Eureka C-768/21 Sínigh isteach

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)

26 Meán Fómhair 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 57(1)(a) agus (f) – Cúraimí an údaráis maoirseachta – Airteagal 58(2) – Bearta ceartaitheacha – Fíneáil riaracháin – Corrlach lánroghnach an údaráis maoirseachta – Teorainneacha)

I gCás C‑768/21,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Verwaltungsgericht Wiesbaden (Cúirt Riaracháin, Wiesbaden, an Ghearmáin), trí bhreith an 10 Nollaig 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 14 Nollaig 2021, sna himeachtaí

TR

v

Land Hessen,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Arabadjiev, Uachtarán Dlísheomra, T. von Danwitz, P. G. Xuereb, A. Kumin (Rapóirtéir) agus I. Ziemele, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–

TR, ag F. Wittmaack, Rechtsanwalt,

–

Land Hessen, ag Hessischer Beauftragte für Datenschutz und Informationsfreiheit, ag M. Kottmann agus G. Ziegenhorn, Rechtsanwälte,

–

Rialtas na hOstaire, ag J. Schmoll agus M.-T. Rappersberger, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na Portaingéile, ag P. Barros da Costa, J. Ramos agus C. Vieira Guerra, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na Rómáine, ag L.-E. Baţagoi agus E. Gane, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na hIorua, ag S.-E Jahr Dahl, L. M. Moen Jünge agus M. Munthe Kaas, i gcáil Gníomhairí

–

an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, M. Heller agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht leis le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 11 Aibreán 2024,

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 57(1)(a) agus (f), Airteagal 58(2) agus Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, ‘RGCS’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir TR agus Land Hessen (Land Hessen, an Ghearmáin) maidir le staonadh Hessischer Beauftragte für Datenschutz und Informationsfreiheit (an Coimisinéir um Chosaint Sonraí agus um Shaoráil Faisnéise de Land Hessen, an Ghearmáin) (‘HBDI’) bearta ceartaitheacha a ghlacadh i ndáil le Sparkasse X (Banc Taisce X, ‘Banc Taisce’).

An dlí lena mbaineann

3

De réir aithrisí 6, 7, 10, 129 agus 148 de RGCS:

‘(6)

Tá forbairtí meara teicneolaíocha agus an domhandú tar éis dúshláin nua a chruthú do chosaint sonraí pearsanta. Tá méadú suntasach tagtha ar bhailiú agus ar chomhroinnt sonraí pearsanta....

(7)

Leis na forbairtí sin, teastaíonn creat láidir agus níos comhtháite le haghaidh cosaint sonraí san Aontas [Eorpach], a mbeidh forfheidhmiú láidir mar bhunús leis, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé an mhuinín a chothú a chuirfidh ar chumas an gheilleagair dhigitigh forbairt ar fud an mhargaidh inmheánaigh....

[...]

(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin....

[...]

(129)

... Maidir leis na cumhachtaí sin atá ag na húdaráis mhaoirseachta, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le coimircí iomchuí nós imeachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit, ar bhealach atá neamhchlaon agus cóir agus laistigh de thréimhse réasúnach ama. Ba cheart, go háirithe, gach beart a bheith iomchuí, riachtanach agus comhréireach d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán sin, agus aird á tabhairt ar dhálaí gach cáis faoi leith, an ceart atá ag gach duine chun éisteacht a fháil a urramú sula nglactar aon bheart aonair a dhéanfadh dochar dó nó di agus costais iomarcacha agus míchaoithiúlachtaí thar meán a sheachaint do na daoine lena mbaineann....

[...]

(148)

D’fhonn forfheidhmiú rialacha an Rialacháin seo a neartú, ba cheart pionóis, lena n‑áirítear fíneálacha riaracháin, a fhorchur má dhéantar aon sárú ar an Rialachán, de bhreis ar na bearta iomchuí sin a fhorchuireann an t‑údarás maoirseachta de bhun an Rialacháin seo nó in ionad na mbeart sin. I gcás mionsáruithe nó más rud é go mbeadh an fhíneáil ar dóigh go bhforchuirfí ina ualach díréireach ar dhuine nádúrtha, féadfar iomardú a eisiúint in ionad fíneála. Mar sin féin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe, ar ghné intinniúil an tsáraithe, ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun an damáiste a fulaingíodh a mhaolú, ar mhéid freagrachta nó ar aon sáruithe ábhartha roimhe sin, ar an mbealach ina bhfuair an t‑údarás maoirseachta eolas faoin sárú, ar chomhlíonadh na mbeart a ordaíodh i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí, ar chloí le cód iompair agus ar aon ghné ghéaraitheach nó aon ghné mhaolaitheach eile....’

4

Tá an fhoclaíocht in Airteagal 5 den Rialachán sin mar seo a leanas:

‘1.   Maidir le sonraí pearsanta:

(a)

déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

(b)

déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin... (“teorannú de réir cuspóra”);

(c)

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

(d)

beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad... (“cruinneas”);

(e)

déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach... (“Teorannú stórála”);

(f)

déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta... (“sláine agus rúndacht”);

2.   Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).’

5

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 24(1):

‘Agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh aige, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme le háirithiú agus le bheith in ann a thaispeáint go ndéantar an phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na bearta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá.’

6

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 33 den Rialachán céanna:

‘(1)   I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, tabharfaidh an rialaitheoir, gan aon mhoill mhíchuí agus, más féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair tar éis dó bheith ar an eolas faoin sárú sin, fógra a thabhairt don údarás maoirseachta atá inniúil i gcomhréir le hAirteagal 55, mura rud é, nach dócha go mbeidh riosca ann, mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha....

[...]

3.   Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n‑áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus neas-líon na n‑ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus neas-líon na dtaifead sonraí pearsanta lena mbaineann;

(b)

cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí in iúl nó luafar pointe teagmhála eile ónar féidir tuilleadh eolais a fháil;

(c)

tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta; agus

(d)

tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta ag an rialaitheoir nó atá beartaithe aige a dhéanamh le haghaidh a thabhairt ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.

[...]’

7

Le hAirteagal 34(1) de RGCS, sonraítear an méid seo a leanas:

‘I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar dóchúil go mbeadh ardriosca ann dá bharr do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, cuirfidh an rialaitheoir in iúl don ábhar sonraí, gan mhoill mhíchuí, gur tharla an sárú sin.’

8

Áirítear i gCaibidil VI den Rialachán sin, dar teideal ‘Údaráis mhaoirseachta neamhspleácha’, Airteagail 51 go 59.

9

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 51(1) den Rialachán sin:

‘Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”).’

10

Foráiltear in Airteagal 57(1) de RGCS, dar teideal, ‘Cúraimí’, mar seo a leanas:

‘Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;

[...]

(f)

láimhseálfaidh sé gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí, nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas i gcomhréir le hAirteagal 80, agus déanfaidh sé imscrúdú, a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus cuirfidh sé an gearánaí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile;’

11

Foráiltear le hAirteagal 58 den Rialachán céanna, dar teideal ‘Cumhachtaí’, don mhéid seo a leanas i míreanna 1 agus 2:

‘1.   Beidh na cumhachtaí imscrúdaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

ordú a thabhairt don rialaitheoir agus don phróiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, d’ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, aon fhaisnéis a éilíonn sé ar mhaithe lena chúraimí a chomhlíonadh a chur ar fáil dó;

[...]

2.   Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

fógraí rabhaidh a thabhairt do rialaitheoir nó do phróiseálaí ina gcuirtear in iúl gur dóchúil go sárófar forálacha an Rialacháin seo leis na hoibríochtaí próiseála a bheartaítear;

(b)

iomarduithe a eisiúint do rialaitheoir nó do phróiseálaí i gcás ina bhfuil oibríochtaí próiseála tar éis forálacha an Rialacháin seo a shárú;

(c)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí iarrataí an ábhair sonraí a chomhlíonadh maidir lena chearta a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo;

(d)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus, nuair is iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe;

(e)

ordú a thabhairt don rialaitheoir sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí;

(f)

teorainn shealadach nó bhuan a fhorchur lena n‑áirítear cosc ar phróiseáil;

[...]

(i)

fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear sa mhír seo nó ina n‑ionad, ag brath ar dhálaí gach cáis faoi leith; agus

[...]’

12

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 77 den Rialachán sin:

‘1.   Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t‑ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo.

2.   Cuirfidh an t‑údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn agus toradh an ghearáin, lena n‑áirítear an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 78.’

13

Foráiltear le hAirteagal 83(1) agus (2) den Rialachán sin:

‘1.   Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.

2.   Gearrfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar dhálaí gach cáis aonair, de bhreis ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) agus i bpointe (j) d’Airteagal 58(2) nó ina n‑ionad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)

cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus cineál, raon feidhme nó cuspóir na próiseála lena mbaineann á gcur san áireamh chomh maith le líon na n‑ábhar sonraí do shonraí a ndearnadh difear dóibh agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;

(b)

cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;

(c)

aon ghníomhaíocht a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí chun an damáiste a bhain do na hábhair sonraí a mhaolú;

(d)

méid na freagrachta atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir siad chun feidhme de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 32 á gcur san áireamh;

(e)

aon sáruithe ábhartha a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí roimhe seo;

(f)

a mhéid comhair a bhí ann leis an údarás maoirseachta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;

(g)

na catagóirí de shonraí pearsanta a ndearna an sárú difear dóibh;

(h)

an bealach ina bhfuair an t‑údarás maoirseachta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an sárú in iúl, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;

(i)

i gcás inar ordaíodh bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(2) i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí lena mbaineann maidir leis an ábhar céanna roimhe sin, ar comhlíonadh na bearta sin;

(j)

a mhéid a gcloítear le cóid iompair formheasta de bhun Airteagal 40 nó sásraí deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42; agus

(k)

aon imthosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile is infheidhme i leith dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

14

Is comhlacht comhchoiteann é an Banc Taisce a rialaítear faoin dlí poiblí agus a dhéanann, go háirithe, oibríochtaí baincéireachta agus creidmheasa. An 15 Samhain 2019, thug sé fógra do HBDI, i gcomhréir le hAirteagal 33 de RGCS, maidir le sárú ar shonraí pearsanta, sa chaoi go bhfuair duine dá fhostaithe rochtain ar shonraí pearsanta TR, duine dá chustaiméirí, arís agus arís eile, gan a bheith cumhachtaithe amhlaidh a dhéanamh. Staon an Banc Taisce ó fhógra a thabhairt do TR faoin sárú ar a shonraí pearsanta.

15

Tar éis dó teacht ar an eolas faoin gcaoi go bhfuarthas rochtain éagórach ar a shonraí pearsanta, chuir TR gearán isteach le HBDI an 27 Iúil 2020 ar bhonn Airteagal 77 RGCS. Sa ghearán sin, rinne sé gearán faoin gcaoi nár cuireadh an sárú ar a shonraí pearsanta in iúl dó, de shárú ar Airteagal 34 den Rialachán sin. Cháin sé freisin tréimhse choinneála chlár rochtana an Bhainc Taisce, nach raibh socraithe ach ag trí mhí, agus na cearta comhairliúcháin forleathana a bhíonn ag a bhaill foirne.

16

Tar éis do TR gearán a dhéanamh, fuair HBDI aighneachtaí i scríbhinn agus ó bhéal ón mBanc Taisce maidir leis an gcáineadh a rinneadh ina choinne. Le linn na héisteachta, luaigh an Banc Taisce gur staon sé ó chumarsáid a dhéanamh faoi Airteagal 34 de RGCS, toisc gur mheas an tOifigeach Cosanta Sonraí nach raibh aon ardriosca ann do chearta agus saoirsí TR. Rinneadh bearta araíonachta i gcoinne an fhostaí lena mbaineann agus gur dheimhnigh sí i scríbhinn nach ndearna sí na sonraí pearsanta a chóipeáil ná a stóráil, agus nach ndearna sí iad a tharchur chuig tríú páirtithe agus nach ndéanfadh sí amhlaidh amach anseo. Ina theannta sin, ós rud é gur cháin HBDI tréimhse choinneála róghearr na dtaifead rochtana, chuir an Banc Taisce in iúl dó go ndéanfaí athbhreithniú ar an tsaincheist sin.

17

Le cinneadh an 3 Meán Fómhair 2020, chuir HBDI in iúl do TR nár sháraigh an Banc Taisce Airteagal 34 de RGCS, ós rud é nach raibh measúnú an Bhainc Taisce, ar dá réir gur dócha go n‑eascródh ardriosca dá chearta agus dá shaoirsí as an sárú a rinneadh ar shonraí pearsanta, earráideach go follasach de réir bhrí an Airteagail sin. Fiú dá mbeadh rochtain ag an bhfostaí ar na sonraí, ní raibh fianaise ar bith ann go ndearna an fostaí iad a tharchur chuig tríú páirtithe nó gur úsáid sé iad chun aimhleasa TR. Ina theannta sin, thug HBDI le fios gur thug sé cuireadh don Bhainc Taisce a chlár rochtana a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí. Ar deireadh, maidir leis an rochtain atá ag fostaithe de chuid an Bhainc Taisce ar shonraí pearsanta, dhiúltaigh HBDI do ghearán TR, trína chur i bhfáth go bhféadfar cearta forleathana rochtana a dheonú, i bprionsabal, i gcás ina bhfuil cinnteacht ann go gcuirtear gach úsáideoir ar an eolas faoi na coinníollacha faoina bhféadfaidh sé rochtain a fháil ar na sonraí. Dá bhrí sin, de réir HBDI, ní bheadh sé riachtanach, i bprionsabal, gach rochtain a sheiceáil.

18

Thug TR caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair Verwaltungsgericht Wiesbaden (an Chúirt Riaracháin, Wiesbaden, an Ghearmáin), an chúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh uirthi a ordú do HBDI idirghabháil a dhéanamh i gcoinne an Bhainc Taisce.

19

Mar thaca lena chaingean, maíonn TR nár dheileáil HBDI lena chaingean mar a cheanglaítear air le RGCS, is é sin le rá, i bhfianaise imthosca fíriciúla an cháis, agus deir sé freisin gur cheart do HBDI fíneáil a ghearradh ar an mBanc Taisce i bhfianaise a sháruithe éagsúla ar fhorálacha an Rialacháin sin, go háirithe a sháruithe ar Airteagal 5, Airteagal 12(3), Airteagal 15(1)(c), agus Airteagail 33(1) agus (3) den Rialachán, sin. Dar le TR, i gcás ina suítear go bhfuil sárú ar an Rialachán sin i gceist, mar shampla, i gcás nach bhfuil feidhm ag prionsabal an ionchúisimh lánroghnaigh, sa mhéid go bhfuil cead ag HBDI cinneadh a dhéanamh gníomhú nó gan gníomhú, ach, ar a mhéad, na bearta atá le déanamh a roghnú.

20

I ndáil leis sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, i gcás ina suitear go bhfuil sárú ar na forálacha a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint, ar cheart RGCS a léiriú ar chaoi go gceanglaítear ar an údarás maoirseachta bearta ceartaitheacha faoi Airteagal 58(2) den Rialachán sin, ar nós fíneáil riaracháin, nó ar chaoi go bhfuil corrlach lánroghnach ag an údarás sin lena dtugtar cead dó, ag brath ar imthosca an cháis, staonadh ó bhearta den chineál sin a ghlacadh.

21

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil an chéad léiriú, is é sin an léiriú a mhol TR agus roinnt tráchtairí dlíthiúla, bunaithe ar an bhfíoras go bhfuil na cumhachtaí atá ag údarás maoirseachta chun bearta ceartaitheacha a ghlacadh beartaithe chun cásanna comhlíontacha a athbhunú ina bhfeiceann saoránaigh go bhfuil próiseáil sonraí ag sárú a gcearta. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 58(2) de RGCS a áireamh mar fhoinse oibleagáide lena mbunaítear ceart an tsaoránaigh chun caingne ag na húdaráis i gcás ina ndéanann cuideachta nó údarás sonraí pearsanta an tsaoránaigh a phróiseáil go neamhdhleathach nó cearta an tsaoránaigh a shárú ar bhealach eile. I gcás ina suitear go bhfuil sárú ar chosaint sonraí i gceist, cheanglófaí ar an údarás maoirseachta, dá bhrí sin, bearta ceartaitheacha a dhéanamh, is í an t‑aon chumhacht lánroghnach atá aige ná cé acu de na bearta atá beartaithe aige a roghnú.

22

Mar sin féin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le fiúntas an léirithe sin, a mheasann sí a bheith róleathan, agus a thugann corrlach lánroghnach don údarás maoirseachta lena gceadaítear dó, i gcásanna áirithe, staonadh ó bheart ceartaitheach a dhéanamh, go háirithe ó phionós a fhorchur, i gcás ina suitear go bhfuil sárú i gceist. Fiú má tá sé d’oibleagáid ar an údarás maoirseachta, faoi Airteagal 57(1)(f) de RGCS, athbhreithniú a dhéanamh ar fhiúntas gearán agus scrúdú a dhéanamh ar gach cás aonair, ní cheanglaítear air leis sin beart ceartaitheach a dhéanamh in aon chás. Dá bhrí sin, ní bheadh sé faoi réir oibleagáid den sórt sin i gcás inar sáraíodh rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta san am a chuaigh thart, ach go bhfuil bearta déanta ag an rialaitheoir nach dtugann le tuiscint go dtarlóidh sárú ar chosaint sonraí arís.

23

Sna himthosca sin, chinn Verwaltungsgericht Wiesbaden (an Chúirt Riaracháin, Wiesbaden), bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An gcaithfear Airteagal 57(1)(a) agus (f) i gcomhar le hAirteagal 58(2) (a) go (j) agus Airteagal 77(1) de [RGCS] a léiriú ar chaoi go gceanglaítear ar an údarás maoirseachta i gcónaí idirghabháil a dhéanamh faoi Airteagal 58(2) [den Rialachán sin] i gcás ina gcinneann sé go gcuireann próiseáil sonraí isteach ar chearta an ábhair sonraí?’

Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

24

Gan cur in aghaidh inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú, maíonn TR nach bhfuil freagra ar an gceist a tarchuireadh riachtanach d’fhonn an cás a réiteach sna príomhimeachtaí. Ní fhéachtar lena caingean ach amháin gur cheart don chúirt a rinne an tarchur a ordú do HBDI rialú a thabhairt ar na gearáin a ardaítear sa ghearán, i gcomhréir le hAirteagal 57(1)(f) de RGCS, agus gan a cheangal uirthi úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar di le hAirteagal 58(2) den Rialachán sin.

25

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais araon a chinneadh. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a dhéanamh (breithiúnas an 30 Samhain 2023, Ministero dell’Istruzione agus INPS, C‑270/22, EU:C:2023:933, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

26

Fágann sé sin go mbíonn toimhde ábharthachta ag ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs reachtach agus fíorasach a bhfuil an chúirt sin freagrach as a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé a gcruinneas a fhíorú. Ní féidir leis an gCúirt diúltú do rialú a dhéanamh ar iarraidh arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 30 Samhain 2023, Ministero dell’Istruzione agus INPS, C‑270/22, EU:C:2023:933, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

27

Sa chás seo, cuireann an chúirt a rinne an tarchur i dtreis gur mhaígh TR go bhfuil sé i dteideal idirghabháil a fháil ó HBDI agus dúirt sé go raibh sé de cheangal ar HBDI fíneáil a ghearradh ar an mBanc Taisce.

28

Mar thoradh air sin, ní cosúil go mbaineann an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír na bpríomhghníomhaíochtaí ná a gcuspóir.

29

Dá bhrí sin, tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha.

An cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

30

D’fhonn an cheist a cuireadh a fhreagairt, is fiú a mheabhrú, mar réamhbharúil, nach mór go gcuirfí san áireamh ní hamháin foclaíocht na forála, ach an comhthéacs freisin ina bhfuil sí leagtha síos agus na cuspóirí agus an chríoch a shaothraítear leis an ngníomh ar cuid dó í (breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Urscaoileadh na bhfiachas gan íoc), C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31

Ba cheart a mheabhrú freisin, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 51(1) agus le hAirteagal 57(1)(a) de RGCS, go bhfuil na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil (breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Urscaoileadh na bhfiachas gan íoc), C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32

Go háirithe, de bhun Airteagal 57(1)(f) de RGCS, ceanglaítear ar gach údarás maoirseachta, ina chríoch, gearáin a láimhseáil a bhfuil aon duine, i gcomhréir le hAirteagal 77(1) den Rialachán sin, i dteideal iad a thaisceadh i gcás ina measann sé go sáraíonn an phróiseáil a rinneadh ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin an Rialachán sin, an t‑ábhar a scrúdú, a mhéid is gá, agus an gearánach a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnach ama. Ní mór don údarás maoirseachta gearán den sórt sin a phróiseáil leis an gcúram cuí (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Urscaoileadh na bhfiachas gan íoc)C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33

D’fhonn gearáin den sórt sin a láimhseáil, tugtar cumhachtaí suntasacha imscrúdaitheacha do gach údarás maoirseachta le hAirteagal 58(1) de RGCS. I gcás ina gcinnfidh údarás den sórt sin, ag deireadh a imscrúdaithe, go ndearnadh sárú ar fhorálacha an Rialacháin sin, ceanglaítear air freagairt go hiomchuí chun an t‑easnamh a aimsíodh a leigheas, ós rud é nach mór go mbeadh aon bheart, mar a luaitear in aithris 129 den Rialachán sin, iomchuí, riachtanach agus comhréireach chun comhlíonadh an Rialacháin sin a áirithiú, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh. Chuige sin, liostaítear le hAirteagal 58(2) den Rialachán sin na bearta ceartaitheacha a fhéadfaidh an t‑údarás maoirseachta a ghlacadh (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Urscaoileadh na bhfiachas gan íoc), (C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

De bhun Airteagal 58(2) de RGCS, tá sé de chumhacht ag an údarás maoirseachta náisiúnta, go háirithe, iomardaithe a eisiúint do rialaitheoir sonraí nó do phróiseálaí i gcás ina bhfuil oibríochtaí próiseála tar éis forálacha an Rialacháin seo a shárú (pointe (b)), ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí iarrataí an ábhair sonraí a chomhlíonadh maidir lena chearta a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo (pointe (c)), ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus, nuair is iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe (pointe (d)) nó fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(2) nó ina n‑ionad, ag brath ar dhálaí gach cáis faoi leith (pointe (i)).

35

Mar thoradh air sin, tá an nós imeachta um ghearáin ceaptha le bheith ina sásra chun cearta agus leasanna na ndaoine lena mbaineann a choimirciú ar bhealach éifeachtúil (breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Urscaoileadh na bhfiachas gan íoc), C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 58).

36

Sa chás sin, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go ndearna HBDI imscrúdú ar ábhar an ghearáin a thug an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí os a comhair agus gur chuir sí toradh an imscrúdaithe in iúl don duine sin chomh maith. Go sonrach, dheimhnigh an HBDI gur tharla sárú ar a chuid sonraí pearsanta laistigh den Bhanc Taisce, arbh é a bhí ann rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin ag duine dá fhostaithe. Mar sin féin, maidir leis na cearta chun rochtain a fháil atá ag baill foirne an Bhainc Taisce, dhiúltaigh HBDI don ghearán a thaisc an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí. Ina theannta sin, tháinig sé ar an gconclúid nach raibh aon ghá idirghabháil a dhéanamh i gcoinne an Bhainc Taisce faoi Airteagal 58(2) de RGCS.

37

I ndáil leis sin, is fiú a thabhairt faoi deara go bhfágtar le RGCS corrlach lánroghnach ag an údarás maoirseachta maidir leis an gcaoi nach mór dó an t‑easpa a aimsíodh a leigheas, ós rud é go dtugtar le hAirteagal 58(2) de an chumhacht don údarás sin bearta ceartaitheacha éagsúla a ghlacadh. Dá bhrí sin, chinn an Chúirt cheana féin gur faoin údarás maoirseachta atá sé na modhanna iomchuí agus riachtanacha a roghnú, agus ní mór dó an rogha sin a dhéanamh agus imthosca uile an cháis shonraigh á gcur san áireamh agus a chúram á chur i gcrích aige le gach cúram cuí is gá chun comhlíonadh iomlán RGCS a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland agus Schrems, C‑311/18, EU:C:2020:559, mír 112).

38

Mar sin féin, tá teorainn leis an gcorrlach lánroghnach sin mar thoradh ar an gcaoi nach mór leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta a áirithiú le cur i bhfeidhm díocasach na rialacha, mar is léir ó aithrisí 7 agus 10 de RGCS.

39

Go háirithe, maidir leis na fíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(i) de RGCS, is léir ó Airteagal 83(2) den Rialachán sin go ndéantar iad a fhorchur, de réir imthosca gach cáis, sa bhreis ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(2) nó ina n-ionad. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 83(2), nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir lena méid, ní mór don údarás maoirseachta, i ngach cás aonair, aird chuí a thabhairt do na tosca a aithnítear i bpointí (a) go (k) den fhoráil sin, ar nós cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe sin.

40

Ina leith sin, ceadaítear leis an gcóras pionóis a chuir reachtóir an Aontais i bhfeidhm d’údaráis mhaoirseachta na pionóis is iomchuí a fhorchur ag brath ar imthosca gach cáis (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C‑683/21, EU:C:2023:949, míreanna 75 agus 78), á chur san áireamh gur gá comhlíonadh iomlán RGCS a áirithiú, agus ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do shonraí pearsanta trí na rialacha a chur i bhfeidhm go dian, mar a meabhraíodh le míreanna 37 agus 38 den bhreithiúnas seo.

41

Dá bhrí sin, ní fhéadfaí tátal a bhaint as Airteagal 58(2) de RGCS nó as Airteagal 83 den Rialachán sin go bhfuil sé d’oibleagáid ar an údarás maoirseachta beart ceartaitheach a ghlacadh, i ngach cás, i gcás ina bhfionnfaidh sé sárú ar shonraí pearsanta, go háirithe fíneáil riaracháin, ós rud é gurb é an oibleagáid atá air, in imthosca den sórt sin, freagairt go hiomchuí, freagra iomchuí a thabhairt chun an t‑easpa a aimsíodh a leigheas. Sna himthosca sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 81 dá Thuairim, níl sé de cheart suibiachtúil ag údar gearáin ar sáraíodh a chearta go ngearrfadh an t‑údarás maoirseachta fíneáil riaracháin ar an rialaitheoir.

42

Os a choinne sin, ceanglaítear ar an údarás maoirseachta idirghabháil a dhéanamh i gcás ina bhfuil glacadh ceann amháin nó níos mó de na bearta ceartaitheacha dá bhforáiltear in Airteagal 58(2), agus imthosca uile an cháis shonraigh á gcur san áireamh, fíriciúil, iomchuí, riachtanach agus comhréireach chun an t‑easnamh a aimsíodh a leigheas agus chun comhlíonadh iomlán an Rialacháin sin a áirithiú.

43

I ndáil leis sin, ní féidir a chur as an áireamh, go heisceachtúil agus i bhfianaise imthosca sonracha an cháis shonraigh, go bhféadfaidh an t‑údarás maoirseachta staonadh ó bheart ceartaitheach a ghlacadh cé gur aimsíodh sárú i ndáil le sonraí pearsanta. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, go háirithe, i gcás nach bhfuil an sárú a aimsíodh fós ann, mar shampla i gcás ina bhfuil na bearta iomchuí agus riachtanacha déanta ag an rialaitheoir, a raibh bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla curtha chun feidhme aige, i bprionsabal, de réir bhrí Airteagal 24 de RGCS, a luaithe a thagann sé ar an eolas faoin sárú sin, chun a áirithiú go dtiocfaidh deireadh leis an sárú agus nach dtarlóidh sé arís, ag féachaint dá oibleagáidí faoi, go háirithe, Airteagal 5(2) agus Airteagal 24 den Rialachán sin.

44

Maidir leis an léiriú ar dá réir nach gceanglaítear ar an údarás maoirseachta, i gcás ina gcinneann sé gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta, beart ceartaitheach a ghlacadh i ngach cás faoi Airteagal 58(2) de RGCS, comhthacaítear leis na cuspóirí atá á saothrú, faoi seach, le hAirteagal 58(2) agus le hAirteagal 83 den Rialachán sin.

45

Maidir leis an gcuspóir atá á shaothrú le hAirteagal 58(2) de RGCS freisin, mar a léirítear in aithris 129 den Rialachán sin, eadhon chun a áirithiú go gcomhlíonann próiseáil na sonraí pearsanta an Rialachán sin agus, chomh maith leis sin, go ndéanfar cásanna ina sáraítear an Rialachán sin a athbhunú chun iad a chur i gcomhréir le dlí an Aontais, mar thoradh ar idirghábháil arna déanamh ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta (breithiúnas an 14 Márta 2024, Újpesti Polgármesteri Hivatal, C‑46/23, EU:C:2024:239, mír 40).

46

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le beart ceartaitheach a fhorchur, go heisceachtúil agus i bhfianaise imthosca sonracha an cháis shonraigh, ar choinníoll go bhfuil an cás maidir le sárú ar RGCS curtha i bhfeidhm arís cheana féin agus go n‑áirithíonn an rialaitheoir go gcomhlíonann próiseáil sonraí pearsanta an Rialachán sin, agus nach bhfuil easnamh den sórt sin ón údarás maoirseachta de chineál a bhainfeadh an bonn den cheanglas maidir leis na rialacha a chur i bhfeidhm go docht, mar a luaitear i mír 38 den bhreithiúnas seo.

47

Maidir leis an gcuspóir a shaothraítear le hAirteagal 83 de RGCS, a bhaineann le fíneálacha riaracháin a fhorchur, is é an cuspóir sin, de réir aithris 148 den Rialachán sin, cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin sin a neartú. Leagtar amach san aithris chéanna, áfach, i gcás mionsárú nó i gcás ina mbeadh an fhíneáil is dócha a fhorchuirfear ina ualach díréireach ar dhuine nádúrtha, go gceadaítear d’údaráis mhaoirseachta staonadh ó fhíneáil riaracháin a fhorchur agus ina ionad sin iomardú a eisiúint (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C‑683/21, EU:C:2023:949, mír 76).

48

Sa chás sin, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gur thug an Banc Taisce fógra do HBDI, i gcomhréir le hAirteagal 33 de RGCS, maidir leis an sárú ar shonraí pearsanta an iarratasóra sna príomhimeachtaí, mar thoradh ar an rochtain neamhúdaraithe a bhí ag duine dá fhostaithe ar na sonraí sin. Ina theannta sin, luaigh sí gur glacadh bearta araíonachta i gcoinne an fhostaí sin agus go gcuirfí fad choinneáil an loga rochtana faoi réir athbhreithniú. Sna himthosca sin, staon HBDI ó bheart ceartaitheach a ghlacadh faoi Airteagal 58(2) de RGCS, lena n‑áirítear fíneáil riaracháin a fhorchur.

49

Agus na cinntí arna n-glacadh ag údarás maoirseachta maidir le gearáin curtha faoi réir athbhreithniú breithiúnach iomlán (breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Urscaoileadh na bhfiachas gan íoc), C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 70), is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fháil amach an ndearna HBDI an gearán a láimhseáil le dícheall cuí agus, le glacadh an chinnidh atá i gceist sna príomhimeachtaí, go ndearna sé na teorainneacha atá leis an discréid a thugtar dó le hAirteagal 58(2) de RGCS a urramú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Urscaoileadh na bhfiachas gan íoc), C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, míreanna 68 agus 69 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 57(1)(a) agus (f), Airteagal 58(2) agus Airteagal 77(1) de RGCS a léiriú ar chaoi, i gcás ina gcinntear gur tharla sárú ar shonraí pearsanta, nach gceanglófar ar údarás maoirseachta beart ceartaitheach a ghlacadh, go háirithe fíneáil riaracháin, faoi Airteagal 58(2), i gcás nach bhfuil idirghabháil den sórt sin iomchuí, riachtanach nó comhréireach chun an t‑easnamh a aimsítear a leigheas agus chun comhlíonadh iomlán an Rialacháin sin a ráthú.

Costais

51

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 57(1)(a) agus (f), Airteagal 58(2) agus Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

i gcás ina gcinntear gur tharla sárú ar shonraí pearsanta, ní cheanglófar ar údarás maoirseachta beart ceartaitheach a ghlacadh, go háirithe fíneáil riaracháin, faoi Airteagal 58(2), i gcás nach bhfuil idirghabháil den sórt sin iomchuí, riachtanach nó comhréireach chun an t‑easnamh a aimsítear a leigheas agus chun comhlíonadh iomlán an Rialacháin sin a ráthú.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.

Tá Eureka ag cur nasc leis…