AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.9.2022
SWD(2022) 320 final
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN
ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR
a ghabhann leis an doiciméad
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga ( an Treoir maidir le Dliteanas na hIntleachta Saorga)
{COM(2022) 496 final} - {SEC(2022) 344 final} - {SWD(2022) 318 final} - {SWD(2022) 319 final}
|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin |
|
Measúnú tionchair ar an tionscnamh maidir le dliteanas sibhialta i leith damáiste ar cúis leis an intleacht shaorga |
|
A. An gá atá le beart |
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais? |
|
Cuspóir de chuid an Choimisiúin is ea leathadh amach na hintleachta saorga, agus is treocht é a bhfuil coinne leis freisin. Cé go meastar go mbeidh táirgí/seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga níos sábháilte ná táirgí/seirbhísí traidisiúnta, tarlóidh timpistí mar sin féin. Na rialacha dliteanais atá ann faoi láthair, agus go háirithe rialacha náisiúnta arna mbunú ar fhaillí, níl siad in oiriúint chun éilimh a láimhseáil ar chúiteamh i leith díobháil ar cúis léi táirgí/seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga. Faoi rialacha den sórt sin, ní mór don íospartach a chruthú go ndearna duine gníomh nó neamhghníomh éagórach agus gurb é sin is cúis leis an damáiste. Mar gheall ar shaintréithe sonracha na hintleachta saorga, lena n‑áirítear uathriail agus doiléire (dá ngairtear éifeacht an ‘bhosca dhuibh’), bíonn sé deacair nó róchostasach an duine faoi dhliteanas a shainaithint agus na ceanglais maidir le héileamh dliteanais rathúil a chruthú. Is mian leis an gCoimisiún a sheachaint gur lú an chosaint a bheidh ag íospartaigh a mbeadh an intleacht shaorga ina cúis dochair dóibh, e.g. saoránaigh nó gnólachtaí, ná ag íospartaigh na dteicneolaíochtaí traidisiúnta. Easpa cúitimh den sórt sin, d’fhéadfadh sí difear a dhéanamh don mhuinín a bheadh acu as an intleacht shaorga agus, i ndeireadh na dála, ar leibhéal úsáide na dtáirgí/seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga. Ní léir conas is féidir rialacha náisiúnta maidir le dliteanas a chur i bhfeidhm i leith sonraíochtaí na hintleachta saorga. Sa bhreis air sin, má thugann cúirteanna aghaidh ar thoradh atá éagórach ar an íospartach, féadfaidh sé go gcuirfidh siad na rialacha atá ann cheana i bhfeidhm ar bhonn ad hoc chun teacht ar thoradh cóir. Beidh sé sin ina chúis le héiginnteacht dhlíthiúil. Dá thoradh sin, beidh deacrachtaí ag gnólachtaí a thuar conas a chuirfear na rialacha dliteanais atá ann faoi láthair i bhfeidhm má tharlaíonn damáiste. Dá bhrí sin, beidh deacrachtaí acu a neamhchosaint ar dhliteanas a mheasúnú agus a árachú. Is amhlaidh is mó an iarmhairt sin i gcás gnólachtaí atá gníomhach thar theorainneacha nó beidh éiginnteachtaí i gceist i ndlínsí éagsúla. Déanfar difear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe, fiontair nach féidir leo brath ar shaineolas dlíthiúil inmheánach ná ar chúlchistí caipitil. Meastar freisin, mura ngníomhóidh an tAontas, go gcuirfidh na Ballstáit a rialacha náisiúnta dliteanais féin in oiriúint do dhúshláin na hintleachta saorga. Mar thoradh air sin, beidh tuilleadh ilroinnte ann agus méadófar na costais ar ghnólachtaí atá gníomhach ar fud an Aontais. |
|
Cad é ba cheart a bhaint amach? |
|
Cuid de chur i bhfeidhm thosaíocht an Choimisiúin don aistriú digiteach is ea an tionscnamh seo. Is é is cuspóir foriomlán dó leathadh amach intleachta saorga iontaofa a chur chun cinn ionas go mbainfear lánleas as an intleacht shaorga. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an bPáipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga éiceachóras muiníne a chruthú chun úsáid na hintleachta shaorga a chur chun cinn. Is comhthoradh riachtanach é an tionscnamh dliteanais ar rialacha sábháilteachta oiriúnaithe don intleacht shaorga agus, dá réir sin, comhlánaíonn sé an Gníomh um an Intleacht Shaorga. Leis an tionscnamh maidir leis an intleacht shaorga, déanfar an méid seo a leanas: -Áiritheofar go mbeidh an chosaint chéanna ag íospartaigh tháirgí/sheirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga agus atá ag íospartaigh na dteicneolaíochtaí traidisiúnta. -Laghdófar an éiginnteacht dhlíthiúil maidir le neamhchosaint na ngnólachtaí ar dhliteanas, sin gnólachtaí a fhorbraíonn nó a úsáideann an intleacht shaorga. -Seachnófar teacht chun cinn oiriúnuithe ilroinnte, a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga, ar rialacha náisiúnta maidir leis an dliteanas sibhialta. |
|
Cén breisluach a bhaineann le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? |
|
Chun leathadh amach na hintleachta saorga a chur chun cinn san Eoraip, beidh gá ann margadh aonair an Aontais a oscailt do na hoibreoirí eacnamaíocha sin ar mian leo an intleacht shaorga a fhorbairt nó a úsáid ina ngnólachtaí. Is iad na réamhriachtanais a bheidh ann an éiginnteacht dhlíthiúil a laghdú agus cosc a chur ar an ilroinnt a bheadh ann dá dtosódh Ballstáit a oiriúnú rialacha náisiúnta ar bhealaí éagsúla as a stuaim féin. Gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais maidir le dliteanas i leith na hintleachta saorga, tugann meastacháin choimeádacha le fios go mbeadh tionchar dearfach cothrom le méadú 5-7 % aici ar luach táirgeachta na trádála trasteorann ábhartha le hais an cháis bunlíne. |
|
B. Réitigh |
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil? |
|
Rogha bheartais 1: trí bheart maolaithe i leith an dualgais atá ar íospartaigh a gcuid éileamh maidir le dliteanas a chruthú: a) Comhchuibhiú ar an mbealach ar féidir an fhaisnéis a nochtadh in imeachtaí cúirte, ar faisnéis í a taifeadadh/a doiciméadaíodh de réir rialacha sábháilteachta táirgí an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, ionas gur féidir leis an íospartach a aithint agus a chruthú cén gníomh nó cén neamhghníomh ba chúis leis an damáiste. b) Má léiríonn an t-íospartach nár chomhlíon an duine faoi dhliteanas ceanglais sábháilteachta sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga a ceapadh chun damáiste a chosc, d’fhéadfadh na cúirteanna a thoimhdiú gurbh é an neamhchomhlíonadh sin ba chúis leis an damáiste. Bheadh deis ag an duine a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas an toimhde sin a bhréagnú, mar shampla trína chruthú gur cúis eile a bhí faoi deara an damáiste. c) I gcás nach mbeadh aon bhealach ag an íospartach an t-éileamh dliteanais a chruthú ach amháin a léiriú cad a tharla laistigh den intleacht shaorga, mhaolófaí an dualgas sin ar an íospartach. Bheadh deis ag an duine a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas a chruthú nár ghníomhaigh siad go faillíoch. Rogha bheartais 2: na bearta faoi Rogha 1 + córas diandliteanais a chomhchuibhiú maidir le cásanna úsáide intleachta saorga a mbíonn próifíl riosca ar leith acu. Ciallaíonn an diandliteanas go mbeidh dliteanas ar an duine a nochtann an pobal do riosca (is minic is riosca ar leasanna dlíthiúla ar ardluach a bhíonn i gceist, amhail a mbeatha, a sláinte nó a maoin) agus a bhaineann tairbhe as sin, má fhíoraítear an riosca sin, e.g. an dliteanas a bhíonn ar úinéir cairr. I gcásanna den sórt sin, ní bhíonn le cruthú ag an íospartach ach gur eascair an damáiste fíoraithe ó réimse riosca an duine faoi dhliteanas. Is féidir é sin a chomhcheangal le hárachas éigeantach. Rogha bheartais 3: cur chuige céimnithe (an rogha bheartais thosaíochta) a chomhdhéantar de dhá chéim: - An chéad chéim: na bearta faoi rogha 1; agus - An dara céim: sásra athbhreithnithe chun athmheasúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an diandliteanas a chomhchuibhiú i leith cásanna úsáide intleachta saorga a mbíonn próifíl riosca ar leith acu (d’fhéadfaí árachas éigeantach a chomhcheangal leis sin). |
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cé na bearta is rogha leo? |
|
Go foriomlán, d’aontaigh formhór na bpáirtithe leasmhara leis na fadhbanna a sainaithníodh agus thacaigh siad le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Dheimhnigh an formhór mór de na saoránaigh den Aontas, d’eagraíochtaí tomhaltóirí agus d’institiúidí acadúla an gá atá le gníomhaíocht ón Aontas chun fadhbanna na n‑íospartach maidir leis an dualgas cruthúnais a mhaolú. Cé gur aithin gnólachtaí éifeachtaí diúltacha na héiginnteachta maidir le rialacha dliteanais a chur i bhfeidhm, bhí siad níos faichillí agus d’iarr siad idirghabháil spriocdhírithe ionas nach srianfaí an nuálaíocht. B’amhlaidh an cás maidir leis na roghanna beartais freisin. Thacaigh saoránaigh den Aontas, eagraíochtaí tomhaltóirí agus institiúidí acadúla go láidir leis na bearta maidir leis an dualgas cruthúnais, ar a laghad. Bhí siad i bhfách leis an mbeart ba láidre freisin, mar atá, an diandliteanas a chomhchuibhiú mar aon le hárachas éigeantach. Bhí na gnólachtaí níos scoilte, de réir a méid freisin. Mheas siad go mbeadh an diandliteanas díréireach. Bhí tacaíocht níos mó ann chun maolú an dualgais cruthúnais a chomhchuibhiú, go háirithe i measc FBManna. Mar sin féin, thug gnólachtaí rabhadh i gcoinne an dualgas cruthúnais a thiontú go hiomlán. |
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta |
|
Cé na tairbhí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)? |
|
D’áiritheofaí leis an rogha bheartais thosaíochta nach mbeadh cosaint níos lú ag íospartaigh táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga (daoine nádúrtha, gnólachtaí agus aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile) ná ag íospartaigh na dteicneolaíochtaí traidisiúnta. Mhéadófaí an leibhéal muiníne as an intleacht shaorga agus chuirfí a húsáid chun cinn. Ina theannta sin, laghdófaí an éiginnteacht dhlíthiúil leis an tionscnamh agus chuirfí cosc ar an ilroinnt, rud a chabhródh le cuideachtaí, agus go háirithe FBManna, ar mian leo acmhainneacht iomlán mhargadh aonair an Aontais a bhaint amach trí tháirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga a leathadh amach ar bhonn trasteorann. Leis an tionscnamh, chuirfí feabhas freisin ar na dálaí ina bhféadfadh árachóirí cumhdach a thairiscint le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga, rud atá ríthábhachtach do FBManna go háirithe chun a gcuid rioscaí a bhainistiú. Ó thaobh tairbhí comhshaoil de, meastar go nginfidh an tionscnamh éifeachtúlachtaí agus go gcuirfidh sé leis an nuálaíocht sna teicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Is é is aidhm don tionscnamh seo táirgí agus seirbhísí úrscothacha a chur chun cinn, ach den chuid is mó, níl siad ar an margadh go fóill. Tá na bearta a mholtar céim chun tosaigh nó oiriúnaítear an creat dlíthiúil leo do na riachtanais agus dúshláin shonracha a bhaineann leis an intleacht shaorga ionas go gcruthófar éiceachóras muiníne agus deimhneachta dlíthiúla. Mar gheall ar an gcur chuige beartais réamhbhreathnaitheach seo, níl sonraí leordhóthanacha ar fáil chun tionchair na rogha beartais tosaíochta a thomhas go cainníochtúil. Dá bhrí sin, is measúnú cáilíochtúil a rinneadh ar na tionchair den chuid is mó, agus na sonraí uile a bhí ar fáil á gcur san áireamh mar aon le meastacháin ó shaineolaithe agus ionchur ó pháirtithe leasmhara. Ar bhonn toimhdí réasúnaithe, cuireadh cur chuige cainníochtaithe i bhfeidhm maidir le roinnt gnéithe. Meastar, dá réir sin, go nginfeadh an rogha bheartais thosaíochta idir thart ar EUR 500 milliún agus thart ar EUR 1.1 billiún de luach margaidh méadaithe san intleacht shaorga in AE-27 in 2025. Thairis sin, tugann anailís mhicreacnamaíoch atá bunaithe ar shonraí margaí faoi fholúsghlantóirí róbatacha le fios go nginfeadh an tionscnamh méadú EUR 30.11 milliún go EUR 53.74 milliún ar an leas iomlán a bhaineann leis an gcatagóir táirgí sin amháin in AE-27. |
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? |
|
Leis an rogha bheartais thosaíochta, cuirtear cosc ar bhearnaí dliteanais arb iad saintréithe na hintleachta saorga is cúis leo. D'áiritheofaí, i gcásanna nach ligfeadh saintréithe sonracha na hintleachta saorga don íospartach na fíricí ba ghá a chruthú iontu, go mbeadh an costas ar an duine atá freagrach as an damáiste seachas ar an íospartach. Tá sé sin i gcomhréir le ceann de chuspóirí bunúsacha dhlí an dliteanais, i.e. a áirithiú go ndéanfaidh an duine a dhéanann dochar do dhuine eile ar bhealach neamhdhleathach an dochar a rinneadh don íospartach a chúiteamh. Is cuid bhunúsach freisin é den chuspóir beartais atá ag an gCoimisiún, mar atá, a áirithiú go mbeidh an leibhéal céanna cosanta ag íospartaigh i leith damáistí ar córais intleachta saorga iad is cúis leo agus atá ag íospartaigh i leith damáistí ar teicneolaíochtaí traidisiúnta is cúis leo. Déantar leithdháileadh costas níos éifeachtúla dá bharr agus sin ar an duine is cúis leis an damáiste, arb é an duine is mó a bhíonn in inmhe an damáiste a chosc. Na daoine indliteanais (go háirithe gnólachtaí atá gníomhach sa mhargadh intleachta saorga), is rí-chosúil go mbeidh cumhdach árachais acu. Le réitigh árachais is féidir an t-ualach dliteanais a roinnt ar na daoine uile a bhfuil árachas acu, agus, dá réir sin, costais an duine faoi dhliteanas a theorannú go préimheanna bliantúla an árachais. Dá bhrí sin, chun íospartach a chúiteamh, is é an costas amháin a d’áireodh duine faoi dhliteanas a mbeadh árachas aige ná méadú imeallach ar a bpréimheanna árachais. Níorbh fhéidir cainníochtú beacht fíorláidir ar na costais a chur i gcrích toisc nach bhfuil na táirgí agus seirbhísí úrscothacha a gcuirtear chun cinn leis an tionscnamh seo ar an margadh go fóill, den chuid is mó. Ar bhonn na sonraí a bhí ar fáil, anailís ó shaineolaithe, agus toimhdí réasúnaithe, is é an meastachán a rinneadh go bhféadfadh sé go dtiocfadh méadú idir EUR 5.35 milliún agus EUR 16.1 milliún ar mhéid foriomlán na bpréimheanna árachais dliteanais ghinearálta a íoctar go bliantúil san Aontas as an rogha bheartais thosaíochta. |
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas? |
|
Trí fheabhas a chur ar dhálaí feidhmithe an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh táirgí agus seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga, bheadh tionchar dearfach ag an tionscnamh ar iomaíochas na gcuideachtaí atá gníomhach i margadh intleachta saorga na hEorpa. Bheadh na cuideachtaí sin níos iomaíche ar scála domhanda, rud a neartóidh staid an Aontais i leith a iomaitheoirí sa rás domhanda ó thaobh na hintleachta saorga de (na Stáit Aontaithe agus an tSín go príomha). Ós teicneolaíocht chumasaithe thrasearnálach í an intleacht shaorga, ní bheadh na tairbhí sin teoranta d’earnálacha sonracha áirithe ach bheadh feidhm acu – ar leibhéil éagsúla, áfach – ar gach earnáil ina ndéantar an intleacht shaorga a fhorbairt nó a úsáid. Bhainfeadh FBManna tairbhe níos mó fós ná na páirtithe leasmhara eile as laghdú na héiginnteachta dlíthiúla agus na hilroinnte, toisc gur mó a théann na fadhbanna sin i gcion orthusan faoi na rialacha dliteanais atá ann faoi láthair. Go háirithe, leis an tionscnamh chuirfí feabhas ar na dálaí le haghaidh FBManna ar mian leo táirgí nó seirbhísí atá cumasaithe leis an intleacht shaorga a leathadh amach i mBallstáit eile. Tá sé sin ríthábhachtach toisc gurb iad FBManna atá ag forbairt teicneolaíochtaí intleachta saorga, nó á gcur i bhfeidhm nó á n‑úsáid, is mó a spreagann margadh na hintleachta saorga san Aontas. Bhainfeadh FBManna tairbhe as an tionscnamh seo freisin nuair is íospartaigh i leith damáistí iad arb í an intleacht shaorga is cúis leo, toisc go bhféadfaidís dul i muinín an mhaolaithe ar an dualgas cruthúnais chun cúiteamh a éileamh. |
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? |
|
Ní mheastar go mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta ná ar údaráis riaracháin náisiúnta. Na bearta atá i gceist chun an dualgas cruthúnais ar íospartaigh a mhaolú, d’fhéadfaí iad a chomhtháthú go rianúil sna creataí nós imeachta agus dliteanais shibhialta atá ag na Ballstáit faoi láthair. Beidh ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme an tionscnaimh agus faisnéis áirithe a sholáthar le haghaidh athbhreithniú spriocdhírithe an Choimisiúin. Beidh na ceanglais tuairiscithe sin teoranta, áfach, d’fhaisnéis a bheidh ar fáil trí na bunachair sonraí atá ag na Ballstáit faoi láthair agus ó fhaisnéis a thuairiscítear faoi ionstraimí dlíthiúla eile (e.g. an Gníomh um an Intleacht Shaorga nó an Treoir maidir le Mótarárachas), sa chaoi go gcothófar sineirgí agus go n‑áiritheofar comhleanúnachas na mbeart beartais amach anseo ar fud réimsí beartais éagsúla. |
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? |
|
Cearta bunúsacha: Rannchuideoidh an tionscnamh le tacaíocht a thabhairt d’fhorfheidhmiú éifeachtach príobháideach na gceart bunúsacha agus caomhnófar an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil i gcás inar fíoraíodh rioscaí na hintleachta saorga i leith na gceart bunúsach (e.g. idirdhealú). An ghné idirnáisiúnta: Trí chur chuige cothrom a chur chun cinn maidir leis an dliteanas i leith damáiste arb í an intleacht shaorga is cúis leis, tá deis ag an Aontas tagarmharc domhanda a shocrú agus a chur chuige féin a chur chun cinn mar réiteach domhanda, rud a chruthódh i ndeireadh na dála buntáiste iomaíoch don ‘intleacht shaorga dhéanta san Eoraip’. |
|
An chomhréireacht? |
|
Tá an rogha thosaíochta ceaptha chun an bealach a réiteach d’fhorbairt agus úsáid na hintleachta saorga agus chun an príomhchuspóir a bhaint amach, mar atá, leathadh amach na hintleachta saorga san Aontas a chur chun cinn. Ní rachaidh an rogha seo thar a bhfuil riachtanach, áfach. Ar an gcéad dul síos, is idirghabháil spriocdhírithe í idirghabháil an Aontais, toisc nach ndéanfar léi ach an dualgas cruthúnais ar íospartaigh a mhaolú. Ní dhéanfar léi ach na gnéithe dliteanais ar dúshlán dóibh an intleacht shaorga a chomhchuibhiú, agus fágfar gnéithe eile amhail faillí agus cúisíocht a chinneadh faoi na dlíthe náisiúnta atá ann cheana. Ar an dara dul síos, leis an rogha bheartais thosaíochta cuirtear an measúnú ar an ngá le diandliteanas a chomhchuibhiú siar go céim níos faide anonn, nuair a fhéadfar tuilleadh faisnéise faoin intleacht shaorga agus faoina n‑úsáidí a bhailiú (féach tuilleadh thíos). Ar an tríú dul síos, leis an rogha thosaíochta molfar cur chuige comhchuibhithe íosta. Cé nach mbaintear cothrom na Féinne amach go hiomlán le comhchuibhiú íosta, áirithítear gur féidir rialacha nua a chomhtháthú go rianúil sa chreat dlíthiúil dliteanais shibhialta atá ann cheana laistigh de gach Ballstát. Sa chaoi sin, beidh na Ballstáit in ann idirghabhálacha spriocdhírithe an Aontais a bhaineann leis an rogha thosaíochta a chomhtháthú ina ndlí náisiúnta, méadófar an deimhneacht dhlíthiúil ar fud an Aontais, cuirfear cosc ar thuilleadh ilroinnte dlíthiúla, agus áiritheofar cosaint éifeachtacht na n‑íospartach a bheidh inchurtha leis an leibhéal cosanta i leith damáistí eile. |
|
D. Iarobair |
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas? |
|
Cur chuige céimnithe atá sa rogha bheartais thosaíochta: ar dtús tabharfar bearta isteach chun an dualgas cruthúnais ar an íospartach a mhaolú agus ansin, ar bhonn clásal athbhreithnithe, déanfar measúnú ar an staid cúig bliana ina dhiaidh sin. Leis an bpróiseas sin beidh an Coimisiún in ann a mheasúnú, i bhfianaise fhorbairt agus úsáidí na teicneolaíochta, an mbeidh gá le comhchuibhiú an diandliteanais agus le hárachas éigeantach sa bhreis ar na bearta lena maolaítear an dualgas cruthúnais. |