Eureka C-460/20 Sínigh isteach

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

8 Nollaig 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Treoir 95/46/CE – Airteagal 12(b) – Airteagal 14(1)(a) – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 17(3)(a) – Úsáid a bhaint as inneall cuardaigh idirlín – Cuardaigh ar bhonn ainm duine – Nasc chuig ailt ina bhfuil faisnéis a líomhnaítear a bheith míchruinn i liosta na dtorthaí cuardaigh a thaispeáint – Taispeáint grianghraf mar mhionsamhlacha (thumbnails) i gceann de na hailt sin i liosta na dtorthaí a bhaineann le cuardach íomhánna – Iarraidh ar dhíliostú a sheoltar chuig oibreoir innill cuardaigh – Cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta bunúsacha – Airteagail 7, 8, 11 agus 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Oibleagáidí agus freagrachtaí a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoir an innill cuardaigh agus é ag déileáil le hiarraidh ar dhíliostú – Dualgas cruthúnais ar an iarratasóir ar dhíliostú)

I gCás C-460/20,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme, an Ghearmáin), trí bhreith an 27 Iúil 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 27 Iúil 2020, sna himeachtaí idir

TU,

RE

v

Google LLC

AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, P.G. Xuereb, L.S. Rossi agus D. Gratsias, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič (Rapóirtéir), F. Biltgen, N. Piçarra, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: G. Pitruzzella,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 24 Eanáir 2022,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–

TU agus RE, ag M. Siegmann agus T. Stöber, Rechtsanwälte,

–

Google LLC, ag B. Heymann, J. Spiegel agus J. Wimmers, Rechtsanwälte,

–

Rialtas na Gréige, ag S. Charitaki, A. Magrippi agus M. Tassopoulou, i gcáil gníomhairí,

–

Rialtas na hOstaire, ag G. Kunnert, A. Posch agus J. Schmoll, i gcáil gníomhairí,

–

Rialtas na Rómáine, ag E. Gane agus L. Liţu, i gcáil gníomhairí,

–

an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, F. Erlbacher, H. Kranenborg agus D. Nardi, i gcáil gníomhairí,

tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 7 Aibreán 2022

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú 17(3)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1; “RGCS”), agus Airteagal 12(b) agus pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 14 de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31), arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais’ Eorpaigh (“an Chairt”).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir TU agus RE agus Google LLC maidir le hiarratas lenar iarradh, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaí na hailt ar líne ina n‑aithnítear na hiarratasóirí a dhíliostú ó na torthaí a chuirtear ar fáil tar éis cuardach a dhéanamh ar bhonn a n-ainmneacha agus, ar an dara dul síos, go ndéanfaí na grianghraif lena dtaispeántar iad mar mhionsamhlacha (“thumbnails”) a scriosadh ó na torthaí ar chuardach íomhánna.

An dlí lena mbaineann

Treoir 95/46

3

Foráiltear le mír 1 d’Airteagal 1 de Threoir 95/46, dar teideal “Cuspóir”, don mhéid seo a leanas:

« I gcomhréir leis an Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit cosaint saoirsí agus cearta bunúsacha daoine nádúrtha, agus go háirithe a gceart chun príobháideachais, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.»

4

Foráiltear in Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”, mar a leanas:

“Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

a)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (ábhar sonraí); [...]

b)

ciallaíonn “próiseáil sonraí pearsanta” (próiseáil) aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta, [...]

[...]

d)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála ar shonraí pearsanta; [...]

[...].»

5

I Roinn I de Chaibidil II den Treoir sin, dar teideal “Prionsabail a bhaineann le cáilíocht sonraí”, is mar seo a leanas a bhí Airteagal 6 den Treoir:

“1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh na sonraí pearsanta:

[...]

d)

beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó a próiseáladh iad tuilleadh;

[...].

6

Foráiltear i Roinn V de Chaibidil II den treoir chéanna, dar teideal “Ceart rochtana an ábhair sonraí”, in Airteagal 12 den treoir, dar teideal “Ceart rochtana”, sonraítear:

“Ráthóidh na Ballstáit don ábhar sonraí an ceart chun an méid seo a leanas a fháil ón rialaitheoir sonraí pearsanta:

[...]

b)

de réir mar is iomchuí, sonraí a cheartú, a scriosadh nó a bhlocáil, ar sonraí iad nach gcomhlíonann a bpróiseáil forálacha na Treorach seo, go háirithe mar gheall ar chineál neamhiomlán nó míchruinn na sonraí;

[...].”

7

Foráiltear i Roinn VII de Chaibidil II, de Threoir 95/46 dar teideal “Ceart an ábhair sonraí chun agóid a dhéanamh”, in Airteagal 14(1) de, sonraítear:

“Deonóidh na Ballstáit an ceart seo a leanas don ábhar sonraí:

a)

ar a laghad sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 7(e) agus (f), chun agóid a dhéanamh tráth ar bith, ar fhorais dhlisteanacha thathantacha a bhaineann lena staid leithleach féin, i gcoinne próiseáil sonraí a bhaineann leis, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa reachtaíocht náisiúnta. I gcás ina mbeidh freasúra chuí-réasúnaithe ann, ní féidir na sonraí sin a áireamh a thuilleadh sa phróiseáil arna tionscnamh ag an rialaitheoir;

[...].

RGCS

8

I gcomhréir le hAirteagal 94(1) de RGCS, aisghaireadh Treoir 95/46 le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018 le RGCS. De bhun Airteagal 99(2) de, tá sé i bhfeidhm ón dáta céanna sin.

9

Luaitear, in aithrisí 4, 39 agus 65 den Rialachán sin, an méid seo a leanas:

“(4)

Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a cheapadh ar chaoi agus go rachadh sí chun leas an duine. Ní ceart glan é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; ní mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí agus é a chothromú i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Sa Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha uile agus comhlíontar na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe urraim ar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ar an áit chónaithe agus ar chumarsáidí, urraim ar chosaint sonraí pearsanta do dhéanamh, an tsaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil, agus an ceart i leith éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga.

[...]

(39)

[...] Ba cheart gach beart réasúnta a dhéanamh chun a áirithiú go gceartaítear nó go scriostar sonraí pearsanta míchruinne. [...]

[...]

(65)

Ba cheart an ceart a bheith ag ábhar sonraí go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a cheartú agus ba cheart “ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” a bheith aige nó aici i gcás ina sáraíonn coinneáil sonra[í] pearsanta […] den sórt sin an Rialachán seo nó dlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir. [...] Ba cheart, áfach, é a bheith dleathach na sonraí pearsanta a choinneáil tuilleadh i gcás gur gá sin le haghaidh fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil [...].”

10

Foráiltear i gCaibidil I, den Treoir sin dar teideal “Forálacha ginearálta,” in Airteagal 4(1) de dar teideal “Sainmhínithe”, don mhéid seo a leanas:

“Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (‘ábhar sonraí’); [...];

Ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile;

[...]

7)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála;

[...].”

11

Foráiltear i gCaibidil II, den Treoir sin dar teideal “Prionsabail”, in Airteagal 5 de dar teideal “Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta”, don mhéid seo a leanas:

“1.   Maidir le sonraí pearsanta:

[...]

beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (‘cruinneas’);

[...]

2.   Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (‘cuntasacht’).”

12

I Roinn 2 de Chaibidil II den RGCS dar teideal “Ceartú agus léirscriosadh”, tá Airteagail 16 agus 17 de ar fáil i measc airteagal eile.

13

Foráiltear le hAirteagal 16 den Rialachán sin, dar teideal “An ceart go ndéanfaí ceartúcháin”, mar a leanas:

“Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. Agus na críocha dár ndearnadh an phróiseáil a gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin soláthair ráitis fhorlíontaigh.”

14

Foráiltear le hAirteagal 17 den Rialachán sin, dar teideal “An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”) mar a leanas:

“1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan mhoill mhíchuí agus beidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais seo a leanas:

(a)

níl na sonraí riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó a próiseáladh iad;

(b)

tarraingíonn an t-ábhar sonraí siar a thoiliú a bhfuil an phróiseáil bunaithe air i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(1) nó le pointe (a) d'Airteagal 9(2) agus i gcás nach bhfuil aon fhoras dlíthiúil eile leis an bpróiseáil;

(c)

déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(1) agus ní ann d'fhorais dhlisteanacha sháraitheacha maidir leis an bpróiseáil, nó déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(2);

(d)

rinneadh próiseáil mhídhleathach ar na sonraí pearsanta;

(e)

is gá na sonraí pearsanta a léirscriosadh le go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir;

(f)

bailíodh na sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thairiscint.

(2)   I gcás inar chuir an rialaitheoir na sonraí pearsanta ar fáil don phobal agus ina bhfuil sé d'oibleagáid air de bhun mhír 1 na sonraí pearsanta a léirscriosadh, déanfaidh an rialaitheoir, agus an teicneolaíocht atá ar fáil agus costas an chur chun feidhme á gcur san áireamh, bearta réasúnta, lena n-áirítear bearta teicniúla, chun na rialaitheoirí a bhfuil próiseáil á déanamh acu a chur ar an eolas faoi go bhfuil sé iarrtha ag an ábhar sonraí go ndéanfadh rialaitheoirí den sórt sin aon nasc leis na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh nó aon chóip nó aon mhacasamhlú de na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 a mhéid go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach sna cásanna seo a leanas:

(a)

chun an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú;

[...]”.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh

15

Tá TU ina comhalta ar bhoird stiúrthóirí agus is é an t-aon scairshealbhóir de chuideachta infheistíochta agus ina chathaoirleach ar fhochuideachta de chuid na cuideachta sin, arb éard atá iontu, i dteannta a chéile agus le cuideachtaí eile, ná grúpa cuideachtaí. Is é an t-aon scairshealbhóir freisin i dtríú cuideachta é, arb í an t-aon scairshealbhóir i gceathrú cuideachta í, agus an ceathrú cuideachta sin ag sealbhú 60% de na scaireanna i gcúigiú cuideachta.

16

Bhí RE mar pháirtí le TU agus, go dtí Bealtaine 2015, bhí sí ina gníomhaire údaraithe sa cheathrú cuideachta sin.

17

An 27 Aibreán, an 4 Meitheamh agus an 16 Meitheamh 2015, foilsíodh trí alt inar cuireadh i láthair go criticiúil an tsamhail infheistíochta arna cur chun feidhme ag an gcúigiú cuideachta agus ag an ngrúpa cuideachtaí, dá dtagraítear i mír 15 den bhreithiúnas seo, ar an suíomh gréasáin www...gnet (“an suíomh gréasáin g-net”). Sa bhreis air sin, bhí trí ghrianghraf de TU in éineacht leis an alt dar dáta an 4 Meitheamh 2015, inar léiríodh TU ag tiomáint só-charr, i héileacaptair agus os comhair eitleán faoi seach, chomh maith le grianghraf de RE i gcarr a bhfuil díon infhillte air.

18

De réir na bhfógraí dlíthiúla (“Impressum”), is é G-LLC oibreoir an tsuímh g-net, lena oifig chláraithe aige i Nua-Eabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá). Is é cuspóir corparáideach G-LLC, de réir a ráiteas féin, “rannchuidiú ar bhealach inbhuanaithe, trí nochtadh gníomhach faisnéise agus trédhearcacht leanúnach, chun cosc a chur ar chalaois eacnamaíoch agus shóisialta”. Thuairiscigh foilseacháin éagsúla go criticiúil ar shamhail ghnó G, go háirithe á cháineadh as cuideachtaí a ‘dhúmhál’ trí thuarascálacha diúltacha a fhoilsiú ina leith ar dtús agus ansin ag tairiscint dóibh, mar mhalairt ar shuim airgid, na tuarascálacha sin a scriosadh nó cosc a chur orthu a bheith foilsithe.

19

Rinne Google liostáil sa liosta torthaí d’ailt an 4 Meitheamh 2015 agus an 16 Meitheamh 2015 nuair a iontráladh sloinnte agus céad-ainmneacha na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí ina inneall cuardaigh, ina n-aonar agus in éineacht le hainmneacha cuideachta áirithe, agus d’alt an 27 Aibreán 2015 nuair a iontráladh ainmneacha cuideachtaí áirithe, agus rinne sé tagairt do na hailt sin trí nasc. Ina theannta sin, le linn cuardaigh íomhánna ar an inneall sin, léirigh Google ar liosta na dtorthaí cuardaigh, i bhfoirm mionsamhlacha, grianghraif na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí atá in alt an 4 Meitheamh 2015. Cuireadh deireadh le taispeáint na ngrianghraf sin i mí Mheán Fómhair 2017 ar a dhéanaí. Maidir leis na hailt, níl rochtain orthu a thuilleadh ar an suíomh g-net ón 28 Meitheamh 2018 ar a dhéanaí.

20

D’iarr na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ar Google, mar rialaitheoir ar phróiseáil sonraí pearsanta lena inneall cuardaigh, ar an gcéad dul síos, na naisc chuig na hailt atá i gceist sna príomhimeachtaí a bhaint de liosta na dtorthaí cuardaigh, ar an bhforas go bhfuil líomhaintí míchruinne agus tuairimí clúmhillteacha iontu, agus, ar an dara dul síos, na mionsamhlacha a bhaint de liosta na dtorthaí cuardaigh. Mhaígh siad go ndearna G-LLC dúmhál orthu freisin.

21

Dhiúltaigh Google géilleadh don iarraidh sin, ag tagairt don chomhthéacs gairmiúil ina bhfuil na hailt agus na grianghraif atá á gconspóid sna príomhimeachtaí agus á mhaíomh nach raibh a fhios aige go raibh an fhaisnéis atá iontu míchruinn, mar a líomhnaítear.

22

Le linn na bliana 2015, thug na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí caingean os comhair Landgericht Köln (An Chúirt Réigiúnach, Köln, an Ghearmáin) ag iarraidh go n-ordófaí do Google na naisc chuig na hailt atá i gceist sna príomhimeachtaí a bhaint de na liostaí torthaí cuardaigh agus deireadh a chur le taispeáint na ngriangraf a dhéanann léiriú orthu, i bhfoirm mionsamhlacha. Le breithiúnas an 22 Samhain 2017, rinne an chúirt sin an chaingean a dhíbhe.

23

Rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair Oberlandesgericht Köln (Uaschúirt Réigiúnach, Köln, an Ghearmáin), a dhíbh iad le breithiúnas an 8 Samhain 2018. Mar a léirigh an chúirt sin, ní mór aird shuntasach a thabhairt ar an modh sonrach oibríochta atá ag inneall cuardaigh agus ar an tábhacht faoi leith a bhaineann leis le haghaidh fheidhmiú an idirlín, agus meá á déanamh ar chothromaíocht na gceart agus na leasanna iomaíocha atá le cur i gcrích. Ós rud é nach bhfuil aon nasc dlíthiúil ag oibreoir an innill chuardaigh le soláthraithe an ábhair dá dtagraítear agus nach bhfuil sé indéanta d’oibreoir an innill chuardaigh na fíorais a imscrúdú agus a mheasúnú agus tuairim na soláthraithe sin á cur san áireamh freisin, ní bheadh sé faoi réir oibleagáidí sonracha iompraíochta ach amháin nuair a bheadh sé ar an eolas, tar éis léiriú nithiúil a fháil ar an duine is ábhar do na sonraí, maidir le sárú ar an dlí atá soiléir agus inbhraite ar an gcéad amharc. Bheadh na prionsabail sin bailí freisin i gcás nach n-úsáidtear an t-inneall cuardaigh ach amháin chun íomhánna a chuardach, toisc go mbeadh na leasanna ábhartha atá i gceist inchomparáide.

24

Shonraigh an chúirt achomhairc, a mhéid is gá cruinneas an fhíorais líomhnaithe a chur san áireamh go cinntitheach, gur ar an iarratasóir ar dhíliostú a bheidh an dualgas cruthúnais ina leith sin. Sa chás seo, ós rud é nár chruthaigh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí go bhfuil na fíorais a tuairiscíodh maidir leo míchruinn, ní bheadh Google in ann measúnú cinntitheach a dhéanamh ar na hailt atá i gceist sna príomhimeachtaí agus, dá bhrí sin, níl sé de cheangal orthu iad a dhíliostú. Maidir le grianghraif a thaispeántar i bhfoirm mionsamhlacha, d’fhéadfaí breathnú ar na grianghraif sin, a mhéid a ghabhann siad le ceann de na hailt sin, mar íomhánna reatha.

25

Rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí achomharc ar phointe dlí os comhair Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme, an Ghearmáin), an chúirt a rinne an tarchur.

26

Tugann an chúirt sin faoi deara go mbraitheann toradh na caingne sin ar léiriú dhlí an Aontais, go háirithe Airteagal 17(3)(a) de RGCS agus Airteagal 12(b) agus Airteagal 14(1)(a) de Threoir 95/46.

27

Mar réamhphointe, tugann an chúirt a rinne an tarchur le fios go dtagann an iarraidh go n-ordófaí do Google na naisc chuig na hailt atá i gceist sna príomhimeachtaí a dhíliostú ó liosta na dtorthaí cuardaigh ratione temporis laistigh de raon feidhme de RGCS, ach go dtagann an iarraidh go n-ordófaí do Google na mionsamhlacha a bhaint de liosta na dtorthaí cuardaigh ratione temporis laistigh de raon feidhme Threoir 95/46, ós rud é nár léirigh an t-inneall cuardaigh arna oibriú ag Google iad a thuilleadh ar dháta theacht i bhfeidhm RGCS. Maidir leis an iarraidh dheireanach sin, áfach, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt freagra a thabhairt ina leith sin, agus an rialachán sin á chur san áireamh freisin.

28

Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara ansin, cé nach bhfuil na hailt atá i gceist sna príomhimeachtaí ar fáil a thuilleadh ar an suíomh gréasáin g-net agus nach léiríonn Google na mionsamhlacha a thuilleadh, nár chuir an méid sin deireadh le leas na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí agus iad ag iarraidh go ndéanfaí díliostú, ós rud é nach luaitear sa suíomh gréasáin g-net ach nach bhfuil na hailt sin ar fáil ‘faoi láthair’, ar chúiseanna éagsúla. Sna himthosca sin, ní féidir a chur as an áireamh go gcuirfí na hailt sin ar ais ar líne amach anseo agus go ndéanfadh inneall cuardaigh Google tagairt dóibh arís, ós rud é gur sonraíodh, thairis sin, go measann Google fós nach bhfuil údar maith leis an iarraidh sin ar dhíliostú agus go seasann sé lena dhiúltú amhlaidh a dhéanamh.

29

Maidir leis an tsubstaint, ar an gcéad dul síos, maidir leis an iarraidh ar naisc chuig na hailt atá i gceist sna príomhimeachtaí a dhíliostú ó liosta na dtorthaí cuardaigh, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go dtugann na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí údar maith léi trína bheith ag agairt, inter alia, míchruinneas roinnt ráiteas sna hailt sin. Dá bhrí sin, is fiú an cheist a chur, an raibh sé de dhualgas orthu míchruinneas líomhnaithe na ndearbhuithe sin a chruthú nó ar a laghad méid fianaise áirithe a thaispeáint i leith an mhíchruinnis sin, nó ar a mhalairt, ar cheart go nglacfadh Google le cruinneas na líomhaintí a rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí nó go ndéanfadh sé na fíorais féin a shoiléiriú.

30

Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, ní chomhlíontar an ceanglas maidir le cothromaíocht a bhaint amach, ar bhonn cothrom, leis na cearta bunúsacha iomaíocha a eascraíonn as Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Chairt, ar thaobh amháin, agus as Airteagal 11 agus Airteagal 16 den Chairt, ar an taobh eile, más rud é, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, go bhfuil an dualgas cruthúnais ar pháirtí amháin nó ar an bpáirtí eile go heisiach.

31

Dá réir sin, molann an chúirt sin réiteach a ghlacadh lena mbeartaítear ceangal a chur ar an duine lena mbaineann ceist chruinneas an ábhair dá dtagraítear a réiteach go sealadach ar a laghad os comhair an tsoláthraí ábhair, ar choinníoll gur rogha réasúnach dó, ag féachaint d’imthosca an cháis, cosaint bhreithiúnach a fháil go sealadach ar a laghad. Is fíor, a mhéid nach bhfuil aon nasc aige leis an soláthraí ábhair, go bhféadfadh na deacrachtaí céanna a bheith ag an ábhar sonraí is atá ag oibreoir an innill chuardaigh teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí sin. Mar sin féin, bheadh a fhios ag an duine sin cibé acu an bhfuil an t-ábhar dá dtagraítear cruinn nó nach bhfuil. Cibé acu an féidir nó nach féidir a cheangal go réasúnach ar an duine sin an dlí a chur ar an soláthraí ábhair d’fhéadfadh an méid sin a bheith ag brath, mar shampla, ar cé acu an féidir nó nach féidir dul i dteagmháil leis an soláthraí ábhair gan deacracht faoi leith laistigh den Aontas Eorpach.

32

Ón taobh sin de, is gnách go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur den tuairim, mar riail ghinearálta, go gceanglófaí go réasúnta ar an duine lena mbaineann caingean le haghaidh faoiseamh eatramhach a thionscnamh in aghaidh an soláthraí ábhair a bhfuil a ainm ar eolas aige, ach ní i gcoinne soláthraí gan ainm nó soláthraí a bhfuil sé dodhéanta fógraí a eisiúint chuige nó chuici. Ar an taobh eile, maidir leis an bhféidearthacht éifeachtach chun forfheidhmiú ordú scriosta a fháil i gcoinne an tsoláthraí ábhair, níl aon tionchar ag an méid sin ar na cearta i gcoinne oibreoir an innill chuardaigh.

33

Sa dara háit, maidir leis an iarraidh go n-ordófaí do Google deireadh a chur leis an taispeáint, i bhfoirm mionsamhlacha, de na grianghraif de na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí atá in alt an 4 Meitheamh 2015, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhfuil nasc sna mionsamhlacha sin, lena gceadaítear rochtain ar leathanach gréasáin tríú páirtí ar foilsíodh an grianghraf comhfhreagrach ann agus, dá bhrí sin, a bheith ar an eolas faoi chomhthéacs an fhoilsithe sin. Mar sin féin, a mhéid nach dtaispeántar sa liosta torthaí ar chuardach íomhánna ach mionsamhlacha, gan gnéithe de comhthéacs an fhoilseacháin sin a chur san áireamh ar shuíomh gréasáin an tríú páirtí, tá an liosta seo, ann féin, neodrach agus ní fhágann sé gur féidir comhthéacs an fhoilsithe tosaigh a fhionnadh uaidh.

34

Dá bhrí sin, is fiú an cheist a chur d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach i gcomhthéacs Airteagal 12(b) agus na chéad fomhíre d’Airteagal 14(a) de Threoir 95/46 nó Airteagal 17(3)(a) de RGCS, nach gá ach an mhionsamhail a chur san áireamh sa cháil sin i gcomhthéacs neodrach liosta na dtorthaí nó i gcomhthéacs tosaigh fhoilsiú na híomhá comhfhreagraí freisin.

35

I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, sna príomhimeachtaí, a bhaineann le daoine nach eol don phobal i gcoitinne iad, nach gcuireann na grianghraif atá i gceist, iontu féin, leis an díospóireacht phoiblí agus nach bhfreastalaíonn siad ar an ngá is mó atá le faisnéis de réir bhrí na bhforálacha dá dtagraítear sa mhír roimhe seo. Mar sin féin, maidir le halt an 4 Meitheamh 2015 a foilsíodh ar an suíomh gréasáin g-net, tá ról tábhachtach acu maidir le tacú leis an teachtaireacht atá san alt sin, lena gcuirtear in iúl go bhfuil na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, de bhua a stádais mar thionscnóirí agus bainisteoirí an ceathrú cuideachta agus an ghrúpa cuideachtaí dá dtagraítear i mír 15 thuas, ag baint tairbhe as ardchaighdeán maireachtála agus go bhfuil só-earraí acu, cé go bhfuil fostaithe, dáileoirí agus custaiméirí na gcuideachtaí sin ag cur ceisteanna faoi shlándáil na n-infheistíochtaí a rinneadh. Dá réir sin, dá gcuirfí san áireamh an comhthéacs inar foilsíodh na grianghraif sin ar dtús, ba cheart a mheas go bhfuil údar maith lena bhfoilsiú mar mhionsamhlacha ar liosta na dtorthaí, ar choinníoll go bhfuil an téacs féin a ghabhann leo dleathach.

36

Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, gné lena n-áitítear i bhfabhar chomhthéacs an fhoilseacháin tosaigh a chur san áireamh ná gur naisc chuig leathanach suíomh gréasáin an tríú páirtí iad na mionsamhlacha, go teicniúil. Ar an gcaoi chéanna, is eol go bhfuil an meán-úsáideoir eolach a úsáideann inneall cuardaigh íomhánna ar an eolas go mbaintear na mionsamhlacha atá bailithe ag an inneall cuardaigh i liosta torthaí ó fhoilsithe tríú páirtí agus go gcuirtear na grianghraif a chomhfhreagraíonn do na mionsamhlacha sin i láthair, sna foilseacháin sin, i gcomhthéacs áirithe.

37

Mar sin féin, ba cheart a chur san áireamh nach léirítear comhthéacs tosaigh fhoilsiú na n-íomhánna agus nach bhfuil sé infheicthe ar shlí eile nuair a bhíonn an mhionsamhail á thaispeáint, murab ionann agus mar atá i gcás na dtorthaí eile dá dtagraítear. Mar sin féin, níl aon chúis ag úsáideoir nach bhfuil suim aige, ón tús, ach i dtaispeáint na híomhá, mar riail ghinearálta, tionscnamh agus comhthéacs tosaigh an fhoilsithe a chuardach.

38

Dá bhrí sin, de réir na cúirte a rinne an tarchur, dealraíonn sé go bhfuil sé loighciúil, chun measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí atá á déanamh ag rialaitheoir an innill chuardaigh lena mbaineann, gan a chur san áireamh sa mheá dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 14 de Threoir 95/46 nó d’Airteagal 17(3) de RGCS, ach na cearta agus na leasanna mar a eascraíonn siad as an mionsamhail féin.

39

Sna himthosca sin, chinn an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1)

An bhfuil sé ag luí le ceart an ábhair sonraí go ndéanfar an saol príobháideach a urramú (Airteagal 7 den Chairt) agus sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt), más rud é, agus na cearta agus na leasanna de bhun Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt atá i gcoinbhleacht lena chéile á gcur sa mheá, mar chuid den scrúdú ar an iarraidh ar dhíliostú a rinne an t‑ábhar sonraí i gcoinne rialaitheoir na seirbhíse cuardaigh idirlín, i gcomhréir le hAirteagal 17(3)(a) de [RGCS], nuair a théann an nasc, a bhfuil an t‑iarratasóir ag iarraidh é a dhíliostú, chuig ábhar lena n‑áirítear éilimh fhíorasacha agus breitheanna fiúntais atá bunaithe ar éilimh fhíorasacha a séanann an t‑ábhar sonraí a bhfírinneacht, agus a mbraitheann a ndlíthiúlacht ar cé chomh fíor agus atá na héilimh fhíorasacha san ábhar sin, má dhíríonn an chúirt náisiúnta go cinntitheach freisin ar an gceist an cibé an mbeadh nó nach mbeadh sé réasúnta go bhféadfadh an t‑ábhar sonraí cosaint dhlíthiúil a fháil i gcoinne sholáthraí an ábhair trí fhaoiseamh eatramhach, mar shampla, agus í ag cur, dá bhrí sin, ar a laghad réiteach sealadach ar fáil ar an gceist maidir le fírinneacht an ábhair atá á thaispeáint ag rialaitheoir an innill cuardaigh?

2)

I gcás iarraidh ar dhíliostú arna déanamh i gcoinne rialaitheoir seirbhíse cuardaigh idirlín, a dhéanann, tar éis cuardach ar ainm a fháil, grianghraif de dhaoine aonair a thaispeáint, ar chuir tríú páirtithe iad ar an idirlíon i dteannta le hainm an duine, agus, na grianghraif arna n‑aimsiú ina liosta torthaí cuardaigh a thaispeáint mar mhionsamhlacha (“thumbnails”), agus na cearta agus na leasanna de bhun Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt atá i gcoinbhleacht lena chéile á gcur sa mheá de bhun Airteagal 12(b) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 14(1)(a) de Threoir [95/46] agus Airteagal 17(3)(a) de RGCS, ar cheart a chur san áireamh go cinntitheach comhthéacs an fhoilsithe tosaigh a rinne an tríú páirtí, fiú má tá suíomh gréasáin an tríú páirtí luaite mar nasc ag an inneall cuardaigh nuair a thaispeántar an mhionsamhail ach nach bhfuil sé ainmnithe go sonrach, agus nach bhfuil an comhthéacs lena mbaineann á thaispeáint ag an tseirbhís cuardaigh idirlín?”.

Na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

Inghlacthacht

40

Tá amhras ar Google maidir le hinghlacthacht na chéad cheiste, ar an bhforas go bhfuil an fhadhb a ardaíonn sé de chineál hipitéiseach. Go háirithe, tá an réiteach a mhol an chúirt a rinne an tarchur i bhfoirm theibí nach mbaineann leis na fíricí atá i gceist sna príomhimeachtaí. Thairis sin, níl an fhaisnéis is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar an gceist sin.

41

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta, ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá le réamhrialú ar mhaithe le breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte araon a chinneadh. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léirmhíniú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C-709/20, EU:C:2021:602, mír 54 agus an cásdlí a luaitear).

42

Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léirmhíniú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland, C-709/20, EU:C:2021:602, mír 55 agus an cásdlí a luaitear).

43

Sa chás seo, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 22 dá Thuairim, thug an chúirt a rinne an tarchur léargas sách beacht agus iomlán ar an gcomhthéacs fíorasach agus dlíthiúil is cúis le díospóid na bpríomhimeachtaí agus thug sí údar leordhóthanach leis an ngá atá ann, sa chomhthéacs sin, le freagra ar an gcéad cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú.

44

I dtaca leis sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne, gur féidir próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs ghníomhaíocht an innill cuardaigh a idirdhealú ó agus a chur in éineacht leis an bpróiseáil a dhéanann foilsitheoirí láithreán gréasáin, arb í na sonraí sin á lódáil ar leathanach idirlín (breithiúnas an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12, EU:C:2014:317, mír 35). I gcás ina ngníomhaíonn an t-ábhar sonraí i gcoinne oibreoir an innill chuardaigh, ní gá, dá bhrí sin, gurb ionann na cearta, na leasanna agus na srianta lena mbaineann agus iad siúd atá i gceist i gcaingean a thugtar i gcoinne soláthraí ábhair, agus dá dheasca sin tá gá le cur i meá sonrach chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh ar dhíliostú faoi Airteagal 17 RGCS.

45

Is léir ó na cúiseanna atá leagtha amach ag an gcúirt a rinne an tarchur gur dócha go mbeidh tionchar díreach ag freagra na Cúirte ar an gceist a bhaineann, ar an gcéad dul síos, le méid na n-oibleagáidí agus na bhfreagrachtaí a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoir an innill chuardaigh i ndail le próiseáil iarraidh ar dhíliostú atá bunaithe ar mhíchruinneas líomhnaithe na faisnéise atá san ábhar a liostaítear, agus, ar an dara dul síos, leis an dualgas cruthúnais a fhorchuirtear ar an duine lena mbaineann maidir leis an míchruinneas sin, ar mheasúnú na cúirte a rinne an tarchur, sna príomhimeachtaí, beag beann ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí in ann cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne an tsoláthraí ábhair maidir le foilsiú an ábhair, a líomhnaítear a bheith míchruinn, ar an idirlíon.

46

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 22 dá Thuairim, cé go bhfuil na ceisteanna ón gcúirt a rinne an tarchur maidir leis an modheolaíocht a mheasann sí a bheith infheidhme i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí curtha in iúl ar bhealach ginearálta agus teibí, ní chiallaíonn sé sin gur ceist hipitéiseach í an cheist a tarchuireadh chuig an gCúirt ina leith sin.

47

Dá bhrí sin, tá an chéad cheist inghlactha.

Ar shubstaint an cháis

48

Lena céad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 17(3)(a) de RGCS a léiriú sa chiall, agus na cearta atá i gcoinbhleacht lena chéile ar bhonn na bhforálacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt, ar thaobh amháin, agus iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 16 den Chairt, ar an taobh eile, á gcur sa mheá, chun críocha scrúdú a dhéanamh i gcomhthéacs iarraidh ar dhíliostú chuig oibreoir innill cuardaigh lena n-iarrtar chomh maith go scriosfar, ó liosta na dtorthaí cuardaigh, an nasc chuig ábhar ina bhfuil líomhaintí a measann an duine a rinne an iarraidh iad a bheith míchruinn, go bhfuil an díliostú sin faoi réir an choinníll go ndearnadh ceist chruinneas an ábhair atá liostaithe a réiteach go sealadach ar a laghad i gcaingean arna tabhairt ag an duine sin i gcoinne sholáthraí an ábhair sin, i gcás ina bhfuil féidearthacht réasúnach ann cosaint bhreithiúnach den sórt sin a fháil.

49

Mar réamhphointe, is ceart a choinneáil i gcuimhne, ar an gcéad dul síos, nach mór gníomhaíocht innill cuardaigh, arb ionann í agus faisnéis arna foilsiú nó arna cur ar an idirlíon ag tríú páirtithe a aimsiú, a innéacsú go huathoibríoch, a stóráil go sealadach agus, ar deireadh, a chur ar fáil d’úsáideoirí idirlín de réir ord tosaíochta faoi leith, a aicmiú mar “phróiseáil sonraí pearsanta” de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 95/46 agus Airteagal 4(1) agus (2) de RGCS, nuair atá “sonraí pearsanta” san fhaisnéis sin agus, ar an dara dul síos, nach mór oibreoir an innill cuardaigh sin, a mheas mar “rialaitheoir” na próiseála sin, de réir bhrí Airteagal 2(d) den treoir sin agus Airteagal 4(7) den Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12, EU:C:2014:317, mír 41, agus an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 35).

50

Mar a tugadh le fios i mír 44 den bhreithiúnas seo, tá próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs ghníomhaíocht innill chuardaigh éagsúil ó agus sa bhreis ar an bpróiseáil a dhéanann foilsitheoirí láithreán gréasáin, arb é atá iontu ná na sonraí seo a thaispeáint ar leathanach Idirlín. Thairis sin, tá ról cinntitheach ag an ngníomhaíocht sin i scaipeadh foriomlán na sonraí sin sa mhéid is go gcuirtear iad ar fáil léi d’aon úsáideoir idirlín a dhéanann cuardach ar bhonn ainm an ábhair sonraí, lena n-áirítear úsáideoirí idirlín nach mbeadh an leathanach gréasáin ar a bhfoilsítear na sonraí sin aimsithe acu murach sin. Ina theannta sin, le heagrú agus comhiomlánú na faisnéise a fhoilsíonn innill chuardaigh ar an idirlíon d’fhonn rochtain a n-úsáideoirí orthu a éascú, féadfadh sé eascairt as an rochtain sin, i gcás ina ndéanann na húsáideoirí sin an cuardach ar bhonn ainm duine aonair, go bhfaigheann aon úsáideoir idirlín achoimre struchtúrach, tríd an liosta torthaí, ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an duine aonair sin atá le fáil ar an idirlíon agus próifíl atá mionsonraithe tríd is tríd a tharraingt air (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12, EU:C:2014:317, míreanna 36 agus 37, agus an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 36).

51

Dá bhrí sin, sa mhéid go bhféadfadh gníomhaíocht innill cuardaigh, dá bhrí sin, difear a dhéanamh go suntasach agus go forlíontach i gcomparáid le gníomhaíocht foilsitheoirí láithreán gréasáin, do na cearta bunúsacha go ndéanfaí an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, ní mór d’oibreoir an innill cuardaigh, ós é an té a chinneann críocha agus modhanna na gníomhaíochta sin, a áirithiú, i gcomhthéacs a fhreagrachtaí, a inniúlachtaí agus a fhéidearthachtaí, go gcomhlíontar leis an ngníomhaíocht na ceanglais a ghabhann le Treoir 95/46 go mbeidh éifeacht iomlán ag na ráthaíochtaí arna leagan síos leis an Treoir agus go bhféadfaí éifeachtacht agus cosaint iomlán a bhaint amach do na hábhair sonraí, go háirithe a gceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12, EU:C:2014:317, mír 38, agus an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 37).

52

Maidir le raon feidhme fhreagracht agus oibleagáidí sonracha oibreoir an innill chuardaigh, shoiléirigh an Chúirt cheana féin go bhfuil an t-oibreoir sin faoi dhliteanas, ní as sonraí pearsanta a bheith ar shuíomh gréasáin arna fhoilsiú ag tríú páirtí, ach as liostú an leathanaigh sin agus, go háirithe, as an nasc chuig an leathanach sin a thaispeáint ar liosta na dtorthaí a chuirtear i láthair d’úsáideoirí idirlín tar éis cuardach a dhéanamh ar bhonn ainm duine aonair, toisc go bhféadfadh taispeáint amhlaidh den nasc ar liosta den sórt sin difear suntasach a dhéanamh do chearta bunúsacha an ábhair sonraí maidir lena shaol príobháideach a urramú agus maidir lena shonraí pearsanta cosaint a (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12, EU:C:2014:317, mír 80, agus an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 46).

53

Sna himthosca sin, ag féachaint do fhreagrachtaí, d’inniúlachtaí agus d’fhéidearthachtaí oibreoir an innill chuardaigh mar rialaitheoir na próiseála a dhéantar i gcomhthéacs ghníomhaíocht an innill sin, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag na toirmisc agus ag na srianta a leagtar síos le Treoir 95/46 agus le RGCS maidir leis an oibreoir sin ach amháin mar thoradh ar an liostú sin, agus trí bhíthin fíorú atá le déanamh, faoi mhaoirseacht na n‑údarás náisiúnta inniúil, ar bhonn iarraidh arna déanamh ag an ábhar sonraí (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 47).

54

Maidir le hiarraidh den sórt sin, tá foráil in Airteagal 17 de RGCS lena rialaítear go sonrach an ‘ceart chun léirscriosadh’, ar a dtugtar an ‘ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad’ freisin. Cé go bhforáiltear san airteagal sin, i mír 1 de, go bhfuil ag an ábhar sonraí, i bprionsabal, ar na cúiseanna a leagtar amach ann, an ceart go scriosfadh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, sonraítear i mír 3 de, nach bhféadfar an ceart sin a agairt i gcás ina bhfuil an phróiseáil sin riachtanach ar cheann de na cúiseanna atá liostaithe, lena n-áirítear, i bpointe (a) den dara mír, feidhmiú an chirt a bhaineann, inter alia, le saoráil faisnéise.

55

Dá bhrí sin, ní mór d’oibreoir innill chuardaigh, nuair a fhaigheann sé iarraidh ar dhíliostú, a fhíorú an gá an nasc chuig an leathanach gréasáin atá i gceist a chur san áireamh sa liosta a thaispeántar tar éis cuardach a dhéanamh ar bhonn ainm an ábhair sonraí chun an tsaoirse chun faisnéis a fháil a fheidhmiú d’úsáideoirí idirlín a bhféadfadh suim a bheith acu rochtain a fháil ar an leathanach idirlín sin trí bhíthin cuardach den sórt sin, atá faoi chosaint ag Airteagal 11 den Chairt (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 66).

56

Ós rud é go bhforáiltear go sainráite in Airteagal 17(3)(a) de RGCS go n-eisiatar ceart an ábhair sonraí go léirscriosfar sonraí a bhaineann leis i gcás ina bhfuil gá leis an bpróiseáil ar mhaithe le feidhmiú an chirt a bhaineann, inter alia, le saoráil faisnéise, a ráthaítear in Airteagal 11 den Chairt, is ionann an toisc sin agus léiriú nach ceart iomlán é an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint ach, mar a thugtar le fios in aithris 4 den rialachán sin, nach mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí agus é a chothromú i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 57 agus an cásdlí a luaitear).

57

Sa chomhthéacs sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne go n-aithnítear in Airteagal 52(1) den Chairt go bhféadfar teorainneacha a fhorchur ar fheidhmiú ceart amhail na cearta sin a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 di, ar choinníoll go bhforáiltear do theorainneacha den sórt sin sa dlí, go n-urramaítear inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, má tá siad riachtanach agus má chomhlíonann siad go fírinneach cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó an gá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint (breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 58 agus an cásdlí a luaitear).

58

Le RGCS, agus go háirithe Airteagal 17(3)(a) de, cumhdaítear go sainráite ar an gcaoi sin an ceanglas maidir le cothromaíocht a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, na cearta bunúsacha go ndéanfaí an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, agus, ar an taobh eile, an ceart bunúsach chun saoirse faisnéise, a ráthaítear le hAirteagal 11 den Chairt (breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 59).

59

Ba cheart a lua freisin go gcuimsítear le hAirteagal 7 den Chairt, a bhaineann le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, cearta a chomhfhreagraíonn do na cearta a ráthaítear in Airteagal 8(1) den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘CECD’), agus go bhfuil ról lárnach ag cosaint sonraí pearsanta ar fheidhmiú an chirt go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a chumhdaítear in Airteagal 8 de CECD (ECtHR, 27 Meitheamh 2017, Satakunnan Markkinapörssi oy agus Satamedia oy v. an Fhionlainn, CE:ECHR:2017:27JUD0003113, § 137). Is gá, dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, an bhrí agus an raon feidhme céanna a thabhairt d’Airteagal 7 is a thugtar le hAirteagal 8(1) de CECD, mar a léirmhínítear é le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Is amhlaidh atá maidir le hAirteagal 11 den Chairt agus le hAirteagal 10 de CECD (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Feabhra 2019, Buivids, C-345/17, EU:C:2019:122, mír 65 agus an cásdlí a luaitear).

60

Is léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine nach mór roinnt critéar ábhartha a chur san áireamh, maidir le sonraí a fhoilsiú, chun cothromaíocht a bhaint amach idir an ceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, amhail an rannchuidiú le díospóireacht ar mhaithe le leas an phobail, clú an duine lena mbaineann, ábhar na tuarascála, iompar an duine lena mbaineann roimhe, ábhar, foirm agus tionchar an fhoilsithe, an chaoi a bhfuarthas an fhaisnéis agus a fírinneacht (féach, chuige sin, ECtHR, 27 Meitheamh 2017, Satakunnan Markkinapörssi Oy agus Satamedia Oy v. an Fhionlainn, CE:ECHR:2017:0627JUD000093113, § 165).

61

Is i bhfianaise na mbreithnithe sin gur cheart scrúdú a dhéanamh ar na himthosca inar gá d’oibreoir innill chuardaigh glacadh le hiarraidh ar dhíliostú agus, dá bhrí sin, a scriosadh ón liosta torthaí, a thaispeántar tar éis cuardach a dhéanamh ar bhonn ainm an ábhair sonraí, an nasc chuig leathanach idirlín, ar a bhfuil sonraí pearsanta an duine sin, ar an bhforas go bhfuil líomhaintí san ábhar a liostaítear a mheasann an duine sin a bheith míchruinn (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 60.

62

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, cé go bhfuil tosaíocht ag cearta an ábhair sonraí arna gcosaint ag Airteagail 7 agus 8 den Chairt, mar riail ghinearálta, ar leasanna dlisteanacha úsáideoirí idirlín, a bhféadfadh leas a bheith acu, chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis lena mbaineann, d’fhéadfadh an chothromaíocht sin a bheith ag brath, áfach, i gcásanna áirithe, ar chineál na faisnéise atá i gceist agus ar a híogaireacht do shaol príobháideach an ábhair sonraí agus ar leas an phobail an fhaisnéis sin a bheith acu, leas a d’fhéadfadh a bheith éagsúil, go háirithe, de réir an róil atá ag an ábhar sonraí sa saol poiblí (breithiúnas an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12, EU:C:2014:317, mír 81, agus an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 66).

63

Go háirithe, i gcás ina bhfuil ról ag an ábhar sonraí sa saol poiblí, ní mór don duine sin leibhéal méadaithe caoinfhulaingthe a thaispeáint, ós rud é go bhfuil sé, ar bhealach dosheachanta agus le láneolas aige ar na fíorais, nochtaithe os comhair an phobail i gcoitinne (féach, chuige sin, ECtHR, an 6 Deireadh Fómhair 2022, Khural agus Zeynalov v. an Asarbaiseáin, CE:ECHR:2022:1006JUD005506911, § 41 agus an cásdlí a luaitear).

64

Gné ábhartha í an cheist maidir le cruinneas nó míchruinneas an ábhair atá liostaithe sa mheasúnú ar na coinníollacha chur i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 17(3)(a) de RGCS, d’fhonn a mheas an bhféadfadh forlámhas a bheith ag ceart úsáideoirí idirlín chun faisnéis a fháil agus ag an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ar chearta an iarratasóra maidir le díliostú.

65

I ndáil leis sin, agus mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 30 dá Thuairim, cé gur gnách go mbíonn tosaíocht ag an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil ar an gceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe i gcás ina mbíonn ról ag an ábhar sonraí sa saol poiblí, a mhalairt atá fíor ar aon chuma i gcás ina bhfuil ar a laghad cuid den fhaisnéis, dá dtagraítear san iarraidh ar dhíliostú agus nach mionfhaisnéis í, a bhfuil sé soiléir go bhfuil sí míchruinn, I bhfianaise an ábhair ina iomláine. I gcás den sórt sin, ní féidir an ceart chun faisnéis a thabhairt agus an ceart chun faisnéis a fháil a chur san áireamh, ós rud é nach féidir an ceart chun faisnéis den sórt sin a scaipeadh agus rochtain a bheith acu uirthi a áireamh iontu.

66

Ba cheart go sonrófaí freisin, cé go bhfuil sé ábhartha do chur i bhfeidhm Airteagal 17(3)(a) de RGCS cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an fhaisnéis san ábhar atá liostaithe ceart, nach mór idirdhealú a dhéanamh idir ráitis fhíorasacha agus breitheanna fiúntais. Cé gur féidir ábharthacht na ráiteas fíorasacha a chruthú, níl breitheanna fiúntais oiriúnach ó thaobh chruthú a gcuid cruinnis (féach, chuige sin, ECtHR, 23 Aibreán 2015, Morice v. an Fhrainc, CE:ECHR:2015:0423JUD002936910, § 126).

67

Ina dhiaidh sin, ní mór a chinneadh, ar an gcéad dul síos, i gcás inarb iomchuí, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé, agus más ea cén slí, faoin duine a rinne an iarraidh ar dhíliostú fianaise a chur ar fáil chun a éileamh a chomhthacú maidir le míchruinneas na faisnéise atá san ábhar a liostaítear agus, ar an dara dul síos, an gá d’oibreoir an innill chuardaigh é féin féachaint leis na fíorais a shoiléiriú d’fhonn a fháil amach an bhfuil an fhaisnéis a líomhnaítear a bheith míchruinn ann ceart nó nach bhfuil.

68

Maidir leis na hoibleagáidí atá ar an duine a iarrann an díliostú a mar gheall ar mhíchruinneas an ábhair a liostaítear, is faoin duine sin atá sé míchruinneas follasach na faisnéise atá san ábhar sin a shuíomh nó, ar a laghad, an míchruinneas de cuid den fhaisnéis sin nach mionfhaisnéis í i bhfianaise an ábhair sin ina iomláine. Mar sin féin, ionas nach gcuirfear ualach iomarcach ar an duine sin a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’éifeachtacht an chirt chun díliostú a dhéanamh, is faoin duine sin amháin atá sé an fhianaise a sholáthar ar féidir, i bhfianaise imthosca an cháis ar leith, iarraidh ar an duine sin an fhaisnéis sin a lorg chun an míchruinneas sin a shuí. I ndáil leis sin, níl an duine sin freagrach, i bprionsabal, chomh luath leis an gcéim réamhdhlíthíochta, mar thaca lena iarraidh ar dhíliostú ó oibreoir an innill chuardaigh, as cinneadh breithiúnach a fháil i gcoinne fhoilsitheoir an tsuímh ghréasáin i dtrácht, fiú i bhfoirm cinnidh a dhéantar mar bheart eatramhach. D’fhéadfaí ualach míréasúnta a chur ar an duine sin dá bhforchuirfí oibleagáid den sórt sin air.

69

Sa dara háit, maidir leis na hoibleagáidí agus na freagrachtaí atá ar oibreoir an innill chuardaigh, is fíor, d’fhonn a fháil amach an bhféadfar leanúint d’ábhar a áireamh i liosta torthaí an chuardaigh a rinneadh trína inneall cuardaigh tar éis iarratas ar dhíliostú a dhéanamh, go gcaithfidh an t-oibreoir sin brath ar na cearta agus a na leasanna uile lena mbaineann agus ar imthosca uile an cháis.

70

Mar sin féin, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 17(3(a) de RGCS, ní féidir a cheangal ar an oibreoir sin ról gníomhach a bheith aige sa chuardach ar fhíorais nach dtacaíonn an iarraidh ar dhíliostú leo, chun críocha bunús maith an iarrata sin a chinneadh.

71

Dá bhrí sin, agus iarraidh den sórt sin á próiseáil, ní féidir a cheangal ar oibreoir an innill chuardaigh lena mbaineann imscrúdú a dhéanamh ar na fíorais agus, chuige sin, plé sáraíochta a thionscnamh leis an soláthraí ábhair chun faisnéis atá in easnamh a fháil maidir le cruinneas an ábhair atá liostaithe. A mhéid a chuireann sé d’oibleagáid ar oibreoir an innill chuardaigh rannchuidiú le cruthú go bhfuil an t-inneachar cruinn nó míchruinn, chuirfeadh oibleagáid den sórt sin ualach ar an oibreoir sin a rachadh thar a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach i bhfianaise a fhreagrachtaí, a inniúlachtaí agus a fhéidearthachtaí, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 53 thuas. Dá bhrí sin, bheadh riosca tromchúiseach i gceist leis an oibleagáid sin go ndéanfaí díliostú d’ábhar a chomhlíonann riachtanas faisnéise atá dlisteanach agus ceannasach don phobal agus go mbeadh sé deacair, dá bhrí sin, an t-ábhar sin a fháil ar an idirlíon. I ndáil leis sin, bheadh fíorbhaol ann go mbeadh éifeacht athchomhairleach ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil dá ndéanfadh oibreoir an innill chuardaigh díliostú den sórt sin ar bhealach atá beagnach córasach, ionas nach mbeadh ar oibreoir an innill chuardaigh na fíorais ábhartha a imscrúdú d’fhonn a shuí an raibh an t-ábhar liostaithe cruinn nó nach raibh.

72

Dá bhrí sin, i gcás ina gcuirfidh an duine a thaisc iarratas ar díliostú fianaise ábhartha leordhóthanach ar fáil, atá oiriúnach chun tacú lena iarraidh agus chun a shuí gur faisnéis mhíchruinn go follasach í an fhaisnéis atá san ábhar liostaithe nó, ar a laghad, cuid den fhaisnéis sin nach mionfhaisnéis í i bhfianaise an ábhair sin ina iomláine, ceanglaítear ar oibreoir an innill chuardaigh an iarraidh sin ar dhíliostú a cheadú. Is amhlaidh atá freisin i gcás ina dtíolacann an duine lena mbaineann cinneadh breithiúnach arna ghlacadh i gcoinne fhoilsitheoir an tsuímh gréasáin agus atá bunaithe ar an gcinneadh go bhfuil an fhaisnéis sin san ábhar liostaithe, nach mionfhaisnéis í i bhfianaise an ábhair sin ina iomláine, míchruinn, ar a laghad prima facie.

73

Ar an taobh eile de, i gcás nach bhfuil míchruinneas na faisnéise sin san ábhar liostaithe soiléir ag féachaint don fhianaise a chuir an tábhar sonraí ar fáil, ní cheanglaítear ar oibreoir an innill chuardaigh, in éagmais cinneadh breithiúnach den sórt sin, iarraidh den sórt sin ar dhíliostú a cheadú. I gcás inar dócha go gcuirfidh an fhaisnéis atá i gceist le díospóireacht a bhaineann le leas an phobail, is iomchuí, ag féachaint d’imthosca eile uile an cháis, béim a leagan ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

74

Ba cheart go sonrófaí freisin, i gcomhréir leis an méid a leagtar amach i mír 65 den bhreithiúnas seo, go mbeadh sé díréireach freisin an díliostú atá iarrtha a dhéanamh ar ailt, leis an toradh go mbeadh sé deacair rochtain a fháil ar na hailt sin go léir ar an idirlíon, i gcás gur léir nach bhfuil ach faisnéis áirithe, atá beagtábhachtach i bhfianaise an ábhair go léir a leagtar amach sna hailt sin, míchruinn.

75

Ar deireadh, ní mór a shonrú, i gcás nach gceadaíonn oibreoir innill chuardaigh an iarraidh ar dhíliostú, nach mór don duine lena mbaineann a bheith in ann an t-ábhar a chur faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta nó an údaráis bhreithiúnaigh ionas go bhféadfaidh sé na fíoruithe is gá a dhéanamh agus ordú don rialaitheoir na bearta is gá a ghlacadh dá réir (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12, AE:C:2014:317, mír 77). Go háirithe, is faoi na húdaráis bhreithiúnacha atá sé cothromaíocht a bhaint amach idir na leasanna iomaíocha, ós rud é gurb iad is fearr atá in ann iad a chur i gcóimheá chasta agus chríochnúil, ina gcuirtear san áireamh na critéir agus na tosca uile arna mbunú le cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

76

Mar sin féin, i gcás ina dtionscnófar imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann le cineál míchruinn na faisnéise in ábhar liostaithe a líomhnaítear a bheith míchruinn agus inar tarraingíodh aird oibreoir an innill chuardaigh lena mbaineann ar na himeachtaí sin, is faoin oibreoir sin atá sé, d’fhonn go háirithe faisnéis atá fós ábhartha agus cothrom le dáta a sholáthar d’úsáideoirí idirlín, chun rabhadh a chur isteach i dtorthaí an chuardaigh maidir le himeachtaí den sórt sin a bheith ann.

77

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 17(3)(a) de RGCS a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé, i gcomhthéacs na cothromaíochta nach mór a bhaint amach idir na cearta dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ar thaobh amháin, agus na cearta a leagtar amach in Airteagal 11 den Chairt, ar an taobh eile, chun críocha scrúdú a dhéanamh i gcomhthéacs iarraidh ar dhíliostú chuig oibreoir innill cuardaigh lena n-iarrtar go scriosfar ó thorthaí cuardaigh an nasc chuig ábhar ina bhfuil líomhaintí a mheasann an duine a rinne an tarchur a bheith míchruinn, níl an díliostú sin faoi réir an choinníll go ndearnadh ceist chruinneas an ábhair atá i gceist a réiteach, go sealadach ar a laghad, i gcaingean arna tabhairt ag an duine sin i gcoinne sholáthraí an ábhair sin.

An dara ceist

An dlí is infheidhme ratione temporis

78

Lena dara ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, léiriú ar Airteagal 12(b) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 14(1)(a) de Threoir 95/46 agus ar Airteagal 17(3)(a) de RGCS. Sonraíonn sí, i ndáil leis sin, cé go dtagann an iarraidh go ndéanfaidh Google díliostú ar bhealach inbhuanaithe de na naisc leis na hailt atá i gceist sna príomhimeachtaí ratione temporis laistigh de raon feidhme RGCS, tagann an iarraidh go gcuirfeadh Google deireadh leis an taispeáint, i bhfoirm mionsamhlacha, de ghrianghraif de na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí atá in alt an 4 Meitheamh 2015, ratione temporis laistigh de raon feidhme Threoir 95/46, ós rud é nach raibh na grianghraif sin, murab ionann agus na naisc sin, ar taispeáint a thuilleadh ag an inneall cuardaigh a d’oibrigh Google ar dháta theacht i bhfeidhm RGCS.

79

I ndáil leis sin, níl gá difríocht a tharraingt idir forálacha Threoir 95/46 agus forálacha RGCS dá dtagraítear sa dara ceist arna dtarchur le haghaidh réamhrialú, ós rud é nach mór a thuiscint go bhfuil na forálacha sin comhchosúil ó thaobh raon feidhme de chun críocha an léirmhínithe a bhfuil ar an gCúirt a thabhairt i gcomhthéacs an cháis seo (féach, de réir analaí, breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Vyriausioji tarnybinės etikos komisija, C-184/20, EU:C:2022:601, mír 58 agus an cásdlí a luaitear).

80

Dá bhrí sin, chun freagraí úsáideacha a thabhairt ar an dara ceist, is gá an cheist sin a scrúdú ar bhonn Threoir 95/46 agus RGCS araon.

Inghlacthacht

81

Léiríonn Google amhras chomh maith maidir le hinghlacthacht an dara ceist ós rud é go bhfuil an fhadhb a ardaítear léi de chineál hipitéiseach. Ar an gcéad dul síos, deir Google nach mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí le hiarraidh ar dhíliostú na dtorthaí ar chuardach íomhánna a rinneadh ar bhonn ainm na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí, ach le hiarraidh ar thoirmeasc ginearálta ar thaispeáint na mionsamhlacha arb ionann iad agus grianghraif a thaispeántar i gceann de na trí alt atá i gceist sna príomhimeachtaí. Ar an dara dul síos, dar leis, ní raibh na mionsamhlacha ar fáil a thuilleadh ar an suíomh gréasáin g-net a thuilleadh ó mhí Mheán Fómhair 2017 ná na hailt ón 28 Meitheamh 2018. Ar deireadh, ó 2018, tá leagan nua dá inneall cuardaigh íomhánna tugtha isteach ag Google, a deir sé, agus dá réir sin, ar leathanach na dtorthaí, taispeántar teideal giorraithe an leathanaigh gréasáin dá dtagraítear go sonrach agus an seoladh idirlín nó cuid de, i bhfoirm nasc breise, faoi gach mionsamhail.

82

I gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú le cásdlí na Cúirte dá dtagraítear i míreanna 41 agus 42 den bhreithiúnas seo, ní mór a shonrú, ar an gcéad dul síos, nach ndealraítear go follasach ó dhoiciméid an cháis atá os comhair na Cúirte go bhfuil an léirmhíniú ar fhorálacha Threoir 95/46 agus RGCS, arna iarraidh ag an gcúirt a rinne an tarchur i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar thuillteanas an iarrata chun stop a chur le taispeáint na ngrianghraf, gan baint le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí.

83

Ós rud é, go háirithe, nach bhfuil na grianghraif atá i gceist sna príomhimeachtaí le feiceáil a thuilleadh ar an suíomh g-net, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a thug an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, go ndealraíonn sé gur scriosadh an t‑ábhar sin ar bhonn sealadach amháin, mar a léirítear leis an lua ar an suíomh g-net lena ndeirtear nach féidir rochtain a fháil ar na hailt sin ‘faoi láthair’. Sna himthosca sin, ní féidir a chur as an áireamh go gcuirfí na hailt sin ar ais ar líne amach anseo agus go ndéanfaí iad a liostú arís ar an inneall cuardaigh atá á oibriú ag Google, go háirithe ós rud é go measann Google fós nach bhfuil údar maith leis an iarraidh ar dhíliostú lena mbaineann sna príomhimeachtaí agus go bhfuil sé fós ag diúltú í a cheadú.

84

Thairis sin, ó thaobh an leasa a bhaineann le freagra a fháil ón gCúirt maidir le léiriú fhorálacha ábhartha Threoir 95/46 agus RGCS i gcomhthéacs na hiarrata go gcuirfí deireadh le taispeáint na ngrianghraif, i bhfoirm mionsamhlacha, atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní féidir amhras a chaitheamh ar leas sin leis an toisc a agraíonn Google, nár chuir na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí teorainn lena n-iarratas chuig cuardaigh ar bhonn a n-ainmneacha, ná leis an toisc gur thug Google isteach leagan nua dá inneall cuardaigh íomhánna ar dá bhun, ar leathanach na dtorthaí, a dhéantar gearrtheideal an leathanaigh ghréasáin dá dtagraítear go sonrach agus an seoladh idirlín nó cuid de, i bhfoirm nasc breise, a thaispeáint faoi gach mionsamhail.

85

Ar an gcéad dul síos, fiú mura mbeadh iarraidh na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí, ar deireadh a chur le taispeáint na ngrianghraf ina léiríonn iad, i bhfoirm mionsamhlacha, teoranta do chuardach a dhéantar ar bhonn a n-ainmneacha, is amhlaidh fós go gcumhdaíonn an iarraidh sin taispeáint a eascraíonn as cuardach den sórt sin. Sna himthosca sin, ní féidir a mheas go bhfuil an léirmhíniú a iarrtar maidir leis an dara ceist sin go follasach gan baint le fíorais iarbhír na nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí.

86

Ar an dara dul síos, maidir le nasc breise a thabhairt isteach sa chuardach íomhánna lena léirítear leathanach gréasáin a bhfoilsithe tosaigh, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, is faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé na fíorais a shuí ar a mbonn nach mór breithniú a dhéanamh ar an díospóid sna príomhimeachtaí agus a chinneadh an méid atá forbairtí ina dhiaidh sin ar an inneall cuardaigh lena mbaineann ábhartha i ndáil leis sin.

87

Dá bhrí sin, tá an dara ceist inghlactha.

Substaint an cháis

88

Lena dara ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaitear Airteagal 12(b) agus an chéad fhomhír Airteagal 14(a) de Treoir 95/46 agus Airteagal 17(3)(a) de RGCS a léiriú sa chaoi go gciallaíonn siad, i gcomhthéacs na cothromaíochta nach mór a bhaint amach idir na cearta dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ar thaobh amháin, agus na cearta a leagtar amach in Airteagail 11 agus 16 den Chairt, ar an taobh eile, i gcomhthéacs iarraidh ar dhíliostú a dhéantar chuig oibreoir innill cuardaigh chun go scriosfar grianghraif ó thorthaí cuardach íomhá, arna ndéanamh ar bhonn ainm duine nádúrtha, ar grianghraif iad atá i bhfoirm mionsamhlacha lena dtaispeántar an duine sin, gur cheart comhthéacs an fhoilsithe ar an idirlíon ina bhfuil na grianghraif sin le feiceáil ar dtús a chur san áireamh.

89

Tagann an cheist chun cinn mar sin i gcomhthéacs iarraidh go scriosfar ó thorthaí an chuardaigh íomhánna a rinneadh ar bhonn ainmneacha na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí, na grianghraif a thaispeántar i bhfoirm mionsamhlacha, lenar maisíodh an t-alt a foilsíodh ar an suíomh gréasáin g-net an 4 Meitheamh 2015. I ndáil leis sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go háirithe, d’fhonn a mheas an bhfuil bunús maith leis an iarraidh sin, ar chóir luach faisnéiseach na mionsamhlacha iontu féin a chur san áireamh agus an méid sin amháin, i gcomhthéacs neodrach liosta na dtorthaí, nó an gá freisin aird a thabhairt ar chomhthéacs tosaigh fhoilsiú na ngriangraf, rud nach bhfuil soiléir ó thaispeáint na mionsamhlacha i gcomhthéacs liosta na dtorthaí inti féin.

90

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 53 dá Thuairim, go bhfuil cuardaigh íomhánna a dhéantar trí inneall cuardaigh idirlín ar bhonn ainm duine faoi réir na bprionsabal céanna is infheidhme maidir le cuardaigh ar leathanaigh idirlín agus ar an bhfaisnéis atá iontu. Dá bhrí sin, tá feidhm ag cásdlí na Cúirte dá dtagraítear i míreanna 49 go 61 den bhreithiúnas seo freisin maidir le hiarraidh ar dhíliostú a phróiseáil lena n-iarrtar torthaí cuardaigh íomhánna a bhaint ó ghrianghraif a thaispeántar i bhfoirm mionsamhlacha.

91

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, gurb ionann, sna torthaí sin, taispeáint grianghraf de dhaoine nádúrtha i bhfoirm mionsamhlacha a phróiseáil agus próiseáil sonraí pearsanta, a bhfuil ar an oibreoir innill cuardaigh lena mbaineann, chun na críocha sin, mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí Airteagal 2(d) de Threoir 95/46 agus Airteagal 4(7) de RGCS, freagairt, laistigh de raon feidhme a fhreagrachtaí, a inniúlachtaí agus a féidearthachtaí, ag féachaint do chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sna forálacha seo

92

Ina dhiaidh sin, ba cheart a shoiléiriú go mbaineann an cheist a tharchuireadh leis an modh cuardaigh sonrach le haghaidh íomhánna arna dtairiscint ag innill chuardaigh áirithe, amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, trína bhféadfaidh an t-úsáideoir idirlín faisnéis de chineál ar bith a chuardach i bhfoirm ábhar grafach (grianghraif, léirithe phictiúir, líníochtaí, graif, táblaí, etc.). I gcuardach den sórt sin, gineann an t-inneall cuardaigh liosta torthaí ina bhfuil mionsamhlacha, lena dtagraítear, trí nasc, chuig leathanaigh idirlín ar féidir na téarmaí cuardaigh a úsáideadh agus an t-ábhar grafach atá sa liosta sin a aimsiú orthu araon.

93

I ndáil leis sin, measadh, i gcás go n-áirítear leathanach gréasáin agus an fhaisnéis atá ann maidir le duine i liosta torthaí, leathanach a thaispeántar i ndiaidh cuardach ar bhonn ainm an duine sin, a mhéid a éascaítear go híogair, leis an méid sin, inrochtaineacht na faisnéise sin d’aon úsáideoir idirlín a dhéanann taighde ar an duine sin agus gur féidir leis an méid sin ról cinntitheach a bheith aige i scaipeadh na faisnéise sin, is dócha gurb ionann é agus cur isteach níos mó ar an gceart bunúsach maidir le saol príobháideach an ábhair sonraí a urramú seachas foilsiú ag foilsitheoir an leathanaigh ghréasáin sin (breithiúnas an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12, AE:C:2014:317, mír 87).

94

Tá sé seo níos fíre fós i gcás ina ndéantar grianghraif den ábhar sonraí a thaispeáint, tar éis cuardach a dhéanamh ar bhonn a ainm, i bhfoirm mionsamhlacha, ós rud é gur dócha gurb ionann an taispeáint sin agus cur isteach an-suntasach ar chearta an duine sin maidir lena shaol príobháideach a chosaint agus ar a shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt.

95

Go deimhin, tá léiriú pearsanta an duine aonair ar cheann de phríomh-shaintréithe a phearsantachta toisc go ndéantar a úrnuacht a léiriú leis agus gur féidir leis é féin a idirdhealú ó dhaoine eile. Mar sin, tá ceart an duine go ndéanfaí a léiriú pearsanta a chosaint mar réamhriachtanas tábhachtach d’fhorbairt phearsanta agus glactar leis go bhfuil smacht ag an duine sin ar a léiriú pearsanta féin, lena n-áirítear, go háirithe an fhéidearthacht dó diúltú í a scaipeadh. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil aon amhras ann go bhfuil foilsiú grianghraif san áireamh sa tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, tá tábhacht ar leith ag baint le cosaint an chirt go ndéanfar an saol príobháideach a urramú sa chomhthéacs sin i bhfianaise gur féidir, le grianghraif, faisnéis phearsanta agus fiú dlúthphearsanta a chur in iúl faoi dhuine aonair nó faoina chlann (féach, chuige sin, ECtHR, 7 Feabhra 2012, Von Hannover v. an Ghearmáin, CE:ECHR:2012:0207JUD004066008, § 95, 96 agus 103 agus an cásdlí a luaitear).

96

Dá réir sin, i gcás ina bhfaigheann oibreoir innill cuardaigh iarraidh ar dhíliostú chun go scriosfar grianghraif ó thorthaí cuardaigh íomhánna arna dhéanamh ar bhonn ainm duine nádúrtha, ar grianghraif iad atá i bhfoirm mionsamhlacha lena dtaispeántar an duine sin, ní mór dó a fhíorú an bhfuil gá leis na grianghraif atá i gceist a thaispeáint chun an ceart chun saoráil faisnéise a fheidhmiú d’úsáideoirí idirlín a bhféadfadh suim a bheith acu rochtain a fháil ar na grianghraif sin trí bhíthin cuardach den sórt sin, atá cosanta ag Airteagal 11 den Chairt (féach, de réir analaí, breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile). (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C-136/17, EU:C:2019:773, mír 66).

97

I ndáil leis sin, an rannchuidiú le díospóireacht a bhaineann le leas ginearálta ina gné bhunriachtanach atá le cur san áireamh agus cearta bunúsacha iomaíocha á gcothromú, chun críocha measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil forlámhas ag cearta an ábhair sonraí maidir lena shaol príobháideach a urramú agus a shonraí pearsanta a chosaint, nó ag na cearta chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

98

A mhéid a thaispeántar, san inneall cuardaigh, grianghraif den ábhar sonraí lasmuigh den chomhthéacs ina bhfoilsítear iad ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear, go minic chun na heilimintí téacsúla atá ar an leathanach sin a léiriú, ní mór a chinneadh an gá an comhthéacs sin a chur san áireamh mar sin féin agus na cearta agus na leasanna iomaíocha atá le cur i gcrích á gcothromú.

99

Sa chomhthéacs sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 54 dá Thuairim, is ar chuspóir agus ar chineál na próiseála lena mbaineann a mbraitheann an cheist ar gá go gcuirfí san áireamh, sa mheasúnú sin, ábhar an leathanaigh gréasáin ar a bhfuil an grianghraf a bhfuiltear ag iarraidh scriosadh a thaispeána i bhfoirm mionsamhla.

100

Ar an gcéad dul síos, maidir le hábhar na próiseála atá i gceist, ba cheart a thabhairt faoi deara gur dócha go mbeidh tionchar níos láidre ag grianghraif a fhoilsiú mar mhodh cumarsáide neamhbhriathartha ar úsáideoirí idirlín ná mar a bheadh ag foilseacháin théacsúla. Is bealach tábhachtach iad grianghraif, mar sin, chun aird úsáideoirí an idirlín a mhealladh agus d’fhéadfadh siad suim a mhealladh chun rochtain a fháil ar na hailt a léirítear leo. Ós rud é, go háirithe, gur minic gur féidir roinnt léirmhínithe a thabhairt ar ghrianghraif, d’fhéadfadh a dtaispeáint i liosta na dtorthaí cuardaigh mar mhionsamhlacha, i gcomhréir leis an méid atá luaite i mír 95 den bhreithiúnas seo, cur isteach an-tromchúiseach a dhéanamh ar cheart an ábhair sonraí go gcosnófaí a íomhá, rud nach mór a chur san áireamh agus cearta agus leasanna iomaíocha á gcothromú.

101

Dá réir sin, tá gá le cothromaíocht ar leith idir cearta agus leasanna iomaíocha i gcás go bhfuil, ar an gcéad dul síos, ailt a bhfuil grianghraif ag gabháil leo arna bhfoilsiú ag foilsitheoir an leathanaigh gréasáin agus ina léirítear, agus iad curtha ina gcomhthéacs bunaidh, an fhaisnéis a chuirtear ar fáil sna hailt sin agus na tuairimí a nochtar iontu, agus, ar an dara dul síos, grianghraif a thaispeántar i bhfoirm mionsamhlacha i liosta na dtorthaí ag oibreoir innill chuardaigh lasmuigh den chomhthéacs inar foilsíodh iad ar an leathanach gréasáin bunaidh.

102

I ndáil leis sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne ní hamháin nach ionann an foras lena dtugtar údar le sonraí pearsanta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin agus an foras a bhfuil feidhm aige maidir le gníomhaíocht inneall cuardaigh, ach, fiú i gcás inarb amhlaidh an cás, go bhféadfadh difríocht a bheith ann mar thoradh ar an gcothromú atá le déanamh ar na cearta agus na leasanna atá i gceist, ag brath ar cé acu an bhfuil an phróiseáil a dhéanann oibreoir an innill chuardaigh nó an phróiseáil a dhéanann foilsitheoir an tsuímh gréasáin sin i gceist, ós rud é, sa chéad áit, gur féidir leis na leasanna dlisteanacha lena dtugtar údar leis an bpróiseáil sin a bheith éagsúil agus, sa dara háit, nach gá go bhfuil na hiarmhairtí a bheadh ag na saghsanna próiseála sin ar an ábhar sonraí, agus go háirithe ar a shaol príobháideach, mar an gcéanna (breithiúnas an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12, EU:C:2014:317, mír 86).

103

Ar an dara dul síos, maidir le cineál na próiseála a dhéanann oibreoir an innill chuardaigh, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 55 den Tuairim uaidh, trí ghrianghraif de dhaoine nádúrtha a fhoilsítear ar an idirlíon a shainaithint agus iad a thaispeáint ar leithligh, i dtorthaí cuardach íomhá, i bhfoirm mionsamhlacha, go gcuireann oibreoir innill cuardaigh seirbhís ar fáil lena ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil go neamhspleách agus ar leithligh ó sheirbhís fhoilsitheoir an leathanaigh gréasáin óna bhfaightear na grianghraif agus ón méid sin, go bhfuil an t‑oibreoir freagrach as liostú an leathanaigh sin chomh maith.

104

Dá bhrí sin, tá gá le measúnú neamhspleách ar ghníomhaíocht oibreoir an innill chuardaigh, arb é atá ann torthaí an chuardaigh íomhánna a thaispeáint, i bhfoirm mionsamhlacha, ós rud é go bhféadfadh an cur isteach breise ar chearta bunúsacha a eascraíonn as gníomhaíocht den sórt sin a bheith thar a bheith dian mar thoradh ar chomhiomlánú na faisnéise uile a bhaineann leis an ábhar sonraí ar an idirlíon, le linn cuardaigh de réir ainm. I gcomhthéacs an mheasúnaithe neamhspleách sin, ní mór a chur san áireamh gurb é taispeáint grianghraif i bhfoirm mionsamhlacha, ann féin an toradh atá á lorg ag an úsáideoir idirlín, beag beann ar an gcinneadh a rinne sé ina dhiaidh sin maidir le rochtain a fháil nó gan rochtain a fháil ar an leathanach gréasáin bunaidh ina dhiaidh sin.

105

Ba cheart a lua freisin go bhfuil cur gcóimheá sonrach den sórt sin, lena gcuirtear san áireamh cineál uathrialach na próiseála a dhéanann oibreoir an innill chuardaigh, gan dochar d’ábharthacht fhéideartha na n-eilimintí téacs a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil go díreach le grianghraf a thaispeáint ar liosta na dtorthaí cuardaigh, ós rud é gur dócha go dtabharfaidh eilimintí den sórt sin léargas ar luach faisnéiseach an ghrianghraif sin don phobal agus, dá bhrí sin, go n-imreoidh siad tionchar ar chothromaíocht na gceart agus na leasanna lena mbaineann.

106

Sa chás seo, is léir ó na torthaí san ordú tarchuir, cé go gcuireann grianghraif na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí, i gcomhthéacs alt an 4 Meitheamh 2015 a bhfuil siad mar chuid de, le tarchur na faisnéise agus na dtuairimí a chuirtear in iúl iontu, nach bhfuil sna grianghraif sin, lasmuigh den chomhthéacs sin, ach i bhfoirm mionsamhlacha sa liosta torthaí a thaispeántar tar éis cuardach a bheith déanta ag an inneall cuardaigh, ach luach atá íseal ó thaobh faisnéise de. Dá bhrí sin, dá ndiúltófaí don iarraidh ar dhíliostú an ailt sin, ar an bhforas nach mór forlámhas a bheith ag an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil ar chearta na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí maidir lena saol príobháideach a urramú agus maidir lena sonraí pearsanta a chosaint, bheadh an imthoisc sin gan dochar don toradh ba cheart a choinneáil don iarraidh go scriosfar na grianghraif sin a thaispeántar i bhfoirm mionsamhlacha i liosta na dtorthaí.

107

Ar an taobh eile, dá ndeonófaí an iarraidh ar alt an 4 Meitheamh 2015 a dhíliostú, chaithfí na grianghraif atá san ailt sin a thaispeáint, i bhfoirm mionsamhlacha. Dá gcoinneofaí an taispeáint sin, bhainfí an bonn d’éifeachtacht dhíliostú an ailt ós rud é go leanfadh úsáideoirí idirlín de rochtain a bheith acu, tríd an nasc atá sna mionsamhlacha leis an leathanach gréasáin ar a bhfoilsítear an t-alt as a dtagann siad, ar an alt sin ar fad.

108

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 12(b) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 14(a) de Treoir 95/46 agus Airteagal 17(3)(a) de RGCS a léiriú sa chaoi go gciallaíonn siad, i gcomhthéacs na cothromaíochta nach mór a bhaint amach idir na cearta dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ar thaobh amháin, agus na cearta a leagtar amach in Airteagail 11 agus 16 den Chairt, ar an taobh eile, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar dhíliostú le hoibreoir innill cuardaigh chun go scriosfar grianghraif ó thorthaí cuardaigh íomhánna, arna ndéanamh ar bhonn ainm duine nádúrtha, ar grianghraif iad atá i bhfoirm mionsamhlacha lena dtaispeántar an duine sin, nach mór luach faisnéiseach na ngrianghraf sin beag beann ar an gcomhthéacs ina bhfoilsítear iad ar an leathanach gréasáin óna mbaintear iad, ach agus aird chuí á tabhairt ar aon ghné théacsúil a ghabhann go díreach le taispeáint na ngrianghraf seo sna torthaí cuardaigh agus lenar dócha go soiléireofar luach faisnéiseach na ngrianghraf sin.

Costais

109

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór Airteagal 17(3)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)

 

2.

a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé,

 

3.

i gcomhthéacs na cothromaíochta nach mór a bhaint amach idir na cearta dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar thaobh amháin, agus na cearta a leagtar amach in Airteagail 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha, ar an taobh eile, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar dhíliostú le hoibreoir innill cuardaigh lena n-iarrtar go scriosfar ó thorthaí cuardaigh an nasc chuig ábhar ina bhfuil líomhaintí a mheasann an duine a rinne an tarchur a bheith míchruinn, níl an díliostú sin faoi réir an choinníll go ndearnadh ceist chruinneas an ábhair atá i gceist a réiteach go sealadach ar a laghad i gcaingean arna tabhairt ag an duine sin i gcoinne sholáthraí an ábhair sin.

 

4.

Ní mór Airteagal 12(b) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 14(a) de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine nadúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus Airteagal 17(3)(a) de Rialachán (AE) 2016/679

 

5.

a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé,

 

6.

i gcomhthéacs na cothromaíochta nach mór a bhaint amach idir na cearta dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha, ar thaobh amháin, agus na cearta a leagtar amach in Airteagail 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha, ar an taobh eile, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar dhíliostú le hoibreoir innill cuardaigh chun go scriosfar grianghraif ó thorthaí cuardaigh íomhánna, arna ndéanamh ar bhonn ainm duine nádúrtha, ar grianghraif iad atá i bhfoirm mionsamhlacha lena dtaispeántar an duine sin, nach mór luach faisnéiseach na ngrianghraf sin beag beann ar an gcomhthéacs ina bhfoilsítear iad ar an leathanach gréasáin óna mbaintear iad, ach agus aird chuí á tabhairt ar aon ghné théacsúil a ghabhann go díreach le taispeáint na ngrianghraf seo sna torthaí cuardaigh agus lenar dócha go soiléireofar luach faisnéiseach na ngrianghraf sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.

Tá Eureka ag cur nasc leis…