02023R2859 — GA — 25.07.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2859 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 2859 20.12.2023, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
TREOIR (AE) 2024/1760 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meitheamh 2024 |
L 1760 |
1 |
5.7.2024 |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2859 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2023
lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
An pointe rochtana aonair Eorpach
Faoin 10 Iúil 2027, déanfaidh ESMA pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) a bhunú agus a oibriú lena soláthraítear rochtain láraithe leictreonach ar an bhfaisnéis seo a leanas:
faisnéis arna cur ar fáil don phobal de bhun ghníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó de bhun aon ghníomhartha breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhforáiltear do rochtain láraithe leictreonach ar fhaisnéis faoi ESAP;
faisnéis a roghnaíonn aon eintiteas a rialaítear le dlí Ballstáit a dhéanamh inrochtana ar ESAP ar bhonn deonach, i gcomhréir le hAirteagal 3(1), agus dá dtagraítear i ngníomhartha reachtacha an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó in aon ghníomhartha breise de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena bhforáiltear do rochtain láraithe leictreonach ar fhaisnéis faoi ESAP.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘eintiteas’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach:
ar a bhfuil ceanglas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), a chur faoi bhráid comhlacht bailiúcháin; nó
a chuireann faisnéis faoi bhráid comhlacht bailiúcháin ar bhonn deonach de bhun Airteagal 1(1), pointe (b), ionas go mbeidh an fhaisnéis sin inrochtana ar ESAP;
ciallaíonn ‘comhlacht bailiúcháin’ comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais nó comhlacht, gníomhaireacht nó clár náisiúnta a ainmnítear amhlaidh de bhun aon cheann de ghníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), nó a ainmníonn Ballstát amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 3(2);
ciallaíonn ‘formáid ónar féidir sonraí a asbhaint’ aon fhormáid oscailte mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (14), de Threoir (AE) 2019/1024 a úsáidtear go forleathan nó a cheanglaítear a úsáid de réir an dlí, lenar féidir sonraí a asbhaint ag meaisín agus atá inléite ag duine;
ciallaíonn ‘formáid mheaisín-inléite’ formáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024;
ciallaíonn ‘ríomhshéala cáilithe’ ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
ciallaíonn ‘comhéadan feidhmchláir’ nó ‘API’ tacar feidhmeanna, nósanna imeachta, sainmhínithe agus prótacal ó thaobh cumarsáid meaisín le meaisín agus malartú sonraí gan uaim;
ciallaíonn ‘meiteashonraí’ faisnéis struchtúrtha lena mbíonn sé níos éasca acmhainn faisnéise a aisghabháil, a úsáid nó a bhainistiú, lena n-áirítear trí thuairisc a thabhairt ar fhoinse na faisnéise sin, trína míniú nó trína haimsiú;
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
ciallaíonn ‘faisnéis stairiúil’ an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), a cuireadh ar fáil don phobal tráth nach luaithe ná 5 bliana roimh dháta chur i bhfeidhm an cheanglais an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid ESAP;
ciallaíonn ‘Comhchoiste’ an coiste dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 3
Faisnéis a thíolacadh go deonach
Agus faisnéis den sórt sin á cur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin, déanfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas:
a áirithiú go bhfuil meiteashonraí ag gabháil leis an bhfaisnéis lena sonraítear go ndéantar an fhaisnéis inrochtana ar ESAP ar bhonn deonach;
a áirithiú go bhfuil meiteashonraí ag gabháil leis an bhfaisnéis lena sonraítear an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis;
a áirithiú go bhfuil ag gabháil leis an bhfaisnéis na meiteashonraí is gá d’fheidhmiú fheidhm chuardaigh ESAP dá dtagraítear in Airteagal 7(3);
formáid ónar féidir sonraí a asbhaint a úsáid chun an fhaisnéis a thíolacadh;
a áirithiú go dtagann an fhaisnéis arna tíolacadh faoi raon feidhme Airteagal 1(1), pointe (b);
a áirithiú nach n-áirítear san fhaisnéis aon sonraí pearsanta, cé is moite de chás ina gceanglaítear na sonraí pearsanta le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó inar cuid riachtanach den fhaisnéis iad maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha an eintitis.
Déanfaidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (le chéile, na ‘ÚMEnna’) dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt, tríd an gComhchoiste, chun na nithe seo a leanas a shonrú:
na meiteashonraí atá le bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis a tíolacadh i gcomhréir le mír 1;
i gcás inarb infheidhme, na formáidí sonracha nó na teimpléid shonracha atá le húsáid chun an fhaisnéis a thíolacadh i gcomhréir le mír 1.
Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2028.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Glacfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, treoirlínte d’eintitis chun a áirithiú go bhfuil na meiteashonraí a thíolactar ceart, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le sonraí pearsanta a áireamh in aighneachtaí deonacha.
Airteagal 4
Liosta na gcomhlachtaí bailiúcháin
Foilseoidh ESMA liosta na gcomhlachtaí bailiúcháin, ina mbeidh aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne gach comhlachta bailiúcháin, ar an tairseach ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a).
Áiritheoidh ESMA go gcoinneofar an liosta sin cothrom le dáta agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi aon athruithe air.
Airteagal 5
Cúraimí na gcomhlachtaí bailiúcháin agus freagrachtaí na n-eintiteas
Déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin an méid seo a leanas:
an fhaisnéis arna tíolacadh ag na heintitis a bhailiú;
an fhaisnéis arna tíolacadh ag eintitis nó arna giniúint ag na comhlachtaí bailiúcháin féin a stóráil agus, i gcás inarb ábhartha, brath ar na nósanna imeachta agus ar an mbonneagar atá ann cheana chun faisnéis a stóráil;
bailíochtú teicniúil uathoibrithe a dhéanamh i leith na faisnéise arna tíolacadh ag eintitis chun a fhíorú an gcomhlíonann an fhaisnéis na nithe seo a leanas:
tíolacadh í agus úsáid á baint as formáid ónar féidir sonraí a asbhaint nó, i gcás inarb iomchuí, as an bhformáid mheaisín-inléite a shonraítear in aon cheann de ghníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), ar dá bhun a thíolactar an fhaisnéis;
tá na meiteashonraí don fhaisnéis, mar a shonraítear de bhun mhír 10, pointe (e), den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 3(1), pointe (a), ar fáil agus iomlán;
tá ríomhshéala cáilithe ag gabháil léi, i gcás inar gá;
gan coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid agus athúsáid na faisnéise atá inrochtana ar ESAP, seachas coinníollacha a chomhfhreagraíonn dóibh siúd a leagtar síos i gceadúnais chaighdeánacha oscailte dá dtagraítear in Airteagal 9;
API a chur chun feidhme agus an fhaisnéis, na meiteashonraí le haghaidh na faisnéise sin agus, i gcás inar gá, an ríomhshéala cáilithe a sholáthar do ESAP saor in aisce agus laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme;
a mhéid a thagann sé faoi inniúlacht theicniúil an chomhlachta bailiúcháin, cúnamh a sholáthar do na heintitis a thíolacann an fhaisnéis i ndáil leis an bpróiseas a bhaineann le tíolacadh, diúltú agus atíolacadh na faisnéise ar a laghad;
a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) fós ar fáil do ESAP go ceann tréimhse 10 mbliana ar a laghad, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a).
Chun críocha phointe (g) den chéad fhomhír den mhír seo, agus i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin na bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun a áirithiú, i gcás ina dtagraítear leis na meiteashonraí a ghabhann leis an bhfaisnéis a tíolacadh d’aon sonraí pearsanta, nach gcoinneofar an fhaisnéis sin chun í a chur ar fáil do ESAP, ná nach ndéanfar inrochtana ar ESAP í, ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana, mura bhforáiltear a mhalairt i ngníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), den Rialachán seo.
Déanfaidh na comhlachtaí bailiúcháin faisnéis a rinneadh inrochtana ar ESAP a bhaint, ar faisnéis í a chinneann siad a bheith, go follasach, míchuí, maslach nó lasmuigh de raon feidhme na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1).
Féadfaidh eintitis a roghnú faisnéis a thíolacadh aon uair amháin agus d’aon chomhlacht bailiúcháin amháin. Is chuig an gcomhlacht bailiúcháin céanna a dhéanfar tíolacadh faisnéise agus aon atíolacadh faisnéise, in éineacht leis na meiteashonraí ábhartha a ghabhann léi.
Leis na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú tarmligin, áiritheofar an méid seo a leanas:
níl aon choinbhleacht leasa ag an tarmligí;
ní úsáideann an tarmligí an fhaisnéis a fuarthas go míchuí nó ar bhealach frithiomaíoch nó chun críche eile seachas an chríoch a luaitear sa chomhaontú tarmligin;
áirithíonn an tarmligí cosaint na faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 6 maidir leis na cúraimí tarmligthe;
cuireann an tarmligí an comhlacht bailiúcháin ar an eolas go rialta maidir lena fheidhmiú foriomlán i leith na gcúraimí tarmligthe;
gan moill mhíchuí, cuireann an tarmligí an comhlacht bailiúcháin ar an eolas faoi aon mhainneachtain cúram tarmligthe a dhéanamh.
Leanfaidh an comhlacht bailiúcháin de bheith freagrach as aon chúraimí a tharmligeann sé, lena n-áirítear aon fhaisnéis a theastaíonn ó ESMA maidir le cúram tarmligthe a chur ar fáil do ESMA.
Ní dhéanfaidh an fíoras go bhfuil cúraimí tarmligthe chuig tríú páirtí ag an gcomhlacht bailiúcháin difear do dhliteanas an chomhlachta bailiúcháin. Ní dhéanfaidh an comhlacht bailiúcháin a chúraimí a tharmligean a mhéid nach féidir a mheas gur comhlacht bailiúcháin é a thuilleadh.
Áiritheoidh an comhlacht bailiúcháin go ndéanfar aon tarmligean cúraimí a fheidhmiú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus go n-úsáidfear an tarmligean, a mhéid is féidir, chun gur féidir nósanna imeachta agus bonneagar bailiúcháin atá ann cheana leanúint d’fheidhm a bheith acu chun críocha ESAP.
Tabharfaidh an comhlacht bailiúcháin fógra do ESMA faoi aon chomhaontú tarmligin a thugann sé i gcrích.
Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonraítear an méid seo a leanas:
an chaoi a bhfuil an bailíochtú uathoibrithe teicniúil dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo le déanamh le haghaidh gach cineáil faisnéise arna tíolacadh ag eintitis;
saintréithe an ríomhshéala cháilithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (c)(iii), den Airteagal seo agus i mír 9 den Airteagal seo;
na ceadúnais chaighdeánacha oscailte dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo;
saintréithe API atá le cur chun feidhme de bhun mhír 1, pointe (e), den Airteagal seo;
saintréithe na meiteashonraí is gá d’fheidhm chuardaigh ESAP dá dtagraítear in Airteagal 7(3), na meiteashonraí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus aon mheiteashonraí eile is gá d’fheidhmiú ESAP;
na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), den Airteagal seo;
liosta táscach agus saintréithe na bhformáidí atá inghlactha mar fhormáidí ónar féidir sonraí a asbhaint agus mar fhormáidí meaisín-inléite dá dtagraítear i mír 1, pointe (c)(i), den Airteagal seo.
Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Meán Fómhair 2024.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Maidir le comhlachtaí bailiúcháin ar comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad a chuireann faisnéis stairiúil ar fáil do ESAP i gcomhréir le hAirteagal 1(3), déanfaidh siad an méid seo a leanas:
an fhaisnéis sin a ullmhú i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint;
meiteashonraí a chur ag gabháil leis an bhfaisnéis sin lena sonraítear an méid seo a leanas:
ainmneacha an eintitis;
cineál na faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c);
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b);
a shonrú gur faisnéis stairiúil atá san fhaisnéis sin.
De mhaolú ar mhír 1, pointe (g), den Airteagal seo, ní dhéanfar faisnéis stairiúil inrochtana ar ESAP ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana.
Airteagal 6
An chibearshlándáil
Cuirfidh ESMA beartas slándála TF éifeachtach agus comhréireach i bhfeidhm le haghaidh ESAP, agus áiritheoidh sé leibhéil iomchuí bharántúlachta, infhaighteachta, sláine agus neamhshéanta na faisnéise a rinneadh inrochtana ar ESAP agus na cosanta sonraí pearsanta. Féadfaidh ESMA athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar bheartas slándála TF agus cúrsaí cibearshlándála ESAP i bhfianaise na dtreochtaí cibearshlándála atá ag teacht chun cinn go hidirnáisiúnta agus san Aontas agus i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí.
Airteagal 7
Feidhmiúlachtaí ESAP
Áiritheoidh ESMA go mbeidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad ag ESAP:
tairseach ghréasáin ag a bhfuil comhéadan soláimhsithe, ina gcuirtear san áireamh na riachtanais rochtana atá ag daoine faoi mhíchumas, chun rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis ar ESAP i dteangacha oifigiúla uile an Aontais;
API lena gcumasaítear rochtain éasca ar an bhfaisnéis ar ESAP;
feidhm chuardaigh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais;
amharcóir faisnéise;
seirbhís meaisínaistriúcháin le haghaidh na faisnéise a aisghabhtar;
seirbhís íoslódála, lena n-áirítear chun cainníochtaí móra sonraí a íoslódáil;
seirbhís fógraíochta lena gcuirtear úsáideoirí ar an eolas faoi aon fhaisnéis nua ar ESAP;
cur i láthair na faisnéise a thíolactar ar bhonn deonach de bhun Airteagal 1(1), pointe (b), ar bhealach a fhágann:
gur féidir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir í agus an fhaisnéis a thíolactar ar bhonn éigeantach de bhun Airteagal 1(1), pointe (a);
i gcás inarb infheidhme, go gcuirtear úsáideoirí ar an eolas nach gá go gcomhlíonann an fhaisnéis na ceanglais uile maidir le faisnéis a thíolactar ar bhonn éigeantach de bhun Airteagal 1(1), pointe (a), agus nach gá go ndéanfar í a nuashonrú le himeacht ama.
Leis an bhfeidhm chuardaigh dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo, beifear in ann cuardach a dhéanamh ar bhonn na meiteashonraí seo a leanas:
ainmneacha an eintitis a thíolaic an fhaisnéis agus ainmneacha an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis a thíolaic an fhaisnéis agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
an cineál faisnéise, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), a thíolaic an t-eintiteas agus ar tíolacadh faisnéis den sórt sin ar bhonn éigeantach faoi Airteagal 1(1), pointe (a), nó ar bhonn deonach faoi phointe (b) den mhír sin;
an dáta agus an t-am a chuir an t-eintiteas an fhaisnéis faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin;
an dáta nó tréimhse lena mbaineann an fhaisnéis;
méid an eintitis de réir catagóire a thíolaic an fhaisnéis agus méid an duine dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
tír oifig chláraithe an duine dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
earnáil tionscail nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
an comhlacht bailiúcháin atá freagrach as an bhfaisnéis a bhailiú;
an teanga inar tíolacadh an fhaisnéis;
Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonraítear an méid seo a leanas:
saintréithe API dá dtagraítear i mír 1, pointe (b);
an t-aitheantóir sonrach eintitis dhlítheanaigh dá dtagraítear i mír 3, pointe (b);
aicmiú na gcineálacha faisnéise dá dtagraítear i mír 3, pointe (c);
catagóirí mhéideanna na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 3, pointe (f);
saintréithe na n-earnálacha tionscail dá dtagraítear i mír 3, pointe (h).
Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Meán Fómhair 2024.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 8
Rochtain ar fhaisnéis ar ESAP
D’ainneoin mhír 2, tabharfaidh ESMA cead do na heintitis seo a leanas rochtain dhíreach agus láithreach ar an bhfaisnéis ar ESAP atá saor in aisce a bheith acu a oiread agus is gá chun go gcomhlíonfadh na heintitis sin a bhfreagrachtaí faoi seach, a sainorduithe faoi seach agus a n-oibleagáidí faoi seach:
aon institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais;
aon údarás inniúil a ainmníonn Ballstát de bhun ghníomh reachtach de chuid an Aontais;
aon bhall den Chóras Staidrimh Eorpach mar a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
aon bhall den Chóras Eorpach Banc Ceannais;
na húdaráis réitigh arna n-ainmniú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
aon institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht rialtais de chuid Ballstáit;
aon fhoras oideachais agus oiliúna chun críoch taighde, an tsaoil acadúil, eagraíochtaí nuachta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus chun na gcríoch sin amháin, a mhéid is gá rochtain ar an bhfaisnéis chun a gcúraimí a dhéanamh;
eintitis a sholáthraíonn agus a úsáideann faisnéis ar ESAP chun a n-oibleagáidí rialála a chomhlíonadh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 9
Úsáid agus athúsáid na faisnéise atá inrochtana ar ESAP
Áiritheoidh ESMA nach mbeidh úsáid agus athúsáid faisnéise atá inrochtana ar ESAP faoi réir aon choinníollacha mura gcomhlíonfar, leis na coinníollacha sin, na ceanglais seo a leanas;
tá siad oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach;
tá údar leo ar fhorais cuspóra ar mhaithe le leas an phobail;
i gcás inarb iomchuí, ag brath ar an gcineál faisnéise, comhfhreagraíonn siad do na coinníollacha a leagtar síos i gceadúnais chaighdeánacha oscailte de réir bhrí Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2019/1024, agus ceadaítear leo d’aon duine an fhaisnéis sin a úsáid, a mhodhnú agus a chomhroinnt gan srian agus chun aon chríche.
Airteagal 10
Cáilíocht na faisnéise
I gcás inar eintiteas a thíolaic an fhaisnéis arna soláthar ag an gcomhlacht bailiúcháin, féadfaidh ESMA an bailíochtú uathoibrithe a dhéanamh ar bhonn samplaí. Ní bheidh aon difríocht idir bailíochtú uathoibrithe den sórt sin agus bailíochtú uathoibrithe arna dhéanamh ag na comhlachtaí bailiúcháin de bhun Airteagal 5(1), pointe (c).
Airteagal 11
Cúraimí ESMA
Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, an méid seo a leanas:
a áirithiú go ndéantar an fhaisnéis arna soláthar ag na comhlachtaí bailiúcháin, tar éis do na heintitis í a thíolacadh, inrochtana ar ESAP gan moill mhíchuí;
tacaíocht seirbhíse a sholáthar do na comhlachtaí bailiúcháin;
a áirithiú go mbeidh ESAP inrochtana ar a laghad 97 % den am in aghaidh na míosa, seachas cásanna ina bhfuil cothabháil sceidealaithe ar bun, ina bhfuil nuashonrú á dhéanamh ar ábhar agus ina bhfuil leathanaigh á n-uasghrádú, agus, sa chás sin, tá fógra soiléir le tabhairt d’úsáideoirí lena gcuirtear in iúl dóibh cá fhad a mheastar a mhairfidh an briseadh sna seirbhísí a sholáthraíonn ESAP;
dul i gcomhairle leis na comhlachtaí bailiúcháin, de réir mar is iomchuí, chun dul i ngleic le saincheisteanna coiteanna agus prionsabail choiteanna iompair, agus go háirithe chun na nithe seo a leanas a phlé:
bainistiú laethúil ESAP;
forbairt agus cur chun feidhme beartais cáilíochta agus, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse idir ESMA agus na comhlachtaí bailiúcháin;
coinníollacha cistiúcháin ESAP, lena n-áirítear na cásanna ina bhféadfar táillí a ghearradh agus ríomh na dtáillí sin;
bagairtí atá ann cheana agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil leis an gcibearshlándáil;
cur chun feidhme agus feidhmiú ESAP i ndáil le haon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 5(8);
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus feidhmiú ESAP agus tuarascáil bhliantúil a thabhairt don Choimisiún ina leith sin, mar a shonraítear in Airteagal 12.
Airteagal 12
Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus feidhmiú ESAP
Is iad seo a leanas na táscairí cáilíochta agus cainníochtúla dá dtagraítear i mír 1:
líon na gcuairteoirí, na gcuardach agus na n-íoslódálacha;
na cineálacha faisnéise ar amharcadh uirthi agus a íoslódáladh de réir céatadáin;
na táillí dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus na méideanna arna ngearradh ag ESMA;
céatadán na gcuardach a raibh amharc nó íoslódáil mar thoradh orthu de réir an chineáil faisnéise agus rochtana;
méid agus céatadán na faisnéise meaisín-inléite atá inrochtana ar ESAP agus méid agus céatadán na n-amharc meaisín-inléite agus na n-íoslódálacha meaisín-inléite;
cion na bhfógraí de bhun an bhailíochtaithe uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2);
aon mhífheidhm shuntasach nó aon teagmhas suntasach a dhéanann difear d’oibriú nó feidhmíocht fhoriomlán ESAP;
measúnú ar inrochtaineacht, cáilíocht, úsáideacht, iontaofacht agus tráthúlacht na faisnéise ar ESAP;
measúnú i dtaobh an gcomhlíonann ESAP a chuspóirí, agus éabhlóid a úsáide agus sreafaí faisnéise laistigh den Aontas á gcur san áireamh;
measúnú ar shásamh úsáideora deiridh;
comparáid le córais chomhchosúla i dtríú tíortha.
Airteagal 13
Athbhreithniú
Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas:
na dúshláin theicniúla atá os comhair eintiteas agus na gcomhlachtaí bailiúcháin le linn chur chun feidhme ESAP;
éifeachtacht an chórais bailithe agus tarchurtha faisnéise chun críocha ESAP;
athléimneacht oibríochtúil ESAP in aghaidh rioscaí TFC agus iontaofacht na faisnéise a dhéantar inrochtana ar ESAP, lena n-áirítear trí ríomhshéalaí cáilithe;
na costais arna dtabhú ag eintitis agus ag na comhlachtaí bailiúcháin, lena n-áirítear measúnú i dtaobh ar mhéadaigh na comhlachtaí bailiúcháin ar údaráis inniúla iad a dtáillí maoirseachta mar thoradh ar na costais a tabhaíodh de bharr ESAP;
na costais arna dtabhú ag ESMA mar oibreoir ESAP agus scéim cistiúcháin ESAP;
tionchar ESAP ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis eintiteas i réimse na seirbhísí airgeadais, na margaí caipitil agus na hinbhuanaitheachta;
tionchar ESAP ar infheictheacht eintiteas d’infheisteoirí trasteorann, lena n-áirítear infheictheacht FBManna;
tionchar ESAP ar shuíomh margaidh soláthraithe sonraí príobháideacha san Aontas;
idir-inoibritheacht ESAP le hardáin dhomhanda chomhchosúla;
cur chun feidhme agus feidhmiú ESAP i ndáil le tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 5(8).
Áireofar sa tuarascáil freisin moltaí maidir le forbairt ESAP amach anseo.
Is iad seo a leanas a bheidh i ngníomhartha reachtacha an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo:
Airteagal 14
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
Liosta de ghníomhartha reachtacha an Aontais faoi Airteagal 1(1), pointe (a), den Rialachán seo
CUID A — RIALACHÁIN
1. Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).
2. Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtáil mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).
3. Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
4. Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
5. Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
6. Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).
7. Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
8. Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
9. Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).
10. Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
11. Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
12. Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
13. Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
14. Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).
15. Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, 25.7.2019, lch. 1).
16. Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
17. Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
18. Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).
19. Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).
CUID B — TREORACHA
1. Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirsiú forlíontach na n-institiúidí creidmheasa, gnóthas árachais agus gnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).
2. Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).
3. Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
4. Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
5. Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17).
6. Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
7. Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
8. Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
9. Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
10. Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
11. Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
12. Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
13. Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
14. Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
15. Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).
16. Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch. 29).
17. Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj).
( 1 ) Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
( 3 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).