BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)
27 Feabhra 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Sonraí pearsanta a chosaint – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagail 15(1)(h) – Cinnteoireacht uathoibrithe, lena n‑áirítear próifíliú – ‘Scoring’ – Measúnú ar acmhainneacht creidmheasa duine nádúrtha – Rochtain ar fhaisnéis fhónta faoin loighic atá i gceist le próifíliú – Fíorú ar chruinneas na sonraí arna gcur ar fáil – Treoir (AE) 2016/943 – Airteagal 2, pointe 1 – Rún trádála – Sonraí pearsanta ó thríú páirtithe)
I gCás C‑203/22,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín, an Ostair), trí bhreith an 11 Feabhra 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 16 Márta 2022, sna himeachtaí
CK
v
Magistrat der Stadt Wien
páirtí leasmhar:
Dun & Bradstreet Austria GmbH,
tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Uachtarán an Chéad Dlísheomra, T. von Danwitz (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán na Cúirte, A. Kumin, N. Jääskinen agus I. Ziemele, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
CK, ag C. Wirthensohn, Rechtsanwalt, |
|
– |
Dun & Bradstreet Austria GmbH, ag D. Cooper, Solicitor, A.-S. Oberschelp de Meneses, avocate, K. Van Quathem agus B. Van Vooren, advocaten, |
|
– |
Rialtas na Spáinne, ag A. Ballesteros Panizo, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus C. S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, F. Erlbacher agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 12 Meán Fómhair 2024,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo le léiriú, ar thaobh amháin, ar Airteagal 15(1)(h), agus le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, ‘RGCS’) agus, ar an taobh eile, léiriú ar Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint saineolais agus sonraí tráchtála neamhnochta (rún trádála) i gcoinne fáil, úsáid agus nochtadh neamhdhleathach (IO 2016 L 157, lch. 1). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir CK agus an Magistrat der Stadt Wien (Údarás Bardasach Chathair Vín, an Ostair) maidir le hiarratas ar fhorfheidhmiú breithiúnach lena n‑ordaítear do Bisnode Austria GmbH, anois Dun & Bradstreet Austria GmbH (‘D & B’), gnóthas atá speisialaithe i soláthair measúnuithe creidmheasa, faisnéis fhónta a sholáthar do CK a bhaineann leis an loighic atá i gceist le próifíliú a bhaineann lena shonraí pearsanta. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
RGCS
|
3 |
In aithrisí 4, 11, 58, 63 agus 71 de RGCS, foráiltear mar seo a leanas:
[...]
[...]
[...]
[...]
|
|
4 |
Foráiltear mar a leanas in Airteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’: ‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: [...]
|
|
5 |
Foráiltear le hAirteagal 12 den Rialachán sin, dar teideal ‘Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus modúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí’, dá dtagraítear i mír 1 de: ‘Déanfaidh an rialaitheoir na bearta is iomchuí chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus Airteagal 14 agus aon chumarsáid faoi Airteagal 15 go Airteagal 22 agus faoi Airteagal 34 a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta, a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, a mbaintear feidhm inti as teanga shoiléir agus as gnáthfhriotal, go háirithe maidir le haon fhaisnéis atá dírithe go sonrach ar leanbh. [...]’ |
|
6 |
Foráiltear le hAirteagal 13 den Rialachán céanna a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar i gcás ina mbailíonn an rialaitheoir na sonraí pearsanta, agus le hAirteagal 14 den Rialachán sin a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar nuair nach mbailíonn an rialaitheoir na sonraí pearsanta, faoi seach i mír 2(f) agus mír 2(g) oibleagáidí an rialaitheora i leith an ábhair sonraí chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú maidir leis an bpróiseáil, go háirithe faisnéis ar an bhfíoras gurb ‘ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n‑áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d’fhaisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.’ |
|
7 |
Léitear Airteagal 15 de RGCS dar teideal ‘Ceart rochtana don ábhar sonraí’ mar a leanas: ‘1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ón rialaitheoir á rá an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil nó nach bhfuil, agus, i gcás inarb amhlaidh an cás, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta sin agus ar an bhfaisnéis seo a leanas: [...]
[...] 3. Cuirfidh an rialaitheoir cóip de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ar fáil. Le haghaidh tuilleadh cóipeanna a d’iarrfadh an t‑ábhar sonraí, féadfaidh an rialaitheoir táille réasúnach a ghearradh bunaithe ar chostais riaracháin. I gcás ina ndéanann an t‑ábhar sonraí trí mheán leictreonach, agus mura n‑iarrann an t‑ábhar sonraí a mhalairt, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta. 4. An ceart chun cóip a fháil dá dtagraítear i mír 3, ní dhéanfar dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile leis.’ |
|
8 |
Foráiltear le hAirteagal 22 den Rialachán sin dar teideal ‘Cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n‑áirítear próifíliú’: ‘1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh a bhunaítear ar an bpróiseáil uathoibrithe amháin, lena n‑áirítear próifíliú, a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis nó léi nó lena n‑imrítear éifeacht shuntasach, air nó uirthi. 2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 más fíor an méid seo a leanas i dtaca leis an gcinneadh:
3. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 2, cuirfidh an rialaitheoir sonraí bearta iomchuí chun feidhme chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú, ar a laghad ceart an rialaitheora chun idirghabháil daoine a fháil, chun a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl agus chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. 4. Cinntí dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh siad bunaithe ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ach amháin sa chás go bhfuil feidhm ag pointe (a) nó ag pointe (g) d’Airteagal 9(2) agus go mbeidh bearta iomchuí ann chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú.’ |
|
9 |
De bhun Airteagal 23 den Rialachán sin, dar teideal ‘Srianta’: ‘1. Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n‑oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú: [...] (i) an t‑ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint; [...] 2. Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
|
|
10 |
Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 54(2) de RGCS dar teideal ‘Rialacha maidir leis an údarás maoirseachta a bhunú’: ‘Beidh comhalta nó comhaltaí agus foireann gach údaráis mhaoirseachta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, faoi réir dualgas rúndachta gairmiúla, le linn agus i ndiaidh a dtéarma oifige, maidir le haon fhaisnéis rúnda a dtagann siad uirthi le linn dóibh bheith ag comhlíonadh a ndualgas nó ag feidhmiú a gcumhachtaí. Le linn a dtéarma oifige, bainfidh an dualgas rúndachta gairmiúla sin go háirithe le sáruithe ar an Rialachán seo a bheith á dtuairisciú ag daoine nádúrtha le linn a dtéarma oifige.’ |
|
11 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 58(1)(e) de RGCS, dar teideal ‘Cumhachtaí’: ‘Beidh na cumhachtaí imscrúdaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:
|
Treoir 2016/943,
|
12 |
Foráiltear mar seo a leanas in aithris 35 de Threoir 2016/943: ‘[...] nár cheart go ndéanfadh an Treoir sin difear do na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i [dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31)], go háirithe ceart an ábhair sonraí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a phróiseáil agus an ceart na sonraí sin a cheartú, a léirscriosadh nó a bhlocáil i gcás ina bhfuil siad neamhiomlán nó míchruinn [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
13 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 2(1) den Treoir sin: ‘Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
14 |
Foráiltear le hAirteagal 9 den Treoir sin dar teideal ‘Rúndacht rún trádála a chaomhnú i gcúrsa imeachtaí dlí’: ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit nach n‑áireofar do na páirtithe, a ndlíodóirí nó ionadaithe eile, breithiúna, finnéithe, saineolaithe agus aon duine eile atá páirteach i nós imeachta breithiúnach a bhaineann le rún trádála a fháil, a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach, nó a bhfuil rochtain acu ar dhoiciméid atá mar chuid de nós imeachta den sórt sin, rún trádála nó rún trádála líomhainte a úsáid nó a nochtadh a d’aicmigh na húdaráis bhreithiúnacha atá inniúil, mar fhreagra ar iarratas cuí-réasúnaithe ó pháirtí leasmhar, mar rúnda agus mar sin go raibh siad ar an eolas tríd an rannpháirtíocht sin nó an rochtain sin. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit a chur ar chumas d’údaráis bhreithiúnacha atá inniúil gníomhú ar a dtionscnaimh féin freisin. Fanfaidh an oibleagáid faoin gcéad fhomhír i bhfeidhm tar éis deireadh a bheith curtha leis na himeachtaí breithiúnacha. Tiocfaidh deireadh le hoibleagáid den sórt sin áfach i gceachtar de na cúinsí seo a leanas:
2. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhféadfaidh na húdaráis bhreithiúnacha inniúla, ar iarratas cuí-réasúnaithe ó pháirtí, bearta sonracha a dhéanamh is gá chun rúndacht aon rúin trádála nó aon rúin trádála líomhainte a úsáideadh nó dá dtagraítear le linn imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le rún trádála a fháil, a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach a chosaint. Féadfaidh na Ballstáit na húdaráis bhreithiúnacha inniúla a chumasú freisin na bearta sin a dhéanamh ar a dtionscnamh féin. Áireofar leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar a laghad an fhéidearthacht:
Ní bheidh an líon daoine dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara fomhír thar a bhfuil riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceart na bpáirtithe sna himeachtaí breithiúnacha chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus áireofar leis, ar a laghad, duine nádúrtha amháin ó gach páirtí agus ó dhlíodóirí faoi seach nó ionadaithe eile na bpáirtithe sin sna himeachtaí breithiúnacha. 3. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na bearta dá bhforáiltear i mír 2 agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuil siad comhréireach, is iomchuí go gcuirfidh údaráis breithiúnacha inniúla i gcuntas an gá atá leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, leasanna dlisteanacha na bpáirtithe agus, i gcás inarb iomchuí, leasanna dlisteanacha tríú páirtithe, agus an díobháil fhéideartha do cheachtar de na páirtithe i ndíospóid, agus, i gcás inarb iomchuí, do thríú páirtithe, a eascraíonn as bearta den sórt sin a dheonú nó a dhiúltú. 4. Déanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta de bhun mhíreanna 1, 2 nó 3 i gcomhréir le [Treoir 95/46].’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na hOstaire
|
15 |
Le hAirteagal 4(6) den Datenschutzgesetz (an tAcht um Chosaint Sonraí) an 17 Lúnasa 1999 (BGBI. I 165/1999) sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí (an ‘DSG’), cuirtear cosc ar rochtain an ábhair sonraí ar a chuid sonraí pearsanta dá bhforáiltear in Airteagal 15 de RGCS, i gcás a dhéantar dochar leis an rochtain sin do rún trádála an rialaitheora nó tríú páirtí. |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
16 |
Dhiúltaigh oibreoir fóin póca do CK conradh teileafóin shoghluaiste a thabhairt i gcrích nó síneadh a chur leis a mbeadh íocaíocht mhíosúil EUR 10 mar thoradh air, ar an bhforas, tar éis measúnú a rinne D & B ar a chreidmheas ar mhodhanna uathoibrithe, nach raibh sócmhainneacht airgeadais leordhóthanach aici. |
|
17 |
Chuir CK an t‑ábhar faoi bhráid an Údaráis um Chosaint sonraí na hOstaire, a d’ordaigh do D & B faisnéis fhónta a chur ar fáil do CK maidir leis an loighic atá i gceist sa chinnteoireacht uathoibrithe bunaithe ar shonraí pearsanta CK. |
|
18 |
Thug D & B caingean i gcoinne chinneadh an údaráis sin os comhair an Bundesverwaltungsgericht (Cúirt Chónaidhme Riaracháin, an Ostair), ag maíomh, go bunúsach, mar gheall ar rún trádála faoi chosaint, nár ghá dó faisnéis a chur ar fáil do CK de bhreis ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil di cheana féin. |
|
19 |
Le cinneadh an 23 Deireadh Fómhair 2019 (‘cinneadh an 23 Deireadh Fómhair 2019’), chinn an chúirt sin gur sháraigh D & B Airteagal 15(1)(h) de RGCS, trí mhainneachtain faisnéis fhónta a sholáthar do CK maidir leis an loighic atá i gceist sa chinnteoireacht uathoibrithe atá bunaithe ar shonraí pearsanta a bhaineann le CK, nó, ar a laghad, trí mhainneachtain cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt leis an bhfíoras go raibh sé dodhéanta di an fhaisnéis sin a sholáthar. |
|
20 |
Go sonrach, sa chinneadh sin, thug an Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Chónaidhme Riaracháin) dá aire nár thug D & B mínithe leordhóthanacha do CK lena gcuirfí ar a cumas tuiscint a fháil ar an gcaoi inar cinneadh, a mhéid a bhaineann léi, an phrognóis maidir leis an dóchúlacht a hiompraíochta amach anseo (‘score’), a chuir an gnóthas sin in iúl di leis an soiléiriú, chun an ‘score’ sin a fháil, go ndearnadh sonraí sochdhéimeagrafacha áirithe de chuid CK ‘a chomhiomlánú ar bhealach coibhéiseach’. |
|
21 |
Tá cinneadh an 23 Deireadh Fómhair 2019 ina chinneadh críochnaitheach anois agus tá sé infhorfheidhmithe faoi dhlí na hOstaire. Mar sin féin, diúltaíodh don iarratas ar fhorfheidhmiú an chinnidh sin, arna thaisceadh ag CK le riarachán bardasach Chathair Vín, arb é an t‑údarás forghníomhaitheach é, ar an bhforas gur chomhlíon D & B a oibleagáid faisnéis a sholáthar go leordhóthanach, cé nár chuir an chuideachta sin aon fhaisnéis bhreise ar fáil tar éis an cinneadh sin a ghlacadh. |
|
22 |
Thug CK caingean i gcoinne chinneadh riarachán bardasach Chathair Vín os comhair Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín, an Ostair), arb í an chúirt a rinne an tarchur, d’fhonn cinneadh an 23 Deireadh Fómhair 2019 a fhorfheidhmiú. |
|
23 |
Measann an chúirt a rinne an tarchur go gceanglaítear uirthi, faoi dhlí na hOstaire, an cinneadh deireanach sin a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear cinneadh a dhéanamh ar na gníomhartha sonracha a cheanglaítear ar D & B a dhéanamh faoin gcinneadh sin. |
|
24 |
Ag glacadh leis nach féidir ach le saineolaí a bhfuil an saineolas riachtanach aige an cinneadh sin a dhéanamh, d’ainmnigh an chúirt a rinne an tarchur saineolaí a chinn go raibh sé de cheangal ar D & B an fhaisnéis íosta seo a leanas a sholáthar, chun a oibleagáidí do CK a chomhlíonadh:
|
|
25 |
Chun a áirithiú, tar éis a nochta, gur féidir le CK cruinneas na faisnéise íosta sin a fhíorú, ba cheart do D & B liosta ‘scores’ na ndaoine a sholáthar freisin (‘scoring’) don tréimhse lena gcumhdaítear na 6 mhí roimhe sin agus 6 mhí tar éis bhunú ‘scór’ CK, a fhaightear ar bhonn na rialach ríomha céanna. |
|
26 |
De réir na cúirte a rinne an tarchur, ní féidir comhsheasmhacht agus cruinneas na faisnéise arna soláthar ag rialaitheoir faoi Airteagal 15(1)(h) de RGCS a fhíorú ach amháin trí nochtadh na faisnéise íosta arna sainaithint ag an saineolaí sin. |
|
27 |
Sa chás seo, léiríonn roinnt comharthaí go soiléir go bhfuil an fhaisnéis a sholáthair D & B contrártha leis na fíricí. Cé gur léirigh an fhaisnéis a fuair CK, lena n‑áirítear, go háirithe, an ‘score’ a fuarthas, go raibh sí an‑iontaofa ó thaobh creidmheasa de, baineadh de thátal as an bpróifíliú iarbhír nach raibh sí sócmhainneach, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le híocaíocht na suime EUR 10 in aghaidh na míosa faoi chonradh teileafóin shoghluaiste. |
|
28 |
Dá bhrí sin, measann an chúirt a rinne an tarchur go n‑eascraíonn an cheist an ráthaítear le hAirteagal 15(1)(h) de RGCS go bhfuil an t‑ábhar sonraí in ann cruinneas na faisnéise a chuireann an rialaitheoir ar fáil a fhíorú. |
|
29 |
I gcás nach ráthaítear le hAirteagal 15(1)(h) de RGCS an fíorú sin, bheadh an ceart rochtana ar shonraí pearsanta an ábhair sonraí agus ar fhaisnéis eile dá bhforáiltear ann gan bhrí agus gan úsáid, go háirithe ós rud é go bhféadfadh gach rialaitheoir sa chás sin faisnéis mhícheart a sholáthar. |
|
30 |
Ardaítear an cheist freisin an gcuireann an eisceacht atá bunaithe ar rún trádála srian ar an gceart rochtana sin a ráthaítear le hAirteagal 15(1)(h) i gcomhar le hAirteagal 22 de RGCS agus, má chuireann, a mhéid a chuireann sí srian ar an gceart sin. |
|
31 |
I bhfianaise na rialacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Threoir 2016/943, ba cheart a mheasúnú an féidir an fhaisnéis a aicmítear mar ‘rúin trádála’, de réir bhrí Airteagal 2(1) den Treoir sin, a chur in iúl don údarás nó don chúirt a bhfuiltear os a chomhair nó os a comhair amháin, chun go bhféadfaidh an t‑údarás nó an chúirt sin a chinneadh go neamhspleách an gá a mheas go bhfuil rún trádála den sórt sin ann i ndáiríre agus an bhfuil an fhaisnéis sin a chuir an rialaitheoir ar fáil, de réir bhrí Airteagal 15(1) de RGCS, comhsheasmhach le fírinne na staide atá i gceist. |
|
32 |
Ar deireadh, tá sé tábhachtach scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas go bhfuil foráil amhail Airteagal 4(6) de DSG, lena n‑eisiatar, i bprionsabal, ceart rochtana an ábhair sonraí, dá bhforáiltear in Airteagal 15 de RGCS, i gcás ina gcuirfeadh an rochtain sin rún trádála nó rún trádála an rialaitheora nó tríú páirtí i mbaol, comhsheasmhach le hAirteagal 15(1) i gcomhar le hAirteagal 22(3) de RGCS. |
|
33 |
Sna himthosca sin, chinn an Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais
|
34 |
Le cinneadh an 8 Nollaig 2022, chuir Uachtarán na Cúirte bac ar na himeachtaí sa chás seo ar feitheamh breithiúnas críochnaitheach i gCás C‑634/21, SCHUFA Holding agus páirtithe eile (Scoring). |
|
35 |
I gcomhréir le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 13 Nollaig 2023, thug clárlann na Cúirte fógra don chúirt a rinne an tarchur faoi bhreithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding agus páirtithe eile (Scoring) (C‑634/21, EU:C:2023:957), inar iarradh uirthi, i bhfianaise an bhreithiúnais sin, ar mhian léi a hiarraidh ar réamhrialú a choimeád ar bun. |
|
36 |
Trí litir arna fáil ag Clárlann na Cúirte an 29 Eanáir 2024, léirigh an chúirt sin gur mhian léi a hiarraidh ar réamhrialú a choimeád ar bun, de bhrí nach gceadaítear le breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding agus páirtithe eile (Scoring) (C‑634/21, EU:C:2023:957) na ceisteanna a seoladh sa chás seo a fhreagairt. |
|
37 |
Trí chinneadh an 14 Feabhra 2024, d’ordaigh Uachtarán na Cúirte na himeachtaí sa chás seo a atosú. |
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
An chéad agus an dara ceist chomh maith leis an tríú ceist (a)
|
38 |
Lena céad cheist agus a dara ceist chomh maith leis an tríú cheist (a), ar cheart iad a scrúdú in éineacht lena chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 15(1)(h) de RGCS le léiriú sa chaoi, i gcás cinnteoireacht uathoibrithe, lena n‑áirítear próifíliú, de réir bhrí Airteagal 22(1) den Rialachán sin, go bhféadfaidh an t‑ábhar sonraí a cheangal ar an rialaitheoir, de bhun ‘faisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist’, míniú uileghabhálach ar an nós imeachta agus ar na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm go sonrach chun sonraí pearsanta maidir leis an ábhar sin a úsáid chun toradh sonrach, amhail próifíl sócmhainneachta, a fháil trí mhodhanna uathoibrithe. |
|
39 |
I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, is gá breithniú a dhéanamh ní hamháin ar fhoclaíocht na forála sin ach ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í (breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
40 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht Airteagal 15(1)(h) de RGCS, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhfuil bríonna an choincheapa ‘faisnéis fhónta’, de réir bhrí na forála sin, sna leaganacha teanga éagsúla den fhoráil sin éagsúil, agus go bhfuil cuid acu, cosúil leis an leagan Fraincise, i bhfabhar na feidhmiúlachta (‘nuttige’ san Ollainnis, ‘úteis’ sa Phortaingéilis) nó ó ábharthacht (‘pertinente’ sa Rómáinis) i soláthar na faisnéise, ach go gcuireann cuid eile béim níos mó ar thábhacht na faisnéise sin (‘significativa’ sa Spáinnis agus ‘istotne’ sa Pholainnis). Ar deireadh, is féidir an téarma a úsáidtear (‘aussagekräftig’ agus ‘meaningful’ faoi seach) sa leagan Gearmáinis agus sa leagan Béarla araon den fhoráil sin a thuiscint mar thagairtí do shothuigtheacht cheart na faisnéise sin agus mar théarma a bhaineann le cáilíocht áirithe den fhaisnéis sin. |
|
41 |
Ní mór éagsúlacht na mbríonna a úsáidtear sna leaganacha teangacha difriúla a thuiscint áfach i gciall chomhlántacht na mbríonna a leagtar amach sa mhír roimhe, rud ba cheart a chur san áireamh nuair atá an coincheap ‘faisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist’ á léiriú de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS agus mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 65 dá Thuairim. |
|
42 |
Ar an dara dul síos, i bhfianaise a foclaíochta ginearálta, is féidir leis an tagairt, san fhoráil sin, don ‘loighic a bheidh i gceist’ le cinnteoireacht uathoibrithe, arb í ábhar na ‘faisnéise fónta’ sin, raon leathan ‘loighice’ a chumhdach chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun toradh sonrach a fháil, trí mhodhanna uathoibrithe. Tacaítear leis an léiriú sin le leaganacha teanga áirithe den fhoráil sin ina n‑úsáidtear téarmaí lena dtagraítear, go comhlántach, do ghnéithe éagsúla den chomhthuiscint ar an gcoincheap ‘loighciúil’. Dá réir sin, mar shampla, sna leaganacha Seicise agus Polainnise, déantar tagairt do na téarmaí faoi seach ‘postupu’ agus ‘zasady’, ar féidir iad a aistriú go ‘nós imeachta’ agus ‘prionsabail’. |
|
43 |
Ba cheart a mheas mar sin go dtagraítear le foclaíocht Airteagal 15(1)(h) de RGCS do gach faisnéis ábhartha a bhaineann leis an nós imeachta agus na prionsabail maidir le próiseáil, go huathoibrithe, sonraí pearsanta chun toradh sonrach a fháil. |
|
44 |
Ina dhiaidh sin, maidir le comhthéacs an choincheapa ‘faisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist’ atá in Airteagal 15(1)(h) de RGCS, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil an fhaisnéis sin ach mar chuid amháin den fhaisnéis a chumhdaítear leis an gceart rochtana dá bhforáiltear san Airteagal sin, a bhaineann le tábhacht na próiseála atá i gceist agus na hiarmhairtí a mheastar a bheidh aici ar an ábhar sonraí. |
|
45 |
Cé nach luaitear an fhaisnéis sin sna ceisteanna a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar aghaidh ar cheart, de réir na dTreoirlínte maidir le cinnteoireacht agus próifíliú aonair uathoibrithe chun críocha Rialachán (AE) 2016/679, arna nglacadh an 3 Deireadh Fómhair 2017 ag an meitheal a bunaíodh le hAirteagal 29 de Threoir 95/46, arna n‑athbhreithniú agus arna nglacadh an 6 Feabhra 2018, a bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis sin, chun go mbeidh sí fónta agus sothuigthe, is gá, mar sin féin, an fhaisnéis sin a chur san áireamh mar chuid de chomhthéacs an choincheapa ‘faisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist’. |
|
46 |
Sa dara háit, de bhrí go n‑áirítear an coincheap ‘faisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist’ in Airteagal 13(2)(f) agus in Airteagal 14(2)(g) de RGCS, chinn an Chúirt cheana féin, i gcás cinnteoireacht uathoibrithe de réir bhrí Airteagal 22(1) den Rialachán sin, go bhfuil an ceart rochtana ar fhaisnéis den sórt sin a leagtar amach in Airteagal 15(1)(h) den Rialachán sin ag teacht le chéile leis na hoibleagáidí faisnéise breise atá ar an rialaitheoir faoi Airteagal 13(2)(f) agus Airteagal 14(2)(g) de RGCS (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding agus páirtithe eile (Scoring), C‑634/21, EU:C:2023:957, mír 56). |
|
47 |
Sa tríú háit, mar a leagann an tAbhcóide Ginearálta amach i míreanna 58 go 60 dá Thuairim, go bunúsach, ba cheart cásdlí na Cúirte a bhaineann leis na ceanglais nach mór don rialaitheoir a chomhlíonadh faoi Airteagal 15(3) de RGCS a chur san áireamh, i gcomhthéacs léiriú comhthéacsúil na gceart rochtana dá bhforáiltear i gcás cinnteoireacht uathoibrithe. |
|
48 |
Dá réir sin, ba cheart a chur san áireamh go bhfuil feidhm ag an gceanglas trédhearcachta na faisnéise a chuirtear ar fáil, dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) de RGCS maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15, lena n‑áirítear í a bhaineann leis an gcinnteoireacht uathoibrithe. |
|
49 |
D’fhonn a ráthú go dtugtar deis don ábhar sonraí tuiscint iomlán a fháil ar an bhfaisnéis a sholáthair an rialaitheoir dó, cuirtear d’oibleagáid ar an rialaitheoir le hAirteagal 12(1) na bearta is iomchuí ach go háirithe chun an fhaisnéis sin a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, a mbaintear feidhm inti as teanga shoiléir agus as gnáthfhriotal (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 38). |
|
50 |
Dá bhrí sin, tacaíonn an scrúdú ar chomhthéacs Airteagal 15(1)(h) de RGCS leis an léiriú a eascraíonn as an anailís ar fhoclaíocht na forála sin, ar dá réir a thagraíonn ‘faisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist’ sa chinnteoireacht uathoibrithe, de réir bhrí na forála sin, don fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an nós imeachta agus leis na prionsabail chun sonraí pearsanta a úsáid chun toradh sonrach a fháil, trí mhodhanna uathoibrithe, agus ceanglaítear le hoibleagáid na trédhearcachta freisin go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi. |
|
51 |
Ar deireadh, maidir le haidhmeanna RGCS, ba cheart a mheabhrú gurb é cuspóir an Rialacháin sin, inter alia, ardleibhéal cosanta a áirithiú do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, go háirithe a gceart go ndéanfar a sonraí pearsanta a chosaint, a chumhdaítear in Airteagal 16 CFAE agus a ráthaítear mar cheart bunúsach in Airteagal 8 den Chairt, lena bhforlíontar an ceart chun príobháideachais a ráthaítear in Airteagal 7 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Schrems (Sonraí a chur in iúl don Phobal i gCoitinne), C‑446/21, EU:C:2024:834, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
52 |
Dá réir sin, mar a luaitear in aithris 11 freisin, is é is aidhm do RGCS ná cearta na n‑ábhar sonraí a neartú agus a shoiléiriú (breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
53 |
Maidir go háirithe leis an gceart rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 15 de RGCS, leanann sé ó chásdlí na Cúirte nach mór don cheart sin a chur ar chumas don ábhar sonraí atá i gceist a áirithiú go bhfuil na sonraí pearsanta a bhaineann leis cruinn agus go ndéantar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach (breithiúnais an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 34, agus an 26 Deireadh Fómhair 2023, FT (Cóipeanna den taifead leighis), C‑307/22, EU:C:2023:811, mír 73). |
|
54 |
Tá gá leis an gceart rochtana sin chun go mbeidh an t‑ábhar sonraí in ann, de réir mar a bheidh, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh (‘an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad’) agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil a fheidhmiú, a thugtar dó nó di, faoi seach, le hAirteagail 16, 17 agus 18 de RGCS, a cheart nó a ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta, dá bhforáiltear in Airteagal 21 de RGCS, agus a cheart nó a ceart chun caingean a thionscnamh agus a cheart nó a ceart chun sásaimh, dá bhforáiltear faoi seach in Airteagail 79 agus 82 de RGCS (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, (C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 35). |
|
55 |
Go sonrach, sa chomhthéacs sonrach a bhaineann le cinneadh a ghlacadh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin, is é is príomhaidhm an chirt atá ag an ábhar sonraí an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 15(1)(h) de RGCS a fháil ná a chur ar a chumas nó ar a cumas na cearta a thugtar dó nó di le hAirteagal 22(3) den Rialachán sin a fheidhmiú go héifeachtach, eadhon a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl maidir leis an gcinneadh sin agus agóid a dhéanamh ina choinne. |
|
56 |
Go deimhin, mura raibh na daoine uile a ndéantar difear dóibh le cinneadh uathoibrithe, lena n‑áirítear próifíliú, in ann na cúiseanna leis an gcinneadh sin a thuiscint roimh a dtuairimí a chur in iúl nó cur i gcoinne an chinnidh sin, ní fhéadfaí leis na cearta sin, mar sin, a gcuspóir chun na daoine sin a chosaint i gcoinne na rioscaí áirithe dá gcearta agus dá saoirsí a bhaineann le próiseáil uathoibrithe a sonraí pearsanta a chomhlíonadh ina iomláine (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding agus páirtithe eile (Scoring), C‑634/21, EU:C:2023:957, mír 57) |
|
57 |
I ndáil leis sin, is léir ó aithris 71 de RGCS, nuair atá an t‑ábhar sonraí ina ábhar de chinneadh a glacadh ar bhonn próiseáil uathoibrithe amháin agus a dhéanann difear mór dó, nach mór don duine sin an ceart a bheith aige míniú a fháil i ndáil leis an gcinneadh sin. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 67 dá Thuairim, ní mór a mheas go dtugann Airteagal 15(1)(h) de RGCS fíorcheart chun míniú ar fheidhmiú sásra lena gcuirtear chun feidhme cinnteoireacht uathoibrithe a bhfuil an t‑ábhar sonraí faoina réir. |
|
58 |
Is léir ón scrúdú ar aidhmeanna RGCS agus, go háirithe, ó chuspóirí Airteagal 15(1)(h) de nach mór an ceart chun ‘faisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist’ a fháil i gcinnteoireacht uathoibrithe, de réir bhrí na forála sin, a thuiscint mar cheart chun míniú a fháil ar an nós imeachta agus ar na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm go sonrach chun leas a bhaint, trí mhodhanna uathoibrithe, as sonraí pearsanta an ábhair sonraí chun toradh sonrach a fháil, amhail próifíl sócmhainneachta. Chun an t‑ábhar sonraí a chur ar chumas a chearta nó a cearta a fheidhmiú go héifeachtach faoi RGCS agus, go sonrach, faoi Airteagal 22(3) de, ní mór an míniú sin a sholáthar, trí bhíthin faisnéis ábhartha agus ar bhealach atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus ar a bhfuil rochtain éasca. |
|
59 |
Ní leor foirmle chasta mhatamaiticiúil, amhail algartam, a chur in iúl ná tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar na céimeanna uile den chinnteoireacht uathoibrithe chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, ós rud é nach míniú atá gonta agus sothuigthe go leor aon cheann de na socruithe sin. |
|
60 |
Go deimhin, mar is léir ó leathanach 28 de na Treoirlínte a bhaineann le cinnteoireacht aonair uathoibrithe agus le próifíliú chun críocha an Rialacháin (AE) 2016/679, dá dtagraítear i mír 45 den bhreithiúnas seo, ar an gcéad dul síos, ní mór don rialaitheoir modhanna simplí chun an t‑ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin gcúis don chinneadh uathoibrithe nó an critéar ar a bhfuil sé bunaithe a thabhairt. Sa dara háit, ceanglaítear le RGCS ar an rialaitheoir faisnéis fhónta a chur ar fáil maidir leis an mbunloighic atá i gceist leis an gcinneadh sin, ‘ach ní gá gur míniú casta ar na halgartaim a úsáidtear ná ar nochtadh an algartaim iomláin í’. |
|
61 |
Dá bhrí sin, ní mór don ‘fhaisnéis fhónta maidir leis an loighic a bheidh i gceist’ sa chinnteoireacht uathoibrithe, de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) de RGCS, cur síos a dhéanamh ar an nós imeachta agus ar na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm go nithiúil ar bhealach inar féidir leis an ábhar sonraí a thuiscint cé acu dá shonraí pearsanta a úsáideadh sa chinnteoireacht uathoibrithe atá i gceist, agus cén bealach inar úsáideadh iad, gan castacht na n‑oibríochtaí atá le déanamh i gcomhthéacs na cinnteoireachta uathoibrithe a fhágáil go scaoiltear an rialaitheoir óna dhualgas nó míniú a thabhairt. |
|
62 |
Maidir le próifíliú go sonrach amhail an próifíliú atá i gceist sna príomhimeachtaí, d’fhéadfadh an chúirt a rinne an tarchur a chinneadh, inter alia, go bhfuil sé trédhearcach agus intuigthe go leor dá gcuirfí an t‑ábhar sonraí ar an eolas faoina mhéid a bheadh mar thoradh ar athrú sna sonraí pearsanta a cuireadh san áireamh go mbeadh toradh difriúil ann. |
|
63 |
An méid sin ráite, ba cheart a chur in iúl freisin, maidir leis an gceist an gcaithfidh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a chur ar chumas an ábhair sonraí cruinneas na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a fhíorú ar a bhfuil cinnteoireacht uathoibrithe bunaithe, nach gcumhdaítear an ceart chun rochtain a fháil ar na sonraí sin le hAirteagal 15(1)(h) de RGCS, ach le habairt tosaigh na míre sin lena ráthaítear gur féidir leis an ábhar sonraí cruinneas na sonraí sin a fhíorú, mar is léir ón gcásdlí a luaitear i mír 53 den bhreithiúnas seo. |
|
64 |
Ar deireadh, maidir le maíomh na cúirte a rinne an tarchur go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ag D & B go CK, faoi Airteagal 15(1)(h) de RGCS, contrártha leis na fíorais, i gcás a measadh dá dheasca an ‘fíorphróifíliú’ nach raibh sé sócmhainneach cé go dtugtar le tuiscint a mhalairt leis an bhfaisnéis, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé gurb amhlaidh, de réir na cúirte sin, go n‑eascraíonn an neamhchomhlíonadh sin as an easpa cumarsáide ó D & B le CK maidir leis an bpróifíliú a rinneadh uirthi thar ceann an ghnóthais fóin póca a dhiúltaigh conradh a dhéanamh léi nó a athnuachan, ar an mbonn sin, ní mór aghaidh a thabhairt air tríd an gceart rochtana ar an bpróifíl sócmhainneachta a cuireadh le chéile amhlaidh. I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte go dtagann sonraí pearsanta a ghineann an rialaitheoir féin faoi raon feidhme Airteagal 14 de RGCS (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Samhain 2024, Másdi, C‑169/23, EU:C:2024:988, mír 48). |
|
65 |
Os a choinne sin, thiocfadh míniú ar na difríochtaí atá ann idir toradh ‘fíorphróifíliú’, fiú dá mbunófaí é, agus an toradh a chuir D & B ar fáil do CK agus a fuarthas, dar leis an gcuideachta, trí ‘chomhiomlánú coibhéiseach’ na sonraí a bhaineann le CK faoi ‘fhaisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist’ den phróifíliú a rinneadh. I gcomhréir leis an méid atá luaite i mír 58 den bhreithiúnas seo, bheadh D & B faoi cheangal a mhíniú i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi an nós imeachta agus na prionsabail trína baineadh amach an toradh ‘d’fhíorphróifíliú’. |
|
66 |
Mar thoradh ar an méid roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad agus an dara ceist chomh maith leis an tríú ceist (a) go bhfuil Airteagal 15(1)(h) de RGCS le léiriú sa chaoi, i gcás cinnteoireacht uathoibrithe, lena n‑áirítear próifíliú, de réir bhrí Airteagal 22(1) den Rialachán sin, go bhféadfaidh an t‑ábhar sonraí a cheangal ar an rialaitheoir, de bhun ‘faisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist’, go míneoidh an rialaitheoir dó, trí fhaisnéis ábhartha agus i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, an nós imeachta agus na prionsabail a cuireadh i bhfeidhm go nithiúil chun sonraí pearsanta maidir leis an ábhar sin a úsáid chun toradh sonrach, amhail próifíl sócmhainneachta, a fháil trí mhodhanna uathoibrithe. |
An tríú ceist (b) agus (c), an ceathrú ceist (a) agus (b), chomh maith leis an gcúigiú agus an séú ceist
|
67 |
Leis an tríú ceist (b) agus (c), agus leis an gceathrú ceist (a) agus (b) chomh maith leis an gcúigiú agus an séú ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 15(1)(h) de RGCS le léiriú sa chaoi, i gcás ina measann an rialaitheoir go n‑áirítear leis an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fail don ábhar sonraí i gcomhréir leis an bhforáil sin sonraí tríú páirtithe a chosnaítear leis an Rialachán sin nó le rúin trádála, de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 2016/943, go gceanglaítear ar an rialaitheoir sin an fhaisnéis sin atá faoi chosaint líomhainte a chur in iúl don údarás maoirseachta nó an chúirt inniúil atá freagrach as na cearta agus na leasanna lena mbaineann a mheas chun raon feidhme cheart rochtana an ábhair sonraí lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 15 de RGCS a mheasúnú. |
|
68 |
Maidir leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara i dtosach báire, de bhun aithris 4 de RGCS, ní ceart glan é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint agus ní mór cothromaíocht a dhéanamh idir an ceart sin agus cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. In RGCS urramaítear na cearta bunúsacha uile agus comhlíontar na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad (breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2023, FT (Cóipeanna den taifead leighis), C‑307/22, EU:C:2023:811, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
69 |
Thairis sin, sonraítear in aithris 63 den Rialachán sin maidir leis an gceart atá ag gach ábhar sonraí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhailítear ina leith nár cheart dochar a dhéanamh do chearta ná do shaoirsí daoine eile, lena n‑áirítear rúin trádála nó maoin intleachtúil, go háirithe an cóipcheart lena gcosnaítear bogearraí. |
|
70 |
Níor cheart, áfach, é a bheith mar thoradh ar na cúinsí sin go ndiúltófaí d’fhaisnéis ar bith a thabhairt don ábhar sonraí. Dá réir sin, foráiltear le hAirteagal 23(1)(i) de RGCS, go bunúsach, nach bhféadfaí srian a chur ar raon feidhme na n‑oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear go háirithe in Airteagal 15 de RGCS ach nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun cosaint na gceart agus na saoirsí daoine eile a áirithiú. |
|
71 |
Maidir leis an gceart gaolmhar chun cóip a fháil a leagtar síos in Airteagal 15(4) de RGCS, thug an Chúirt dá haire cheana féin nár cheart dá chur i bhfeidhm, dochar a dhéanamh do chearta agus saoirsí daoine eile, lena n‑áirítear rún trádála nó maoin intleachtúil, go háirithe an cóipcheart lena gcosnaítear na bogearraí (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 43). |
|
72 |
Sa chomhthéacs sin, thug an Chúirt dá haire, i gcás coinbhleachta idir, ar thaobh amháin, feidhmiú cirt rochtana iomláin ar shonraí pearsanta agus, ar an taobh eile, cearta nó saoirsí daoine eile, ní mór cothromaíocht a fháil idir na cearta agus na saoirsí atá i gceist. A mhéid is féidir, is gá modhanna cumarsáide sonraí pearsanta a roghnú nach ndéanann dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile, agus é á chur san áireamh nár cheart ‘go ndiúltófaí an fhaisnéis uile don ábhar sonraí mar thoradh ar na breithnithe sin’, mar is léir ó aithris 63 de RGCS (breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 44). |
|
73 |
Maidir leis an gceist faoin mbealach ina bhféadfar an ceart rochtana a leagtar síos in Airteagal 15(1)(h) de RGCS a chur i bhfeidhm ar bhealach ina n‑urramófar cearta agus saoirsí daoine eile, ba cheart a mheabhrú, de réir an chásdlí, go bhféadfaidh cúirt náisiúnta a chinneadh nach mór sonraí pearsanta na bpáirtithe nó na dtríú páirtithe a chur in iúl di chun bheith in ann na leasanna go léir atá i gceist a mheas, agus láneolas aici ar na fíorais agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh an measúnú sin a bheith ina chúis don chúirt sin nochtadh iomlán nó páirteach na sonraí pearsanta arna gcur in iúl a údarú don pháirtí i gcoinne, más rud é go measann sí nach dtéann nochtadh thar a bhfuil riachtanach chun críocha fheidhmiú éifeachtach na gceart a bhaineann dlíthithe as Airteagal 47 den Chairt a áirithiú (breithiúnas an 2 Márta 2023, Norra Stockholm Bygg, C‑268/21, EU:C:2023:145, mír 58). |
|
74 |
Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 94 dá Thuairim, tá an cásdlí seo inaistrithe ina iomláine don chás ina bhféadfadh sárú ar chearta agus saoirsí daoine eile a bheith mar thoradh ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil don ábhar sonraí lena mbaineann faoin gceart rochtana a ráthaítear le hAirteagal 15(1)(h) de RGCS, go háirithe toisc go bhfuil sonraí pearsanta tríú páirtithe atá faoi chosaint an Rialacháin sin nó rún trádála inti de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 2016/943. Sa chás sin freisin, ní mór an fhaisnéis sin a chur in iúl don údarás maoirseachta inniúil nó don chúirt inniúil atá freagrach as na cearta agus na leasanna atá i gceist a mheas chun críocha raon feidhme cheart rochtana an ábhair sonraí lena mbaineann ar a shonraí nó a sonraí pearsanta a chinneadh. |
|
75 |
I bhfianaise an ghá le cinneadh den sórt sin de réir an cháis, cuirtear cosc le hAirteagal 15(1) de RGCS, inter alia, ar chur i bhfeidhm forála amhail Airteagal 4(6) de DSG lena n‑eisiatar, i bprionsabal, ceart rochtana an ábhair sonraí, dá bhforáiltear in Airteagal 15 de RGCS, i gcás ina gcuirfeadh an rochtain sin rún trádála nó rún gnó de chuid an rialaitheora nó de chuid tríú páirtí i mbaol. I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú nach bhféadfaidh Ballstát a leagan amach go críochnaitheach toradh cothromaíochta i ngach cás cearta agus leasanna lena mbaineann a cheanglaítear le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding agus páirtithe eile (Scoring), C‑634/21, EU:C:2023:957, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear) |
|
76 |
I bhfianaise an mhéid thuasluaite, is é an freagra ar an tríú ceist (b) agus (c), ar an gceathrú ceist (a) agus (b) chomh maith le freagra an chúigiú agus an séú ceist go bhfuil Airteagal 15(1)(h) de RGCS le léiriú sa chaoi, i gcás ina measann an rialaitheoir go n‑áirítear leis an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil don ábhar sonraí i gcomhréir leis an bhforáil sin sonraí tríú páirtí a chosnaítear leis an Rialachán sin nó le rúin trádála, de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 2016/943, go gceanglaítear ar an rialaitheoir sin an fhaisnéis sin atá faoi chosaint líomhainte a chur in iúl don údarás maoirseachta nó don chúirt inniúil atá freagrach as na cearta agus na leasanna lena mbaineann a mheas chun raon feidhme cheart rochtana an ábhair sonraí lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 15 de RGCS a chinneadh. |
Costais
|
77 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.