02023R1115 — GA — 26.12.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2023/1115 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 150 9.6.2023, lch. 206) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2024/3234 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 19 Nollaig 2024 |
L 3234 |
1 |
23.12.2024 |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/1115 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Bealtaine 2023
maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le táirgí ábhartha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil tráchtearraí ábhartha eadhon eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad iontu, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, a chur agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
rannchuidiú an Aontais le dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoisí ar fud an domhain a íoslaghdú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le dífhoraoisiú domhanda a laghdú;
rannchuidiú an Aontais le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa agus le cailliúint na bithéagsúlachta dhomhanda a laghdú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘tráchtearraí ábhartha’ eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad;
ciallaíonn ‘táirgí ábhartha’ táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh;
ciallaíonn ‘dífhoraoisiú’ tiontú foraoise go húsáid talmhaíochta, cé acu de thoradh an duine nó ar bhealach eile;
ciallaíonn ‘foraois’ talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus í faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aici is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ, seachas talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó úsáid talún uirbí den chuid is mó;
ciallaíonn ‘úsáid talmhaíochta’ talamh a úsáid chun críche talmhaíochta, lena n-áirítear le haghaidh plandálacha talmhaíochta agus limistéir thalmhaíochta curtha ar leataobh, agus le haghaidh beostoc a thógáil;
ciallaíonn ‘plandálacha talmhaíochta’ talún ar a bhfuil clampa crann i gcórais táirgeachta talmhaíochta, amhail plandálacha crann torthaí, plandálacha pailme ola, úlloird olóige agus córais agrafhoraoiseachta ina bhfuil barra ag fás faoi bhrat crann. Áirítear leis plandálacha uile na dtráchtearraí ábhartha seachas adhmad; eisiatar plandálacha talmhaíochta ón sainmhíniú ar ‘foraois’;
ciallaíonn ‘díghrádú foraoisí’ athruithe struchtúracha ar chumhdach foraoise, atá i bhfoirm amháin de na tiontuithe seo a leanas:
tiontú foraoisí príomhúla nó foraoisí a athghintear go nádúrtha ina bhforaoisí plandála nó ina gcoillearnach eile; nó
tiontú foraoisí príomhúla ina bhforaoisí a cuireadh;
ciallaíonn ‘foraois phríomhúil’ foraois a athghintear go nádúrtha de speicis chrainn dhúchasacha, i gcás nach bhfuil aon táscairí le feiceáil go soiléir ar ghníomhaíochtaí an duine agus nach gcuirtear isteach go mór ar na próisis éiceolaíocha;
ciallaíonn ‘foraois a athghintear go nádúrtha’ foraois atá comhdhéanta den chuid is mó de chrainn a bhunaítear trí athghiniúint nádúrtha; áirítear leis aon cheann díobh seo a leanas:
foraoisí nach féidir idirdhealú a dhéanamh ina leith cibé acu atá plandaithe nó athghinte go nádúrtha;
foraoisí ina bhfuil meascán de speicis de chrainn dhúchasacha a athghintear go nádúrtha agus crainn phlandaithe nó síolaithe, agus ina meastar gurb iad na crainn a athghintear go nádúrtha an chuid is mó den stoc atá ag fás tráth aibíocht na gclampaí;
roschoill ó chrainn a bunaíodh ar dtús trí athghiniúint nádúrtha;
crainn athghinte go nádúrtha de speicis a tugadh isteach;
ciallaíonn ‘foraois a cuireadh’ foraois arb é atá inti den chuid is mó crainn a bunaíodh trí chur agus/nó trí shíolú d’aon turas, ar choinníoll go bhfuiltear ag súil leis gurb é a bheidh sna crainn a cuireadh nó a síolaíodh níos mó ná 50 % den stoc fáis tráth a n-aibíochta; áirítear leis sin roschoill ó chrainn a cuireadh nó a síolaíodh ar dtús;
ciallaíonn ‘foraois phlandála’ foraois a cuireadh agus a ndéantar dianbhainistíocht uirthi agus a chomhlíonann, tráth a gcurtha agus tráth aibíocht na gclampaí, na critéir seo a leanas uile: speiceas amháin nó dhá speiceas, cothrom i dtaca le haicme aoise, agus spásáil rialta eatarthu; áirítear leis plandálacha gearruainíochta le haghaidh adhmaid, snáithín agus fuinnimh, agus eisiatar leis foraoisí a chuirtear le haghaidh cosanta nó athbhunú éiceachórais, mar aon le foraoisí a bhunaítear trí chur nó trí shíolú, atá nó a bheidh, tráth aibíocht na gclampaí, cosúil le foraoisí a athghintear go nádúrtha;
ciallaíonn ‘coillearnach eile’ talamh nach n-aicmítear ina ‘fhoraois’ is fairsinge ná 0.5 heicteár, agus í faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aici idir 5 % agus 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ, nó ar a bhfuil breis is 10 % de chumhdach comhcheangailte de thoir, sceacha agus crainn, seachas talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó úsáid talún uirbí den chuid is mó;
ciallaíonn ‘gan dífhoraoisiú’ an méid seo a leanas:
go bhfuil sna táirgí ábhartha tráchtearraí ábhartha a táirgeadh le táirgí ábhartha ar thalamh nach ndearnadh dífhoraoisiú air tar éis an 31 Nollaig 2020, nó gur cothaíodh na táirgí leis na tráchtearraí sin nó gur úsáideadh na tráchtearraí sin lena ndéanamh; agus
i gcás táirgí ábhartha a bhfuil adhmad iontu nó ar úsáideadh adhmad lena ndéanamh, gur lománaíodh an t-adhmad ón bhforaois gan bheith ina chúis le díghrádú foraoisí tar éis an 31 Nollaig 2020;
ciallaíonn ‘táirgthe’ fásta, lománaithe nó tógtha ar dháileachtaí ábhartha talún nó bunaíochtaí i gcás eallaí, nó faighte orthu;
ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn iad, le linn gníomhaíocht tráchtála;
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge ábhartha nó tráchtearra ábhartha a chur ar fáil den chéad uair ar mhargadh an Aontais;
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine sa slabhra soláthair, seachas an t-oibreoir, a chuireann táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála;
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ táirge ábhartha a sholáthar lena dháileadh, lena ídiú nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce;
ciallaíonn ‘le linn gníomhaíochta tráchtála’ chun críche próiseála, le dáileadh ar thomhaltóirí tráchtála nó neamhthráchtála, nó lena úsáid i ngnó an oibreora nó an trádálaí féin;
ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach nó aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é, ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an acmhainneacht ag an duine sin gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh;
ciallaíonn ‘duine atá bunaithe san Aontas’:
i gcás duine nádúrtha, aon duine a bhfuil a áit nó a háit chónaithe san Aontas;
i gcás duine dhlítheanaigh nó comhlachais daoine, aon duine a bhfuil a oifig chláraithe, a cheannáras lárnach nó buanbhunaíocht ghnó aige san Aontas;
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige, i gcomhréir le hAirteagal 6, ó oibreoir nó ó thrádálaí chun gníomhú thar a cheann i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an oibreora nó an trádálaí faoin Rialachán seo;
ciallaíonn ‘tír thionscnaimh’ tír nó críoch dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn ‘tír tháirgthe’ an tír nó an chríoch inar táirgeadh an tráchtearra ábhartha, nó an tráchtearra ábhartha a úsáideadh i dtáirgeadh táirge ábhartha, nó an tráchtearra ábhartha atá i dtáirge ábhartha;
ciallaíonn ‘táirgí neamhchomhlíontacha’ táirgí ábhartha nach gcomhlíonann Airteagal 3;
ciallaíonn ‘riosca diomaibhseach’ an leibhéal riosca a bhfuil feidhm aige maidir le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha, más rud é, ar bhonn measúnaithe iomlán ar fhaisnéis tháirgeshonrach agus ghinearálta, agus, i gcás inar gá, ar chur i bhfeidhm na mbeart maolaithe iomchuí, nach léirítear leis na tráchtearraí nó na táirgí sin aon chúis imní nach gcomhlíontar leo Airteagal 3, pointe (a) nó (b);
ciallaíonn ‘dáileacht talún’ talamh laistigh de réadmhaoin aonair, mar a aithnítear le dlí na tíre táirgthe, ag a bhfuil dálaí atá aonchineálach go leor chun go mbeifear in ann meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal comhiomlánaithe ar riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise atá bainteach le tráchtearraí ábhartha a tháirgtear ar an talamh sin;
ciallaíonn ‘geoshuíomh’ suíomh geografach dáileacht talún a ndéantar cur síos air trí bhíthin comhordanáidí domhanleithid agus domhanfhaid a chomhfhreagraíonn do phointe domhanleithid amháin agus domhanfhaid amháin ar a laghad agus a úsáideann sé dhigit dheachúla ar a laghad; i gcás dáileachtaí talún ina mbeidh níos mó ná ceithre heicteár a úsáidtear chun tráchtearraí ábhartha seachas eallach a táirgeadh, cuirfear an suíomh geografach ar fáil agus úsáid á baint as polagáin, le pointí domhanleithid agus domhanfhaid leordhóthanacha chun cur síos a dhéanamh ar imlíne gach dáileachta talún.
ciallaíonn ‘bunaíocht’ aon áitreabh, déanmhas, nó, i gcás feirmeoireacht faoin aer, aon timpeallacht nó áit, ina gcoimeádtar beostoic, ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan;
ciallaíonn ‘micreafhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ micreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn ‘ábhar imní a bhfuil bunús leis’ maíomh cuí-réasúnaithe bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil agus infhíoraithe maidir le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo agus lena bhféadfar idirghabháil ó na húdaráis inniúla a cheangal;
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 14(1);
ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ údaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn ‘críoch chustaim’ críoch mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nó críoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais;
ciallaíonn ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn ‘onnmhairiú’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 269 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn ‘táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh’ táirgí ábhartha ó thríú tíortha a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais agus nach mbeartaítear le haghaidh úsáid nó ídiú príobháideach laistigh de chríocha custaim an Aontais;
ciallaíonn ‘táirgí ábhartha a chuirtear amach as an margadh’ táirgí ábhartha a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘onnmhairiú’;
ciallaíonn ‘reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe’ na dlíthe is infheidhme sa tír tháirgthe maidir le stádas dlíthiúil an limistéir táirgthe i dtéarmaí na nithe seo a leanas:
cearta úsáide talún;
cosaint an chomhshaoil;
rialacha a bhaineann le foraoisí, lena n-áirítear bainistiú foraoisí agus caomhnú na bithéagsúlachta, i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu le lománaíocht adhmaid;
cearta tríú páirtithe;
cearta saothair;
cearta an duine a chosnaítear faoin dlí idirnáisiúnta;
prionsabal an tsaorthoilithe fheasaigh roimh ré (FPIC), lena n-áirítear mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;
rialacháin chánach, frithéillithe, trádála agus chustaim;
Airteagal 3
Toirmeasc
Ní dhéanfar tráchtearraí ábhartha ná táirgí ábhartha a chur ná a chur ar fáil ar an margadh, ná a onnmhairiú ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá siad gan dífhoraoisiú;
táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe; agus
cumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí.
CAIBIDIL 2
OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ AGUS TRÁDÁLAITHE
Airteagal 4
Oibleagáidí oibreoirí
Ní chuirfidh oibreoirí táirgí ábhartha ar an margadh ná ní dhéanfaidh siad na táirgí sin a onnmhairiú má bhíonn feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:
tá na táirgí ábhartha neamhchomhlíontacha;
nochtadh le feidhmiú díchill chuí riosca neamhdhiomaibhseach go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontacha;
ní raibh an t-oibreoir in ann na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chomhlánú.
Airteagal 5
Oibleagáidí na dtrádálaithe
Baileoidh agus coinneoidh trádálaithe ar FBManna iad an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis na táirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar fáil ar an margadh:
ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus, má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na n-oibreoirí nó na dtrádálaithe a sholáthair na táirgí ábhartha dóibh, chomh maith le huimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí a bhaineann leis na táirgí sin;
ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus, má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na hoibreoirí nó na dtrádálaithe ar sholáthair siad na táirgí ábhartha dóibh.
Airteagal 6
Ionadaithe údaraithe
Airteagal 7
Táirgí á gcur ar an margadh ag oibreoirí atá bunaithe i dtríú tíortha
I gcás ina gcuirfidh duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá bunaithe lasmuigh den Aontas táirgí ábhartha ar an margadh, measfar gur oibreoir de réir bhrí an Rialacháin seo é an chéad duine nádúrtha nó duine dlítheanach, atá bunaithe san Aontas, a chuireann táirgí ábhartha den chineál sin ar fáil ar an margadh.
Airteagal 8
Dícheall cuí
Áireofar leis an dícheall cuí an méid seo a leanas:
bailiú na faisnéise, na sonraí agus na ndoiciméad is gá chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9 a chomhlíonadh;
bearta measúnúcháin riosca dá dtagraítear in Airteagal 10;
bearta maolaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 11.
Airteagal 9
Ceanglais faisnéise
Baileoidh oibreoirí faisnéis, doiciméid agus sonraí lena léireofar go gcomhlíontar Airteagal 3 leis na táirgí ábhartha. Chun na críche sin, déanfaidh an t-oibreoir an fhaisnéis seo a leanas, maille le fianaise, a bhaineann le gach táirge ábhartha, a bhailiú, a eagrú agus a choimeád ar feadh 5 bliana ón dáta a chuirfear na táirgí ábhartha ar an margadh é nó a onnmhaireofar iad:
tuairisc, lena n-áirítear trádainm agus cineál na dtáirgí ábhartha, mar aon le, i gcás táirgí ábhartha a bhfuil adhmad iontu nó ar úsáideadh adhmad lena ndéanamh, ainm coiteann an speicis agus ainm eolaíoch iomlán an speicis. Áireofar sa tuairisc ar an táirge an liosta tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha atá ann nó a úsáidtear chun na táirgí sin a dhéanamh;
cainníocht na dtáirgí ábhartha maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gcód Córais Comhchuibhithe a shonraítear san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle ( 2 ), nó i ngach cás eile, ní mór an chainníocht a shloinneadh de réir glanmhaise nó i gcás inarb infheidhme, de réir glantoirte nó líon na n-aonad;. tá aonad forlíontach infheidhme i gcás ina sainítear go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith faoin gcód Córais Comhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí;
an tháirgthe agus, i gcás inarb ábhartha, codanna di;
geoshuíomh gach dáileachta talún ar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha atá sa táirge ábhartha nó lena ndearnadh é, mar aon le dáta nó raon ama an táirgthe; maidir le táirge ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha ann nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena dhéanamh, ar tráchtearraí iad a táirgeadh ar dháileachtaí talún éagsúla nó a rinneadh le tráchtearraí ábhartha a táirgeadh ar dháileachtaí talún éagsúla, áireofar geoshuíomh na ndáileachtaí talún éagsúla go léir; i gcás ina mbíonn aon dífhoraoisiú nó díghrádú foraoisí ar dháileachtaí talún ar leith, dícháileofar go huathoibríoch na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha go léir ó na dáileachtaí talún sin óna gcur nó óna gcur ar fáil ar an margadh, nó óna n-onnmhairiú uaidh; maidir le táirgí ábhartha a bhfuil eallach iontu nó ar úsáideadh eallach lena ndéanamh, agus maidir le táirgí ábhartha a cothaíodh le táirgí ábhartha, déanfaidh an geoshuíomh tagairt do gach bunaíocht inar coinníodh an t-eallach sin; i gcás gach táirge ábhartha eile in Iarscríbhinn I, tagróidh an geoshuíomh do na dáileachtaí talún;
ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist aon ghnólachta nó aon duine óna bhfuarthas na táirgí ábhartha;
ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist aon ghnólachta, aon oibreora nó aon trádálaí ar soláthraíodh na táirgí ábhartha dóibh;
faisnéis leorchinntitheach infhíoraithe go bhfuil na táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú;
faisnéis leorchinntitheach infhíoraithe go ndearnadh na dtráchtearraí ábhartha a tháirgeadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe, lena n-áirítear aon socrú a thugann an ceart an ceantar faoi leith a úsáid chun an tráchtearra ábhartha a tháirgeadh.
Airteagal 10
Measúnú riosca
Cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh leis an measúnú riosca go háirithe:
sannadh an riosca ar an tír tháirgthe ábhartha nó ar chodanna di i gcomhréir le hAirteagal 29;
láithreacht foraoisí sa tír tháirgthe nó i gcodanna di;
láithreacht pobal dúchasach sa tír tháirgthe nó i gcodanna de;
comhairliúchán agus comhar de mheon macánta le pobail dhúchasacha sa tír tháirgthe, nó i gcodanna de;
éilimh chuí-réasúnaithe ó phobail dhúchasacha a bheith ann bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil infhíoraithe maidir le húsáid nó úinéireacht an limistéir a úsáidtear chun an tráchtearra ábhartha a tháirgeadh
leitheadúlacht an dífhoraoisithe nó díghrádaithe foraoisí sa tír tháirgthe nó i gcodanna de;
an fhoinse, an iontaofacht, an bhailíocht agus na naisc le doiciméadacht eile atá ar fáil maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1);
ábhair imní i ndáil leis an tír tháirgthe agus thionscnaimh nó codanna díobh, amhail an leibhéal éillithe, forleithne an bhrionnaithe doiciméad agus sonraí, easpa fhorfheidhmiú an dlí, sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, coinbhleacht armtha a bheith ann nó smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó Comhairle an Aontais Eorpaigh;
castacht an tslabhra soláthair ábhartha agus céim phróiseáil na dtáirgí ábhartha, go háirithe deacrachtaí maidir le táirgí ábhartha a nascadh leis an dáileacht talún inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha;
an riosca a bhaineann le himchéimniú an Rialacháin seo nó le meascadh le táirgí ábhartha de thionscnamh anaithnid nó a táirgeadh i limistéir inar tharla dífhoraoisiú nó díghrádú foraoisí nó ina bhfuil dífhoraoisiú nó díghrádú foraoisí ag tarlú;
conclúidí ó chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin lena dtacaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo, arna bhfoilsiú sa chlár de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin;
ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31, agus faisnéis faoi stair neamhchomhlíontachta oibreoirí nó trádálaithe feadh an tslabhra soláthair ábhartha i dtaca leis an Rialachán seo;
aon fhaisnéis a léireodh gur ann do riosca go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach;
faisnéis chomhlántach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, lena bhféadfar faisnéis arna soláthar le deimhniúchán nó le scéimeanna eile atá deimhnithe ag tríú páirtithe a áireamh, lena n-áirítear scéimeanna deonacha arna n-aithint ag an gCoimisiún faoi Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2018/2001ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán seo leis an bhfaisnéis;
Airteagal 11
Maolú riosca
Glacfaidh an t-oibreoir nósanna imeachta agus bearta maolaithe riosca, atá leordhóthanach chun a chinntiú nach ann d’aon riosca nó nach ann ach do riosca diomaibhseach, sula gcuirfear na táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireofar iad, ach amháin i gcás ina léirítear sa mheasúnú riosca, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10, nach ann d’aon riosca nó gur diomaibhseach an riosca go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis na nósanna imeachta agus bearta den sórt sin:
breis faisnéise, sonraí nó doiciméad, a iarraidh;
suirbhéanna nó iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh;
bearta eile a dhéanamh a bhaineann le ceanglais faisnéise a leagtar amach in Airteagal 9.
D’fhéadfadh sé go n-áireofaí le nósanna imeachta agus beart den sórt sin tacú le soláthróirí an oibreora sin, feirmeoirí beaga go háirithe, an Rialachán seo a chomhlíonadh, trí fhothú acmhainneachta agus infheistíochtaí.
Beidh beartais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí agus comhréireacha i bhfeidhm ag oibreoirí chun na rioscaí a bhaineann le neamhchomhlíonadh táirgí ábhartha a shainaithnítear, a mhaolú agus a bhainistiú go héifeachtach. Áireofar leis na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta sin an méid seo a leanas:
cleachtais bainistíochta maidir le rioscaí samhaltaithe, tuairisciú, coinneáil taifead, rialú inmheánach agus bainistiú comhlíontachta, lena n-áirítear oifigeach comhlíontachta a cheapadh ag an leibhéal bainistíochta d’oibreoirí nach FBManna iad;
feidhm iniúchóireachta neamhspleách chun na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear i bpointe (a) a sheiceáil le haghaidh na n-oibreoirí uile nach FBManna iad.
Airteagal 12
Córais díchill chuí a bhunú agus a chothabháil, tuairisciú agus taifid a choimeád
Gan dochar do reachtaíocht de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí, áireofar sna tuaraiscí dá dtagraítear i mír 3an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha:
achoimre ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c);
conclúidí an mheasúnaithe riosca a rinneadh de bhun Airteagal 10 agus na bearta a rinneadh de bhun Airteagal 11 agus tuairisc ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise a fuarthas agus a úsáideadh chun an measúnú riosca a dhéanamh;
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar phróiseas an chomhairliúcháin le pobail dhúchasacha, le pobail áitiúla agus le sealbhóirí eile ceart tionachta gnáiche nó leis na heagraíochtaí sochaí sibhialta atá i láthair i limistéar táirgthe na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha.
Airteagal 13
Dícheall cuí simplithe
CAIBIDIL 3
OIBLEAGÁIDÍ NA MBALLSTÁT AGUS A NÚDARÁS INNIÚIL
Airteagal 14
Údaráis inniúla
Airteagal 15
Cúnamh teicniúil, treoir agus malartú faisnéise
Airteagal 16
Oibleagáidí chun seiceálacha a dhéanamh
Chun críocha na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, bunóidh na húdaráis inniúla pleananna bliantúla ina mbeidh, ar a laghad, an méid seo a leanas:
critéir riosca náisiúnta, a bhunaítear i gcomhréir le mír 3, chun na seiceálacha a bheidh le déanamh a shainaithint; ag cur le haon chritéir riosca ar leibhéal an Aontais arna leagan amach ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4, agus áireofar orthu ar bhonn córasach critéir riosca i ndáil leis na tíortha nó le codanna na dtíortha sin a aicmítear mar thíortha nó mar chodanna ardriosca;
rogha na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe a bheidh le seiceáil; tá an roghnú sin le bheith bunaithe ar na critéir riosca náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a), agus úsáid á baint, inter alia, as faisnéis atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 agus as teicnící próiseála sonraí leictreonacha; maidir le gach oibreoir nó trádálaí a bheidh le seiceáil, féadfaidh údaráis inniúla ráitis ar leith maidir le dícheall cuí a bheidh le seiceáil a shainaithint.
Airteagal 17
Táirgí ábhartha lena n-éilítear gníomhaíocht láithreach
Nuair a shainaithneoidh údaráis inniúla na staideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear nuair a dhéanfaidh oibreoir ráiteas maidir le dícheall cuí a bhaineann leis táirgí ábhartha lena mbaineann a chur isteach, sainaithneoidh an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 an t-ardriosca nach gcomhlíonfar Airteagal 3 agus cuirfidh sé údaráis inniúla ar an eolas, údaráis a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
bearta eatramhacha a dhéanamh láithreach faoi Airteagal 23 chun cur nó cur ar fáil na dtáirgí ábhartha sin ar an margadh a chur ar fionraí nó,
nuair a bheidh an comhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) i bhfeidhm, i gcás táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ceanglófar ar údaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú na dtráchtearraí nó na dtáirgí sin a chur ar fionraí faoi Airteagal 26(7).
Airteagal 18
Seiceálacha ar oibreoirí agus ar thrádálaithe nach trádálaithe FBManna iad
Áireofar leis na seiceálacha ar oibreoirí ar thrádálaithe nach trádálaithe FBManna iad:
scrúdú ar a gcóras díchill chuí, lena n-áirítear nósanna imeachta measúnaithe riosca agus maolaithe riosca, agus ar dhoiciméadacht agus taifid lena léirítear dea-fheidhmiú chóras an díchill chuí;
scrúdú ar dhoiciméadacht agus ar thaifid lena léirítear go gcomhlíontar an Rialachán seo le táirge ábhartha sonrach, atá curtha ar an margadh ag an oibreoir, nó a bhfuil sé beartaithe aige é a chur ar an margadh, nó a d’onnmhairigh an t-oibreoir nó a bhfuil sé beartaithe aige é a onnmhairiú, nó atá curtha ar fáil ar an margadh ag thrádálaí nach trádálaí FBManna é nó a bhfuil sé beartaithe aige é a chur ar fáil ar an margadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin birt mhaolaithe, mar aon le scrúdú ar na ráitis ábhartha maidir le dícheall cuí.
Sna seiceálacha ar oibreoirí agus ar thrádálaithe nach trádálaithe FBManna iad, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i gcás inar ardaíodh ceisteanna leis na scrúduithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh freisin:
scrúdú ar an láthair ar thráchtearraí ábhartha nó ar na táirgí ábhartha d’fhonn a shuíomh go gcomhfhreagraíonn siad do na doiciméadachta a úsáidtear chun dícheall cuí a fheidhmiú;
scrúdú ar bhearta ceartaitheacha a rinneadh faoi Airteagal 24;
aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leordhóthanach chun an speiceas nó an áit bheacht a chinneadh inar táirgeadh an tráchtearra nó táirge ábhartha, lena n-áirítear anailís anatamaíoch, cheimiceach nó DNA;
aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leormhaith chun a chinneadh cibé acu atá na táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú nó nach bhfuil, lena n-áirítear sonraí um fhaire na Cruinne amhail sonraí as clár Copernicus agus as a chuid uirlisí nó ó fhoinsí ábhartha eile atá ar fáil go poiblí nó go príobháideach; agus
seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear iniúchtaí allamuigh agus lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí i dtríú tíortha, ar choinníoll go n-aontóidh na tríú tíortha sin, trí chomhar le húdaráis riaracháin de chuid na dtríú tíortha sin.
Airteagal 19
Seiceálacha ar thrádálaithe ar FBManna iad
Airteagal 20
Gnóthú costas ag údaráis inniúla
Airteagal 21
Comhar agus faisnéis a mhalartú
Airteagal 22
Tuairisciú
Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún le linn na bliana féilire roimhe. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:
na pleananna seiceálacha agus na critéir riosca ar ar bunaíodh na pleananna sin;
líon agus torthaí na seiceálacha a rinneadh ar oibreoirí, ar thrádálaithe nach FBManna iad agus ar thrádálaithe eile i ndáil leis an líon iomlán oibreoirí, trádálaithe nach FBManna iad agus trádálaithe eile, lena n-áirítear na cineálacha neamhchomhlíontachta a sainaithníodh;
cainníocht, táirgí ábhartha arna seiceáil i ndáil le cainníocht iomlán na dtáirgí ábhartha arna gcur ar an margadh nó arna n-onnmhairiú agus na tíortha táirgthe; i gcás táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, tá an chainníocht le sloinneadh i gcileagraim glanmhaise agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe atá léirithe, nó, i ngach cás eile i nglanmhais nó, nuair is infheidhme, glantoirt, nó líon na n-aonad; beidh aonad forlíontach infheidhme i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é maidir le gach fo-cheannteideal a fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí;
i gcásanna neamhchomhlíontachta, an gníomh ceartaitheach a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24 agus na pionóis a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 25,
céatadán na seiceálacha a dhéanfar le réamhrabhadh de bhun Airteagal 16(13), agus údar lena n-úsáid á thabhairt ag na húdaráis inniúla ina dtuarascálacha ar sheiceálacha.
Airteagal 23
Bearta eatramhacha
Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhféadfaidh na húdaráis inniúla bearta eatramhacha a dhéanamh láithreach, lena n-áirítear na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha a urghabháil nó a chur nó a chur ar fáil ar an margadh nó a n-onnmhairiú, a chur ar fionraí, i gcás inar braitheadh neamhchomhlíonadh féideartha leis an Rialachán seo ar bhonn aon cheann de na nithe seo a leanas:
an scrúdú ar fhianaise nó ar fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a mhalartaítear faoi Airteagal 21 nó ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31,
na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 19,
rioscaí a bheith sainaitheanta ag an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.
I gcás inar gá, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas láithreach faoi na bearta sin.
Airteagal 24
Gníomhaíocht cheartaitheach i gcás neamhchomhlíonta
Chun críocha mhír 1, áireofar ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas leis an ngníomh ceartaitheach a cheanglófar ar an oibreoir nó ar an trádálaí a dhéanamh, de réir mar is infheidhme:
aon neamhchomhlíonadh foirmiúil, go háirithe maidir le ceanglais Chaibidil 2, a chur ina cheart;
cosc a chur ar an táirge ábhartha a bheith á chur nó á chur ar fáil ar an margadh nó á onnmhairiú;
an táirge ábhartha a aistarraingt nó a aisghairm láithreach;
an táirge ábhartha a dheonú chun críocha carthanacha nó ar mhaithe le leas an phobail nó, murar féidir é sin a dhéanamh, é a dhiúscairt i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola.
Airteagal 25
Pionóis
Beidh na pionóis dá bhforáiltear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Áireofar ar na pionóis sin an méid seo a leanas:
fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil agus le luach na dtráchtearraí ábhartha nó na dtáirgí ábhartha lena mbaineann, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena n-áiritheofar go mbainfear na tairbhí a eascraíonn as na sáruithe sin go héifeachtach díobh siúd atá freagrach astu, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe leantacha; i gcás duine dlítheanach, is 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil iomlán an oibreora nó an trádálaithe ar fud an Aontais sa bhliain airgeadais roimh an gcinneadh fíneála a bheidh in uasmhéid na fíneála sin, agus an méid sin á ríomh i gcomhréir le ríomh an láimhdeachais chomhiomláin do ghnóthais a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle ( 6 ), agus méadófar é, i gcás inar gá, chun an sochar eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann a shárú;
coigistiú na dtáirgí ábhartha lena mbaineann ar an oibreoir agus/nó ar an trádálaí;
coigistiú ioncam arna bhfáil ag an oibreoir agus/nó ag an trádálaí as idirbheart leis na táirgí ábhartha lena mbaineann;
eisiamh sealadach ar feadh uastréimhse nach faide ná 12 mhí ó phróisis soláthair phoiblí agus ó rochtain ar chistiú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;
toirmeasc sealadach ar thráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chur, nó a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú, i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha;
toirmeasc ar dhíchill chuí shimplithe a leagtar amach in Airteagal 13 a chur i bhfeidhm i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha;
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi bhreithiúnais chríochnaitheacha i gcoinne daoine dlítheanacha i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus faoi na pionóis arna bhforchur orthu laistigh de 30 lá ón dáta a ndéanfar breithiúnas críochnaitheach de na breithiúnais, agus aird á tabhairt ar na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de na breithiúnais sin ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:
ainm an duine dhlítheanaigh;
dáta an bhreithiúnais chríochnaithigh;
achoimre ar na gníomhaíochtaí ar ar a mbonn a cinneadh gur sháraigh an duine dlítheanach an Rialachán seo; agus
cineál agus, i gcás pionós airgeadais, méid an phionóis arna fhorchur.
CAIBIDIL 4
NÓSANNA IMEACHTA LE HAGHAIDH TÁIRGÍ ÁBHARTHA A THUGTAR ISTEACH SA MHARGADH NÓ A CHUIRTEAR AMACH AS
Airteagal 26
Rialuithe
Chun comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le cead a thabhairt i ndáil le táirge ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú a chur san áireamh:
go dtí go mbeidh an comhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag míreanna 6 go 9 den Airteagal seo, agus malartóidh údaráis chustaim faisnéis le húdaráis inniúla agus comhoibreoidh siad leo i gcomhréir le hAirteagal 27, agus, i gcás inar gá sin, cuirfidh siad san áireamh an malartú faisnéise agus an comhar sin agus cead á thabhairt i ndáil le táirgí ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú;
a luaithe a bheidh an comhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) i bhfeidhm, beidh feidhm ag míreanna 6 go 9 den Airteagal seo, agus tabharfar na fógraí agus déanfar na hiarrataí faoi mhíreanna 6 go 9 den Airteagal seo tríd an gcomhéadan leictreonach sin.
I gcás ina gcomhlíonfar gach ceanglas agus foirmiúlacht eile faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a bhaineann le scaoileadh i saorchúrsaíocht nó le honnmhairiú, ceadóidh údaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
ina léirítear leis an stádas dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo gur sainaithníodh, de bhun Airteagal 17(2), gur gá an táirge ábhartha a sheiceáil sula gcuirtear nó sula gcuirtear ar fáil ar an margadh nó sula n-onnmhairítear uaidh é;
cuireadh an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú ar fionraí i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, agus níor iarr na húdaráis inniúla an fionraí a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 17(3);
cuireadh an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú ar fionraí i gcomhréir le mír 7, agus inar thug na húdaráis inniúla fógra do na húdaráis chustaim gur féidir an fionraí maidir leis na táirgí ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú curtha a bhaint.
Airteagal 27
Comhar agus malartú faisnéise i measc na n-údarás
Malartófar faisnéis a bhaineann le riosca mar a leanas:
idir údaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 46(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
idir údaráis chustaim agus an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis inniúla Ballstát eile, i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Airteagal 28
Comhéadan leictreonach
Forbróidh an Coimisiún comhéadan leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2022/2399 chun an méid seo a leanas a chumasú:
chun go gcuirfear ar a gcumas d’oibreoirí agus do thrádálaithe an oibleagáid a chomhlíonadh i dtaca leis an ráiteas maidir le dícheall cuí ar thráchtearra ábhartha nó ar tháirge ábhartha a thíolacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo, trína sholáthar tríd an timpeallacht ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2399 agus aiseolas a fháil ina leith ó údaráis inniúla; agus
chun go mbeifear in ann an ráiteas sin maidir le dícheall cuí a tharchur chuig an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.
CAIBIDIL 5
CÓRAS TAGARMHARCÁLA TÍRE AGUS COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA
Airteagal 29
Measúnú ar thíortha
Bunaítear leis an Rialachán seo córas trí-chiseal chun measúnú a dhéanamh ar thíortha nó ar chodanna díobh. Chun na críche sin, déanfar Ballstáit agus tríú tíortha, nó codanna díobh, a aicmiú i gceann de na catagóirí riosca seo a leanas:
tagraíonn ‘ardriosca’, do thíortha nó codanna díobh, inar sainaithníodh, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil ardriosca ann go dtáirgfear sna tíortha sin nó i gcodanna díobh, tráchtearraí ábhartha nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a), ina leith;
tagraíonn ‘ísealriosca’ do thíortha, nó codanna díobh, a meastar ina leith, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil dóthain muiníne ann gurb eisceachtúil iad na cásanna ina dtáirgtear sna tíortha sin nó i gcodanna díobh, tráchtearraí ábhartha nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a), ina leith;
tagraíonn ‘gnáthriosca’ do thíortha nó codanna díobh, nach dtagann faoi chatagóir an ‘ardriosca’ ná catagóir an ‘ísealriosca’.
Bunófar aicmiú na dtíortha ísealriosca agus ardriosca, nó codanna díobh, de bhun mhír 1 ar mheasúnú oibiachtúil trédhearcach arna dhéanamh ag an gCoimisiún, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí agus na foinsí a aithnítear go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh. Bunófar an t-aicmiú go príomha ar na critéir mheasúnaithe seo a leanas:
ráta an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí;
ráta leathnaithe na talún talmhaíochta le haghaidh tráchtearraí ábhartha;
treochtaí táirgeachta maidir le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha.
Sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 3, féadfar an méid seo a leanas a chur san áireamh freisin:
faisnéis arna tíolacadh ag an tír lena mbaineann, ag na húdaráis réigiúnacha lena mbaineann, ag oibreoirí, ag ENRanna, agus ag tríú páirtithe, lena n-áirítear pobail dhúchasacha, ag pobail áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, maidir le cumhdach éifeachtach astaíochtaí agus aistrithe ón earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus ón úsáid talún sa rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide;
comhaontuithe agus ionstraimí eile idir an tír lena mbaineann agus an tAontas agus/nó a Bhallstáit lena dtugtar aghaidh ar an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí agus lena n-éascaítear comhlíonadh Airteagal 3 i dtaca le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha agus cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas sin;
cibé acu atá nó nach bhfuil dlíthe náisiúnta nó fonáisiúnta i bhfeidhm ag an tír lena mbaineann, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chomhaontú Pháras, agus a ghlacann nó nach nglacann sí bearta éifeachtacha forfheidhmiúcháin chun dul i ngleic leis an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí, agus chun gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí a sheachaint agus pionóis a ghearradh orthu agus go háirithe cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear pionóis i bhfeidhm atá géar go leor chun na tairbhí a fhabhraítear as an dífhoraoisiú nó as an díghrádú foraoisí a bhaint;
cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an tír lena mbaineann na sonraí ábhartha ar fáil go trédhearcach; agus, más infheidhme, dlíthe lena gcosnaítear cearta an duine, cearta na bpobal dúchasach, pobail áitiúla agus sealbhóirí eile gnáthcheart tionachta a bheith ann, a chomhlíonadh nó a fhorfheidhmiú go héifeachtach;
smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar allmhairí nó onnmhairí na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha.
Áireofaidh an Choimisiún an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:
an chúis nó na cúiseanna leis an rún aicmiú riosca na tíre nó codanna di a athrú;
an iarraidh ar fhreagra a thabhairt ar an gCoimisiún i scríbhinn maidir leis an rún aicmiú riosca na tíre nó codanna di a athrú;
na hiarmhairtí a bhaineann lena aicmiú mar thír ísealriosca nó ardriosca.
Airteagal 30
Comhar le tríú tíortha
CAIBIDIL 6
ÁBHAIR IMNÍ A BHFUIL BUNÚS LEO
Airteagal 31
Ábhair imní a bhfuil bunús leo de chuid daoine nádúrtha nó dlítheanacha
Airteagal 32
Rochtain ar an gceartas
CAIBIDIL 7
CÓRAS FAISNÉISE
Airteagal 33
Córas faisnéise
Gan dochar do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a bhunaítear i gCaibidil 2 agus 3, beidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad ag an gcóras faisnéise:
oibreoirí agus trádálaithe agus a n-ionadaithe údaraithe san Aontas a chlárú; i gcás oibreoirí a chuireann táirgí ábhartha faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ nó ‘onnmhairiú’, áireofar ina bpróifíl clárúcháin an uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíocha (EORI) a bhunaítear de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú lena n-áirítear uimhir thagartha le haghaidh gach ráitis maidir le dícheall cuí arna thíolacadh tríd an gcóras faisnéise a chur in iúl don oibreoir nó don trádálaí lena mbaineann;
uimhir thagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí atá ann cheana a chur ar fáil de bhun Airteagal 4(8) agus (9);
i gcás inar féidir, sonraí ó chórais ábhartha a thiontú chun an geoshuíomh a shainaithint;
toradh na seiceálacha ar ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú;
idirnascadh le húdaráis chustaim trí Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam i gcomhréir le hAirteagal 28, lena n-áirítear na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 26(6) go (9) a cheadú;
faisnéis ábhartha a sholáthar chun tacú le próifíliú riosca do phlean na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 16(5), lena n-áirítear torthaí na seiceálacha, próifíliú riosca na n-oibreoirí, na dtrádálaithe agus na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha chun críche oibreoirí agus trádálaithe atá le seiceáil dá dtagraítear in Airteagal 16(5) a shainaithint, bunaithe ar theicnící próiseála sonraí leictreonacha, agus chun críche táirgí ábhartha atá le seiceáil ag na húdaráis inniúla;
cúnamh riaracháin agus comhar idir údaráis inniúla, agus idir údaráis inniúla agus an Coimisiún a éascú chun faisnéis agus sonraí a mhalartú;
tacú leis an gcumarsáid idir údaráis inniúla agus oibreoirí agus trádálaithe chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí uirlisí digiteacha bainistithe soláthair a úsáid.
CAIBIDIL 8
ATHBHREITHNIÚ
Airteagal 34
Athbhreithniú
Faoin 20 Meitheamh 2028 agus gach 5 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ginearálta ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Áireofar sa chéad cheann de na tuarascálacha meastóireacht ar an méid seo a leanas go háirithe, bunaithe ar staidéir shonracha:
an gá atá le tuilleadh uirlisí éascaithe trádála, agus a n-indéantacht – agus go háirithe do thíortha is lú forbairt a mbeidh tionchar mór ag an Rialachán seo orthu agus do thíortha nó codanna díobh a aicmíodh riosca caighdeánach nó ardriosca ina leith – chun tacú le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo;
tionchar an Rialacháin seo ar fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le tuilleadh tacaíochta le haghaidh an aistrithe chuig slabhraí soláthair inbhuanaithe agus do fheirmeoirí beaga chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;
síneadh breise a chur leis an sainmhíniú ar díghrádú foraoisí, ar bhonn mionanailíse, agus an dul chun cinn a rinneadh sa phlé idirnáisiúnta ar an ábhar sin á chur san áireamh;
an tairseach d’úsáid éigeantach polagán dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (28), agus an tionchar atá aici ar dhul i ngleic le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí á chur san áireamh;
athruithe ar phatrúin trádála na dtáirgí ábhartha agus na dtráchtearraí ábhartha a áirítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo nuair a d’fhéadfadh na hathruithe sin a léiriú gur teacht timpeall atá i gceist leo;
measúnú ar cibé acu a bhí nó nach raibh na seiceálacha a rinneadh éifeachtach chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagal 3 leis na tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear.
CAIBIDIL 9
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 35
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 36
Nós imeachta coiste
Airteagal 37
Aisghairm
Airteagal 38
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1
Sa tábla seo a leanas liostaítear earraí mar a aicmítear iad san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.
Seachas seachtháirgí próisis monaraíochta, i gcás ina mbaineann an próiseas sin le hábhar nach dramhaíl é mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí más amhlaidh go dtáirgtear iad go hiomlán as ábhar a bhfuil a shaolré caite agus a chaithfí amach mar dhramhaíl ina mhalairt de chás, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) den Treoir sin.
|
Tráchtearra ábhartha |
Táirgí ábhartha |
|
Eallach |
0102 21 , 0102 29 Eallach beo ex 02 01 Feoil ó eallach, úr nó fuaraithe ex 02 02 Feoil ó eallach, reoite ex 0206 10 Scairteach inite ó eallach, úr nó fuaraithe ex 0206 22 Aenna inite ó eallach, reoite ex 0206 29 Scairteach inite ó eallach (seachas teangacha agus aenna), reoite ex 1602 50 Feoil, scairteach feola, fuil eile ó eallach, ullmhaithe nó leasaithe ex 41 01 Seithí agus craicne amha ó eallach (atá úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe, párchóirithe ná ullmhaithe thairis sin), bídís bearrtha nó scairghearrtha nó ná bídís ex 41 04 Seithí agus craicne súdaraithe nó crústaithe ó eallach, gan fionnadh orthu, bídís scairghearrtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu ex 41 07 Leathar ó eallach, a ndearnadh ullmhú breise air tar éis a shúdaraithe nó a chrústaithe, lena n-áirítear leathar párchóirithe, gan fionnadh air, bíodh sé scairghearrtha nó ná bíodh, cé is moite de leathar atá faoi cheannteideal 4114 |
|
Cócó |
1801 Pónairí cócó, iomlán nó briste, amh nó rósta 1802 Blaoscanna, mogaill agus craicne cócó agus dramhaíl eile cócó 1803 Leafaos cócó, bíodh sé díshaillte nó ná bíodh 1804 Im cócó, saill cócó agus ola cócó 1805 Púdar cócó nach bhfuil siúcra breise ná substaint eile mhilsithe ann 1806 Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó |
|
Caife |
0901 Caife, bíodh sé rósta nó díchaiféinithe nó ná bíodh; mogaill agus craicne caife; ionadaigh chaife a bhfuil cion éigin caife iontu |
|
Pailm ola |
1207 10 Cnónna pailme agus eithní pailme 1511 Ola pailme agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu 1513 21 Amhola eithne pailme agus amhola babasú agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bíodh, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu 1513 29 Ola eithne pailme agus ola babasú agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu (seachas amhola) 2306 60 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile chnónna pailme nó eithní pailme, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola nó saillte chnónna pailme nó eithní pailme a úscadh ex 2905 45 Gliocról, ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó (arna ríomh de réir mheáchan an táirge thirim) 2915 70 Aigéid phailmíteacha, aigéid stéaracha, a gcuid salann agus eistear 2915 90 Aigéid mhonacarbocsaileacha neamhchioglacha sháithithe, a n-ainhidrídí, a hailídí, a sárocsaídí agus a sárocsa-aigéid; a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe (seachas aigéad formach, aigéad aicéiteach, aigéid mhonaclóraicéiteacha, dhéchlóraicéiteacha nó thríchlóraicéiteach, aigéad próipianach, aigéid bhútánócha agus aigéid pheantánócha, aigéid phailmíteacha, aigéid stéaracha, a gcuid salann agus eistear, agus ainhidríd aicéiteach) 3823 11 Aaigéad stéarach tionsclaíoch 3823 12 Aigéad oiléach tionsclaíoch 3823 19 Aigéid shailleacha thionsclaíocha mhonacarbocsaileacha; olaí aigéid ó athscagadh (seachas aigéad stéarach, aigéad oiléach agus aigéid shailleacha ó roisín leachtach) 3823 70 Alcóil shailleacha tionsclaíocha |
|
Rubar |
4001 Rubar nádúrtha, balata, gutta-percha, guayule, chicle agus gumaí nádúrtha comhchosúla, i bhfoirmeacha príomhúla nó ina bplátaí, ina leatháin nó ina stiallacha ex 40 05 Rubar comhshuite, neamhbholcánaithe, i bhfoirmeacha príomhúla nó ina phlátaí, ina leatháin nó ina stiallacha ex 40 06 Rubar neamhbholcánaithe i bhfoirmeacha eile (e.g. slata, feadáin agus cruthanna próifíle) agus earraí (e.g. dioscaí agus fáinní) ex 40 07 Snáithe agus corda rubair bholcánaithe ex 40 08 Plátaí, leatháin, stiallacha, slata agus cruthanna próifíle, as rubar bolcánaithe seachas rubar crua ex 40 10 Criosanna nó beilteanna iompair nó tarchurtha, as rubar bolcánaithe ex 40 11 Aerbhoinn nua, as rubar ex 40 12 Aerbhoinn atráchta nó chaite as rubar; boinn sholadacha nó chúisín, boinn agus flapaí boinn, as rubar ex 40 13 Feadáin inmheánacha, as rubar ex 40 15 Earraí éadaigh agus oiriúintí éadaigh (lena n-áirítear lámhainní, mitíní agus miotóga), chun críoch uile, as rubar bolcánaithe seachas rubar crua ex 40 16 Earraí eile as rubar bolcánaithe seachas rubar crua, nach bhfuil sonraithe in áit eile i gcaibidil 40 ex 40 17 Rubar crua (e.g. éabainnít) i bhfoirmeacha uile, lena n-áirítear dramhaíl agus fuíoll; earraí rubair chrua |
|
Soighe |
1201 Pónairí soighe, bídís briste nó ná bídís 1208 10 Plúr pónaire shoighe agus min phónaire shoighe 1507 Ola phónaire shoighe agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu 2304 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola phónaire shoighe a úscadh |
|
Adhmad |
4401 Connadh, ina spreotaí, ina smutáin, ina chraobhóga, ina bhrosna nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail 4402 Fioghual, lena n-áirítear scillig-ghualach nó cnóghualach, bíodh sé ceirtleánaithe nó ná bíodh 4403 Adhmad neamhchóirithe, bíodh nó ná bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh 4404 Adhmad fonsa; poil scoilte; cairn, cuaillí agus stácaí adhmaid, a bhfuil pointe orthu ach nach bhfuil sáfa ar a bhfad; bataí adhmaid, iad garbh-bhearrtha, ach gan iad deilte, lúbtha ná oibrithe ar aon bhealach eile, atá oiriúnach chun maidí siúil, scáthanna fearthainne, cosa uirlisí nó a leithéidí a mhonarú; slisadhmad agus a leithéid 4405 Olann adhmaid; plúr adhmaid 4406 Trasnáin (trascheangail) adhmaid iarnróid nó trambhealaí 4407 Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntáilte, de thiús is mó ná 6 mm 4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmaid lannaithe chomhchosúil agus adhmaid eile, sáfa ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntáilte nó ceannsiúntáilte, de thiús nach mó ná 6 mm 4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d’urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-shiúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá fhoircinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte 4410 Clár cáithníneach, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár den tsamhail sin (clár slisín, mar shampla), as adhmad nó as ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile 4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile 4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann orthu agus adhmad lannaithe comhchosúil 4413 Adhmad dlúthaithe, ina bhloic, ina phlátaí, ina stiallacha nó ina chruthanna próifíle 4414 Frámaí adhmaid i gcomhair pictiúr, grianghraf, scáthán nó nithe comhchosúla 4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad (nach n-áirítear leo ábhar pacála a úsáidtear go heisiach mar ábhar pacála chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar.) 4416 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh as adhmad, lena n-áirítear stéibheanna 4417 Uirlisí, ceapa uirlise, cosa uirlise, ceapa nó cosa scuaibe, déanta as adhmad; ceapa gréasaí do bhróga nó buataisí, déanta as adhmad 4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna 4419 Gréithe tábla agus cistine, as adhmad 4420 Maircíneacht adhmaid agus adhmad inleagtha; cisteoga agus cásanna do sheodra nó sceanra, agus earraí comhchosúla, as adhmad; deilbhíní agus earraí ornáideacha eile, as adhmad; troscáin déanta as adhmaid nach gcumhdaítear i gCaibidil 94 4421 Earraí eile déanta as adhmad, Laíon agus páipéar i gCaibidlí 47 agus 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte, cé is moite de tháirgí bambú agus de tháirgí (dramhaíola agus fuíll) aisghafa ex 49 Leabhair chlóite, nuachtáin, pictiúir agus táirgí eile de chuid thionscal na clódóireachta; lámhscríbhinní, clóscríbhinní agus pleananna, as páipéar ex 94 01 Suíocháin (seachas na cinn atá faoi cheannteideal 9402 ) cibé ar féidir iad a thiontú go leapacha nó nach féidir, agus páirteanna díobh, as adhmad. 9403 30 , 9403 40 , 9403 50 , 9403 60 agus 9403 91 Troscán adhmaid, agus codanna díobh 9406 10 Foirgnimh adhmaid réamhdhéanta |
IARSCRÍBHINN II
Ráiteas maidir le dícheall cuí
Faisnéis atá le háireamh sa ráiteas maidir le dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 4(2):
Ainm agus seoladh an oibreora agus, i gcás tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Cód Córais Chomhchuibhithe, tuairisc saorthéacs, lena n-áirítear ainm trádála agus, i gcás inarb infheidhme, ainm eolaíoch iomlán, agus cainníocht, an táirge ábhartha a bheartaíonn an t-oibreoir a chur ar an margadh nó a onnmhairiú. Maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a cuirtear amach as ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais, lena sonraítear meastachán céatadáin nó diall, agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe atá léirithe freisin nó, i ngach cás eile, ní mór í a shloinneadh i nglanmhais lena sonrófar meastachán céatadánach nó diall nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n-ítimí. Beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí.
An tír tháirgthe agus geoshuíomh gach plásóige talún inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha. Maidir le táirgí ábhartha a bhfuil eallach iontu nó ar úsáideadh eallach lena ndéanamh, agus maidir le táirgí ábhartha den sórt sin a cothaíodh le táirgí ábhartha, déanfaidh an geoshuíomh tagairt do gach bunaíocht inar coinníodh an t-eallach sin; maidir leis an táirge ábhartha a bhfuil tráchtearraí a táirgeadh i ndáileachtaí talún éagsúla ann nó ar ar úsáideadh tráchtearraí a táirgeadh i ndáileachtaí talún éagsúla lena dhéanamh, áireofar geoshuíomh na ndáileachtaí talún go léir i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe(d).
I gcás oibreoirí a thagraíonn do ráiteas maidir le dícheall cuí atá ann cheana de bhun Airteagal 4(8) agus (9), uimhir thagartha an ráitis díchill chuí sin.
An téacs: “Agus an ráiteas seo maidir le dícheall cuí á thíolacadh, dearbhaíonn an t-oibreoir gur feidhmíodh dícheall cuí i gcomhréir le Rialachán (AE)2023/1115 agus nár aimsíodh aon riosca nó nár aimsíodh ach riosca diomaibhseach go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach le hAirteagal 3, pointe (a) nó (b), den Rialachán sin.”.
Síniú san fhormáid seo a leanas:
“Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:
Dáta:
Ainm agus feidhm: Síniú:”.
( 1 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( 2 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
( 3 ) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
( 4 ) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
( 5 ) Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).
( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
( 7 ) Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1).
( 8 ) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
( 9 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).