Eureka 32026R0877 Definitions Sign in
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/877

21.4.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/877 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Aibreán 2026

maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le haicmí comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Uimh. 19/65/CEE ón gComhairle an 2 Márta 1965 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh i ndáil le haicmí áirithe comhaontuithe agus cleachtas comhbheartaithe (1), agus go háirithe Airteagal 1 de,

Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Uimh 19/65/CEE, tugtar cumhacht don Choimisiún Airteagal 101(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm trí rialachán maidir le haicmí áirithe comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta agus cleachtas comhbheartaithe comhfhreagrach nach bhfuil ach dhá ghnóthas páirteach iontu agus a thagann faoi réim Airteagal 101(1) den Chonradh.

(2)

De bhun Rialachán Uimh. 19/65/CEE, tá Rialachán (AE) Uimh. 316/2014 ón gCoimisiún glactha ag an gCoimisiún (2). Sainítear le Rialachán (AE) Uimh. 316/2014 aicmí comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta, a mheas an Coimisiún go gcomhlíonann siad de ghnáth na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh. I bhfianaise na taithí dearfaí ar an iomlán maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 316/2014, a théann in éag an 30 Aibreán 2026, agus i bhfianaise thorthaí na meastóireachta ar an Rialachán sin, is iomchuí rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh.

(3)

Leis an Rialachán seo ba cheart cosaint éifeachtach na hiomaíochta agus slándáil dhlíthiúil leordhóthanach do ghnóthais a áirithiú. Ba cheart go gcuirfear san áireamh le saothrú na gcuspóirí sin an gá atá leis an maoirseacht riaracháin agus an creat reachtach a shimpliú a mhéid is féidir.

(4)

Baineann comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta le cearta teicneolaíochta a cheadúnú. De ghnáth, cuireann comhaontuithe den chineál sin feabhas ar an éifeachtúlacht eacnamaíoch agus bíonn siad i bhfabhar na hiomaíochta toisc gur féidir leo dúbláil ar thaighde agus ar fhorbairt a laghdú, bíonn siad ina ndreasacht do thaighde agus forbairt tosaigh, cuireann siad an nuálaíocht chun cinn, éascaíonn siad leathadh na teicneolaíochta agus gineann siad iomaíocht sa mhargadh táirgí.

(5)

An dóchúlacht gur mó iad na feabhsaithe éifeachtúlachta agus na tionchair ar son na hiomaíochta ná aon tionchair in aghaidh na hiomaíochta a thagann as na srianta atá sna comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta, braitheann sin ar mhéid chumhacht mhargaidh na ngnóthas lena mbaineann agus dá bharr sin, ar a mhéid nach mór do na gnóthais sin aghaidh a thabhairt ar an iomaíocht le gnóthais a bhfuil teicneolaíochtaí ionadaíocha acu nó le gnóthais a tháirgeann táirgí ionadaíocha.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir an ceadúnóir agus an ceadúnaí, agus maidir leosan amháin. Ba cheart na comhaontuithe sin a chumhdach leis fiú má bhíonn coinníollacha ann a bhaineann le níos mó nó leibhéal trádála amháin, mar shampla má cheanglaítear ar an gceadúnaí modh seachadta áirithe a chur ar bun agus má shonraítear na hoibleagáidí a chaithfidh an ceadúnaí, nó a d’fhéadfadh sé, a fhorchur ar athdhíoltóirí na dtáirgí a tháirgtear faoin gceadúnas. Mar sin féin, ba cheart na coinníollacha agus na hoibleagáidí sin a bheith i gcomhréir leis na rialacha iomaíochta a bhaineann leis na comhaontuithe soláthair agus dáileacháin, a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2022/720 ón gCoimisiún (3) agus a mhínítear sna Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le srianta ingearacha (4). Níor cheart comhaontuithe soláthair agus dáileacháin a thugtar i gcrích idir ceadúnaí agus ceannaitheoirí a dtáirgí conartha a dhíolmhú faoin Rialachán seo.

(7)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin maidir le comhaontuithe ina gceadaíonn an ceadúnóir don cheadúnaí agus/nó do cheann amháin nó níos mó dá fhochonraitheoirí leas a bhaint as na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe, b’fhéidir tar éis don cheadúnaí agus/nó dá fhochonraitheoirí tuilleadh taighde agus forbartha a dhéanamh, chun earraí nó seirbhísí a tháirgeadh. Níor cheart feidhm a bheith aige maidir le ceadúnú i gcomhthéacs comhaontuithe taighde agus forbartha a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 2023/1066 ón gCoimisiún (5) ná le ceadúnú i gcomhthéacs comhaontuithe speisialtóireachta a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 2023/1067 ón gCoimisiún (6). Níor cheart feidhm a bheith aige ach oiread maidir le comhaontuithe arb é is príomhchuspóir dóibh bogearraí a athdhíol nó a dháileadh, cibé acu trí bhealaí fisiciúla nó digiteacha, ós rud é nach mbaineann na comhaontuithe sin le ceadúnú teicneolaíochta chun críche táirgthe ach go bhfuil siad níos cosúla le comhaontuithe dáileacháin.

(8)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe i ndáil le comhthiomsuithe teicneolaíochta a bhunú, is é sin le rá, comhaontuithe maidir le teicneolaíochtaí a thiomsú chun iad a cheadúnú do na daoine a chuireann leis an gcomhthiomsú nó do thríú páirtithe, ná maidir le comhaontuithe trína ndéantar na teicneolaíochtaí comhthiomsaithe a cheadúnú do na tríú páirtithe sin. Níor cheart feidhm a bheith aige ach oiread maidir le socruithe trína gcomhaontaíonn ceadúnaithe ionchasacha teicneolaíochta téarmaí na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a chaibidliú i gcomhpháirt (grúpaí idirbheartaíochta ceadúnúcháin).

(9)

Maidir le cur chun feidhme Airteagal 101(3) den Chonradh trí bhíthin rialacháin, ní gá na comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a d’fhéadfadh teacht faoi Airteagal 101(1) den Chonradh, a shainiú. Sa mheasúnú aonair ar na comhaontuithe de bhun Airteagal 101(1), ní mór roinnt fachtóirí a chur san áireamh, agus go háirithe struchtúr agus dinimic na teicneolaíochta ábhartha agus na margaí táirgí.

(10)

Ba cheart tairbhe na blocdhíolúine a shuitear leis an Rialachán seo a bheith teoranta do na comhaontuithe sin ar féidir talamh slán a dhéanamh díobh le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. Chun buntáistí agus cuspóirí aistrithe teicneolaíochta a bhaint amach, ba cheart go gcumhdódh an Rialachán seo an t-aistriú teicneolaíochta sin mar aon le forálacha eile sna comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta má bhaineann agus sa mhéid a bhaineann na forálacha sin go díreach le táirgeadh nó díolachán na dtáirgí conartha.

(11)

Maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir iomaitheoirí, is féidir glacadh leis, i gcás nach dtéann sciar comhcheangailte na margaí ábhartha ar leis na páirtithe é thar 20 % agus nach mbíonn srianta dochta frithiomaíocha áirithe sna comhaontuithe, go dtagann feabhas de ghnáth ar an táirgeadh nó ar an dáileadh agus go bhfágann sé sin go mbíonn tomhaltóirí in ann cion cothrom a bhaint as na tairbhí a thiocfaidh astu.

(12)

Maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta idir neamh-iomaitheoirí, is féidir glacadh leis, i gcás nach dtéann sciar aonair na margaí ábhartha ar le gach páirtí é, thar 30 % agus nach mbíonn srianta dochta frithiomaíocha áirithe sna comhaontuithe, go dtagann feabhas de ghnáth ar an táirgeadh nó ar an dáileadh, agus go bhfágann sé sin go mbíonn tomhaltóirí in ann cion cothrom a bhaint as na tairbhí a thiocfaidh astu.

(13)

Chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart sciartha den mhargadh ar mhargaí teicneolaíochta ábhartha a ríomh ar bhonn láithreacht na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe ar na margaí ábhartha táirge agus geografacha ina ndíoltar na táirgí conartha, is é sin ar bhonn dhíolacháin na dtáirgí conartha arna dtáirgeadh ag an gceadúnóir agus ag a cheadúnaithe le chéile. Dá bhrí sin, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, teicneolaíochtaí nach bhfuil aon díolachán táirgí conartha ginte acu go fóill, ba cheart a mheas go bhfuil sciar margaidh acu atá cothrom le nialas.

(14)

Forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le cur i bhfeidhm tairseacha maidir le sciar den mhargadh, níor cheart dóibh difear a dhéanamh do ríomh sciartha den mhargadh chun measúnú a dhéanamh ar chomhaontuithe nach dtagann faoin mblocdhíolúine dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Tá cur i bhfeidhm an Rialacháin seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 102 den Chonradh.

(15)

Má sháraítear an tairseach maidir le sciar den mhargadh is infheidhme i dtaca le táirge amháin nó níos mó nó i dtaca le margadh teicneolaíochta amháin nó níos mó, níor cheart feidhm a bheith ag an mblocdhíolúine maidir leis na margaí ábhartha.

(16)

Ní féidir aon toimhde a bheith ann, i gcás ina sáraítear na tairseacha sin maidir le sciar den mhargadh, go dtagann na comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta faoi raon feidhme Airteagal 101 (1) den Chonradh. Mar shampla, is minic a thagann comhaontuithe ceadúnúcháin eisiach idir gnóthais neamh-iomaíocha, lasmuigh de raon feidhme Airteagal 101(1). Ní féidir aon toimhde a bheith ann ach an oiread, i gcás ina sáraítear na tairseacha sin maidir le sciar den mhargadh, nach gcomhlíonfaidh na comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101 (1) den Chonradh coinníollacha na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 101(3). Mar sin féin, ní féidir aon toimhde a bheith ann ach oiread go dtagann buntáistí oibiachtúla astu de ghnáth ar de chineál agus de mhéid iad a chúiteodh na míbhuntáistí a chruthaítear i dtaca leis an iomaíocht.

(17)

De réir an Rialacháin seo, ba cheart nach ndíolmhófaí comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta ina bhfuil srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun an táirgeadh nó an dáileachán a fheabhsú. Go háirithe, maidir leis na comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta ina a bhfuil srianta dochta frithiomaíocha, mar shampla praghsanna a mhuirearaítear ar thríú páirtithe a shocrú, ba cheart iad a eisiamh ó thairbhe na blocdhíolúine a shuitear leis an Rialachán seo gan beann ar sciartha margaidh na ngnóthas i dtrácht. I gcás ina bhfuil cruashrianta den chineál sin i gcomhaontú, ba cheart an comhaontú iomlán a eisiamh ó thairbhe na blocdhíolúine.

(18)

Chun dreasachtaí nuálaíochta agus cur i bhfeidhm iomchuí ceart maoine intleachtúla a chosaint, ba cheart srianta áirithe a eisiamh ó thairbhe na blocdhíolúine. Go háirithe, ba cheart oibleagáidí aisdeonúcháin agus clásail toirmiscthe agóide áirithe a eisiamh. I gcás ina mbíonn srianta den chineál san áireamh i gcomhaontú aistrithe teicneolaíochta, níor cheart ach an srian atá i gceist a eisiamh ó thairbhe na blocdhíolúine.

(19)

De ghnáth, leis na tairseacha maidir le sciar den mhargadh, neamh-dhíolúine na gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a bhfuil na srianta dochta frithiomaíocha ag baint leo agus na srianta eisiata dá bhforáiltear sa Rialachán seo, áiritheofar nach gcuirfidh na comhaontuithe a bhfuil feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leo ar a gcumas do na gnóthais rannpháirtíochta iomaíocht a dhíchur i ndáil le cuid mhór de na táirgí i dtrácht.

(20)

Ba cheart a léiriú sa Rialachán seo cásanna tipiciúla ina bhféadfaí a mheas gurb iomchuí tairbhe na díolúine a shuitear leis an Rialachán seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (7).

(21)

Chun an mhaoirseacht ar líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a bhfuil tionchair chomhchosúla shriantacha acu agus a gcumhdaíonn os cionn 50 % de mhargadh áirithe a neartú, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú trí bhíthin rialacháin, nach bhfuil an Rialachán seo infheidhme maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta ina bhfuil srianta sonracha a bhaineann leis an margadh lena mbaineann, agus ar an gcaoi sin, cur i bhfeidhm iomlán Airteagal 101 den Chonradh maidir le comhaontuithe den chineál sin a athbhunú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

Ciallaíonn ‘comhaontú’ comhaontú nó cinneadh ó chomhlachas gnóthas nó cleachtas comhbheartaithe;

(b)

ciallaíonn ‘cearta teicneolaíochta’ fios gnó agus na cearta seo a leanas, nó teaglaim díobh, lena n-áirítear iarratais ar na cearta sin nó iarratais ar chlárúchán na gceart sin:

(i)

paitinní,

(ii)

cuspaí áisiúlachta,

(iii)

cearta deartha,

(iv)

topografaíochtaí táirgí leathsheoltóra,

(v)

deimhnithe forlíontacha cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte nó le haghaidh táirgí ar féidir deimhnithe forlíontacha cosanta a fháil dóibh,

(vi)

deimhnithe póraitheoirí plandaí agus

(vii)

cóipchearta bogearraí;

(c)

ciallaíonn ‘comhaontú aistrithe teicneolaíochta’:

(i)

comhaontú ceadúnúcháin ceart teicneolaíochta a dhéantar idir dhá ghnóthas chun táirgí conartha a tháirgeadh ag an gceadúnaí agus/nó ag a fho-chonraitheoir/a fhochonraitheoirí,

(ii)

sannadh ceart teicneolaíochta idir dhá ghnóthas chun táirgí conartha a tháirgeadh i gcás ina bhfanann cuid den riosca a bhaineann le saothrú na teicneolaíochta leis an sannóir;

(d)

ciallaíonn ‘comhaontú cómhalartach’ comhaontú aistrithe teicneolaíochta i gcás ina ndeonaíonn dhá ghnóthas dá chéile, sa chonradh céanna nó i gconarthaí ar leith, ceadúnas ceart teicneolaíochta, agus i gcás ina mbaineann na ceadúnaithe sin le teicneolaíochtaí iomaíocha nó inar féidir iad a úsáid chun táirgí iomaíocha a tháirgeadh;

(e)

ciallaíonn ‘comhaontú neamh-chómhalartach’ comhaontú aistrithe teicneolaíochta i gcás ina ndeonaíonn gnóthas amháin ceadúnas ceart teicneolaíochta do ghnóthas eile, nó i gcás ina ndeonaíonn dhá ghnóthas ceadúnas den chineál sin dá chéile ach nach mbaineann na ceadúnais sin le teicneolaíochtaí iomaíocha agus nach féidir iad a úsáid chun táirgí iomaíocha a tháirgeadh;

(f)

ciallaíonn ‘táirge’ earraí nó seirbhísí, lena n-áirítear idir earraí idirmheánacha agus seirbhísí idirmheánacha agus earraí deiridh agus seirbhísí deiridh;

(g)

ciallaíonn ‘táirge conartha’ táirge a tháirgtear, go díreach nó go hindíreach, ar bhonn na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe;

(h)

cuimsíonn ‘cearta maoine intleachtúla’ cearta maoine tionsclaíche, go háirithe paitinní áirithe agus trádmharcanna, cóipcheart agus cearta gaolmhara;

(i)

ciallaíonn ‘fios gnó’ pacáiste d’eolas praiticiúil, a thagann ó thaithí agus tástálacha, atá:

(i)

rúnda, is é sin le rá, nach bhfuil eolas ginearálta air nó nach féidir a rochtain go héasca,

(ii)

substaintiúil, is é sin le rá, suntasach agus úsáideach ó thaobh tháirgeadh na dtáirgí conartha de, agus

(iii)

sainaitheanta, is é sin le rá, go bhfuil tuairisc tugtha air ar bhealach cuimsitheach leordhóthanach le gur féidir a dheimhniú go gcomhlíonann sé na critéir rúndachta agus substaintiúlachta;

(j)

ciallaíonn ‘margadh táirgí ábhartha’ an margadh do na táirgí conartha agus dá n-ionadaigh, is é sin le rá na táirgí uile a mheasann an ceannaitheoir go bhfuil siad inmhalartaithe nó inionadaithe, mar gheall ar thréithe na dtáirgí, a bpraghsanna agus an úsáid atá beartaithe dóibh;

(k)

ciallaíonn ‘margadh teicneolaíochta ábhartha’ an margadh do na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe agus a n-ionadaigh, is é sin le rá na cearta teicneolaíochta uile sin a mheasann an ceadúnaí go bhfuil siad inmhalartaithe nó inionadaithe, mar gheall ar thréithe na gceart teicneolaíochta, na ríchíosanna iníoctha i leith na gceart sin agus an úsáid atá beartaithe dóibh;

(l)

ciallaíonn ‘margadh geografach ábhartha’ an limistéar ina bhfuil na gnóthais lena mbaineann páirteach i soláthar agus éileamh táirgí nó ceadúnú ceart teicneolaíochta, ina bhfuil na dálaí iomaíochta sách aonchineálach agus inar féidir iad a idirdhealú ar limistéir chomharsanachta toisc go bhfuil na dálaí iomaíochta éagsúil go maith sna limistéir sin;

(m)

ciallaíonn ‘margadh ábhartha’ an teaglaim den táirge ábhartha nó den mhargadh teicneolaíochta agus an margadh geografach ábhartha;

(n)

ciallaíonn ‘gnóthais iomaíocha’ gnóthais atá in iomaíocht ar an margadh ábhartha, is é sin le rá:

(i)

gnóthais iomaíocha ar an margadh ábhartha i gcás ina bhfuil na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe, is e sin le rá, gnóthais a cheadúnaíonn amach cearta teicneolaíochta iomaíocha (fíor-iomaitheoirí ar an margadh ábhartha);

(ii)

gnóthais iomaíocha ar an margadh ábhartha ina ndíoltar na táirgí conartha, is é sin le rá, gnóthais a bheadh, in éagmais an chomhaontaithe aistrithe teicneolaíochta, gníomhach ar an margadh/na margaí ábhartha ar a ndíoltar na táirgí conartha (fíor-iomaitheoirí ar an margadh ábhartha), nó gur dhócha, in éagmais an chomhaontaithe aistrithe teicneolaíochta, agus ar fhorais réalaíocha seachas féidearthacht theoiriciúil, go ndéanfadh na gnóthais sin na hinfheistíochtaí breise is gá nó go dtabhódh siad costais riachtanacha eile chun dul isteach sa mhargadh nó sna margaí ábhartha laistigh de thréimhse ama atá gearr go leor chun brú iomaíoch a chur ar ghnóthais atá gníomhach cheana féin ar an margadh ábhartha (iomaitheoirí ionchasacha ar an margadh ábhartha);

(o)

ciallaíonn ‘córas dáileacháin roghnaithigh’ córas dáileacháin i gcás ina nglacann an ceadúnóir air féin táirgeadh na dtáirgí conartha a cheadúnú, go díreach nó go hindíreach, do cheadúnaithe a roghnaítear ar bhonn critéir shonraithe, agus ar an mbonn sin amháin, agus i gcás ina nglacann na ceadúnaithe orthu féin gan na táirgí conartha a dhíol le dáileoirí neamhúdaraithe laistigh den chríoch atá coimeádta ag an gceadúnóir chun an córas sin a oibriú;

(p)

ciallaíonn ‘ceadúnas eisiach’ ceadúnas faoi nach bhfuil cead ag an gceadúnaí féin táirgeadh a dhéanamh ar bhonn na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe agus nach bhfuil cead aige na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe a cheadúnú do thríú páirtithe, go ginearálta nó le haghaidh úsáid áirithe nó i gcríoch áirithe;

(q)

ciallaíonn ‘críoch eisiach’ críoch nach gceadaítear inti ach d’aon ghnóthas amháin na táirgí conartha a tháirgeadh, ach inar féidir mar sin féin a cheadúnú do cheadúnaí eile na táirgí conartha a tháirgeadh laistigh den chríoch sin do chustaiméir áirithe, agus dósan amháin, i gcás inar deonaíodh an dara ceadúnas chun foinse mhalartach soláthair a chruthú don chustaiméir sin;

(r)

ciallaíonn ‘grúpa eisiach custaiméirí’ grúpa custaiméirí nach gceadaítear ach do pháirtí amháin sa chomhaontú aistrithe teicneolaíochta na táirgí conartha a tháirgtear leis an teicneolaíocht cheadúnaithe a dhíol go gníomhach leis;

(s)

ciallaíonn ‘díolacháin ghníomhacha’ díriú go gníomhach ar chustaiméirí trí chuairteanna, litreacha, ríomhphoist, glaonna nó trí mhodhanna eile cumarsáide dírí nó trí fhógraíocht agus promóisean spriocdhírithe, as líne nó ar líne, mar shampla trí bhíthin na meán clóite nó na meán digiteach, lena n-áirítear meáin ar líne, seirbhísí comparáide praghsanna nó fógraíocht ar innill chuardaigh lena ndírítear ar chustaiméirí i gcríocha sonracha nó ar ghrúpaí custaiméirí sonracha, suíomh gréasáin a oibriú ag a bhfuil fearann barrleibhéil a chomhfhreagraíonn do chríocha ar leith, nó teangacha a úsáidtear go coitianta i gcríocha áirithe a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin, i gcás ina bhfuil na teangacha sin éagsúil leis na teangacha a úsáidtear sa chríoch ina bhfuil an ceannaitheoir bunaithe;

(t)

ciallaíonn ‘díolacháin éighníomhacha’ díolacháin a dhéantar mar fhreagra ar iarrataí gan iarraidh ó chustaiméirí aonair, lena n-áirítear seachadadh earraí nó seirbhísí chuig an gcustaiméir, gan an díolachán a bheith tionscanta trí dhíriú go gníomhach ar an gcustaiméir áirithe, ar an ngrúpa custaiméirí áirithe nó ar an gcríoch áirithe, agus lena n-áirítear díolacháin a eascraíonn as bheith rannpháirteach i soláthar poiblí nó as freagairt do chuirí chun tairisceana príobháideacha.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, cumhdóidh na téarmaí ‘gnóthas’, ‘ceadúnóir’ agus ‘ceadúnaí’ na gnóthais bhainteacha, faoi seach.

Ciallaíonn ‘gnóthais bhainteacha’ an méid seo a leanas:

(a)

gnóthais ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí seo a leanas ag páirtí sa chomhaontú aistrithe teicneolaíochta, go díreach nó go hindíreach:

(i)

tá an chumhacht aige níos mó ná a leath de na cearta vótála a fheidhmiú,

(ii)

tá an chumhacht aige níos mó ná a leath de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil thar ceann an ghnóthais a cheapadh,

(iii)

tá an ceart aige, go díreach nó go hindíreach, gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;

(b)

gnóthais a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a) acu, go díreach nó go hindíreach, ar pháirtí sa chomhaontú aistrithe teicneolaíochta;

(c)

gnóthais ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a), go díreach nó go hindíreach, ag gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

gnóthais ina bhfuil ag páirtí sa chomhaontú aistrithe teicneolaíochta mar aon le ceann amháin, nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), nó gnóthais ina bhfuil ag dhá cheann nó níos mó de na gnóthais réamhluaite, i gcomhpháirt, na cearta agus na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a);

(e)

gnóthais ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cearta nó de na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a) i gcomhpháirt ag:

(i)

páirtithe sa chomhaontú aistrithe teicneolaíochta nó a ngnóthais bhainteacha faoi seach dá dtagraítear i bpointí (a) go (d), nó

(ii)

ceann amháin nó níos mó de na páirtithe sa chomhaontú aistrithe teicneolaíochta nó ceann amháin nó níos mó dá ngnóthais bhainteacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus tríú páirtí amháin nó níos mó.

Airteagal 2

Díolúine

1.   De bhun Airteagal 101(3) den Chonradh faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta.

2.   Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 sa mhéid go bhfuil srianta iomaíochta i gceist le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh. Beidh feidhm ag an díolúine fad nach bhfuil na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe dulta in éag, dulta i léig nó dearbhaithe a bheith neamhbhailí nó, i gcás fios gnó, fad a fhanann sé rúnda. Mar sin féin, i gcás ina n-aithneofar an fios gnó go poiblí mar thoradh ar ghníomhaíocht a rinne an ceadúnóir, beidh feidhm ag an díolúine ar feadh thréimhse an chomhaontaithe.

3.   Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 freisin maidir le forálacha i gcomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta a bhaineann le ceannach táirgí ag an gceadúnaí nó a bhaineann le ceadúnú nó sannadh maoine intleachtúla eile nó feasa gnó don cheadúnaí, má bhaineann na forálacha sin, nó a mhéid a bhaineann siad, go díreach le táirgeadh nó díolachán na dtáirgí conartha.

Airteagal 3

Tairseacha maidir le sciar den mhargadh

1.   Nuair is gnóthais iomaíocha iad na gnóthais is páirtí sa chomhaontú, beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 ar choinníoll nach dtéann sciar margaidh comhcheangailte na bpáirtithe thar 20 % ar aon mhargadh ábhartha.

2.   Nuair nach gnóthais iomaíocha iad na gnóthais is páirtí sa chomhaontú, beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 ar choinníoll nach dtéann sciar margaidh gach ceann de na páirtithe thar 30 % ar aon mhargadh ábhartha.

Airteagal 4

Cruashrianta

1.   Nuair is gnóthais iomaíocha iad na gnóthais is páirtí sa chomhaontú, ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir leis na comhaontuithe arb é is cuspóir dóibh, go díreach nó go hindíreach, leo féin nó i gcomhcheangal le fachtóirí eile faoi smacht na bpáirtithe, aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

srian a chur ar chumas páirtí a phraghsanna a shocrú nuair a dhíolann sé táirgí le tríú páirtithe;

(b)

aschur a theorannú, seachas teorainneacha ar aschur táirgí conartha a ghearrtar ar an gceadúnaí i gcomhaontú neamh-chómhalartach nó a ghearrtar ar cheann amháin de na ceadúnaithe i gcomhaontú cómhalartach;

(c)

leithdháileadh margaí nó custaiméirí seachas:

(i)

an oibleagáid ar an gceadúnóir agus/nó ar an gceadúnaí, i gcomhaontú neamh-chómhalartach, gan táirgeadh a dhéanamh de réir na gceart teicneolaíochta ceadúnaithe laistigh den chríoch eisiach a choimeádtar don pháirtí eile agus/nó gan táirgí conartha a dhíol go gníomhach agus/nó go héighníomhach isteach sa chríoch eisiach ná leis an ngrúpa eisiach custaiméirí a choimeádtar don pháirtí eile,

(ii)

srian a chur, i gcomhaontú neamh-chómhalartach, le díolacháin ghníomhacha na dtáirgí conartha arna ndíol ag an gceadúnaí isteach sa chríoch eisiach nó le grúpa eisiach custaiméirí arna leithdháileadh ag an gceadúnóir le ceadúnaí eile ar choinníoll nár ghnóthas iomaíoch de chuid an cheadúnóra é an ceadúnaí eile tráth ar cuireadh a cheadúnas féin i gcrích,

(iii)

an oibleagáid ar an gceadúnaí na táirgí conartha a tháirgeadh dá úsáid féin amháin ar choinníoll, i gcás ina n-ionchorpraíonn an ceadúnaí na táirgí conartha ina tháirgí féin, nach bhfuil srian air maidir leis na dtáirgí conartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach mar pháirteanna spártha dá tháirgí féin,

(iv)

an oibleagáid ar an gceadúnaí, i gcomhaontú neamh-chómhalartach, na táirgí conartha a tháirgeadh do chustaiméir áirithe, agus don chustaiméir sin amháin, i gcás inar deonaíodh an ceadúnas chun foinse mhalartach soláthair a chruthú don chustaiméir sin;

(d)

srian a chur ar chumas an cheadúnaithe a chuid ceart teicneolaíochta féin a fheidhmiú, nó srian a chur ar chumas aon pháirtí eile sa chomhaontú taighde agus forbairt a dhéanamh, mura bhfuil srian den chineál sin riachtanach chun nochtadh an fheasa gnó cheadúnaithe le tríú páirtithe a chosc.

2.   Nuair nach gnóthais iomaíocha iad na gnóthais is páirtí sa chomhaontú, ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir leis na comhaontuithe arb é is cuspóir dóibh, go díreach nó go hindíreach, leo féin nó i gcomhcheangal le fachtóirí eile faoi smacht na bpáirtithe, aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

srian a chur ar chumas páirtí a phraghsanna a shocrú agus é ag díol táirgí le tríú páirtithe, gan dochar don fhéidearthacht praghas díola uasta a ghearradh nó praghas díola a mholadh, ar choinníoll nach praghas díola seasta nó praghas díola íosta é de dheasca brú ó aon cheann de na páirtithe, nó dreasachtaí a thairgfeadh sé;

(b)

srian a chur ar an gcríoch inar féidir leis an gceadúnaí na táirgí conartha a dhíol, nó srian a chur ar na custaiméirí lenar féidir leis iad a dhíol, go héighníomhach, seachas:

(i)

srian a chur ar dhíolacháin éighníomhacha i gcríoch eisiach nó le grúpa eisiach custaiméirí a choimeádtar don cheadúnóir,

(ii)

an oibleagáid na táirgí conartha a tháirgeadh dá úsáid féin amháin ar choinníoll, i gcás ina n-ionchorpraíonn an ceadúnaí na táirgí conartha ina tháirgí féin, nach bhfuil srian air maidir leis na dtáirgí conartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach mar pháirteanna spártha dá tháirgí féin,

(iii)

an oibleagáid na táirgí conartha a tháirgeadh do chustaiméir áirithe agus don chustaiméir sin amháin, i gcás inar deonaíodh an ceadúnas chun foinse mhalartach soláthair a chruthú don chustaiméir sin,

(iv)

srian a chur ar dhíolacháin le húsáideoirí deiridh ag ceadúnaí atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola trádála,

(v)

srian a chur ar dhíolacháin le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe i gcríoch ina n-oibríonn an ceadúnóir córas dáileacháin roghnaithigh i gcás na dtáirgí conartha;

(c)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha le húsáideoirí deiridh a dhéanann ceadúnaí atá ina bhall de chóras dáileacháin roghnaithigh agus a fheidhmíonn ar an leibhéal miondíola, gan dochar don fhéidearthacht toirmeasc a chur ar bhall den chóras a bheith ag feidhmiú as áit bhunaíochta neamhúdaraithe.

3.   I gcás nach gnóthais iomaíocha iad na gnóthais is páirtí sa chomhaontú tráth thabhairt i gcrích an chomhaontuithe ach ina mbíonn siad ina ngnóthais iomaíocha ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag mír 2 seachas mír 1 ar feadh thréimhse iomlán an chomhaontuithe ach amháin má leasaítear an comhaontú ina dhiaidh sin in aon phonc ábhartha. Cuimsíonn leasú den chineál sin tabhairt i gcrích comhaontaithe nua aistrithe teicneolaíochta idir na páirtithe maidir le cearta teicneolaíochta iomaíocha.

Airteagal 5

Srianta eisiata

1.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir le haon cheann de na hoibleagáidí seo a leanas atá sna comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta:

(a)

aon oibleagáid dhíreach nó indíreach ar an gceadúnaí ceadúnas eisiach a dheonú nó cearta a shannadh don cheadúnóir nó do thríú páirtí ainmnithe ag an gceadúnóir maidir leis na feabhsúcháin a rinne sé ar an teicneolaíocht cheadúnaithe, nó maidir leis na bealaí nua ar chuir sé i bhfeidhm í;

(b)

aon oibleagáid dhíreach nó indíreach ar pháirtí gan agóid a dhéanamh faoi bhailíocht na gceart maoine intleachtúla atá ag an páirtí eile san Aontas, gan dochar don fhéidearthacht, i gcás ceadúnas eisiach, foráil a dhéanamh maidir le foirceannadh an chomhaontaithe aistrithe teicneolaíochta i gcás ina ndéanann an ceadúnaí agóid faoi bhailíocht aon cheann de na cearta teicneolaíochta ceadúnaithe.

2.   I gcás nach gnóthais iomaíocha iad na gnóthais sa chomhaontú, ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir le haon oibleagáid dhíreach nó indíreach lena gcuirtear teorainn le cumas an cheadúnaí a chearta teicneolaíochta féin a shaothrú nó lena gcuirtear teorainn le cumas aon cheann de na páirtithe sa chomhaontú taighde agus forbairt a dhéanamh, mura bhfuil an srian sin riachtanach chun cosc a chur ar nochtadh an fheasa gnó cheadúnaithe le tríú páirtithe.

Airteagal 6

Tarraingt siar i gcásanna ar leith

1.   Féadfaidh an Coimisiún tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh 1/2003, in aon chás ar leith ina gcinneann sé go bhfuil tionchair ag comhaontú aistrithe teicneolaíochta, a bhfuil díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 ag baint leis, atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh, agus go háirithe i gcás ina bhfuil:

(a)

srian ar rochtain ar an margadh do theicneolaíochtaí tríú páirtithe, mar shampla, de dheasca gníomhaíocht charnach líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe srianta comhchosúla lena gcuirtear toirmeasc ar cheadúnaithe teicneolaíochtaí tríú páirtithe a úsáid;

(b)

srian ar rochtain ar an margadh do cheadúnaithe ionchasacha, mar shampla de dheasca gníomhaíocht charnach líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe srianta comhchosúla lena gcuirtear toirmeasc ar cheadúnóirí ceadúnais a thabhairt do cheadúnaithe eile nó toisc go socraíonn an t-aon úinéir teicneolaíochta a cheadúnaíonn amach cearta teicneolaíochta ábhartha ceadúnas eisiach le ceadúnaí atá gníomhach ar an margadh táirgí cheana féin ar bhonn cearta teicneolaíochta inionadaithe.

2.   In aon chás ar leith ina mbíonn tionchair ag comhaontú aistrithe teicneolaíochta, a bhfuil díolúine aige dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Rialachán seo, atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh i gcríoch Bhallstáit, nó i gcuid di, a bhfuil tréithe uile margaidh geografaigh ar leith aici, féadfaidh údarás iomaíochta an Bhallstáit sin tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar de bhun Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh 1/2003, i dtaca leis an gcríoch sin, faoi na himthosca céanna agus atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 7

Dífheidhmiú an Rialacháin seo

1.   De bhun Airteagal 1a de Rialachán Uimh. 19/65/CEE, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú trí bhíthin rialacháin, i gcás ina gcumhdaíonn líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe aistrithe teicneolaíochta comhchosúla os cionn 50 % de mhargadh ábhartha, nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta ina bhfuil srianta sonracha a bhaineann leis an margadh sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag rialachán de bhun mhír 1 tráth is luaithe ná 6 mhí tar éis a ghlactha.

Airteagal 8

Na tairseacha maidir le sciar den mhargadh a chur i bhfeidhm

Chun na tairseacha maidir le sciar den mhargadh a leagtar síos in Airteagal 3 a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

ríomhfar an sciar den mhargadh ar bhonn luach na ndíolachán ar an margadh; mura bhfuil sonraí maidir le luach na ndíolachán ar an margadh ar fáil, féadfar meastacháin a úsáid atá bunaithe ar fhaisnéis iontaofa eile faoin margadh, lena n-airítear méideanna díolachán ar an margadh, chun sciar margaidh an ghnóthais lena mbaineann a shuí;

(b)

déanfar an sciar den mhargadh a ríomh ar bhonn sonraí a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin; mura bhfuil an bhliain féilire roimhe sin ionadaíoch do sheasamh na bpáirtithe sa mhargadh ábhartha nó sna margaí ábhartha, déanfar an sciar den mhargadh a ríomh mar mheán de na sciartha den mhargadh a bhí ag na páirtithe sna 3 bliana féilire roimhe sin;

(c)

an sciar den mhargadh atá i seilbh na ngnóthas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), an dara fomhír, pointe (e), déanfar é a chionroinnt go cothrom ar na gnóthais uile a bhfuil na cearta nó na cumhachtaí a liostaítear in Airteagal 1(2), an dara fomhír, pointe (a), acu;

(d)

déanfar an sciar den mhargadh atá ag páirtí atá gníomhach ar mhargadh teicneolaíochta ábhartha a ríomh ar bhonn láithreacht chearta teicneolaíochta an pháirtí sin ar an margadh nó ar na margaí ábhartha (is é sin an margadh/na margaí táirgí agus an margadh geografach/na margaí geografacha) ina ndíoltar na táirgí conartha, is é sin, ar bhonn dhíolacháin chomhcheangailte tháirgí an pháirtí sin agus a cheadúnaithe, lena n-ionchorpraítear cearta teicneolaíochta ceadúnaithe an pháirtí sin;

(e)

mura bhfuil an sciar den mhargadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) nó (2) níos mó ná 20 % nó 30 % faoi seach ar dtús, ach má thagann ardú air os cionn na leibhéal sin ina dhiaidh sin, beidh feidhm fós ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 go ceann tréimhse 3 bhliain féilire as a chéile tar éis na bliana inar sáraíodh an tairseach 20 % nó 30 % den chéaduair.

Airteagal 9

Gaol le rialacháin bhlocdhíolúine eile

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le socruithe ceadúnúcháin i gcomhaontuithe taighde agus forbartha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1066 nó i gcomhaontuithe speisialtóireachta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1067.

Airteagal 10

Idirthréimhse

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) den Chonradh ón 1 Bealtaine 2026 go dtí an 30 Aibreán 2027 maidir le comhaontuithe atá i bhfeidhm cheana ar an 30 Aibreán 2026 agus nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le díolúine dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach a chomhlíon, an 30 Aibreán 2026, coinníollacha na díolúine dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 316/2014.

Airteagal 11

Tréimhse bhailíochta

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026.

Rachaidh sé in éag an 30 Aibreán 2038.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO 36, 6.3.1965, lgh. 533/65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1965/19/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 316/2014 ón gCoimisiún an 21 Márta 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe aistrithe teicneolaíochta (IO L 93, 28.3.2014, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/316/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2022/720 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe (IO L 134, 11.5.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/720/oj).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún – Fógra ón gCoimisiún: Treoirlínte maidir le srianta ingearacha (IO C 248, 30.6.2022, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2023/1066 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha (IO L 143, 2.6.2023, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1066/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2023/1067 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta (IO L 143, 2.6.2023, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1067/oj).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/877/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…