Eureka C-247/23 Sínigh isteach

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)

13 Márta 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 5(1)(d) – Prionsabal an chruinnis – Airteagal 16 – An ceart go ndéanfaí ceartúcháin – Airteagal 23 – Srianta – Sonraí a bhaineann le féiniúlacht inscne – Sonraí míchruinne ar chlárú i gclár poiblí – Fianaise – Cleachtas riaracháin ina n-iarrtar ar chruthúnas a iarraidh ar chóireáil máinliachta le haghaidh athshannadh gnéis)

I gCás C‑247/23 [Deldits] ( i ),

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Fővárosi Törvényszék (Ard-Chúirt Bhúdaipeist, an Ungáir), trí bhreith an 29 Márta 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 18 Aibreán 2023, sna himeachtaí

VP

v

Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Uachtarán an Chéad Dlísheomra, T. von Danwitz (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán na Cúirte, M. L. Arastey Sahún, Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra, A. Kumin agus I. Ziemele, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: I. Illéssy, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus tar éis éisteacht an 3 Meitheamh 2024,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–

VP, ag G. Győző, ügyvéd, E. Polgári agus T. L. Sepsi, ügyvéd,

–

Rialtas na hUngáire, ag M. Z. Fehér agus R. Kissné Berta, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na hEastóine, ag N. Grünberg, i gcáil Gníomhaire,

–

Rialtas na Spáinne, ag S. Núñez Silva agus A. Pérez-Zurita Gutiérrez, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na Fraince, ag R. Bénard, B. Dourthe agus B. Fodda, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman, A. Hanje agus J. M. Hoogveld, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na Portaingéile, ag P. Barros da Costa, A. Pimenta, J. Ramos agus Â. Seiça Neves, i gcáil Gníomhairí,

–

an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, H. Kranenborg agus Zs. Teleki, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 12 Meán Fómhair 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1; ‘RGCS’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir VP, duine nádúrtha, agus an Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság (Ard-Stiúrthóireacht Náisiúnta um Póilíneacht Inimirce, an Ungáir; ‘an t‑údarás tearmainn’) maidir le sonraí a bhaineann le féiniúlacht inscne VP ar chlár poiblí arna chothabháil ag an údarás sin a cheartú.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

3

Foráiltear le haithrisí 1, 10, 59 agus 73 de RGCS:

‘(1)

Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. In Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus in Airteagal 16(1) [CFAE], foráiltear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

[...]

(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas [Eorpach] a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil, chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit forálacha náisiúnta a choimeád nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm na rialacha atá sa Rialachán seo a shonrú tuilleadh. [...]

[...]

(59)

Ba cheart modúlachtaí a chur ar fáil le go n‑éascófar an t‑ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear sásraí chun, go háirithe, rochtain a iarraidh agus, más infheidhme, a fháil, saor in aisce, ar shonraí, ar cheartú agus léirscriosadh sonraí pearsanta agus chun an ceart a fheidhmiú chun agóid a dhéanamh. [...]

[...]

(73)

Maidir le srianta a bhaineann le prionsabail shonracha agus [...] chun go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh [...] féadfar iad a fhorchur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a mhéid is gá agus is comhréireach i sochaí dhaonlathach chun an tslándáil phoiblí a choimirciú, lena n‑áirítear [...] chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh i gcoinne bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc [...], cuspóirí tábhachtacha eile de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit a bhaineann le leas ginearálta an phobail, go háirithe [...] clárlanna poiblí a choinneáil, ar clárlanna iad a choinnítear ar chúiseanna a bhaineann le cuspóirí tábhachtacha eile leas ginearálta an phobail, [...] nó chun an t‑ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint, lena n‑áirítear cosaint shóisialta, sláinte phoiblí agus críocha daonnúla. Ba cheart na srianta sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Chairt agus sa [Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (“CECD”)].’

4

Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 1(2) de RGCS, dar teideal ‘Ábhar agus cuspóirí’:

‘Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.’

5

In Airteagal 2(1) de RGCS, dar teideal ‘Raon feidhme ábhartha’, foráiltear an méid seo a leanas:

‘Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.’

6

Foráiltear le hAirteagal 4 de RGPD, dar teideal ‘Sainmhínithe’, mar seo a leanas:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in‑sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

[...]’

7

Foráiltear in Airteagal 5(1) de RGCS, dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’:

‘Maidir le sonraí pearsanta:

[...]

(d)

beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (“cruinneas”);

[...]’

8

Foráiltear le hAirteagal 6 de RGCS, dar teideal ‘Dleathacht na próiseála’:

‘(1)   Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:

[...]

(c)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;

[...]

(e)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

[...]

(2)   Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos sonraí a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a oiriúnú i ndáil le próiseáil chun pointe (c) agus pointe (e) de mhír 1 a chomhlíonadh trí chinneadh níos cruinne a dhéanamh maidir le ceanglais shonracha don phróiseáil agus do na bearta eile chun próiseáil dhleathach agus chothrom a áirithiú lena n‑áirítear le haghaidh cásanna sonracha próiseála eile dá bhforáiltear i gCaibidil IX.

(3)   Déanfar an bunús don phróiseáil dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (e) de mhír 1 a leagan síos leis méid seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais; nó

(b)

dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

Cinnfear críoch na próiseála sa bhunús dlí sin nó, maidir leis an bpróiseáil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, beidh ga léi le haghaidh cúram chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. Féadfaidh forálacha sonracha a bheith sa bhunús dlí sin chun cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a oiriúnú, lena n‑áirítear na coinníollacha ginearálta lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála sonraí ag an rialaitheoir; an cineálacha sonraí atá faoi réir a bpróiseála; na hábhair sonraí lena mbaineann; na heintitis a bhféadfar na sonraí pearsanta a nochtadh dóibh agus na críocha ar chucu a bhféadfar iad a nochtadh dóibh; an teorannú de réir cuspóra; tréimhsí stórála; agus oibríochtaí próiseála agus nósanna imeachta próiseála, lena n‑áirítear bearta chun próiseáil dhleathach agus chothrom a áirithiú, amhail iad sin do staideanna sonracha próiseála eile dá bhforáiltear i gCaibidil IX. Comhlíonfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit cuspóir a bhaineann le leas an phobail agus beidh sé i gcomhréir leis an aidhm dhleathach atá á saothrú.

[...]’

9

Foráiltear le hAirteagal 16 den Rialachán sin, dar teideal ‘An ceart go ndéanfaí ceartúcháin’, mar a leanas:

‘Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. Agus na críocha dár ndearnadh an phróiseáil a gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n‑áirítear de bhíthin soláthair ráitis fhorlíontaigh.’

10

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 23(1) de RGCS, dar teideal ‘Srianta’:

‘Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n‑oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a [fhorálacha] do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:

(a)

an tslándáil náisiúnta;

(b)

an chosaint;

(c)

an tslándáil phoiblí;

(d)

cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;

(e)

cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n‑áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;

[...]

(h)

feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go (e) agus (g);

[...]’

Dlí na hUngáire

11

Foráiltear le hAirteagal 81 de menedékjogról szóló 2007. évi LXXX. törvény (Dlí Uimh. LXXX de 2007 maidir leis an gceart chun tearmainn) an 29 Meitheamh 2007 (Magyar Közlöny 2007/83; ‘an Dlí maidir le tearmann’):

‘Próiseálfaidh an t‑údarás tearmainn, sa chlár tearmainn, sonraí pearsanta an dídeanaí, an duine a thairbhíonn de chosaint choimhdeach, an duine a thairbhíonn de scéimeanna athlonnaithe, an duine dá ndeonaítear cosaint shealadach chomh maith leis an duine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg aige agus an duine atá faoi réir nós imeachta Bhaile Átha Cliath (is iad sin, le chéile, an “duine a thagann faoi raon feidhme an Dlí seo”), chomh maith leis na sonraí a bhaineann lena dtréimhse lonnaithe, na sochair agus an cúnamh a bhfuil siad i dteideal dóibh, aon athruithe ar na sonraí ina dhiaidh sin, chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

a shuíomh go bhfuil ann do stádas dídeanaithe, do stádas tairbhithe cosanta coimhdí, do stádas tairbhithe cosanta sealadaí nó do stádas tairbhithe athlonnaithe, agus a áirithiú go bhfuil siad i dteideal leas a bhaint as na cearta a eascraíonn as an stádas sin;

(b)

a dteidlíocht i leith an chúnaimh agus na cabhrach a shainmhínítear sa Dlí seo agus i reachtaíocht eile a shuíomh;

(c)

an duine a shainaithint;

(d)

imeachtaí comhthreomhara a chosc, agus

(e)

a dheimhniú ar cuireadh an t‑iarratas isteach roinnt uaireanta.’

12

Foráiltear le mír 82 den Dlí maidir le tearmann:

‘Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “sonraí aitheantais duine nádúrtha” na sonraí seo a leanas maidir le duine a thagann faoi raon feidhme an Dlí seo: [...]

[...]

(f) inscne.’

13

Faoi Airteagal 83(1) den Dlí sin:

‘Beidh na sonraí seo a leanas sa chlár tearmainn faoin duine a thagann faoi raon feidhme an Dlí seo:

(a)

sonraí aitheantais an duine nádúrtha;...

[...]’

14

Foráiltear le hAirteagal 83/A(5) den Dlí sin:

‘Beidh sé de cheangal ar an údarás tearmainn iontráil neamhdhleathach a bhaint den chlár tearmainn as a stuaim féin agus iontráil mhícheart a cheartú nó iontráil a fágadh ar lár a chur leis.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

15

Is náisiúnach Iaránach é VP ar bronnadh stádas dídeanaí air san Ungáir in 2014. Mar thaca lena iarratas ar an stádas sin, bhraith VP ar a thrasghnéasacht agus tháirg sé deimhnithe leighis arna dtabhairt ag speisialtóirí sa tsíciatracht agus sa ghínéiceolaíocht. De réir na ndeimhnithe sin, cé gur rugadh VP ina bhean/bean b’fhir é a fhéiniúlacht/féiniúlacht inscne. Tar éis dó a stádas dídeanaí a aithint ar an mbonn sin, áfach, cláraíodh VP mar bhean sa chlár tearmainn a choimeádann an t‑údarás tearmainn, i gcomhréir le forálacha an Dlí maidir le tearmainn, agus ina bhfuil sonraí aitheantais, lena n‑áirítear inscne, na ndaoine nádúrtha ar deonaíodh an stádas sin dóibh.

16

In 2022, rinne VP iarratas chuig an údarás tearmainn, ar bhonn Airteagal 16 de RGCS, go gceartófaí a inscne/hinscne mar fhir agus go n‑athrófaí a chéadainm/céadainm sa chlár tearmainn. Chuir VP na deimhnithe leighis sin i gceangal leis an iarratas sin. Le cinneadh an 11 Deireadh Fómhair 2022, dhiúltaigh an t‑údarás sin don iarratas sin, ar an bhforas nár chruthaigh VP go ndeachaigh sé faoi mháinliacht athraithe inscne agus nár bhunaigh na deimhnithe a soláthraíodh ach a fhéiniúlacht/féiniúlacht thrasinscneach.

17

Thug VP caingean le haghaidh neamhniú i gcoinne an chinnidh sin os comhair an Fővárosi Törvényszék (Ard-Chúirt Bhúdaipeist, an Ungáir), arb í an chúirt a rinne an tarchur í. Mar thaca lena chaingean, áitíonn VP go bhfuil athrú inscne i gceist leis an trasghnéasachas, de réir sainmhíniú, agus go ndeimhnítear an t‑athrú sin leis na deimhnithe leighis a cuireadh isteach. Líomhnaíonn sé gur léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine nach féidir máinliacht athraithe inscne a bheith ag teastáil chun athrú féiniúlachta inscne a aithint. Bheadh ceanglas den sórt sin contrártha freisin, inter alia, d’Airteagail 3 agus 7 den Chairt. Áitíonn VP freisin go n‑aithníonn roinnt Ballstát, lena n‑áirítear Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht Mhálta, Poblacht na Portaingéile agus Ríocht na Sualainne athruithe féiniúlachta inscne ar bhonn ráitis ó na daoine lena mbaineann. Deir VP go dtagraíonn na teastais leighis a cuireadh isteach mar thaca lena chaingean dá chuma fireann agus go dtagraíonn siad go sainráite, trí dhiagnóis, do chód F64.0 den Aicmiú Idirnáisiúnta Galair a bhunaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), a chomhfhreagraíonn don trasghnéasachas.

18

Áitíonn an t‑údarás tearmainn gur cheart an t‑achomharc a dhíbhe.

19

Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, cé gur fíor go bhfuil foráil ghinearálta sa Dlí maidir le tearmainn maidir le ceartú iontrálacha míchearta, ní leagtar síos leis an Dlí sin an nós imeachta ná na coinníollacha chun aitheantas a thabhairt d’athrú ar fhéiniúlacht inscne agus/nó ar chéadainm i ndáil le hathrú den sórt sin. I ndáil leis sin, chinn an Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil, an Ungáir) ina breithiúnas Uimh. 6/2018 an 27 Meitheamh 2018 go raibh mainneachtain reachtas na hUngáire nós imeachta a ghlacadh lena gceadaítear do dhaoine a bhfuil cónaí orthu go dleathach san Ungáir, gan bheith ina náisiúnaigh Ungáracha, an tagairt dá n‑inscne agus dá gcéadainm a leasú, cé gur tairgeadh féidearthacht den sórt sin do náisiúnaigh Ungáracha, míbhunreachtúil. Ina theannta sin, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, lena breithiúnas an 16 Iúil 2020, Rana v an Ungáir (CE:ECHR:2020:0716JUD004088817), gur sháraigh an Ungáir ECHR toisc nár foráladh do nós imeachta maidir le haitheantas dlíthiúil a thabhairt d’athrú ar fhéiniúlacht inscne do dhídeanaithe. Tá an folús dlíthiúil sin fós ann ó shin, in ainneoin na mbreithiúnas sin.

20

Is measa an staid sin toisc nach ann a thuilleadh, ó 2020 i leith, don fhéidearthacht aitheantas dlíthiúil a thabhairt d’athrú ar fhéiniúlacht inscne i gcás náisiúnaigh Ungáracha. Is mar gheall ar an easpa aitheantais sin faoin dlí náisiúnta gur thionscain VP a chaingean ar bhonn Airteagal 16 de RGCS. I gcomhthéacs den sórt sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhforchuirtear leis an Airteagal sin oibleagáid ar an údarás tearmainn sonraí inscne sa chlár tearmainn a cheartú agus, más amhlaidh go bhforchuirtear, cén fhianaise ba cheart don duine lena mbaineann a sholáthar chun tacú lena iarratas nó lena hiarratas.

21

Sna himthosca sin, chinn an Fővárosi Törvényszék (Ard-Chúirt Bhúdaipeist) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An gcaithfear Airteagal 16 de RGCS a léiriú sa chaoi go gceanglaítear leis ar an údarás atá freagrach as na cláir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí, an sonra pearsanta a bhaineann le [hinscne] an duine sin arna chlárú ag an údarás a cheartú i gcás gur athraigh an sonra sin tar éis a iontrála ar an gclár agus, dá bhrí sin, nach gcomhlíontar prionsabal an chruinnis arna leagan síos in Airteagal 5(1)(d) de RGCS?

(2)

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist a tharchuirtear, an gcaithfear Airteagal 16 de RGCS a léiriú sa chaoi go n‑éilítear leis go mbeidh ag an duine atá ag iarraidh go gceartófaí an sonra maidir lena [inscne] fianaise lena dtugtar údar dá éileamh ar cheartú?

(3)

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an dara ceist a tharchuirtear, an gcaithfear Airteagal 16 de RGCS a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar an duine is iarratasóir a léiriú go ndearnadh obráid athraithe [inscne] orthu?’

Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

22

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 16 de RGCS le léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar údarás náisiúnta atá freagrach as clár poiblí a choimeád sonraí pearsanta a bhaineann le féiniúlacht inscne an duine nádúrtha a cheartú nuair nach bhfuil na sonraí sin i gceart, de réir bhrí Airteagal 5(1)(d) den Rialachán sin.

23

Mar réamhbharúil, ba cheart a mheabhrú, de réir bhrí Airteagal 16 de RGCS, tá sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. Agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, tá sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n‑áirítear de bhíthin soláthar ráitis fhorlíontaigh.

24

Léirítear san fhoráil sin an ceart bunúsach a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 8(2) den Chairt go bhfuil ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe a bhaineann leis nó léi, agus an ceart go ndéanfaí na sonraí sin a cheartú.

25

Ina theannta sin, ní mór Airteagal 16 de RGCS a léamh i bhfianaise, ar thaobh amháin, Airteagal 5(1)(d) de RGCS lena leagtar síos prionsabal an chruinnis, ar dá réir nach mór do na sonraí a phróiseáiltear a bheith i gceart agus, más gá, cothrom le dáta, agus é á shonrú nach mór go ndéanfar na bearta réasúnta chun go scriosfar nó go gceartófar gan mhoill sonraí pearsanta atá míchruinn, ag féachaint do na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil. Ar an taobh eile, ní mór an foráil sin a léamh freisin i bhfianaise aithris 59 de RGCS, a raibh de thoradh air gur cheart modúlachtaí a chur ar fáil chun feidhmiú chearta an ábhair sonraí a éascú faoin Rialachán sin, lena n‑áirítear sásraí, go háirithe, chun rochtain a iarraidh agus, más infheidhme, a fháil, saor in aisce, ar shonraí, ar cheartúcháin agus léirscriosadh sonraí pearsanta.

26

I ndáil leis sin, ba cheart a shoiléiriú, de réir chásdlí na Cúirte, gur chóir cineál cruinn agus críochnaitheach na sonraí pearsanta a mheasúnú i ndáil leis an gcuspóir lenar bailíodh na sonraí sin (féach, de réir análaí, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Nowak, C‑434/16, EU:C:2017:994, mír 53).

27

Ar deireadh, chun críocha léiriú a dhéanamh ar Airteagal 16 de RGCS, ní mór a mheabhrú freisin gurb é an cuspóir atá á shaothrú ag an Rialachán sin, mar a leagtar amach in Airteagal 1 agus in aithrisí 1 agus 10 de, ná, inter alia, ardleibhéal cosanta a áirithiú do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, agus go háirithe a gceart chun príobháideachais maidir le próiseáil sonraí pearsanta, mar atá cumhdaithe in Airteagal 8(1) den Chairt agus Airteagal 16(1) CFAE (breithiúnas an 9 Eanáir 2025, Mousse, C‑394/23, EU:C:2025:2, mír 21 agus an cásdlí dá dtagraítear).

28

I gcomhréir leis an gcuspóir sin, ní mór d’aon phróiseáil sonraí, inter alia, ní hamháin na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí den sórt sin a leagtar amach in Airteagal 5 de RGCS a chomhlíonadh, lena n‑áirítear prionsabal an chruinnis a luaitear i mír 25 den bhreithiúnas seo, ach na coinníollacha dlíthiúlachta a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán sin a chomhlíonadh chomh maith (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Eanáir 2025, Mousse, C‑394/23, EU:C:2025:2, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear).

29

Sna himthosca sin, is príomhghné de chosaint an ábhair sonraí i ndáil le próiseáil na sonraí sin é cothabháil na sonraí maidir leis na sonraí sin a phróiseáil.

30

Sa chás seo, níl aon amhras ann, ar thaobh amháin, go bhféadfar an fhaisnéis a bhaineann le féiniúlacht inscne VP a aicmiú mar ‘shonraí pearsanta’, i gcás ina mbaineann sí le duine sainaitheanta, de réir bhrí Airteagal 4(1) de RGCS agus, ar an taobh eile, go bhfuil na sonraí sin faoi réir ‘próiseála’ de réir bhrí Airteagal 4(2) den Rialachán sin, i gcás ina ndéanann údarás atá freagrach as tearmann iad a bhailiú agus a thaifeadadh i gclár poiblí, eadhon an clár tearmainn. Mar thoradh air sin, tagann próiseáil den sórt sin, maidir leis na sonraí ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, faoi raon feidhme ábhartha an Rialacháin sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Rialachán sin (féach, de réir análaí, breithiúnas an 9 Eanáir 2025, Mousse, C‑394/23, EU:C:2025:2, mír 30).

31

Cé gur cosúil nach féidir amhras a chaitheamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha lena mbaineann i ndáil le próiseáil dhleathach, de réir bhrí Airteagal 6 de RGCS, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, tá comhlíonadh, ag an údarás tearmann, phrionsabal an chruinnis a leagtar síos in Airteagal 5(1)(d) den Rialachán sin faoi dhíospóid ag VP, a iarrann ar na sonraí pearsanta a bhaineann lena fhéiniúlacht inscne a cheartú, faoi Airteagal 16 den Rialachán sin.

32

I bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 26 den bhreithiúnas seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé cruinneas na sonraí atá i gceist sna príomhimeachtaí a áirithiú maidir leis an gcuspóir ar bailíodh iad agus measúnú a dhéanamh, go háirithe, i bhfianaise Airteagal 81(c) den Dlí maidir le tearmann, an é atá sé d’aidhm ag bailiúcháin na sonraí sin an duine lena mbaineann a shainaithint. Dá mba amhlaidh an cás, dealraíonn sé, dá bhrí sin, go dtagraíonn an fhaisnéis sin don fhéiniúlacht inscne atá ag an duine sin, agus ní don fhéiniúlacht inscne a sannadh dó nuair a rugadh é. I gcomhthéacs den sórt sin, murab ionann agus an méid a mhaíonn Rialtas na hUngáire, bheadh an rialaitheoir sonraí, sa chás seo an t‑údarás tearmann, freagrach as féiniúlacht inscne an duine sin a chur san áireamh tráth a iontrála sa chlár tearmainn, agus ní an inscne a tugadh dó nuair a rugadh é.

33

Mar thoradh air sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 31 agus 40 dá Thuairim, agus i ndáil leis an gcomhad atá os comhair na Cúirte ar dá réir, i gcomhthéacs nós imeachta bronnta stádais dídeanaí, gur ghlac Rialtas na hUngáire leis gur dhuine trasinscneach é VP, is cosúil go bhfuil na sonraí pearsanta a bhaineann lena fhéiniúlacht/féiniúlacht inscne, a áirítear sa chlár tearmainn, míchruinn ó dháta a n-iontrála.

34

I ndáil leis sin, contrártha lena bhfuil á mhaoímh ag Rialtas na hUngáire, ní féidir le Ballstát brath ar fhorálacha sonracha de dhlí náisiúnta, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 6(2) agus (3) de RGCS, chun bac a chur ar an gceart go ndéanfaí ceartúcháin, a leagtar amach in Airteagal 8(2) den Chairt agus ar tugadh léiriú nithiúil dó in Airteagal 16 de RGCS.

35

Go deimhin, ar an gcéad dul síos, is léir ón tríú habairt d’aithris 10 den Rialachán sin nach bhfuil sé i gceist leis na forálacha sonracha sin ach soiléiriú breise a thabhairt ar chur i bhfeidhm na rialacha atá in RGCS, agus gan maolú a dhéanamh orthu.

36

Ar an dara dul síos, ní féidir an ceart go ndéanfaí ceartúcháin a leagtar amach in Airteagal 16 de RGCS a shrianadh ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 23 den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise aithris 73 den Rialachán sin. Dá réir sin, féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh ach go háirithe, trí bhíthin bearta reachtacha intíre, maidir le srianta ar an gceart sin, maidir le sonraí pearsanta atá i gcláir phoiblí arna gcothabháil ar mhaithe le leas ginearálta an phobail. Sá chás seo, áfach, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 44 dá Thuairim, ní léir ón gcomhad os comhair na Cúirte gur chuir reachtóir na hUngáire teorainn, agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23 de RGCS á gcomhlíonadh, le raon feidhme an chirt sin go ndéanfaí ceartúcháin, nó gur thug an t‑údarás tearmainn cúiseanna lena dhiúltú don cheartú a iarradh trí dhul i muinín teorann dlíthiúla den sórt sin. Go deimhin, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil nach bhfuil an diúltú sin bunaithe ar bheart reachtach arna ghlacadh faoi Airteagal 23 de RGCS, ach ar an mbreithniú nár sholáthair VP fianaise ar a fhéiniúlacht/féiniúlacht inscne.

37

I gcás ar bith, ní féidir le Ballstát brath, ina dhlí náisiúnta, ar éagmais nós imeachta maidir le haitheantas dlíthiúil a thabhairt d’fhéiniúlacht thrasinscneach chun an ceart go ndéanfaí ceartúcháin a chosc. Maidir leis sin, ba cheart a mheabhrú, cé nach ndéanann dlí an Aontais difear d’inniúlacht na mBallstát i réimse stádais shibhialta daoine agus aitheantas dlíthiúil a fhéiniúlachta inscne, ní mór do na Stáit sin, i bhfeidhmiú na hinniúlachta sin, dlí an Aontais a chomhlíonadh mar sin féin. Dá réir sin, ní mór a mheas, i bprionsabal, go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar dhuine trasinscneach, in éagmais aitheantas a fhéiniúlachta/féiniúlachta inscne, coinníoll riachtanach a chomhlíonadh ar mhaithe le tairbhe a bhaint de cheart a chosnaítear le dlí an Aontais, amhail, sa chás seo, an ceart a leagtar síos in Airteagal 8(2) den Chairt agus ar a tugadh léiriú nithiúil dó in Airteagal 16 de RGCS, a mheas mar rud atá, i bprionsabal, ar neamhréir le dlí an Aontais (féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Mirin, C‑4/23, EU:C:2024:845, míreanna 53 agus 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 16 de RGCS a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar údarás náisiúnta atá freagrach as clár poiblí a choimeád sonraí pearsanta a bhaineann le hinscne an duine nádúrtha a cheartú nuair nach bhfuil na sonraí sin i gceart, de réir bhrí Airteagal 5(1)(d) den Rialachán sin.

An dara agus an tríú ceist

39

Lena dara agus a tríú cheist, nach mór a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 16 de RGCS le léiriú sa chaoi go bhféadfaidh Ballstát, trí chleachtais riaracháin, feidhmiú an chirt go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann le féiniúlacht inscne duine nádúrtha a cheartú, a choimeádtar i gclár poiblí, a chur faoi réir nochtadh fianaise, ach go háirithe, go ndearnadh máinliacht athraithe inscne orthu.

40

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 47 dá Thuairim, ní shonraítear in Airteagal 16 de RGCS cén fhianaise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó rialaitheoir chun cineál míchruinn na sonraí pearsanta atá duine nádúrtha ag iarraidh a cheartú a shuí.

41

Sa chomhthéacs sin, cé go bhféadfaí a cheangal ar an duine lena mbaineann, agus ceartú na sonraí sin á iarraidh aige, fianaise ábhartha leordhóthanach a sholáthar a d’fhéadfaí a cheangal go réasúnach ar an duine sin, ag féachaint d’imthosca an cháis, d’fhonn míchruinneas na sonraí sin a shuíomh (féach, de réir analaí, breithiúnas an 8 Nollaig 2022, Google (Díliostú ábhair a líomhnaítear a bheith míchruinn), C‑460/20, EU:C:2022:962, míreanna 68 agus 72), ní mór a lua, áfach, mar a meabhraíodh i mír 36 den bhreithiúnas seo, nach bhféadfaidh Ballstát teorainn a chur le feidhmiú an chirt go ndéanfaí ceartúcháin ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 23 de RGCS.

42

Foráiltear le hAirteagal 23(1) de RGCS go bhféadfar srian a chur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, le raon feidhme na n‑oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34 den Rialachán sin, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraítear lena fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go 22 den Rialachán sin, ar an gcoinníoll, áfach, go n‑urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun cuspóirí áirithe a liostaítear sa Rialachán sin amhail, go háirithe, cuspóirí tábhachtacha a bhaineann le leas poiblí ginearálta an Aontais, a choimirciú. Mar a cuireadh in iúl i mír 36 den bhreithiúnas seo, féadfar srian a chur leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin i gcomhthéacs cláir phoiblí a choinnítear ar mhaithe le leas an phobail ghinearálta a choimeád, go háirithe chun iontaofacht agus comhsheasmhacht na gclár sin a áirithiú.

43

Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gur ghlac an Ballstát lena mbaineann cleachtas riaracháin arb é atá i gceist leis go ndéanfadh duine trasinscneach a cheart nó a ceart go ndéanfaí ceartúcháin ar a shonraí nó a sonraí féiniúlachta inscne, ar sonraí iad atá i gclár poiblí, a chur faoi réir fianaise ar mháinliacht athraithe inscne a chur ar fáil. Eascraíonn teorannú ar an gceart go ndéanfaí ceartúcháin as cleachtas riaracháin den sórt sin, nach mór dó na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 23 de RGCS a chomhlíonadh, mar a mheabhraítear sa dá mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo.

44

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcomhlíonann an cleachtas riaracháin sin an ceanglas nach bhféadfaidh dlí Ballstáit raon feidhme an chirt dá bhforáiltear in Airteagal 16 de RGCS a theorannú ach amháin trí bhíthin bearta reachtacha. Go deimhin, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, dealraíonn sé nach bhfuil aon bheart reachtach i ndlí na hUngáire a bhaineann leis na ceanglais fhianaiseacha is infheidhme maidir le ceartú sonraí a bhaineann le féiniúlacht inscne daoine atá liostaithe sa chlár tearmainn.

45

Ar an dara dul síos, baineann cleachtas riaracháin den sórt sin an bonn de bhunbhrí na gceart bunúsach a ráthaítear leis an gCairt agus, go háirithe, de bhunbhrí an chirt chun sláine an duine agus an chirt chun príobháideachais, dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 7 faoi seach de.

46

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, go bhfuil an bhrí chéanna agus an raon feidhme céanna ag na cearta a ráthaítear sa Chairt agus atá ag na cearta comhfhreagracha a ráthaítear in ECHR, agus gurb ionann an dara ceann agus íosleibhéal cosanta (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Mirin, C‑4/23, EU:C:2024:845, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

47

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, cosnaítear le hAirteagal 7 de ECHR, a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 7 den Chairt, féiniúlacht inscne duine mar bhunchloch, atá mar cheann de na gnéithe is pearsanta de shaol príobháideach an duine. Dá réir sin, cuimsítear leis an bhforáil sin an ceart atá ag gach duine sonraí a fhéiniúlachta nó a féiniúlachta mar dhaoine aonair a shuí, lena n‑áirítear an ceart atá ag daoine trasinscneacha chun sásamh pearsanta, iomláine choirp agus mhorálta agus urraim agus aitheantas dá bhféiniúlacht inscne. Chuige sin, forchuirtear le hAirteagal 8 oibleagáidí dearfacha ar Stáit, sa bhreis ar oibleagáidí diúltacha atá beartaithe chun daoine trasinscneacha a chosaint ar chur isteach treallach ó údaráis phoiblí, lena mbaineann freisin cur chun feidhme nósanna imeachta éifeachtacha agus inrochtana lena ráthaítear urraim éifeachtach dá gceart chun féiniúlachta inscne. Thairis sin, i bhfianaise na tábhachta ar leith a bhaineann leis an gceart sin, níl ach corrlach breithmheasa teoranta ag na Ballstáit sa réimse sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Mirin, C‑4/23, EU:C:2024:845, míreanna 64 agus 65 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48

Sa chomhthéacs sin, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, inter alia, nach bhféadfaí aitheantas a thabhairt d’fhéiniúlacht inscne duine trasinscne ar choinníoll go ndéanfaí máinliacht athraithe inscne nach raibh ag teastáil ón duine sin (féach, chuige sin, ECtHR, breithiúnas an 19 Eanáir 2019, X agus Y v an Rómáin, CE:ECHR:2021:0119JUD000214516, § 165 agus 167 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

Ar deireadh, ar an tríú dul síos, níl cleachtais riaracháin den sórt sin atá i gceist sna príomhimeachtaí, in aon chás, riachtanach nó comhréireach chun iontaofacht agus comhleanúnachas an chláir phoiblí a áirithiú, amhail an clár tearmainn, nuair a d’fhéadfadh teastas dochtúra, lena n‑áirítear síceadiagnóiseach roimh ré, a bheith ina bhfianaise ábhartha agus leordhóthanach i ndáil leis sin (féach, chuige sin, breithiúnas ó ECtHR, an 6 Aibreán 2017, A.P., Garçon agus Nicot v an Fhrainc, CE:ECHR:2017:0406JUD007988512, § 139 agus 142).

50

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é an freagra ar an dara agus an tríú ceist ná nach mór Airteagal 16 de RGCS a léiriú sa chaoi, chun an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann le féiniúlacht inscne duine nádúrtha a cheartú a fheidhmiú, a choimeádtar i gclár poiblí, gur féidir a cheangal ar an duine sin fianaise ábhartha agus leordhóthanach a sholáthar a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil le réasún ón duine sin chun a shuíomh go bhfuil na sonraí sin míchruinn. Ní fhéadfaidh Ballstát áfach, in imthosca ar bith, feidhmiú an chirt sin, trí chleachtais riaracháin, a chur faoi réir nochtadh fianaise go ndearnadh máinliacht athraithe inscne.

Costais

51

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ceanglaítear ar údarás náisiúnta atá freagrach as clár poiblí a choimeád sonraí pearsanta a bhaineann le hinscne an duine nádúrtha a cheartú nuair nach bhfuil na sonraí sin i gceart, de réir bhrí Airteagal 5(1)(d) den Rialachán sin.

 

2.

Maidir le hAirteagal 16 de Rialachán 2016/679,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

chun an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann le féiniúlacht inscne duine nádúrtha a cheartú a fheidhmiú, a choimeádtar i gclár poiblí, is féidir a cheangal ar an duine sin fianaise ábhartha agus leordhóthanach a sholáthar a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil le réasún ón duine sin chun a shuíomh go bhfuil na sonraí sin míchruinn. Ní fhéadfaidh Ballstát áfach, in imthosca ar bith, feidhmiú an chirt sin, trí chleachtais riaracháin, a chur faoi réir nochtadh fianaise go ndearnadh máinliacht athraithe inscne.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Ungáiris.

( i ) Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní ag tagairt d’fhíorainm páirtí ar bith sna himeachtaí atá sé.

Tá Eureka ag cur nasc leis…