Eureka C-169/23 Sínigh isteach

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)

28 Samhain 2024 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin – Rialachán (AE) 2016/679 – Sonraí a phróiseáiltear agus deimhniú COVID-19 á bhunú – Sonraí nár bailíodh ón ábhar sonraí – Faisnéis atá le soláthar – Eisceacht ón oibleagáid faisnéis a sholáthar – Airteagal 14(5)(c) – Sonraí arna nginiúint ag an rialaitheoir mar chuid dá phróiseas féin – An ceart chun gearán a thaisceadh – Inniúlacht an údaráis maoirseachta – Airteagal 77(1) – Bearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, ar leasanna iad dá bhforáiltear i ndlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir – Bearta maidir le slándáil na próiseála sonraí – Airteagal 32)

I gCás C‑169/23 [Másdi] ( i ),

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Kúria (an Chúirt Uachtarach, an Ungáir), trí bhreith an 8 Feabhra 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 17 Márta 2023, sna himeachtaí

Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság

v

UC,

tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Jürimäe, Uachtarán an Dara Dlísheomra, ag feidhmiú mar Uachtarán an Tríú Dlísheomra, K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, ag feidhmiú mar Bhreitheamh an Tríú Dlísheomra, N. Jääskinen, M. Gavalec (Rapóirtéir) agus N. Piçarra, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: L. Medina,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta ó bhéal,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–

Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság, ag G. J. Dudás, ügyvéd,

–

UC, ag D. Karsai agus V. Łuszcz, ügyvédek,

–

Rialtas na hUngáire, ag Zs. Biró-Tóth agus M. Z. Fehér, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na Seice, ag L. Březinová, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–

an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, C. Kovács agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 6 Meitheamh 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 14(1) agus (5)(c), Airteagal 32 agus Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, ‘RGCS’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir an Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság (an tÚdarás Náisiúnta um Chosaint Sonraí agus um Shaoráil Faisnéise, an Ungáir) (‘an t‑údarás náisiúnta’) agus UC maidir le hoibleagáid a bheith ann faisnéis a sholáthar maidir le próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le Budapest Főváros Kormányhivatala (Oifig Rialtais de Chathair Bhúdaipeist, an Ungáir) (‘an t‑údarás eisiúna’), atá freagrach as deimhnithe díolúine a eisiúint do dhaoine atá vacsaínithe in aghaidh COVID-19 nó a tholg COVID-19.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

RGCS

3

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 1, 10 agus 61 go 63 de RGCS:

‘(1)

Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. In Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh […] agus in Airteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

[...]

(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas [Eorpach] a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil, chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit forálacha náisiúnta a choimeád nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm na rialacha atá sa Rialachán seo a shonrú tuilleadh. [...]

[...]

(61)

Ba cheart an fhaisnéis i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a thabhairt dó nó di tráth bhailiú na sonraí ón ábhar sonraí, nó, i gcás nach bhfaightear na sonraí pearsanta ach ó fhoinse eile, laistigh de thréimhse réasúnta, ag brath ar imthosca an cháis. I gcás inar féidir sonraí pearsanta a nochtadh d’fhaighteoir eile go dlisteanach, ba cheart an t‑ábhar sonraí a chur ar an eolas nuair a nochtar na sonraí pearsanta an chéad uair don fhaighteoir. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche seachas an chríoch ar chuici a bailíodh iad, ba cheart don rialaitheoir, sula ndéanfaí an tuilleadh próiseála sin, faisnéis a chur ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin, agus aon fhaisnéis eile a mbeadh gá léi. Más rud é nach féidir tionscnamh na sonraí pearsanta a chur ar fáil don ábhar sonraí toisc gur úsáideadh foinsí éagsúla, ba cheart faisnéis ghinearálta a chur ar fáil.

(62)

Ní gá, áfach, an oibleagáid a fhorchur faisnéis a chur ar fáil i gcás ina mbíonn an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana, i gcás ina bhfuil taifeadadh nó nochtadh na sonraí pearsanta leagtha síos go sainráite le dlí nó i gcás ina bhfuil sé dodhéanta an fhaisnéis a chur ar fáil don ábhar sonraí nó ina mbeadh iarracht dhíréireach ag baint leis sin. [...]

(63)

Ba cheart é a bheith de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bailíodh a bhaineann leis nó léi, agus ba cheart don ábhar sonraí a bheith in ann an ceart sin a fheidhmiú go héasca agus ag eatraimh réasúnta, d'fhonn a bheith ar an eolas faoi dhlíthiúlacht na próiseála agus d’fhonn dlíthiúlacht na próiseála a fhíorú. [...]’

4

Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 1(2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Ábhar agus cuspóirí’:

‘Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint’.

5

Foráiltear in Airteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’, don mhéid seo a leanas:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta (“ábhar sonraí”); [...]

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

[...]

(7)

ciallaíonn “rialaitheoir”, an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; [...]

[...]’

6

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 6(1) RGCS, dar teideal ‘Dleathacht na próiseála’:

‘Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:

[...]

(c)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;

[...]

(e)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

[...]’

7

Foráiltear in Airteagal 9(1) agus (2) den Rialachán sin, dar teideal ‘Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil’, mar seo a leanas:

‘1.   Toirmeascfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmeascfar próiseáil ar shonraí géiniteacha, ar shonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ar shonraí a bhaineann leis an tsláinte nó ar shonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás go mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo leanas:

[...]

(i)

is gá an phróiseáil a dhéanamh ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí, amhail cosaint i gcoinne bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte nó chun ardchaighdeáin cáilíochta agus slándála a áirithiú do chúram sláinte agus do tháirgí íocshláinte nó d'fheistí leighis, ar bhonn dhlí an Aontais nó ar bhonn dhlí Ballstáit lena ndéantar foráil do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun go ndéanfar cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, go háirithe an rúndacht ghairmiúil, a choimirciú;

[...]’

8

I gCaibidil III de RGCS, dar teideal ‘Cearta an ábhair sonraí’, tá roinnt ranna, lena n‑áirítear Roinn 2, dar teideal ‘Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta’.

9

Áirítear i Roinn 2 Airteagal 13, dar teideal ‘An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí’, Airteagal 14, dar teideal ‘An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás nár bailíodh na sonraí ón ábhar sonraí’ agus Airteagal 15, dar teideal ‘Ceart rochtana don ábhar sonraí’, de RGCS.

10

Faoi Airteagal 14 den Rialachán sin:

‘1.   I gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis seo a leanas don ábhar sonraí:

(a)

céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora;

(b)

sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí, más ann dó, más infheidhme;

(c)

críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;

(d)

catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(e)

faighteoirí nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;

(f)

i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig faighteoir i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta, [...]

2.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir don ábhar sonraí an fhaisnéis a leanas is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú maidir leis an ábhar sonraí:

(a)

tréimhse stórála na sonraí pearsanta, nó murarbh indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

(b)

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d’Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí;

(c)

is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhair sonraí agus ceartú nó léirscriosadh na sonraí pearsanta sin, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí;

(d)

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (a) d’Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d’Airteagal 9(2), beidh sé de cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;

(e)

an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;

(f)

an fhoinse as ar tháinig na sonraí pearsanta, agus más infheidhme, ar tháinig na sonraí as foinsí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu; agus

(g)

is ann do chinnteoireacht uathoibrithe a bheith ann, [...]

[...]

4.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas an chríoch dar bailíodh na sonraí pearsanta, cuirfidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an tuilleadh próiseála sin, faisnéis ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin mar aon le haon fhaisnéis bhreise ábhartha dá dtagraítear i mír 2.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 i gcás agus a mhéid gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

tá an fhaisnéis faighte cheana ag an ábhar sonraí;

(b)

tá sé dodhéanta an fhaisnéis sin a chur ar fáil nó bhainfeadh iarracht dhíréireach lena cur ar fáil go háirithe nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí a leagtar síos in Airteagal 89(1) nó a mhéid is dócha nach féidir a chun na críocha sin a ghnóthú de bharr an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go ndéanfar an gnóthú sin a lagú go mór. Sna cásanna sin déanfaidh an rialaitheoir na bearta is gá chun cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, lena n‑áirítear an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí;

(c)

leagtar síos fáil nó nochtadh na sonraí go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir agus lena bhforáiltear do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint;

(d)

i gcás nach mór na sonraí pearsanta a choimeád faoi rún faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla arna rialú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, lena n‑áirítear oibleagáid rúndachta reachtúil’.

11

Is mar seo atá foclaíocht Airteagal 32 den Rialachán sin, dar teideal ‘Slándáil na próiseála’:

‘1.   Agus an úrscothacht, na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin, lena n‑áirítear, inter alia, de réir mar is iomchuí:

(a)

ainm bréige a chur i bhfeidhm agus criptiú a dhéanamh i ndáil le sonraí pearsanta;

(b)

an cumas rúndacht leanúnach, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht na gcóras agus na seirbhísí próiseála a áirithiú;

(c)

an cumas infhaighteacht agus rochtain ar shonraí pearsanta a athshlánú ar mhodh tráthúil sa chás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(d)

próiseas chun tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil chun slándáil na próiseála a áirithiú.

2.   Agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal iomchuí slándála, tabharfar aird go háirithe ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, go háirithe scrios, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach.

3.   Má chloítear le cód formheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásra formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar eilimint lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal sin.

4.   Déanfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta lena áirithiú nach ndéanann aon duine nádúrtha atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí agus a bhfuil rochtain aige ar shonraí pearsanta na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ón rialaitheoir, seachas más gá dó nó di sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit’.

12

Foráiltear le hAirteagal 55(1) den Rialachán céanna, dar teideal ‘Inniúlacht’, don mhéid seo a leanas:

‘Beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.’

13

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 57(1) RGCS, dar teideal ‘Cúraimí’:

‘Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;

[...]

(c)

cuirfidh sé comhairle, i gcomhréir le dlí Ballstáit, ar an bparlaimint náisiúnta, ar an rialtas, agus ar institiúidí agus ar chomhlachtaí eile maidir le bearta reachtacha agus riaracháin a bhaineann le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil;

[...]’

14

Foráiltear in Airteagal 58(3) den Treoir sin, dar teideal ‘Cumhachtaí’:

‘Beidh na cumhachtaí údaraithe agus comhairleacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

[...]

(b)

tuairimí a thabhairt, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air, don pharlaimint náisiúnta, do rialtas an Bhallstáit nó, i gcomhréir le dlí Ballstáit, do na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile agus don phobal, maidir le haon saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta;

[...]’

15

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 77(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta’:

‘Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t‑ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán sin.’

16

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 78RGCS, dar teideal ‘An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne údarás maoirseachta’:

‘1.   Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh a bhaineann leo a dhéanann údarás maoirseachta agus atá ina cheangal de réir dlí.

2.   Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach ábhar sonraí leigheas éifeachtach breithiúnach a bheith aige i gcás nach láimhseálann an t‑údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 agus Airteagal 56 gearán nó i gcás nach gcuireann sé an t‑ábhar sonraí ar an eolas laistigh de thrí mhí maidir le dul chun cinn nó le toradh an ghearáin arna thaisceadh de bhun Airteagal 77.

3.   Tionscnófar imeachtaí i gcoinne údarás maoirseachta os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil an t‑údarás maoirseachta bunaithe.

4.   I gcás imeachtaí a thionscnaítear i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta ar thug an Bord tuairim nó cinneadh uaidh roimhe tríd an sásra comhsheasmhachta, cuirfidh an t‑údarás maoirseachta an cinneadh nó an tuairim sin ar aghaidh chuig an gCúirt’.

Rialachán (AE) 2021/953

17

Foráiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO 2021 L 211, lch. 1), dar teideal ‘Sonraí pearsanta a chosaint’:

‘Beidh feidhm ag [RGCS] maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.’

Dlí na hUngáire

18

De bhun Airteagal 2(1) den koronavírus elleni védettségi igazolásról szóló 60/2021. (II.12.) Korm. rendelet (Foraithne Rialtais Uimh. 60/2021 (II.12.) a bhaineann leis an deimhniú díolúine don choróinvíreas), an 12 Feabhra 2021, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘Foraithne Uimh. 60/2021’):

‘Áireofar an méid seo a leanas sa deimhniú díolúine:

(a)

ainm an duine lena mbaineann;

(b)

uimhir phas an duine lena mbaineann, má tá pas aige nó aici;

(c)

uimhir bhuanchárta aitheantais an duine lena mbaineann, má tá buanchárta aitheantais aige nó aici;

(d)

sraithuimhir an deimhnithe díolúine;

(e)

i gcás ina soláthraítear cruthúnas vacsaínithe, dáta an vacsaínithe;

(f)

i gcás ina soláthraítear cruthúnas ar théarnamh ó ionfhabhtú, dáta a rachaidh bailíocht an chruthúnais in éag;

(g)

cód stórála sonraí atá inléite go hoptúil ag gairis ríomhaireachta, a ghintear agus úsáid á baint as na sonraí a liostaítear in (a) go (f);

(h)

na hiontrálacha seo a leanas:

(ha)

“Chun go mbeidh sé bailí, ní mór an cárta a thaispeáint in éineacht le cárta aitheantais nó pas”

(hb)

“Neamh-inaistrithe”

(hc)

“Is féidir cearta an chárta a fhíorú ar an suíomh gréasáin koronavirus.gov.hu”.’

19

I gcomhréir le hAirteagal 2(6) agus (7) d’Fhoraithne Uimh. 60/2021, eiseofar an deimhniú díolúine d’aon duine nádúrtha atá i dteideal é a fháil ón údarás eisiúna, ex officio nó ar iarratas.

20

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 3(3) den Fhoraithne sin:

‘Trí fhaisnéis a tharchur go huathoibríoch, i gcás inarb iomchuí trí sheirbhísí an eolaire leictreonaigh chomhcheangailte sonraí sainaitheantais, glacfaidh an t‑údarás eisiúna — sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2(6)(c) agus (d) — ceannas ar na nithe seo a leanas:

(a)

ó oibreoir ardán EESZT (Elektronikus Egészségügyi Szolgáltatási Tér (Ardán Leictreonach Seirbhísí Sláinte)), uimhir slándála sóisialta an duine lena mbaineann, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(e) agus (g) agus na sonraí dá dtagraítear i mír 1,

(b)

ón gcomhlacht atá freagrach as sonraí pearsanta agus seoltaí, ainm an ábhair sonraí, uimhir nó aitheantóir a phas agus a bhuanchárta aitheantais, agus a sheoladh a thaifeadadh.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

21

D’eisigh an t‑údarás eisiúna deimhniú díolúine lena bhfianaítear a vacsaíniú in aghaidh COVID-19 do UC, duine nádúrtha, de bhun Fhoraithne Uimh. 60/2021.

22

An 30 Aibreán 2021, thionscain UC nós imeachta riaracháin maidir le próiseáil na sonraí pearsanta a bhaineann leis, trí ghearán a thaisceadh, leis an údarás náisiúnta, ar bhonn Airteagal 77(1) RGCS, chun ordú a thabhairt don riarachán eisiúna a oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha RGCS. Ina ghearán, rinne sé gearán, inter alia, nár dhréachtaigh agus nár fhoilsigh an riarachán eisiúna ráiteas maidir le cosaint sonraí pearsanta a bhaineann le heisiúint deimhnithe díolúine agus mhaígh sé nach raibh aon fhaisnéis ann maidir le cuspóir agus bunús dlí phróiseáil na sonraí sin ná maidir le cearta an ábhair sonraí agus maidir leis an gcaoi a bhféadfaí iad a fheidhmiú.

23

Sa nós imeachta a tionscnaíodh ar bhonn an ghearáin sin, dhearbhaigh an t‑údarás eisiúna go raibh a chúraimí á ndéanamh aige maidir leis an deimhniú díolúine a eisiúint ar bhonn Airteagal 2 d’Fhoraithne Uimh. 60/2021, agus Airteagal 6(1)(e) RGCS agus Airteagal 9(2)(i) den Rialachán sin mar bhunús dlí ag próiseáil sonraí pearsanta, a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcatagóirí speisialta.

24

Ina theannta sin, shonraigh an t‑údarás eisiúna go bhfuair sé na sonraí pearsanta a phróiseáil sé ó chomhlacht eile, i gcomhréir le forálacha Fhoraithne Uimh. 60/2021. Ar an mbonn sin, dhearbhaigh sé nach raibh sé de cheangal air, faoi Airteagal 14(5)(c) RGCS, faisnéis a sholáthar maidir le próiseáil na sonraí sin. Rinne sé an ráiteas cosanta sonraí pearsanta a iarradh a dhréachtú agus a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, áfach.

25

Le cinneadh an 15 Samhain 2021, dhiúltaigh an t‑údarás náisiúnta d’iarraidh UC agus tháinig sé ar an gconclúid nach raibh aon oibleagáid ar an údarás eisiúna faisnéis a sholáthar, ar an bhforas gur tháinig próiseáil na sonraí pearsanta lena mbaineann faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 14(5)(c) RGCS.

26

Go háirithe, bhí an t‑údarás sin den tuairim gurbh é Foraithne Uimh. 60/2021 bunús dlí na próiseála agus gur cheangail sé go sainráite ar an údarás eisiúna na sonraí atá i gceist a bhailiú. De réir an údaráis sin, ba dhea-chleachtas é faisnéis maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an riarachán eisiúna a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus ní oibleagáid dhlíthiúil é.

27

Ina theannta sin, scrúdaigh an t‑údarás náisiúnta as a stuaim féin an raibh bearta iomchuí ann chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, de réir bhrí an dara habairt d’Airteagal 14(5)(c) RGCS, agus bhí sé den tuairim gur cheart forálacha Airteagail 2, 3 agus 5 go 7 d’Fhoraithne Uimh. 60/2021 a mheas amhlaidh.

28

Rinne UC achomharc riaracháin i gcoinne an chinnidh sin os comhair an Fővárosi Törvényszék (Ard-Chúirt Bhúdaipeist, an Ungáir), a chuir an cinneadh sin ar neamhní agus a d’ordaigh don údarás sin nós imeachta nua a thionscnamh.

29

Ina breithiúnas, mheas an chúirt sin nach raibh an eisceacht a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c) RGCS infheidhme toisc nach bhfuair an rialaitheoir sonraí pearsanta áirithe arna dtáirgeadh i ndáil leis na deimhnithe díolúine ó chomhlacht eile, ach gur ghin an rialaitheoir féin iad, le linn dó a chúraimí a chomhlíonadh. B’amhlaidh an cás, de réir na cúirte sin, le sraithuimhir an deimhnithe díolúine, dáta éaga an deimhnithe arna eisiúint do dhuine a tholg an galar, an cód QR atá ar an gcárta, an barrachód agus na cóid alfa-uimhriúla eile atá ar litir seachadta an deimhnithe agus na sonraí pearsanta arna nginiúint ag próiseas bainistithe cásanna an rialaitheora. Dar leis an gcúirt chéanna, ní fhéadfadh ach sonraí pearsanta a fuarthas ó chomhlacht eile teacht faoin eisceacht a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c) RGCS.

30

Rinne an t‑údarás náisiúnta achomharc urghnách i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair an Kúria (an Chúirt Uachtarach, an Ungáir), arb í an chúirt a rinne an tarchur í.

31

Is sa chomhthéacs sin a fhiafraíonn an chúirt sin, ar an gcéad dul síos, an bhféadfadh an eisceacht a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c) RGCS a bheith infheidhme maidir le gach próiseáil sonraí pearsanta seachas an phróiseáil a bhaineann le sonraí pearsanta arna mbailiú ón ábhar sonraí.

32

Sa chás sin, fiafraíonn an chúirt sin, i gcomhthéacs nós imeachta gearáin faoi Airteagal 77(1) RGCS, an bhfuil an t‑údarás maoirseachta inniúil chun a fhíorú, d’fhonn rialú a dhéanamh ar infheidhmeacht na heisceachta sin, an bhforáiltear le dlí náisiúnta an rialaitheora do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint.

33

Más amhlaidh atá, is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach, ar deireadh, an mbaineann an fíorú sin freisin le hoiriúnacht na mbeart a cheanglaítear ar an rialaitheoir a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 32 RGCS, chun slándáil phróiseáil na sonraí pearsanta a áirithiú.

34

Sna himthosca sin, chinn an Kúria (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An gcaithfear Airteagal 14(5)(c) [RGCS], i gcomhar le hAirteagal 14(1), agus le haithris 62 RGCS a léiriú sa chaoi nach dtagraítear leis an eisceacht a leagtar síos leis an bhforáil sin do na sonraí arna nginiúint i nós imeachta féin an rialaitheora sonraí, ach do na sonraí a fuair an rialaitheoir sonraí ó dhuine eile go sainráite agus na sonraí sin amháin?

(2)

I gcás go bhfuil Airteagal 14(5)(c) RGCS infheidhme maidir leis na sonraí arna nginiúint i nós imeachta féin an rialaitheora sonraí freisin, an gcaithfear an ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, arna leagan síos in Airteagal 77(1) RGCS, a léiriú sa chaoi go bhféadfadh duine nádúrtha a líomhnaíonn sárú ar an oibleagáid chun faisnéis a sholáthar a iarraidh, agus a cheart chun gearán a thaisceadh á fheidhmiú aige, go ndéanfaí scrúdú i leith na ceiste an leagtar síos, i gcomhréir le hAirteagal 14(5)(c) RGCS, le dlí an Bhallstáit, bearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint?

(3)

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an dara ceist, an bhféadfar Airteagal 14(5)(c) RGCS a léiriú sa chaoi go dtugtar le tuiscint leis na ‘bearta iomchuí’ a luaitear san fhoráil sin nach mór don reachtóir náisiúnta na bearta a bhaineann le slándáil na sonraí arna leagan síos in Airteagal 32 RGCS a thrasuí (le riail dlí)?’

35

An 16 Eanáir 2024, d’iarr an Chúirt ar na páirtithe agus daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceisteanna áirithe a fhreagairt i scríbhinn, de bhun Airteagal 61 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. D’fhreagair an t‑iarratasóir agus an cosantóir sna príomhimeachtaí, rialtais na hUngáire agus na Seice agus an Coimisiún Eorpach na ceisteanna sin.

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

36

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 14(5)(c) RGCS a léiriú sa chaoi nach mbaineann an eisceacht ón oibleagáid atá ar an rialaitheoir faisnéis a sholáthar don ábhar sonraí, a leagtar síos san fhoráil sin, ach le sonraí pearsanta a bhailigh an rialaitheoir ó dhuine seachas an t‑ábhar sonraí nó an mbaineann sé freisin le sonraí pearsanta a ghin an rialaitheoir féin le linn dó a chúraimí a chomhlíonadh.

37

Cinntear le hAirteagal 14(1), (2) agus (4) den Rialachán sin an fhaisnéis a bhfuil sé d’oibleagáid ar an rialaitheoir a sholáthar don ábhar sonraí, de réir bhrí Airteagal 4(1) den Rialachán sin, i gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí sin.

38

Leagtar amach in Airteagal 14(5) den Rialachán sin eisceachtaí ón oibleagáid sin. I measc na n‑eisceachtaí sin, foráiltear le pointe (c) de mhír 5 nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid sin nuair agus a mhéid a leagtar síos fáil nó nochtadh na sonraí go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir agus lena bhforáiltear do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint.

39

Chun a chinneadh an gcumhdaítear leis an eisceacht sin sonraí pearsanta arna nginiúint ag an rialaitheoir féin, le linn dó a chúraimí a chomhlíonadh, ó shonraí a fhaightear ó dhuine seachas an t‑ábhar sonraí, is gá, i gcomhréir le cásdlí socair, ní hamháin foclaíocht na forála sin lena ndéantar an eisceacht a leagan síos a chur san áireamh, ach comhthéacs na forála sin agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í freisin (féach chuige sin, breithiúnas an 12 Eanáir 2023, Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság, C‑132/21, EU:C:2023:2, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40

Ar an gcéad dul síos, is gá a chinneadh, i bhfianaise fhoclaíocht Airteagal 14(5)(c) RGCS, an cuspóir a bhaineann le ‘fáil nó nochtadh’ dá dtagraítear san fhoráil sin.

41

Ar an gcéad dul síos, tá difríocht idir na leaganacha teanga éagsúla den fhoráil sin. Tagraíonn an leagan Fraincise den fhoráil sin do ‘fhaisnéis’ a fháil nó a nochtadh, ach, ar an gcéad dul síos, tagraíonn na leaganacha Ungáirise (‘adat’), Eastóinise (‘isikuandmed’), Cróitise (‘podataka’), Liotuáinise (‘duomenų’), Ollainnise (‘gegevens’), Portaingéilise (‘dados’), Rómáinise (‘datelor’) agus Sualainnise (‘uppgifter’) tagairt do ‘s[h]onraí’ a fháil nó a nochtadh, ansin, tá téarma (‘tietojen’) sa leagan Fionlainnise ar dócha go dtagraíonn sé do ‘s[h]onraí’ nó ‘faisnéis’ araon agus, ar deireadh, ní luann na leaganacha Bulgáirise, Spáinnise, Seicise, Danmhairgise, Gearmáinise, Gréigise, Béarla, Iodáilise, Laitvise, Máltaise, Polainnise, Slóvaicise agus Slóivéinise cuspóir na fála ná an nochta.

42

Mar sin féin, i gcomhréir le tuilleadh cásdlí shocair, ní féidir leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i gceann de na leaganacha teanga d’fhoráil de dhlí an Aontais a bheith ina bunús aonair le léiriú na forála sin agus ní féidir tosaíocht a thabhairt di ar na leaganacha teanga eile. Ní mór forálacha dhlí an Aontais a léiriú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach i bhfianaise na leaganacha a leagtar amach i dteangacha uile an Aontais. I gcás nach bhfuil roinnt leaganacha teanga de théacs dhlí an Aontais ag teacht le chéile, ní mór an fhoráil atá i gceist a léiriú de réir scéim ghinearálta agus chuspóir na reachtaíochta a bhfuil sé ina chuid di (breithiúnas an 21 Márta 2024, Cobult, C‑76/23, EU:C:2024:253, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Maidir le scéim ghinearálta RGCS, ba cheart Airteagal 14(5) den Rialachán sin a léamh i bhfianaise aithrisí 61 agus 62 de, ina dtagraítear, ar an gcéad dul síos, do ‘s[h]onraí pearsanta […] [a fhaightear] agus [na] sonraí pearsanta [...] a nochtar’ agus do ‘t[h]aifeadadh nó nochtadh na sonraí pearsanta leagtha síos go sainráite le dlí’ agus, ar an dara dul síos, do ‘f[h]aisnéis [...] a chur ar fáil’ nó ‘a bheidh le soláthar’. Deimhnítear a thuilleadh an léiriú ar dá réir a thagraíonn ‘fáil nó nochtadh’, de réir bhrí Airteagal 14(5)(c) RGCS, do shonraí pearsanta le raon feidhme leathan an choincheapa ‘próiseáil’, de réir bhrí Airteagal 4(2) RGCS, lena gcumhdaítear aon oibríocht a chuirtear i bhfeidhm ar shonraí pearsanta (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 2023, Ministerstvo zdravotnictví (Aip mhóibíleach Covid-19), C‑659/22, EU:C:2023:745, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

44

Maidir le cuspóir na reachtaíochta a bhfuil Airteagal 14(5)(c) RGCS ina chuid di, is leor a thabhairt faoi deara, mar a thugann an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 31 dá Tuairim, gurb é cóimheas reachtaíochta na heisceachta sin ná nach bhfuil bonn cirt leis an oibleagáid faisnéis a sholáthar don ábhar sonraí a fhorchuirtear le hAirteagal 14(1), (2) agus (4) den Rialachán sin i gcás ina gceanglaítear le foráil eile de dhlí an Aontais nó de dhlí Ballstáit, ar bhealach atá cuimsitheach agus ceangailteach go leor, ar an rialaitheoir faisnéis a sholáthar don duine sin a bhaineann le sonraí pearsanta a fháil nó a nochtadh. Sa chás a chumhdaítear le hAirteagal 14(5)(c), ní mór eolas leordhóthanach a bheith ag na daoine lena mbaineann ar na modhanna agus ar na cuspóirí a bhaineann leis na sonraí sin a fháil nó a nochtadh.

45

Dá bhrí sin, ní mór a mheas, i bhfianaise fhoclaíocht Airteagal 14(5)(c) RGCS ina leaganacha teanga go léir, nach mór an fhoráil sin a thuiscint mar thagairt d’fháil nó do nochtadh sonraí pearsanta.

46

Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcuirtear teorainn le foclaíocht Airteagal 14(5)(c) RGCS leis an eisceacht a leagtar síos leis do shonraí pearsanta a fhaigheann an rialaitheoir ó dhuine seachas an t‑ábhar sonraí amháin, ná ní eisiatar leis sonraí arna nginiúint ag an rialaitheoir féin, le linn dó a chúraimí a chomhlíonadh, ó na sonraí sin.

47

Fágann sé sin gurb iad na sonraí pearsanta, ‘a fuarthas’ de réir bhrí na forála sin ag an rialaitheoir, na sonraí sin go léir a bhailíonn an rialaitheoir ó dhuine seachas an t‑ábhar sonraí agus na sonraí sin a ghin sé féin, le linn dó a chúraimí a chomhlíonadh, ó shonraí a fuarthas ó dhuine seachas an t‑ábhar sonraí.

48

Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go sainmhínítear raon feidhme ábhartha Airteagal 14 RGCS go diúltach i ndáil le hAirteagal 13 den Rialachán sin. Mar is léir ó cheannteidil na bhforálacha sin, baineann Airteagal 13 leis an bhfaisnéis atá le soláthar i gcás ina mbailítear sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, agus baineann Airteagal 14 leis na sonraí sin nach mór a sholáthar i gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí. I bhfianaise an déscartha sin, tagann gach cás nach mbailítear na sonraí ón ábhar sonraí faoi raon feidhme ábhartha Airteagal 14.

49

Dá réir sin, is léir ó léiriú comhcheangailte Airteagail 13 agus 14 RGCS go dtagann sonraí pearsanta a fhaigheann an rialaitheoir ó dhuine seachas an t‑ábhar sonraí agus sonraí a ghineann an rialaitheoir féin, nach bhfuarthas, de bharr a gcineáil, ón ábhar sonraí ach oiread, faoi raon feidhme Airteagal 14. Dá bhrí sin, cumhdaítear an dá chatagóir sonraí sin leis an eisceacht a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c).

50

Ar an tríú dul síos, ba cheart Airteagal 14(5)(c) RGCS a léiriú ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gcuspóir a shaothraítear leis an Rialachán sin, arb é atá ann, go háirithe, mar is léir ó Airteagal 1, arna léamh i bhfianaise aithrisí 1 agus 10 de, ardleibhéal cosanta a áirithiú do shaoirsí agus cearta bunúsacha daoine nádúrtha, go háirithe a gceart chun príobháideachais maidir le próiseáil sonraí pearsanta, a chumhdaítear in Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha agus in Airteagal 16(1) CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Márta 2024, IAB Europe, C‑604/22, EU:C:2024:214, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

I ndáil leis sin, is léir ó aithris 63 RGCS go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais go mbeadh sé de cheart ag ábhar sonraí, de réir bhrí an Rialacháin sin, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta a bailíodh a bhaineann leis chun é féin a chur ar an eolas faoi phróiseáil na sonraí sin agus chun dlíthiúlacht na sonraí sin a fhíorú.

52

Dá bhrí sin, féadfar an rialaitheoir a dhíolmhú ón oibleagáid atá air faisnéis a sholáthar, ar faisnéis í a bhíonn de dhualgas de ghnáth ar ábhar sonraí, ar choinníoll go bhfuil an t‑ábhar sonraí in ann smacht a bheith aige a shonraí pearsanta agus a chearta a fheidhmiú faoi RGCS.

53

I gcomhréir leis an gcuspóir a shaothraítear leis an Rialachán sin, ceanglaítear leis an eisceacht ón oibleagáid faisnéis a sholáthar don ábhar sonraí, a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c) RGCS, ar an gcéad dul síos, go bhforáiltear go sainráite d’fháil nó do nochtadh sonraí pearsanta ag an rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir sin faoina réir. Ar an dara dul síos, ní mór foráil a dhéanamh leis an gceart sin maidir le bearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint.

54

Dá bhrí sin, d’fhonn bheith go hiomlán comhsheasmhach leis an gcuspóir atá á shaothrú le RGCS, tá cur i bhfeidhm Airteagal 14(5)(c) den Rialachán sin faoi réir dhian-chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin, eadhon, go háirithe, leibhéal cosanta a bheith ann don ábhar sonraí atá comhionann ar a laghad leis an leibhéal a ráthaítear le míreanna 1 go 4 d’Airteagal 14 den Rialachán sin.

55

I bhfianaise na gcúiseanna thuasluaite, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 14(5)(c) RGCS a léiriú sa chaoi go mbaineann an eisceacht ón oibleagáid atá ar an rialaitheoir faisnéis a sholáthar don ábhar sonraí, a leagtar síos san fhoráil sin, gan idirdhealú a dhéanamh idir na sonraí pearsanta go léir nár bhailigh an rialaitheoir go díreach ón ábhar sonraí, cibé acu an bhfuair an rialaitheoir na sonraí sin ó dhuine seachas an t‑ábhar sonraí nó ar ghin an rialaitheoir féin iad, le linn dó a chúraimí a chomhlíonadh.

An dara agus an tríú ceist

56

Lena dara agus tríú ceist, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 14(5)(c) agus Airteagal 77(1) RGCS a léiriú sa chaoi, i gcomhthéacs nós imeachta gearáin, go bhfuil an t‑údarás maoirseachta inniúil chun a fhíorú an leagtar síos le dlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir bearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, chun críocha chur i bhfeidhm na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c) agus, más amhlaidh atá, an mbaineann an fíorú sin freisin le hoiriúnacht na mbeart a cheanglaítear ar an rialaitheoir a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 32 den Rialachán sin, chun slándáil phróiseáil na sonraí pearsanta a áirithiú.

57

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú, faoi Airteagal 77(1) RGCS, gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, go bhfuil sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta má mheasann sé go bhfuil an phróiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis de shárú ar an Rialachán sin.

58

Maidir le hinniúlacht na n‑údarás maoirseachta, foráiltear le hAirteagal 55(1) den Rialachán sin go mbeidh gach údarás maoirseachta inniúil, ar chríoch a Bhallstáit, chun na cúraimí agus na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán sin a chomhlíonadh.

59

Maidir leis na cúraimí sin, foráiltear le hAirteagal 57(1)(a) RGCS go ndéanfaidh gach údarás maoirseachta, ar a chríoch, faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus go n‑áiritheofar go gcomhlíonfar é.

60

Níl aon fhoráil in RGCS lena bhféadfaí gnéithe áirithe de chur i bhfeidhm na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c) den Rialachán sin a bhaint ó inniúlacht na n‑údarás maoirseachta sin.

61

Faoin bhforáil sin, tá an rialaitheoir díolmhaithe ón bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1), (2) agus (4) RGCS a sholáthar don ábhar sonraí i gcás ina bhforáiltear go sainráite, agus a mhéid a fhoráiltear, ar an gcéad dul síos, d’fháil nó do nochtadh na sonraí pearsanta le dlí an Aontais nó le dlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir agus, ar an dara dul síos, go bhforáiltear leis an dlí sin do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint.

62

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh gearán faoi Airteagal 77(1) RGCS a bheith bunaithe ar shárú ar an oibleagáid atá ar an rialaitheoir faisnéis a sholáthar, lena n‑éilítear neamh-chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c) den Rialachán sin.

63

Maidir leis an gcéad choinníoll, dá dtagraítear i mír 61 den bhreithiúnas seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an údarás maoirseachta ar cuireadh gearán den sórt sin faoina bhráid a fhíorú an bhforáiltear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nach mór don rialaitheoir sonraí pearsanta a fháil nó a nochtadh.

64

Maidir leis an dara coinníoll, ní mór a lua, mar a rinne an tAbhcóide Ginearálta i míreanna 67 agus 69 dá Tuairim, nach sonraítear raon feidhme an fhrása ‘bearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint’ in RGCS. É sin ráite, ní mór d’fhorálacha dhlí an Aontais nó dhlí an Bhallstáit lena bhforáiltear do bhearta den sórt sin agus a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, mar a thugtar le fios i mír 54 den bhreithiúnas sin, leibhéal cosanta an ábhair sonraí maidir le próiseáil a shonraí pearsanta a ráthú atá comhionann ar a laghad leis an leibhéal dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) go (4) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, ní mór na forálacha sin a bheith de chineál lena gcuirfear ar chumas an ábhair sonraí smacht a bheith aige ar a shonraí pearsanta agus a chearta a fheidhmiú faoi RGCS.

65

Chuige sin, tá sé tábhachtach, go háirithe, go léirítear leis na forálacha sin, ar bhealach soiléir agus intuartha, an fhoinse óna bhfaighidh an t‑ábhar sonraí faisnéis maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis.

66

I gcomhthéacs sonraí pearsanta a tharchur idir comhlachtaí Ballstáit agus sonraí den sórt sin a bheith á nginiúint ag rialaitheoir ó shonraí a bhailítear ó dhuine seachas an t‑ábhar sonraí, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás gearán ón ábhar sonraí, gur faoin údarás maoirseachta a bheidh sé a fhíorú, go háirithe, an sainítear ar bhealach cruinn go leor leis an dlí ábhartha náisiúnta nó le dlí ábhartha an Aontais na cineálacha éagsúla sonraí pearsanta atá le fáil nó le nochtadh, agus na sonraí pearsanta a cheanglaítear air a ghiniúint le linn dó a chúraimí a chomhlíonadh agus an bhforáiltear leis an dlí sin don bhealach ina bhfuil rochtain iarbhír ag an ábhar sonraí ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1), (2) agus (4) RGCS.

67

Mar a thugann an Coimisiún le fios ina bharúlacha i scríbhinn, ní thagann an fíorú a dhéanann údarás maoirseachta maidir le cibé ar comhlíonadh na coinníollacha uile maidir le cur i bhfeidhm na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c) RGCS, áfach, faoi scrúdú ar bhailíocht fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta. Ní rialóidh an t‑údarás sin ach amháin, i gcás ar leith, ar cibé an bhfuil an rialaitheoir i dteideal brath ar an eisceacht a leagtar síos san fhoráil sin maidir leis an ábhar sonraí.

68

Maidir le toradh an fhíoraithe sin, ba cheart a mheabhrú, faoi Airteagal 78 den Rialachán sin, i gcás ina gcinneann an t‑údarás maoirseachta, i gcás ar leith, go bhfuil gearán an ábhair sonraí gan bhunús, nach mór ceart a bheith ag an ábhar sonraí sin, ina Bhallstát, chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne an chinnidh diúltaithe sin.

69

Os a choinne sin, i gcás ina measann an t‑údarás sin go bhfuil bunús maith leis an ngearán agus nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na heisceachta dá bhforáiltear in Airteagal 14(5)(c) den Rialachán sin, ceanglaíonn sé ar an rialaitheoir an fhaisnéis a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), (2), agus (4) den Rialachán sin, don ábhar sonraí.

70

Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an gcaithfidh baint a bheith ag an bhfíorú sin freisin le hoiriúnacht, i bhfianaise Airteagal 32 RGCS, na mbeart a cheanglaítear ar an rialaitheoir a chur chun feidhme chun slándáil na próiseála a áirithiú, ní mór a chur in iúl nach mbunaítear le hAirteagal 14(5)(c) den Rialachán sin ach eisceacht ar an oibleagáid faisnéis a sholáthar a leagtar síos le hAirteagal 14(1), (2), agus (4) den Rialachán sin, gan foráil a dhéanamh maidir le maolú ar na hoibleagáidí atá i bhforálacha eile den Rialachán sin, lena n‑áirítear Airteagal 32 de.

71

Le hAirteagal 32 cuirtear d’oibleagáid ar an rialaitheoir agus ar aon phróiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun leibhéal leordhóthanach slándála a áirithiú don phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta. Ní mór oiriúnacht na mbeart sin a mheasúnú ar bhealach nithiúil, agus na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil lena mbaineann á gcur san áireamh agus measúnú á dhéanamh an bhfuil cineál, ábhar agus cur chun feidhme na mbeart sin iomchuí maidir leis na rioscaí sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Nollaig 2023, Natsionalna agentsia za prihodite, C‑340/21, EU:C:2023:986, míreanna 42, 46 agus 47, agus an 25 Eanáir 2024, MediaMarktSaturn, C‑687/21, EU:C:2024:72, míreanna 37 agus 38).

72

I bhfianaise fhoclaíocht an dá fhoráil sin faoi seach, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na hoibleagáidí a chumhdaítear in Airteagal 32 RGCS, nach mór a chomhlíonadh in aon chás agus gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáid ann faisnéis a sholáthar faoi Airteagal 14 den Rialachán sin, éagsúil ó thaobh cineáil agus raon feidhme de leis an oibleagáid faisnéis a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 14.

73

Dá bhrí sin, i gcás gearán faoi Airteagal 77(1) RGCS, ar an bhforas gur bhraith an rialaitheoir go mícheart ar an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 14(5)(c) den Rialachán sin, déantar ábhar na seiceálacha atá le déanamh ag an údarás maoirseachta a theorannú le raon feidhme Airteagal 14 den Rialachán sin amháin, toisc nach bhfuil comhlíonadh Airteagal 32 den Rialachán sin mar chuid de na seiceálacha sin.

74

I bhfianaise na gcúiseanna thuasluaite, is é an freagra ar an dara agus ar an tríú ceist nach mór Airteagal 14(5)(c) agus Airteagal 77(1) RGCS a léiriú sa chaoi, i gcomhthéacs nós imeachta gearáin, go bhfuil an t‑údarás maoirseachta inniúil chun a fhíorú an bhforáiltear le dlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, chun an eisceacht a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c) a chur i bhfeidhm. Ní bhaineann an fíorú sin, áfach, le hoiriúnacht na mbeart a cheanglaítear ar an rialaitheoir a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 32 den Rialachán sin, chun slándáil na próiseála ar shonraí pearsanta a áirithiú.

Costais

75

Ós rud é, sa mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Tríú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 14(5)(c) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

baineann an eisceacht ón oibleagáid atá ar an rialaitheoir faisnéis a sholáthar don ábhar sonraí, a leagtar síos san fhoráil sin, gan idirdhealú a dhéanamh idir na sonraí pearsanta go léir nár bhailigh an rialaitheoir go díreach ón ábhar sonraí, cibé acu an bhfuair an rialaitheoir na sonraí sin ó dhuine seachas an t‑ábhar sonraí nó ar ghin an rialaitheoir féin iad, le linn dó a chúraimí a chomhlíonadh.

 

2.

Maidir le hAirteagal 14(5)(c) agus Airteagal 77(1) de Rialachán 2016/679,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcomhthéacs nós imeachta gearáin, go bhfuil an t‑údarás maoirseachta inniúil chun a fhíorú an bhforáiltear le dlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, chun an eisceacht a leagtar síos in Airteagal 14(5)(c) a chur i bhfeidhm. Ní bhaineann an fíorú sin, áfach, le hoiriúnacht na mbeart a cheanglaítear ar an rialaitheoir a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 32 den Rialachán sin, chun slándáil na próiseála ar shonraí pearsanta a áirithiú.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Ungáiris.

( i ) Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

Tá Eureka ag cur nasc leis…