BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
5 Nollaig 2023 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 4(7) – An coincheap “rialaitheoir” – Airteagal 58(2) – Cumhachtaí na n-údarás maoirseachta bearta ceartaitheacha a fhorchur – Airteagal 83 – Fíneálacha riaracháin a ghearradh ar dhuine dlítheanach – Coinníollacha – Lamháil solúbthachta na mBallstát – Ceanglas go mbeadh an sárú d’aon ghnó nó le faillí)
I gCás C-807/21,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Kammergericht Berlin (Ard-Chúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin), trí bhreith an 6 Nollaig 2021, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 21 Nollaig 2021, sna himeachtaí idir
Deutsche Wohnen SE
v
Staatsanwaltschaft Berlin,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos, E. Regan, T. von Danwitz, Z. Csehi, O. Spineanu–Matei, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, L. S. Rossi, A. Kumin, N. Jääskinen (Rapóirtéir), N. Wahl agus M. Gavalec, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,
Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 17 Eanáir 2023,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Deutsche Wohnen SE, ag O. Geiss, K. Mertens, N. Venn agus T. Wybitul, Rechtsanwälte, |
|
– |
Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus P.-L. Krüger, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na hEastóine, ag M. Kriisa, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na hÍsiltíre, ag C. S. Schillemans, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na hIorua, ag L.-M. Moen Jünge, M. Munthe-Kaas agus T. Westhagen Edell, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Parlaimint na hEorpa, ag G. C. Bartram agus P. López-Carceller, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag J. Bauerschmidt agus K. Pleśniak, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, F. Erlbacher, H. Kranenborg agus G. Meessen, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 27 Aibreán 2023,
an breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 83(4) go (6) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, “RGCS”). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Deutsche Wohnen SE (“DW”) agus Staatsanwaltschaft Berlin (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, Beirlín, an Ghearmáin) maidir le fíneáil riaracháin a forchuireadh ar DW, de bhun Airteagal 83 de RGCS, as sárú ar Airteagal 5(1) (a), (c) agus (e), Airteagal 6 agus 25(1) den Rialachán sin. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
|
3 |
Leagtar amach an méid seo a leanas in aithrisí 9, 10, 11, 13, 74, 129 agus 150 de RGCS:
[...]
[...]
[...]
[...]
|
|
4 |
De réir Airteagal 4 den Rialachán sin: “Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: [...]
[...]
[...]” |
|
5 |
Foráiltear le hAirteagal 58 den Rialachán sin, dar teideal “Cumhachtaí”, i míreanna 2 agus 4: “2. Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:
[...]
[...]
[...]
[...] 4. Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thabharfar don údarás maoirseachta de bhun an Airteagail seo faoi réir coimircí iomchuí, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí, atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit i gcomhréir leis an [gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh].” |
|
6 |
Léitear Airteagal 83 den Rialachán sin, dar teideal (“Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh”), mar seo a leanas: “1. Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair. 2. Gearrfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar dhálaí gach cáis aonair, de bhreis ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) agus i bpointe (j) d'Airteagal 58(2) nó ina n-ionad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
3. Más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d'aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí. 4. Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 10000000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:
[...] 5. Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20000000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:
6. Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2), i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20000000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde. 7. Gan dochar do na cumhachtaí ceartúcháin atá ag údaráis mhaoirseachta de bhun Airteagal 58(2), féadfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin. 8. Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag an údarás maoirseachta faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí. [...]” |
Dlí na Gearmáine
|
7 |
Foráiltear sa chéad abairt d’Airteagal 41(1) den Bundesdatenschutzgesetz (an tAcht Cónaidhme um Chosaint Sonraí) an 30 Meitheamh 2017 (BGBl. 2017 I, lch. 2097), mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí sin, go bhfuil forálacha Gesetz über Ordnungswidrigkeiten (an Dlí um Chionta Riaracháin) an 24 Bealtaine 1968 (BGBl. 1968 I, lch. 481), i leagan de Theachtaireacht an 19 Feabhra 1987 (BGBl. 1987 I, lch. 602), mar a oiriúnaíodh le Dlí an 19 Meitheamh 2020 (BGBl. 2020 I, lch. 1350, “OWiG”), infheidhme maidir leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 83 (4) go (6) de RGCS. |
|
8 |
Foráiltear le hAirteagal 30 de OWiG, dar teideal “Fíneálacha arna bhforchur i gcoinne daoine dlítheanacha agus comhlachais daoine”: “(1) i gcás ina ngníomhaíonn duine ina cháil nó ina cáil
go ndearna sé nó sí cion coiriúil nó riaracháin ar bhealach inar sáraíodh oibleagáidí an duine dhlítheanaigh nó an chomhlachais daoine nó gur saibhríodh an duine dlítheanach nó an comhlachas daoine sin nó go meastar é a bheith saibhrithe, féadfar fíneáil a ghearradh ar an duine dlítheanach sin nó ar an gcomhlachas daoine sin. [...] (4) Mura n-eascraíonn nós imeachta coiriúil nó nós imeachta riaracháin lena n-áirítear fineálacha a ghearradh as an gcion coiriúil nó as an gcion riaracháin, nó má chuirtear clabhsúr ar na himeachtaí sin nó má tharscaoiltear aon phionós, féadfar an fhíneáil a ghearradh go neamhspleách. Féadfar foráil a dhéanamh sa dlí freisin maidir leis an bhféidearthacht an fhíneáil a ghearradh go neamhspleách i gcásanna eile. Ní fhéadfar fíneáil neamhspleách a ghearradh ar an duine dlítheanach ná ar an gcomhlachas daoine, áfach, i gcás nach féidir pionós a fhorchur ar an gcion coiriúil nó riaracháin ar aon chúis dhlíthiúil [...]” |
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 130 de OWiG an méid seo a leanas: “(1) Aon duine, mar úinéir bunaíochta nó gnóthais, a mhainníonn, d’aon ghnó nó go faillíoch, na bearta maoirseachta is gá a dhéanamh chun sáruithe ar oibleagáidí an úinéara a chosc, laistigh den bhunaíocht nó den ghnóthas, a bhfuil an sárú inphionóis le pionós nó le fíneáil, déanann sé cion riaracháin i gcás ina ndéantar an mhainneachtain sin, i gcás ina bhféadfaí, le maoirseacht leordhóthanach, an sárú sin a chosc nó bac suntasach a chur air. Áireofar freisin ar na bearta maoirseachta is gá ainmniú, roghnú cúramach agus rialú na ndaoine atá freagrach as maoirseacht. [...] (3) I gcás ina bhfuil sárú oibleagáide inphionóis le pionós coiriúil, d’fhéadfadh sé go mbeadh an cion riaracháin inphionóis le fíneáil suas le EUR 1 milliún. Beidh feidhm ag an tríú habairt d’Airteagal 30(2). I gcás ina mbeidh sárú na hoibleagáide inphionóis le fíneáil, cinnfear uasmhéid na fíneála a ghearrfar i leith shárú an dualgais maoirseachta ar bhonn uasmhéid na fíneála a tabhaíodh i leith na mainneachtana sin. [...]” |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna le haghaidh réamhrialú
|
10 |
Is cuideachta eastáit réadaigh í DW, atá corpraithe faoin bhfoirm dhlíthiúil mar chuideachta Eorpach, atá liostaithe ar an stocmhalartán agus a bhfuil a hoifig chláraithe i mBeirlín (an Ghearmáin). Tá tuairim is 163000 teaghais agus 3000 áitreabh tráchtála faoi úinéireacht aici go hindíreach trí scairshealbhaíocht i gcuideachtaí éagsúla. |
|
11 |
Is fochuideachtaí iad úinéirí na bhfoirgneamh sin atá nasctha le DW “cuideachtaí sealbhaíochta” a dhéanann an gnó oibríochtúil, agus glacann DW le bainistíocht lárnach an ghrúpa a fhoirmíonn sé leis na cuideachtaí seo go háirithe. Ligeann na cuideachtaí sealbhaíochta na háitribh tráchtála agus na teaghaise atá á mbainistiú ag cuideachtaí eile an ghrúpa sin ar cíos, cuideachtaí dá ngairtear “cuideachtaí seirbhíse”. |
|
12 |
Le linn a ngníomhaíochtaí tráchtála, próiseálann DW agus na cuideachtaí grúpa a bhainistíonn sí sonraí pearsanta thionóntaí na n-áitreabh tráchtála agus na dteaghaisíamhail, mar shampla, cruthúnas céannachta, sonraí cánach, sonraí maidir le slándáil shóisialta agus árachas sláinte na dtionóntaí sin, chomh maith le sonraí a bhaineann le hiarléasanna. |
|
13 |
An 23 Meitheamh 2017, chuir Berliner Beauftragte für den Datenschutz (an tÚdarás um Chosaint Sonraí, Beirlín, an Ghearmáin, “an t-údarás maoirseachta”), le linn cigireachta in situ, in iúl do DW go ndearna na cuideachtaí ina grúpa sonraí pearsanta tionóntaí a stóráil i gcóras cartlainne leictreonaí nárbh fhéidir a chinneadh uaidh an raibh gá leis an stóráil agus an raibh ráthaíochtaí ann go scriosfaí sonraí nach raibh riachtanach a thuilleadh. |
|
14 |
D’iarr an t-údarás maoirseachta ar DW na doiciméid sin a scriosadh ón gcóras cartlainne leictreonaí faoi dheireadh 2017 ar a dhéanaí. Mar fhreagra ar an iarraidh sin, luaigh DW nach raibh an scriosadh sin indéanta ar chúiseanna teicniúla agus dlíthiúla. |
|
15 |
Tar éis malartuithe idir DW agus an t-údarás maoirseachta maidir leis an bhféidearthacht na doiciméid i dtrácht a scriosadh, chuir DW in iúl don údarás maoirseachta sin go raibh sé ar intinn aici córas nua stórála a bhunú in ionad an chórais ina bhfuil na doiciméid. |
|
16 |
An 5 Márta 2019, rinne an t-údarás maoirseachta iniúchadh ar cheannoifig an ghrúpa faoi stiúir DW. Le linn an iniúchta, chuir DW in iúl don údarás go raibh an córas cartlainne leictreonaí faoi dhíospóid díchoimisiúnaithe cheana féin agus go ndéanfaí na sonraí a aistriú chuig an gcóras stórála nua láithreach. |
|
17 |
Le cinneadh an 30 Deireadh Fómhair 2019, ghearr an t-údarás maoirseachta fíneáil riaracháin EUR 14385000 ar DW as sárú d’aon ghnó ar Airteagal 5(1) (a), (c) agus (e) agus Airteagal 25(1) de RGCS (“an cinneadh atá i gceist”). Sa chinneadh sin, ghearr an t-údarás sin freisin ar DW 15 fíneálacha eile idir EUR 3000 agus EUR 17000 mar gheall ar Airteagal 6(1) de RGCS a shárú. |
|
18 |
Sa chinneadh atá i gceist, bhí an t-údarás maoirseachta den tuairim, go háirithe, gur mhainnigh DW d’aon ghnó, idir an 25 Bealtaine 2018 agus an 5 Márta 2019, na bearta is gá a dhéanamh chun go bhféadfar sonraí pearsanta a bhaineann le tionóntaí nach raibh gá leo a thuilleadh nó a stóráladh go míchuí, ar chúis eile, a léirscriosadh go rialta. Thug an t-údarás faoi deara freisin gur lean DW ar aghaidh ag stóráil sonraí pearsanta 15 tionónta ar a laghad a aithníodh ar bhealach níos beaichte, gan gá le gníomh dá leithéid. |
|
19 |
Thug DW achomharc i gcoinne an chinnidh sin os comhair Landgericht Berlin (an Chúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin). Chuir an chúirt sin clabhsúr ar na himeachtaí gan gníomhaíocht bhreise a dhéanamh, agus í den tuairim go raibh an oiread sin lochtach ar an gcinneadh a bhí i gceist nach bhféadfadh sé feidhmiú mar bhunús le fíneáil a ghearradh. |
|
20 |
Go háirithe, thug an chúirt sin faoi deara go ndéantar fíneáil a ghearradh ar dhuine dlítheanach a rialú go hiomlán le hAirteagal 30 de OWiG, a bhfuil feidhm aige, faoi Airteagal 41(1) den Acht Cónaidhme um Chosaint Sonraí, maidir leis na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 83(4) go (6) de RGCS. De bhun Airteagal 30 de OWiG, ní féidir cion riaracháin a shuí ach amháin i gcoinne duine nádúrtha agus ní féidir é a shuí i gcoinne duine dlítheanach. Ina theannta sin, ní fhéadfar ach gníomhartha chomhaltaí na gcomhlachtaí nó ionadaithe an duine dhlítheanaigh a iontráil go barúlach ar an duine sin. Más rud é gur ceadaíodh le hAirteagal 30(4), faoi réir coinníollacha áirithe, nós imeachta riaracháin neamhspleách a thionscnamh i gcoinne duine dlítheanach, is amhlaidh fós, sa chás sin freisin, go mbeadh sé riachtanach cion riaracháin a bhunú i gcoinne chomhaltaí na gcomhlachtaí nó ionadaithe an duine dhlítheanaigh lena mbaineann. |
|
21 |
Rinne Staatsanwaltschaft Berlin (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, Beirlín) achomharc i gcoinne an chinnidh sin os comhair Kammergericht Berlin (Ard-Chúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur. |
|
22 |
Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, an gá, de bhun Airteagal 83 de RGCS, a bheith in ann fíneáil riaracháin a ghearradh ar dhuine dlítheanach gan sárú ar an Rialachán sin a bheith barúlach ar dtús do dhuine nádúrtha sainaitheanta. Sa chomhthéacs sin, ceistíonn an Chúirt go háirithe ábharthacht an choincheapa “gnóthas” de réir bhrí Airteagail 101 agus 102 CFAE. |
|
23 |
I ndáil leis sin, míníonn an chúirt sin, de réir cásdlí náisiúnta, go bhfuil an córas dliteanais theoranta i leith daoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta contrártha leis an gcóras maidir le dliteanas díreach na ngnóthas a leagtar síos in Airteagal 83 de RGCS. De réir an chásdlí sin, is léir, go háirithe, ó fhoclaíocht Airteagal 83 de RGCS, a bhfuil tosaíocht aige ar an gcóras náisiúnta, i gcomhréir le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, go bhféadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh ar ghnóthais. Dá bhrí sin, ní gá forchur fíneálacha den sórt sin a nascadh le gníomh éagórach comhlachtaí nó stiúrthóirí daoine dlítheanacha, rud atá contrártha don mhéid a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta is infheidhme. |
|
24 |
De réir na cúirte sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcásdlí sin, amhail tromlach na scríbhneoirí acadúla náisiúnta, i ndáil leis an gcoincheap “gnóthas”, de réir bhrí Airteagail 101 agus 102 CFAE, agus dá bhrí sin leis an tuairim go gcuirtear dliteanas i leith an eintitis eacnamaíoch inar glacadh iompar neamh-inmhianaithe, mar shampla iompar frithiomaíoch. De réir an chur chuige “feidhmiúil” sin, tá gníomhartha uile na bhfostaithe uile atá údaraithe chun gníomhú thar ceann gnóthais inchurtha i leith an ghnóthais, agus i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin freisin. |
|
25 |
Ar an dara dul síos, ag glacadh leis go raibh an Chúirt Bhreithiúnais le breith nach mór fíneáil riaracháin a bheith in ann a bheith gearrtha go díreach ar dhuine dlítheanach, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur maidir leis na critéir a chaithfidh a chur i bhfeidhm chun dliteanas duine dlítheanach, mar ghnóthas, a shuíomh, as sárú ar RGCS. Go háirithe, is mian léi a bheith ar an eolas an féidir fíneáil riaracháin a ghearradh ar dhuine dlítheanach de bhun Airteagal 83 den Rialachán sin gan a shuíomh go ndearnadh an sárú ar an Rialachán sin a cuireadh i leith an duine dhlítheanaigh ar bhealach éagórach. |
|
26 |
Sna himthosca sin, chinn Kammergericht Berlin (Ard-Chúirt Réigiúnach, Beirlín) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
An iarraidh an chuid ó bhéal den nós imeachta a athoscailt
|
27 |
Tar éis na héisteachta a tionóladh an 17 Eanáir 2023, d’iarr DW, le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 23 Márta 2023, go n-athosclófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta, de bhun Airteagal 83 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte. |
|
28 |
Mar thaca lena iarraidh, cuireann DW in iúl, go bunúsach, go dtugann na freagraí a thug an chúirt a rinne an tarchur ar an iarraidh ar shoiléiriú, atá dírithe uirthi faoi Airteagal 101 de na Rialacha Nós Imeachta, faisnéis mhícheart don Chúirt maidir le forálacha infheidhme an dlí náisiúnta. Mar sin féin, níorbh fhéidir díospóireacht iomlán a reáchtáil ar an ábhar sin ag an éisteacht an 17 Eanáir 2023, ós rud é nach raibh na páirtithe ar an eolas faoi na freagraí sin ach trí lá oibre roimh an éisteacht sin. Ní bheadh tréimhse den sórt sin in ann an éisteacht a ullmhú go mion. |
|
29 |
Is fíor, i gcomhréir le hAirteagal 83 de na Rialacha Nós Imeachta, go bhféadfaidh an Chúirt tráth ar bith, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, a ordú go n-athosclófar an chuid ó bhéal den nós imeachta, go háirithe má mheasann sí nach bhfuil dóthain faisnéise ann, nó i gcás ina bhfuil fíoras nua curtha isteach ag páirtí, tar éis dheireadh na coda sin den nós imeachta, ar fíoras é de chineál a d’fhéadfadh a bheith ina thoisc chinntitheach do bhreith na Cúirte, nó i gcás ina gcaithfear an cás a chinneadh ar bhonn argóint nár pléadh idir na daoine leasmhara. |
|
30 |
Sa chás seo, áfach, tá an fhaisnéis go léir is gá ag an gCúirt chun rialú a thabhairt agus ní gá an cás seo a chinneadh ar bhonn argóintí nár pléadh idir na páirtithe lena mbaineann. Ina theannta sin, ní nochtar leis an iarraidh an chuid den nós imeachta a athoscailt ó bhéal aon fhíorais nua de chineál a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar an gcinneadh a iarrtar ar an gCúirt a thabhairt sa chás sin. |
|
31 |
Sna himthosca sin, measann an Chúirt, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, nach gá a ordú go n-athosclófar an chuid ó bhéal den nós imeachta. |
Na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist
|
32 |
Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 58(2) agus Airteagal 83(1) go (6) de RGCS a léiriú amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar fíneáil riaracháin a ghearradh ar dhuine dlítheanach ina cháil mar rialaitheoir as sárú dá dtagraítear in Airteagal 83(4) go (6) ach amháin sa mhéid gur cuireadh an sárú sin i leith duine nádúrtha sainaitheanta roimhe sin. |
|
33 |
Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara gur chuir Rialtas na Gearmáine amhras in iúl, ina bharúlacha i scríbhinn, maidir leis an léirú sin ar an dlí náisiúnta ag an gcúirt a rinne an tarchur, ar an bhforas go gceadaítear le hAirteagal 130 de OWiG fíneáil a ghearradh ar dhuine dlítheanach freisin lasmuigh de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 30 de OWiG. Thairis sin, leis an dá fhoráil sin is féidir fíneáil ‘gan ainm’ a ghearradh in imeachtaí a thionscnaítear i gcoinne an ghnóthais, gan é a bheith riachtanach an duine nádúrtha a rinne an sárú i dtrácht a shainaithint. |
|
34 |
Mar fhreagra ar iarraidh ar shoiléiriú a díríodh chuig an gcúirt a rinne an tarchur, dá dtagraítear i mír 28 den bhreithiúnas seo, dúirt an chúirt sin nach raibh baint ar bith ag mír 130 de OWiG leis an gcéad cheist a tarchuireadh. |
|
35 |
De réir na cúirte sin, tá an fhoráil sin dírithe ar úinéir feirme nó gnóthais, a gcaithfidh dualgas maoirseachta a bheith sáraithe aige nó aici ar bhealach éagórach. Mar sin féin, tá cruthúnas ar mhainneachtain oibleagáidí den sórt sin atá inchurtha i leith úinéir an ghnóthais a chomhlíonadh thar a bheith casta agus go minic dodhéanta a sholáthar, agus tá díospóid ann ar an leibhéal náisiúnta maidir le cé acu an féidir nó nach féidir grúpa gnóthas a aicmiú mar “g[h]nóthas” nó “úinéir gnóthas” de réir bhrí na forála sin. Ar chaoi ar bith, tá an chéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú ábhartha sa chomhthéacs seo freisin. |
|
36 |
Ba cheart a mheabhrú, maidir le léiriú fhorálacha an dlíchórais náisiúnta, go gceanglaítear ar an gCúirt, i bprionsabal, brath ar na cáilíochtaí a eascraíonn as an ordú tarchuir. De réir cásdlí socair, níl aon dlínse ag an gCúirt dlí náisiúnta Ballstáit a léiriú (breithiúnas an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, C-422/19 agus C-423/19, EU:C:2021:63, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
37 |
Dá réir sin, tá an freagra ar an gcéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú bunaithe ar an toimhde nach bhféadfar, faoin dlí náisiúnta is infheidhme, fíneáil riaracháin a ghearradh ar dhuine dlítheanach ina cháil mar rialaitheoir as sárú dá dtagraítear in Airteagal 83(4) go (6) de RGCS ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30 de OWiG, mar atá leagtha amach ag an gcúirt a rinne an tarchur. |
|
38 |
D’fhonn an chéad cheist sin a fhreagairt, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go ndírítear na prionsabail, na toirmisc agus na hoibleagáidí a leagtar síos in RGCS, go háirithe, ar “rialaitheoirí” a mbaineann a bhfreagracht, mar a luaitear in aithris 74 de RGCS, le haon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann siad féin nó a dhéantar ar a son agus a cheanglaítear, dá réir sin, ní hamháin chun bearta iomchuí agus éifeachtacha a chur chun feidhme, ach freisin chun a léiriú go gcomhlíonann siad a ngníomhaíochtaí próiseála le RGCS, lena n-áirítear éifeachtacht na mbeart arna nglacadh chun comhlíonadh den sórt sin a áirithiú. Is é an dliteanas sin, i gcás ceann de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 83(4) go (6) den Rialachán sin, atá mar bhonn le fíneáil riaracháin a ghearradh ar an rialaitheoir de bhun Airteagal 83. |
|
39 |
In Airteagal 4(7) de RGCS sainmhínítear an coincheap “rialaitheoir” go leathan mar thagairt don duine nádúrtha nó dlítheanach, don údarás poiblí, don ghníomhaireacht nó d’aon chomhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna próiseála sonraí pearsanta. |
|
40 |
Is é cuspóir an tsainmhínithe leathan sin ar Airteagal 4(7) de RGCS — lena n-áirítear daoine dlítheanacha go sainráite — i gcomhréir le RGCS, cosaint éifeachtach saoirsí agus cearta bunúsacha daoine nádúrtha a áirithiú agus, go háirithe, ardleibhéal cosanta a áirithiú don cheart atá ag gach duine sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint (féach, chuige sin, breithiúnais an 29 Iúil 2019, Fashion ID, C-40/17, EU:C:2019:629, mír 66, agus an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C-319/20, EU:C:2022:322, mír 73 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
41 |
Thairis sin, chinn an Chúirt cheana gur féidir a mheas gur rialaitheoir aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil tionchar aige nó aici, chun a chríocha nó a críocha féin, ar phróiseáil sonraí pearsanta agus a ghlacann páirt ar an gcaoi sin i gcinneadh chuspóirí agus mhodhanna na próiseála sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2018, Jehovan todistajat, C-25/17, EU:C:2018:551, mír 68). |
|
42 |
Dá bhrí sin, is léir ó fhoclaíocht agus ó chuspóir Airteagal 4(7) de RGCS nach ndearna reachtas an Aontais idirdhealú, chun dliteanas a chinneadh faoin Rialachán sin, idir daoine nádúrtha agus dlítheanacha, nach bhfuil an dliteanas sin ach faoi réir an choinníll go gcinnfidh na daoine sin, ina n-aonar nó i gcomhpháirt le daoine eile, cuspóirí agus modhanna próiseála sonraí pearsanta. |
|
43 |
Dá bhrí sin, faoi réir an méid dá bhforáiltear in Airteagal 83(7) de RGCS maidir le húdaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí, tá aon duine a chomhlíonann an coinníoll sin, is cuma cé acu duine nádúrtha, duine dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile é, go háraithe faoi dhliteanas i leith aon sárú dá dtagraítear in Airteagal 83(4) go (6) arna dhéanamh aige nó aici nó thar a cheann nó a ceann. |
|
44 |
Maidir le daoine dlítheanacha, tuigtear leis sin, ar an gcéad dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 57 go 59 dá Thuairim, go bhfuil siad faoi dhliteanas ní hamháin i leith sáruithe arna ndéanamh ag a n-ionadaithe, a stiúrthóirí nó a mbainisteoirí, ach freisin ag aon duine eile a ghníomhaíonn i gcomhthéacs ghníomhaíocht tráchtála na ndaoine dlítheanacha sin agus thar a gceann. Ar an dara dul síos, ní mór gur féidir na fíneálacha riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 83 de RGCS i gcás sáruithe den sórt sin a ghearradh go díreach ar dhaoine dlítheanacha i gcás inar féidir iad a aicmiú mar rialaitheoirí i gceist. |
|
45 |
Ina dhiaidh sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go leagtar amach go beacht in Airteagal 58(2) de RGCS na cumhachtaí atá ag na húdaráis mhaoirseachta maidir le bearta ceartaitheacha a ghlacadh, gan tagairt a dhéanamh do dhlí na mBallstát ná aon rogha a fhágáil faoi na Stáit sin. Ar thaobh amháin, baineann na cumhachtaí sin, lena n-áirítear fíneáil riaracháin a ghearradh faoi Airteagal 2(i) den fhoráil sin, leis an rialaitheoir agus, ar an taobh eile, féadfaidh rialaitheoir den sórt sin, mar is léir ó mhír 39 den bhreithiúnas seo, a bheith ina dhuine nádúrtha agus ina dhuine dlítheanach araon. Maidir leis na coinníollacha substainteacha atá le comhlíonadh ag údarás maoirseachta agus an fhíneáil sin á ghearradh, tá siad leagtha amach i míreanna 1 go 6 d'Airteagal 83 go beacht agus gan aon rogha a fhágáil ag na Ballstáit. |
|
46 |
Dá bhrí sin, is léir ó chomhléamh Airteagal 4(7), Airteagal 83 agus Airteagal 58(2)(i) de RGCS go bhféadfar fíneáil riaracháin mar gheall ar shárú dá dtagraítear i míreanna (4) go (6) d’Airteagal 83 a ghearradh freisin ar dhaoine dlítheanacha i gcás inar rialaitheoirí iad. Ar an taobh eile, níl aon fhoráil de RGCS ann lena gceadaítear an tátal go bhfuil forchur fíneála riaracháin ar dhuine dlítheanach mar rialaitheoir faoi réir cinneadh roimh ré go ndearna duine nádúrtha sainaitheanta an sárú sin. |
|
47 |
Is léir ó Airteagal 58(4) agus Airteagal 83(8) de RGCS, arna léamh i bhfianaise aithris 129 den Rialachán sin, go bhfuil feidhmiú na gcumhachtaí, ag an údarás maoirseachta, a thugtar dó leis na hAirteagail sin faoi réir coimircí iomchuí nós imeachta i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí. |
|
48 |
Mar sin féin, ós rud é go dtugtar deis leis an Rialachán sin do na Ballstáit ceanglais a leagan síos maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint ag na húdaráis mhaoirseachta chun fíneáil riaracháin a ghearradh, ní chiallaíonn sé sin go mbeidh siad i dteideal, thar na ceanglais nós imeachta sin, coinníollacha substainteacha de bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 83(1) go (6) a leagan síos. Ina theannta sin, toisc gur ghlac reachtas an Aontais Eorpaigh cúram foráil a dhéanamh go sainráite don fhéidearthacht sin ach gan foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha breise substainteacha den sórt sin, deimhnítear nár fhág sé corrlach lánroghnach do na Ballstáit ina leith sin. Dá bhrí sin, tagann na coinníollacha substainteacha sin faoi raon feidhme dhlí an Aontais amháin. |
|
49 |
Tacaíonn cuspóir an Rialacháin sin leis an léiriú litriúil roimhe seo ar Airteagal 58(2) agus ar Airteagal 83(1) go (6) de RGCS. |
|
50 |
Is léir, go háirithe, ó aithris 10 de RGCS gurb iad cuspóirí RGCS, go háirithe, leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta laistigh den Aontas Eorpach agus, chuige sin, cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus aonchineálach na rialacha maidir le cosaint chearta bunúsacha agus shaoirsí bunúsacha na ndaoine sin a áirithiú maidir le próiseáil sonraí den sórt sin ar fud an Aontais Eorpaigh. Leagtar béim freisin in aithrisí 11 agus 129 de RGCS ar an ngá atá lena áirithiú, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin sin a áirithiú, go bhfuil cumhachtaí coibhéiseacha chun faireachán a dhéanamh agus chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta ag údaráis mhaoirseachta agus go bhféadfaidh siad pionóis choibhéiseacha a fhorchur i leith sáruithe ar an Rialachán sin. |
|
51 |
Mar sin féin, ceadaítear do na Ballstáit a cheangal go haontaobhach, mar choinníoll is gá chun fíneáil riaracháin faoi Airteagal 83 de RGCS a ghearradh ar rialaitheoir is duine dlítheanach, go mbeadh an sárú barúlach nó inchurtha i leith duine nádúrtha sainaitheanta roimh ré contrártha leis an gcuspóir sin de RGCS. Ina theannta sin, chuirfeadh ceanglas breise den sórt sin an baol ar deireadh go lagófaí éifeachtacht agus éifeacht dhíspreagthach na bhfíneálacha riaracháin a ghearrtar ar dhaoine dlítheanacha mar rialaitheoirí, de shárú ar Airteagal 83(1) de RGCS. |
|
52 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear leis an dara mír d’Airteagal 288 CFAE go mbeidh Rialachán de chuid an Aontais ina cheangal go huile agus go hiomlán agus go mbeidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, rud a chuireann cosc ar na Ballstáit, mura bhforáiltear a mhalairt, forálacha náisiúnta a ghlacadh lena ndéantar difear do raon feidhme Rialacháin den sórt sin. Ina theannta sin, ceanglaítear ar na Ballstáit, de réir a n-oibleagáidí a eascraíonn ó CFAE, gan bac a chur ar infheidhmeacht dhíreach Rialachán. Go háirithe, ní fhéadfaidh siad beart a ghlacadh lena ndéantar riail dlí de chineál dhlí an Aontais agus na héifeachtaí a eascraíonn as a cheilt ó dhlíthithe (breithiúnas an 15 Samhain 2012, Al-Aqsa v an Chomhairle agus an Ísiltír v Al-Aqsa, C-539/10 P agus C-550/10 P, EU:C:2012:711, míreanna 86 agus 87 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
53 |
Ar deireadh, i bhfianaise cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon tionchar ag an gcoincheap “gnóthas”, de réir bhrí Airteagail 101 agus 102 CFAE, maidir le cibé acu an bhféadfar agus cad iad na coinníollacha a fhéadfaidh fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83 de RGCS ar rialaitheoir ar duine dlítheanach é nó í, agus déanfar an tsaincheist sin a rialáil go hiomlán le hAirteagal 58(2) agus le hAirteagal 83(1) go (6) den Rialachán sin. |
|
54 |
Níl an coincheap sin ábhartha ach amháin chun méid na fíneála riaracháin a ghearrtar ar rialaitheoir faoi Airteagal 83(4) go (6) de RGCS a chinneadh. |
|
55 |
Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 45 dá Thuairim, is sa chomhthéacs sonrach sin maidir le ríomh na bhfíneálacha riaracháin a ghearrtar i leith sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 83(4) go (6) de RGCS nach mór an tagairt, a rinneadh in aithris 150 den Rialachán sin, don choincheap “gnóthas”, de réir bhrí Airteagail 101 agus 102 CFAE, a thuiscint. |
|
56 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, chun críocha na rialacha iomaíochta dá dtagraítear in Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm, go n-áirítear leis an gcoincheap sin aon eintiteas atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, beag beann ar stádas dlíthiúil an eintitis sin agus ar an mbealach a mhaoinítear é. Dá bhrí sin, tagraíonn sé d’aonad eacnamaíoch fiú más rud é, ó thaobh an dlí de, go bhfuil roinnt daoine, idir dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha, san aonad eacnamaíoch sin. Is éard atá san aonad eacnamaíoch sin eagraíocht aonadach d’eilimintí pearsanta, inláimhsithe agus doláimhsithe a bhfuil sainaidhm eacnamaíoch á saothrú aici ar bhonn marthanach fadtéarmach (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C-882/19, EU:C:2021:800, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
57 |
Dá bhrí sin, is léir ó Airteagal 83(4) go (6) de RGCS, a bhaineann le fíneálacha riaracháin a ríomh i leith na sáruithe a liostaítear sna míreanna sin, i gcás gur gnóthas é seolaí na fíneála riaracháin nó gur cuid de ghnóthas é, de réir bhrí Airteagail 101 agus 102 CFAE, go ndéanfar uasmhéid na fíneála riaracháin a ríomh ar bhonn céatadán de láimhdeachas iomlán domhanda na bliana gnó roimhe sin a bhí ag an ngnóthas lena mbaineann. |
|
58 |
I ndeireadh na dála, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 47 dá Thuairim, ní féidir ach fíneáil riaracháin lena gcinntear a méid trí thagairt a dhéanamh d’inniúlacht eacnamaíoch iarbhír nó ábhartha an tseolaí, agus dá bhrí sin arna bhforchur ag an údarás maoirseachta ar bhonn mhéid na fíneála, maidir le coincheap an aonaid eacnamaíoch de réir bhrí an chásdlí a luaitear i mír 56 den bhreithiúnas seo, na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 83(1) de RGCS a chomhlíonadh, eadhon nach mór dó a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. |
|
59 |
Dá bhrí sin, i gcás ina gcinneann údarás maoirseachta, de bhua a chumhachtaí faoi Airteagal 58(2) de RGCS, fíneáil riaracháin a ghearradh ar rialaitheoir, ar gnóthas é nó ar cuid de ghnóthas é, de réir bhrí Airteagail 101 agus 102 CFAE, de bhun Airteagal 83 den Rialachán sin, tá sé d’oibleagáid ar an údarás sin, de bhua na forála deiridh sin, arna léamh i gcomhar le haithris 150 den Rialachán céanna, agus na fíneálacha riaracháin á ríomh do na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 83(4) go (6), brath ar an gcoincheap “gnóthas” de réir bhrí Airteagail 101 agus 102 CFAE sin. |
|
60 |
I bhfianaise an méid sin, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 58(2)(i) agus Airteagal 83(1) go (6) de RGCS a léiriú amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar fíneáil riaracháin a ghearradh ar dhuine dlítheanach ina cháil mar rialaitheoir as sárú dá dtagraítear in Airteagal 83(4) go (6) ach amháin más rud é gur cuireadh an sárú sin a i leith duine nádúrtha sainaitheanta roimhe sin. |
An dara ceist
|
61 |
Maidir leis an dara ceist, a chuirtear sa chás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 83 de RGCS a léiriú amhail nach féidir fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun na forála sin ach amháin má shuítear go ndearna an rialaitheoir, ar duine dlítheanach agus gnóthas é, d’aon ghnó nó le faillí, sárú dá dtagraítear i míreanna 4 go 6 den Airteagal sin. |
|
62 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú gur léir ó Airteagal 83(1) de RGCS nach mór d’fhíneálacha riaracháin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ar an taobh eile, ní luaitear go sainráite in Airteagal 83 de RGCS nach bhféadfar na sáruithe dá dtagraítear i míreanna 4 go 6 den Airteagal sin a phionósú le fíneáil den sórt sin ach amháin má rinneadh iad d’aon ghnó nó, ar a laghad, le faillí. |
|
63 |
Chinn Rialtas na Gearmáine, Rialtas na hEastóine agus Rialtas na hIorua chomh maith le Comhairle an Aontais Eorpaigh, inter alia, go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais Eorpaigh gur cheart corrlach áirithe lánroghnach a bheith ag na Ballstáit chun Airteagal 83 de RGCS a chur chun feidhme, lena gceadaítear dóibh foráil a dhéanamh maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun na forála sin, i gcás inarb iomchuí, gan a shuíomh go ndearnadh an sárú ar RGCS a ngearrtar pionós air leis an bhfíneáil sin d’aon ghnó nó le faillí. |
|
64 |
Ní féidir glacadh le léiriú den sórt sin ar Airteagal 83 de RGCS. |
|
65 |
Chuige sin, de réir mhíreanna 45 agus 48 den bhreithiúnas seo, tagann na coinníollacha substainteacha atá le comhlíonadh ag údarás maoirseachta nuair a ghearrann sé fíneáil riaracháin ar rialaitheoir faoi raon feidhme dhlí an Aontais amháin, agus leagtar síos na coinníollacha sin, go beacht agus gan corrlach lánroghnach ag na Ballstáit, in Airteagal 83(1) go (6) de RGCS (féach freisin breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Nacionalinis visuomenės sveikatos centras, C-683/21, EU:C:2023:XXX, míreanna 64 go 70). |
|
66 |
Maidir leis na coinníollacha sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go liostaítear in Airteagal 83(2) de RGCS na tosca ar a bhféadfaidh an t-údarás maoirseachta fíneáil riaracháin a ghearradh ar an rialaitheoir. Áirítear ar na tosca sin, i mír (b) den fhoráil seo, “cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí”. Ar an taobh eile, ní luann aon cheann de na tosca a liostaítear san fhoráil thuasluaite go bhféadfaí an rialaitheoir a chur faoi dhliteanas in éagmais iompar éagórach ar a thaobh. |
|
67 |
Ina theannta sin, tá sé tábhachtach Airteagal 83(2) de RGCS a léamh, i gcomhar le mír 3 den Airteagal sin, arb é is cuspóir dó foráil a dhéanamh d’iarmhairtí cásanna sáruithe carnacha ar an Rialachán sin agus lena bhforáiltear “más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d'aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí”. |
|
68 |
Is léir ó fhoclaíocht Airteagal 83(2) de RGCS nach bhféadfar fíneáil riaracháin a ghearradh ar an rialaitheoir de bhun an Airteagail sin ach amháin i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin sin arna ndéanamh ar bhealach éagórach ag an rialaitheoir, eadhon sáruithe a dhéantar d’aon ghnó nó le faillí. |
|
69 |
Tugann an geilleagar ginearálta agus cuspóir RGCS tacaíocht don léamh seo. |
|
70 |
Ar thaobh amháin, rinneadh foráil le reachtas an Aontais Eorpaigh maidir le córas pionós lena gcuirtear ar chumas na n-údarás maoirseachta na pionóis is iomchuí a fhorchur ag brath ar imthosca gach cáis. |
|
71 |
Foráiltear le hAirteagal 58(2)(i) de RGCS go bhféadfaidh na húdaráis sin fíneálacha riaracháin a ghearradh, de bhun Airteagal 83 den Rialachán sin, “de bhreis ar […] nó ina n-ionad” maidir leis na bearta ceartaitheacha eile a liostaítear in Airteagal 58(2), amhail rabhaidh, iomarduithe nó orduithe. Ar an gcaoi chéanna, sonraítear in aithris 148 den Rialachán go bhféadfaidh na húdaráis mhaoirseachta, i gcás mionsáraithe nó más rud é gur ualach díréireach ar dhuine nádúrtha an fhíneáil riaracháin a ghearradh, go bhféadfaidh siad staonadh ó fhíneáil riaracháin a ghearradh agus, ina ionad sin, iomarduithe a eisiúint. |
|
72 |
Ar an taobh eile, mar a shonraítear i mír 50 den bhreithiúnas seo, is iad cuspóirí fhorálacha RGCS ná, go háirithe, chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta laistigh den Aontas Eorpach agus, chuige sin, cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus aonchineálach na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha na ndaoine sin a áirithiú i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin ar fud an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin sin a áirithiú, ní mór cumhachtaí maoirseachta coibhéiseacha a bheith ag údaráis mhaoirseachta chun faireachán a dhéanamh agus chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, ionas gur féidir leo pionóis choibhéiseacha a fhorchur i leith sáruithe ar an Rialachán sin. |
|
73 |
Cruthaíonn córas pionós lena bhféadfar fíneáil riaracháin a ghearradh faoi Airteagal 83 de RGCS, i gcás ina bhfuil údar maith leis sin de bharr imthosca sonracha gach cáis ar leith, dreasacht do rialaitheoirí agus próiseálaithe an Rialachán a chomhlíonadh. Mar gheall ar a n-éifeacht athchomhairleach, cuidíonn fíneálacha riaracháin le cosaint daoine nádúrtha a neartú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus, dá bhrí sin, is príomhghné iad chun urraim do chearta daoine aonair a áirithiú, i gcomhréir le cuspóir an Rialacháin sin, chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do na daoine sin i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. |
|
74 |
Mar sin féin, níor measadh le reachtas an Aontais Eorpaigh gur ghá, d’fhonn an t-ardleibhéal cosanta sin a áirithiú, foráil a dhéanamh d’fhíneálacha riaracháin a ghearradh in éagmais lochta. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag RGCS leibhéal cosanta atá comhsheasmhach agus aonchineálach araon a bhaint amach agus nach mór, chuige sin, é a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais Eorpaigh, bheadh sé contrártha leis an gcuspóir sin cead a thabhairt do na Ballstáit foráil a dhéanamh do chóras den sórt sin chun fíneáil a ghearradh de bhun Airteagal 83 den Rialachán sin. Thairis sin, d’fhéadfadh saoirse rogha den sórt sin saobhadh a dhéanamh ar an iomaíocht idir oibreoirí eacnamaíocha laistigh den Aontas Eorpach, rud a bheadh ag teacht salach ar na cuspóirí a chuir reachtas an Aontais in iúl, go háraithe, in aithrisí 9 agus 13 den Rialachán sin. |
|
75 |
Dá bhrí sin, ní mór a chinneadh nach gceadaítear le hAirteagal 83 de RGCS fíneáil riaracháin a ghearradh i leith sárú dá dtagraítear i míreanna 4 go 6 de, gan a shuíomh go ndearna an rialaitheoir an sárú d’aon ghnó nó le faillí, agus, dá bhrí sin, gurb ionann sárú éagórach agus coinníoll chun fíneáil den sórt sin a ghearradh. |
|
76 |
Maidir leis sin, ní mór a shoiléiriú freisin, maidir leis an gceist an ndearnadh sárú d’aon ghnó nó le faillí agus dá bhrí sin go bhféadfaí fíneáil riaracháin a ghearradh air faoi Airteagal 83 de RGCS, go bhféadfaí pionós a ghearradh ar rialaitheoir mar gheall ar iompar a thagann faoi raon feidhme RGCS i gcás nach bhféadfadh an rialaitheoir sin neamhaird a dhéanamh do chineál sáraitheach a iompair, cibé acu a bhí sé ar an eolas faoi fhorálacha RGCS a shárú nó nach raibh (féach, de réir analaí, breithiúnais an 18 Meitheamh 2013, Schenker & Co. agus páirtithe eile, C-681/11, EU:C:2013:404, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear, an 25 Márta 2021, Lundbeck v an Coimisiún, C-591/16 P, EU:C:2021:243, mír 156, agus an 25 Márta 2021, Arrow Group agus Arrow Generics v an Coimisiún, C-601/16 P, EU:C:2021:244, mír 97). |
|
77 |
I gcás inar duine dlítheanach é an rialaitheoir, ba cheart a shoiléiriú freisin nach bhfuil gníomhaíocht déanta ag nó fiú eolas ar údarás bainistíochta an duine dhlítheanaigh sin i gceist le cur i bhfeidhm Airteagal 83 de RGCS (féach, de réir analaí, breithiúnais an 7 Meitheamh 1983, Musique Diffusion française agus páirtihe eile v an Coimisiún, 100/80 go 103/80, EU:C:1983:158, mír 97, agus an 16 Feabhra 2017, Tudapetrol Mineralölerzeugnisse Nils Hansen v an Coimisiún, C-94/15 P, EU:C:2017:124, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
78 |
Ag féachaint do na breithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 83 de RGCS a léiriú sa chaoi nach féidir fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun na forála sin ach amháin má shuitear go ndearna an rialaitheoir, ar duine dlítheanach agus gnóthas araon é, sárú d’aon ghnó nó le faillí dá dtagraítear i míreanna 4 go 6 den Airteagal sin. |
Costais na n-imeachtaí
|
79 |
Ós rud é, sa mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.