BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
10 Feabhra 2026 ( *1 )
(Achomharc – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 63 – An sásra comhsheasmhachta – Airteagal 65 – Réiteach díospóidí ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí – Cinneadh ceangailteach – Caingean le haghaidh neamhniú – An chéad mhír d’Airteagal 263 CFAE – Gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne – An ceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE – Coinníoll nach mór an beart is ábhar don chaingean a bheith de chúram an iarratasóra go díreach)
I gCás C‑97/23 P,
ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 17 Feabhra 2023,
WhatsApp Ireland Ltd, atá bunaithe i mBaile Átha Cliath (Éire), dá ndéanann E. Egan McGrath, AS, C. Geoghegan, AS, D. McGrath, AS, P. Sreenan, AS, B. Johnston, C. Monaghan, P. Nolan, Aturnaetha, H.-G. Kamann, Rechtsanwalt, F. Louis agus A. Vallery, avocats, ionadaíocht,
iarratasóir,
an páirtí eile sna himeachtaí:
an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, dá ndéanann C. Foglia, M. Gufflet, G. Le Grand agus I. Vereecken ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó G. Haumont, E. de Lophem, P. Vernet, avocats agus G. Ryelandt, advocaat,
cosantóir ag an gcéad chéim,
le tacaíocht ó:
Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, dá ndéanann J. Möller agus P.-L. Krüger, ionadaíocht i dtosach, agus J. Möller, ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,
idiragraí san achomharc,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, I. Jarukaitis, I. Ziemele, O. Spineanu-Matei agus M. Condinanzi, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, E. Regan, N. Piçarra, A. Kumin, N. Jääskinen, B. Smulders agus N. Fenger, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,
Cláraitheoir: A. Lamote, Riarthóir,
ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 26 Samhain 2024,
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 27 Márta 2025,
an Breithiúnas seo a leanas
Breithiúnas
|
1 |
Lena achomharc, iarrann WhatsApp Ireland Ltd (‘WhatsApp’) go gcuirfear ar ceal an t‑ordú ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 7 Nollaig 2022, WhatsApp Ireland v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (T‑709/21, ‘an t‑ordú atá faoi achomharc’, EU:T:2022:783), lenar dhiúltaigh sí don chaingean chun Cinneadh ceangailteach 1/2021 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (‘an Bord’) an 28 Iúil 2021 maidir le díospóid idir na húdaráis rialaithe lena mbaineann ag eascairt as dréachtchinneadh maidir le WhatsApp a rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí (CCS) (‘údarás maoirseachta na hÉireann’) (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní, toisc í a bheith do-ghlactha. |
An dlí lena mbaineann
|
2 |
Foráiltear mar seo a leanas in aithrisí 10 agus 143 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, agus Ceartúcháin IO 2018 L 127, lch. 2, ‘RGCS’).
[...]
|
|
3 |
Foráiltear le hAirteagal 5 de RGCS, dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’, i mír 1(a) nach mór sonraí pearsanta a próiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom, agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí. Foráiltear in Airteagal 5(1)(c) den Rialachán sin nach mór na sonraí a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil. |
|
4 |
In Airteagal 6 de RGCS, dar teideal ‘Dleathacht na próiseála’, leagtar síos na coinníollacha a bhaineann le dleathacht próiseála sonraí pearsanta. Foráiltear i mír 1 den Airteagal 6 sin: ‘Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:
Ní bheidh feidhm ag pointe (f) den chéad fhomhír maidir le próiseáil a dhéanann údaráis phoiblí i gcomhlíonadh a gcúraimí.’ |
|
5 |
In Airteagal 12 de RGCS, tá forálacha a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus cumarsáide agus leis na modhanna chun cearta an ábhair sonraí a fheidhmiú. Foráiltear i mír 1 den Airteagal 12 sin: ‘Déanfaidh an rialaitheoir na bearta is iomchuí chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 agus aon chumarsáid faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34 a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta, a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, a mbaintear feidhm inti as teanga shoiléir agus as gnáthfhriotal, go háirithe maidir le haon fhaisnéis atá dírithe go sonrach ar leanbh. Is i scríbhinn a chuirfear an fhaisnéis ar fáil, nó trí mheán eile, lena [n‑áirítear], i gcás inarb iomchuí i bhfoirm leictreonach. Nuair a iarrann an t‑ábhar sonraí amhlaidh, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ó bhéal, ar choinníoll gur deimhníodh céannacht an ábhair sonraí ar mhodh eile.’ |
|
6 |
Foráiltear le hAirteagal 13 de RGCS, dar teideal ‘An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí’: ‘1. I gcás go mbailítear sonraí pearsanta a bhaineann le hábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile seo a leanas don ábhar sonraí tráth a gheofar na sonraí pearsanta:
2. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir don ábhar sonraí, tráth a gheofar sonraí pearsanta, an fhaisnéis bhreise seo a leanas is gá chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú:
[...]’ |
|
7 |
Baineann Airteagal 14 de RGCS leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar i gcás nár bailíodh na sonraí ón ábhar sonraí. |
|
8 |
De réir Airteagal 55(1) de RGCS, beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a thugtar dó i gcomhréir le RGCS a fheidhmiú ar chríoch a Bhallstáit féin. |
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 56 de RGCS, dar teideal ‘Inniúlacht an phríomhúdaráis maoirseachta’: ‘1. Gan dochar d’Airteagal [55], beidh údarás maoirseachta na príomhbhunaíochta nó na bunaíochta aonair de chuid an rialaitheora nó de chuid an phróiseálaí inniúil chun gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta ar an bpróiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60. 2. De mhaolú ar mhír 1, beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun gearán a láimhseáil arna thaisceadh leis nó sárú ionchasach ar an Rialachán seo, má bhaineann ábhar an cháis le bunaíocht sa Bhallstát dá chuid agus léi sin amháin nó má tá éifeacht shubstainteach aige sin ar ábhair sonraí ina Bhallstát agus sa Bhallstát sin amháin. 3. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an t‑údarás maoirseachta an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas faoin ábhar sin gan mhoill. Laistigh de thréimhse trí seachtaine tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta cinneadh cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60, agus é á chur san áireamh cibé acu atá nó nach bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí sa Bhallstát ar chuir an t‑údarás maoirseachta ar an eolas faoi é. 4. I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta an cás a láimhseáil, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60. Féadfaidh an t‑údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas dréacht le haghaidh cinnidh a chur faoi bhráid an phríomhúdaráis maoirseachta. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an dréacht sin a chur san áireamh go hiomlán agus an dréachtchinneadh dá dtagraítear in Airteagal 60(3) á ullmhú aige. 5. I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta gan an cás a láimhseáil, láimhseálfaidh an t‑údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas an cás de réir Airteagal 61 agus Airteagal 62. 6. Is é an príomhúdarás maoirseachta amháin a bheidh ina idirghabhálaí leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí i ndáil le próiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin.’ |
|
10 |
Foráiltear le hAirteagal 57 de RGCS, dar teidil ‘Cúraimí’, i mír 1(h) go ndéanfaidh gach údarás maoirseachta, i gcríoch a Bhallstáit, imscrúduithe ar chur i bhfeidhm RGCS. |
|
11 |
Liostaítear cumhachtaí imscrúdaithe an údaráis sin i mír 1 d’Airteagal 58 de RGCS, dar teideal, ‘Cumhachtaí’. I mír 2 den Airteagal sin, liostaítear na bearta ceartaitheacha is féidir leis an údarás sin a ghlacadh, lena n‑áirítear iad siúd dá dtagraítear i bpointí (b), (d) agus (i) de, arb é atá iontu, faoi seach, iomarduithe a eisiúint do rialaitheoir nó do phróiseálaí i gcás ina bhfuil oibríochtaí próiseála tar éis forálacha RGCS a shárú, ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha RGCS, nuair is iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe agus fíneáil riaracháin a fhorchur de bhun Airteagal 83 de RGCS. |
|
12 |
Foráiltear le hAirteagal 60 de RGCS, dar teideal ‘Comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann’: ‘1. Comhoibreoidh an príomhúdarás maoirseachta leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann i gcomhréir leis an Airteagal seo d’fhonn teacht ar chomhdhearcadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha ar fad a mhalartú lena chéile. 2. Féadfaidh an príomhúdarás maoirseachta iarraidh ar údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, cúnamh frithpháirteach a thabhairt de bhun Airteagal 61 agus féadfaidh siad oibríochtaí comhpháirteacha de bhun Airteagal 62 a sheoladh, go háirithe chun imscrúduithe a dhéanamh nó chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beart a bhaineann le rialaitheoir nó le próiseálaí atá bunaithe i gcríoch Bhallstáit eile. 3. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an fhaisnéis ábhartha maidir leis an tsaincheist a chur in iúl, gan mhoill, do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann. Cuirfidh sé dréachtchinneadh faoi bhráid na n‑údarás maoirseachta eile lena mbaineann gan mhoill chun a dtuairimí a fháil agus tabharfaidh sé aird chuí ar na tuairimí atá acu. 4. I gcás ina gcuirfidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agóid ábhartha réasúnaithe in iúl laistigh de cheithre seachtaine i gcoinne an dréachtchinnidh tar éis don phríomhúdarás dul i gcomhairle leo i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta an t‑ábhar faoi bhráid an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, mura leanann sé an agóid ábhartha agus réasúnaithe nó má mheasann sé nach bhfuil an agóid ábhartha ná réasúnaithe. 5. I gcás inar meabhair leis an bpríomhúdarás maoirseachta an agóid ábhartha agus réasúnaithe atá déanta a leanúint, cuirfidh sé dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi bhráid na n‑údarás maoirseachta eile lena mbaineann lena dtuairim a fháil. Beidh an dréachtchinneadh athbhreithnithe sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 laistigh de thréimhse coicíse. 6. I gcás nach gcuirfidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agóid in aghaidh an dréachtchinnidh a thíolaic an príomhúdarás maoirseachta laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, measfar go bhfuil an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar aon intinn lena chéile maidir leis an dréachtchinneadh sin agus beidh siad faoina cheangal. 7. Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta an cinneadh agus cuirfidh sé é sin in iúl do phríomhbhunaíocht nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí, de réir mar a bheidh, agus cuirfidh sé na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus an Bord ar an eolas maidir leis an gcinneadh, lena n‑áirítear achoimre ar na fíricí agus ar na forais ábhartha. Cuirfidh an t‑údarás maoirseachta ar taisceadh gearán leis an gearánach ar an eolas maidir leis an gcinneadh. 8. De mhaolú ar mhír 7, i gcás ina ndéanfar gearán a dhíbhe nó a dhiúltú, glacfaidh an t‑údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an cinneadh sin agus tabharfaidh sé fógra don ghearánach maidir leis agus cuirfidh sé an rialaitheoir ar an eolas faoi. 9. I gcás ina mbeidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar aon aigne maidir le codanna de ghearán a dhíbhe nó a dhiúltú, agus gníomhú maidir le codanna eile sa ghearán sin, glacfar cinneadh ar leithligh maidir le gach cuid den ábhar. Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta an cinneadh maidir leis an gcuid a bhaineann le gníomhaíochtaí i ndáil leis an rialaitheoir, cuirfidh sé an méid sin in iúl do phríomhbhunaíocht nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí atá ar chríoch a Bhallstáit féin agus cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoi, agus glacfaidh údarás maoirseachta an ghearánaigh an cinneadh maidir leis an gcuid a bhaineann le díbhe nó le diúltú an ghearáin sin, agus tabharfaidh sé fógra faoi don ghearánach sin, agus cuirfidh sé an rialaitheoir agus an próiseálaí ar an eolas faoi. 10. Tar éis fógra a fháil maidir le cinneadh an phríomhúdaráis maoirseachta de bhun mhíreanna 7 agus 9, déanfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an cinneadh maidir le gníomhaíochtaí próiseála i gcomhthéacs a bhunaíochtaí go léir san Aontas. Tabharfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí fógra don phríomhúdarás maoirseachta faoi na bearta a ghlacfar chun an cinneadh a chomhlíonadh agus cuirfidh an príomhúdarás sin na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann ar an eolas. 11. In imthosca eisceachtúla ina measfaidh údarás maoirseachta go bhfuil gá práinneach le gníomhú chun leasanna na n‑ábhar sonraí a chosaint, beidh feidhm ag an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 66. 12. Cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann an fhaisnéis atá riachtanach faoin Airteagal seo ar fáil dá chéile trí mhodhanna leictreonacha agus bainfear úsáid as formáid chaighdeánaithe chuige sin.’ |
|
13 |
De réir bhrí Airteagal 63 RGCS, dar teideal ‘An sásra comhsheasmhachta’: ‘D’fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais, rachaidh na húdaráis mhaoirseachta i gcomhar lena chéile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún, trí bhíthin an tsásra comhsheasmhachta [...]’ |
|
14 |
Foráiltear le hAirteagal 65 de RGCS, dar teideal ‘Réiteach díospóidí ag an [mBord]’: ‘1. D’fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach i gcásanna aonair, déanfaidh an Bord cinneadh ceangailteach a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:
2. Laistigh de mhí amháin iar dtarchur an ábhair, glacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin go ceann mí eile i ngeall ar chastacht an ábhair. An cinneadh dá dtagraítear i mír 1, beidh sé réasúnaithe agus seolfar é chuig an príomhúdarás maoirseachta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta uile lena mbaineann agus beidh sé ina cheangal orthu fairis sin. 3. I gcás nach mbeidh an Bord in ann cinneadh a ghlacadh laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh sé a chinneadh laistigh de choicís tar éis dheireadh an dara mí dá dtagraítear i mír 2 trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. I gcás ina bhfuil deighilt idir comhaltaí an Bhoird, glacfar an cinneadh trí vóta óna Chathaoirleach. 4. Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann cinneadh a ghlacadh maidir leis an ábhar a cuireadh faoi bhráid an Bhoird faoi mhír 1 le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. 5. Cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Foilseofar an cinneadh gan mhoill ar shuíomh gréasáin an Bhoird tar éis don údarás maoirseachta fógra a thabhairt faoin gcinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 6. 6. Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t‑údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis cinneadh críochnaitheach ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis don Bhord fógra a thabhairt maidir lena chinneadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t‑údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, an Bord a chur ar an eolas faoin dáta a gcuirfear fógra faoina chinneadh críochnaitheach chuig an rialaitheoir nó chuig an bpróiseálaí agus chuig an ábhar sonraí, faoi seach. Glacfar cinneadh críochnaitheach na n‑údarás maoirseachta lena mbaineann faoi théarmaí Airteagal 60(7), (8) agus (9). Tagrófar sa chinneadh críochnaitheach don chinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus sonrófar ann go ndéanfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhoird i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Ceanglófar leis an gcinneadh críochnaitheach an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.’ |
|
15 |
Foráiltear le hAirteagal 68 de RGCS, dar teideal ‘an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí’, i mír 1, go mbunaítear an Bord mar chomhlacht de chuid an Aontais agus go mbeidh pearsantacht dhlíthiúil aige. |
|
16 |
Le hAirteagal 70 de RGCS, dar teideal ‘Cúraimí an [Bhoird]’, i mír 1(a) go n‑áiritheoidh an Bord go gcuirfear RGCS i bhfeidhm go comhsheasmhach. Chuige sin, ar a thionscnamh féin, nó i gcás inarb ábhartha, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, déanann an Bord, inter alia, faireachán ar RGCS agus áirithíonn sé go gcuirfear i bhfeidhm é mar is ceart sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagail 64 agus 65 de, gan dochar do chúraimí na n‑údarás náisiúnta maoirseachta. |
|
17 |
Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 78 de RGCS, dar teideal ‘An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne údarás maoirseachta’: ‘1. Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh a bhaineann leo a dhéanann údarás maoirseachta agus atá ina cheangal de réir dlí. 2. Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach ábhar sonraí leigheas éifeachtach breithiúnach a bheith aige i gcás nach láimhseálann an t‑údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 agus Airteagal 56 gearán nó i gcás nach gcuireann sé an t‑ábhar sonraí ar an eolas laistigh de thrí mhí maidir le dul chun cinn nó le toradh an ghearáin arna thaisceadh de bhun Airteagal 77. 3. Tionscnófar imeachtaí i gcoinne údarás maoirseachta os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil an t‑údarás maoirseachta bunaithe. 4. I gcás imeachtaí a thionscnaítear i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta ar thug an Bord tuairim nó cinneadh uaidh roimhe tríd an sásra comhsheasmhachta, cuirfidh an t‑údarás maoirseachta an cinneadh nó an tuairim sin ar aghaidh chuig an gCúirt.’ |
|
18 |
Le hAirteagal 83 de RGCS, leagtar síos na coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a fhorchur. |
Cúlra na díospóide agus an cinneadh atá faoi chonspóid
|
19 |
Tugtar cuntas ar chúlra na díospóide i míreanna 2 go 12 den ordú atá faoi achomharc agus, chun críocha na n‑imeachtaí seo, is féidir achoimre a dhéanamh air mar seo a leanas. |
|
20 |
I ndiaidh theacht i bhfeidhm RGCS, fuair údarás maoirseachta na hÉireann gearáin ó úsáideoirí na seirbhíse teachtaireachta ‘WhatsApp’ agus daoine nach úsáideoirí iad maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag WhatsApp. Thairis sin, d’iarr an Bundesbeauftragte für den Datenschutz und die Informationsfreiheit (BfDI) (an Coimisinéir Cónaidhme um Chosaint Sonraí agus um Shaoráil Faisnéise, an Ghearmáin) cúnamh ó údarás maoirseachta na hÉireann maidir leis na hoibleagáidí trédhearcachta a bhíonn ar rialaitheoirí sonraí pearsanta a bheith á gcomhlíonadh ag WhatsApp i dtaobh na féidearthachta go raibh sonraí den sórt sin á roinnt le heintitis eile de ghrúpa Facebook, athainmnithe mar ‘Meta’ ó mhí Mheán Fómhair 2021. |
|
21 |
Thionscain údarás maoirseachta na hÉireann, dá thionscnamh féin, i mí na Nollag 2018, imscrúdú ginearálta maidir le hoibleagáidí trédhearcachta agus faisnéise a bheith á gcomhlíonadh ag WhatsApp i ndáil le daoine aonair a leagtar amach in Airteagail 12 go 14 de RGCS, gan dochar do na bearta a d’fhéadfadh sé a ghlacadh maidir leis na gearáin nó iarratais éagsúla ina leith. Ghníomhaigh údarás maoirseachta na hÉireann, i ndáil leis sin, mar phríomhúdarás maoirseachta, de bhun Airteagal 56(1) de RGCS, ós rud é go raibh a phríomhbhunaíocht ag WhatsApp, in Éirinn, mar rialaitheoir le haghaidh oibríochtaí na seirbhíse teachtaireachta ‘WhatsApp’ san Eoraip, de bharr gur phróiseáil trasteorann a bhí i gceist. |
|
22 |
I ndiaidh don chéim imscrúdaithe teacht chun deiridh i mí Dheireadh Fómhair 2019 trí thuarascáil deiridh an imscrúdaitheora a thíolacadh, chuir údarás maoirseachta na hÉireann, i ndiaidh na gcéimeanna nós imeachta idirmheánacha inar chuir WhatsApp a bharúlacha in iúl, dréachtchinneadh faoi bhráid na n‑údarás maoirseachta eile go léir lena mbaineann an cás, i mí na Nollag 2020, d’fhonn a dtuairimí a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de RGCS. |
|
23 |
I mí Eanáir 2021, chuir ocht gcinn de na húdaráis mhaoirseachta eile sin agóidí maidir le gnéithe áirithe den dréachtchinneadh sin in iúl. D’fhreagair údarás maoirseachta na hÉireann na hagóidí sin le chéile agus mhol sé comhréitigh. Cé gur tharraing ceann amháin de na hocht n‑údarás maoirseachta ceann dá agóidí siar, thug údarás maoirseachta na hÉireann faoi deara nach raibh comhdhearcadh ann maidir le gnéithe eile a ndearnadh agóid ina leith. Chinn sé na hagóidí go léir a fuarthas a dhiúltú agus an t‑ábhar a chur faoi bhráid an Bhoird chun go réiteodh sé an díospóid idir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann maidir leis na gnéithe a cumhdaíodh leis na hagóidí sin, i gcomhréir le hAirteagal 60(4) agus le hAirteagal 65(1)(a) de RGCS. |
|
24 |
I mí na Bealtaine 2021, fuair údarás maoirseachta na hÉireann barúlacha WhatsApp i scríbhinn maidir leis na hábhair a pléadh idir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann, tar éis gach doiciméad a malartaíodh eatarthu a chur chuige, agus chuir sé na barúlacha chuig an mBord chun go mbeadh sé ar an eolas fúthu i gcomhthéacs an nós imeachta um réiteach díospóidí, a thionscain sé i mí an Mheithimh 2021. |
|
25 |
An 28 Iúil 2021, ghlac an Bord an cinneadh atá faoi chonspóid, ar bhonn Airteagal 65(2) de RGCS. |
|
26 |
Tar éis d’údarás maoirseachta na hÉireann an cinneadh atá faoi chonspóid a fháil agus barúlacha a fháil ó WhatsApp maidir leis na pionóis airgeadais a raibh sé i gceist aige, ar deireadh, a fhorchur air i ndiaidh an cinneadh sin a ghlacadh, ghlac an t‑údarás sin, an 20 Lúnasa 2021, i gcomhréir le hAirteagal 65(6) de RGCS, cinneadh críochnaitheach, a díríodh ar WhatsApp (‘an cinneadh críochnaitheach’). |
|
27 |
Sa chinneadh críochnaitheach, chinn údarás maoirseachta na hÉireann gur sháraigh WhatsApp an prionsabal agus na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 5(1)(a), in Airteagal 12(1) agus in Airteagal 13(1)(c) go (f), in Airteagal 13(2)(a), (c) agus (e) agus in Airteagal 14 de RGCS. Os a choinne sin, luaigh an t‑údarás sin gur chomhlíon WhatsApp na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 13(1)(a) agus (b) agus in Airteagal 13(2)(b) agus (d) de RGCS. Mar bhearta ceartaitheacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 58(2)(b), (d), agus (i) de RGCS, d’eisigh an t‑údarás sin iomardú i gcoinne WhatsApp, agus d’ordaigh sé dó bearta áirithe a chur i bhfeidhm, a liostaíodh in iarscríbhinn, chun na forálacha de RGCS a sháraigh sé a chomhlíonadh laistigh de 3 mhí, agus ceithre fhíneáil riaracháin a bhaineann leis na sáruithe a fuarthas ar Airteagal 5(1)(a), chomh maith le hAirteagail 12 go 14 de RGCS, de mhéid carnach arb ionann agus EUR 225 mhilliún. |
|
28 |
Thairis sin, sa chinneadh críochnaitheach, shainaithin údarás maoirseachta na hÉireann na pointí ar ghá dó athscrúdú a dhéanamh ar a mheasúnú sa dréachtchinneadh mar gheall ar an gcinneadh atá faoi chonspóid. Roghnaigh sé, maidir leis na gnéithe sin, na forais a bhí ag an mBord sa chinneadh atá faoi chonspóid a atáirgeadh mar a bhí, i mboscaí liatha, agus na conclúidí is gá a bhaint as gach ceann acu i bpointe deiridh. |
|
29 |
I gcomhréir le hAirteagal 65(6) de RGCS, cuireadh an cinneadh atá faoi chonspóid i gceangal leis an gcinneadh críochnaitheach. |
|
30 |
Sa chinneadh atá faoi chonspóid, ghlac an Bord seasamh maidir leis na ceisteanna a bhí ina n‑ábhar d’agóidí ábhartha agus réasúnaithe, de réir bhrí Airteagal 65(1)(a) de RGCS, eadhon:
|
|
31 |
Thionscain WhatsApp caingean i gcoinne an chinnidh chríochnaithigh os comhair cúirt Éireannach. |
Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an t‑ordú atá faoi achomharc
|
32 |
Trí iarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 1 Samhain 2021, thionscain WhatsApp caingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE chun an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. |
|
33 |
Leis an ordú atá faoi chonspóid, a glacadh de bhun Airteagal 129 dá Rialacha Nós Imeachta, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don chaingean sin toisc í a bheith do-ghlactha. |
|
34 |
Cé gur thug sé faoi deara, i míreanna 36, 37 agus 40 den ordú atá faoi achomharc gurbh ionann an cinneadh atá faoi chonspóid agus gníomh chomhlacht an Aontais, atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige i ndáil le tríú páirtithe, agus go raibh an cinneadh sin de chúram WhatsApp go leithleach, mheas an Chúirt Ghinearálta, áfach, i mír 42 den ordú atá faoi achomharc, gur gníomh ullmhúcháin nó idirmheánach a bhí ann i nós imeachta a bhí le dúnadh le glacadh cinnidh chríochnaithigh ó údarás maoirseachta náisiúnta. Mheas an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 43 agus 44 den ordú atá faoi achomharc, nárbh ionann an gníomh sin agus ‘gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne’ ach amháin má bhí éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha aige nach féidir cosaint dhlíthiúil éifeachtach a áirithiú i ndáil leo i gcomhthéacs caingean i gcoinne an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr an nós imeachta atá i gceist. |
|
35 |
I ndáil leis sin, mheas an Chúirt Ghinearálta, i mír 45 den ordú atá faoi achomharc, gurbh amhlaidh, sa chás seo, gur áirithíodh cosaint bhreithiúnach éifeachtach maidir leis an gcinneadh atá faoi chonspóid tríd an leigheas a bhí ar fáil do WhatsApp, os comhair na gcúirteanna náisiúnta, i gcoinne cinneadh críochnaitheach, ós rud é go raibh an chumhacht ag an gcúirt náisiúnta, de bhun Airteagal 267 CFAE, tarchur chun réamhrialú a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht an chinnidh atá faoi chonspóid. Shonraigh an Chúirt Ghinearálta freisin, i mír 46 den ordú atá faoi achomharc, nach raibh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh atá faoi chonspóid a bhí neamhspleách ar an gcinneadh a ghlac údarás maoirseachta na hÉireann, i ndáil le WhatsApp. |
|
36 |
Thairis sin, mheas an Chúirt Ghinearálta, i mír 49 den ordú atá faoi achomharc nach gá go gciallaíonn an fíoras go gcuirtear in iúl seasamh cinntitheach údaráis le gníomh idirmheánach den sórt sin, a bheidh le hatáirgeadh sa chinneadh críochnaitheach lena gcuirtear clabhsúr ar an nós imeachta atá i gceist, gur athraíodh staid dhlíthiúil an iarratasóra go suntasach leis an ngníomh sin féin. |
|
37 |
Ina theannta sin, thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, i mír 50 den ordú atá faoi achomharc nach raibh an cinneadh atá faoi chonspóid de chúram WhatsApp go díreach. Thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara, i mír 52 den ordú sin, nach raibh an cinneadh sin den chineál gur féidir agóid a dhéanamh ina choinne sa chaoi bhféadfadh sé, gan céim eile a ghlacadh sa nós imeachta, a bheith ina fhoinse oibleagáidí do WhatsApp nó, i gcás inarb iomchuí, de chearta do dhaoine aonair éagsúla, ionas nach raibh éifeachtaí dlíthiúla díreacha acu ar staid WhatsApp. Chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl freisin, i mír 53 den ordú sin, cé go raibh an cinneadh atá faoi chonspóid de cheangal ar údarás maoirseachta na hÉireann maidir leis na hábhair a bhí faoi chaibidil sa chinneadh sin, fágadh corrlach lánroghnach dó maidir le hinneachar an chinnidh chríochnaithigh. |
|
38 |
Dá réir sin, i míreanna 61 agus 62 den ordú sin, mheas an Chúirt Ghinearálta nár comhlíonadh aon cheann de na coinníollacha riachtanacha chun go measfaí go raibh an beart a bhí mar ábhar don chaingean de chúram WhatsApp go díreach agus dá réir sin go raibh an chaingean do-ghlactha. |
|
39 |
Ar deireadh, mheas an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 66 go 70 den ordú atá faoi achomharc go raibh an toradh ar a hanailís ar aon dul le córas na leigheasanna breithiúnacha arna mbunú leis na Conarthaí. Chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh, inter alia, go raibh riosca i gceist dá nglacfaí leis go raibh caingean WhatsApp inghlactha i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid go mbeadh imeachtaí breithiúnacha comhuaineacha os comhair chúirteanna an Aontais agus na gcúirteanna náisiúnta, a fhéadfaidh, thairis sin, tarchur chun réamhrialú a chur faoi bhráid na Cúirte chun bailíocht an chinnidh sin a mheas. |
An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe
|
40 |
Lena achomharc, iarrann WhatsApp ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
|
41 |
Iarrann an Bord, le tacaíocht ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ar an gCúirt:
|
Breithniú ar an achomharc
An mhoill líomhainte ar an gcaingean ag an gcéad chéim
Argóintí na bpáirtithe
|
42 |
Áitíonn an Bord gur tionscnaíodh an chaingean chéadchéime go déanach. I ndáil leis sin, áitíonn sé go bhfuair WhatsApp eolas ar na codanna ábhartha den chinneadh atá faoi chonspóid ar dháta sular foilsíodh iad ar a shuíomh gréasáin agus, go sonrach, an 13 Lúnasa 2021. Dá thoradh sin, gan beann ar dháta foilseacháin an chinnidh atá faoi chonspóid ar shuíomh gréasáin an Bhoird, nach ionann agus foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, thosaigh an tréimhse chun caingean a thionscnamh ag rith ón 13 Lúnasa 2021 agus chuaigh sí in éag an 25 Deireadh Fómhair ina dhiaidh sin. Ós rud é gur thionscain WhatsApp a chaingean le haghaidh neamhniú an 1 Samhain 2021, tá an chaingean sin déanach. |
|
43 |
Áitíonn WhatsApp go bhfuil an t‑éileamh a dhéanann an Bord go bhfuil a chaingean déanach mícheart. I gcás nár díríodh an gníomh ar an iarratasóir, is é dáta foilsithe an ghnímh sin a chinnfidh pointe tosaigh na tréimhse chun caingean a thionscnamh. Níl an dáta a fuarthas eolas ar an ngníomh sin ach ina chritéir thánaisteach i ndáil leis sin. Níl an bealach inar foilsíodh an gníomh sin ábhartha. Sa chás seo, foilsíodh an cinneadh atá faoi chonspóid, in aon chás, ar shuíomh gréasáin an Bhoird an 2 Meán Fómhair 2021 agus tionscnaíodh an chaingean an 1 Samhain 2021, i gcomhréir leis an teorainn ama dá bhforáiltear sa séú mír d’Airteagal 263 CFAE. |
Measúnú na Cúirte Breithiúnais
|
44 |
Déantar foráil i bhfoclaíocht an séú mír d’Airteagal 263 CFAE ‘[go n]déanfar na himeachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an beart, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair sé fios air, de réir mar a bheidh’. |
|
45 |
Is léir ó fhoclaíocht na forála sin, agus go sonrach ó na focail ‘de réir mar a bheidh’ agus ‘murar cuireadh’ go gcinntear an túsphointe leis an tréimhse chun caingean a thionscnamh de réir an cháis agus go bhfuil an chéad dá chritéar chun an tréimhse sin a thosú tánaisteach i ndail leis an tríú ceann. Dá réir sin, tosaíonn an tréimhse chun caingean le haghaidh neamhniú a thabhairt, go príomha, tráth a fhoilsítear an gníomh nó a chuirtear an gníomh in iúl don iarratasóir. Cuirtear an dá phríomhchritéar sin, i scéim na forála sin, ar comhchéim sa chiall nach bhfuil aon cheann den dá chritéar sin tánaisteach i ndáil leis an gceann eile. Os a choinne sin, tá an critéar maidir leis an dáta a fuarthas fios ar an ngníomh atá faoi chonspóid mar phointe tosaigh na tréimhse chun caingean a thionscnamh tánaisteach i ndáil leis na critéir a bhaineann le foilsiú an ghnímh nó an gníomh sin a chur in iúl (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Meán Fómhair 2024, WEPA Hygieneprodukte agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑795/21 P agus C‑796/21 P, EU:C:2024:807, míreanna 61 go 63 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
46 |
Sa chás seo, aontaítear nár cuireadh an cinneadh atá faoi chonspóid in iúl do WhatsApp, ós rud é nach bhfuil sé de cheangal ar an mBord an cinneadh sin a chur in iúl ach do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann, de bhun na chéad abairte d’Airteagal 65(5) de RGCS. Dá réir sin, ní mór a scrúdú ar foilsíodh an cinneadh atá faoi chonspóid, de réir bhrí an séú mír d’Airteagal 263 CFAE. |
|
47 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go dtagraíonn an coincheap ‘foilsiú’ ní hamháin d’fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ní mór, seachas sin, é a léiriú go leathan. Tagann faoin gcoincheap sin, inter alia, foilsiú ar shuíomh gréasáin institiúid, chomhlacht, ghníomhaireacht nó oifig an Aontais i gcás ina ndéantar foráil don mhéid sin leis an dlí tánaisteach (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Meán Fómhair 2024, WEPA Hygieneprodukte agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑795/21 P agus C‑796/21 P, EU:C:2024:807, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
48 |
Sa chás seo, ós rud é go bhforáiltear d’fhoilsiú an chinnidh atá faoi chonspóid sa tríú habairt d’Airteagal 65(5) de RGCS, ní mór mar sin an dáta a foilsíodh an cinneadh sin ar shuíomh gréasáin an Bhoird, eadhon an 2 Meán Fómhair 2021, a chur san áireamh. Tacaítear leis an léiriú sin leis an tríú habairt d’aithris 143 de RGCS, ónar léir nach mór an tréimhse chun caingean a thionscnamh a chomhaireamh ó fhoilsiú an chinnidh atá i gceist ón mBord ar a shuíomh gréasáin. |
|
49 |
Ós rud é gur tionscnaíodh an chaingean an 1 Samhain 2021, níor sáraíodh an tréimhse dá bhforáiltear sa séú mír d’Airteagal 263 CFAE, ionas gur gá a scrúdú an bhfuil na saincheisteanna arna n‑ardú san achomharc seo de chineál go dtugtar faoi cheist an measúnú a rinne an Chúirt Ghinearálta san ordú atá faoi achomharc. |
An chéad saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí dlí i léiriú agus i gcur i bhfeidhm choincheap an ghnímh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne agus an coinníoll nach mór don bheart is ábhar don chaingean a bheith de chúram an iarratasóra go díreach
An chéad chuid den chéad saincheist dlí
– Argóintí na bpáirtithe
|
50 |
Áitíonn an t‑iarratasóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí freisin nuair a mheas sí nár chinneadh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne é an gníomh atá faoi chonspóid. |
|
51 |
Cuireann WhatsApp i gcoinne, go sonrach, ábharthacht an chritéir a ghlac an Chúirt Ghinearálta, i mír 41 den ordú atá faoi achomharc, chun a chinneadh an gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne atá ann nó nach ea. Dá réir sin, bhí an Chúirt Ghinearálta mícheart nuair a chinn sí gur gá a léiriú go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh atá faoi chonspóid lena n‑athraítear staid dhlíthiúil WhatsApp go suntasach agus go bhfuil an cinneadh sin dá chúram go díreach. Dar leis gur leor teacht ar an gconclúid go raibh an cinneadh sin ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige i ndáil le tríú páirtí amháin nó roinnt tríú páirtithe chun a chinneadh gur gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne é, mar gheall ar a chineál críochnaitheach. In aon chás, níorbh ionann an cinneadh sin agus gníomh idirmheánach amháin; cuireadh in iúl seasamh críochnaitheach an Bhoird leis. |
|
52 |
De réir WhatsApp, chuir an Chúirt Ghinearálta an cásdlí a bhaineann le héifeachtaí dlíthiúla gníomhartha idirmheánacha i bhfeidhm go mícheart trí chritéar nós imeachta a chur i bhfeidhm, ar dá réir nach bhfuil gníomh den sórt sin de chineál gur féidir agóid a dhéanamh ina choinne ach más rud é nach ligfeadh do chaingean i gcoinne an ghnímh chríochnaithigh cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú, agus trí theacht ar chonclúid nach raibh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh atá faoi chonspóid. |
|
53 |
Sa chomhthéacs sin, tagraíonn WhatsApp do bhreithiúnas an 11 Samhain 1981, IBM v an Coimisiún (60/81, EU:C:1981:264, míreanna 10 agus 11), ónar léir, go sonrach, gur gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne é gníomh idirmheánach i gcás inar gníomh críochnaitheach é agus go bhfuil sé neamhspleách ar an gcinneadh deiridh a glacadh ina dhiaidh sin. Is iomchuí mar sin scrúdú a dhéanamh ar shubstaint an ghnímh sin agus measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí i bhfianaise critéir oibiachtúla, amhail inneachar an ghnímh sin, agus aird á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar an gcomhthéacs inar glacadh é agus ar chumhachtaí na hinstitiúide a ghlac é. Tagraíonn WhatsApp, inter alia, i ndáil leis sin, do bhreithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑348/20 P, EU:C:2022:548, mír 63). |
|
54 |
Go sonrach, is amhlaidh nach féidir caingean le haghaidh neamhniú a thabhairt i gcoinne gníomh den sórt sin i gcás, ar an gcéad dul síos, inar cinneadh sealadach maidir leis an tsubstaint é, ionas go bhféadfadh a údar a sheasamh a athrú ag céim an chinnidh deiridh arna ghlacadh ina dhiaidh sin, agus, ar an dara dul síos, gur ghlac institiúid amháin nó comhlacht amháin den Aontas an cinneadh deiridh sin, agus sa chás sin amháin. Níor cheart mar sin coincheap an ghnímh idirmheánaigh a chur i bhfeidhm maidir le cinneadh a ghlac institiúid nó comhlacht an Aontais, agus a díríodh ar údarás náisiúnta, atá ceaptha chun an cinneadh sin a chur i bhfeidhm i ndáil le tríú páirtithe. |
|
55 |
Sa chás seo, dar le WhatsApp, níor scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta ach, ó thaobh an nós imeachta de, ar áirithíodh cosaint bhreithiúnach éifeachtach dó trí leigheas os comhair cúirt náisiúnta. Dá réir sin, áitíonn an t‑achomharcóir gur mheas an Chúirt Ghinearálta go mícheart, i míreanna 48 agus 49 den ordú atá faoi achomharc, nach raibh argóint WhatsApp gur cuireadh in iúl seasamh críochnaitheach a údair ábhartha. Tríd an méid sin a dhéanamh, mheas an Chúirt Ghinearálta go mícheart nach raibh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh atá faoi chonspóid agus nach raibh sé neamhspleách ar an gcinneadh críochnaitheach, agus sin gan measúnú a dhéanamh ar inneachar ná comhthéacs an chinnidh atá faoi chonspóid, ná ar raon feidhme éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha an chinnidh sin. |
|
56 |
Maidir le hinneachar an chinnidh atá faoi chonspóid, ní chuirtear ina choinne go raibh an cinneadh sin, mar chinneadh ceangailteach arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 65 de RGCS, ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige i ndáil le tríú páirtithe, agus gur léirigh sé seasamh críochnaitheach an Bhoird maidir leis na pointí a cuireadh faoina bhráid. Bhí an seasamh sin de chineál gur athraíodh go suntasach staid dhlíthiúil WhatsApp, lena n‑áirítear mar gheall ar an gcinneadh gur sonraí pearsanta iad na sonraí a chuirtear faoi réir comhbhrú le caillteanas, agus is cinneadh é sin lenar ceanglaíodh údarás maoirseachta na hÉireann. |
|
57 |
Maidir le comhthéacs an chinnidh atá faoi chonspóid, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 65 de RGCS gur cinneadh ceangailteach é an cinneadh sin. Tugtar le fios in aithris 143 de RGCS go bhféadfaidh cinntí arna nglacadh ag an mBord a bheith de chúram go díreach agus go leithleach, inter alia, rialaitheora, lena dtugtar le tuiscint go bhfuil na cinntí sin de chineál go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla seachtracha acu, a théann níos faide ná na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar a bhfuil siad dírithe. Tacaítear leis sin leis an gcúis atá taobh thiar d’éifeacht cheangailteach chinntí an Bhoird, arb é atá ann cur i bhfeidhm ceart agus comhsheasmhach RGCS a áirithiú, agus leis an mbarainneacht nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(1) de RGCS. |
|
58 |
Maidir le héifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha an chinnidh atá faoi chonspóid, taobh amuigh dóibh siúd atá ann i ndail leis na daoine ar a bhfuil siad dírithe, tugann WhatsApp faoi deara go bhfuil éifeachtaí den sórt sin aige i ndáil leis, trí thionchar a imirt go háirithe ar an gcaoi ina raibh sé i gceist aige RGCS a chomhlíonadh maidir leis na sonraí a cuireadh faoi réir comhbhrú le caillteanas, de bharr gur aicmigh an Bord iad mar shonraí pearsanta. Tá éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh i ndáil le cúirteanna náisiúnta freisin, nach bhfuil an t‑údarás acu chun an cinneadh a leasú nó a chur ar neamhní. |
|
59 |
Cuireann an Bord in aghaidh na hargóinte sin. Áitíonn sé nach féidir caingean le haghaidh neamhniú, i bprionsabal, a dhéanamh ach i gcoinne gníomh lena leagann institiúid, comhlacht, oifigeach nó gníomhaireacht an Aontais, ag deireadh nós imeachta riaracháin, a sheasamh amach go críochnaitheach. Ní fhéadfaí a mheas mar ‘ghníomhartha ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne’ gníomhartha idirmheánacha, arb é an cuspóir atá leo cinneadh críochnaitheach a ullmhú, a mhéid nach bhfuil na gníomhartha sin beartaithe chun éifeachtaí dlíthiúla éigeantacha neamhspleácha a bheith acu i dtaca le gníomh an Aontais arna ullmhú, arna dheimhniú nó arna chur i bhfeidhm ar an gcaoi sin. Thairis sin, dar leis an mBord, níl gníomh idirmheánach faoi réir caingean más féidir an neamhdhleathacht a bhaineann le gníomh den sórt sin a agairt mar thaca le caingean a dhírítear i gcoinne cinneadh críochnaitheach a bhfuil sé mar ghníomh ullmhúcháin dó. |
|
60 |
Sa chás seo, dar leis an bpáirtí, is gníomh idirmheánach é an cinneadh atá faoi chonspóid, atá mar chuid de nós imeachta cinnteoireachta do-scartha, arna reáchtáil ag údarás maoirseachta na hÉireann agus inar glacadh cinneadh críochnaitheach, arna ghlacadh ag an údarás sin, ag an deireadh. Sa chomhthéacs sin, cé go bhfuil measúnuithe an Bhoird ceangailteach, ní féidir iad a agairt i gcoinne WhatsApp go díreach agus níl aon éifeacht dhlíthiúil neamhspleách acu i dtaca leis an gcinneadh críochnaitheach. Dá réir sin, ní chiallaíonn an fíoras go bhfuil seasamh cinntitheach an Bhoird maidir le gnéithe áirithe atá le bheith sa chinneadh críochnaitheach go raibh sé d’éifeacht ag an gcinneadh atá faoi chonspóid féin athrú faoi leith a dhéanamh ar staid dhlíthiúil WhatsApp. Go deimhin, glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid agus an cinneadh críochnaitheach i gcomhthéacs nós imeachta riaracháin aontaithe, atá comhdhéanta de chéimeanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach atá spleách ar a chéile, a bhaineann leis an gcuspóir céanna, seachas sraith de dhá nós imeachta neamhspleácha a bhaineann le ceisteanna difriúla. |
|
61 |
I ndáil leis sin, sonraíonn an Bord go bhfuil sé de chuspóir ag an nós imeachta um dhíospóidí a réiteach comhsheasmhacht chur i bhfeidhm RGCS ag na húdaráis náisiúnta a áirithiú. Sa chás seo, ní chruthaíonn an cinneadh atá faoi chonspóid oibleagáidí dlíthiúla nua do WhatsApp. Sainítear a oibleagáidí in RGCS féin, seachas leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, agus chuirfeadh údarás maoirseachta na hÉireann iad i bhfeidhm, seachas an Bord. Don chuid eile, bhí na hoibleagáidí sin infheidhme maidir le WhatsApp sular tugadh na sáruithe atá i gceist faoi deara. |
|
62 |
Maidir le héifeachtaí dlíthiúla líomhainte an chinnidh atá faoi chonspóid, dearbhaíonn an Bord nach bhfuil éifeacht cheangailteach ag a léirithe ach idir na páirtithe, is é sin, idir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann. Baineann an cinneadh atá faoi chonspóid, seachas an fíoras nach bhfuil éifeacht dhlíthiúil dhíreach aige ar WhatsApp, le pointí cur chun feidhme teoranta de RGCS, atá ceaptha le bheith curtha san áireamh agus forbartha sa chinneadh críochnaitheach. Cé gur féidir na léirithe ar RGCS arna nglacadh ag an mBord leibhéal áirithe údaráis a bheith acu i gcásanna ina dhiaidh sin, a bhaineann le ceisteanna dlíthiúla comhchosúla, níl siad de cheangal ar na cúirteanna náisiúnta, ar cheart dóibh, i gcás amhrais, an t‑ábhar a chur faoi bhráid na Cúirte chun réamhrialú a fháil. |
|
63 |
Áitíonn Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, ag idiragairt mar thaca leis an ordú atá á lorg ag an mBord, gur sásra inmheánach amháin é an sásra comhsheasmhachta dá bhforáiltear le RGCS, lena n‑áirítear an nós imeachta um réiteach díospóidí, agus gurb é an t‑aon chuspóir atá leis comhréiteach a bhaint amach, i gcás ina bhfuil tuairimí éagsúla ag na húdaráis mhaoirseachta. Go sonrach, is léir ón tríú habairt d’Airteagal 65(2) de RGCS go bhfuil éifeacht dhlíthiúil éigeantach ag beart arna ghlacadh ag an mBord sa chomhthéacs sin i ndáil leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta amháin. Níl ach an cinneadh críochnaitheach ceangailteach ar an rialaitheoir nó an próiseálaí lena mbaineann. |
– Breithniú na Cúirte Breithiúnais
|
64 |
Baineann an chéad chuid den chéad saincheist dlí ar achomharc leis an gceist an ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, i míreanna 41 go 49 den ordú atá faoi achomharc, nach gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne é an cinneadh atá faoi chonspóid, de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 263 CFAE. |
|
65 |
De bhun na forála sin, déanann an Chúirt athbhreithniú ar ‘dhlíthiúlacht na ngníomhartha sin de chomhlachtaí, d’oifigí nó de ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá ceaptha chun éifeacht dhlíthiúil a bheith acu i leith tríú páirtithe’. |
|
66 |
De réir cásdlí socair, tá an chaingean le haghaidh neamhniú dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE ann i ndáil leis na forálacha uile arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí an Aontais, is cuma cén fhoirm ina bhfuil siad, a bhfuil sé d’aidhm acu éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheith acu (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
67 |
Chun a chinneadh an mbeidh na héifeachtaí sin ag gníomh agus an féidir leis, dá bhrí sin, a bheith faoi réir caingean le haghaidh neamhniú de bhua Airteagal 263 CFAE, ba cheart breathnú ar shubstaint an ghnímh sin agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sin i bhfianaise critéir oibiachtúla, amhail inneachar an ghnímh sin, agus, i gcás inarb iomchuí, an comhthéacs inar glacadh an gníomh sin agus cumhachtaí na hinstitiúide a ghlac é á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
68 |
I ndáil leis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 79 agus 121 dá Tuairim, i bhfianaise na chéad mhíre d’Airteagal 263 CFAE, ní gá gurb é an t‑iarratasóir an tríú páirtí a bhfuil an gníomh ceaptha éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige ina leith. Is ionann tríú páirtí agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach nach é údar an ghnímh sin. Dá bhrí sin, chun a chinneadh an bhfuil éifeachtaí den sórt sin ag an ngníomh sin, ní gá a fhíorú an bhfuil na héifeachtaí sin de chineál go ndéantar difear do staid dhlíthiúil an iarratasóra, níl an fíorú sin ábhartha ach i gcomhthéacs an scrúdaithe ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, ar dá réir is féidir caingean le haghaidh neamhniú gnímh a thabhairt ag aon duine a bhfuil gníomh dá chúram go díreach agus go leithleach, i gcás ina bhfuil feidhm ag an bhforáil sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Feabhra 2025, Swissgrid v an Coimisiún, C‑121/23 P, EU:C:2025:83, mír 46). Ní mór cineál inchonspóide gnímh a mheasúnú go hoibiachtúil, de réir shubstaint an ghnímh sin, seachas de réir an iarratasóra. |
|
69 |
É sin ráite, ní mór a mheabhrú, maidir le gníomhartha a ullmhaítear i roinnt céimeanna nós imeachta, ní gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne, i bprionsabal, ach an gníomh lena socraítear go cinntitheach seasamh institiúid, chomhlacht, ghníomhaireacht nó oifig an Aontais atá inniúil, d’eisiamh na mbeart idirmheánach arb é is cuspóir dóibh an beart cinntitheach a ullmhú agus nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha acu i ndáil le tríú páirtithe. Go sonrach, is bearta idirmheánacha iad siúd lena gcuirtear in iúl tuairim shealadach na hinstitiúide, an chomhlachta, na gníomhaireachta nó na hoifige sin den Aontas (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Samhain 1981, IBM v an Coimisiún, 60/81, EU:C:1981:264, mír 10; an 22 Meán Fómhair 2022, IMG v an Coimisiún, C‑619/20 P agus C‑620/20 P, EU:C:2022:722, mír 103, agus an 18 Meitheamh 2024, an Coimisiún v BRA, C‑551/22 P, EU:C:2024:520, mír 92). |
|
70 |
De réir an chásdlí, níl beart idirmheánach, go sonrach, faoi réir caingean le haghaidh neamhniú má léirítear gur féidir an neamhdhleathacht a bhaineann leis a agairt mar thaca le caingean arna díriú i gcoinne cinneadh críochnaitheach a bhfuil sé ina ghníomh ullmhúcháin dó. Sna coinníollacha sin, áirithítear cosaint bhreithiúnach leordhóthanach le caingean arna tabhairt i gcoinne cinneadh lena gcuirtear deireadh leis an nós imeachta (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Samhain 1981, IBM v an Coimisiún, 60/81, EU:C:1981:264, mír 12 agus breithiúnas an 15 Márta 2017, Stichting Woonlinie agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑414/15 P, EU:C:2017:215, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
71 |
Sa chás seo, maidir le hinneachar an ghnímh lena mbaineann agus cumhachtaí an chomhlachta atá i gceist, is léir ó fhoclaíocht féin Airteagal 65(1)(a) agus (2) de RGCS agus ó Airteagal 68(1) de RGCS gur gníomh é an cinneadh atá faoi chonspóid a d’eisigh comhlacht an Aontais agus atá ceangailteach i ndáil le tríú páirtithe. Tá an gníomh sin ceangailteach ar an bpríomhúdarás maoirseachta agus gach údarás maoirseachta lena mbaineann, ar díríodh an gníomh orthu agus ar tríú páirtithe iad i ndáil leis an mBord. I gcomhréir le hAirteagal 65(6) de RGCS, ní mór don phríomhúdarás maoirseachta a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh ar bhonn chinneadh an Bhoird. Ní mór don chinneadh críochnaitheach sin tagairt do chinneadh an Bhoird freisin, nach mor a cheangal leis. |
|
72 |
Thairis sin, maidir le comhthéacs ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, aontaítear gur ullmhaíodh an cinneadh sin i gcomhthéacs próiseas ina bhfuil roinnt céimeanna nós imeachta, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 69 den bhreithiúnas seo, a mhéid a tháinig sé roimh ghlacadh gnímh eile ag údarás maoirseachta na hÉireann. Mar sin féin, socraítear sa chinneadh sin, go críochnaitheach, de réir bhrí an chásdlí sin, seasamh chomhlacht an Aontais inniúil, eadhon an Bord, agus déileáiltear le gach ceist a bhfuil an comhlacht sin ceaptha a chinneadh. Ní mór a thabhairt faoi deara, go deimhin, go mbaineann cinneadh den sórt sin, arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 65(1)(a) de RGCS le gach ceist is ábhar d’agóid ábhartha agus réasúnaithe ó na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann, de réir bhrí Airteagal 60(4) de RGCS, go háirithe an cheist an ndearnadh sárú ar RGCS. |
|
73 |
Is léir ón méid sin thuas, cé nach é an chéim dheireanach sa sásra comhsheasmhachta dá bhforáiltear in Airteagail 58, 60 agus 65 de RGCS, nach bhféadfaí an cinneadh atá faoi chonspóid a aicmiú mar bheart idirmheánach nach féidir agóid a dhéanamh ina choinne, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 69 den bhreithiúnas seo, contrártha don mhéid a chinn an Chúirt Ghinearálta i mír 42 den ordú atá faoi achomharc. Dá thoradh sin, níl an cásdlí a mheabhraítear i mír 70 den bhreithiúnas seo ábhartha sa chás seo. |
|
74 |
Sa chomhthéacs sin, ós rud é go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha ag an gcinneadh ón mBord i ndáil le tríú páirtithe, níl an fíoras go gcuimsítear le raon feidhme an chinnidh chríochnaithigh ón údarás maoirseachta náisiúnta ceisteanna nár cuireadh faoi bhráid an Bhoird nó nach dtagann faoina inniúlacht ábhartha. |
|
75 |
Ar na cúiseanna céanna, maidir leis an bhfíoras, a luaigh an Chúirt Ghinearálta i mír 42 den ordú atá faoi achomharc gurb amhlaidh, contrártha do chinneadh críochnaitheach údarás maoirseachta na hÉireann, nach féidir an cinneadh atá faoi chonspóid a agairt i gcoinne eintiteas seachas na daoine ar díríodh é orthu, níl sé ábhartha ach an oiread maidir le haicmiú an chinnidh sin mar ghníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne, de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 263 CFAE. Ní bhaineann fíoras den sórt sin, a bhaineann le seasamh dlíthiúil an iarratasóra i ndáil leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, le substaint an chinnidh atá faoi chonspóid ná lena éifeachtaí dlíthiúla éigeantacha i ndáil le critéir oibiachtúla. |
|
76 |
Is léir ó na breithnithe sin go léir gur gníomh de chomhlacht an Aontais é an cinneadh atá ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige i ndáil le tríú páirtithe agus lena gcuirtear in iúl seasamh críochnaitheach an chomhlachta sin maidir leis na pointí atá le cinneadh aige, mar a thug an Chúirt Ghinearálta féin faoi deara i míreanna 36, 37 agus 49 den ordú atá faoi achomharc. Dá réir sin, is ionann an cinneadh sin, i bhfianaise fhoclaíocht na chéad mhíre d’Airteagal 263 CFAE agus an chásdlí dá dtagraítear i míreanna 66 go 69 den bhreithiúnas seo, agus gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne, gan gá a bheith ann le measúnú a dhéanamh, ag an gcéim seo, an bhfuil sé d’iarmhairt ag an gcinneadh sin staid dhlíthiúil WhatsApp a athrú go suntasach. |
|
77 |
I ndáil leis sin, ní mór a chinneadh go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, ar an gcéad dul síos, i mír 38 den ordú atá faoi achomharc, trí na riachtanais a eascraíonn, faoi seach, as an gcéad mhír agus as an gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE a mheascadh agus, ar an dara dul síos, i mír 42 den ordú atá faoi achomharc, trí chritéar earráideach a chur in iúl, ar dá réir nach féidir an gníomh atá i gceist a agairt i gcoinne WhatsApp go díreach, agus tríd an gcinneadh atá faoi chonspóid a aicmiú mar bheart idirmheánach nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha aige. |
|
78 |
Is iomchuí mar sin glacadh leis an gcéad chuid den chéad saincheist dlí ar achomharc. |
An dara cuid den chéad saincheist dlí
– Argóintí na bpáirtithe
|
79 |
Áitíonn WhatsApp go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach raibh an cinneadh atá faoi chonspóid dá chúram go díreach agus, dá bhrí sin, go raibh a chaingean do-ghlactha. |
|
80 |
Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gcoinníoll gur cheart don ghníomh éifeachtaí díreacha a bheith aige maidir le staid dhlíthiúil an iarratasóra, tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid mhícheart, i mír 52 den ordú atá faoi achomharc, nach raibh an cinneadh atá faoi chonspóid de chúram WhatsApp go díreach, ar an bhforas nach bhféadfaí an cinneadh sin a agairt ina choinne agus nárbh é an chéim dheireanach sa nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagail 58, 60 agus 65 de RGCS. |
|
81 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an gcoinníoll nár cheart do ghníomh aon rogha a fhágáil do na daoine ar a bhfuil sé dírithe atá ceaptha é a chur chun feidhme, measann WhatsApp go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína mheas, i míreanna 53 go 60 den ordú atá faoi achomharc, gur fhág an cinneadh atá faoi chonspóid corrlach breithmheasa d’údarás maoirseachta na hÉireann maidir le hinneachar an chinnidh chríochnaithigh, cé gur ghlac sí leis go raibh an cinneadh atá faoi chonspóid de cheangal ar an údarás maoirseachta sin maidir leis na gnéithe a bhí ann. |
|
82 |
Maidir le míreanna 54 go 56 den ordú atá faoi achomharc, inar mheas an Chúirt Ghinearálta go raibh inneachar an chinnidh atá faoi chonspóid páirteach i gcomparáid leis an gcinneadh críochnaitheach, áitíonn WhatsApp gur cheart an easpa rogha a scrúdú ar dtús ag díriú ar shubstaint an chinnidh atá faoi chonspóid féin, gan tagairt a dhéanamh d’inneachar breise an chinnidh chríochnaithigh. Go deimhin, ní dhearna an Bord anailís ach ar ghnéithe áirithe de chás faoi leith, eadhon na ceisteanna a bhí ina n‑ábhar d’agóidí ábhartha agus réasúnaithe ó na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann. Ní fhéadfadh an cinneadh atá faoi chonspóid an cás ina iomláine a chumhdach agus ní fhéadfadh sé na gnéithe nach mbaineann leis an tarchur ná le hinniúlacht an Bhoird a bheith i gceist. |
|
83 |
Ina theannta sin, maíonn WhatsApp go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a mheas sí, i míreanna 57 go 59 den ordú atá faoi achomharc, gur fheidhmigh údarás maoirseachta na hÉireann a rogha chun iarmhairtí a bhaint as an gcinneadh atá faoi chonspóid. Sa chéad áit, maidir le haicmiú na sonraí a ndearnadh comhbhrú le caillteanas orthu mar shonraí pearsanta, áitíonn WhatsApp go bhfuil oibleagáidí breise i gceist leis an aicmiú sin arna dhéanamh ag an mBord ar a thaobhsa de bhun RGCS, agus sin gan beann ar an bhfíoras gur fheidhmigh an príomhúdarás maoirseachta a rogha maidir leis an tsubstaint, a théann níos faide ná aicmiú den sórt sin, trína fhíorú ar ghníomhaigh WhatsApp mar rialaitheoir nó mar phróiseálaí. Sa dara háit, maidir leis na hargóintí a bhaineann le méadú na bhfíneálacha a bhí le forchur ar WhatsApp, níor fágadh rogha leis an gcinneadh sin d’údarás maoirseachta na hÉireann, ós rud é go raibh sé de cheangal air fíneáil níos airde ná mar a bhí i gceist ar dtús a fhorchur. Níl an fíoras go raibh rogha ag an údarás sin maidir le méid beacht na fíneála a chinneadh ábhartha, ós rud é gur bhain an cúram sin le hinniúlacht an údaráis sin. |
|
84 |
Cuireann an Bord i gcoinne na hargóinte sin agus áitíonn sé gur cheart dhá chritéar charnacha a chomhlíonadh chun go mbeidh gníomh an Aontais de chúram duine nádúrtha nó dlítheanach go díreach, ar duine é nár díríodh an gníomh sin air. Ar an gcéad dul síos, ba cheart go mbeadh tionchar díreach ag an ngníomh sin ar staid dhlíthiúil an duine sin agus, ar an dara dul síos, ba cheart nach bhfágfadh sé aon rogha don té ar a bhfuil sé dírithe a bhfuil sé de chúram air é a chur chun feidhme, ós rud é go bhfuil sé sin uathoibríoch amháin, gan rialacha idirmheánacha a chur i bhfeidhm. |
|
85 |
Maidir leis an gcéad chritéar, tugann an páirtí sin faoi deara nach mór éifeacht cheangailteach ghnímh a mheas de réir a thionchair ar an staid ar leith a bhaineann leis an iarratasóir. Sa chás seo, ní féidir an cinneadh atá faoi chonspóid a agairt i gcoinne WhatsApp ar bhealach a bhfágann go bhféadfaidh sé, gan céimeanna eile nós imeachta a ghlacadh, a bheith ina fhoinse d’oibleagáidí. Níl sa chinneadh seo ach an chéim dheireanach den nós imeachta dá dtagraítear in Airteagail 58, 60 agus 65 de RGCS agus ní raibh sé cinntitheach i ndáil le méid deiridh na fíneála, agus níor sainíodh leis sraith nua rialacha le haghaidh ghníomhaíochtaí WhatsApp. Dá réir sin, ní raibh ach an cinneadh críochnaitheach de chúram WhatsApp go díreach, agus de bhun Airteagal 56(6) de RGCS, is é údarás maoirseachta na hÉireann an t‑aon chomhlacht atá i dteagmháil leis an ngnóthas sin ina cháil mar rialaitheoir. |
|
86 |
Maidir leis an dara critéar, áitíonn an Bord gur choimeád údarás maoirseachta na hÉireann fíor-rogha maidir leis na conclúidí a bhí le leagan amach ina chinneadh críochnaitheach, a raibh raon feidhme níos leithne acu ná mar a bhí ag an gcinneadh atá faoi chonspóid agus go raibh cinntí ann nár iarradh ar an mBord iad a bhreithniú, ós rud é go raibh an t‑ábhar a cuireadh faoina bhráid teoranta do cheisteanna a ndearnadh agóidí ábhartha agus réasúnaithe ina leith. In aon chás, dar leis go bhfuil idirspleáchas idir an cinneadh atá faoi chonspóid agus an cinneadh críochnaitheach. Ní féidir na codanna den chinneadh deireanach sin a fhreagraíonn do threoracha an Bhoird a scaradh, rud a thacaítear leis an bhfíoras gur fhág sé corrlach breithmheasa áirithe d’údarás maoirseachta na hÉireann maidir le roinnt gnéithe. |
|
87 |
In imthosca den sórt sin, tá cúirt náisiúnta i riocht níos fearr chun athscrúdú a dhéanamh ar an gcinneadh críochnaitheach sin trí cheisteanna le haghaidh réamhrialú a chur ar an gCúirt maidir le forálacha RGCS arna gcur i bhfeidhm go huathoibríoch agus ar bhonn threoracha an Bhoird. |
|
88 |
Dar leis an mBord, choimeád údarás maoirseachta na hÉireann corrlach breithmheasa áirithe maidir leis na ceisteanna a ardaíodh sa chinneadh atá faoi chonspóid, go háirithe iad siúd a bhaineann, ar an gcéad dul síos, leis na hiarmhairtí dlíthiúla atá le baint as aicmiú na sonraí a chuirtear faoi chomhbhrú le caillteanas, mar shonraí pearsanta, agus, ar an dara dul síos, socrú mhéid na bhfíneálacha atá le forchur ar WhatsApp. Maidir leis an gcéad ghné sin, choimeád an t‑údarás sin rogha agus rinne sé scrúdú neamhspleách, lena n‑áirítear maidir le comhlíonadh Airteagal 14 de RGCS. Dar leis go bhfuil sé mícheart, i ndáil leis sin, a áitiú go ndearna an Bord measúnú ‘iomlán’, ós rud é go bhfuil a inniúlacht teoranta d’inneachar na n‑agóidí ábhartha agus réasúnaithe, agus nach gcuimsítear leis an nós imeachta um shárú ina iomláine. Maidir leis an dara gné, eadhon fíneálacha a shocrú, cé go bhfuil treoracha sa chinneadh atá faoi chonspóid a bhaineann le fíneálacha, ní chuimsítear leis an gcinneadh sin cur chun feidhme na dtreoracha sin, ná ríomh na bhfíneálacha. |
|
89 |
Measann Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, ós rud é gurbh é an príomhúdarás maoirseachta an t‑aon chomhlacht a raibh sé i dteagmháil leis, nach féidir a mheas go raibh an cinneadh atá faoi chonspóid de chúram WhatsApp go díreach. Níl sé i gceist go gcuirfear cinneadh den sórt sin i bhfeidhm go neamhspleách; ba cheart i gcónaí go dtabharfadh an t‑údarás sin cinneadh críochnaitheach. Go deimhin, rinne reachtas an Aontais rogha d’aon ghnó rialú díláraithe a dhéanamh ar RGCS, gan an rogha a dhéanamh údarás lárnach Eorpach um chosaint sonraí a bhunú. |
– Measúnú na Cúirte
|
90 |
Baineann an dara cuid den chéad saincheist dlí ar achomharc leis an gceist an ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína mheas, i míreanna 50 go 60 den ordú atá faoi achomharc, nach raibh an cinneadh atá faoi chonspóid de chúram WhatsApp go díreach, de réir bhrí an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE agus, dá bhrí sin, go raibh an chaingean arna tionscnamh aige do-ghlactha. |
|
91 |
De bhun na forála sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chéad mhír agus sa dara mír d’Airteagal 263 CFAE, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh gníomh a díríodh chuig an duine sin nó gníomh is dá chúram go díreach agus go leithleach, agus in aghaidh gníomh rialúcháin is dá chúram go díreach agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leis. |
|
92 |
Dá réir sin, tá inghlacthacht caingne arna tabhairt ag duine nádúrtha nó dlítheanach i gcoinne gníomh nár díríodh air, de bhun an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, faoi réir an choinníll go bhfuil an gníomh sin dá chúram go díreach agus go leithleach (breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Iccrea Banca, C‑414/18, EU:C:2019:1036, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
93 |
Sa chás seo, mar a thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara i mír 40 den ordú atá faoi achomharc, tá sé bunaithe go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid de chúram WhatsApp go leithleach, ós rud é go mbaineann an cinneadh sin le gnéithe áirithe den dréachtchinneadh críochnaitheach a bhaineann le staid an ghnóthais sin go sonrach. Mar sin féin, i míreanna 52 agus 53 den ordú sin, mheas an Chúirt Ghinearálta nach raibh an cinneadh atá faoi chonspóid de chúram WhatsApp go díreach, ar an bhforas, ar an gcéad dul síos, nach féidir an cinneadh sin a agairt i gcoinne WhatsApp a d’fhágfadh, gan céim bhreise sa nós imeachta, go mbeadh sé ina fhoinse oibleagáidí dó, nó, de réir mar a bheidh, do chearta daoine aonair eile agus, ar an dara dul síos, fiú más rud é go raibh an cinneadh atá faoi chonspóid de cheangal ar údarás maoirseachta na hÉireann maidir leis na gnéithe a clúdaíodh ann, gur fágadh corrlach breithmheasa dó maidir le hinneachar an chinnidh chríochnaithigh. |
|
94 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, de réir cásdlí socair, go gceanglaítear leis an gcoinníoll nach mór don chinneadh is ábhar do chaingean a bheith de chúram duine nádúrtha nó dhlítheanaigh go díreach nach mór dhá choinníoll charnacha a chomhlíonadh, eadhon, ar thaobh amháin, nach mór don bheart atá faoi chonspóid éifeachtaí a bheith aige maidir le staid dhlíthiúil an duine sin agus, ar an taobh eile, nach féidir leis aon rogha ar bith a fhágáil do na daoine ar díríodh é chucu agus atá freagrach as a chur chun feidhme, eadhon, an cur chun feidhme sin a bheith uathoibríoch amháin ar bhonn rialacha an Aontais astu féin, gan rialacha idirmheánacha eile a chur i bhfeidhm (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, an Coimisiún agus an Chomhairle v Front Polisario, C‑779/21 P agus C‑799/21 P, EU:C:2024:835, mír 87 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
95 |
Sula scrúdófar ar comhlíonadh an dá choinníoll atá i gceist sa chás seo, ní mór a shonrú nach gcuirtear cosc leis an bhfíoras nach féidir an gníomh atá faoi chonspóid a agairt i gcoinne an iarratasóra, mar aon leis an bhfíoras nach é an gníomh sin an chéim dheireanach i nós imeachta ilchodach, ar an ngníomh sin a bheith de chúram an iarratasóra sin go díreach i gcás nach bhfuil aon chumhacht lánroghnach ag an té ar díríodh an gníomh sin chuige (féach, chuige sin, breithiúnais an 4 Meitheamh 1992, Infortec v an Coimisiún, C‑157/90, EU:C:1992:243, míreanna 13 agus 17; an 3 Nollaig 2019, Iccrea Banca, C‑414/18, EU:C:2019:1036, míreanna 65 agus 67, agus an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, mír 74). |
|
96 |
Dá thoradh sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 139 agus 144 dá Tuairim, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a mheas sí, i mír 52 den ordú atá faoi achomharc nach bhféadfadh an cinneadh atá faoi chonspóid a bheith de chúram díreach do WhatsApp ar an bhforas nach féidir an cinneadh sin a agairt i gcoinne WhatsApp agus nach é an chéim dheireanach sa nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 58, 60 agus 65 de RGCS. |
|
97 |
Maidir le comhlíonadh an chéad cheann de na coinníollacha a thugtar chun cuimhne i mír 94 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas an bhfuil an gníomh atá faoi chonspóid ina chúis le hathrú suntasach ar staid dhlíthiúil an duine nádúrtha nó dlítheanach atá i gceist, ag breathnú ar shubstaint an ghnímh sin agus measúnú á dhéanamh air i bhfianaise critéir oibiachtúla, amhail inneachar an ghnímh sin agus an comhthéacs inar glacadh an gníomh sin agus cumhachtaí na hinstitiúide, an chomhlachta, na gníomhaireachta nó na hoifige atá i gceist á gcur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Samhain 1981, IBM v an Coimisiún, 60/81, EU:C:1981:264, mír 9, agus an 18 Meitheamh 2024, an Coimisiún v BRA, C‑551/22 P, EU:C:2024:520, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
98 |
Sa chás seo, mar a luadh i mír 30 den bhreithiúnas seo, chinn an Bord, sa chinneadh atá faoi chonspóid, inter alia, gur sháraigh WhatsApp na hoibleagáidí faisnéise a leagtar amach in Airteagal 13(1)(d) de RGCS agus go ndearna sé sárú in Airteagal 13(2)(e) de. Dá thoradh sin, d’athraigh an cinneadh sin staid dhlíthiúil WhatsApp, ós rud é go sonrach go raibh air, mar gheall ar idirghabháil an Bhoird, a chaidreamh conarthach le húsáideoirí na seirbhíse teachtaireachta arna soláthar ag WhatsApp a athrú. Is léir ón méid sin go bhfuil ceangal díreach idir an cinneadh sin agus a éifeachtaí ar staid WhatsApp, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i míreanna 94 agus 95 den bhreithiúnas seo. |
|
99 |
Contrártha don mhéid a áitíonn an Bord, tá an fíoras gurb é údarás maoirseachta na hÉireann, de bhun Airteagal 56(6) de RGCS, an t‑aon chomhlacht atá i dteagmháil le WhatsApp, mar rialaitheoir, neamhábhartha maidir leis an gcinneadh sin. Go deimhin, tá an fhoráil sin dírithe ar na caidrimh idir an rialaitheoir agus próiseálaí, an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann, a eagrú, ionas nach mbaineann sé leis na leigheasanna atá ar fáil i ndáil le cinntí an Bhoird. |
|
100 |
Maidir le comhlíonadh an dara ceann de na coinníollacha a mheabhraítear i mír 94 den bhreithiúnas seo, chun a mheasúnú an bhfágtar corrlach breithmheasa do na daoine ar díríodh gníomh orthu d’fhonn é a chur chun feidhme, is iomchuí scrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí dlíthiúla atá ag forálacha an ghnímh sin, ar a ndírítear an chaingean, ar staid an duine d’ardaigh an ceart caingne de bhun an dara cuid den abairt den cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE (breithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, mír 98 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
101 |
Ba cheart a chur as an áireamh gurb ann do chorrlach breithmheasa den sórt sin inter alia má léirítear go raibh sé d’iarmhairt dhíreach ag forálacha an ghnímh ar a ndírítear an chaingean gur cuireadh an duine sin faoi réir oibleagáidí nach bhféadfadh an t‑eintiteas atá freagrach as an ngníomh sin a chur chun feidhme an gníomh sin a athrú (breithiúnas an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, mír 114). |
|
102 |
Sa chás seo, mar is léir ó mhíreanna 71 agus 72 den bhreithiúnas seo, is iomchuí a mheabhrú go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid ina cheangal ar an bpríomhúdarás maoirseachta agus ar na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann. Ní fhéadfaidh siad imeacht ón seasamh arna ghlacadh ag an mBord sa chinneadh sin agus a mheabhraítear i mír 30 den bhreithiúnas seo. Go deimhin, déileáiltear sa chinneadh sin leis na ceisteanna dlí dar cuireadh faoina bhráid é agus tá sé de cheangal ar na húdaráis sin gan choinníoll, inter alia maidir leis an gcinneadh gur sáraíodh forálacha áirithe de RGCS, na sonraí atá faoi chomhbhrú le caillteanas a aicmiú mar shonraí pearsanta agus an oibleagáid méid na bhfíneálacha a bhí beartaithe a ardú. Ní féidir leis na húdaráis sin leasú a dhéanamh ar thoradh na measúnuithe sin, a mhéid a bhaineann leis na ceisteanna sin, a rinne an Bord, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo. |
|
103 |
I ndáil leis sin, de bhun Airteagal 70(1)(a) de RGCS, tá sé de chúram ar an mBord a áirithiú go gcuirtear RGCS i bhfeidhm go comhsheasmhach, trí mhaoirseacht a dhéanamh agus trína áirithiú, mar is léir ó aithris 10 de, go gcuirtear i bhfeidhm na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach i ndáil leis an bpróiseáil ar a sonraí pearsanta ar fud an Aontais sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 65 de RGCS, gan dochar do mhisin na n‑údarás maoirseachta náisiúnta. |
|
104 |
Sa chomhthéacs sin, is beag tábhacht go gcuimsítear le raon feidhme an chinnidh chríochnaithigh ceisteanna nach mbaineann leis an méid a cuireadh faoi bhráid an Bhoird, eadhon gnéithe nach raibh ina n‑ábhair d’agóidí ábhartha agus réasúnaithe, de réir bhrí Airteagal 65(1)(a) de RGCS, nó ceisteanna nach dtagann faoi inniúlacht an chomhlachta sin, amhail, inter alia, méid beacht na fíneála atá le forchur ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí, ar faoin údarás maoirseachta ar cuireadh an t‑ábhar faoina bhráid de bhun Airteagal 58(2)(i) agus Airteagal 83 de RGCS atá sé. |
|
105 |
Thairis sin, cé gur fíor go bhfuil nasc idirspleáchais idir an cinneadh atá faoi chonspóid agus an cinneadh críochnaitheach, is amhlaidh fós gur gníomhartha ar leith iad sin agus go bhfuil raon feidhme an chinnidh atá faoi chonspóid sainithe go soiléir, mar is léir ón liosta a atáirgtear i mír 30 den bhreithiúnas seo. Sna himthosca sin, níl an nasc idirspleáchais de chineál go gcuirtear cosc ar an gcinneadh go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid de chúram WhatsApp go díreach. |
|
106 |
Go sonrach, cé gur fíor go bhfuil sé d’éifeacht ag caingean le haghaidh neamhniú a thabhairt os comhair chúirteanna an Aontais, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, i ndáil leis an gcinneadh ceangailteach ón mBord, agus os comhair na cúirte náisiúnta, de bhun Airteagal 78 de RGCS, i ndáil leis an gcinneadh críochnaitheach a ghlac an t‑údarás maoirseachta náisiúnta, ar bhonn an chinnidh cheangailtigh sin, go bhfuil dhá nós imeachta chomhuaineacha ann, níl sé de thoradh ar an staid sin gur cheart a mheas go bhfuil na héifeachtaí atá ag an gcinneadh ón mBord indíreach, sa chás seo, i ndáil le WhatsApp. |
|
107 |
Go deimhin, ar an gcéad dul síos, de réir chásdlí na Cúirte, i gcás ina bhfuil an réiteach ar an díospóid os comhair na cúirte náisiúnta ag brath ar bhailíocht cinnidh ó chomhlacht den Aontas, is léir ón oibleagáid comhair dhílis gur cheart don chúirt náisiúnta, ionas nach nglacfar cinneadh a théann i gcoinne chinneadh an chomhlachta sin, bac a chur ar na himeachtaí go dtí go dtabharfaidh Cúirteanna an Aontais cinneadh críochnaitheach ar an gcaingean le haghaidh neamhniú, ach amháin má mheasann sí, in imthosca an cháis, go bhfuil bunús le ceist le haghaidh réamhrialú a chur faoi bhráid na Cúirte maidir le bailíocht an chinnidh ón gcomhlacht sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Nollaig 2000, Masterfoods agus HB, C‑344/98, EU:C:2000:689, mír 57, agus an 25 Iúil 2018, Georgsmarienhütte agus páirtithe eile, C‑135/16, EU:C:2018:582, mír 24). |
|
108 |
Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara freisin go bhféadfaidh prionsabal riar cuí an cheartais bunús a thabhairt, i gcás go gcuirtear an t‑ábhar faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, i gcomhthéacs caingean le haghaidh neamhniú agus faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, i gcomhthéacs tarchur chun réamhrialú, ag an am céanna, go mbainfeadh an Chúirt leas, má mheasann sí gurb iomchuí sin, as an tríú mír d’Airteagal 54 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun bac a chur ar na himeachtaí atá ar feitheamh os a comhair i bhfabhar na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta (breithiúnas an 25 Iúil 2018, Georgsmarienhütte agus páirtithe eile, C‑135/16, EU:C:2018:582, mír 25). |
|
109 |
Dá thoradh sin, ós rud é go gcomhlíontar an dá choinníoll dá dtagraítear i mír 94 den bhreithiúnas seo, tá an cinneadh atá faoi chonspóid de chúram WhatsApp go díreach. |
|
110 |
I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, ní mór glacadh leis an dara cuid den chéad saincheist dlí den achomharc agus, dá thoradh sin, an t‑ordú atá faoi achomharc a chur ar ceal. |
An tríú cuid den chéad saincheist dlí ar achomharc
|
111 |
Leis an tríú cuid dá chéad saincheist dlí ar achomharc, áitíonn WhatsApp go bhfuil earráid dlí ag baint le cinneadh na Cúirte Ginearálta i míreanna 66 go 70 den ordú atá faoi achomharc, ar dá réir atá do-ghlacthacht a chaingne ag luí le loighic an chórais leigheasanna breithiúnacha arna bhunú le Conarthaí AE agus FAE. |
|
112 |
I bhfianaise na conclúide ar a thángthas i mír 110 den bhreithiúnas seo, ní gá breith a thabhairt ar an tríú cuid den chéad saincheist dlí ar achomharc. |
An dara saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh earráid dlí i léiriú agus cur i bhfeidhm Airteagal 65 de RGCS agus phrionsabal chur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí an Aontais
|
113 |
Trí thagairt do na hargóintí arna gcur chun cinn i gcomhthéacs na chéad saincheiste dlí, áitíonn WhatsApp gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 65(1) de RGCS agus an prionsabal go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach dlí an Aontais trí rialú, i míreanna 41 go 60 den ordú atá faoi achomharc, nach raibh éifeachtaí dlí ag an gcinneadh atá faoi chonspóid seachas a éifeachtaí ceangailteacha i ndáil leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann. |
|
114 |
Ós rud é nach dtagraíonn WhatsApp ach do na hargóintí arna bhforbairt mar thaca lena chéad saincheist dlí agus i bhfianaise na conclúide ar a thángthas i mír 110 den bhreithiúnas seo, ní gá breith a thabhairt ar an dara saincheist dlí, ós rud é nach bhféadfadh sé a bheith de thoradh air go gcuirfí an t‑ordú atá faoi achomharc ar ceal ar bhonn níos leithne. |
Breithniú ar an gcás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta
|
115 |
I gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, má chuirtear cinneadh na Cúirte Ginearálta ar ceal, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí sin. |
|
116 |
Comhlíontar an coinníoll sin sa chás seo a mhéid amháin a bhaineann an cás le hinghlacthacht na caingne arna tionscnamh os comhair na Cúirte Ginearálta. |
|
117 |
I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, mar is léir ó mhír 76 den bhreithiúnas seo, is gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne é an cinneadh atá faoi chonspóid chun críoch na chéad mhíre d’Airteagal 263 CFAE. Ar an dara dul síos, mar a thugtar faoi deara i mír 109 den bhreithiúnas seo, tá an cinneadh seo de chúram WhatsApp go díreach, de réir bhrí an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE. Ar an tríú dul síos, tá an cinneadh sin de chúram WhatsApp go leithleach, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta féin i mír 40 den ordú atá faoi achomharc. |
|
118 |
Dá thoradh sin, ós rud é go gcomhlíontar na coinníollacha sa chéad mhír agus sa cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, agus in éagmais aon fhoras eile do-ghlacthachta, dearbhaítear go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú inghlactha. |
|
119 |
Ós rud é nár scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta tuillteanais na caingne os a comhair, áfach, dá dteastaíonn measúnú mionsonraithe dlí agus fíorais chun í a chinneadh, ní fhágtar le staid na n‑imeachtaí gur féidir rialú a thabhairt ar na tuillteanais. |
|
120 |
Dá bhrí sin, ní mór an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta. |
Costais
|
121 |
Ós rud é go ndéantar an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, ní mór na costais a bhaineann leis na himeachtaí reatha achomhairc a fhorchoimeád. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra): |
|
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.