52013SC0034
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad PACÁISTE UM SHÁBHÁILTEACHT TÁIRGÍ AGUS UM FHAIREACHAS MARGAIDH Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais agus togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas margaidh ar tháirgí /* SWD/2013/034 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ
TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad PACÁISTE UM SHÁBHÁILTEACHT TÁIRGÍ
AGUS UM FHAIREACHAS MARGAIDH
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir
le sábháilteacht táirgí tomhaltais agus togra le haghaidh Rialacháin ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas margaidh ar
tháirgí 1. Achoimre ar an tuairisc ar
an bhfadhb, coimhdeacht agus na cuspóirí 1.1. Comhthéacs an bheartais Tá saorghluaiseacht táirgí sábháilte agus
comhlíontacha ar cheann de bhunchlocha an Aontais Eorpaigh. Tá an prionsabal
seo ina cholún tábhachtach den mhargadh aonair agus ligeann sé do thomhaltóirí
agus gnóthais táirgí a cheannach nó a dhíol i mBallstát eile. Baineann an measúnú tionchair le táirgí neamhbhia
monaraithe atá faoi réir rialacha comhchuibhithe de chuid an AE maidir le
catagóirí áirithe táirgí, nó atá faoi réir Rialachán
(CE) Uimh. 95/2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, (an
''Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí''), agus is infheidhme
maidir le táirgí tomhaltais. Tá an tsraith seo de rialacha de chuid an AE tar
éis ceanglais sábháilteachta táirgí a leagan síos i leith cuid mhaith táirgí;
rialaítear na catagóirí eile táirgí le forálacha saorghluaiseachta an Chonartha
agus le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Le faireachas éifeachtach margaidh ba cheart go
bhféadfaí táirgí atá neamhshábháilte nó díobhálach a aithint agus a choimeád
siar nó a bhaint den mhargadh, agus pionós a ghearradh ar oibreoirí a bheadh
gan scrupall nó coiriúil fiú. Ba cheart go mbeadh an faireachas sin ina bhac
láidir freisin. I margadh aonair ina bhfuil saorghluaiseacht táirgí, caithfidh
an faireachas margaidh a bheith sárchomhordaithe agus caithfidh sé a fhágáil
gur féidir freagairt go mear thar limistéar ollmhór. Níl faireachas margaidh
bord ar bhord leis na hathruithe atá tagtha ar chreat rialála an Aontais,
áfach. Le deich mbliana anuas tá dul chun cinn déanta le cur chun feidhme na
Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, Treoir a bhí le trasuí
faoin 15 Eanáir 2004, agus le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 lena
leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a
bhaineann le táirgí a chur ar an margadh ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh. Tá na
hionstraimí dlí sin, i dteannta na rialacha um fhaireachas margaidh a bhaineann
le reachtaíocht earnáil‑shonrach an Aontais um chomhchuibhiú, tá siad ina
mbunús dlí ag an AE chun faireachas margaidh a dhéanamh ar gach táirge
tomhaltais (comhchuibhithe agus neamh‑chomhchuibhithe) agus ar gach táirge
comhchuibhithe (do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí gairmiúla). Tá na rialacha um
fhaireachas margaidh ilroinnte, áfach, agus scaipthe thar ghníomhartha éagsúla
de reachtaíocht an Aontais (Rialachán (CE) Uimh.765/2008, an Treoir maidir le
Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí agus reachtaíocht earnáil‑shonrach an Aontais
um chomhchuibhiú) rud a chuireann mearbhall ar oibreoirí agus ar údaráis
náisiúnta araon de. Leagan amach
rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht ghinearálta comhlíontacht táirgí Táirgí || Táirgí tomhaltais || Táirgí gairmiúla Comhchuibhithe || Treoracha agus na Rialacháin earnáil‑shonracha agus An Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí || Na Treoracha agus na Rialacháin earnáil-sonracha Neamh‑chomhchuibhithe || An Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí || Rialacha náisiúnta maidir le sábháilteacht táirgí atá faoi réir 'Rialacháin an Aitheantais Fhrithpháirtigh' Airteagail 34-36 CFAE Tá an tionscnamh seo ar cheann de
mhórghníomhaíochtaí an Chláir Oibre um Thomhaltóirí[1] an Ghnímh um an Margadh Aonair
II[2], ar ghlac an Coimisiún leo in
2012. 1.2. Sainiú na faidhbe – táirgí
neamhshábháilte agus neamh-chomhlíontacha sa mhargadh aonair Tá an margadh inmheánach do tháirgí ollmhór. In
2010, sa trádáil laistigh den AE, b'fhiú geall le EUR 1 trilliún táirgí
tomhaltais, idir chomhchuibhithe agus neamh‑chomhchuibhithe. Meastar gur fiú
EUR 2 100 billiún ar a laghad luach na n‑earnálacha comhchuibhithe san
AE-27 (lena n-áirítear táirgí tomhaltais agus táirgí gairmiúla araon). Ba cheart margadh inmheánach an AE a bheith ina
mhargadh sábháilte ina bhfuil táirgí sábháilte ag saorghluaiseacht. D'fhonn
prionsabal na saorghluaiseachta i réimse na sábháilteachta táirgí a chur i
bhfeidhm go héifeachtach, ní foláir an measúnú ar shábháilteacht an táirge a
dhéanamh sa tslí chéanna i ngach Ballstát lena chinneadh an bhfanfaidh sé ar an
margadh nó nach bhfanfaidh. Ba cheart saorghluaiseacht táirgí sábháilte a chur
chun cinn agus táirgí neamhshábhailte a aimsiú go héifeachtach agus a bhaint de
mhargadh aonair an AE. 1.2.1. Fadhb 1: Deacrachtaí i ndáil
le ceanglais sábháilteachta táirgí an AE a chomhlíonadh Is minic a bhíonn sé deacair d'oibreoirí
eacnamaíocha ceanglais sábháilteachta tháirgí an AE a chomhlíonadh toisc nach
mbíonn, de ghnáth, na ceanglais a bhaineann le táirgí 'neamh‑chomhchuibhithe',
mar a thugtar orthu, ag teacht le ceanglais na dtáirgí comhchuibhithe. Ina
theannta sin, sa réimse neamh‑chomhchuibhithe, is minic a bhíonn ceanglais
sábháilteachta an AE débhríoch agus nach mbíonn tagarmharcanna mionsonraithe le
haghaidh meastóireachta sábháilteachta ann ina leith, agus ar an taobh eile de,
sa réimse comhchuibhithe, déanann sraitheanna éagsúla forluiteacha de
shábháilteacht táirgí an bonn a bhaint den deimhneacht dhlíthiúil. Ní amháin go gcuireann táirgí neamhshábháilte agus
neamh-chomhlíontacha tomhaltóirí agus úsáideoirí eile i mbaol, baineann
iarmhairtí tábhachtacha eacnamaíocha leo freisin: leanann iomaíocht éagórach
iad. Is féidir le hoibreoirí nach gcloíonn leis na rialacha airgead nach beag a
shábháil ar na costais a bhaineann le comhlíonadh. Dá bharr sin is féidir leo a
dtáirgí a thairiscint ar phraghas níos ísle ná an praghas a bheadh ag a n-iomaitheoirí
a chloíonn leis an dlí. Sna hearnálacha sin ina bhfuil géariomaíocht ó tháirgí
ar phraghas íseal a allmhairítear, tá an Eoraip faoi mhíbhuntáiste. Ciallaíonn
sin go ngearrtar píonós ar an monaróir atá géilliúil don dlí toisc go mbíonn sé
ina mhíbhuntáiste iomaíochta cloí leis na rialacha. Agus domhandú na trádála ag
éirí níos géire, tá an imní a bhaineann le fadhb na dtáirgí neamhshábháilte
neamh‑chomhlíontacha ag dul i méid maidir leis na tairgí sin a allmhairítear ó
thríú tíortha (ach ní na táirgí sin amháin). 1.2.2. Fadhb 2: Tá faireachas
margaidh maidir le táirgí atá laistigh den mhargadh aonair ilroinnte In ainneoin caighdeáin sábháilteachta agus
ceanglais eile a bhaineann le táirgí (e.g. iad sin a bhaineann leis an
gcomhshaol) a bheith comhchuibhithe ar fud an Aontais, agus in ainneoin go leor
táirgí a bheith á margú go rialta i níos mó na aon Bhallstát amháin, is
amhlaidh a rialaítear an Margadh Aonair trí 27 córas forghníomhaithe ar leith. An faireachas margaidh
gan a bheith ag feidhmiú go héifeachtach laistigh den Aontas Eorpach, sin ceann
de na príomhchúiseanna le líon mór táirgí neamh‑chomhlíontacha a bheith ar an
margadh. Is iad seo a leanas na príomhchúiseanna leis an bhfaireachas
sábháilteachta i margaidh aonair an AE a bheith neamhéifeachtach
neamhéifeachtúil: comhordú lag ag údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát
éagsúla; drochfheidhmiú nósanna imeachta an AE i dtaca le malartú eolais faoi
chontúirtí a bhaineann le táirgí; agus gníomhaíocht um shábháilteacht táirgí a
bheith á bhforghníomhú go míréireach ar fud an AE. Nuair a bhíonn gníomhaíocht ag teastáil thar an
teorainn, ní foláir do na húdaráis brath ar a gcomhghleacaithe sna Ballstáit
eile. Murab ionann is réimsí eile, áfach, cuir i gcás an Rialachán maidir le
Comhar um Chosaint Tomhaltóirí nó an Rialachán maidir le Seirbhísí, sa réimse
sábháilteachta táirgí, ní fhaigheann na húdaráis um fhaireachas margaidh aon
leas as na nósanna imeachta i dtaca le bhforghníomhú trasteorann éifeachtach.
Dá bhrí sin, cuirtear go leor acmhainní amú agus cailltear sineirgíochtaí
tábhachtacha. 1.3. Ceart gníomhaithe an AE Is éacht de chuid Aontas na hEorpa é an margadh
aonair do tháirgí. Ach le deireadh na dteorainneacha náisiúnta i ndáil le
táirgí tomhaltais agus táirgí eile cruthaítear go leor deiseanna do
thrádálaithe ar bheagán scrupall nach gcuireann na rialacha maidir le
sábháilteacht tomhaltóirí i bhfeidhm nó a dhiúltaíonn reachtaíocht an AE maidir
le táirgí a chur chun feidhme. Tá sé de cheart mar sin ag an AE gníomhú de bhun
Airteagal 114 den CFAE chun dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair do tháirgí
tomhaltais a áirithiú agus chun éifeachtúlacht an fhaireachais mhargaidh
trasteorann a mhéadú. Cuireann Airteagal 168(1) agus Airteagal 169(1) den CFAE
leis an gceart gníomhaithe sin. Sonraítear sa chéad Airteagal acu sin go
n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus gach beart agus
gach gníomhaíocht de chuid an Aontais á sainiú agus fhorghníomhú; sa dara
hAirteagal, foráiltear, d'fhonn leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus
ardleibhéal cosanta a áirithiú dóibh, go rannchuideoidh an tAontas, chomh maith
le gníomhaithe eile, le sláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha
tomhaltóirí a chosaint. In ainneoin margadh aonair an AE a bheith ann, is
faoi na Ballstáit atá sé ceanglais sábháilteachta táirgí a fhorghníomhú. De
réir phrionsabal na coimhdeachta is faoi na Ballstáit atá sé caingne a
thionscnamh i gcoinne táirgí contúirteacha. Mar sin féin, tá éagsúlacht mhór sa
tslí a oibrítear agus eagraítear an faireachas margaidh ó Bhallstát go chéile. I gcomhthéacs ina bhfuil deireadh ar fad, geall
leis, le rialuithe ar theorainneacha náisiúnta, tagann fadhbanna as faireachas
margaidh a bheith á dhéanamh ar shlite difriúla ar an leibhéal náisiúnta. Lena
áirithiú nach mbíonn ach táirgí sábháilte agus comhlíontacha ar an margadh,
bíonn gach Ballstát ag brath ar fhaireachas margaidh a chomharsan. Fágann sin
gur féidir laigí sa tslí a ndéantar faireachas margaidh i mBallstát amháin an
bonn a bhaint de na hiarrachtaí a dhéantar i mBallstáit eile. Tugann sin údar
don AE aghaidh a thabhairt ar an gceist seo. 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí ginearálta beartais Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus ardleibhéal cosanta a
áirithiú do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí eile trí líon na dtáirgí
neamhshábháilte nó neamh-chomhlíontacha atá ar an margadh a laghdú. 1.4.2. Cuspóirí sonracha beartais ·
Ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí an AE a
chomhdhlúthú agus a athneartú; ·
Feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an fhaireachais
mhargaidh i margadh aonair an AE do tháirgí agus éifeachtacht na
ngníomhaíochtaí sin a mhéadú; ·
Creat reachtach an AE a shimpliú. 1.4.3. Cuspóirí beartais oibríochtúla
·
Comhchuibheas cheanglais an AE maidir le
sábháilteacht táirgí a áirithiú; ·
Laghdú ar an débhríocht a bhaineann le ceanglais
maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais neamh‑chomhchuibhithe; ·
Sásraí comhair an AE a atreisiú; ·
Nósanna imeachta sábháilteachta táirgí an AE a
dhéanamh níos comhleanúnaí; ·
Gníomhaíocht níos éifeachtaí um shábháilteacht
táirgí ar fud an AE. 2. Roghanna Beartais D'ullmhaigh an
Coimisiún na roghanna beartas sin i ndlúthchomhar leis na grúpaí
geallsealbhóirí uile. Scriosadh roinnt roghanna beartas go luath, áfach, lena n‑áirítear
sábháilteacht seirbhísí a rialú, ceanglais maidir le sábháilteachta táirgí
gairmiúla neamh‑chomhchuibhithe a ghlacadh[3],
rialacha sonracha a ghlacadh maidir le táirgí a mhargaítear tríd an idirlíon
agus an ceanglas ginearálta nach foláir gach táirge tomhaltais a bheith
sábháilte a scrios. 2.1 Cuspóir
beartais sonrach 1: Rialacha an AE maidir le sábháilteacht táirgí a
chomhdhlúthú agus a atreisiú 2.1.1. Cuspóir beartais oibríochtúil:
Comhleanúnachas cheanglais an AE maidir le sábháilteacht táirgí a áirithiú; Rogha 1.A – An Cás Bunlíne: Na difríochtaí
idir na ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí tomhaltais agus na ceanglais
sábháilteachta i ndáil le táirgí comhchuibhithe a chaomhnú Rogha 1.B – Na ceanglais sábháilteachta maidir le
táirgí tomhaltais agus na ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí
comhchuibhithe a ailíniú Rogha1.C – Na
ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí tomhaltais gan a bheith sainithe
chomh beacht céanna leis na ceanglais sábháilteachta maidir le táirgí
comhchuibhithe. Rogha1.D – Na ceanglais sábháilteachta maidir le
táirgí tomhaltais a bheith sainithe níos beaichte ná na ceanglais
sábháilteachta maidir le táirgí céanna. 2.1.2. Cuspóir beartais oibríochtúil:
Laghdú ar an débhríocht a bhaineann le ceanglais maidir le sábháilteacht táirgí
tomhaltais neamh‑chomhchuibhithe Rogha 2.A – An Cás Bunlíne: Nósanna imeachta
réamhchaighdeánaithe i ndáil le táirgí neamh‑chomhchuibhithe tomhaltais a
bheith ann nach bhfuil ailínithe leis an gcóras Eorpach nua caighdeánaithe Rogha 2.B – Infheidhmeacht dhíreach ceanglas
sábháilteachta ad hoc Rogha 2.C – Deireadh a chur le glacadh foirmiúil
ceanglas sábháilteachta neamhcheangailteacha ad hoc (ailíniú leis an gcóras
Eorpach nua caighdeánaithe) Rogha 2.D – Nós imeachta mear chun caighdeáin
Eorpacha atá ann cheana a ghlacadh, gan sainorduithe 2.2. Cuspóir beartais sonrach 2:
Feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an fhaireachais mhargaidh i margadh aonair an
AE do tháirgí agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú 2.2.1. Cuspóir beartais oibríochtúil:
Sásraí comhair an AE a dhaingniú Rogha 3.A – An Cás Bunlíne: an status quo a
chaomhnú go príomha trí fhaireachas margaidh a chomhordú go deonach Rogha 3.B - Forghníomhú beart trasteorann a
chomhordú a bhí mar thoradh ar fhaireachas margaidh a rinneadh go praiticiúil. Rogha 3.C – Cuíchóiriú iomlán a dhéanamh ar
chomhordú gníomhaíochtaí an fhaireachais mhargaidh Rogha 3.D – Faireachas margaidh an AE i réimse na
dtáirgí neamhbhia a lárú (gníomhaireacht an AE um fhaireachas margaidh) 2.2.2. Cuspóir beartais oibríochtúil:
Nósanna imeachta sábháilteachta táirgí an AE a dhéanamh níos comhleanúnaí Rogha 4.A – An Cás Bunlíne: Na fógraí
comhthreomhara a thugtar faoin nós imeachta RAPEX agus faoin nós imeachta
sábháilteachta a chaomhnú Rogha 4.B – Nós imeachta RAPEX a shimpliú Rogha 4.C – Nós imeachta RAPEX a shimpliú agus é a
chuíchóiriú i leith an nós imeachta sábháilteachta 2.2.3. Cuspóir beartais oibríochtúil:
Gníomhaíochtaí níos éifeachtaí um shábháilteacht táirgí ar fud an AE Rogha 5.A – An Cás Bunlíne: Gníomhaíocht um shábháilteacht
táirgí ar fud na hEorpa a leanúint de bheith infheidhme go hindíreach go ceann
aon bhliain amháin Rogha 5.B – Raon feidhme na gníomhaíochta um
shábháilteacht táirgí ar fud na hEorpa a leathnú chun táirgí comhchuibhithe
nach táirgí tomhaltais iad a chumhdach. Rogha 5.C – Gníomhaíocht um shábháilteacht táirgí
ar fud na hEorpa a bheith infheidhme go díreach Rogha 5.D – Deireadh a chur le bailíocht theoranta
beart um shábháilteacht táirgí ar fud na hEorpa Rogha 5.E – Meascán de roghanna 5.B, 5.C agus 5.D 2.3. Cuspóir beartais sonrach 3:
Creat reachtach an AE a shimpliú Cuireann an cuspóir an creat reachtach maidir le
sábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh a shimpliú, cuireann sé leis an
dá shainchuspóir beartais eile. Áirítear sa simpliú (1) na rialacha um
fhaireachas margaidh ó ghníomhartha éagsúla reachtaíochta a thabhairt le chéile
in aon rialachán cothrománach amháin um fhaireachas margaidh, (2) rialachán a
dhéanamh den Treoir athbhreithnithe maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí
agus (3) Treoir 87/357/CEE a aisghairm agus an coincheap a ghabhann leis, i.e.
nach féidir le táirgí nach fíorbhia iad, sláinte nó sábháilteacht tomhaltóirí a
chur i mbaol, a aistriú go dtí an Rialachán nua maidir le Sábháilteacht Táirgí
Tomhaltais a chuirfear in ionad na Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta
Táirgí. 3. Anailís ar iarmhairtí agus
comparáid idir na roghanna beartas atÁ beartaithe Toisc easpa staidrimh iontaofa nó fiú meastúcháin
a bheith ann maidir leis an líon de tháirgí tomhaltais neamhshábháilte agus
neamh-chomhchuibhithe, agus toisc líon na dtáirgí neamh-chomhlíontacha
comhchuibhithe, is measúnú cáilíochtúil, go príomha, an measúnú ar na roghanna. 3.1. Cuspóir beartais sonrach 1:
Comhdhlúthú agus atreisiú rialacha an AE maidir le sábháilteacht táirgí 3.1.1. Cuspóir beartais oibríochtúil:
Féachaint chuige go bhfuil rialacha an AE maidir le sábháilteacht táirgí
comhleanúnach Chun an t-ardleibhéal cosanta céanna ar tháirgí
neamhshábháilte ar fud an AE a thabhairt do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí
eile, agus chun bacainní ar mhargadh inmheánach an AE a chosc, ní foláir
rialacha an AE maidir le sábháilteacht táirgí a bheith soiléir agus
comhoiriúnach i ngach earnáil táirgí. Comparáid idir na roghanna agus an cás bunlíne Roghanna Saincheisteanna || Rogha 1.B || Rogha 1.C || Rogha 1.D Sábháilteacht tomhaltóirí || ++ || - || ++ Soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil || ++ || + || - Éifeachtacht agus éifeachtúlacht an fhaireachais margaidh || ++ || -- || + Comparáid idir an t-athrú ar chostais na
n-oibreoirí eacnamaíocha agus an cás bunlíne Roghanna Cineálacha costais || Rogha 1.B || Rogha 1.C || Rogha 1.D Costais taighde faisnéise/ costais dlí || Laghdú || Mionlaghdú || 0 Costais táirgeachta || 0* || 0 || Méadú *mionmhéadú ach amháin i gcás grúpa an-bheag
táirgeoirí Rogha na tosaíochta:
Rogha 1.B – Na ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí tomhaltais agus na
ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí comhchuibhithe a ailíniú 3.1.2. Cuspóir beartais oibríochtúil:
Laghdú ar an débhríocht a bhaineann le ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí
tomhaltais neamh‑chomhchuibhithe Roghanna beartas arb é is aidhm leo an débhríocht
a bhaineann le ceanglais sábháilteachta i ndáil le táirgí tomhaltais neamh‑chomhchuibhithe
a laghdú, rinneadh measúnú orthu ar bhonn na héascaíochta a dhéanfaidís d'fhorbairt
caighdeán Eorpach faoi na rialacha ginearálta maidir le sábháilteacht táirgí,
ar bhonn chomhleanúnachas na nósanna imeachta leis an gcóras ginearálta de réir
Rialachán um Chaighdeánú (AE) Uimh. 1025/2012 nua agus ar bhonn na gcostas
a chuirfidís ar an riarachán poiblí. I ndáil le tráthúlacht agus ualach riaracháin níos
lú, meastar go bhfuil Roghanna 2.C agus 2.D chun tosaigh ar Rogha 2.B. Ó thaobh
Rogha 2.C agus Rogha 2.D, maidir le critéar chomhleanúnachas na nósanna
imeachta chun caighdeáin a iarraidh, tá Rogha 2.C chun tosaigh ar Rogha 2.D. Comparáid idir na roghanna agus na critéir
réamhshainithe Roghanna Critéir || Rogha 2.B || Rogha 2.C || Rogha 2.D Luas || - || + || ++ Comhleanúnachas || - || + || - Costais ar údaráis (lena n‑áirítear údaráis agus an AE) || Gan athrú || Laghdú || Laghdú Rogha na tosaíochta:
Rogha 2.C – Deireadh a chur le glacadh foirmiúil na gceanglas sábháilteachta
neamhcheangailteacha ad hoc (ailíniú leis an gcóras Eorpach nua caighdeánaithe) 3.2. Cuspóir beartais sonrach 2:
Feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an fhaireachais mhargaidh i margadh aonair an
AE do tháirgí agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú 3.2.1. Cuspóir beartais oibríochtúil:
Sásraí comhair an AE a athneartú Rinneadh measúnú ar thionchar na roghanna beartas
éagsúla agus comparáid eatarthu ar bhonn éifeachtacht agus le héifeachtúlacht
an fhaireachais margaidh a thiocfadh astu, i gcomhréir leis na hacmhainní atá
ar fáil agus an aidhm faireachas margaidh réidh do mhargadh aonair an AE a
áirithiú. Murab ionann is Rogha 3.B agus Rogha 3.C, a bhfuil
sé d'aidhm acu níos mó a bhaint amach leis na hacmhainní céanna, is dócha go
dtiocfadh níos mó buntáistí do mhargadh aonair an AE agus do shábháilteacht
tomhaltóirí as Rogha 3.D, ach bheadh gá le hinfheistíocht shubstaintiúil chun
creat láraithe de chuid an AE a thógáil le haghaidh an fhaireachais mhargaidh i
réimse na dtáirgí neamhbhia. Mar sin féin, fiú faoi Rogha 3.D, ní fhéadfaí ach
roinnt gníomhaíochtaí a aistriú go leibhéal láir an AE (e.g. na hiniúchtaí ar
chórais, athbhreithnithe piaraí ar chomh maith is atá na húdaráis faireachais
sna Ballstáit ag feidhmiú, monatóireacht ar an gcomhardú idir údaráis
forghníomhaithe agus pointí teagmhála náisiúnta RAPEX). Os a choinne sin,
níorbh fholáir bunghníomhíochtaí an fhaireachais mhargaidh a fhágáil ar an
leibhéal náisiúnta, bunghníomhaíochtaí amhail iniúchadh ar an láthair ar
mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar dháileoirí, táirgí a thástáil, measúnú
tionchair agus bainistiú riosca. Dealraíonn sé mar sin gurb í Rogha 3.C an rogha is
iomchuí chun an cuspóir a chomhlíonadh, is é sin creat comhleanúnach réidh le
haghaidh an fhaireachais mhargaidh díláraithe do mhargadh aonair an AE a chur
ar bun. Ó thaobh na mbuntáistí de, is fearr go mór Rogha 3.B, cé go bhféadfadh
sé bheith níos laige ná Rogha 3.D; ó thaobh costas de is ionann í agus Rogha
3.B, ach is fearr í na Rogha 3.D. Comparáid idir na roghanna agus an cás bunlíne Roghanna Saincheisteanna || Rogha 3.B || Rogha 3.C || Rogha 3.D Sábháilteacht tomhaltóirí || + || ++ || ++ Iomaíochas oibreoirí eacnamaíocha comhlíontacha || + || ++ || ++ Éifeachtacht faireachais mhargaidh || + || ++ || +++ Éifeachtúileacht faireachais mhargaidh || + || ++ || + Ionchas an chomhchuibhis ar cur chuige forghníomhaithe ar an margadh inmheánach || + || ++ || +++ Comparáid idir an t-athrú ar chostais na
n-oibreoirí eacnamaíocha agus an cás bunlíne Roghanna Cineálacha costais || Rogha 3.B || Rogha 3.C || Rogha 3.D Costais ar na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh || Mionmhéadú || Mionmhéadú || Méadú Costais ar an AE || Mionmhéadú || Mionmhéadú || Mórmhéadú Rogha na tosaíochta: Rogha 3.C – Cuíchóiriú ó bhun a dhéanamh ar chomhordú an fhaireachais
margaidh díláraithe ar mhargadh aonair an AE. 3.2.2. Cuspóir beartais oibríochtúil:
Nósanna imeachta sábháilteachta táirgí an AE a dhéanamh níos chomhleanúnaí Rinneadh measúnú ar na roghanna agus comparáid
eatarthu ar bhonn éifeachtachta chun táirgí contúirteacha a lorg agus ar bhonn
éifeachtúlachta chun nósanna imeachta fógra an AE do Bhallstáit agus don
Choimisiún a bhainistiú. Ní dhíothódh ná ní mhaolódh Rogha 4.A aon easnamh
atá ar na nósanna imeachta fógra atá ann cheana agus ní iomchuí é dá bhrí sin
chun an cuspóir atá á shaothrú a ghnóthú. Bheadh Rogha 4.B agus le Rogha 4.C
araon ina slí éifeachtúil chun táirgí neamhshábháilte a lorg ar mhargadh
inmheánach an AE toisc go bhfágfaidís go simpleofaí an nós imeachta fógra RAPEX
agus go ngnóthófaí an cuspóir feabhas a chur ar fheidhmiú na nósanna imeachta
foláirimh i dtaca le táirgí neamhbhia contúirteacha. Dealraíonn Rogha 4.C a
bheith níos fearr ná Rogha 4.B toisc go mbeadh an de bhuntáiste breise aici go
gcuíchóireodh sí nósanna imeachta éagsúla agus go mbeadh a gcur i bhfeidhm níos
fusa dá bharr. Comparáid idir an t-athrú agus an cás bunlíne,
maidir le húdaráis phoiblí Roghanna Critéir || Rogha 4.B || Rogha 4.C Éifeachtacht chun táirgí neamhshábháilte a lorg || Méadú || Méadú Costais ar údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh || Mionlaghdú || Laghdú Costais ar an AE || 0 || Laghdú Rogha na
tosaíochta: Rogha 4.C – Nós imeachta RAPEX a shimpliú
agus é a chuíchóiriú i leith an nós imeachta sábháilteachta 3.2.3. Cuspóir beartais oibríochtúil:
Gníomhaíocht níos éifeachtaí um shábháilteacht táirgí ar fud an AE D'fhonn an cuspóir gníomhaíocht ar leibhéal an AE
in aghaidh táirgí lena ngabhann priacal a dhéanamh níos éifeachtaí, go háirithe
i gcásanna ina dteipeann ar bheart aonair ag Ballstát freagairt chomhtháite a
thabhairt, ní foláir bearta an AE i dtaca le sábháilteacht táirgí a bheith
tráthúil, intuartha agus curtha chun feidhme go héifeachtach ag údaráis
náisiúnta um fhaireachas margaidh. Is í an tslí is fearr freagairt thráthúil a
thabhairt ar shaincheisteanna sábháilteachta ar bhealach éifeachtach intuartha
chun bearta an AE i dtaca le sábháilteacht táirgí a bheith infheidhme go
díreach agus na bearta sin a ghlacadh ar feadh tréimhse a bheadh sonraithe ar
bhonn gach cáis ar leith nó gan teorainn a bheith lena mbailíocht. D'fhéadfaí
bearta an AE i dtaca le sábháilteacht táirgí a bheith infheidhme go díreach
ionas go bhféadfadh údaráis um fhaireachas margaidh bearta forghníomhúcháin a
ghlacadh gan a thuilleadh moille ná neamhchinnteachta a bhainfeadh le trasuí sa
reachtaíocht náisiúnta i ngach Ballstát ar leith. Comparáid idir Rogha 5.B, Rogha 5.C agus Rogha
5.D in aghaidh critéar réamhshainithe Roghanna Critéir || Rogha 5.B || Rogha 5.C || Rogha 5.D || Rogha 5.E Luas || 0 || + || + || ++ Intuarthacht || 0 || 0 || + || ++ Cur i bhfeidhm éifeachtach || + || ++ || 0 || +++ Rogha na tosaíochta:
Rogha 5.E – Meascán de roghanna 5.B, 5.C agus 5.D 4. Foirm na nIONSTRAIMÍ
REACHTACHA Moltar na roghanna tofa a chur i bhfeidhm le dhá
ionstraim reachtach ar leith: D'fhéadfaí Fadhb 1 a réiteach ach Rialachán maidir
le Sábháilteacht Táirgí Tomhaltais a ghlacadh a chuirfear in ionad na Treorach
maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, rud a choinneodh an ceanglas
ginearálta nach foláir gach táirge tomhaltais a bheith sábháilte agus, i ndáil
le hoibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha, a ailíniú le forálacha Iarscríbhinn 1
de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE[4]
D'fhéadfaí Fadhb 2 a réiteach le Rialachán nua maidir le faireachas margaidh ar
tháirgí a bheadh ina phríomhionstraim le haghaidh faireachais margaidh sa
réimse táirgí neamhbhia. Na forálacha maidir le faireachas margaidh atá sa
reachtaíocht maidir le margadh inmheánach an AE, agus atá scaipthe thar go leor
reachtaíochta earnáil-shonrach an AE, i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus sa
Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, chuirfí ina n‑ionad
forálacha an Rialacháin nua. Le Rialachán a bheadh infheidhme go díreach i
ngach Ballstát ghnóthófaí ardleibhéal comhchuibhithe ar na rialacha maidir le
sábháilteacht táirgí tomhaltais agus faireachas margaidh. Leis an Rialachán
maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí Tomhaltais leagfaí síos oibleagáidí
a bheadh infhorghníomhaithe go díreach ar oibreoirí eacnamaíocha (rud a
chruthódh cothroime iomaíochta do gach oibreoir) agus a thabharfadh de
chumhacht d'údaráis um fhaireachas margaidh gníomhú láithreach i gcás táirgí
tomhaltais neamhshábhailte nó neamh‑chomhlíontachta agus gan aon ghá a bheith
ann na rialacha seo a thrasuí i ndlíthe na mBallstát. 5. Faireachán agus meastóireacht Anuas ar an
meastóireacht ar ionstraimí reachtacha cúig bliana tar éis dóibh teacht i
bhfeidhm, déanfar an mhonatóireacht ar chur i bhfeidhm rialacha an AE maidir le
sábháilteacht táirgí tríd an eolas iomchuí a bhailiú (i) ó shuirbhéanna
Eorabharaiméadair maidir le sábháilteacht tomhaltóirí, (ii) ón gcóras faisnéise
GRAS-RAPEX, (iii) ón gcóras tacaíochta faisnéise ginearálta (ICSMS) agus (iv) ó
mhonatóireacht na dTáscairí Forgníomhaithe a dhéanann suirbhé ar pharaiméadar
áirithe den bhfaireachas margaidh a dhéantar sna Ballstáit. Le suirbhéanna
Eorabharaiméadair is féidir tuiscint tomhaltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha i
leith sábháilteachta táirgí ar an margadh a thomhas. Tá an tuiscint sin
ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a d'ardaigh nó nár ardaigh an
tionscnamh leibhéal sábháilteachta táirgí tomhaltais nó muinín tomhaltóirí sa
mhargadh agus sa chreat rialála. Maidir le costais
chomhlíonta ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú agus gnóthachain sochair de
bharr iomaíochta níos cothroime agus díothú na ngníomhairí margaidh
neamh-chomhlíontacha, d'fhéadfaí staidéir ad‑hoc a dhéanamh, go háirithe, ag an
tionscal, chun an tionchar a bheidh orthu ag an reachtaíocht amach anseo a
mheas. Ar deireadh, le
gníomhaíocht monatóireachta na dTáscairí Forghníomhaithe agus na sonraí arna
bhfógairt agus arna malartú trí na córais TF a fhorbrófar a thuilleadh leis an
reachtaíocht nua, d'fhéadfaí a léiriú go bhfuil feabhas ar chomhordú agus
éifeachtacht gníomhaíochtaí faireachais sa mhargadh aonair. [1] COM(2012)225 final. [2] COM(2012)573 final. [3] Is éard atá i gceist le táirgí gairmiúla na táirgí sin a
úsáideann gairmithe amháin seachas tomhaltóirí, amhail innill thionsclaíocha,
amhábhair nó táirgí leathchríochnaithe. [4] Airteagail R1–R7.