AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.4.2021
SWD(2021) 85 final
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN
ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR
a ghabhann leis an doiciméad
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA ÁIRITHE REACHTACHA DE CHUID AN AONTAIS
{COM(2021) 206 final} - {SEC(2021) 167 final} - {SWD(2021) 84 final}
|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin |
|
Measúnú tionchair ar Chreat Rialála maidir leis an Intleacht Shaorga |
|
A. An gá atá le beart |
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais? |
|
Teicneolaíocht ilchuspóireach atá ag teacht chun cinn atá san Intleacht Shaorga (IS): grúpa ardchumhachtach teicnící ríomhchlárúcháin. Tá acmhainneacht láidir i nglacadh na hintleachta saorga chun tairbhí sochaíocha agus fás eacnamaíoch a thabhairt agus chun nuálaíocht an Aontais Eorpaigh agus iomaíochas domhanda a fheabhsú. I gcásanna sonracha, áfach, cruthaítear fadhbanna le húsáid córas intleachta saorga. De thoradh na saintréithe sonracha a bhaineann le córais intleachta saorga áirithe, d’fhéadfadh sé go gcruthófaí rioscaí nua maidir le (1) sláinte agus sábháilteacht agus (2) cearta bunúsacha, agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí dlús le dóchúlacht nó déine na rioscaí atá ann cheana. Le córais intleachta saorga freisin, (3) cruthaítear deacrachtaí le haghaidh údaráis forfheidhmithe dlí maidir le fíorú chomhlíonadh na rialacha atá ann cheana agus forfheidhmiú na rialacha sin. De thoradh an tacair saincheisteanna sin, bíonn (4) éiginnteacht dhlíthiúil ann le haghaidh cuideachtaí, (5) moill fhéideartha ar ghlacadh teicneolaíochtaí intleachta saorga i ngeall ar easpa muiníne, ag gnólachtaí agus saoránaigh chomh maith le (6) freagairtí rialála ó údaráis náisiúnta chun seachtrachtaí féideartha a mhaolú a d’fhéadfadh ilroinnt sa mhargadh inmheánach a chruthú. |
|
Cad é ba cheart a bhaint amach? |
|
‑Tá sé d’aidhm ag an gcreat rialála aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin chun dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair a áirithiú trí choinníollacha a chruthú le haghaidh fhorbairt agus úsáid na hintleachta saorga iontaofa san Aontas. I measc na gcuspóirí sonracha tá an méid seo a leanas: (1) a áirithiú go mbeidh na córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh sábháilte agus go nurramaítear an dlí atá ann cheana maidir le cearta bunúsacha agus luachanna an Aontais; (2) deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú chun infheistiú agus nuálaíocht in intleacht shaorga a éascú; (3) rialachas agus forfheidhmiú éifeachtach an dlí a fheabhsú maidir le cearta bunúsacha agus ceanglais sábháilteachta is infheidhme ar chórais intleachta saorga; agus (4) forbairt margaidh aonair a éascú le haghaidh feidhmchláir intleachta saorga dhleathacha shábháilte iontaofa agus ilroinnt sa mhargadh a sheachaint. |
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? |
|
Os de chineál trasteorann iad na sonraí agus na tacair sonraí ar mhórscála ar a mbíonn feidhmchláir intleachta saorga ag brath go minic, fágtar nach féidir leis na Ballstáit astu féin cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach go héifeachtach. Tá sé d’aidhm ag an gcreat rialála Eorpach le haghaidh na hintleachta saorga iontaofa rialacha comhchuibhithe a bhunú maidir le forbairt, cur ar an margadh agus úsáid táirgí agus seirbhísí ina leabaítear teicneolaíocht intleachta saorga nó feidhmchláir intleachta saorga neamhspleácha san Aontas. Is é is cuspóir dó cothrom na Féinne a áirithiú agus saoránaigh uile na hEorpa a chosaint, agus ag an am céanna iomaíochas agus bonn tionsclaíoch na hEorpa in intleacht shaorga a neartú. Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais maidir leis an intleacht shaorga, cuirfear borradh faoin margadh inmheánach agus bheadh poitéinseal suntasach ann buntáiste iomaíoch a thabhairt do thionscal na hEorpa ar an leibhéal domhanda, bunaithe ar bharainneacht scála nach féidir leis na Ballstáit aonair a bhaint amach astu féin. |
|
B. Réitigh |
|
Cad iad na roghanna lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil? |
|
Rinneadh na roghanna seo a leanas a bhreithniú: Rogha 1: Ionstraim reachtach de chuid an Aontais Eorpaigh lena gcuirtear scéim dheonach lipéadaithe ar bun; Rogha 2: cur chuige earnála ‘ad-hoc’; Rogha 3: ionstraim reachtach chothrománach de chuid an Aontais Eorpaigh lena mbunaítear ceanglais shainordaitheacha le haghaidh feidhmchláir intleachta saorga ardriosca; Rogha 3+: mar an gcéanna le rogha 3 ach le cóid iompair dheonacha le haghaidh feidhmchláir intleachta saorga neamh-ardriosca; agus Rogha 4: ionstraim reachtach chothrománach de chuid an Aontais Eorpaigh lena mbunaítear ceanglais shainordaitheacha le haghaidh na bhfeidhmchlár intleachta saorga uile. Is é Rogha 3+ an rogha thosaíochta toisc go gcuirtear coimircí comhréireacha ar fáil in aghaidh na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus go ndéantar na costais riaracháin agus chomhlíontachta a theorannú don íosleibhéal. Tabharfar aghaidh ar cheist shonrach an dliteanais maidir le feidhmchláir intleachta saorga trí rialacha faoi leith a bheidh ann amach anseo agus dá réir sin, ní chumhdaítear faoi na roghanna í. |
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na réitigh is rogha leo |
|
Tá gnólachtaí, údaráis phoiblí, daoine acadúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha d’aon tuairim go bhfuil bearnaí reachtacha ann nó go bhfuil gá le reachtaíocht nua, cé go bhfuil an tromlach níos lú i measc gnólachtaí. Aontaíonn na húdaráis tionscail agus na húdaráis phoiblí gur cheart na ceanglais shainordaitheacha a theorannú d’fheidhmchláir intleachta saorga ardriosca. Tá seans níos mó ann nach n‑aontóidh saoránaigh agus an tsochaí shibhialta gur cheart na ceanglais shainordaitheacha a theorannú d’fheidhmchláir ardriosca. |
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta |
|
Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? |
|
Le haghaidh na saoránach, maolófar rioscaí ar a sábháilteacht agus a gcearta bunúsacha leis an rogha thosaíochta. Le haghaidh soláthraithe intleachta saorga, cruthófar deimhneacht dhlíthiúil agus áireofar nach dtiocfaidh aon chonstaic chun cinn maidir le soláthar trasteorann seirbhísí agus táirgí a bhaineann leis an intleacht shaorga. Le haghaidh cuideachtaí a úsáideann an intleacht shaorga, cuirfear muinín chun cinn i measc a gcustaiméirí. Le haghaidh córais riaracháin phoiblí náisiúnta, cuirfear muinín an phobail chun cinn maidir le húsáid na hintleachta saorga agus neartófar sásraí forfheidhmithe (trí shásra Eorpach um chomhordúchán a thabhairt isteach, cumais iomchuí a sholáthar, agus iniúchtaí córas intleachta saorga a éascú le ceanglais nua maidir le doiciméadacht, inrianaitheacht agus trédhearcacht). |
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? |
|
Gnólachtaí nó údaráis phoiblí a fhorbraíonn nó a úsáideann feidhmchláir intleachta saorga a bhfuil ardriosca i gceist leo maidir le sábháilteacht nó cearta bunúsacha na saoránach, bheadh orthu ceanglais shonracha chothrománacha agus oibleagáidí sonracha cothrománacha a chomhlíonadh, rud a chuirfear i bhfeidhm trí chaighdeáin theicniúla chomhchuibhithe. Meastar an costas comhiomlán foriomlán comhlíontachta a bheith idir EUR 100 milliún agus EUR 500 milliún faoi 2025, i gcomhréir le suas le 4-5 % infheistíocht in intleacht shaorga ardriosca (rud a mheastar a bheith idir 5 % agus 15 % d’fheidhmchláir uile intleachta saorga). D’fhéadfadh costais fíoraithe a bheith comhionann le 2-5 % d’infheistíocht in intleacht shaorga ardriosca. Ní bheadh aon tabhú costais i gceist le haghaidh gnólachtaí nó údaráis phoiblí a fhorbraíonn nó a úsáideann feidhmchláir intleachta saorga nach n‑aicmítear mar fheidhmchláir ardriosca. D’fhéadfadh siad a chinneadh, áfach, cloí le cóid iompair dheonacha chun ceanglais oiriúnacha a chomhlíonadh, agus chun a áirithiú go bhfuil a gcórais intleachta saorga iontaofa. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh na costais a bheith chomh hard le costais na gcóras intleachta saorga ardriosca ar a mhéad, ach is dócha go mbeadh siad níos ísle. |
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas? |
|
Bainfidh fiontair bheaga agus mheánmhéide níos mó sochair as ardleibhéal foriomlán muiníne in intleacht shaorga ná mar a bhainfidh cuideachtaí móra ar féidir leo freisin a bheith ag brath ar a n‑íomhá branda. Fiontair bheaga agus mheánmhéide a fhorbraíonn feidhmchláir a aicmítear mar ardriosca, bheadh orthu costais a iompar atá cosúil leis na costais a bheadh á n‑iompar ag cuideachtaí móra. Go deimhin, i bhfianaise inscálaitheacht ard na dteicneolaíochtaí digiteacha, féadfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide cumhacht ollmhór a bheith acu agus tionchar a imirt ar na milliún daoine d’ainneoin iad a bheith beag. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann le feidhmchláir ardriosca, trí fhiontair bheaga agus mheánmhéide a sholáthraíonn an intleacht shaorga a eisiamh ó chur i bhfeidhm na creata rialála, d’fhéadfaí an bonn a bhaint go mór ón gcuspóir maidir le muinín a mhéadú. Leis an gcreat, áfach, beartófar bearta sonracha, lena n‑áirítear boscaí gainimh rialála nó soláthar cúnaimh trí na Moil Nuálaíochta Digití, chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide i gcomhlíonadh na rialacha nua, agus riachtanais speisialta na bhfiontar sin á gcur san áireamh. |
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar chórais riaracháin náisiúnta? |
|
Bheadh ar na Ballstáit údaráis mhaoirseachta a ainmniú a bheadh i bhfeighil ar na ceanglais reachtacha a chur chun feidhme. D’fhéadfadh feidhm mhaoirseachta na n‑údarás sin cur le socruithe atá ann cheana, mar shampla, maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta nó faireachas margaidh, ach bheadh gá le saineolas teicneolaíochta leormhaith agus acmhainní leordhóthanacha. De réir an struchtúir atá ann cheana i ngach Ballstát, d’fhéadfadh 1 go 25 Coibhéis Lánaimseartha in aghaidh an Bhallstáit a bheith i gceist leis an méid sin. |
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? |
|
Leis an rogha thosaíochta, mhaolófaí go suntasach na rioscaí ar an tsábháilteacht agus ar chearta bunúsacha na saoránach chomh maith le luachanna níos leithne an Aontais, agus cuirfear feabhas ar shábháilteacht táirgí agus seirbhísí áirithe ina leabaítear teicneolaíocht intleachta saorga nó ar shábháilteacht feidhmchlár intleachta saorga neamhspleách. |
|
Comhréireacht? |
|
Tá an togra comhréireach agus riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach, toisc go n‑úsáidtear cur chuige rioscabhunaithe agus nach gcuirtear ualach rialála i bhfeidhm ach amháin i gcás inar dócha go mbeadh ardriosca ag baint leis na córais intleachta saorga do chearta bunúsacha agus don tsábháilteacht. Murab amhlaidh an cás, ní chuirtear ach oibleagáidí trédhearcachta íosta i bhfeidhm, go háirithe, i dtéarmaí faisnéis a sholáthar chun úsáid córais intleachta saorga le linn idirghníomhú le daoine nó úsáid domhainbhrionnuithe chun críoch dlisteanach a chur in iúl. Le caighdeáin chomhchuibhithe agus treoir tacaíochta agus uirlisí um chomhlíonadh, beidh sé d’aidhm acu cuidiú le soláthraithe agus úsáideoirí na ceanglais a chomhlíonadh agus a gcostais a íoslaghdú. |
|
D. Iarobair |
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas? |
|
Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéanfar meastóireacht agus athbhreithniú ar an gcreat 5 bliana tar éis an dáta a thiocfaidh sé chun bheith infheidhme. |