02014R0508 — GA — 23.07.2022 — 008.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 508/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Bealtaine 2014 (IO L 149 20.5.2014, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2017/1787 of 12 June 2017 (*) |
L 256 |
1 |
4.10.2017 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2019/1022 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 |
L 172 |
1 |
26.6.2019 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2020/460 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Márta 2020 |
L 99 |
5 |
31.3.2020 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2020/560 Ó PHARLAIMINT NAHEORPA AGUS ÓNGCOMHAIRLE an 23 Aibreán 2020 |
L 130 |
11 |
24.4.2020 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2020/1781 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Samhain 2020 |
L 400 |
1 |
30.11.2020 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2022/1278 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Iúil 2022 |
L 195 |
1 |
22.7.2022 |
|
Arna cheartú le:
|
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 508/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Bealtaine 2014
maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME, AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Sainítear sa Rialachán seo bearta airgeadais an Aontais chun na nithe seo a leanas a chur chun feidhme:
an Comhbheartas Iascaigh (CBI);
bearta ábhartha a bhaineann le Dlí na Farraige;
forbairt inbhuanaithe na limistéar iascaigh agus dobharsaothraithe agus na hiascaireachta intíre; agus
an Beartas Muirí Comhtháite (BMC).
Airteagal 2
Raon feidhme geografach
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí a dhéantar i gcríoch an Aontais mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa Rialachán seo.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise’ (CISE) líonra córas ina bhfuil suiteáil dhíláraithe arna forbairt chun faisnéis a mhalartú i measc úsáideoirí d’fhonn feabhas a chur ar fheasacht staide ar ghníomhaíochtaí ar muir;
ciallaíonn ‘oibríochtaí trasearnálacha’ na tionscnaimh sin a théann chun tairbhe earnálacha agus/nó beartas earnálach éagsúil, dá dtagraítear sa CFAE, agus nach féidir iad a bhaint amach go hiomlán trí bhíthin beart atá cuimsithe laistigh de réimsí beartais faoi seach;
ciallaíonn ‘córas taifeadta agus tuairiscithe leictreonach’ (ERS) córas chun sonraí dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009a thaifeadadh agus a thuairisciú go leictreonach;
ciallaíonn ‘Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach’ líonra lena ndéantar cláir ábhartha náisiúnta um breathnóireacht agus sonraí muirí a chomhtháthú in acmhainn Eorpach choiteann agus inrochtana;
ciallaíonn ‘limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe’ limistéar le cósta mara, le cósta abhann nó le cósta locha ina bhfuil locháin nó imchuach abhann agus ina bhfuil leibhéal suntasach fostaíochta in iascach nó sa dobharshaothrú, atá comhtháite ó thaobh feidhme i dtéarmaí geografacha, eacnamaíocha agus sóisialta, agus atá ainmnithe mar limistéar den chineál sin ag Ballstát;
ciallaíonn ‘iascaire’ aon duine ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála, faoi mar atá aitheanta ag an mBallstát;
ciallaíonn “iascaireacht intíre” gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha tráchtála a dhéanann soithí ag feidhmiú dóibh in uiscí intíre nó a dhéanann feistí eile, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear le haghaidh iascaireachta oighir;
ciallaíonn “bainistiú comhtháite an chreasa cósta” na straitéisí agus na bearta sin a gcuirtear síos orthu sa Mholadh ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (2002/413/CE) ( 1 );
ciallaíonn ‘rialachas muirí comhtháite’ bainistiú comhordaithe ar gach beartas earnála ar leibhéal an Aontais a dhéanann difear do na haigéin, do na farraigí agus do réigiúin ar an gcósta;
ciallaíonn ‘Beartas Muirí Comhtháite’ (BMC) beartas de chuid an Aontais arb é is aidhm leis cinnteoireacht chomhordaithe agus chomhleanúnach a chothú chun forbairt inbhuanaithe, fás eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta na mBallstát, agus go háirithe na réigiún cósta, oileánach agus na réigiún is forimeallaí san Aontas a uasmhéadú, i dteannta na n-earnálacha muirí, trí bheartais chomhtháite a bhaineann leis an muir agus trí chomhar idirnáisiúnta ábhartha;
ciallaíonn ‘Faireachas Muirí Comhtháite’ (IMS) tionscnamh de chuid an Aontais a bhfuil sé d’aidhm aige feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht i ngníomhaíochtaí faireachais sna farraigí Eorpacha trí mhalartú faisnéise agus trí chomhoibriú thar earnálacha agus thar theorainneacha;
ciallaíonn ‘pleanáil spásúil mhuirí’ próiseas trína ndéanann údaráis an Bhallstáit lena mbaineann anailís ar ghníomhaíochtaí an duine i limistéir mhuirí, agus trína ndéanann siad na gníomhaíochtaí sin a eagrú, d’fhonn cuspóirí éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach;
ciallaíonn ‘beart’ sraith oibríochtaí;
ciallaíonn ‘iascaireacht chósta ar mhionscála’ iascaireacht arna déanamh ag soithí iascaireachta atá níos giorra ná 12 mhéadar ar an iomlán gan trealamh tarraingthe in úsáid acu mar atá liostaithe i dTábla 3 d’Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún ( 2 ).
ciallaíonn ‘soithí atá ag oibriú go heisiach in uiscí intíre’ soithí atá ag gabháil d’iascaireacht tráchtála in uiscí intíre agus nach bhfuil ar áireamh ar chlár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais.
TEIDEAL II
AN CREAT AIRGEADAIS
CAIBIDIL I
Bunú agus cuspóirí an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh
Airteagal 4
Bunú
Bunaítear leis seo an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI).
Airteagal 5
Cuspóirí
Rannchuideoidh CEMI leis na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:
iascaigh agus dobharshaothrú atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, inmharthanacht ón taobh eacnamaíoch de agus freagrach ón taobh sóisialta de a chur chun cinn;
cur chun feidhme CBI a chothú;
forbairt chríochach chothromúil agus uilechuimsitheach na limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe a chur chun cinn;
forbairt agus cur chun feidhme BMC an Aontais a chothú ar bhealach atá comhlántach le beartas comhtháthaithe agus le CBI;
Ní bheidh méadú san acmhainn iascaireachta mar thoradh ar shaothrú na gcuspóirí sin.
Airteagal 6
Tosaíochtaí an Aontais
Rannchuideoidh CEMI leis an Straitéis Eoraip 2020 agus le CBI a chur chun feidhme. Saothrófar leis na tosaíochtaí seo a leanas de chuid an Aontais le haghaidh iascach agus dobharshaothraithe agus gníomhaíochtaí gaolmhara, trína léirítear na cuspóirí téamacha ábhartha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013:
Iascaigh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, atá tíosach ar acmhainní, nuálach, iomaíoch agus eolasbhunaithe a chur chun cinn tríd na cuspóirí sonracha a leanas a shaothrú:
tionchar na n-iascach ar an gcomhshaol mara a laghdú, lena n-áirítear gabhálacha nach bhfuil de dhíth a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir;
bithéagsúlacht uisceach agus éiceachórais uisceacha a chosaint agus a athbhunú;
cothromas idir an acmhainn iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil a áirithiú;
iomaíochas agus inmharthanacht fiontar iascaigh a fheabhsú, lena n-áirítear iomaíochas agus inmharthanacht an chabhlaigh chósta ar mhionscála agus feabhas a chur ar shábháilteacht nó ar dhálaí oibre;
tacaíocht a sholáthar maidir le forbairt theicniúil, nuálaíocht, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus aistriú eolais a neartú;
oiliúint ghairmiúil, scileanna gairmiúla nua agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt;
Dobharshaothrú atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, atá tíosach ar acmhainní, nuálach, iomaíoch agus eolasbhunaithe a chur chun cinn tríd na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:
tacaíocht a sholáthar maidir le forbairt theicniúil, nuálaíocht agus aistriú eolais a neartú;
iomaíochas agus inmharthanacht fhiontair an dobharshaothraithe a fheabhsú, lena n-áirítear feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre, agus, ó thaobh FBManna de go háirithe;
an bhithéagsúlacht uisceach a athbhunú agus a chosaint agus éiceachórais a bhaineann le dobharshaothrú a fheabhsú agus dobharshaothrú atá tíosach ar acmhainní a chur chun cinn;
dobharshaothrú ina bhfuil ardleibhéal cosanta comhshaoil agus sláinte agus leas ainmhithe agus ardleibhéal sláinte agus sábháilteachta poiblí a chur chun cinn;
oiliúint ghairmiúil, scileanna gairmiúla nua agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt;
Cur chun feidhme CBI a chothú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:
eolas eolaíoch a fheabhsú agus a sholáthar agus sonraí a bhainistiú agus a bhailiú;
tacú le faireachán, rialú agus forfheidhmiú, cumas institiúideach agus riarachán poiblí éifeachtach a fheabhsú gan an t-ualach riaracháin a mhéadú.
Fostaíocht agus comhtháthú críochach a mhéadú tríd an cuspóir seo a leanas a shaothrú: fás eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus cruthú post a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht agus infhostaitheacht an lucht saothair i bpobail chósta agus intíre a bhíonn ag brath ar an iascaireacht agus ar an dobharshaothrú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí laistigh d’iascach a éagsúlú in earnálacha eile den gheilleagar muirí.
Margaíocht agus próiseáil a chothú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:
an margadh a eagrú ar bhealach níos fearr le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;
infheistíocht a spreagadh sna hearnálacha próiseála agus margaíochta.
Cur chun feidhme BMC a chothú.
CAIBIDIL II
Bainistíocht chomhpháirteach agus dhíreach
Airteagal 7
Bainistíocht chomhpháirteach agus dhíreach
CAIBIDIL III
Prionsabail ghinearálta an chúnaimh faoi bhainistíocht chomhpháirteach
Airteagal 8
Státchabhair
Airteagal 9
Coinníollachtaí ex ante sonracha
Beidh feidhm ag na coinníollachtaí ex ante sonracha dá dtagraítear in Iarscríbhinn IVmaidir le CEMI.
CAIBIDIL IV
Inghlacthacht iarratas agus oibríochtaí neamh-incháilithe
Airteagal 10
Inghlacthacht iarratas
Ní bheidh aon iarrataí a thíolacann oibreoirí le haghaidh tacaíochta ó CEMI inghlactha ar feadh tréimhse sainaitheanta ama a leagtar síos de bhun mhír 4 den Airteagal seo, má chinn údarás inniúil go bhfuil na hoibreoirí lena mbaineann tar éis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
go bhfuil sárú tromchúiseach faoi Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle ( 3 ) nó faoi Airteagal 90(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 déanta acu;
go raibh siad páirteach in oibriú, i mbainistiú nó in úinéireacht soithí iascaireachta atá ar áireamh i liosta soithí neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte an Aontais mar atá leagtha amach in Airteagal 40(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó soithí a bhfuil bratach air de chuid tríú tíortha neamh-chomhoibritheacha a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán sin;
go bhfuil sáruithe tromchúiseacha déanta acu ar rialacha CBI, ar sáruithe iad atá sainaitheanta amhlaidh i reachtaíocht eile a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle; nó
aon cheann de na cionta a dhéanamh atá leagtha amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), má dhéantar an t-iarratas ar thacaíocht faoi, Caibidil II de Theideal V den Rialachán seo.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 126 maidir leis an méid seo a leanas:
an tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a shainaithint a bheidh comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an tsáraithe thromchúisigh nó an chiona thromchúisigh, agus fad bliain amháin ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin;
dátaí ábhartha tosaithe nó críochnaithe na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 den Airteagal seo.
Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh Ballstát ar fáil, arna iarraidh sin do Bhallstát eile, faisnéis atá ina chlár náisiúnta de sháruithe dá dtagraítear in Airteagal 93 de Rialachán (CE) Uimhir 1224/2009.
Airteagal 11
Oibríochtaí neamh-incháilithe
Ní bheidh na hoibríochtaí seo a leanas incháilithe faoi CEMI:
oibríochtaí lena méadaítear acmhainn iascaireachta soithigh, nó trealamh lena méadaítear cumas an tsoithigh teacht ar éisc;
soithí nua iascaireachta a thógáil nó soithí iascaireachta a allmhairiú;
scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, mura ndéantar foráil don mhéid sin go sonrach sa Rialachán;
iascaireacht thaiscéalaíoch;
aistriú úinéireachta ar ghnóthas;
athstocáil dhíreach, mura bhfuil foráil déanta dó go sainráite mar bheart caomhantais i gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais nó i gcás athstocála trialaí.
TEIDEAL III
AN CREAT AIRGEADAIS
Airteagal 12
An buiséad a chur chun feidhme
Airteagal 13
Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht roinnte
Leithdháilfear EUR 192 500 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar chúiteamh na réigiún is forimeallaí faoi Chaibidil V de Theideal V. Leis an gcúiteamh sin, ní shárófar na suimeanna seo a leanas in aghaidh na bliana:
EUR 6 450 000 i gcomhair na nAsór agus Mhaidéara;
EUR 8 700 000 i gcomhair na nOileán Canárach;
EUR 12 350 000 do réigiúin Fhrancacha is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.
Airteagal 14
Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht dhíreach
Airteagal 15
Athscrúdú meántéarma
Athscrúdóidh an Coimisiún cur chun feidhme Chaibidil I agus Chaibidil II de Theideal VI, lena n-áirítear an gá atá le coigeartú a dhéanamh ar imdháileadh táscach na gcistí mar a leagtar síos in Iarscríbhinn III é, agus déanfaidh sé tuarascáil eatramhach mheastóireachta a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis na torthaí a fuarthas agus le gnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla CEMI, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2017.
Airteagal 16
Dáileadh airgeadais le haghaidh na bainistíochta comhpháirtí
I gcás na n‐acmhainní atá ar fáil le haghaidh gealltanais ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 13(1) don tréimhse ó 2014 go 2020, mar a leagtar amach iad sa tábla in Iarscríbhinn II, cinnfear iad ar bhonn na gcritéar oibiachtúil seo a leanas:
maidir le Teideal V, cé is moite d’Airteagal 76 agus Airteagal 77:
an leibhéal fostaíochta in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe mhuirí agus uisce úir, lena n-áirítear an leibhéal fostaíochta sa phróiseáil lena mbaineann,
an leibhéal táirgthe in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe mhuirí agus uisce úir, lena n-áirítear an phróiseáil lena mbaineann; agus
cion an chabhlaigh iascaireachta cósta ar mhionscála sa chabhlach iascaireachta trí chéile;
maidir le hAirteagal 76 agus Airteagal 77:
raon chúraimí rialaithe an Bhallstáit lena mbaineann, agus aird á tabhairt ar mhéid an chabhlaigh iascaireachta, méid réimse na farraige atá le rialú, méid na ngabhálacha a thugtar i dtír agus luach na n-allmhairí ó thríú tíortha
na hacmhainní rialaithe atá ar fáil i gcomparáid le raon chúraimí rialaithe an Bhallstáit, trína meastar na modhanna atá ar fáil agus aird á tabhairt ar líon na rialuithe a dhéantar ar muir agus líon na gcigireachtaí a dhéantar ar thabhairt i dtír gabhálacha;
méid na gcúraimí bailithe sonraí a bheidh ar an mBallstát lena mbaineann, agus agus aird á tabhairt ar mhéid an chabhlaigh iascaireachta náisiúnta, méid na ngabhálacha a thugtar i dtír agus méid an táirgthe dobharshaothraithe, líon na ngníomhaíochtaí faireacháin eolaíoch ar muir agus líon na suirbhéanna a bhfuil an Ballstát rannpháirteach iontu; agus
na hacmhainní bailithe sonraí atá ar fáil i gcomparáid le méid na gcúraimí bailithe sonraí a bheidh ar an mBallstát, i gcás ina neasaítear na modhanna atá ar fáil trí aird a thabhairt ar na hacmhainní daonna agus do na modhanna teicniúla is gá chun an clár náisiúnta samplála le haghaidh bailiú sonraí a chur chun feidhme;
i ndáil le gach uile bheart, na leithdháiltí stairiúla cistí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle agus an t-ídiú stairiúil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle.
TEIDEAL IV
CLÁRÚ
CAIBIDIL I
Clárú le haghaidh beart arna maoiniú faoi bhainistíocht chomhpháirteach
Airteagal 17
Cláir oibríochtúla a ullmhú
Airteagal 18
Inneachar an chláir oibríochtúil
Sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 áireofar sa chlár oibríochtúil na nithe seo leanas:
anailís ar an gcás i dtéarmaí láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí agus sainaithint na riachtanas a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu sa limistéar geografach atá cumhdaithe faoin gclár, lena n-áirítear imchuacha farraigí, i gcás inarb ábhartha;
Déanfar an anailís a struchtúrú thart ar thosaíochtaí ábhartha an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 6 iad agus, i gcás inarb infheidhme, beidh sí i gcomhréir leis an bPlean Straitéiseach Náisiúnta Ilbhliantúil maidir le Dobharshaothrú, dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachan (AE) 1380/2013 agus an dul chun cinn chun dea-riocht comhshaoil a bhaint amach trí straitéis mhuirí, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2008/56/CE a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Measúnófar sainriachtanais maidir le poist, an comhshaol, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus nuálaíocht a chur chun cinn i ndáil le tosaíochtaí an Aontais, d’fhonn na freagairtí is ábhartha a aithint ar leibhéal gach tosaíochta a bhaineann leis an réimse sin;
tuairisc ar an straitéis de réir bhrí Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, lena léireofar na nithe seo a leanas:
go leagtar amach spriocanna iomchuí do gach ceann de thosaíochtaí an Aontais a áirítear sa chlár, ar bhonn na gcomhtháscairí ar thorthaí dá dtagraítear in Airteagal 109 den Rialachán seo;
go leanann roghnú na mbeart ábhartha go loighciúil as gach ceann de thosaíochtaí an Aontais a roghnaíodh sa chlár agus na conclúidí ón measúnú ex-ante agus an anailís dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo á gcur san áireamh. Maidir leis na bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta a scor go buan faoi Airteagal 34 den Rialachán seo, áireofar sa tuairisc sin na spriocanna agus na bearta a bheidh le glacadh chun an acmhainn iascaireachta a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Cuirfear san áireamh chomh maith tuairisc ar an modh le haghaidh ríomh an chúitimh atá le deonú faoi Airteagal 33 agus Airteagal 34 den Rialachán seo;
go bhfuil leithdháileadh na n-acmhainní airgeadais do thosaíochtaí an Aontais a áirítear sa chlár inchosanta agus leordhóthanach chun na spriocanna atá socraithe a bhaint amach;
i gcás inarb iomchuí, riachtanais shonracha limistéir Natura 2000, mar a bunaíodh le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle ( 7 ), agus rannchuidiú an chláir le líonra comhtháite de cheantair stoic athshlánaithe éisc a bhunú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
an measúnú ar na coinníollachtaí sonracha ex ante chun críocha Airteagal 9 agus Iarscríbhinn IV den Rialachán seo agus, nuair a éilítear é, na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
tuairisc ar an gcreat feidhmíochta de réir bhrí Airteagal 22 agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
liosta de na bearta a roghnaíodh agus iad á n-eagrú de réir thosaíochtaí an Aontais;
liosta de na critéir a chuirtear i bhfeidhm chun na limistéir iascaigh agus dobharshaothraithe a roghnú faoi Chaibidil III de Theideal V;
liosta de na critéir roghnúcháin maidir le straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail faoi Chaibidil III de Theideal V;
i mBallstáit ina bhféadfar a mheas go bhfuil os cionn 1 000 soitheach ina soithí iascaireachta cósta ar mhionscála, plean gníomhaíochta le haghaidh forbartha, iomaíochais agus inbhuanaitheachta don iascaireacht chósta ar mhionscála;
na ceanglais meastóireachta agus an plean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a sainaithníodh;
plean maoinithe atá le ceapadh agus Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. á chur san áireamh 1303/2013 agus, i gcomhréir le gníomh chur chun feidhme an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo, ina gcuimsítear iad seo a leanas:
tábla ina leagtar amach ranníocaíocht iomlán CEMI atá beartaithe do gach bliain;
tábla ina leagtar amach na hacmhainní de chuid CEMI is infheidhme agus ráta cómhaoinithe CEMI maidir leis na cuspóirí a shainítear faoi thosaíochtaí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo agus an cúnamh teicniúil; de mhaolú ar an riail ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 94(2) den Rialachán seo, léireofar ar leithligh sa tábla sin, i gcás inarb infheidhme, acmhainní agus rátaí cómhaoinithe CEMI a bhfuil feidhm acu maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 33, Airteagal 34, Airteagal 41(2) in Airteagal 67 agus in Airteagal 70, in Airteagal 76(2) pointí (a) go (d) agus (f) go (l), in pointe (e) d’airteagal 76 (2) agus in Airteagal 77 den Rialachán seo.
faisnéis faoin gcomhlántacht agus faoin gcomhordú le Cistí CSE agus ionstraimí ábhartha eile cistiúcháin náisiúnta agus Aontais;
socruithe chun cláir oibriochtúil a chur chun feidhme, lena n-áirítear:
na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 123 de Rialachán(AE) Uimh. 1303/2013 a shainaithint agus, le haghaidh faisnéise, tuairisc achomair ar an gcóras bainistíochta agus rialúcháin;
tuairisc shoiléir ar ról GÁGIanna, ról an údaráis bhainistíochta nó an chomhlachta ainmnithe faoi seach i ndáil leis na cúraimí cur chun feidhme ar fad a bhaineann leis an straitéis forbartha áitiúil faoi stiúir an phobail;
tuairisc ar na nósanna imeachta faireacháin agus meastóireachta, mar aon le comhdhéanamh ginearálta an Choiste Faireacháin;
na forálacha chun a áirithiú go bpoiblítear an clár i gcomhréir le hAirteagal 119 den Rialachán seo;
liosta na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus torthaí an chomhairliúcháin leis na comhpháirtithe;
le haghaidh an chuspóra maidir le comhlíonadh méadaithe trí bhíthin rialaithe dá dtagraítear faoi Airteagal 6(3) (b) agus i gcomhréir le hAirteagal 17(3):
liosta comhlachtaí a chuireann an córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe chun feidhme agus tuairisc ghairid ar a n-acmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil do rialú, do chigireacht agus d’fhorfheidhmiú iascaigh, ar a bpríomhthrealamh atá ar fáil do rialú, do chigireacht agus d’fhorfheidhmiú iascaigh, go háirithe líon na soithí, na n-aerárthaí agus na héileacaptar;
cuspóirí foriomlána na mbeart rialaithe a bheidh le cur chun feidhme trí bhíthin úsáid a bhaint as comhtháscairí atá le leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 109;
cuspóirí sonracha atá le baint amach i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6 agus mionsonrú de réir catagóire do ré iomlán na tréimhse clárúcháin;
Le haghaidh an chuspóra maidir le sonraí a bhailiú i dtaca le bainistíocht inbhuanaithe iascaigh dá dtagraítear faoi phointe (a) d’Airteagal 6(3) agus i gcomhréir le clár ilbhliantúil an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimhir 199/2008 ón gComhairle:
tuairisc ar ghníomhaíochtaí bailithe sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
tuairisc ar mhodhanna stórála sonraí, ar bhainistíocht sonraí agus ar úsáid sonraí;
tuairisc ar an gcumas chun bainistíocht fhónta airgeadais agus riaracháin a bhaint amach maidir leis na sonraí a bailíodh;
Déanfar an roinn den chlár oibríochtúil dá dtagraitear i bpointe (p) a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo
Airteagal 19
An clár oibríochtúil a fhormheas
Airteagal 20
An clár oibríochtúil a leasú
Airteagal 21
Pleananna oibre chun sonraí a bhailiú
Airteagal 22
Rialacha maidir le nósanna imeachta agus le tráthchláir
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh maidir le nósanna imeachta, formáid agus tráthchláir don mhéid seo a leanas:
formheas na gclár oibríochtúil;
cur isteach agus formheas moltaí do leasuithe ar chláir oibríochtúla, lena n-áirítear a dteacht i bhfeidhm agus a mhinicí agus a chuirtear isteach iad le linn na tréimhse clárúcháin;
cur isteach agus formheas moltaí maidir le leasuithe dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 20(3);
cur isteach na bpleananna oibre maidir le bailiú sonraí.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Simpleofar na nósanna imeachta, an fhormáid agus na tráthchláir i gcás leasuithe ar chláir oibríochtúla lena mbaineann an méid seo a leanas:
aistriú cistí idir tosaíochtaí an Aontais, ar cistí iad nach dtéann thar 10 % den mhéid a leithdháiltear do thosaíocht an Aontais;
tabhairt isteach nó aistarraingt príomhbheart nó cineálacha oibríochtaí ábhartha agus an fhaisnéis agus na táscairí lena mbaineann;
athruithe ar thuairisc na mbeart, lena n-áirítear athruithe ar choinníollacha incháilitheachta;
leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 20(3) mar aon le haon leasuithe breise ar an gclár maidir leis an roinn den chlár oibríochtúil dá dtagraítear i bpointe (o) d’Airteagal 18(1);
leasuithe ar chláir oibríochtúla a bhaineann leis an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 33(1), Airteagal 35, Airteagal 44(4a), pointe (b) d’Airteagal 55(1), Airteagail 57, 66 agus 67, Airteagal 68(3) agus Airteagal 69(3), lena n-áirítear na hacmhainní airgeadais a ghabhann leo a ath-leithdháileadh chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ráig COVID-19 nó chun iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar an gcogadh foghach sin a mhaolú.
CAIBIDIL II
Clárú le haghaidh beart a ndéanfar maoiniú orthu faoi bhainistíocht dhíreach
Airteagal 23
Clár oibre bliantúil
Beidh na nithe seo a leanas san áireamh sa chlár oibre bliantúil:
tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus na cuspóirí a shaothrófar do gach gníomhaíocht a bheidh i gcomhréir leis na cuspóirí faoi a leagtar síos in Airteagal 82 agus in Airteagal 85. Cuimseofar ann freisin léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, tráthchlár táscach um chur chun feidhme, chomh maith le faisnéis maidir lena gcur chun feidhme;
maidir le deontais agus bearta a bhaineann leo, na critéir mheastóireachta bunriachtanacha a leagfar síos i gcaoi go mbainfear amach ar an mbealach is fearr na cuspóirí a shaothraítear leis an gClár oibríochtúil, agus an ráta uasta cómhaoinithe.
TEIDEAL V
TEIDEAL V BEARTA ARNA MAOINIÚ FAOI BHAINISTÍOCHT CHOMHPHÁIRTEACH
CAIBIDIL I
Forbairt inbhuanaithe an iascaigh
Airteagal 24
Cuspóirí Sonracha
Rannchuideoidh tacaíocht airgeadais faoin gCaibidil seo le baint amach na gcuspóirí sonracha faoi thosaíocht an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(1).
Airteagal 25
Coinníollacha ginearálta
Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, ní sháróidh an ranníocaíocht airgeadais iomlán ó CEMI do na bearta dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 33(1) agus in Airteagal 34 agus d’athsholáthar nó nuachóiriú na bpríomhinneall ná na n‐inneall coimhdeach dá dtagraítear in Airteagal 41 an tairseach is airde den dá thairseach seo a leanas:
EUR 6 000 000 ; nó
15 % de thacaíocht airgeadais an Aontais a leithdháileann an Ballstát do na tosaíochtaí de chuid an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(1), (2) agus (5).
Airteagal 26
Nuálaíocht
Airteagal 27
Seirbhísí comhairliúcháin
D’fhonn feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán agus ar iomaíochas na n-oibreoirí agus chun iascach inbhuanaithe a chur chun cinn, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
staidéir indéantachta agus seirbhísí comhairliúcháin ina ndéantar measúnú ar inmharthanacht oibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thacaíocht faoin gCaibidil seo;
comhairle ghairmiúil a sholáthar faoin inbhuanaitheacht chomhshaoil ina ndírítear ar dhrochthionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhara, talún agus fionnuisce a laghdú agus, i gcás inarb indéanta, deireadh a chur leo;
comhairle ghairmiúil a sholáthar faoi straitéisí gnó agus margaíochta.
Airteagal 28
Comhpháirtíochtaí idir eolaithe agus iascairí
D’fhonn an t-aistriú eolais idir eolaithe agus iascairí a chothú, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
líonraí, comhaontuithe comhpháirtíochta nó comhpháirtíochtaí a chruthú idir comhlacht eolaíoch neamhspleách amháin, nó níos mó, agus iascairí nó eagraíocht iascairí amháin nó níos mó, ina bhféadfaidh comhlachtaí teicniúla a bheith rannpháirteach.
na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú na líonraí, na gcomhaontuithe comhpháirtíochta, nó faoi chuimsiú na gcomhpháirtíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a).
Airteagal 29
Caipiteal daonna agus an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn
D’fhonn caipiteal daonna, cruthú post agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
oiliúint ghairmiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil, tionscadail chomhpháirtíochta, eolas de chineál eacnamaíoch, teicniúil, rialála nó eolaíoch agus cleachtais nuálacha a scaipeadh agus scileanna nua gairmiúla a shealbhú go háirithe na cinn sin a bhaineann le bainistíocht inbhuanaithe in éiceachórais na mara, le sláinteachas, le sláinte, le sábháilteacht, le gníomhaíochtaí san earnáil mhuirí, le nuálaíocht agus le fiontraíocht;
líonrú agus malartú taithí agus dea-chleachtais idir geallsealbhóirí, lena n-áirítear i measc eagraíochtaí a chuireann comhdheiseanna idir fir agus mná chun cinn, agus ról na mban sna pobail iascaireachta a chur chun cinn agus grúpaí faoi ghann-ionadaíocht a mbíonn iascaireacht chósta ar mhionscála nó iascaireacht de chois ar siúl acu a chur chun cinn;
an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ina mbíonn iascairí, páirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile rannpháirteach.
Airteagal 30
Éagsúlú agus cineálacha nua ioncaim
Deonófar tacaíocht faoi mhír 1 d’iascairí más rud é:
go gcuireann siad plean gnó isteach maidir le forbairt a ngníomhaíochtaí nua;
go bhfuil scileanna gairmiúla leordhóthanacha acu a d’fhéadfaí a fháil trí bhíthin oibríochtaí a ndéanfaí maoiniú orthu faoi Airteagal 29(1).
Airteagal 31
Tacaíocht nua-thionscanta do na hiascairí
Ní fhéadfar an tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú ach maidir le céad soitheach iascaireachta an úinéara agus a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi:
tá a fhad foriomlán níos lú ná 24 mhéadar;
tá sé feistithe don iascaireacht mhara;
tógadh idir 5 bliana agus 30 bliain ó shin é; agus
baineann sé le roinn chabhlaigh lenar léirigh an tuarascáil maidir le hacmhainneacht iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go ndearnadh cothromú leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin.
Airteagal 32
Sláinte agus sábháilteacht
Airteagal 33
Scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta
Le CEMI, féadfar tacú le bearta le haghaidh an scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta sna cásanna seo a leanas:
cur chun feidhme bhearta an Choimisiúin nó bhearta éigeandála na mBallstát dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13, faoi seach, de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó na mbeart caomhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin, lena n‐áirítear tréimhsí téarnaimh ó thaobh na bitheolaíochta;
ní dhéantar Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nó na prótacail a ghabhann leo a athnuachan;
i gcás ina bhforáiltear don scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta i bplean bainistíochta a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle ( 9 ) nó i bplean ilbhliantúil a ghlactar faoi Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás ina bhfuil gá, bunaithe ar chomhairle eolaíoch, le laghdú san iarracht iascaireachta chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus i bpointe (a) d’Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach;
i gcás ina dtarlaíonn an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta idir an 1 Feabhra agus an 31 Nollaig 2020 mar thoradh ar ráig COVID-19, lena n-áirítear é sin a bheith amhlaidh le haghaidh soithí a oibríonn faoi chomhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, nó i gcás ina dtarlaíonn sé an 24 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh sin mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a chuireann slándáil na ngníomhaíochtaí iascaireachta i mbaol nó a chuireann bac ar inmharthanacht eacnamaíoch na n-oibríochtaí iascaigh.
I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo incháilithe ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh más toradh na hoibríochtaí ar ráig COVID-19 nó, ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh, más iarmhairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine iad, a chuireann slándáil na ngníomhaíochtaí iascaireachta i mbaol nó a chuireann bac ar inmharthanacht eacnamaíoch na n-oibríochtaí iascaigh.
Ní dheonófar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 ach amháin do na daoine seo a leanas:
úinéirí soithí iascaireachta an Aontais a cláraíodh mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 120 lá ar a laghad ar muir le linn an dá bhliain féilire roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht; nó
iascairí a d’oibrigh ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais le linn an dá bhliain roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht agus a mbaineann an scor sealadach ar feadh 120 lá ar a laghad léi.
Chun críoch phointe (d) de mhír 1, beidh feidhm ag na maolaithe seo a leanas:
de mhaolú ar phointe (a) de mhír 3, i gcás soitheach iascaireachta a bheith cláraithe i gclár cabhlaigh iascaireachta an Aontais ar feadh tréimhse is giorra ná dhá bhliain ar dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht, féadfaidh na Ballstáit líon íosta na laethanta de ghníomhaíochtaí iascaireachta a bheidh ag teastáil don soitheach sin a ríomh mar chion de 120 lá sa dá bhliain féilire dheireanacha;
de mhaolú ar phointe (b) de mhír 3, i gcás iascaire a thosaigh ag obair ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais tráth is giorra ná dhá bhliain roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht, féadfaidh na Ballstáit líon íosta na laethanta oibre a bheidh ag teastáil don iascaire sin a ríomh mar chion de 120 lá sa dá bhliain féilire dheireanacha;
de mhaolú ar mhír 3, deonófar tacaíocht freisin d’iascairí de chois a d’oibrigh 120 lá ar a laghad le linn an dá bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht. I gcás iascaire de chois a thosaigh ag obair tráth is giorra ná dhá bhliain roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht, féadfaidh na Ballstáit líon íosta na laethanta oibre a bheidh ag teastáil don iascaire sin a ríomh mar chion de 120 lá sa dá bhliain féilire dheireanacha.
Airteagal 34
Scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta
Ní fhéadfaidh CEMI tacú le bearta maidir le scor buan de na gníomhaíochtaí iascaireachta a mhaoiniú ach amháin trí shoithí iascaireachta a dhiúscairt ar an gcoinníoll:
tá sé curtha san áireamh sa chlár oibríochtúil, arna bhunú in Airteagal 18; agus
tá an scor buan réamh-mheasta mar uirlis de chuid phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena léirítear nach bhfuil cothromú éifeachtach déanta ag an roinn chabhlaigh leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin.
Deonófar tacaíocht faoi mhír 1 do na daoine seo a leanas:
úinéirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais a cláraíodh mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 90 lá in aghaidh na bliana ar a laghad ar muir le linn an dá bhliain féilire roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht; nó
iascairí a d’oibrigh ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaintear an scor buan ar feadh 90 lá in aghaidh na bliana ar a laghad le linn an dá bhliain roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht.
I gcás throisc Mhuir Bhailt Thoir, áfach, dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ), is iad 2017 agus 2018 a bheidh i gceist leis an dá bhliain féilire dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír den mhír seo.
Féadfar tacaíocht a dheonú faoin Airteagal seo go dtí an 31 Nollaig 2017, ach amháin i gcás ina nglacfar bearta le haghaidh scor buan chun go mbainfear amach cuspóirí na bpleananna ilbhliantúla seo a leanas:
an plean ilbhliantúil chun stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe, arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 );
an plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/1139, maidir le soithí a dhírigh ar throisc Mhuir Bhailt Thoir ar throisc Mhuir Bhailt Thiar nó ar scadáin Mhuir Bhailt Thiar mar a leagtar amach in Airteagal 8a de Rialachán (AE) 2016/1139.
Caiteachas a bhaineann leis na bearta le haghaidh scor buan a glacadh chun cuspóirí Rialachán (AE) 2016/1139 a bhaint amach, go háirithe Airteagal 8a de, beidh sé incháilithe do thacaíocht ó CEMI amhail ón 1 Nollaig 2020.
De bhreis air sin agus d’fhonn an oidhreacht mhara a chaomhnú, féadfar tacaíocht a thabhairt do scor buan gan diúscairt i gcás soithí traidisiúnta adhmaid, ar choinníoll go gcoinneofar feidhm oidhreachtúil ar talamh leis na soithí sin.
Airteagal 35
Cistí frithpháirteacha le haghaidh géarchéimeanna sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide agus teagmhais chomhshaoil
D’fhonn a bheith incháilthe le haghaidh tacaíochta faoin Airteagal seo, beidh na nithe seo a leanas ag roinnt leis an gciste frithpháirteach lena mbaineann:
creidiúnóidh an t-údarás inniúil é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
bearta trédhearcacha i leith íocaíochtaí isteach sa chiste agus aistarraingtí amach as; agus
rialacha soiléire lena leagtar síos freagrachtaí as fiacha ar bith a thabhaítear.
Airteagal 36
Tacú le córais lena leithdháiltear deiseanna iascaireachta
Airteagal 37
Tacaíocht do dhearadh agus do chur chun feidhme beart caomhantais
D’fhonn a áirithiú go ndéanfar bearta caomhantais a dhearadh agus a chur chun feidhme go héifeachtúil faoi Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 11, mar aon leis an gcomhar réigiúnach faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
dearadh agus forbairt na modhanna teicniúla agus riaracháin a bheidh riachtanach le haghaidh bearta caomhantais agus an réigiúnú a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu;
rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí agus comhoibriú idir na Ballstáit leis na bearta caomhantais agus an réigiúnú a dhearadh agus a chur chun feidhme.
Airteagal 38
Tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a theorannú agus an iascaireacht a chur in oiriúint do chosaint speiceas
D’fhonn tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a laghdú agus d’fhonn clabhsúr ar aischur na n-ábhar muirí a chothú de réir a chéile agus an t-aistriú a éascú chuig saothrú inbhuanaithe bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh CEMI tacú le hinfheistíocht iontu seo leanas:
i dtrealamh chun feabhas a chur ar roghnaíocht méide nó ar roghnaíocht speiceas an trealaimh iascaireachta;
infheistíocht ar bord nó i dtrealamh lena gcuirtear deireadh leis an aischur trí ghabhálacha stoc tráchtála de thaisme a sheachaint agus a laghdú nó trí dhéileáil le gabhálacha nach bhfuil de dhíth i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
infheistíocht i dtrealamh chun tionchair fhisiceacha agus bhitheolaíocha na hiascaireachta ar an éiceachóras nó ar ghrinneall na farraige a theorannú agus, i gcás inarb indéanta, deireadh a chur leis;
i dtrealamh lena gcosnaítear na fearais iascaireachta agus na gabhálacha ó mhamaigh agus ó éin atá faoi chosaint Threoir 92/43/CEE ón gComhairle nó atá faoi chosaint Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ), ar choinníoll nach gcoiscfear an roghnaíocht maidir leis an bhfearas iascaireachta agus go dtugtar isteach na bearta uile is iomchuí chun díobháil fhisiciúil do na creachadóirí a sheachaint.
Deonófar tacaíocht don mhéid seo a leanas:
úinéirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar cláraíodh a soithí mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 60 lá ar a laghad ar muir le linn an dá bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais;
iascairí ar leo an fearas atá le hathsholáthar agus a d’oibrigh ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais ar feadh 60 lá ar a laghad le linn an dá bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais;
eagraíochtaí iascairí atá aitheanta ag an mBallstát.
Airteagal 39
Nuálaíocht atá nasctha le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara
Airteagal 40
Bithéagsúlacht agus éiceachórais na mara agus córais cúitimh a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe
D’fhonn bithéagsúlacht agus éiceachórais na mara a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí inbhuanaithe iascaireachta, agus i gcás inarb ábhartha, in éineacht le rannpháirtíocht iascairí, féadfaidh CEMI tacú leis na hoibríochtaí seo a leanas:
bailiú dramhaíola ón muir ag iascairí amhail trealamh iascaireachta caillte agus bruscar muirí a asbhaint;
tógáil, suiteáil nó nuachóiriú saoráidí buana nó sochorraithe atá beartaithe chun fauna agus flora muirí a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus meastóireacht a dhéanamh orthu;
cur le bainistiú nó caomhnú níos fearr a dhéanamh i dtaca le hacmhainní bitheolaíocha muirí;
ullmhúchán lena n-áirítear staidéir, dréachtú, faireachán agus cosaint nuashonraithe, agus pleananna bainistithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaigh i ndáil le láithreáin NATURA 2000 agus le bearta um chosaint spásúil dá dtagraítear i dTreoir 2008/56/CE agus a bhaineann le gnáthóga speisialta eile;
bainistiú, athbhunú agus faireachán a dhéanamh ar láithreáin NATURA 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE agus le Treoir 2009/147/CE, i gcomhréir le creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Threoir 92/43/CEE;
bainistiú, athbhunú agus faireachán a dhéanamh ar limistéir mhuirí faoi chosaint i bhfianaise chur chun feidhme na mbeart um chosaint spásúil dá dtagraítear in Airteagal 13(4) de Threoir 2008/56/CE;
feasacht chomhshaoil lena bhfuil baint ag iascairí maidir le bithéagsúlacht mhuirí a chosaint agus a athbhunú;
scéimeanna chun díobháil do ghabhálacha a chúiteamh arb é is cúis léi mamaigh agus éin atá faoi chosaint Threoir 92/43/CEE agus atá faoi chosaint Threoir 2009/147/CE;
rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí eile atá dírithe ar chothabháil agus ar fheabhsú seirbhísí bithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais, amhail gnáthóga muirí nó cósta ar leith a athbhunú chun tacú le stoic éisc inbhuanaithe lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus meastóireacht a dhéanamh;
Airteagal 41
Éifeachtúlacht fuinnimh agus maolú ar an athrú aeráide
D’fhonn éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus d’fhonn cur le éifeachtúlacht fuinnimh na soithí iascaireachta, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
infheistíochtaí i dtrealamh nó ar bord atá dírithe ar astú na dtruailleán a laghdú nó ar gháis cheaptha teasa a laghdú agus ar éifeachtúlacht fuinnimh na soithí iascaireachta a mhéadú. Tá infheistíochtaí i dtrealamh iascaireachta incháilithe ar an gcoinníoll nach ndéanfaí an bonn a bhaint de roghnaíocht an trealaimh iascaireachta sin;
iniúchtaí agus scéimeanna um éifeachtúlacht fuinnimh;
staidéir chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na gcóras malartach tiomána agus dearaí malartacha na gcabhlacha le héifeachtúlacht soithí iascaireachta.
Ní fhéadfar tacaíocht d’athsholáthar nó do nuachóiriú na bpríomhinneall nó na n-inneall coimhdeach a dheonú ach amháin:
i gcás soithí suas go dtí 12 mhéadar ar fhad iomlán ar an gcoinníoll nach mó an chumhacht san inneall nua nó athchóirithe agus a bhí sa seancheann; nó
i gcás soithí atá idir 12 mhéadar agus 18 mhéadar ar fhad iomlán ar an gcoinníoll go mbeidh ar a laghad 20 % níos lú cumhachta san inneall nua nó athchóirithe ná mar a bheadh sa seancheann;
i gcás soithí atá idir 18 mhéadar agus 24 mhéadar ar fhad iomlán ar an gcoinníoll go mbeidh ar a laghad 30 % níos lú cumhachta san inneall nua nó athchóirithe ná mar a bhí sa seancheann.
Gan dochar d’Airteagal 27(3), ní bheidh an ranníocaíocht airgeadais ó CEMI do na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhaineann le hathsholáthar nó nuachóiriú inneall ná in ann an tairseach is airde den dá thairseach a leanas a shárú:
EUR 1 500 000 ;nó.
3 % de thacaíocht airgeadais an Aontais a leithdháileann an Ballstát do thosaíochtaí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(1), (2) agus (5).
Airteagal 42
Breisluach, cáilíocht táirgí agus úsáid na ngabhálacha nach bhfuil de dhíth
D’fhonn feabhas a chur ar bhreisluach nó ar chaighdeán na n-iasc a ghabhtar, féadfaidh CEMI tacú leis na nithe a leanas:
infheistíochtaí chun luach a chur le táirgí iascaigh, go háirithe trí cheadú d’iascairí a ngabhálacha féin a phróiseáil, a mhargú agus a dhíol go díreach;
infheistíochtaí nuálacha ar bord lena gcuirtear feabhas ar chaighdeán na dtáirgí iascaigh.
Airteagal 43
Calafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, hallaí ceantála agus fothanacha
Airteagal 44
Iascaireacht intíre agus fauna agus flora uisceach intíre
D’fhonn tionchar na hiascaireachta intíre ar an gcomhshaol a laghdú, d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, d’fhonn luach nó cáilíocht na n-iasc a ghabhtar a fheabhsú, nó d’fhonn an tsláinte, an tsábháilteacht, dálaí oibre, an caipiteal daonna agus an oiliúint in iascaireacht intíre a fheabhsú, féadfaidh CEMI tacú leis na hinfheistíochtaí seo a leanas:
infheistíochtaí sa chaipiteal daonna, cruthú post agus san idirphlé sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 29(1) agus 31(2) agus faoi na coinníollacha a leagtar amach sna hAirteagail sin;
infheistíochtaí ar bord nó i dtrealamh aonair dá dtagraítear in Airteagal 32 agus faoi na coinníollacha atá leagtha amach san Airteagal sin;
infheistíochtaí i dtrealamh agus sna cineálacha oibríochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 38 agus in Airteagal 39 agus faoi na coinníollacha atá leagtha amach sna hAirteagail sin;
éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus maolú eifeachtaí an athraithe aeráide dá dtagraítear in Airteagal 41 agus faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach san Airteagal sin;
infheistíochtaí lena gcuirtear feabhas ar luach nó ar chaighdeán na n-iasc a ghabhtar dá dtagraítear in Airteagal 42 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.
infheistíochtaí i gcalafoirt iascaireachta, fothanacha agus i láithreáin reatha ag a gcuirtear iasc i dtír dá dtagraítear in Airteagal 43 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.
Chun críocha mhíreanna 1 agus 4a:
tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagail 30, 32, 33, 38, 39, 41 agus 42 do shoithí iascaireachta tagairtí do shoithí a oibríonn go heisiach in uisce intíre;
tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagal 38 don mhuirthimpeallacht tagairtí don timpeallacht ina n‐oibríonn an soitheach iascaireachta intíre.
D’fhonn fauna agus flora uisceach a chosaint agus a fhorbairt, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
bainistiú, athbhunú agus faireachán láithreáin NATURA 2000 a bhfuil tionchar ag gníomhaíochtaí iascaireachta orthu agus le hathshlánú na n-uiscí intíre i gcomhréir le Treoir 60/2000/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ), lena n-áirítear láithreacha sceite agus bealaí imirce do speicis imirceacha, gan dochar d’Airteagal 40(1)(e) den Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, in éineacht le rannpháirtíocht iascairí intíre;
tógáil nó suiteáil nó nuachóiriú saoráidí buana nó sochorraithe atá beartaithe chun fauna agus flora uisceach a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu.
CAIBIDIL II
Forbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe
Airteagal 45
Cuspóirí Sonracha
Le tacaíocht faoin gCaibidil seo, rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha faoi thosaíocht an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(2) a bhaint amach.
Airteagal 46
Coinníollacha ginearálta
Airteagal 47
Nuálaíocht
D’fhonn nuálaíocht i ndobharshaothrú a spreagadh, féadfaidh CEMI tacú le hoibríochtaí lena ndíreofar ar:
eolas teicniúil, eolaíoch nó eagraíochtúil i bhfeirmeacha dobharshaothraithe a fhorbairt, lena ndéantar go háirithe an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, an spleáchas ar mhin éisc agus ar ola éisc a laghdú, úsáid inbhuanaithe acmhainní a chothú, leas ainmhithe a fheabhsú nó modhanna nua inbhuanaithe táirgthe a éascú;
speicis nua dobharshaothraithe lena mbaineann cumas maith margaidh, táirgí nua nó táirgí atá feabhsaithe go mór, próisis nua nó próisis atá feabhsaithe go mór, córais bhainistíochta nó eagrúcháin nua nó atá feabhsaithe a fhorbairt nó a thabhairt isteach sa mhargadh;
indéantacht theicniúil nó eacnamaíoch táirgí nó próiseas atá nuálach a fhiosrú.
Airteagal 48
Infheistíochtaí táirgiúla sa dobharshaothrú
Féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
infheistíochtaí táirgiúla i ndobharshaothrú;
éagsúlú na táirgeachta dobharshaothraithe agus na speiceas saothraithe;
aonaid dobharshaothraithe a nuachóiriú lena n-áirítear feabhas ar dhálaí oibre agus sábháilteachta oibrithe in earnáil an dobharshaothraithe;
feabhas agus nuachóiriú i sláinte agus leas ainmhithe lena n-áirítear trealamh a cheannach lena ndírítear ar fheirmeacha a chosaint ó chreachadóirí fiáine;
tionchar diúltach a laghdú nó tionchair dhearfacha a mhéadú maidir leis an gcomhshaol agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú;
infheistíochtaí i gcaighdeán na dtáirgí dobharshaothraithe a fheabhsú nó i gcur leo,
infheistíochtaí lena ndéantar locháin nó muirligh dhobharshaothraithe atá ann cheana féin a athbhunú trí shíolta a bhaint, nó infheistíochtaí atá dírithe ar shil-leagan a chosc;
ioncam na bhfiontar dobharshaothraithe a éagsúlú trí ghníomhaíochtaí comhlántacha a fhorbairt.
infheistíochtaí lena ndéantar foráil do laghdú suntasach ar thionchar na bhfiontar dobharshaothraithe ar úsáid agus ar cháilíocht an uisce, go háirithe trí laghdú a dhéanamh ar mhéid an uisce, na gceimiceán, na n-antaibheathach agus na gcógas eile a úsáidtear, nó trí cháilíocht an uisce aschurtha a fheabhsú, lena n-áirítear trí fheidhm a bhaint as córais iltrófacha dobharshaothraithe;
córais dhúnta dobharshaothraithe a chur chun cinn ina ndéantar táirgí dobharshaothraithe a shaothrú i gcórais dhúnta athshruthúcháin, lena n-úsáidtear an méid is lú uisce is féidir;
infheistíochtaí lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus lena ndéantar tiontú fiontar dobharshaothraithe go foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn.
Airteagal 49
Seirbhísí bainistíochta, faoisimh agus comhairle i leith feirmeacha dobharshaothraithe
D’fhonn feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán agus ar iomaíochas na bhfeirmeacha dobharshaothraithe agus chun an drochthionchar atá ag a gcuid oibríochtaí ar an gcomhshaol a laghdú, féadfaidh CEMI tacú leis an méid a leanas:
seirbhísí bainistíochta, faoisimh agus comhairle i leith feirmeacha dobharshaothraithe a bhunú;
seirbhísí comhairle feirme teicniúla, eolaíocha, dlíthiúla, comhshaoil nó eacnamaíocha a cheannach.
Cumhdófar na nithe seo a leanas sna seirbhísí comhairle dá dtagraitear i bpointe (b) de mhír 1
na riachtanais bhainistíochta atá de dhíth chun go gcomhlíonfaidh an dobharshaothrú reachtaíocht náisiúnta agus an Aontais um chosaint an chomhshaoil mar aon le ceanglais na pleanála spásúlachta muirí;
measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol dá dtagraítear i dTreoir 2011/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ) agus i dTreoir 92/43/CEE;
na riachtanais bhainistíochta atá de dhíth chun go gcomhlíonfaidh an dobharshaothrú reachtaíocht náisiúnta agus Aontais maidir le sláinte agus leas ainmhithe uisceacha nó reachtaíocht maidir leis an tsláinte phoiblí;
caighdeáin sláinte agus sábháilteachta bunaithe ar reachtaíocht an Aontais agus ar an reachtaíocht náisiúnta;
straitéisí margaíochta agus gnó.
Airteagal 50
Caipiteal daonna agus líonrú a chur chun cinn
D’fhonn caipiteal daonna agus líonrú a chur chun cinn sa dobharshaothrú, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
oiliúint ghairmiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil, eolas eolaíoch agus teicniúil agus cleachtais nuálacha a scaipeadh, scileanna gairmiúla nua a ghnóthú sa dobharshaothrú agus tionchar oibríochtaí dobharshaothraithe ar an gcomhshaol a laghdú;
coinníollacha oibre a fheabhsú agus sábháilteacht gairme a chur chun cinn;
líonrú agus malartú taithí agus dea-chleachtais i measc fiontar dobharshaothraithe nó eagraíochtaí gairmiúla agus geallsealbhóirí eile, lena n-áirítear comhlachtaí eolaíocha agus teicniúla nó na comhlachtaí sin a chuireann comhdheiseanna idir fir agus mná chun cinn.
Airteagal 51
Acmhainneacht na láithreán dobharshaothraithe a mhéadú
D’fhonn rannchuidiú le forbairt na láithreán agus na mbonneagar dobharshaothraithe agus chun tionchar diúltach na n-oibríochtaí ar an gcomhshaol a laghdú, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
na limistéir is oiriúnaí d’fhorbairt an dobharshaothraithe a shainaithint agus a mhapáil agus, i gcás inarb iomchuí, próisis pleanála spásúla a chur san áireamh, agus na limistéar nár cheart an dobharshaothrú a áireamh a shainaithint agus a mhapáil d’fhonn ról na limistéar sin i bhfeidhmiú an éiceachórais a choinneáil;
áiseanna tacaíochta agus bonneagair a fheabhsú agus a fhorbairt, ar áiseanna iad atá riachtanach chun acmhainneacht na limistéar dobharshaothraithe a mhéadú agus tionchar diúltach an dobharshaothraithe ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí i gcomhdhlúthú talún, i soláthar fuinnimh nó i mbainistiú uisce;
gníomhaíocht arna glacadh agus arna cur chun feidhme ag na húdaráis inniúla faoi Airteagal 9(1) de Threoir 2009/147/CE nó Airteagal 16(1) de Threoir 92/43/CEE a bhfuil sé mar aidhm aici damáistí tromchúiseacha don dobharshaothrú a chosc.
gníomhaíocht arna glacadh agus arna cur chun feidhme ag na húdaráis inniúla tar éis básmhaireacht mhéadaithe nó galair a bhrath mar a shainítear faoi Airteagal 10 de Threoir 2006/88/CE ón gComhairle ( 16 ). Leis na gníomhaíochtaí sin, féadfar glacadh pleananna gníomhaíochta maidir le sliogiasc a chumhdach, arb é is aidhm dóibh cosaint, athbhunú agus bainistiú, lena n-áirítear tacaíocht do tháirgeoirí sliogéisc chun bainc nádúrtha sliogéisc agus limistéir ghabhála a choinneáil.
Airteagal 52
Feirmeoirí nua dobharshaothraithe inbhuanaithe a spreagadh
Deonófar tacaíocht faoi mhír 1 d’fheirmeoirí dobharshaothraithe atá ag tosú amach san earnáil ar na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil scileanna gairmiúla leordhóthanacha agus inniúlacht ghairmiúil leordhóthanach acu;
go bhfuil micreathionscadal nó fiontar beag á bhunú acu, agus iad i gceannas ar an bhfiontar sin, den chéad uair;
go gcuireann siad plean gnó isteach maidir le forbairt a ngníomhaíochtaí dobharshaothraithe.
Airteagal 53
Athrú go scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil agus go dobharshaothrú orgánach
D’fhonn dobharshaothrú orgánach nó dobharshaothrú atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
rannpháirtíocht i scéimeanna um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil an Aontais (EMAS) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle ( 19 ).
Is i bhfoirm cúitimh a bheidh an tacaíocht ar feadh uastréimhse trí bliana le linn na tréimhse ina bhfuil an fiontar ag athrú go táirgeadh orgánach nó le linn an ullmhúcháin do rannpháirtíocht i EMAS. Déanfaidh na Ballstáit an cúiteamh a ríomh ar bhonn an méid seo a leanas:
caillteanas ioncaim arna thabhú nó na costais bhreise arna dtabhú le linn na tréimhse ina bhfuiltear ag athrú ón táirgeadh traidisiúnta go dtí an táirgeadh orgánach i gcás oibríochtaí atá incháilithe faoi phointe (a) de mhír 1 nó
na costais bhreise a eascraíonn ón iarratas agus ón ullmhúchán do rannpháirtíocht in EMAS i gcás oibríochtaí atá incháilithe faoi phointe (b) de mhír 1.
Airteagal 54
Dobharshaothrú a sholáthraíonn seirbhísí comhshaoil
D’fhonn forbairt an dobharshaothraithe a sholáthraíonn seirbhísí comhshaoil a chothú, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
modhanna dobharshaothraithe atá comhoiriúnach le riachtanais shonracha chomhshaoil agus faoi réir ceanglas bainistithe sonrach a eascraíonn ó ainmniú limistéar NATURA 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE agus le Treoir 2009/147/CE;
na costais a bhaineann go díreach le rannpháirtíocht i gcaomhnú ex-situ agus in atáirgeadh ainmhithe uisceacha, faoi chuimsiú clár athbhunaithe agus caomhnaithe bithéagsúlachta arna bhforbairt ag údaráis phoiblí, nó faoina maoirseacht;
oibríochtaí dobharshaothraithe lena n-áirítear caomhnú agus feabhsú an chomhshaoil, bithéagsúlacht, agus bainistiú an tírdhreacha agus na ngnéithe traidisiúnta de chriosanna dobharshaothraithe.
Airteagal 55
Bearta sláinte poiblí
Le CEMI, féadfar tacú leis na scéimeanna cúitimh seo a leanas:
cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí moileasc as buaint na moileasc feirme a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach, i gcás ina dtarlaíonn an fionraí sin ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí amháin;
caipiteal oibre agus cúiteamh a dheonú d’fheirimeoirí dobharshaothraithe.
Féadfar cúiteamh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a dheonú i gcás táirgeacht agus díolacháin a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach nó laghdaithe nó costais stórála mhéadaithe a tharlaíonn idir an 1 Feabhra agus an 31 Nollaig 2020 mar thoradh ar ráig COVID-19.
Ní fhéadfar tacaíocht faoi phointe (a) de mhír 1 a dheonú ach amháin sa chás ina gcuirtear buaint ar fionraí i ngeall ar éilliú moileasc mar thoradh ar an iomadú planctón ginte tocsain nó de bharr planctón ina bhfuil biotocsain a bheith ann, agus ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:
maireann an t-éilliú níos faide ná ceithre mhí as a chéile; nó
tá an caillteanas a thig as cur ar fionraí na buainte níos mó ná 25 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna trí bliana féilire roimh an mbliain inar cuireadh an bhuaint ar fionraí.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rialacha speisialta ríomha a bhunú i ndáil le cuideachtaí atá i mbun gníomhaíochta tráth is giorra ná lú ná trí bliana.
I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.
Airteagal 56
Bearta um shláinte agus leas ainmhithe
D’fhonn sláinte agus leas ainmhithe a chothú i bhfiontair dhobharshaothraithe, inter alia maidir le cosc agus bithshlándáil, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
costais chun galair sa dobharshaothrú a rialú agus a dhíothú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ) lena n-áirítear na costais oibríochtúla is gá chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh i bplean díothaithe;
dea-chleachtais ghinearálta agus dea-chleachtais a bhaineann go sainiúil le speiceas ar leith nó cóid iompair maidir le bithshlándáil nó riachtanais sláinte agus leasa ainmhithe sa dobharshaothrú a fhorbairt;
tionscnaimh lena ndírítear ar an méid a bhraitheann an dobharshaothrú ar chógais tréidliachta a laghdú;
staidéir tréidliachta nó chógaisíochta agus scaipeadh agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas maidir le galair thréidliachta sa dobharshaothrú, a bhfuil sé d’aidhm acu úsáid iomchuí na gcógas tréidliachta a chur chun cinn;
grúpaí cosanta sláinte a bhunú agus a eagrú san earnáil dobharshaothraithe mar atá aitheanta ag na Ballstáit;
cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí moileasc as a ngníomhaíochtaí a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach mar gheall ar ollbhásmhaireacht eisceachtúil, nuair a théann an ráta básmhaireachta thar 20 % nó nuair atá an caillteanas a thig as cur ar fionraí na gníomhaíochta níos mó ná 35 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais sin, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sna trí bliana roimhe sin.
Airteagal 57
Árachas stoic dhobharshaothraithe
D’fhonn ioncam na dtáirgeoirí dobharshaothraithe a chosaint, féadfaidh CEMI tacú le ranníocaíocht le hárachas stoic dhobharshaothraithe ina gcumhdófar na caillteanais mar gheall ar cheann amháin, ar a laghad, de na nithe seo a leanas:
tubaistí nádúrtha;
teagmhais dhíobhálacha aeráide;
athruithe tobanna ar cháilíocht agus ar chainníocht an uisce nach bhfuil an t-oibreoir freagrach astu;
galair dhobharshaothraithe, teip nó scriosadh na saoráidí táirgthe nach bhfuil an t-oibreoir freagrach astu;
géarchéimeanna sláinte poiblí.
CAIBIDIL III
Forbairt inbhuanaithe na limistéar iascaigh agus dobharhaothraithe
Airteagal 58
Raon feidhme
Tabharfaidh CEMI tacaíocht d’fhorbairt inbhuanaithe na limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe ag a bhfuil cur chuige i ndáil le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail mar a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
Airteagal 59
Cuspóirí Sonracha
Leis an tacaíocht faoin gCaibidil seo, cuideofar le cuspórí sonracha faoi thosaíocht an Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(4) a bhaint amach
Airteagal 60
Straitéisí comhtháite forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail
D’fhonn cuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 59 a bhaint amach, déanfaidh straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail an méid seo a leanas:
uasmhéadóidh siad rannpháirtíocht na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe i bhforbairt inbhuanaithe na limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe cósta agus intíre;
áiritheoidh siad go mbainfidh pobail áitiúla úsáid agus leas iomlán as na deiseanna a chuirtear ar fáil trí fhorbairt mhuirí, chósta agus uiscí intíre agus, go háirithe, cuideoidh siad le calafoirt bheaga iascaigh atá ag meath chun an leas is fearr is féidir a bhaint as a gcumas muirí trí bhonneagar éagsúlaithe a fhorbairt.
Airteagal 61
Grúpaí áitiúla gníomhaíochta iascaigh
Déanfaidh na GÁGIeanna na nithe seo a leanas:
príomhfhócas a straitéise agus comhdhéanamh socheacnamaíoch an limistéir a léiriú tríd is tríd trí ionadaíocht chothrom ar na príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear an earnáil phríobháideach, an earnáil phoiblí agus an tsochaí shibhialta;
ionadaíocht shuntasach ar an earnáil iascaigh agus/nó ar an earnáil dobharshaothraithe a áirithiú.
Airteagal 62
Tacaíocht ó CEMI d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail
Tá na hoibríochtaí a leanas incháilithe faoin Roinn seo i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013]:
tacaíocht ullmhúcháin;
straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a cur chun feidhme;
gníomhaíochtaí comhair;
na costais reatha agus beochan.
Airteagal 63
Straitéisí comhtháite forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a chur chun feidhme
Féadfar tacaíocht do chur chun feidhme straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a dheonú le haghaidh na gcuspóirí seo a leanas:
luach a chur leis, poist a chruthú, daoine óga a mhealladh agus nuálaíocht a chur chun cinn ag gach céim de shlabhra soláthair na n-iascach agus an dobharshaothraithe;
tacú le héagsúlú laistigh nó lasmuigh den iascach tráchtála, foghlaim ar feadh an tsaoil, agus cruthú post i limistéir iascaigh agus dobharshaothraithe;
sócmhainní comhshaoil na limistéar iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear oibríochtaí chun an t-athrú aeráide a mhaolú, a fheabhsú agus leas a bhaint astu;
folláine shóisialta agus oidhreacht chultúrtha i limistéir iascaigh agus dobharshaothraithe a chur chun cinn, lena n-áirítear oidhreacht chultúrtha iascaigh, dobharshaothraithe agus mhuirí;
ról na bpobal iascaigh san fhorbairt áitiúil agus rialú na n-acmhainní áitiúla iascaigh agus gníomhaíochtaí muirí a neartú.
Airteagal 64
Gníomhaíochtaí comhair
Féadfar tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 35(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a thabhairt don mhéid seo a leanas:
tionscadail comhair idir chríocha nó thrasnáisiúnta;
tacaíocht theicniúil ullmhúcháin le haghaidh tionscadal comhair idir chríocha agus thrasnáisiúnta, ar an gcoinníoll gur féidir le GÁGIanna a léiriú go bhfuil siad ag ullmhú le tionscadal a chur chun feidhme.
Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn “comhar idir chríocha” comhar laistigh de Bhallstát. Ciallaíonn “comhar trasnáisiúnta” comhar idir chríocha i roinnt Ballstát agus/nó le críocha i dtríú tíortha.
CAIBIDIL IV
Bearta a bhaineann le margaíocht agus le próiseáil
Airteagal 65
Cuspóirí Sonracha
Rannchuideoidh tacaíocht faoin gCaibidil seo leis na ►C1 cuspóirí sonracha ◄ maidir le tosaíocht an Aontais a leagtar amach faoi Airteagal 6(5) a bhaint amach.
Airteagal 66
Pleananna táirgthe agus margaíochta
Airteagal 67
Cúnamh stórála
I gcás inar gá chun freagairt do ráig COVID-19 nó chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú, féadfaidh CEMI tacú le cúiteamh d’eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus do chomhlachais aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe arna liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 nó táirgí a thagann faoi chód AC 0302 mar a liostaítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar choinníoll go stóráiltear na táirgí sin i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán sin, agus faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
ní méid an chúnaimh stórála níos mó ná méid na gcostas teicniúil agus airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí is gá chun na táirgí atá i gceist a chobhsú agus a stóráil;
níl na cainníochtaí atá incháilithe do chúnamh stórála níos mó ná 25 % de chainníochtaí bliantúla na dtáirgí lena mbaineann a chuireann an eagraíocht táirgeoirí ar díol;
níl an tacaíocht airgeadais in aghaidh na bliana níos mó ná 20 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill na heagraíochta táirgeoirí sa tréimhse ó 2017 go 2019.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, i gcás nár chuir ball den eagraíocht táirgeoirí aon táirgeacht ar an margadh sa tréimhse ó 2017 go 2019, cuirfear san áireamh meánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh sna chéad trí bliana táirgeachta den bhall sin.
I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Airteagal seo incháilithe ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh chun freagairt do ráig COVID-19, agus ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a mhaolú.
Déanfaidh na Ballstáit méid na gcostas teicniúil agus airgeadais is infheidhme ina gcuid críoch a shocrú mar a leanas:
déanfar costais theicniúla a ríomh gach bliain ar bhonn na gcostas díreach a bhaineann leis na gníomhaíochtaí is gá maidir le cobhsú agus stóráil;
déanfar costais airgeadais a ríomh gach bliain trí úsáid a bhaint as an ráta úis arna shocrú gach bliain i ngach Ballstát;
Cuirfear costais theicniúla agus airgeadais ar fáil go poiblí.
Airteagal 68
Bearta margaíochta
Féadfaidh CEMI tacú le bearta margaíochta maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe arb é is aidhm dóibh:
eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe a bhunú atá le haithint i gcomhréir le Roinn II de Chaibidil II, de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;
margaí nua a aimsiú agus feabhas a chur ar na coinníollacha faoina gcuirtear speicis iascaigh agus dobharshaothraithe ar an margadh, lena n-áirítear:
speicis lena mbaineann cumas margaíochta;
gabhálacha nach bhfuil de dhíth ó stoic thráchtála a chuirtear í dtír i gcomhréir le bearta teicniúla, le hAirteagal 15 den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le pointe (b) d’Airteagal 8 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;
táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a fhaightear trí úsáid a bhaint as modhanna a bhfuil tionchar íseal acu ar an gcomhshaol, nó táirgí orgánacha dobharshaothraithe mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007;
an caighdeán agus an breisluach a chur chun cinn trí na nithe seo a leanas a éascú:
iarratas a dhéanamh ar tháirge ar leith a chlárú agus oibríochtaí lena mbaineann a oiriúnú i leith na gceanglas ábhartha comhlíonta agus deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ).
deimhniú agus cur chun cinn lena n-áirítear maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá inbhuanaithe, go háirithe táirgí ó iascaireacht chósta ar mhionscála, agus modhanna próiseála atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;
margú díreach táirgí iascaigh ag iascairí cósta ar mhionscála, lena n-áirítear ag iascairí de chois;
táirgí a chur i láthair agus a phacáistiú;
rannchuidiú le trédhearcacht an táirgthe agus na margaí agus suirbhéanna margaidh agus staidéir a dhéanamh ar an méid a bhraitheann an tAontas ar allmhairí;
rannchuidiú le hinrianaitheacht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus, i gcás inarb ábhartha, éicilipéid a fhorbairt ar fud an Aontais do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013;
conarthaí caighdeánacha a luíonn le dlí an Aontais a dhréachtú d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide;
feachtais fógraíochta agus cumarsáide réigiúnacha, náisiúnta nó thrasnáisiúnta a stiúradh chun cur leis an bhfeasacht i leith táirgí inbhuanaithe iascaigh agus dobharshaothraithe.
Ní dhíreofar oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 ar bhrandaí tráchtála.
I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gcéad fhomhír den mhír seo incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh.
An cúiteamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar é a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 96.
Airteagal 69
Táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a phróiseáil
Féadfaidh CEMI tacú le hinfheistíochtaí i bpróiseáil na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe:
a rannchuidíonn le fuinneamh a choigilt nó le tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear cóireáil dramhaíola;
a chuireann feabhas ar choinníollacha sábháilteachta, sláinteachais, sláinte, agus oibre;
a thacaíonn le próiseáil gabhálacha iasc tráchtála nach mbeidh le caitheamh ag an duine;
chun fotháirgí a phróiseáil a thig ó phríomhghníomhaíochtaí próiseála;
chun táirgí orgánacha dobharshaothraithe a phróiseáil mar a rialáiltear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007;
a mbíonn táirgí nua nó táirgí feabhsaithe mar thoradh orthu, nó a mbíonn próisis nua nó próisis fheabhsaithe mar thoradh orthu nó a mbíonn córais nua bainistíochta nó eagraíochta nó córais fheabhsaithe bainistithe nó eagraíochta mar thoradh orthu.
CAIBIDIL V
Cúiteamh ar chostais bhreise sna réigiúin is forimeallaí le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe
Airteagal 70
Córas cúitimh
Le CEMI, féadfar tacú freisin le bearta chun caillteanais eacnamaíocha de dheasca ráig COVID-19 a chúiteamh, go háirithe na caillteanais sin a thagann as meath ar phraghas iasc nó as costais stórála mhéadaithe.
Ní dheonófar an cúiteamh le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe:
a ghabhann soithí tríú tír, cé is moite de shoithí iascaireachta faoi bhratach Veiniséala a oibríonn in uiscí an Aontais;
a ghabhann soithí iascaireachta an Aontais nach bhfuil cláraithe i gcalafort i gceann amháin de na réigiúin dá dtagraítear i mír 1;
a allmhairítear ó thríú tíortha.
Beidh na hoibreoirí seo a leanas incháilithe le haghaidh cúitimh:
aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann modh táirgthe chun táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fháil d’fhonn iad a chur ar an margadh;
úinéirí nó oibreoirí soithí atá cláraithe i gcalafoirt na réigiún dá dtagraítear i mír 1 agus a bhíonn ag feidhmiú sna réigiúin sin, nó comhlachais na n-oibreoirí sin;
oibreoirí in earnáil an phróiseála agus in earnáil na margaíochta nó comhlachais na n-oibreoirí sin.
Airteagal 71
An cúiteamh a ríomh
Íocfar an cúiteamh leis na hoibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí sna réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 70(1) agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:
na costais bhreise a bhaineann le gach táirge iascaigh nó dobharshaothraithe nó le gach catagóir táirgí a thig ó mhíbhuntáistí sonracha na réigiún lena mbaineann; agus
aon chineál eile idirghabhála poiblí a dhéanann difear do leibhéal na gcostas breise.
Airteagal 72
Plean cúitimh
Airteagal 73
Státchabhair chun pleananna cúitimh a chur chun feidhme
Féadfaidh na Ballstáit maoiniú breise a dheonú chun na pleananna cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 72 a chur chun feidhme. I gcásanna mar sin, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin Státchabhair a fhéadfaidh an Coimisiún a fhormheas I gcomhréir leis an Rialachán seo mar chuid de na pleananna sin. Measfar go mbeidh fógra curtha i leith Státchabhrach a chuirtear in iúl ar an mbealach sin, de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 108(3) CFAE.
CAIBIDIL VI
Bearta tionlacain maidir le CBI faoi bhainistíocht chomhpháirteach
Airteagal 74
Raon feidhme geografach
De mhaolú ar Airteagal 2, beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin le hoibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 75
Cuspóirí Sonracha
Rannchuideoidh tacaíocht faoin gCaibidil seo le cúspóirí sonracha an Aontais faoin tosaíocht atá leagtha amach in Airteagal 6(3) a bhaint amach.
Airteagal 76
Rialú agus forfheidhmiú
Beidh na cineálacha oibríochtaí seo a leanas, go háirithe, incháilithe:
teicneolaíocht a cheannach, a shuiteáil agus/nó a fhorbairt, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí riomhaire (CCTV), córais aimsithe soithí (CAS), Córais Teilifíse Ciorcaid Iata, agus líonraí TF trínar féidir sonraí a bhaineann le hiascach a bhailiú, a riar, a bhailíochtú, a anailísiú, a bhainistiú ó thaobh riosca, a chur i láthair (láithreáin ghréasáin a bhaineann le rialú) agus a mhalartú, agus modhanna samplála a fhorbairt ina leith maille le hidirnascadh le córais thrasearnálacha mhalartaithe sonraí;
forbairt, ceannach agus suiteáil na gcomhpháirteanna is gá, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí, chun tarchur sonraí ó ghníomhaithe atá páirteach san iascaireacht chuig an mBallstát ábhartha agus chuig údaráis ábhartha de chuid an Aontais, mar aon le margú táirgí iascaigh, a áirithiú, lena n-áirítear na comhpháirteanna atá riachtanach i gcomhair córas taifeadta agus tuairiscithe leictreonaigh (CTL), córas faireacháin soithí (CFS), agus córas sainaitheanta uathoibríoch (AIS) a úsáidtear chun críche rialaithe;
forbairt, ceannach agus suiteáil na gcomhpháirteanna is gá, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí, chun inrianaitheacht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a áirithiú, mar a shainítear in Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
cláir a chur chun feidhme lena ndírítear ar shonraí a mhalartú agus a anailísiú idir Bhallstáit;
nuachóiriú agus ceannach soithí, aerárthaí agus héileacaptar patróil, ar chuntar go mbaintear úsáid astu ar mhaithe le rialú iascaigh 60 % den am, ar a laghad, den méid iomlán ama a úsáidtear an trealamh, arna ríomh ar bhonn bliantúil;
modhanna eile rialaithe a cheannach, lena n-áirítear gléasanna chun gur féidir cumhacht innill agus trealamh meáite a thomhas;
córais nuálaíocha rialaithe agus faireacháin a fhorbairt agus treoirthionscadail a chur chun feidhme, ar treoirthionscadail iad a bhaineann le rialú iascaigh, lena n-áirítear anailís DNA ar iasc nó forbairt láithreán gréasáin a bhaineann le rialú;
cláir oiliúna agus mhalartaithe maidir le pearsanra atá freagrach as faireachán, rialú agus faireachas ar ghníomhaíochtaí iascaigh, lena n-áirítear idir na Ballstáit;
anailís costais agus tairbhe chomh maith le measúnú ar iniúchtaí arna ndéanamh agus ar chaiteachas arna thabhú ag údaráis inniúla le linn dóibh faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh;
tionscnaimh, lena n-áirítear seimineáir agus uirlisí meán, atá dírithe ar fheasacht a mhéadú i measc iascairí agus gníomhaithe eile amhail cigirí, ionchúisitheoirí poiblí agus breithiúna, agus i measc an phobail i gcoitinne maidir leis an ngá le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe a chomhrac agus maidir le cur chun feidhme rialacha CBI;
costais oibriúcháin a thabhaítear agus rialú treisithe á chur i bhfeidhm i gcás stoc atá faoi réir rialaithe sonraí agus clár cigireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus chun comhordú a rialú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle ( 22 ).
cláir atá ceangailte le cur chun feidhme phlean gnímh a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 102(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, lena n-áirítear aon chostas oibriúcháin a thabhaítear.
Airteagal 77
Sonraí a bhailiú
Beidh na cineálacha oibríochtaí seo a leanas, go háirithe, incháilithe:
bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí ar mhaithe le hanailís eolaíoch agus le cur chun feidhme CBI;
cláir shamplála náisiúnta, thrasnáisiúnta agus fonáisiúnta ilbhliantúla ar chuntar go ndéanann siad tagairt do na stoic a chumhdaítear le CBI;
faireachán ar muir a dhéanamh ar iascach tráchtála agus áineasa, lena n-áirítear faireachán ar fhoghabháil orgánach muirí amhail mamaigh farraige agus éin na mara;
suirbhéanna taighde ar muir;
rannpháirtíocht ionadaithe na mBallstát agus ionadaithe na n-údarás réigiúnach i gcruinnithe réigiúnacha comhordúcháin, i gcruinnithe de chuid eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh ar páirtí conarthach nó breathnadóir iontu an tAontas nó i gcruinnithe de chuid comhlachtaí idirnáisiúnta atá i bhfeighil ar chomhairle eolaíoch a sholáthar;
feabhas a chur ar chórais bailithe sonraí agus ar chórais bainistithe sonraí agus treoirstaidéir a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar na córais atá ann cheana i dtaca le sonraí a bhailiú agus a bhainistiú;
CAIBIDIL VII
Cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát
Airteagal 78
Cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát
Ar thionscnamh Ballstáit, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas, agus faoi réir uasteorainn 6 % de mhéid iomlán an chláir oibríochtúil:
na bearta cúnaimh theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
gréasáin náisiúnta a bhunú a bheadh dírithe ar scaipeadh faisnéise, ar fhorbairt acmhainní, ar mhalartú dea-chleachtais agus ar thacú le comhar idir na GÁGIeanna ina gcríoch.
CAIBIDIL VIII
Bearta maidir le BMC arna maoiniú faoi bhainistíocht chomhpháirteach
Airteagal 79
Cuspóirí Sonracha
Le bearta tacaíochta faoin gCaibidil seo, tacófar le forbairt na ►C1 cuspóirí sonracha ◄ faoin tosaíocht Aontais a leagtar amach in Airteagal 6(6) lena n-áirítear:
Comhtháthú an Fhaireachais Mhuirí (CFM) agus go háirithe Timpeallacht Comónta um Chomhroinnt Faisnéise (TCCF) chun faireachas a dhéanamh ar réimse muirí an Aontais;
cosaint an chomhshaoil mhuirí, agus go háirithe bhithéagsúlacht an chomhshaoil mhuirí agus na limistéar muirí faoi chosaint amhail láithreáin Natura 2000, gan dochar d’Airteagal 37 den Rialachán seo, agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní cósta agus mara a chur chun cinn agus sainmhíniú breise a thabhairt ar na teorainneacha maidir le hinbhuaine na ngníomhaíochtaí daonna ag a mbíonn iarmhairt ar an mhuirthimpeallacht, go háirithe faoi chuimsiú na Treoir 2008/56/CE.
▼M4 —————
Airteagal 80
Oibríochtaí incháilithe
Féadfaidh CEMI tacú le hoibríochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 79, amhail gníomhaíochtaí:
lena gceadaítear rannchuidiú le cuspóirí IMS a bhaint amach agus go háirithe cuspóirí TCCF a chomhlíonadh;
cosaint an chomhshaoil mhuirí, go háirithe bithéagsúlacht an chomhshaoil mhuirí agus na limistéar muirí faoi chosaint amhail láithreáin Natura 2000 ag teacht leis na hoibleagáidí a bhunaítear le Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE;
feabhas a chur ar an bhfaisnéis maidir le staid an chomhshaoil mhuirí d’fhonn na cláir oibríochtúla agus cláir na mbeart dá bhforáiltear i dTreoir 2008/56/CE a bhunú, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a bhunaítear sa Treoir sin.
TEIDEAL VI
BEARTA ARNA MAOINIÚ FAOI BHAINISTÍOCHT DHÍREACH
CAIBIDIL I
Beartas muirí comhtháite
Airteagal 81
Raon feidhme geografach
De mhaolú ar Airteagal 2, beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le hoibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais.
Airteagal 82
Raon feidhme agus cuspóirí
Rannchuideoidh tacaíocht faoin gCaibidil seo feabhas a chur ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme bheartas muirí comhtháite an Aontais. Úsáidfear an tacaíocht sin ar mhaithe leis an méid a leanas:
forbairt agus cur chun feidhme an rialachais chomhtháite um ghnóthaí muirí agus um ghnóthaí cois cósta a chothú, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
gníomhaíochtaí a chur chun cinn a spreagann na Ballstáit agus a réigiúin chun rialachas muirí comhtháite a thabhairt isteach nó a chur chun feidhme;
comhphlé agus comhar leis na Ballstáit agus i measc údaráis inniúla na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí maidir le saincheisteanna muirí agus mara a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhíthin straitéisí comhtháite um imchuacha farraige a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus cur chuige cothrom á chur san áireamh i dtaca leis na himchuacha uile farraige chomh maith le sainiúlachtaí na n-imchuach farraige agus na bhfo-imchuach farraige, agus straitéisí ábhartha macrairéigiúnacha i gcás inarb infheidhme;
comhghuaillíochtaí trasearnálacha agus gréasáin thrasearnálacha um chomhoibriú a chur chun cinn, lena n-áirítear ionadaithe na n-údarás poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, an tionsclaíocht lena n-áirítear an turasóireacht, geallsealbhóirí taighde, saoránaigh, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta;
feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit trí mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla;
malartú dea-chleachtas agus comhphlé ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn, lena n-áirítear comhphlé déthaobhach le tríú tíortha, agus UNCLOS á chur san áireamh mar aon leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha atá ann cheana agus atá bunaithe ar UNCLOS, gan dochar do chomhaontuithe eile ná do shocruithe a d’fhéadfadh a bheith ann idir an Aontas agus na tríú tíortha lena mbaineann. Áireofar leis an idirphlé sin, de réir mar is iomchuí, plé éifeachtach ar dhaingniú agus ar chur chun feidhme UNCLOS;
feasacht na n-údarás poiblí, na hearnála príobháidí agus an phobail i gcoitinne ar chur chuige comhtháite maidir le gnóthaí muirí a spreagadh agus infheictheacht an chuir chuige sin a fheabhsú;
rannchuidiú le forbairt tionscnamh trasearnálach a théann chun tairbhe earnálacha éagsúla muirí agus/nó beartas earnálach éagsúil, agus uirlisí agus tionscnaimh reatha á gcur san áireamh agus á bhforbairt, mar shampla:
faireachas muirí comhtháite d’fhonn treisiú le húsáid shábháilte, shlán agus inbhuanaithe a bhaint as spás muirí go háirithe trí fheabhas a chur ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht trí mhalartú faisnéise idir earnálacha agus thar theorainneacha agus aird chuí á tabhairt ar mheicníochtaí agus córais comhair atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo;
pleanáil spásúil mhuirí agus próisis bainistithe comhtháite an chreasa cósta;
bunachar sonraí agus bunachar eolais atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán agus a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu a fhorbairt de réir a chéile, ar bunachair iad lena n-éascófar comhroinnt, athúsáid agus scaipeadh na sonraí agus an eolais sin i measc grúpaí éagsúla úsáideoirí, agus ar an tslí sin déanfar dúbláil a sheachaint; chun na críche sin, bainfear an leas is fearr is féidir as cláir reatha an Aontais agus na mBallstát;
tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, le fostaíocht, le nuálaíocht agus le teicneolaíochtaí nua laistigh d’earnálacha muirí atá ag teacht chun cinn agus a d’fhéadfadh teacht chun cinn, agus i réigiúin chósta, i réigiúin oileánacha agus sna réigiún is forimeallaí san Aontas, a chuireann le gníomhaíochtaí seanbhunaithe earnálacha agus náisiúnta;
cosaint an chomhshaoil mhuirí, agus go háirithe bithéagsúlacht an chomhshaoil mhuirí agus na limistéir mhuirí faoi chosaint amhail láithreáin Natura 2000 a chur chun cinn, agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní cósta agus mara a chur chun cinn agus sainmhíniú breise a thabhairt ar na teorainneacha maidir le hinbhuaine na ngníomhaíochtaí daonna a fhágann iarmhairt ar an mhuirthimpeallacht, i gcomhréir leis na cuspóirí go mbainfí amach agus go gcoinneofaí stádas comhshaoil maith mar a cheanglaítear leis an Treoir 2008/56/CE.
Airteagal 83
Oibríochtaí incháilithe
Féadfaidh CEMI tacú le hoibríochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 82, amhail:
staidéir;
tionscadail, lena n-áirítear tionscadail thrialacha agus tionscadail comhair;
faisnéis phoiblí agus comhroinnt an dea-chleachtais, feachtais spreagtha feasachta agus gníomhaíochtaí comhbhainteacha cumarsáide agus scaipthe, lena n-áirítear feachtais phoiblíochta, imeachtaí, forbairt agus cothabháil suíomhanna gréasáin, ardáin na ngeallsealbhóirí;
comhdhálacha, seimineáir, fóraim agus ceardlanna;
malartú dea-chleachtas, gníomhaíochtaí comhordúcháin, lena n-áirítear gréasáin chomhroinnte faisnéise, agus tacaíocht don fhorbairt i leith straitéisí d’imchuacha farraige;
forbairt, oibriú agus cothabháil na gcóras agus na líonraí TF trínar féidir sonraí a bhailiú, a riar, a bhailíochtú, a anailísiú agus a mhalartú, agus modhanna samplála a fhorbairt doshonraí, maille le hidirnascadh le córais thrasearnálacha mhalartaithe sonraí;
tionscadail oiliúna chun eolas, cáilíochtaí gairmiúla agus bearta a fhorbairt lena gcuirfí an fhorbairt ghairmiúil chun cinn san earnáil mhuirí.
D’fhonn an ►C1 cuspóir sonrach ◄ a bhaint amach maidir le hoibríochtaí trasteorann agus trasearnálacha a leagtar amach in Airteagal 82(b) a fhorbairt, féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
forbairt agus cur chun feidhme uirlisí teicniúla le haghaidh faireachais mhuirí chomhtháite, go háirithe chun tacú le húsáid, le hoibriú agus le cothabháil TCCF, d’fhonn malartú faisnéise ón bhfaireachas trasearnálach agus trasteorann a chur chun cinn lena nascfaí gach cineál úsáideora, agus forbairtí ábhartha na mbeartas earnálacha i dtaca leis an bhfaireachas á gcur san áireamh agus cuidiú, de réir mar is iomchuí, leis an bhforbairt is gá a dhéanamh orthu;
gníomhaíochtaí comhordaithe agus comhair idir na Ballstáit nó idir réigiúin chun pleanáil spásúil mhuirí agus bainistiú comhtháite an chreasa cósta a fhorbairt, lena n-áirítear caiteachas a bhaineann le córais agus le cleachtais chomhroinnte sonraí agus faireacháin, le gníomhaíochtaí measúnachta, le gréasáin saineolaithe a bhunú agus a reáchtáil agus le clár a bhunú lena ndírítear ar acmhainní a fhorbairt le haghaidh na mBallstát chun pleanáil spásúil mhuirí a chur chun feidhme;
tionscnaimh chun an córas breathnóireachta muirí a chómhaoiniú, a cheannach agus a chaomhnú agus na huirlisí teicniúla chun córas líonraí Eorpach Breathnóireachta agus Sonraí Muirí oibríochtúil a cheapadh, a bhunú agus a reáchtáil a mbeadh sé d’aidhm aige bailiú, fáil, cur le chéile, próiseáil, rialú cáilíochta, athúsáid agus leithdháileadh sonraí agus eolais mhuirí a éascú trí bhíthin comhair idir institiúidí na mBallstát agus/nó na hinstitiúidí idirnáisiúnta a bhfuil baint acu leis.
CAIBIDIL II
Bearta tionlacain maidir le CBI agus le BMC faoi bhainistíocht dhíreach
Airteagal 84
Raon feidhme geografach
De mhaolú ar Airteagal 2, beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le hoibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais.
Airteagal 85
Cuspóirí Sonracha
Éascóidh bearta faoin gCaibidil seo cur chun feidhme CBI agus BMC maidir leis an méid seo a leanas go háirithe:
bailiú, bainistiú agus scaipeadh comhairle eolaíche a dhéanfar faoi CBI;
bearta sonracha rialaithe agus forfheidhmithe faoi CBI;
ranníocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
Comhairlí Comhairleacha;
faisnéis maidir leis an margadh;
Gníomhaíochtaí cumarsáide CBI agus BMC.
Airteagal 86
Comhairle agus eolas eolaíoch
Beidh na cineálacha oibríochtaí seo a leanas, go háirithe, incháilithe:
staidéir agus treoirthionscadail atá riachtanach chun CBI a chur chun feidhme agus a fhorbairt, lena n-áirítear maidir le cineálacha malartacha de theicnící bainistíochta iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe, lena n-áirítear laistigh de Chomhairlí Comhairleacha;
tuairimí eolaíocha agus comhairle eolaíoch a arna n-ullmhú agus arna soláthar ag comhlachtaí eolaíocha, lena n-áirítear comhlachtaí comhairleacha idirnáisiúnta atá i gceannas ar mheasúnuithe stoc, ag saineolaithe neamhspleácha agus ag institiúidí taighde;
rannpháirtíocht na saineolaithe i gcruinnithe faoi shaincheisteanna eolaíocha agus teicniúla iascaigh agus i ngrúpaí oibre de shaineolaithe, amhail STECF, agus i gcomhlachtaí comhairleacha idirnáisiúnta agus i gcruinnithe ina mbeidh gá le rannchuidiú ó shaineolaithe iascaigh agus dobharshaothraithe;
suirbhéanna taighde ar muir dá dtagraítear le hAirteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008, i limistéir ina n-oibríonn soithí de chuid an Aontais faoi Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
caiteachas arna thabhú ag an gCoimisiún i leith seirbhísí a bhaineann le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid, le cruinnithe de shaineolaithe iascaigh a eagrú agus a bhainistiú agus le cláir oibre bhliantúla a bhaineann le saineolas eolaíoch agus teicniúil iascaigh a bhainistiú, le glaonna sonraí agus tacair shonraí a phróiseáil, leis an obair ullmhúcháin lena ndírítear ar thuairimí eolaíocha agus ar chomhairle eolaíoch a sholáthar;
gníomhaíochtaí comhair idir na Ballstáit i réimse an bhailithe sonraí, lena n-áirítear na geallsealbhóirí éagsúla réigiúnacha agus lena n-áirítear bunú agus oibriú na mbunachar sonraí réigiúnaithe chun sonraí a bhainistiú agus a úsáid a rachaidh chun sochair don chomhar réigiúnach agus a chuirfidh feabhas ar ghníomhaíochtaí bailithe agus bainistithe sonraí, agus ar an saineolas eolaíoch chun tacú le bainistiú iascaigh;
Airteagal 87
Rialú agus forfheidhmiú
Beidh na cineálacha oibríochtaí seo a leanas, go háirithe, incháilithe:
soithí, aerárthaí agus héileacaptar patróil arna gcomhcheannach agus/nó arna gcomh-chairtfhostú ag roinnt Ballstát atá sa limistéar geografach céanna, ar chuntar go mbaintear úsáid astu 60 % den am, ar a laghad, ar mhaithe le rialú iascaigh;
caiteachas a bhaineann le teicneolaíochtaí rialaithe nua a mheasúnú agus a fhorbairt, agus próisis le haghaidh sonraí a mhalartú;
an caiteachas oibríochtúil go léir a bhaineann leis an rialú agus an measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ar chur chun feidhme CBI, agus go háirithe fíorú, cigireacht agus misin iniúchóireachta, trealamh agus oiliúint d’oifigigh an Choimisiúin, eagrú cruinnithe nó rannpháirtíocht iontu, lena n-áirítear malartú faisnéise agus dea-chleachtas, staidéar, seirbhísí agus soláthróirí TF idir na Ballstáit agus meáin chigireachta arna gcairtfhostú nó arna gceannach ag an gCoimisiún mar a shonraítear i dTeideal IX agus i dTeideal X de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.
Ar na cineálacha oibríochta atá incháilithe, áirítear go háirithe iad seo a leanas:
cláir idirnáisiúnta oiliúna don fhoireann atá freagrach as faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta;
tionscnaimh, lena n-áirítear seimineáir agus uirlisí meáin, chun léirthuiscint rialacháin agus rialuithe gaolmhara an Aontais a chaighdeánú.
Airteagal 88
Ranníocaíochtaí airgeadais deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta
Féadfaidh CEMI tacú leis na cineálacha oibríochtaí seo a leanas i réimse an chaidrimh idirnáisiúnta:
rannchuidíocht airgeadais a sholáthraítear d’eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cistiú deonach ◄ a sholáthraítear d’aon eagraíocht idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse Dhlí na Farraige;
ranníocaíochtaí airgeadais le hullmhúcháin ◄ le haghaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta nua nó le hullmhú conarthaí idirnáisiúnta nua a bhfuil leas ag an Aontas iontu;
ranníocaíochtaí airgeadais le hobair nó le cláir ◄ a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil leas ar leith ag an Aontas iontu;
ranníocaíochtaí airgeadais le haon ghníomhaíocht (lena n-áirítear cruinnithe oibre, neamhfhoirmiúla nó urghnácha de chuid páirtithe conarthacha) a sheasann le leasanna an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a neartaíonn an comhar lena chuid comhpháirtithe sna heagraíochtaí sin. I ndáil leis sin, i gcásanna ina bhfuil gá le hionadaithe ó thríú tíortha a bheith i láthair in idirbheartaíochtaí agus i gcruinnithe laistigh d’fhóraim idirnáisiúnta agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta ar mhaithe le leasanna an Aontais, féadfaidh CEMI na costais a bhaineann lena gcuid rannpháirtíochta a íoc.
Airteagal 89
Comhairlí Comhairleacha
Airteagal 90
Faisnéis maidir leis an margadh
Féadfaidh CEMI tacú le forbairt agus le scaipeadh na faisnéise maidir leis an margadh le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.
Airteagal 91
Gníomhaíochtaí cumarsáide CBI agus BMC
Féadfaidh CEMI tacú leis an méid seo a leanas:
costais do ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le CBI agus le BMC, lena n-áirítear:
costais a bhaineann le táirgeadh, le haistriú agus le scaipeadh ábhair atá saincheaptha le haghaidh riachtanais shonracha na spriocghrúpaí éagsúla i bhformáid scríofa, chlosamhairc agus leictreonach;
costais a bhaineann le himeachtaí agus cruinnithe arna n-ullmhú agus arna n-eagrú chun eolas a chur ar fáil maidir le tuairimí na bpáirtithe éagsúla a mbaineann CBI agus BMC leo nó chun iad a bhailiú;
costais taistil agus chóiríochta na saineolaithe agus ionadaithe na ngeallsealbhóirí a dtugann an Coimisiún cuireadh dóibh chun na gcruinnithe;
costais a bhaineann le cumarsáid chorparáideach i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.
CAIBIDIL III
Cúnamh teicniúil
Airteagal 92
Cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin
Ar thionscnamh an Choimisiúin, féadfaidh CEMI tacú leis na bearta seo a leanas, faoi réir na huasteorann 1,1 % ar CEMI:
na bearta cúnaimh theicniúil atá sonraithe in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
ullmhúchán, faireachán agus measúnú ar chomhaontuithe iascaigh inbhuanaithe agus ar rannpháirtíocht an Aontais in eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh; is éard a bheidh sna bearta sin staidéir, cruinnithe, ionchur saineolaithe, caiteachas i ndáil le foireann shealadach, gníomhaíochtaí faisnéise agus aon chaiteachas riaracháin eile nó caiteachas a thiocfaidh as cúnamh eolaíoch nó teicniúil arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún.
gréasán Eorpach GÁGIanna a bhunú a bheadh dírithe ar fhorbairt acmhainní, scaipeadh faisnéise, malartú taithí agus dea-chleachtais agus tacú le comhar idir na GÁGIanna. Comhoibreoidh an gréasán sin leis na comhlachtaí líonraithe agus tacaíochta teicniúla d’fhorbairt áitiúil arna mbunú ag CFRE, CSE agus CETFT maidir lena ngníomhaíochtaí forbartha áitiúla agus lena gcomhar trasnáisiúnta.
TEIDEAL VII
CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍOCHT CHOMHPHÁIRTEACH
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 93
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le bearta arna maoiniú faoi bhainistíocht chomhpháirteach mar a leagtar amach i dTeideal V.
CAIBIDIL II
Meicníocht seachadta
Airteagal 94
Rátaí cómhaoinithe a chinneadh
Bunóidh an clár oibríochtúil an ráta ranníocaíochta ó CEMI is infheidhme maidir le gach ceann de na cuspóirí a shainítear faoi thosaíochtaí an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 6. Is é 75 % den chaiteachas poiblí incháilithe an t-uasráta ranníocaíochta ó CEMI a bheidh i gceist. Is é 20 % den chaitheachas poiblí incháilithe an t-íosráta ranníocaíochta ó CEMI a bheidh i gceist.
De mhaolú ar mhír 2, is é seo a leanas an ranníocaíocht ó CEMI a bheidh i gceist:
100 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta faoi chúnamh stórála dá dtagraítear in Airteagal 67;
100 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh an chórais chúitimh dá dtagraítear in Airteagal 70;
50 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 33(1), Airteagal 34 agus Airteagal 41(2);
70 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 76(2);
90 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 76(2)(a) go (d) agus (f) go (k) d’Airteagal 76(2);
80 % den chaiteachas incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 77.
Airteagal 95
Méid an chúnaimh phoiblí
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit méid cúnaimh phoiblí a chur i bhfeidhm arb ionann é agus 100 % de chaiteachas incháilithe iomlán na hoibríochta más rud é gur fíor an méid seo a leanas:
gur comhlacht poiblí dlí an tairbhí nó gur gnóthas é a bhfuil oibriú seirbhísí ar mhaithe le leas coiteann eacnamaíochta de chúram air, de réir mar a dtagraítear dó sin in Airteagal 106(2) CFAE, sa chás go dtugtar an cúnamh le haghaidh oibriú na seirbhísí sin;
go mbaineann an oibríocht leis an gcúnamh stórála dá dtagraítear in Airteagal 67;
go mbaineann an oibríocht leis an gcóras cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 70;
go mbaineann an oibríocht leis an mbailiú sonraí dá dtagraítear in Airteagal 77;
baineann an oibríocht le tacaíocht faoi Airteagal 33 nó Airteagal 34 nó le cúiteamh faoi Airteagal 54, Airteagal 55, Airteagal 56, Airteagal 68(3) nó Airteagal 69(3);
go mbaineann an oibríocht le bearta maidir le BMC dá dtagraítear in Airteagal 80.
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit méid cúnaimh phoiblí a chur i bhfeidhm arb ionann é agus idir 50 % agus 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán sna cásanna seo a leanas:
má chuirtear an oibríocht i bhfeidhm faoi Chaibidil I, II, III agus IV de Theideal V agus má chomhlíontar na critéir uile seo a leanas:
leas comhchoiteann;
tairbhí comhchoiteann;
sainghnéithe nuálacha, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal áitiúil.
má chuirtear an oibríocht i bhfeidhm faoi Chaibidil III de Theideal V agus má chomhlíontar ceann dena critéir dá dtagraítear i bpointe (a) (i), (ii) nó (iii) den mhír seo agus má bhíonn teacht ag an bpobal ar thorthaí dá bharr.
Airteagal 96
Costais bhreise nó ioncam ligthe thar ceal a ríomh
I gcás ina mbíonn cabhair deonaithe ar bhonn costas breise nó ioncaim ligthe thar ceal, áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn na ríomhanna iomchuí leormhaith, cruinn agus bunaithe roimh ré ar bhonn ríofa atá cóir, cothrom agus infhíoraithe.
CAIBIDIL III
Córais bhainistíochta agus rialaithe
Airteagal 97
An t-údarás bainistíochta
De bhreis ar na rialacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 125 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas
sonraí iomchuí carnacha ar oibríochtaí atá roghnaithe le haghaidh cistiú go dtí deireadh na bliana féilire roimhe sin a sholáthar don Choimisiún faoin 31 Márta gach bliain, lena n-áirítear príomh-shaintréithe an tairbhí agus na hoibríochta féin.
poiblíocht a áirithiú le haghaidh an chláir trí thairbhithe a d’fhéadfadh a bheith ann, eagraíochtaí gairmiúla, na comhpháirtíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, comhlachtaí a bhfuil baint acu le comhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná, agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha lena mbaineann, lena n-áirítear eagraíochtaí comhshaoil a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí atá á dtairiscint de réir an chláir agus na rialacha atá ann le rochtain a fháil ar chistiú ón gclár;
poiblíocht a áirithiú le haghaidh an chláir oibríochtúil trí thairbhithe agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi rannchuidiú an Aontais agus faoin ról atá ag an Aontas sa chlár.
Airteagal 98
Sonraí airgeadais a tharchur
CAIBIDIL IV
Rialú ag na Ballstáit
Airteagal 99
Ceartuithe airgeadais ag na Ballstáit
CAIBIDIL V
Rialú ag an gCoimisiún
Airteagal 100
An spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh
Airteagal 101
Íocaíochtaí a fhionraí
Airteagal 102
Cumhachtaí an Choimisiúin
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 126 lena sainmhínítear na cásanna ina bhfuil neamhchomhlíonadh i gceist dá dtagraítear in Airteagal 100 agus na cásanna ina bhfuil neamhchomhlíonadh tromchúiseach i gceist dá dtagraítear in Airteagal 101(1), a eascraíonn as forálacha ábhartha CBI atá bunriachtanach chun acmhainní bitheolaíochta muirí a chaomhnú.
Airteagal 103
Rochtain ar fhaisnéis
Ar iarratas ón gCoimisiún, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a ghlac siad chun gníomhartha an Aontais a bhaineann le CBI a chur chun feidhme, i gcás ina mbíonn tionchar airgeadais ag na gníomhartha sin ar CEMI.
Airteagal 104
Rúndacht
Airteagal 105
Ceartúchán airgeadais arna dhéanamh ag an gCoimisiún
De bhreis ar na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 22(7), in Airteagal 85 agus in Airteagal 144(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfaidh an Coimisiún ceartúcháin airgeadais, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, trí ranníocaíocht an Aontais le clár oibríochtúil nó le cuid den ranníocaíocht sin a chur ar ceal, más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is gá, go measann sé:
i gcásanna nach n-urramaíonn an tairbhí na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo agus nár cheartaigh an Ballstát an caiteachas sin sular osclaíodh an nós imeachta ceartúcháin faoin mhír seo, go n-imrítear tionchar ar chaiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht;
maidir le cásanna inar theip go tromchúiseach ar an mBallstát rialacha CBI a chomhlíonadh agus inar fionraíodh an íocaíocht faoi Airteagal 101 den Rialachán seo dá bharr agus inar theip ar an mBallstát sin a thaispeáint go raibh na gníomhaíochtaí riachtanacha leasúcháin déanta aige lena áirithiú go gcomhlíonfaí agus go bhforfheidhmeofaí na rialacha is infheidhme sa todhchaí, go bhfuil tionchar aige sin ar an gcaiteachas in iarratas ar íocaíocht.
Airteagal 106
Nós imeachta
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i gcás ina molann an Coimisiún ceartúchán airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 105 den Rialachán seo.
CAIBIDIL VI
Faireachán, meastóireacht, faisnéis agus cumarsáid
Airteagal 107
Córas faireacháin agus meastóireachta
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an tacar táscairí a bhaineann go sonrach le tosaíochtaí sin an Aontais a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
Airteagal 108
Cuspóirí
Is iad seo a leanas na cuspóirí a bheidh ag an gcomhchóras faireacháin agus meastóireachta:
dul chun cinn agus comhlíonadh CBI agus BMC a léiriú, an tionchar ginearálta a mheas agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar ábharthacht oibríochtaí CEMI;
rannchuidiú le tacaíocht níos spriocdhírithe do CBI agus BMC;
comhphróiseas foghlama a chothú i dtaca le faireachán agus meastóireacht;
meastóireachtaí stóinsithe, atá bunaithe ar fhianaise a sholáthar ar oibríochtaí CEMI a chuireann leis an bpróiseas cinnteoireachta.
Airteagal 109
Comhtháscairí
Airteagal 110
Córas leictreonach faisnéise
Airteagal 111
Faisnéis a chur ar fáil
Glacfaidh tairbhithe a fuair tacaíocht faoi CEMI, lena n-áirítear GÁGIanna, mar chúram orthu féin an fhaisnéis agus na sonraí uile is gá a sholáthar don Údarás Bainistíochta agus/nó do mheastóirí ceaptha nó do chomhlachtaí eile atá tarmligthe chun feidhmeanna a chomhlíonadh ar a shon ionas go mbeifear in ann faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gclár, go háirithe maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí sonracha a bhaint amach.
Airteagal 112
Nósanna imeachta faireacháin
Airteagal 113
Feidhmeanna an choiste faireacháin
De bhreis ar na feidhmeanna dá bhforáiltear in Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, fíoróidh an coiste faireacháin feidhmíocht an chláir oibríochtúil agus éifeachtacht a chur chun feidhme. Chuige sin:
rachfar i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin agus formheasfar, laistigh de sé mhí ón gCinneadh lena bhformheastar an clár; critéir roghnúcháin na n-oibríochtaí maoinithe; athbhreithneofar na critéir roghnúcháin de réir na riachtanas cláreagraithe;
déanfaidh an Coiste Faireacháin scrúdú ar ghníomhaíochtaí agus aschur maidir le plean meastóireachta an chláir;
déanfaidh an coiste faireacháin scrúdú ar ghníomhaíochtaí sa chlár a bhaineann le coinníollachtaí sonracha ex ante a chomhlíonadh;
scrúdóidh agus formheasfaidh an coiste faireacháin na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme sula gcuirtear chuig an gCoimisiún iad;
scrúdóidh an coiste faireacháin gníomhaíochtaí chun comhionannas idir fir agus mná, comhdheiseanna, agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn, lena n-áirítear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.
Ní rachfar i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin faoi phleananna oibre maidir le sonraí a bhailiú dá dtagraítear in Airteagal 21.
Airteagal 114
Tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme
Sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, áireofar sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme:
faisnéis faoi cheangaltais airgeadais agus faoi chaiteachas de réir birt;
achoimre ar na gníomhaíochtaí a gabhadh ar láimh maidir leis an bplean meastóireachta;
faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcásanna sáruithe thromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus neamh-chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo, mar aon le gníomhartha ceartaitheacha;
faisnéis faoi na gníomhartha a dhéantar le hAirteagal 41(8) den Rialachán seo a chomhlíonadh;
faisnéis faoi na gníomhartha a dhéantar le foilsiú na dtairbhithe a áirithiú i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás daoine nádúrtha i gcomhréir le dlí náisiúnta lena n-áirítear aon tairseach is infheidhme.
Airteagal 115
Forálacha ginearálta
Airteagal 116
Meastóireacht ex ante
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an meastóir ex ante i ngleic le próiseas forbartha an chláir CEMI ón gcéadchéim, lena n-áirítear forbairt na hanailíse dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18(1), dearadh loighic idirghabhála an chláir agus bunú spriocanna an chláir.
Airteagal 117
Meastóireacht ex-post
I gcomhréir le hAirteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ullmhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit tuarascáil mheastóireachta ex post.
Airteagal 118
Sintéisí meastóireachtaí
Déanfar sintéisí ar leibhéal an Aontais ar na tuarascálacha meastóireachta ex ante faoi fhreagracht an Choimisiúin. Beidh sintéisí na dtuarascálacha meastóireachta críochnaithe ar a dhéanaí faoi 31 Nollaig na bliana i ndiaidh thaisceadh na meastóireachtaí iomchuí.
Airteagal 119
Faisnéis agus poiblíocht
Beidh an t-údarás bainistíochta, freagrach as na nithe seo a leanas i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 97(1):
a áirithiú go mbunófar láithreán gréasáin aonair nó tairseach láithreáin ghréasáin aonair ar a soláthrófar faisnéis agus rochtain ar an gclár oibríochtúil i ngach Ballstát;
tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistiúcháin faoin gclár oibríochtúil;
ról agus éachtaí CEMI a phoibliú do shaoránaigh an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise maidir le torthaí agus tionchar na gcomhaontuithe comhpháirtíochta, na gclár oibríochtúil agus na n-oibríochtaí.
a áirithiú go mbeidh achoimre ar na bearta ar fáil don phobal, lena n-áirithítear comhlíonadh rialacha CBI lena n-áirítear cásanna nach gcomhlíonann na Ballstáit nó na tairbhithe na rialacha sin, agus na gníomhartha ceartaitheacha amhail na ceartúcháin airgeadais a rinneadh.
Tabharfar an liosta oibríochtaí cothrom le dáta gach sé mhí ar a laghad.
Tá an fhaisnéis íosta a leagtar amach sa liosta oibríochtaí, lena n-áirítear faisnéis shonrach maidir le hoibríochtaí faoi Airteagal 26„ faoi Airteagal 39 faoi Airteagal 47, faoi Airteagal 54 agus faoi Airteagal 56, leagtha síos in Iarscríbhinn V.
TEIDEAL VIII
CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍÚ DÍREACH
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 120
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le bearta a mhaoinítear faoi bhainistiú díreach mar a leagtar amach i dTeideal VI.
CAIBIDIL II
Rialú
Airteagal 121
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, AE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó Cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais.
Airteagal 122
Iniúchtaí
Airteagal 123
Íocaíochtaí a fhionraí, an ranníocaíocht airgeadais a laghdú agus a chealú
CAIBIDIL III
Meastóireacht agus tuairisciú
Airteagal 124
Meastóireacht
Airteagal 125
Tuairisciú
Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:
i gcomhréir le hAirteagal 15, tuarascáil mheastóireachta eatramhach maidir leis ◄ na torthaí a fuarthas agus maidir leis na gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla de chur chun feidhme na n-oibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo;
Faoin 31 Lúnasa 2018 teachtaireacht maidir le leanúint de na hoibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo.
TEIDEAL IX
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA
Airteagal 126
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 127
An nós imeachta coiste
I gcás nach dtugann an coiste tuairim maidir le dréachtghníomh cur chun feidhme a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 95(5) den Rialachán seo, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
TEIDEAL X
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 128
Aisghairm
Airteagal 129
Forálacha eatramhacha
Airteagal 130
Teacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
MÉID SONRACH CÚNAIMH
|
Cineál oibríochtaí |
Pointí céatadáin |
|
Féadfaidh oibríochtaí a bhaineann le hiascach cósta ar mhionscála leas a bhaint as méadú |
30 |
|
Féadfaidh oibríochtaí atá lonnaithe ar Oileáin iargúlta na Gréige agus ar oileán Dugi Otok, Vis, Mljet agus Lastovo de chuid na Cróite |
35 |
|
Féadfaidh oibríochtaí atá lonnaithe sna réigiúin is forimeallaí leas a bhaint as méadú |
35 |
|
Féadfaidh oibríochtaí a chuireann eagraíocht iascairí nó tairbhithe comhchoiteanna atá taobh amuigh de Chaibidil III de Theideal V chun feidhme leas a bhaint as méadú |
10 |
|
Féadfaidh oibríochtaí a chuireann eagraíocht táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirbhrainse chun feidhme leas a bhaint as méadú |
25 |
|
Féadfaidh oibríochtaí faoi Airteagal 76 maidir le rialú agus forfheidhmiú leas a bhaint as méadú |
30 |
|
Féadfaidh oibríochtaí faoi Airteagal 76 maidir le rialú agus forfheidhmiú a bhaineann le hiascach cósta ar mhionscála leas a bhaint as méadú |
40 |
|
Déanfar oibríochtaí faoi Airteagal 41(2) a bhaineann le líon na n-inneall a bheidh le hathsholáthar a laghdú |
20 |
|
Déanfar oibríochtaí a mhaoiníonn fiontair nach dtagann faoin sainmhíniú ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide a laghdú le |
20 |
IARSCRÍBHINN II
MIONDEALÚ BLIANTÚIL AR LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR OIBLEAGÁIDÍ IDIR 2014 AGUS 2020
|
Cur Síos |
Tréimhse |
2014 |
2015 |
2016 |
2017 |
2018 |
2019 |
2020 |
Iomlán |
|
Bainistiú roinnte CEMI |
(2014-2020) |
788 060 689 |
798 128 031 |
805 423 852 |
818 478 098 |
837 523 233 |
843 250 018 |
858 467 679 |
5 749 331 600 |
ANNEX III
INDICATIVE DISTRIBUTION OF FUNDS UNDER CHAPTERS I AND II OF TITLE VI AMONG THE OBJECTIVES SET OUT IN ARTICLES 82 AND 85 ( 25 )
Objectives set out in Article 82:
Development and implementation of an integrated governance of maritime and coastal affairs – 6 %
Development of cross-sectorial initiatives – 24 %
Support for sustainable economic growth, employment, innovation and new technologies – 17 %
Promotion of the protection of the marine environment – 5 %
Objectives set out in Article 85:
Collection, management and dissemination of scientific advice under the CFP – 11 %
Specific control and enforcement measures under the CFP – 11 %
Voluntary contributions to international organisations – 13 %
Advisory Councils and communication activities under the CFP and the IMP – 7 %
Market intelligence, including the establishment of electronic markets – 6 %
IARSCRÍBHINN IV
COINNÍOLLACHTAÍ SONRACHA EX ANTE
|
Cuspóir sonrach faoi thosaíocht an Aontais maidir le Cuspóir téamach/(CT) de chuid CEMI |
Coinníollacht ex ante |
Critéir na comhlíontachta |
|
Tosaíocht CEMI: 1. Iascach a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, a bheidh tíosach ar acmhainní, nuálach, iomaíoch agus eolasbhunaithe a chur chun cinn. Cuspóir sonrach: (a) - (f) CT 3: iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide agus earnáil na talmhaíochta (i gcás CETFT) agus earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (i gcás CEMI) a fheabhsú; CT 6: an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn CT 8: fostaíocht inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair |
Cuireadh isteach an tuarascáil ar acmhainní i gcomhréir le hAirteagal 22(2) den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 |
Ullmhaíodh an tuarascáil i gcomhréir leis na treoirlínte comhchoiteanna a d’eisigh an Coimisiún Ní sháraítear uasteorainn na hacmhainní iascaireachta a bhunaítear in Iarscríbhinn II den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 |
|
Tosaíocht CEMI: 2. Iascach a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, a bheidh tíosach ar acmhainní, nuálach, iomaíoch agus eolasbhunaithe a chothú Cuspóirí sonracha: (a), (b) agus(c). CT 3: iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide agus earnáil na talmhaíochta (i gcás CETFT) agus earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (i gcás CEMI) a fheabhsú; CT 6: an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn CT 8: fostaíocht inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair |
Plean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil maidir le dobharshaothrú amhail dá dtagraítear dó in Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh.1380/2013 maidir leis an gCFP, a bhunú faoi 2014; |
Déantar plean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil maidir le dobharshaothrú a tharchur chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná lá tarchurtha an Chláir Oibríochtúil Áirítear sa Chlár Oibríochtúil faisnéis faoin gcaoi ina gcomhlánaítear an plean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil maidir le dobharshaothrú |
|
Tosaíocht CEMI: 3. Cur chun feidhme CBI a chothú Cuspóir sonrach (a) CT 6: an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn |
Acmhainní riaracháin: cuirtear acmhainní riaracháin ar fáil chun na ceanglais sonraí le haghaidh bainistithe iascaigh a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle a chomhlíonadh. |
Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun clár ilbhliantúil bailithe sonraí a ullmhú agus a chur i bhfeidhm, a bheidh le hathscrúdú ag STECF agus a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun pleananna oibre maidir le bailiú sonraí a ullmhú agus a chur chun feidhme, a bheidh le hathscrúdú ag STECF agus a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún Cur síos ar na hacmhainní leordhóthanacha i leithdháileadh acmhainní daonna chun comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a dhéanamh le Ballstáit eile más rud é go bhfuil obair chomhroinnte i gceist chun na hoibleagáidí bailithe sonraí a chur chun feidhme |
|
Tosaíocht CEMI: 3. Cur chun feidhme CBI a chothú Cuspóir sonrach (b) CT 6: an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn |
Acmhainní Riaracháin: cuirtear acmhainní riaracháin ar fáil chun cur chun feidhme chóras rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe an Aontais a chomhlíonadh, mar a leagtar síos in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013agus mar a shonraítear tuilleadh i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle. |
Ar na gníomhaíochtaí sonracha sin tá: Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun an chuid den Chlár Oibríochtúil a bhaineann le clár náisiúnta um rialú maoiniúcháin 2014-2020 amhail dá dtagraítear i bpointe (o) d’Airteagal 20(l) a ullmhú agus a chur chun feidhme Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun an clár gníomhaíochta náisiúnta um rialú maidir le pleananna ilbhliantúla a ullmhú agus a chur chun feidhme, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun clár coiteann um rialú a ullmhú agus a chur chun feidhme a fhéadfar a fhorbairt le Ballstáit eile, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 94 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 |
|
|
|
Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun na cláir shonracha um rialú agus um chigireacht a ullmhú agus a chur chun feidhme, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun córas smachtbhannaí atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe tromchúiseacha amhail dá bhforáiltear in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 Cur síos ar na hacmhainní riaracháin chun córas na bpointí a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe tromchúiseacha, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 |
IARSCRÍBHINN V
FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID AR THACAÍOCHT Ó CEMI
1. Liosta oibríochtaí
Beidh na réimsí sonraí seo a leanas sa liosta oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 119, i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ar a laghad:
2. Bearta faisnéise agus poiblíochta don phobal
1. Áiritheoidh an Ballstát go bhféachtar leis na bearta faisnéise agus poiblíochta le cumarsáid a dhéanamh leis an líon is mó daoine is féidir sna meáin uile trí leas a bhaint as cineálacha agus modhanna éagsúla cumarsáide ar an leibhéal iomchuí.
2. Beidh an Ballstát freagrach as na bearta faisnéise agus poiblíochta seo a leanas ar a laghad a eagrú:
mórghníomhaíocht faisnéise lena ndéantar poiblíocht maidir le seoladh an chláir oibríochtúil;
mórghníomhaíocht faisnéise amháin dhá uair ar a laghad le linn na tréimhse cláraithe ina gcuirtear chun cinn na deiseanna cistiúcháin agus na straitéisí a shaothraítear agus ina gcuirtear i láthair mórghníomhartha an chláir oibríochtúil;
bratach nó suaitheantas, de réir mar is iomchuí, an Aontais a thaispeáint os comhair áite nó ag áit inar féidir leis an bpobal é a fheiceáil, ag áitreabh gach údaráis bhainistíochta;
an liosta oibríochtaí a fhoilsiú go leictreonach i gcomhréir le roinn 1;
samplaí d’oibríochtaí a thabhairt, de réir cláir oibríochtúil, ar an suíomh aonair gréasáin nó ar shuíomh gréasáin an chláir oibríochtúil ar féidir rochtain a fháil air tríd an tairseach gréasáin aonair; ba cheart na samplaí a bheith i dteanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais a labhraítear go forleathan, teanga seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann;
beidh roinn shonrach den suíomh Gréasáin aonair curtha in áirithe chun achoimre ghearr a thabhairt ar oibríochtaí nuálaíochta agus éiceanuálaíochta;
nuashonrú faisnéise faoi chur chun feidhme an chláir oibríochtúil, lena n-áirítear a phríomh-mhórghníomhartha, ar an suíomh gréasáin aonair nó ar shuíomh gréasáin an chláir oibríochtúil ar féidir rochtain a fháil air tríd an tairseach aonair suímh ghréasáin;
a áirithiú go mbeidh achoimre ar na bearta ar fáil don phobal, lena n-áirithítear comhlíonadh rialacha CBI lena-n-áirítear cásanna nach gcomhlíonann na Ballstáit nó na tairbhithe na rialacha sin, agus na gníomhartha ceartaitheacha amhail na ceartúcháin airgeadais a rinneadh.
3. Socróidh an t-údarás bainistíochta go mbeidh baint ag na comhlachtaí seo a leanas le bearta faisnéise agus poiblíochta i gcomhréir le dlíthe agus le cleachtais náisiúnta:
na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
ionaid faisnéise faoin Eoraip, chomh maith le hoifigí ionadaíochta an Choimisiúin sna Ballstáit;
institiúidí oideachais agus taighde.
Déanfaidh na comhlachtaí sin an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 119(1) a scaipeadh go forleathan.
3. Bearta faisnéise do thairbhithe féideartha agus do thairbhithe
3.1. Bearta faisnéise do thairbhithe féideartha
1. Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go ndéantar cuspóirí agus deiseanna cistiúcháin an chláir oibríochtúil arna dtairiscint ag CEMI a scaipeadh go leathan i measc tairbhithe féideartha agus gach páirtí leasmhair.
2. Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcuirtear tairbhithe féideartha ar an eolas faoi na nithe seo a leanas ar a laghad:
coinníollacha incháilitheachta caiteachais atá le comhlíonadh chun cáiliú do thacaíocht faoi chlár oibríochtúil;
cur síos ar na coinníollacha inghlacthachta d’iarratais, ar na nósanna imeachta chun iarratais ar chistiú a scrúdú agus ar na tréimhsí ama i gceist;
na critéir chun na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh a roghnú;
na teagmhálaithe ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil atá in ann faisnéis a chur ar fáil faoi na cláir oibríochtúla;
gur cheart d’iarratais gníomhaíochtaí cumarsáide atá comhréireach le méid na hoibríochta a mholadh, chun an pobal a chur ar an eolas faoi aidhmeanna na hoibríochta agus faoi thacaíocht an Aonais don oibríocht.
3.2. Bearta faisnéise do thairbhithe
Cuirfidh an t-údarás bainistíochta tairbhithe ar an eolas gurb ionann glacadh le cistiú agus glacadh lena gcuimsiú ar an liosta oibríochtaí a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 119(2).
( 1 ) Moladh 2002/413/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2002 maidir le cur chun feidhme Bhainistiú Comhtháite an Chreasa Cósta san Eoraip (IO L 148, 6.6.2002, lch. 24).
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2003 maidir le clár soithí iascaireachta an Aontais (IO L 5, 9.1.2004, lch. 25).
( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
( 4 ) Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).
( 5 ) Coinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 316, 27.11.1995, lch. 49)
( 6 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar na rialacha airgeadais infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
( 7 ) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
( 8 ) Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).
( 9 ) Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
( 10 ) Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).
( 11 ) Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).
( 12 ) Threoir 2009/147/CE ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
( 13 ) Cinneadh 2005/629/CE on gCoimisiun an 26 Lúnasa 2005 lena mbunaítear Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (IO L 225, 31.8.2005, lch. 18).
( 14 ) Treoir 60/2000/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
( 15 ) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
( 16 ) Treoir 2006/88/CE ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí díobh sin, agus maidir le galair áirithe a chosc agus a rialú i gcás ainmhithe uisceacha dobharshaothraithe (IO L 328, 24.11.2006, lch. 14).
( 17 ) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).
( 18 ) Rialachán (CE) Uimh. 710/2009 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle, maidir le rialacha mionsonraithe a leagan síos i ndáil le táirgeadh ainmhithe agus feamainne an dobharshaothraithe orgánaigh (IO L 204, 6.8.2009, lch. 15).
( 19 ) Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 lena gceadaítear rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 114, 24.4.2001, lch. 1).
( 20 ) Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CÉ ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).
( 21 ) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
( 22 ) Rialachán (CE) Uimh 768/2005 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 lena mbunaítear córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).
( 23 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le rialuithe ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún d’fhonn cosaint a thabhairt do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
( 24 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
( 25 ) The percentages apply to the amount set out in Article 14 excluding the allocation under Article 92.