aisioncronacht aibíochta idir ionstraim fálaithe agus an ionstraim atá fálaithe a d’fhéadfadh tarlú le linn tréimhse ionchasach bliana, i gcás nach ngabhtar na aisioncronachtaí sin ina samhail inmheánach i gcomhair riosca mainneachtana.
Ní aithneoidh institiúidí ionstraim fálaithe ach a mhéid is féidir é a chothabháil fiú amháin nuair atá an féichiúnaí ag druidim le teagmhas creidmheasa nó teagmhas eile.
Airteagal 325bp
Ceanglais shonracha maidir le samhail inmheánach maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana
Chun mainneachtain na n-eisiúnaithe a ionsamhlú sa tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana, comhlíonfaidh meastacháin na hinstitiúide ar dhóchúlachtaí mainneachtana na ceanglais seo a leanas:
socrófar íosteorainn le haghaidh na ndóchúlachtaí mainneachtana ag an ráta 0,01 % i gcás neamhchosaintí a gcuirtear ualú riosca 0 % i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagail 114 go 118 agus 0,01 % i gcás bannaí faoi chumhdach a gcuirtear ualú riosca 10 % i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 129; in aon chás eile, socrófar íosteorainn na ndóchúlachtaí mainneachtana ar ráta 0,03 %;
bunófar na dóchúlachtaí mainneachtana ar thréimhse ionchasach bliana, mura luaitear a mhalairt sa Roinn seo;
chun dóchúlachtaí mainneachtana a thomhas, úsáidfear sonraí maidir le mainneachtana a tharla san am atá caite agus meathlú móra i bpraghsanna margaidh atá coibhéiseach le teagmhais mhainneachtana, ó thréimhse a théann siar cúig bliana ar a laghad, agus na sonraí sin amháin, nó úsáidfear na sonraí sin i dteannta le praghsanna margaidh reatha; ní bhunófar dóchúlachtaí mainneachtana ar phraghsanna margaidh reatha amháin;
i gcás institiúid ar tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, le haghaidh na haicme neamhchosanta agus an chórais rátála a chomhfhreagraíonn d’eisitheoir áirithe, úsáidfidh sí an mhodheolaíocht a leagtar amach ansin chun dóchúlachtaí mainneachtana an eisitheora sin a ríomh, ar choinníoll go bhfuil fáil ar na sonraí le haghaidh an mheastacháin sin;
i gcás institiúid nár tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana dá dtagraítear i bpointe (d), forbróidh sí modheolaíocht inmheánach nó úsáidfidh sí foinsí seachtracha chun meastachán a dhéanamh ar na dóchúlachtaí mainneachtana sin go comhsheasmhach leis na ceanglais is infheidhme maidir le meastacháin ar dhóchúlachtaí mainneachtana faoin Airteagal seo.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), tá fáil ar na sonraí chun meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana eisitheora áirithe suíomh leabhair trádála i gcás ina bhfuil, ar dháta an ríomha, suíomh leabhair neamhthrádála ag an institiúid i leith an oibleagáideora chéanna a measann sí dóchúlachtaí mainneachtana lena aghaidh i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, chun a ceanglais cistí dílse a leagtar amach sa Chaibidil sin a ríomh.
Chun mainneachtain na n-eisiúnaithe a ionsamhlú sa tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana, comhlíonfaidh meastacháin na hinstitiúide ar chaillteanas i gcás mainneachtana na ceanglais seo a leanas:
socrófar na meastacháin caillteanais i gcás mainneachtana ag an ráta 0 %;
léireoidh na meastacháin caillteanais i gcás mainneachtana sinsearacht gach suímh;
i gcás institiúid ar tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar LGD i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, le haghaidh na haicme neamhchosanta agus an chórais rátála a chomhfhreagraíonn do neamhchosaint áirithe, úsáidfidh sí an mhodheolaíocht a leagtar amach ansin chun meastacháin LGD an eisitheora sin a ríomh, ar choinníoll go bhfuil fáil ar shonraí le haghaidh an mheastacháin sin;
i gcás institiúid nár tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar LGD dá dtagraítear i bpointe (c), forbróidh sí modheolaíocht inmheánach nó úsáidfidh sí foinsí seachtracha chun meastachán a dhéanamh ar LGD go comhsheasmhach leis na ceanglais a bhfuil feidhm leo maidir le meastacháin ar LGD faoin Airteagal seo.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), tá fáil ar na sonraí chun meastachán a dhéanamh ar LGD eisitheora áirithe suímh leabhair trádála i gcás ina bhfuil, ar dháta an ríomha, suíomh leabhair neamhthrádála ag an institiúid i leith an oibleagáideora chéanna a measann sí dóchúlachtaí mainneachtana lena aghaidh i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, chun a ceanglais cistí dílse a leagtar amach sa Chaibidil sin a ríomh.
Mar chuid den athbhreithniú agus den bhailíochtú neamhspleách ar na samhlacha inmheánacha a úsáideann siad chun críocha na Caibidle seo, lena n-áirítear ar an gcóras tomhais phriacail, déanfaidh institiúidí an méid a leanas:
a fhíorú go bhfuil a gcur chuige i leith shamhaltú na gcomhghaolta agus na n-athruithe i bpraghsanna oiriúnach dá bpunann, lena n-áirítear rogha agus ualaí na bhfachtóirí ►C12 riosca ◄ córasacha sa tsamhail;
tástálacha struis éagsúla a dhéanamh, lena n-áirítear anailísí íogaireachta agus anailísí ar chásanna, chun réasúntacht chainníochtúil agus cháilíochtúil na samhla inmheánaí maidir leis an ►C12 riosca ◄ mainneachtana a mheasúnú, go háirithe maidir le láimhseáil comhchruinnithe; agus
bailíochtú cainníochtúil iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear tagarmharcanna samhaltaithe inmheánacha iomchuí.
Na tástálacha dá dtagraítear i bpointe (b), ní bheidh siad teoranta don réimse teagmhas a tharla san am atá caite.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meán Fómhair 2020.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 2
Ceanglais na gcistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ an tsuímh
Airteagal 326
Ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ an tsuímh
Beidh ceanglais cistí dílse na hinstitiúide le haghaidh ►C9 riosca ◄ an tsuímh cothrom le suim na gceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ ginearálta agus sonrach a suímh laistigh d'ionstraimí fiachais agus cothromais. Láimhseálfar suímh urrúsúcháin sa leabhar trádála mar ionstraimí fiachais.
Airteagal 327
Glanluacháil
Airteagal 328
Todhchaíochtaí ráta úis agus réamhchonarthaí
Airteagal 329
Roghanna agus barántais
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 330
Babhtálacha
Láimhseálfar le babhtálacha chun críocha ►C9 riosca ◄ an ráta úis ar an mbonn céanna is a láimhseáiltear le hionstraimí ar an gclár comhardaithe. Dá bhrí sin, i gcás babhtála ráta úis faoina bhfaigheann institiúid ús de réir ráta chomhlúthaigh agus faoina n-íocann sí ús de réir ráta sheasta, láimhseálfar í amhail is dá mbeadh sí coibhéiseach le suíomh fada in ionstraim ráta chomhlúthaigh a bhfuil aibíocht aici atá coibhéiseach leis an tréimhse go dtí go socrófar ús an chéad uair eile agus le suíomh gearr in ionstraim ráta sheasta a bhfuil an aibíocht chéanna aici is atá ag an mbabhtáil féin.
Airteagal 331
►C9 Riosca ◄ ráta úis ar ionstraimí díorthacha
Féadfaidh institiúidí nach n-úsáideann samhlacha faoi mhír 1, suímh laistigh d'ionstraimí díorthacha a chumhdaítear in Airteagail 328 go 330 agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas ar a laghad a láimhseáil mar shuímh lán-fhritháirimh:
tá an luach céanna ar na suímh agus tá siad ainmnithe san airgeadra céanna;
tá an ráta tagartha (i gcás suímh ráta chomhlúthaigh) nó an cúpón (i gcás suímh ráta sheasta) comhoiriúnaithe go dlúth;
freagraíonn an chéad dáta eile chun ús a shocrú, nó i gcas suímh chúpóin sheasta, an aibíocht iarmhair, do na srianta seo a leanas:
níos lú ná mí amháin agus dá bhrí sin: an lá céanna;
idir mí amháin agus bliain amháin agus dá bhrí sin: laistigh de sheacht lá;
níos mó ná bliain amháin agus dá bhrí sin: laistigh de 30 lá.
Airteagal 332
Díorthaigh chreidmheasa
Nuair atá ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ ginearálta agus ►C9 riosca ◄ sonrach an pháirtí sin a ghlacann an ►C9 riosca ◄ creidmheasa (“díoltóir na cosanta”) á ríomh, mura sonraítear a mhalairt, úsáidfear méid barúlach an chonartha díorthach creidmheasa. D'ainneoin na chéad abairte, féadfaidh an institiúid rogha a dhéanamh an luach barúlach móide an t-athrú i margadhluach glan an díorthaigh chreidmheasa ó thráth tionscanta na trádála, arb ionann é agus athrú glan síos ó thaobh dhíoltóir na cosanta de agus a mbeadh comhartha diúltach air, a chur in ionad an luacha bharúlaigh. Ar mhaithe leis an muirear um ►C9 riosca ◄ sonrach a ríomh, seachas i gcás babhtálacha an toraidh iomláin, beidh feidhm ag aibíocht an chonartha díorthach creidmheasa, seachas ag aibíocht na hoibleagáide. Déantar suímh a chinneadh mar seo a leanas:
cruthaíonn babhtáil an toraidh iomláin suíomh fada i ►C9 riosca ◄ ginearálta na hoibleagáide tagartha mar aon le suíomh gearr i ►C9 riosca ◄ ginearálta an bhanna rialtais a bhfuil aibíocht aige atá coibhéiseach leis an tréimhse go dtí an chéad uair eile a shocrófar ús agus a sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dó faoi Theideal II, Caibidil 2. Cruthaíonn sí suíomh fada freisin i ►C9 riosca ◄ sonrach na hoibleagáide tagartha;
ní chruthaíonn babhtáil mainneachtana creidmheasa suíomh i gcomhair ►C9 riosca ◄ ghinearálta. Chun críocha ►C9 riosca ◄ shonraigh, déanfaidh an institiúid suíomh fada sintéiseach a thaifeadadh in oibleagáid an eintitis tagartha, ach amháin sa chás go bhfuil rátáil sheachtrach á déanamh ar an díorthach agus comhlíonann sé na coinníollacha maidir le hítim féich cháilithigh, agus sa chás sin taifeadtar suíomh fada sa díorthach. Má tá íocaíochtaí préimhe nó úis dlite faoin toradh, déanfar na sreabha airgid sin a léiriú mar shuímh bharúlacha i mbannaí rialtais;
cruthaíonn nóta creidmheas-nasctha aonainm suíomh fada i ►C9 riosca ◄ ginearálta an nóta féin, mar tháirge ráta úis. Chun críche ►C9 riosca ◄ shonraigh, cruthaítear suíomh fada sintéiseach in oibleagáid an eintitis tagartha. Cruthaítear suíomh fada breise in eisitheoir an nóta. I gcás ina bhfuil rátáil sheachtrach ag nóta creidmheas-nasctha agus ina gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir le hítim féich cháilithigh, ní gá ach suíomh fada aonair mar aon le ►C9 riosca ◄ sonrach an nóta a thaifeadadh;
chomh maith le suíomh fada i ►C9 riosca ◄ sonrach eisitheoir an nóta, cruthaíonn nóta creidmheas-nasctha il-ainmneacha a sholáthraíonn cosaint chomhréireach suíomh laistigh de gach eintiteas tagartha, agus méid barúlach iomlán an chonartha sannta do na suímh de réir an chion den mhéid barúlach iomlán atá in ionannas le gach ►C9 neamhchosaint ◄ ar eintiteas tagartha. I gcás inar féidir níos mó ná oibleagáid amháin de chuid eintitis tagartha a roghnú, is de réir na hoibleagáide ag a bhfuil an ►C9 t-ualach riosca ◄ is airde a chinntear an ►C9 riosca ◄ sonrach.
cruthaíonn díorthach creidmheasa don chéad sócmhainn a mhainníonn suíomh don mhéid barúlach in oibleagáid gach aon eintiteas tagartha. I gcás ina bhfuil uasmhéid na híocaíochta i leith teagmhas creidmheasa níos ísle ná an ceanglas cistí dílse faoin modh sin a luaitear sa chéad abairt den phointe seo, féadfar an méid sin a ghlacadh mar an gceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ shonraigh.
Cruthaíonn díorthach creidmheasa don n-ú sócmhainn a mhainníonn suíomh don mhéid barúlach in oibleagáid gach aon eintitis tagartha lúide na heintitis tagartha n-1 a bhfuil an ceanglas cistí dílse is ísle le haghaidh ►C9 riosca ◄ shonraigh acu. I gcás ina bhfuil uasmhéid na híocaíochta i leith teagmhas creidmheasa níos ísle ná an ceanglas cistí dílse faoin modh sin a luaitear sa chéad abairt den phointe seo, féadfar an méid sin a ghlacadh mar an ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ shonraigh.
I gcás ina ndéantar rátáil sheachtrach ar dhíorthach creidmheasa don n-ú mainneachtain, ríomhfaidh díoltóir na cosanta an ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ shonraigh ag baint leasa as rátáil an díorthaigh agus cuirfidh sé na hualuithe ►C9 riosca ◄ urrúsúcháin faoi seach i bhfeidhm de réir mar is infheidhme;
Airteagal 333
Urrúis arna ndíol faoi chomhaontú athcheannaigh nó arna n-iasachtú
AisTreoir na n-urrús nó na gceart faoi ráthaíocht a bhaineann le teidlíocht chun urrús i gcomhaontú athcheannaigh, agus iasachtóir na n-urrús in iasachtú urrús, cuirfidh siad na hurrúis sin ar áireamh agus ceanglas cistí dílse a ríomh faoin gCaibidil seo ar choinníoll gur suímh sa leabhar trádála iad na hurrúis sin.
Airteagal 334
Glansuímh in ionstraimí fiachais
Déanfar glansuímh a aicmiú de réir an airgeadra ina bhfuil siad ainmnithe agus ríomhfaidh siad an ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ ghinearálta agus ►C9 riosca ◄ shonraigh i ngach airgeadra aonair ar leithligh.
Airteagal 335
Uasteorainn ar an gceanglas cistí dílse le haghaidh glansuímh
Féadfaidh an institiúid uasteorainn a chur ar an gceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ sonrach an ghlansuímh in ionstraim fiachais ar uasleibhéal féideartha an chaillteanais a bhaineann le ►C9 riosca ◄ mainneachtana. I gcás suímh ghearr, is féidir an teorainn sin a ríomh mar athrú i luach toisc gur tháinig an ionstraim nó, i gcás inarb iomchuí sin, na hainmneacha foluiteach chun bheith saor ó ►C9 riosca ◄ mainneachtana láithreach.
Airteagal 336
Ceanglas cistí dílse le haghaidh ionstraimí fiachais nach ionstraimí urrúsúcháin iad
Déanfaidh an institiúid a glansuímh sa leabhar trádála in ionstraimí nach suímh urrúsúcháin iad arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 327 a shannadh do na catagóirí iomchuí i dTábla 1 ar bhonn a n-eisitheora nó a n-oibleagáideora, ar bhonn a measúnaithe creidmheasa inmheánaigh nó sheachtraigh, agus ar bhonn a n-aibíochta iarmhair, agus ansin déanfaidh sí iad a iolrú faoi na hualuithe a thaispeántar sa tábla sin. Suimeoidh sí a suímh ualaithe a thig ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo, is cuma más suímh fhada nó suímh ghearra iad, d'fhonn a ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ shonraigh a ríomh.
Tábla 1
|
Catagóirí |
ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ shonraigh |
|
Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9 ualach riosca ◄ 0 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9 riosca ◄ creidmheasa |
0 % |
|
Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9 ualach riosca ◄ 20 % nó 50 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9 riosca ◄ creidmheasa agus ítimí cáilitheacha eile arna sainiú i mír 4. |
0,25 % (tréimhse iarmharach sé mhí nó níos lú go dtí aibíocht deiridh) 1.00 % (tréimhse iarmharach níos mó ná sé mhí agus suas go dtí 24 mí, agus é sin san áireamh, go dtí aibíocht deiridh) 1,60 % (téarma iarmharach níos mó ná 24 mí go dtí aibíocht) |
|
Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9 ualach riosca ◄ 100 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9 riosca ◄ creidmheasa |
8,00 % |
|
Urrúis fiachais a gheobhadh ►C9 ualach riosca ◄ 150 % faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9 riosca ◄ creidmheasa |
12,00 % |
I measc na n-ítimí cáilitheacha eile tá:
suímh fhada agus ghearra i sócmhainní nach bhfuil measúnú creidmheasa ó IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, agus a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
measann an institiúid lena mbaineann go bhfuil siad sách leachtach;
tá an cháilíocht infheistíochta atá acu, de réir bhreithiúnas na hinstitiúide féin, ar a laghad coibhéiseach le cáilíocht infheistíochta na sócmhainní dá dtagraítear faoi Thábla 1 dara sraith;
tá siad liostaithe ar mhargadh rialáilte amháin ar a laghad i mBallstát nó ar stocmhalartán i dtríú tír ar choinníoll go n-aithníonn údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha an malartán;
suímh fhada agus ghearra i sócmhainní arna n-eisiúint ag institiúidí faoi réir na gceanglas cistí dílse atá leagtha amach sa Rialachán seo a mheasann an institiúid lena mbaineann go bhfuil siad sách leachtach agus a bhfuil cáilíocht infheistíochta acu, de réir bhreithiúnas na hinstitiúide féin, atá coibhéiseach ar a laghad le cáilíocht infheistíochta na sócmhainní dá dtagraítear faoi Thábla 1 dara sraith;
urrúis arna n-eisiúint ag institiúidí a mheastar a bheith de cháilíocht chreidmheasa atá coibhéiseach leis an gcáilíocht chreidmheasa, nó níos airde ná é, a bhaineann le céim 2 den cháilíocht chreidmheasa faoin gCur chuige Caighdeánaithe maidir le ►C9 riosca ◄ creidmheasa na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar institiúidí agus atá faoi réir socruithe maoirseachta agus rialála atá inchomparáide leis na socruithe faoin Rialachán seo agus faoi Threoir 2013/36/AE.
Beidh modheolaíocht dhoiciméadaithe i bhfeidhm ag institiúidí a bhaineann leas as pointe (a) nó pointe (b) chun measúnú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann na sócmhainní na ceanglais sna pointí sin, agus cuirfidh siad an mhodheolaíocht sin in iúl do na húdaráis inniúla.
Airteagal 337
Ceanglas cistí dílse le haghaidh ionstraimí urrúsúcháin
I gcás nach gcomhlíonann institiúid tionscnóra d’urrúsú sintéiseach na coinníollacha maidir le haistriú priacail shuntasaigh a leagtar amach in Airteagal 245, áireoidh an institiúid tionscnóra, agus na ceanglais cistí dílse á ríomh, na risíochtaí a fholuíonn an t-urrúsú amhail is nach ndearnadh na risíochtaí sin a urrúsú agus déanfaidh sí neamhaird de thionchar an urrúsaithe shintéisigh chun críocha cosaint chreidmheasa.
Airteagal 338
Ceanglas cistí dílse le haghaidh na punainne trádála comhghaoil
Socróidh institiúid an ceann is mó de na méideanna seo a leanas mar cheanglas cistí dílse i dtaca le riosca sonrach i gcás na punainne trádála comhghaoil:
an ceanglas cistí dílse iomlán i dtaca le riosca sonrach a mbeadh feidhm aige maidir le glansuíomhanna fada na punainne trádála comhghaoil agus leo sin amháin;
an ceanglas cistí dílse iomlán i dtaca le riosca sonrach a mbeadh feidhm aige maidir le glansuíomhanna gearra na punainne trádála comhghaoil agus leo sin amháin.
Airteagal 339
►C9 Riosca ◄ ginearálta a ríomh bunaithe ar aibíocht
Ríomhfaidh an institiúid iomláin na suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú i gcomhair na mbandaí atá ar áireamh i ngach aon cheann de na criosanna i dTábla 2 d'fhonn an suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú a fháil i gcomhair gach creasa. Ar an gcaoi chéanna, déanfar suim na suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú i gcomhair gach aon bhanda i gcrios áirithe a shuimiú chun an suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú a ríomh le haghaidh an chreasa sin. Beidh an chuid sin den suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú do chrios áirithe atá comhoiriúnaithe leis an suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú le haghaidh an chreasa chéanna cothrom leis an suíomh ualaithe comhoiriúnaithe le haghaidh an chreasa sin. Beidh an chuid sin den suíomh fada ualaithe gan chomhoiriúnú nó den suíomh gearr ualaithe gan chomhoiriúnú i gcomhair creasa nach féidir a chomhoiriúnú amhlaidh cothrom leis an suíomh ualaithe gan chomhoiriúnú i comhair an chreasa sin.
Tábla 2
|
Crios |
Banda aibíochta |
Ualú (%) |
Athruithe toimhdithe ar rátaí úis (%) |
|
|
Cúpón 3 % nó níos mó |
Cúpón 3 % nó níos lú |
|||
|
Uimhir a haon |
0 ≤ 1 mhí |
0 ≤ 1 mhí |
0,00 |
— |
|
1 ≤ 3 mhí |
1 ≤ 3 mhí |
0,20 |
1,00 |
|
|
3 ≤ 6 mhí |
3 ≤ 6 mhí |
0,40 |
1,00 |
|
|
6 ≤ 12 mhí |
6 ≤ 12 mhí |
0,70 |
1,00 |
|
|
Uimhir a dó |
> 1 ≤ 2 bliana |
> 1.0 ≤ 1.9 bliana |
1,25 |
0,90 |
|
> 2 ≤ 3 bliana |
> 1.9 ≤ 2.8 bliana |
1,75 |
0,80 |
|
|
> 3 ≤ 4 bliana |
> 2.8 ≤ 3.6 bliana |
2,25 |
0,75 |
|
|
Uimhir a trí: |
> 4 ≤ 5 bliana |
> 3.6 ≤ 4.3 bliana |
2,75 |
0,75 |
|
> 5 ≤ 7 bliana |
> 4.3 ≤ 5.7 bliana |
3,25 |
0,70 |
|
|
> 7 ≤ 10 bliana |
> 5.7 ≤ 7.3 bliana |
3,75 |
0,65 |
|
|
> 10 ≤ 15 bliana |
> 7.3 ≤ 9.3 bliana |
4,50 |
0,60 |
|
|
> 15 ≤ 20 bliana |
> 9.3 ≤ 10.6 bliana |
5,25 |
0,60 |
|
|
> 20 bliana |
> 10,6 ≤ 12,0 bliana |
6,00 |
0,60 |
|
|
|
> 12.0 ≤ 20,0 bliana |
8,00 |
0,60 |
|
|
|
> 20 bliana |
12,50 |
0,60 |
|
Déanfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide a ríomh mar shuim:
10 % de shuim na suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i ngach banda aibíochta;
40 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i gcrios a haon;
30 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i gcrios a dó;
30 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe i gcrios a trí;
40 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir criosanna a haon agus a dó agus idir criosanna a dó agus a trí;
150 % den suíomh ualaithe comhoiriúnaithe idir criosanna a haon agus a trí;
100 % de na suímh ualaithe iarmharacha gan chomhoiriúnú.
Airteagal 340
►C9 Riosca ◄ ginearálta a ríomh bunaithe ar fhad tréimhse
Ina dhiaidh sin, ríomhfaidh an institiúid fad tréimhse leasaithe gach ionstraime fiachais ar bhonn na foirmle seo a leanas: sa mhéid gurb iad seo a leanas na noda:
nuair atá:
|
D |
= |
fad tréimhse arna ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
Ceartófar ríomh na tréimhse leasaithe i gcás ionstraimí fiachais atá faoi réir ►C9 riosca ◄ réamhíocaíochta. Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an tslí ina gcuirtear ceartúcháin den chineál sin i bhfeidhm.
Leithdháilfidh an institiúid gach ionstraim fiachais ar an gcrios iomchuí i dTábla 3. Déanfaidh sé é sin ar bhonn fhad tréimhse leasaithe gach ionstraime.
Tábla 3
|
Crios |
Marthanacht leasaithe (blianta) |
Ús toimhdithe (athrú de réir %) |
|
Uimhir a haon |
> 0 ≤ 1,0 |
1,0 |
|
Uimhir a dó |
> 1,0 ≤ 3,6 |
0,85 |
|
Uimhir a trí: |
> 3,6 |
0,7 |
Ríomhfaidh an institiúid na suímh gan chomhoiriúnú atá ualaithe ó thaobh faid tréimhse do gach aon chrios. Ansin leanfaidh sí na nósanna imeachta maidir le suímh ualaithe gan chomhoiriúnú atá leagtha síos in Airteagal 339(5) go (8).
Ríomhfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide mar shuim na méideanna seo a leanas:
2 % den suíomh comhoiriúnaithe ualaithe ó thaobh faid tréimhse do gach aon chrios;
40 % de na suímh chomhoiriúnaithe ualaithe ó thaobh faid tréimhse idir criosanna a haon agus a dó agus idir criosanna a dó agus a trí;
150 % den suíomh comhoiriúnaithe ualaithe ó thaobh faid tréimhse idir criosanna a haon agus a trí;
100 % de na suímh iarmharacha gan chomhoiriúnú, ualaithe ó thaobh faid tréimhse.
Airteagal 341
Glansuímh in ionstraimí fiachais
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Eanáir 2014.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 342
►C9 Riosca ◄ sonrach ionstraimí cothromais
Déanfaidh an institiúid a suíomh comhlán foriomlán a iolrú faoi 8 % d'fhonn a ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ shonraigh a ríomh.
Airteagal 343
►C9 Riosca ◄ ginearálta ionstraimí cothromais
Beidh an ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ ghinearálta cothrom le glansuíomh foriomlán na hinstitiúide arna iolrú faoi 8 %.
Airteagal 344
Innéacsanna stoic
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 345
Glansuímh a laghdú
I gcás ina bhfrithghealltar fiachas agus ionstraimí cothromais, féadfaidh institiúid leas a bhaint as an nós imeachta seo a leanas chun a ceanglais cistí dílse a ríomh. Ríomhfaidh an institiúid a glansuímh ar dtús trí na suímh fhrithgheallta atá suibscríofa nó fo-fhrithgheallta ag tríú páirtithe ar bonn comhaontuithe foirmiúla a asbhaint. Laghdóidh an institiúid na glansuímh ansin de réir na bhfachtóirí laghdaithe i dTábla 4 agus ríomhfaidh sí a ceanglais cistí dílse ag úsáid na suímh fhrithgheallta laghdaithe.
Tábla 4
|
lá oibre 0: |
100 % |
|
lá oibre 1: |
90 % |
|
laethanta oibre 2 go 3: |
75 % |
|
lá oibre 4: |
50 % |
|
lá oibre 5: |
25 % |
|
i ndiaidh lá oibre 5: |
0 %. |
Is éard a bheidh i “lá oibre a náid” an lá oibre ar a dtabharfaidh an institiúid gealltanas gan choinníoll glacadh le líon áirithe urrús ar phraghas comhaontaithe.
Airteagal 346
Lamháltas le haghaidh fálú ag díorthaigh chreidmheasa
Tabharfar lamháltas iomlán nuair a ghluaiseann luachanna an dá chéim ar malairt treonna agus má ghluaiseann siad an méid céanna i gcónaí tríd is tríd. Beidh an scéal amhlaidh sna cásanna seo a leanas:
ionstraimí atá comhionann le chéile go hiomlán atá sa dá chéim;
tá suíomh fada airgid fálaithe ag babhtáil ráta toraidh iomlán (nó vice versa) agus tá an oibleagáid tagartha comhoiriúnaithe go cruinn leis an ►C9 neamhchosaint ◄ fholuitheach (i.e. an suíomh airgid). D'fhéadfadh aibíocht na babhtála féin a bheith éagsúil ó aibíocht na ►C9 neamhchosanta ◄ foluiteach.
Sna cásanna sin, ní chuirfear ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ shonraigh i bhfeidhm maidir le ceachtar taobh den suíomh.
Tabharfar lamháltas páirteach, sna cásanna seo a leanas, in éagmais na gcásanna i mír 3 agus mír 4:
tagann an suíomh faoi mhír 3(b) ach tá neamhréir sócmhainní ann idir an oibleagáid tagartha agus an ►C9 neamhchosaint ◄ fholuiteach. Mar sin féin, comhlíonann na suímh na ceanglais seo a leanas:
tá an oibleagáid tagartha ar chomhchéim nó ar chéim níos sóisearaí ná an noibleagáid foluiteach;
tá an t-oibleagáideoir céanna ag an oibleagáid foluiteach agus ag an oibleagáid tagartha agus tá clásail um thrasmhainneachtain nó clásail um thras-luathú iontu atá infheidhme le dlí;
tagann an suíomh faoi mhír 3(a) nó faoi mhír 4 ach tá neamhréir airgeadra nó aisioncronacht aibíochta ann idir an chosaint chreidmheasa agus an sócmhainn fholuiteach. Áireofar neamhréir airgeadra den chineál sin sa cheanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ malairte eachtraí;
tagann an suíomh faoi mhír 4 ach tá neamhréir sócmhainní ann idir an suíomh airgid agus an díorthach creidmheasa. Mar sin féin, tá an sócmhainn fholuiteach ar áireamh sna hoibleagáidí (inseachadta) i ndoiciméadacht an díorthaigh chreidmheasa.
D'fhonn lamháltas páirteach a thabhairt, seachas na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ shonraigh a chur le gach taobh den idirbheart, ní bheidh feidhm ach ag an gceann is airde den dá cheanglas cistí dílse.
Airteagal 347
Lamháltas le haghaidh fálú ag díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain agus don n-ú mainneachtain
I gcás na ndíorthach creidmheasa don chéad mhainneachtain agus na ndíorthach creidmheasa don n-ú mainneachtain, beidh feidhm ag an láimhseáil seo a leanas maidir leis an lamháltas a bheidh le tabhairt i gcomhréir le hAirteagal 346:
i gcás ina bhfaigheann institiúid cosaint chreidmheasa i gcomhair roinnt eintiteas tagartha fholuiteach díorthach creidmheasa faoi théarmaí lena sanntar go ndéanfar íocaíocht a luaithe is a tharlaíonn an chéad mhainneachtain agus go gcuirfidh an teagmhas creidmheasa sin deireadh leis an gconradh, féadfaidh an institiúid fritháireamh a dhéanamh ar ►C9 riosca ◄ sonrach an eintitis tagartha sin lena bhfuil feidhm ag an muirear céatadáin is ísle um ►C9 riosca ◄ sonrach i measc na n-eintiteas tagartha foluiteach i gcomhréir le Tábla 1 in Airteagal 336;
i gcás ina spreagfar íocaíocht maidir le cosaint chreidmheasa a luaithe a tharlaíonn an n-ú mainneachtain sna ►C9 neamhchosaintí ◄ , ní fhéadfaidh ceannaitheoir na cosanta an ►C9 riosca ◄ sonrach sin a fhritháireamh ach amháin más rud é go bhfuil cosaint faighte chomh maith i gcomhair mainneachtainí 1 go n-1 nó má tá n-1 mainneachtain tarlaithe cheana féin. I gcásanna den sórt sin, leanfar den mhodheolaíocht a leagtar amach i bpointe (a) maidir le díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain arna leasú mar is iomchuí i gcomhair táirgí don n-ú mainneachtain.
Airteagal 348
Ceanglais cistí dílse le haghaidh GCanna
Airteagal 349
Critéir ghinearálta maidir le GCanna
Beidh GCanna incháilithe don chur chuige atá leagtha amach in Airteagal 350, i gcás ina mbeidh na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta:
beidh siad seo a leanas go léir le fáil i réamheolaire an GC nó i ndoiciméad coibhéiseach:
catagóirí na sócmhainní a bhfuil an GC údaraithe infheistíocht a dhéanamh iontu;
na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;
i gcás ina gceadaítear luamhánú, an t-uasleibhéal luamhánaithe;
i gcás ina gceadaítear idirbhearta díorthach creidmheasa thar an gcuntar nó idirbhearta athcheannaigh, nó iasachtú nó iasachtaíocht urrús a thabhairt i gcrích, beartas chun teorainn a chur le ►C9 riosca ◄ contrapháirtí a eascraíonn as na hidirbhearta sin;
déanfar gnó an GC a thuairisciú i dtuarascálacha leathbhliantúla agus bliantúla chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar na sócmhainní agus ar na dliteanais, ar ioncam agus ar oibríochtaí thar an tréimhse tuairiscithe;
is féidir scaireanna nó aonaid an GC a fhuascailt in airgead tirim, as sócmhainní an ghnóthais, ar bhonn laethúil arna iarraidh sin ag sealbhóir an aonaid;
coinneofar infheistíochtaí sa GC scartha ó shócmhainní bhainisteoir an GC;
déanfaidh an institiúid infheistíochta measúnú ►C9 riosca ◄ sásúil ar an GC;
daoine a ndéanfar maoirseacht i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó i gcomhréir le reachtaíocht choibhéiseach orthu a bheidh ina mbainisteoirí ar GCanna.
Airteagal 350
Modhanna sonracha i gcomhair GCanna
Féadfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ an tsuímh a ríomh, arb éard a bheidh ann ►C9 riosca ◄ sonrach agus ►C9 riosca ◄ ginearálta, le haghaidh suíomh in GCanna trí ghlacadh leis go bhfuil suímh ann arb ionann iad agus na suímh sin atá riachtanach chun aithris a dhéanamh ar chomhdhéanamh agus ar fheidhmíocht an innéacs atá ginte go seachtrach nó an bhascaeid sheasta de chothromas nó d'urrús fiachais dá dtagraítear i bpointe (a) thíos, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
is é cuspóir do shainordú an GC aithris a dhéanamh ar chomhdhéanamh agus ar fheidhmíocht innéacs atá ginte go seachtrach nó bascaeid sheasta de chothromas nó d'urrúis fiachais;
is féidir a léiriú go soiléir thar thréimhse sé mhí ar a laghad go bhfuil comhéifeacht chomhghaoil íosta 0.9 idir an toradh laethúil ar an GC agus an t-innéacs nó an bascaed de chothromas nó d'urrúis fiachais a rianaíonn sé.
I gcás nach bhfuil an institiúid ar an eolas faoi infheistíochtaí foluiteacha an GC ar bhonn laethúil, féadfaidh an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ an tsuímh a ríomh, arb éard a bheidh ann, ►C9 riosca ◄ sonrach agus ►C9 riosca ◄ ginearálta, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
glacfar leis go n-infheistíonn an GC ar dtús go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina shainordú sna haicmí sócmhainní sin a bhfuil an ceanglas cistí dílse is airde ag baint leo i leith ►C9 riosca ◄ shonraigh agus ►C9 riosca ◄ ghinearálta ar leithligh, agus ansin go leanann sé ar aghaidh ag infheistiú in ord íslitheach go dtí go mbainfear an teorainn uasta amach maidir le hinfheistíocht iomlán. Is mar shealúchas díreach sa suíomh a glacadh a láimhseálfar an suíomh sa GC;
cuirfidh institiúidí san áireamh an ►C9 neamhchosaint ◄ indíreach is airde a d'fhéadfaidís a bhaint amach trí shuímh luamhánaithe a ghlacadh tríd an GC nuair atá a gceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ shonraigh agus ►C9 riosca ◄ ghinearálta á ríomh ar leithligh acu, tríd an suíomh sa GC a mhéadú go comhréireach suas go dtí an ►C9 neamhchosaint ◄ uasta ar na hítimí infheistíochta foluiteacha a thig ón sainordú;
Féadfaidh institiúidí dul i muinín na dtríú páirtithe seo a leanas chun ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ an tsuímh i gcás suíomh in GCanna a thagann faoi réim mhír 1 go mír 4 a ríomh agus a thuairisciú, i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo:
taisclann an GC ar choinníoll go n-infheistíonn an GC in urrúis amháin agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce sa taisclann seo;
i gcás GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir a leagtar amach in Airteagal 132(3)(a).
Deimhneoidh iniúchóir seachtrach go bhfuil an ríomh cruinn.
CAIBIDIL 3
Ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ malairte eachtraí
Airteagal 351
De minimis agus ualú maidir le riosca malairte eachtraí
Más mó ná 2 % d'iomlán a cistí dílse suim ghlansuíomh foriomlán na hinstitiúide in airgeadra eachtrach agus ghlansuíomh óir na hinstitiúide, arna ríomh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 352, ríomhfaidh an institiúid ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí. Beidh an ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí cothrom le suim a glansuímh fhoriomláin in airgeadra eachtrach agus a glansuímh óir san airgeadra tuairiscithe, arna hiolrú faoi 8 %.
Airteagal 352
An glansuíomh foriomlán in airgeadra eachtrach a ríomh
Ríomhfar glansuíomh oscailte na hinstitiúide i ngach airgeadra (lena n-áirítear an t-airgeadra tuairiscithe) agus in ór mar shuim na n-eilimintí a leanas (deimhneach nó diúltach):
an spotsuíomh glan (i.e. gach ítim shócmhainne lúide gach ítim dhliteanais, lena n-áirítear ús fabhraithe, san airgeadra atá i gceist nó, maidir le hór, an spotsuíomh glan in ór);
an réamhshuíomh glan, is é sin na méideanna uile lena bhfáil lúide na méideanna uile lena n-íoc faoi idirbhearta réamh-mhalairte agus óir, lena n-áirítear todhchaíochtaí airgeadra agus óir agus an phríomhshuim ar bhabhtálacha sealadacha airgeadraí nach n-áirítear sa spotsuíomh;
ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe agus ionstraimí dá samhail ar deimhin go nglaofar iad agus ar dóigh dóibh a bheith do-aisghabhála;
coibhéis an deilte ghlan, nó coibhéis bunaithe ar dheilte, na roghanna malairte eachtraí agus óir iomlána de réir na leabhar;
margadhluach na roghanna eile.
Is í an deilte a úsáidfear chun críocha phointe (d) deilte na malairte lena mbaineann. Le haghaidh roghanna thar an gcuntar, nó i gcás nach bhfuil fáil ar deilte ón mhalairt lena mbaineann, d'fhéadfadh an institiúid í féin an deilte a ríomh agus samhail chuí á húsáid, faoi riar cead a fháil ó na húdaráis inniúla. Tabharfar cead má mheastar ráta athraithe luach na rogha nó luach an bharántais go hiomchuí leis an tsamhail i leith athruithe beaga i bpraghas margaidh na ionstraime foluiteach.
Féadfaidh an institiúid ioncam/caiteachais todhchaí nár fabhraíodh fós ach atá fálaithe go hiomlán cheana a chur san áireamh má dhéanann sé é go comhsheasmhach.
Féadfaidh an institiúid glansuímh in airgeadraí ilchodacha a mhiondealú ina n-airgeadraí comhpháirte de réir na gcuótaí atá i bhfeidhm.
▼M17 —————
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh institiúidí inniúla leanúint de na cóireálacha náisiúnta atá ann cheana féin a chur i bhfeidhm, i gcás gur chuir na húdaráis inniúla an láimhseáil sin i bhfeidhm roimh an 31 Nollaig 2013
Airteagal 353
►C9 Riosca ◄ malairte eachtraí na GCanna
Féadfaidh institiúidí dul i muinín thuairisciú na dtríú páirtithe seo a leanas maidir le suímh in airgeadra eachtrach sa GC:
institiúid taisclainne an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistiú eisiach in urrúis agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce san institiúid taisclainne sin;
i gcás GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) d'Airteagal 132 (3).
Deimhneoidh iniúchóir seachtrach go bhfuil an ríomh cruinn.
Airteagal 354
Airgeadraí dlúth-chomhghaolaithe
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 4
Ceanglais na gcistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ tráchtearraí
Airteagal 355
Modh a roghnú maidir le ►C9 riosca ◄ tráchtearraí
Faoi réir Airteagal 356 go hAirteagal 358, ríomhfaidh institiúidí an ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ tráchtearraí ag úsáid ceann de na modhanna a leagtar amach in Airteagal 359, Airteagal 360 nó Airteagal 361.
Airteagal 356
Gnó tráchtearraí coimhdeacha
Féadfaidh institiúidí a bhfuil gnó tráchtearraí coimhdeacha talmhaíochta acu na ceanglais cistí dílse maidir lena stoc tráchtearraí fisiciúla a shocrú ag deireadh gach bliana le haghaidh na bliana dar gcionn i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
déanfaidh sí luaineacht ionchasach maidir leis an bhfigiúr atá ríofa faoi phointe (a) a mheas ar bhonn coimeádach;
níl a meáncheanglas cistí dílse i leith an ►C9 riosca ◄ sin níos mó ná 5 % dá cistí dílse nó EUR 1 mhilliún agus, ag cur an luaineacht atá measta i gcomhréir le (b) san áireamh, ní bheidh buaic ionchasach na gceanglas cistí dílse níos mó ná 6.5 % dá cistí dílse;
déanann an institiúid faireachán ar bhonn leanúnach féachaint an meastacháin réadúla iad na meastacháin arna ndéanamh faoi phointe (a) agus phointe (b).
Airteagal 357
Suímh i dtráchtearraí
Ar mhaithe le suíomh i dtráchtearra a ríomh, láimhseálfar na suímh seo a leanas mar shuímh sa tráchtearra céanna:
suímh i bhfo-chatagóirí éagsúla tráchtearraí i gcás ina bhfuil na fochatagóirí inseachadta i gcoinne a chéile;
suímh i dtráchtearraí comhchosúla más dlúthionadaithe iad agus nuair is féidir comhghaol íosta 0.9 idir ghluaiseachtaí praghsanna a bhunú go soiléir thar íostréimhse bliana.
Airteagal 358
Ionstraimí áirithe
Léireoidh institiúidí go leormhaith sna ceanglais cistí dílse na priacail eile a bhaineann le roghanna seachas an ►C9 riosca ◄ deilte.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh institiúidí inniúla leanúint de na láimhseálacha náisiúnta atá ann cheana féin a chur i bhfeidhm, i gcás gur chuir na húdaráis inniúla na láimhseálacha sin i bhfeidhm roimh an 31 Nollaig 2013.
I gcás inar ceann de na cinn a leanas an institiúid, cuirfidh sí na tráchtearraí lena mbaineann san áireamh agus a ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ tráchtearraí á ríomh:
aistreoir tráchtearraí nó ceart ráthaithe a bhaineann le teidlíocht chun na tráchtearraí i gcomhaontú athcheannaigh;
iasachtóir tráchtearraí i gcomhaontú maidir le tráchtearraí a iasachtú.
Airteagal 359
Cur chuige an dréimire aibíochta
Úsáidfidh an institiúid dréimire aibíochta ar leithligh i gcomhréir le Tábla 1 le haghaidh gach tráchtearra. Sannfar gach suíomh sa tráchtearra sin do na bandaí aibíochta iomchuí. Sannfar stoic fhisiciúla don chéad bhanda aibíochta idir 0 mí agus 1 mhí, í sin san áireamh.
Tábla 1
|
Banda aibíochta (1) |
Ráta difríochta (%) (2) |
|
0 ≤ 1 mhí |
1,50 |
|
> 1 ≤ 3 mhí |
1,50 |
|
> 3 ≤ 6 mhí |
1,50 |
|
> 6 ≤ 12 mhí |
1,50 |
|
> 1 ≤ 2 bliana |
1,50 |
|
> 2 ≤ 3 bliana |
1,50 |
|
> 3 bliana |
1,50 |
Féadfar suímh sa tráchtearra céanna a fhritháireamh agus a shannadh do na bandaí aibíochta iomchuí ar bhonn glan maidir leo seo a leanas:
suímh i gconarthaí a thiocfaidh in aibíocht ar an dáta céanna;
suímh i gconarthaí a thiocfaidh in aibíocht laistigh de 10 lá dá chéile má thrádáiltear iad ar mhargaí a bhfuil dátaí seachadta laethúla acu.
Ríomhfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide maidir le gach tráchtearra ar bhonn an dréimire aibíochta ábhartha mar shuim na nithe seo a leanas:
suim na suíomh fada agus gearr comhoiriúnaithe, arna hiolrú faoin ráta difríochta iomchuí mar atá tugtha le fios sa dara colún de Thábla 1 maidir le gach banda aibíochta agus arna hiolrú faoi spotphraghas an tráchtearra;
an suíomh comhoiriúnaithe idir dhá bhanda aibíochta maidir le gach banda aibíochta ina bhfuil suíomh gan chomhoiriúnú tugtha ar aghaidh, arna iolrú faoi 0,6 %, is é sin an ráta tugtha anonn, agus arna iolrú faoin spotphraghas don tráchtearra;
suim na suíomh iarmharach gan chomhoiriúnú, arna hiolrú faoi 15 %, is é sin an ráta glan amach, agus arna hiolrú faoin spotphraghas don tráchtearra.
Airteagal 360
Cur chuige simplithe
Ríomhfar ceanglas cistí dílse na hinstitiúide maidir le gach tráchtearra mar shuim na nithe seo a leanas:
15 % den suíomh glan, fada nó gearr, arna iolrú faoi spotphraghas an tráchtearra;
3 % den suíomh comhlán, fada móide gearr, arna iolrú faoi spotphraghas an tráchtearra.
Airteagal 361
Cur chuige an dréimire aibíochta sínte
Féadfaidh institiúidí na rátaí íosta difríochta, tugtha anonn agus glan amach atá leagtha amach i dTábla 2 a leanas a úsáid seachas na rátaí sin atá luaite in Airteagal 359 ar an gcoinníoll go bhfuil na nithe seo a leanas comhlíonta ag na hinstitiúidí:
déanann siad gnó suntasach tráchtearraí;
tá punann tráchtearraí acu atá éagsúlaithe go hiomchuí.
▼M17 —————
Tábla 2
|
|
Miotail lómhara (cé is moite d'ór) |
Miotail neamhlómhara |
Táirgí talmhaíochta (táirgí boga) |
Eile, lena n-áirítear táirgí fuinnimh |
|
Ráta difríochta (%) |
1,0 |
1,2 |
1,5 |
1,5 |
|
Ráta tugtha (%) |
0,3 |
0,5 |
0,6 |
0,6 |
|
Ráta glan amach (%) |
8 |
10 |
12 |
15 |
Tabharfaidh institiúidí fógra dá n-údaráis inniúla maidir leis an úsáid a bhaineann siad as an Airteagal seo
▼M17 —————
TEIDEAL V
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE LE HAGHAIDH ►C9 RIOSCA ◄ SOCRAÍOCHTA
Airteagal 378
►C9 Riosca ◄ socraíochta/seachadta
I gcás ina bhfuil ionstraimí fiachais, cothromas, airgeadraí eachtracha agus tráchtearraí atá in idirbheart, cé is moite d'idirbhearta athcheannaigh agus d'idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí, neamhshocraithe tar éis a ndátaí seachadta dlite, déanfaidh institiúid an difríocht sna praghsanna ar a bhfuil sí ar ris a ríomh.
Déantar an difríocht sna praghasanna a ríomh mar an difríocht idir an praghas socraíochta arna aontú i leith na hionstraime fiachais, an chothromais, an airgeadra eachtraigh nó an tráchtearra atá i gceist agus a luach reatha margaidh, i gcás ina bhféadfadh caillteanas don institiúid chreidmheasa a bheith mar thoradh ar an difríocht.
Déanfaidh an institiúid an difríocht sin i bpraghsanna a iolrú faoin bhfachtóir iomchuí sa cholún deas de Thábla 1 a leanas, d'fhonn ceanglas cistí dílse na hinstitiúide le haghaidh ►C9 riosca ◄ socraíochta a ríomh.
Tábla 1
|
Líon na laethanta oibre tar éis an dáta socraíochta dhlite |
(%) |
|
5 — 15 |
8 |
|
16 — 30 |
50 |
|
31 — 45 |
75 |
|
46 nó níos mó |
100 |
Airteagal 379
Seachadtaí saor in aisce
Beidh ceangal ar an institiúid a cistí dílse a shealbhú, mar atá leagtha amach i dTábla 2, i gcás ina dtarlaíonn na nithe seo a leanas:
d'íoc sí as urrúis, airgeadraí eachtracha nó tráchtearraí sula bhfuair sí iad nó tá urrúis, airgeadraí eachtracha nó tráchtearraí seachadta aici roimh di íocaíocht a fháil ina leith;
i gcás idirbheart trasteorann, tá lá amháin ar a laghad caite ó rinne sí an íocaíocht nó an seachadadh sin.
Tábla 2
Láimhseáil caipitil maidir le seachadtaí saor in aisce
|
Colún 1 |
Colún 2 |
Colún 3 |
Colún 4 |
|
Cineál idirbhirt |
Suas go dtí an chéad íocaíocht chonarthach nó an chéad chéim den seachadadh |
Ón gcéad íocaíocht chonarthach nó ón gcéad chéim den seachadadh suas go ceithre lá tar éis an dara híocaíocht chonarthach nó an dara céim den seachadadh |
Ó 5 lá gnó tar éis an dara híocaíocht chonarthach nó an dara céim den seachadadh go dtí múchadh an idirbhirt |
|
Seachadadh saor in aisce |
Muirear caipitiúil ar bith |
Láimhseáil mar neamhchosaint |
Láimhseáil mar ►C9 neamhchosaint ◄ ar ►C9 riosca ◄ ualaithe ag 1 250 % |
Mura bhfuil méid na ►C9 neamhchosanta ◄ deimhní a eascraíonn ó idirbhearta seachadta saor in aisce ábhartha, féadfaidh institiúidí ►C9 ualach riosca ◄ 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis na ►C9 neamhchosaintí ◄ sin, cé is moite den chás in a bhfuil ►C9 ualach riosca ◄ 1 250 % riachtanach de réir Cholún 4 de Thábla 2 i mír 1.
Airteagal 380
Tarscaoileadh
I gcás ina dtarlaíonn cliseadh ar fud an chórais i gcóras socraíochta nó imréitigh, nó contrapháirtí lárnaigh, féadfaidh údaráis inniúla na ceanglais cistí dílse arna ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 378 agus Airteagal 379 a tharscaoileadh go dtí go mbeidh an cás ceartaithe. Sa chás sin, ní mheasfar gur mainneachtain chun críocha ►C9 riosca ◄ chreidmheasa í mainneachtain an chontrapháirtí trádáil a shocrú.
TEIDEAL VI
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE LE HAGHAIDH ►C9 RIOSCA ◄ UM CHOIGEARTÚ LUACHÁLA CREIDMHEASA
Airteagal 381
An Bhrí atá le Coigeartú Luachála Creidmheasa
Chun críocha an Teidil seo agus Chaibidil 6 de Theideal II, ciallaíonn “Coigeartú Luachála Creidmheasa” nó “CVA” coigeartú ar luacháil mheánmhargaidh na punainne idirbheart le contrapháirtí. Léirítear leis an gcoigeartú sin margadhluach reatha ►C9 riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí i leith na hinstitiúide, ach ní léirítear leis margadhluach reatha ►C9 riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide i leith an chontrapháirtí.
Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn “riosca CVA” an riosca go n-eascróidh caillteanais as athruithe ar luach CVA, arna ríomh le haghaidh phunann na n-idirbheart le contrapháirtí mar a leagtar amach sa chéad mhír, mar gheall ar ghluaiseachtaí i bhfachtóirí riosca um raon difríochta creidmheasa contrapháirtí agus i bhfachtóirí riosca eile atá leabaithe i bpunann na n-idirbheart.
Airteagal 382
Raon Feidhme
Eisiafar na hidirbhearta seo a leanas ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ CVA.
idirbhearta le contrapháirtithe neamhairgeadais mar atá sainmhínithe i bpointe (9) d'Airteagal 2 i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó le contrapháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i dtríú tír, i gcás nach sáraíonn na hidirbhearta sin an tairseach imréitigh mar atá sonraithe in Airteagal 10(3) agus (4) den Rialachán sin.
idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtithe neamhairgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
áirítear an institiúid agus na contrapháirtithe neamhairgeadais sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2;
tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca; agus
tá na contrapháirtithe neamhairgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá siad bunaithe i dtríú tír, tá gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4c maidir leis an tríú tír sin;
idirbhearta laistigh de ghrúpa a dhéantar le contrapháirtithe airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, institiúidí airgeadais nó gnóthais seirbhísí coimhdeacha atá bunaithe san Aontas nó atá bunaithe i dtríú tír a chuireann ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm maidir leis na contrapháirtithe airgeadais, na hinstitiúidí airgeadais nó na gnóthais seirbhísí coimhdeacha sin atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, mura rud é go nglacfaidh Ballstáit dlí náisiúnta lena gceanglaítear deighilt struchtúrach laistigh de ghrúpa baincéireachta, agus sa chás sin féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go n-áireofar na hidirbhearta sin laistigh de ghrúpa idir na heintitis atá deighilte go struchtúrtha sna ceanglais cistí dílse;
idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoi réir fhorálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 89 (1)den Rialachán sin go dtí go scoirfear de na forálacha idirthréimhseacha sin a chur i bhfeidhm;
idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus idirbhearta le contrapháirtithe a sonraítear, maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ ar na contrapháirtithe sin, ualach ►C9 riosca ◄ 0 % ina leith le hAirteagal 114(4) agus le hAirteagal 115(2) den Rialachán seo.
An díolúine ón táille ►C9 riosca ◄ CLC maidir leis na hidirbhearta sin dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a dhéanfar le linn na hidirthréimhse atá leagtha síos in Airteagal 89 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh feidhm aici fad a mhaireann conradh an idirbhirt sin.
Maidir le pointe (a), i gcás ina scoireann institiúid de dhíolúine a bheith aici tríd an tairseach díolúine a thrasnú nó mar gheall ar athrú sa tairseach díolúine, leanfaidh conarthaí atá gan íoc de dhíolúine a bheith acu go dtí dáta a n-aibíochta.
Forbróidh ÚBE i gcomhar le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nósanna imeachta a shonrú le haghaidh idirbhearta contrapháirtithe neamhairgeadais a bunaíodh lasmuigh den Aontas i dtríú tír a eisiamh ón gceanglas maidir le cistí dílse le haghaidh táille ►C9 riosca ◄ CVA.
Soláthróidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin laistigh de 6 mhí ón dáta a ndéanfar an t-athbhreithniú dá dtagráitear sa chéad fhomhír.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh agus na nósanna imeachta á sonrú i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.]
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 382a
Cineálacha cur chuige chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA
Déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA i gcás na n-idirbheart uile dá dtagraítear in Airteagal 382 i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige seo a leanas:
an cur chuige caighdeánaithe a leagtar amach in Airteagal 383, i gcás inar thug an t-údarás inniúil cead don institiúid an cur chuige sin a úsáid;
an cur chuige bunúsach a leagtar amach in Airteagal 384;
an cur chuige simplithe a leagtar amach in Airteagal 385, ar choinníoll go gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal sin.
Féadfaidh institiúid meascán de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), a úsáid chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA ar bhonn buan dóibh seo:
contrapháirtithe éagsúla;
tacair glanluachála incháilithe éagsúla leis an gcontrapháirtí céanna;
idirbhearta éagsúla den tacar glanluachála incháilithe céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 5.
Chun críocha mhír 3, pointe (c), is é an méid seo a leanas a bheidh sna coinníollacha dá dtagraítear ann:
beidh an scoilt comhsheasmhach leis an mbealach a láimhseáiltear an tacar glanluachála dlíthiúil agus an CVA á ríomh chun críocha cuntasaíochta;
beidh an cead arna thabhairt ag na húdaráis inniúla chun úsáid a bhaint as an gcur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), teoranta don tacar glanluachála hipitéiseach comhfhreagrach agus ní chumhdaíonn sé gach idirbheart faoin tacar glanluachála incháilithe.
Déanfaidh na hinstitiúidí doiciméadú ar an gcaoi a n-úsáideann siad meascán de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), agus mar a leagtar amach sa mhír seo, chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA ar bhonn buan.
Airteagal 383
Cur chuige caighdeánaithe
Deonóidh an t-údarás inniúil cead d’institiúid a ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA le haghaidh punann idirbheart le contrapháirtí amháin nó níos mó agus úsáid á baint as an gcur chuige caighdeánaithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, tar éis measúnú a dhéanamh ar cibé a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, an institiúid na ceanglais seo a leanas:
tá aonad ar leith bunaithe ag an institiúid a bhfuil freagracht air as bainistíocht riosca fhoriomlán agus fálú riosca CVA na hinstitiúide;
maidir le gach contrapháirtí lena mbaineann, tá samhail rialála CVA forbartha ag an institiúid chun CVA an chontrapháirtí sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383a;
maidir le gach contrapháirtí lena mbaineann, tá an institiúid in ann a ríomh, ar bhonn míosúil ar a laghad, íogaireachtaí a CVA i ndáil leis na fachtóirí riosca lena mbaineann mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 383b iad;
maidir le gach suíomh i bhfáluithe incháilithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 386 chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige chaighdeánaithe, tá an institiúid in ann a ríomh, ar bhonn míosúil ar a laghad, íogaireachtaí na suíomhanna sin i ndáil leis na fachtóirí riosca ábhartha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 383b;
tá aonad rialaithe riosca bunaithe ag an institiúid, atá neamhspleách ar aonaid trádála gnó agus ar an aonad dá dtagraítear i bpointe (a) agus a thuairiscíonn go díreach don chomhlacht bainistíochta; beidh an t-aonad rialaithe riosca sin freagrach as an gcur chuige caighdeánaithe a dhearadh agus a chur chun feidhme agus déanfaidh sé tuarascálacha míosúla a ullmhú agus a anailísiú maidir le haschur an chur chuige sin agus, thairis sin, déanfaidh an t-aonad rialaithe riosca measúnú ar oiriúnacht theorainneacha trádála na hinstitiúide agus cuirfidh sé torthaí an mheasúnaithe sin san áireamh ina thuarascálacha míosúla; beidh líon foirne leordhóthanach ag an aonad rialaithe riosca ag a bhfuil an leibhéal scileanna is iomchuí maidir lena chuspóir a chomhlíonadh.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo, is é a chiallaíonn íogaireacht CVA contrapháirtí i ndáil le fachtóir riosca ná an t-athrú cóimheasa ar luach CVA, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d’fhachtóirí riosca ábhartha CVA, arna ríomh ag úsáid shamhail CVA na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagail 383i agus 383j.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), den mhír seo is é a chiallaíonn íogaireacht suímh i bhfálú incháilithe i ndáil le fachtóir riosca ná an t-athrú cóimheasa ar luach an tsuímh sin, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d’fhachtóirí riosca ábhartha an tsuímh sin, arna ríomh ag úsáid shamhail phraghsála na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagail 383i agus 383j.
Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “aicme riosca” aon cheann de na catagóirí seo a leanas:
riosca an ráta úis;
riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí;
riosca raoin difríochta creidmheasa tagartha;
riosca cothromais;
riosca tráchtearraí;
riosca malairte eachtraí;
ciallaíonn “punann CVA” an phunann atá comhdhéanta de choigeartú comhiomlán ar luacháil creidmheasa (CVA comhiomlán) agus na fáluithe incháilithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (d);
ciallaíonn “CVA comhiomlán” suim na CVAnna a ríomhtar ag úsáid na samhla rialála CVA le haghaidh na gcontrapháirtithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír.
Cinnfidh na hinstitiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA agus úsáid á baint as an gcur chuige caighdeánaithe, is é sin, suim na gceanglas cistí dílse seo a leanas a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 383b:
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca deilte lena ngabhtar an riosca go dtiocfaidh athruithe ar phunann CVA na hinstitiúide mar gheall ar ghluaiseachtaí sna fachtóirí riosca ábhartha nach mbaineann le luaineacht;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca véige lena ngabhtar an riosca go dtiocfaidh athruithe ar phunann CVA na hinstitiúide mar gheall ar ghluaiseachtaí sna fachtóirí riosca luaineachta.
Airteagal 383a
Samhail rialála CVA
Beidh samhail rialála CVA a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383 fónta ar bhonn coincheapúil, déanfar í a chur chun feidhme go hionraic agus comhlíonfar léi na ceanglais uile a leanas:
beidh an tsamhail rialála CVA in ann CVA contrapháirtí áirithe a shamhaltú, agus comhaontuithe glanluachála agus corrlaigh ar an leibhéal socraithe glanluachála a shainaithint, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis an Airteagal seo;
measann an institiúid dóchúlacht mainneachtana an chontrapháirtí bunaithe ar raonta difríochta creidmheasa an chontrapháirtí agus ar an gcaillteanas ionchais i gcás mainneachtana, de réir réamhaisnéis na coitiantachta, faoi chomhghnáis an mhargaidh, le haghaidh an chontrapháirtí sin;
beidh an caillteanas ionchais i gcás mainneachtana dá dtagraítear i bpointe (a) mar an gcéanna leis an gcaillteanas i gcás mainneachtana, de réir réamhaisnéis na coitiantachta, faoi chomhghnáis an mhargaidh, dá dtagraítear i bpointe (b), ach amháin sa chás gur féidir leis an institiúid a léiriú go bhfuil sinsearacht na punainne idirbheart leis an gcontrapháirtí sin difriúil le sinsearacht bannaí neamhurraithe a d’eisigh an contrapháirtí sin;
ag gach pointe ama sa todhchaí, ríomhfar neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart le contrapháirtí le samhail neamhchosanta trí na hidirbhearta uile sa phunann sin a athphraghsáil, bunaithe ar chomhathruithe ionsamhlaithe na bhfachtóirí riosca margaidh atá ábhartha do na hidirbhearta sin ag úsáid líon iomchuí cásanna, agus na praghsanna go dtí dáta an ríomha á lascainiú ag úsáid rátaí úis saor ó riosca;
tá an tsamhail rialála CVA in ann spleáchas suntasach idir neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart agus raonta difríochta creidmheasa an chontrapháirtí a shamhaltú;
i gcás ina bhfuil idirbhearta na punainne san áireamh i dtacar glanluachála atá faoi réir comhaontú corrlaigh agus luacháil laethúil marcála ón margadh, aithnítear an chomhthaobhacht a bhreactar agus a fhaightear mar chuid den chomhaontú sin mar mhaolaitheoir ar riosca sa neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
cinneann an institiúid an tréimhse chorrlaigh faoi riosca don tacar glanluachála sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 285(2) agus (5), agus léiríonn sí an tréimhse chorrlaigh sin sa ríomh ar neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe;
léirítear gach ceann de na gnéithe is infheidhme den chomhaontú corrlaigh, lena n-áirítear minicíocht na nglaonna ar chorrlaigh, an cineál comhthaobhachta incháilithe faoin gconradh, na méideanna tairsí, na híosmhéideanna aistrithe, na méideanna neamhspleácha agus na corrlaigh thosaigh maidir leis an institiúid agus an contrapháirtí araon go hiomchuí sa ríomh ar an neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe;
bhunaigh an institiúid aonad bainistíochta comhthaobhachta a chomhlíonann Airteagal 287 maidir leis an gcomhthaobhacht uile a aithnítear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige chaighdeánaithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), beidh comhartha deimhneach ag CVA agus ríomhfar é mar fheidhm de chaillteanas ionchais i gcás mainneachtana an chontrapháirtí, tacar iomchuí de dhóchúlachtaí mainneachtana an chontrapháirtí ag pointí ama sa todhchaí agus tacar iomchuí neamhchosaintí todhchaíocha lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart leis an gcontrapháirtí sin ag pointí ama sa todhchaí go dtí aibíocht an idirbhirt is faide sa phunann sin.
Chun críocha an léirithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), ní athróidh an chomhthaobhacht a fhaightear ón gcontrapháirtí sinsearacht na neamhchosanta.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (f)(iii), den mhír seo, i gcás ina bhfuil aonad bainistíochta comhthaobhachta bunaithe ag an institiúid cheana féin chun modh na samhla inmheánaí dá dtagraítear in Airteagal 283 a úsáid, ní cheanglófar ar an institiúid aonad bainistíochta comhthaobhachta breise a bhunú i gcás ina léiríonn an institiúid sin dá húdarás inniúil go gcomhlíonann an t-aonad sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 287 maidir leis an gcomhthaobhacht a aithnítear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige chaighdeánaithe.
Chun críocha mhír 1, pointe (b), i gcás ina bhfuil raonta difríochta na babhtála mainneachtana creidmheasa de chuid an chontrapháirtí inbhraite sa mhargadh, úsáidfidh an institiúid na raonta difríochta sin. I gcás nach bhfuil raonta difríochta na babhtála mainneachtana creidmheasa ar fáil, úsáidfidh an institiúid rogha amháin díobh seo a leanas:
raonta difríochta creidmheasa ó ionstraimí eile a eisíonn an contrapháirtí ina léirítear dálaí reatha an mhargaidh;
seachraonta atá iomchuí i bhfianaise rátáil, thionscal agus réigiún an chontrapháirtí.
Comhlíonfaidh institiúid a úsáideann samhail rialála CVA na ceanglais cháilíochtúla uile seo a leanas:
tá an tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 mar chuid de chóras bainistíochta riosca CVA inmheánach na hinstitiúide, a bhfuil sainaithint, tomhas, bainistíocht, formheas agus tuairisciú inmheánach CVA agus riosca CVA chun críoch cuntasaíochta, mar chuid de;
tá próiseas i bhfeidhm ag an institiúid chun comhlíontacht le tacar doiciméadaithe de bheartais, rialuithe, measúnú ar fheidhmíocht samhla agus nósanna imeachta inmheánacha a bhaineann leis an tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú;
beidh aonad bailíochtaithe neamhspleách ag an institiúid atá freagrach as fíorú éifeachtach tosaigh agus leanúnach na samhla neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo; beidh an t-aonad sin neamhspleách ó chreidmheas gnó agus aonaid trádála, lena n-áirítear an t-aonad dá dtagraítear in Airteagal 383(1), pointe (a), agus tuairisceoidh sé go díreach don ardbhainistíocht; beidh líon foirne leordhóthanach ag an aonad ag a bhfuil an leibhéal scileanna is iomchuí maidir leis an gcríoch sin a chomhlíonadh;
beidh an bhainistíocht shinsearach rannpháirteach, ar bhealach gníomhach, sa phróiseas rialaithe riosca agus measfaidh siad go bhfuil rialú riosca CVA mar ghné riachtanach den ghnó, agus nach mór acmhainní a shannadh dó;
déanfaidh an institiúid an próiseas maidir le bailíochtú tosaigh agus bailíochtú leanúnach na samhla neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú chuig leibhéal mionsonraithe a chuirfeadh ar chumas tríú páirtí tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na samhlacha, na teorainneacha agus na príomhthoimhdí a bhaineann leo, agus an anailís a athchruthú; leagfar amach sa doiciméadacht sin an íosmhinicíocht lena ndéanfar bailíochtú leanúnach, chomh maith leis na himthosca eile, amhail athrú tobann in iompraíocht an mhargaidh, mar shampla, – faoina ndéanfar bailíochtú breise; tabharfar tuairisc sa doiciméadacht ar an gcaoi a ndéantar an bailíochtú maidir le sreafaí sonraí agus punanna, ar na hanailísí a úsáidtear agus ar an gcaoi a gcruthaítear punanna contrapháirtithe;
déanfar na samhlacha praghsála a úsáidtear sa tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 maidir le cás áirithe d’fhachtóirí riosca margaidh ionsamhlaithe a thástáil in aghaidh tagarmharcanna neamhspleácha iomchuí le haghaidh raon leathan staideanna margaidh mar chuid de phróiseas bailíochtaithe tosaigh agus leanúnach na samhla; tabharfar fáthanna sna samhlacha praghsála le neamhlíneacht luacha rogha maidir le fachtóirí riosca margaidh;
is é próiseas inmheánach iniúchóireachta na hinstitiúide a dhéanfaidh athbhreithniú neamhspleách ar chóras inmheánach bainistithe riosca CVA na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ar bhonn tráthrialta; áireofar san athbhreithniú sin gníomhaíochtaí an aonaid dá dtagraítear in Airteagal 383(1), pointe (a), agus gníomhaíochtaí an aonaid bailíochtaithe neamhspleách dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo;
léireofar téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart agus comhaontuithe corrlaigh ar bhealach tráthúil, iomlán agus coimeádach sa tsamhail rialála CVA a úsáideann an institiúid chun an neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe dá dtagraítear i mír 1 a ríomh; coinneofar na téarmaí agus sonraíochtaí i mbunachar sonraí slán a bheidh faoi réir iniúchadh foirmiúil agus tréimhsiúil; beidh tarchur téarmaí idirbheart agus sonraí na sonraíochtaí agus comhaontuithe corrlaigh chuig an tsamhail neamhchosanta faoi réir iniúchadh inmheánach, agus beidh próisis réitigh fhoirmiúla i bhfeidhm idir an tsamhail inmheánach agus córais na sonraí foinseacha lena fhíorú ar bhonn leanúnach go léirítear téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart agus comhaontuithe corrlaigh i gceart, nó go coimeádach ar a laghad, sa chóras neamhchosanta;
na hionchuir sonraí margaidh reatha agus stairiúla a úsáideann an institiúid sa tsamhail chun an neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe dá dtagraítear i mír 1 a ríomh, gheofar iad go neamhspleách ar na línte gnó agus cuirfear iad sa tsamhail sin ar bhealach tráthúil agus iomlán, agus coinneofar iad i mbunachar sonraí slán atá faoi réir iniúchadh foirmiúil agus tréimhsiúil; beidh próiseas sláine sonraí dea-fhorbartha ag institiúid chun breathnóireachtaí sonraí míchuí a láimhseáil; i gcás ina bhfuil an tsamhail ag brath ar sheachshonraí margaidh, dearfaidh institiúid beartais inmheánacha chun seachshonraí margaidh a shainaithint agus taispeánfaidh sí go heimpíreach ar bhonn leanúnach go soláthraítear ionadaíocht choimeádach ar an riosca foluiteach leis na seachshonraí margaidh;
déanfar an fhaisnéis a bhaineann go sonrach le hidirbhearta agus an fhaisnéis chonarthach is gá chun neamhchosaintí a chomhiomlánú ar leibhéal an tacair glanluachála a ghabháil sa tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1; deimhneoidh institiúid go ndéantar idirbhearta a shannadh don tacar glanluachála iomchuí laistigh den tsamhail.
Chun ceanglais cistí dílse maidir le riosca CVA a ríomh, féadfaidh sonraíochtaí agus toimhdí éagsúla a bheith sa tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun gach ceann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 383a a chomhlíonadh, ach fanfaidh a hionchuir sonraí margaidh agus a haithint glanluachála mar an gcéanna leo siúd a úsáidtear chun críocha cuntasaíochta.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
an chaoi a gcinnfidh an institiúid na seachraonta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), chun críocha dóchúlachtaí mainneachtana a ríomh;
gnéithe teicniúla breise atá na hinstitiúidí le cur san áireamh nuair a bheidh caillteanas i gcás mainneachtana an chontrapháirtí, dóchúlacht mainneachtana an chontrapháirtí agus neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart leis an gcontrapháirtí agus CVA, dá dtagraítear i mír 1, á ríomh;
na hionstraimí eile dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), atá iomchuí chun dóchúlachtaí mainneachtana an chontrapháirtí a mheas agus an chaoi a bhfuil institiúidí leis an meastachán sin a dhéanamh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
na coinníollacha faoina ndéanfar measúnú ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar úsáid an chur chuige chaighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 383(3);
an mhodheolaíocht measúnaithe faoina bhfuil údaráis inniúla le fíorú an gcomhlíonann institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 383 agus Airteagal 383a.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2028.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 383b
Ceanglais cistí dílse le haghaidh rioscaí deilte agus véige
Áireofar íogaireachtaí i ndáil le luaineachtaí a úsáidtear sa tsamhail neamhchosanta chun fachtóirí riosca a ionsamhlú agus i ndáil le luaineachtaí a úsáidtear chun idirbhearta rogha sa phunann leis an gcontrapháirtí a athphraghsáil chun íogaireachtaí riosca véige na CVAnna comhiomlána a ríomh.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, faoi réir cead a fháil ón údarás inniúil, féadfaidh institiúid sainmhínithe malartacha ar íogaireachtaí riosca deilte agus véige a úsáid chun na ceanglais cístí dílse maidir le suíomh leabhair trádála a ríomh faoin gCaibidil seo ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha uile seo a leanas:
úsáidtear na sainmhínithe malartacha sin chun críocha bainistithe riosca inmheánaigh nó chun tuairisciú ar bhrabús agus caillteanais don lucht bainistíochta sinsearaí arna dhéanamh ag aonad neamhspleách rialaithe riosca laistigh den institiúid;
léireoidh an institiúid gurb iomchuí na sainmhínithe malartacha sin chun na híogaireachtaí maidir leis an suíomh a ghabháil ná na foirmlí a leagtar amach in Airteagail 383i agus 383j, agus nach bhfuil difríocht ábharach idir íogaireachtaí riosca deilte agus véige a thagann astu agus na cinn a fhaightear tar éis na foirmlí a leagtar amach in Airteagail 383i agus 383j, faoi seach, a chur i bhfeidhm.
Féadfaidh institiúid fachtóirí riosca breise a thabhairt isteach a chomhfhreagraíonn d’ionstraimí innéacs cáilithe le haghaidh na n-aicmí riosca seo a leanas:
riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí;
riosca raoin difríochta creidmheasa tagartha; agus
riosca cothromais.
Chun críoch riosca deilte, measfar ionstraim innéacs a bheith cáilithe nuair a chomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325i. Maidir le rioscaí véige, measfar gach ionstraim innéacs a bheith cáilithe.
Déanfaidh institiúid íogaireachtaí CVA agus fáluithe incháilithe ar fhachtóirí riosca innéacs cháilithe a ríomh chomh maith le híogaireachtaí ar na fachtóirí riosca nach fachtóirí riosca innéacs iad.
Ríomhfaidh institiúid íogaireachtaí riosca deilte agus véige ar fhachtóir riosca innéacs cháilithe mar íogaireacht aonair ar an innéacs cáilithe foluiteach. I gcás ina bhfuil 75 % de chomhpháirteanna innéacs cháilithe mapáilte ar an earnáil chéanna mar a leagtar amach in Airteagail 383p, 383s agus 383v, déanfaidh an institiúid an t-innéacs cáilithe a mhapáil chuig an earnáil chéanna sin. Seachas sin, déanfaidh an institiúid an íogaireacht a mhapáil chuig an mbuicéad innéacs cháilithe is infheidhme.
Déanfar íogaireachtaí ualaithe an CVA chomhiomláin agus margadhluach gach fálaithe incháilithe ar gach fachtóir riosca a ríomh trí na glaníogaireachtaí faoi seach a iolrú faoin ualú riosca comhfhreagrach, i gcomhréir leis na foirmlí seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
k |
= an t-innéacs a sheasann d’fhachtóir riosca k; |
|
|
= íogaireacht ualaithe an CVA chomhiomláin ar fhachtóir riosca k; |
|
RWk |
= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le fachtóir riosca k; |
|
|
= glaníogaireacht an CVA chomhiomláin ar fhachtóir riosca k; |
|
|
= íogaireacht ualaithe mhargadhluach na bhfáluithe incháilithe uile sa phunann CVA ar fhachtóir riosca k; |
|
|
= glaníogaireacht mhargadhluach na bhfáluithe incháilithe uile sa phunann CVA ar fhachtóir riosca k. |
Ríomhfaidh institiúidí glaníogaireacht ualaithe WSk na punainne CVA ar fhachtóir riosca k i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
Déanfar na glaníogaireachtaí ualaithe laistigh den bhuicéad céanna a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, ag úsáid na gcomhghaolta comhfhreagracha ρkl maidir le híogaireachtaí ualaithe laistigh den bhuicéad céanna a leagtar amach in Airteagail 383l, 383t agus 383q as a dtagann an íogaireacht bhuicéadsonrach Kb :
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
Kb |
= an íogaireacht bhuicéadsonrach a ghabhann le buicéad b; |
|
WSk |
= na glaníogaireachtaí ualaithe; |
|
ρkl |
= na paraiméadair chomhghaoil laistigh de bhuicéid chomhfhreagracha; |
|
R |
= an paraiméadar fálaithe dhícheadaithe atá cothrom le 0,01 . |
Déanfar an íogaireacht buicéadsonrach a ríomh i gcomhréir le míreanna 5, 6 agus 7 den Airteagal seo maidir le gach buicéad atá laistigh d’aicme riosca. Nuair a ríomhfar an íogaireacht bhuicéadsonrach i leith na mbuicéad go léir, déanfar íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir riosca i mbuicéid dhifriúla a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, trí na comhghaolta comhfhreagracha γbc maidir le híogaireachtaí ualaithe i mbuicéid dhifriúla a úsáid mar a leagtar amach in Airteagail 383l, 383o, 383r, 383u, 383w agus 383z as a dtagann na ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme riosca do riosca deilte nó véige:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
mCVA |
= fachtóir iolraitheora atá cothrom le 1; féadfaidh an t-údarás inniúil luach mCVA a mhéadú i gcás ina léirítear easnaimh lena gcuirtear bac ar shamhail inmheánach mhalartach institiúide ó thaobh na ceanglais cistí dílse a thomhas go hiomchuí le haghaidh riosca CVA; |
|
Kb |
= an íogaireacht bhuicéadsonrach a ghabhann le buicéad b; |
|
γbc |
= an paraiméadar comhghaoil idir buicéid b agus c; |
|
|
maidir le gach fachtóir riosca i mbuicéad b; |
|
|
maidir le gach fachtóir riosca i mbuicéad c. |
Airteagal 383c
Fachtóirí riosca an ráta úis
Is é a bheidh i bhfachtóirí riosca deilte an ráta úis is infheidhme maidir le hionstraimí sa phunann CVA na rátaí saor ó riosca le haghaidh gach airgeadra lena mbaineann agus le haghaidh gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 1 bhliain, 2 bhliain, 5 bliana, 10 mbliana agus 30 bliain.
Is é a bheidh i bhfachtóirí riosca deilte an ráta úis is infheidhme maidir le hionstraimí sa phunann CVA atá íogair ar an ráta boilscithe na rátaí boilscithe le haghaidh an airgeadra lena mbaineann agus le haghaidh gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 1 bhliain, 2 bhliain, 5 bliana, 10 mbliana agus 30 bliain.
I gcás nach leordhóthanach na sonraí maidir le cuair babhtála intuigthe ón margadh ar a bhfuil tuairisc sa chéad fhomhír seo, féadfar na rátaí saor ó riosca a dhíorthú ón gcuar banna ceannais is oiriúnaí maidir le hairgeadra ar leith.
Airteagal 383d
Fachtóirí riosca malairte eachtraí
Airteagal 383e
Fachtóirí riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí
Airteagal 383f
Fachtóirí riosca raoin difríochta creidmheasa tagartha
Airteagal 383g
Fachtóirí riosca cothromais
Airteagal 383h
Fachtóirí riosca tráchtearraí
Airteagal 383i
Íogaireachtaí riosca deilte
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí deilte a bhfuil fachtóirí riosca an ráta úis mar chuid díobh a ríomh mar seo a leanas:
déanfar íogaireachtaí deilte an CVA chomhiomláin ar fhachtóirí riosca a bhfuil rátaí saor ó riosca mar chuid díobh, chomh maith le fálú incháilithe i ndáil leis na fachtóirí riosca sin, a ríomh mar a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann leis an CVA comhiomlán i ndáil le fachtóir riosca ráta saor ó riosca; |
|
rkt |
= luach fachtóra riosca ráta saor ó fhachtóir riosca k le haibíocht t; |
|
VCVA |
= an CVA comhiomlán arna ríomh leis an tsamhail rialála CVA; |
|
x,y |
= fachtóirí riosca seachas rkt in VCVA ; |
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann le fálú incháilithe i i ndáil le fachtóir riosca ráta saor ó riosca; |
|
Vi |
= an fheidhm phraghsála a bhaineann le fálú incháilithe i; |
|
w,z |
= fachtóirí riosca seachas rkt san fheidhm phraghsála Vi ; |
déanfar íogaireachtaí deilte ar fhachtóirí riosca a bhfuil rátaí boilscithe mar chuid díobh, chomh maith le fálú incháilithe i ndáil leis na fachtóirí riosca sin, a ríomh mar a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann leis an CVA comhiomlán i ndáil le fachtóir riosca an ráta boilscithe; |
|
inflkt |
= luach fachtóra riosca an ráta boilscithe k le haibíocht t; |
|
VCVA |
= an CVA comhiomlán arna ríomh leis an tsamhail rialála CVA; |
|
x,y |
= fachtóirí riosca seachas inflkt in VCVA ; |
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann le fálú incháilithe i i ndáil le fachtóir riosca an ráta boilscithe; |
|
Vi |
= an fheidhm phraghsála a bhaineann le fálú incháilithe i; |
|
w,z |
= fachtóirí riosca seachas inflkt san fheidhm phraghsála Vi . |
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí deilte an CVA chomhiomláin ar fhachtóirí riosca a bhfuil spotrátaí malairte eachtraí mar chuid díobh, chomh maith le hionstraim fálaithe incháilithe i ndáil leis na fachtóirí riosca sin, a ríomh mar seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann leis an CVA comhiomlán i ndáil le fachtóir riosca spotráta malairte eachtraí; |
|
FXk |
= luach fachtóra riosca spotráta malairte eachtraí k; |
|
VCVA |
= an CVA comhiomlán arna ríomh leis an tsamhail rialála CVA; |
|
x,y |
= fachtóirí riosca seachas FXk in VCVA ; |
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann le fálú incháilithe i i ndáil le fachtóir riosca spotráta malairte eachtraí; |
|
Vi |
= an fheidhm phraghsála a bhaineann le fálú incháilithe i; |
|
w,z |
= fachtóirí riosca seachas FXk san fheidhm phraghsála Vi . |
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí deilte an CVA chomhiomláin ar fhachtóirí riosca a bhfuil rátaí raoin difríochta creidmheasa contrapháirtí mar chuid díobh, chomh maith le hionstraim fálaithe incháilithe i ndáil leis na fachtóirí riosca sin, a ríomh mar seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann leis an CVA comhiomlán i ndáil le fachtóir riosca ráta raoin difríochta creidmheasa contrapháirtí; |
|
ccskt |
= luach fachtóra riosca i dtaca le ráta raoin difríochta creidmheasa k an chontrapháirtí ag aibíocht t; |
|
VCVA |
= an CVA comhiomlán arna ríomh leis an tsamhail rialála CVA; |
|
x,y |
= fachtóirí riosca seachas ccskt in VCVA ; |
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann le fálú incháilithe i i ndáil le fachtóir riosca ráta raoin difríochta creidmheasa contrapháirtí; |
|
Vi |
= an fheidhm phraghsála a bhaineann le fálú incháilithe i; |
|
w,z |
= fachtóirí riosca seachas ccskt san fheidhm phraghsála Vi . |
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí deilte an CVA chomhiomláin ar fhachtóirí riosca a bhfuil rátaí raoin difríochta creidmheasa tagartha mar chuid díobh, chomh maith le hionstraim fálaithe incháilithe i ndáil leis na fachtóirí riosca sin, a ríomh mar seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann leis an CVA comhiomlán i ndáil le fachtóir riosca ráta raoin difríochta creidmheasa tagartha; |
|
rcskt |
= luach fachtóra riosca ráta raoin difríochta creidmheasa tagartha k ag aibíocht t; |
|
VCVA |
= an CVA comhiomlán arna ríomh leis an tsamhail rialála CVA; |
|
x,y |
= fachtóirí riosca seachas ccskt in VCVA ; |
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann le fálú incháilithe i i ndáil le fachtóir riosca ráta raoin difríochta creidmheasa tagartha; |
|
Vi |
= an fheidhm phraghsála a bhaineann le fálú incháilithe i; |
|
w,z |
= fachtóirí riosca seachas ccskt san fheidhm phraghsála Vi . |
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí deilte an CVA chomhiomláin ar fhachtóirí riosca a bhfuil spotphraghsanna cothromais mar chuid díobh, chomh maith le hionstraim fálaithe incháilithe i ndáil leis na fachtóirí riosca sin, a ríomh mar seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann leis an CVA comhiomlán i ndáil le fachtóir riosca spotphraghsanna cothromais; |
|
EQ |
= luach an spotphraghais cothromais; |
|
VCVA |
= an CVA comhiomlán arna ríomh leis an tsamhail rialála CVA; |
|
x,y |
= fachtóirí riosca seachas EQ in VCVA ; |
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann le fálú incháilithe i i ndáil le fachtóir riosca spotphraghsanna cothromais; |
|
Vi |
= an fheidhm phraghsála a bhaineann le fálú incháilithe i; |
|
w,z |
= fachtóirí riosca seachas EQ san fheidhm phraghsála Vi . |
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí deilte an CVA chomhiomláin ar fhachtóirí riosca a bhfuil spotphraghsanna tráchtearraí mar chuid díobh, chomh maith le hionstraim fálaithe incháilithe i ndáil leis na fachtóirí riosca sin, a ríomh mar seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann leis an CVA comhiomlán i ndáil le fachtóir riosca spotphraghsanna tráchtearraí; |
|
CTY |
= luach an spotphraghais tráchtearra; |
|
VCVA |
= an CVA comhiomlán arna ríomh leis an tsamhail rialála CVA; |
|
x,y |
= fachtóirí riosca seachas CTY in VCVA ; |
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann le fálú incháilithe i ndáil le fachtóir riosca spotphraghsanna tráchtearraí; |
|
Vi |
= an fheidhm phraghsála a bhaineann le fálú incháilithe i; |
|
w,z |
= fachtóirí riosca seachas CTY san fheidhm phraghsála Vi . |
Airteagal 383j
Íogaireachtaí riosca véige
Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí riosca véige an CVA chomhiomláin ar fhachtóirí riosca a bhfuil luaineacht intuigthe mar chuid díobh, chomh maith le hionstraim fálaithe incháilithe i ndáil leis na fachtóirí riosca sin, a ríomh mar seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann leis an CVA comhiomlán i ndáil le fachtóir riosca luaineachta intuigthe; |
|
volk |
= luach an fhachtóra riosca luaineachta intuigthe,; |
|
VCVA |
= an CVA comhiomlán arna ríomh leis an tsamhail rialála CVA; |
|
x,y |
= fachtóirí riosca seachas volk san fheidhm phraghsála VCVA ; |
|
|
= na híogaireachtaí a bhaineann le hionstraim fálaithe incháilithe i i ndáil le fachtóir riosca luaineachta intuigthe; |
|
Vi |
= an fheidhm phraghsála a bhaineann le fálú incháilithe i; |
|
w,z |
= fachtóirí riosca seachas volk san fheidhm phraghsála Vi . |
Airteagal 383k
Ualuithe riosca do riosca an ráta úis
Maidir leis na hairgeadraí dá dtagraítear in Airteagal 383c(2), is iad seo a leanas a bheidh sna hualuithe riosca d’íogaireachtaí deilte ráta saor ó riosca le haghaidh gach buicéid i dTábla 1:
Tábla 1
|
Buicéad |
Aibíocht |
Ualú riosca |
|
1 |
1 bhliain |
1,11 % |
|
2 |
2 bhliain |
0,93 % |
|
3 |
5 bliana |
0,74 % |
|
4 |
10 mbliana |
0,74 % |
|
5 |
30 bliain |
0,74 % |
Airteagal 383l
Comhghaolta laistigh de bhuicéad do riosca an ráta úis
Maidir leis na hairgeadraí dá dtagraítear in Airteagal 383c(2), is iad seo a leanas na paraiméadair chomhghaoil a chuirfidh institiúidí i bhfeidhm maidir le comhiomlánú na n-íogaireachtaí deilte ráta saor ó riosca idir na buicéid dhifriúla a leagtar amach in Airteagal 383k, Tábla 1:
Tábla 1
|
Buicéad |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
|
1 |
100 % |
91 % |
72 % |
55 % |
31 % |
|
2 |
|
100 % |
87 % |
72 % |
45 % |
|
3 |
|
|
100 % |
91 % |
68 % |
|
4 |
|
|
|
100 % |
83 % |
|
5 |
|
|
|
|
100 % |
Airteagal 383m
Comhghaol i mbuicéid dhifriúla i gcomhair riosca ráta úis
Socrófar an paraiméadar comhghaoil trasbhuicéad do rioscaí deilte agus véige an ráta úis ag 0,5 le haghaidh gach péire airgeadraí.
Airteagal 383n
Ualuithe riosca do riosca malairte eachtraí
Is é a bheidh in ualú riosca na bhfachtóirí riosca malairte eachtraí maidir le péirí airgeadraí atá comhdhéanta den euro agus d’airgeadra Ballstáit atá páirteach in SRM II ceann de na hualaí seo a leanas:
an t-ualú riosca dá dtagraítear i mír 1, roinnte ar 3;
an uasluaineacht laistigh den bhanda luaineachta a chomhaontaigh an Ballstát agus an BCE go foirmiúil i gcás ina bhfuil an banda luaineachta sin níos cúinge ná an banda luaineachta a shainítear faoi SRM II.
Airteagal 383o
Comhghaolta do riosca malairte eachtraí
Airteagal 383p
Ualuithe riosca do riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí
Beidh na hualuithe riosca do na híogaireachtaí deilte ar fhachtóirí riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí mar an gcéanna i gcás gach aibíochta (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad i dTábla 1 agus is mar a leanas a bheidh siad:
Tábla 1
|
Uimhir bhuicéid |
Cáilíocht creidmheasa |
Earnáil |
Ualú riosca |
|
1 |
Uile |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc ceannais, de chuid na mBallstát |
0,5 % |
|
2 |
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus in Airteagal 118 |
0,5 % |
|
3 |
Rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus eintitis earnála poiblí |
1,0 % |
|
|
4 |
Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn |
5,0 % |
|
|
5 |
Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
3,0 % |
|
|
6 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin |
3,0 % |
|
|
7 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
2,0 % |
|
|
8 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
1,5 % |
|
|
9 |
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit |
1,0 % |
|
|
10 |
Céim cáilíochta creidmheasa 1 |
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha |
1,5 % |
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 2 go 3 |
2,5 % |
||
|
11 |
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 |
Earnáil eile |
5,0 % |
|
12 |
Innéacsanna cáilithe |
1,5 % |
|
|
13 |
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus in Airteagal 118 |
2,0 % |
|
14 |
Rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus eintitis earnála poiblí |
4,0 % |
|
|
15 |
Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn |
12,0 % |
|
|
16 |
Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
7,0 % |
|
|
17 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin |
8,5 % |
|
|
18 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
5,5 % |
|
|
19 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
5,0 % |
|
|
20 |
Earnáil eile |
12,0 % |
|
|
21 |
Innéacsanna cáilithe |
5,0 % |
I gcás nach bhfuil aon rátálacha seachtracha ann do chontrapháirtí sonrach, féadfaidh institiúidí, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, an rátáil inmheánach a mhapáil le rátáil sheachtrach chomhfhreagrach agus ualú riosca a shannadh a chomhfhreagraíonn do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 nó do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6. Seachas sin, cuirfear i bhfeidhm na hualuithe riosca do neamhchosaintí gan rátáil;
Airteagal 383q
Comhghaolta laistigh de bhuicéad do riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí
Idir dhá íogaireacht WSk agus WSl , a leanann as neamhchosaintí ar riosca a shanntar do bhuicéid earnála 1 go 11 agus 13 go 20, mar a leagtar amach in Airteagal 383p(1), Tábla 1, is mar seo a leanas a shocrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl :
i gcás inarb amhlaidh:
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás inarb ionann an dá rinn de chuid íogaireachtaí k agus l, agus seachas sin beidh sé cothrom le 90 %; |
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás inarb ionann an dá ainm de chuid íogaireachtaí k agus l, 90 % má tá an dá ainm éagsúil ach tá gaol dlíthiúil acu le chéile, seachas sin beidh sé cothrom le 50 %; |
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás ina bhfuil an dá ainm i mbuicéid 1 go 11 araon nó i mbuicéid 13 go 20 araon, agus seachas sin beidh sé cothrom le 80 %. |
Idir dhá íogaireacht WSk agus WSl , a leanann as neamhchosaintí ar riosca a shanntar do bhuicéid earnála 12 agus 21, is mar seo a leanas a shocrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl :
i gcás inarb amhlaidh:
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás inarb ionann an dá rinn de chuid íogaireachtaí k agus l, agus seachas sin beidh sé cothrom le 90 %; |
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás inarb ionann an dá ainm de chuid íogaireachtaí k agus l agus ina bhfuil an dá innéacs den tsraith chéanna, 90 % más ionann an dá innéacs, ach ar le sraitheanna leithleacha iad, seachas sin beidh sé cothrom le 80 %; |
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás ina bhfuil an dá ainm i mbuicéad 12 araon nó i mbuicéad 21 araon, agus seachas sin beidh sé cothrom le 80 %. |
Airteagal 383r
Comhghaolta i mbuicéid dhifriúla do riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí
Is mar seo a leanas a bheidh na comhghaolta trasbhuicéad do riosca deilte raoin difríochta creidmheasa contrapháirtí:
Tábla 1
|
Buicéad |
1, 2, 3, 13 agus 14 |
4 agus 15 |
5 agus 16 |
6 agus 17 |
7 agus 18 |
8 agus 19 |
9 agus 10 |
11 agus 20 |
12 agus 21 |
|
1, 2, 3, 13 agus 14 |
100 % |
10 % |
20 % |
25 % |
20 % |
15 % |
10 % |
0 % |
45 % |
|
4 agus 15 |
|
100 % |
5 % |
15 % |
20 % |
5 % |
20 % |
0 % |
45 % |
|
5 agus 16 |
|
|
100 % |
20 % |
25 % |
5 % |
5 % |
0 % |
45 % |
|
6 agus 17 |
|
|
|
100 % |
25 % |
5 % |
15 % |
0 % |
45 % |
|
7 agus 18 |
|
|
|
|
100 % |
5 % |
20 % |
0 % |
45 % |
|
8 agus 19 |
|
|
|
|
|
100 % |
5 % |
0 % |
45 % |
|
9 agus 10 |
|
|
|
|
|
|
100 % |
0 % |
45 % |
|
11 agus 20 |
|
|
|
|
|
|
|
100 % |
0 % |
|
12 agus 21 |
|
|
|
|
|
|
|
|
100 % |
Airteagal 383s
Ualuithe riosca do riosca raoin difríochta creidmheasa tagartha
Beidh na hualuithe riosca do na híogaireachtaí deilte ar fhachtóirí riosca raoin difríochta creidmheasa tagartha mar an gcéanna i gcás gach aibíochta (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) agus i gcás gach neamhchosanta ar raon difríochta creidmheasa tagartha laistigh de gach buicéad i dTábla 1 agus is mar a leanas a bheidh siad:
Tábla 1
|
Uimhir bhuicéid |
Cáilíocht chreidmheasa |
Earnáil |
Ualú riosca |
|
1 |
Uile |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc ceannais, de chuid na mBallstát |
0,5 % |
|
2 |
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus in Airteagal 118 |
0,5 % |
|
3 |
Rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
1,0 % |
|
|
4 |
Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn |
5,0 % |
|
|
5 |
Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
3,0 % |
|
|
6 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin |
3,0 % |
|
|
7 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
2,0 % |
|
|
8 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
1,5 % |
|
|
9 |
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit |
1,0 % |
|
|
10 |
Céim cáilíochta creidmheasa 1 |
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha |
1,5 % |
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 2 go 3 |
2,5 % |
||
|
11 |
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 |
Innéacsanna cáilithe |
1,5 % |
|
12 |
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil |
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus in Airteagal 118 |
2,0 % |
|
13 |
Rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
4,0 % |
|
|
14 |
Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn |
12,0 % |
|
|
15 |
Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
7,0 % |
|
|
16 |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin |
8,5 % |
|
|
17 |
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
5,5 % |
|
|
18 |
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
5,0 % |
|
|
19 |
Innéacsanna cáilithe |
5,0 % |
|
|
20 |
Earnáil eile |
12,0 % |
|
I gcás nach bhfuil aon rátálacha seachtracha ann do chontrapháirtí sonrach, féadfaidh institiúidí, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, an rátáil inmheánach a mhapáil le rátáil sheachtrach chomhfhreagrach agus ualú riosca a shannadh a chomhfhreagraíonn do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 nó do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6. Seachas sin, cuirfear i bhfeidhm na hualuithe riosca do neamhchosaintí gan rátáil.
Airteagal 383t
Comhghaolta laistigh de bhuicéad do riosca raoin difríochta creidmheasa tagartha
Idir dhá íogaireacht WSk agus WSl a leanann as neamhchosaintí ar riosca a shanntar do bhuicéid earnála 1 go 10, 12 go 18 agus 20, d’Airteagal 383s(1), Tábla 1, is mar seo a leanas a shocrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl :
i gcás inarb amhlaidh:
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás inarb ionann an dá rinn de chuid íogaireachtaí k agus l, agus seachas sin beidh sé cothrom le 90 %; |
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás inarb ionann an dá ainm de chuid íogaireachtaí k agus l, 90 % má tá an dá ainm éagsúil, ach tá gaol dlíthiúil acu le chéile agus seachas sin beidh sé cothrom le 50 %; |
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás ina bhfuil an dá ainm i mbuicéid 1 go 10 araon nó i mbuicéid 12 go 18, nó ina bhfuil an dá ainm i mbuicéad 20, agus seachas sin beidh sé cothrom le 80 %. |
Idir dhá íogaireacht WSk agus WSI , a leanann as neamhchosaintí ar riosca a shanntar do bhuicéid earnála 11 agus 19, is mar seo a leanas a shocrófar an paraiméadar comhghaoil ρkl :
i gcás inarb amhlaidh:
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás inarb ionann an dá rinn de chuid íogaireachtaí k agus l, agus seachas sin beidh sé cothrom le 90 %; |
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás inarb ionann an dá ainm de chuid íogaireachtaí k agus l agus ina bhfuil an dá innéacs den tsraith chéanna, 90 % más ionann an dá innéacs, ach ar le sraitheanna leithleacha iad, agus seachas sin beidh sé cothrom le 80 %; |
|
go mbeidh |
cothrom le 1 i gcás ina bhfuil an dá ainm i mbuicéad 11 araon nó i mbuicéad 19 araon, agus seachas sin beidh sé cothrom le 80 %. |
Airteagal 383u
Comhghaolta i mbuicéid dhifriúla do riosca raoin difríochta creidmheasa tagartha
Is mar seo a leanas a bheidh na comhghaolta trasbhuicéid le haghaidh riosca tagartha um raon difríochta creidmheasa agus riosca véige um raon difríochta creidmheasa tagartha:
Tábla 1
|
Buicéad |
1, 2 agus 12 |
3 agus 14 |
4 agus 15 |
5 agus 16 |
6 agus 17 |
7 agus 18 |
8 agus 19 |
9 agus 10 |
20 |
11 |
19 |
|
1, 2 agus 12 |
100 % |
75 % |
10 % |
20 % |
25 % |
20 % |
15 % |
10 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
3 agus 14 |
|
100 % |
5 % |
15 % |
20 % |
15 % |
10 % |
10 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
4 agus 15 |
|
|
100 % |
5 % |
15 % |
20 % |
5 % |
20 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
5 agus 16 |
|
|
|
100 % |
20 % |
25 % |
5 % |
5 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
6 agus 17 |
|
|
|
|
100 % |
25 % |
5 % |
15 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
7 agus 18 |
|
|
|
|
|
100 % |
5 % |
20 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
8 agus 19 |
|
|
|
|
|
|
100 % |
5 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
9 agus 10 |
|
|
|
|
|
|
|
100 % |
0 % |
45 % |
45 % |
|
20 |
|
|
|
|
|
|
|
|
100 % |
0 % |
0 % |
|
11 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
100 % |
75 % |
|
19 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
100 % |
Airteagal 383v
Buicéid ualuithe riosca do riosca cothromais
Beidh na hualuithe riosca do na híogaireachtaí deilte ar fhachtóirí riosca spotphraghsanna cothromais mar an gcéanna i gcás gach neamhchosanta ar riosca cothromais laistigh de bhuicéad i dTábla 1 agus is mar seo a leanas a bheidh siad:
Tábla 1
|
Uimhir bhuicéid |
Caipitliú margaidh |
An geilleagar |
Earnáil |
Ualú riosca i gcomhair spotphraghas cothromais |
|
1 |
Mór |
Geilleagar margaidh i mbéal forbartha |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin, cúram sláinte, fóntais |
55 % |
|
2 |
Teileachumarsáid, scaireanna tionsclaíocha |
60 % |
||
|
3 |
Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
45 % |
||
|
4 |
Scaireanna airgeadais, lena n-áirítear scaireanna airgeadais le taca rialtais, gníomhaíochtaí réadmhaoine dochorraithe, teicneolaíocht |
55 % |
||
|
5 |
Geilleagar sárfhorbartha |
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin, cúram sláinte, fóntais |
30 % |
|
|
6 |
Teileachumarsáid, scaireanna tionsclaíocha |
35 % |
||
|
7 |
Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
40 % |
||
|
8 |
Scaireanna airgeadais, lena n-áirítear scaireanna airgeadais le taca rialtais, gníomhaíochtaí réadmhaoine dochorraithe, teicneolaíocht |
50 % |
||
|
9 |
Beag |
Geilleagar margaidh i mbéal forbartha |
Na hearnálacha go léir a thuairiscítear faoi uimhreacha buicéid 1, 2, 3 agus 4 |
70 % |
|
10 |
Geilleagar sárfhorbartha |
Na hearnálacha go léir a thuairiscítear faoi uimhreacha buicéid 5, 6, 7 agus 8 |
50 % |
|
|
11 |
Earnáil eile |
70 % |
||
|
12 |
Mór |
Geilleagar sárfhorbartha |
Innéacsanna cáilithe |
15 % |
|
13 |
Eile |
Innéacsanna cáilithe |
25 % |
|
Airteagal 383w
Comhghaolta i mbuicéid dhifriúla do riosca cothromais
Socrófar an paraiméadar comhghaoil trasbhuicéid do riosca deilte agus véige cothromais ag:
15 %, i gcás inar buicéid dtagann an dá bhuicéid faoi réim bhuicéid 1 agus 10 in Airteagal 383v(1), Tábla 1;
75 %, i gcás inar buicéid 12 agus 13 in Airteagal 383v(1), Tábla 1, iad an dá bhuicéad;
45 %, i gcás inar buicéad 12 nó 13 in Airteagal 383v(1), Tábla 1, é ceann amháin den dá bhuicéad agus ina dtagann an buicéad eile faoi réim bhuicéid 1 go 10 in Airteagal 383v(1), Tábla 1;
0 %, i gcás inar buicéad 11 in Airteagal 383v(1), Tábla 1, é ceann amháin den dá bhuicéad.
Airteagal 383x
Buicéid ualuithe riosca do rioscaí tráchtearraí
Beidh na hualuithe riosca do na híogaireachtaí deilte ar fhachtóirí riosca spotphraghsanna tráchtearraí mar an gcéanna i gcás gach neamhchosanta ar riosca tráchtearraí laistigh de gach buicéad i dTábla 1 agus is mar seo a leanas a bheidh siad:
Tábla 1
|
Uimhir bhuicéid |
Ainm buicéid |
Ualú riosca i gcomhair spotphraghas tráchtearra |
|
1 |
Fuinneamh – ábhair indóite sholadacha |
30 % |
|
2 |
Fuinneamh – ábhair indóite leachtacha |
35 % |
|
3 |
Fuinneamh – leictreachas |
60 % |
|
4 |
Fuinneamh – trádáil carbóin faoi CTA an Aontais |
40 % |
|
5 |
Fuinneamh – trádáil carbóin lasmuigh de CTA an Aontais |
60 % |
|
6 |
Lastas |
80 % |
|
7 |
Miotail – nach miotail lómhara iad |
40 % |
|
8 |
Ábhair indóite ghásacha |
45 % |
|
9 |
Miotail lómhara, lena n-áirítear ór |
20 % |
|
10 |
Gráin agus olashíol |
35 % |
|
11 |
Beostoc agus déiríocht |
25 % |
|
12 |
Táirgí boga agus táirgí eile talmhaíochta |
35 % |
|
13 |
Táirgí tráchtearraí eile |
50 % |
Airteagal 383z
Comhghaolta i mbuicéid dhifriúla i gcomhair riosca tráchtearraí
Socrófar an paraiméadar comhghaoil trasbhuicéid do riosca deilte tráchtearraí ag:
20 % i gcás inar buicéid as measc na gceann idir buicéid 1 agus 12 in Airteagal 383x(1), Tábla 1, an dá bhuicéad sin;
0 %, i gcás inar buicéad 13 in Airteagal 383v(1), Tábla 1, é ceann amháin den dá bhuicéad.
Socrófar an paraiméadar comhghaoil trasbhuicéid do riosca véige tráchtearraí ag:
20 % i gcás inar buicéid as measc na gceann idir buicéid 1 agus 12 in Airteagal 383x(1), Tábla 1, an dá bhuicéad sin;
0 %, i gcás inar buicéad 13 in Airteagal 383v(1), Tábla 1, é ceann amháin den dá bhuicéad.
Airteagal 384
An cur chuige bunúsach
Ríomhfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA i gcomhréir le mír 2 nó 3 den Airteagal seo, de réir mar is infheidhme, le haghaidh punann idirbheart le contrapháirtí amháin nó níos mó ná contrapháirtí amháin, ag úsáid ceann amháin de na foirmlí seo a leanas, de réir mar is iomchuí:
an fhoirmle a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, i gcás ina gcuireann an institiúid fálú incháilithe amháin nó níos mó ná fálú incháilithe amháin a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 386 san áireamh sa ríomh;
an fhoirmle a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, i gcás nach gcuirfidh an institiúid aon fhálú incháilithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 386 san áireamh sa ríomh.
Ní úsáidfear na cineálacha cur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), in éineacht le chéile.
Déanfaidh institiúid a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh mar seo a leanas:
BACVAiomlántotal = β · BACVAcsr-neamhfhálaitheunhedged + DSCVA · (1 – β) · BACVAcsr-fálaithe
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
BACVAiomlán |
= ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige bunúsach; |
|
BACVAcsr-neamhfhálaithe |
= ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige bunúsach mar a ríomhtar i gcomhréir le mír 3 le haghaidh institiúid a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (b); |
|
DSCVA |
= 0,65 ; |
|
β |
= 0,25 ; |
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
a |
= 1,4 ; |
|
ρ |
= 0,5 ; |
|
c |
= an t-innéacs a sheasann do na contrapháirtithe uile a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo; |
|
NS |
= an t-innéacs a sheasann do na glanluachálacha uile le contrapháirtí ar leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo; |
|
h |
= an t-innéacs a sheasann do na hionstraimí aonainm uile a aithnítear mar fháluithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386 le haghaidh contrapháirtí ar leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo; |
|
I |
= an t-innéacs a sheasann do na hionstraimí innéacs uile a aithnítear mar fháluithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386 le haghaidh gach contrapháirtí a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo; |
|
RWc |
= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le contrapháirtí “c”; déanfar contrapháirtí “c” a mhapáil chuig ceann de na hualuithe riosca bunaithe ar mheascán d’earnáil agus cáilíocht chreidmheasa agus déanfar an mhapáil sin a chinneadh i gcomhréir le Tábla 1. |
I gcás nach bhfuil aon rátálacha seachtracha ann do chontrapháirtí sonrach, féadfaidh institiúidí, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, an rátáil inmheánach a mhapáil le rátáil sheachtrach chomhfhreagrach agus ualú riosca a shannadh a chomhfhreagraíonn do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 nó do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6; seachas sin, cuirfear i bhfeidhm na hualuithe riosca do neamhchosaintí gan rátáil.
= aibíocht éifeachtach don tacar glanluachála NS le contrapháirtí “c”;
i gcomhréir le Foirmle 162; mar sin féin, maidir leis an ríomh sin, ní chuirfear uasteorainn 5 bliana léi, ach cuirfear í de réir na haibíochta conarthaí is faide a bheidh fágtha sa tacar glanluachála;
|
|
= luach neamhchosanta riosca chreidmheasa contrapháirtí an tacair glanluachála NS le contrapháirtí c, lena n-áirítear éifeacht na comhthaobhachta i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 6, Roinn 3 go 6, de réir mar is infheidhme, maidir leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa an chontrapháirtí dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointí (a) agus (g), a ríomh; |
|
|
= fachtóir lascaine maoirseachta do thacar glanluachála NS le contrapháirtí “c”. |
I gcás institiúide, ag úsáid na modhanna a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 6, Roinn 6, socrófar an fachtóir lascaine maoirseachta ag 1; i ngach cás eile, déanfar an fachtóir lascaine maoirseachta a ríomh mar a leanas:
|
rhc |
= an fachtóir comhghaolúcháin maoirseachta idir riosca raoin difríochta creidmheasa chontrapháirtí “c” agus riosca raoin difríochta creidmheasa ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe “h” le haghaidh contrapháirtí “c”, mar a chinntear i gcomhréir le Tábla 2; |
|
|
= aibíocht iarmhair ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe; |
|
|
= luach barúlach ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe; |
|
|
= an fachtóir lascaine maoirseachta le haghaidh ionstraim aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe, arna ríomh mar a leanas:
|
|
|
= ualú riosca maoirseachta ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe; déanfar na hualuithe riosca sin a bhunú ar mheascán d’earnáil agus cáilíocht chreidmheasa raon difríochta creidmheasa tagartha na hionstraime fálaithe agus déanfar iad a chinneadh i gcomhréir le Tábla 1; |
|
|
= aibíocht iarmhair suímh amháin nó níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna a aithnítear mar fhálú incháilithe; i gcás ina bhfuil níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna, is é a bheidh san aibíocht ualaithe bharúlach maidir le gach ceann de na suíomhanna sin; |
|
|
= luach barúlach iomlán suímh amháin nó níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna a aithnítear mar fhálú incháilithe; |
|
|
= an fachtóir lascaine maoirseachta le haghaidh suíomh amháin nó níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna a aithnítear mar fhálú incháilithe, arna ríomh mar a leanas:
|
|
|
= ualú riosca maoirseachta ionstraime innéacs a aithnítear mar fhálú incháilithe; beidh bunaithe ar mheascán d’earnáil agus cáilíocht chreidmheasa na gcomhpháirteanna innéacs uile, arna ríomh mar a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna innéacs uile san earnáil chéanna agus an cháilíocht chreidmheasa chéanna acu, mar a chinntear i gcomhréir le Tábla 1, déanfar a ríomh mar ualú riosca ábhartha Thábla 1 don earnáil agus don cháilíocht chreidmheasa sin arna iolrú faoi 0,7 ;
(b)
i gcás nach mbeidh na comhpháirteanna innéacs uile san earnáil chéanna nó nach bhfuil an cháilíocht chreidmheasa chéanna acu, déanfar a ríomh mar mheán ualaithe d’ualuithe riosca na gcomhpháirteanna innéacs uile, mar a chinntear i gcomhréir le Tábla 1, arna n-iolrú faoi 0,7 ; |
Tábla 1
|
Earnáil an chontrapháirtí |
Cáilíocht chreidmheasa |
|
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 |
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil |
|
|
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118 |
0,5 % |
2,0 % |
|
Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí |
1,0 % |
4,0 % |
|
Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn |
5,0 % |
12,0 % |
|
Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht |
3,0 % |
7,0 % |
|
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin |
3,0 % |
8,5 % |
|
Teicneolaíocht, teileachumarsáid |
2,0 % |
5,5 % |
|
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla |
1,5 % |
5,0 % |
|
Earnáil eile |
5,0 % |
12,0 % |
Tábla 2
|
Comhghaolta idir raon difríochta creidmheasa an chontrapháirtí agus an fhálaithe aonainm |
|
|
Fálú aonainm h de chontrapháirtí i |
Luach rhc |
|
Contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 386(3), pointe (a)(i) |
100 % |
|
Contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 386(3), pointe (a)(ii) |
80 % |
|
Contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 386(3), pointe (a)(iii) |
50 % |
Déanfaidh institiúid a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh mar seo a leanas:
i gcás inarb iad na téarmaí uile na cinn a leagtar amach i mír 2.
Airteagal 385
An cur chuige simplithe
Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
níl ach na hidirbhearta atá faoi réir na gceanglas cistí dílse le haghaidh CVA a leagtar síos in Airteagal 382 faoi réir an ríomha sin;
ní chuirtear díorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar neamhchosaintí ar riosca contrapháirtí san áireamh sa ríomh sin.
Airteagal 386
Fáluithe incháilithe
Aithneofar suíomhanna in ionstraimí fálaithe mar fháluithe incháilithe chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 383 agus 384 i gcás ina gcomhlíonann na suíomhanna sin gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
úsáidtear iad chun riosca CVA a mhaolú agus déantar iad a bhainistiú mar sin;
is féidir iad a dhéanamh le tríú páirtithe nó le leabhar trádála na hinstitiúide mar fhálú inmheánach, sa chás sin, tá siad leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 106(7) a chomhlíonadh;
ní féidir ach suíomhanna in ionstraimí fálaithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo amháin a aithint mar fháluithefhálaithe incháilithe chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 383 agus 384, faoi seach.
Ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383, aithneofar suíomhanna in ionstraimí fálaithe mar fháluithe incháilithe i gcás, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (c) den mhír seo, inar suíomh aonair i bhfálú incháilithe iad na hionstraimí fálaithe sin agus nach roinntear iad i níos mó ná suíomh amháin i níos mó ná fálú incháilithe amháin.
Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383, ní aithneofar ach suíomhanna sna hionstraimí fálaithe seo a leanas amháin mar fháluithe incháilithe:
ionstraimí lena bhfálaítear luaineacht raon difríochta creidmheasa an chontrapháirtí, cé is moite de na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 325(5);
ionstraimí lena bhfálaítear luaineacht na comhpháirte neamhchosanta de riosca CVA, cé is moite de na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 325(5).
Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 384, ní aithneofar ach suíomhanna sna hionstraimí fálaithe seo a leanas mar fháluithe incháilithe:
babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa teagmhasacha, a thagraíonn don mhéid seo a leanas:
an contrapháirtí go díreach;
eintiteas a bhfuil gaol dlíthiúil aige leis an gcontrapháirtí, i gcás ina dtagraítear, leis an ngaol dlíthiúil sin, do chásanna ina bhfuil an t-ainm tagartha agus an contrapháirtí ina máthairchuideachta agus a fochuideachta nó mar dhá fhochuideachta de mháthairchuideachta chomhchoiteann;
eintiteas atá san earnáil chéanna agus sa réigiún céanna leis an gcontrapháirtí;
babhtálacha mainneachtana creidmheasa innéacs.
CUID A CEATHAIR
►C9 NEAMHCHOSAINTÍ ◄ MÓRA
Airteagal 387
Ábhar
Déanfaidh institiúidí faireachán ar a ►C9 neamhchosaintí ◄ móra agus rialóidh siad iad i gcomhréir leis an gCuid seo.
▼M9 —————
Airteagal 389
Sainmhíniú
Beidh feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas chun críocha na Coda seo: Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn “ ►C9 Neamhchosaintí ◄ ” aon sócmhainn nó ítim lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2, gan na hualuithe ►C9 riosca ◄ ná na céimeanna ►C9 riosca ◄ a chur i bhfeidhm.
Airteagal 390
Luach na ►C12 neamhchosainta ◄ a ríomh
Maidir le ►C12 neamhchosainti ◄ an leabhair trádála, féadfaidh institiúidí:
na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra atá acu a fhritháireamh sna hionstraimí airgeadais céanna arna n-eisiúint ag cliant ar leith agus an glansuíomh i ngach ceann de na hionstraimí éagsúla á ríomh i gcomhréir leis na modhanna a leagtar síos i gCaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí;
na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra atá acu a fhritháireamh in ionstraimí airgeadais éagsúla arna n-eisiúint ag cliant ar leith ach sa chás amháin ina bhfuil an ionstraim airgeadais faoin suíomh gearr ar chéim níos sóisearaí ná an ionstraim faoin suíomh fada nó i gcás ina mbaineann an tsinsearacht chéanna leis na hionstraimí foluiteacha.
Chun críocha phointe (a) agus phointe (b), féadfar ionstraimí airgeadais a leithdháileadh i mbuicéid bunaithe ar chéimeanna éagsúla sinsearachta chun cóimheas sinsearachta na suíomhanna a chinneadh.
Agus luach na ►C12 neamhchosainti ◄ á ríomh do na conarthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar conarthaí iad arna leithdháileadh ar an leabhar trádála, comhlíonfaidh institiúidí na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 299 freisin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, institiúidí a bhfuil cead acu na modhanna dá dtagraítear i Roinn 4 de Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí agus Roinn 6 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí a úsáid, féadfaidh siad na modhanna sin a úsáid agus luach na ►C12 neamhchosainta ◄ a ríomh i gcás idirbhearta um maoiniú urrús.
Ní áireofar aon cheann de na nithe seo a leanas mar ►C12 neamhchosainti ◄ :
i gcás idirbheart malairte eachtraí, ►C12 neamhchosainti ◄ arna dtabhú sa ghnáthchúrsa socraíochta le linn an dá lá gnó tar éis íocaíochta;
i gcás idirbheart chun urrúis a cheannach nó a dhíol, ►C12 neamhchosainti ◄ arna dtabhú sa ghnáthchúrsa socraíochta le linn na gcúig lá gnó tar éis íoc as na hurrúis nó tar éis iad a sheachadadh, cibé acu is túisce;
i gcás ina soláthraítear tarchur airgid lena n-áirítear seirbhísí íocaíochta a dhéanamh, imréiteach agus socraíocht in aon airgeadra agus imréiteach comhfhreagrach ionstraimí baincéireachta nó ionstraimí airgeadais, seirbhísí socraíochta agus cumhdaigh do chliaint, fáltais mhoillithe i leith ►C12 neamhchosainti ◄ cistithe agus eile a thagann as gníomhaíocht cliaint nach maireann níos faide ná an lá gnó dar gcionn;
i gcás ina soláthraítear tarchur airgid lena n-áirítear seirbhísí íocaíochta a dhéanamh, imréiteach agus socraíocht in aon airgeadra agus baincéireacht chomhfhreagrach, ►C12 neamhchosainti ◄ ionlae ar institiúidí a sholáthraíonn na seirbhísí sin;
►C12 neamhchosainti ◄ arna n-asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 nó as ítimí breise Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 36 agus Airteagal 56 nó aon asbhaint eile as na hítimí sin a laghdaíonn an cóimheas sócmhainneachta.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
na coinníollacha faoina dtarlódh sé nach mbeadh struchtúr na n-idirbheart dá dtagraítear i mír 7 ina ►C12 neamhchosaint ◄ bhreise.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 391
Sainmhíniú ar institiúid chun críocha ►C9 neamhchosaintí ◄ móra
Ar mhaithe le luach ►C9 neamhchosaintí ◄ a ríomh i gcomhréir leis an gCuid seo, áireofar leis an téarma “institiúid” aon ghnóthas príobháideach nó poiblí, lena n-áirítear a bhrainsí, a chomhlíonfadh an sainmhíniú ar an téarma “institiúid” dá mbunófaí san Aontas í, agus atá údaraithe i dtríú tír agus a chuireann ceanglais mhaoirseachta agus rialála stuamachta i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin atá i bhfeidhm san Aontas.
Chun críocha an chéad mhír, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinntí a ghlacadh an gcuireann tríú tír ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.
Airteagal 392
Sainmhíniú ar ►C12 neamhchosaint ◄ mhór
Measfar gur ►C12 neamhchosaint ◄ mhór í ►C12 neamhchosaint ◄ institiúide ar chliant nó ar ghrúpa cliant atá nasctha le chéile i gcás ina bhfuil luach na ►C12 neamhchosainta ◄ cothrom le, nó níos mó ná, 10 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide.
Airteagal 393
Cumas ►C9 neamhchosaintí ◄ móra a aithint agus a bhainistiú
Beidh nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta fónta ag institiúid agus sásraí rialaithe inmheánaigh leordhóthanacha chun críocha ►C9 neamhchosaintí ◄ móra agus athruithe orthu ina dhiaidh sin a aithint, a bhainistiú, a thuairisciú, a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh orthu, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 394
Ceanglais tuairiscithe
Tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le gach ►C12 neamhchosaint ◄ mhór atá ina seilbh acu, lena n-áirítear ►C12 neamhchosainti ◄ móra atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):
céannacht an chliaint nó an ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a bhfuil ►C12 neamhchosainti ◄ mhór ag an institiúid orthu;
luach na ►C12 neamhchosainta ◄ sula gcuirtear san áireamh éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa, i gcás inarb infheidhme;
i gcás ina n-úsáidtear é, cineál na cosanta creidmheasa cistithe nó neamhchistithe;
luach na ►C12 neamhchosainta ◄ , tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa arna ríomh chun críocha Airteagal 395(1) a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.
Institiúidí atá faoi réir Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, tabharfaidh siad tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an 20 ►C12 neamhchosaint ◄ is mó ar bhonn comhdhlúite atá acu, cé is moite de na ►C12 neamhchosainti ◄ sin atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1).
Ina theannta sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar bhonn comhdhlúite ar ►C12 neamhchosainti ◄ ag a bhfuil luach atá níos mó ná EUR 300 milliún nó cothrom leis an méid sin ach atá níos lú ná 10 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide.
►M17 De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir leis na 10 neamhchosaint is mó ar bhonn comhdhlúite atá acu ar institiúidí agus maidir leis na 10 neamhchosaint is mó atá acu ar eintitis scáthbhaincéireachta ar bhonn comhdhlúite, lena n-áirítear neamhchosaintí móra atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1): ◄
céannacht an chliaint nó an ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a bhfuil ►C12 neamhchosainti ◄ mhór ag an institiúid orthu;
luach na ►C12 neamhchosainta ◄ sula gcuirtear san áireamh éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa, i gcás inarb infheidhme;
i gcás ina n-úsáidtear é, cineál na cosanta creidmheasa cistithe nó neamhchistithe;
luach na ►C12 neamhchosainta ◄ tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa arna ríomh chun críocha Airteagal 395(1) a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.
Sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tuairisceoidh institiúidí a neamhchosaint chomhiomlán ar eintitis scáthbhaincéireachta dá n-údaráis inniúla.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh UBÉ san áireamh forbairtí idirnáisiúnta agus caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le scáthbhaincéireacht agus déanfaidh sé na nithe seo a leanas a mheas:
go bhféadfaidh ►C12 riosca ◄ do shuíomh sócmhainneachta nó do shuíomh leachtachta na hinstitiúide a bheith ag baint leis an gcaidreamh le heintiteas aonair nó le grúpa eintiteas;
ar cheart eintitis atá faoi réir ceanglais sócmhainneachta nó ceanglais leachtachta atá cosúil lena leagtar síos leis an Rialachán seo agus le Treoir (AE) 2013/69/AE, a eisiamh ina n-iomláine nó a pháirteisiamh ón oibleagáid a bheith tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2 maidir le heintitis scáthbhaincéireachta.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 395
Teorainn na ►C9 neamhchosaintí ◄ móra
I gcás gur airde an EUR 150 milliún ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403 den Rialachán seo, ní rachaidh luach na ►C12 neamhchosant ◄ thar theorainn réasúnach i dtéarmaí chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide. Cinnfidh an institiúid an teorainn sin i gcomhréir leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE, chun aghaidh a thabhairt ar phriacal comhchruinnithe agus chun é a rialú. Ní bheidh an teorainn sin níos airde ná 100 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide.
Féadfaidh údaráis inniúla teorainn níos ísle ná EUR 150 milliún a shocrú agus sa chás sin cuirfidh siad ÚBE agus an Coimisiún ar an eolas faoi.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, ní thabhóidh G-SII ►C12 neamhchosant ◄ ar G-SII eile nó G-SII neamh-AE a bhfuil luach na ►C12 neamhchosanta ◄ sin, tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403, níos mó ná 15 % dá chaipiteal Leibhéal 1. Déanfaidh G-SII teorainn den sórt sin a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis an dáta ar sainaithníodh é mar G-SII. I gcás ina bhfuil ►C12 neamhchosanta ◄ ag G-SII ar institiúid eile nó grúpa eile a thiocfaidh chun bheith sainaitheanta mar G-SII nó mar G-SII neamh-AE, comhlíonfaidh sé teorainn den sórt sin tráth nach déanaí ná 12 mhír tar éis an dáta ar tháinig an institiúid eile sin nó an grúpa eile sin chun bheith sainaitheanta mar G-SII nó mar G-SII neamh-AE.
Agus na treoirlínte sin á bhforbairt, féachfaidh ÚBE an mbeadh éifeacht dhíobhálach ábhartha ann ar phróifíl ►C9 riosca ◄ institiúidí a bhunaítear san Aontas, ar sholáthar creidmheasa don bhfíoreacnamaíocht nó ar chobhsaíocht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais dá dtabharfaí isteach teorainneacha breise.
Faoi 31 Nollaig 2015 déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a oiriúnaí agus a éifeachtaí atá sé teorainneacha a fhorchur ar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar eintitis bhaincéireachta a mbíonn gníomhaíochtaí baincéireachta á ndéanamh acu lasmuigh de chreat rialáilte, agus forbairtí idirnáisiúnta agus Aontais á gcur san áireamh i réimse na scáthbhaincéireachta agus na ►C9 neamhchosaintí ◄ móra mar aon le maolú ►C9 riosca ◄ creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i gcás inarb iomchuí in éineacht le togra reachtach maidir le teorainneacha ►C9 neamhchosaintí ◄ i leith eintitis scáthbhaincéireachta ag gabháil leis an tuairis a mbíonn gníomhaíochtaí baincéireachta á ndéanamh acu lasmuigh de chreat rialáilte.
Agus na treoirlínte sin á dtabhairt cothrom le dáta aige, tabharfaidh ÚBE aird chuí, i measc breithnithe eile, ar rannchuidiú na n-eintiteas scáthbhaincéireachta le haontas na margaí caipitil, ar an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon athruithe ar na treoirlínte sin, lena n-áirítear teorainneacha breise, ar shamhail ghnó agus próifíl riosca na n-institiúidí agus ar chobhsaíocht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais.
Ina theannta sin, faoin 31 Nollaig 2027, cuirfidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le rannchuidiú na n-eintiteas scáthbhaincéireachta le haontas na margaí caipitil agus maidir le neamhchosaintí institiúidí ar na heintitis sin, lena n-áirítear maidir le hoiriúnacht teorainneacha comhiomlána nó teorainneacha aonair níos doichte leis na neamhchosaintí sin, agus aird chuí á tabhairt ar chreat rialála agus samhlacha gnó na n-eintiteas sin.
Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn na tuarascála sin, togra reachtach maidir le teorainneacha neamhchosanta ar eintitis scáthbhaincéireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Féadfar na teorainneacha a leagtar síos san Airteagal seo a shárú maidir leis na ►C12 neamhchosanta ◄ i leabhar trádála na hinstitiúide, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
ní sháraíonn an ►C12 neamhchosanta ◄ sa leabhair neamhthrádála ar an gcliant i gceist nó ar an ngrúpa cliant atá nasctha le chéile, ní sháraíonn sí an teorainn a leagtar síos i mír 1, ar teorainn í arna ríomh ag tagairt do chaipiteal Leibhéal 1, ionas go dtiocfaidh an barrachas chun cinn go hiomlán sa leabhar trádála;
comhlíonann an institiúid ceanglas maidir le cistí dílse breise ar an gcuid den ►C12 neamhchosanta ◄ os cionn na teorann a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 397 agus Airteagal 398;
i gcás ina bhfuil 10 lá nó níos lú ná sin caite ó tharla an barrachas dá dtagraítear i bpointe (b), níl ►C12 neamhchosant ◄ an leabhair trádála ar an gcliant i gceist nó ar an ngrúpa cliant atá nasctha le chéile níos mó ná 500 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide;
i gcás aon bharrachais a mhairfidh níos faide ná 10 lá, ní mó é, i bhfoirm chomhiomlán, ná 600 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide.
Gach uair a shárófar an teorainn, tabharfaidh an institiúid fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill faoi mhéid an bharrachais agus faoi ainm an chliaint lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an ghrúpa cliant atá nasctha le chéile lena mbaineann.
D'ainneoin mír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 400(1)(f), i gcás ina nglacann Ballstáit dlíthe náisiúnta lena n-éilítear go ndéanfar bearta struchtúracha laistigh de ghrúpa baincéireachta, d'fhéadfadh údaráis inniúla a éileamh go gcuirfeadh institiúidí an ghrúpa baincéireachta a bhfuil taiscí ina seilbh acu arna gcumhdach ag Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí ( 34 ) nó ag scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír, ►C1 go gcuirfidís teorainn mhór ►C9 neamhchosaintí ◄ i bhfeidhm faoi bhun 25 % ach ní faoi bhun 15 % idir an 28 Meitheamh 2013 agus an 30 Meitheamh 2015 ◄ , agus ní faoi bhun 10 % ó 1 Iúil 2015 ar bhonn fochomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 11(5) maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ inghrúpa i gcás go gcuimseoidh na ►C9 neamhchosaintí ◄ sin ►C9 neamhchosaintí ◄ ar eintiteas nach mbaineann leis an bhfoghrúpa céanna maidir leis na bearta struchtúracha.
Chun críocha na míre seo, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
féachtar ar gach eintiteas a bhaineann leis an bhfoghrúpa céanna maidir leis na bearta struchtúracha mar aon chliant amháin nó mar ghrúpa de chliaint nasctha;
cuirfidh na húdaráis inniúla teorainn aonfhormeach i bhfeidhm ar na ►C9 neamhchosaintí ◄ dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige seo gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
►C9 Sula nglacfaidh siad na sainbhearta struchtúracha sin dá dtagraítear i mír 6 a bhaineann le neamhchosaintí móra, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Chomhairle, don Choimisiún, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus do ÚBE, dhá mhí ar a laghad sula bhfoilsítear an cinneadh chun na bearta struchtúracha a ghlacadh, agus cuirfidh siad isteach ina leith fianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil ábhartha, faoin méid seo a leanas go léir: ◄
raon na ngníomhaíochtaí atá faoi réir na mbeart struchtúrach;
míniú maidir le cén fáth a meastar dréachtbhearta dá sórt a bheith oiriúnach, éifeachtach agus comhréireach chun taisceoirí a chosaint;
measúnú ar thionchar dóchúil dearfach nó diúltach na mbeart ar an margadh aonair bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Bhallstát.
Laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 7 a fháil, cuirfidh ÚBE a dtuairimí maidir leis na pointí a luaitear sa mhír sin chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt maidir leis na pointí a luaitear sa mhír sin don Chomhairle, don Choimisiún agus don mBallstát lena mbaineann.
Agus na tuairimí dá dtagraítear sa dara fomhír á gcur san áireamh go hiomlán agus i gcás ina mbeidh fianaise stóinseach, láidir ann go mbeidh tionchar diúltach ag na bearta ar an margadh inmheánach a sháróidh na buntáistí a bheidh ann i leith na cobhsaíochta airgeadais, diúltóidh an Coimisiún do na bearta náisiúnta atá molta, laistigh de dhá mhí tar éis dó an fógra a fháil. Murach sin, glacfaidh an Coimisiún leis na bearta náisiúnta atá molta ar feadh tréimhse tosaigh de 2 bhliain agus, nuair is iomhcuí, d'fhéadfadh na bearta a bheith faoi réir leasaithe.
Ní dhiúltóidh an Coimisiún do na bearta náisiúnta atá molta ach amháin más dóigh leis go mbaineann droch-éifeachtaí míréireacha leo ar an gcóras airgeadais ar an iomlán nó ar chodanna de i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine, lena ndéantar nó lena gcruthaítear, dá bharr sin, bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó ar shaorghluaiseacht chaipitil i gcomhréir le forálacha CFAE.
Tabharfar ar aird tuairim ÚBE i measúnú an Choimisiúin agus agus tabharfar ar aird an fhianaise arna cur i láthair i gcomhréir le mír 7.
Roimh dhul in éag do na bearta, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta nua a mholadh chun síneadh a chur leis an tréimhse lena gcuirfear i bhfeidhm iad go ceann dhá bhliain bhreise gach uair. Sa chás sin, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, don Chomhairle, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus doÚBE. Beidh formheas na mbeart nua faoi réir an phróisis a leagtar amach san Airteagal seo. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'Airteagal 458.
Airteagal 396
Ceanglais maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ móra a chomhlíonadh
I gcás ina bhfuil an EUR 150 milliún dá dtagraítear in Airteagal 395(1) infheidhme, féadfaidh na húdaráis inniúla, ar bhonn gach cáis faoi leith, cead a thabhairt an teorainn 100 % i dtéarmaí chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide a shárú.
I gcás ina gceadaíonn údarás inniúil d'institiúid, sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, an teorainn a leagtar amach in Airteagal 395(1) a shárú ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí, déanfaidh an institiúid plean a thíolacadh trína mbeifear in ann an teorainn a chomhlíonadh arís go tráthúil chun sástacht an údaráis inniúil agus cuirfidh sí an plean sin i gcrích laistigh den tréimhse arna comhaontú leis an údarás inniúil. Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar chur chun feidhme an phlean agus ceanglóidh sé go gcomhlíonfar na ceanglais athuair ar bhonn níos gasta más iomchuí.
Chun críocha mhír 1, eiseoidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena sonrófar an chaoi a gcinnfidh na húdaráis inniúla an méid a leanas:
na cásanna eisceachtúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;
an tráth ama a mheastar a bheith iomchuí chun go gcomhlíonfar na ceanglais athuair;
na bearta atá le glacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid na ceanglais arís go tráthúil.
Airteagal 397
Ceanglais cistí dílse a ríomh maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ móra sa leabhar trádála
Amhail ó 10 lá tar éis don bharrachas tarlú, leithdháilfear comhpháirteanna an bharrachais, arna roghnú i gcomhréir le mír 1, ar an líne iomchuí i gColún 1 de Thábla 1 in ord ardaitheach na gceanglas ►C9 riosca ◄ shonraigh i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 agus/nó in ord ardaitheach na gceanglas in Airteagal 299 agus i gCuid a Trí, Teideal V. Beidh an ceanglas cistí dílse breise cothrom le suim na gceanglas ►C9 riosca ◄ shonraigh i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 agus/nó suim na gceanglas in Airteagal 299 agus i gCuid a Trí, Teideal V, arna iolrú ag an bhfachtóir comhfhreagrach i gColún 2 de Thábla 1.
Tábla 1
|
Colún 1: Barrachas thar na teorainneacha (ar bhonn chéatadán an chaipitil incháilithe) ►M8 caipiteal incháilithe ◄ |
Colún 2: Fachtóirí |
|
Suas go 40 % |
200 % |
|
Ó 40 % go 60 % |
300 % |
|
Ó 60 % go 80 % |
400 % |
|
Ó 80 % go 100 % |
500 % |
|
Ó 100 % go 250 % |
600 % |
|
Os cionn 250 % |
900 % |
Airteagal 398
Nósanna imeachta chun cosc a chur ar institiúidí maidir leis an gceanglas cístí dílse breise a sheachaint
Ní sheachnóidh institiúidí na ceanglais cistí dílse bhreise atá leagtha amach in Airteagal 397 a thabhóidís murach sin, ar ►C9 neamhchosaintí ◄ a sháraíonn an teorainn atá leagtha síos in Airteagal 395(1) i gcás inar coinníodh na ►C9 neamhchosaintí ◄ sin ar feadh níos mó ná 10 lá, trí na ►C9 neamhchosaintí ◄ atá i gceist a aistriú go sealadach go cuideachta eile, laistigh den ghrúpa céanna nó lasmuigh de, agus/nó trí idirbhearta saorga a dhéanamh chun an ►C9 neamhchosaint ◄ a ghlanadh le linn na tréimhse 10 lá agus ►C9 neamhchosaint ◄ nua a chruthú.
Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta a chothabháil lena n-áirithítear go dtabharfar fógra láithreach do na húdaráis inniúla maidir le haon aistriú lena mbaineann an éifeacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Airteagal 399
Teicnící maolaithe creidmheasa incháilithe
Chun críocha Airteagal 400 go hAirteagal 403, áireofar faoin téarma “ráthaíocht” díorthaigh chreidmheasa a aithnítear faoi Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí seachas nótaí creidmheas-nasctha.
Airteagal 400
Díolúintí
Beidh díolúine ag na ►C9 neamhchosaintí ◄ seo a leanas ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais láir, ar bhainc cheannais nó ar eintitis earnála poiblí, dá sannfaí, i gcás ina mbeidís neamhurraithe, ►C9 ualach riosca ◄ 0 % faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ar bhainc forbartha iltaobhacha dá sannfaí, i gcás ina mbeidís neamhurraithe, ►C9 ualach riosca ◄ 0 % faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh a thugann anonn na ráthaíochtaí follasacha atá ag rialtais láir, ag bainc cheannais, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag bainc forbartha iltaobhacha nó ag eintitis earnála poiblí, i gcás ina sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % d'éilimh neamhurraithe ar an eintiteas a thugann an ráthaíocht faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
►C9 neamhchosaintí ◄ eile atá inchurtha i leith rialtas láir, banc ceannais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, banc forbartha iltaobhacha nó eintiteas earnála poiblí, nó arna ráthú acu, i gcás ina sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % ar an eintiteas a bhfuil an ►C9 neamhchosaint ◄ inchurtha ina leith nó a bhfuil sé ráthaithe ina leith faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla Ballstát i gcás ina sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % do na héilimh sin faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 agus do ►C9 neamhchosaintí ◄ eile ar na rialtais réigiúnacha nó ar na húdaráis áitiúla sin, nó arna ráthú acu, éilimh a sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
►C9 neamhchosaintí ◄ ar chontrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 113(6) nó (7) dá sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2. ►C9 Neamhchosaintí ◄ nach gcomhlíonann na critéir sin, cibé acu atá díolúine acu ó Airteagal 395(1) nó nach bhfuil, láimhseálfar iad mar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar thríú páirtí;
ítimí sócmhainne agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile arna n-urrú le comhthaobhacht i bhfoirm taisce airgid arna dtaisceadh leis an institiúid iasachta nó le hinstitiúid ar máthairchuideachta nó fochuideachta de chuid na hinstitiúide iasachta í;
ítimí sócmhainne agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile arna n-urrú le comhthaobhacht i bhfoirm deimhnithe taisce arna n-eisiúint ag an institiúid iasachta nó ag institiúid ar máthairchuideachta nó fochuideachta de chuid na hinstitiúide iasachta í agus arna dtaisceadh le ceachtar díobh;
neamhchosaintí a thagann as saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe atá aicmithe mar ítimí bhuicéad 5 lasmuigh den chlár comhardaithe in Iarscríbhinn I nó socruithe conarthacha a chomhlíonann na coinníollacha mar ghealltanais nach bhfuiltear á láimhseáil mar ghealltanais agus ar an gcoinníoll go bhfuil comhaontú tugtha i gcrích leis an gcliant nó le grúpa cliant nasctha faoina bhféadfar an tsaoráid a tharraingt ar an gcoinníoll go bhfuarthas amach nach gcuirfeadh sé faoi deara an teorainn is infheidhme faoi Airteagal 395(1) a shárú;
►C12 neamhchosainti ◄ trádála na gcomhaltaí imréitigh ar chontrapháirtithe lárnacha cáilitheacha agus ranníocaíochtaí ciste mainneachtana leo;
►C9 neamhchosaintí ◄ ar scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Threoir 94/19/CE a thagann as cistiú na scéimeanna sin, má tá oibleagáid chonarthach nó dlí ar bhall-institiúidí na scéime an scéim a chistiú;
►C12 neamhchosaintí ◄ trádála na gcliant dá dtagraítear in Airteagal 305(2) nó Airteagal 305(3);
sealúchais atá ag eintitis réitigh nó a bhfochuideachtaí nach eintitis réitigh iad féin, d'ionstraimí cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE arna n-eisiúint ag aon cheann de na heintitis seo a leanas:
maidir le heintitis réitigh, eintitis eile ar leis an ngrúpa réitigh céanna iad;
maidir le fochuideachtaí eintitis réitigh nach eintitis réitigh iad féin, fochuideachtaí na bhfochuideachta ábhartha ar leis an ngrúpa réitigh céanna iad;
►C12 neamhchosainti ◄ a thagann as gealltanas luacha íosta a chomhlíonann na coinníollacha go léir a leagtar amach in Airteagal 132c(3).
Maidir le hairgead a fhaightear faoi nóta creidmheas-nasctha arna eisiúint ag an institiúid agus maidir le hiasachtaí agus taiscí contrapháirtí chuig an institiúid nó leis an institiúid atá faoi réir comhaontaithe glanluachála laistigh den chlár comhardaithe atá aitheanta faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4, measfar go dtiocfaidh siad faoi phointe (g).
Féadfaidh údaráis inniúla díolúine iomlán nó pháirteach a thabhairt i leith na ►C9 neamhchosaintí ◄ seo a leanas:
bannaí faoi chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 129;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla Ballstát i gcás ina sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 20 % do na héilimh sin faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 agus do ►C9 neamhchosaintí ◄ eile ar na rialtais réigiúnacha nó ar na húdaráis áitiúla sin, nó arna ráthú acu, éilimh a sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 20 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
►C12 neamhchosainti ◄ , lena n-áirítear trí rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, a thabhaigh institiúid i leith a máthairchuideachta, i leith fhochuideachtaí eile na máthairchuideachta sin nó i leith a cuid fochuideachtaí agus a cuid sealúchas cáilitheach féin, sa mhéid is go bhfuil na gnóthais sin faoi chumhdach ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Treoir 2002/87/CE nó le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír; ►C12 neamhchosainti ◄ nach gcomhlíonann na critéir sin, bíodh díolúine acu ó Airteagal 395(1) den Rialachán seo nó ná bíodh, láimhseálfar iad mar ►C12 neamhchosainti ◄ ar thríú páirtí;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile, lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, ar institiúidí creidmheasa réigiúnacha nó lárnacha lena bhfuil baint ag an institiúid chreidmheasa i líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla agus atá freagrach, faoi na forálacha sin, as oibríochtaí imréitigh airgid laistigh den líonra;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile ar institiúidí creidmheasa arna dtabhú ag institiúidí creidmheasa, a bhfeidhmíonn ceann amháin acu ar bhonn neamhiomaíoch agus a sholáthraíonn nó a ráthaíonn iasachtaí faoi chláir reachtacha nó faoina cuid reachtanna, chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a chur chun cinn faoi fhormhaoirseacht rialtais de chineál éigin agus srianta maidir le húsáid na n-iasachtaí, ar an gcoinníoll go dtiocfaidh na ►C9 neamhchosaintí ◄ faoi seach as iasachtaí den sórt sin a chuirtear ar aghaidh chuig na tairbhithe trí institiúidí creidmheasa nó ó ráthaíochtaí na n-iasachtaí sin;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar bhainc cheannais i bhfoirm na gcúlchistí íosta is gá a sealbhaíonn na bainc cheannais sin atá ainmnithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais láir i bhfoirm ceanglas leachtachta reachtúla a shealbhaítear in urrúis rialtais atá ainmnithe agus cistithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta ar an gcoinníoll gombeidh, ag lánrogha an údaráis inniúil, measúnú creidmheasa na rialtas láir sin atá sannta ag IMCS ainmnithe de ghrád infheistíochta;
50 % de chreidmheasanna doiciméadacha bhuicéad 4 lasmuigh den chlár comhardaithe agus de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe bhuicéad 3 lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil aibíocht bhunaidh suas go dtí agus lena n-áirítear aon bhliain amháin agus faoi réir chomhaontú na n-údarás inniúil, 80 % de ráthaíochtaí seachas ráthaíochtaí iasachta a bhfuil bonn dlí nó rialála fúthu agus a thugtar dá gcuid comhaltaí trí chomhscéimeanna ráthaíochta a bhfuil stádas acu mar institiúidí creidmheasa;
ráthaíochtaí a cheanglaítear leis an dlí a úsáidtear nuair a íoctar iasacht mhorgáiste atá maoinithe trí bhannaí morgáiste a eisiúint le hiasachtaí an mhorgáiste sula gclárófar an morgáiste den uair dheiridh sa chlár talún, ar an gcoinníoll nach n-úsáidfear an ráthaíocht mar ní a laghdóidh an ►C9 ualach riosca ◄ a bhaineann leis na méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ ualaithe ó thaobh ►C9 ualach riosca ◄ a ríomh;
►C12 neamhchosaintí ◄ i bhfoirm comhthaobhacht nó ráthaíocht d'iasachtaí cónaithe, arna cur ar fáil ag soláthróir cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201 a cháilíonn le haghaidh rátáil chreidmheasa arb é an ceann is ísle díobh seo a leanas:
céim cáilíochta creidmheasa 2;
an chéim cáilíochta creidmheasa a chomhfhreagraíonn do rátáil airgeadra eachtraigh rialtas láir an Bhallstáit ina bhfuil ceanncheathrú an tsoláthróra cosanta lonnaithe.
►C12 neamhchosaintí ◄ i bhfoirm ráthaíocht le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil, arna gcur ar fáil ag gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin a cháilíonn le haghaidh rátáil chreidmheasa arb é an ceann is ísle díobh seo a leanas:
céim cáilíochta creidmheasa 2;
an chéim cáilíochta creidmheasa a chomhfhreagraíonn do rátáil airgeadra eachtraigh rialtas láir an Bhallstáit ina bhfuil ceanncheathrú na gníomhaireachta creidmheasa onnmhairiúcháin lonnaithe.
Ní fhéadfar an díolúine dá bhforáiltear i mír 2 a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
go bhféadfar aghaidh a thabhairt ar aon ►C9 Riosca ◄ comhchruinnithe a bheidh fágtha trí mhodhanna a bheadh chomh héifeachtach céanna amhail na socruithe, na próisis agus na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE.
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas an bhfuil sé i gceist acu aon cheann de na díolúintí dá bhforáiltear i mír 2 a úsáid i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) den mhír seo agus leagfaidh siad amach don ÚBE an bunús atá acu leis na díolúintí sin a úsáid.
Airteagal 401
Éifeacht úsáid teicnící maolaithe phriacail chreidmheasa a ríomh
De mhaolú ar mhír 1, institiúidí a bhfuil cead acu na modhanna dá dtagraítear i Roinn 4 de Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí agus Roinn 6 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí a úsáid, féadfaidh siad na modhanna sin a úsáid agus luach na ►C12 neamhchosainta ◄ a ríomh d'idirbhearta um maoiniú urrús.
Tabharfaidh na tástálacha struis tréimhsiúla sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír aghaidh ar na ►C12 riosca ◄ a thagann as athruithe a d'fhéadfadh teacht ar dhálaí sa mhargadh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar leordhóthanacht chistí dílse na n-institiúidí agus ►C12 riosca ◄ a thagann as réadú na comhthaobhachta i ►C12 neamhchosainti ◄ struis.
Beidh na tástálacha struis a dhéanfar leordhóthanach agus iomchuí chun an measúnú a dhéanamh ar na ►C12 riosca ◄ sin.
Áireoidh institiúidí na nithe seo a leanas ina gcuid straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar phriacail chomhchruinnithe:
beartais agus nósanna imeachta a bhaineann le ►C12 riosca ◄ comhchruinnithe a eascróidh as cur i bhfeidhm teicnící um maolú ►C12 riosca ◄ creidmheasa, agus go háirithe ►C12 neamhchosainti ◄ móra ar chreidmheas indíreach, mar shampla ►C12 neamhchosainti ◄ ar eisiúnaí aonair urrús a thógtar mar chomhthaobhacht.
Airteagal 402
►C9 Neamhchosaintí ◄ a thig as iasachtú morgáiste
►M17 Chun luachanna na neamhchosanta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúidí, seachas i gcás ina bhfuil toirmeasc ar a leithéid leis an dlí náisiúnta is infheidhme, luach neamhchosanta nó aon chuid de neamhchosaint a laghdú, ar neamhchosaint í arna hurrú le réadmhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 125(1) leis an méid arna chur i ngeall den luach réadmhaoine, ach nach mó ná 55 % den luach réadmhaoine, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: ◄
níl ualú riosca níos airde ná 20 % socraithe ag na húdaráis inniúla le haghaidh neamhchosaintí nó codanna de neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124(9);
tá an ►C12 neamhchosaint ◄ nó cuid den ►C12 neamhchosaint ◄ urraithe go hiomlán ag an méid seo a leanas:
morgáiste amháin nó níos mó ar réadmhaoin chónaithe; nó
réadmhaoin chónaithe in idirbheart léasaithe faoina gcoinníonn an léasóir úinéireacht iomlán ar an réadmhaoin chónaithe agus nach bhfuil rogha an léasaí í a cheannach feidhmithe aige nó aici go fóill;
comhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1).
►M17 Chun luachanna na neamhchosanta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúidí, seachas i gcás ina bhfuil toirmeasc ar a leithéid leis an dlí náisiúnta is infheidhme, luach neamhchosanta nó aon chuid de neamhchosaint a laghdú, ar neamhchosaint í atá urraithe le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 126(1) leis an méid arna chur i ngeall den luach réadmhaoine, ach nach mó ná 55 % den luach réadmhaoine, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: ◄
níl ualú riosca níos airde ná 60 % socraithe ag na húdaráis inniúla le haghaidh neamhchosaintí nó codanna de neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 124(9);
comhlíontar na ceanglais in Airteagal 124(3), pointe (c), agus in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1);
tá an mhaoin tráchtála dhochorraithe go hiomlán tógtha.
►C9 Neamhchosaint ◄ ar chontrapháirtí a eascraíonn as comhaontú athcheannaigh droim ar ais faoinar cheannaigh an institiúid ón gcontrapháirtí liain mhorgáiste neamhspleácha neamh-ghabháltais ar mhaoin dhochorraithe tríú páirtithe, féadfaidh institiúid í a láimhseáil mar roinnt ►C9 neamhchosaintí ◄ aonair ar gach ceann de na tríú páirtithe sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas:
is institiúid nó gnólacht infheistíochta an contrapháirtí;
tá an ►C9 neamhchosaint ◄ á hurrú go hiomlán ag liain ar mhaoin dhochorraithe na dtríú páirtithe sin a cheannaigh an institiúid agus is féidir leis an institiúid na liain sin a chleachtadh;
d'áirithigh an institiúid go gcomhlíonfar na ceanglais atá in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1);
beidh an institiúid mar thairbhí na n-éileamh a dhéanann an contrapháirtí i gcoinne na dtríú páirtithe i gcás mhainneachtain, dhócmhainneacht nó leachtacht an chontrapháirtí;
i gcomhréir le hAirteagal 394, tabharfaidh an institiúid tuairisc do na húdaráis inniúla i ndáil le méid iomlán na ►C11 neamhchosanta ◄ ar gach institiúid nó gnólacht infheistíochta eile a láimhseálfar i gcomhréir leis an mír seo.
Chun na críche sin, glacfaidh an institiúid leis go mbeidh ►C9 neamhchosaint ◄ aici ar gach ceann de na tríú páirtithe sin i leith mhéid an éilimh a dhéanfaidh an contrapháirtí i gcoinne an tríú pháirtí in ionad mhéid comhfhreagrach na ►C9 neamhchosaint ◄ ar an gcontrapháirtí. Leanfar den chuid eile den ►C9 neamhchosaint ◄ ar an gcontrapháirtí, más ann di, a láimhseáil mar ►C9 neamhchosaint ◄ ar an gcontrapháirtí.
Airteagal 403
Cur chuige ionadaíochta
I gcás ina bhfuil ►C12 neamhchosaint ◄ ar chliant ráthaithe ag tríú páirtí, nó urraithe le comhthaobhacht arna heisiúint ag tríú páirtí, déanfaidh institiúid:
an chuid den ►C12 neamhchosaint ◄ atá ráthaithe a láimhseáil mar ►C12 neamhchosaint ◄ ar an ráthóir seachas ar an gcliant, ar an gcoinníoll go sannfaí don ►C12 neamhchosaint ◄ neamhurraithe ar an ráthóir ualú ►C12 riosca ◄ atá cothrom le, nó níos ísle ná, ualú ►C12 riosca ◄ na ►C12 neamhchosainta ◄ neamhurraithe ar an gcliant faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;
an chuid den ►C12 neamhchosaint ◄ arna comhthaobhú le margadhluach na comhthaobhachta aitheanta a láimhseáil mar ►C12 neamhchosaint ◄ ar an tríú páirtí seachas ar an gcliant, ar an gcoinníoll go bhfuil an ►C12 neamhchosaint ◄ urrúsaithe le comhthaobhacht agus ar an gcoinníoll go sannfaí do chuid chomhthaobhaithe na ►C12 neamhchosainta ◄ ualú ►C12 riosca ◄ atá cothrom le, nó níos ísle ná, ualú ►C12 riosca ◄ na ►C12 neamhchosainta ◄ neamhurraithe ar an gcliant faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí.
Ní úsáidfidh an institiúid an cur chuige dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír i gcás ina bhfuil neamhréir ann idir aibíocht na ►C12 neamhchosainta ◄ agus aibíocht na cosanta.
Chun críocha na Coda seo, ní fhéadfaidh institiúid an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais agus an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a úsáid ach amháin i gcás ina gceadaítear di an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais agus an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais araon a úsáid chun críocha Airteagal 92.
I gcás ina gcuireann institiúid pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm:
i gcás ina bhfuil an ráthaíocht ainmnithe in airgeadra atá éagsúil ón airgeadra sin ina bhfuil an ►C12 neamhchosaint ◄ ainmnithe, déanfaidh an institiúid méid na ►C12 neamhchosainta ◄ a mheastar a bheith cumhdaithe a ríomh i gcomhréir leis na forálacha maidir le neamhréir airgeadra a láimhseáil le haghaidh cosaint neamhchistithe creidmheasa a leagtar amach i gCuid a Trí;
láimhseálfaidh an institiúid neamhréir idir aibíocht na ►C12 neamhchosainta ◄ agus aibíocht na cosanta i gcomhréir leis na forálacha maidir le neamhréireacha aibíochta a láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí;
féadfaidh an institiúid cumhdach páirteach a aithint i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí.
Chun críocha phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúid an méid i bpointe (b) den mhír seo a chur in ionad an mhéid i bpointe (a) den mhír seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (c), (d) agus (e) den mhír seo:
méid iomlán ►C12 neamhchosainta ◄ na hinstitiúide ar eisitheoir urrúis chomhthaobhaigh de bharr comhaontuithe trí-pháirteacha athcheannaigh arna n-éascú ag gníomhaire trí-pháirteach;
méid iomlán na dteorainneacha a thug an institiúid treoir don ghníomhaire trí-pháirteach dá dtagraítear i bpointe (a), a chur chun feidhme maidir leis na hurrúis arna n-eisiúint ag an eisitheoir urrúis chomhthaobhaigh dá dtagraítear sa phointe sin;
tá an institiúid tar éis a fhíorú go ndearna an gníomhaire trí-pháirteach coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm chun sáruithe ar na teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (b) a chosc;
níor chuir an t-údarás inniúil aon údar imní a bhaineann le hábhar in iúl;
ní théann suim mhéid na teorann dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo agus aon ►C12 neamhchosaintai ◄ eile de chuid na hinstitiúide ar an eisitheoir urrúis chomhthaobhaigh thar an teorainn a leagtar amach in Airteagal 395(1).
Foilseoidh ÚBE na treoirlínte sin faoin 31 Nollaig 2019.
▼M5 —————
CUID A SÉ
LEACHTACHT
TEIDEAL I
SAINMHÍNITHE AGUS CEANGLAIS LEACHTACHTA
Airteagal 411
Sainmhínithe
Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “custaiméir airgeadais” custaiméir, lena n-áirítear custaiméir airgeadais ar custaiméir é de ghrúpaí corparáideacha neamhairgeadais, a dhéanann ceann nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE mar a phríomhghnó, nó ar ceann díobh seo a leanas é:
institiúid creidmheasa;
gnólacht infheistíochta;
eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE);
gnóthas comhinfheistíochta (GC);
scéim infheistíochta neamh-cheannoscailte;
gnóthas árachais;
gnóthas athárachais;
cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;
institiúid airgeadais;
socruithe scéime pinsean mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
ciallaíonn “taisce miondíola” dliteanas i leith duine nádúrtha nó i leith FBM, i gcás ina gcáileodh an FBM d'aicme na ►C12 neamhchosainta ◄ ar mhiondíol faoin gcur chuige caighdeánaithe nó faoin gcur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha maidir le ►C12 riosca ◄ creidmheasa, nó dliteanas i leith cuideachta atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(4) agus i gcás nach mó ná EUR 1 milliún na taiscí comhiomlána ón FBM nó ón gcuideachta sin ar bhonn grúpa;
Ciallaíonn “cuideachta infheistíochta phearsanta” nó “CIP” gnóthas nó iontaobhas ar duine nádúrtha é an t-úinéir nó an t-úinéir tairbhiúil, nó ar grúpa de dhaoine nádúrtha é an t-úinéir nó an t-úinéir tairbhiúil, grúpa atá nasctha le chéile go dlúth agus nach bhfuil aon ghníomhaíocht eile tráchtála, thionsclaíoch nó ghairmiúil aige agus a bunaíodh chun críche saibhreas na n-úinéirí a bhainistiú agus chun na críche sin amháin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coimhdeacha amhail sócmhainní na n-úinéirí a leithscaradh ó shócmhainní corparáideacha, tarchur sócmhainní laistigh de theaghlach a éascú nó roinnt na sócmhainní a chosc tar éis do dhuine den teaghlach bás a fháil, ar choinníoll go bhfuil baint ag na gníomhaíochtaí coimhdeachta sin leis an bpríomhchuspóir saibhreas na n-úinéirí a bhainistiú;
ciallaíonn “bróicéir taiscí” duine nádúrtha nó gnóthas a chuireann taiscí ó thríú páirtithe in institiúidí creidmheasa mar mhalairt ar tháille, lena n-áirítear taiscí miondíola agus taiscí corparáideacha ach gan taiscí ó chustaiméirí airgeadais a áireamh;
ciallaíonn “sócmhainní neamhualaithe” sócmhainní nach bhfuil faoi réir aon srian dlíthiúil, conarthach, nó rialála nó faoi réir aon srian eile a choisceann ar institiúidí na sócmhainní sin a leachtú, a dhíol, a aistriú, a thabhairt ar láimh nó, i gcoitinne, fáil réidh leis na sócmhainní sin trí dhíolachán glan amach nó trí chomhaontú athcheannaigh;
ciallaíonn “rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach” aon chuid de na sócmhainní nach bhfuil sé d'oibleagáid ar an institiúid a nascadh le heisiúint bannaí faoi chumhdach de bhua ceanglais dhlíthiúla nó ceanglais rialála, ceangaltais chonarthacha nó ar chúiseanna a bhaineann le disciplín an mhargaidh, lena n-áirítear go háirithe i gcás ina soláthrófar na sócmhainní de bhreis ar an gceanglas íosta dlíthiúil, reachtúil nó rialála maidir le rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh is infheidhme i dtaca leis na bannaí faoi chumhdach faoi dhlí náisiúnta Ballstáit nó tríú tír;
ciallaíonn “ceanglas maidir le cumhdach sócmhainní” an cóimheas idir sócmhainní agus dliteanais arna chinneadh i gcomhréir le dlí náisiúnta Ballstáit nó tríú tír ar mhaithe le feabhsuithe creidmheasa maidir le bannaí faoi chumhdach;
ciallaíonn “iasachtaí corrlaigh” iasachtaí comhthaobhaithe a shíntear chuig custaiméirí chun críche suíomhanna giarála a ghlacadh;
ciallaíonn “conarthaí díorthach” na conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;
ciallaíonn “strus” athrú tobann agus tromchúiseach chun donais ar shuíomh sócmhainneachta nó ar shuíomh leachtachta institiúide i ngeall ar athruithe ar dhálaí margaidh nó i ngeall ar fhachtóirí neamhghnácha a fhágann go bhfuil ►C12 riosca ◄ suntasach ann nach mbeidh an institiúid in ann a ceangaltais a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite laistigh den 30 lá dar gcionn;
ciallaíonn “sócmhainní leibhéal 1” sócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa thar a bheith ard acu dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 416(1);
ciallaíonn “sócmhainní leibhéal 2” sócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa ard acu dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 416(1) den Rialachán seo; foroinntear sócmhainní Leibhéal 2 arís ina sócmhainní leibhéal 2A agus leibhéal 2B mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
ciallaíonn “maolán leachtachta” méid shócmhainní leibhéal 1 agus leibhéal 2 atá ina seilbh ag institiúid i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe (AE) 460(1);
ciallaíonn “glan-eis-sreabha leachtachta” an méid atá mar thoradh ar insreabha leachtachta institiúide a asbhaint dá heis-sreabha leachtachta;
ciallaíonn “airgeadra tuairiscithe” airgeadra an Bhallstáit ina bhfuil ceannoifig na hinstitiúide lonnaithe;
ciallaíonn “fachtóireacht” comhaontú conarthach idir gnó (an “sannóir”) agus eintiteas airgeadais (an “fachtóir”) ina sannann nó ina ndíolann an sannóir a earraí infhaighte leis an bhfachtóir agus ina soláthraíonn an fachtóir, mar chúiteamh, ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí seo a leanas don sannóir i ndáil leis na hearraí infhaighte a sannadh:
réamhíocaíocht de chéatadán de mhéid na n-earraí infhaighte a sannadh, de ghnáth gearrthéarmach, neamhcheangailteach agus gan tar-rolladh uathoibríoch;
bainistiú, bailiú agus cosaint creidmheasa i ndáil le hearraí infhaighte trína riarann an fachtóir, de ghnáth, mórleabhar díolachán an tsannóra agus trína mbailíonn sé na hearraí infhaighte in ainm an fhachtóra;
chun críocha Theideal IV, déileálfar le fachtóireacht mar mhaoiniú trádála;
ciallaíonn “saoráid thiomanta creidmheasa nó leachtachta” saoráid chreidmheasa nó leachtachta atá neamh-inchúlghairthe nó inchúlghairthe ar bhonn coinníollach.
Airteagal 412
Ceanglas maidir le cumhdach leachtachta
Mura sonraítear a mhalairt sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), i gcás inar féidir ítim a chomhaireamh i níos mó ná catagóir eis-sreabh amháin, déanfar í a chomhaireamh sa chatagóir eis-sreabh is mó a sholáthraíonn eis-sreabha conarthacha don ítim sin.
Airteagal 413
Ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí
Airteagal 414
Ceanglais leachtachta a chomhlíonadh
Tabharfaidh institiúid nach gcomhlíonann, nó nach dóigh léi go gcomhlíonfaidh sí, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 413(1), lena n-áirítear le linn tréimhsí struis, tabharfaidh sí fógra láithreach do na húdaráis inniúla agus cuirfidh sí plean gan aon mhoill mhíchuí faoi bhráid na n-údarás inniúil chun go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 412 nó Airteagal 413(1) arís go tráthúil, de réir mar is iomchuí. Go dtí go dtosófar ag comhlíonadh an Airteagail sin arís, tabharfaidh an institiúid tuairisc faoi na hítimí dá dtagraítear i dTeideal III, i dTeideal IV, sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 415(3) nó (43a) nó sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), de réir mar is iomchuí, go laethúil faoi dheireadh gach lae gnó mura dtugann an t-údarás inniúil údarú maidir le minicíocht tuairiscithe níos ísle agus moill tuairiscithe níos faide. Ní dhéanfaidh údaráis inniúla údaruithe den sórt sin a cheadú ach amháin ar bhonn cáis aonair na hinstitiúide agus méid agus castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide á gcur san áireamh. Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar chur chun feidhme an phlean sin chun filleadh ar chomhlíonadh agus ceanglóidh siad, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfaí na ceanglais a chomhlíonadh arís i dtréimhse níos giorra.
TEIDEAL II
TUAIRISCIÚ LEACHTACHTA
Airteagal 415
Oibleagáid tuairiscithe agus formáid an tuairiscithe
Uair sa mhí ar a laghad a bheidh sa mhinicíocht tuairiscithe i gcás ítimí dá dtagraítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus uair sa ráithe ar a laghad i gcás ítimí dá dtagraítear i dTeideal III agus i dTeideal IV.
Déanfaidh institiúid tuairisciú ar leith do na húdaráis inniúla ar na hítimí dá dtagraítear sna caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 nó 3a den Airteagal seo, i dTeideal III go dtí go sonrófar an oibleagáid tuairiscithe agus an fhormáid tuairiscithe maidir leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i dTeideal IV agus go dtí go dtabharfar isteach i ndlí an Aontais iad, i dTeideal IV agus sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
i gcás ina bhfuil ítimí ainmnithe in airgeadra nach é an t-airgeadra tuairiscithe é agus a bhfuil dliteanais chomhiomlána ag an institiúid atá ainmnithe in airgeadra den sórt sin arb ionann iad agus 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó an fhoghrúpa leachtachta aonair, nó a sháraíonn 5 %, gan cistí dílse agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a áireamh, déanfar an tuairisciú in airgeadra na hainmníochta;
i gcás ina bhfuil ítimí ainmnithe in airgeadra ar airgeadra Ballstáit óstaigh é ina bhfuil brainse suntasach dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir 2013/36/AE ag an institiúid agus ina n-úsáideann an Ballstát óstach sin airgeadra eile nach é an t-airgeadra tuairiscithe é, déanfar an tuairisciú in airgeadra an Bhallstáit ina bhfuil an brainse suntasach lonnaithe;
i gcás ina n-ainmnítear ítimí san airgeadra tuairiscithe, agus i gcás inarb ionann méid comhiomlán na ndliteanas in airgeadraí eile nach iad an t-airgeadra tuairiscithe iad agus 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó an fhoghrúpa leachtachta aonair iad, nó a sháraíonn 5 %, gan cistí dílse agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a áireamh, déanfar an tuairisciú san airgeadra tuairiscithe.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:
formáidí aonfhoirmeacha agus réitigh TF le treoracha gaolmhara maidir le minicíochtaí agus maidir le dátaí tagartha agus íocaíochta; beidh na formáidí agus na minicíochtaí tuairiscithe i gcomhréir le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí éagsúla agus áireofar orthu an tuairisciú atá riachtanach igcomhréir le míreanna 1 agus 2;
beidh meadarachtaí faireacháin leachtachta breise riachtanach, d'fhonn cead a thabhairt d'údaráis inniúla léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl ►C12 riosca ◄ leachtachta institiúide, a bheidh comhréireach le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin maidir leis na hítimí sin a shonraítear i bpointe (a) faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015, agus maidir leis na hítimí a shonraítear i bpointe (b,) faoin 1 Eanáir 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [bliain amháin tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Déanfaidh údaráis inniúla a fheidhmíonn maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE ◄ gach tuairisc, arna iarraidh sin, atá curtha isteach ag an institiúid, a thabhairt ar bhonn tráthúil agus trí mheán leictreonach do na húdaráis seo a leanas i gcomhréir leis na formáidí aonfhoirmeacha dá dtagraítear i mír 3
na húdaráis inniúla agus banc ceannais náisiúnta na ►C9 mBallstát óstach ◄ ina bhfuil brainsí móra i gcomhréir le hAirteagal 51 de Threoir 2013/36/AE de chuid na máthairinstitiúide nó institiúidí arna rialú ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna;
na húdaráis inniúla a bhfuil fochuideachtaí údaraithe acu den mháthairinstitiúid nó d'institiúidí arna rialú ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna agus ag banc ceannais an Bhallstáit chéanna;
ÚBE;
BCE.
Airteagal 416
Tuairisc a thabhairt maidir le sócmhainní leachtacha
Tuairisceoidh na hinstitiúidí na nithe seo a leanas mar shócmhainní leachtacha mura bhfuil siad eisiata le mír 2 sa chás go gcomhlíonann na sócmhainní leachtacha na coinníollacha i mír 3 agus sa chás sin amháin:
airgead agus ►C9 neamhchosaintí ◄ ar bhainc cheannais a mhéid isféidir na ►C9 neamhchosaintí ◄ sin a aistarraingt ag aon am i dtréimhsí struis. Maidir le taiscí atá á sealbhú le bainc cheannais, beidh sé mar aidhm ag an údarás inniúil agus ag an mbanc ceannais teacht ar chomhthuiscint i dtaobh a mhéid is féidir cúlchistí íosta a aistarraingt i dtréimhsí struis:
sócmhainní inaistrithe eile a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa fíor-ard ag baint leo;
sócmhainní inaistrithe in ionannas d’éilimh orthu seo a leanas nó atá ráthaithe acu:
rialtas lárnach Ballstáit, réigiún a bhfuil neamhspleáchas fioscach aige chun cáin a ghearradh agus a bhailiú, nó de chuid tríú tír, in airgeadra baile an rialtais lárnaigh nó réigiúnaigh, sa chás go dtabhaíonn an institiúid ►C9 riosca ◄ leachtachta sa Bhallstát sin nó sa tríú tír sin a chumhdaíonn sí trí na sócmhainní leachtacha sin a shealbhú;
bainc cheannais agus eintitis earnála poiblí, in airgeadra baile an bhainc ceannais agus an eintitis earnála poiblí;
an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Coimisiún agus bainc forbartha iltaobhacha;
an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach an Sásra Cobhsaíochta Eorpach
sócmhainní inaistrithe a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard ag baint leo.
saoráidí creidmheasa fuireachais a dheonaíonn bainc cheannais laistigh de raon feidhme beartais airgeadaíochta a mhéid nach ndéantar na saoráidí sin a chomhthaobhú le sócmhainní leachtacha ach gan cúnamh leachtachta éigeandála a áireamh;
i gcás ina bhfuil an institiúid chreidmheasa i seilbh líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla, na híostaiscí dlíthiúla nó reachtúla atá leis an institiúid chreidmheasa lárnach agus cistiú leachtach reachtúil eile nó cistiú leachtach atá ar fáil ar bhonn conarthach ón institiúid chreidmheasa lárnach nó ó institiúidí creidmheasa lárnacha ar baill iad den líonra dá dtagraítear in Airteagal 113 (7), nó atá incháilithe le haghaidh an tarscaoilte dá bhforáiltear in Airteagal 10, a mhéid nach gcomhthaobhaítear an cistiú sin le sócmhainní leachtacha.
Go dtí go sonrófar sainmhíniú aonfhoirmeach i gcomhréir le hAirteagal 460 ar cháilíocht leachtachta agus creidmheasa ard agus an-ard, sainaithneoidh institiúidí féin, in airgeadra faoi leith, sócmhainní inaistrithe a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard nó an-ard ag baint leo, faoi seach. Go dtí go sonófar sainmhíniú aonfhoirmeach, féadfaidh údaráis inniúla, agus na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(34) (4) agus (5) á gcur san áireamh, treoir ghinearálta a thabhairt a leanfaidh institiúidí chun sócmhainní a bhfuil cáilíocht leachtachta agus creidmheasa ard agus an-ard ag baint leo a shainaithint. In éagmais treorach den sórt sin, úsáidfidh institiúidí critéir a bheidh trédhearcach agus oibiachtúil chuige sin, lena n-áirítear roinnt de na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(34) (4) agus (5) nó iad ar fad.
Ní mheasfar gur sócmhainní leachtacha iad seo a leanas:
sócmhainní arna n-eisiúint ag institiúid chreidmheasa mura gcomhlíonann siad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
is bannaí iad atá incháilithe don láimhseáil atá leagtha amach in Airteagal 129(44) nó (5) nó is ionstraimí sócmhainn-bhunaithe iad sa chás go dtaispeántar gur den cháilíocht creidmheasa is airde iad de réir mar a shuífidh ÚBE de bhun na gcritéar in Airteagal 509(3), (4) agus (5);
is bannaí faoi chumhdach iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (i) den phointe seo;
bhunaigh rialtas lárnach nó rialtas réigiúnach Ballstáit an institiúid chreidmheasa, agus tá oibleagáid ar an rialtas sin bonn eacnamaíoch na hinstitiúide a chosaint agus a hinmharthanacht a choinneáil ar feadh a saoil; nó tá an tsócmhainn ráthaithe go sainráite ag an rialtas sin; nó tá 90 % ar a laghad de na hiasachtaí arna dtabhairt agan institiúid ráthaithe go díreach nó go hindíreach ag an rialtas sin agus baintear feidhm as an tsócmhainn go príomha chun cistiú a dhéanamh ar iasachtaí cur chun cinn a thugtar ar bhonn neamhiomaíoch, gan beann ar bhrabús, chun cuspóirí beartais phoiblí an rialtais sin a chur chun cinn;
sócmhainní a sholáthraítear don institiúid mar chomhthaobhacht faoi idirbhearta comhaontaithe athcheannaigh droim ar ais agus idirbhearta cistithe urrús agus nach sealbhaíonn an institiúid ach amháin mar mhaolaitheoir ar ►C9 riosca ◄ creidmheasa agus nach bhfuil ar fáil don institiúid lena n-úsáid ar bhonn dlíthiúil agus conarthach;
sócmhainní arna n-eisiúint ag aon cheann díobh seo a leanas:
gnólacht infheistíochta;
gnóthas árachais;
cuideachta shealbhaíochta airgeadais;
cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;
aon eintiteas eile a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE mar a phríomhghnó.
I gcomhréir le fomhír 1, is iad na sócmhainní a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas mar shócmhainní leachtacha na sócmhainní a ndéanfaidh institiúidí tuairisciú orthu:
tá na sócmhainní neamhualaithe nó tá siad ar fáil i gcomhthiomsuithe comhthaobhachta a mbainfear úsáid astu chun cistiúchán breise a fháil faoi línte creidmheasa geallta, nó i gcás ina bhfuil an comhthiomsú á fheidhmiú ag banc ceannais, faoi línte creidmheasa nach bhfuil geallta, agus atá ar fáil don institiúid ach nach bhfuil cistithe go fóill;
ní eisíonn an institiúid féin ná a máthairinstitiúid ná a fo-institiúid na sócmhainní, ná fochuideachta eile dá máthairinstitiúid nó dá máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;
comhaontaíonn rannpháirtithe margaí praghas na sócmhainní de ghnáth agus is féidir é a fheiceáil go héasca sa mhargadh, nó is féidir an praghas a chinneadh de réir foirmle atá éasca a ríomh bunaithe ar ionchuir atá ar fáil go poiblí agus nach dtéann i muinín toimhdí láidre mar a tharlaíonn de ghnáth i gcás táirgí struchtúrtha nó coimhthíocha;
tá na sócmhainní liostaithe ar mhalartán aitheanta nó tá siad intrádála trí dhíolachán glan amach nó trí chomhaontú athcheannaigh simplí ar mhargaí athcheannaigh; déanfar measúnú ar leithligh ar na critéir sin do gach margadh.
Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír maidir leis na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (e) agus i bpointe (f) de mhír 1.
D'ainneoin fhorálacha mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, go dtí go ndéanfar sonraíocht maidir le ceanglas leachtachta ceangailteach i gcomhréir le hAirteagal 460 agus i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar na nithe seo leanas:
sócmhainní incháilithe eile nach sócmhainníbainc ceannais ach is sócmhainní intrádála iad amhail cothromais agus ór, bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear roinnt de na critéir atá liostaithe in Airteagal 509(4) nó iad ar fad;
sócmhainní incháilithe intrádála eile bainc ceannais amhail ionstraimí sócmhainn-bhunaithe den cháilíocht creidmheasa is airde, de réir mar a shuífidh ÚBE de bhun na gcritéar in Airteagal 509(3),(4) agus (5);
sócmhainní incháilithe eile bainc ceannais nach sócmhainní intrádála iad, amhail éilimh chreidmheasa, de réir mar a shuífidh ÚBE de bhun na gcritéar in Airteagal 509(3), (4) agus (5).
Ní fhágfaidh úsáid nó úsáid ionchasach ionstraimí díorthaigh ag GC chun ►C12 riosca ◄ maidir le hinfheistíochtaí ceadaithe a fhálú go mbeidh cosc ar an GC sin a bheith incháilithe maidir leis an gcóireáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. I gcás nach ndéanann na tríú páirtithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 418(4) luach scaireanna nó aonad GC a mharcáil ón margadh go rialta agus i gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta go bhfuil modheolaíochtaí agus próisis láidre forbartha ag institiúid le haghaidh luacháil den sórt sin dá dtagraítear in Airteagal 418(4), ní láimhseálfar scaireanna nó aonaid sa GC sin mar shócmhainní leachtacha.
▼M8 —————
Airteagal 417
Ceanglais oibriúcháin le haghaidh sealúchas sócmhainní leachtacha
Ní dhéanfaidh an institiúid ach na sealúchais sócmhainní leachtacha sin a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a thuairisciú mar shócmhainní leachtacha:
tá siad éagsúlaithe go hiomchuí. Ní cheanglaítear éagsúlú i dtéarmaí sócmhainní a chomhfhreagraíonn do phointe (a), do phointe (b) agus do phointe (c) d'Airteagal 416(1);
tá siad ar fáil go héasca lena leachtú, de réir dlí agus de réir mar is praiticiúil aon tráth le linn an 30 lá dar gcionn, trí dhíolacháin glan amach nó trí chomhaontú simplí athcheannaigh ar mhargaí athcheannaigh atá formheasta d'fhonn oibleagáidí a thiocfaidh chun bheith dlite a chomhlíonadh. Sócmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 416(1) atá á sealbhú i dtríú tíortha ina bhfuil srianta aistrithe nó atá ainmnithe in airgeadraí nach bhfuil inmhalartaithe, ní mheasfar go mbeidh siad ar fáil ach amháin sa mhéid is go bhfuil siad ag freagairt d'eis-sreafaí sa tríú tír nó san airgeadra atá i gceist; ach amháin i gcás gur féidir leis an Iinstitiúid a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil sí tar éis an ►C9 riosca ◄ airgeadra a leanann as a fhálú go hiomchuí;
tá na sócmhainní leachtacha á rialú ag feidhm bhainistíochta leachtachta;
déantar leachtú go tréimhsiúil agus go bliantúil ar a laghad ar chuid de na sócmhainní leachtacha seachas na sócmhainní sin dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (c) agus i bpointe (e) d'Airteagal 416(1), trí dhíolacháin glan amach nó trí chomhaontuithe simplí athcheannaigh ar mhargadh athcheannaigh atá formheasta chun na críocha seo a leanas:
tástáil a dhéanamh ar rochtain na sócmhainní sin ar an margadh;
éifeachtacht a cuid próiseas a thástáil chun na sócmhainní a leachtú;
úsáideacht na sócmhainní a thástáil;
an ►C9 riosca ◄ a bhaineann le comharthaíocht dhiúltach le linn tréimhse struis a íoslaghdú;
féadfar priacail praghsanna a bhaineann leis na sócmhainní a fhálú ach beidh na sócmhainní leachtacha faoi réir ag socruithe inmheánacha iomchuí a áirithíonn go mbeidh siad ar fáil aon tráth don státchiste nuair is gá agus go háirithe nach n-úsáidfear iad in oibríochtaí leanúnacha eile, lena n-áirítear:
fálú nó straitéisí trádála eile;
feabhsuithe creidmheasa a thabhairt in idirbhearta struchtúrtha;
chun costais oibriúcháin a chumhdach.
tá ainmníocht na sócmhainní leachtacha comhsheasmhach leis an dáileadh de réir airgeadra d'eis-sreafaí leachtachta tar éis insreafaí a asbhaint.
Airteagal 418
Luacháil na sócmhainní leachtacha
Beidh scaireanna nó aonaid in GCanna dá dtagraítear in Airteagal 416 (6) faoi réir ag caolchorrlaigh, agus trébhreathnú á dhéanamh ar na sócmhainní foluiteacha mar seo a leanas:
0 % i gcás na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 416 (1);
5 % i gcás na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 416 (1);
20 % i gcás na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 416 (1).
Cuirfear an cur chuige trébhreathnaitheach dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm mar a leanas:
i gcás nach eol don institiúid ►C9 neamhchosaintí ◄ foluiteacha GC, toimhdeofar go ndéanann an GC infheistíocht, go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina sainordú, in ord íslitheach sna cineálacha sócmhainne dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 416(1) go dtí go mbaintear amach an teorainn infheistíochta iomlán uasta.
Forbróidh institiúidí modheolaíochtaí agus próisis láidre chun an margadhluach agus na caolchorrlaigh a ríomh agus a thuairisciú le haghaidh scaireanna nó aonad in GCanna. Ní fhéadfaidh institiúidí dul i muinín na dtríú páirtithe seo a leanas chun na caolchorrlaigh a ríomh agus a thuairisciú le haghaidh scaireanna nó aonad in GCanna, i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 3,
institiúid taisclainne an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistiú eisiach in urrúis agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce san institiúid taisclainne sin;
maidir le GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3)(a).
Deimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas na ríomhanna arna ndéanamh ag an institiúid taisclainne nó ag cuideachta bhainistíochta an GC.
Airteagal 419
Airgeadraí ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht sócmhainní leachtacha
I gcás inar mó na riachtanais chuí-réasúnaithe le sócmhainní leachtacha i bhfianaise an cheanglais in Airteagal 412 ná infhaighteacht na sócmhainní leachtacha sin in airgeadra, beidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na maoluithe seo a leanas:
de mhaolú ar phointe (f) d'Airteagal 417, féadfaidh ainmníocht na sócmhainní leachtacha a bheith ar neamhréir le dáileadh de réir airgeadra eis-sreabha leachtachta tar éis insreabha a asbhaint;
i gcás airgeadraí Ballstáit nó tríú tíortha, féadfar línte creidmheasa ó bhanc ceannais an Bhallstáit sin nó an tríú tír sin, atá tiomanta go neamh-inchúlghairthe ar bhonn conarthach don 30 lá dar gcionn agus a bhfuil a bpraghsanna socraithe go cóir, neamhspleách ar an méid atá tarraingthe faoi láthair, a chur in ionad sócmhainní leachtacha riachtanacha, ar an gcoinníoll go ndéanann údaráis inniúla an Bhallstáit sin nó an tríú tír sin an rud céanna agus ar an gcoinníoll go bhfuil ceanglais tuairiscithe inchomparáide i bhfeidhm ag an mBallstát sin nó ag an tríú tír sin;
i gcás ina bhfuil easnamh de shócmhainní leibhéal 1 ann, féadfaidh sócmhainní breise leibhéal 2A a bheith ina seilbh ag an institiúid faoi réir caolchorrlaigh níos airde agus aon uasteorainn is infheidhme maidir leis na sócmhainní sin i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), féadfar í a leasú.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 420
Eis-sreabha leachtachta
Go dtí go ndéanfar sainiú ar cheanglas leachtachta i gcomhréir le hAirteagal 460, áireofar na nithe seo a leanas ar na heis-sreafaí leachtachta a thuairisceofar:
an méid reatha gan íoc maidir le taiscí miondíola mar atá leagtha amach in Airteagal 421;
na méideanna reatha gan íoc de dhliteanais eile a thiocfaidh chun bheith dlite, is féidir leis na hinstitiúidí eisiúna nó le soláthraí an chistithe glaoch lena n-íoc amach nó ina bhfuil ionchas intuigthe ag soláthraí an chistithe go n-aisíocfaidh an institiúid an dliteanas le linn an 30 lá dar gcionn mar atá leagtha amach in Airteagal 422;
na heis-sreafaí breise dá dtagraítear in Airteagal 423;
an t-uasmhéid is féidir a aistarraingt i rith an 30 lá dar gcionn as saoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe, de réir mar atá sé leagtha amach in Airteagal 424;
na heis-sreafaí breise a sainaithníodh sa mheasúnú i gcomhréir le mír 2.
Chun an measúnú sin a dhéanamh, cuirfidh institiúidí san áireamh go háirithe damáistí ábhartha do chlú a d'fhéadfadh tarlú i ngeall ar thacaíocht leachtachta gan a bheith curtha ar fáil acu do tháirgí nó do sheirbhísí den sórt sin. Déanfaidh institiúidí na táirgí agus seirbhísí sin a bhfuil dóchúlacht agus méid ionchasach na n-eis-sreafaí leachtacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina leith ábhartha, déanfaidh siad a dtuairisciú do na húdaráis inniúla uair sa bhliain ar a laghad agus cinnfidh na húdaráis inniúla na heis-sreafaí a bheidh le sannadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla ráta eis-sreafa 5 % a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a bhaineann le creidmheas trádála lasmuigh den chlár comhardaithe, de réir mar a shainmhínítear é in Airteagal 429 agus in Iarscríbhinn 1.
Tabharfaidh na húdaráis inniúla tuairisc ar bhonn bliantúil ar a laghad doÚBE maidir leis na cineálacha táirgí nó seirbhísí a bhfuil eis-sreafaí cinntithe acu ina leith agus déanfar sin ar bhonn na dtuairiscí a gheofar ó institiúidí. Míneoidh siad freisin sna tuairiscí sin cén mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm chun na heis-sreafaí a chinneadh.
Airteagal 421
Eis-sreabha ar thaiscí miondíola
Tabharfaidh gach institiúid tuairisc ar leithligh maidir le méid na dtaiscí miondíola a chumhdaítear faoi Scéim ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE nó faoi scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír agus a iolrú faoi 5 % ar a laghad i gcás ina bhfuil ceachtar den dá chás seo leanas i gceist:
tá an taisce ina cuid de ghaol seanbhunaithe, rud a chiallaíonn nach dóigh go ndéanfar í a aistarraingt;
tá an taisce á sealbhú i gcuntas idirbheartaíochta, lena n-áirítear cuntais a ndéantar tuarastail a chur chun sochair dóibh go minic.
Féadfaidh institiúidí catagóirí áirithe taiscí miondíola atá imscríofa go soiléir a eisiamh ó ríomh eis-sreafaí fad is go gcuirfidh an institiúid an méid seo a leanas i bhfeidhm, i ngach cás, i gcás chatagóir iomlán na dtaiscí sin, ach amháin má tá dálaí aonair cruatain ann don taisceoir, dálaí a bhfuil údar maith leo:
nach gceadaítear don taisceoir an taisce a aistarraingt laistigh de 30 lá; nó
i gcás aistarraingtí a dhéantar níos túisce ná 30 lá, caithfidh an taisceoir pionós a íoc lena n-áirítear cailliúint na n-ús idir an dáta a aistarraingíodh í agus dáta aibíochta an chonartha móide pionós ábhartha nach gá go rachadh sé thar an ús a bheidh dlite don am a chuaigh thart idir dáta na taisce agus an dáta a aistarraingíodh í.
Airteagal 422
Eis-sreafaí ar dhliteanais eile
Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó iasachtú urraithe agus ó idirbhearta atá faoi thionchar an mhargaidh caipitil mar atá sainmhínithe i bpointe (3) d'Airteagal 192 a iolrú fúthu seo a leanas:
0 % suas go dtí luach na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 418 má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;
100 % thar luach na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 418, má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;
100 % má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416, cé is moite d'idirbhearta arna gcumhdach le pointe (d) agus le pointe (e) den mhír sin.
25 % má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416 agus más ionann an t-iasachtóir agus an rialtas lárnach, nó eintiteas earnála poiblí de chuid an Bhallstáit inar údaraíodh an institiúid chreidmheasa nó inar bhunaigh sí brainse, nó banc forbartha iltaobhach. Beidh eintitis earnálá poiblí a dtugtar an láimhseáilsin dóibh, teoranta dóibh sin a bhfuil ualú priacail 20 % nó níos lú acu i gcomhréir le Caibidil 2, Teideal II de Chuid a Trí.
0 % más banc ceannais an t-iasachtóir.
Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó thaiscí nach mór a choinneáil:
ag an taisceoir d'fhonn seirbhísí imréitigh, coimeádta nó bainistíochta airgid nó seirbhísí inchomparáide eile a fháil ón institiúid;
i gcomhthéacs cúraimí comhchoiteanna a roinnt laistighde scéim cosanta institiúideach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7) nó mar íostaisce dhlíthiúil nó reachtúil ag eintiteas eile ar Comhalta é den scéim cosanta institiúideach chéanna;
ag an taisceoir i gcomhthéacs gaoil oibríochtúil sheanbhunaithe seachas an gaol a luaitear i bpointe (a);
ag an taisceoir chun seirbhísí imréitigh airgid agus institiúide creidmheasa lárnaí a fháil agus i gcás go bhfuil an institiúid chreidmheasa ina cuid de líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó forálacha reachtúla;
a iolrú faoi 5 % i gcás phointe (a) a mhéid a chumhdaítear iad le Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE nó le scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír agus faoi 25 % murach sin.
Déanfar taiscí ó institiúidí creidmheasa a chuirtear in institiúidí creidmheasa lárnacha a meastar gur sócmhainní leachtacha iad i gcomhréir le hAirteagal 416(1)(f) a iolrú faoi ráta eis-sreafa 100 %.
Go dtí go soláthrófar sainmhíniú aonfhoirmeach ar ghaol oibríochtúil seanbhunaithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3, bunóidh institiúidí féin na critéir chun gaol oibríochtúil seanbhunaithe a shainaithint a bhfuil fianaise acu ina leith nach bhfuil an cliant ábalta méideanna atá dlite de réir dlí a aistarraingt thar thréimhse ama 30 lá gan cur isteach ar a fheidhmiú oibríochtúil agus tuairisceoidh siad na critéir sin do na húdaráis inniúla. Mura bhfuil sainmhíniú aonfhoirmeach ann, féadfaidh údaráis inniúla treoir ghinearálta a thabhairt d'institiúidí le go bhféadfaidh siad taiscí arna gcoinneáil ag an taisceoir i gcomhthéacs gaol oibríochtúil seanbhunaithe a shainaithint.
Féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt céatadán eis-sreabh níos ísle a chur i bhfeidhm maidir leis na dliteanais dá dtagraítear i mír 7, ar bhonn cáis ar chás, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
is ceann díobh seo a leanas an contrapháirtí:
máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide, nó máthairghnólacht infheistíochta nó foghnólacht infheistíochta de chuid na hinstitiúide, nó fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna nó an mháthairghnólachta infheistíochta chéanna;
tá an contrapháirtí nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE;
institiúid a thagann faoin scéim cosanta institiúideach chéanna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7); nó
institiúid lárnach nó comhalta de líonra a chomhlíonann pointe (d) d'Airteagal 400(2);
tá cúiseanna ann le bheith ag súil le heis-sreabh níos ísle thar an gcéad 30 lá eile ina dhiaidh sin fiú amháin faoi chás struis atá neamhghnách agus atá ar fud an mhargaidh;
cuireann an contrapháirtí insreabh siméadrach comhfhreagrach nó insreabh níos coimeádaí i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 425;
beidh an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2015.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 423
Eis-sreabha Breise
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na coinníollacha faoina bhféadfar nóisean na hábharthachta a chur i bhfeidhm agus lena sonrófar modhanna chun an eis-sreabh breise a thomhas.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh an institiúid eis-sreabhadh breise isteach a chomhfhreagróidh do na nithe seo a leanas:
an chomhthaobhacht iomarcach atá i seilbh na hinstitiúide ar féidir an contrapháirtí iad a ghlaoch go conarthach ag am ar bith;
comhtaobhacht a dhlítear a thabhairt ar ais don chontráphairtí;
comhthaobhacht a chomhfhreagraíonn do shócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha chun críocha Airteagal 416 ar féidir í a chur in ionad sócmhainní a chomhfhreagraíonn do shócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha chun críocha Airteagal 416 gan toiliú na hinstitiúide.
Airteagal 424
Eis-sreafaí ó shaoráidí creidmheasa agus leachtachta
Déanfar an t-uasmhéid de shaoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe is féidir a tharraingt laistigh den 30 lá dar gcionn a iolrú faoi 10 % i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:
cuireadh ar fáil iad do chliaint nach custaiméirí airgeadais iad;
níor cuireadh ar fáil iad ar mhaithe le cur in ionad chistiú an chliaint i gcásanna nach bhfuil sé ar a chumas a chuid riachtanas cistithe a fháil sna margaí airgeadais.
Déanfaidh na hinstitiúidí, laistigh den 30 lá dar gcionn, tuairisciú ar an uasmhéid is féidir a tharraingt de shaoráidí tiomanta eile creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe. Tá feidhm aige sin go háirithe i gcás na nithe seo a leanas:
saoráidí leachtachta arna dtabhairt ag an institiúid ar SSPEanna seachas mar a dhéantar cur síos orthu i mír 3(b);
socruithe faoina n-éileofar ar an institiúid sócmhainní a cheannach nó a bhabhtáil ó SSPE.
saoráidí arna síneadh chuig institiúidí creidmheasa
saoráidí arna síneadh chuig institiúidí airgeadais agus gnólachtaí infheistíochta
Airteagal 425
Insreafaí
Tabharfaidh institiúidí tuarascáil ar a n‐insreafaí leachtachta. Déanfar insreafaí leachtachta a uasteorannú ag 75 % d'eis-sreafaí leachtachta. Féadfaidh institiúidí insreafaí leachtachta ó thaiscí a taisceadh le hinstitiúidí eile agus a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 113(6) nó (7) den Rialachán seo a dhíolmhú ón uasteorainn sin.
Féadfaidh institiúidí insreafaí leachtachta ó airgead atá dlite ó iasachtaithe agus ó infheisteoirí bannaí i gcás ina mbaineann na hinsreafaí sin le hiasachtú morgáistí arna chistiú le bannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4), (5) nó (6) den Rialachán seo nó le bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 a dhíolmhú ón uasteorainn sin. Féadfaidh institiúidí insreafaí a dhíolmhú ó iasachtaí spreagtha atá ceadaithe ag na hinstitiúidí. Faoi réir fhaomhadh na n‐údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar bhonn aonair a fháil roimh ré, féadfaidh an institiúid insreafaí a dhíolmhú ina n‐iomláine nó i bpáirt i gcás inar máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide, máthairghnólacht infheistíochta nó foghnólacht infheistíochta de chuid na hinstitiúide nó fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna nó de chuid an mháthairghnólachta infheistíochta chéanna é an soláthraí leachtachta nó i gcás ina bhfuil gaol aige leis an institiúid de réir mar a leagtar amach in Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE.
Déanfar na hinsreafaí leachtachta a thomhas thar an 30 lá dar gcionn. Ní bheidh siad comhdhéanta ach amháin d'insreafaí conarthacha ó ►C9 neamhchosanta ◄ nach bhfuil thar téarma agus nach bhfuil aon chúis ag an institiúid a bheith ag súil go mbeidh neamhfheidhmíocht i gceist ina leith laistigh den tréimhse ionchasach 30 lá. Déanfar insreafaí leachtachta a thuairisciú go hiomlán agus na hinsreafaí seo leanas á dtuairisciú ar leithligh:
Déanfar airgid atá dlite ó chustaiméirí nach bainc cheannais nó custaiméirí airgeadais iad chun críocha íocaíochta príomhshuime, déanfar iad a laghdú 50 % dá luach nó de luach na gceangaltas conarthach do na custaiméirí sin chun cistiú a leathnú, cibé acu is airde. Ní bhaineann sé sin le hairgid atá dlite ó iasachtú urraithe agus idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh mar ashainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 192 arna gcomhthaobhú le sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416 de réir mar a thagraítear dó i bpointe (d) den mhír seo.
De mhaolú ar …ar an gcéad fhomhír den phointe sin, institiúidí a fuair gealltanas dá dtagraítear in Airteagal 424(6), ionas go n-eisíocfaidh siad iasacht cur chun cinn do thairbhí deiridh, féadfaidh siad insreabhadh a chur san áireamh suas go méid an eis-sreafa a chuirfidh siad i bhfeidhm maidir leis an ngealltanas comhfhreagrach chun síneadh a chur leis na hiasachtaí cur chun cinn sin.
Cuirfear san áireamh ina n-iomláine mar insreafaí, airgid atá dlite ó idirbhearta creidmheasa trádála dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 162(3) ina mbeidh aibíocht iarmhair suas go 30 lá.
cuirfear san áireamh iasachtaí a bhfuil dáta deiridh neamhshainithe leo le 20 % insreabh, ar an gcoinníoll go gceadaítear don institiúid íocaíocht a aistarraingt agus a iarraidh laistigh de 30 lá de réir an chonartha;
airgead atá dlite ó iasachtú urraithe agus idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (3) d'Airteagal 192 má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní leachtacha dá dtagraítear in Airteagal 416(1), ní chuirfear san áireamh é suas go dtí an luach atá glan ar chaolchorrlaigh na sócmhainní leachtacha agus cuirfear san áireamh go hiomlán é i gcás na coda eile den airgead atá dlite;
airgid atá dlite a láimhseálann an institiúid a bhfuil an t- airgead sin dlite aici, i gcomhréir le hAirteagal 422(3) agus (4), déanfar iad a iolrú faoi insreabhadh siméadrach comhfhreagrach;
airgid atá dlite ó shuímh in ionstraimí cothromais mórinnéacs ar an gcoinníoll nach gcuirfear i gcuntas iad le sócmhainní leachtacha;
aon saoráidí creidmheasa nó leachtachta neamhtharraingthe agus aon cheangaltais eile a fhaightear, ní chuirfear san áireamh iad.
De mhaolú ar mhír 2 pointe (g), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt insreabhadh níos airde a chur i bhfeidhm ar bhonn cáis le haghaidh creidmheasa agus saoráidí leachtachta i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá cúiseanna ann a bheith ag súil go mbeidh insreabhadh níos airde ann fiú amháin faoi mheascán de strus margaidh agus de strus neamhghnách an tsoláthraí;
is ionann an contrapháirtí agus máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide nó fochuideachta eile den mháthairinstitiúid chéanna nó atá nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE nó comhalta den scéim cosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) den Rialachán seo nó an institiúid lárnach nó comhalta den líonra atá faoi réir an tarscaoilte dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;
cuireann an contrapháirtí eis-sreabhadh siméadrach comhfhreagrach nó éis-sreabhadh níos coimeádaí i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 422 agus Airteagal 424;
beidh an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna.
Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2015.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 426
Ceanglais leachtachta a bheidh ann amach anseo a nuashonrú
Tar éis don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh maidir le ceanglas leachtachta a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 460, féadfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin cur chun feidhme teicniúla a fhorbairt chun sainiú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 421(1), Airteagal 422, cé is moite de mhír 8, mír 9 agus mír 10 den Airteagal sin, agus Airteagal 424 chun caighdeáin atá comhaontaithe ar bhonn idirnáisiúnta a chur san áireamh.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
TEIDEAL III
TUAIRISCIÚ AR CHISTIÚ COBHSAÍ
Airteagal 427
Ítimí a chuireann cistiú cobhsaí ar fáil
Tabharfaidh insititiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 415.1 agus leis na formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 415.3, ar na hítimí seo a leanas agus ar a gcomhpháirteanna d'fhonn deis a thabhairt measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht an chistithe chobhsaí:
na cistí dílse a leanas tar éis asbhaintí a chur i bhfeidhm i gcás inarb iomchu:í
ionstraimí caipitil leibhéal 1;
ionstraimí caipitil leibhéal 2;
scaireanna tosaíochta eile agus ionstraimí caipitil eile de bhreis ar an méid ceadaithe de Leibhéal 2 agus aibíocht iarbhír de bhliain amháin nó níos mó acu;
na dliteanais seo a leanas nach bhfuil ar áireamh i bpointe (a)
taiscí miondíola a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 421(1);
taiscí miondíola a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 421(2);
taiscí a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 422(3) agus (4);
asmeasc na dtaiscí dá dtagraítea ibpointe (iii), iad sin atá faoi réir Scéim Ráthaíochta Taisce i gcomhréir le h Treoir 94/19/CE ►C2 nó scéim ráthaíochta taisce choibhéiseach i dtríú tír, ar scéim í atá faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 421(1); ◄
as measc na dtaiscí dá dtagraítear in (iii), iad sin a thagann faoi phointe (b) d'Airteagal 422(4);
as measc na dtaiscí dá dtagraítear in (iii), iad sin a thagann faoi phointe (d) d'Airteagal 422(43);
méideanna arna dtaisceadh nach dtagann faoi phointe (i), (ii) nó (iii) mura ndéanann custaiméirí airgeadais iad a thaisceadh;
gach cistiú arna fháil ó chustaiméirí airgeadais;
ar bhonn leithligh maidir le méideanna a thagann faoi (vi) agus (vii) faoi seach, cistiú ó iasachtú urraithe agus idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 192:
dliteanais a eascraíonn as urrúis arna n‐eisiúint a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) den Rialachán seo nó as bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162;
na dliteanais a leanas a thig ó urrúis eisithe, nach dtagann faoi phointe (a)
aon dliteanais eile.
Nuair is infheidhme, cuirfear gach ítim i láthair sna cúig bhuicéad seo a leanas de réir ghaireacht an dáta aibíochta atá leo agus an dáta is luaithe ar ar féidir iad a ghlaoch go conarthach:
laistigh de thrí mhí,
idir trí mhí agus sé mhí;
idir sémhí agus naoi mí;
idir naoi mí agus 12 mhí;
tar éis 12 mhí.
Airteagal 428
Ítimí óna dteastaíonn cistiú cobhsaí
Mura mbainfear iad ó chistí dílse, tabharfar tuairisc ar leithligh d'údaráis inniúla ar na hítimí seo a leanas d'fhonn deis a thabhairt measúnú a dhéanamh ar na riachtanais maidir le cistiú cobhsaí:
sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416, arna miondealú de réir chineál na sócmhainne;
na hurrúis agus na hionstraimí margaidh airgid a leanas nach n-áirítear i bpointe (a);
sócmhainní a cháilíonn do chéim chreidmheasa 1 faoi Airteagal 122;
sócmhainní a cháilíonn do chéim chreidmheasa 2 faoi Airteagal 122
sócmhainní eile.
urrúis chothromais de chuid eintiteas neamhairgeadais atá liostaithe ar mhórinnéacs i malartán aitheanta;
urrúis chothromais eile;
ór;
miotail lómhara eile;
iasachtaí neamh-in-athnuaite agus earraí infhaighte, agus na hiasachtaí in-athnuaite agus infháltais arb iad a gcuid iasachtaithe ar leithligh:
daoine nádúrtha seachas dílseánaigh aonair thráchtála agus comhpháirtíochtaí;
FBManna a cháilíonn d'aicme na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol faoi na cineálacha cur chuige Caighdeánaithe nó IBR i gcomhair ►C9 riosca ◄ creidmheasa nó do chuideachta atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(4) agus i gcás gur lú ná EUR 1 milliún an taisce chomhiomlánaithe arna taisceadh ag an gcliant sin nó ag an ngrúpa cliant nasctha;
stáit, bainc cheannais agus eintitis earnála poiblí;
cliaint nach dtagraítear dóibh i bpointe (i) agus i bpointe (ii) seachas custaiméirí airgeadais;
cliaint nach dtagraítear dóibh i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) ar custaiméirí airgeadais iad, agus iad siúd ar institiúidí creidmheasa agus custaiméirí eile airgeadais iad ar leithligh;
iasachtaí nach féidir a athnuachan agus earraí infhaighte dá dtagraítear i bpointe (g), ar leithligh iad siúd atá:
comhthaobhaithe le maoin tráchtála dhochorraithe (RT);
comhthaobhaithe le maoin chónaithe (RC);
maoinithe le cistiú meaitseála (faoi bhealach) trí bhannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) den Rialachán seo nó trí bhannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162;
earraí infhaighte díorthacha;
sócmhainní ar bith eile;
saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe a cháilíonn mar ítimí bhuicéad 4bhuicéad 3 nó bhuicéad 2 faoi Iarscríbhinn I.
TEIDEAL IV
AN CÓIMHEAS GLANCHISTIÚCHÁIN CHOBHSAÍ
CAIBIDIL 1
An cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí
Airteagal 428a
Cur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite
I gcás ina bhfuil feidhm ag an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach sa Teideal seo ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 11(4), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh de chlár comhardaithe fochuideachta ag a bhfuil ceannoifig na fochuideachta sin i dtríú tír, ar sócmhainní agus ítimí iad atá faoi réir fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin atá níos airde ná iad siúd a shonraítear i gCaibidil 4, beidh siad faoi réir comhdhlúthú i gcomhréir leis na fachtóirí is airde a shonraítear i ndlí náisiúnta an tríú tír sin;
beidh dliteanais agus cistí dílse fochuideachta ag a bhfuil ceannoifig na fochuideachta sin i dtríú tír, ar dliteanais agus cistí dílse iad atá faoi réir fachtóirí cistiúcháin chobhsaí faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin atá níos ísle ná iad siúd a shonraítear i gCaibidil 3, beidh siad faoi réir comhdhlúthú i gcomhréir leis na fachtóirí is ísle a shonraítear i ndlí náisiúnta an tríú tír sin;
sócmhainní tríú tír a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus atá i seilbh fochuideachta ag a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír, ní aithneofar iad mar shócmhainní leachtachta chun críocha comhdhlúthaithe i gcás nach gcáilíonn siad mar shócmhainní leachtachta faoi dhlí náisiúnta an tríú tír sin a shocraíonn an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta.
▼M9 —————
Airteagal 428b
An cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí
Beidh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar síos in Airteagal 413(1) cothrom le cóimheas cistiúcháin chobhsaí na hinstitiúide atá ar fáil dá dtagraítear i gCaibidil 3 le cistiúchán cobhsaí na hinstitiúide atá de dhíth dá dtagraítear i gCaibidil 4,agus déanfar é a shloinneadh mar chéatadán. Déanfaidh institiúidí a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leibhéal aon sriain a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar neamhréireanna airgeadra i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla na nithe seo a leanas a mheas ar a laghad:
an bhfuil sé ar chumas na hinstitiúide cistiúchán cobhsaí atá ar fáil a aistriú ó airgeadra amháin go hairgeadra eile agus idir dlínsí éagsúla agus eintitis dhlíthiúla atá laistigh dá grúpa agus ar a cumas airgeadraí a bhabhtáil agus cistí a thiomsú ar mhargaí airgeadra eachtraigh thar thréimhse ionchasach bliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí;
tionchar athruithe díobhálacha sa ráta malairte ar shuíomhanna mí-oiriúnaithe atá ann cheana agus ar éifeachtacht fálaithe ar bith ar mhalairt airgeadra eachtraigh atá i bhfeidhm.
Beidh aon srian ar neamhréireanna airgeadra a dhéanfar a fhorchur i gcomhréir leis an Airteagal seo ina ceanglas leachtachta sonrach dá dtagraítear in Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE.
CAIBIDIL 2
Rialacha ginearálta chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh
Airteagal 428c
An cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh
Mura sainítear a mhalairt sa Teideal seo, i gcás ina bhféadfaidh ítim a leithdháileadh ar níos mó ná catagóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh amháin, déanfar í a leithdháileadh ar an gcatagóir cistiúcháin chobhsaí ceangailteach a chuireann an cistiúchán conarthach ceangailteach cobhsaí is mó ar fáil don ítim sin.
Airteagal 428d
Conarthaí díorthach
Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh, le formheas an bhainc ceannais ábhartha, tionchar na gconarthaí díorthach ar ríomh an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí a tharscaoileadh, lena n-áirítear an tionchar a tharscaoileadh trí na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh agus forálacha agus caillteanais a chinneadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí ag na dliteanais sin;
is é an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais an Bhallstáit an contrapháirtí;
déanann na conarthaí díorthach fónamh do bheartas airgeadaíochta BCE nó bainc ceannais Ballstáit.
I gcás ina mbainfidh fochuideachta ag a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír leas as an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi dhlí náisiúnta an tríú tír sin a shocraíonn an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí, cuirfear an tarscaoileadh sin de réir mar a shainítear i ndlí náisiúnta an tríú tír é san áireamh chun críche comhdhlúthaithe.
Airteagal 428e
Glanluacháil na n-idirbheart iasachta urraithe agus na n-idirbheart caipitil faoi thionchar an mhargaidh
Déanfar sócmhainní agus dliteanais a eascróidh as idirbhearta um maoiniú urrús le contrapháirtí aonair a ríomh ar bhonn glanluachála ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh na sócmhainní agus na dliteanais sin na coinníollacha glanluachála a leagtar amach in Airteagal 429b(4).
Airteagal 428f
Sócmhainní agus dliteanais idirspleácha
Faoi réir réamhfhormheas na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúid a mheas go bhfuil sócmhainn agus dliteanas idirspleách ar a chéile, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
ní fheidhmíonn an institiúid ach mar aonad faoi bhealach chun an maoiniú a threorú ón dliteanas isteach sa tsócmhainn idirspleách chomhfhreagrach;
tá na sócmhainní agus na dliteanais idirspleácha aonair inaitheanta go soiléir agus tá an phríomhshuim chéanna acu;
tá aibíochtaí comhoiriúnaithe mórán mar an gcéanna ag an tsócmhainn agus ag an dliteanas idirspleách agus tá moill uasta 20 lá idir aibíocht na sócmhainne agus aibíocht an dliteanais;
iarradh an dliteanas idirspleách de bhun ceanglas dlíthiúil, rialála nó conarthach agus ní úsáidtear é chun sócmhainní eile a mhaoiniú;
ní úsáidtear na sreabha príomhshuime ón tsócmhainn chun críocha eile seachas chun an dliteanas idirspleách a aisíoc;
ní hionann na contrapháirtithe le haghaidh gach péire sócmhainní agus dliteanas idirspleách.
Measfar go gcomhlíonfaidh sócmhainní agus dliteanais na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus measfar iad a bheith idirspleách i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu leis na táirgí nó na seirbhísí seo a leanas:
coigiltis rialáilte láraithe, ar an gcoinníoll go bhfuil ceangal dlí ar institiúidí taiscí rialáilte a aistriú chuig ciste láraithe arna chur ar bun agus arna rialú ag rialtas láir Ballstáit agus lena gcuirfear iasachtaí ar fáil chun cuspóirí leasa phoiblí a chur chun cinn, agus ar an gcoinníoll go n-aistreofar taiscí chuig an gciste láraithe ar bhonn míosa ar a laghad;
iasachtaí cur chun cinn agus saoráidí creidmheasa agus leachtachta a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) i gcomhair institiúidí atá ag gníomhú mar ghnáth-idirghabhálaithe nach dtabhaíonn aon phriacal cistiúcháin;
bannaí faoi chumhdach a chomhlíonfaidh na coinníollacha seo a leanas uile:
is bannaí iad dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE nó comhlíonann siad na ceanglais incháilitheachta don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó in Airteagal 129(5) den Rialachán seo;
déantar na hiasachtaí foluiteacha a mhaoiniú le cistiúchán comhréireach trí bhannaí faoi chumhdach a eisíodh nó go bhfuil sna bannaí faoi chumhdach truicir aibíochta neamh-lánroghnacha insínte aon bhliana amháin nó níos mó go dtí go mbeidh téarma na n-iasachtaí foluiteacha istigh i gcás teip athmhaoinithe ag dáta aibíochta an bhanna faoi chumhdach;
gníomhaíochtaí imréitigh díorthach cliant, ar an gcoinníoll nach dtabharfaidh an institiúid aon ráthaíocht maidir le feidhmíocht an chontrapháirtí lárnaigh dá cliaint agus nach dtabhóidh sí aon phriacal cistiúcháin dá bharr.
Airteagal 428g
Taiscí i scéimeanna cosanta institiúideacha agus líonraí comharchumann
I gcás ina mbaineann institiúid le scéim cosanta institiúideach den chineál dá dtagraítear in Airteagal 113(7), le líonra is incháilithe don tarscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 10 nó le líonra comharchumann i mBallstát, beidh na taiscí ar amharc a choinníonn an institiúid leis an institiúid lárnach agus a mheasann an institiúid taiscthe gur sócmhainní leachtachta iad de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), beidh na taiscí sin faoi réir an mhéid seo a leanas:
cuirfidh an institiúid taiscthe i bhfeidhm an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoi Roinn 2 de Chaibidil 4, ag brath ar láimhseáil na dtaiscí ar amharc sin mar shócmhainní leibhéal 1, leibhéal 2A nó leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus ag brath ar an gcaolchorrlach ábhartha arna chur i bhfeidhm ar na taiscí ar amharc sin chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh;
cuirfidh an institiúid lárnach a gheobhaidh an taisce an fachtóir cistiúcháin chobhsaí siméadrach comhfhreagrach atá ar fáil i bhfeidhm.
Airteagal 428h
Cóir fhabhrach laistigh de ghrúpa nó laistigh de scéim chosanta institiúideach
De mhaolú ar Chaibidil 3 agus ar Chaibidil 4, agus i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 428g, féadfaidh údaráis inniúla institiúidí a údarú, ar bhonn cás ar chás, fachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil nó fachtóir is ísle cistiúcháin chobhsaí atá de dhíth a chur i bhfeidhm ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar shaoráidí tiomanta creidmheasa nó ar shaoráidí tiomanta leachtachta, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
is ceann díobh seo a leanas an contrapháirtí:
an mháthairinstitiúid nó fochuideachta de chuid na máthairinstitiúide;
fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna;
gnóthas atá nasctha leis an institiúid de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE;
tá sé ina chomhalta den scéim cosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) den Rialachán seo agus atá an institiúid;
an comhlacht lárnach nó institiúid creidmheasa chleamhnaithe de chuid líonra nó grúpa comharchumann dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;
tá cúiseanna ann le bheith ag súil gur foinse cistiúcháin níos cobhsaí é an tsaoráid dliteanas nó an tsaoráid thiomanta creidmheasa nó an tsaoráid thiomanta leachtachta a gheobhaidh an institiúid, nó gur lú an chobhsaíocht cistiúcháin a theastaíonn ón tsócmhainn nó ón tsaoráid thiomanta creidmheasa nó ón tsaoráid thiomanta leachtachta a dheonóidh an institiúid thar thréimhse ionchasach bliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí seachas an tsaoráid dliteanas chéanna, an tsaoráid sócmhainní chéanna nó an tsaoráid thiomanta creidmheasa chéanna nó an tsaoráid thiomanta leachtachta chéanna arna bhfáil nó arna ndeonú ag contrapháirtithe eile;
cuireann an contrapháirtí fachtóir cistiúcháin chobhsaí i bhfeidhm arb ionann é nó ar airde é ná an fachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil nó cuireann sé fachtóir cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil i bhfeidhm arb ionann é nó ar ísle é ná an fachtóir is ísle cistiúcháin chobhsaí atá de dhíth;
beidh an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna.
I gcás ina bhfuil an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe i mBallstáit dhifriúla, féadfaidh na húdaráis inniúla an coinníoll a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 1 a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na critéir seo a leanas chomh maith leis na critéir a leagtar amach i mír 1:
is ann do chomhaontuithe atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus do cheangaltais idir grúpeintitis maidir leis an tsaoráid dliteanas, an tsaoráid sócmhainní nó an tsaoráid thiomanta creidmheasa nó an tsaoráid thiomanta leachtachta;
tá próifíl ►C12 riosca ◄ cistiúcháin íseal ag an soláthraí cistiúcháin;
Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le chéile i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 20(1) chun a chinneadh an gcomhlíonfar na critéir bhreise a leagtar amach sa mhír seo.
CAIBIDIL 3
Cistiú cobhsaí atá ar fáil
Roinn 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 428i
Méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh
Mura sainítear a mhalairt sa Chaibidil seo, déanfar méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh trí luach cuntasaíochta na gcatagóirí éagsúla nó na gcineálacha éagsúla dliteanas agus cistí dílse a iolrú faoi na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil agus atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2. Is éard a bheidh i méid iomlán an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil suim mhéideanna ualaithe na ndliteanas agus na gcistí dílse.
Bannaí agus urrúis fiachais eile a eisíonn an institiúid, a dhíoltar go heisiach sa mhargadh miondíola agus a shealbhaítear i gcuntas miondíola, féadfar iad a láimhseáil amhail is gur leis an gcatagóir iomchuí taisce miondíola iad. Cuirfear teorannú i bhfeidhm ionas nach bhféadfaidh páirtithe eile seachas custaiméirí miondíola na hionstraimí sin a cheannach ná a shealbhú.
Airteagal 428j
Aibíocht iarmhair dliteanais nó cistí dílse
Roinn 2
Fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil
Airteagal 428k
Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
Mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428l go hAirteagal 428o, beidh na dliteanais ar fad nach bhfuil aibíocht luaite leo, lena n-áirítear suíomhanna gearra agus suíomhanna aibíochta oscailte, faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil, cé is moite de na cinn seo a leanas:
dliteanais chánach iarchurtha, a ndéanfar a láimhseáil de réir an dáta is gaire is féidir a bhféadfaí na dliteanais sin a réadú;
leasanna mionlaigh, a ndéanfar a láimhseáil de réir théarma na hionstraime.
Beidh dliteanais chánach iarchurtha agus leasanna mionlaigh dá dtagraítear sa chéad mír 1 faoi réir ceann amháin de na fachtóirí seo a leanas:
0 %, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair ábhartha is lú ná sé mhí ag an dliteanas cánach iarchurtha;
50 %, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair ábhartha sé mhí ar a laghad ach is lú ná aon bhliain amháin ag an dliteanas cánach iarchurtha nó ag na leasanna mionlaigh;
100 %, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair ábhartha de bhliain amháin nó níos mó ag an dliteanas cánach iarchurtha nó ag na leasanna mionlaigh.
Beidh na dliteanais agus na hítimí nó na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
dliteanais atá iníoctha ar an dáta trádála a eascróidh ó cheannach ionstraimí airgeadais, ó airgeadraí eachtracha agus ó thráchtearraí, a mheastar go socróidh siad laistigh den timthriall socraíochta caighdeánach nó laistigh den tréimhse is gnách le haghaidh malartú ábhartha nó don chineál idirbheart nó ar theip orthu socrú, ach a mheastar mar sin féin go socróidh siad;
dliteanais a rangaítear mar dhliteanais atá idirspleách ar shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 428f;
dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí acu arna gcur ar fáil:
an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais Ballstáit;
banc ceannais tríú tír;
custaiméirí airgeadais;
aon dliteanais agus ítimí nó ionstraimí caipitil eile nach dtagraítear dóibh in Airteagal 428l go hAirteagal 428o.
Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
bainfear an corrlach athrúcháin a gheobhaidh institiúidí óna gcontrapháirtithe ón luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach aige i gcás ina gcáileoidh an chomhthaobhacht a gheofar mar chorrlach athrúcháin mar shócmhainn leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, agus i gcás ina bhfuil an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag institiúidí an chomhthaobhacht sin a athúsáid;
bainfear an corrlach uile athrúcháin a bhreacfaidh institiúidí lena gcontrapháirtithe ó luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach aige.
Airteagal 428l
Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
Beidh na dliteanais agus na hítimí nó na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
taiscí a fhaightear a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:
rialtas láir Ballstáit nó tríú tír;
rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla Ballstáit nó tríú tír;
eintitis earnála poiblí i mBallstát nó i dtríú tír;
na bainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;
custaiméirí corparáideacha neamhairgeadais;
comhair chreidmheasa atá údaraithe ag údarás inniúil, cuideachtaí infheistíochta phearsanta agus cliaint ar bróicéirí taisce iad sa mhéid nach dtagann na dliteanais sin faoi phointe (a) den mhír seo;
dliteanais a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair sé mhí ar a laghad ach níos lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:
an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais Ballstáit;
banc ceannais tríú tír;
custaiméirí airgeadais;
aon dliteanais agus ítimí nó ionstraimí caipitil eile a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair sé mhí ar a laghad ach is lú ná bliain amháin acu nach dtagraítear dóibh in Airteagail 428m, 428n agus 428o.
Airteagal 428m
Fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola eile a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil.
Airteagal 428n
Fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola cobhsaí a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil.
Airteagal 428o
Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
Beidh na dliteanais chomh maith leis na hítimí caipitil agus na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéanfar na coigeartuithe is gá de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 35, sula ndéanfar na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus sula gcuirfear i bhfeidhm na díolúintí agus na roghanna a leagtar síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79;
ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéantar na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus sula gcuirtear Airteagal 79 i bhfeidhm ina leith, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;
ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide sula ndéanfar na hasbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 66 agus sula gcuirfear Airteagal 79 i bhfeidhm, a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;
aon ionstraimí caipitil eile de chuid na hinstitiúide a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;
aon iasachtaí nó dliteanais urraithe agus neamhurraithe eile a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, lena n-áirítear taiscí téarma, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428k go hAirteagal 428n.
CAIBIDIL 4
Cistiú cobhsaí ceangailteach
Roinn 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 428p
Méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh
I gcás sócmhainní atá faighte ar iasacht ag institiúidí, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 i gcás nach gcuirtear na sócmhainní sin san áireamh i gclár comhardaithe na hinstitiúide ach a bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag an institiúid orthu.
Sócmhainní a bhfuil níos lú ná sé mhí fágtha acu de thréimhse ualaithe, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 ar na sócmhainní céanna má sealbhaíodh iad go neamhualaithe.
Measfar gur sócmhainní neamhualaithe na sócmhainní seo a leanas:
sócmhainní a áirítear i gcomhthiomsú agus ar fáil lena n-úsáid láithreach mar chomhthaobhacht chun cistiúchán breise a fháil faoi línte creidmheasa geallta nó, i gcás ina bhfuil an comhthiomsú á fheidhmiú ag banc ceannais, faoi línte creidmheasa nach bhfuil geallta agus atá ar fáil don institiúid ach nach bhfuil cistithe go fóill; leis na sócmhainní sin, cuimseofar sócmhainní arna láithriú ag institiúid creidmheasa le hinstitiúid lárnach i líonra comharchumann nó i scéim cosanta institiúideach; toimhdeoidh institiúidí go mbeidh na sócmhainní sa chomhthiomsú ualaithe in ord méadaitheach a leachtachta bunaithe ar an aicmiú leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ag tosú le sócmhainní bhfuil incháilithe le haghaidh an mhaoláin leachtachta;
sócmhainní atá faighte ag an institiúid mar chomhthaobhacht ar mhaithe le maolú ►C12 riosca ◄ creidmheasa in idirbhearta iasachta urraithe, idirbhearta maoiniúcháin urraithe nó idirbhearta malartaithe comhthaobhachta agus a fhéadfaidh an institiúid a dhiúscairt;
sócmhainní atá ceangailte mar rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach le heisiúint bannaí faoi chumhdach.
I gcás oibríochtaí neamhchaighdeánacha sealadacha arna gcur i gcrích ag BCE nó ag banc ceannais Ballstáit nó ag banc ceannais tríú tír chun a shainordú a chomhlíonadh i dtréimhse struis airgeadais ar fud an mhargaidh nó i gcúinsí eisceachtúla maicreacnamaíocha, féadfaidh na sócmhainní seo a leanas fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe a fháil:
sócmhainní atá ualaithe chun críocha na n-oibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar phointe (f) d'Airteagal 428ad agus ar phointe (a) d'Airteagal 428ah(1);
airgead a thiocfaidh as na hoibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar phointí (d)(i) agus (d)(ii) d'Airteagal 428ad, ar phointe (b) d'Airteagal 428af agus ar phointe (c) d'Airteagal 428ag.
Cinnfidh na húdaráis inniúla, i gcomhaontú leis an mbanc ceannais arb é contrapháirtí an idirbhirt é, an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm ar na sócmhainní dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír. I gcás sócmhainní ualaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, atá le cur i bhfeidhm, níos lú ná an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a mbeadh feidhm aige, faoi Roinn 2, maidir leis na sócmhainní sin dá mbeidís á sealbhú go neamhualaithe.
Agus fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán géar ar an tionchar a bheidh ag an bhfachtóir laghdaithe sin ar shuíomhanna cistiúcháin chobhsaí de chuid institiúidí agus déanfaidh siad bearta maoirseachta iomchuí i gcás inar gá.
Cuirfidh údaráis inniúla tuairisc chuig ÚBE, uair sa bhliain ar a laghad, maidir leis na cineálacha ►C12 neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe a bhfuil na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh cinntithe acu ina leith. Áireoidh siad sa tuairisc sin míniú ar an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm chun na fachtóirí sin a chinneadh.
Airteagal 428q
Aibíocht iarmhair sócmhainne
Roinn 2
Fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh
Airteagal 428r
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %:
sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leachtacha ardchaighdeáin leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, bíodh na ceanglais oibriúcháin mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 0 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
cúlchistí uile na hinstitiúide, arna sealbhú sa Bhanc Ceannais Eorpach nó i mbanc ceannais Ballstáit nó i mbanc ceannais tríú tír, lena n-áirítear cúlchistí cheangailteacha agus cúlchistí barrachais;
gach éileamh ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar bhanc ceannais Ballstáit nó ar bhanc ceannais tríú tír ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí;
infháltais dátaí trádála a thagann as ionstraimí airgeadais, airgeadraí iasachta nó tráchtearraí a dhíol a mheastar go socróidh siad laistigh den timthriall socraíochta caighdeánach nó laistigh den tréimhse shocraíochta chaighdeánach is gnách don mhalartú ábhartha nó don chineál idirbhirt nó ar theip orthu socrú, ach a mheastar mar sin féin go socróidh siad;
sócmhainní atá rangaithe mar shócmhainní idirspleácha a bhfuil dliteanais acu i gcomhréir le hAirteagal 428f;
airgead atá dlite ó idirbhearta um maoiniú urrús le cliaint airgeadais i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí ag na hidirbhearta sin, i gcás ina bhfuil an t-airgead dlite sin comhthaobhaithe le sócmhainní a cháilíonn mar shócmhainní leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a sainítear ann, agus i gcás ina mbeadh an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag an institiúid na sócmhainní sin a athúsáid le linn shaolré an idirbhirt.
Cuirfidh institiúidí an t-airgead dlite dá dtagraítear i bpointe (g) den chéad fhomhír den mhír seo san áireamh ar bhonn glan i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 428e.
Maidir le fochuideachtaí a bhfuil a gceannoifig acu i dtríú tír, i gcás ina bhfuil na cúlchistí ceangailteacha bainc ceannais faoi réir fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí arna leagan amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin, cuirfear an fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh sin san áireamh chun críche comhdhlúthúcháin.
Airteagal 428s
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %
Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %:
scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 5 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta á gcomhlíonadh acu de réir mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin nó ná bíodh;
airgead atá dlite ó idirbhearta um maoiniú urrús le cliaint airgeadais, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí ag na hidirbhearta sin, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 428r(1);
an chuid neamhtharraingthe de na saoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
táirgí a bhaineann le maoiniú trádála lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí acu.
Cuirfidh institiúidí an t-airgead dlite dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo san áireamh ar bhonn glan i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 428e.
Airteagal 428t
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 7 %
Beidh sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 7 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.
Airteagal 428u
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 7,5 %
Beidh táirgí a bhaineann le maoiniú trádála lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil aibíocht iarmhair sé mhí ar a laghad agus is lú ná bliain amháin acu, faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 7,5 %.
Airteagal 428v
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 %
Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 %:
airgead atá dlite ó idirbhearta le cliaint airgeadais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí acu seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 428r(1) agus i bpointe (b) d'Airteagal 428s(1);
táirgí a bhaineann le maoiniú trádála laistigh den chlár comhardaithe a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí acu;
táirgí a bhaineann le maoiniú trádála lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil aibíocht iarmhair d'aon bhliain amháin nó níos mó acu.
Airteagal 428w
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 12 %
Beidh scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 12 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 12 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.
Airteagal 428x
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 15 %
Beidh sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2A de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 15 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.
Airteagal 428y
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 %
Beidh scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 20 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.
Airteagal 428z
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 25 %
Beidh urrúsuithe neamhualaithe leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 25 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.
Airteagal 428aa
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 30 %
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 30 %:
bannaí faoi chumhdach ardchaighdeáin neamhualaithe de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 30 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.
Airteagal 428ab
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 35 %
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 35 %:
urrúsuithe neamhualaithe leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 35 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.
Airteagal 428ac
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 40 %
Beidh scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 40 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 40 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.
Airteagal 428ad
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %:
sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite d'urrúsuithe neamhualaithe leibhéal 2B agus bannaí faoi chumhdach ardchaighdeáin de bhun an ghnímh tharmligthe sin, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
taiscí arna sealbhú ag an institiúid in institiúid airgeadais eile a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
airgead atá dlite ó idirbhearta leis na dreamanna seo a leanas a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu:
rialtas láir Ballstáit nó de thríú tír;
rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla i mBallstát nó i dtríú tír;
eintitis earnála poiblí Ballstáit nó de thríú tír;
na bainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;
corparáidí neamhairgeadais, custaiméirí miondíola agus FBManna;
comhair chreidmheasa atá údaraithe ag údarás inniúil, cuideachtaí infheistíochta phearsanta agus cliaint ar bróicéirí taisce iad sa mhéid nach dtagann na dliteanais sin faoi phointe (a) den mhír seo;
airgead atá dlite ó idirbhearta leis na dreamanna seo a leanas a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu:
an Banc Ceannais Eorpach nó banc ceannais Ballstáit;
banc ceannais tríú tír;
custaiméirí airgeadais;
táirgí a bhaineann le maoiniú trádála laistigh den chlár comhardaithe a bhfuil aibíocht iarmhair sé mhí ar a laghad acu ach is lú ná aon bhliain amháin;
sócmhainní atá ualaithe i gcomhair aibíocht iarmhair sé mhí ar a laghad ach is lú ná aon bhliain amháin, seachas i gcás ina sannfaí fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh do na sócmhainní sin i gcomhréir le hAirteagal 428ae go hAirteagal 428ah ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe agus, sa chás sin, beidh feidhm ag an bhfachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheadh infheidhme maidir leis na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe;
aon sócmhainní eile a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428r go hAirteagal 428ac.
Airteagal 428ae
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 %
Beidh scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 55 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.
Airteagal 428af
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 65 %
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 65 %:
iasachtaí neamhualaithe atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó iasachtaí áite cónaithe neamhualaithe atá ráthaithe go hiomlán ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 129(1) a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu, ar choinníoll go sannfar ualú ►C12 riosca ◄ 35 % nó níos lú do na hiasachtaí sin i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;
iasachtaí neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu, cé is moite d'iasachtaí do chustaiméirí airgeadais agus d'iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 428r go hAirteagal 428ad, ar choinníoll go sannfar ualú ►C12 riosca ◄ 35 % nó níos lú do na hiasachtaí sin i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí.
Airteagal 428ag
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %
Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %:
aon sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe lena n-áirítear airgead tirim, a bhreactar mar chorrlach tosaigh le haghaidh conarthaí díorthach, ach amháin i gcás ina sannfaí dóibh fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir le hAirteagal 428ah ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe agus, sa chás sin, beidh feidhm ag an bhfachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheadh infheidhme maidir leis na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe;
aon sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear airgead tirim, a bhreactar mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh, ach amháin i gcás ina sannfaí dóibh fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir le hAirteagal 428ah ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe agus, sa chás sin, cuirfear i bhfeidhm an fachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm ar an tsócmhainn neamhualaithe;
iasachtaí neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu, cé is moite d'iasachtaí do chustaiméirí airgeadais agus d'iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 428r go hAirteagal 428af, nach mbíonn thar téarma ar feadh níos mó ná 90 lá agus a sanntar dóibh ualú ►C12 riosca ◄ is mó ná 35 % i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;
táirgí a bhaineann le maoiniú trádála laistigh den chlár comhardaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu;
urrúis neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu nach bhfuil ar mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178 agus nach incháilithe mar shócmhainní leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
cothromais neamhualaithe arna dtrádáil ar na stocmhalartáin nach incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
tráchtearraí fisiciúla arna dtrádáil, lena n-áirítear ór ach gan díorthaigh tráchtearraí a áireamh;
sócmhainní atá ualaithe le haghaidh aibíocht iarmhair aon bhliana amháin nó níos mó i gcomhthiomsú cumhdaigh a chistítear le bannaí faoi chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE nó le bannaí faoi chumhdach lena gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) den Rialachán seo.
Airteagal 428ah
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 %
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 %:
mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, aon sócmhainní ualaithe le haghaidh aibíocht iarmhair bliana nó níos mó;
aon sócmhainní eile cé is moite díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 428r go hAirteagal 428ag, lena n-áirítear iasachtaí do chustaiméirí airgeadais a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair bliana nó níos mó acu, ►C12 neamhchosainti ◄ neamhthuillmheacha, ítimí a asbhainfear as cistí dílse, sócmhainní seasta, cothromais nach cothromais arna dtrádáil ar na stocmhalartáin iad, leas coinnithe, sócmhainní árachais, urrúis ar mainneachtain.
Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
bainfear an corrlach athrúcháin a gheobhaidh institiúidí óna gcontrapháirtithe ón luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach aige i gcás ina gcáileoidh an chomhthaobhacht a gheofar mar chorrlach athrúcháin mar shócmhainn leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, agus i gcás ina bhfuil an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag institiúidí an chomhthaobhacht sin a athúsáid;
bainfear an corrlach uile athrúcháin a bhreacfaidh institiúidí lena gcontrapháirtithe ó luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach aige.
CAIBIDIL 5
Maolú i gcás institiúidí beaga agus neamhchasta
Airteagal 428ai
Maolú i gcás institiúidí beaga agus neamhchasta
De mhaolú ar Chaibidil 3 agus Chaibidil 4, féadfaidh institiúidí beaga agus neamhchasta an rogha a dhéanamh, le cead roimh ré óna n-údarás inniúil, an cóimheas idir cistiúchán cobhsaí institiúide atá ar fáil dá dtagraítear i gCaibidil 6, agus cistiúchán cobhsaí ceangailteach na hinstitiúide dá dtagraítear i gCaibidil 7 a ríomh, arna shloinneadh mar chéatadán.
Féadfaidh údarás inniúil a cheangal ar institiúid bheag agus neamhchasta go gcomhlíonfaidh sí an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí atá bunaithe ar chistiúchán cobhsaí na hinstitiúide atá ar fáil dá dtagraítear i gCaibidil 3 agus cistiúchán cobhsaí ceangailteach na hinstitiúide dá dtagraítear i gCaibidil 4, i gcás ina measfaidh sé nach bhfuil an mhodheolaíocht shimplithe leordhóthanach chun ►C12 riosca ◄ chistiúcháin na hinstitiúide sin a ghabháil.
CAIBIDIL 6
Cistiúchán cobhsaí atá ar fáil chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí simplithe a ríomh go simplí
Roinn 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 428aj
Méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh go simplí
Airteagal 428ak
Aibíocht iarmhair dliteanais nó cistí dílse
Roinn 2
Fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil
Airteagal 428al
Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
Mura sonraítear a mhalairt sa Roinn seo, beidh na dliteanais ar fad nach bhfuil aibíocht luaite leo, lena n-áirítear suíomhanna gearra agus suíomhanna aibíochta oscailte, faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil cé is moite de na cinn seo a leanas:
dliteanais chánach iarchurtha, a ndéanfar a láimhseáil de réir an dáta is gaire is féidir a bhféadfaí na dliteanais sin a réadú;
leasanna mionlaigh, a ndéanfar a láimhseáil de réir théarma na hionstraime ábhartha.
Beidh dliteanais chánach iarchurtha agus leasanna mionlaigh dá dtagraítear i mír 1 faoi réir ceann amháin de na fachtóirí seo a leanas:
0 %, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair ábhartha is lú ná aon bhliana amháin ag an dliteanas cánach iarchurtha nó ag na leasanna mionlaigh;
100 %, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair ábhartha de bhliain amháin nó níos mó ag an dliteanas cánach iarchurtha nó ag na leasanna mionlaigh.
Beidh na dliteanais seo a leanas faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
dliteanais atá iníoctha ar an dáta trádála a eascróidh ó cheannach ionstraimí airgeadais, ó airgeadraí eachtracha agus ó thráchtearraí, a mheastar go socróidh siad laistigh den timthriall socraíochta caighdeánach nó laistigh den tréimhse is gnách le haghaidh malartú ábhartha nó don chineál idirbheart nó ar theip orthu socrú, ach a mheastar mar sin féin go socróidh siad;
dliteanais a rangaítear mar dhliteanais atá idirspleách ar shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 428f;
dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:
an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais Ballstáit;
banc ceannais tríú tír;
custaiméirí airgeadais;
aon dliteanais agus ítimí nó ionstraimí caipitil eile nach dtagraítear dóibh san Airteagal seo ná in Airteagail 428am go 428ap.
Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
bainfear an corrlach athrúcháin a gheobhaidh institiúidí óna gcontrapháirtithe ón luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach aige i gcás ina gcáileoidh an chomhthaobhacht a gheofar mar chorrlach athrúcháin mar shócmhainn leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, agus i gcás ina bhfuil an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag institiúidí an chomhthaobhacht sin a athúsáid;
bainfear an corrlach uile athrúcháin a bhreacfaidh institiúidí lena gcontrapháirtithe ó luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach aige.
Airteagal 428am
Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
Beidh na dliteanais seo a leanas faoi réir fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
taiscí a fhaightear a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:
rialtas láir Ballstáit nó de thríú tír;
rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla i mBallstát nó i dtríú tír;
eintitis earnála poiblí Ballstáit nó de thríú tír;
na bainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;
custaiméirí corparáideacha neamhairgeadais;
comhair chreidmheasa atá údaraithe ag údarás inniúil, cuideachtaí infheistíochta phearsanta agus cliaint ar bróicéirí taisce iad, cé is moite de na taiscí a fhaightear, a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1).
Airteagal 428an
Fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola eile a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil.
Airteagal 428ao
Fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola cobhsaí a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil.
Airteagal 428ap
Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
Beidh na dliteanais chomh maith leis na hítimí caipitil agus na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéanfar na coigeartuithe is gá de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 35, sula ndéanfar na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus sula gcuirfear i bhfeidhm na díolúintí agus na roghanna a leagtar síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79;
ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéantar na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus sula gcuirtear Airteagal 79 i bhfeidhm ina leith, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;
ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide sula ndéanfar na hasbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 66 agus sula gcuirfear Airteagal 79 i bhfeidhm, a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;
aon ionstraimí caipitil eile de chuid na hinstitiúide a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;
aon iasachtaí nó dliteanais urraithe agus neamhurraithe eile a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, lena n-áirítear taiscí téarma, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428al go hAirteagal 428ao.
CAIBIDIL 7
Cistiú cobhsaí ceangailteach chun an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh go simplí
Roinn 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 428aq
Méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh go simplí
Eisiafar sócmhainní atá faighte ar iasacht ag institiúidí, lena n-áirítear in idirbhearta um maoiniú urrús, nach gcuirtear san áireamh ina gclár comhardaithe ach a bhfuil úinéireacht thairbhiúil acu orthu, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2.
Sócmhainní a bhfuil níos lú ná sé mhí fágtha acu de thréimhse ualaithe, beidh siad faoi réir na bhfachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2 ar na sócmhainní céanna má sealbhaíodh iad go neamhualaithe.
Measfar gur sócmhainní neamhualaithe na sócmhainní seo a leanas:
sócmhainní a áirítear i gcomhthiomsú agus atá ar fáil lena n-úsáid láithreach mar chomhthaobhacht chun cistiú breise a fháil faoi línte creidmheasa geallta nó, i gcás ina bhfuil an comhthiomsú á fheidhmiú ag banc ceannais, faoi línte creidmheasa nach bhfuil geallta agus atá ar fáil don institiúid ach nach bhfuil cistithe go fóill, lena n-áirítear sócmhainní arna láithriú ag institiúid creidmheasa le hinstitiúid lárnach i líonra comharchumann nó i scéim cosanta institiúideach;
sócmhainní atá faighte ag an institiúid mar chomhthaobhacht ar mhaithe le maolú ►C12 riosca ◄ creidmheasa in idirbhearta iasachta urraithe, idirbhearta maoiniúcháin urraithe nó idirbhearta malartaithe comhthaobhachta agus a fhéadfaidh an institiúid a dhiúscairt;
sócmhainní atá ceangailte mar rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach le heisiúint bannaí faoi chumhdach.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, toimhdeoidh institiúidí go mbeidh na sócmhainní sa chomhthiomsú ualaithe in ord méadaitheach a leachtachta bunaithe ar an aicmiú leachtachta a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ag tosú le sócmhainní nach incháilithe le haghaidh an mhaoláin leachtachta.
I gcás oibríochtaí neamhchaighdeánacha sealadacha arna gcur i gcrích ag BCE nó ag banc ceannais Ballstáit nó ag banc ceannais tríú tír chun a shainordú a chomhlíonadh i dtréimhse struis airgeadais ar fud an mhargaidh nó i gcúinsí eisceachtúla maicreacnamaíocha, féadfaidh na sócmhainní seo a leanas fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe a fháil:
sócmhainní atá ualaithe do na hoibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar Airteagal 428aw agus ar phointe (a) d'Airteagal 428az(1);
airgead a thiocfaidh as na hoibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar Airteagal 428aw agus ar phointe (b) d'Airteagal 428ay.
Cinnfidh na húdaráis inniúla, i gcomhaontú leis an mbanc ceannais arb é contrapháirtí an idirbhirt é, an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm ar na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír. I gcás sócmhainní ualaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, atá le cur i bhfeidhm, níos lú ná an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a mbeadh feidhm aige, faoi Roinn 2, maidir leis na sócmhainní sin dá mbeidís á sealbhú go neamhualaithe.
Agus fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán géar ar an tionchar a bheidh ag an bhfachtóir laghdaithe sin ar shuíomhanna cistiúcháin chobhsaí de chuid institiúidí agus déanfaidh siad bearta maoirseachta iomchuí i gcás inar gá.
Cuirfidh na húdaráis inniúla tuairisc chuig ÚBE ar bhonn bliantúil ar a laghad maidir leis na cineálacha ►C12 neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe a bhfuil na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh cinntithe acu ina leith. Áireoidh siad sa tuairisc sin míniú ar an modheolaíocht arna cur i bhfeidhm chun na fachtóirí sin a chinneadh.
Airteagal 428ar
Aibíocht iarmhair sócmhainne
Roinn 2
Fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh
Airteagal 428as
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %:
sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leachtacha ardchaighdeáin leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, bíodh na ceanglais oibriúcháin mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
cúlchistí uile na hinstitiúide, arna sealbhú sa Bhanc Ceannais Eorpach nó i mbanc ceannais Ballstáit nó i mbanc ceannais tríú tír, lena n-áirítear cúlchistí ceangailteacha agus cúlchistí barrachais;
gach éileamh ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar bhanc ceannais Ballstáit nó ar bhanc ceannais tríú tír, ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí;
sócmhainní atá rangaithe mar shócmhainní idirspleácha a bhfuil dliteanais acu i gcomhréir le hAirteagal 428f.
Maidir le fochuideachtaí a bhfuil a gceannoifig acu i dtríú tír, i gcás ina bhfuil cúlchistí ceangailteacha an bhainc ceannais faoi réir fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin lena leagtar amach, cuirfear an fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh sin san áireamh chun críche comhdhlúthúcháin.
Airteagal 428at
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %
Airteagal 428au
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 %
Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 %:
sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
táirgí a bhaineann le maoiniú trádála lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 428av
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 %
Beidh sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2A de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus scaireanna nó aonaid neamhualaithe in GCanna de bhun an ghnímh tharmligthe sin, faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.
Airteagal 428aw
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %:
iasachtaí urraithe agus neamhurraithe a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu agus ar choinníoll go mbeidh siad neamhualaithe ar feadh tréimhse is lú ná aon bhliain amháin;
aon sócmhainní eile a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428as go hAirteagal 428av.
sócmhainní arna n-ualú le haghaidh aibíochta iarmharach sé mhí ar a laghad ach níos lú ná bliain amháin, ach amháin i gcás ina sannfaí fachtóir cistiúcháin cobhsaí níos airde do na sócmhainní sin i gcomhréir le hAirteagail 428ax, 428ay agus 428az dá mbeadh siad á sealbhú go neamhualaithe, agus sa chás sin go beidh feidhm ag an bhfachtóir cistiúcháin cobhsaí níos airde a mbeadh feidhm aige maidir leis na sócmhainní sin dá mbeadh siad á sealbhú go neamhualaithe.
Airteagal 428ax
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 %
Beidh sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus scaireanna nó aonaid neamhualaithe in GCanna de bhun an ghnímh tharmligthe sin, faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh, ar choinníoll go mbeidh siad neamhualaithe ar feadh tréimhse is lú ná aon bhliain amháin.
Airteagal 428ay
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %
Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %:
aon sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe lena n-áirítear airgead tirim, a bhreactar mar chorrlach tosaigh le haghaidh conarthaí díorthach nó a bhreactar mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh, ach amháin i gcás ina sannfaí dóibh fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir le hAirteagal 428az ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe agus, sa chás sin, déanfar an fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, a mbeadh infheidhme maidir leis na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe, a chur i bhfeidhm;
iasachtaí neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu, cé is moite d'iasachtaí do chustaiméirí airgeadais, nach mbíonn thar téarma ar feadh tréimhse is mó ná 90 lá;
táirgí a bhaineann le maoiniú trádála laistigh den chlár comhardaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu;
urrúis neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu nach bhfuil ar mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178 agus nach incháilithe mar shócmhainní leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
cothromais neamhualaithe arna dtrádáil ar na stocmhalartáin nach incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
tráchtearraí fisiciúla arna dtrádáil, lena n-áirítear ór ach gan díorthaigh tráchtearraí a áireamh.
Airteagal 428az
Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 %
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 %:
aon sócmhainní ualaithe le haghaidh aibíocht iarmhair bliana nó níos mó;
aon sócmhainní eile cé is moite díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 428as go hAirteagal 428ay, lena n-áirítear iasachtaí do chustaiméirí airgeadais a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair bliana nó níos mó acu, ►C12 neamhchosainti ◄ neamhthuillmheacha, ítimí a asbhainfear as cistí dílse, sócmhainní seasta, cothromais nach cothromais arna dtrádáil ar na stocmhalartáin iad, leas coinnithe, sócmhainní árachais, urrúis ar mainneachtain.
Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
bainfear an corrlach athrúcháin a gheobhaidh institiúidí óna gcontrapháirtithe ón luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach aige i gcás ina gcáileoidh an chomhthaobhacht a gheofar mar chorrlach athrúcháin mar shócmhainn leibhéal 1 de bhun an ghnímh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, agus i gcás ina bhfuil an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag institiúidí an chomhthaobhacht sin a athúsáid;
bainfear an corrlach uile athrúcháin a bhreacfaidh institiúidí dá gcontrapháirtithe as luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach aige.
CUID A SEACHT
LUAMHÁNÚ
Airteagal 429
An cóimheas luamhánaithe a ríomh
Ríomhfaidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe ag an dáta tuairiscithe tagartha.
Chun críocha mhír 2, beidh tomhas na ►C12 neamhchosainta ◄ iomláine cothrom le suim luachanna ►C12 neamhchosainta ◄ na nithe seo a leanas:
sócmhainní, cé is moite de na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II, díorthaigh chreidmheasa agus na suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 429e, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429b(1);
conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa, lena n-áirítear na conarthaí agus na díorthaigh chreidmheasa sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429c agus le hAirteagal 429d;
forlíontáin le haghaidh ►C12 riosca ◄ creidmheasa contrapháirtí na n-idirbheart um maoiniú urrús, lena n-áirítear iad siúd atá lasmuigh den chlár comhardaithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429e;
ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe, cé is moite de na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II, díorthaigh chreidmheasa, idirbhearta um maoiniú urrús agus suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 429d agus 429g, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429f;
gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán atá fós le socrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429g.
Déanfaidh institiúidí idirbhearta socraíochta iarchurtha a láimhseáil i gcomhréir le pointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír, de réir mar is infheidhme.
Féadfaidh institiúidí na luachanna ►C12 neamhchosainta ◄ dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír a laghdú faoi mhéid comhfhreagrach na gcoigeartuithe ginearálta ►C12 riosca ◄ creidmheasa ar ítimí atá ar an gclár comhardaithe nó lasmuigh de, faoi seach, faoi réir íostairseach 0 i gcás ina ndearnadh caipiteal Leibhéal 1 a laghdú mar thoradh ar na coigeartuithe ►C12 riosca ◄ creidmheasa.
De mhaolú ar phointe (d) de mhír 4, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
beidh ítim lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le pointe (d) de mhír 4 a dhéantar a láimhseáil mar dhíorthach i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, beidh sí faoi réir na láimhseála a leagtar amach i bpointe (b) den mhír sin;
i gcás ina ndéanfaidh cliant institiúide, ag gníomhú dó mar chomhalta imréitigh, idirbheart go díreach le contrapháirtí lárnach agus ina ráthóidh an institiúid feidhmíocht ►C12 neamhchosaintí ◄ trádála a cliaint ar an gcontrapháirtí lárnach a thagann as an idirbheart sin, ríomhfaidh an institiúid a ►C12 neamhchosaint ◄ ar toradh ar an ráthaíocht í i gcomhréir le pointe (b) de mhír 4, amhail agus go ndearna an institiúid an t-idirbheart go díreach leis an gcliant, lena n-áirítear maidir le corrlach athrúcháin in airgead tirim a fháil nó a sholáthar.
Beidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír maidir le hinstitiúid atá ag gníomhú mar chliant ardleibhéil a ráthaíonn feidhmíocht ►C12 neamhchosainti ◄ trádála a cliaint.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), agus chun críocha an dara fomhír den mhír seo, ní fhéadfaidh institiúidí a mheas gur cliant é eintiteas cleamhnaithe ach amháin i gcás ina bhfuil an t-eintiteas sin lasmuigh den scóip rialála maidir le comhdhlúthú ar an leibhéal ag a gcuirtear i bhfeidhm an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 92(4), pointe (e).
Mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa Chuid seo, ríomhfaidh na hinstitiúidí tomhas na ►C12 neamhchosainta ◄ iomláine i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
ní dhéanfar sócmhainní a ghlanluacháil le dliteanais.
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 7, féadfaidh institiúidí luach ►C12 neamhchosainta ◄ iasachta réamh-mhaoiniúcháin nó iasachta idirmheánaí a laghdú le hiarmhéid dearfach chuntas coigiltis an fhéichiúnaí dá deonaíodh an iasacht agus gan ach an méid a thiocfaidh as sin a áireamh i dtomhas iomlán na ►C12 neamhchosainta ◄ , ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
le go ndeonófar an iasacht, caithfear cuntas coigiltis a oscailt san institiúid a dheonóidh an iasacht agus is faoin dlí earnálach céanna a dhéanfar an iasacht agus an cuntas coigiltis a rialú;
ní fhéadfaidh an féichiúnaí iarmhéid an chuntais coigiltis a aistarraingt, go páirteach ná go hiomlán, le linn shaol iomlán na hiasachta;
féadfaidh an institiúid leas a bhaint, go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe, as iarmhéid an chuntais coigiltis chun éileamh ar bith a chuimsítear faoin gcomhaontú iasachta a shocrú i gcásanna a rialaítear faoin dlí earnálach dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear i gcás nach n-íocann an féichiúnaí nó i gcás dhócmhainneacht an fhéichiúnaí.
Ciallaíonn “Iasacht réamh-mhaoiniúcháin” nó “iasacht idirmheánach” iasacht a dheonaítear don iasachtaí ar feadh tréimhse theoranta ama chun bearna maoiniúcháin an iasachtaí a líonadh go dtí go ndeonaítear an iasacht deiridh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa dlí earnálach lena rialaítear na hidirbhearta sin.
Airteagal 429a
De mhaolú ar Airteagal 429(4), féadfaidh institiúid aon cheann de na ►C12 neamhchosaintí ◄ seo a leanas a eisiamh óna tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ iomlán:
na méideanna a asbhaintear as ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 36(1);
na sócmhainní a asbhaintear sa ríomh a dhéantar ar an tomhas caipitil dá dtagraítear in Airteagal 429(3);
i gcás ina bhfuil an institiúid ina comhalta den líonra dá dtagraítear in Airteagal 113(7), na neamhchosaintí dá sanntar ualú riosca 0 % i gcomhréir le hAirteagal 114 agus a eascraíonn as sócmhainní arb ionann iad agus taiscí in airgeadra céanna na gcomhaltaí eile den líonra sin a eascraíonn as íostaisce dlíthiúil nó reachtúil i gcomhréir le hAirteagal 422(3), pointe (b); i gcás mar sin, níl neamhchosaintí comhaltaí eile den líonra sin atá ina n-íostaiscí dlíthiúla nó reachtúla faoi réir phointe (c) den mhír seo;
i gcás inar institiúid creidmheasa forbartha poiblí an institiúid, na ►C9 neamhchosaintí ◄ a thagann as na sócmhainní ar éilimh ar rialtais láir, ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla nó ar eintitis earnála poiblí iad i dtaobh infheistíochtaí san earnáil phoiblí, agus iasachtaí cur chun cinn;
neamhchosaintí na hinstitiúide ar a scairshealbhóirí, ar an gcoinníoll go bhfuil neamhchosaintí den sórt sin comhthaobhaithe de shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 129(1), pointí (d) agus (e), go dtí an leibhéal 125 % ar a laghad, agus go gcuirtear na sócmhainní sin san áireamh i gceanglas cóimheasa luamhánaithe na scairshealbhóirí, i gcás nach institiúid creidmheasa forbartha poiblí í an institiúid ach go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leanas:
is institiúidí creidmheasa iad a scairshealbhóirí agus ní fheidhmíonn siad rialú ar an institiúid;
comhlíonann sí mír 2, pointí (a), (b), (c) agus (e),) den Airteagal seo;
tá a neamhchosaintí lonnaithe sa Bhallstát céanna;
tá sí faoi réir formhaoirseacht de chineál éigin ag rialtas láir Ballstáit ar bhonn leanúnach;
tá a samhail ghnó teoranta do chur tríd an méid a chomhfhreagraíonn do na fáltais a chruinnítear trí bhannaí faoi chumhdach a eisiúint dá scairshealbhóirí, i bhfoirm ionstraimí fiachais;
i gcás nach institiúid creidmheasa forbartha poiblí an institiúid, na codanna sin de ►C12 neamhchosainti ◄ a thagann as iasachtaí cur chun cinn a aistriú chuig institiúidí creidmheasa eile;
codanna ráthaithe de ►C12 neamhchosainti ◄ a thagann as chreidmheasanna onnmhairiúcháin a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas araon:
soláthraí incháilithe cosaint neamhchistithe chreidmheasa a sholáthraíonn an ráthaíocht i gcomhréir le hAirteagal 201 agus le hAirteagal 202, lena n-áirítear gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin nó rialtais láir;
i gcás inar comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach cáilitheach an institiúid, ►C12 neamhchosainti ◄ trádála na hinstitiúide sin, ar choinníoll go ndéanfar iad a imréiteach leis an gcontrapháirtí lárnach cáilitheach sin agus go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 306(1);
i gcás inar cliant ardleibhéil laistigh de struchtúr cliant il-leibhéil an institiúid, na ►C12 neamhchosainti ◄ trádála ar an gcomhalta imréitigh nó ar eintiteas a fhónann mar chliant ardleibhéil don institiúid sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 305(2) agus ar choinníoll nach mbeidh sé d'oibleagáid ar an institiúid a cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhainfear dó i gcás mainneachtain ar thaobh an chomhalta imréitigh nó an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh;
sócmhainní muiníneacha a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:
aithnítear iad ar chlár comhardaithe na hinstitiúide de réir na bprionsabal cuntasaíochta náisiúnta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 86/635/CEE;
comhlíonann siad na critéir don neamhaitheantas a leagtar amach i gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 9, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1606/2002;
comhlíonann siad na critéir le haghaidh aithint a leagtar amach in IFRS 10, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1606/2002, i gcás inarb infheidhme;
►C12 neamhchosainti ◄ a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:
is ►C12 neamhchosainti ◄ ar eintiteas earnála poiblí iad;
déantar iad a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 116(4);
eascraíonn siad ó thaiscí a bhfuil sé d'oibleagáid ar an institiúid ó thaobh an dlí de a aistriú chuig an eintiteas earnála poiblí dá dtagraítear i bpointe (i) ar mhaithe le hinfheistíochtaí ar son an leasa choitinn a mhaoiniú;
níor tugadh amach ar iasacht an chomhthaobhacht bharrachais a taisceadh le gníomhairí trípháirteacha;
an tsócmhainn infhaighte, i gcás ina n-aithníonn institiúid faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme an corrlach athrúcháin a íoctar in airgead tirim lena contrapháirtí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) d'Airteagal 429c(3);
na risíochtaí seo a leanas ar bhanc ceannais na hinstitiúide, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 5 agus 6:
boinn agus nótaí bainc ar airgeadra dlíthiúil iad i ndlínse an bhainc ceannais;
sócmhainní in ionannas le héilimh ar an mbanc ceannais, lena n-áirítear cúlchistí arna sealbhú ag an mbanc ceannais;
i gcás ina n-údaraítear sin don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le pointe (a) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ►C12 neamhchosaintí ◄ na hinstitiúide de dheasca seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a liostaítear i bpointe (a) de Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhfuil baint dhíreach acu leis na seirbhísí lárnacha nó leis na seirbhísí coimhdeacha a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn sin;
i gcás ina n-ainmnítear an institiúid i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ►C12 neamhchosainti ◄ na hinstitiúide de dheasca seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a liostaítear i bpointe (a) de Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhfuil baint dhíreach acu le seirbhísí lárnacha nó le seirbhísí coimhdeacha de chuid taisclann lárnach urrús, arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin, a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn sin;
na risíochtaí atá faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír.
Chun críocha phointe (m) den chéad fhomhír, déanfaidh institiúid aon ►C12 neamhchosaint ◄ choinnithe a áireamh sa tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ .
Chun críocha phointí (d) agus (e) de mhír 1, ciallaíonn “institiúid creidmheasa forbartha poiblí” institiúid creidmheasa a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
institiúid creidmheasa í arna bunú ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil i mBallstát;
tá a gníomhaíocht teoranta do chuspóirí sonraithe beartais airgeadais, shóisialta nó eacnamaíoch a chur chun cinn i gcomhréir leis na dlíthe agus na forálacha lena rialaítear an institiúid sin, lena n-áirítear airteagail maidir le comhlachas, ar bhonn neamhiomaíoch;
níl sé mar aidhm aici a oiread brabúis agus is féidir a dhéanamh nó an méid is mó is féidir de sciar an mhargaidh a fháil;
faoi réir rialacha Státchabhrach an Aontais, tá sé d'oibleagáid ar an rialtas láir, ar an rialtas réigiúnach nó ar an údarás áitiúil inmharthanacht na hinstitiúide creidmheasa a chosaint nó ráthaíonn siad go díreach nó go hindíreach ar a laghad 90 % de cheanglais cistí dílse, de cheanglais chistiúcháin na hinstitiúide creidmheasa nó d'iasachtaí cur chun cinn a dheonaítear;
ní ghlacann sí le taiscí faoi chumhdach mar a shainmhínítear iad i bpointe (5) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/49/AE nó sa dlí náisiúnta a bhfuil an Treoir sin á cur chun feidhme a fhéadfar a aicmiú mar thaiscí téarma seasta nó mar thaiscí coigiltis ó thomhaltóirí mar a shainítear i bpointe (a) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 35 ).
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfar a áireamh ar na cuspóirí beartais phoiblí maoiniú a sholáthar ar mhaithe le hearnálacha eacnamaíocha sonraithe nó limistéir gheografacha shonraithe an Bhallstáit ábhartha a chur chun cinn agus a fhorbairt.
►C7 Chun críocha phointe (d) agus (e) de mhír 1, agus gan dochar do rialacha Státchabhrach an Aontais ná do ◄ na hoibleagáidí a fhorchuireann sé ar na Ballstáit, féadfaidh na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin d'institiúid, caitheamh le haonad féinrialaitheach de chuid na hinstitiúide sin atá neamhspleách ar bhonn eagraíochtúil, struchtúir agus airgeadais de, mar institiúid creidmheasa forbartha poiblí, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-aonad na coinníollacha go léir a liostaítear sa chéad fhomhír agus nach ndéanann an chóireáil sin difear d'éifeachtacht na maoirseachta a dhéantar ar an institiúid sin. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚBE maidir le cinneadh ar bith caitheamh le haonad institiúide mar institiúid creidmheasa forbartha poiblí, chun críocha na fomhíre seo. Athbhreithneoidh an t-údarás inniúil an cinneadh sin uair in aghaidh na bliana.
Féadfaidh institiúidí na risíochtaí a liostaítear i bpointe (n) de mhír 1 a eisiamh i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
chinn údarás inniúil na hinstitiúide, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, agus d'fhógair sé go poiblí go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann go bhfuil bonn leis na ►C12 neamhchosainti ◄ sin a eisiamh, d'fhonn cur chun feidhme beartas airgeadaíochta a éascú;
deonaíodh an díolúine ar feadh tréimhse theoranta ama nach faide ná aon bhliain amháin;
chinn údarás inniúil na hinstitiúide, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, an dáta a mheastar gur cuireadh tús leis na himthosca eisceachtúla agus d’fhógair sé an dáta sin go poiblí; socrófar an dáta sin ag deireadh ráithe.
Comhlíonfaidh na ►C12 neamhchosainti ◄ a eisiafar faoi phointe (n) de mhír 1 an dá choinníoll seo a leanas:
tá siad ainmnithe san airgeadra céanna agus atá na taiscí a ghlac an institiúid;
ní théann a meánaibíocht puinn thar mheánaibíocht na dtaiscí a ghlac an institiúid.
De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 92(1), i gcás ina n-eisiann institiúid na ►C12 neamhchosainti ◄ dá dtagraítear i bpointe (n) de mhír 1 den Airteagal seo, sásóidh sí i gcónaí an ceanglas seo a leanas maidir leis an gcóimheas coigeartaithe giarálaluamhánaithe (aLR), fad a mhairfidh an t-eisiamh:
nuair atá:
|
aLR |
= |
an cóimheas coigeartaithe luamhánaithe; |
|
EMLR |
= |
tomhas risíochta iomlán na hinstitiúide mar a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 429(4), lena n-áirítear na risíochtaí a eisiatar i gcomhréir le pointe (n) de mhír 1 den Airteagal seo, ar an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5 den Airteagal seo; agus |
|
CB |
= |
meánluach iomlán laethúil risíochtaí na hinstitiúide ar a banc ceannais, arna ríomh le linn thréimhse cothabhála cúltaca iomlán an bhainc ceannais go díreach roimh an dáta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 5, atá incháilithe lena n-eisiamh i gcomhréir le pointe (n) de mhír 1 |
Airteagal 429b
Luach ►C12 neamhchosainta ◄ na sócmhainní a ríomh
Ríomhfaidh institiúidí luach ►C12 neamhchosainta ◄ na sócmhainní, cé is moite de na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II, díorthaigh chreidmheasa agus na suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 429e, i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
ní dhéanfar idirbhearta um maoiniú urrús a ghlanluacháil.
Ní sháraíonn socrú comhthiomsaithe airgid arna thairiscint ag institiúid an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 429(7) ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an socrú an dá choinníoll a leanas araon:
aistríonn an institiúid a bhfuil an socrú comhthiomsaithe airgid á thairiscint aici iarmhéideanna sochair agus dochair chuntais aonair éagsúla eintiteas grúpa a áirítear sa socrú (“cuntais bhunaidh”) isteach i gcuntas aonair ar leith agus, ar an gcaoi sin, socraíonn sí iarmhéideanna na gcuntas bunaidh go náid;
cuireann an institiúid na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo i gcrích ar bhonn laethúil.
Chun críocha na míre seo agus mhír 3, ciallaíonn “socrú comhthiomsaithe airgid”, socrú lena ndéantar iarmhéideanna sochair agus dochair cuntas aonair éagsúil a chur le chéile ar mhaithe le bainistiú airgid nó leachtachta.
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, ní sháraíonn socrú comhthiomsaithe airgid nach gcomhlíonfaidh an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) na míre sin, ach a chomhlíonfaidh an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) na míre sin, ní sháraíonn sé an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 429(7), ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an socrú na coinníollacha uile seo a leanas:
tá ceart infheidhmithe le dlí ag institiúid iarmhéideanna na gcuntas bunaidh a fhritháireamh trína n-aistriú go cuntas aonair tráth ar bith;
níl aon neamhréireanna aibíochta idir iarmhéideanna na gcuntas bunaidh;
gearrann nó íocann an institiúid ús bunaithe ar chomh-iarmhéid iomlán na gcuntas bunaidh;
measann údarás inniúil na hinstitiúide go bhfuil an mhinicíocht lena n-aistrítear iarmhéideanna na gcuntas bunaidh uile leordhóthanach ionas go bhféadfaí comh-iarmhéid iomlán an tsocraithe comhthiomsaithe airgid, agus an méid sin amháin, a áireamh sa tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ iomlán.
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí ríomh a dhéanamh ar luach ►C12 neamhchosainta ◄ airgid infhaighte agus airgid iníoctha faoi idirbhearta um maoiniú urrús leis an gcontrapháirtí céanna ar bhonn glan, agus ar an mbonn sin amháin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá an dáta socraíochta deiridh follasach céanna ag na hidirbhearta;
an ceart chun an méid atá dlite don chontrapháirtí a fhritháireamh in aghaidh an mhéid atá dlite ag an gcontrapháirtí, tá sé infheidhmithe le dlí i ngnáthchúrsa gnó agus i gcás mainneachtana, dócmhainneachta agus féimheachta;
nuair atá sé ar intinn ag na contrapháirtithe socrú a dhéanamh ar bhonn glan nó socrú a dhéanamh go comhuaineach, nó nuair atá na hidirbhearta faoi réir sásra socraíochta a mbeidh socraíocht ar bhonn glan nó a comhionann feidhmiúil mar thoradh air.
Chun críocha phointe (c) de mhír 4, féadfaidh institiúidí a mheas nach mbeidh socraíocht ar bhonn glan nó a comhionann feidhmiúil mar thoradh ar shásra socraíochta ach amháin i gcás ina mbeidh, ar an dáta socraíochta, toradh glan eis-sreabha airgid na n-idirbheart faoin sásra sin cothrom leis an méid aonair glan faoi shocraíocht ar bhonn glan agus ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
socraítear na hidirbhearta tríd an gcóras socraíochta céanna nó trí chórais socraíochta a bhaineann leas as bonneagar coiteann socraíochta;
tacaítear leis na socruithe socraíochta trí airgead nó trí shaoráidí creidmheasa ionlae a chur ar fáil a bhfuil sé mar aidhm acu a dheimhniú go gcuirfear i gcrích socrú na n-idirbheart roimh dheireadh an lae gnó;
ní chuireann aon saincheisteanna a thagann as gnéithe urrús na n-idirbheart um maoiniú urrús isteach ar chur i gcrích ghlansocrú airgid thirim infhaighte agus airgid thirim iníoctha.
Ní mheastar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) den chéad fhomhír a bheith comhlíonta ach amháin i gcás ina bhféadfaidh teip aon idirbhirt um maoiniú urrús sa sásra socraíochta moill a chur ar shocrú ghné an airgid meaitseála amháin nó ina bhféadfaidh an teip oibleagáid a chruthú don sásra socraíochta, arna tacú ag saoráid chreidmheasa ghaolmhar.
I gcás ina dteipfidh ar ghné urrús idirbhirt um maoiniú urrús sa sásra socraíochta ag deireadh na tréimhse ama chun socrú a dhéanamh sa sásra socraíochta, scarfaidh institiúidí an t-idirbheart seo agus a ghné airgid meaitseála ón tacar glanluachála agus láimhseálfaidh siad iad ar bhonn comhlán.
Airteagal 429c
Luach ►C12 neamhchosainta ◄ na ndíorthach a ríomh
Agus an luach ►C12 neamhchosainta ◄ á ríomh, féadfaidh institiúidí éifeachtaí conarthaí le haghaidh nuachana agus comhaontuithe glanluachála eile a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 295. Ní chuirfidh institiúidí glanluacháil trastáirgí san áireamh, ach féadfaidh siad glanluacháil a dhéanamh laistigh den chatagóir táirgí dá dtagraítear i bpointe (25)(c) d'Airteagal 272 agus laistigh de dhíorthaigh creidmheasa i gcás ina bhfuil siad faoi réir comhaontú glanluachála trastáirgí conarthach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 295.
Áireoidh institiúidí sa tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ iomlán céadroghanna arna ndíol fiú i gcás ina bhféadtar a luach ►C12 neamhchosainta ◄ a shocrú go náid i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 274(5).
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh institiúidí ach comhthaobhacht a fhaightear in airgead tirim óna gcontrapháirtithe a aithint mar an corrlach athrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 275 agus costas athsholáthair na gconarthaí díorthacha á ríomh acu i gcomhréir le hAirteagal 275, i gcás nár aithníodh sa chreat cuntasaíochta is infheidhme an corrlach athrúcháin cheana féin mar laghdú ar an luach ►C12 neamhchosainta ◄ agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
i gcomhair trádálacha nach n-imréitítear trí chontrapháirtí lárnach cáilitheach, ní leithscartar an t-airgead tirim a gheobhaidh an contrapháirtí is faighteoir ó shócmhainní na hinstitiúide;
déantar an corrlach athrúcháin a ríomh agus a mhalartú ar bhonn laethúil ar a laghad bunaithe ar luacháil maidir le marcáil ón margadh na suíomhanna díorthach;
tá an corrlach athrúcháin a fuarthas, tá sé in airgeadra a shonraítear sa chonradh díorthach, lena rialaítear máistir-chomhaontú glanluachála, iarscríbhinn maidir le tacaíocht creidmheasa a ghabhann leis an máistir-chomhaontú glanluachála cáilitheach nó mar a shainmhínítear in aon chomhaontú glanluachála le contrapháirtí lárnach cáilitheach;
is é an corrlach athrúcháin a fuarthas an méid iomlán a bheadh de dhíth chun ►C12 neamhchosaint ◄ maidir le marcáil ón margadh an chonartha díorthach a mhúchadh faoi réir na tairsí agus na n-íosmhéideanna aistrithe is infheidhme maidir leis an gcontrapháirtí;
Cumhdaítear an conradh díorthach agus an corrlach athrúcháin idir an institiúid agus contrapháirtí an chonartha sin faoi chomhaontú glanluachála aonair a fhéadfaidh an institiúid a láimhseáil mar laghdú ►C12 riosca ◄ i gcomhréir le hAirteagal 295.
I gcás ina soláthróidh institiúid comhthaobhacht airgid thirim do chontrapháirtí agus go gcomhlíonfaidh an chomhthaobhacht sin na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír, measfaidh an institiúid an chomhthaobhacht sin a bheith ina corrlach athrúcháin a bhreactar le contrapháirtí agus cuirfidh an institiúid san áireamh í agus an costas athsholáthair á ríomh.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, measfar go bhfuil institiúid tar éis an coinníoll a leagtar amach ann a chomhlíonadh i gcás ina malartófar an corrlach athrúcháin ar maidin an lae trádála i ndiaidh an lae trádála ar a sonraíodh an conradh díorthach, ar choinníoll go mbunófar an malartú ar luach an chonartha ag deireadh an lae trádála ar a sonraíodh an conradh.
Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, i gcás ina mbeidh díospóid chorrlaigh ann, féadfaidh institiúidí méid na comhthaobhachta nach ábhar díospóide é a malartaíodh a aithint.
De mhaolú ar mhír 3 agus 4, féadfaidh institiúid aon chomhthaobhacht a fhaightear i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 3, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
faightear an chomhthaobhacht ó chliant le haghaidh conradh díorthach a rinne an institiúid a imréiteach thar ceann an chliaint sin;
déantar an conradh dá dtagraítear i bpointe (a) a imréiteach trí QCCP;
i gcás ina bhfuarthas an chomhthaobhacht i bhfoirm corrlaigh tosaigh, déantar an chomhthaobhacht sin a dheighilt ó shócmhainní na hinstitiúide.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí an modh a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 4 nó 5, a úsáid chun luach neamhchosanta an mhéid seo a leanas a chinneadh:
conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa, i gcás ina n-úsáideann siad an modh sin freisin chun luach neamhchosanta na gconarthaí sin a chinneadh ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointí (a), (b) agus (c),) a chomhlíonadh;
díorthaigh chreidmheasa a gcuireann siad an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 273(3) nó (5) i bhfeidhm ina leith, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an modh sin a úsáid.
I gcás ina gcuirfidh institiúidí ceann de na modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm, ní laghdóidh siad an tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ iomlán faoi mhéid an chorrlaigh a fuair siad.
Airteagal 429d
Forálacha breise maidir le luach na ►C12 neamhchosainta ◄ atá ag na díorthaigh chreidmheasa i scríbhinn a ríomh
Ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach iarbhír a bheidh ag díorthaigh creidmheasa i scríbhinn trí bhíthin méid barúlach na ndíorthach sin a choigeartú chun fíor-neamhchosaint na gconarthaí atá luamhánaithe nó ar shlí eile feabhsaithe le struchtúr an idirbhirt.
Féadfaidh institiúidí luach na ►C12 neamhchosainta ◄ a laghdú go hiomlán nó go páirteach a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 faoi mhéid barúlach iarbhír na ndíorthach creidmheasa a ceannaíodh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
is ionann aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh agus aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn nó is mó aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh ná aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn;
tá an díorthach creidmheasa a ceannaíodh ar shlí eile faoi réir na dtéarmaí ábhartha céanna leis an díorthach creidmheasa i scríbhinn chomhfhreagrach nó téarmaí ábhartha níos coimeádaí ná téarmaí an díorthaigh sin;
ní ó chontrapháirtí a d'fhágfadh an institiúid ar ►C12 neamhchosaint ◄ ar Shainpriacal Comhghaolmhaireachta, mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 291(1), ní ó chontrapháirtí den chineál sin a cheannaítear an díorthach creidmheasa a ceannaíodh;
i gcás ina laghdaítear méid barúlach iarbhír an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn faoi aon athrú diúltach ar an luach cóir a ionchorpraítear i gcaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, laghdaítear méid barúlach iarbhír an díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh faoi aon athrú deimhneach ar an luach cóir a ionchorpraítear i gcaipiteal Leibhéal 1;
ní áirítear an díorthach creidmheasa a ceannaíodh in idirbheart a rinne an institiúid a imréiteach thar ceann cliaint nó a rinne an institiúid a imréiteach ina ról mar chliant ar leibhéal níos airde i struchtúr cliant il-leibhéal agus a n-eisiatar an méid barúlach iarbhír dá dtagraítear sa díorthach creidmheasa i scríbhinn chomhfhreagrach ón tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ ina leith sin i gcomhréir le pointe (g) nó le pointe (h) den chéad fhomhír d'Airteagal 429a(1), de réir mar is infheidhme.
Chun críocha ríomh na ►C12 neamhchosainta ◄ féideartha todhchaíche ar chreidmheas i gcomhréir le hAirteagal 429c(1), féadfaidh institiúidí an chuid sin de dhíorthach creidmheasa i scríbhinn a eisiamh ón tacar glanluachála ar díorthach creidmheasa i scríbhinn é nach ndéantar a fhritháireamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus a n-áirítear an méid barúlach iarbhír sa tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ ina leith.
Airteagal 429e
Forlíontán ►C12 riosca ◄ creidmheasa contrapháirtí le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús
Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do na hidirbhearta le contrapháirtí nach bhfuil faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 206 ar bhonn gach idirbhirt ar leith i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
|
= |
an forlíontán |
|
i |
= |
an t-innéacs a chuireann an t-idirbheart in iúl; |
|
Ei |
= |
luach cóir na n-urrús nó an airgid a tugadh ar iasacht don chontrapháirtí faoi idirbheart i; agus |
|
Ci |
= |
luach cóir na n-urrús nó an airgid a fuarthas ón gcontrapháirtí faoi idirbheart i. |
Féadfaidh institiúidí
a shocrú comhionann le nialas i gcás gurb é Ei an t-airgead a thugtar ar iasacht do chontrapháirtí agus nach bhfuil an t-airgead infhála gaolmhar incháilithe don láimhseáil glanluachála a leagtar amach in Airteagal 429b(4).
Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do na hidirbhearta le contrapháirtí nach bhfuil faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 206 ar bhonn gach comhaontaithe ar leith i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
|
= |
an forlíontán |
|
i |
= |
an t-innéacs a chuireann an comhaontú glanluachála in iúl; |
|
Ei |
= |
luach cóir na n-urrús nó an airgid a tugadh ar iasacht don chontrapháirtí i leith na n-idirbheart atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála i; agus |
|
Ci |
= |
luach cóir na n-urrús nó an airgid a fuarthas ón gcontrapháirtí atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála i. |
I gcás ina ngníomhaíonn institiúid mar ghníomhaire idir dhá pháirtí i leith idirbhirt um maoiniú urrús, lena n-áirítear idirbheart um maoiniú urrús lasmuigh den chlár comhardaithe, beidh feidhm ag na forálacha seo leanas maidir le tomhas na ►C12 neamhchosainta ◄ iomláine ar an institiúid a ríomh:
I gcás ina soláthraíonn institiúid slánaíocht nó ráthaíocht do cheann amháin de na páirtithe i leith an idirbhirt um maoiniú urrús agus ina bhfuil an tslánaíocht nó an ráthaíocht teoranta d'aon difríocht idir luach an urrúis nó an airgid a thug an páirtí ar iasacht agus luach na comhthaobhachta a sholáthair an t-iasachtaí, ní áireoidh an institiúid ach an forlíontán arna ríomh i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 mar is infheidhme, i dtomhas na ►C12 neamhchosainta ◄ iomláine;
i gcás nach soláthraíonn an institiúid slánaíocht nó ráthaíocht d'aon cheann de na páirtithe lena mbaineann, ní áireofar an t-idirbheart sa tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ iomlán;
i gcás ina bhfuil an institiúid ar ris ó thaobh an gheilleagair de ar an urrús foluiteach nó ar airgead an idirbhirt go dtí méid níos mó ná an ►C12 neamhchosainta ◄ atá cumhdaithe ag an bhforlíontán, áireoidh sí sa tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ iomlán méid iomlán an urrúis nó an airgid a bhfuil sí ar ris air;
i gcás ina soláthraíonn an institiúid, agus í ag gníomhú ina gníomhaire, slánaíocht nó ráthaíocht don dá pháirtí a bhaineann leis an idirbheart um maoiniú urrús, ríomhfaidh an institiúid a tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ iomlán i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) ar leithligh do gach páirtí a bhaineann leis an idirbheart.
Airteagal 429f
Luach ►C12 neamhchosainta ◄ ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh
I gcás ina dtagraítear i ngealltanas do shíneadh ítime eile lasmuigh den chlár comhardaithe, beidh feidhm ag Airteagal 111(3).
Airteagal 429g
Tomhas ►C12 neamhchosainta ◄ gnáthcheannach agus ar ghnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh
Féadfaidh institiúidí luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhritháireamh le luach ainmniúil iomlán an airgid infhála a bhaineann le gnáthdhíolacháin atá le socrú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
socraítear an gnáthcheannach agus an gnáthdhíolachán ar bhonn seachadta in áit íocaíochta;
na sócmhainní airgeadais a ceannaíodh agus a díoladh a mbaineann airgead iníoctha agus airgead infhaighte leo, cuirtear luach cóir orthu trí bhrabús agus caillteanas agus áirítear i leabhar trádála na hinstitiúide iad.
CUID A SEACHT A
CEANGLAIS TUAIRISCITHE
Airteagal 430
Tuairisciú ar cheanglais stuamachta agus ar fhaisnéis airgeadais
Tuairisceoidh institiúidí dá n-údaráis inniúla maidir leis an méid a leanas:
ceanglais cistí dílse, lena n-áirítear ceanglais an chóimheasa luamhánaithe, a leagtar amach in Airteagal 92 agus i gCuid a Seacht;
i gcás na n-institiúidí atá faoi réir na gceanglas sin, na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 92a agus 92b;
►C12 neamhchosaint ◄ móra mar a leagtar amach in Airteagal 394;
ceanglais leachtachta mar a leagtar amach in Airteagal 415;
na mionsonraí comhiomlána maidir le gach margadh maoine dochorraithe náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 430a(1);
na ceanglais agus an treoir a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE is incháilithe le haghaidh tuairisciú caighdeánaithe, seachas aon cheanglais bhreise maidir le tuairisciú faoi phointe (j) d'Airteagal 104(1) den Treoir sin;
an leibhéal ualaithe sócmhainní, lena n-áirítear miondealú de réir chineál an ualaithe sócmhainní, amhail comhaontuithe athcheannaigh, iasachtú urrús, ►C12 neamhchosainti ◄ urrúsaithe nó iasachtaí;
a neamhchosaintí ar rioscaí CSR lena n-áirítear:
a neamhchosaintí reatha agus nua ó thaobh eintitis in earnáil na mbreoslaí iontaise;
a neamhchosaintí ó thaobh rioscaí fisiciúla agus rioscaí aistrithe;
a neamhchosaintí cripteashócmhainní.
Ní bheidh institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 6(5) faoi réir an cheanglais um thuairisciú ar an gcóimheas luamhánaithe a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ar bhonn aonair.
De bhreis ar thuairisciú maidir le ceanglais stuamachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tuairisceoidh institiúidí faisnéis airgeadais do na húdaráis inniúla atá acu nuair is ceann de na hinstitiúidí seo a leanas í:
institiúid atá faoi réir Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;
institiúid creidmheasa a ullmhaíonn na cuntais chomhdhlúite atá aici i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta de bhun phointe (b) d'Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe, minicíocht agus dátaí an tuairiscithe, chomh maith leis na sainmhínithe, a shonrú, agus forbróidh sé réitigh TF, lena n-áirítear teimpléid tuairiscithe agus treoracha le haghaidh an tuairiscithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4.
◄Aon cheanglais nua i ndáil le tuairisciú a leagtar amach i ndréachtchaighdeáin theicniúla den sort sin infheidhme níos luaithe ná sé mhí ón dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm.
Chun críocha mhír 2, sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme cé acu na comhpháirteanna den chóimheas luamhánaithe a dhéanfar a thuairisciú agus úsáid á baint as luachanna dheireadh an lae nó dheireadh na míosa. Chun na críche sin, tabharfaidh ÚBE aird ar an dá ghné seo a leanas:
a shoghabhála a bheadh comhpháirt i leith laghduithe suntasacha sealadacha i líon na n-idirbheart a d'fhágfadh gannionadaíocht ar an ►C12 riosca ◄ l luamhánaithe iomarcaigh ar dháta an tuairiscithe tagartha;
forbairtí agus torthaí ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2021, cé is moite de na cinn a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
an cóimheas luamhánaithe, a chuirfear faoina bhráid faoin 28 Meitheamh 2020;
na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 92a agus in Airteagal 92b, a chuirfear faoina bhráid faoin 28 Meitheamh 2020;
neamhchosaintí ar CSR, a chuirfear faoina bhráid faoin 10 Iúil 2025.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Measúnóidh ÚBE na costais agus na sochair a bheidh ag na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i nGníomh Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún ( 36 ) i gcomhréir leis an mír seo agus tuairisceoidh sé na torthaí chuig an gCoimisiún faoin 28 Meitheamh 2020. Déanfar an measúnú sin a chur i gcrích, go háirithe i ndáil le hinstitiúidí beaga agus neamhchasta. Chun na gcríoch sin, déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil sin:
rangófar institiúidí faoi chatagóirí atá bunaithe ar a méid, ar chastacht agus ar chineál agus ar leibhéal ►C12 riosca ◄ na ngníomhaíochtaí atá acu;
tomhaisfear na costais tuairiscithe nach mór do gach catagóir institiúide a chur de sa tréimhse ábhartha chun na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh a leagtar amach i nGníomh Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014, agus na prionsabail seo a leanas á gcur san áireamh:
tomhaisfear na costais tuairiscithe mar chóimheas idir na costais tuairiscithe agus costais iomlána na hinstitiúide le linn na tréimhse ábhartha;
is costais tuairiscithe iad gach caiteachas a bhaineann leis na córais tuairiscithe a chur chun feidhme nó a oibriú ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear caiteachas ar fhoireann, ar chórais FT, ar sheirbhísí dlí, cuntasaíochta, iniúchóireachta agus comhairliúcháin;
tagróidh an tréimhse ábhartha do gach tréimhse bhliantúil ina raibh costais tuairiscithe ar institiúidí chun ullmhú do na ceanglais tuairiscithe a chur chun feidhme a leagtar síos i nGníomh Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014, agus leanúint ar aghaidh ag oibriú na gcóras tuairiscithe ar bhonn leanúnach;
déanfar a mheas an raibh na costais tuairiscithe, arna dtabhú ag gach catagóir institiúidí, comhréireach leis na tairbhí a thug na ceanglais tuairiscithe chun críocha na maoirseachta stuamachta;
measfar an tionchar a bheadh ag laghdú na gceanglas tuairiscithe ar chostais agus ar mhaoirseacht éifeachtach; agus
déanfar moltaí faoin dóigh le laghdú a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe, i gcás institiúidí beaga neamhchasta, ar a laghad; chuige sin, beidh sé mar sprioc ag ÚBE an meánchostas a bhfuiltear ag súil leis a laghdú 10 %, ar a laghad, ach 20 % más féidir. Déanfaidh ÚBE a mheas, go háirithe, an bhféadfaí:
na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 a tharscaoileadh i gcás institiúidí beaga neamhchasta agus i gcás ina raibh ualú sócmhainní faoi bhun tairseach áirithe;
minicíocht an tuairiscithe a cheanglaítear i gcomhréir le pointe (a), pointe (c) agus pointe (g) de mhír 1 a laghdú d'institiúidí beaga neamhchasta.
Leis an tuarascáil sin ó ÚBE, gabhfaidh dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7.
Rachaidh údaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE chun a shocrú ar cheart d'institiúidí, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 3, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
níl na hinstitiúidí ábhartha ag tuairisciú cheana féin ar bhonn comhdhlúite;
tá na hinstitiúidí ábhartha faoi réir creat cuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 86/635/CEE;
meastar go bhfuil an tuairisciú airgeadais riachtanach chun léargas cuimsitheach a thabhairt ar phróifíl ►C12 riosca ◄ a bhaineann le gníomhaíochtaí na n-institiúidí sin agus ar na ►C12 riosca ◄ shistéamacha a chuirfidh siad ar an earnáil airgeadais nó ar an bhfíorgheilleagar mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 1093/2010.
Cuirfidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtoll a chéile chun na formáidí agus na teimpléid a shonrú a mbainfidh na hinstitiúidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír úsáid astu chun na gcríoch sin a leagtar amach san fhomhír sin.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Bainfidh na húdaráis inniúla, na húdaráis réitigh agus na húdaráis ainmnithe úsáid as an malartú sonraí, nuair is féidir, chun na ceanglais tuairiscithe a laghdú. Beidh feidhm ag na forálacha maidir le faisnéis a mhalartú agus rúndacht ghairmiúil faoi mar a leagtar síos i Roinn II de Chaibidil I de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE.
Airteagal 430a
Oibleagáidí sonracha maidir le tuairisciú
Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil ar na mionsonraí comhiomlána seo a leanas maidir le gach margadh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta ar a bhfuil siad neamhchosanta:
caillteanas a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), i gcás inarb infheidhme;
caillteanas foriomlán a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin chónaithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe;
luach neamhchosanta na neamhchosaintí uile atá gan íoc a bhfuil réadmhaoin chónaithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe;
caillteanas a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), i gcás inarb infheidhme;
caillteanas foriomlán a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála;
luach neamhchosanta na neamhchosaintí uile atá gan íoc a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith i ngach cás go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála.
▼M17 —————
Airteagal 430c
Tuarascáil féidearthachta maidir leis an gcóras comhtháite tuairiscithe
Agus an tuarascáil féidearthachta á dréachtú, féachfaidh ÚBE chuige go mbeidh lámh ann ag na húdaráis inniúla, chomh maith leis na húdaráis atá freagrach as scéimeanna ráthaíochta taiscí, as réitigh agus go háirithe CEBC. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil an obair atá déanta cheana féin ag CEBC maidir le bailiúcháin chomhtháite sonraí agus beidh sí bunaithe ar anailís fhoriomlán costais agus tairbhe, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
forléargas ar chainníocht, raon feidhme, bunús agus gráinneacht na sonraí reatha arna mbailiú ag na húdaráis inniúla ina ndlínse;
bunú foclóra chaighdeánaigh de na sonraí atá le bailiú d'fhonn cur le cóineasú na gceanglas tuairiscithe ó thaobh oibleagáidí tuairiscithe tráthrialta, agus chun fiosruithe neamhriachtanach a sheachaint;
bunú comhchoiste, ar a mbeadh ÚBE agus CEBC ar a laghad, chun an córas comhtháite tuairiscithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm;
indéantacht agus dearadh a d'fhéadfadh a bheith ag lárphointe bailithe sonraí don chóras tuairiscithe comhtháite, lena n-áirítear ceanglais maidir le rúndacht na sonraí a bhaileofar, fíordheimhniú láidir agus bainistiú na gceart rochtana ar an gcóras agus cibearshlándáil:
ina mbeadh clár lárnach sonraí leis na sonraí staidrimh, sonraí réitigh agus sonraí stuamachta ar fad, sa ghráinneacht agus sa mhinicíocht is gá don institiúid áirithe agus arna dtabhairt cothrom le dáta leis an tráthúlacht is gá;
a d'fhónfadh mar phointe teagmhála do na húdaráis inniúla, áit a ndéanfaidís gach cuardach sonraí a fháil, a phróiseáil agus a chomhthiomsú, áit ar féidir cuardaigh a chur le sonraí tuairiscithe atá bailithe cheana féin agus trínar féidir leis na húdaráis inniúla rochtain thapa a fháil ar an bhfaisnéis a iarradh;
a thabharfadh tacaíocht bhreise do na húdaráis inniúla i ndáil le tarchur na gcuardach sonraí chuig na hinstitiúidí agus a chuirfeadh na sonraí arna n-iarradh isteach sa chlár lárnach sonraí;
a mbeadh ról comhordúcháin aige i ndáil le malartú faisnéise agus sonraí idir údaráis inniúla; agus
cuirtear san áireamh imeachtaí agus próisis na nÚdarás inniúla agus aistrítear iad go córas caighdeánaithe.
CUID A hOCHT
NOCHTADH AG INSTITIÚIDÍ
TEIDEAL I
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
Airteagal 431
Ceanglais agus beartais maidir le nochtadh
Aon fhaisnéis is gá a nochtadh i gcomhréir leis an gCuid seo, beidh sí faoi réir an leibhéil chéanna fíoraithe inmheánaigh agus is infheidhme maidir leis an tuarascáil bhainistíochta a áirítear i dtuarascáil airgeadais na hinstitiúide.
Beidh beartais curtha i bhfeidhm ag institiúidí freisin chun a fhíorú go dtugann a nochtaí léargas cuimsitheach ar a bpróifíl ►C12 riosca ◄ do rannpháirtithe an mhargaidh. I gcás ina bhfuil institiúidí den tuairim nach dtugann na nochtaí sin léargas cuimsitheach ar a bpróifíl ►C12 riosca ◄ do rannpháirtithe an mhargaidh a cheanglaítear faoin gCuid seo, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis don phobal de bhreis ar an bhfaisnéis sin a cheanglaítear a nochtadh. Mar sin féin, ní cheanglófar ar institiúidí ach faisnéis is ábhartha agus nach faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 432.
Airteagal 432
Faisnéis neamhábhartha, dhílseánaigh nó rúnda
Measfar gur faisnéis ábhartha i nochtuithe í faisnéis, más rud é, de bharr í a fhágáil ar lár nó míráiteas a thabhairt ina leith, go bhféadfaí athrú a dhéanamh nó tionchar a imirt ar mheasúnú nó ar chinneadh úsáideora de chuid na faisnéise sin a bheadh ag brath uirthi ar mhaithe le cinntí eacnamaíocha a dhéanamh.
Déanfaidh ÚBEtreoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí ábharthacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá i dTeideal II agus i dTeideal III.
Measfar gur faisnéis dhílseánaigh de chuid institiúidí í faisnéis de chineál a fhágann, dá nochtfaí don phobal í, go mbainfí an bonn de staid iomaíochta na n-institiúidí sin. Féadfar a áireamh le faisnéis dhílseánaigh faisnéis maidir le táirgí nó córais a d'fhágfadh gur lú luach infheistíochtaí na n-institiúidí iontu sin dá roinnfí le hiomaitheoirí í.
Measfar gur faisnéis rúnda í faisnéis i gcás ina gcuireann custaiméirí nó gaolmhaireachtaí eile le contrapháirtithe oibleagáid ar na hinstitiúidí an fhaisnéis sin a choimeád rúnda.
Déanfaidh ÚBEtreoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an gcaoi ar gá d'institiúidí an dílseánacht agus an rúndacht a chur i bhfeidhm i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh atá i dTeideal II agus i dTeideal III.
Airteagal 433
Minicíocht agus raon feidhme na nochtuithe
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis a éilítear faoi Theidil II agus III sa chaoi a leagtar amach san Airteagal seo, Airteagail 433a, 433b, 433c agus 434.
Foilseoidh ÚBE nochtuithe bliantúla ar a shuíomh gréasáin ar an lá céanna a fhoilseoidh na hinstitiúidí a ráitis airgeadais nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.
Foilseoidh ÚBE nochtuithe leathbhliantúla agus ráithiúla ar a shuíomh gréasáin ar an lá céanna a fhoilseoidh na hinstitiúidí a dtuarascálacha airgeadais don tréimhse chomhfhreagrach, i gcás inarb infheidhme, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.
Beidh aon mhoill idir dáta foilsithe na nochtuithe a cheanglaítear faoin gCuid seo agus dáta foilsithe na ráiteas airgeadais ábhartha réasúnta agus, ar aon chaoi, ní rachaidh sí thar an tréimhse ama a leagfaidh na húdaráis inniúla amach de bhun Airteagal 106 de Threoir 2013/36/AE.
Airteagal 433a
Nochtuithe arna ndéanamh ag institiúidí móra
Nochtfaidh institiúidí móra an fhaisnéis a leagtar amach thíos leis an minicíocht seo a leanas:
an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoin gCuid seo ar bhonn bliantúil;
ar bhonn leathbhliantúil, an fhaisnéis dá dtagraítear i:
pointe (a) d'Airteagal 437;
pointe (e) d'Airteagal 438;
pointí (e) go (l) d'Airteagal 439;
Airteagal 440;
pointí (c), (e), (f) agus (g) d'Airteagal 442;
pointe (e) d'Airteagal 444;
Airteagal 445;
pointí (a) agus (b) d'Airteagal 448(1);
pointí (j) go (l) d'Airteagal 449;
pointí (a) agus (b) d'Airteagal 451(1);
Airteagal 451a(3);
Pointe (g) d'Airteagal 452;
pointí (f) go (j) d'Airteagal 453;
Airteagal 455(2), pointí (a), (b), agus (c);
Airteagal 449a;
Airteagal 449b;
De mhaolú ar mhír 1, nochtfaidh institiúidí móra seachas na G-SIIanna atá ina n-institiúidí neamhliostaithe an fhaisnéis a leagtar amach thíos agus déanfaidh siad sin leis an minicíocht seo a leanas:
an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoin gCuid seo ar bhonn bliantúil;
na príomh-mhéadrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 447 ar bhonn leathbhliantúil.
Airteagal 433b
Nochtuithe arna ndéanamh ag institiúidí beaga agus neamhchasta
Nochtfaidh institiúidí beaga agus neamhchasta an fhaisnéis dá dtagraítear sna forálacha a leanas ar bhonn bhliantúil:
Airteagal 435(1), pointí (a), (e) agus (f);
Airteagal 438, pointí (c), (d) agus (da);
Airteagal 442, pointí (c) agus (d);
na príomh-mhéadrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 447;
Airteagal 449a;
Airteagal 449b;
Airteagal 450(1), pointí (a) go (d), (h), (i) agus), (j).
Airteagal 433c
Nochtuithe arna ndéanamh ag institiúidí eile
Nochtfaidh institiúidí nach bhfuil faoi réir Airteagal 433a nó Airteagal 433b an fhaisnéis a leagtar amach thíos agus leis an minicíocht seo a leanas:
an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoin gCuid seo, ar bhonn bliantúil;
na príomh-mhéadrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 447, ar bhonn leathbhliantúil.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, nochtfaidh institiúidí eile atá ina n-institiúidí neamhliostaithe an fhaisnéis seo a leanas ar bhonn bliantúil:
pointí (a), (e) agus (f) d'Airteagal 435(1);
pointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 435(2);
pointe (a) d'Airteagal 437;
Airteagal 438, pointí (c), (d) agus (da);
Airteagal 442, pointí (c) agus (d);
na príomh-mhéadrachtaí dá dtagraítear in Airteagal 447;
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 449a;
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 449b;
pointí (a) go (d), (h) go (k) d'Airteagal 450(1).
Airteagal 434
Modhanna nochta
Áiritheoidh ÚBE go bhfuil an fhaisnéis ar na nochtuithe a dhéantar ar a shuíomh gréasáin mar an gcéanna leis an bhfaisnéis a chuir institiúidí faoi bhráid ÚBE. Beidh an ceart ag institiúidí an fhaisnéis i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 434a a chur isteach do ÚBE arís. Cuirfidh ÚBE an dáta ar ar cuireadh an fhaisnéis isteach arís in iúl ar a shuíomh gréasáin.
Ullmhóidh ÚBE an uirlis lena sonraítear mapáil na dteimpléad agus na dtáblaí le haghaidh nochtuithe leo siúd ar thuairisciú maoirseachta agus coinneoidh sé an uirlis sin cothrom le dáta. Beidh an uirlis mhapála sin ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin ÚBE.
Féadfaidh institiúidí leanúint de dhoiciméad neamhspleách a fhoilsiú ina gcuirtear foinse shorochtana faisnéise stuamachta ar fáil sa chaoi gurb éasca teacht uirthi le haghaidh úsáideoirí na faisnéise sin nó cuid ar leith a áireofar i ráitis airgeadais nó i dtuarascálacha airgeadais na n-institiúidí nó a chuirfear i gceangal leis na ráitis sin ina mbeidh na nochtuithe riachtanacha le fáil agus a bheidh so-aitheanta do na húsáideoirí sin. Féadfaidh institiúidí nasc chuig suíomh gréasáin ÚBE ar a bhfoilsítear faisnéis stuamachta ar bhealach lárnach a chur lena suíomh gréasáin féin.
Airteagal 434a
Formáidí aonfhoirmeacha don nochtadh
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáidí nochta aonfhoirmeacha agus faisnéis ar an mbeartas um chur isteach arís a shonrú, agus forbróidh sé réitigh TF, lena n-áirítear treoracha, maidir le nochtuithe a éilítear faoi Theideal II agus III.
Cuirfidh na formáidí aonfhoirmeacha sin faisnéis ar leor a cuimsitheacht agus a hinchomparáideacht in iúl d'úsáideoirí na faisnéise sin chun próifílí ►C12 riosca ◄ institiúidí agus a mhéid atá siad ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i gCodanna a hAon go dtí a Seacht a mheasúnú. Chun inchomparáideacht na faisnéise a éascú, féachfar sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena áirithiú go mbeidh formáidí don nochtadh comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta do nochtaí.
Beidh formáidí aonfhoirmeacha don nochtadh i bhformáid tábla nuair is iomchuí.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 434b
Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile na hinstitiúide lena mbaineann an fhaisnéis;
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
méid na hinstitiúide de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:
aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;
struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚBE measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 434c
Tuarascáil ar a indéanta atá sé an fhaisnéis arna tuairisciú ag institiúidí seachas institiúidí beaga agus neamhchasta a úsáid chun tacar leathnaithe de nochtuithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ÚBE
Ullmhóidh ÚBE tuarascáil maidir lena indéanta atá sé úsáid a bhaint as an bhfaisnéis arna tuairisciú ag institiúidí seachas institiúidí beaga agus neamhchasta d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 430 chun an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus an t-ualach neamhchosanta a laghdú do na hinstitiúidí sin dá réir.
Breithneofar sa tuarascáil sin an obair a rinne ÚBE roimhe seo maidir le bailiúcháin chomhtháite sonraí, beidh sí bunaithe ar anailís fhoriomlán costais agus tairbhe, lena n-áirítear costais arna dtabhú ag na húdaráis inniúla, na hinstitiúidí agus ÚBE, agus breithneofar inti aon dúshláin theicniúla, oibríochtúla agus dhlíthiúladlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann.
Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, tráth nach déanaí ná an 10 Iúil 2027.
Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031.
TEIDEAL II
CRITÉIR THEICNIÚLA MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS NOCHTADH
Airteagal 435
Cuspóirí agus beartais bainistíochta ►C12 riosca ◄ a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí a gcuid cuspóirí bainistíochta ►C12 riosca ◄ agus a mbeartais bainistíochta ►C12 riosca ◄ agus i gcás gach catagóire ►C12 riosca ◄ ar leithligh, lena n-áirítear na ►C12 riosca ◄ dá dtagraítear sa Teideal seo. Áireofar ar na nochtuithe sin:
na straitéisí agus na próisis chun na catagóirí ►C12 riosca ◄ sin a bhainistiú;
struchtúr agus eagrúchán na feidhme bainistíochta ►C12 riosca ◄ ábhartha, lena n-áirítear faisnéis ar bhonn a húdaráis, a cumhachtaí agus a cuntasacht i gcomhréir le doiciméid rialála agus ionchorpraithe na hinstitiúide;
raon feidhme agus cineál an tuairiscithe ►C12 riosca ◄ agus na gcóras tomhais;
na beartais maidir le ►C12 riosca ◄ a fhálú agus a mhaolú, agus na straitéisí agus na próisis chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht leanúnach na bhfáluithe agus na maolaitheoirí;
ráiteas ►C12 riosca ◄ gairid arna fhormheas ag an gcomhlacht bainistíochta ina ndéantar cur síos gonta ar phróifíl fhoriomlán ►C12 riosca ◄ na hinstitiúide a bhaineann leis an straitéis ghnó; áireofar sa ráiteas sin:
cóimheasa agus figiúirí ríthábhachtacha ina dtugtar léargas cuimsitheach do pháirtithe leasmhara seachtracha ar an mbainistiú a dhéanann an institiúid ar phriacal, lena n-áirítear an chaoi a ndéantar, le próifíl ►C12 riosca ◄ na hinstitiúide, idirghníomhú leis an lamháltas ►C12 riosca ◄ arna shocrú ag an gcomhlacht bainistíochta;
Faisnéis ar idirbhearta inghrúpa agus idirbhearta le páirtithe gaolmhara a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar phróifíl ►C12 riosca ◄ an ghrúpa chomhdhlúite.
Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir le socruithe rialachais:
líon na stiúrthóireachtaí arna sealbhú ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta;
an beartas earcaíochta chun comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a roghnú agus an t-eolas, na scileanna agus an saineolas iarbhír atá acu;
an beartas maidir le héagsúlacht maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a roghnú, na cuspóirí agus aon spriocanna iomchuí a leagtar amach sa bheartas sin, agus a mhéid a baineadh amach na cuspóirí agus na spriocanna sin;
cibé acu atá nó nach bhfuil coiste ►C12 riosca ◄ ar leithligh bunaithe ag an institiúid agus an méid uaireanta ar tháinig an coiste le chéile;
an tuairisc ar an sreabhadh faisnéise maidir le ►C12 riosca ◄ a thugtar don chomhlacht bainistíochta.
Airteagal 436
Raon feidhme chur i bhfeidhm a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar seo a leanas:
ainm na hinstitiúide a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith;
Réiteach idir na ráitis airgeadais chomhdhlúite arna n-ullmhú i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta infheidhme agus leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite arna n-ullmhú i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an gcomhdhlúthú rialála de bhun Roinn 2 agus Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon; déanfar trácht sa réiteach sin ar na difríochtaí idir raon feidhme cuntasaíochta an chomhdhlúthaithe agus raon feidhme rialála an chomhdhlúthaithe agus na heintitis dhlíthiúla a áirítear laistigh de raon feidhme rialála an chomhdhlúthaithe i gcás nach ionann é agus raon feidhme an chomhdhlúthaithe cuntasaíochta; sa trácht ar na heintitis dhlíthiúla a áirítear faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe rialála, cuirfear síos ar mhodh an chomhdhlúthaithe rialála i gcás nach ionann é agus modh an chomhdhlúthaithe cuntasaíochta, cibé acu atá na heintitis sin comhdhlúite go hiomlán nó comhdhlúite go comhréireach nó nach bhfuil agus cibé acu a bhaintear sealúchais sna heintitis sin as cistí dílse nó nach mbaintear;
miondealú ar shócmhainní agus ar dhliteanais na ráiteas airgeadais comhdhlúite arna n-ullmhú i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an gcomhdhlúthú rialála de bhun Roinn 2 agus Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon, arna miondealú de réir chineál na ►C12 riosca ◄ dá dtagraítear faoin gCuid seo;
réiteach lena sainaithnítear príomhfhoinsí na ndifríochtaí idir méideanna an luacha seilbhe sna ráitis airgeadais faoi raon feidhme rialála an chomhdhlúthaithe mar a shainítear é i Roinn 2 agus Roinn 3 de Theideal II de Chuid a hAon agus méid na ►C12 neamhchosainta ◄ a úsáidtear chun críocha rialála; déanfar an réiteach sin a fhorlíonadh le faisnéis cháilíochtúil faoi phríomhfhoinsí na ndifríochtaí;
maidir le ►C12 neamhchosainti ◄ ón leabhar trádála agus ón leabhar neamhthrádála a choigeartaítear i gcomhréir le hAirteagal 34 agus Airteagal 105, miondealú ar na méideanna de chomheilimintí an choigeartaithe luachála stuama de chuid institiúide, de réir chineálacha na ►C12 riosca ◄ , agus iomlán na gcomheilimintí ar leithligh do na suíomhanna leabhair trádála agus leabhair neamhthrádála;
aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ábhartha reatha nó ionchais ar aistriú pras cistí dílse nó aisíoc dliteanas idir an mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí;
an méid comhiomlán faoinar lú na cistí dílse iarbhír ná mar a theastaíonn i ngach fochuideachta nach bhfuil ar áireamh sa chomhdhlúthú, agus ainm nó ainmneacha fochuideachtaí den sórt sin;
nuair is infheidhme, na himthosca faoina mbaintear úsáid as an maolú dá dtagraítear in Airteagal 7 nó an modh chomhdhlúite aonair a leagtar síos in Airteagal 9.
Airteagal 437
Nochtadh cistí dílse
Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir lena gcistí dílse:
réiteach iomlán ar ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, d'ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, d'ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 agus na scagairí agus na hasbhaintí a chuirtear i bhfeidhm maidir le cistí dílse na hinstitiúide de bhun Airteagail 32 go 36, Airteagail 56, 66 agus 79, agus an clár comhardaithe i ráitis airgeadais iniúchta na hinstitiúide;
tuairisc ar na príomhghnéithe d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 agus d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag an institiúid;
téarmaí agus coinníollacha iomlána gach ionstraime de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2;
nochtadh ar leithligh ar chineál agus ar mhéideanna na nithe seo a leanas:
gach scagaire stuamachta a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagail 32 go 35;
ítimí a asbhaintear de bhun Airteagal 36, Airteagal 56, Airteagal 66;
ítimí nach n-asbhaintear de bhun Airteagail 47, 48, 56, 66 agus 79;
tuairisc ar na srianta go léir a chuirtear i bhfeidhm maidir le ríomh cistí dílse i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na hionstraimí, scagairí stuamachta agus na hasbhaintí a bhfuil feidhm ag na srianta sin maidir leo;
míniú cuimsitheach ar an mbonn ar a ríomhtar cóimheasa caipitil i gcás go ríomhtar na cóimheasa caipitil sin ag úsáid eilimintí de chistí dílse arna gcinneadh ar bhonn seachas é sin a leagtar síos sa Rialachán seo.
Airteagal 437a
Cistí dílse agus dliteanais incháilithe a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí atá faoi réir Airteagal 92a nó 92b an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcistí dílse agus lena ndliteanais incháilithe:
comhdhéanamh a gcistí dílse agus a ndliteanas incháilithe; a n-aibíocht agus a bpríomhghnéithe;
dliteanais incháilithe a rangú in ordlathas creidiúnaithe;
méid iomlán de gach eisiúint ionstraime dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b agus méid na n-eisiúintí sin a áirítear ar ítimí de dhliteanais incháilithe laistigh de na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 72b(3) agus (4);
méid iomlán dliteanas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2).
Airteagal 438
Ceanglais a nochtadh maidir le cistí dílse agus méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ de
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an tslí a bhfuil Airteagal 92 den Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 73 agus i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) de Threoir 2013/36/AE á gcomhlíonadh acu:
achoimre ar a gcur chuige maidir le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht a gcaipitil inmheánaigh d'fhonn tacú le gníomhaíochtaí reatha agus todhchaí;
méid na gceanglas cistí dílse breise atá bunaithe ar an bpróiseas athbhreithniúcháin maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 104(1), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachas an riosca maidir le luamhánú iomarcach agus a chomhdhéanamh;
arna iarraidh sin don Údarás Inniúil ábhartha, toradh ar an bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil;
méid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 92(2), a bheidh le miondealú faoi na catagóirí riosca éagsúla nó faoi na haicmí neamhchosanta ar riosca éagsúla, de réir mar is infheidhme, a leagtar amach i gCuid a Trí agus, i gcás inarb infheidhme, míniú ar an éifeacht ar ríomh na gcistí dílse agus ar mhéideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de, de thoradh íosrátaí caipitil a chur i bhfeidhm agus gan ítimí a asbhaint de chistí dílse;
i gcás inar gá méid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(4) a ríomh, agus méid iomlán caighdeánaithe na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(5), a bheidh le miondealú faoi na catagóirí riosca difriúla nó aicmí neamhchosanta ar riosca, de réir mar is infheidhme, a leagtar amach i gCuid a Trí agus, i gcás inarb infheidhme, míniú ar an éifeacht ar ríomh na gcistí dílse agus ar mhéideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de thoradh íosrátaí caipitil a chur i bhfeidhm agus gan ítimí a asbhaint de chistí dílse;
na neamhchosaintí laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe, na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de agus na caillteanais ionchasacha ghaolmhara i leith gach catagóire d’iasachtú speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 153(5), Tábla 1, agus na neamhchosaintí laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de i leith na gcatagóirí de neamhchosaintí ar chothromas a leagtar amach in Airteagal 133(3) go (6), agus Airteagal 495a(3);
an luach ►C12 neamhchosainta ◄ agus méid ►C12 neamhchosainta ◄ na n-ionstraimí cistí dílse atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ de arna sealbhú in aon ghnóthas árachais, aon ghnóthas athárachais nó aon chomhlacht sealbhaithe árachais nach n-asbhaineann na hinstitiúidí as a gcistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 49 agus ceanglais chaipitil á ríomh acu ar bhonn aonair, fo-chomhdhlúite nó comhdhlúite;
ceanglas forlíontach na gcistí dílse agus an cóimheas leordhóthanacht chaipitil den ilchuideachta airgeadais arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2002/87/CE agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir nuair a chuirtear modh 1 nó modh 2 a leagtar amach san Iarscríbhinn sin i bhfeidhm;
na hathruithe sna méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh an phriacail de sa tréimhse nochta reatha i gcomparáid leis an tréimhse nochta díreach roimhe de thoradh samhlacha inmheánacha a úsáid, lena n-áirítear achoimre ar na príomhspreagthaithe a mhíníonn na hathruithe sin.
Airteagal 439
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena ►C12 neamhchosainti ◄ ar ►C12 riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí dá dtagraítear i gCaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí:
tuairisc ar bheartais a bhaineann le ráthaíochtaí agus maolaitheoirí ►C12 riosca ◄ creidmheasa, amhail na beartais chun comhthaobhacht a aimsiú agus cúlchistí creidmheasa a bhunú;
méid na comhthaobhachta a bheadh ar an institiúid a chur ar fáil dá ndéanfaí a rátáil creidmheasa a íosghrádú;
méid na comhthaobhachta leithscartha agus neamh-leithscartha a fhaightear agus a dhéantar a bhreacadh de réir chineál na comhthaobhachta, arna mhiondealú tuilleadh idir comhthaobhacht a úsáidtear d'idirbhearta díorthach agus idirbhearta um maoiniú urrús;
i leith idirbhearta díorthacha, luachanna ►C12 neamhchosainta ◄ roimh agus tar éis éifeacht an mhaolaithe ►C12 riosca ◄ creidmheasa mar a chinntear faoi na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, cibé modh is infheidhme, agus na méideanna gaolmhara ►C12 neamhchosainta ◄ ar phriacal arna miondealú de réir an mhodha is infheidhme;
i leith idirbhearta maoinithe urrús, luachanna ►C12 neamhchosainta ◄ roimh agus tar éis éifeacht an mhaolaithe ►C12 riosca ◄ creidmheasa mar a chinntear faoi na modhanna a leagtar amach i gCaibidil 4 agus i gCaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, cibé modh a úsáidtear, agus na méideanna gaolmhara ►C12 neamhchosainta ◄ ar phriacal arna miondealú de réir an mhodha is infheidhme;
luach na ►C12 neamhchosainta ◄ ar chontrapháirtithe lárnacha agus na ►C12 neamhchosainti ◄ gaolmhara ►C12 riosca ◄ laistigh de raon feidhme Roinn 9 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, ar leithligh do chontrapháirtithe lárnacha cháilitheacha agus neamhcháilitheacha, arna mhiondealú de réir cineálacha ►C12 neamhchosainti ◄ ;
na méideanna barúlacha agus luach cóir idirbhearta díorthach creidmheasa; déanfar idirbhearta díorthach creidmheasa a mhiondealú de réir chineál an táirge; laistigh de gach cineál táirge, déanfar idirbhearta díorthaigh creidmheasa a mhiondealú tuilleadh trí chosaint creidmheasa a cheannaítear agus trí chosaint creidmheasa a dhíoltar;
an meastachán ar alfa i gcás go bhfuair an institiúid an cead ó na húdaráis inniúla chun a meastachán féin ar alfa a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 284(9);
ar leithligh, na nochtuithe a áirítear i bpointe (e) d'Airteagal 444 agus i bpointe (g) d'Airteagal 452;
I leith institiúidí a úsáideann na modhanna a leagtar amach i Ranna 4 go 5 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, méid a ngnó díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme.
I gcás ina gcuireann banc ceannais Ballstáit cúnamh leachtachta ar fáil, i bhfoirm idirbhearta babhtála comhthaobhachta, féadfaidh an t-údarás inniúil institiúidí a dhíolmhú i leith na gceanglas i bpointí (d) agus (e) den chéad fhomhír, i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil sin go bhféadfadh sé, dá nochtfaí an fhaisnéis dá dtagraítear ansin, go léireofaí go rabhthas tar éis cúnamh leachtachta éigeandála a chur ar fáil. Chun na gcríoch sin, leagfaidh an t-údarás inniúil amach tairseacha iomchuí agus critéir oibiachtúla.
Airteagal 440
Caipiteal maolánach frith-thimthriallach a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas faoin tslí atá ag éirí leo an ceanglas maidir le caipiteal maolánach frith-thimthriallach dá dtagraítear i gCaibidil 4 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh:
méid an chaipitil mhaolánaigh fhrith-thimthriallaigh atá sainiúil dá n-institiúid.
Airteagal 441
Táscairí a nochtadh a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo
Nochtfaidh G-SIIanna, ar bhonn bliantúil, luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun a scór a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht an tsainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE.
Airteagal 442
►C12 Neamhchosainti ◄ ar phriacal creidmheasa agus ar phriacal caolúcháin a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena ►C12 neamhchosainti ◄ ar ►C12 riosca ◄ creidmheasa agus ar phriacal caolúcháin:
an raon feidhme agus na sainmhínithe a úsáideann siad chun críocha cuntasaíochta le haghaidh “thar téarma” agus “lagaithe” agus na difríochtaí, más ann dóibh, idir na sainmhínithe ar “thar téarma” agus “mainneachtain” chun críocha cuntasaíochta agus rialála;
tuairiscí ar na cineálacha cur chuige agus na modhanna arna nglacadh chun coigeartuithe ar ►C12 riosca ◄ creidmheasa ginearálta agus sonrach a chinneadh;
faisnéis faoi mhéid agus faoi cháilíocht ►C12 neamhchosainti ◄ tuillmheacha, neamhthuillmheacha agus staonta i gcás iasachtaí, urrúis fiachais agus ►C12 neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear a lagú carntha, a soláthairtí agus a n-athruithe diúltacha ar an luach cóir de dheasca ►C12 riosca ◄ creidmheasa agus ráthaíochtaí airgeadais a fuarthas;
anailís aosaithe ar chuntasaíocht a dhéanamh ar aon ►C12 neamhchosainti ◄ thar téarma;
ollmhéideanna anonn ►C12 neamhchosainti ◄ a mhainnigh agus ►C12 neamhchosainti ◄ nár mhainnigh, coigeartuithe sonracha carntha agus ginearálta ar an ►C12 riosca ◄ creidmheasa, díscríobh carntha ar na ►C12 neamhchosainti ◄ sin agus glanmhéideanna anonn agus a leithdháileadh de réir limistéir gheografaigh agus chineál an tionscail agus i gcás iasachtaí, urrúis fiachais agus ►C12 neamhchosainti ◄ atá lasmuigh den chlár comhardaithe;
aon athruithe ar ollmhéid ►C12 neamhchosainti ◄ a mhainnigh, ar ►C12 neamhchosainti ◄ laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe iad, lena n-áirítear, ar a laghad, faisnéis ar chomhardú tosaigh agus deiridh na ►C12 neamhchosainti ◄ sin, ollmhéid aon cheann de na ►C12 neamhchosainti ◄ sin a cuireadh ar ais faoi stádas neamh-mhainnithe nó faoi réir díscríobh;
an miondealú ar iasachtaí agus ar urrúis fiachais de réir aibíocht iarmhair.
Airteagal 443
Sócmhainní ualaithe agus neamhualaithe a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí faisnéis i leith a sócmhainní ualaithe agus neamhualaithe. Chun na gcríoch sin, bainfidh institiúidí úsáid as glanluach sócmhainní de réir aicme na ►C12 neamhchosainta ◄ a dhéantar a mhiondealú de réir cháilíocht sócmhainní agus méid iomlán den mhéid anonn atá ualaithe nó neamh-ualaithe. I dtaca le faisnéis ar shócmhainní ualaithe agus neamhualaithe a nochtadh, ní nochtfaidh sí cúnamh leachtachta éigeandála arna chur ar fáil ag bainc cheannais.
Airteagal 444
Úsáid an Chur Chuige Chaighdeánaithe a nochtadh
Institiúidí a ríomhann méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach ceann de na haicmí ►C12 neamhchosainta ◄ a leagtar amach in Airteagal 112:
ainmneacha na IMCSanna agus MCSanna ainmnithe agus cúiseanna aon athruithe ar na hainmniúcháin sin thar thréimhse an nochta;
aicmí na ►C12 neamhchosainta ◄ a n-úsáidtear gach IMCS agus MCS ina leith;
tuairisc ar an bpróiseas a úsáideadh chun rátálacha creidmheasa an eisitheora agus na heisiúna a aistriú anuas ar na hítimí nach bhfuil áirithe sa leabhar trádála;
comhcheangal na rátála seachtraí de gach IMCS nó MCS ainmnithe leis na hualuithe ►C12 riosca ◄ a chomhfhreagraíonn do na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, á chur san áireamh nach gá an fhaisnéis sin a nochtadh i gcás ina gcomhlíonann an institiúid an comhcheangal caighdeánach arna fhoilsiú ag ÚBE;
luachanna na ►C12 neamhchosainta ◄ agus luachanna na ►C12 neamhchosainta ◄ tar éis maolú ►C12 riosca ◄ creidmheasa a bhaineann le gach céim cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir aicme ►C12 neamhchosainti ◄ , chomh maith leis na luachanna ►C12 neamhchosainta ◄ sin a asbhaintear as cistí dílse.
Airteagal 445
Neamhchosaintí ar riosca margaidh a nochtadh faoin gcur chuige caighdeánaithe
Nochtfaidh institiúidí a ríomhann a gceanglais cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a, na ceanglais cistí dílse iomlána, na ceanglais cistí dílse le haghaidh an mhodha bunaithe ar íogaireachtaí, an muirear riosca mainneachtana agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh rioscaí iarmharacha. Déanfar nochtadh na gceanglas cistí dílse i gcomhair bhearta an mhodha bunaithe ar íogaireachtaí agus i gcomhair riosca mainneachtana a mhiondealú sna hionstraimí seo a leanas:
ionstraimí airgeadais, seachas ionstraimí urrúsúcháin arna sealbhú sa leabhar trádála, a dhéantar a mhiondealú de réir aicme riosca, agus sainaitheantas ar leithligh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana;
ionstraimí urrúsúcháin nach bhfuil arna sealbhú san ACTP, le sainaitheantas ar leithligh maidir leis na ceanglais cistí dílse do riosca raon difríochta creidmheasa agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana;
ionstraimí urrúsúcháin arna sealbhú in ACTP, le haitheantas ar leithligh maidir leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca raon difríochta creidmheasa agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana;
Airteagal 445a
Riosca CVA a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí atá faoi réir na gceanglas cistí díse le haghaidh riosca CVA an fhaisnéis seo a leanas:
forbhreathnú ar a bpróisis chun a riosca CVA a shainaithint, a thomhas, a fhálú agus faireachán a dhéanamh air;
cibé a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, institiúidí na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 273a(2); i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, cibé a roghnaigh, nó nár roghnaigh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ag úsáid an chur chuige shimplithe a leagtar amach in Airteagal 385; i gcás inar roghnaigh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige shimplithe, na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA i gcomhréir leis an gcur chuige sin;
líon iomlán na gcontrapháirtithe a n-úsáidtear an cur chuige caighdeánaithe ina leith, le miondealú de réir cineálacha contrapháirtithe.
Nochtfaidh na hinstitiúidí a úsáideann an cur chuige caighdeánaithe mar a leagtar amach in Airteagal 383 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh, anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an fhaisnéis seo a leanas:
struchtúr agus eagrú a bhfeidhme bainistithe riosca CVA inmheánaí agus rialachais;
ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige caighdeánaithe le miondealú de réir aicme riosca;
forbhreathnú ar na fáluithe incháilithe a úsáidtear sa ríomh sin, le miondealú de réir cineál ionstraimí mar a leagtar amach in Airteagal 386(2).
Nochtfaidh institiúidí a úsáideann an cur chuige bunúsach a leagtar amach in Airteagal 384 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh, anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an fhaisnéis seo a leanas:
a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige bunúsach, agus comhpháirteanna BACVAtotal agus BACVAcsr-hedged ;
forbhreathnú ar na fáluithe incháilithe a úsáidtear sa ríomh sin, le miondealú de réir cineál ionstraimí a leagtar amach in Airteagal 386(3).
Airteagal 446
Riosca oibriúcháin a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas:
na príomhthréithe agus gnéithe a bhaineann lena gcreat bainistithe riosca oibriúcháin;
a gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca oibriúcháin atá cothrom leis an gcomhpháirt táscaire gnó arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 313;
an táscaire gnó, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 314(1), agus méideanna gach ceann de na comhpháirteanna táscaire gnó agus a bhfo-chomhpháirteanna do gach ceann de na 3 bliana atá ábhartha chun an táscaire gnó a ríomh;
méid an laghdaithe ar an táscaire gnó le haghaidh gach eisiaimh ón táscaire gnó i gcomhréir le hAirteagal 315(2), chomh maith leis na cúiseanna comhfhreagracha le haghaidh na n-eisiamh sin.
Nochtfaidh institiúidí a ríomhann a gcaillteanais riosca oibriúcháin bhliantúla i gcomhréir le hAirteagal 316(1) an fhaisnéis seo a leanas anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:
a gcaillteanais riosca oibriúcháin bhliantúla le haghaidh gach bliain de na 10 mbliana airgeadais is déanaí, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 316(1);
líon na dteagmhas riosca oibriúcháin eisceachtúil agus méideanna na gcaillteanas riosca oibriúcháin comhiomlánaithe a eisíodh nuair a ríomhadh an caillteanas bliantúil i leith riosca oibriúcháin i gcomhréir le hAirteagal 320(1), le haghaidh gach ceann de na 10 mbliana deireanacha airgeadais, mar aon leis na cúiseanna comhfhreagracha le haghaidh na n-eisiamh sin.
Airteagal 447
Príomh-mhéadrachtaí a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí na príomh-mhéadrachtaí seo a leanas i bhformáid tábla:
comhdhéanamh a gcistí dílse agus a gcóimheas caipitil riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(2);
i gcás inarb infheidhme, na cóimheasa caipitil riosca-bhunaithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(2), ag úsáid an mhéid neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta seachas an méid iomlán neamhchosanta ar riosca;
an méid iomlán neamhchosanta ar riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3), agus, i gcás inarb infheidhme, an méid iomlán neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(4);
i gcás inarb infheidhme, méid agus comhdhéanamh cistí dílse breise a cheanglaítear ar na hinstitiúidí a shealbhú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 104(1) de Threoir 2013/36/AE;
an ceanglas maoláin chomhcheangailte a cheanglaítear ar na hinstitiúidí a shealbhú i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE;
a gcóimheas luamhánaithe agus an tomhas iomlán ►C12 neamhchosainta ◄ mar a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 429;
an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas cumhdaigh leachtachta mar a ríomhtar é i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1):
an meán nó na meáin, de réir mar is infheidhme, den chóimheas cumhdaigh leachtachta atá acu ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
meán nó meáin, de réir mar is infheidhme, na sócmhainní leachtacha iomlána, tar éis na caolchorrlaigh ábhartha a chur i bhfeidhm, a áirítear ar an maolán leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
meáin a n-eis-sreafaí leachtachta, a n-insreafaí leachtachta agus a nglan-eis-sreafaí leachtachta mar a ríomhtar iad de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
an fhaisnéis seo a leanas i ndáil lena gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí mar a ríomhtar é i gcomhréir le Teideal IV de Chuid a Sé:
an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí ag deireadh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
an glanchistiúchán cobhsaí atá ar fáil ag deireadh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
an glanchistiúchán cobhsaí a cheanglaítear ag deireadh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
cóimheasa a gcistí dílse agus a ndliteanas incháilithe agus a gcomhpháirteanna, an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir, mar a ríomhtar iad i gcomhréir le hAirteagal 92a agus le hAirteagal 92b agus arna miondealú ar leibhéal gach grúpa imréitigh, i gcás inarb infheidhme.
Airteagal 448
►C12 Neamhchosainti ◄ ar ►C12 riosca ◄ ráta úis a nochtadh maidir le suíomhanna nach bhfuil sealbhaithe sa leabhar trádála
Ón 28 Meitheamh 2021, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil seo a leanas faoi na ►C12 riosca ◄ a thiocfaidh as athruithe a d'fhéadfadh teacht ar rátaí úis a mbeadh tionchar acu ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis na ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála atá acu dá dtagraítear in Airteagal 84 agus in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE:
na hathruithe ar luach eacnamaíoch cothromais a ríomhtar faoi na sé chás maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE do na tréimhsí nochta reatha agus do na tréimhsí nochta roimhe sin;
na hathruithe ar an nglanioncam úis a ríomhtar faoin dá chás maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 98(5) de Threoir 2013/36/AE do na tréimhsí nochta reatha agus do na tréimhsí nochta roimhe sin;
tuairisc ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe, seachas orthu sin dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 98(5a) de Threoir 2013/36/AE a úsáidtear chun athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis a ríomh a cheanglaítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den mhír seo;
tuairisc ar an tslí a sainmhíníonn, a dtomhaiseann, a maolaíonn agus a rialaíonn institiúidí ►C12 riosca ◄ rátaí úis ar na gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála atá acu chun chríocha athbhreithniú na n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 84 de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear:
tuairisc ar bhearta ►C12 riosca ◄ sonracha arna n-úsáid ag na hinstitiúidí chun meastóireacht a dhéanamh ar athruithe ar luach eacnamaíoch cothromais atá acu agus ar an nglanioncam úis atá acu;
tuairisc ar na príomhthoimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe a úsáidtear i gcórais thomhaiste inmheánacha na n-institiúidí a bheadh difriúil leis na toimhdí paraiméadracha agus samhaltaithe coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 98(5a)(b) de Threoir 2013/36/AE chun críche athruithe a ríomh ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis a ríomh a cheanglaítear, lena n-áirítear an réasúnaíocht do na difríochtaí sin;
tuairisc ar na cásanna suaite rátaí úis arna n-úsáid ag institiúidí chun meastachán a dhéanamh ar ►C12 riosca ◄ ar na rátaí úis sin;
éifeacht fáluithe a aithint ar na ►C12 riosca ◄ sin ar rátaí úis, lena n-áirítear fáluithe inmheánacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 106(3);
achoimre ar cá mhinice a dhéantar meastóireacht ar na ►C12 riosca ◄ sin ar rátaí úis;
an mheánaibíocht athphraghsála agus an aibíocht phraghsála is faide a shanntar do thaiscí neamhaibíochta.
Airteagal 449
►C12 Neamhchosaint ◄ ar shuíomhanna urrúsúcháin a nochtadh
Institiúidí a ríomhann méideanna ►C12 neamhchosaint ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí nó ceanglais cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 337 nó Airteagal 338, nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar leithligh dá ngníomhaíochtaí leabhar trádála agus dá ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála:
tuairisc ar a gcuid gníomhaíochtaí urrúsúcháin agus ath-urrúsúcháin, lena n-áirítear a gcuspóirí ó thaobh bainistiú ►C12 riosca ◄ agus ó thaobh infheistíochta i dtaca leis na gníomhaíochtaí sin, a ról in idirbhearta urrúsúcháin agus ath-urrúsúcháin, cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann siad an creat urrúsúcháin simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe (STC) mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 242, agus a mhéid a úsáideann siad idirbhearta urrúsúcháin chun ►C12 riosca ◄ creidmheasa na ►C12 neamhchosaint ◄ urrúsaithe a aistriú chuig tríú páirtithe agus, ina theannta sin, tabharfar, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar leithligh ar a mbeartas aistrithe ►C12 riosca ◄ i leith urrúsú sintéiseach;
na cineálacha ►C12 riosca ◄ ar a mbeidh siad ar ris ina gcuid gníomhaíochtaí urrúsúcháin agus ath-urrúsúcháin de réir leibhéal sinsearachta na suíomhanna urrúsúcháin ábhartha lena ndéanfar idirdhealú idir suíomhanna STC agus neamh-STC agus:
an ►C12 riosca ◄ arna choinneáil in idirbhearta féintionscanta;
an ►C12 riosca ◄ arna ghlacadh i ndáil le hidirbhearta arna dtionscnamh ag tríú páirtithe;
na cuir chuige chun méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ a ríomh a chuireann siad i bhfeidhm ar a gcuid gníomhaíochtaí urrúsúcháin, lena n-áirítear na cineálacha suíomhanna urrúsúcháin lena mbaineann gach cur chuige agus déanfar idirdhealú idir suíomhanna STC agus neamh-STC;
liosta de SSPEanna a thagann faoi aon cheann de na catagóirí seo a leanas, le tuairisc ar a gcineálacha ►C12 neamhchosainti ◄ ar na SSPEanna sin, lena n-áirítear conarthaí díorthach:
SSPEnna ar a dtagann ►C12 neamhchosainti ◄ arna dtionscnamh ag na hinstitiúidí;
SSPEnna arna n-urrú ag na hinstitiúidí;
SSPEnna agus eintitis dlíthiúla eile a gcuireann na hinstitiúidí seirbhísí a bhaineann le hurrúsúchán ar fáil dóibh sin, amhail seirbhísí bainistíochta nó seirbhísithe sócmhainní nó seirbhísí comhairleacha;
SSPEnna a áirítear ar raon feidhme chomhdhlúthú rialála na n-institiúidí;
liosta de na heintitis dhlíthiúla a bhfuil sé nochta ag na hinstitiúidí ina leith gur chuir siad tacaíocht ar fáil i gcomhréir le Caibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí;
liosta de na heintitis dhlíthiúla atá cleamhnaithe leis na hinstitiúidí agus a infheistíonn in urrúsúcháin arna dtionscnamh ag na hinstitiúidí nó i suíomhanna urrúsúcháin arna n-eisiúint ag SSPEnna atá urraithe ag na hinstitiúidí;
achoimre ar a mbeartais chuntasaíochta maidir le gníomhaíocht urrúsúcháin, lena n-áirítear idirdhealú idir suíomhanna urrúsúcháin agus ath-urrúsúcháin nuair is iomchuí;
ainmneacha na IMCSanna a úsáidtear i gcomhair urrúsúcháin agus na cineálacha ►C12 neamhchosainta ◄ a n-úsáidtear gach gníomhaireacht ina leith;
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh mar a leagtar amach i gCaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí, lena n-áirítear struchtúr an phróisis mheasúnaithe inmheánaigh agus an gaol idir measúnú inmheánach agus rátálacha seachtracha den IMCS ábhartha arna nochtadh i gcomhréir le pointe (h), na sásraí rialaithe don phróiseas measúnaithe inmheánaigh, lena n-áirítear plé ar neamhspleáchas, ar chuntasacht, agus ar athbhreithniú ar an bpróiseas measúnaithe inmheánaigh, na cineálacha ►C12 neamhchosainta ◄ a gcuirtear an próiseas measúnaithe inmheánaigh i bhfeidhm maidir leo agus na fachtóirí struis a úsáidtear chun leibhéil feabhsaithe creidmheasa a chinneadh;
ar bhonn leithligh, i gcás an leabhair trádála agus neamhthrádála, méid anonn na ►C12 neamhchosainti ◄ urrúsúcháin, lena n-áirítear faisnéis ar cé acu a d'aistrigh nó níor aistrigh institiúidí ►C12 riosca ◄ creidmheasa suntasach arna chomhlachú i gcomhréir le hAirteagail 244 agus 245, agus a ngníomhaíonn na hinstitiúidí mar thionscnóir, mar urraitheoir, nó mar infheisteoir ina leith, ar bhonn leithligh i gcás urrúsuithe traidisiúnta agus sintéiseacha, agus i gcás idirbhearta STC agus neamh-STC agus a dhéantar a mhiondealú de réir chineál na ►C12 neamhchosainti ◄ urrúsúcháin;
i gcás gníomhaíochtaí an leabhair neamhthrádála, an fhaisnéis seo a leanas:
méid comhiomlán na suíomhanna urrúsúcháin i gcás ina ngníomhaíonn institiúidí mar thionscnóir nó mar urraitheoir agus na ceanglais chaipitil agus sócmhainní gaolmhara atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ de réir cuir chuige rialála, lena n-áirítear ►C12 neamhchosainti ◄ arna n-asbhaint as cistí dílse nó arna n-ualú ó thaobh ►C12 riosca ◄ ag 1 250 %, a mhiondealaítear idir urrúsuithe traidisiúnta agus urrúsuithe sintéiseacha agus idir ►C12 neamhchosainti ◄ urrúsúcháin agus athurrúsúcháin, ar bhonn leithligh i gcás suíomhanna STC agus neamh-STC, agus a mhiondealaítear tuilleadh i líon ábhartha bandaí d'ualú ►C12 riosca ◄ nó de cheanglais chaipitil agus de réir an chur chuige arna úsáid chun na ceanglais chaipitil a ríomh;
méid comhiomlán na suíomhanna urrúsúcháin i gcás ina ngníomhaíonn institiúidí mar infheisteoir nó mar urraitheoir agus na ceanglais chaipitil agus sócmhainní gaolmhara atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ de réir cuir chuige rialála, lena n-áirítear ►C12 neamhchosainti ◄ arna n-asbhaint as cistí dílse nó arna n-ualú ó thaobh ►C12 riosca ◄ ag 1 250 %, a mhiondealaítear idir urrúsuithe traidisiúnta agus urrúsuithe sintéiseacha, idir suíomhanna urrúsúcháin agus suíomhanna athurrúsúcháin, agus idir suíomhanna STC agus neamh-STC, agus a mhiondealaítear a thuilleadh i líon ábhartha bandaí d'ualú ►C12 riosca ◄ nó de cheanglais chaipitil, agus de réir an chur chuige arna úsáid chun na ceanglais chaipitil a ríomh;
i gcás ►C12 neamhchosainti ◄ atá urrúsaithe ag an institiúid, méid na ►C12 neamhchosaintí ◄ ar mainneachtain agus méid na gcoigeartuithe sonracha ar an ►C12 riosca ◄ creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid i rith na tréimhse reatha, iad araon arna miondealú de réir chineál na ►C12 neamhchosainta ◄ .
Airteagal 449a
Rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (rioscaí CSR) a nochtadh
Chun críocha mhír 1, nochtfaidh institiúidí faisnéis maidir le rioscaí CSR, lena n-áirítear an méid a leanas:
méid iomlán na neamhchosaintí ar eintitis in earnáil na mbreoslaí iontaise;
an chaoi a gcomhtháthaíonn institiúidí rioscaí CSR sainaitheanta ina straitéis ghnó agus ina bpróisis ghnó, agus ina rialachas agus ina mbainistíocht riosca.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 449b
Nochtadh neamhchosanta comhiomláine ar eintitis na scáthbhaincéireachta
Nochtfaidh na hinstitiúidí an fhaisnéis i leith neamhchosanta comhiomláine ar eintitis scáthbhaincéireachta, dá dtagraítear in Airteagal 394(2), an dara fomhír.
Airteagal 450
An beartas luacha saothair a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas, maidir lena mbeartas agus lena gcleachtais i ndáil le luach saothair i leith na gcatagóirí foirne sin a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl ►C12 riosca ◄ na n-institiúidí:
faisnéis faoin bpróiseas cinnteoireachta a úsáidtear chun an beartas luacha saothair a chinneadh, agus faoi líon na gcruinnithe freisin arna dtionól ag an bpríomhchomhlacht a bhfuil maoirsiú á dhéanamh aige ar an luach saothair le linn na bliana airgeadais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi chomhdhéanamh agus faoi shainordú an choiste luacha saothair, an sainchomhairleoir seachtrach ar úsáideadh a chuid seirbhísí chun an beartas luacha saothair a chinneadh agus ról na bpáirtithe leasmhara iomchuí;
faisnéis faoin nasc idir pá na foirne agus feidhmíocht na foirne;
na saintréithe deartha is tábhachtaí den chóras luacha saothair, lena n-áirítear faisnéis faoi na critéir a úsáidtear chun feidhmíocht a thomhas agus ►C12 riosca ◄ a choigeartú, beartas iarchurtha agus critéir dílsithe;
na cóimheasa idir luach saothair seasta agus inathraithe a leagtar síos i gcomhréir le pointe (g) d'Airteagal 94(1) de Threoir 2013/36/AE;
faisnéis faoi na critéir feidhmíochta ar a bhfuil an teidlíocht ar scaireanna, ar roghanna nó ar chomhpháirteanna inathraithe de luach saothair bunaithe;
na príomhpharaiméadair agus an réasúnaíocht d'aon scéim comhpháirte athraithí agus aon sochair eile neamhairgid;
faisnéis chomhiomlán chainníochtúil maidir le luach saothair, arna miondealú de réir an réimse gnó;
faisnéis chomhiomlán chainníochtúil maidir le luach saothair, arna miondealú de réir na bainistíochta sinsearaí agus na gcomhaltaí foirne a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl ►C12 riosca ◄ na n-institiúidí, ag tabhairt an méid seo a leanas le fios:
méideanna an luacha saothair arna mbronnadh don bhliain airgeadais, á ndeighilt idir luach saothair seasta, lena n-áirítear tuairisc ar na comhpháirteanna seasta, agus luach saothair inathraithe, agus líon na dtairbhithe;
méideanna agus foirmeacha an luacha saothair inathraithe a bhronntar, á ndeighilt idir airgead tirim, scaireanna, ionstraimí atá nasctha le scaireanna agus cineálacha eile don chuid a íoctar roimh ré agus don chuid iarchurtha;
méideanna luacha saothair iarchurtha a bhronntar do thréimhsí feidhmíochta roimhe seo, á ndeighilt sa mhéid atá le dílsiú sa bhliain airgeadais agus an méid atá le dílsiú sna blianta ina dhiaidh sin;
méideanna an luacha saothair iarchurtha atá le dílsiú sa bhliain airgeadais ar méideanna iad a íoctar amach le linn na bliana airgeadais, agus a laghdaítear trí choigeartuithe feidhmíochta;
dámhachtainí inathraithe ráthaithe le linn na bliana airgeadais, agus líon thairbhithe na ndámhachtainí sin;
na scaoilíocaíochtaí a bronnadh i dtréimhsí roimhe seo, a íocadh amach le linn na bliana airgeadais;
méideanna scaoilíocaíochtaí a bronnadh le linn na bliana airgeadais, á ndeighilt ina n-íocaíochtaí a íoctar roimh ré agus ina n-íocaíochtaí iarchurtha, líon thairbhithe na n-íocaíochtaí sin agus an íocaíocht is airde a dámhadh ar dhuine aonair;
líon na ndaoine aonair atá tar éis luach saothair EUR 1 mhilliún nó níos mó in aghaidh na bliana airgeadais a fháil, i gcás luacha saothair idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún arna mhiondealú i mbandaí pá de EUR 500 000 agus i gcás luacha saothair EUR 5 mhilliún agus os a chionn arna mhiondealú i mbandaí pá de EUR 1 mhilliún;
arna iarraidh sin don Bhallstát ábhartha nó don údarás inniúil ábhartha, luach saothair iomlán gach comhalta den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach;
faisnéis maidir le cibé acu a bhaineann an institiúid tairbhe as maolú nó nach mbaineann a leagtar síos le hAirteagal 94(3) de Threoir 2013/35/AE.
Chun chríocha phointe (k) den chéad fhomhír den mhír seo, institiúidí a bhaineann tairbhe as maolú den sórt sin, cuirfidh siad in iúl cibé a bhaineann siad tairbhe as an maolú sin ar bhonn phointe (a) nó pointe (b) d'Airteagal 94(3) de Threoir 2013/36/AE. Cuirfidh siad prionsabail an luacha saothair in iúl freisin a gcuirfidh siad an maolú nó maoluithe i bhfeidhm maidir leo, líon na mball foirne a bhaineann tairbhe as an maolú nó na maoluithe agus an luach saothair iomlán atá acu, á ndeighilt ina luach saothair inathraitheach agus seasta.
Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo ar bhealach a bheidh oiriúnach dá méid, dá n-eagrúchán inmheánach agus do chineál, do raon feidhme agus do chastacht a gcuid gníomhaíochtaí agus gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 38 ).
Airteagal 451
An cóimheas luamhánaithe a nochtadh
Institiúidí atá faoi réir Chuid a Seacht, nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas luamhánaithe mar a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 429 agus an bhainistíocht a dhéanann siad ar an ►C12 riosca ◄ luamhánaithe iomarcaigh:
an cóimheas luamhánaithe agus an chaoi a gcuireann na hinstitiúidí Airteagal 499(2) i bhfeidhm;
i gcás inarb infheidhme, méid na ►C12 neamhchosaint ◄ arna sainmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 429(8) agus Airteagal 429a(1) agus an cóimheas coigeartaithe luamhánaithe mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 429a(7);
tuairisc ar na próisis a úsáideadh chun an ►C12 riosca ◄ luamhánaithe iomarcaigh a bhainistiú;
tuairisc ar na fachtóirí a raibh tionchar acu ar an gcóimheas luamhánaithe le linn na tréimhse a dtagraíonn an cóimheas luamhánaithe nochta dó;
méid na gceanglas cistí dílse breise atá bunaithe ar an bpróiseas athbhreithniúcháin maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 104(1), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE chun aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le luamhánú iomarcach agus a chomhdhéanamh.
Airteagal 451a
Na ceanglais leachtachta a nochtadh
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas cumhdaigh leachtachta mar a ríomhtar é i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1):
an meán nó na meáin, de réir mar is infheidhme, den chóimheas cumhdaigh leachtachta atá acu ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta;
meán nó meáin, de réir mar is infheidhme, na sócmhainní leachtacha iomlána, tar éis na caolchorrlaigh ábhartha a chur i bhfeidhm, a áirítear ar an maolán leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta, agus tuairisc ar chomhdhéanamh an mhaoláin leachtachta sin;
meáin a n-eis-sreafaí leachtachta, a n-insreafaí leachtachta agus a nglan-eis-sreafaí leachtachta mar a ríomhtar iad i gcomhréir leis an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ar bhonn na mbarúlacha ag deireadh na míosa le linn an 12 mhí roimhe sin le haghaidh gach ráithe den tréimhse ábhartha nochta.
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas i ndáil lena gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí mar a ríomhtar é i gcomhréir le Teideal IV de Chuid a Sé:
figiúirí dheireadh na ráithe maidir lena gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomhtar i gcomhréir le Caibidil 2 de theideal IV de Chuid a Sé le haghaidh gach ráithe den tréimhse nochta ábhartha;
léargas ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomhtar i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal IV de Chuid a Sé;
léargas ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí a cheanglaítear, a ríomhtar i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal IV de Chuid a Sé.
Airteagal 451b
Nochtadh neamhchosaintí cipteashócmhainní agus gníomhaíochtaí gaolmhara
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir le cripteashócmhainní agus seirbhísí cripteashócmhainní chomh maith le haon ghníomhaíocht eile a bhaineann le cripteashócmhainní:
na méideanna neamhchosanta díreacha agus indíreacha i ndáil le cripteashócmhainní, lena n-áirítear na holl-chomhpháirteanna fada agus gearra de ghlan-neamhchosaintí;
Méid iomlán na neamhchosanta ar riosca maidir le riosca oibriúcháin;
an t-aicmiú cuntasaíochta le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní;
tuairisc ar na gníomhaíochtaí gnó a bhaineann le cripteashócmhainní agus a dtionchar ar phróifíl riosca na hinstitiúide;
tuairisc shonrach ar a mbeartais bainistithe riosca a bhaineann le neamhchosaintí cripteashócmhainní agus le seirbhísí cripteashócmhainní.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), den mhír seo, soláthróidh institiúidí faisnéis níos mionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí ábharacha gnó, lena n-áirítear maidir le comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, agus comharthaí ríomh-airgid suntasacha a eisiúint agus maidir le seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar faoi Airteagail 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2023/1114.
TEIDEAL III
CEANGLAIS CHÁILITHEACHTA CHUN IONSTRAIMÍ NÓ MODHEOLAÍOCHTAÍ ÁIRITHE A ÚSÁID
Airteagal 452
Nochtadh úsáid an Chur Chuige IRB do ►C12 riosca ◄ creidmheasa
Déanfaidh institiúidí a ríomhann méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ faoin gCur Chuige IRB an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh:
an cead a thugann an t-údarás inniúil don chur chuige nó don aistriú faofa;
i gcás gach aicme ►C12 neamhchosainta ◄ dá dtagraítear in Airteagal 147, an céatadán de luach iomlán na ►C12 neamhchosainta ◄ do gach aicme ►C12 neamhchosainta ◄ atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe a leagtar síos i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí nó faoi réir an Chur Chuige IRB a leagtar síos i gCaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, agus don chuid de gach aicme ►C12 neamhchosainta ◄ atá faoi réir plean um fheidhmiú céimneach; i gcás ina bhfuil cead faighte ag institiúidí a LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartaithe féin a úsáid chun méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ a ríomh, nochtfaidh siad ar leithligh an céatadán de luach iomlán na ►C12 neamhchosainta ◄ do gach aicme ►C12 neamhchosainta ◄ atá faoi réir an cheada sin;
na sásraí rialaithe do chórais rátála ag na céimeanna éagsúla i bhforbairt, rialuithe agus athruithe na samhla, agus áireofar air sin faisnéis faoin méid seo a leanas:
an gaol idir feidhm an bhainistithe ►C12 riosca ◄ agus feidhm na hiniúchóireachta inmheánaí;
an t-athbhreithniú ar an gcóras rátála;
an nós imeachta chun a áirithiú maidir leis an bhfeidhm a bheidh i gceannas ar athbhreithniú a dhéanamh ar na samhlacha, go mbeidh sí neamhspleách ar na feidhmeanna a bheidh freagrach as na samhlacha a fhorbairt;
an nós imeachta chun go n-áiritheofar cuntasacht na bhfeidhmeanna a bheidh i gceannas ar fhorbairt na samhlacha agus ar athbhreithniú a dhéanamh orthu;
ról na bhfeidhmeanna atá rannpháirteach i bhforbairt, formheas agus aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na samhlacha ►C12 riosca ◄ creidmheasa;
raon feidhme agus príomhábhar an tuairiscithe a bhaineann le samhlacha ►C12 riosca ◄ creidmheasa;
tuairisc ar an bpróiseas rátála inmheánaí de réir aicme ►C12 neamhchosaint ◄ , lena n-áirítear líon na bpríomhshamhlacha a úsáidtear i ndáil le gach punann agus plé gearr ar na difríochtaí is mó idir na samhlacha atá laistigh den phunann chéanna, lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:
na sainmhínithe, na modhanna agus na sonraí chun meastachán agus bailíochtú a dhéanamh ar PD, lena n-áireofar faisnéis faoin gcaoi a ndéantar meastachán ar PDanna do phunanna ísealmhainneachtana, cé acu atá nó nach bhfuil íosrátaí rialála ann agus na spreagthaí le haghaidh difríochtaí a thugtar faoi deara idir PD agus rátaí mainneachtana iarbhír ar a laghad le haghaidh na dtrí thréimhse dheireanacha;
i gcás inarb infheidhme, na sainmhínithe, na modhanna agus na sonraí chun meastachán agus bailíochtú a dhéanamh ar LGD, amhail modhanna chun LGD géarchoir a ríomh, conas a dhéantar meastachán ar LGDanna do phunanna ísealmhainneachtana agus an t-achar ama idir an teagmhas mainneachtana agus dúnadh na ►C12 neamhchosainta ◄ ;
i gcás inarb infheidhme, na sainmhínithe, na modhanna agus na sonraí chun meastachán agus bailíochtú a dhéanamh ar na fachtóirí coinbhéartaithe creidmheasa, lena n-áirítear na toimhdí a úsáidtear chun na hathróga sin a dhíorthú;
de réir mar is infheidhme, an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach aicme ►C12 neamhchosainta ◄ dá dtagraítear in Airteagal 147:
a n-oll-neamhchosaint laistigh den chlár comhardaithe;
a luachanna ►C12 neamhchosainta ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe roimh an bhfachtóir coinbhéartaithe ábhartha;
aon samhailpharaiméadar nó samhail-ionchur is ábhartha chun an t-ualú ►C12 riosca ◄ a thuiscint agus méideanna na ►C12 neamhchosaint ◄ ar phriacal a leanann as, a nochtar thar líon leordhóthanach de ghráid oibleagáideora (lena n-áirítear mainneachtain) chun go bhféadtar an ►C12 riosca ◄ creidmheasa a dhifreáil go fóinteach;
ar leithligh do na haicmí ►C12 neamhchosaint ◄ sin a bhfuair institiúidí cead ina leith a LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartaithe féin a úsáid chun méideanna ►C12 neamhchosaint ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ a ríomh, agus do ►C12 neamhchosainta ◄ nach n-úsáideann na hinstitiúidí meastacháin den sórt sin ina leith, na luachanna dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) faoi réir an cheada sin;
meastacháin na n-institiúidí ar PDanna maidir le dóchúlacht mainneachtana i gcomparáid leis an ráta mainneachtana iarbhír do gach aicme ►C12 neamhchosaint ◄ le linn tréimhse níos faide, agus nochtadh ar leithligh a dhéanamh ar raon na dóchúlachta mainneachtana, ar choibhéis na rátála seachtraí, ar mheán ualaithe agus ar mheán uimhríochtúil na dóchúlachta mainneachtana, ar líon na n-oibleagáideoirí ag deireadh na bliana roimhe sin agus ag deireadh na bliana atáthar a athbhreithniú, ar líon na bhféichiúnaithe a mhainnigh, lena n-áirítear na hoibleagáideoirí nua a mhainnigh, agus ar an meánráta bliantúil stairiúil mainneachtana.
Chun críocha phointe (b) den Airteagal seo, bainfidh institiúidí úsáid as an luach ►C12 neamhchosainta ◄ mar a shainmhínítear in Airteagal 166.
Airteagal 453
Nochtadh úsáid teicnící um maolú ►C12 riosca ◄ creidmheasa
Nochtfaidh institiúidí a úsáideann teicnící um maolú ►C12 riosca ◄ creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas:
croíghnéithe na mbeartas agus na bpróiseas don ghlanluacháil laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus léiriú ar a mhéid a bhaineann institiúidí úsáid as glanluacháil den sórt sin;
croíghnéithe na mbeartas agus na bpróiseas le haghaidh meastóireacht agus bainistíocht chomhthaobhach incháilithe;
tuairisc ar na príomhchineálacha comhthaobhachta arna nglacadh ag an institiúid chun an ►C12 riosca ◄ creidmheasa a mhaolú;
i gcás ráthaíochtaí agus díorthach creidmheasa a úsáidtear mar chosaint chreidmheasa, na príomhchineálacha ráthóirí agus contrapháirtithe díorthach creidmheasa, agus a n-acmhainneacht creidmheasa, a úsáidtear chun ceanglais chaipitil a laghdú, cé is moite de na cinn a úsáidtear mar chuid de struchtúir urrúsúcháin shintéiseacha;
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó faoin gCur Chuige IRB, luach iomlán na ►C12 neamhchosainta ◄ nach bhfuil cumhdaithe ag aon chosaint chreidmheasa incháilithe agus luach iomlán na ►C12 neamhchosainta ◄ atá cumhdaithe ag cosaint chreidmheasa incháilithe tar éis coigeartuithe luaineachta a chur i bhfeidhm; Déanfar an nochtadh a leagtar amach sa phointe seo ar leithligh i gcás iasachtaí agus urrúis fiachais agus áireofar miondealú ar ►C12 neamhchosainti ◄ mainnithe;
i gcás institiúidí a dhéanann méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ de a ríomh faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, an luach ►C12 neamhchosainta ◄ laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe de réir na haicme ►C12 neamhchosainta ◄ sula ndéantar, agus a ndéanfar, fachtóirí coinbhéartaithe agus aon mhaolú gaolmhar ►C12 riosca ◄ creidmheasa a chur i bhfeidhm;
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, an méid ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ agus an cóimheas idir an méid ►C12 neamhchosainta ◄ sin atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ agus luach na ►C12 neamhchosainta ◄ tar éis an fachtóir coinbhéartaithe comhfhreagrach agus an maolú ►C12 riosca ◄ creidmheasa a bhaineann leis an ►C12 neamhchosaint ◄ a chur i bhfeidhm; déanfar an nochtadh a leagtar amach sa phointe seo ar leithligh i gcás gach aicme ►C12 neamhchosainta ◄ ;
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ faoin gCur Chuige Inmheánach bunaithe ar Rátálacha, an méid ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ sula n-aithnítear tionchar an mhaolaithe ►C12 riosca ◄ creidmheasa ar dhíorthaigh chreidmheasa agus dá éis; i gcás ina bhfuil cead faighte ag institiúidí a LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartaithe féin a úsáid chun méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ a ríomh, déanfaidh siad an nochtadh a leagtar amach sa phointe seo ar leithligh i gcás na n-aicmí ►C12 neamhchosainta ◄ atá faoi réir an cheada sin.
Airteagal 454
Nochtadh úsáid Ardmhodhanna Tomhais i leith ►C12 riosca ◄ oibriúcháin
Na hinstitiúidí a úsáideann na hArdmhodhanna Tomhais a leagtar amach in Airteagail 321 go 324 chun a gceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ oibriúcháin a ríomh, nochtfaidh siad tuairisc ar an úsáid a bhaineann siad as árachais agus as sásraí aistrithe ►C12 riosca ◄ eile ar mhaithe leis an ►C12 riosca ◄ sin a mhaolú.
Airteagal 455
Úsáid samhlacha inmheánacha i dtaca le riosca margaidh
Nochtfaidh institiúid a úsáideann na samhlacha inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325az chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh:
a cuspóirí maidir le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí trádála agus na próisis a chuirtear chun feidhme chun an riosca margaidh a shainaithint, a thomhas, chun faireachán a dhéanamh air agus chun é a rialú;
na beartais dá dtagraítear in Airteagal 104(1) chun cinneadh a dhéanamh faoin suíomh atá le cur san áireamh sa leabhar trádála;
tuairisc ghinearálta ar struchtúr na ndeasc trádála a chumhdaítear leis na samhlacha inmheánacha, lena n-áirítear, maidir le gach deasc, tuairisc gharbh ar straitéis ghnó na deisce, na hionstraimí a cheadaítear sa straitéis sin agus na príomhchineálacha riosca a bhaineann leis an deasc sin;
forbhreathnú ar na suíomhanna leabhair trádála nach gcumhdaítear leis na samhlacha inmheánacha, lena n-áirítear tuairisc ghinearálta ar struchtúr na deisce agus na cineálacha ionstraimí a áirítear sna deasca nó sna catagóirí deasc i gcomhréir le hAirteagal 104b;
struchtúr agus eagrú na feidhme bainistithe riosca margaidh agus rialachas;
raon feidhme, príomhthréithe agus príomhroghanna samhaltaithe na samhlacha inmheánacha éagsúla a úsáidtear chun méideanna na neamhchosanta ar riosca a ríomh le haghaidh na bpríomhshamhlacha a úsáidtear ar an leibhéal comhdhlúite, agus tuairisc ar a mhéid a léiríonn na samhlacha inmheánacha sin na samhlacha a úsáidtear ar an leibhéal comhdhlúite, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tuairisc gharbh ar an méid a leanas:
an cur chuige samhaltaithe a úsáidtear chun an t-easnamh ionchasach dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (a), a ríomh, lena n-áirítear minicíocht an nuashonraithe sonraí;
an mhodheolaíocht a úsáidtear chun an beart riosca maidir le cás faoi strus dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (b), a ríomh, seachas na sonraíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 325bk(3);
an cur chuige samhaltaithe a úsáidtear chun an muirear riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325ba(2) a ríomh, lena n-áirítear minicíocht an nuashonraithe sonraí.
Nochtfaidh institiúidí, ar bhonn comhiomlán, maidir le gach ceann de na deasca trádála a chumhdaítear leis na samhlacha inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 325az na comhpháirteanna seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
an luach is déanaí chomh maith leis an luach is airde, an luach is ísle agus an meánluach feadh an 60 lá gnó roimhe sin don mhéid seo a leanas:
an beart riosca easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1);
an beart riosca easnaimh ionchasaigh neamhiallaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) le haghaidh gach catagóire leithne fachtóra riosca;
an luach is déanaí chomh maith leis an meánluach feadh an 60 lá gnó roimhe sin don mhéid seo a leanas:
an beart riosca easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1);
an beart riosca maidir le cás faoi strus dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (b);
an ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325ba(2);
suim na gceanglas cistí dílse mar dá dtagraítear in Airteagal 325ba(3), lena n-áirítear comhpháirteanna uile na foirmle agus an fachtóir iolraitheora is infheidhme;
líon na róluaineachtaí cúltástála sna 250 lá gnó is déanaí ag an 99ú peircintíl dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6).
CUID A NAOI
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 456
Gníomhartha tarmligthe
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 462, maidir leis na gnéithe seo a leanas:
soiléiriú ar na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagail 4, 45, 142, 153, 192, 242, 272, 300, 381agus 411 d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin sin a áirithiú.
soiléiriú ar na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagail 4, 45, 142, 153, 192, 242, 272, 300, 381 agus 411 d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
leasú ar an liosta d'aicmí na ►C9 neamhchosanta ◄ in Airteagal 112 agus Airteagal 147 d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh;
an méid a shonraítear in Airteagal 123(1), pointe (b), Airteagal 147(5), pointe (a), Airteagal 153(4) agus Airteagal 162(4), chun éifeachtaí boilscithe a chur san áireamh;
liosta agus aicmiú na n-ítimí sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe in Iarscríbhinn I agus II, d'fhonn forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh:
▼M9 —————
leasú ar cheanglais chistí dílse mar a leagtar amach in Airteagal 301 go hAirteagal 311 den Rialachán seo iad agus Airteagail 50a go 50d de Rialachán (AE) 648/2012 agus leis na forbairtí nó na leasuithe a dhéanfar ar na caighdeáin idirnáisiúnta do ►C9 neamhchosaintí ◄ ar chontrapháirtí lárnach;
soiléiriú ar na téarmaí dá dtagraítear sna díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 400;
leasú ar an tomhas caipitil agus ar thomhas na ►C9 neamhchosanta ◄ iomláine ar an gcóimheas luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 429(2) d'fhonn aon easnamh a aimsíodh a cheartú ar bhonn an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 430(1) sula gcaithfidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe a fhoilsiú mar atá leagtha amach in Airteagal 451(1)(a);
leasuithe ar na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos i dTeideal II agus Teideal III de Chuid a hOcht d'fhonn forbairtí nó leasuithe ar na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le nochtadh a chur san áireamh.
Déanfaidh ÚBE faireachán ar na ceanglais chistí dílse do ►C9 riosca ◄ coigeartaithe luachála creidmheasa agus tíolacfaidh sé tuarascail don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2015. Is é seo a leanas, go háirithe, a mheasfar sa tuarascáil sin:
raon feidhme an mhuirir ►C9 riosca ◄ CVAlena n-áirítear an díolúine in Airteagal 482;
fálú incháilithe;
ceanglais chaipitil ó thaobh ►C9 riosca ◄ CVA a ríomh;
Ar bhonn na tuarascála sin agus i gcás ina gcinntear gur gá sin a dhéanamh, tabharfar de chumhacht freisin don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 chun Airteagal 381, 382(1)(4) go (3) agus Airteagal 383 go hAirteagal 386 a leasú maidir leis na hítimí sin.
Airteagal 457
Coigeartuithe teicniúla agus ceartuithe teicniúla
Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, chun coigeartú teicniúil agus ceartuithe teicniúla a dhéanamh ar eilimintí neamhriachtanacha sna forálacha seo a leanas d'fhonn forbairtí nua maidir le táirgí nua airgeadais nó maidir le gníomhaíochtaí nua airgeadais a chur san áireamh d'fhonn coigeartuithe a dhéanamh lena gcuirfear forbairtí san áireamh tar éis an Rialachán seo a ghlacadh i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais agus cuntasaíocht, lena n-áirítear caighdeáin chuntasaíochta bunaithe ar Rialachán Uimh. (AE) 1606/2002:
na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ creidmheasa a leagtar síos in Airteagail 111 go 134, agus in Airteagail 143 go 191;
na héifeachtaí atá ag maolú ►C9 riosca ◄ creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 193 go 241;
na ceanglais cistí dílse maidir le hurrúsú a leagtar síos in Airteagal 242 go hAirteagal 270a;
na ceanglais cistí dílse maidir le priacail creidmheasa an chontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagail 272 go 311;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ oibriúcháin a leagtar síos in Airteagail 315 go 324;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ margaidh a leagtar síos in Airteagail 325 go 377;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9 riosca ◄ socraíochta a leagtar síos in Airteagal 378 agus Airteagal 379;
na ceanglais cistí dílse le haghaidh coigeartú luachála creidmheasa a leagtar síos in Airteagail 383, 384 agus 386;
Cuid a Dó agus Airteagal 430 amháin de thoradh ar fhorbairtí sna caighdeáin chuntasaíochta nó sna ceanglais lena gcuirtear gníomhartha reachtacha an Aontais san áireamh;
Airteagal 458
►C9 Riosca ◄ macrastuamachta nó sistéamach arna shainiú ar leibhéal an Bhallstáit
Beidh na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra sin agus cuimseofar ann, i gcás inarb iomchuí, fianaise ábhartha, bíodh sí cainníochtúil nó cáilíochtúil, faoin méid seo a leanas:
athruithe maidir le déine an phriacail shistéamaigh nó an phriacail macrastuamachta;
na cúiseanna a bhféadfadh athruithe den chineál sin bagairt a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais ar leibhéal náisiúnta nó ar an ngeilleagar iarbhír;
míniú ar an bhfáth a measann an t-údarás nach mbeadh na huirlisí macrastuamachta a leagtar amach in Airteagal 124 agus Airteagal 164 den Rialachán seo agus in Airteagal 133 agus Airteagal 136 de Threoir 2013/36/AE chomh hoiriúnach agus chomh héifeachtach agus a bheadh na dréachtbhearta náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo chun dul i ngleic leis na ►C12 riosca ◄ sin;
na dréachtbhearta náisiúnta d'institiúidí atá údaraithe sa bhaile, nó fothacar de na hinstitiúidí sin, chun na hathruithe i ndéine an phriacail agus na hathruithe lena mbaineann an méid a leanas a mhaolú:
leibhéal na gcistí dílse atá leagtha síos in Airteagal 92;
na ceanglais i gcomhair ►C12 neamhchosainti ◄ móra a leagtar síos in Airteagal 392 agus in Airteagal 395 go 403;
ceanglais maidir le leachtacht a leagtar síos i gCuid a Sé;
ualuithe ►C12 riosca ◄ chun díriú ar bholgáin sócmhainní in earnáil na maoine cónaithí agus na maoine tráchtála dochorraithe;
na ceanglais maidir le nochtadh poiblí a leagtar síos i gCuid a hOcht;
leibhéal an an mhaoláin chaomhnaithe mar a leagtar síos in Airteagal 129 de Threoir 2013/36/AE é; nó
►C12 neamhchosainti ◄ inearnála airgeadais;
míniú ar an bhfáth a measann na húdaráis a ainmníodh i gcomhréir le mír 1 go bhfuil na dréachtbhearta sin oiriúnach, éifeachtach agus comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar an gcás; agus
measúnú ar thionchar dóchúil dearfach nó diúltach na ndréachtbheart ar an margadh aonair bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Bhallstát lena mbaineann.
Faoi cheann mí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, cuirfidh BERS agus ÚBE a dtuairimí maidir leis na hábhair dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) den mhír sin chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit lena mbaineann.
Agus na tuairimí dá dtagraítear sa dara fomhír á gcur san áireamh go hiomlán agus i gcás ina mbeidh fianaise stóinseach, láidir, mionsonraithe ann go mbeidh tionchar diúltach ag an mbeart ar an margadh inmheánach a sháróidh na buntáistí a bheidh ann i leith na cobhsaíochta airgeadais de dhroim laghdú sna ►C12 riosca ◄ macrastuamachta nó shistéamacha a shainaithnítear, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de mhí amháin, gníomh cur chun feidhme a mholadh don Chomhairle chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá molta.
Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra laistigh den tréimhse míosa amháin sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann na dréachtbhearta náisiúnta a ghlacadh láithreach ar feadh tréimhse suas go dtí dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an ►C12 riosca ◄ macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin.
Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis an togra ón gCoimisiún laistigh de mhí amháin tar éis an togra a fháil agus sonróidh sí na cúiseanna atá aici leis na dréachtbhearta náisiúnta a dhiúltú nó gan iad a dhiúltú.
Ní dhiúltóidh an Chomhairle do na dréachtbhearta náisiúnta a mholfar ach i gcás ina measfaidh sí nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
gur de chineál iad na hathruithe i ndéine an phriacail macrastuamachta nó shistéamaigh go bhféadfadh ►C12 riosca ◄ eascairt astu do chobhsaíocht airgeadais ar an leibhéal náisiúnta;
nach n-éireoidh, as na dréachtbhearta náisiúnta sin, éifeachtaí díobhálacha díréireacha don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an Aontais ina iomláine, ar éifeachtaí iad lena bhfoirmeofaí nó lena gcruthófaí, ar an gcaoi sin, constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; agus
nach mbaineann an tsaincheist ach le Ballstát amháin.
Tabharfar ar aird i measúnú na Comhairle tuairim BERS agus ÚBE agus beidh sé bunaithe ar fhianaise arna cur i láthair i gcomhréir le mír 1 ag an údarás a ainmníodh i gcomhréir le mír 1.
In éagmais gníomh cur chun feidhme ón gComhairle chun diúltú do na dréachtbhearta náisiúnta atá á moladh, faoi cheann mí amháin tar éis don Choimisiún an togra a fháil, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain nó go dtí go mbeidh deireadh leis an ►C12 riosca ◄ macrastuamachta nó sistéamach más luaithe a tharlaíonn sin.
Airteagal 459
Ceanglais stuamachta
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, chun ceanglais níos déine stuamachta a fhorchur, ar feadh tréimhse bliana, maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ nuair is gá sin chun aghaidh a thabhairt ar athruithe maidir le déine na priacail micreastuamachta agus macrastuamachta a eascraíonn ó fhorbairtí margaidh san Aontas nó taobh amuigh den Aontas a bhfuil tionchar acu ar na Bhallstáit go léir, agus nach bhfuil ionstraimí an Rialacháin sin ná Treoir 2013/36/AE leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na priacail sin, go háirithe ar mholadh nó tuairim ó BERS nó ÚBE, maidir leis an méid a leanas:
leibhéal na gcistí dílse atá leagtha síos in Airteagal 92;
na ceanglais i gcomhair ►C9 neamhchosaintí ◄ móra atá leagtha síos in Airteagal 392 agus in Airteagal 395 go 403
na ceanglais maidir le nochtadh poiblí atá leagtha síos in Airteagal 431 go 455.
Cuirfidh an Coimisiún i gcomhair le BERS, ar bhonn bliantúil ar a laghad, tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, maidir le forbairtí margaidh óna bhféadfadh úsáid Airteagal 443B a bheith ag teastáil.
Airteagal 460
Leachtacht
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear na ceanglais leachtachta mhionsonraithe chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 8(3), Airteagail 411 go 416, Airteagal 419, Airteagal 422, Airteagal 425, Airteagal 428a, Airteagal 428f, Airteagal 428g, Airteagal 428j go 428n, Airteagal 428p, Airteagal 428r, Airteagal 428s, Airteagal 428w, Airteagal 428ae, Airteagal 428ag, Airteagal 428ah, Airteagal 428ak agus Airteagal 451a.
Tabharfar isteach an ceanglas maidir lecumhdach leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 412 i gcomhréir leis an gcéimniú isteach seo a leanas:
60 % den cheanglas maidir le cumhdach leachtachta in 2015;
70 % amhail ón 1 Eanáir 2016;
80 % amhail ón 1 Eanáir 2017;
100 % amhail ón 1 Eanáir 2018.
Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 509(1) agus Airteagal 509(3) agus caighdeáin idirnáisiúnta atá forbartha ag fóraim idirnáisiúnta mar aon le sonraíochtaí an Aontais a chur san áireamh.
Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2014. Tiocfaidh sé i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2014, ach ní bheidh feidhm aige roimh an 1 Eanáir 2015.
Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh faoin 28 Meitheamh 2024.
Airteagal 461
Athbhreithniú ar an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta.a chéimniú isteach
Sa tuarascáil ón ÚBE, déanfar measúnú go háirithe ar thabhairt isteach iarchurtha an íoschaighdeáin cheangailtigh 100 %, go dtí an 1 Eanáir 2019. Déanfar na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 509(1), sonraí ábhartha an mhargaidh agus moltaí uile na nÚdarás Inniúil a chur san áireamh sa tuarascáil.
Chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hiarchur a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh.
Ní bheidh feidhm ag gníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo roimh an 1 Eanáir 2018 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 30 Meitheamh 2017.
Airteagal 461a
Ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh
I gcás ina mbreithnítear difríochtaí suntasacha sa chur chun feidhme sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 chun an Rialachán seo a leasú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
bearta faoisimh oibríochtúla spriocdhírithe nó iolraitheoirí spriocdhírithe a chur i bhfeidhm, go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nó ar feadh suas le 3 bliana in éagmais an ghnímh sin, agus i gcás inar gá sin chun cothrom iomaíochta a chaomhnú agus na difríochtaí breathnaithe sin a fhritháireamh, ar bearta iad atá cothrom le 0 nó níos mó ná sin agus níos ísle ná 1 i ríomh cheanglais cistí dílse na n-institiúidí le haghaidh riosca margaidh, le haghaidh aicmí riosca sonracha agus fachtóirí riosca sonracha, agus úsáid á baint as ceann de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), agus a leagtar amach in:
Airteagail 325c go 325ay, ina sonraítear an cur chuige caighdeánaithe malartach;
Airteagail 325az go 325bp, ina sonraítear an cur chuige malartach samhla inmheánaí;
Airteagail 326 go 361, ina sonraítear an cur chuige caighdeánaithe simplithe;
an dáta óna gcuirfidh na hinstitiúidí na ceanglais cistí dílse i bhfeidhm le haghaidh riosca margaidh mar a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, nó aon cheann de na cineálacha cur chuige chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh dá dtagraítear in Airteagal 325(1) a ríomh, a chur siar ar feadh suas le 2 bhliain.
I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun cur chun feidhme na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh san Aontas a choigeartú chun cothroime iomaíochta le tríú tíortha a chaomhnú ar bhealach níos buaine, i dtéarmaí ceanglas cistí dílse agus thionchar na gceanglas sin.
Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chun cothrom iomaíochta ar fud an domhain a áirithiú.
Airteagal 462
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal. 463
Agóidí i gcoinne caighdeán teicniúil
I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála de bhun an Rialacháin sin is ionann agus an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a bheidh tíolactha ag ÚBE, is aon mhí amháin ó dháta an fhógra a bheidh sa tréimhse a bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an chaighdeáin theicniúil rialála sin lena linn. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, cuirfear síneadh aon mhí amháin leis an tréimhse sin. De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 13(1)de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, féadfar síneadh breise aon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin a bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an chaighdeáin theicniúil rialála sin lena linn, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 464
Coiste Baincéireachta Eorpach
CUID A DEICH
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA, TUARASCÁLACHA, ATHBHREITHNITHE AGUS LEASUITHE
TEIDEAL I
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA
CAIBIDIL 1
Ceanglais cistí dílse, gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe arna dtomhas de réir luacha chóir agus asbhaintí
Airteagal 465
Socruithe idirthréimhseacha don íosráta aschuir
De mhaolú ar Airteagal 92(3), an chéad fhomhír, agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, féadfaidh institiúidí an fachtóir x seo a leanas a chur i bhfeidhm agus TREA á ríomh:
50 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025;
55 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026;
60 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027;
65 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;
70 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.
De mhaolú ar Airteagal 92(3), an chéad fhomhír, agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, féadfaidh institiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2029, an fhoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm agus TREA á ríomh acu:
Chun críocha an ríomha sin, cuirfidh institiúidí an fachtóir is infheidhme x dá dtagraítear i mír 1 san áireamh.
Déanfaidh ÚBE agus ESMA, i gcomhar le ÚEÁPC, faireachán ar úsáid na láimhseála idirthréimhsí a leagtar síos sa chéad fhomhír agus déanfaidh siad measúnú, go háirithe, ar an méid seo a leanas:
measúnuithe creidmheasa atá ar fáil ag IMCSanna ainmnithe do chorparáidí agus a mhéid a dhéanann an méid sin difear d’iasachtú institiúidí i leith corparáidí;
forbairt gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, bacainní ar dhul isteach sa mhargadh do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa nua, ráta glactha na gcorparáidí a roghnaíonn rátáil a bheith á déanamh ag ceann amháin nó níos mó de na gníomhaireachtaí sin, agus baic ar mheasúnuithe creidmheasa a bheith ar fáil do chorparáidí ag IMCSanna;
bearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar na baic, agus aird á tabhairt ar dhifríochtaí idir earnálacha eacnamaíocha agus limistéir gheografacha agus ar fhorbairt réiteach príobháideach nó faoi stiúir poiblí mar shampla scóráil creidmheasa, rátálacha príobháideacha arna sainordú ag institiúidí, chomh maith le rátálacha bainc ceannais;
oiriúnacht méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de neamhchosaintí ar chorparáidí gan rátáil agus a n-impleachtaí ar chobhsaíocht airgeadais;
na cineálacha cur chuige atá ag tríú tíortha maidir leis an íosráta aschuir a chur i bhfeidhm i ndáil le neamhchosaintí ar chorparáidí agus i ndáil le comaoineacha cothroim iomaíochta fadtéarmacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh air sin;
comhlíonadh na gcaighdeán gaolmhar arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a d’fhorbair CBMB.
Cuirfidh ÚBE agus ESMA, i gcomhar le ÚEÁPC, tuarascáil maille lena gcuid torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2029.
Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ghaolmhara a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031.
De mhaolú ar Airteagal 92(5), pointe (a)(ii), agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’institiúidí an méid seo a leanas a shannadh:
go dtí an 31 Nollaig 2032, ualú riosca 10 % don chuid de na neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe suas le 55 % den luach réadmhaoine arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 125(1), an chéad fhomhír; agus
go dtí an 31 Nollaig 2029, ualú riosca 45 % d’aon chuid atá fágtha de na neamhchosaintí atá urraithe le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe suas le 80 % den luach réadmhaoine arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 125(1), an chéad fhomhír, ar choinníoll nach gcuirtear an coigeartú ar cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 501 i bhfeidhm.
I gcás ina bhfuil liain nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 10 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid aon lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide a laghdú faoi thoradh an mhéid seo a leanas:
55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí, más ann dóibh, atá i seilbh na hinstitiúide agus i seilbh institiúidí eile araon; agus
méid na lian nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide atá ar chéim pari passu le lian atá i seilbh na hinstitiúide roinnte ar shuim na lian pari passu uile.
I gcás ina bhfuil liain nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 45 % a chinneadh, déanfar méid 80 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid aon lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide, a laghdú faoi thoradh an mhéid seo a leanas:
80 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí más an dóibh, atá i seilbh na hinstitiúide agus i seilbh institiúidí eile araon; agus
méid na lian nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide atá ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide roinnte ar shuim na lian pari passu uile.
Chun críocha mhír 5 den Airteagal seo, comhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá na neamhchosaintí incháilithe don láimhseáil de bhun Airteagal 125(1);
tá na neamhchosaintí cáilitheacha a ualaítear ó thaobh riosca i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3;
tá an réadmhaoin chónaithe lena n-urraítear na neamhchosaintí cáilitheacha lonnaithe sa Bhallstát a d’fheidhmigh an rogha;
le 8 mbliana anuas, ní sháraíonn caillteanais na hinstitiúide in aon bhliain ar leith, mar a thuairiscíonn an institiúid de bhun Airteagal 430a(1), pointí (a) agus (c), nó de bhun Airteagal 101(1), pointí (a) agus (c), sa leagan de na pointí sin is infheidhme an 27 Meitheamh 2021, ó thaobh na neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % den luach réadmhaoine, mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), ar an meán, 0,25 % de shuim luachanna neamhchosanta na neamhchosaintí uile gan íoc arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe;
maidir leis na neamhchosaintí cáilitheacha, tá na cearta infhorfheidhmithe seo a leanas ag an institiúid i gcás mainneachtana nó i gcás nach n-íocann an t-oibleagáideoir:
ceart ar an réadmhaoin chónaithe lena n-urraítear an neamhchosaint nó an ceart morgáiste a thógáil amach ar an réadmhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 108(5), pointe (g);
ceart ar shócmhainní eile agus ar ioncam eile an oibleagáideora, ar bhonn conarthach nó faoin dlí náisiúnta is infheidhme;
d’fhíoraigh an t-údarás inniúil go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (e).
I gcás inar feidhmíodh an rogha dá dtagraítear i mír 5 agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8, féadfaidh institiúidí na hualuithe riosca seo a leanas a shannadh d’aon chuid eile de na neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe dá dtagraítear i mír 5, pointe (b), go dtí an 31 Nollaig 2032:
52,5 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2030;
60 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2031 go dtí an 31 Nollaig 2031;
67,5 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2032.
Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031.
De mhaolú ar Airteagal 92(5), pointe (a)(iii) nó (b)(ii), agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, le haghaidh neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca agus úsáid á baint as SEC-IRBA nó as Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 92(4), i gcás ina ndéantar an chuid de mhéid iomlán caighdeánaithe na neamhchosanta ar riosca a ualaítear ó thaobh riosca maidir le riosca creidmheasa, riosca caolúcháin, riosca creidmheasa an chontrapháirtí nó riosca margaidh a eascraíonn as an ngnó leabhair trádála a ríomh trí úsáid a bhaint as SEC-SA i gcomhréir le hAirteagal 261 nó 262, cuirfidh institiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2032, an fachtóir p seo a leanas i bhfeidhm:
p = 0,25 maidir le suíomh in urrúsú a bhfuil feidhm ag Airteagal 262 ina leith;
p = 0,5 maidir le suíomh in urrúsú a bhfuil feidhm ag Airteagal 261 ina leith.
Airteagal 466
Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a chur i bhfeidhm den chéad uair
De mhaolú ar Airteagal 24(2), déanfaidh údaráis inniúla am tosaigh 24 mhí a thabhairt d'institiúidí chun na próisis inmheánacha riachtanacha agus na ceanglais theicniúla a chur chun feidhme, ar institiúidí iad a gcuirtear de cheangal orthu sócmhainní agus ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe a luacháil agus cistí dílse a chinneadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.
▼M11 —————
Airteagal 468
Láimhseáil shealadach gnóthachan agus caillteanas neamhréadaithe arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile
De mhaolú ar Airteagal 35, féadfaidh na hinstitiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2025 (tréimhse na láimhseála sealadaí), méid A, arna chinneadh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, a bhaint ó ríomh a gcuid ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
A = a · f
I gcás inarb é:
|
a |
= méid na ngnóthachan nó na gcaillteanas neamhréadaithe arna gcarnadh ón 31 Nollaig 2019 a áiríodh mar “athruithe ar luach cóir ionstraimí fiachais arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile” sa chlár comhardaithe, a chomhfhreagraíonn do neamhchosaintí ar rialtais láir, ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 115(2) den Rialachán seo agus ar eintitis earnála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 116(4) den Rialachán seo, cé is moite de na sócmhainní airgeadais sin a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (“Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9”); agus |
|
f |
= an fachtóir is infheidhme le haghaidh gach bliana tuairiscithe le linn thréimhse na láimhseála sealadaí i gcomhréir le mír 2. |
I gcás ina mbaineann institiúid méid caillteanas neamhréadaithe óna hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sí na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a ríomhtar agus aon cheann de na hítimí seo a leanas á úsáid a athríomh:
méid na sócmhainní cánach iarchurtha a asbhaintear as ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 36(1) nó a ualaítear ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 48(4);
méid na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa.
Le linn di an ceanglas ábhartha a athríomh, ní chuirfidh an institiúid san áireamh na héifeachtaí a bheidh ag soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha maidir le risíochtaí ar rialtais láir, ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 115(2) den Rialachán seo agus ar eintitis san earnáil phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 116(4) den Rialachán seo ar na hítimí sin, cé is moite de na sócmhainní airgeadais sin a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9.
Airteagal 469
Asbhaintí as Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
De mhaolú ar Airteagal 36(1), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
asbhainfidh institiúidí ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 478 de na méideanna is gá a asbhaint de bhun phointí (a) go (h) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
cuirfidh institiúidí na forálacha ábhartha a leagtar síos in Airteagal 4723 i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha is gá a asbhaint de bhun phointí (a) go (h) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
asbhainfidh institiúidí ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 472 de na méideanna iomlána is gá a asbhaint de bhun phointí (c) go (i) d'Airteagal 36(1), tar éis Airteagal 470 a chur i bhfeidhm;
cuirfidh institiúidí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 472(5) nó in Airteagal 472(11) i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, maidir leis an méid iomlán iarmharach d'ítimí is gá a asbhaint de bhun phointí (c) go (i) d'Airteagal 36(1), tar éis Airteagal 470 a chur i bhfeidhm.
Déanfaidh institiúidí an cion den mhéid iarmharach iomlán dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, atá faoi réir Airteagal 472(4), a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír sin a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b) den mhír sin:
méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann as difríochtaí sealadacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 470(2);
suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 470(2).
Déanfaidh institiúidí an cion den mhéid iarmharach iomlán dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, atá faoi réir Airteagal 472(10), a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír sin a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b) den mhír sin:
méid na sealúchas díreach agus indíreach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 470(2);
suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 470(2)
Airteagal 469a
Maolú ar asbhaintí ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha
De mhaolú ar phointe (m) d'Airteagal 36(1), ní dhéanfaidh institiúidí an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme i leith risíochtaí neamhthuillmheacha a asbhaint ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcás inar tionscnaíodh an risíocht roimh an 26.4.2019.
I gcás ina ndéanfaidh institiúid téarmaí agus coinníollacha risíochta a tionscnaíodh roimh an 26.4.2019 a athrú ar bhealach a mhéadóidh risíocht na hinstitiúide ar an oibleagáideoir, measfar gur tionscnaíodh an risíocht ar an dáta atá feidhm ag an athrú agus scoirfear í de bheith faoi réir an mhaolaithe dá bhforáiltear sa chéad fhomhír.
Airteagal 470
Díolúintí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1
De mhaolú ar Airteagal 48(1), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, ní asbhainfidh institiúidí na hítimí a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, 15 % de na hítimí ábhartha de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide:
sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, 10 % de na hítimí ábhartha de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
i gcás ina mbeidh infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas san earnáil airgeadais, sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha atá ag an institiúid d'ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an eintitis sin atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, 10 % de na hítimí ábhartha Ghnáthchothromas Leibhéal 1.
Airteagal 471
Díolúine ó Asbhaintí Gabháltas Cothromais i gCuideachtaí Árachais ó Ítim Gnáthchothromais Leibhéal 1
De mhaolú ar Airteagal 49, (1), i rith na tréimhse ón 31 Nollaig 2018 go dtí an 31 Nollaig 2024, féadfaidh institiúidí a chinneadh gan sealúchais cothromais a asbhaint i ngnóthais árachais, athárachais agus i gcuideachtaí sealbhaíochta árachais i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) agus (e) d'Airteagal 49(1);
tá na húdaráis inniúla sásta le leibhéal an rialú ►C12 riosca ◄ agus na nósanna imeachta anailíse airgeadais a ghlac an institiúid go sonrach d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an infheistíocht sa ghnóthas nó sa chuideachta shealbhaíochta;
ní mó ná 15 % d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 iad sealúchais chothromais na hinstitiúide sa ghnóthas árachais, gnóthas athárachais nó sa chuideachta shealbhaíochta árachais arna eisiúint ag an eintiteas árachais sin faoin 31 Nollaig 2012 agus in imeacht na tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2024;
ní mó an sealúchas cothromais nach bhfuil asbhainte ná an méid atá i seilbh in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal sa ghnóthas árachais, sa ghnóthas athárachais nó sa chuideachta shealbhaíochta árachais faoin 31 Nollaig 2012.
Airteagal 472
Ítimí nach n-asbhaintear ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis an méid iarmharach de chaillteanais na bliana airgeadais reatha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 36(1):
asbhaintear caillteanais ábhartha ó ítimí Leibhéal 1;
ní asbhaintear caillteanais nach bhfuil ábhartha.
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na sealúchas d'ionstraimí dílse de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 36(1):
asbhaintear méid na sealúchas díreach ó ítimí Leibhéal 1;
maidir le méid na sealúchas indíreach agus sintéiseach, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bhféadfadh ceangal a bheith ar institiúid iad a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana nó oibleagáide teagmhasaí, ní asbhainfear é agus beidh sé faoi réir ag ►C9 ualach riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na sealúchas d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintiteas earnála airgeadas i gcás ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis an eintiteas sin dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 36(1):
i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid san eintiteas earnála airgeadais sin, láimhseáiltear méid a sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (h) d'Airteagal 36(1);
i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid san eintiteas earnála airgeadais sin, láimhseáiltear méid a sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (i) d'Airteagal 36(1).
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha d'ítimí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1):
déantar leath de na méideanna is gá a asbhaint a bhaineann le sealúchais dhíreacha a asbhaint ó ítimí Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Leibhéal 2;
ní dhéantar na méideanna a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha a asbhaint agus tá siad faoi réir ag ualuithe ►C9 riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme;
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha de na hítimí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1):
déantar leath de na méideanna is gá a asbhaint a bhaineann le sealúchais dhíreacha a asbhaint ó ítimí Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Leibhéal 2;
ní dhéantar na méideanna a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha a asbhaint agus tá siad faoi réir ag ualuithe ►C9 riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 473
Leasuithe ar IAS 39 a thabhairt isteach
Ríomhfar an méid is infheidhme tríd an tsuim a fhaightear i gcomhréir le pointe (b) a asbhaint ón tsuim a fhaightear i gcomhréir le pointe (a)
Cinnfidh institiúidí luach sócmhainní a gcistí nó a bpleananna pinsin le sochar sainithe, mar is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1126/2008 ( 40 ) mar a a leasaítear le Rialachán (AE) Uimh 475/2012 ( 41 ) iad. Déanfaidh na hinstitiúidí a asbhaint ó luach na sócmhainní sin luachanna na n-oibleagáidí faoi na cistí nó pleananna sainithe céanna arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta céanna.
Cinnfidh institiúidí luach sócmhainní a gcistí nó a bpleananna pinsin sainithe, mar is infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh 1126/2008. Déanfaidh na hinstitiúidí a asbhaint ó luach na sócmhainní sin luachanna na n-oibleagáidí sin faoi na cistí nó pleananna sainithe céanna arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta céanna.
Beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:
1 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;
0,8 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015;
0,6 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2016;
0,4 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017;
0,2 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go 31 Nollaig 2018
Airteagal 473a
IFRS 9 a thabhairt isteach
De mhaolú ar Airteagal 50 agus go dtí deireadh na n-idirthréimhsí a leagtar amach i míreanna 6 agus 6a den Airteagal seo, féadfaidh siad seo a leanas an méid a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a áireamh ina gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
institiúidí a ullmhóidh a gcuntais i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;
institiúidí a dhéanann, de bhun Airteagal 24(2) den Rialachán seo, luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe agus a chinneann a gcistí dílse i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;
institiúidí a dhéanann luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta faoi Threoir 86/635/CEE agus a bhaineann úsáid as samhail le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha atá ar aon dul leis an gceann a úsáideadh sna caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.
An méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ríomhfar í mar shuim an mhéid seo a leanas:
i gcás risíochtaí atá faoi réir ualú priacail i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, an méid (ABSA) a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
|
A2,SA |
= |
an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 2; |
|
A4,SA |
= |
an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 4 bunaithe ar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le mír 3; |
;
|
|
= |
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2020; |
|
|
= |
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí; |
|
f1 |
= |
an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6; |
|
f2 |
= |
an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6a; |
|
t1 |
= |
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A2,SA; |
|
t2 |
= |
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A4,SA; |
|
t3 |
= |
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach mhéid ; |
i gcás risíochtaí atá faoi réir ualú priacail i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, an méid (ABIRB) a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair:
|
A2,IRB |
= |
an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 arna choigeartú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 5; |
|
A4,IRB |
= |
an méid a ríomhtar i gcomhréir le mír 4 bunaithe ar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le mír 3, is méideanna arna gcoigeartú i gcomhréir le pointí (b) agus (c) de mhír 5; |
|
|
= |
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna sin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo, an 1 Eanáir 2020. I gcás inar uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach ag nialas; |
|
|
= |
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo. I gcás inar uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach chun gur cothrom le nialas é; |
|
f1 |
= |
an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6; |
|
f2 |
= |
an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6a; |
|
t1 |
= |
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A2,IRB; |
|
t2 |
= |
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim A4,IRB; |
|
t3 |
= |
an méadú ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr in-asbhainteacht chánach shuim . |
Ríomhfaidh na hinstitiúidí na suimeanna A2,SA agus A2,IRB dá dtagraítear, faoi seach, i bpointe (a) agus i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1 mar an tsuim is mó de na suimeanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo ar bhealach ar leithligh maidir lena neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí agus i gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí:
nialas;
an tsuim arna ríomh i gcomhréir le pointe (i) lúide an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le pointe (ii):
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.5 de IFRS 9 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (“Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9”) móide méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 amhail ón 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair;
méid iomlán na gcaillteanas lagaithe ar shócmhainní airgeadais a aicmítear mar iasachtaí agus earraí infhaighte, infheistíochtaí arna sealbhú go tráth aibíochta agus sócmhainní airgeadais atá ar fáil lena ndíol, mar a shainmhínítear i mír 9 de IAS 39, agus nach ionstraimí cothromais iad ná aonaid nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta, a chinntear i gcomhréir le míreanna 63, 64, 65, 67, 68 agus 70 de IAS 39 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 amhail ón 31 Nollaig 2017 nó ar an lá roimh an dáta a gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair.
I gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí agus i gcás a neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, ríomhfaidh institiúidí an tsuim lena sáraíonn an tsuim dá dtagraítear i bpointe (a) an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b) ar bhealach ar leithligh:
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, ar an dáta tuairiscithe agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 468 den Rialachán seo, cé is moite de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha arna gcinneadh maidir le risíochtaí arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2 A den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9;
suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 468 den Rialachán seo, cé is moite de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha arna gcinneadh maidir le risíochtaí arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2 A den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2020 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí.
Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, i gcás inar mó an tsuim — arna sonrú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 agus tar éis pointe (b) de mhír 5 a chur i bhfeidhm ina leith — ná an tsuim a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3 tar éis pointe (c) de mhír 5 a chur i bhfeidhm, socróidh na hinstitiúidí A4,IRB chun gur comhionann é agus an difríocht idir na suimeanna sin, sin nó socróidh siad A4,IRB chun gur cothrom le nialas é.
Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm mír 2 go mír 4 mar a leanas:
maidir le ríomh A2,IRB, laghdóidh na hinstitiúidí gach ceann de na méideanna arna ríomh i gcomhréir le pointe (b)(i) agus (ii) de mhír 2 den Airteagal seo trí shuim an chaillteanais ionchasaigh a bhaint as arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) amhail ón 31 Nollaig 2017 nó lá amháin sula gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9 den chéad uair. I gcás inar uimhir dhiúltach a bheidh sa tsuim dá dtagraítear i bpointe (b)(i) de mhír 2 den Airteagal seo, socróidh an institiúid luach an mhéid ag nialas. I gcás inar uimhir dhiúltach a bheidh sa tsuim dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) de mhír 2 den Airteagal seo, socróidh an institiúid luach an mhéid sin chun gur cothrom le nialas é;
maidir leis an méid a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfidh na hinstitiúidí ina ionad suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar aon le méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 468 den Rialachán seo, cé is moite de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha arna gcinneadh maidir le risíochtaí arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2 A den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo ar an dáta tuairiscithe. I gcás inarb uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach an mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo chun gur cothrom le nialas é;
maidir leis an méid a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfidh na hinstitiúidí ina ionad suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach don tréimhse 12 mhí arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar aon le méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 468 den Rialachán seo, cé is moite de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha arna gcinneadh maidir le risíochtaí arna dtomhas ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2 A den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, an 1 Eanáir 2020 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochtaí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) den Rialachán seo an 1 Eanáir 2020 nó ar an dáta a chuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cibé acu is déanaí. I gcás inarb uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach an mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo chun gur cothrom le nialas é.
Cuirfidh na institiúidí na fachtóirí seo a leanas i bhfeidhm f1 chun méideanna ABSA agus ABIRB dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír de mhír 1 faoi seach a ríomh:
0,7 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;
0,5 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021;
0,25 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022;
0 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024.
I gcás institiúidí ar tar éis an 1 Eanáir 2020 ach roimh an 1 Eanáir 2021 a thosóidh an bhliain airgeadais acu, déanfaidh siad na dátaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír a choigeartú chun go mbeidh siad ag comhfhreagairt don bhliain airgeadais acu, tuairisceoidh siad na dátaí coigeartaithe dá n-údarás inniúil, agus nochtfaidh siad go poiblí iad.
I gcás institiúidí a thosóidh ar chaighdeáin chuntasaíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 nó dá éis sin, is i gcomhréir le pointí (b) go (d) den chéad fhomhír a chuirfidh siad i bhfeidhm na fachtóirí ábhartha, ag tosú dóibh leis an bhfachtóir a chomhfhreagraíonn don bhliain a cuireadh na caighdeáin chuntasaíochta sin i bhfeidhm den chéad uair.
Cuirfidh na hinstitiúidí na fachtóirí f2 seo a leanas i bhfeidhm chun na méideanna ABSA agus ABIRB dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír de mhír 1 faoi seach a ríomh:
1 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;
1 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021;
0,75 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022;
0,5 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023;
0,25 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024.
I gcás institiúidí ar tar éis an 1 Eanáir 2020 ach roimh an 1 Eanáir 2021 a thosóidh an bhliain airgeadais acu, déanfaidh siad na dátaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír a choigeartú chun go mbeidh siad ag comhfhreagairt don bhliain airgeadais acu, tuairisceoidh siad na dátaí coigeartaithe sin dá n-údarás inniúil féin, agus nochtfaidh siad go poiblí iad.
I gcás institiúidí a thosóidh ar chaighdeáin chuntasaíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 nó dá éis sin, is i gcomhréir le pointí (b) go (e) den chéad fhomhír a chuirfidh siad i bhfeidhm na fachtóirí ábhartha, ag tosú dóibh leis an bhfachtóir a chomhfhreagraíonn don bhliain a cuireadh na caighdeáin chuntasaíochta sin i bhfeidhm den chéad uair.
I gcás ina gcuireann institiúid, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, suim san áireamh ina caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ríomhfaidh sí an athuair na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a úsáideann aon cheann de na míreanna seo a leanas sa mhéid nach gcuirtear san áireamh leo na héifeachtaí atá ar na míreanna sin ag na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a chuir sí san áireamh ina caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
méid na sócmhainní cánach iarchurtha a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 36(1) nó a ualaítear ó thaobh riosca de i gcomhréir le hAirteagal 48(4);
luach na neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 111(1) trína dtarlóidh an méid seo a leanas:
i dtaca leis na coigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa lena laghdófar luach na neamhchosanta, déanfar iad a iolrú faoin bhfachtóir scálúcháin (sf) seo a leanas:
nuair atá:
ABSA = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír de mhír 1;
RASA = suim iomlán na gcoigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa;
suim na míreanna Leibhéal 2 a ríomhtar i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 62.
Ní fhéadfaidh institiúidí rogha a dhéanamh ach uair amháin i ndáil leis an ríomh a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 7 nó an ríomh a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a úsáid. Nochtfaidh institiúidí a gcinneadh.
Institiúid a chinn na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí a chinneadh gan mír 4 a chur i bhfeidhm; sa chás sin, cuirfidh sí an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil faoin 1 Feabhra 2018. I gcás den sórt sin, socróidh an institiúid A4,SA, A4,IRB, , , t2 agus t3 dá dtagraítear i mír 1 chun gur cothrom le nialas iad. I gcás ina bhfuair institiúid an cead roimh ré ón údarás inniúil, féadfaidh sí a cinneadh a fhreaschur le linn na hidirthréimhse. Nochtfaidh institiúidí go poiblí aon chinneadh a glacadh i gcomhréir leis an bhfomhír seo.
Institiúid a chinn na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí a chinneadh gan mír 2 a chur i bhfeidhm, agus sa chás sin, cuirfidh sí an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil gan mhoill. I gcás den sórt sin, socróidh an institiúid A2,SA, A agus t1 dá dtagraítear i mír 1 chun gur cothrom le nialas iad. Féadfaidh institiúid a cinneadh a fhreaschur le linn na hidirthréimhse ar choinníoll go bhfuair sí an cead roimh ré ón údarás inniúil.
Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE, ar bhonn bliantúil ar a laghad, faoi chur i bhfeidhm an Airteagail seo ag institiúidí a thagann faoina maoirseacht.
Airteagal 474
Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
De mhaolú ar Airteagal 56, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
asbhainfidh institiúidí ó ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 478 de na méideanna is gá a asbhaint de bhun Airteagal 56;
cuirfidh institiúidí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 475 i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha d'ítimí is gá a asbhaint de bhun Airteagal 56.
Airteagal 475
Ítimí nach n-asbhaintear ó ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 56:
déantar sealúchais dhíreacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1a asbhaint ag a luach de réir na leabhar ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 1;
sealúchais indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bhféadfadh oibleagáid a bheith ar institiúid iad a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana nó de bhua oibleagáide teagmhasaí, ní dhéantar iad a asbhaint agus déantar iad a ualú ó thaobh ►C9 riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus beidh siad faoi réir ag ceanglais Theideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 56:
i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid a sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach de na hionstraimí sin de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 an eintitis sin amhail is go dtagann siad faoi phointe (c) d'Airteagal 56;
i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid a sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach de na hionstraimí sin de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (d) d'Airteagal 56.
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 56:
déantar leath den mhéid a bhaineann le sealúchais dhíreacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d'Airteagal 56 a asbhaint ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2;
ní dhéantar an méid a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d'Airteagal 56 a asbhaint agus beidh siad faoi réir ag ►C9 ualach riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais de Theideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 476
Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2
De mhaolú ar Airteagal 66, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
asbhainfidh institiúidí ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 478 de na méideanna is gá a asbhaint de bhun Airteagal 66;
cuirfidh institiúidí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 477 i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha is gá a asbhaint de bhun Airteagal 66.
Airteagal 477
Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 66:
déantar sealúchais dhíreacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint ag a luach de réir na leabhar ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2;
sealúchais indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a bhféadfadh oibleagáid a bheith ar institiúid iad a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana nó de bhua oibleagáide teagmhasaí, ní asbhaintear iad agus déantar iad a ualú ó thaobh ►C9 riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus beidh siad faoi réir ag ceanglais Theideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 66:
i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá aici d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (c) d'Airteagal 66;
i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintiteas earnála airgeadais lena bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha aici, láimhseáiltear méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (d) d'Airteagal 66
Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 66:
déantar leath den mhéid a bhaineann le sealúchais dhíreacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 66 a asbhaint ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Chaipiteal Leibhéal 2;
ní dhéantar an méid a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha is gá a asbhaint i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d'Airteagal 66 a asbhaint agus beidh siad faoi réir ag ►C9 ualach riosca ◄ faoi Chaibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 477a
Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe
De mhaolú ar Airteagal 72e(4) agus go dtí an 31 Nollaig 2024, féadfaidh údarás réitigh máthairinstitiúide, tar éis dó tuairim na n-údarás réitigh nó na n-údarás ábhartha tríú tír ó aon fhochuideachtaí lena mbaineann a bhreithniú go cuí, a cheadú go ndéanfar an méid coigeartaithe mi a ríomh tríd an sainmhíniú seo a leanas ar ri, agus wi a úsáid:
|
ri |
= |
an ceanglas caipitil iomlán bunaithe ar phriacal is infheidhme maidir le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse faoin Rialachán seo; |
|
wi |
= |
an ceanglas caipitil iomlán Leibhéal 1 nach bhfuil bunaithe ar phriacal is infheidhme maidir le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcaipiteal Leibhéal 1 faoin Rialachán seo. |
Féadfaidh an t-údarás réitigh an cead dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcás ina bhfuil an fhochuideachta bunaithe i dtríú tír nach bhfuil córas réitigh áitiúil is infheidhme i bhfeidhm aici go fóill má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
nach ann faoi láthair aon bhac ábharach, praiticiúil nó dlíthiúil ar shócmhainní a aistriú go pras ón bhfochuideachta chuig an máthairinstitiúid, nó nach síltear go dtiocfaidh bac mar sin le bheith ann;
gur thug údarás ábhartha tríú tír na fochuideachta tuairim d’údarás réitigh na máthairinstitiúide á rá go bhféadfaí sócmhainní atá comhionann leis an méid atá le hasbhaint ag an bhfochuideachta de réir Airteagal 72e(4), an dara fomhír, a aistriú ón bhfochuideachta chuig an máthairinstitiúid.
Airteagal 478
Céatadáin is infheidhme maidir le hasbhaint ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2
Tiocfaidh an céatadán is infheidhme chun críocha 'Airteagal 468(5), Airteagal 469(1)(a) agus (c) Airteagal 474(a) agus Airteagal 476(a) faoi na raonta seo a leanas:
20 % go 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;
40 % go 100 % don tréimhse ón 1. Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015;
60 % go 100 % don tréimhse ón 1.Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2016;
80 % go 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017.
De mhaolú ar mhír 1, i gcás na n-ítimí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 36(1) arbh ann dóibh roimh an 1 Eanáir 2014, tiocfaidh an céatadán is infheidhme chun críoch phointe (c) d’Airteagal 469(1) faoi na raonta seo a leanas:
0 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;
10 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015;
20 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2016;
30 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017;
40 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2018;
50 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019;
60 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;
70 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021;
80 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022;
90 % go dtí 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.
Déanfaidh na húdaráis inniúla céatadán is infheidhme sna raonta a shonraítear i mír 1 agus i mír 1 agus mír 2 a chinneadh agus a fhoilsiú do gach ceann de na hasbhaintí seo a leanas:
na hasbhaintí aonair is gá de bhun phointí (a) go (h) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;
méid comhiomlán na sócmhainní cánach iarchurtha atá spléach ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha agus na hítimí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1) is gá a asbhaint de bhun Airteagal 85;
gach asbhaint is gá de bhun phointí (b) go (d) d'Airteagal 56;
gach asbhaint is gá de bhun phointí (b) go (d) d'Airteagal 66
Airteagal 479
Ítimí agus ionstraimí nach gcáilíonn mar leasanna mionlaigh a aithint i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
De mhaolú ar Theideal III de Chuid a Dó, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, cinnfidh na húdaráis inniúla na hítimí a cháileodh mar chúlchistí comhdhlúite i gcomhréir le bearta náisiúnta trasuímh le haghaidh Airteagal 65 de Threoir 2006/48/CE nach gcáilíonn mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite ar cheann ar bith de na cúiseanna seo a leanas a aithint i gcistí dílse comhdhlúite i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal sin:
ní cháilíonn an ionstraim mar ionstraim de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, agus dá réir sin ní cháilíonn an tuilleamh coinnithe agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite;
ní cháilíonn na hítimí mar thoradh ar mhír 2 d'Airteagal 81(2);
ní cháilíonn na hítimí toisc nach institiúid ná eintiteas í an fhochuideachta atá faoi réir cheanglais an Rialacháin sin agus Threoir 2013/36/AE de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;
ní cháilíonn na hítimí toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.
Chun críocha mhír 2, tiocfaidh na céatadáin is infheidhme faoi na raonta seo a leanas:
0 % go 80 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;
0 % go 60 % don tréimhse idir an 01.01.15 agus an 31 Nollaig 2015:
0 % go 40 % don tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31.12.16;
0 % go 20 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017
Airteagal 480
Caipiteal Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal Leibhéal 2 cáilitheach a aithint i gcistí dílse comhdhlúite de leasanna mionlaigh
Chun críocha mhír 1, tiocfaidh an fachtóir is infheidhme faoi na raonta seo a leanas:
0,2 go 1 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;
0,4 go 1 sa tréimhse ón 01.01.15 go dtí an 31.12.15;
0,6 go 1 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2016; agus
0,8 go 1 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017
Airteagal 481
Scagairí breise agus asbhaintí breise
Chun críocha mhír 1, tiocfaidh an céatadán is infheidhme faoi na raonta seo a leanas:
0 % go 80 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014;
0 % go 60 % don tréimhse idir an 01.01.15 agus an 31 Nollaig 2015:
0 % go 40 % don tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31.12.16;
0 % go 20 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 482
Raon feidhme d' idirbhearta díorthach le cistí pinsean a chur i bhfeidhm
Maidir leis na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 89 de Rialachán AE Uimh648/2012] agus a rinneadh le socruithe scéime pinsin mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Rialachán seo iad, ní ríomhfaidh na hinstitiúidí na ceanglais maidir le cistí dílse do ►C9 riosca ◄ CVAdá bhforáiltear in Airteagal 382(4)(c) den Rialachán sin.
CAIBIDIL 2
Marthanú ionstraimí caipitil
Airteagal 483
Ionstraimí lena mbunaítear Státchabhair a mharthanú
De mhaolú ar Airteagail 26 go 29, 51, 52, 62 agus 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 dtí an 31 Nollaig 2017, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hionstraimí agus ítimí caipitil i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
eisíodh na hionstraimí roimh an 1 Eanáir 2014;
eisíodh na hionstraimí i gcomhthéacs scéime athchaipitlithe de bhun rialacha i leith Státchabhrach; Sa mhéid go suibscríobhtar cuid de na hionstraimí go príobháideach, déanfar iad a eisiúint roimh an 30 Meitheamh 2012 i gcomhar leis na codanna sin atá suibcríofa ag an mBallstát;
mheas an Coimisiún go raibh na hionstraimí comhoiriúnach don mhargadh inmheánach faoi Airteagal 107 CFAE.
Sna cásanna inar ionstraimí iad atá suibscríofa ag an mBallstát agus ag infheisteoirí príobháideacha araon agus i gcás ina ndéanfar fuascailt pháirteach ar na hionstraimí atá subscríofa ag an mBallstát, déanfar sciar comhfhreagrach den chuid atá suibscríofa go príobháideach a mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 484. Nuair a bheidh na hionstraimí uile atá suibscríofa ag an mBalltát fuascailte, déanfar na hionstraimí a bheidh fágtha atá suibscríofa ag infheisteoirí príobháideacha a mharthanú i gcomhréir lehAirteagal 484.
Cáileoidh ionstraimí a cháiligh i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, d'ainneoin ceachtar díobh seo a leanas:
nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28 den Rialachán sin;
d'eisigh gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán seo na hionstraimí agus níor comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28 den Rialachán seo seo, nó i gcás inarb infheidhme in Airteagal 29 den Rialachán seo.
Ní fhéadfaidh ionstraimí a cháilíonn mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun na chéad fho-mhíre cáiliú mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 faoi mhír 5 nó faoi mhír 7.
Ní fhéadfaidh ionstraimí a cháilíonn mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1de bhun na chéad fho-mhíre cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 faoi mhír 3 nó faoi mhír 7.
Ní fhéadfaidh ionstraimí a cháilíonn mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de bhun na chéad fho-mhíre cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 faoi mhír 3 nó faoi mhír 5.
Airteagal 484
Incháilitheacht chun ítimí a cháiligh mar chistí dílse faoi bhearta náisiúnta trasuímh maidir le Treoir 2006/48/CE a mharthanú
Airteagal 485
Incháilitheacht le cur isteach i nGnáthchothromas Leibhéal 1 de na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hítimí a cháiligh mar chistí dílse faoi bhearta náisiúnta trasuímh maidir le Treoir 2006/48/CE
Airteagal 486
Teorainneacha ar ítimí a mharthanú in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2
Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(3) a cháileoidh mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 teoranta don chéatadán is infheidhme de shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin:
méid ainmniúil an chaipitil dá dtagraítear in Airteagal 484(3) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hítimí dá dtagraítear i bpointe (a);
Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a cháileoidh mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 teoranta don chéatadán is infheidhme iolraithe faoin toradh a fhaightear nuair a dhealaítear suim na méideanna a shonraítear i bpointí (c) go (f) den mhír sin ó shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin:
méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí eisithe fós an 31 Nollaig 2012;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
méid na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí, an 31 Nollaig 2012, os cionn na dteorainneacha a shonraítear sna bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 66(1) agus Airteagal 66(1a) de Threoir 2006/48/CE;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (c);
méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 ach nach gcáilíonn mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 489(4);
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (e).
Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a cháileoidh mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 teoranta don chéatadán is infheidhme den toradh a fhaightear nuair a dhealaítear suim na méideanna a shonraítear i bpointí (e) go (h) den mhír sin ó shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) go (d):
méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe fós an 31 Nollaig 2012;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
méid ainmniúil an chaipitil ó iasacht fho-ordaithe a bhí fós eisithe an 31 Nollaig 2012, laghdaithe leis ◄ an méid a éilítear de bhun na mbeart náisiúnta trasuímh maidir le pointe (c) d'Airteagal 64(3) de Threoir 2006 /48/CE;
méid ainmniúil na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 44(5), seachas na hionstraimí agus an caipiteal ó iasacht fho-ordaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) den mhír seo, a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012;
méid ainmniúil na n-ionstraimí agus na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 agus a chuaigh thar na teorainneacha a shonraítear sna bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 66(1) de Threoir 2006/48/CE;
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (e);
méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 nach gcáilíonn mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 de bhun Airteagal 490(4);
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (g).
Chun críocha an Airteagail seo, tiocfaidh na céatadáin is infheidhme dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 faoi na raonta seo a leanas:
60 % go 80 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 o dtí an 31 Nollaig 2014;
40 % go 70 % i rith na tréimhse ón 01.01.15 go dtí an 31.12.15;
20 % go 60 % i rith na tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31.12.16;
0 % go 50 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017;
0 % go 40 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2018;
0 % go 30 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019;
0 % go 20 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;
0 % go 10 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021
Airteagal 487
Ítimí atá eisiata ó mharthanú in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a mharthanú in eilimintí eile de chistí dílse
De mhaolú ar Airteagail 51, 52, 62 agus 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, féadfaidh institiúidí na nithe seo a leanas a láimhseáil mar ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5), a mhéid is nach sáraítear, trína n-áireamh, teorainn an chéatadáin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 486(4):
caipiteal, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, dá dtagraítear in Airteagal 484(3) a eisiatar ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 toisc go sáraíonn siad an céatadán is infheidhme a shonraítear in Airteagal 486(2);
ionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a sháraíonn an céatadán is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 486(3).
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 488
Amúchadh ar ítimí a marthanaíodh mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2
Beidh na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a cháilíonn mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 484(5) nó in Airteagal 486(4) faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 64.
Airteagal 489
Ionstraimí hibrideacha ina bhfuil rogha agus dreasacht fuascailte
Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is roimh an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
níor fheidhmigh an institiúid an rogha;
comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ón 1 Eanáir 2013.
Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bhfuil aithint laghdaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 484(4) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír agus cáileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 gan aon teorainn, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;
comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.
Ní cháileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, agus ní bheidh siad faoi réir Airteagal 484(4) ón 1 Eanáir 2014 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is idir an 31 Nollaig 2011 agus an 1 Eanáir 2013 a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;
ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.
Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bhfuil aithint laghdaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 484(4) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír agus ní cháileoidh siad ina dhiaidh sin mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;
ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.
Cáileoidh ionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 484(4) i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is an 31 Nollaig 2011 nó roimhe sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí;
ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ionstraimí.
Airteagal 490
Ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 lena ngabhann dreasacht fuascailte
Cáileoidh na hítimí mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is roimh an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
níor fheidhmigh an institiúid an rogha;
comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ón 1 Eanáir 2013.
Cáileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 484(5) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír, agus cáileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;
comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.
Ní cháileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 ón 1 Eanáir 2013 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is idir an 31 Nollaig 2011 agus an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;
ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 60 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.
Cáileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 a bhfuil aithint laghdaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 484(5) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír, agus ní cháileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta a n-aibíochta iarbhír;
ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.
Cáileoidh ítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 484(5), i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
is an 31 Nollaig 2011 nó roimhe sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;
ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.
Airteagal 491
Aibíocht iarbhír
Chun críocha Airteagal 489 agus Airteagal 490, déanfar aibíocht iarbhír a chinneadh mar a leanas:
maidir leis na hítimí dá dtagraítear i mír 3 agus mír 5 de na hAirteagail sin, is ionann é agus dáta na céadrogha le dreasacht fuascailte a tharlóidh an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin;
maidir leis na hítimí dá dtagraítear i mír 4 de na hAirteagail sin, is ionann é agus dáta na céadrogha le dreasacht fuascailte a tharlaíonn idir an 31 Nollaig 2011 agus an 1 Eanáir 2013;
maidir leis na hítimí dá dtagraítear i mír 6 de na hAirteagail sin, is ionann é agus dáta na céadrogha le dreasacht fuascailte a tharla roimh an 31 Nollaig 2011
CAIBIDIL 3
Forálacha idirthréimhseacha maidir le nochtadh cistí dílse
Airteagal 492
Nochtadh cistí dílse
I rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis bhreise seo a leanas maidir lena gcistí dílse:
maidir leis na scagairí agus na hasbhaintí aonair a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 467 go 470, 474, 476 agus 479, an cineál a bhí iontu agus a n-éifeacht ar Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ar Chaipiteal Breise Leibhéal 1, ar Chaipiteal Leibhéal 2 agus ar chistí dílse;
méideanna na leasanna mionlaigh agus na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2, agus an tuilleamh coinnithe gaolmhara agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, a d'eisigh fochuideachtaí a áirítear i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite, nó i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite nó i gcistí dílse comhdhlúite i gcomhréir le Roinn 4 de Chaibidil 1;
éifeacht na scagairí agus na n-asbhaintí aonair, a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 481, ar Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ar Chaipiteal Breise Leibhéal 1, ar Chaipiteal Leibhéal 2 agus ar chistí dílse;
cineál agus méideanna na n-ítimí a cháilíonn mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 de bhua na maoluithe a shonraítear i Roinn 2 de Chaibidil 2 a chur i bhfeidhm.
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
CAIBIDIL 4
►C9 Neamhchosaintí ◄ móra, ceanglais cistí dílse, luamhánú agus íosráta ríofa Basel I
Airteagal 493
Forálacha idirthréimhseacha maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ móra
▼M9 —————
De mhaolú ar Airteagal 400 (2) agus (3), ►C1 le linn idirthréimhse go dtí go dtiocfaidh aon ghníomh reachtach i bhfeidhm tar éis an athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 507, ach ní tar éis an 31 Nollaig 2028, féadfaidh Ballstáit díolúine iomlán nó díolúine pháirteach a thabhairt i leith na ►C9 neamhchosaintí ◄ a leanas ◄ ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):
bannaí faoi chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 129;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla Ballstát i gcás ina sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 20 % do na héilimh sin faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 agus do ►C9 neamhchosaintí ◄ eile ar na rialtais réigiúnacha nó ar na húdaráis áitiúla sin, nó arna ráthú acu, éilimh a sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 20 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
►C12 neamhchosaintí ◄ , lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, a thabhaigh institiúid i leith a máthairchuideachta, i leith fhochuideachtaí eile na máthairchuideachta nó i leith a cuid fochuideachtaí agus a cuid sealúchas cáilitheach féin, sa mhéid is go bhfuil na gnóthais sin faoi chumhdach ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Treoir 2002/87/CE nó le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír; láimhseálfar ►C12 neamhchosaintí ◄ nach gcomhlíonann na critéir sin, bíodh díolúine acu ó Airteagal 395(1) den Rialachán seo nó ná bíodh, mar ►C12 neamhchosaintí ◄ ar thríú páirtí;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile, lena n-áirítear rannpháirteachas nó cineálacha eile sealúchas, ar institiúidí creidmheasa réigiúnacha nó lárnacha lena bhfuil baint ag an institiúid chreidmheasa i líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla agus atá freagrach, faoi na forálacha sin, as oibríochtaí imréitigh airgid laistigh den líonra;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh, agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile ar institiúidí creidmheasa arna dtabhú ag institiúidí creidmheasa, a bhfeidhmíonn ceann amháin acu ar bhonn neamhiomaíoch agus a sholáthraíonn nó a ráthaíonn iasachtaí faoi chláir reachtacha nó faoina cuid reachtanna, chun earnálacha sonraithe den gheilleagar a chur chun cinn faoi fhormhaoirseacht rialtais de chineál éigin agus srianta maidir le húsáid na n-iasachtaí, ar an gcoinníoll go dtiocfaidh na ►C9 neamhchosaintí ◄ faoi seach as iasachtaí den sórt sin a chuirtear ar aghaidh chuig na tairbhithe trí institiúidí creidmheasa nó ó ráthaíochtaí na n-iasachtaí sin;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar bhainc cheannais i bhfoirm na gcúlchistí íosta is gá a sealbhaíonn na bainc cheannais sin atá ainmnithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais láir i bhfoirm ceanglas leachtachta reachtúla a shealbhaítear in urrúis rialtais atá ainmnithe agus cistithe ina gcuid airgeadraí náisiúnta ar an gcoinníoll gombeidh, ag lánrogha an údaráis inniúil, measúnú creidmheasa na rialtas láir sin atá sannta ag IMCS ainmnithe de ghrád infheistíochta;
50 % de chreidmheasanna doiciméadacha bhuicéad 4 lasmuigh den chlár comhardaithe agus de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe bhuicéad 3 lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ag a bhfuil aibíocht bhunaidh suas go dtí agus lena n-áirítear aon bhliain amháin agus faoi réir chomhaontú na n-údarás inniúil, 80 % de ráthaíochtaí seachas ráthaíochtaí iasachta a bhfuil bonn dlí nó rialála fúthu agus a thugtar dá gcuid comhaltaí trí chomhscéimeanna ráthaíochta a bhfuil stádas acu mar institiúidí creidmheasa;
ráthaíochtaí a cheanglaítear leis an dlí a úsáidtear nuair a íoctar iasacht mhorgáiste atá maoinithe trí bhannaí morgáiste a eisiúint le hiasachtaí an mhorgáiste sula gclárófar an morgáiste den uair dheiridh sa chlár talún, ar an gcoinníoll nach n-úsáidfear an ráthaíocht mar ní a laghdóidh an ►C9 riosca ◄ a bhaineann leis na méideanna ►C9 neamhchosanta ◄ ualaithe ó thaobh ►C9 riosca ◄ a ríomh;
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile ar mhalairtí aitheanta.
De mhaolú ar Airteagal 395(1), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí aon cheann de na neamhchosaintí dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo a thabhú má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo, gan dul thar na teorainneacha seo a leanas:
100 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31Nollaig 2018;
75 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31 Nollaig 2019;
50 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31 Nollaig 2020.
Beidh feidhm ag na teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír maidir le luachanna neamhchosanta ach a gcuirfear san áireamh éifeacht an mhaolaithe riosca chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403.
Beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 maidir leis na neamhchosaintí seo a leanas:
míreanna sócmhainne ar éilimh iad ar rialtais láir, ar bhainc cheannais nó ar eintitis earnála poiblí na mBallstát;
míreanna sócmhainne ar éilimh iad arna ráthú go sainráite ag rialtais láir, ag bainc ceannais, nó ag eintitis earnála poiblí na mBallstát;
neamhchosaintí eile ar rialtais láir, ar bhainc ceannais, nó ar eintitis earnála poiblí na mBallstát, nó arna ráthú acu;
míreanna sócmhainne ar éilimh iad ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2);
neamhchosaintí eile ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát, nó arna ráthú acu, a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2).
Chun críocha phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin maidir le míreanna sócmhainne agus neamhchosaintí eile ar eintitis earnála poiblí, nó arna ráthú acu, a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil i gcomhréir le Airteagal 116(4). I gcás ina láimhseálfar míreanna sócmhainne agus neamhchosaintí eile ar eintitis earnála poiblí, nó arna ráthú ag eintitis earnála poiblí, mar neamhchosaintí ar rialtas réigiúnach nó ar údarás áitiúil i gcomhréir le hAirteagal 116(4), ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin nuair a láimhseáiltear neamhchosaintí ar an rialtais réigiúnach sin nó ar an údarás áitiúil sin mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2).
Ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh neamhchosaint dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo na coinníollacha seo a leanas uile:
shannfaí ualach riosca 0 % don neamhchosaint i gcomhréir leis an leagan d’Airteagal 495(2) atá i bhfeidhm an 31 Nollaig 2017;
an 12 Nollaig 2017 nó tar a éis a tabhaíodh an neamhchosaint.
Airteagal 494
Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an gceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
De mhaolú ar Airteagal 92a ón 27 Meitheamh 2019 go dtí an 31 Nollaig 2021, comhlíonfaidh na hinstitiúidí a shainaithnítear mar eintitis réitigh agus ar eintitis G-SII iad na ceanglais seo a leanas i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe:
cóimheas rioscabhunaithe 16 %, a bhaineann le cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4);
Airteagal 494a
Eisiúintí a mharthanú trí eintitis sainchuspóireacha
De mhaolú ar Airteagal 52, cáileoidh ionstraimí caipitil nár eisigh institiúid go díreach mar ionstraimí Breise Leibhéal 1 go dtí an 31 Nollaig 2021 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas agus sa chás sin amháin:
na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 52(1), ach amháin an coinníoll a chuireann de cheanglas na hionstraimí a eisiúint go díreach ag an institiúid;
eiseofar na hionstraimí trí eintiteas laistigh den chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
beidh na fáltais ar fáil láithreach gan teorainn, agus i bhfoirm a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa mhír seo, don institiúid.
De mhaolú ar Airteagal 63, cáileoidh ionstraimí caipitil, nár eisigh institiúid go díreach, mar ionstraimí Breise Leibhéal 2 go dtí an 31 Nollaig 2021 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas agus sa chás sin amháin:
na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63, ach amháin an coinníoll a chuireann de cheanglas na hionstraimí a eisiúint go díreach ag an institiúid;
eiseofar na hionstraimí trí eintiteas faoi chuimsiú an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
beidh na fáltais ar fáil láithreach gan teorainn agus i bhfoirm a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha amach sa mhír seo don institiúid.
Airteagal 494b
Ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanais incháilithe a mharthanú
Airteagal 494c
Marthanacht na suíomhanna urrúsúcháin sinsearacha
De mhaolú ar Airteagal 270, féadfaidh institiúid tionscnóra na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de shuíomh urrúsúcháin sinsearach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 260, 262 nó 264 i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
eisíodh an t-urrúsú roimh an 9 Aibreán 2021;
an 8 Aibreán 2021, chomhlíon an t-urrúsú na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 270 de réir mar is infheidhme ar an dáta sin.
Airteagal 494d
Filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna
De mhaolú ar Airteagal 149, féadfaidh institiúid, ón 9 Iúil 2024 go dtí an 10 Iúil 2027, filleadh ar chineálacha cur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
ba ann don institiúid cheana an 8 Iúil 2024 agus í údaraithe ag a húdarás inniúil chun na haicmí neamhchosanta sin a láimhseáil faoi Chur Chuige IRB;
ní iarrann an institiúid chun filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna ach uair amháin feadh na tréimhse 3 bliana sin;
ní dhéantar an iarraidh chun filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna d’fhonn dul i mbun arbatráiste rialála;
thug an institiúid fógra foirmiúil don údarás inniúil gur mian léi filleadh ar chur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna le haghaidh na n-aicmí neamhchosanta sin 6 mhí ar a laghad sula bhfilleann sí ar an gcur chuige sin ar bhealach éifeachtach;
níor chuir an t-údarás inniúil i gcoinne iarraidh na hinstitiúide chun filleadh laistigh de 3 mhí ón dáta a fuair sé an fógra dá dtagraítear i bpointe (d).
Airteagal 495
Neamhchosaintí ar chothromas faoi Chur Chuige IRB a láimhseáil
De mhaolú ar Airteagal 107(1), déanfaidh institiúidí a mbeidh cead tugtha dóibh Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm chun an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de a ríomh do neamhchosaintí ar chothromas, go dtí an 31 Nollaig 2029 agus gan dochar d’Airteagal 495a(3), an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de a ríomh maidir le gach neamhchosaint ar chothromas a mbeidh cead tugtha dóibh Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm ina leith mar an méid is airde díobh seo a leanas:
an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 495 a (1) agus (2);
an méid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca arna ríomh faoin Rialachán seo sa leagan is infheidhme an 8 Iúil 2024.
I gcás ina gcuireann institiúidí an chéad fhomhír den mhír seo i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag Airteagal 495a(1) agus (2).
Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag na coinníollacha chun filleadh ar na cineálacha cur chuige nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna a leagtar amach in Airteagal 149 a úsáid.
Airteagal 495a
Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí ar chothromas
De mhaolú ar an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 133(3), déanfar an t-ualú riosca is airde den ualú riosca is infheidhme an 8 Iúil 2024 a shannadh do neamhchosaintí ar chothromas, arna uasteorannú ag 250 %, agus na hualuithe riosca seo a leanas:
100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025;
130 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026;
160 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027;
190 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;
220 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.
De mhaolú ar an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 133(4), déanfar an t-ualú riosca is airde den ualú riosca is infheidhme an 8 Iúil 2024 a shannadh do neamhchosaintí ar chothromas agus na hualuithe riosca seo a leanas:
100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025;
160 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026;
220 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027;
280 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;
340 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.
Airteagal 495b
Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí iasachtaithe speisialaithe
De mhaolú ar Airteagal 161(4), is iad na híosrátaí ionchuir LGD dá bhforáiltear in Airteagal 161(4) a bheidh ina n-íosrátaí ionchuir LGD is infheidhme maidir le neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB i gcás ina n-úsáidtear féinmheastacháin ar LGD, agus na híosrátaí sin arna n-iolrú faoi na fachtóirí seo a leanas:
50 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027;
80 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;
100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.
Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.
Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2027.
De mhaolú ar Airteagal 122a(3), pointe (a), féadfar ualú riosca 80 % a shannadh do neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe dá dtagraítear sa phointe sin nach bhfuil measúnú creidmheasa is infheidhme go díreach ag IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, go dtí an 31 Nollaig 2032, i gcás nach gcuirtear an coigeartú ar cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 501a i bhfeidhm agus i gcás ina meastar go bhfuil ardcháilíocht ag baint leis an neamhchosaint agus na critéir seo a leanas ar fad á gcur san áireamh:
is féidir leis an oibleagáideoir a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh fiú má bhíonn dálaí dianstruis ann i ngeall ar na gnéithe seo a leanas go léir:
neamhchosaint leordhóthanach ar luach na neamhchosanta;
próifíl choimeádach aisíocaíochta na neamhchosanta;
saolré chomhréireach na sócmhainní a bheidh fágtha ar íocaíocht iomlán na neamhchosanta nó dul i muinín mar rogha air sin soláthraí cosanta ag a bhfuil acmhainneacht ard creidmheasa;
riosca athmhaoiniúcháin íseal na neamhchosanta ag an oibleagáideoir nó tá an riosca sin maolaithe go leordhóthanach ag luach sócmhainne iarmharaí ar comhchéim leis nó tá sé in ann dul i muinín soláthraí cosanta a bhfuil acmhainneacht ard creidmheasa aige;
tá srianta conarthacha ag an oibleagáideoir ar a ghníomhaíocht agus ar a struchtúr cistiúcháin;
chun críocha maolaithe riosca amháin a úsáideann an féichiúnaí díorthach;
tá bainistiú ceart á dhéanamh ar rioscaí oibriúcháin ábharacha;
mar gheall ar na socruithe conarthacha ar na sócmhainní, tá ardleibhéal cosanta ag na hiasachtóirí, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas:
tá ceart tosaíochta is infhorfheidhmithe le dlí ag na hiasachtóirí ar na sócmhainní arna maoiniú agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ioncam a ghineann siad;
tá srianta conarthacha ar chumas an oibleagáideora athruithe a dhéanamh ar an tsócmhainn a mbeadh tionchar diúltach acu ar a luach;
i gcás ina bhfuil an tsócmhainn á tógáil, tá ceart tosaíochta infhorfheidhmithe le dlí ag na hiasachtóirí ar na sócmhainní agus ar na conarthaí tógála foluiteacha;
comhlíonann na sócmhainní atá á maoiniú gach ceann de na caighdeáin seo a leanas chun feidhmiú ar bhealach fónta agus éifeachtach:
déantar tástáil ar theicneolaíocht agus dearadh na sócmhainne;
fuarthas na ceadúnais agus na húdaruithe uile is gá chun na sócmhainní a fheidhmiú;
i gcás ina bhfuil an tsócmhainn á tógáil, tá go leor cosaintí ag an oibleagáideoir ar na sonraíochtaí, an buiséad agus dáta críochnaithe na sócmhainne a comhaontaíodh, lena n-áirítear ráthaíochtaí láidre maidir le críochnú nó rannpháirtíocht tógálaí, ag a bhfuil taithí, agus forálacha conartha leordhóthanacha maidir le damáistí leachtaithe.
Ullmhóidh ÚBE tuarascáil ina ndéanfar anailís ar an méid seo a leanas:
éabhlóid na dtreochtaí agus na ndálaí i margaí le haghaidh maoiniú réada san Aontas;
riosca éifeachtach na neamhchosaintí um maoiniú réada le linn timthriall eacnamaíoch iomlán;
tionchar na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 122a(3), pointe (a), ar cheanglais cistí dílse maidir le neamhchosaintí um maoiniú réada, gan Airteagal 465(1) a chur san áireamh;
oiriúnacht an tsainmhínithe ar an bhfo-aicme “maoiniú réada ardchaighdeáin” agus láimhseáil stuamachta éagsúil a shannadh don fho-aicme sin de neamhchosaintí.
Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2030.
Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031.
Airteagal 495c
Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh neamhchosaintí ar iasachtú mar theicníc um maolú riosca creidmheasa
De mhaolú ar Airteagal 230, is é luach Hc le haghaidh “comhthaobhacht fhisiceach eile” dá bhforáiltear in Airteagal 230(2), Tábla 1, arna iolrú leis na fachtóirí seo a leanas, a bheidh i luach Hc is infheidhme a chomhfhreagraíonn do “comhthaobhacht fhisiceach eile” le haghaidh neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagal 199(7) i gcás ina gcomhfhreagraíonn an tsócmhainn léasaithe don chineál “comhthaobhacht fhisiceach eile” de chosaint creidmheasa chistithe:
50 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027;
80 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;
100 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.
Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027.
Ar bhonn na tuarascála sin, agus na caighdeáin a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2028.
Airteagal 495d
Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh gealltanais neamhchoinníollacha atá inchealaithe
De mhaolú ar Airteagal 111(2), déanfaidh institiúidí luach neamhchosanta ítime atá lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh i bhfoirm gealltanas atá inchealaithe go neamhchoinníollach tríd an gcéatadán dá bhforáiltear san Airteagal sin a iolrú faoi na fachtóirí seo a leanas:
0 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2029;
25 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2030;
50 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2031 go dtí an 31 Nollaig 2031;
75 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2032.
Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2028.
Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus ar thionchar na gcaighdeán sin ar chobhsaíocht airgeadais, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031.
Airteagal 495e
Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh mheasúnuithe creidmheasa IMCS na n-institiúidí
De mhaolú ar Airteagal 138, pointe (g), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí leanúint de mheasúnú creidmheasa IMCS a úsáid maidir le hinstitiúid a chuireann san áireamh toimhdí maidir le tacaíocht intuigthe rialtais go dtí an 31 Nollaig 2029.
Airteagal 495f
Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh ceanglais athluachála réadmhaoine
De mhaolú ar Airteagal 229(1), pointí (a) go (d), maidir le neamhchosaintí atá urraithe le réadmhaoin chónaithe nó le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2025, féadfaidh institiúidí leanúint de luacháil a dhéanamh ar réadmhaoin chónaithe nó ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála ar mhargadhluach an nó níos lú ná luach an mhargaidh, nó sna Ballstáit sin a bhfuil foráil déanta acu do dhianchritéir i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, féadfaidh institiúidí leanúint de luach iasachta morgáiste na réadmhaoine sin a luacháil go dtí go gceanglófar athbhreithniú ar an luach maoine i gcomhréir le hAirteagal 208(3), nó an 31 Nollaig 2027, cibé acu is túisce.
Airteagal 495g
Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh scéimeanna ráthaíochtaí poiblí ar leith
De mhaolú ar Airteagal 183(1) agus ar Airteagal 213(1), maidir le ráthaíocht is féidir a chur ar ceal i gcás calaois arna déanamh ag an oibleagáideoir nó méid na cosanta creidmheasa is féidir a laghdú i gcás mar sin, measfar go gcomhlíonann sí na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 183(1), pointe (d), agus in Airteagal 213(1), pointe (c), i gcás inarbh eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 214(2), pointe (a), tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024, a sholáthair an ráthaíocht.
Airteagal 495h
Socruithe idirthréimhseacha maidir le húsáid an chur chuige mhalartaigh samhla inmheánaí le haghaidh riosca margaidh
De mhaolú ar Airteagal 325az(2), pointe (d), féadfaidh institiúidí, go dtí an 1 Eanáir 2026, an cur chuige malartach samhla inmheánaí a úsáid chun a gceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh le haghaidh deasca trádála nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 325bg a ríomh.
▼M10 —————
Airteagal 497
Ceanglais cistí dílse do ►C12 neamhchosainti ◄ ar Chontrapháirtithe Lárnacha
I gcás ina n-iarrann contrapháirtí lárnach tríú tír aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh institiúidí an contrapháirtí lárnach sin a mheas mar chontrapháirtí lárnach cáilitheach ón dáta ar chuir sé isteach an t-iarratas ar aitheantas chuig ESMA agus go dtí ceann de na dátaí seo a leanas:
i gcás ina bhfuil gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 glactha cheana ag an gCoimisiún i dtaca leis an tríú tír ina bhfuil an contrapháirtí bunaithe agus ina bhfuil an gníomh cur chun feidhme tar éis teacht i bhfeidhm, dhá bhliain tar éis chur isteach an iarratais;
i gcás nach bhfuil gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 glactha cheana ag an gCoimisiún i dtaca leis an tríú tír ina bhfuil an contrapháirtí bunaithe agus nach bhfuil an gníomh cur chun feidhme tagtha i bhfeidhm go fóill, an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas:
dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme;
i gcás contrapháirtithe lárnacha a thíolacfaidh an t-iarratas tar éis an 27 Meitheamh 2019, dhá bhliain tar éis an dáta a dtíolacfar an t-iarratas;
i gcás na gcontrapháirtithe lárnacha sin a thíolacfaidh an t-iarratas roimh an 27 Meitheamh 2019, 28 Meitheamh 2021.
Go dtí dul in éag na spriocdhátaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil ciste mainneachtana i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach agus nach bhfuil socrú ceangailteach aici lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile nó chuid de a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, cuirfidh institiúid an fhoirmle seo a leanas in ionad an fhoirmle cheart chun an ceanglas cistí dílse in Airteagal 308(2) a ríomh:
nuair atá:
|
|
= |
an ceanglas cistí dílse; |
|
KCCP |
= |
caipiteal hipitéiseach an contrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuir an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; |
|
DFCCP |
= |
acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe an contrapháirtí lárnaigh a chuir an contrapháirtí lárnach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl; |
|
IMi |
= |
an corrlach tosaigh arna bhreacadh i dteannta leis an gcontrapháirtí lárnach ag comhalta imréitigh i; agus |
|
IM |
= |
méid iomlán an chorrlaigh tosaigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 89(5a) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. |
Airteagal 498
Díolúine do dhéileálaithe tráchtearraí
Go dtí an 26 Meitheamh 2021, ní bheidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le ceanglais cistí dílse a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach i bpointí (5), (6), (7), (9), (10) agus (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach raibh feidhm ag Treoir 2004/39/CE ina leith an 31 Nollaig 2006.
Airteagal 499
Luamhánú
De mhaolú ar Airteagal 429 agus Airteagal 430, i rith na tréimhse idir 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2021, ríomhfaidh agus tuairisceoidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe tríd an dá cheann acu seo a leanas a úsáid mar thomhas caipitil:
Caipiteal Leibhéal 1;
Caipiteal Leibhéal 1, faoi réir na maoluithe atá leagtha síos i gCaibidil 1 agus i gCaibidil 2 den Teideal seo.
▼M8 —————
Airteagal 500
Coigeartú maidir le diúscairtí ollmhóra
De mhaolú ar phointe (a) d'Airteagal 181(1), féadfaidh institiúid a meastacháin LGD a choigeartú trí thionchar diúscairtí ollmhóra ►C12 neamhchosainti ◄ a mhainnigh ar LGDanna réadaithe a fhritháireamh go hiomlán nó i bpáirt suas go dtí an difríocht idir na meán LGDanna a mheastar a bheadh i gcás ►C12 neamhchosainti ◄ inchomparáide ar mhainneachtain nár leachtaíodh ar deireadh agus na meán LGDanna réadaithe lena n-áirítear ar bhonn na gcaillteanas réadaithe de bharr na ndiúscairtí ollmhóra, a luaithe a bheidh na coinníollacha seo ar fad a leanas á gcomhlíonadh:
tá fógra tugtha ag an institiúid don údarás inniúil maidir le plean a sholáthróidh scála, comhdhéanamh agus dátaí dhiúscairtí na ►C12 neamhchosainti ◄ a mhainnigh;
is tar éis an 23 Samhain 2016 ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024 dátaí diúscartha na neamhchosaintí a mhainnigh;
maidir le méid carnach na risíochtaí a mhainnigh a rinneadh a dhiúscairt ó dháta na chéad diúscartha i gcomhréir leis an bplean dá dtagraítear i bpointe (a), is mó é ná 20 % de mhéid gan íoc gach mainneachtana a breathnaíodh ó dháta na chéad diúscartha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).
Ní fhéadfar an coigeartú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh ach go dtí an 31 Nollaig 2024 agus d’fhéadfadh sé go mairfeadh a éifeachtaí a fhad agus a áireofar na neamhchosaintí comhfhreagracha i meastacháin LGD na hinstitiúide féin.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar oiriúnacht an mhaolaithe a leagtar amach i mír 1 agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun síneadh a chur leis an gcoigeartú dá bhforáiltear san Airteagal seo, é a thabhairt isteach an athuair nó é a leasú, de réir mar is gá.
Airteagal 500a
Láimhseáil shealadach fiachais phoiblí arna eisiúint in airgeadra Ballstáit eile
De mhaolú ar Airteagal 114(2), go dtí an 31 Nollaig 2026, maidir le neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát, i gcás inar neamhchosaintí iad sin atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre Ballstáit eile, tá feidhm ag an méid seo a leanas:
go dtí an 31 Nollaig 2024, is é a bheidh san ualú riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na luachanna neamhchosanta ná 0 % den ualú riosca a shanntar do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);
in 2025, is é a bheidh san ualú riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na luachanna neamhchosanta ná 20 % den ualú riosca a shanntar do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);
in 2026, is é a bheidh san ualú riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na luachanna neamhchosanta ná 50 % den ualú riosca a shanntar do na neamhchosaintí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2).
De mhaolú ar Airteagail 395(1) agus 493(4), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí na risíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhú, suas go dtí na teorainneacha seo a leanas:
100 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31 Nollaig 2025;
75 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2026;
50 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2027.
Beidh feidhm ag na teorainneacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo maidir le luachanna risíochta tar éis éifeacht an mhaolaithe priacail creidmheasa a chur i gcuntas i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403.
Airteagal 500b
Risíochtaí áirithe ar bhainc cheannais a eisiamh go sealadach ón tomhas iomlán risíochta i bhfianaise phaindéim COVID-19
De mhaolú ar Airteagal 429(4), go dtí an 27 Meitheamh 2021, féadfaidh institiúid na risíochtaí seo a leanas ar bhanc ceannais na hinstitiúide a eisiamh óna tomhas iomlán risíochta, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo:
boinn agus nótaí bainc ar airgeadra dlíthiúil iad i ndlínse an bhainc ceannais;
sócmhainní in ionannas le héilimh ar an mbanc ceannais, lena n-áirítear cúlchistí arna sealbhú ag an mbanc ceannais.
Ní mó an méid a eisiann an institiúid ná meánmhéid laethúil na risíochtaí a liostaítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír thar thréimhse cothabhála cúltaca iomlán is déanaí bhanc ceannais na hinstitiúide.
Féadfaidh institiúid na risíochtaí a liostaítear i mír 1 a eisiamh i gcás inar chinn údarás inniúil na hinstitiúide, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, agus inar fhógair sé go poiblí go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann go bhfuil bonn leis an eisiamh, chun cur chun feidhme beartas airgeadaíochta a éascú.
Comhlíonfaidh na risíochtaí atá le heisiamh faoi mhír 1 an dá choinníoll seo a leanas:
tá siad ainmnithe san airgeadra céanna agus atá na taiscí a ghlac an institiúid;
ní théann a meánaibíocht go suntasach thar mheánaibíocht na dtaiscí a ghlac an institiúid.
Institiúid a eisiann risíochtaí ar a banc ceannais óna tomhas iomlán risíochta i gcomhréir le mír 1, nochtfaidh sí freisin an cóimheas luamhánaithe a bheadh aici mura ndéanfadh sí na risíochtaí sin a eisiamh.
Airteagal 500c
Róluaineachtaí a eisiamh ó ríomh na suiminne cúltástála i bhfianaise phaindéim COVID-19
De mhaolú ar Airteagal 325bf, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí, in imthosca eisceachtúla agus i gcásanna aonair, na róluaineachtaí atá fianaithe le cúltástáil na hinstitiúide ar athruithe hipitéiseacha nó iarbhír a eisiamh ó ríomh na suiminne a leagtar amach in Airteagal 325bf, ar choinníoll nach dtagann na róluaineachtaí sin as easnaimh sa tsamhail inmheánach agus ar choinníoll gur tharla siad idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2021.
Airteagal 500d
Luach risíochta gnáthcheannach agus gnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh go sealadach i bhfianaise phaindéim COVID-19
Áireoidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú, luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh sa tomhas risíochta iomlán.
Féadfaidh institiúidí luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhritháireamh le luach ainmniúil iomlán an airgid thirim infhála a bhaineann le gnáthdhíolacháin atá le socrú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
socraítear na gnáthcheannaigh agus na gnáthdhíolacháin araon ar bhonn seachadta in aghaidh íocaíochta;
na sócmhainní airgeadais a ceannaíodh agus a díoladh a mbaineann airgead tirim iníoctha agus airgead tirim infhála leo, déantar iad a thomhas ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas agus áirítear i leabhar trádála na hinstitiúide iad.
Airteagal 501
Déanfaidh na hinstitiúidí coigeartú ar na méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ ►C12 riosca-ualaithe ◄ le haghaidh ►C12 neamhchosainta ◄ neamh-mhainneachtana ar FBM (RWEA), a ríomhfar i gcomhréir le Caibidil 2 nó le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
RWEA |
= |
RWEA arna choigeartú le fachtóir tacaíochta FBM; agus |
|
Is ionann E* |
= |
agus ceachtar díobh seo a leanas:
(a)
an méid iomlán a bheidh dlite don institiúid, dá fochuideachtaí, dá máthairghnóthais agus d'fhochuideachtaí eile de chuid na máthairghnóthas sin, lena n-áirítear aon ►C12 neamhchosainta ◄ ar mhainneachtain, ach gan éilimh nó éilimh theagmhasacha, urraithe ar chomhthaobhacht maoine cónaithe, a dhéanann an FBM nó grúpa chliaint nasctha an FBM, san áireamh;
(b)
sa chás gurb ionann an méid iomlán dá dtagraítear i bpointe (a) agus 0, méid na n-éileamh nó na n-éileamh teagmhasach urraithe ar chomhthaobhacht maoine cónaithe, a dhéanann an FBM nó grúpa chliaint nasctha an FBM atá eisiata ó ríomh an mhéid dá dtagraítear sa phointe sin. |
Chun críocha an Airteagail seo:
cuimseofar an neamhchosaint ar FBM in aicme an mhiondíola nó san aicme chorparáideach nó déanfar í a urrú le morgáistí ar aicmí neamhchosanta réadmhaoine dochorraithe ach eisiafar neamhchosaintí ADC;
beidh an bhrí a leagtar síos in Airteagal 5, pointe (9), ag FBM;
tabharfaidh na hinstitiúidí céimeanna réasúnacha chun E* a chinneadh mar is ceart agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (b) a fháil.
Airteagal 501a
Coigeartú ar cheanglais cistí dílse maidir le ►C12 riosca ◄ creidmheasa i gcás eintitis a oibríonn nó a mhaoiníonn struchtúir nó áiseanna, córais agus líonraí fisiciúla a chuireann seirbhísí poiblí ríthábhachtacha ar fáil nó a thugann tacaíocht dóibh
Ceanglais cistí dílse maidir le ►C12 riosca ◄ creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le Teideal II de Chuid III, iolrófar iad faoi fhachtóir 0,75 ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an ►C12 neamhchosaint ◄ na critéir seo a leanas go léir:
sanntar an neamhchosaint don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (g), nó d’aon cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c)(i), (ii) nó (iii), seachas neamhchosaintí ar mainneachtain;
is ►C12 neamhchosaint ◄ í ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun struchtúir nó áiseanna, córais agus líonraí fisiciúla a chuireann seirbhísí poiblí ríthábhachtacha ar fáil nó a thugann tacaíocht dóibh a mhaoiniú;
is é an t-ioncam a ghintear leis na heintitis a bheith maoinithe nó fóirdheontais, deontais nó cistiú a sholáthrófar le ceann amháin nó níos mó de na heintitis a liostaítear i bpointe (b)(i) agus pointe (b)(ii) de mhír 2 a sheasfaidh do mhéid nach lú ná dhá dtrian d'iomlán fhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide, seachas an cumas neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne;
is féidir leis an bhféichiúnaí a oibleagáidí airgeadas a chomhlíonadh fiú má bhíonn dálaí dianstruis ann atá ábhartha i leith phriacal an tionscadail;
tá na sreabha airgid thirim a ghineann an féichiúnaí intuartha agus cumhdaíonn siad na haisíocaíochtaí fiacha uile le linn shaol na hiasachta;
tá riosca athmhaoiniúcháin an fhéichiúnaí íseal nó tá sé maolaithe ar bhealach leordhóthanach, agus fóirdheontais, deontais nó cistiú ar bith arna soláthar ag ceann amháin nó níos mó de na heintitis a liostaítear i mír 2, pointí (b)(i) agus (ii), á gcur san áireamh;
mar gheall ar na socruithe conarthacha, tá ardleibhéal cosanta ag na hiasachtóirí, lena n-áirítear na cineálacha cosanta seo a leanas:
mura mbeidh ioncam an fhéichiúnaithe cistithe ag íocaíochtaí ó líon mór úsáideoirí, beidh forálacha sna socruithe conarthacha lena gcosnaítear go héifeachtach na hiasachtóirí ar chaillteanais a bheadh ann dá gcuirfeadh an páirtí a thoiligh na hearraí nó na seirbhísí a chuireann an féichiúnaí ar fáil deireadh lena thionscadal;
is leor na cúlchistí atá ag an bhféichiúnaí agus tá siad cistithe go hiomlán le hairgead tirim nó is leor na socruithe airgeadais eile atá aige le ráthaithe ag a bhfuil ardrátáil chun cistiú teagmhasach agus ceanglais caipitil oibre a chumhdach le linn shaolré na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo;
tá leibhéal substaintiúil smachta ag na hiasachtóirí ar na sócmhainní agus an ioncam a ghineann an féichiúnaí;
tá sochar na slándála ag na hiasachtóirí, a mhéid is ceadmhach sa dlí is infheidhme i sócmhainní agus conarthaí atá ríthábhachtach do na gnólachtaí bonneagair nó tá sásraí eile acu chun a suíomh a dhéanamh slán;
tá cothromas geallta do na hiasachtóirí sa chaoi gur féidir leo smacht a fháil ar an eintiteas i gcás mainneachtana;
tá teorainn le húsáid glansreabh airgid tirim oibre tar éis íocaíochtaí éigeantacha ón tionscadal chun críoch seachas freastal ar oibleagáidí fiachais;
tá srianta conarthacha le cumas an fhéichiúnaí gníomhaíochtaí a dhéanamh is féidir a dhéanfaidh dochar d'iasachtóirí, lena n-áirítear an srian nach féidir fiacha nua a eisiúint gan cead ó sholáthraithe fiacha atá ann cheana;
is sinsearaí an oibleagáid ná aon éilimh eile seachas éilimh reachtúla agus éilimh ó chontrapháirtithe díorthach;
i gcás ina mbeidh an féichiúnaí ag an gcéim tógála, comhlíonfaidh an t-infheisteoir cothromais na critéir seo a leanas, nó, má bhíonn níos mó ná infheisteoir cothromais amháin ann, comhlíonfaidh grúpa infheisteoirí cothromais le chéile iad:
d'éirigh leis na hinfheisteoirí cothromais maoirseacht cheart a dhéanamh roimhe sin ar thionscadail bonneagair agus ar an neart airgeadais agus an saineolas a bhaineann leo;
Is leor na sásraí atá ar bun chun leas na n-infheisteoirí cothromais a chur in oiriúint do leas na n-iasachtóirí;
tá go leor cosaintí ag an bhféichiúnaí chun a áirithiú go gcríochnófar an tionscadal de réir na sonraíochta an bhuiséid nó an dáta críochnaithe ar ar aontaíodh; lena n-áirítear ráthaíochtaí láidre maidir le críochnú nó rannpháirtíocht tógálaí, ag a bhfuil taithí, agus forálacha conartha leordhóthanacha lena gcuirfear damáistí leachtaithe ar fáil;
más ábhartha na ►C12 riosca ◄ oibríochta, tá bainistiú ceart á dhéanamh orthu;
úsáidfidh an féichiúnaí teicneolaíocht agus dearadh a tástáladh;
fuarthas na ceadúnais agus na húdaruithe uile is gá;
chun críocha maolaithe ►C12 riosca ◄ amháin a úsáideann an féichiúnaí díorthach;
maidir le neamhchosaintí arna dtionscnamh tar éis an 1 Eanáir 2025, mheasúnaigh an féichiúnaí go rannchuidíonn na sócmhainní arna maoiniú ar bhealach dearfach le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 agus nach ndéanann siad dochar suntasach do na cuspóirí eile a leagtar amach san Airteagal sin, nó nach ndéanann na sócmhainní arna maoiniú dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach san Airteagal sin.
Chun críocha phointe (e) de mhír 1, ní mheasfar gur intuartha na sreabha airgid thirim a ghinfear mura gcomhlíonfaidh cuid shubstaintiúil de na hioncaim na coinníollacha seo a leanas:
comhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
is ar infhaighteacht atá na hioncaim bunaithe;
tá na hioncaim faoi réir rialúchán ráta earraí ar ais;
tá na hioncaim faoi réir conradh ráta glac nó íoc;
comhlíonfaidh leibhéal an aschuir nó an úsáid agus an praghas leis/léi féin ceann de na critéir seo a leanas:
mura mbeidh ioncaim an fhéichiúnaí cistithe le híocaíochtaí ó líon mór úsáideoirí, beidh an páirtí a thoileoidh earraí nó seirbhísí an fhéichiúnaí a cheannach ar cheann de na páirtithe seo a leanas:
banc ceannais, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil ar choinníoll go sanntar ualú ►C12 riosca ◄ 0 % dóibh i gcomhréir le hAirteagal 114 nó le hAirteagal 115 nó go sanntar rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa dar méid 3 ar a laghad;
eintiteas earnála poiblí ar choinníoll go sanntar ualú ►C12 riosca ◄ 20 % dó i gcomhréir le hAirteagal 116 nó go sanntar rátáil IMCS dó ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa dar méid 3 ar a laghad;
banc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2);
eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;
eintiteas corparáideach ar sannadh rátáil ECAI dó ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad;
eintiteas is féidir a ionadú gan athrú suntasacha a chur ar leibhéal agus uainiú ioncam.
Chun críocha mhír 4, tabharfaidh UBÉ tuairisc orthu seo a leanas don Choimisiún:
anailís ar éabhlóid na gclaontaí agus na gcoinníollacha iasachta i margaí iasachtaithe bonneagair agus maoinithe tionscadal le linn tréimhse dá dtagraítear i mír 4;
anailís ar an méid ►C12 riosca ◄ iarbhír a bhaineann le heintitis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 le linn timthriall eacnamaíoch iomlán;
comhsheasmhacht an cheanglais cistí dílse a leagtar síos sa Rialachán seo agus torthaí na hanailíse faoi pointí (a) agus (b) den mhír seo.
Airteagal 501b
Maolú ar na ceanglais tuairiscithe
De mhaolú ar Airteagal 430, le linn na tréimhse idir dáta chur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus dáta chéad thíolacadh na dtuarascálacha arna sonrú I ngach ceann sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal sin, féadfaidh údarás inniúil an ceanglas faisnéis a thuairisciú san fhormáid atá sonraithe sna teimpléid atá sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 430(7) a tharscaoileadh i gcás nár tugadh na teimpléid sin cothrom le dáta chun forálacha an Rialacháin seo a léiriú.
TEIDEAL II
TUARASCÁLACHA AGUS ATHBHREITHNIÚ
Airteagal 501c
Láimhseáil stuamachta neamhchosaintí a bhaineann le tosca comhshaoil nó fachtóirí sóisialta
Déanfaidh ÚBE, i ndiaidh dó dul i gcomhairle le BERS, ar bhonn na sonraí atá ar fáil, measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil coigeartú le déanamh ar an láimhseáil thiomnaithe stuamachta neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní nó dliteanais, faoi réir thionchar na dtosca comhshaoil nó sóisialta. Déanfaidh ÚBE an méid a leanas a mheas go háirithe:
infhaighteacht agus inrochtaineacht sonraí iontaofa comhsheasmhacha CSR maidir le gach aicme neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II;
i gcomhairle le ÚEÁPC, a indéanta atá sé modheolaíocht chaighdeánaithe a thabhairt isteach chun na neamhchosaintí a shainaithint agus a cháiliú i gcás gach aicme neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, bunaithe ar shraith choiteann prionsabal d’aicmiú riosca CSR, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis maidir le táscairí riosca aistrithe agus riosca fisiciúla arna gcur ar fáil trí chreataí tuairiscithe nochta inbhuanaitheachta arna nglacadh san Aontas agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu go hidirnáisiúnta, an treoir agus na conclúidí a thagann as na tástálacha struis maoirseachta nó an anailís ar chnámha scéil i ndáil le rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid arna ndéanamh ag ÚBE nó ag na húdaráis inniúla agus, i gcás ina léirítear go hiomchuí na rioscaí CSR, scór ábhartha CSR na rátála riosca creidmheasa arna déanamh ag IMCS ainmnithe;
méid riosca iarbhír na neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní agus gníomhaíochtaí atá faoi réir thionchar na dtosca comhshaoil nó sóisialta i gcomparáid le méid riosca neamhchosaintí eile agus na hathbhreithnithe breise agus níos cuimsithí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcreat ar cheart iad a mheas, agus na forbairtí arna gcomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta ag CBMB á gcur san áireamh;
iarmhairtí féideartha gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha láimhseála stuamachta tiomnaithe coigeartaithe le haghaidh neamhchosaintí a bhaineann le sócmhainní agus gníomhaíochtaí atá faoi réir thionchar na dtosca comhshaoil nó sóisialta ar chobhsaíocht airgeadais agus iasachtú bainc san Aontas;
na feabhsuithe spriocdhírithe a d’fhéadfaí a bhreithniú laistigh den chreat stuamachta atá ann faoi láthair.
Cuirfidh ÚBE tuarascálacha leantacha maidir lena chuid torthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoi na dátaí seo a leanas:
an 9 Iúil 2024 i gcás na measúnuithe a cheanglaítear faoi mhír 1, pointe (e);
an 31 Nollaig 2024 i gcás na measúnuithe a cheanglaítear faoi mhír 1, pointí (a) agus (b);
an 31 Nollaig 2025 i gcás na measúnuithe a cheanglaítear faoi mhír 1, pointí (c) agus (d).
Ar bhonn na dtuarascálacha sin ó ÚBE, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2026.
Airteagal 501d
Forálacha idirthréimhseacha maidir le láimhseáil stuamachta cripteashócmhainní
Faoin 30 Meitheamh 2025, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun láimhseáil stuamachta thiomnaithe a thabhairt isteach le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní, agus na caighdeáin idirnáisiúnta agus Rialachán (AE) 2023/1114 á gcur san áireamh. Áireofar an méid seo a leanas sa togra reachtach sin:
critéir chun cripteashócmhainní a shannadh do chatagóirí éagsúla cripteashócmhainní bunaithe ar a saintréithe riosca agus ar chomhlíonadh coinníollacha sonracha;
ceanglais shonracha cistí dílse maidir le gach riosca a bhaineann le cripteashócmhainní éagsúla;
teorainn chomhiomlán le haghaidh neamhchosaintí ar chineálacha sonracha cripteashócmhainní;
ceanglais shonracha maidir le cóimheas luamhánaithe le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní;
cumhachtaí sonracha maoirseachta a mhéid a bhaineann le neamhchosaintí cripteashócmhainní a shannadh, faireachán agus na ceanglais cistí dílse a ríomh;
ceanglais shonracha leachtachta le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní;
ceanglais maidir le nochtadh agus tuairisciú.
Go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí a gceanglais cistí dílse le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní a ríomh mar a leanas:
déanfar neamhchosaintí cripteashócmhainní ar shócmhainní traidisiúnta téacschomharthaithe a láimhseáil mar neamhchosaintí ar na sócmhainní traidisiúnta a léirítear leo;
déanfar ualú riosca 250 % a shannadh do neamhchosaintí ar chomharthaí sócmhainn-tagartha a gcomhlíonann a n-eisitheoirí Rialachán (AE) 2023/1114 agus a thagraíonn do shócmhainn traidisiúnta amháin nó níos mó;
déanfar ualú riosca 1 250 % a shannadh do neamhchosaintí cripteashócmhainní cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), déanfar neamhchosaintí cripteashócmhainní ar shócmhainní traidisiúnta téacschomharthaithe a mbraitheann a luachanna ar aon chripteashócmhainní eile. a shannadh do phointe (c).
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ÚBE na caighdeáin ghaolmhara arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus arna bhforbairt ag CBMB san áireamh chomh maith leis na húdaruithe atá ann cheana san Aontas faoi Rialachán (AE) 2023/1114.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 502
Timthriallacht na gceanglas caipitil
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis ÚBE, le BERS agus leis na Ballstáit, agus tuairim BCEá cur san áireamh, faireachán tréimhsiúil féachaint an bhfuil éifeachtaí suntasacha ag an Rialachán seo ina iomláine, mar aon le Treoir 2013/36/AE, ar an timthriall eacnamaíoch agus, i bhfianaise an scrúdaithe sin, measfaidh siad an bhfuil údar le bearta ceartaitheacha. Faoin 31 Nollaig 2013, déanfaidh ÚBE tuairisc a thabhairt don Choimisiún ar cheart modheolaíochtaí na n-institiúidí faoin gCur Chuige IBR a chomhtháthú ar mhaithe le ceanglais chaipitil níos inchomparáide, ach comh-thimthriallacht a mhaolú ag an am céanna, agus maidir leis an dóigh a ndéanfaí é sin.
Bunaithe ar an anailís sin agustuairim BCE á cur san áireamh, dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil dhébhliantúil agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í, mar aon le haon tograí iomchuí. Tabharfar aitheantas leormhaith do ranníocaíochtaí ó pháirtithe glactha creidmheasa agus iasachta creidmheasa nuair a bheidh an tuarascáil á dréachtú.
Faoin 31 Nollaig 2014, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil ar chur i bhfeidhm Airteagal 33(1)(c) agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Maidir leis an bhféidearthacht Airteagal 33(1)(c) a dhíothú agus maidir leis an bhféidearthacht í a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais, áiritheofar go sonrach san athbhreithniú go mbeidh cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm d'fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú sna Ballstáit uile.
Airteagal 503
Ceanglais cistí dílse maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ i bhfoirm bannaí faoi chumhdach
Tabharfar aird sa tuarascáil agus sna tograí dá dtagraítear i mír 1 do na nithe seo a leanas:
a mhéad a dhéantar idirdhealú leordhóthanach leis na ceanglais rialála caipitil atá ann faoi láthair agus atá infheidhme maidir le bannaí faoi chumhdach ar dhifríochtaí idir cáilíocht chreidmheasa na mbannaí faoi chumhdach agus an chomhthaobhacht a bhfuil na bannaí faoi chumhdach urraithe ina coinne, lena n-áirítear méid na ndifríochtaí i measc na mBallstát;
trédhearcacht mhargaí na mbannaí faoi chumhdach agus a mhéad a éascaítear léi anailís chuimsitheach inmheánach a dhéanann infheisteoirí maidir le ►C9 riosca ◄ creidmheasa na mbannaí faoi chumhdach agus maidir leis an gcomhthaobhacht dhócmhainneacht an eisitheora, lena n-áirítear éifeachtaí maolaithe an dianchreata fholuitigh náisiúnta dlí i gcomhréir le hAirteagal 129 den Rialachán seo agus Airteagal 52 (4) de Threoir 2009/65/CE maidir le cáilíocht creidmheasa fhoriomlán banna atá faoi chumhdach agus na himpleachtaí atá aige sin ar an trédhearcacht atá riachtanach d'infheisteoirí; agus
a mhéid a bhíonn éifeacht ag eisiúint bannaí cumhdaithe arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa ar ►C9 riosca ◄ creidmheasa a bhfuil creidiúnaithe eile na hinstitiúide eisiúna ar a ris ina choinne.
Airteagal 504
Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime
Tabharfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2016 agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an ÚBE, tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, mar aon le tograí iomchuí ar bith, faoinar ghá an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 28a a leasú nó a scrios.
Airteagal 504a
Sealúchais ionstraimí dliteanas incháilithe
Faoin 28 Meitheamh 2022, cuirfidh ÚBE tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le méideanna agus dáileadh sealúchas d'ionstraimí dliteanas incháilithe ar na hinstitiúidí sin a shainaithnítear mar G-SIInna nó O-SIInna agus maidir leis na bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann do réiteach agus maidir leis an ►C9 riosca ◄ gabhála i ndáil leis na sealúchais sin.
Bunaithe ar an tuarascáil ó ÚBE, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 28 Meitheamh 2023 maidir le láimhseáil iomchuí na sealúchas sin agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.
Airteagal 505
Athbhreithniú ar mhaoiniú talmhaíochta
Faoin 31 Nollaig 2030, ullmhóidh ÚBE tuarascáil maidir leis an tionchar atá ag ceanglais an Rialacháin seo ar mhaoiniú talmhaíochta, lena n-áirítear an tionchar ar an méid seo a leanas:
oiriúnacht ualaithe thiomnaithe riosca do cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, le haghaidh neamhchosaintí ar fhiontar talmhaíochta;
i gcás inarb infheidhme, critéir a bhfuil bonn cirt leo ó thaobh stuamachta de chun an t-ualach tiomnaithe riosca sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta, chomh maith le cuimsiú neamhchosaintí san aicme chorparáideach, in aicme an mhiondíola nó a n-urrú trí mhorgáistí ar aicmí neamhchosanta réadmhaoine dochorraithe;
an t-ailíniú leis an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system” [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] agus an tionchar comhfhreagrach comhshaoil de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/852, go háirithe leis na táscairí arna mbailiú i Líonra Sonraí an Aontais um Chuntasaíocht Feirme, lena léirítear scóir ó thaobh rannchuidithe de maidir leis an méid seo a leanas:
glanastaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh an heicteáir;
úsáid lotnaidicídí agus leasachán in aghaidh an heicteáir;
cóimheasa éifeachtúlachta mianraí na hithreach, lena n-áirítear carbón, amóinia, fosfáit agus nítrigin in aghaidh an heicteáir;
éifeachtúlacht úsáide uisce;
dearbhú maidir le tionchar dearfach ar na táscairí dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) den phointe seo le lógó an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 43 ).
Airteagal 506
Riosca creidmheasa – árachas creidmheasa
Faoin 30 Meitheamh 2024, cuirfidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEÁPC, tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le hincháilitheacht agus úsáid polasaí árachais creidmheasa mar theicníc um maolú riosca creidmheasa, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:
oiriúnacht na bparaiméadar riosca gaolmhar dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidlí 3 agus 4;
anailís ar an riosca éifeachtach agus iarbhír a bhaineann le neamhchosaintí riosca creidmheasa i gcás inar aithníodh árachas creidmheasa mar theicníc um maolú riosca creidmheasa;
comhsheasmhacht na gceanglas cistí dílse a leagtar síos sa Rialachán seo agus torthaí na hanailíse faoi phointí (a) agus (b).
Ar bhonn na tuarascála sin, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2024 chun an láimhseáil is infheidhme maidir le hárachas creidmheasa dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, a leasú.
Airteagal 506a
GCanna ag a bhfuil punann fholuiteach de bhannaí ceannasacha de chuid an limistéir euro
Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le BERS agus ÚBE, tuarascáil a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2021 ina ndéanfaidh sé measúnú ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le hathruithe ar an gcreat rialála chun an margadh le haghaidh risíochtaí i bhfoirm aonaid nó scaireanna i GCanna ag a bhfuil punann fholuiteach nach bhfuil inti ach bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, a chur chun cinn mar aon le ceannach na risíochtaí sin ag bainc, i gcás ina bhfuil ualú coibhneasta bhannaí ceannasacha gach Ballstáit i bpunann iomlán an GC comhionann le hualú coibhneasta ranníocaíocht chaipitil gach Ballstáit le BCE.
Airteagal 506b
Urrúsuithe NPE
Airteagal 506c
Riosca creidmheasa – idirghníomhú idir laghduithe caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus paraiméadair riosca creidmheasa
Faoin 31 Nollaig 2026, tuairisceoidh ÚBE don Choimisiún ar an gcomhsheasmhacht idir an tomhas reatha ar riosca creidmheasa agus na paraiméadair riosca creidmheasa aonair agus ar láimhseáil aon choigeartuithe chun easnamh IRB nó barrachas IRB dá dtagraítear in Airteagal 159 a ríomh, agus ar a chomhsheasmhacht le cinneadh an luacha neamhchosanta i gcomhréir le hAirteagal 166 agus le meastachán LGD.
Breithneofar sa tuarascáil sin an t-uaschaillteanas eacnamaíoch féideartha a eascraíonn as teagmhas mainneachtana chomh maith leis an gcumhdach a baineadh amach i dtéarmaí laghduithe caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ag cur aon laghduithe Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá bunaithe ar chuntasaíocht san áireamh, lena n-áirítear iad siúd ó chaillteanais creidmheasa ionchasacha nó coigeartuithe luacha chóir, agus aon lascaine ar neamhchosaintí a fuarthas, agus impleachtaí eile le haghaidh asbhaintí rialála.
Airteagal 506d
Láimhseáil stuamachta urrúsúcháin
Airteagal 506e
Cosaint creidmheasa neamhchistithe ar a bhfuil uasteorainn nó atá socraithe ar íosráta a aithint
Faoin 10 Iúil 2026, cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas:
na coinníollacha nach mór do ráthaíochtaí lena mbaineann uasteorainneacha nó íosrátaí arna gcinneadh ar leibhéal punainne neamhchosaintí (“ráthaíochtaí punainne”) a chomhlíonadh chun iad a cháiliú mar urrúsúchán;
an láimhseáil rialála is infheidhme faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4, maidir le ráthaíochtaí punainne i gcás nach gcáilíonn siad mar urrúsúchán;
cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 maidir le ráthaíochtaí punainne i gcás ina gcáilíonn na ráthaíochtaí sin mar urrúsúchán;
cur i bhfeidhm Airteagal 234 maidir le ráthaíochtaí aonair a mbíonn tráinsiú mar thoradh orthu.
Déanfaidh ÚBE measúnú sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar an méid seo a leanas go háirithe:
maidir le mír 1, pointe (a), na coinníollacha faoina n-eascraíonn aistriú riosca i dtráinsí as ráthaíochtaí punainne;
maidir le mír 1, pointe (b):
critéir incháilitheachta ábhartha na ráthaíochtaí punainne faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4;
cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4;
maidir le mír 1, pointe (d), cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 agus i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 5, den Rialachán seo.
Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2027.
Airteagal 506f
Láimhseáil stuamachta idirbheart maoinithe urrús
Faoin 10 Iúil 2026, tuairisceoidh ÚBE chuig an gCoimisiún maidir le tionchar an chreata nua le haghaidh idirbhearta maoinithe urrús i dtéarmaí ceanglas cistí dílse a shanntar d’idirbhearta maoinithe urrús comhfhreagracha ar gníomhaíochtaí de chineál an-ghearrthéarmach iad, agus béim ar leith á leagan ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar mhargaí fiachais cheannasaigh i dtéarmaí acmhainneacht cruthaithe margaidh agus costais.
Déanfaidh ÚBE measúnú féachaint an iomchuí athchalabrú a dhéanamh ar na hualuithe gaolmhara riosca, i bhfianaise na rioscaí gaolmhara maidir le haibíochtaí, go háirithe i gcás aibíochtaí iarmharacha ar lú iad ná aon bhliain amháin.
Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2027.
Airteagal 507
►C12 Neamhchosainti ◄ móra
Déanfaidh UBÉ faireachán ar an úsáid a bhaintear as díolúintí a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 390(6), i bpointe (f) go pointe (m) d'Airteagal 400(1), agus i bpointe (a), pointe (c) go pointe (g), pointe (i), pointe (j) agus pointe (k) d'Airteagal 400(2) agus faoi cheann 28 Meitheamh 2021, cuirfidh sé tuairisc chuig an gCoimisiún ina ndéantar measúnú ar an tionchar cainníochtúil a bheadh ann dá mbainfí na díolúintí sin nó dá socrófaí teorainn maidir lena n-úsáid. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas, go háirithe, i gcás gach díolúine dá bhforáiltear sna hAirteagail sin:
líon na ►C12 neamhchosainti ◄ móra atá díolmhaithe i ngach Ballstát;
líon na n-institiúidí a bhaineann úsáid as an díolúine i ngach Ballstát;
méid comhiomlán na ►C12 neamhchosainti ◄ móra atá díolmhaithe i ngach Ballstát.
Airteagal 508
Leibhéal an chur i bhfeidhm
▼M9 —————
Airteagal 509
Ceanglais maidir le leachtacht
Tabharfar aird chuí sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar a bhfuil ag titim amach sna margaí agus sa rialáil idirnáisiúnta mar aon le hidirghníomhaíocht an cheanglais maidir le cumhdach leachtachta le ceanglais stuamachta eile faoin rialachán seo amhail cóimheasa caipitil ►C9 riosca ◄ mar a leagtar amach in Airteagal 92 agus sna cóimheasa giarála.
Tabharfar an deis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Déanfaidh ÚBE measúnú ina thuarascáil go háirithe ar an méid seo a leanas:
foráil a dhéanamh do shásraí lena gcuirtear srian ar luach na n-insreabh leachtachta, go háirithe d'fhonn uasteorainn iomchuí insreibhe a chinneadh chomh maith leis na coinníollacha lena cur i bhfeidhm, lena gcuirfear san áireamh samhlacha éagsúla gnó lena n-áirítear maoiniú faoi bhealach, fachtóiriú, léasú, bannaí faoi chumhdach, morgáistí, eisiúint bannaí faoi chumhdach, agus a mhéid ba cheart an chaidhp sin a leasú nó a bhaint chun í a oiriúnú do shonraíochtaí maoinithe speisialaithe;
calabrúchán an mhéid insreabh agus an mhéid eis-sreabh dá dtagraítear i gCuid a Sé Teideal II go háirithe faoi Airteagal 422(7) agus Airteagal 425 (2).
sásraí a chur ar fáil lena gcuirtear srianta ar na ceanglais maidir le cumhdach leachtachta ag catagóirí ar leith sócmhainní leachtacha, go háirithe an t-íoschéatadán iomchuí do shócmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointí (a) (b) agus (c) de mhír 1 d'Airteagal 416(1) a mheas go dtí iomlán na sócmhainní leachtacha, lena ndéanfaí tairseach 60 % a thástáil agus lena gcuirtear forbairtí rialála idirnáisiúnta san áireamh. Níor cheart go gcuirfí sócmhainní atá dlite nó inghlaoite laistigh de 30 lá féilire i gcuntas sa teorainn 60 % mura bhfuarthas na sócmhainní i gcoinne comhthaobhachta a cháilíonn freisin faoi phointí (a), (b) agus(c) d'Airteagal 416;
foráil a dhéanamh do rátaí sonracha níos ísle eis-sreibhe agus/nó rátaí sonracha níos airde insreibhe a le haghaidh sreabh inghrúpaina shonrófar na coinníollacha sin faoina mbeadh údar leis na rátaí sonracha insreibhe nó eis-sreibhe sin ó thaobh stuamachta de agus ina leagfar amach an achoimre ardleibhéil ar mhodheolaíocht ina n-úsáidtear critéir agus paraiméadair oibiachtúla d'fhonn leibhéil shonracha insreabha agus eis-sreabha a chinneadh idir an institiúid agus an contrapháirtí i gcás nach sa Bhallstát céanna atá siad bunaithe.
calabrú na rátaí íostarraingtí is infheidhme maidir leis an gcreidmheas geallta neamhtharraingthe agus áiseanna leachtachta faoi Airteagal 424(3) agus (5). Déanfaidh ÚBE tástail, go háirithe, ar ráta íostarraingte 100 %;
an sainmhíniú ar thaisce miondíola i bpointe (2) Airteagal 411, go háirithe a oiriúnaí a bheadh sé tairseach a thabhairt isteach maidir le taiscí daoine nádúrtha;
an gá le catagóir nua taisce miondíola a thabhairt isteach lena mbaineann eis-sreabhadh níos ísle i bhfianaise saintréithe taiscí den chineál sin lena bhféadfaí bonn cirt a sholáthar d'eis-sreabhadh níos ísle agus lena gcuirtear forbairtí idirnáisiúnta san áireamh;
maoluithe ó cheanglais maidir le comhdhéanamh na sócmhainní leachtacha a mbeidh sé de cheangal ar institiúidí iad a bheith á sealbhú acu, i gcás inar mó riachtanais chuí-réasúnaithe chomhchoiteanna na n-institiúidí le haghaidh sócmhainní leachtacha ná líon na sócmhainní leachtacha sin atá ar fáil in airgeadra ar leith agus coinníollacha ar cheart do mhaoluithe sin bheith faoina réir;
an sainmhíniú ar tháirgí airgeadais i gcomhréir le Shari'ah mar mhalairt rogha ar shócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtachta chun críocha Airteagal 416, lena n-úsáid ag bainc a fheidhmíonn i gcomhréir le Shari'ah.
an sainmhíniú ar dhálaí struis, lena n-áirítear prionsabail le haghaidh na húsáide a d'fhéadfaí a bhaint as stoc na sócmhainní leachtacha agus na freagairtí maoirseachta a mbeadh gá leo le go mbeadh institiúidí in ann a gcuid sócmhainní leachtacha a úsáid chun freagairt d'eis-sreabha leachtachta agus conas aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh;
an sainmhíniú ar an ngaol oibríochtúil atá bunaithe le haghaidh custaiméara neamh-airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 422(3)c);
calabrú an ráta eis-sreabhaidh is infheidhme chun a bheith comhfhreagrach le seirbhísí baincéireachta agus bróicéireachta príómha dá datagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 422(4);
sásraí chun marthanú a dhéanamh ar bhannaí atá ráthaithe ag rialtais agus a eisítear chuig institiúidí creidmheasa mar chuid de bhearta tacaíochta Rialtais, a bhfuil formheas státchabhrach an Aontais acu, amhail bannaí arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) in Éirinn nó an Chuideachta um Bainistíocht Sócmhainní sa Spáinn, atá ceaptha chun sócmhainní is cúis le fadhbanna a bhaint de chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa, mar shócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa thar a bheith ard acu.
Tabharfar an deis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an tuarascáil sin.
Ba cheart go ndéanfaí an méid a leanas a mheas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
catagóirí eile de shócmhainní incháilithe, go háirithe urrúis chónaithe le taca morgáistí ar cháilíocht ard leachtach agus creidmheasa,
catagóirí eile d'urrúis nó iasachtaí incháilithe bainc cheannais, mar shampla bannaí rialtais áítiúil, agus páipéar tráchtála agus
sócmhainní nach bhfuil incháilithe don bhanc ceannais ach sócmhainní intrádála amhail cothromais a liostaítear ar mhalartán aitheanta, ór, ionstraimí cothromais mórinnéacs, bannaí atá ráthaithe, bannaí faoi chumhdach, agus bannaí agus cistí corparáideacha bunaithe ar na sócmhainní sin, a mheas sa tuarascáil freisin.
Déanfaidh an ÚBE tástáil go háirithe ar leordhóthanacht na gcritéar seo a leanas agus ar na leibhéil iomchuí maidir le sainmhínithe den sórt sin:
íosmhéid trádála na sócmhainní
íosmhéid trádála na sócmhainní, gan íoc
faisnéis praghsála agus iarthrádála thrédhearcach;
na céimeanna den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear i gCuid 3, Teideal II, Caibidil 2;
cuntas cruthaithe ar chobhsaíocht praghsanna;
méid a trádáladh ar an meán agus meánmhéid na trádála;
an raon tairisceana is atairisceana;
an t-am atá fágtha go dtí an aibíocht;
íoschóimheas láimhdeachais;
Faoin 31 Eanáir 2014, tabharfaidh an ÚBE tuarascáil maidir leis an méid seo a leanas chomh maith:
sainmhínithe aonfhoirmeacha ar leachtacht ard agus fíor-ard agus ar cháilíocht chreidmheasa;
iarmhairtí neamhbheartaithe an tsainmhínithe ar shócmhainní leachtacha ar iompar oibríocht bheartas airgeadaíochta agus:
a mhéid a fhéadfaidh liosta sócmhainní leachtacha atá dínasctha ó liosta sócmhainní incháilithe an bhainc cheannais institiúidí a dhreasú chun sócmhainne incháilithe nach bhfuil san áireamh sa sainmhíniú ar shócmhainní leachtacha in oibríochtaí athmhaoinithe a thíolacadh;
a mhéid a fhéadfaidh rialáil leachtachta institiúidí a dhídhreasú ó iasachtaí a thabhairt nó a fháil ar mhargaí airgid neamhurraithe agus an amhlaidh go n-ardódh sé sin ceist i dtaobh an chaoi a bhfuil EONIA á dhíriú agus beartas maoinithe á gcur chun feidhme;
a mhéid a fhéadfaidh sé a bheith níos deacra do bhainc cheannais cobhsaíocht praghsanna a áirithiú leis an gcreat beartais airgeadaíochta agus na hionstraimí atá ann cheana nuair a thabharfar an ceanglas maidir el cumhdach leachtachta isteach.
na ceanglais oibriúcháin do shealúchais sócmhainní leachtacha, dá dtagraítear i bpointe (b) go (f) d'Airteagal 417, i gcomhréir le forbairtí rialála idirnáisiúnta.
Airteagal 510
Ceanglais maidir le Glanchistiúchán Cobhsaí
Faoin 31 Nollaig 2015, cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin freisin, bunaithe ar na hítimí a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le Cuid a Sé, Teideal III agus i gcomhréir le formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 415(3) agus tar éis dul i gcomhairle le BERS, maidir le modheolaíochtaí lena gcinntear suim an chistithe chobhsaí atá ar fáil do na hinstitiúidí agus a éilíonn siad agus maidir leis na sainmhínithe aonfhoirmeacha iomchuí chun an ceanglas sin maidir le glanchistiúchán cobhsaí a ríomh, ina scrúdaítear an méid seo a leanas go háirithe:
na catagóirí agus na hualuithe a chuirtear i bhfeidhm ar fhoinsí cistiúcháin chobhsaí in Airteagal 427(1);
na catagóirí agus na hualuithe a chuirtear i bhfeidhm chun an ceanglas maidir le cistiúchán cobhsaí in Airteagal 428(1) a chinneadh;
leis na modheolaíochtaí, tabharfar dreasachtaí agus dídhreasachtaí mar is iomchuí chun cisitiú cobhsaí fadtéarmach sócmhainní, gníomhaíochtaí gnó, infheistiú agus cistiú d'institiúidí a spreagadh.
an gá atá ann modheolaíochtaí éagsúla a fhorbairt do chineálacha éagsúla institiúidí.
Déanfaidh UBÉ faireachán ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh chun an ►C12 riosca ◄ cistiúcháin a chumhdach a bhaineann leis na conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa in imeacht thréimhse aon bhliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí, go háirithe ►C12 riosca ◄ cistiúcháin todhchaíoch na gconarthaí díorthacha sin a leagtar amach i mír 428s(2) agus mír 428at(2) d'Airteagal 428, agus cuirfidh sé tuarascáil chuig an gCoimisiún faoin deis fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh níos airde nó beart atá níos íogaire ó thaobh ►C12 riosca ◄ de a ghlacadh faoin 28 Meitheamh 2024. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
an deis idirdhealú a dhéanamh ar chonarthaí díorthach atá faoi chumhdach corrlaigh nó gan cumhdach corrlaigh;
an deis an ceanglas a leagtar amach i mír 428s(2) agus 428at(2) d'Airteagal 428 a bhaint, a mhéadú nó a ionadú;
an deis athrú a dhéanamh ar bhonn níos leithne ar láimhseáil conarthaí díorthach i dtaca le ríomh an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí, mar a leagtar amach in Airteagal 428k(4), 428s(2), pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 428ag; Airteagal 428ah(2), Airteagal 428al(4), Airteagal 428al(4), Airteagal 428at(2), pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 428ay agus ag Airteagal 428az(2) agus chun an ►C12 riosca ◄ cistiúcháin a bhaineann leis na conarthaí sin in imeacht thréimhse aon bhliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí a léiriú ar bhealach níos fearr;
an tionchar a bheadh ag na hathruithe sin atá beartaithe ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí a theastaíonn le haghaidh chonarthaí díorthach na n-institiúidí.
►M20 Déanfaidh ÚBE faireachán ar mhéid an chistithe chobhsaí a theastaíonn chun an riosca cistiúcháin a chumhdach a bhaineann le hidirbhearta um maoiniú urrús, lena n-áirítear na sócmhainní a fhaightear nó a thugtar sna hidirbhearta sin, agus le hidirbhearta neamhurraithe le custaiméirí airgeadais, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí ag na hidirbhearta sin. Tuairisceoidh ÚBE don Choimisiún faoin 31 Eanáir 2029, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, maidir le hiomchuí an cheanglais chistiúcháin chobhsaí sin. Agus forbairtí idirnáisiúnta agus láimhseáil rialála idirbheart comhchosúil i ndlínsí eile á gcur san áireamh, déanfar measúnú sna tuarascálacha sin ar an méid seo a leanas ar a laghad: ◄
an deis fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí nó fachtóir níos ísle cistiúcháin chobhsaí a chur i bhfeidhm ar idirbhearta um maoiniú urrús le custaiméirí airgeadais agus ar idirbhearta neamhurraithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí le custaiméirí airgeadais chun aird níos fearr a thabhairt ar an ►C12 riosca ◄ cistiúcháin a bhaineann leo in imeacht thréimhse aon bhliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí agus ar na héifeachtaí gabhála a d'fhéadfadh a bheith idir chustaiméirí airgeadais;
an deis an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (g) d'Airteagal 428r(1) a chur i bhfeidhm ar idirbhearta um maoiniú urrús arna gcomhthaobhú le cineálacha eile sócmhainní;
an deis fachtóirí cistiúcháin chobhsaí a chur i bhfeidhm ar ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe arna n-úsáid in idirbhearta um maoiniú urrús agus idirbhearta caipitil faoi thionchar an mhargaidh de rogha ar an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 428p(5);
leordhóthanacht na láimhseála neamhshiméadraí idir dliteanais ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí arna soláthar ag custaiméirí airgeadais atá faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 428k(3), pointe (c), agus sócmhainní a thagann as idirbhearta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí le custaiméirí airgeadais atá faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %, 5 % nó 10 % i gcomhréir le hAirteagal 428r(1), pointe (g), le hAirteagal 428s(1), pointe (b) agus le hAirteagal 428v, pointe (a);
an tionchar a bheadh ag tabhairt isteach fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh is airde nó is ísle le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús, go háirithe idirbhearta ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná 6 mhí, le custaiméirí airgeadais, ar na nithe seo a leanas:
struchtúr praghsanna na n-idirbheart sin; agus
leachtacht mhargaidh sócmhainní a fhaightear mar chomhthaobhacht sna hidirbhearta sin, go háirithe bannaí ceannasacha agus bannaí corparáideacha;
an tionchar a bheadh ag na hathruithe atá beartaithe ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí is gá le haghaidh idirbhearta na n-institiúidí sin, go háirithe le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí le custaiméirí airgeadais i gcás ina bhfaightear bannaí ceannasacha mar chomhthaobhacht sna hidirbhearta sin.
▼M20 —————
Déanfaidh UBÉ faireachán ar mhéid an chistiúcháin chobhsaí a bheidh de dhíth chun an ►C12 riosca ◄ cistiúcháin a chumhdach a bhaineann le sealúchais urrús a bhíonn ag institiúidí chun conarthaí díorthach a fhálú. Cuirfidh ÚBE tuarascáil ar oiriúnacht na láimhseála faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2023. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an láimhseáil ar chumas infheisteoirí ►C12 neamhchosaint ◄ a bheith acu ar shócmhainní agus tionchar na láimhseála ar sholáthar creidmheasa in aontas na margaí caipitil;
an deis ceanglais cistiúcháin cobhsaí choigeartaithe a chur i bhfeidhm maidir le hurrúis a shealbhaítear chun díorthaigh a fhálú agus a chistítear, go hiomlán nó i bpáirt, le corrlach tosaigh;
an deis ceanglais cistiúcháin cobhsaí choigeartaithe a chur i bhfeidhm maidir le hurrúis a shealbhaítear chun díorthaigh a fhálú agus nach gcistítear le corrlach tosaigh.
Airteagal 511
Luamhánú
Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2020, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an méid seo a leanas:
cé acu is iomchuí nó nach ea formhuirear cóimheasa luamhánaithe a thabhairt isteach le haghaidh (O-SIInna); agus
cé acu is iomchuí nó nach ea sainmhíniú agus ríomh an tomhais iomláin ►C12 neamhchosainta ◄ dá dtagraítear in Airteagal 429(4), lena n-áirítear an láimhseáil ar chúlchistí an bhainc ceannais.
Airteagal 512
Faoin 31 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar thionchar agus ar éifeachtacht fhorálacha Chuid a Cúig chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i bhfianaise fhorbairtí an mhargaidh idirnáisiúnta.;
Airteagal 513
Rialacha macrastuamachta
Faoin 30 Meitheamh 2022, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, measfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus ÚBE, cibé acu is leor nó nach leor na rialacha macrastuamachta sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE chun ►C12 riosca ◄ shistéamacha a mhaolú in earnálacha, i réigiúin, agus i mBallstáit, agus measfaidh sé freisin:
an bhfuil na huirlisí macrastuamachta reatha atá sa Rialachán nó i dTreoir 2013/36/AE éifeachtach, éifeachtúil agus trédhearcach;
an leordhóthanach an cumhdach agus an méid forluí a d'fhéadfadh a bheith ann leis na huirlisí macrastuamachta chun díriú ar phriacail chomhchosúla sa Rialachán nó i dTreoir 2013/36/AE agus rialacha nua macrastuamachta a mholadh más iomchuí;
an chaoi a n-idirghníomhaíonn na caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta d'institiúidí sistéamacha leis na forálacha atá sa Rialachán seo nó i dTreoir 2013/36/AE agus molfaidh sé rialacha nua macrastuamachta más iomchuí lena gcuirfí na caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta san áireamh;
ar cheart cineálacha eile ionstraimí, amhail ionstraimí iasachtaí-bhunaithe, a chur leis na huirlisí macrastuamachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE chun ionstraimí caipitealbhunaithe a chomhlánú agus chun úsáid chomhchuibhithe na n-ionstraimí sa mhargadh inmheánach a cheadú; á chur san áireamh an bhfuil sainmhínithe comhchuibhithe na n-ionstraimí sin, agus tuairisciú a sonraí faoi seach ar leibhéal an Aontais, réamhriachtanach maidir le hionstraimí den chineál sin a thabhairt isteach;
ar cheart an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(1a) a chur i bhfeidhm freisin maidir le hinstitiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus nach G-SIInna iad, ar cheart a chalabrú a bheith éagsúil ón gcalabrú do G-SIInna, agus ar cheart a chalabrú a bheith ag brath ar leibhéal thábhacht shistéamach na hinstitiúide;
ar cheart an chómhalartacht dheonach atá ann faoi láthair maidir le bearta macrastuamachta a dhéanamh éigeantach agus an bonn iomchuí chun é sin a dhéanamh nó nach ea an creat reatha don chómhalartacht dheonach de chuid BERS;
conas is féidir uirlisí nua a shainordú d'údaráis ábhartha an Aontais agus d'údaráis náisiúnta macrastuamachta chun dul i ngleic le ►C12 riosca ◄ shistéamacha atá ag teacht chun cinn mar gheall ar ►C12 neamhchosainti ◄ institiúidí creidmheasa ar an earnáil neamhbhainc, go háirithe ó mhargaí díorthach agus ó mhargaí idirbheart um maoiniú urrús, ar an earnáil bainistíochta sócmhainní agus ar earnáil an árachais.
Airteagal 514
An modh chun an luach ►C12 neamhchosainta ◄ ar idirbhearta díorthach a ríomh
Airteagal 515
Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh
Airteagal 516
Maoiniú fadtéarmach
Faoin 31 Nollaig 2015, tuairisceoidh an Coimisiún maidir le tionchar an rialacháin sin i ndáil le hinfheistíochtaí fadtéarmacha a spreagadh i mbonneagar lena gcothaítear fás
Airteagal 517
Sainmhíniú ar chaipiteal incháilithe
Faoin 31 Nollaig 2014, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil ar oiriúnacht an tsainmhínithe ar chaipiteal incháilithe atá á chur i bhfeidhm chun críocha Theideal IV de Chuid a Dó agus Chuid a Ceathair agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, agus togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Airteagal 518
Athbhreithniú ar na hionstraimí Caipitil ar féidir iad a dhíluacháil nó a thiontú tráth nach mbeidh inmharthanacht ann
Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisceoidh sé ar cheart go mbeadh sa Rialachán seo ceanglas go ndéantar ionstraimí caipitil a dhíluacháil i gcás cinnidh nach bhfuil institiúid inmharthanach a thuilleadh. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ina teannta.
Airteagal 518a
Athbhreithniú ar na forálacha trasmhainneachtana
Tráth nach déanaí ná 28 Meitheamh 2022, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus measúnú cé acu is iomchuí nó nach ea a cheangal go bhféadfaí tarrtháil inmheánach a dhéanamh ar dhliteanais incháilithe gan clásail trasmhainneachtana i gconarthaí eile a ghníomhachtú, chun a éifeachtaí atá an uirlis tarrthála inmheánaí a neartú agus chun measúnú a dhéanamh cé acu is ceart nó nach ceart foráil neamh-thrasmhainneachtana a thagraíonn do dhliteanais incháilithe a áireamh sna téarmaí nó sna conarthaí lena rialaítear dliteanais eile. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an athbhreithniú agus leis an measúnú sin i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 518b
Tuarascáil maidir le róluaineachtaí agus cumhachtaí maoirseachta chun teorainn a chur le dáileacháin
Faoin 31 Nollaig 2021, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle á rá an dtugann imthosca eisceachtúla lena spreagtar suaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach i bhfeidhmiú ordúil agus i sláine na margaí airgeadais bonn cirt don mhéid seo a leanas:
ceadú d’údaráis inniúla, le linn tréimhsí den sórt sin, róluaineachtaí a eisiamh ó shamhlacha inmheánacha na n-institiúidí i leith priacal margaidh nach dtagann as easnaimh sna samhlacha sin;
cumhachtaí ceangailteacha breise a dheonú d’údaráis inniúla, le linn tréimhsí den sórt sin, chun srianta a fhorchur ar dháileacháin arna ndéanamh ag institiúidí.
Breithneoidh an Coimisiún bearta breise, más iomchuí.
Airteagal 518c
Athbhreithniú ar an gcreat um cheanglais stuamachta
Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid fhoriomlán an chórais baincéireachta sa mhargadh aonair, i ndlúthchomhar le ÚBE agus BCE, agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hoiriúnacht chreataí rialála agus maoirseachta an Aontais don bhaincéireacht.
Déanfar breithniú sa tuarascáil sin ar na hathchóirithe a rinneadh ar an earnáil baincéireachta tar éis na géarchéime móire airgeadais agus déanfar a mheas an áirithítear leo sin leibhéal leordhóthanach cosanta do thaisceoirí agus an gcosnaítear an chobhsaíocht airgeadais ar leibhéal na mBallstát, an aontais baincéireachta agus an Aontais.
Breithneofar sa tuarascáil sin freisin gnéithe uile an aontais baincéireachta, chomh maith le cur chun feidhme an íosráta aschuir mar chuid de na ceanglais chaipitil agus leachtachta ar bhonn níos ginearálta. I ndáil leis sin, breithneoidh an Coimisiún go cuí na ráitis chomhfhreagracha agus na conclúidí comhfhreagracha maidir le haontas baincéireachta Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí araon.
Airteagal 519
Sócmhainní faoi chistí pinsin sainithe a asbhaint as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
Faoin 30 Meitheamh 2014, ullmhóidh ÚBE tuairisc an dtiocfaidh luaineacht mhíchuí i gcistí dílse institiúidí mar gheall ar an CCI 19 athbhreithnithe de réir mar, taobh leis an laghdú ar ghlansócmainní pinsin arna leagan amach in Airteagal 36(1)(e) agus taobh le hathruithe i glansócmhainní pinsin.
Agus an tuarascáil óÚBE á cur san áireamh, faoin 31 Nollaig 2014 ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tsaincheist dá dtagraítear sa chéad fhomhír, le chéile le togra reachtach i gcás inarb iomchuí chun modh láimhseála a thabhairt isteach lena gcoigeartófar glantairbhithe sainithe i ndáil le sócmhainní nó dliteanais i gcistí pinsin d'fhonn cistí dílse a ríomh.
Airteagal 519a
Tuairisciú agus athbreithniú
Faoin1 Eanáir 2022, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Chaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí i bhfianaise forbairtí sna margaí urrúsúcháin, lena n-áirítear ó thaobh na macrastuamachta agus na heacnamaíochta de. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí, agus déanfar measúnú ann ar na pointí seo a leanas, go háirithe:
an tionchar a bheidh ag an ordlathas modhanna a leagtar amach in Airteagal 254 agus an tionchar a bheidh ag ríomh méideanna risíochta suíomhanna urrúsúcháin a leagtar amach in Airteagal 258 go hAirteagal 266 ar ghníomhaíocht eisiúna agus infheistíochta a dhéanann institiúidí i margaí urrúsúcháin san Aontas;
an tionchar ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus na mBallstát, ag díriú, go háirithe, ar amhantraíocht ar mhargadh na maoine dochorraithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar mhéadú ar an idirnasc idir institiúidí airgeadais;
na bearta a bheadh de dhíth chun aon éifeachtaí diúltacha urrúsúcháin ar chobhsaíocht airgeadais a laghdú agus cur ina n-aghaidh, agus an éifeacht dhearfach ar mhaoiniú a chaomhnú san am céanna, lena n-áirítear uasteorainn risíochta ar urrúsuithe a d’fhéadfaí a thabhairt isteach; agus
na héifeachtaí ar chumas na n-institiúidí airgeadais sruth cistithe cobhsaí inbhuanaithe a chur ar fáil don fhíorgheilleagar, ag díriú ar FBManna go háirithe; agus
an chaoi a bhféadfaí critéir maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil a chomhtháthú sa chreat urrrúsaithe, lena n-áirítear i gcás risíochtaí ar urrúsuithe NPE.
Sa tuarascáil, cuirfear san áireamh freisin forbairtí rialála i bhfóraim idirnáisiúnta, go háirithe na cinn sin a bhaineann le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hurrúsú.
Airteagal 519b
Ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12 riosca ◄ margaidh
TEIDEAL IIA
RIALACHA A CHUR CHUN FEIDHME
Airteagal 519c
Uirlis um chomhlíonadh
Cuirfidh an uirlis dá dtagraítear i mír 1 ar chumas gach institiúide an méid seo ar a laghad a dhéanamh:
na forálacha ábhartha atá le comhlíonadh i ndáil le méid agus samhail ghnó na hinstitiúide a shainaithint go mear;
na hathruithe a dhéanfar ar ghníomhartha reachtacha agus ar na forálacha cur chun feidhme, na treoirlínte agus na teimpléid a bhaineann leis an reachtaíocht sin a leanúint.
Airteagal 519d
An creat um íosrátaí caolchorrlaigh le haghaidh idirbhearta maoinithe urrús
Breithneofar an méid seo a leanas go léir sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:
leibhéal an luamhánaithe lasmuigh den chóras baincéireachta san Aontas agus a mhéid a d’fhéadfadh an creat um íosrátaí caolchorrlaigh an luamhánú sin a laghdú dá n-éireodh sí iomarcach;
ábharthacht na n-idirbheart maoinithe urrús arna sealbhú ag institiúidí san Aontas atá faoi réir an chreata um íosrátaí caolchorrlaigh, lena n-áirítear miondealú ar na hidirbhearta maoinithe urrús sin nach gcomhlíonann na híosrátaí caolchorrlaigh;
an tionchar measta a bheidh ag an gcreat um íosrátaí caolchorrlaigh ar institiúidí san Aontas faoin dá chur chuige chur chun feidhme a mhol an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, eadhon rialáil margaidh nó ceanglas cistí dílse níos pionósaí faoin Rialachán seo, i gcás nach gcoigeartódh institiúidí san Aontas caolchorrlaigh ar a n-idirbhearta maoinithe urrús chun na híosrátaí caolchorrlaigh a chomhlíonadh, agus an tionchar measta a bheidh ag creat um íosrátaí caolchorrlaigh i gcás malartach ina gceartódh na hinstitiúidí san Aontas na caolchorrlaigh sin chun na híosrátaí caolchorrlaigh a chomhlíonadh;
na príomhrudaí a spreagann na tionchair mheasta sin, chomh maith leis na hiarmhairtí neamhbheartaithe féideartha a bhaineann le creat um íosrátaí caolchorrlaigh a thabhairt isteach maidir le feidhmiú mhargaí na n-idirbheart maoinithe urrús san Aontas;
an cur chuige cur chun feidhme ab éifeachtaí chun cuspóirí rialála an chreata um íosrátaí caolchorrlaigh a bhaint amach i bhfianaise na mbreithnithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus an chothroime iomaíochta ar fud earnáil airgeadais san Aontas á cur san áireamh.
Airteagal 519 e
Riosca oibriúcháin
Faoin 10 Eanáir 2028, tuairisceoidh ÚBE an méid seo a leanas chuig an gCoimisiún:
úsáid árachais i gcomhthéacs ceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca oibriúcháin;
cibé a fhéadfaidh, nó nach bhféadfaidh, arbatráiste rialála a bheith mar thoradh ar an aithint aisghabhálacha árachais tríd an gcaillteanas riosca oibriúcháin bliantúil a laghdú gan laghdú comhréireach a dhéanamh ar an gcaillteanas neamhchosanta oibriúcháin iarbhír;
cibé atá, nó nach bhfuil, tionchar éagsúil ag aithint aisghabhálacha árachais ar chumhdach iomchuí caillteanas athfhillteach agus cúlchaillteanas féideartha;
infhaighteacht agus cáilíocht na sonraí a úsáideann institiúidí agus a gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca oibriúcháin á ríomh acu.
Ar bhonn na tuarascála sin, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 10 Eanáir 2029.
Airteagal 519f
Comhréireacht
Ullmhóidh ÚBE tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar an gcreat stuamachta foriomlán d’institiúidí beaga agus neamhchasta, agus ina ndéanfar an méid seo a leanas go háirithe:
na ceanglais sin a mheasúnú freisin i ndáil le grúpaí baincéireachta agus samhlacha sonracha gnó;
ábharthacht institiúidí beaga agus neamhchasta ar leibhéal na hinstitiúide agus de réir réigiúin a chur san áireamh chun cobhsaíocht airgeadais agus soláthar creidmheasa a chaomhnú i bpobail áitiúla.
Agus roghanna le haghaidh athruithe ar an gcreat stuamachta á mbreithniú aige, is é a bheidh mar phrionsabal uileghabhálach ag ÚBE go mbeidh aon cheanglais shimplithe níos coimeádaí.
Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2027.
TEIDEAL III
LEASUITHE
Airteagal 520
Leasú ar Rialachán (AE) 648/2012
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 mar seo a leanas:
Cuirtear an téacs seo a leanas leis an téacs atá i dTeideal IV:
“CAIBIDIL 4
Ríomhanna agus tuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 575/2013
Airteagal 50a
Ríomh an KCPL
Déanfaidh contrapháirtí lárnach an caipiteal hipitéiseach (KCPL) a ríomh mar seo a leanas:
nuair atá:
|
EBRMi |
= |
luach na ►C9 neamhchosanta ◄ roimh mhaolú an ►C9 riosca ◄ atá cothrom le luach ►C9 neamhchosanta ◄ an chontrapháirtí lárnaigh ar chomhalta imréitigh a thagann as gach conradh agus idirbheart leis an gcomhalta imréitigh sin, arna ríomh gan an chomhthaobhacht a bhreacann an comhalta imréitigh sin a chur san áireamh; |
|
IMi |
= |
an corrlach tosaigh arna breacadh ag comhalta imréitigh i le contrapháirtí lárnach; |
|
DFi |
= |
ranníocaíocht réamh-mhaoinithe chomhalta imréitigh i; |
|
RW |
= |
►C9 ualach riosca ◄ 20 %; |
|
cóimheas caipitil |
= |
8 %. |
Maidir leis na luachanna uile ata sa chéad fhomhír, bainfidh siad leis an luacháil ag deireadh an lae sula malartófar an corrlach a glaodh ar ghlaoch corrlaigh deireanach an lae sin.
Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla maidir le cur i bhfeidhm lena sonrófar na gnéithe seo a leanas chun críocha mír 3:
minicíochtaí agus dátaí na ríomhanna a leagtar síos i mír 2;
cásanna ina bhféadfadh údarás inniúil institiúide atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh minicíochtaí níos airde de ríomh agus de thuairisciú ná na cinn dá dtagraítear i bpointe (a) a iarraidh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 01.01.14.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.'
Airteagal 50b
Rialacha ginearálta maidir le ríomh an KCPL
Chun críocha an ríofa arna leagan síos in Airteagal 50a(2), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
déanfaidh contrapháirtí lárnach luach a ►C9 neamhchosanta ◄ ar a chomhaltaí imréitigh a róimh mar seo a leanas:
►C9 neamhchosaintí ◄ mar gheall ar chonarthaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1)(a) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, déanfaidh sé iad a ríomh i gcomhréir leis an modh um marcáil ón margadh a leagtar síos in Airteagal 274 de;
maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ mar gheall ar chonarthaí liostaithe in Airteagal 301(1)(b), (c) agus (e) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ríomhfar iad i gcomhréir leis an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais a shonraítear in Airteagal 223 den Rialachán seo agus le coigeartuithe maoirseachta luaineachta a shonraítear in Airteagal 223-224 den Rialachán sin; ní bheidh feidhm ag an eisceacht a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 285(3);
maidir le hinstitiúidí a thiteann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh 575/2013is ionann na tacair ghlanluachála agus iad siúd a shainmhínítear faoi Chuid III, Teideal II den Rialachán sin.;
Nuair a dhéanann sé na luachanna sin a ríomh dá dtagraítear i bpointe (a), asbhainfidh an contrapháirtí lárnach an chomhthaobhacht arna breacadh ag a chomhaltaí imréitigh óna ►C9 neamhchosaintí ◄ , arna laghdú go hiomchuí ag na coigeartuithe luaineachta maoirseachta i gcomhréir leis an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais a shonraítear in Airteagal 224 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013.
i gcás ina bhfuil ►C9 neamhchosaintí ◄ ag contrapháirtí lárnach ar chontrapháirtí lárnach amháin nó níos mó, déanfaidh sé ►C9 neamhchosaintí ◄ den sórt sin a láimhseáil amhail is gur ►C9 neamhchosaintí ◄ ar chomhaltaí imréitigh iad agus cuirfidh sé aon chorrlach nó ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe a fhaightear ó na contrapháirtithe lárnacha sin san áireamh chun KCPL a ríomh;
I gcás ina bhfuil socrú conarthach ceangailteach i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh nó roinnt díobh a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, déanfaidh an contrapháirtí lárnach an chorrlaigh tosaigh sin a mheas mar ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe chun críocha an ríofa i mír 1 agus murab ionann agus corrlach tosaigh.
agus an Modh um Marcáil ón Margadh á chur i bhfeidhm mar a leagtar sin amach in Airteagal 274 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, cuirfidh contrapháirtí lárnach an fhoirmle seo a leanas in ionad na foirmle sin atá i bpointe (c)(ii) in Airteagal 298(1) den Rialachán seo curtha isteach ag OP]:
nuair a ríomhtar uimhreoir an NGR i gcomhréir le hAirteagal 274(1) den Rialachán sin agus díreach sula malairtítear na corrlaigh athrúcháin ag deireadh na tréimhse socraíochta, agus is é an t-ainmneoir an costas athsholáthair comhiomláin;
i gcás nach bhfuil contrapháirtí lárnach in ann luach NGR a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (c)(ii) d'Airteagal 298(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013curtha isteach ag OP], déanfaidh sé an méid seo a leanas:
cuirfidh sé na comhaltaí imréitigh sin atá aige agus atá ina n-institiúidí agus chuig a údaráis inniúla faoina éagumas chun an NGR a ríomh agus na cúiseanna nach raibh sé in ann tabhairt faoin ríomh;
ar feadh tréimhse trí mhí, féadfaidh sé luach NGR 0,3 a úsáid chun PCE red a ríomh mar a shonraítear i bpointe (h) den Airteagal seo;
i gcás ina mbeadh, ag deireadh na tréimhse a shonraítear i bpointe (ii) de phointe (g), an contrapháirtí lárnach fós neamhábalta luach NGR a ríomh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
stadfaidh sé de KCPL a ríomh;
tabharfaidh sé fógra do na comhaltaí imréitigh sin ar institiúidí iad agus a n-institiúidí inniúla gur stad sé de KCPL a ríomh;
d'fhonn an
►C9
neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch a ríomh maidir le roghanna agus roghtálacha faoin Modh um Marcáil ón Margadh a shonraítear in Airteagal 274 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 déanfaidh contrapháirtí lárnach méid barúlach an chonartha a iolrú faoi luach absalóideach dheilt an rogha
mar a shainmhínítear sin i bpointe (a) d'Airteagal 280(1) den Rialachán sin;
nuair atá níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin ag contrapháirtí lárnach, déanfaidh sé an ríomh arna leagan síos in Airteagal 50a(2) ar gach ciste mainneachtana ina aonar.
Airteagal 50c
Faisnéis a thuairisciú
Chun críocha Airteagal 308 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013curtha isteach ag OP], tuairisceoidh an contrapháirtí lárnach an fhaisnéis seo a leanas chuig na comhaltaí imréitigh sin atá aige agus atá ina n-institiúidí agus chuig a údaráis inniúla.
an caipiteal hipitéiseach (KCPL);
suim na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe (DFCM);
suim a acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe a bhfuil ceangal air a úsáid - de réir an dlí nó mar gheall ar chomhaontú conarthach lena chomhaltaí imréitigh - chun a chaillteanais a chumhdach mar gheall ar mhainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh sula n-úsáideann sé ranníocaíochtaí ciste mainneachtana na gcomhaltaí imréitigh eile (DFCPL);
líon iomlán a chomhaltaí imréitigh (N);
an fachtóir comhchruinnithe (β), mar a leagtar amach é in Airteagal 50d.
Nuair atá níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin ag contrapháirtí lárnach, déanfaidh sé an fhaisnéis a thuairisciú sa chéad fhomhír maidir le gach ciste mainneachtana ina aonar
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn an méid seo a leanas a shonrú:
an teimpléad aonfhoirmeach chun críocha an tuairiscithe arna sonrí i mír 1;
minicíochtaí agus dátaí an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2;
cásanna ina bhféadfadh údarás inniúil institiúide atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh minicíochtaí níos airde de thuairisciú ná na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) a iarraidh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 50d
Ríomh na n-ítímí sonracha a bheidh le tuairisciú ag an gcontrapháirtí lárnach
Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
Nuair a fhéachtar leis faoi rialacha an chontrapháirtí lárnaigh go n-úsáidfidh sé cuid nó iomlán a n-acmhainní airgeadais taobh leis na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe óna chomhaltaí imréitigh i gcaoi lena bhfágtar na hacmhainní sin ar chomhchéim le ranníocaíochtaí réamh-mhaointihe ó chomhalta imréitigh i dtéarmaí conas a ionsúitear na caillteanais a thabhaíonn an contrapháirtí lárnach i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta ag ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí imréitigh, cuirfidh an contrapháirtí lárnach méid comhfhreagrach na n-acmhainní sin leis an DFCM;
a chur le méid iomlán na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe (DF) mar seo a leanas:
.
ríomhfaidh contrapháirtí lárnach an fachtóir comhchruinnithe (β) i gcomhréir leis na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
PCEred,i |
= |
an figiúr laghdaithe maidir le ►C9 neamhchosaint ◄ fhéideartha todhchaí ar chreidmheas maidir le gach conradh agus idirbheart contrapháirtí lárnaigh le comhalta imréitigh i; |
|
PCEred,1 |
= |
an figiúr laghdaithe maidir le ►C9 neamhchosaint ◄ fhéideartha todhchaíoch ar chreidmheas maidir le gach conradh agus idirbheart contrapháirtí lárnaigh leis an gcomhalta imréitigh a bhfuil an luach PCEred is mó aige; |
|
PCEred,2 |
= |
an figiúr laghdaithe maidir le ►C9 neamhchosaint ◄ fhéideartha todhchaí ar chreidmheas maidir le gach conradh agus idirbheart contrapháirtí lárnaigh le comhalta imréitigh a bhfuil an dara luach PCEred is mó aige; |
”
In Airteagal 11(15), scriostar pointe (b);
Cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 89:
Go dtí 15 mhí tar éis an dáta nuair a thagann an ceann is déanaí de na caighdeáin theicniúla rialála i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagail 16, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, nó go dtí go ndéantar cinneadh faoi Airteagal 25 maidir le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh, cibé dáta is luaithe, cuirfidh an contrapháirtí lárnach sin an láimhseáil sin i bhfeidhm a shonraítear sa tríú fomhír den mhír seo.
Go dtí na sprioc-amanna a shainítear sa chéad dá fomhír den mhír seo, agus faoi réir an ceathrú mír den mhír seo, i gcás nach bhfuil ciste mainneachtana ag contrapháirtí lárnach agus nach bhfuil socrú ceangailteach i bhfeidhm aige lena chomhaltaí imréitigh lena ligtear dó an corrlach tosaigh ina iomláine, nó cuid de, a úsáid mar chorrlach a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh amhail is go mba ranníocaíochtaí réamhchistithe iad, áireofar san fhaisnéis a thuairscíonn sé i gcomhréir le hAirteagal 50a(1) méid iomlán an chorrlaigh tosaigh a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh (CI).
Maidir leis na spriocdhátaí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír den mhír seo, féadfar iad a shíneadh sé mhí breise i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh de bhun Airteagal 497(3) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 a ghlacadh.”
Airteagal 520a
Cur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh
Maidir le Cuid a Trí, Teideal IV, agus na ceanglais maidir le riosca margaidh in Airteagail 430, 430b, 445 agus 455 den Rialachán seo sa leagan atá i bhfeidhm an 8 Iúil 2024, leanfaidh institiúidí dá gcur i bhfeidhm go dtí an 1 Eanáir 2027.
CUID a hAON DÉAG
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 521
Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014, seachas:
Airteagail 8(3), 21 agus Airteagal 451(1), a mbeidh feidhm acu ón 1 Eanáir 2015;
Airteagal 413(1), a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2016;
forálacha an Rialacháin seo lena gcuirtear ceanglas ar ÚMEanna dréachtchaighdeáin theicniúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus forálacha an Rialacháin sin lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a mbeidh feidhm acu ón 28 Meitheamh 2013.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Aicmiú ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe
|
Buicéad |
Ítimí |
|
1 |
(a) Díorthaigh chreidmheasa agus ráthaíochtaí ginearálta féichiúnais, lena n-áirítear litreacha creidmheasa teannta a fhónann mar ráthaíochtaí airgeadais le haghaidh iasachtaí agus urrús, agus glacachtaí, lena n-áirítear formhuinithe de chineál glacachtaí, chomh maith le haon ionadaithe creidmheasa díreacha eile; (b) Comhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh agus díolachán sócmhainní agus iontaoibh i gcás ina bhfanann an riosca creidmheasa leis an institiúid; (c) Urrúis arna dtabhairt ar iasacht ag an institiúid nó urrúis arna bpostáil ag an institiúid mar chomhthaobhacht, lena n-áirítear cásanna ina n-eascraíonn siad sin as idirbhearta bunaithe ar chomhaontú athcheannaigh; (d) Réamhcheannacháin sócmhainní, réamhthaiscí agus scaireanna agus urrúis pháirtíoctha, a léiríonn gealltanais le híostarraingt áirithe; (e) Ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ina gcuimsítear ionadaí creidmheasa i gcás nach n-áirítear é go sainráite in aon chatagóir eile; (f) Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ina n-iompraítear riosca den chineál céanna agus mar a chuirtear in iúl do ÚBE iad. |
|
2 |
(a) Saoráidí eisiúna nótaí (NIFanna) agus saoráidí frithgheallta imrothlacha (RUFanna) gan beann ar aibíocht na saoráide foluití; (b) Bannaí feidhmíochta, bannaí tairisceana, barántais agus litreacha creidmheasa teannta a bhaineann le hidirbhearta áirithe agus míreanna teagmhasacha den chineál céanna a bhaineann le hidirbhearta, cé is moite de ítimí maoinithe trádála atá lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear i mbuicéad 4; (c) Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ina n-iompraítear riosca den chineál céanna, mar a thuairiscítear do ÚBE iad. |
|
3 |
(a) Méid neamhtharraingthe na ngealltanas, gan beann ar aibíocht na saoráide forluití, mura dtagann siad faoi chatagóir eile; (b) Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ina n-iompraítear riosca den chineál céanna, mar a thuairiscítear do ÚBE iad. |
|
4 |
(a) Ítimí maoinithe trádála atá lasmuigh den chlár comhardaithe: (i) barántais, lena n-áirítear bannaí tairisceana agus feidhmíochta agus ráthaíochtaí gaolmhara maidir le réamh-mhaoiniú agus coinneáil, agus ráthaíochtaí nach de chineál ionadaithe creidmheasa iad; (ii) litreacha creidmheasa teannta neamh-inchúlghairthe nach de chineál ionadaithe creidmheasa iad; (iii) litreacha creidmheasa trádála gearrthéarmacha, féinleachtaitheacha a eascraíonn as gluaiseacht earraí, go háirithe creidmheasanna doiciméadacha arna gcomhthaobhú leis an loingsiú bunúsach, i gcás institiúid eisiúna nó institiúid daingniúcháin; (b) Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ina n-iompraítear riosca den chineál céanna, mar a thuairiscítear do ÚBE iad. |
|
5 |
(a) Méid neamhtharraingthe na ngealltanas atá inchealaithe go neamhchoinníollach; (b) Méid neamhtharraingthe na línte creidmheasa miondíola dá gceadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi ghníomhartha dlíthiúla gaolmhara; (c) Saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe le haghaidh ráthaíochtaí tairisceana agus feidhmíochta is féidir a chur ar ceal gan choinníoll tráth ar bith gan fógra roimh ré, nó nach bhforáiltear go héifeachtach iontu maidir le d’uathchealú de bharr meathlú in acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí; (d) Ítimí eile lasmuigh den chlár comhardaithe ina n-iompraítear riosca den chineál céanna, mar a thuairiscítear iad do ÚBE. |
IARSCRÍBHINN II
Cineálacha díorthach
1. Conarthaí ráta úis
babhtálacha rátaí úis airgeadra aonair;
babhtálacha bonnrátaí;
comhaontuithe ar réamhráta;
todhchaíochtaí ráta úis;
roghanna rátaí úis;
conarthaí eile dá samhail.
2. Conarthaí i malairt eachtrach agus conarthaí maidir le hór:
babhtálacha rátaí úis trasairgeadra;
réamhchonarthaí i malairt eachtrach;
todhchaíochtaí airgeadra;
roghanna airgeadra;
conarthaí eile dá samhail;
conarthaí de shamhail (a) go (e) maidir le hór.
3. Conarthaí de shamhail na gconarthaí sin i bpointí 1(a) go (e) agus i bpointí 2(a) go (d) den Iarscríbhinn seo maidir le hítimí nó innéacsanna tagartha eile. Áirítear leis sin ar a laghad gach ionstraim a shonraítear i bpointí (4) to (7), (9), (10) agus (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE nach n-áirítear ar shlí eile i bpointe 1 ná i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo.
IARSCRÍBHINN III
Ítimí faoi réir tuairiscithe fhorlíontaigh maidir le sócmhainní leachtacha
1. Airgead tirim;
2. ►C9 neamhchosaintí ◄ i gcúlchistí bainc ceannais, a mhéid is gur féidir na neamhchonsaintí sin a íostarraingt i dtréimhsí struis;
3. urrúis inaistrithe in ionannas le héilimh ar stáit, ar bhainc cheannais, ar eintiteas earnála poiblí neamhrialtais lárnaigh, ar réigiúin a bhfuil neamhspleáchas buiséadach acu chun cáin a ghearradh agus a bhailiú agus ar údaráis áitiúla, ar an mBanc le haghaidh Socruithe Idirnáisiúnta, ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ar an Aontas Eorpach, ar an Saoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach, ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, nó ar bhainc forbartha iltaobhacha, nó éilimh a ráthaíonn siad, agus na coinníollacha seo ar fad a leanas á gcomhlíonadh:
sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Chuid a Trí de Theideal II, Caibidil 2;
ní oibleagáid de chuid institiúide nó gnólachta infheistíochta nó de chuid ceann ar bith dá heintitis chleamhnaithe iad.
4. urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointe (3) agus iad in ionannas le héilimh ar stáit nó ar bhainc cheannais nó le héilimh a ráthaíonn siad acu, a d'eisigh an stát nó an banc ceannais in airgeadraí intíre san airgeadra agus sa tír ina nglactar an ►C9 riosca ◄ leachtachta nó ina eisítear é in airgeadra eachtrach, a mhéad atá sealbhú féich den sórt sin comhoiriúnach le riachtanais leachtachta oibríochtaí an bhainc sa tríú tír sin;
5. Urrúis inaistrithe in ionannas le héilimh ar stáit, ar bhainc cheannais, ar eintitis earnála poiblí neamhrialtais lárnaigh, ar réigiúin a bhfuil neamhspleáchas buiséadach acu chun cáin a ghearradh agus a bhailiú agus ar údaráis áitiúla, nó ar bhainc forbartha iltaobhacha agus na coinníollacha seo a leanas ar fad á gcomhlíonadh:
sanntar ►C9 ualach riosca ◄ 20 % dóibh faoi Cuid a Trí de Theideal II, Caibidil 2;
ní oibleagáid de chuid institiúide nó gnólachta infheistíochta nó de chuid ceann ar bith dá heintitis chleamhnaithe iad.
6. urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointí 3, 4 agus 5 a cháilíonn ►C9 d'ualach riosca ◄ 20 % nó níos mó ná sin faoi Roinn 2 de Theideal III, Caibidil 3 nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus aon cheann de na coinníollacha seo a leanas á chomhlíonadh:
ní hionann iad agus éileamh ar SSPE, ar institiúid nó gnólacht infheistíochta nó ar cheann ar bith dá heintitis chleamhnaithe;
is bannaí iad atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5);
is bannaí faoi chumhdach iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (b) den phointe seo.
7. Urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointe 3 go pointe 6 a cháilíonn d'ualú ►C11 riosca ◄ 50 % nó níos mó ná sin faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus ní hionann iad agus éileamh ar SSPE, ar institiúid nó gnólacht infheistíochta nó ar cheann ar bith dá heintitis chleamhnaithe.
8. Urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointí (3) go (7) atá comhthaobhaithe le sócmhainní, cáilíonn siad ►C9 d'ualach riosca ◄ 35 % nó níos mó ná sin faoi Roinn 2 de Theideal III, Caibidil 3 nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus atá ráthaithe go huile is go hiomlán ag morgáistí ar mhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 125.
9. Áiseanna creidmheasa teannta a dheonaíonn na bainc cheannais laistigh de raon feidhme an bheartais airgeadaíochta sa mhéid nach ndéantar na háiseanna sin a chomhthaobhú le sócmhainní leachtacha ach gan cúnamh éigeandála leachtachta a bheith san áireamh;
10. I gcás ina bhfuil an institiúid chreidmheasa bainteach i líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó le forálacha reachtúla, na híostaiscí dlíthiúla nó reachtúla atá san institiúid lárnach chreidmheasa agus cistiú leachtach eile reachtúil nó cistiú atá ar fáil ar bhonn conarthach ón institiúid lárnach chreidmheasa nó ó institiúidí ar baill iad den líonra dá dtagraítear in Airteagal 113 (7), nó atá incháilithe don tarscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 10, sa mhéid nach gcomhthaobhaítear an cistiú sin le sócmhainní leachtacha;
11. Scaireanna gnáthchothromais atá trádáilte ar an stocmhalartán agus atá imréitithe ar bhonn lárnach, agus atá mar fhochuid de mhórinnéacs malartáin, ainmnithe in airgeadra intíre an Bhallstáit agus nach n-eisítear ag institiúid ná gnólacht infheistíochta ná ag aon cheann de chleamhnaithe na hinstitiúide nó an ghnólachta infheistíochta sin.
12. ór, atá liostaithe ar mhalartán aitheanta, a shealbhaítear ar bhonn leithdháilte.
Ní mór do gach ítim, seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe 1,2 agus a 9 na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
déantar iad a thrádáil i gcomhaontú athcheannaigh simplí nó margaí airgid thirim arb é a bpríomhthréith leibhéal íseal comhchruinnithe;
tá siad cruthaithe mar fhoinse iontaofa leachtachta trí chomhaontú athcheannaigh nó trí dhíolachán fiú le linn dálaí struis sa mhargadh;
go bhfuil siad neamhualaithe.
IARSCRÍBHINN IV
Tábla Comhghaoil
|
An Rialachán seo |
Treoir 2006/48/CE |
Treoir 2006/49/CE |
|
Airteagal 1 |
|
|
|
Airteagal 2 |
|
|
|
Airteagal 3 |
|
|
|
Pointe (1) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4 (1) |
|
|
Pointe (2) d'Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3(1)b |
|
Pointe (3) d'Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3(1)c |
|
Pointe (4) d'Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3(1)p |
|
Pointí (5)-(7) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (8) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(18) |
|
|
Pointí (9)-(12) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (13) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(41) |
|
|
Pointe (14) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(42) |
|
|
Pointe (15) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(12) |
|
|
Pointe (16) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(13) |
|
|
Pointe (17) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(3) |
|
|
Pointe (18) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(21) |
|
|
Pointe (19) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (20) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(19) |
|
|
Pointe (21) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (22) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(20) |
|
|
Pointe (23) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (24) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (25) d'Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3(1)c |
|
Pointe (26) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(5) |
|
|
Pointe (27) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (28) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(14) |
|
|
Pointe (29) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(16) |
|
|
Pointe (30) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(15) |
|
|
Pointe (31) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(17) |
|
|
Pointí (32)-(34) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (35) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(10) |
|
|
Pointe (36) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (37) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(9) |
|
|
Pointe (38) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(46) |
|
|
Pointe (39) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(45) |
|
|
Pointe (40) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(4) |
|
|
Pointe (41) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(48) |
|
|
Pointe (42) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(2) |
|
|
Pointe (43) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(7) |
|
|
Pointe (44) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(8) |
|
|
Pointe (45) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (46) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(23) |
|
|
Pointí (47)-(49) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (50) d'Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3(1)e |
|
Pointe (51) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (52) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(22) |
|
|
Pointe (53) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(24) |
|
|
Pointe (54) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(25) |
|
|
Pointe (55) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(27) |
|
|
Pointe (56) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(28) |
|
|
Pointe (57) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(30) |
|
|
Pointe (58) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(31) |
|
|
Pointe (59) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(32) |
|
|
Pointe (60) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(35) |
|
|
Pointe (61) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(36) |
|
|
Pointe (62) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(40) |
|
|
Pointe (63) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(40a) |
|
|
Pointe (64) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(40b) |
|
|
Pointe (65) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(43) |
|
|
Pointe (66) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(44) |
|
|
Pointe (67) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(39) |
|
|
Pointí (68)-(71) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (72) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(47) |
|
|
Pointe (73) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(49) |
|
|
Pointí (74)-(81) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (82) d'Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3(1)m |
|
Pointe (83) d'Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(33) |
|
|
Pointí (84)-(91) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (92) d'Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3(1)i |
|
Pointí (93)-(117) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Pointe (118) d'Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3(1)r |
|
Pointí (119)-(128) d'Airteagal 4(1) |
|
|
|
Airteagal 4(2) |
|
|
|
Airteagal 4(3) |
|
|
|
Airteagal 5 |
|
|
|
Airteagal 6(1) |
Airteagal 68(1) |
|
|
Airteagal 6(2) |
Airteagal 68(2) |
|
|
Airteagal 6(3) |
Airteagal 68(3) |
|
|
Airteagal 6(4) |
|
|
|
Airteagal 6(5) |
|
|
|
Airteagal 7(1) |
Airteagal 69(1) |
|
|
Airteagal 7(2) |
Airteagal 69(2) |
|
|
Airteagal 7(3) |
Airteagal 69(3) |
|
|
Airteagal 8(1) |
|
|
|
Airteagal 8(2) |
|
|
|
Airteagal 8(3) |
|
|
|
Airteagal 9(1) |
Airteagal 70(1) |
|
|
Airteagal 9(2) |
Airteagal 70(2) |
|
|
Airteagal 9(3) |
Airteagal 70(3) |
|
|
Airteagal 10(1) |
Airteagal 3(1) |
|
|
Airteagal 10(2) |
|
|
|
Airteagal 11(1) |
Airteagal 71(1) |
|
|
Airteagal 11(2) |
Airteagal 71(2) |
|
|
Airteagal 11(3) |
|
|
|
Airteagal 11(4) |
Airteagal 3(2) |
|
|
Airteagal 11(5) |
|
|
|
Airteagal 12 |
|
|
|
Airteagal 13(1) |
Airteagal 72(1) |
|
|
Airteagal 13(2) |
Airteagal 72(2) |
|
|
Airteagal 13(3) |
Airteagal 72(3) |
|
|
Airteagal 13(4) |
|
|
|
Airteagal 14(1) |
Airteagal 73(3) |
|
|
Airteagal 14(2) |
|
|
|
Airteagal 14(3) |
|
|
|
Airteagal 15 |
|
Airteagal 22 |
|
Airteagal 16 |
|
|
|
Airteagal 17(1) |
|
Airteagal 23 |
|
Airteagal 17(2) |
|
|
|
Airteagal 17(3) |
|
|
|
Airteagal 18(1)- |
Airteagal 133(1) fomhír 1 |
|
|
Airteagal 18(2) |
Airteagal 133(1) fomhír 2 |
|
|
Airteagal 18(3) |
Airteagal 133(1) fomhír 3 |
|
|
Airteagal 18(4) |
Airteagal 133(2) |
|
|
Airteagal 18(5) |
Airteagal 133(3) |
|
|
Airteagal 18(6) |
Airteagal 134(1) |
|
|
Airteagal 18(7) |
|
|
|
Airteagal 18(8) |
Airteagal 134(2) |
|
|
Airteagal 19(1) |
Airteagal 73(1) (b) |
|
|
Airteagal 19(2) |
Airteagal 73(1) |
|
|
Airteagal 19(3) |
Airteagal 73(1) fomhír 2 |
|
|
Airteagal 20(1) |
Airteagal 105(3) Airteagal 129(2) agus Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointí 30 agus 31 |
|
|
Airteagal 20(2) |
Airteagal 129(2) fomhír 3 |
|
|
Airteagal 20(3) |
Airteagal 129(2) fomhír 4 |
|
|
Airteagal 20(4) |
Airteagal 129(2) fomhír 5 |
|
|
Airteagal 20(5) |
|
|
|
Airteagal 20(6) |
Airteagal 84(2) |
|
|
Airteagal 20(7) |
Airteagal 129(2) fomhír 6 |
|
|
Airteagal 20(8) |
Airteagal 129(2) fomhíreanna 7 agus 8 |
|
|
Airteagal 21(1) |
|
|
|
Airteagal 21(2) |
|
|
|
Airteagal 21(3) |
|
|
|
Airteagal 21(4) |
|
|
|
Airteagal 22 |
Airteagal 73(2) |
|
|
Airteagal 23 |
|
Airteagal 3(1) fomhír 2 |
|
Airteagal 24 |
Airteagal 74 (1) |
|
|
Airteagal 25 |
|
|
|
Airteagal 26 (1) |
Airteagal 57(a) |
|
|
Airteagal 26 (1)(a) |
Airteagal 57(a) |
|
|
Airteagal 26 (1)(b) |
Airteagal 57(a) |
|
|
Airteagal 26 (1)(c) |
Airteagal 57(b) |
|
|
Airteagal 26 (1)(d) |
|
|
|
Airteagal 26 (1)(e) |
Airteagal 57(b) |
|
|
Airteagal 26 (1)(f) |
Airteagal 57(c) |
|
|
Airteagal 26 (1) an chéad fo-mhír |
Airteagal 61 fomhír 2 |
|
|
Airteagal 26 (2)(a) |
Airteagal 57 fo-mhír 2, 3 agus 4 |
|
|
Airteagal 26 (2)(b) |
Airteagal 57 2, 3 agus 4 |
|
|
Airteagal 26 (3) |
|
|
|
Airteagal 26 (4) |
|
|
|
Airteagal 27 |
|
|
|
Airteagal 28(1)(a) |
|
|
|
Airteagal 28(1)(b) |
Airteagal 57(a) |
|
|
Airteagal 28(1)(c) |
Airteagal 57(a) |
|
|
Airteagal 28(1)(d) |
|
|
|
Airteagal 28(1)(e) |
|
|
|
Airteagal 28(1)(f) |
|
|
|
Airteagal 28(1)(g) |
|
|
|
Airteagal 28(1)(h) |
|
|
|
Airteagal 28(1)(i) |
Airteagal 57(a) |
|
|
Airteagal 28(1)(j) |
Airteagal 57(a) |
|
|
Airteagal 28(1)(k) |
|
|
|
Airteagal 28(1)(l) |
|
|
|
Airteagal 28(1)(m) |
|
|
|
Airteagal 28(2) |
|
|
|
Airteagal 28(3) |
|
|
|
Airteagal 28(4) |
|
|
|
Airteagal 28(5) |
|
|
|
Airteagal 29 |
|
|
|
Airteagal 30 |
|
|
|
Airteagal 31 |
|
|
|
Airteagal 32(1)(a) |
|
|
|
Airteagal 32(1)(b) |
Airteagal 57 fomhír 4 |
|
|
Airteagal 32(2) |
|
|
|
Airteagal 33(1)(a) |
Airteagal 64(4) |
|
|
Airteagal 33(1)(b) |
Airteagal 64(4) |
|
|
Airteagal 33(1)(c) |
|
|
|
Airteagal 33(2) |
|
|
|
Airteagal 33(3)(a) |
|
|
|
Airteagal 33(3)(b) |
|
|
|
Airteagal 33(3)(c) |
|
|
|
Airteagal 33(3)(d) |
|
|
|
Airteagal 33(4) |
|
|
|
Airteagal 34 |
Airteagal 64(5) |
|
|
Airteagal 35 |
|
|
|
Airteagal 36(1)(a) |
Airteagal 57(k) |
|
|
Airteagal 36(1)(b) |
Airteagal 57(j) |
|
|
Airteagal 36(1)(c) |
|
|
|
Airteagal 36(1)(d) |
Airteagal 57(q) |
|
|
Airteagal 36(1)(e) |
|
|
|
Airteagal 36(1)(f) |
Airteagal 57(i) |
|
|
Airteagal 36(1)(g) |
|
|
|
Airteagal 36(1)(h) |
Airteagal 57(n) |
|
|
Airteagal 36(1)(i) |
Airteagal 57(m) |
|
|
Airteagal 36(1)(j) |
Airteagal 66(2) |
|
|
Airteagal 36(1)(k)(i) |
|
|
|
Airteagal 36(1)(k)(ii) |
Airteagal 57(r) |
|
|
Airteagal 36(1)(k)(iii) |
|
|
|
Airteagal 36(1)(k)(iv) |
|
|
|
Airteagal 36(1)(k)(v) |
|
|
|
Airteagal 36(1)(l) |
Airteagal 61 fomhír 2 |
|
|
Airteagal 36(2) |
|
|
|
Airteagal 36(3) |
|
|
|
Airteagal 37 |
|
|
|
Airteagal 38 |
|
|
|
Airteagal 39 |
|
|
|
Airteagal 40 |
|
|
|
Airteagal 41 |
|
|
|
Airteagal 42 |
|
|
|
Airteagal 43 |
|
|
|
Airteagal 44 |
|
|
|
Airteagal 45 |
|
|
|
Airteagal 46 |
|
|
|
Airteagal 47 |
|
|
|
Airteagal 48 |
|
|
|
Airteagal 49(1) |
Airteagal 59 |
|
|
Airteagal 49(2) |
Airteagal 60 |
|
|
Airteagal 49(3) |
|
|
|
Airteagal 49(4) |
|
|
|
Airteagal 49(5) |
|
|
|
Airteagal 49(6) |
|
|
|
Airteagal 50 |
Airteagal 66, Airteagal 57(ca), Airteagal 63a |
|
|
Airteagal 51 |
Airteagal 66, Airteagal 57(ca), Airteagal 63a |
|
|
Airteagal 52 |
Airteagal 63a |
|
|
Airteagal 53 |
|
|
|
Airteagal 54 |
|
|
|
Airteagal 55 |
|
|
|
Airteagal 56 |
|
|
|
Airteagal 57 |
|
|
|
Airteagal 58 |
|
|
|
Airteagal 59 |
|
|
|
Airteagal 60 |
|
|
|
Airteagal 61 |
Airteagal 66, Airteagal 57(ca), Airteagal 63a |
|
|
Airteagal 62(a) |
Airteagal 64(3) |
|
|
Airteagal 62(b) |
|
|
|
Airteagal 62(c) |
|
|
|
Airteagal 62(d) |
Airteagal 63(3) |
|
|
Airteagal 63 |
Airteagal 63(1), Airteagal 63(2), Airteagal 64(3) |
|
|
Airteagal 64 |
Airteagal 64 (3) (c) |
|
|
Airteagal 65 |
|
|
|
Airteagal 66 |
Airteagal 57, Airteagal 66(2) |
|
|
Airteagal 67 |
Airteagal 57, Airteagal 66(2) |
|
|
Airteagal 68 |
|
|
|
Airteagal 69 |
Airteagal 57, Airteagal 66(2) |
|
|
Airteagal 70 |
Airteagal 57, Airteagal 66(2) |
|
|
Airteagal 71 |
Airteagal 66, Airteagal 57(ca), Airteagal 63a |
|
|
Airteagal 72 |
Airteagal 57, Airteagal 66 |
|
|
Airteagal 73 |
|
|
|
Airteagal 74 |
|
|
|
Airteagal 75 |
|
|
|
Airteagal 76 |
|
|
|
Airteagal 77 |
Airteagal 63a(2) |
|
|
Airteagal 78(1) |
Airteagal 63a(2) |
|
|
Airteagal 78(2) |
|
|
|
Airteagal 78(3) |
|
|
|
Airteagal 78(4) |
Airteagal 63a(2) fomhír 4 |
|
|
Airteagal 78(5) |
|
|
|
Airteagal 79 |
Airteagal 58 |
|
|
Airteagal 80 |
|
|
|
Airteagal 81 |
Airteagal 65 |
|
|
Airteagal 82 |
Airteagal 65 |
|
|
Airteagal 83 |
|
|
|
Airteagal 84 |
Airteagal 65 |
|
|
Airteagal 85 |
Airteagal 65 |
|
|
Airteagal 86 |
Airteagal 65 |
|
|
Airteagal 87 |
Airteagal 65 |
|
|
Airteagal 88 |
Airteagal 65 |
|
|
Airteagal 89 |
Airteagal 120 |
|
|
Airteagal 90 |
Airteagal 122 |
|
|
Airteagal 91 |
Airteagal 121 |
|
|
Airteagal 92 |
Airteagal 66, Airteagal 75 |
|
|
Airteagal 93(1)-(4) |
Airteagal 10(1)-(4) |
|
|
Airteagal 93(5) |
|
|
|
Airteagal 94 |
|
Airteagal 18(2)-(4) |
|
Airteagal 95 |
|
|
|
Airteagal 96 |
|
|
|
Airteagal 97 |
|
|
|
Airteagal 98 |
|
Airteagal 24 |
|
Airteagal 99(1) |
Airteagal 74(2) |
|
|
Airteagal 99(2) |
|
|
|
Airteagal 100 |
|
|
|
Airteagal 101(1) |
|
|
|
Airteagal 101(2) |
|
|
|
Airteagal 101(3) |
|
|
|
Airteagal 102(1) |
|
Airteagal 11(1) |
|
Airteagal 102(2) |
|
Airteagal 11(3) |
|
Airteagal 102(3) |
|
Airteagal 11(4) |
|
Airteagal 102(4) |
|
Iarscríbhinn VII, Cuid C, Pointe 1 |
|
Airteagal 103 |
|
Iarscríbhinn VII, Cuid A, Pointe 1 |
|
Airteagal 104(1) |
|
Iarscríbhinn VII, Cuid D, Pointe 1 |
|
Airteagal 104(2) |
|
Iarscríbhinn VII, Cuid D, Pointe 2 |
|
Airteagal 105(1) |
|
Airteagal 33(1) |
|
Airteagal 105(2)-(10) |
|
Iarscríbhinn VII, Cuid B, Pointí 1-9 |
|
Airteagal 105(11)-(13) |
|
Iarscríbhinn VII, Cuid B, Pointí 11-13 |
|
Airteagal 106 |
|
Iarscríbhinn VII, Cuid C, Pointí 1-3 |
|
Airteagal 107 |
Airteagal 76, Airteagal 78(4) agus Iarscríbhinn III, Cuid 2, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 108(1) |
Airteagal 91 |
|
|
Airteagal 108(2) |
|
|
|
Airteagal 109 |
Airteagal 94 |
|
|
Airteagal 110 |
|
|
|
Airteagal 111 |
Airteagal 78(1)-(3) |
|
|
Airteagal 112 |
Airteagal 79(1) |
|
|
Airteagal 113(1) |
Airteagal 80(1) |
|
|
Airteagal 113(2) |
Airteagal 80(2) |
|
|
Airteagal 113(3) |
Airteagal 80(4) |
|
|
Airteagal 113(4) |
Airteagal 80(5) |
|
|
Airteagal 113(5) |
Airteagal 80(6) |
|
|
Airteagal 113(6) |
Airteagal 80(7) |
|
|
Airteagal 113(7) |
Airteagal 80(8) |
|
|
Airteagal 114 |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 1-5 |
|
|
Airteagal 115(1) (4) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 8-11 |
|
|
Airteagal 115(5) |
|
|
|
Airteagal 116(1) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 14 |
|
|
Airteagal 116(2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 14 |
|
|
Airteagal 116(3) |
|
|
|
Airteagal 116(4) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 15 |
|
|
Airteagal 116(5) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 17 |
|
|
Airteagal 116(6) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 17 |
|
|
Airteagal 117(1) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 18 agus 19 |
|
|
Airteagal 117(2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 20 |
|
|
Airteagal 117(3) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 21 |
|
|
Airteagal 118 |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 22 |
|
|
Airteagal 119(1) |
|
|
|
Airteagal 119(2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 37 agus 38 |
|
|
Airteagal 119(3) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 40 |
|
|
Airteagal 119(4) |
|
|
|
Airteagal 119(5) |
|
|
|
Airteagal 120(1) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 29 |
|
|
Airteagal 120(2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 31 |
|
|
Airteagal 120(3) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 33-36 |
|
|
Airteagal 121(1) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 26 |
|
|
Airteagal 121(2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 25 |
|
|
Airteagal 121(3) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 27 |
|
|
Airteagal 122 |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 41 agus 42 |
|
|
Airteagal 123 |
Airteagal 79(2), 79(3) agus Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 43 |
|
|
Airteagal 124(1) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 44 |
|
|
Airteagal 124(2) |
|
|
|
Airteagal 124(3) |
|
|
|
Airteagal 125(1)-(3) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 45-49 |
|
|
Airteagal 125(4) |
|
|
|
Airteagal 126(1) agus (2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 51-55 |
|
|
Airteagal 126(3) agus (4) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 58 agus 59 |
|
|
Airteagal 127(1) agus (2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 61 agus 62 |
|
|
Airteagal 127(3) agus (4) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 64 agus 65 |
|
|
Airteagal 128(1) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 66 agus 76 |
|
|
Airteagal 128(2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 66 |
|
|
Airteagal 128(3) |
|
|
|
Airteagal 129(1) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 68, paragraphs 1 agus 2 |
|
|
Airteagal 129(2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 69 |
|
|
Airteagal 129(3) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 71 |
|
|
Airteagal 129(4) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 70 |
|
|
Airteagal 129(5) |
|
|
|
Airteagal 130 |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 72 |
|
|
Airteagal 131 |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 73 |
|
|
Airteagal 132(1) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 74 |
|
|
Airteagal 132(2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 75 |
|
|
Airteagal 132(3) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 77 agus 78 |
|
|
Airteagal 132(4) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 79 |
|
|
Airteagal 132(5) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 80 agus Pointe 81 |
|
|
Airteagal 133(1) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 86 |
|
|
Airteagal 133(2) |
|
|
|
Airteagal 133(3) |
|
|
|
Airteagal 134(1)-(3) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 82-84 |
|
|
Airteagal 134(4)-(7) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointí 87-90 |
|
|
Airteagal 135 |
Airteagal 81(1), (2) agus (4) |
|
|
Airteagal 136(1) |
Airteagal 82(1) |
|
|
Airteagal 136(2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid 2, Pointí 12-16 |
|
|
Airteagal 136(3) |
Airteagal 150(3) |
|
|
Airteagal 137(1) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 137(2) |
Iarscríbhinn VI, Cuid I, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 137(3) |
|
|
|
Airteagal 138 |
Iarscríbhinn VI, Cuid III, Pointí 1-7 |
|
|
Airteagal 139 |
Iarscríbhinn VI, Cuid III, Pointí 8-17 |
|
|
Airteagal 140(1) |
|
|
|
Airteagal 140(2) |
|
|
|
Airteagal 141 |
|
|
|
Airteagal 142(1) |
|
|
|
Airteagal 142(2) |
|
|
|
Airteagal 143(1) |
Airteagal 84 (1) agus Iarscríbhinn VII, Cuid 4, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 143(1) |
Airteagal 84(2) |
|
|
Airteagal 143(1) |
Airteagal 84(3) |
|
|
Airteagal 143(1) |
Airteagal 84(4) |
|
|
Airteagal 143(1) |
|
|
|
Airteagal 144 |
|
|
|
Airteagal 145 |
|
|
|
Airteagal 146 |
|
|
|
Airteagal 147(1) |
Airteagal 86(9) |
|
|
Airteagal 147(2)-(9) |
Airteagal 86(1)-(8) |
|
|
Airteagal 148(1) |
Airteagal 85(1) |
|
|
Airteagal 148(2) |
Airteagal 85(2) |
|
|
Airteagal 148(3) |
|
|
|
Airteagal 148(4) |
Airteagal 85(3) |
|
|
Airteagal 148(5) |
|
|
|
Airteagal 148(1) |
|
|
|
Airteagal 149 |
Airteagal 85(4) agus (5) |
|
|
Airteagal 150(1) |
Airteagal 89(1) |
|
|
Airteagal 150(2) |
Airteagal 89(2) |
|
|
Airteagal 150(3) |
|
|
|
Airteagal 150(4) |
|
|
|
Airteagal 151 |
Airteagal 87(1)-(10) |
|
|
Airteagal 152(1) agus (2) |
Airteagal 87(11) |
|
|
Airteagal 152(3) agus (4) |
Airteagal 87(12) |
|
|
Airteagal 152(5) |
|
|
|
Airteagal 153(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 3 |
|
|
Airteagal 153(2) |
|
|
|
Airteagal 153(3)-(8) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 4-9 |
|
|
Airteagal 153(9) |
|
|
|
Airteagal 154 |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 10-16 |
|
|
Airteagal 155(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 17 agus 18 |
|
|
Airteagal 155(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 19 go 21 |
|
|
Airteagal 155(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 22 go 24 |
|
|
Airteagal 155(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointí 25 go 26 |
|
|
Airteagal 156 |
|
|
|
Airteagal 156 |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 27 |
|
|
Airteagal 157(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 28 |
|
|
Airteagal 157(2)-(5) |
|
|
|
Airteagal 158(1) |
Airteagal 88(2) |
|
|
Airteagal 158(2) |
Airteagal 88(3) |
|
|
Airteagal 158(3) |
Airteagal 88(4) |
|
|
Airteagal 158(4) |
Airteagal 88(6) |
|
|
Airteagal 158(5) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 30 |
|
|
Airteagal 158(6) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 31 |
|
|
Airteagal 158(7) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 32 |
|
|
Airteagal 158(8) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 33 |
|
|
Airteagal 158(9) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 34 |
|
|
Airteagal 158(10) |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 35 |
|
|
Airteagal 158(11) |
|
|
|
Airteagal 159 |
Iarscríbhinn VII, Cuid I, Pointe 36 |
|
|
Airteagal 160(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 160(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 3 |
|
|
Airteagal 160(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 160(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 160(5) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 160 (6) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 160(7) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 161(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 8 |
|
|
Airteagal 161(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 161(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 10 |
|
|
Airteagal 161(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 11 |
|
|
Airteagal 162(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 162(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 13 |
|
|
Airteagal 162(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 14 |
|
|
Airteagal 162(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 15 |
|
|
Airteagal 162(5) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 16 |
|
|
Airteagal 163(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 17 |
|
|
Airteagal 163(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 18 |
|
|
Airteagal 163(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 19 |
|
|
Airteagal 163(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 20 |
|
|
Airteagal 164(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 21 |
|
|
Airteagal 164(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 22 |
|
|
Airteagal 164(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 23 |
|
|
Airteagal 164(4) |
|
|
|
Airteagal 165(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 24 |
|
|
Airteagal 165(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 25 agus 26 |
|
|
Airteagal 165(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid II, Pointe 27 |
|
|
Airteagal 166(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 166(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 166(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 3 |
|
|
Airteagal 166(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 166(5) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 166(6) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 166(7) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 166(8) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 166(9) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 10 |
|
|
Airteagal 166(10) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 11 |
|
|
Airteagal 167(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 167(2) |
|
|
|
Airteagal 168 |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 13 |
|
|
Airteagal 169(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 169(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 3 |
|
|
Airteagal 169(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 170(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 5-11 |
|
|
Airteagal 170(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 170(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 13-15 |
|
|
Airteagal 170(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 16 |
|
|
Airteagal 171(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 17 |
|
|
Airteagal 171(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 18 |
|
|
Airteagal 172(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 19-23 |
|
|
Airteagal 172(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 24 |
|
|
Airteagal 172(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 25 |
|
|
Airteagal 173(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí26-28 |
|
|
Airteagal 173(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 29 |
|
|
Airteagal 173(3) |
|
|
|
Airteagal 174 |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 30 |
|
|
Airteagal 175(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 31 |
|
|
Airteagal 175(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 32 |
|
|
Airteagal 175(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 33 |
|
|
Airteagal 175(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 34 |
|
|
Airteagal 175(5) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 35 |
|
|
Airteagal 176(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 36 |
|
|
Airteagal 176(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 37 an chéad fomhír |
|
|
Airteagal 176(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 37 an dara fomhír |
|
|
Airteagal 176(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 38 |
|
|
Airteagal 176(5) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 39 |
|
|
Airteagal 177(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 40 |
|
|
Airteagal 177(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 41 |
|
|
Airteagal 177(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 42 |
|
|
Airteagal 178(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 44 |
|
|
Airteagal 178(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 44 |
|
|
Airteagal 178(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 45 |
|
|
Airteagal 178(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 46 |
|
|
Airteagal 178(5) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 47 |
|
|
Airteagal 178(6) |
|
|
|
Airteagal 178(7) |
|
|
|
Airteagal 179(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 43 agus 49-56 |
|
|
Airteagal 179(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 57 |
|
|
Airteagal 180(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 59-66 |
|
|
Airteagal 180(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 67-72 |
|
|
Airteagal 180(3) |
|
|
|
Airteagal 181(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 73-81 |
|
|
Airteagal 181(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 82 |
|
|
Airteagal 181(3) |
|
|
|
Airteagal 182(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 87-92 |
|
|
Airteagal 182(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 93 |
|
|
Airteagal 182(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 94 agus 95 |
|
|
Airteagal 182(4) |
|
|
|
Airteagal 183(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 98-100 |
|
|
Airteagal 183(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 101 agus 102 |
|
|
Airteagal 183(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 103 agus Pointe 104 |
|
|
Airteagal 183(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 96 |
|
|
Airteagal 183(5) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 97 |
|
|
Airteagal 183(6) |
|
|
|
Airteagal 184(1) |
|
|
|
Airteagal 184(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 105 |
|
|
Airteagal 184(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 106 |
|
|
Airteagal 184(4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 107 |
|
|
Airteagal 184(5) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 108 |
|
|
Airteagal 184(6) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 109 |
|
|
Airteagal 185 |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 110-114 |
|
|
Airteagal 186 |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 115 |
|
|
Airteagal 187 |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 116 |
|
|
Airteagal 188 |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 117-123 |
|
|
Airteagal 189(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 124 |
|
|
Airteagal 189(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointí 125 agus 126 |
|
|
Airteagal 189(3) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 127 |
|
|
Airteagal 190(1) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 128 |
|
|
Airteagal 190(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 129 |
|
|
Airteagal 190(3) (4) |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 130 |
|
|
Airteagal 191 |
Iarscríbhinn VII, Cuid IV, Pointe 131 |
|
|
Airteagal 192 |
Airteagal 90 agus Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 193(1) |
Airteagal 93 (2) |
|
|
Airteagal 193(2) |
Airteagal 93 (3) |
|
|
Airteagal 193(3) |
Airteagal 93(1) agus Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 193(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 193(5) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 5, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 193(6) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 5, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 194(1) |
Airteagal 92(1) |
|
|
Airteagal 194(2) |
Airteagal 92(2) |
|
|
Airteagal 194(3) |
Airteagal 92(3) |
|
|
Airteagal 194(4) |
Airteagal 92(4) |
|
|
Airteagal 194(5) |
Airteagal 92(5) |
|
|
Airteagal 194(6) |
Airteagal 92(5) |
|
|
Airteagal 194(7) |
Airteagal 92(6) |
|
|
Airteagal 194(8) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 194(9) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 194(10) |
|
|
|
Airteagal 195 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointí 3 agus 4 |
|
|
Airteagal 196 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 197(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 197(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 197(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 197(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 8 |
|
|
Airteagal 197(5) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 197(6) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 197(7) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 10 |
|
|
Airteagal 197(8) |
|
|
|
Airteagal 198(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 11 |
|
|
Airteagal 198(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 11 |
|
|
Airteagal 199(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 199(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 13 |
|
|
Airteagal 199(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 16 |
|
|
Airteagal 199(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointí 17 agus 18 |
|
|
Airteagal 199(5) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 20 |
|
|
Airteagal 199(6) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 21 |
|
|
Airteagal 199(7) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 22 |
|
|
Airteagal 199(8) |
|
|
|
Airteagal 200 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointí 23 go 25 |
|
|
Airteagal 201(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointí 26 agus 28 |
|
|
Airteagal 201(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 27 |
|
|
Airteagal 202 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 29 |
|
|
Airteagal 203 |
|
|
|
Airteagal 204(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 30 agus Pointe 31 |
|
|
Airteagal 204(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Pointe 32 |
|
|
Airteagal 205 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 3 |
|
|
Airteagal 206 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointí 4 go 5 |
|
|
Airteagal 207(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 207(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 6(a) |
|
|
Airteagal 207(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 6(b) |
|
|
Airteagal 207(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 6(c) |
|
|
Airteagal 207(5) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 208(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 8 |
|
|
Airteagal 208(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 8(a) |
|
|
Airteagal 208(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 8(b) |
|
|
Airteagal 208(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 8(c) |
|
|
Airteagal 208(5) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 8(d) |
|
|
Airteagal 209(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 209(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 9(a) |
|
|
Airteagal 209(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 9(b) |
|
|
Airteagal 210 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 10 |
|
|
Airteagal 211 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 11 |
|
|
Airteagal 212(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 212(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 13 |
|
|
Airteagal 213 (1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 14 |
|
|
Airteagal 213(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 15 |
|
|
Airteagal 213(3) |
|
|
|
Airteagal 214(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 16(a) go (c) |
|
|
Airteagal 214(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 16 |
|
|
Airteagal 214(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 17 |
|
|
Airteagal 215(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 18 |
|
|
Airteagal 215(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 19 |
|
|
Airteagal 216(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 20 |
|
|
Airteagal 216(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 21 |
|
|
Airteagal 217(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 22 |
|
|
Airteagal 217(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 22(c) |
|
|
Airteagal 217(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, Pointe 22(c) |
|
|
Airteagal 218 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 3 |
|
|
Airteagal 219 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 220(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 220(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 6, 8 go 10 |
|
|
Airteagal 220(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 11 |
|
|
Airteagal 220(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 22 agus 23 |
|
|
Airteagal 220(5) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid III3, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 221(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 221(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 221(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 13 go 15 |
|
|
Airteagal 221(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe16 |
|
|
Airteagal 221(5) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 18 agus 19 |
|
|
Airteagal 221(6) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 20 agus 21 |
|
|
Airteagal 221(7) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe17 |
|
|
Airteagal 221(8) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 22 agus 23 |
|
|
Airteagal 221(9) |
|
|
|
Airteagal 222(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 24 |
|
|
Airteagal 222(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 25 |
|
|
Airteagal 222(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 26 |
|
|
Airteagal 222(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 27 |
|
|
Airteagal 222(5) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 28 |
|
|
Airteagal 222(6) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 29 |
|
|
Airteagal 222(7) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 28 agus 29 |
|
|
Airteagal 223(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 30 go 32 |
|
|
Airteagal 223(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 33 |
|
|
Airteagal 223(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 33 |
|
|
Airteagal 223(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 33 |
|
|
Airteagal 223(5) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 33 |
|
|
Airteagal 223(6) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 34 agus 35 |
|
|
Airteagal 223(7) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 35 |
|
|
Airteagal 224(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 36 |
|
|
Airteagal 224(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 37 |
|
|
Airteagal 224(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 38 |
|
|
Airteagal 224(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 39 |
|
|
Airteagal 224(5) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 40 |
|
|
Airteagal 224(6) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 41 |
|
|
Airteagal 225(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 42 go 46 |
|
|
Airteagal 225(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 47 go 52 |
|
|
Airteagal 225(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 53 go 56 |
|
|
Airteagal 226 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 57 |
|
|
Airteagal 227(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 58 |
|
|
Airteagal 227(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 58(a) go (h) |
|
|
Airteagal 227(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 58(h) |
|
|
Airteagal 228(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 60 |
|
|
Airteagal 228(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 61 |
|
|
Airteagal 229(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 62 go 65 |
|
|
Airteagal 229(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 66 |
|
|
Airteagal 229(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 63 agus 67 |
|
|
Airteagal 230(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 68 go 71 |
|
|
Airteagal 230(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 72 |
|
|
Airteagal 230(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 73 agus 74 |
|
|
Airteagal 231(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 76 |
|
|
Airteagal 231(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 77 |
|
|
Airteagal 231(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 78 |
|
|
Airteagal 231(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 79 |
|
|
Airteagal 231(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 80 |
|
|
Airteagal 231(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 80a |
|
|
Airteagal 231(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointí 81 go 82 |
|
|
Airteagal 232(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 83 |
|
|
Airteagal 232(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 83 |
|
|
Airteagal 232(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 84 |
|
|
Airteagal 232(4) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 85 |
|
|
Airteagal 234 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 86 |
|
|
Airteagal 235(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 87 |
|
|
Airteagal 235(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 88 |
|
|
Airteagal 235(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 89 |
|
|
Airteagal 236(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 90 |
|
|
Airteagal 236(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Pointe 91 |
|
|
Airteagal 236(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid III, Pointe 92 |
|
|
Airteagal 237(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 237(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 238(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 3 |
|
|
Airteagal 238(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 238(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 239(1) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 239(2) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 239(3) |
Iarscríbhinn VIII, Cuid 4, Pointe 8 |
|
|
Airteagal 240 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid VI, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 241 |
Iarscríbhinn VIII, Cuid VI, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 242(1) go (9) |
Iarscríbhinn IX, Cuid I, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 242(10) |
Airteagal 4 Pointe 37 |
|
|
Airteagal 242(11) |
Airteagal 4 Pointe 38 |
|
|
Airteagal 242(12) |
|
|
|
Airteagal 242(13) |
|
|
|
Airteagal 242(14) |
|
|
|
Airteagal 242(15) |
|
|
|
Airteagal 243(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 243(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 1a |
|
|
Airteagal 243(3) |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 1b |
|
|
Airteagal 243(4) |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 1c |
|
|
Airteagal 243(5) |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 1d |
|
|
Airteagal 243(6) |
|
|
|
Airteagal 244(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 244(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 2a |
|
|
Airteagal 244(3) |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 2b |
|
|
Airteagal 244(4) |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 2c |
|
|
Airteagal 244(5) |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointe 2d |
|
|
Airteagal 244(6) |
|
|
|
Airteagal 245(1) |
Airteagal 95(1) |
|
|
Airteagal 245(2) |
Airteagal 95(2) |
|
|
Airteagal 245(3) |
Airteagal 96(2) |
|
|
Airteagal 245(4) |
Airteagal 96(4) |
|
|
Airteagal 245(5) |
|
|
|
Airteagal 245(6) |
|
|
|
Airteagal 246(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointí 2 agus 3 |
|
|
Airteagal 246(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 246(3) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 247(1) |
Airteagal 96(3), Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 60 |
|
|
Airteagal 247(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 61 |
|
|
Airteagal 247(3) |
|
|
|
Airteagal 247(4) |
|
|
|
Airteagal 248(1) |
Airteagal 101(1) |
|
|
Airteagal 248(2) |
|
|
|
Airteagal 248(3) |
Airteagal 101(2) |
|
|
Airteagal 249 |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointí 3 agus 4 |
|
|
Airteagal 250 |
Iarscríbhinn IX, Cuid II, Pointí 5-7 |
|
|
Airteagal 251 |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 6-7 |
|
|
Airteagal 252 |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 8 |
|
|
Airteagal 253(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 253(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 10 |
|
|
Airteagal 254 |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 11-12 |
|
|
Airteagal 255(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 13 |
|
|
Airteagal 255(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 15 |
|
|
Airteagal 256(1) |
Airteagal 100(1) |
|
|
Airteagal 256(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 17-20 |
|
|
Airteagal 256(3) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 21 |
|
|
Airteagal 256(4) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointí 22-23 |
|
|
Airteagal 256(5) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 24-25 |
|
|
Airteagal 256(6) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 26-29 |
|
|
Airteagal 256(7) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 30 |
|
|
Airteagal 256(8) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 32 |
|
|
Airteagal 256(9) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 33 |
|
|
Airteagal 257 |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 34 |
|
|
Airteagal 258 |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 35-36 |
|
|
Airteagal 259(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointí 38-41 |
|
|
Airteagal 259(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 42 |
|
|
Airteagal 259(3) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 43 |
|
|
Airteagal 259(4) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 44 |
|
|
Airteagal 259(5) |
|
|
|
Airteagal 260 |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 45 |
|
|
Airteagal 261(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 46-47, 49 |
|
|
Airteagal 261(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 51 |
|
|
Airteagal 262(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 52, 53 |
|
|
Airteagal 262(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 53 |
|
|
Airteagal 262(3) |
|
|
|
Airteagal 262(4) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 54 |
|
|
Airteagal 263(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 57 |
|
|
Airteagal 263(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 58 |
|
|
Airteagal 263(3) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 59 |
|
|
Airteagal 264(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 62 |
|
|
Airteagal 264(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointí63-65 |
|
|
Airteagal 264(3) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointí 66 agus 67 |
|
|
Airteagal 264(4) |
|
|
|
Airteagal 265(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 68 |
|
|
Airteagal 265(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 70 |
|
|
Airteagal 265(3) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 71 |
|
|
Airteagal 266(1) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 72 |
|
|
Airteagal 266(2) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 73 |
|
|
Airteagal 266(3) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 74-75 |
|
|
Airteagal 266(4) |
Iarscríbhinn IX, Cuid IV, Pointe 76 |
|
|
Airteagal 267(1) |
Airteagal 97(1) |
|
|
Airteagal 267(3) |
Airteagal 97(3) |
|
|
Airteagal 268 |
Iarscríbhinn IX, Cuid III, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 269 |
Iarscríbhinn IX, Cuid III, Pointe 2-7 |
|
|
Airteagal 270 |
Airteagal 98 (1) agus Iarscríbhinn IX, Cuid III, Pointí 8 agus 9 |
|
|
Airteagal 271(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 1 Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 271(2) |
Iarscríbhinn VII, Cuid III, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 272(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 272(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 3 |
|
|
Airteagal 272(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 272 (4) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 272(5) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 272(6) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 272(7) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 8 |
|
|
Airteagal 272(8) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 272(9) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 10 |
|
|
Airteagal 272(10) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 11 |
|
|
Airteagal 272(11) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 272(12) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 13 |
|
|
Airteagal 272(13) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 14 |
|
|
Airteagal 272(14) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 15 |
|
|
Airteagal 272(15) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 16 |
|
|
Airteagal 272(16) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 17 |
|
|
Airteagal 272(17) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 18 |
|
|
Airteagal 272(18) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 19 |
|
|
Airteagal 272(19) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 20 |
|
|
Airteagal 272(20) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 21 |
|
|
Airteagal 272(21) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 22 |
|
|
Airteagal 272(22) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 23 |
|
|
Airteagal 272(23) |
Iarscríbhinn III, Cuid I, Pointe 26 |
|
|
Airteagal 272(24) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe a) |
|
|
Airteagal 272(25) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe a) |
|
|
Airteagal 272(26) |
Iarscríbhinn III; Cuid V, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 273(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 273(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 273(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 3 an chéad agus an dara fo-mhír |
|
|
Airteagal 273(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 3 3rd fo-mhír |
|
|
Airteagal 273(5) |
Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 273(6) |
Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 273(7) |
Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 273(8) |
Iarscríbhinn III, Cuid II, Pointe 8 |
|
|
Airteagal 274(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid III |
|
|
Airteagal 274(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid III |
|
|
Airteagal 274(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid III |
|
|
Airteagal 274(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid III |
|
|
Airteagal 275(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid IV |
|
|
Airteagal 275(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid IV |
|
|
Airteagal 276(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 276(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 276(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointí 1-2 |
|
|
Airteagal 277(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 3-4 |
|
|
Airteagal 277(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 277(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 277(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 278(1) |
|
|
|
Airteagal 278(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 8 |
|
|
Airteagal 278(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 279 |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 10 |
|
|
Airteagal 280(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 11 |
|
|
Airteagal 280(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 281(1) |
|
|
|
Airteagal 281(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 13 |
|
|
Airteagal 281(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 14 |
|
|
Airteagal 282(1) |
|
|
|
Airteagal 282(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 15 |
|
|
Airteagal 282(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 16 |
|
|
Airteagal 282(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 17 |
|
|
Airteagal 282(5) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 18 |
|
|
Airteagal 282(6) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 19 |
|
|
Airteagal 282(7) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 20 |
|
|
Airteagal 282(8) |
Iarscríbhinn III, Cuid V, Pointe 21 |
|
|
Airteagal 283(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 283(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 283(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 283(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 3 |
|
|
Airteagal 283(5) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 283(6) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 284(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 284(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 284(3) |
|
|
|
Airteagal 284(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 284(5) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 8 |
|
|
Airteagal 284(6) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 284(7) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 10 |
|
|
Airteagal 284(8) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 11 |
|
|
Airteagal 284(9) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 284(10) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 13 |
|
|
Airteagal 284(11) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 284(12) |
|
|
|
Airteagal 284(13) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 14 |
|
|
Airteagal 285(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 15 |
|
|
Airteagal 285(2)-(8) |
|
|
|
Airteagal 286(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointí 18 agus 25 |
|
|
Airteagal 286(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 19 |
|
|
Airteagal 286(3) |
|
|
|
Airteagal 286(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 20 |
|
|
Airteagal 286(5) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 21 |
|
|
Airteagal 286(6) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 22 |
|
|
Airteagal 286(7) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 23 |
|
|
Airteagal 286(8) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 24 |
|
|
Airteagal 287(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 17 |
|
|
Airteagal 287(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 17 |
|
|
Airteagal 287(3) |
|
|
|
Airteagal 287(4) |
|
|
|
Airteagal 288 |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 26 |
|
|
Airteagal 289(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 27 |
|
|
Airteagal 289(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 28 |
|
|
Airteagal 289(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 29 |
|
|
Airteagal 289(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 29 |
|
|
Airteagal 289(5) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 30 |
|
|
Airteagal 289(6) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 31 |
|
|
Airteagal 290(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 32 |
|
|
Airteagal 290(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 32 |
|
|
Airteagal 290(3)-(10) |
|
|
|
Airteagal 291(1) |
Iarscríbhinn I, Cuid I, Pointí 27-28 |
|
|
Airteagal 291(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 34 |
|
|
Airteagal 291(3) |
|
|
|
Airteagal 291(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 35 |
|
|
Airteagal 291(5) |
|
|
|
Airteagal 291(6) |
|
|
|
Airteagal 292(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 36 |
|
|
Airteagal 292(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 37 |
|
|
Airteagal 292(3) |
|
|
|
Airteagal 292(4) |
|
|
|
Airteagal 292(5) |
|
|
|
Airteagal 292(6) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 38 |
|
|
Airteagal 292(7) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 39 |
|
|
Airteagal 292(8) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 40 |
|
|
Airteagal 292(9) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 41 |
|
|
Airteagal 292(10) |
|
|
|
Airteagal 293(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 42 |
|
|
Airteagal 293(2)-(6) |
|
|
|
Airteagal 294(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 42 |
|
|
Airteagal 294(2) |
|
|
|
Airteagal 294(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid VI, Pointe 42 |
|
|
Airteagal 295 |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe a) |
|
|
Airteagal 296(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b) |
|
|
Airteagal 296(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b) |
|
|
Airteagal 296(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b) |
|
|
Airteagal 297(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b) |
|
|
Airteagal 297(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b) |
|
|
Airteagal 297(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b) |
|
|
Airteagal 297(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe b) |
|
|
Airteagal 298(1) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe c) |
|
|
Airteagal 298(2) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe c) |
|
|
Airteagal 298(3) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe c) |
|
|
Airteagal 298(4) |
Iarscríbhinn III, Cuid VII, Pointe c) |
|
|
Airteagal 299(1) |
|
Iarscríbhinn II, Pointe 7 |
|
Airteagal 299(2) |
|
Iarscríbhinn II, Pointí 7-11 |
|
Airteagal 300 |
|
|
|
Airteagal 301 |
Iarscríbhinn III, Cuid 2, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 302 |
|
|
|
Airteagal 303 |
|
|
|
Airteagal 304 |
|
|
|
Airteagal 305 |
|
|
|
Airteagal 306 |
|
|
|
Airteagal 307 |
|
|
|
Airteagal 308 |
|
|
|
Airteagal 309 |
|
|
|
Airteagal 310 |
|
|
|
Airteagal 311 |
|
|
|
Airteagal 312(1) |
Airteagal 104(3) agus (6) agus Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointí 2, 5 agus 8 |
|
|
Airteagal 312(2) |
Airteagal 105(1) agus 105(2) agus Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 312(3) |
|
|
|
Airteagal 312(4) |
Airteagal 105(1) |
|
|
Airteagal 313(1) |
Airteagal 102(2) |
|
|
Airteagal 313(2) |
Airteagal 102(3) |
|
|
Airteagal 313(3) |
|
|
|
Airteagal 314(1) |
Airteagal 102(4) |
|
|
Airteagal 314(2) |
Iarscríbhinn X, Cuid 4, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 314(3) |
Iarscríbhinn X, Cuid 4, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 314(4) |
Iarscríbhinn X, Cuid 4, Pointí 3 agus 4 |
|
|
Airteagal 314(5) |
|
|
|
Airteagal 315(1) |
Airteagal 103 agus Iarscríbhinn X, Cuid 1, Pointí 1 go 3 |
|
|
Airteagal 315(2) |
|
|
|
Airteagal 315(3) |
|
|
|
Airteagal 315(4) |
Iarscríbhinn X, Cuid 1, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 316(1) |
Iarscríbhinn X, Cuid 1, Pointí 5 go 8 |
|
|
Airteagal 316(2) |
Iarscríbhinn X, Cuid 1, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 316(3) |
|
|
|
Airteagal 317(1) |
Airteagal 104 (1) |
|
|
Airteagal 317(2) |
Airteagal 104(2) agus (4) agus Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 317(3) |
Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 317(4) |
Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 318(1) |
Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 318(2) |
Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 318(3) |
|
|
|
Airteagal 319(1) |
Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointí 6 go 7 |
|
|
Airteagal 319(2) |
Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointí 10 agus 11 |
|
|
Airteagal 320 |
Iarscríbhinn X, Cuid 2, Pointí 9 agus 12 |
|
|
Airteagal 321 |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointí 2 go 7 |
|
|
Airteagal 322(1) |
|
|
|
Airteagal 322(2) |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointí 8 go 12 |
|
|
Airteagal 322(3) |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointí 13 go 18 |
|
|
Airteagal 322(4) |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 19 |
|
|
Airteagal 322(5) |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 20 |
|
|
Airteagal 322(6) |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointí 21 go 24 |
|
|
Airteagal 323(1) |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 25 |
|
|
Airteagal 323(2) |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 26 |
|
|
Airteagal 323(3) |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 27 |
|
|
Airteagal 323(4) |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 28 |
|
|
Airteagal 323(5) |
Iarscríbhinn X, Cuid 3, Pointe 29 |
|
|
Airteagal 324 |
Iarscríbhinn X, Cuid 5 |
|
|
Airteagal 325(1) |
|
Airteagal 26 |
|
Airteagal 325(2) |
|
Airteagal 26 |
|
Airteagal 325(3) |
|
|
|
Airteagal 326 |
|
|
|
Airteagal 327(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 1 |
|
Airteagal 327(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 2 |
|
Airteagal 327(3) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 3 |
|
Airteagal 328(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 4 |
|
Airteagal 328(2) |
|
|
|
Airteagal 329(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 5 |
|
Airteagal 329(2) |
|
|
|
Airteagal 330 |
|
Iarscríbhinn I Pointe 7 |
|
Airteagal 331(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 9 |
|
Airteagal 331(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 10 |
|
Airteagal 332(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 8 |
|
Airteagal 332(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 8 |
|
Airteagal 333 |
|
Iarscríbhinn I Pointe 11 |
|
Airteagal 334 |
|
Iarscríbhinn I Pointe 13 |
|
Airteagal 335 |
|
Iarscríbhinn I Pointe 14 |
|
Airteagal 336(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 14 |
|
Airteagal 336(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 14 |
|
Airteagal 336(3) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 14 |
|
Airteagal 336(4) |
|
Airteagal 19(1) |
|
Airteagal 337(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 16a |
|
Airteagal 337(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 16a |
|
Airteagal 337(3) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 16a |
|
Airteagal 337(4) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 16a |
|
Airteagal 337(4) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 16a |
|
Airteagal 338(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 14a |
|
Airteagal 338(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 14b |
|
Airteagal 338(3) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 14c |
|
Airteagal 338(4) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 14a |
|
Airteagal 339(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 17 |
|
Airteagal 339(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 18 |
|
Airteagal 339(3) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 19 |
|
Airteagal 339(4) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 20 |
|
Airteagal 339(5) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 21 |
|
Airteagal 339(6) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 22 |
|
Airteagal 339(7) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 23 |
|
Airteagal 339(8) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 24 |
|
Airteagal 339(9) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 25 |
|
Airteagal 340(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 26 |
|
Airteagal 340(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 27 |
|
Airteagal 340(3) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 28 |
|
Airteagal 340(4) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 29 |
|
Airteagal 340(5) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 30 |
|
Airteagal 340(6) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 31 |
|
Airteagal 340(7) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 32 |
|
Airteagal 341(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 33 |
|
Airteagal 341(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 33 |
|
Airteagal 341(3) |
|
|
|
Airteagal 342 |
|
Iarscríbhinn I Pointe 34 |
|
Airteagal 343 |
|
Iarscríbhinn I Pointe 36 |
|
Airteagal 344(1) |
|
|
|
Airteagal 344(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 37 |
|
Airteagal 344(3) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 38 |
|
Airteagal 345(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 41 |
|
Airteagal 345(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 41 |
|
Airteagal 346(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 42 |
|
Airteagal 346(2) |
|
|
|
Airteagal 346(3) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 43 |
|
Airteagal 346(4) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 44 |
|
Airteagal 346(5) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 45 |
|
Airteagal 346(6) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 46 |
|
Airteagal 347 |
|
Iarscríbhinn I Pointe 8 |
|
Airteagal 348(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointí 48-49 |
|
Airteagal 348(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 50 |
|
Airteagal 349 |
|
Iarscríbhinn I Pointe 51 |
|
Airteagal 350(1) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 53 |
|
Airteagal 350(2) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 54 |
|
Airteagal 350(3) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 55 |
|
Airteagal 350(4) |
|
Iarscríbhinn I Pointe 56 |
|
Airteagal 351 |
|
Iarscríbhinn III Pointe 1 |
|
Airteagal 352(1) |
|
Iarscríbhinn III Pointe 2(1) |
|
Airteagal 352(2) |
|
Iarscríbhinn III Pointe 2(2) |
|
Airteagal 352(3) |
|
Iarscríbhinn III Pointe 2(1) |
|
Airteagal 352(4) |
|
Iarscríbhinn III Pointe 2(2) |
|
Airteagal 352(5) |
|
|
|
Airteagal 353(1) |
|
Iarscríbhinn III Pointe 2(1) |
|
Airteagal 353(2) |
|
Iarscríbhinn III Pointe 2(1) |
|
Airteagal 353(3) |
|
Iarscríbhinn III Pointe 2(1) |
|
Airteagal 354(1) |
|
Iarscríbhinn III Pointe 3(1) |
|
Airteagal 354(2) |
|
Iarscríbhinn III Pointe 3(2) |
|
Airteagal 354(3) |
|
Iarscríbhinn III Pointe 3(2) |
|
Airteagal 354(4) |
|
|
|
Airteagal 355 |
|
|
|
Airteagal 356 |
|
|
|
Airteagal 357(1) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 1 |
|
Airteagal 357(2) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 2 |
|
Airteagal 357(3) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 3 |
|
Airteagal 357(4) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 4 |
|
Airteagal 357(5) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 6 |
|
Airteagal 358(1) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 8 |
|
Airteagal 358(2) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 9 |
|
Airteagal 358(3) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 10 |
|
Airteagal 358(4) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 12 |
|
Airteagal 359(1) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 13 |
|
Airteagal 359(2) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 14 |
|
Airteagal 359(3) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 15 |
|
Airteagal 359(4) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 16 |
|
Airteagal 359(5) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 17 |
|
Airteagal 359(6) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 18 |
|
Airteagal 360(1) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 19 |
|
Airteagal 360(2) |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 20 |
|
Airteagal 361 |
|
Iarscríbhinn IV Pointe 21 |
|
Airteagal 362 |
|
|
|
Airteagal 363(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 1 |
|
Airteagal 363(2) |
|
|
|
Airteagal 363(3) |
|
|
|
Airteagal 364(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 10b |
|
Airteagal 364(2) |
|
|
|
Airteagal 364(3) |
|
|
|
Airteagal 365(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 10 |
|
Airteagal 365(2) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 10a |
|
Airteagal 366(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 7 |
|
Airteagal 366(2) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 8 |
|
Airteagal 366(3) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 9 |
|
Airteagal 366(4) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 10 |
|
Airteagal 366(5) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 8 |
|
Airteagal 367(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 11 |
|
Airteagal 367(2) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 12 |
|
Airteagal 367(3) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 12 |
|
Airteagal 368(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 2 |
|
Airteagal 368(2) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 2 |
|
Airteagal 368(3) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5 |
|
Airteagal 368(4) |
|
|
|
Airteagal 369(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 3 |
|
Airteagal 369(2) |
|
|
|
Airteagal 370(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5 |
|
Airteagal 371(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5 |
|
Airteagal 371(2) |
|
|
|
Airteagal 372 |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5a |
|
Airteagal 373 |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5b |
|
Airteagal 374(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5c |
|
Airteagal 374(2) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5d |
|
Airteagal 374(3) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5d |
|
Airteagal 374(4) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5d |
|
Airteagal 374(5) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5d |
|
Airteagal 374(6) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5d |
|
Airteagal 374(7) |
|
|
|
Airteagal 375(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5a |
|
Airteagal 375(2) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5e |
|
Airteagal 376(1) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5f |
|
Airteagal 376(2) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5g |
|
Airteagal 376(3) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5h |
|
Airteagal 376(4) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5h |
|
Airteagal 376(5) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5i |
|
Airteagal 376(6) |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5 |
|
Airteagal 377 |
|
Iarscríbhinn V Pointe 5l |
|
Airteagal 378 |
|
Iarscríbhinn II Pointe 1 |
|
Airteagal 379(1) |
|
Iarscríbhinn II Pointe 2 |
|
Airteagal 379(2) |
|
Iarscríbhinn II Pointe 3 |
|
Airteagal 379(3) |
|
Iarscríbhinn II Pointe 2 |
|
Airteagal 380 |
|
Iarscríbhinn II Pointe 4 |
|
Airteagal 381 |
|
|
|
Airteagal 382 |
|
|
|
Airteagal 383 |
|
|
|
Airteagal 384 |
|
|
|
Airteagal 385 |
|
|
|
Airteagal 386 |
|
|
|
Airteagal 387 |
|
Airteagal 28(1) |
|
Airteagal 388 |
|
|
|
Airteagal 389 |
Airteagal 106 (1) fomhír 1 |
|
|
Airteagal 390(1) |
Airteagal 106(1) fomhír 2 |
|
|
Airteagal 390(2) |
|
|
|
Airteagal 390(3) |
|
Airteagal 29(1) |
|
Airteagal 390(4) |
|
Airteagal 30(1) |
|
Airteagal 390(5) |
|
Airteagal 29(2) |
|
Airteagal 390(6) |
Airteagal 106(2) fomhír 1 |
|
|
Airteagal 390(7) |
Airteagal 106(3) |
|
|
Airteagal 390(8) |
Airteagal 106(2) fomhíreanna 2 agus 3 |
|
|
Airteagal 391 |
Airteagal 107 |
|
|
Airteagal 392 |
Airteagal 108 |
|
|
Airteagal 393 |
Airteagal 109 |
|
|
Airteagal 394(1) |
Airteagal 110(1) |
|
|
Airteagal 394(2) |
Airteagal 110(1) |
|
|
Airteagal 394(3) agus (4) |
Airteagal 110 (2) |
|
|
Airteagal 394(4) |
Airteagal 110 (2) |
|
|
Airteagal 395(1) |
Airteagal 111(1) |
|
|
Airteagal 395(2) |
|
|
|
Airteagal 395(3) |
Airteagal 111 (4) fomhír 1 |
|
|
Airteagal 395(4) |
|
Airteagal 30 (4) |
|
Airteagal 395(5) |
|
Airteagal 31 |
|
Airteagal 395(6) |
|
|
|
Airteagal 395(7) |
|
|
|
Airteagal 395(8) |
|
|
|
Airteagal 396(1) |
Airteagal 111 (4) fomhíreanna 1 agus 2 |
|
|
Airteagal 396 (2) |
|
|
|
Airteagal 397(1) |
|
Iarscríbhinn VI, Pointe 1 |
|
Airteagal 397(2) |
|
Iarscríbhinn VI, Pointe 2 |
|
Airteagal 397(3) |
|
Iarscríbhinn VI, Pointe 3 |
|
Airteagal 398 |
|
Airteagal 32(1) |
|
Airteagal 399(1) |
Airteagal 112(1) |
|
|
Airteagal 399(2) |
Airteagal 112(2) |
|
|
Airteagal 399(3) |
Airteagal 112(3) |
|
|
Airteagal 399(4) |
Airteagal 110 (3) |
|
|
Airteagal 400(1) |
Airteagal 113(3) |
|
|
Airteagal 400(2) |
Airteagal 113(4) |
|
|
Airteagal 400(3) |
|
|
|
Airteagal 401(1) |
Airteagal 114(1) |
|
|
Airteagal 401(2) |
Airteagal 114(2) |
|
|
Airteagal 401(3) |
Airteagal 114(3) |
|
|
Airteagal 402(1) |
Airteagal 115(1) |
|
|
Airteagal 402(2) |
Airteagal 115(2) |
|
|
Airteagal 402(3) |
|
|
|
Airteagal 403(1) |
Airteagal 117(1) |
|
|
Airteagal 403(2) |
Airteagal 117(2) |
|
|
Airteagal 404 |
Airteagal 122a(8) |
|
|
Airteagal 405(1) |
Airteagal 122a(1) |
|
|
Airteagal 405(2) |
Airteagal 122a(2) |
|
|
Airteagal 405(3) |
Airteagal 122a(3) fo-mhír 1 |
|
|
Airteagal 405(4) |
Airteagal 122a(3) fo-mhír 2 |
|
|
Airteagal 406(1) |
Airteagal 122a(4) agus Airteagal 122a (5) fomhír 2 |
|
|
Airteagal 406(2) |
Airteagal 122a(5) fomhír 1 agus Airteagal 122a(6) fomhír 1 |
|
|
Airteagal 407 |
Airteagal 122a(5) fomhír 3 |
|
|
Airteagal 408 |
Airteagal 122a(6) fomhíreanna 1 agus 2 |
|
|
Airteagal 409 |
Airteagal 122a(7) |
|
|
Airteagal 410 |
Airteagal 122a(10) |
|
|
Airteagal 411 |
|
|
|
Airteagal 412 |
|
|
|
Airteagal 413 |
|
|
|
Airteagal 414 |
|
|
|
Airteagal 415 |
|
|
|
Airteagal 416 |
|
|
|
Airteagal 417 |
|
|
|
Airteagal 418 |
|
|
|
Airteagal 419 |
|
|
|
Airteagal 420 |
|
|
|
Airteagal 421 |
|
|
|
Airteagal 422 |
|
|
|
Airteagal 423 |
|
|
|
Airteagal 424 |
|
|
|
Airteagal 425 |
|
|
|
Airteagal 426 |
|
|
|
Airteagal 427 |
|
|
|
Airteagal 428 |
|
|
|
Airteagal 429 |
|
|
|
Airteagal 430 |
|
|
|
Airteagal 431(1) |
Airteagal 145(1) |
|
|
Airteagal 431(2) |
Airteagal 145(2) |
|
|
Airteagal 431(3) |
Airteagal 145(3) |
|
|
Airteagal 431(4) |
Airteagal 145(4) |
|
|
Airteagal 432(1) |
Iarscríbhinn XII, Cuid I, Pointe 1 agus Airteagal 146(1) |
|
|
Airteagal 432(2) |
Airteagal 146(2) agus Iarscríbhinn XII, Cuid I, Pointí 2 agus 3 |
|
|
Airteagal 432(3) |
Airteagal 146(3) |
|
|
Airteagal 433 |
Airteagal 147 agus Iarscríbhinn XII, Cuid I, Pointe 4 |
|
|
Airteagal 434(1) |
Airteagal 148 |
|
|
Airteagal 434(2) |
|
|
|
Airteagal 435(1) |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 435(2) |
|
|
|
Airteagal 436 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 437 |
|
|
|
Airteagal 438 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointí 4, 8 |
|
|
Airteagal 439 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 5 |
|
|
Airteagal 440 |
|
|
|
Airteagal 441 |
|
|
|
Airteagal 442 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 6 |
|
|
Airteagal 443 |
|
|
|
Airteagal 444 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 7 |
|
|
Airteagal 445 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 9 |
|
|
Airteagal 446 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 11 |
|
|
Airteagal 447 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 12 |
|
|
Airteagal 448 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 13 |
|
|
Airteagal 449 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 14 |
|
|
Airteagal 450 |
Iarscríbhinn XII, Cuid II, Pointe 15 |
|
|
Airteagal 451 |
|
|
|
Airteagal 452 |
Iarscríbhinn XII, Cuid III, Pointe 1 |
|
|
Airteagal 453 |
Iarscríbhinn XII, Cuid III, Pointe 2 |
|
|
Airteagal 454 |
Iarscríbhinn XII, Cuid III, Pointe 3 |
|
|
Airteagal 455 |
|
|
|
Airteagal 456, fomhír 1 |
Airteagal 150(1) |
Airteagal 41 |
|
Airteagal 456, fomhír 2 |
|
|
|
Airteagal 457 |
|
|
|
Airteagal 458 |
|
|
|
Airteagal 459 |
|
|
|
Airteagal 460 |
|
|
|
Airteagal 461 |
|
|
|
Airteagal 462(1) |
Airteagal 151a |
|
|
Airteagal 462(2) |
Airteagal 151a |
|
|
Airteagal 462(3) |
Airteagal 151a |
|
|
Airteagal 462(4) |
|
|
|
Airteagal 462(5) |
|
|
|
Airteagal 463 |
|
|
|
Airteagal 464 |
|
|
|
Airteagal 465 |
|
|
|
Airteagal 466 |
|
|
|
Airteagal 467 |
|
|
|
Airteagal 468 |
|
|
|
Airteagal 469 |
|
|
|
Airteagal 470 |
|
|
|
Airteagal 471 |
|
|
|
Airteagal 472 |
|
|
|
Airteagal 473 |
|
|
|
Airteagal 474 |
|
|
|
Airteagal 475 |
|
|
|
Airteagal 476 |
|
|
|
Airteagal 477 |
|
|
|
Airteagal 478 |
|
|
|
Airteagal 479 |
|
|
|
Airteagal 480 |
|
|
|
Airteagal 481 |
|
|
|
Airteagal 482 |
|
|
|
Airteagal 483 |
|
|
|
Airteagal 484 |
|
|
|
Airteagal 485 |
|
|
|
Airteagal 486 |
|
|
|
Airteagal 487 |
|
|
|
Airteagal 488 |
|
|
|
Airteagal 489 |
|
|
|
Airteagal 490 |
|
|
|
Airteagal 491 |
|
|
|
Airteagal 492 |
|
|
|
Airteagal 493(1) |
|
|
|
Airteagal 493 (2) |
|
|
|
Airteagal 494 |
|
|
|
Airteagal 495 |
|
|
|
Airteagal 496 |
|
|
|
Airteagal 497 |
|
|
|
Airteagal 498 |
|
|
|
Airteagal 499 |
|
|
|
Airteagal 500 |
|
|
|
Airteagal 501 |
|
|
|
Airteagal 502 |
|
|
|
Airteagal 503 |
|
|
|
Airteagal 504 |
|
|
|
Airteagal 505 |
|
|
|
Airteagal 506 |
|
|
|
Airteagal 507 |
|
|
|
Airteagal 508 |
|
|
|
Airteagal 509 |
|
|
|
Airteagal 510 |
|
|
|
Airteagal 511 |
|
|
|
Airteagal 512 |
|
|
|
Airteagal 513 |
|
|
|
Airteagal 514 |
|
|
|
Airteagal 515 |
|
|
|
Airteagal 516 |
|
|
|
Airteagal 517 |
|
|
|
Airteagal 518 |
|
|
|
Airteagal 519 |
|
|
|
Airteagal 520 |
|
|
|
Airteagal 521 |
|
|
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn II |
|
|
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn IV |
|
|
Iarscríbhinn III |
|
|
( 1 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghairm (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
( 4 ) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L314, 5.12.2019, lch. 1).
( 5 ) Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2013/36/AE agus 2014/65/AE (IO L314, 5.12.2019, lch. 64).
( 6 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
( 7 ) IO L 335, 17.12.2009.lch 1
( 8 ) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúchán agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
( 9 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
( 10 ) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).
( 11 ) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
( 12 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( 13 ) Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
( 14 ) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
( 15 ) IO L 302, 17.11.2009, lch. 1
( 16 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( 17 ) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
( 18 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún an 15 Márta 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nochtaí poiblí ag institiúidí i dtaca leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i dTeidil II agus III de Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1423/2013 ón gCoimisiún, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1555 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/200 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2295 ón gCoimisiún (IO L 136, 21.4.2021, lch. 1).
( 19 ) Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
( 20 ) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).
( 21 ) Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
( 22 ) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht ar institiúidí um sholáthar pinsean ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
( 23 ) Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, 25.7.2019, lch. 1).
( 24 ) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
( 25 ) Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).
( 26 ) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
( 27 ) IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.
( 28 ) IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.
( 29 ) Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
( 30 ) Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).
( 31 ) IO L 250, 2.10.2003, lch. 10.
►M10 ( 32 ) Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO C 328, 18.12.2019, lch. 29). ◄
( 33 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lch. 1).
( 34 ) IO L 135, 31.5.1994, lch. 5
( 35 ) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
( 36 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 28.6.2014, lch. 1).
( 37 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859,20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).
( 38 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
( 39 ) IO L 3, 7.1.2004, lch. 36.
( 40 ) Rialachán (CE) Uimh 1126 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta cuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch 1).
( 41 ) Rialachán (AE) Uimh 1205/2011 an 22 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta cuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 7 (IO L 305, 23.11.2011, lch. 16).
( 42 ) Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch.1).
( 43 ) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).