Eureka C-416/23 Sínigh isteach

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)

9 Eanáir 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 57(1)(f) agus (4) – Cúraimí an údaráis maoirseachta – Na coincheapa ‘iarraidh’ agus ‘iarrataí iomarcacha’ – Ceanglas táille réasúnta a íoc nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata i gcás iarrataí atá go follasach gan bhunús nó iomarcach – Critéir lena bhféadfar rogha an údaráis maoirseachta a threorú – Airteagal 77(1) – An coincheap ‘gearán’)

I gCás C‑416/23,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Riaracháin, an Ostair), trí bhreith an 27 Meitheamh 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 6 Iúil 2023, sna himeachtaí

Österreichische Datenschutzbehörde

v

F R,

páirtí leasmhar:

Bundesministerin für Justiz,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: T. von Danwitz, Leas-Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Uachtarán an Chéad Dlísheomra, A. Kumin agus I. Ziemele (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–

Österreichische Datenschutzbehörde, ag M. Schmidl, i gcáil Gníomhaire,

–

F R, ag C. Wirthensohn, Rechtsanwalt,

–

Bundesministerin für Justiz, ag E. Riedl, i gcáil Gníomhaire,

–

Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll agus C. Gabauer, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na Seice, ag M. Smolek, T. Suchá agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–

an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, F. Erlbacher agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 5 Meán Fómhair 2024,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 57(4) agus Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, ‘RGCS’, arna cheartú le IO 2018 L 127, lgh. 3-7 agus IO 2021 L 74, lgh. 35-47).

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir F R, duine nádúrtha, agus an Österreichische Datenschutzbehörde (an tÚdarás um Chosaint Sonraí, an Ostair) (‘DSB’) maidir le diúltú an Österreichische Datenschutzbehörde gníomhú de bhun a ghearáin maidir le sárú líomhainte ar cheart rochtana F R ar a shonraí pearsanta.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 10, 11, 59, 63 agus 129 de RGCS:

‘(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas [Eorpach] a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. [...]

(11)

D’fhonn sonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach ar fud an Aontais, tá gá le cearta na n‑ábhar sonraí agus oibleagáidí na ndaoine sin a dhéanann sonraí pearsanta a phróiseáil, nó a chinneann an phróiseáil sin a dhéanamh, a neartú agus a shoiléiriú [...].

[...]

(59)

Ba cheart módúlachtaí a chur ar fáil le go n‑éascófar an t‑ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear sásraí chun, go háirithe, rochtain a iarraidh agus, más infheidhme, a fháil, saor in aisce, ar shonraí, ar cheartú agus léirscriosadh sonraí pearsanta agus chun an ceart a fheidhmiú chun agóid a dhéanamh. [...]

[...]

(63)

Ba cheart é a bheith de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bailíodh a bhaineann leis nó léi, agus ba cheart don ábhar sonraí a bheith in ann an ceart sin a fheidhmiú go héasca agus ag eatraimh réasúnta, d’fhonn a bheith ar an eolas faoi dhlíthiúlacht na próiseála agus d’fhonn dlíthiúlacht na próiseála a fhíorú. [...] Má dhéanann an rialaitheoir próiseáil ar chainníocht mhór faisnéise a bhaineann leis an ábhar sonraí, ba cheart don rialaitheoir a bheith in ann a iarraidh go sonróidh an t‑ábhar sonraí, sula seachadfar an fhaisnéis, an fhaisnéis nó na gníomhaíochtaí próiseála a mbaineann an iarraidh léi nó leo.

[...]

(129)

[...] Maidir leis na cumhachtaí sin atá ag na húdaráis mhaoirseachta, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le coimircí iomchuí nós imeachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit, ar bhealach atá neamhchlaon agus cóir agus laistigh de thréimhse réasúnach ama. Ba cheart, go háirithe, gach beart a bheith iomchuí, riachtanach agus comhréireach d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar dhálaí gach cáis faoi leith, an ceart atá gach duine chun éisteacht a fháil a urramú sula nglactar aon bheart aonair a dhéanfadh dochar dó nó di agus costais iomarcacha agus míchaoithiúlachtaí thar meán a sheachaint do na daoine lena mbaineann. [...]’

4

Foráiltear le hAirteagal 12 de RGCS, dar teideal ‘Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus módúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí’, i míreanna 2 agus 5 de:

‘2.   Éascóidh an rialaitheoir feidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), ní dhiúltóidh an rialaitheoir beart a dhéanamh ar iarraidh a fháil ón ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22, ach amháin má thaispeánann an rialaitheoir nach bhfuil sé in ann an t‑ábhar sonraí a shainaithint.

5.   Cuirfear faisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 ar fáil saor in aisce mar aon le haon chumarsáid agus aon ghníomh a dhéanfar faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34. I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó go bhfuil siad iomarcach, go háirithe mar gheall ar a atarlaithí atá siad, féadfaidh an rialaitheoir ceann acu seo a leanas a dhéanamh:

(a)

táille réasúnach a ghearradh agus na costais riaracháin a bhaineann leis an bhfaisnéis nó an chumarsáid a iarradh a sholáthar, nó as an ngníomhaíocht a iarradh a dhéanamh, á gcur san áireamh; nó

(b)

diúltú do ghníomhú ar an iarraidh.

Is faoin rialaitheoir a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh go follasach gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.’

5

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 15(1) de RGCS, dar teideal ‘Ceart rochtana don ábhar sonraí’, i mír 1:

‘Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ón rialaitheoir á rá an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil nó nach bhfuil, agus, i gcás inarb amhlaidh an cás, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta sin agus ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

críocha na próiseála;

[...]

(c)

na faighteoirí nó na catagóirí faighteora a nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh [...];

[...]’

6

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 52 de RGCS, dar teideal ‘Neamhspleáchas’, i mír 4:

‘Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t‑áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar an údarás maoirseachta ar fáil do gach údarás acu chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, lena n‑áirítear na cúraimí agus na cumhachtaí sin nach mór a chur i gcrích i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh agus an chomhair agus i gcomhthéacs rannpháirtíochta ar an mBord.’

7

Tá Airteagal 57 den Rialachán sin, dar teideal ‘Cúraimí’, sna focail seo a leanas:

‘1.   Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;

[...]

(e)

arna iarraidh sin air, soláthróidh sé faisnéis d’aon ábhar sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo agus, más iomchuí, comhoibreoidh sé leis na húdaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile chun na críche sin;

(f)

láimhseálfaidh sé gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí, nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas i gcomhréir le hAirteagal 80, agus déanfaidh sé imscrúdú, a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus cuirfidh sé an gearánaí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile;

[...]

2.   Déanfaidh gach údarás maoirseachta taisceadh na ngearán dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 a éascú trí bhearta amhail foirm le haghaidh gearán a dhéanamh, a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, gan modhanna eile cumarsáide a eisiamh.

3.   Comhlíonfaidh gach údarás maoirseachta a chúraimí gan aon chostas a ghearradh ar an ábhar sonraí ná, i gcás inarb infheidhme, ar an oifigeach cosanta sonraí.

4.   I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí gan bhunús nó go bhfuil siad iomarcach, go háirithe mar gheall ar a atarlaithí atá siad, féadfaidh an t‑údarás maoirseachta táille réasúnta a ghearradh ar bhonn na gcostas riaracháin, sin nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata. Is faoin údarás maoirseachta a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh [go follasach] gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.’

8

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 77(1) de RGCS, dar teideal ‘An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta’:

‘Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t‑ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo.’

Dlí na hOstaire

9

In Airteagal 24 den Bundesgesetz zum Schutz natürlicher Personen bei der Verarbeitung personenbezogener Daten (Dlí Cónaidhme maidir le Daoine Aonair a Chosaint i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil) an 17 Lúnasa 1999 (BGBl. I, 165/1999), sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí, dar teideal ‘Gearáin arna ndíriú ar an údarás cosanta sonraí’, sonraítear an méid seo a leanas i míreanna 1, 5 agus 8:

‘(1)   Tá sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a dhéanamh leis an Údarás um Chosaint Sonraí má tá an t‑ábhar sonraí den tuairim go sáraítear RGCS nó Airteagal 1 nó Airteagal 2 de Chaibidil I, le próiseáil na sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí.

[...]

(5)   Má chruthaítear go bhfuil údar maith le gearán, ní mór an gearán a phróiseáil. Má tá sárú inchurtha i leith rialaitheoir de chuid na hearnála príobháidí, ba cheart ordú a thabhairt don rialaitheoir sin iarrataí a dheonú ar shonraí a rinne an t‑iarratasóir a rochtain, a cheartú, a léirscriosadh, a shrianadh nó a aistriú a mhéid is gá chun an sárú a sainaithníodh a leigheas. A mhéid nach bhfuil bunús leis an ngearán, ní mór diúltú dó.

[...]

(8)   Féadfaidh aon ábhar sonraí an t‑ábhar a chur faoi bhráid na Cúirte Riaracháin mura bpróiseálfaidh an t‑údarás cosanta sonraí an gearán nó mura gcuirfidh sé an t‑ábhar sonraí ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéanfar maidir leis an ngearán nó faoi thoradh an ghearáin laistigh de 3 mhí.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

10

An 17 Feabhra 2020, chuir F R gearán faoi bhráid DSB de bhun Airteagal 77(1) de RGCS inar líomhnaíodh gur sáraíodh Airteagal 15 den Rialachán sin, ar an bhforas nár thug cuideachta, a bhí ina rialaitheoir, freagra ar a iarraidh ar rochtain ar a shonraí pearsanta laistigh de mhí.

11

Le cinneadh an 22 Aibreán 2020, dhiúltaigh DSB, ar bhonn Airteagal 57(4) de RGCS, gníomhú i leith an ghearáin sin ar an bhforas go raibh sé iomarcach. I ndáil leis sin, thug sé dá haire, inter alia, gur chuir an duine lena mbaineann 77 ngearán den chineál céanna i gcoinne rialaitheoirí éagsúla faoina bhráid laistigh de thart ar 20 mí. Ina theannta sin, chuaigh F R i dteagmháil go rialta le DSB ar an nguthán chun tuairisc a dhéanamh ar fhíorais eile agus iarrataí breise a dhéanamh.

12

Thug F R caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair an Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Riaracháin Chónaidhme, an Ostair).

13

Le breithiúnas an 22 Nollaig 2022, sheas an chúirt sin leis an gcaingean agus chuir sí cinneadh DSB ar neamhní. Rialaigh an chúirt sin, go bunúsach, chun go mbeidh iarraidh iomarcach, de réir bhrí Airteagal 57(4) de RGCS, ní hamháin gur gá go ndéanfaí iarrataí go minic, ach go mbeidh na hiarrataí sin cráiteach nó mí-úsáideach. Ní léiríonn na cúiseanna a thug DSB lena dhiúltú don ghearán a rinne F R a láimhseáil go raibh sé ag gníomhú ar bhealach mí-úsáideach. Thairis sin, de réir na cúirte céanna, ní fhéadfadh údarás maoirseachta a bhfuil iarrataí iomarcacha os a chomhair rogha a dhéanamh de réir mar is mian leis idir an dá rogha dá bhforáiltear san fhoráil sin, eadhon a cheangal go n‑íocfaí táille réasúnta nó diúltú na hiarrataí sin a láimhseáil. Tagann an rogha sin faoi dhiscréid nach mór don údarás maoirseachta údar cuí a thabhairt ina leith. Níor tugadh ráiteas ar chúiseanna den sórt sin sa chás seo.

14

Ag éisteacht achomhairc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin, arna thabhairt ag DSB, fiafraíonn an Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Ostair), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, sa chéad áit, an gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘iarraidh’ dá dtagraítear in Airteagal 57(4) de RGCS gearáin arna ndéanamh de bhun Airteagal 77(1) den Rialachán sin.

15

I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go n‑úsáidtear an coincheap ‘iarraidh’, i liosta cúraimí na n‑údarás maoirseachta in Airteagal 57(1) de RGCS, go heisiach i bpointe (e) den fhoráil sin, chun tagairt d’iarrataí ar fhaisnéis a chuireann ábhair sonraí faoi bhráid na n‑údarás sin maidir le feidhmiú na gceart a thugtar dóibh leis an Rialachán sin. Mar sin féin, ní féidir a thuiscint ón bhfíoras sin nach bhféadfadh feidhm a bheith ag Airteagal 57(4) den Rialachán sin ach amháin maidir le hiarrataí den sórt sin a láimhseáil. Seachas sin, le comhthéacs na forála sin, lena leagtar síos eisceacht ar an bprionsabal nach mbeidh costas i gceist, is féidir teacht ar an gconclúid go gcumhdaítear gearáin freisin leis an gcoincheap ‘iarraidh’ dá dtagraítear inti, ós rud é gurb é láimhseáil na ngearán sin príomhchúram na n‑údarás maoirseachta agus gur gá na húdaráis sin a shaoradh ó láimhseáil gearán ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó iomarcach.

16

Mar sin féin, de réir na cúirte a rinne an tarchur, bheadh sé mar thoradh ar léiriú den sórt sin go gcuirfí srian ar oibleagáid na n‑údarás maoirseachta déileáil le gearáin, faoi Airteagal 57(1)(f) de RGCS, agus d’fhéadfadh sé a bheith ar neamhréir leis na cuspóirí atá á saothrú leis an Rialachán sin, go háirithe maidir le hardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil laistigh den Aontas.

17

Mar sin féin, measann an chúirt a rinne an tarchur, dá nglacfaí le léiriú den sórt sin, go mbeadh an teorainn a fhorchuirtear le hAirteagal 57(4) de RGCS ar an gceart chun gearán a thaisceadh comhréireach. Ceanglaítear le cur i bhfeidhm na forála sin ar an údarás maoirseachta fianaise a thabhairt ar aird gur follasach go bhfuil an gearán gan bhunús nó iomarcach. Ina theannta sin, tá cinneadh an údaráis sin íocaíocht táille réasúnta a éileamh nó diúltú gníomhú de bhun an ghearáin faoi réir an athbhreithnithe bhreithiúnaigh dá dtagraítear in Airteagal 78(1) den Rialachán sin.

18

Sa dara háit, i gcás inar cheart Airteagal 57(4) de RGCS a léiriú sa chaoi go bhfuil sé infheidhme maidir leis na gearáin dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur faoi raon feidhme an choincheapa ‘iarraidh iomarcach’, de réir bhrí Airteagal 57(4) den Rialachán sin. Go sonrach, tugann an chúirt sin faoi deara, cé go luaitear go sainráite san fhoráil sin, mar shampla, ‘iarrataí iomarcacha’, cás na n‑iarrataí ‘atarlaitheacha’, is amhlaidh fós, mar eisceacht ar an oibleagáid atá ar aon údarás maoirseachta gearáin a láimhseáil, gur cheart an fhéidearthacht diúltú do ghearán a láimhseáil a léiriú go docht, ós rud é go gcuirfeadh an fhéidearthacht sin isteach go suntasach ar an gcosaint dá bhforáiltear le RGCS do dhaoine nádúrtha agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu agus, dá bhrí sin, go maolódh sí ar na cuspóirí atá á saothrú leis an Rialachán sin.

19

Sa chomhthéacs sin, is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach an leor líon na ngearán a taisceadh le húdarás maoirseachta le linn tréimhse ar leith chun teacht ar an gconclúid go bhfuil gearán iomarcach, beag beann ar na himthosca a bhaineann go sonrach le gach ceann de na gearáin aonair sin agus gan aird a thabhairt ar na rialaitheoirí lena mbaineann na gearáin sin, nó ar cheart imthosca eile a chur san áireamh ar ar a mbonn a d’fhéadfaí teacht ar an gconclúid go raibh rún mí-úsáideach ann.

20

Sa tríú háit, measann an chúirt a rinne an tarchur go n‑ardaítear ceisteanna freisin le cur i bhfeidhm Airteagal 57(4) de RGCS i bhfianaise na n‑iarmhairtí dlíthiúla atá ann i gcás iarrataí ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó iomarcach. Ní léir ó fhoclaíocht na forála sin an féidir leis na húdaráis mhaoirseachta ceann amháin nó ceann eile den dá rogha dá bhforáiltear léi a roghnú faoi shaoirse, eadhon a cheangal go n‑íocfar táillí réasúnta as an ngearán a láimhseáil nó diúltú déileáil leis an ngearán ón tús. Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhfuil deighilt sa litríocht dhlíthiúil ar an ábhar sin.

21

Sa chomhthéacs sin, chinn an Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An gcaithfear an coincheap “iarratas” nó “iarrataí” in Airteagal 57(4) de [RGCS] a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis freisin “gearáin” faoi Airteagal 77(1) de RGCS?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:

2)

An gcaithfear Airteagal 57(4) de RGCS a léiriú sa chaoi, ionas go mbeidh iarrataí “iomarcach”, is leor gur chuir ábhar sonraí líon áirithe iarrataí (gearáin faoi Airteagal 77(1) de RGCS) chuig údarás maoirseachta laistigh de thréimhse ama áirithe, beag beann ar na fíorais a bheith difriúil agus/nó an mbaineann na hiarrataí (gearáin) le rialaitheoirí éagsúla, nó an éilítear rún mí-úsáideach ar thaobh an ábhair sonraí de bhreis ar iarrataí (gearáin) a dhéanamh go minic?

3)

An gcaithfear Airteagal 57(4) de RGCS a léiriú sa chaoi, i gcás “gur léir go follasach go bhfuil [iarraidh (gearán)] gan bhunús” nó “iomarcach”, gur féidir leis an údarás maoirseachta rogha a dhéanamh táille réasúnta a ghearradh bunaithe ar na costais riaracháin leis an bpróiseáil nó diúltú dá phróiseáil ón tús? Mura féidir, cad iad na himthosca agus na critéir nach mór don údarás maoirseachta a chur san áireamh? Go háirithe, an bhfuil oibleagáid ar an údarás maoirseachta táille réasúnta a ghearradh mar bheart nach bhfuil chomh dian céanna, agus an amhlaidh nach bhfuil sé i dteideal diúltú d’iarrataí (gearáin) ar léir go follasach go bhfuil siad gan bhunús nó iomarcach a láimhseáil ach amháin sa chás nach mbeadh éifeacht ag táille a ghearradh chun cosc a chur ar iarrataí den sórt sin?’

Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear

An chéad cheist

22

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil Airteagal 57(4) de RGCS le léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘iarraidh’ atá ann na ‘gearáin’ dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán sin.

23

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an coincheap ‘gearán’ in Airteagal 57(1)(f) de RGCS freisin. Sna himthosca sin, chun freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, ní mór a mheas, trína céad cheist, go bhfiafraíonn an chúirt sin, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 57(4) den Rialachán sin le léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘iarraidh’ atá ann ‘[na h]éilimh’ dá dtagraítear in Airteagal 57(1)(f) agus in Airteagal 77(1) den Rialachán sin.

24

Agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, ní mór a chur san áireamh ní hamháin foclaíocht na forála sin, i gcomhréir lena gnáthbhrí sa ghnáthchaint, ach freisin an comhthéacs ina bhfuil sí agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í (breithiúnais an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF, C‑487/21, EU:C:2023:369, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear; an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Scaoileadh fuílligh fiachais), C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 30 Aibreán 2024, Trade Express-L agus DEVNIA TSIMENT, C‑395/22 agus C‑428/22, EU:C:2024:374, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear).

25

Sa chéad áit, maidir le foclaíocht Airteagal 57(1)(f) de RGCS, foráiltear leis an Airteagal sin go láimhseálfaidh gach údarás maoirseachta ar a chríoch ‘gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí [...], agus déanfaidh sé imscrúdú, a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus cuirfidh sé an gearánaí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile’.

26

Maidir le hAirteagal 57(4) de RGCS, luaitear ann ‘i gcás inar follasach go bhfuil iarrataí gan bhunús nó go bhfuil siad iomarcach, go háirithe mar gheall ar a atarlaithí atá siad, féadfaidh an t‑údarás maoirseachta táille réasúnta a ghearradh ar bhonn na gcostas riaracháin nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata’ agus ‘gur faoin údarás maoirseachta a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh [go follasach] gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach’.

27

Maidir le foclaíocht Airteagal 77(1) de RGCS, forálann sé ‘gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t‑ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán [sin]’.

28

Dá bhrí sin, ní shainítear go sainráite in aon cheann de na forálacha a luaitear i míreanna 25 go 27 den bhreithiúnas seo an coincheap ‘iarraidh’, de réir bhrí Airteagal 57(4) de RGCS.

29

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 23 dá Thuairim, go bhfuil an coincheap ‘iarraidh’, de réir a ghnáthbhrí sa ghnáthchaint, an‑leathan, de bhrí go bhféadfadh sé aon iarraidh a dhéanann duine nó eintiteas a chuimsiú.

30

Dá bhrí sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur féidir, ar bhonn fhoclaíocht na bhforálacha dá dtagraítear i míreanna 25 go 27 den bhreithiúnas seo, teacht ar an gconclúid go dtagann gearáin a chuirtear isteach faoi Airteagal 77(1) de RGCS faoin gcoincheap ‘iarrataí’ de réir bhrí Airteagal 57(4) den Rialachán sin.

31

Tá an anailís théacsúil sin comhthacaithe, sa dara háit, le comhthéacs na bhforálacha sin. I ndáil leis sin, déantar cur síos in Airteagal 57 de RGCS ar na cúraimí atá ar na húdaráis mhaoirseachta agus leagtar síos ann na coinníollacha faoina bhfuil na cúraimí sin le cur i gcrích. Dá réir sin, foráiltear le hAirteagal 57, go háirithe, ar an gcéad dul síos, i mír 1(a) de, go ndéanfaidh gach údarás faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus go ndéanfaidh sé é a fhorfheidhmiú, ar an dara dul síos, i mír 1(e) de, go soláthróidh sé, arna iarraidh sin, faisnéis d’aon ábhar sonraí maidir le feidhmiú a cheart faoin Rialachán sin agus, más iomchuí, go gcomhoibreoidh sé, chuige sin, le húdaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile, agus, ar an tríú dul síos, i mír 2 de, go n‑éascóidh sé taisceadh gearán dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 trí bhearta amhail foirm le haghaidh gearán a dhéanamh a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, gan modhanna cumarsáide eile a eisiamh.

32

Ina theannta sin, leagtar síos in Airteagal 57(3) de RGCS an prionsabal ar dá réir a chomhlíonfaidh gach údarás maoirseachta a chúraimí gan aon chostas a ghearradh ar an ábhar sonraí ná, i gcás inarb infheidhme, ar an oifigeach cosanta sonraí.

33

Dá réir sin, trí fhoráil a dhéanamh go bhféadfadh údaráis mhaoirseachta, agus iad ag tabhairt aghaidh ar iarrataí atá go follasach gan bhunús nó iomarcach, a éileamh go n‑íocfaí táillí réasúnta bunaithe ar chostais riaracháin nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata, leagtar síos le hAirteagal 57(4) den Rialachán sin eisceacht ar an bprionsabal ‘gan aon chostas’ in Airteagal 57(3) den Rialachán sin, nach mór a léiriú go sriantach.

34

Dá réir sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 28 go 30 dá Thuairim, sa mhéid gurb é an riail go ndéanfadh údaráis mhaoirseachta iarrataí a chuirtear faoina mbráid a láimhseáil, níor cheart go dtabharfaí de chumhacht do na húdaráis sin an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 57(4) de RGCS a fheidhmiú ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

35

Ní féidir a thuiscint ó na forálacha sin nár cheart feidhm a bheith ag Airteagal 57(4) de RGCS, a mhéid a úsáidtear an coincheap ‘iarraidh’ ann, ach amháin maidir le hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 57(1)(e) den Rialachán sin. Tá feidhm ag Airteagal 57(3) den Rialachán sin maidir leis na cúraimí sin go léir atá ar na húdaráis mhaoirseachta, lena n‑áirítear gearáin a láimhseáil dá bhforáiltear in Airteagal 57(1)(f) den Rialachán sin.

36

Sa chomhthéacs sin, a mhéid a fhoráiltear ann d’eisceacht ar an bprionsabal go gcomhlíonann na húdaráis mhaoirseachta a gcúraimí gan aon chostas a ghearradh, gan é sin a theorannú do chúraimí sonracha áirithe de chuid na n‑údarás maoirseachta sin, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 57(4) de RGCS freisin maidir le láimhseáil gearán dá bhforáiltear in Airteagal 57(1)(f) den Rialachán sin, go háirithe ós rud é gur cúram bunriachtanach de chuid na n‑údarás maoirseachta sin é an cúram deireanach sin. Ina theannta sin, ní mór don údarás maoirseachta lena mbaineann na gearáin sin a phróiseáil leis an gcúram cuí (breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Scaoileadh fuílligh fiachais), C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37

Os a choinne sin, leis an léiriú nach gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘iarraidh’ in Airteagal 57(4) de RGCS ach iarrataí a thagann faoi Airteagal 57(1)(e) den Rialachán sin agus ní le gearáin dá dtagraítear in Airteagal 57(1)(f) agus in Airteagal 77(1) den Rialachán sin, bhainfí cuid mhór dá bhrí den chéad cheann de na forálacha sin agus bheadh sé ar neamhréir le cosaint éifeachtach na gceart a ráthaítear leis an Rialachán céanna sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Eanáir 2023Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság, C‑132/21, EU:C:2023:2, mír 47).

38

Sa tríú háit, tá an léiriú comhthéacsúil sin comhsheasmhach le cuspóirí RGCS. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb é cuspóir an Rialacháin sin, mar a luaitear in aithrisí 10 agus 11 de, ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha laistigh den Aontas agus cearta na ndaoine lena mbaineann a neartú agus a shoiléiriú (breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2023, FT (Cóipeanna den chomhad leighis), C‑307/22, EU:C:2023:811, mír 47).

39

Mar thoradh air sin, tá an nós imeachta um ghearáin ceaptha le bheith ina shásra chun cearta agus leasanna na ndaoine lena mbaineann a choimirciú ar bhealach éifeachtach (breithiúnas an 7 Nollaig 2023, SCHUFA Holding (Scaoileadh fuílligh fiachais), C‑26/22 agus C‑64/22, EU:C:2023:958, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear). I ndáil leis sin, leis an oibleagáid atá ar na húdaráis mhaoirseachta taisceadh gearán a éascú agus leis an bprionsabal go gcomhlíonfaidh siad a gcúraimí gan aon chostas a ghearradh, a leagtar síos in Airteagal 57(2) agus (3) de RGCS, tá sé beartaithe a chur ar chumas aon ábhar sonraí a éileamh ar údarás maoirseachta go n‑urramófar a chearta faoin Rialachán sin.

40

Sa chomhthéacs sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i mír 41 dá Thuairim, chun an cuspóir a bhaint amach maidir le hardleibhéal cosanta a áirithiú ar bhonn comhsheasmhach do dhaoine nádúrtha laistigh den Aontas, ní mór feidhmiú cuí na n‑údarás maoirseachta a áirithiú trína sheachaint go gcuirfear bac ar an bhfeidhmiú sin trí ghearáin atá go follasach gan bhunús nó iomarcach, de réir bhrí Airteagal 57(4) de RGCS. Dá réir sin, tugann an fhoráil sin deis do na húdaráis mhaoirseachta na gearáin sin a bhainistiú ar bhealach níos fearr, tríd an ualach is dócha a bheadh i gceist leo dóibh a mhaolú. I ndáil leis sin, i gcás ina bhfuil gearáin os comhair údarás maoirseachta ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó iomarcach, is féidir ardleibhéal cosanta sonraí pearsanta a áirithiú leis an bhféidearthacht táille réasúnta a ghearradh nó diúltú gníomhú de bhun na ngearán sin.

41

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 57(4) de RGCS a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘iarraidh’ atá ann na gearáin dá dtagraítear in Airteagal 57(1)(f) agus in Airteagal 77(1) den Rialachán sin.

An dara ceist

42

Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 57(4) de RGCS le léiriú sa chaoi go bhféadfadh sé gur leor go ndearnadh líon mór iarrataí chun na hiarrataí sin a aicmiú mar iarrataí ‘iomarcacha’, de réir bhrí na forála sin, nó an dtugann aicmiú den sórt sin le tuiscint freisin go bhfuil rún mí-úsáideach ag an duine a rinne na hiarrataí sin.

43

I ndáil leis sin, sa chéad áit, ós rud é nach sainmhínítear an coincheap ‘iarrataí iomarcacha’ in RGCS, is iomchuí, i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 24 den bhreithiúnas seo, tagairt a dhéanamh do ghnáthbhrí an choincheapa sin sa ghnáthchaint. Tagraíonn an aidiacht ‘iomarcach’ do rud a théann thar an ngnáthbheart nó thar an mbeart réasúnach nó a théann thar a bhfuil inmhianaithe nó incheadaithe.

44

Sa dara háit, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 57(4) de RGCS gur féidir go mbeidh iarrataí ‘iomarcach’, go háirithe i gcás ina bhfuil siad atarlaitheach. Mar sin féin, ní fhágann léiriú litriúil ar an bhforáil sin gur féidir a chinneadh an leor an cineál atarlaitheach sin agus, dá bhrí sin, an líon iarratas amháin a cuireadh isteach chun údar a thabhairt le haicmiú den sórt sin. Dá bhrí sin, i bhfianaise an chásdlí sin, ní mór raon feidhme na forála sin a scrúdú trí thagairt a dhéanamh dá comhthéacs agus do na cuspóirí a shaothraítear leis an reachtaíocht ar cuid di í.

45

Maidir leis an gcomhthéacs sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne, ar an gcéad dul síos, go leagtar síos in Airteagal 12 de RGCS oibleagáidí ginearálta ar an rialaitheoir maidir le trédhearcacht faisnéise agus cumarsáide, agus go leagtar síos ann na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí. De bhun na chéad abairte den dara mír den Airteagal sin, ní mór don rialaitheoir feidhmiú na gceart a thugtar don ábhar sonraí faoi Airteagail 15 go 22 den Rialachán sin a éascú.

46

Ar an dara dul síos, le hAirteagal 15 de RGCS, i Roinn 2 de Chaibidil III de, maidir le faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta, forlíontar an creat trédhearcachta a bunaíodh leis an Rialachán sin trí cheart rochtana ar a shonraí pearsanta agus ceart chun faisnéise maidir le próiseáil na sonraí sin a dheonú don ábhar sonraí.

47

Ní mór Airteagal 15 de RGCS a léamh i bhfianaise na chéad abairte d’aithris 63 den Rialachán sin, ar dá réir ba cheart é a bheith de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bailíodh a bhaineann leis nó léi, agus ba cheart don ábhar sonraí a bheith in ann an ceart sin a fheidhmiú go héasca agus ag eatraimh réasúnta, d’fhonn bheith ar an eolas faoi dhlíthiúlacht na próiseála agus d’fhonn dlíthiúlacht na próiseála a fhíorú. I ndáil leis sin, más rud é gur sheol an duine sin roinnt iarrataí ar rochtain chuig rialaitheoir amháin nó níos mó gan sásamh a fháil, d’fhéadfadh an líon gearán a chuirtear faoi bhráid údarás maoirseachta a bheith comhionann leis an líon uaireanta a dhiúltaigh na rialaitheoirí sin iarrataí an ábhair sonraí sin. Sna himthosca sin, dá socrófaí dearbhthairseach uimhriúil, a bhféadfaí na gearáin sin os a cionn a aicmiú go huathoibríoch mar ghearáin iomarcacha, d’fhéadfaí sárú a dhéanamh ar na cearta a ráthaítear leis an Rialachán sin.

48

I ndáil leis sin, mar a tugadh faoi deara i míreanna 33, 34 agus 36 den bhreithiúnas seo, ní mór feidhmiú na rogha dá bhforáiltear in Airteagal 57(4) de RGCS, a mhéid is eisceacht é ar an bprionsabal go bhfuil na cúraimí a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta saor ó chostas, dá bhforáiltear in Airteagal 57(3) den Rialachán sin, a bheith eisceachtúil i gcónaí (féach, de réir analaí, breithiúnais an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 40, agus breithiúnas an 8 Samhain 2022, Deutsche Umwelthilfe (Ceadú mótarfheithiclí), C‑873/19, EU:C:2022:857, mír 87 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ní féidir an rogha sin a fheidhmiú ach amháin i gcásanna ina mbaintear mí-úsáid as cearta (féach, de réir analaí, breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2023, FT (Cóipeanna den chomhad leighis), C‑307/22, EU:C:2023:811, mír 31), gan líon na ngearán arna dtaisceadh a bheith ina chritéar leordhóthanach ann féin chun a shuí gurb ann do mhí-úsáid den sórt sin.

49

Go deimhin, léiríonn Airteagal 57(4) de RGCS cásdlí comhsheasmhach na Cúirte ar dá réir atá, i ndlí an Aontais, prionsabal ginearálta dlí nach féidir le dlíthithe brath go calaoiseach nó go mí-úsáideach ar dhlí an Aontais (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, BMW Bank agus páirtithe eile, C‑38/21, C‑47/21 agus C‑232/21, EU:C:2023:1014, mír 281 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50

Sa chomhthéacs sin, nuair atá sé ar intinn aige an rogha atá ann faoi Airteagal 57(4) de RGCS a fheidhmiú, ní mór don údarás maoirseachta lena mbaineann a shuíomh, i bhfianaise dhálaí ábhartha uile gach cáis, go bhfuil rún mí-úsáideach ar thaobh an duine atá i gceist, agus nach leor ann féin líon na ngearán arna dtaisceadh ag an duine sin. Féadfar a chinneadh gurb ann do rún mí-úsáideach i gcás ina dtaisceann duine gearáin gan é sin a bheith riachtanach go hoibiachtúil chun a chearta faoin Rialachán sin a chosaint.

51

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú freisin go gceanglaítear ar na Ballstáit, faoi Airteagal 52(4) de RGCS, a áirithiú go gcuirfear na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t‑áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar fáil do gach údarás maoirseachta chun a chúraimí agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach. Dá bhrí sin, ní mór na hacmhainní sin a chur in oiriúint don úsáid a bhaineann na hábhair sonraí as a gceart gearáin a thaisceadh leis na húdaráis mhaoirseachta.

52

Dá bhrí sin, is faoi na Ballstáit atá sé na hacmhainní iomchuí a chur ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta chun déileáil leis na gearáin uile a thugtar os a gcomhair, más gá, trí na hacmhainní sin a mhéadú d’fhonn iad a chur in oiriúint don úsáid a bhaineann ábhair sonraí as a gceart chun gearán a thaisceadh faoi Airteagal 77(1) de RGCS. Dá bhrí sin, ní féidir le húdarás maoirseachta a argóint a bhunú, d’fhonn diúltú gníomhú de bhun gearán faoi Airteagal 57(4) den Rialachán sin, ar an bhfíoras go ndéanann duine a chuireann líon gearán isteach atá i bhfad níos airde ná meánlíon na ngearán arna dtaisceadh ag gach ábhar sonraí acmhainní an údaráis sin a úsáid go pointe suntasach, chun dochair do láimhseáil gearán arna gcur isteach ag daoine eile.

53

Thairis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 76 dá Thuairim, tá ról tábhachtach ag gearáin a dhéantar faoi Airteagal 77(1) de RGCS maidir le heolas na n‑údarás maoirseachta ar sháruithe ar na cearta a chosnaítear leis an Rialachán sin. Dá bhrí sin, tá ról tábhachtach ag na gearáin sin maidir le hardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine laistigh den Aontas agus maidir le cearta na ndaoine sin a neartú agus a shoiléiriú de réir bhrí aithrisí 10 agus 11 den Rialachán sin.

54

Dá bhrí sin, dá gceadófaí do na húdaráis mhaoirseachta a chinneadh go bhfuil gearáin iomarcach ar an bhforas amháin go ndearnadh líon mór gearán, bheadh baol ann go gcuirfí saothrú an chuspóra sin i mbaol. Go deimhin, d’fhéadfadh líon suntasach gearán a bheith mar thoradh díreach ar líon ard cásanna nár fhreagair rialaitheoir amháin nó níos mó iarrataí ar rochtain arna ndéanamh ag duine aonair chun a chearta a chosaint, nó inar dhiúltaigh sé dóibh.

55

I ndáil leis sin, dá gcuirfí líon na ngearán amháin san áireamh, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí sárú treallach ar na cearta atá ag an ábhar sonraí faoi RGCS, agus, mar thoradh air sin, ní mór an cinneadh go bhfuil iarrataí iomarcacha ann, de réir bhrí Airteagal 57(4) den Rialachán sin, a bheith faoi réir an choinníll nach mór rún mí-úsáideach ar thaobh an duine a thaisceann na gearáin sin a léiriú.

56

Ar bhonn dhálaí sonracha gach cáis aonair, is faoin údarás maoirseachta a éisteann líon suntasach gearán atá sé, dá bhrí sin, a léiriú nach bhfuil an líon sin mínithe le rún an ábhair sonraí cosaint a fháil dá chearta faoi RGCS, ach le cuspóir eile, nach mbaineann leis an gcosaint sin. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás ina léirítear leis na dálaí sin go bhfuil sé i gceist le líon na ngearán bac a chur ar fheidhmiú cuí an údaráis sin trí leas a bhaint as a acmhainní ar bhealach mí-úsáideach.

57

I ndáil leis sin, d’fhéadfadh líon mór éileamh arna dtaisceadh ag duine a bheith ina léiriú gur iarrataí iomarcacha atá iontu i gcás inar cosúil nach bhfuil údar oibiachtúil leis na gearáin sin mar gheall ar bhreithnithe a bhaineann le cosaint chearta an duine sin faoi RGCS. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina gcuireann duine an líon ard gearán sin faoi bhráid údarás maoirseachta, ag tagairt do líon mór rialaitheoirí nach gá go mbeadh nasc aige leo, go léirítear leis an úsáid dhíréireach sin dá cheart chun gearáin a dhéanamh, i gcomhar le nithe eile amhail ábhar na ngearán sin, go bhfuil rún aige feidhmiú an údaráis sin a chur ina stad trína bhá in iarrataí.

58

Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, dá bhrí sin, a fháil amach an bhfuil sé suite ag an DSB go raibh rún mí-úsáideach ag ábhar sonraí, gan líon a ghearán amháin a bheith in ann údar a thabhairt le feidhmiú na rogha dá bhforáiltear in Airteagal 57(4) de RGCS.

59

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist nach mór Airteagal 57(4) de RGCS a léiriú sa chaoi nach féidir iarrataí a aicmiú mar iarrataí ‘iomarcacha’, de réir bhrí na forála sin, mar gheall ar a líon le linn tréimhse ar leith amháin, agus go bhfuil feidhmiú na rogha dá bhforáiltear san fhoráil sin faoi réir é a bheith léirithe ag an údarás maoirseachta, go bhfuil rún mí-úsáideach ag an duine a chuir na hiarrataí sin isteach.

An tríú ceist

60

Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 57(4) de RGCS le léiriú sa chaoi, nuair a bhíonn iarrataí iomarcacha os a chomhair, go bhféadfaidh údarás maoirseachta rogha a dhéanamh faoi shaoirse idir a cheangal go n‑íocfar táillí réasúnta bunaithe ar chostais riaracháin nó diúltú gníomhú de bhun na n‑iarrataí.

61

Sa chéad áit, maidir le foclaíocht Airteagal 57(4) de RGCS, ní mór a thabhairt faoi deara go liostaítear an dá rogha dá bhforáiltear leis i gcás iarrataí iomarcacha, eadhon a cheangal go n‑íocfar táillí réasúnta bunaithe ar chostais riaracháin nó diúltú gníomhú de bhun na n‑iarrataí sin, ceann i ndiaidh a chéile agus go bhfuil siad scartha leis an gcónasc comhordúcháin ‘nó’, agus nach féidir teacht ar an gconclúid ón bhfoclaíocht a roghnaíodh go bhfuil ord tosaíochta idir ceann amháin nó ceann eile de na roghanna sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 12 Eanáir 2023, Österreichische Post (Faisnéis maidir le faighteoirí sonraí pearsanta), C‑154/21, EU:C:2023:3, mír 31).

62

Dá bhrí sin, is cosúil go dtacaíonn foclaíocht na forála sin leis an léiriú go bhfuil sé de shaoirse ag an údarás sin, i gcás ina suíonn sé go bhfuil na hiarrataí a chuirtear faoina bhráid iomarcach, ceann amháin nó ceann eile de na roghanna sin a dhéanamh.

63

Maidir leis an gcomhthéacs ina bhfuil Airteagal 57(4) de RGCS, sa dara háit, ba cheart a mheabhrú go luaitear in aithris 59 den Rialachán sin ‘gur cheart modúlachtaí a chur ar fáil le go n‑éascófar an t‑ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear sásraí chun, go háirithe, rochtain a iarraidh agus, más infheidhme, a fháil, saor in aisce, ar shonraí, ar cheartú agus léirscriosadh sonraí pearsanta agus chun an ceart a fheidhmiú chun agóid a dhéanamh.’ Dá bhrí sin, is féidir rogha a dhéanamh i bhfabhar ceann amháin den dá rogha má áirithítear, in aon chás, feidhmiú éifeachtach an chirt chun gearáin a thaisceadh.

64

Sa triú háit, tá an léiriú a leagtar amach i mír 62 den bhreithiúnas seo i gcomhréir leis na cuspóirí arna saothrú ag RGCS.

65

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú gurb é cuspóir an Rialacháin sin, mar a luaitear in aithrisí 10 agus 11 de, ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha laistigh den Aontas agus cearta na ndaoine lena mbaineann a neartú agus a shoiléiriú (breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2023, FT (Cóipeanna den chomhad leighis), C‑307/22, EU:C:2023:811, mír 47).

66

Ina theannta sin, is léir ó aithris 129 den Rialachán sin go gceanglaítear ar an údarás maoirseachta a mheas an bhfuil iarraidh den sórt sin go follasach gan bhunús nó iomarcach ar bhealach neamhchlaon agus cóir, agus a áirithiú go bhfuil a rogha iomchuí, riachtanach agus comhréireach, agus aird á tabhairt ar dhálaí gach cáis faoi leith agus costais iomarcacha agus míchaoithiúlachtaí thar meán á seachaint don ábhar sonraí.

67

Dá bhrí sin, i bhfianaise a thábhachtaí atá an ceart chun gearáin a thaisceadh i bhfianaise an chuspóra maidir le hardleibhéal cosanta a áirithiú do shonraí pearsanta, an róil fhíor-riachtanaigh atá ag láimhseáil na ngearán sin i measc na gcúraimí a shanntar do na húdaráis mhaoirseachta agus na hoibleagáide atá ar na húdaráis sin na gearáin sin a láimhseáil le gach dícheall cuí, ní mór do na húdaráis sin na dálaí ábhartha uile a chur san áireamh agus a áirithiú go bhfuil an rogha a dhéantar iomchuí, riachtanach agus comhréireach.

68

I ndáil leis sin, d’fhéadfadh údarás maoirseachta a mheas gurb iomchuí, ag brath ar na dálaí ábhartha agus chun deireadh a chur le cleachtas mí-úsáideach a d’fhéadfadh cur isteach ar a fheidhmiú cuí, a cheangal go n‑íocfar táillí réasúnta bunaithe ar na costais riaracháin a eascraíonn as an ualach oibre iomarcach a eascraíonn as éilimh iomarcacha. I ngeall ar fheidhm dhíspreagthach na rogha sin, d’fhéadfadh an t‑údarás sin an rogha sin a dhéanamh seachas diúltú gníomhú de bhun na ngearán sin ón tús.

69

Dá réir sin, i bhfianaise aithris 129 de RGCS, d’fhéadfadh na húdaráis mhaoirseachta breithniú a dhéanamh, mar chéad chéim, ar a cheangal go n‑íocfaí táillí réasúnta bunaithe ar chostais riaracháin, sula ndiúltófaí ina dhiaidh sin gníomhú de bhun na ngearán, a mhéid a dhéanfadh an chéad cheann de na bearta sin níos lú dochair do chearta na n‑ábhar sonraí faoin Rialachán sin ná an ceann deireanach sin. Mar sin féin, níl aon oibleagáid in Airteagal 57(4) den Rialachán sin ar an údarás maoirseachta i ngach cás an rogha a chur i bhfeidhm íocaíocht táille réasúnaí a éileamh.

70

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an tríú ceist nach mór Airteagal 57(4) de RGCS a léiriú sa chaoi, nuair a bhíonn iarrataí iomarcacha os a chomhair, go bhféadfaidh údarás maoirseachta rogha a dhéanamh, trí chinneadh réasúnaithe, idir a cheangal go n‑íocfar táillí réasúnta bunaithe ar chostais riaracháin nó diúltú gníomhú de bhun na n‑iarrataí sin, agus na dálaí ábhartha uile á gcur san áireamh agus é á áirithiú go bhfuil an rogha a dhéantar iomchuí, riachtanach agus comhréireach.

Costais

71

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 57(4) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

folaíonn an coincheap ‘iarraidh’ atá ann na gearáin dá dtagraítear in Airteagal 57(1)(f) agus in Airteagal 77(1) den Rialachán sin.

 

2.

Maidir le hAirteagal 57(4) de Rialachán 2016/679

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir iarrataí a aicmiú mar iarrataí ‘iomarcacha’, de réir bhrí Airteagal 57(4) den Rialachán sin, mar gheall ar a líon i rith tréimhse áirithe amháin, agus tá feidhmiú na rogha dá bhforáiltear san fhoráil sin faoi réir é a bheith léirithe ag an údarás maoirseachta go bhfuil rún mí-úsáideach ag an duine a chuir na hiarrataí sin isteach.

 

3.

Maidir le hAirteagal 57(4) de Rialachán 2016/679,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

nuair a bhíonn iarrataí iomarcacha os a chomhair, féadfaidh údarás maoirseachta rogha a dhéanamh, trí chinneadh réasúnaithe, idir a cheangal go n‑íocfar táillí réasúnta bunaithe ar chostais riaracháin nó diúltú gníomhú de bhun na n‑iarrataí sin, agus na dálaí ábhartha uile á gcur san áireamh agus é á áirithiú go bhfuil an rogha a dhéantar iomchuí, riachtanach agus comhréireach.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.

Tá Eureka ag cur nasc leis…