Eureka T-367/23 Sign in

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Seachtú Dlísheomra Méadaithe)

19 Samhain 2025 ( *1 )

(Seirbhísí digiteacha – Rialachán (AE) 2022/2065 – Ardán an‑mhór ar líne a ainmniú – Pléadáil neamhdhleathachta – Inghlacthacht – Airteagal 33(1) agus (4) de Rialachán 2022/2065 – An ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Saoirse chun gnó a sheoladh – An ceart chun maoine – Cóir chomhionann – Saoirse chun tuairimí a nochtadh – Cosaint sonraí)

I gCás T‑367/23,

Amazon EU Sàrl, an comharba i dteideal ar Amazon Services Europe Sàrl, a bunaíodh i Lucsamburg (Lucsamburg), arna ionadú ag A. Conrad, M. Frank, R. Spanó agus I. Ioannidis, Abhcóidí,

iarratasóir,

le tacaíocht ó

Bundesverband E-Commerce und Versandhandel Deutschland eV (bevh), a bunaíodh i mBeirlín (an Ghearmáin), arna ionadú ag R. van der Hout agus V. Lemonnier, Abhcóidí,

idiragraí,

v

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag L. Armati, P. Pernas Castrillo agus P.-J. Loewenthal, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

le tacaíocht ó

Parlaimint na hEorpa, arna hionadú ag M. Menegatti, E. Ni Chaoimh agus L. Taïeb, i gcáil Gníomhairí,

ó

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag E. Sitbon, N. Brzezinski agus M. Moore, i gcáil Gníomhairí,

agus ó

Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC), a bunaíodh sa Bhruiséil (an Bheilg), arna ionadú ag A. Fratini, Abhcóide,

idiragraithe,

tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Seachtú Dlísheomra Méadaithe),

agus í comhdhéanta, le linn na bpléití, mar seo a leanas: S. Papasavvas, Uachtarán, K. Kowalik-Bańczyk (Rapóirtéir), E. Buttigieg, I. Dimitrakopoulos agus B. Ricziová, Breithiúna,

Cláraitheoir: S. Spyropoulos, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

ag féachaint d’ordú Leas-Uachtarán na Cúirte an 27 Márta 2024 agus d’ordú an 27 Meán Fómhair 2023 lena bhforchoimeádtar na costais i gCás T‑367/23 R,

i dtaca le héisteacht an 12 Meitheamh 2025,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t‑iarratasóir Amazon EU Sàrl, an comharba i dteideal ar Amazon Services Europe Sàrl, go gcuirfí Cinneadh C(2023) 2746 final ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 lena n‑ainmnítear a ardán Amazon Store mar ardán an‑mhór ar líne faoi Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) ar neamhní.

I. Cúlra na díospóide

2

Oibríonn an t‑iarratasóir ardán Amazon Store, siopa ar líne de tháirgí tomhaltais arna margú aige nó ag díoltóirí tríú páirtí. Is féidir teacht ar an siopa sin ó shuíomhanna gréasáin éagsúla, lena n‑áirítear ‘www.amazon.fr’, ‘www.amazon.de’, ‘www.amazon.es’, ‘www.amazon.it’, ‘www.amazon.nl’, ‘www.amazon.pl’, ‘www.amazon.se’ agus ‘www.amazon.be’.

3

An 17 Feabhra 2023, chuir an t‑iarratasóir in iúl ar a shuíomhanna gréasáin, de bhun Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Rialachán maidir le Seirbhísí Digiteacha) (IO 2022 L 277, lch. 1), go raibh meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla an ardáin Amazon Store san Aontas Eorpach (‘MFGM’) níos airde ná 45 mhilliún.

4

An 22 Feabhra 2023, ar an gcéad dul síos, chuir an Coimisiún Eorpach a réamhchinntí in iúl do Amazon.com, Inc agus don iarratasóir gur chomhlíon ardán Amazon Store na coinníollacha chun go n‑ainmneofaí é mar ardán an‑mhór ar líne de réir bhrí Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065.

5

Ar an dara dul síos, chuir an Coimisiún Ard-Diúcacht Lucsamburg ar an eolas, faoi Airteagal 33(4) de Rialachán 2022/2065, go raibh sé ar intinn aige ardán Amazon Store a ainmniú mar ardán an‑mhór ar líne.

6

An 27 Feabhra 2023, chuir Ard-Diúcacht Lucsamburg in iúl don Choimisiún nach raibh aon bharúil le tabhairt aici.

7

An 15 Márta 2023, chuir an t‑iarratasóir a bharúlacha maidir le réamhchinntí an Choimisiúin in iúl agus níor chuir sé i gcoinne an fhíorais gur chomhlíon ardán Amazon Store na coinníollacha chun go n‑ainmneofaí é mar ardán an‑mhór ar líne de réir bhrí Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065.

8

Leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, d’ainmnigh an Coimisiún, faoi Airteagal 33(4) de Rialachán 2022/2065, ardán Amazon Store mar ardán an‑mhór ar líne de réir Airteagal 33(1) den Rialachán sin.

II. An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe

9

Iarrann an t‑iarratasóir agus Bundesverband E-Commerce und Versandhandel Deutschland eV (bevh) ar an gCúirt Ghinearálta, go bunúsach:

–

go príomha, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach a mhéid a fhorchuirtear leis ar an iarratasóir, ar an gcéad dul síos, an oibleagáid rogha amháin ar a laghad a mholadh do gach córas moltaí nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú faoi Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065 agus, ar an dara dul síos, an oibleagáid clár a choinneáil agus a chur ar fáil go poiblí de bhun Airteagal 39 den Rialachán sin;

–

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

10

Iarrann an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

–

an chaingean a dhíbhe;

–

a ordú don iarratasóir na costais a íoc, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí idirlinne.

11

Iarrann Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an gCúirt an chaingean a dhíbhe.

III. An dlí lena mbaineann

12

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t‑iarratasóir trí shaincheist dlí, lena n‑éilítear pléadáil neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagal 33(1), Airteagal 38 agus Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065 faoi seach.

A. An chéad saincheist dlí lena n‑éilítear pléadáil neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065

13

Áitíonn an Coimisiún, an Chomhairle agus BEUC go bhfuil an chéad saincheist dlí do-ghlactha.

1.   Pléadáil na Comhairle maidir le do-ghlacthacht

14

Áitíonn an Chomhairle nach mór diúltú don chéad saincheist dlí toisc í a bheith do-ghlactha ar an bhforas nár thug an t‑iarratasóir sonraí leordhóthanacha chun measúnú a dhéanamh ar a tuillteanais. Tugann sí faoi deara, i ndáil leis sin, go bhfuil ‘neamhréiteach’ idir míreanna 166 agus 203 den iarratas agus, dá bhrí sin, nach féidir a chinneadh an ndéanann an t‑iarratasóir agóid i gcoinne dhlíthiúlacht an chinnidh atá faoi chonspóid amháin nó an ndéanann sé neamhdhleathacht forálacha áirithe de Rialachán 2022/2065 a phléadáil freisin. Thairis sin, áitíonn sí, dá n‑áiteodh an t‑iarratasóir go bhfuil forálacha den sórt sin neamhdhleathach, nach bhféadfaí a chinneadh an bhfuil Airteagal 33 nó Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin i gceist.

15

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú nach mór, faoin gcéad mhír d’Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, atá infheidhme maidir le himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta de bhua na chéad mhíre d’Airteagal 53 den Reacht sin, agus faoi Airteagal 76(d) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ábhar na díospóide, na pléadálacha agus na hargóintí a chuirtear chun cinn agus ráiteas gearr ar na pléadálacha sin a bheith luaite ar gach iarratas. Ní mór na gnéithe sin a bheith sách soiléir agus beacht chun cur ar chumas an chosantóra a chosaint a ullmhú agus chun cur ar chumas na Cúirte Ginearálta rialú a thabhairt ar an iarratas, gan aon fhaisnéis bhreise más iomchuí. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus dea-riarachán ceartais a áirithiú, is gá, d’fhonn saincheist dlí a bheith inghlactha, na pointí bunriachtanacha dlí agus na fíorais a bhfuiltear ag brath orthu a bheith luaite go soiléir agus go hintuigthe san iarratas é féin (breithiúnas an 29 Márta 2012, an Coimisiún v an Eastóin, C‑505/09 P, EU:C:2012:179, mír 34).

16

Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara gur féidir raon feidhme na chéad saincheiste a chinneadh go leordhóthanach ar léamh an iarratais chun measúnú a dhéanamh ar a tuillteanais.

17

I míreanna 10 agus 12 den iarratas, tugann an t‑iarratasóir faoi deara, lena chéad saincheist dlí, go bhféachann sé le cur i gcoinne dhlíthiúlacht Airteagal 33 de Rialachán 2022/2065 ar an bhforas go sáraíonn an fhoráil sin Airteagail 7, 11, 16, 17 agus 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Ar an gcaoi chéanna, i gcomhthéacs na n‑argóintí a thacaíonn le hinghlacthacht a shaincheisteanna dlí, meabhraíonn sé, go bunúsach, i míreanna 134 agus 135 den iarratas, go bhfuil an phléadáil neamhdhleathachta a ardaíodh i gcomhthéacs na chéad saincheiste i gcoinne Airteagal 33 den Rialachán sin. Ina theannta sin, is léir ón teideal a bhaineann leis an tsaincheist chéanna sin, mar a leagtar amach san iarratas, go gcuireann an t‑iarratasóir i gcoinne dhlíthiúlacht an chritéir chun ardáin an‑mhór ar líne a ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 33(1) den Rialachán sin. Ar deireadh, leanann sé go háirithe ó mhíreanna 166 go 169 agus 187 go 189 den iarratas go gcuireann an t‑iarratasóir i gcoinne dlíthiúlacht an chritéir sin agus, dá bhrí sin, dlíthiúlacht Airteagal 33(1) den Rialachán atá i gceist a mhéid a chuirtear faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin é.

18

Thairis sin, maidir leis an bhfíoras, ar a bhfuil an Chomhairle ag brath, go measann an t‑iarratasóir go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 neamhdhleathach, níl sé sin ar neamhréir leis an bhfíoras go ndéanann sé, trína chéad saincheist dlí, neamhdhleathacht Airteagal 33(1) den Rialachán sin a phléadáil ar an bhforas go bhforchuirtear oibleagáidí den sórt sin air atá neamhdhleathach freisin leis an bhforáil sin.

19

Sna himthosca sin, cé gur fíor go gcuireann an t‑iarratasóir in iúl, i mír 203 den iarratas, go bhforchuirtear oibleagáidí atá contrártha leis an gCairt air leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ní mór a mheas go n‑áitíonn sé, i ndáiríre, gur beart é an cinneadh sin lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 atá neamhdhleathach é féin a mhéid a fhorchuirtear oibleagáidí den sórt sin air.

20

Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a áitíonn an Chomhairle, is léir go leor ón iarratas go ndéanann an t‑iarratasóir, trína chéad saincheist dlí, neamhdhleathacht Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 a phléadáil. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur chuir an Chomhairle féin argóint mhalartach chun cinn ina pléadáil chun diúltú don phléadáil sin ar na tuillteanais ar bhonn léiriú den sórt sin ar an tsaincheist sin.

21

Dá bhrí sin, ní mór pléadáil na Comhairle maidir le do-ghlacthacht a dhiúltú.

2.   Pléadáil an Coimisiúin agus BEUC maidir le do-ghlacthacht

22

Áitíonn an Coimisiún agus an BEUC nach mór diúltú don chéad saincheist dlí toisc í a bheith do-ghlactha ar an bhforas, leis an tsaincheist dlí sin, go ndéanann an t‑iarratasóir neamhdhleathacht fhorálacha Rialachán 2022/2065 nach bunús dlí iad leis an gcinneadh atá faoi chonspóid agus nach bhfuil nasc dlíthiúil díreach acu leis a phléadáil.

23

Ar an gcéad dul síos, tugann an Coimisiún faoi deara gur glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid ar bhonn Airteagal 33(4) de Rialachán 2022/2065 agus nach ndearna an t‑iarratasóir neamhdhleathacht na forála sin a phléadáil. Thairis sin, cé go n‑áitíonn an Coimisiún go mbeadh pléadáil neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagal 33(1) den Rialachán sin inghlactha, measann sé mar sin féin, cé go bhféachtar go foirmiúil leis an gcéad saincheist dlí neamhdhleathacht na forála sin a phléadáil, nach ndéanann an t‑iarratasóir, i ndáiríre, ach an fíoras go bhféadfadh margaí a bheith faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin nuair a shroicheann a MFGM 45 mhilliún a dhíospóid. Mar sin féin, níl aon nasc dlíthiúil díreach ag Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

24

Ar an dara dul síos, áitíonn BEUC go raibh an t‑iarratasóir i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne infheidhmeacht na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 maidir le margaí. Mar sin féin, áitíonn sé, lena chéad saincheist dlí, go bhfuil agóid á déanamh ag an iarratasóir i ndairíre in aghaidh dhlíthiúlacht na n‑oibleagáidí sin iontu féin, cé nach bhfuil aon nasc dlíthiúil díreach acu leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

25

Áitíonn an t‑iarratasóir, le tacaíocht ó bevh, go bhfuil an chéad saincheist dlí inghlactha.

26

De réir Airteagal 277 CFAE, d’ainneoin an tréimhse atá leagtha síos sa séú mír d’Airteagal 263 CFAE a bheith caite, féadfaidh aon pháirtí, i gcás imeachtaí ina mbeidh gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige arna ghlacadh ag institiúid, ag comhlacht, ag oifig nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh faoi shaincheist, na forais a phléadáil dá bhforáiltear sa dara mír d’Airteagal 263 CFAE d’fhonn neamhfheidhmeacht an ghnímh sin a agairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

27

Is éard atá san fhoráil sin prionsabal ginearálta a chur in iúl lena dtugtar an ceart d’aon pháirtí agóid a dhéanamh, go hindíreach, d’fhonn cinneadh arna dhíriú chuig an bpáirtí sin a chur ar neamhní, i gcoinne bailíocht gníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus atá mar bhonn le cinneadh den sórt sin (féach breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2020, an Coimisiún agus an Chomhairle v Carreras Sequeros agus páirtithe eile, C‑119/19 P agus C‑126/19 P, EU:C:2020:676, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear).

28

Ós rud é nach bhfuil sé i gceist le hAirteagal 277 CFAE a chur ar chumas páirtí agóid a dhéanamh i gcoinne infheidhmeacht aon ghnímh a bhfuil feidhm ghinearálta aige chun tacú le haon chaingean ar bith, ní mór an gníomh a n‑ardaítear a neamhdhleathacht a bheith infheidhme, go díreach nó go hindíreach, maidir leis an gcás is ábhar don chaingean (féach breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2020, an Coimisiún agus an Chomhairle v Carreras Sequeros agus páirtithe eile, C‑119/19 P agus C‑126/19 P, EU:C:2020:676, mír 68 agus an cásdlí dá dtagraítear).

29

Dá bhrí sin, i gcaingne le haghaidh neamhniú arna dtionscnamh i gcoinne cinntí aonair, ghlac an Chúirt leis go bhféadfadh forálacha gnímh a bhfuil feidhm ghinearálta aige agus atá mar bhunús leis na cinntí sin nó a bhfuil baint dhíreach dhlíthiúil acu le cinntí den sórt sin a bheith ina n‑ábhar pléadáil neamhdhleathachta go dlisteanach (féach breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2020, an Coimisiún agus an Chomhairle v Carreras Sequeros agus páirtithe eile, C‑119/19 P agus C‑126/19 P, EU:C:2020:676, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear).

30

Os a choinne sin, chinn an Chúirt go bhfuil pléadáil neamhdhleathachta a dhírítear i gcoinne gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige nach beart cur chun feidhme é an cinneadh aonair atá faoi chonspóid ina leith do-ghlactha (féach breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2020, an Coimisiún agus an Chomhairle v Carreras Sequeros agus páirtithe eile, C‑119/19 P agus C‑126/19 P, EU:C:2020:676, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, leanann sé ó mhíreanna 17 go 20 den bhreithiúnas seo go maíonn an t‑iarratasóir, san iarratas, neamhdhleathacht Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a chuireann an fhoráil sin margaí áirithe faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin.

32

Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an t‑iarratasóir i dteideal neamhdhleathacht Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 a phléadáil, mar a d’aithin an Coimisiún agus BEUC, go bunúsach.

33

Foráiltear le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí breise chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú dá bhforáiltear le hAirteagail 34 go 43 den Rialachán sin maidir le hardáin ar líne a bhfuil an MFGM cothrom le 45 mhilliún nó níos airde acu, agus a ainmnítear mar ardáin an‑mhór ar líne faoi Airteagal 33(4) den Rialachán sin.

34

De réir Airteagal 33(4) de Rialachán 2022/2065, déanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena n‑ainmnítear ardán ar líne mar ardán an‑mhór ar líne i gcás ina bhfuil a MFGM cothrom leis an uimhir nó níos airde ná an uimhir dá dtagraítear in Airteagal 33(1) den Rialachán sin.

35

Dá bhrí sin, cé go dtugtar de chumhacht don Choimisiún le hAirteagal 33(4) de Rialachán 2022/2065 ardán ar líne a ainmniú mar ardán an‑mhór ar líne, cinntear le hAirteagal 33(1) den Rialachán sin cé hiad na hardáin ar líne atá le hainmniú chun Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

36

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur ghá ardán Amazon Store a ainmniú mar ardán an‑mhór ar líne ‘de réir bhrí Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065’.

37

Sna himthosca sin, ní mór a mheas go gcuirtear i bhfeidhm leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, cé gur glacadh é ar bhonn Airteagal 33(4) de Rialachán 2022/2065, an critéar a leagtar amach in Airteagal 33(1) den Rialachán sin. Mar sin, ní mór neamhniú an chinnidh sin a bheith mar thoradh ar neamhdhleathacht fhéideartha na forála sin, rud a d’fhágfadh nach mbeadh sí infheidhme faoi Airteagal 277 CFAE.

38

Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil nasc dlíthiúil díreach ag an gcinneadh atá faoi chonspóid le hAirteagal 33(1) den Rialachán sin.

39

Leanann sé ón méid sin nach mór pléadáil an Choimisiúin agus BEUC maidir le do-ghlacthacht a dhiúltú.

3.   Fiúntas na chéad saincheiste dlí

40

Mar a chuirtear in iúl i mír 31 thuas, lena chéad saincheist dlí, maíonn an t‑iarratasóir go bhfuil Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 neamhdhleathach, a mhéid a chuireann sé margaí áirithe faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin.

41

Go bunúsach, tá an chéad saincheist dlí comhdhéanta de chúig chuid, lena n‑éilítear go sáraítear Airteagal 7, Airteagal 11(1), Airteagal 16, Airteagal 17(1) agus Airteagal 20 den Chairt, faoi seach, le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065.

(a)   An chéad chuid den chéad saincheist dlí lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 16 CFAE

42

Áitíonn an t‑iarratasóir, le tacaíocht ó bevh, go sáraítear Airteagal 16 den Chairt le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a chuireann sé margaí áirithe faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin. Go háirithe, áitíonn sé go gcuireann na hoibleagáidí sin ualach suntasach air agus, dá bhrí sin, gurb ionann iad agus cur isteach ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh. Cuireann sé in iúl freisin nach bhfuil na hoibleagáidí sin iomchuí chun cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Tugann sé faoi deara, i ndáil leis sin, go bhféachtar leis na hoibleagáidí atá i gceist rioscaí sistéamacha nach iad margaí is cúis leo a laghdú. Ina theannta sin, measann sé nach ‘córas’ iad margaí agus nach dócha, dá bhrí sin, go n‑eascróidh rioscaí ‘sistéamacha’ astu. Ar deireadh, áitíonn sé go bhféadfadh reachtas an Aontais bearta eile nach bhfuil chomh sriantach céanna a ghlacadh chun a chuspóirí a bhaint amach.

43

Cuireann an Coimisiún, le tacaíocht ón bParlaimint, ón gComhairle agus ó BEUC, i gcoinne argóintí an iarratasóra.

(1) Cur isteach ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh a chumhdaítear in Airteagal 16 den Chairt

44

Áitíonn an t‑iarratasóir gurb ionann Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a chuirtear margaí áirithe faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin, agus cur isteach ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh a chumhdaítear in Airteagal 16 den Chairt.

45

Foráiltear le hAirteagal 16 den Chairt go n‑aithnítear an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

46

I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(1) CAE agus le hAirteagal 52(7) den Chairt, ní mór na mínithe a bhaineann leis an gCairt (IO 2007 C 303, lch. 17) a chur san áireamh agus an Chairt á léiriú.

47

Sonraítear sna mínithe a bhaineann leis an gCairt go bhfuil ‘[...] Airteagal [16 den Chairt] bunaithe ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais [an Aontais Eorpaigh] inar aithníodh an tsaoirse chun gníomhaíocht eacnamaíochta nó thráchtála a fheidhmiú [...] agus an tsaoirse conartha [...], agus Airteagal 119(1) agus (3) [CFAE], ina n‑aithnítear an tsaoriomaíocht’, go bhfuil ‘an ceart [sin] le feidhmiú agus urraim á tabhairt do dhlí an Aontais agus don reachtaíocht náisiúnta’, agus ‘[go bh]féadfar é a chur faoi réir na dteorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 52(1) den Chairt’.

48

Dá bhrí sin, ní mór a mheas go n‑áirítear leis an gcosaint a thugtar le hAirteagal 16 den Chairt an tsaoirse chun gníomhaíocht eacnamaíoch nó tráchtála a fheidhmiú, saoirse conartha agus saoriomaíocht (féach breithiúnas an 22 Eanáir 2013, Sky Österreich, C‑283/11, EU:C:2013:28, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

Áirítear leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh, inter alia, an ceart atá ag gach gnóthas déileáil leis na hacmhainní eacnamaíocha, teicniúla agus airgeadais atá ar fáil dó gan bhac, laistigh de theorainneacha an dliteanais maidir lena ghníomhartha féin (breithiúnais an 27 Márta 2014, UPC Telekabel Wien, C‑314/12, EU:C:2014:192, mír 49, agus an 21 Nollaig 2021, Bank Melli Iran, C‑124/20, EU:C:2021:1035, mír 78).

50

Dá bhrí sin, is ionann beart lena bhforchuirtear srian ar shaorúsáid na n‑acmhainní atá ar fáil dó ar a sheolaí agus cur isteach ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh, ós rud é go n‑éilíonn sé air bearta a dhéanamh ar dóigh dóibh costas suntasach a chur air, tionchar suntasach a bheith acu ar eagrú a ghníomhaíochtaí nó réitigh theicniúla dheacra agus chasta a éileamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Márta 2014, UPC Telekabel Wien, C‑314/12, EU:C:2014:192, mír 50, agus an 27 Meitheamh 2024, Gestore dei Servizi Energetici, C‑148/23, EU:C:2024:555, mír 64).

51

Sa chás seo, le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, cuirtear soláthraithe ardán an‑mhór ar líne, lena n‑áirítear margaí, faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin.

52

Leanann sé ó Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 nach mór go ndéanann soláthraithe ardán an‑mhór ar líne sainaithint, anailís agus measúnú ar aon rioscaí sistéamacha a eascraíonn as dearadh nó feidhmiú a seirbhíse (Airteagal 34), go bhféadfadh sé, dá bhrí sin, go mbeadh orthu dearadh, saintréithe agus feidhmiú a seirbhíse a oiriúnú, a dtéarmaí agus a gcoinníollacha a athrú agus teorainn a chur le taispeáint fógrán (Airteagail 35 agus 36), nach mór iniúchadh neamhspleách a dhéanamh orthu, ar a gcostas féin (Airteagal 37), rogha a mholadh do gach ceann dá gcórais moltaí, ar rogha í nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú (Airteagal 38), faisnéis a fhoilsiú maidir leis na fógráin a scaipeann siad ar a gcomhéadan (Airteagal 39), rochtain ar chuid dá sonraí a cheadú do thaighdeoirí (Airteagal 40), feidhm chomhlíonta a chruthú laistigh díobh (Airteagal 41), tuarascálacha trédhearcachta a fhoilsiú (Airteagal 42) agus táille mhaoirseachta a íoc leis an gCoimisiún (Airteagal 43).

53

Sna himthosca sin, ní mór a mheas go gceanglaítear le hAirteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 ar sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne bearta a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith ina gcostas suntasach dóibh, a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar eagrú a ngníomhaíochtaí nó a d’fhéadfadh réitigh theicniúla dheacra agus chasta a éileamh.

54

Dá bhrí sin, ní mór a mheas gurb ionann Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 agus cur isteach ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh a chumhdaítear in Airteagal 16 den Chairt, ós rud é go gceanglaítear leis ar sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin a chomhlíonadh.

(2) An t‑údar atá leis an gcur isteach ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh

55

I gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí a chumhdaítear leis an gCairt, ní mór ábhar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a chomhlíonadh agus, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfaí teorainneacha a chur leis na cearta agus na saoirsí ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraítear leo i ndáiríre do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas Eorpach nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

56

Maidir leis sin, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir le cásdlí socair, go gceanglaítear le prionsabal na comhréireachta go mbeidh gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais oiriúnach le haghaidh cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú ag an reachtaíocht atá i gceist a bhaint amach agus nach sárófar leo na teorainneacha maidir leis an méid is iomchuí agus is gá d’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach (féach breithiúnas an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland agus páirtithe eile, C‑293/12 agus C‑594/12, EU:C:2014:238, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57

Maidir le hathbhreithniú breithiúnach, d’aithin an Chúirt go bhfuil ag reachtas an Aontais corrlach lánroghnach mór, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó, i gcás ina bhfuil roghanna polaitíochta, eacnamaíocha agus sóisialta i gceist le caingean agus ina n‑iarrtar air measúnaithe casta agus breithmheas casta a dhéanamh (féach breithiúnas an 30 Eanáir 2019, Planta Tabak, C‑220/17, EU:C:2019:76, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). Shonraigh an Chúirt go raibh roghanna den sórt sin i gceist le gníomhaíocht an reachtais i réimse na cosanta tomhaltóirí (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Nollaig 2015, Neptune Distribution, C‑157/14, EU:C:2015:823, mír 76, agus an 8 Meitheamh 2017, Dextro Energy v an Coimisiún, C‑296/16 P, nár foilsíodh, EU:C:2017:437, mír 49).

58

Sna himthosca sin, ní féidir difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht birt arna ghlacadh i réimse amhail an réimse sa chás seo, lena mbaineann lánrogha leathan ag féachaint don chuspóir atá á shaothrú leis an institiúid inniúil, ach amháin má tá an beart míchuí go follasach (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Nollaig 2002, British American Tobacco (Investments) agus Imperial Tobacco, C‑491/01, EU:C:2002:741, mír 123, agus an 4 Bealtaine 2016, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑358/14, EU:C:2016:323, mír 79).

59

Ina theannta sin, leanann sé ó fhoclaíocht Airteagal 16 den Chairt go bhféadfadh an tsaoirse chun gnó a sheoladh a bheith faoi réir raon leathan idirghabhálacha ag údaráis phoiblí a d’fhéadfadh, ar mhaithe le leas an phobail, teorainneacha a chur ar shaothrú gníomhaíochta eacnamaíche (breithiúnas an 22 Eanáir 2013, Sky Österreich, C‑283/11, EU:C:2013:28, mír 46). Dá bhrí sin, ní mór a mheabhrú nach ceart iomlán í an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus nach mór, i gcomhthéacs amhail an comhthéacs atá i gceist sa chás seo, í a réiteach le hAirteagal 38 den Chairt, lena bhféachtar, amhail Airteagal 169 CFAE, le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú i mbeartais an Aontais (breithiúnas an 23 Márta 2021, Airhelp, C‑28/20, EU:C:2021:226, mír 49). Go háirithe, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh tábhacht an chuspóra maidir le cosaint tomhaltóirí údar a thabhairt le hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, fiú iarmhairtí substaintiúla, d’oibreoirí eacnamaíocha áirithe (breithiúnais an 23 Márta 2021, Airhelp, C‑28/20, EU:C:2021:226, mír 50, agus an 2 Meán Fómhair 2021, Association of Independent Meat Suppliers agus Cleveland Meat Company, C‑579/19, EU:C:2021:665, mír 97).

60

Sa chás seo, ní dhíospóideann an t‑iarratasóir nach ndéanann Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 difear do bhunbhrí na saoirse atá ag soláthraithe margaí gnó a sheoladh. Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach gcuireann na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin cosc ar fheidhmiú ghníomhaíocht fiontraíochta na soláthraithe sin, eadhon ligean do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe. Ar an gcaoi chéanna, ní dhíospóideann an t‑iarratasóir go bhfuil na hoibleagáidí sin leagtha síos le gníomh reachtach agus, dá bhrí sin, nach mór a mheas go bhforáiltear dóibh le dlí de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt.

61

Os a choinne sin, áitíonn an t‑iarratasóir gur léir go bhfuil an cur isteach ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh díréireach ar an bhforas, ar an gcéad dul síos, nach gcruthaíonn margaí rioscaí sistéamacha de réir bhrí Rialachán 2022/2065, ar an dara dul síos, go bhfágann bearta nach bhfuil chomh dian céanna do sholáthraithe na margaí sin gur féidir cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach agus, ar an tríú dul síos, go bhfuil na costais arna dtabhú ag na soláthraithe sin suntasach.

(i) Rioscaí sistéamacha a ghineann margaí a bheith ann

62

Foráiltear le hAirteagal 1 de Rialachán 2022/2065 gurb é aidhm an Rialacháin sin rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha trí rialacha comhchuibhithe a leagan amach do thimpeallacht ar líne atá sábháilte, intuartha agus iontaofa lena n‑éascaítear nuálaíocht, agus ina ndéantar cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt, lena n‑áirítear prionsabal na cosanta tomhaltóirí, a chosaint go héifeachtach.

63

Míníonn aithris 75 de Rialachán 2022/2065 an méid seo a leanas, ‘[...] i bhfianaise a thábhachtaí atá ardáin an‑mhór ar líne, mar gheall ar a dtionchar, go háirithe mar a léirítear é i líon fhaighteoirí na seirbhíse, chun díospóireacht phoiblí, idirbhearta eacnamaíocha agus scaipeadh faisnéise ar an bpobal, tuairimí agus smaointe a éascú agus tionchar a imirt ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí faisnéis ar líne agus ar an gcaoi a gcuireann siad faisnéis in iúl ar líne, is gá oibleagáidí sonracha a fhorchur ar sholáthraithe na n‑ardán sin, sa bhreis ar na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gach ardán ar líne’.

64

Foráiltear le haithris 76 de Rialachán 2022/2065 gur ‘[...] féidir le hardáin an‑mhór ar líne [...] rioscaí sochaíocha a chruthú, a bheadh éagsúil i dtaobh raon feidhme agus tionchair de i gcomparáid leo siúd a chruthódh ardáin níos lú’. Sonraítear san aithris sin freisin gur ‘cheart do sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne [...], dá bhrí sin, an caighdeán is airde d’oibleagáidí díchill chuí a sheasamh, a bheadh comhréireach lena dtionchar sochaíoch’, ‘a luaithe a shroichfidh an líon faighteoirí gníomhacha ar ardán [...] ar líne, arna ríomh mar mheán thar thréimhse 6 mhí, cionroinnt shuntasach de dhaonra an Aontais, [go bh]féadfaidh tionchar neamhréireach a bheith ag na rioscaí sistéamacha a bhíonn ag an ardán ar líne [...] san Aontas’, agus gur ‘cheart a mheas gurb ann do rochtain shuntasach den sórt sin i gcás ina sáraíonn an líon sin an tairseach oibríochtúil atá socraithe ag 45 mhilliún, is é sin, líon atá cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais’.

65

I ndáil leis sin, tá liosta rioscaí sistéamacha in Airteagal 34(1) de Rialachán 2022/2065 a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar ardáin an‑mhór ar líne.

66

Ar dtús, foráiltear le hAirteagal 34(1)(a) de Rialachán 2022/2065 go n‑áirítear le rioscaí sistéamacha scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh trí ardáin an‑mhór ar líne. I gcomhréir le hAirteagal 3(h) den Rialachán sin, is rioscaí sonracha iad sin a bhaineann le scaipeadh ‘aon fhaisnéis, inti féin nó i dtaca le gníomhaíocht, lena n‑áirítear díolachán táirgí [...], nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí aon Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin’.

67

Ina dhiaidh sin, foráiltear le hAirteagal 34(1)(b) de Rialachán 2022/2065 go n‑áirítear an méid seo a leanas leis na rioscaí sistéamacha ‘aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar fheidhmiú na gceart bunúsach, go háirithe na cearta bunúsacha a bhaineann le dínit an duine a chumhdaítear in Airteagal 1 den Chairt le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, le cosaint sonraí pearsanta a chumhdaítear in Airteagal 8 den Chairt, le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n‑áirítear saoirse agus iolrachas na meán a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt, le neamh-idirdhealú a chumhdaítear in Airteagal 21 den Chairt, le hurraim ar chearta an linbh a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt agus le hardleibhéal chosaint an tomhaltóra a chumhdaítear in Airteagal 38 den Chairt’.

68

Ar deireadh, sonraítear le hAirteagal 34(1)(c) agus (d) de Rialachán 2022/2065 go n‑áirítear le rioscaí sistéamacha ‘aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis thoghchánacha, agus ar an tslándáil phoiblí’, chomh maith le ‘[h]aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe, cosaint na sláinte poiblí agus mionaoisigh agus iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach an duine’.

69

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir nach gcruthaíonn margaí rioscaí sistéamacha a mhéid nach cuid de ‘chóras’ iad, murab ionann agus institiúidí airgeadais. Cé gur ‘córas domhanda airgeadais’ iad na margaí sin mar gheall ar ‘chineál idirnasctha a ngníomhaíochtaí’, níl margaí idirspleách agus, dá bhrí sin, ní córas iad. Baineann sé de thátal as sin nach dócha go n‑eascróidh rioscaí sistéamacha as margaí. Áitíonn sé freisin nach ‘córas’ iad margaí, líonraí sóisialta, seirbhísí comhroinnte inneachair agus seirbhísí cuardaigh agus nach bhfuil aon bhaol tógálachta eatarthu.

70

Mar sin féin, is leor a thabhairt faoi deara, murab ionann agus an méid a mholann an t‑iarratasóir, nach bhféachtar le Rialachán 2022/2065 cosc a chur ar na rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint le margaí a mhéid is cuid de ‘chóras’ iad. Mar is léir ó mhír 64 den bhreithiúnas seo, is é cuspóir an Rialacháin sin rioscaí sistéamacha don tsochaí ina hiomláine a mhaolú a mhéid a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do chuid shuntasach de dhaonra an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil margaí neamhspleách ar a chéile agus ar chineálacha eile ardán ar líne agus nach ionann iad, le chéile, agus córas, ní chuirtear bac leis sin ar an bhféidearthacht go n‑eascródh cuid de na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán 2022/2065 as na margaí sin.

71

Ar an dara dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir go mbaineann fógráin agus barúlacha na gcustaiméirí atá i láthair ar na margaí go príomha leis na táirgí a mhargaítear ar na margaí sin. Tuigeann sé ón méid sin nach gcruthaíonn margaí rioscaí a bhaineann le próisis dhaonlathacha, sláinte phoiblí, bréagaisnéis, dínit an duine, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, príobháideachas, cosaint sonraí, idirdhealú agus cearta leanaí. Ina theannta sin, áitíonn sé nár suíodh go mbaineann rioscaí do thomhaltóirí le hardáin an‑mhór ar líne nó go bhfuil ról tábhachtach acu i margú neamhdhleathach ainmhithe nó táirgí góchumtha nó contúirteacha.

72

Mar sin féin, ar an gcéad dul síos, ní dhíospóideann an t‑iarratasóir go bhféadfaidh faighteoirí na seirbhíse fógráin nó tráchtanna a úsáid chun ábhar neamhdhleathach nó polaitiúil agus reiligiúnach a chur in iúl. Os a choinne sin, maíonn sé féin gur leag na margaí síos, ina dtéarmaí agus coinníollacha ginearálta, rialacha atá ceaptha cosc a chur ar scaipeadh ábhair atá neamhdhleathach nó a bhfuil tionchar diúltach acu, inter alia, ar fheidhmiú ceart bunúsach, dioscúrsa sibhialta, próiseas toghcháin nó ar chosaint na sláinte poiblí agus daoine atá faoi aois. Sonraíonn sé, dá bhrí sin, de réir na gcoinníollacha ginearálta a bhaineann leis an bhfógraíocht, gur chuir sé toirmeasc sainráite ar ‘fhógraí ina dtaispeántar leanaí i gcásanna contúirteacha, amhail rothaíocht gan chlogad; ábhar bréagach, míchruinn nó míthreorach; fógraí graosta, conspóideacha, clúmhillteacha, neamhdhleathacha nó ionsáiteacha maidir le príobháideachas daoine eile; inneachar polaitiúil, amhail feachtais ar son nó i gcoinne polaiteora nó páirtí polaitiúil, nó i ndáil le toghchán, nó inneachar a bhaineann le saincheisteanna polaitiúla maidir le díospóireacht phoiblí; abhcóideacht reiligiúnach, bíodh reiligiún á chosaint nó á cháineadh; [agus] ábhar idirdhealaitheach’.

73

Ar an dara dul síos, aithníonn an t‑iarratasóir gur dócha go gcuirfear táirgí neamhdhleathacha ar mhargaí, cé go measann sé gur dócha go gcuirfí táirgí den sórt sin ar mhargaí beaga ar an bhforas go dtabharfadh margaí móra aird níos mó ar a gcáil. Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhféadfar margaí a úsáid chun inneachar neamhdhleathach a scaipeadh, go háirithe i ndáil le táirgí contúirteacha nó neamhchomhlíontacha a dhíol, agus go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu, dá bhrí sin, ar chosaint tomhaltóirí. Thairis sin, ní chuireann an t‑iarratasóir i gcoinne an fhíorais, arna áitiú ag BEUC, go bhfuil inneachar neamhdhleathach ar ardán Amazon Store, d’ainneoin a iarrachtaí é a bhaint anuas.

74

Ina theannta sin, maíonn an t‑iarratasóir nach scaipfeadh táirge contúirteach níos tapúla ar ardán ar líne a bhfuil MFGM ard aige. Mar sin féin, ní chuireann sé aon fhianaise ar fáil a d’fhéadfadh bunús a thabhairt leis an dearbhú sin. Thairis sin, ós rud é go bhfuil MFGM ard ag ardán ar líne, is dócha go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine ar dócha go gceannóidh siad an táirge atá i gceist.

75

Ar an tríú dul síos, áitíonn bevh nach féidir feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 chun leibhéal cosanta a thairiscint dóibh atá inchomparáide leis an leibhéal cosanta atá acu as líne nó, dá bhrí sin, chun rioscaí sistéamacha a chosc de réir bhrí Airteagal 34(1) den Rialachán sin. Go háirithe, áitíonn sé go dtéann na hoibleagáidí a leagtar síos go sonrach in Airteagail 34 go 37 de Rialachán 2022/2065 ‘níos faide ná na forálacha a bhaineann leis an “timpeallacht as líne”’ agus go bhfuil siad doiléir.

76

I ndáil leis sin, cuirtear in iúl le haithris 12 de Rialachán 2022/2065 ‘chun críocha [an Rialacháin sin], [gur] cheart don choincheap “inneachar neamhdhleathach” a bheith ina léiriú ginearálta ar na rialacha atá ann cheana sa timpeallacht as líne’. Mar sin féin, ar thaobh amháin, murab ionann agus an méid a éilíonn bevh, ní féidir a thuiscint as sin nach bhféadfadh an reachtas bearta níos sriantaí a ghlacadh do mhargaí ná do shiopaí ‘fisiciúla’ chun tomhaltóirí a chosaint. Ar an taobh eile, ní thugann bevh aon fhianaise ar aird lena bhféadfaí a shuí nach gcuireann an easpa beachtais in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 ar a gcumas rannchuidiú le cosaint tomhaltóirí.

77

Sna himthosca sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndearna reachtas an Aontais earráid fhollasach mheasúnaithe agus é á mheas gur dócha go n‑eascródh rioscaí sistéamacha éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 34(1)(a) go (d) de Rialachán 2022/2065 as margaí le MFGM de bhreis is 45 mhilliún.

(ii) Bearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach céanna chun cuspóirí Rialachán 2022/2065 a bhaint amach

78

Áitíonn an t‑iarratasóir go bhféadfadh an reachtas bearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach céanna a ghlacadh chun cuspóirí Rialachán 2022/2065 a bhaint amach.

79

Mar sin féin, leanann sé ó mhír 58 den bhreithiúnas seo nach sáraítear an tsaoirse chun gnó a sheoladh ach amháin i gcás ina nglacann an reachtas beart atá míchuí go follasach i ndáil leis an gcuspóir a shaothraítear leis an reachtaíocht atá i gceist. Dá bhrí sin, ní leor go bhféadfadh an reachtas bearta nach bhfuil chomh sriantach céanna a ghlacadh chun sárú ar Airteagal 16 den Chairt a shuí.

80

Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gceadófaí cuspóirí Rialachán 2022/2065 a bhaint amach ar bhealach chomh héifeachtach céanna, in aon chás, leis na bearta nach bhfuil chomh sriantach céanna a bhfuil an t‑iarratasóir ag brath orthu.

81

Ar an gcéad dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir go bhféadfadh an reachtas na margaí d’ardáin an‑mhór ar líne dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 a eisiamh chun cur i bhfeidhm Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin a theorannú do sheirbhísí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán sin, agus dóibh sin amháin.

82

Mar sin féin, mar is léir ó mhír 77 thuas, is dócha go n‑eascróidh rioscaí sistéamacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 34(1)(a) go (d) de Rialachán 2022/2065 as margaí. Dá bhrí sin, dá n‑eisiafaí margaí na n‑ardán an‑mhór ar líne dá dtagraítear in Airteagal 33(1) den Rialachán sin, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de chumas an Rialacháin sin na rioscaí sin a mhaolú.

83

Ar an dara dul síos, maíonn an t‑iarratasóir agus bevh go bhféadfadh an reachtas critéir ‘cáilíochtúla’ a ghlacadh, mar a rinne sé i mbrainsí eile de dhlí an Aontais, lena n‑áirítear an earnáil teileachumarsáide, nó córas toimhdean simplí a ghlacadh, mar a rinne sé i Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO 2022 L 265, lch. 1). Cuireann an t‑iarratasóir in iúl freisin nach mbaineann an t‑ainmniú mar ardáin an‑mhór ar líne ach le líon teoranta ardán ar líne. Tuigeann sí ón méid sin nach mbeadh an iarracht bhreise a iarradh ar an gCoimisiún chun na critéir sin a chur chun feidhme díréireach i bhfianaise thábhacht na gcostas a eascraíonn, i gcás na soláthróirí sin, as ainmniú den sórt sin.

84

I ndáil leis sin, níl aon amhras ann gur chuir an Coimisiún in iúl, sa mheasúnú tionchair atá i gceangal leis an togra le haghaidh Rialachán 2022/2065, go raibh critéir seachas critéar MFGM amháin beartaithe aige, lena n‑áirítear critéir ‘cáilíochtúla’ lena gcuirtear éifeacht shochaíoch agus eacnamaíoch an ardáin ar líne atá i gceist san áireamh. Mar sin féin, mheas sé go n‑éileodh cur chuige cás ar chás, agus critéir cháilíochtúla den sórt sin á gcur san áireamh, cur chuige cás ar chás ar dócha go n‑eascródh éiginnteacht dhlíthiúil as agus próiseas níos faide agus níos costasaí chun ardáin an‑mhór ar líne a ainmniú.

85

Ní dhíospóideann an t‑iarratasóir ná bevh go mbeadh próiseas den sórt sin níos faide agus níos costasaí don Choimisiún. Sna himthosca sin, is leor a chinneadh go raibh na critéir ar a bhfuil an t‑iarratasóir ag brath de chineál a chuirfeadh moill ar chur chun feidhme na n‑oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 agus cuid de na hacmhainní is gá chun na cúraimí a chuirtear ar an gCoimisiún leis an Rialachán sin a bhaint de.

86

Ar an tríú dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir nach bhféadfadh an reachtas soláthraithe ardán an‑mhór ar líne a chur faoi réir na hoibleagáide dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán sin, trí bhíthin Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, ach amháin a mhéid a fhoráiltear leis an oibleagáid sin go gcuirfí an clár ar fáil do thaighdeoirí agus d’údaráis, ach ní don phobal ina iomláine.

87

Foráiltear le hAirteagal 39 de Rialachán 2022/2065 go ndéanfaidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne, i roinn shonrach dá gcomhéadan ar líne, agus úsáid á baint as uirlis chuardaigh iontaofa le haghaidh cuardaigh ilchritéar agus trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, clár a choimeád agus a chur ar fáil don phobal ina mbeidh, inter alia, inneachar an fhógra, lena n‑áirítear ainm an táirge, na seirbhíse nó an trádmhairc, chomh maith le hábhar an fhógra, an duine nádúrtha nó dlítheanach a gcuirtear an fógrán i láthair thar a cheann, an tréimhse ar lena linn a cuireadh an fógrán i láthair, cé acu an raibh nó nach raibh sé beartaithe an fógrán a chur i láthair go sonrach do ghrúpa amháin nó grúpaí d’fhaighteoirí na seirbhíse agus, más amhlaidh a bhí, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun na críche sin, lena n‑áirítear, más iomchuí, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun ceann amháin nó níos mó de na grúpaí áirithe sin a eisiamh agus líon iomlán fhaighteoirí na seirbhíse a sroicheadh agus, más iomchuí, an líon iomlán arna mhiondealú de réir an Bhallstáit don ghrúpa nó do na grúpaí faighteoirí ar díríodh orthu go sonrach leis an bhfógrán.

88

I ndáil leis sin, sonraítear in aithris 69 de Rialachán 2022/2065 go bhfuil faighteoirí na seirbhíse faoi réir ‘drochthionchar thar a bheith tromchúiseach’ nuair a fhaigheann siad fógráin ‘bunaithe ar theicnící spriocdhírithe atá barrfheabhsaithe chun teacht lena leasanna agus a d’fhéadfadh a bheith tarraingteach dá leochaileachtaí’. Cuirtear in iúl in aithris 95 den Rialachán sin go n‑éilítear leis na córais fógraíochta a úsáideann ardáin an‑mhór ar líne ‘maoirseacht bhreise phoiblí agus rialála [...] mar gheall ar a scála agus a gcumas chun díriú ar fhaighteoirí na seirbhíse agus iad a rochtain bunaithe ar a n‑iompar laistigh de chomhéadan ar líne an ardáin [...] sin agus lasmuigh de’ agus gur cheart go n‑áireofaí leis an gclár sin ‘faisnéis maidir le critéir spriocdhírithe agus critéir seachadta araon, go háirithe nuair a dhéantar fógráin a sheachadadh chuig daoine atá i staideanna leochaileacha, amhail mionaoisigh’.

89

Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhfágann an fhaisnéis a fhoilsítear faoi Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065 gur féidir tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na fógráin ar a nochtar iad. Ina theannta sin, mar a thugann an Chomhairle faoi deara, cuireann siad ar chumas na meán agus na gcomhlachas cosanta tomhaltóirí fógráin a thaispeántar ar ardáin an‑mhór ar líne a rialú, go háirithe d’fhonn cosc a chur ar tháirgí neamhdhleathacha nó míchuí a chur chun cinn i measc lucht féachana áirithe, amhail mionaoisigh. Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhféadfadh an fhoráil sin, inter alia, scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh a theorannú, rannchuidiú le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus éifeachtaí diúltacha a bhaineann le cosaint mionaoiseach a sheachaint. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé rioscaí sistéamacha éagsúla faoi Airteagal 34(1) den Rialachán sin a chosc. Bheadh sé níos deacra cuspóir den sórt sin a bhaint amach mura mbeadh rochtain ach ag taighdeoirí agus údaráis ar an bhfaisnéis lena mbaineann.

90

Sna himthosca sin, ní mór a mheas nach bhfuil údar leis an iarratasóir agus é ag maíomh go bhféadfadh an reachtas bearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach céanna a ghlacadh chun sárú ar Airteagal 16 den Chairt a shuíomh.

(iii) Tábhacht na gcostas a íocann soláthraithe margaí

91

Áitíonn an t‑iarratasóir go bhforchuirtear le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 costais shuntasacha ar sholáthraithe margaí trína gcur faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin.

92

Ar an gcéad dul síos, déanann an t‑iarratasóir gearán gur úsáid an Coimisiún, ina mheasúnú tionchair, toimhdí eacnamaíocha dochreidte agus nár chuir sé costais áirithe a eascraíonn as cur chun feidhme Airteagail 38 agus 39 de Rialachán 2022/2065 san áireamh. Áitíonn sé gur mheas an Coimisiún go mícheart, sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán 2022/2065, ‘maidir leis an tsaoirse a [bhí] ag soláthraithe seirbhíse chun gnó a reáchtáil, [go ndearnadh] na costais a tabhaíodh ar ghnólachtaí a fhritháireamh trí ilroinnt a laghdú ar fud an mhargaidh inmheánaigh’, ‘[gur tugadh] isteach coimircí leis an togra chun an t‑ualach ar sholáthraithe seirbhíse a mhaolú, lena n‑áirítear bearta in aghaidh fógraí athfhillteacha gan údar agus an réamh-ghrinnfhiosrúchán údaráis phoiblí ar chomharthóirí iontaofa’ agus ‘[t]hairis sin, [go ndíríodh] oibleagáidí áirithe ar ardáin an‑mhór ar líne, i gcás [inar dtarlaíodh] na rioscaí is tromchúisí go minic agus a [raibh] sé de chumas acu an t‑ualach breise a iompar’.

93

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gceanglaítear ar reachtas an Aontais measúnú tionchair a dhéanamh i ngach cás agus nach bhfuil measúnú tionchair den sórt sin ina cheangal air in aon chás (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, an Liotuáin agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle (Pacáiste soghluaisteachta), C‑541/20 go C‑555/20, EU:C:2024:818, mír 230). Dá bhrí sin, fiú dá suífí é, ní leor ann féin gur bhraith an Coimisiún, ina mheasúnú tionchair, ar thoimhdí eacnamaíocha ródhóchasach agus go ndearna sé gannmheastachán ar na costais atá le híoc ag soláthraithe ardán an‑mhór ar líne chun a léiriú gur cur isteach díréireach follasach ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh iad forálacha an Rialacháin sin.

94

Ar an dara dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir go gcuireann an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065 teorainn lena chumas a chustaiméirí a chur ar an eolas faoi na tairiscintí a thairgtear ar a ardán Amazon Store. Áitíonn sé go ndéanann an oibleagáid sin, ar thaobh amháin, dochar dá chustaiméirí toisc nach gceadaítear dóibh na táirgí is dóchúla a bheadh ina n‑ábhar spéise dóibh a aimsiú go héasca agus, ar an taobh eile, nach gcuireann sí cosc ar riosca sistéamach de réir bhrí an Rialacháin sin. Ina theannta sin, measann sé go bhfágann córais moltaí atá bunaithe ar phróifíliú gur féidir táirgí ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a chur chun cinn agus, ina éagmais sin, go mbeadh air táirgí na ngnóthas is cáiliúla a chur chun cinn. Thairis sin, measann sé gur léir ó theachtaireacht an 26 Aibreán 2018 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, dar teideal ‘Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne: cur chuige Eorpach’ (COM(2018) 236 final), a raibh sé mar aidhm leis an bhforáil sin rochtain phoiblí ar fhoinsí éagsúla faisnéise a áirithiú maidir le líonraí sóisialta, seirbhísí comhroinnte inneachair nó seirbhísí cuardaigh. Níl cuspóir den sórt sin ábhartha do mhargaí.

95

I ndáil leis sin, foráiltear le hAirteagal 38 de Rialachán 2022/2065 go dtairgfidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne a úsáideann córais moltaí rogha amháin ar a laghad do gach ceann dá gcórais moltaí nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).

96

Foráiltear le hAirteagal 4(4) de Rialachán 2016/679 go gciallaíonn próifíliú ‘aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine sin nó chun na gnéithe sin a thuar’.

97

Maidir le córais moltaí, mínítear in aithris 70 de Rialachán 2022/2065 gur ‘[ch]roíchuid de ghnó an ardáin ar líne [é] an bealach ina gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta agus i láthair ar a chomhéadan ar líne chun rochtain ar fhaisnéis a éascú agus a bharrfheabhsú i gcomhair fhaighteoirí na seirbhíse’ agus go ‘[nd]éantar é sin, mar shampla, trí fhaisnéis a mholadh, a rangú agus a chur in ord tosaíochta go halgartamach, ag dealú trí théacs nó léirithe amhairc eile, nó ag coimeád ar shlí eile faisnéis arna soláthar ag faighteoirí’. Luaitear san aithris sin freisin gur ‘féidir le córais moltaí den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar chumas faighteoirí faisnéis a aisghabháil agus idirghníomhú le faisnéis ar líne, lena n‑áirítear chun cuardach faisnéise ábhartha a éascú d’fhaighteoirí na seirbhíse agus cur le heispéireas níos fearr an úsáideora’ agus go bhfuil ‘ról tábhachtach acu freisin maidir le teachtaireachtaí áirithe a mhéadú, faisnéis a mhearscaipeadh go fíorúil agus iompar ar líne a spreagadh.’

98

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil sé beartaithe le hAirteagal 38 de Rialachán 2022/2065 cead a thabhairt d’fhaighteoirí ardán an‑mhór ar líne an fhaisnéis dá nochtar iad a roghnú, go pointe áirithe, mar is léir ó aithris 70 den Rialachán sin. Go háirithe, le hAirteagal 38 den Rialachán sin, tugtar an deis d’fhaighteoirí gan moltaí a fháil ach amháin i gcás táirgí nach raibh tionchar ag bailiú a sonraí pearsanta ar a roghnú.

99

Sna himthosca sin, ar an gcéad dul síos, ní mór a mheas nach gcuireann Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065 cosc ar fhaighteoirí ardáin an‑mhór ar líne córas moltaí atá bunaithe ar phróifíliú a úsáid. Ina theannta sin, ceadaítear leis an bhforáil sin do na faighteoirí sin filleadh ar rogha atá bunaithe ar phróifíliú i gcás nach bhfuil siad sásta leis na moltaí a rinneadh dóibh in éagmais próifíliú den sórt sin.

100

Dá bhrí sin, ní mór a mheas, murab ionann agus an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir, nach féidir le hAirteagal 38 de Rialachán 2022/2065 dochar a dhéanamh do thomhaltóirí margaí.

101

Ar an dara dul síos, ní mór a mheas go neartaíonn Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065 cearta tomhaltóirí trí dheis a thabhairt dóibh rogha a dhéanamh maidir leis na táirgí a thairgtear dóibh. Dá bhrí sin, is dócha go gcuireann an fhoráil sin ar a laghad le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus, dá bhrí sin, go gcuireann sí cosc ar riosca sistéamach faoi Airteagal 34(1)(b) den Rialachán sin.

102

Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach léiríonn an fhíric, ar a bhfuil an t‑iarratasóir ag brath, go bhfabhraíonn Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065 gnóthais mhóra chun dochair FBManna ar mhargaí go bhfuil sárú ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh atá ag soláthraithe sna margaí sin.

103

Thairis sin, ar an gcéad dul síos, a mhéid is léir ón staidéar eacnamaíoch a leagtar amach in Iarscríbhinn A.2 a ghabhann leis an iarratas (‘staidéar eacnamaíoch an iarratasóra’) go gcumasaítear le córais moltaí atá bunaithe ar phróifíliú margaíocht níos fearr a dhéanamh ar ‘tháirgí nideoige’, ní mhínítear ann cén fáth nach dócha go bhforbróidh gnóthais mhóra, i measc a raon táirgí, táirgí den sórt sin atá beartaithe do phobal speisialaithe. Dá bhrí sin, fiú má ghlactar leis go bhfuil córais moltaí atá bunaithe ar phróifíliú i bhfabhar margú táirgí nideoige, ní féidir a thuiscint as sin go mbeadh córais den sórt sin, de bharr a gcineáil féin, fabhrach do FBManna.

104

Ar an dara dul síos, mar a thugann an Coimisiún faoi deara, go bunúsach, ní mhíníonn an t‑iarratasóir cén fáth nach mbeadh margaí in ann ligean do thomhaltóirí cuardach a dhéanamh de réir critéir ina gcomhéadan lena bhféadfaí táirgí nideoige a shainaithint.

105

Dá bhrí sin, níor shuigh an t‑iarratasóir go bhféadfadh Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065 costais shuntasacha a ghiniúint do FBManna nó, dá bhrí sin, do sholáthraithe margaí.

106

Ar an tríú dul síos, ní mór a mheas nach féidir leis an iarratasóir brath ar Theachtaireacht COM(2018) 236, ar teachtaireacht í a thagann ón gCoimisiún amháin agus nach bhfuil aon fheidhm cheangailteach aici, chun amhras a chaitheamh ar dhlíthiúlacht Rialachán 2022/2065. Ina theannta sin, cé gur léir ón teachtaireacht sin gur theastaigh ón gCoimisiún go mbeadh ‘úsáideoirí’ na n‑ardán ar líne in ann rochtain a fháil ar ‘uirlisí le haghaidh pearsantú agus idirghníomhaíocht ar líne chun a chur ar a gcumas ábhar a aimsiú ar bhealach níos éasca agus rochtain a fháil ar fhoinsí éagsúla faisnéise a thugann tuairimí codarsnacha’ agus, dá bhrí sin, bréagaisnéis a chomhrac, ní féidir a thuiscint as sin nach bhféadfaí, thairis sin, feabhas a chur ar fhaisnéis do thomhaltóirí maidir le margaí le hAirteagal 38 den Rialachán sin.

107

Ar an tríú dul síos, tugann an t‑iarratasóir faoi deara go nochtar faisnéis rúnda a bhaineann le gníomhaíochtaí fógraíochta fógróirí ar ardán Amazon Store mar thoradh ar Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065. Baineann sé de thátal as sin nach mbeidh an t‑ardán sin chomh tarraingteach céanna d’fhógróirí, go háirithe maidir le hardáin ar líne nach bhfuil ainmnithe mar ardáin an‑mhór ar líne. Thairis sin, áitíonn sé go bhfuil costais níos airde ná na costais a mheas an Coimisiún ina mheasúnú tionchair i gceist le cur chun feidhme na hoibleagáide a leagtar síos san fhoráil sin.

108

Mar a tugadh faoi deara í mír 87 thuas, foráiltear le hAirteagal 39 de Rialachán 2022/2065 do scaipeadh faisnéise ar an bpobal lena n‑áirítear, inter alia, inneachar an fhógra, lena n‑áirítear ainm an táirge, na seirbhíse nó an trádmhairc, chomh maith le hábhar an fhógra, an duine nádúrtha nó dlítheanach a gcuirtear an fógrán i láthair thar a cheann, an tréimhse ar lena linn a cuireadh an fógrán i láthair, cé acu an raibh nó nach raibh sé beartaithe an fógrán a chur i láthair go sonrach do ghrúpa amháin nó grúpaí d’fhaighteoirí na seirbhíse agus, más amhlaidh a bhí, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun na críche sin, lena n‑áirítear, más iomchuí, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun ceann amháin nó níos mó de na grúpaí áirithe sin a eisiamh agus líon iomlán fhaighteoirí na seirbhíse a sroicheadh agus, más iomchuí, an líon iomlán arna mhiondealú de réir an Bhallstáit don ghrúpa nó do na grúpaí faighteoirí ar díríodh orthu go sonrach leis an bhfógrán.

109

Níor thug an t‑iarratasóir aon fhianaise ar aird lena bhféadfaí a shuí go mbeadh tionchar diúltach ag scaipeadh na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065 ar tharraingteacht ardán Amazon Store d’fhógróirí.

110

Ní luaitear i staidéar eacnamaíoch an iarratasóra ach go gcuirfeadh faisnéis a bhaineann le hinneachar, spriocdhíriú agus rath fógráin ar chumas iomaitheoirí an fhógróra a straitéis a chóipeáil. Sonraítear sa staidéar sin, i ndáil leis sin, go bhfuil faisnéis a bhaineann le ‘rath’ fógráin ‘ríthábhachtach’.

111

Mar sin féin, tá rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis áirithe, lena n‑áirítear faisnéis a bhaineann le hinneachar fógrán, de bharr a cineáil, gan beann ar Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065. Thairis sin, ní chuireann an t‑iarratasóir aon argóint chun cinn chun a shuí nach féidir an fhaisnéis a bhaineann le spriocdhíriú a thuiscint ó bharúlacha ar an ardán lena mbaineann agus cineál an táirge atá i gceist á chur san áireamh. Thairis sin, murab ionann agus faisnéis a bhaineann le rath fógráin, ní aicmíonn sé faisnéis a bhaineann le spriocdhíriú mar rud ‘ríthábhachtach’.

112

Maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann le rath fógráin, tagraíonn staidéar eacnamaíoch an iarratasóra do staidéar eacnamaíoch a rinneadh roimhe sin in 1953, nach bhfuil sé cinnte go bhféadfadh na conclúidí a bheith infheidhme maidir le hardáin ar líne. Thairis sin, ní shonraítear sa staidéar sin a rinne an t‑iarratasóir conas a shainíonn sé rath an fhógráin. Má fhéachann an t‑iarratasóir le tagairt a dhéanamh do mhéadú féideartha ar dhíolacháin an táirge a fhógraítear i gceist, is leor a thabhairt faoi deara nach ndéantar foráil in Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065 maidir le scaipeadh faisnéise ina leith sin.

113

Ar an gceathrú dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir go gceanglaítear le hAirteagal 40(4) agus (12) de Rialachán 2022/2065 air méid sonraí ‘gan teorainn’ a nochtadh, lena n‑áirítear sonraí rúnda, chun staidéar a dhéanamh ar ‘rioscaí sistéamacha’, cé nár suíodh gurb ann do rioscaí den sórt sin.

114

De réir Airteagal 40(4) de Rialachán 2022/2065, ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gComhordaitheoir um Sheirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta, cuirfidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a chomhlíonann na ceanglais in Airteagal 40(8) den Rialachán sin, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a dhéanamh a chuireann le brath, sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha san Aontas, mar a leagtar amach de bhun Airteagal 34(1) den Rialachán sin, agus leis an measúnú ar leordhóthanacht, éifeachtúlacht agus tionchair na mbeart maolaithe riosca de bhun Airteagal 35 den Rialachán sin.

115

I measc na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 40(8) de Rialachán 2022/2065, ní mór do na taighdeoirí a léiriú go bhfuil sé d’acmhainneacht acu na ceanglais shonracha maidir le slándáil agus rúndacht sonraí a chomhfhreagraíonn do gach iarraidh a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta a chosaint. Ina theannta sin, ní mór dóibh cur síos a dhéanamh ina n‑iarraidh ar na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla atá curtha i bhfeidhm acu chuige sin.

116

Thairis sin, sonraítear le hAirteagal 40(5) de Rialachán 2022/2065 go bhféadfaidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne iarraidh ar an gComhordaitheoir um Sheirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta an iarraidh a leasú, i gcás ina measann siad nach féidir leo rochtain ar na sonraí a chur ar fáil toisc, inter alia, go mbainfidh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a seirbhíse nó cosaint faisnéise rúnda, go háirithe rúin trádála, le rochtain a thabhairt ar na sonraí sin.

117

Ar deireadh, foráiltear le hAirteagal 40(12) de Rialachán 2022/2065 go dtabharfaidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne rochtain gan moill mhíchuí ar shonraí, lena n‑áirítear, i gcás inar féidir sin go teicniúil, sonraí fíor-ama, ar choinníoll go bhfuil na sonraí inrochtana go poiblí ina gcomhéadan ar líne do thaighdeoirí, lena n‑áirítear iad siúd atá cleamhnaithe le comhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais neamhbhrabúis a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 40(8)(b) go (e) den Rialachán sin, agus a úsáideann na sonraí go heisiach chun taighde a dhéanamh a chuireann le rioscaí sistéamacha san Aontas a bhrath, a shainaithint agus a thuiscint de bhun Airteagal 34(1) den Rialachán sin.

118

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, mar a cuireadh in iúl i mír 77 thuas, is dócha go n‑eascróidh rioscaí sistéamacha éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán 2022/2065 as margaí le MFGM de bhreis is 45 mhilliún. Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir, d’fhéadfadh Airteagal 40 den Rialachán sin, arb é is aidhm dó taighde a chumasú lena gcuirtear leis na rioscaí sistéamacha sin a aimsiú, a shainaithint agus a thuiscint, cur leis na rioscaí sistéamacha a bhaineann leis na margaí sin a laghdú.

119

Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara go ndéantar foráil in Airteagal 40(5) de Rialachán 2022/2065 go bhféadfaidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne an iarraidh ar rochtain ar shonraí a leasú ar mhaithe le cosaint faisnéise rúnda. Thairis sin, más rud é, d’ainneoin leasú an iarratais, go raibh ar an soláthraí sin na sonraí sin a chur in iúl, ní mór a mheas go gceanglaítear le hAirteagal 40(8) de Rialachán 2022/2065 ar na taighdeoirí lena mbaineann a léiriú go bhfuil siad in ann rúndacht na sonraí a fhaigheann siad a chaomhnú. I ndáil leis sin, murab ionann agus an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir, ní raibh sé d’oibleagáid ar an reachtas tuairisc a thabhairt, sa Rialachán sin, ar na bearta sonracha a bhí ar thaighdeoirí a ghlacadh chun rúndacht na sonraí a fhaigheann siad a chaomhnú. Ní fhéadfadh sé ach a cheangal ar na taighdeoirí, ar thaobh amháin, a léiriú, i gcás gach iarratais ar rochtain, go raibh siad in ann slándáil agus rúndacht na sonraí a chumhdaítear leis an iarraidh sin a chaomhnú agus, ar an taobh eile, tuairisc a thabhairt dóibh féin ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a rinne siad chun na críche sin.

120

Ar an gcúigiú dul síos, maíonn an t‑iarratasóir agus bevh go bhforchuirtear ualaí suntasacha ar sholáthraithe margaí le cur chun feidhme na n‑oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065, lena n‑áirítear chun athruithe casta a dhéanamh ar a gcórais TF. Mar sin féin, ní thugann siad aon mheastachán ar na costais a bhaineann leis na hathruithe sin, lena n‑áirítear i staidéar eacnamaíoch an iarratasóra. Ina theannta sin, fiú dá mbeadh na costais sin suntasach i ndáiríre, lena n‑áirítear do sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne ar dócha go mbeidh rochtain acu ar acmhainní móra, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a thugtar faoi deara i mír 59 thuas, go bhféadfadh tábhacht an chuspóra maidir le cosaint tomhaltóirí údar a thabhairt le hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, fiú iarmhairtí suntasacha, d’oibreoirí eacnamaíocha áirithe.

121

Sna himthosca sin, níl údar leis an iarratasóir ná le bevh a mhaíomh go bhfuil Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 míchuí go follasach chun cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach nó, dá bhrí sin, go sáraíonn sé Airteagal 16 den Chairt.

122

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad chuid den chéad saincheist dlí, gan aon ghá le rialú a thabhairt ar inghlacthacht argóintí áirithe a ardaíodh mar thaca leis sa fhreagra, arna gconspóid ag an gCoimisiún.

(b)   An dara cuid den chéad saincheist dlí, lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 17(1) den Chairt

123

Áitíonn an t‑iarratasóir, le tacaíocht ó bevh, go sáraítear Airteagal 17(1) den Chairt le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a chuireann sé margaí áirithe faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin. Áitíonn sé go bhfuil tionchar suntasach ag na hoibleagáidí sin ar a ghníomhaíochtaí agus, dá bhrí sin, gurb ionann iad agus cur isteach ar a cheart chun maoine.

124

Cuireann an Coimisiún, le tacaíocht ón bParlaimint, ón gComhairle agus ó BEUC, i gcoinne argóintí an iarratasóra.

125

De réir Airteagal 17(1) den Chairt, ‘tá ag gach duine an ceart chun a shealúchais nó a sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú, a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú’ agus ‘ní fhéadfar a shealúchais nó a sealúchais a cheilt ar dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí, ach sin faoi réir cúiteamh cóir a íoc in am trátha mar chomaoin ar chailleadh na sealúchas sin’. Foráiltear leis an Airteagal sin freisin go bhféadfar ‘úsáid maoine a rialáil le dlí a mhéad is gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta’.

126

Baineann an chosaint a thugtar le hAirteagal 17(1) den Chairt le cearta ag a bhfuil luach sócmhainne ar féidir, ag féachaint don dlíchóras, na cearta sin a fheidhmiú go huathrialach ag a sealbhóir agus ar mhaithe lena sealbhóir (breithiúnas an 22 Eanáir 2013, Sky Österreich, C‑283/11, EU:C:2013:28, mír 34). Dá bhrí sin, chinn an Chúirt nach ionann táillí riaracháin agus cur isteach ar an gceart chun maoine (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 11 Iúil 1989, Schräder HS Kraftfutter, 265/87, EU:C:1989:303, míreanna 16 agus 17).

127

Sa chás seo, ní mór a mheas, cosúil leis an gCoimisiún, nár chuir an t‑iarratasóir aon argóint chun cinn chun tacú lena dhearbhú gurb ionann na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 agus cur isteach ar a cheart chun maoine.

128

Mar aon leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuireann na hoibleagáidí, a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 agus a thuairiscítear i mír 52 thuas, ualaí riaracháin ar sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne, ach nach mbaineann siad úinéireacht na n‑ardán sin díobh. Ina theannta sin, fiú dá bhféadfaí na hoibleagáidí sin a mheas mar chur isteach ar cheart maoine na soláthraithe atá i gceist, ní mór a mheas go mbeadh údar leis an gcur isteach sin, in aon chás, ar fhorais atá cosúil leo siúd a leagtar amach i míreanna 62 go 120 den bhreithiúnas seo maidir le hAirteagal 16 den Chairt.

129

Dá bhrí sin, níl aon bhunús ag an iarratasóir ná ag bevh lena maíomh go sáraítear Airteagal 17 den Chairt le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065.

130

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid den chéad saincheist dlí.

(c)   An tríú cuid den chéad saincheist dlí lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 20 den Chairt

131

Áitíonn an t‑iarratasóir, le tacaíocht ó bevh, go sáraítear prionsabal na córa comhionainne a chumhdaítear in Airteagal 20 den Chairt le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a chuireann sé margaí áirithe faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 den Rialachán sin. I ndáil leis sin, cuireann sé in iúl go gcaitear le cineálacha éagsúla ardán ar líne, agus innill cuardaigh ar líne, ar an mbealach céanna faoi Airteagal 33(1) den Rialachán sin, cé go gcruthaíonn na hardáin sin, líonraí sóisialta agus seirbhísí comhroinnte inneachair rioscaí sonracha nach mbaineann le margaí. Ina theannta sin, tugann sé faoi deara go gcaitear le cásanna inchomparáide ar bhealach difriúil leis an bhforáil sin trí mhiondíoltóirí agus margaí ag a bhfuil MFGM níos lú ná 45 mhilliún a eisiamh óna raon feidhme.

132

Cuireann an Coimisiún, le tacaíocht ón bParlaimint, ón gComhairle agus ó BEUC, i gcoinne argóintí an iarratasóra.

133

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú gur prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é prionsabal na córa comhionainne, a chumhdaítear go háirithe in Airteagal 20 den Chairt, lena bhforáiltear go bhfuil gach duine cothrom os comhair an dlí.

134

Is léir ó chásdlí socair go gceanglaítear le prionsabal na córa comhionainne nach gcaithfear ar bhealach éagsúil le cásanna inchomparáide agus nach gcaithfear le cásanna éagsúla ar an mbealach céanna ach amháin má tá údar oibiachtúil leis an gcóir sin (breithiúnais an 14 Meán Fómhair 2010, Akzo Nobel Chemicals agus Akcros Chemicals v an Coimisiún agus páirtithe eile, C‑550/07 P, EU:C:2010:512, mír 55, agus an 6 Meitheamh 2023, O.G. (Barántas gabhála Eorpach do náisiúnach tríú tír), C‑700/21, EU:C:2023:444, mír 42). Chun a chinneadh an bhfuil sárú den sórt sin ar an bprionsabal sin ann nó nach bhfuil, is gá, go háirithe, brath ar ábhar agus ar chuspóir na forála a líomhnaítear go sáraíonn sí é (féach breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2018, Piessevaux v an Chomhairle, C‑454/17 P, nár foilsíodh, EU:C:2018:680 mír 79 agus an cásdlí dá dtagraítear).

135

Thairis sin, i réimse amhail an réimse sa chás seo, ina bhfuil lánrogha leathan ag an reachtas, ní sháraítear prionsabal na córa comhionainne ach amháin i gcás ina ndéanann an reachtas sin idirdhealú ar bhealach treallach nó míchuí go follasach maidir leis an gcuspóir a shaothraítear leis an reachtaíocht atá i gceist (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Iúil 2022, an Coimisiún v VW agus páirtithe eile, C‑116/21 P go C‑118/21 P, C‑138/21 P agus C‑139/21 P, EU:C:2022:557, mír 127 agus an 9 Márta 2023, Grossetête v an Pharlaimint, C‑714/21 P, nár foilsíodh, EU:C:2023:187, mír 48).

136

Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir nach bhfuil margaí, ar thaobh amháin, agus líonraí sóisialta, seirbhísí comhroinnte inneachair agus innill cuardaigh ar líne, ar an taobh eile, i staid inchomparáide chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 a chur i bhfeidhm. Go háirithe, tugann sé faoi deara go bhfuil sé d’aidhm ag na hoibleagáidí sin cosc a chur ar rioscaí a d’fhéadfadh líonraí sóisialta, seirbhísí comhroinnte inneachair agus innill cuardaigh ar líne a ghiniúint, ach nach bhféadfadh margaí a ghiniúint. Baineann sé de thátal as sin go bhfuil Airteagal 33(1) den Rialachán sin á chur i bhfeidhm go mícheart maidir leis na margaí sin.

137

Mar sin féin, ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara, mar is léir ó mhír 77 thuas, gur dócha go n‑eascróidh rioscaí sistéamacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 34(1)(a) go (d) de Rialachán 2022/2065 as margaí le MFGM de bhreis is 45 mhilliún.

138

Ar an dara dul síos, a mhéid a dhearbhaíonn an t‑iarratasóir, gan tuilleadh mínithe, nach bhféachtar le ‘go leor’ de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 tomhaltóirí a chosaint ná margú táirgí sáraitheacha nó contúirteacha a chosc, is leor a thabhairt faoi deara nach sainaithníonn sé na forálacha dá dtagraíonn sé. Thairis sin, cé go n‑áitíonn sé, thairis sin, nach féidir le hAirteagal 38 den Rialachán sin laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbeidh tomhaltóir neamhchosanta ar thairiscintí táirgí neamhdhleathacha, ní mór a mheas go gcuireann an fhoráil sin, mar sin féin, le cearta tomhaltóirí a neartú ar na cúiseanna a leagtar amach i mír 101 den bhreithiúnas seo. Thairis sin, leanann sé ó mhíreanna 71 go 74 agus 77 den bhreithiúnas seo, murab ionann agus an méid a thugann an t‑iarratasóir le fios, nach bhfuil na rioscaí a chruthaíonn margaí teoranta, in aon chás, dóibh siúd a bhfuil tionchar diúltach acu ar chosaint tomhaltóirí ná dóibh siúd a bhaineann le margú táirgí sáraitheacha nó contúirteacha.

139

Ar an tríú dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir, a mhéid a bhaineann le ‘caint, inneachar agus faisnéis a scaipeadh’, gur cheart caitheamh le margaí ar an mbealach céanna le seirbhísí néalríomhaireachta (cloud computing) agus seirbhísí óstála gréasáin, nach ardáin ar líne iad de réir bhrí Rialachán 2022/2065 agus, dá bhrí sin, nach gcumhdaítear le hAirteagal 33(1) den Rialachán sin.

140

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go sonraítear le haithris 13 de Rialachán 2022/2065 nach gceart ‘a mheas gur ardán ar líne iad seirbhísí néalríomhaireachta nó seirbhísí óstála gréasáin arb ionann scaipeadh faisnéise sonraí ar an bpobal agus mionghné choimhdeach nó mionfheidhmiúlacht de chuid na seirbhísí sin’. Ní dhíospóideann an t‑iarratasóir nach mionghné choimhdeach ná mionfheidhmiúlacht margaí é scaipeadh faisnéise ar an bpobal arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse. Dá bhrí sin, ní mór a mheas nach ndéantar idirdhealú treallach nó míchuí go follasach le hAirteagal 33(1) den Rialachán sin, a mhéid a thagraíonn sé do mhargaí seachas do sheirbhísí néalríomhaireachta áirithe agus do sheirbhísí óstála gréasáin áirithe, chun na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán sin a chosc.

141

Sna himthosca sin, ní mór a mheas nach cosúil go bhfuil Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid atá feidhm aige maidir le margaí, líonraí sóisialta, seirbhísí comhroinnte inneachair agus innill cuardaigh ar líne araon, neamhleor go follasach chun na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán sin a chosc.

142

Ar an dara dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir gur cheart caitheamh le gach soláthraí margaí, gan beann ar a MFGM, ar an mbealach céanna chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 a chur i bhfeidhm. Tuigeann sé ón méid sin go bhfuil Airteagal 33(1) den Rialachán sin á chur i bhfeidhm go mícheart maidir le soláthróirí margaidh a bhfuil a MFGM cothrom le nó níos mó ná 45 mhilliún.

143

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir go bhfuil na rioscaí a bhaineann le scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh níos mó ar mhargaí beaga ná ar mhargaí móra agus go bhfuil sé paradacsach, dá bhrí sin, oibleagáidí breise a fhorchur ar na margaí sin. Go háirithe, tugann sé faoi deara go ndéantar táirgí neamhdhleathacha, lena n‑áirítear táirgí contúirteacha nó góchumtha, a mhargú go príomha ar mhargaí beaga, trí líonraí sóisialta nó ar an idirlíon dorcha. Áitíonn sé go bhfuil riosca íseal ann go bhféadfaí táirgí den sórt sin a mhargú ar mhargaí móra. Áitíonn sé freisin go leanann sé ó aithris 72 de Rialachán 2022/2065 go bhforchuirtear leis an Rialachán sin ar gach margadh oibleagáidí éagsúla atá ceaptha ‘chun cosc a chur ar [...] táirgí nó seirbhísí de shárú ar na rialacha is infheidhme a dhíol’. Baineann sé de thátal as sin gur aithin an reachtas féin nárbh ionann na rioscaí a bhain le táirgí neamhdhleathacha a mhargú agus rioscaí sistéamacha agus nár mhéadaigh siad le líon na bhfaighteoirí gníomhacha.

144

Mar sin féin, ar an gcéad dul síos, aithníonn an t‑iarratasóir go bhféadfar margaí, gan beann ar a méid, a úsáid chun margú táirgí contúirteacha nó neamhdhleathacha a éascú.

145

Ar an dara dul síos, fiú má suíodh go bhfuil maoirseoireacht éifeachtach déanta go dtí seo ag an iarratasóir, nó ag na soláthraithe margaí eile a bhfuil MFGM 45 mhilliún acu, ar an bhfaisnéis a scaiptear ar a n‑ardáin, ní hionann sin agus a rá nach mbeadh na hardáin sin in ann, amach anseo, líon mór daoine a nochtadh d’ábhar neamhdhleathach ós rud é go bhfuil a MFGM fós comhionann le 45 mhilliún nó níos mó ná sin. Dá bhrí sin, agus mar is léir ó mhíreanna 73, 74 agus 77 thuas, ní mór a mheas gur dócha go ndéanfaidh margadh ag a bhfuil MFGM suas le 45 mhilliún cuid shuntasach den Aontas Eorpach a nochtadh d’ábhar neamhdhleathach agus, dá bhrí sin, go mbeidh sé ina chúis le riosca sistéamach de réir bhrí Airteagal 34(1)(a) de Rialachán 2022/2065.

146

Sna himthosca sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a rinne an reachtas in aithris 76 de Rialachán 2022/2065, go bhféadfadh margaí a bhfuil MFGM suas le 45 mhilliún acu rioscaí a chruthú don tsochaí atá éagsúil ó thaobh scála agus tionchair de leo siúd atá inchurtha i leith ardán níos lú.

147

Thairis sin, mar a áitíonn an t‑iarratasóir, cé go bhforchuirtear oibleagáidí ar gach margadh atá dírithe ar mhargú táirgí contúirteacha nó neamhdhleathacha a chosc le Rialachán 2022/2065, ní leor é chun a shuí gur follasach nach leor na hoibleagáidí breise a fhorchuirtear ar mhargaí a bhfuil MFGM 45 mhilliún acu chun na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán sin a chosc.

148

Ar an dara dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir, chun MFGM 45 mhilliún a bhaint amach, nach mór d’ardáin an‑mhór ar líne, i ndairíre, oibriú i roinnt Ballstát. Baineann sé de thátal as sin nach bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe na n‑ardán an‑mhór ar líne sin maidir le soláthraithe ardán ar líne a oibríonn i mBallstát aonair, lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil cuid shuntasach de dhaonra an Bhallstáit sin neamhchosanta ar ábhar na n‑ardán sin. Tugann sé faoi deara, i ndáil leis sin, nach bhfuil údar leis an difríocht sin sa chóir mar gheall ar rioscaí sistéamacha áirithe a chosc, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann leis an bpróiseas daonlathach, ar rioscaí náisiúnta iad.

149

Mar sin féin, ar an gcéad dul síos, ní mhíníonn an t‑iarratasóir cén fáth nach bhfuil i gceist le rioscaí áirithe ach rioscaí náisiúnta, cé go bhfuil próiseas daonlathach ann ar leibhéal an Aontais, mar a leanas ó Airteagal 10 CAE agus ó Airteagal 22(2) CFAE.

150

Ar an dara dul síos, leanann sé ó Airteagal 33(2) de Rialachán 2022/2065 agus ó aithris 76 den Rialachán sin gur mheas an reachtas gur dócha go gcruthódh ardán ar líne rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais nuair a shroich nó nuair a sháraigh a MFGM 10 % de dhaonra an Aontais Eorpaigh. Maidir le hardáin ar líne nach bhfuil ach in aon Bhallstát amháin agus ar lú ná 45 mhilliún a MFGM, fiú más rud é go raibh cuid shuntasach de dhaonra an Bhallstáit sin neamhchosanta ar a n‑ábhar, ba cheart a thabhairt faoi deara gur lú an seans go n‑eascróidh rioscaí sistéamacha astu ar leibhéal an Aontais i gcomparáid le hardáin ar líne a bhfuil MFGM níos mó ná 45 mhilliún acu.

151

Dá bhrí sin, ní mór a mheas nach ndéanann Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid nach bhfuil feidhm aige ach amháin maidir le soláthraithe margaí a bhfuil MFGM 45 mhilliún acu, idirdhealú treallach nó míchuí go follasach chun na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán sin a chosc.

152

Ar an tríú dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir gur cheart caitheamh le soláthraí margaí agus le miondíoltóirí ar an mbealach céanna chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 34 go 43 de Rialachán 2022/2065 a chur i bhfeidhm. Cuireann sé in iúl nach gcumhdaítear miondíoltóirí, eadhon gnóthais nach ndéanann ach a dtáirgí féin a mhargú ar an idirlíon, le hAirteagal 33(1) den Rialachán sin, cé go gceadaítear, amhail margaí, do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaí leo freisin.

153

Mar sin féin, ar an gcéad dul síos, murab ionann agus suíomhanna gréasáin miondíoltóirí, scaipeann ardáin ar líne faisnéis a sholáthraíonn faighteoir na seirbhíse. Dá bhrí sin, cé nach scaipeann suíomhanna gréasáin miondíoltóirí ach a gcuid faisnéise féin, i bprionsabal, is dócha go scaipfidh ardáin ar líne faisnéis ó líon mór daoine. Dá bhrí sin, is léir ó staidéar eacnamaíoch an iarratasóra go ndéanann roinnt milliún díoltóir a dtáirgí a mhargú ar ardán Amazon Store.

154

Sna himthosca sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, murab ionann agus miondíoltóirí, nach gá go mbeadh eolas ag soláthraithe ardán ar líne ar an bhfaisnéis go léir a scaiptear ar a n‑ardáin. Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcúis sin, go mbaineann siad tairbhe as díolúintí ó dhliteanas, nach ndéanann an t‑iarratasóir díospóid ina leith. Dá bhrí sin, leanann sé ó Airteagal 6 de Rialachán 2022/2065 nach bhfuil na soláthraithe sin faoi dhliteanas i leith faisnéis a stóráiltear arna hiarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse i gcás nach bhfuil siad ar an eolas faoi ghníomhaíocht neamhdhleathach nó ábhar neamhdhleathach. Foráiltear le hAirteagal 8 den Rialachán sin, i ndáil leis sin, nach bhforchuirfear ar na soláthraithe sin aon oibleagáid ghinearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis arna tarchur nó arna stóráil acu agus nach gceart go lorgóidís fíorais ná cúinsí go gníomhach a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios.

155

Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, murab ionann agus miondíoltóirí, gur dócha go n‑éascóidh soláthraithe ardán mór ar líne scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh gan a n‑eolas agus gan aon dliteanas orthu ina leith sin.

156

Ar an dara dul síos, thug an Coimisiún faoi deara, ina mheasúnú tionchair, ‘[go raibh] cás uathúil na n‑ardán is mó ar líne, amhail líonraí sóisialta nó margaí ar líne, ina thoisc thábhachtach sna fadhbanna a sainaithníodh’, ‘[gur dhírigh] líon réasúnta beag ardán ar líne líon an‑mhór úsáideoirí, tomhaltóirí agus trádálaithe araon’ agus ‘[go raibh] leibhéal níos airde riosca sochaíoch agus eacnamaíoch ag ardáin an‑mhór, ós rud é gur spásanna poiblí de facto iad agus [go raibh] ról sistéamach acu do na milliúin saoránach agus gnólachtaí’. Thug an Coimisiún faoi deara freisin, ‘i bhfocail eile, [go raibh] tionchar i bhfad níos mó acu ar an tsochaí agus ar an margadh aonair ná ardáin níos lú toisc [gur bhain] siad le pobal mór’. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh ról suntasach ag ardáin an‑mhór ar líne do thomhaltóirí agus do dhíoltóirí araon a dhéanann a dtáirgí a mhargú ar na hardáin sin. Níl aon díospóid ann nach bhfuil ról den sórt sin ag miondíoltóirí, i ndáil leis na díoltóirí sin ar a laghad.

157

Sna himthosca sin, ní mór a mheas nach ndéanann Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir le soláthraithe margaí agus ní le miondíoltóirí, idirdhealú treallach nó míchuí go follasach chun na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán sin a chosc.

158

Dá bhrí sin, níl aon bhunús ag an iarratasóir ná ag bevh lena maíomh go sáraítear Airteagal 20 den Chairt le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065.

159

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don tríú cuid den chéad saincheist dlí.

(d)   An ceathrú cuid den chéad saincheist dlí, lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 11(1) den Chairt

160

Áitíonn an t‑iarratasóir, le tacaíocht ó bevh, go sáraítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a chumhdaítear in Airteagal 11(1) den Chairt le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a chuirtear margaí áirithe faoi réir na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 38 den Rialachán sin. Áitíonn sé gurb é atá i gceist leis an oibleagáid sin rogha nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú a chur ar fáil i ndáil le gach córas moltaí. Dá bhrí sin, sháródh an oibleagáid sin an tsaoirse chun tuairimí tráchtála a nochtadh atá ag margaí a mhéid a chuireann sí cosc orthu na hearraí is ábhartha a chur i láthair do thomhaltóirí. Chuirfeadh sé bac freisin ar chumas díoltóirí tríú páirtí ar mhargaí a dtáirgí a chur chun cinn go héifeachtach agus cumarsáid a dhéanamh lena gcustaiméirí. Ar deireadh, ní bheadh údar maith leis chun na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear sa Rialachán sin a chosc.

161

Cuireann an Coimisiún, le tacaíocht ón bParlaimint, ón gComhairle agus ó BEUC, i gcoinne argóintí an iarratasóra.

162

De réir Airteagal 11(1) den Chairt, tá an ceart chun tuairimí a nochtadh ag gach duine. Folóidh an ceart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha.

163

Sna mínithe a bhaineann leis an gCairt, sonraítear go bhfreagraíonn Airteagal 11 den Chairt d’Airteagal 10 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘ECHR’).

164

Ba cheart a mheabhrú, i ndáil leis sin, gur léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine go bhfuil feidhm ag Airteagal 10 de ECHR, lena gcosnaítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, go háirithe maidir le scaipeadh faisnéise tráchtála ag fiontraí, go háirithe i bhfoirm teachtaireachtaí fógraíochta (féach breithiúnas an 3 Feabhra 2021, Fussl Modestraße Mayr, C‑555/19, EU:C:2021:89, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear).

165

Mar a mheabhraítear i mír 95 thuas, foráiltear le hAirteagal 38 de Rialachán 2022/2065 go dtairgfidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne a úsáideann córais moltaí rogha amháin ar a laghad do gach ceann dá gcórais moltaí nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú.

166

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara nach míníonn an t‑iarratasóir cén fáth a bhfuil Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065, nach bhfuil feidhm aige ach amháin maidir le soláthraithe ardán an‑mhór ar líne, in ann srian a chur ar an gcaoi a bhféadfaidh díoltóirí a mhargaíonn táirgí ar mhargadh a bhfaisnéis tráchtála a chur i láthair, lena n‑áirítear a dteachtaireachtaí fógraíochta. Dá bhrí sin, níl údar le maíomh an iarratasóra gurb ionann an fhoráil sin agus cur isteach ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag na díoltóirí sin.

167

Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuirtear srian le hAirteagal 38 de Rialachán 2022/2065, a mhéid a cheanglaítear leis ar sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne rogha amháin ar a laghad a thairiscint do gach ceann dá gcórais moltaí nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, ar an gcaoi a bhféadfaidh na soláthraithe sin na táirgí a mhargaítear ar a n‑ardáin a chur i láthair i gcás ina roghnaíonn an faighteoir rogha den sórt sin.

168

Dá bhrí sin, is ionann Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065 agus cur isteach ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag margaí.

169

Mar sin féin, ní mór a mheabhrú nach cearta iomlána iad na cearta a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt, ach nach mór iad a chur san áireamh i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Privacy International, C‑623/17, EU:C:2020:790, mír 63). Mar is léir ó mhír 55 thuas, ní mór foráil a dhéanamh sa dlí d’aon theorannú ar na cearta sin, inneachar sár-riachtanach na gceart sin a urramú agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, é a bheith riachtanach agus cuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint a chomhlíonadh go héifeachtach.

170

Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, níl aon díospóid ann go ndéantar foráil maidir leis an teorannú a eascraíonn as Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065 le gníomh reachtach agus, dá bhrí sin, nach mór a mheas go bhforáiltear dó le dlí.

171

Ar an dara dul síos, ní dhéantar difear do bhunbhrí na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil do sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne. Ar thaobh amháin, níl rialacha in Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065 lena gcuirtear srian ar shaoirse na soláthraithe sin táirgí a chur i láthair a mhargaítear ar a n‑ardáin i gcomhthéacs córas moltaí nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú. Ar an taobh eile, ní chuireann an fhoráil sin cosc ar na soláthraithe sin córais moltaí atá bunaithe ar phróifíliú a thairiscint má chuireann siad rogha ar fáil freisin, i ndáil le gach ceann de na córais sin, nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú.

172

Ar an tríú dul síos, leis an teorannú a eascraíonn as Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065, saothraítear cuspóir leasa ghinearálta arna aithint ag an Aontas Eorpach. Mar a tugadh faoi deara i mír 101 den bhreithiúnas seo, is dócha go gcuirfidh an fhoráil sin le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a chumhdaítear in Airteagal 38 den Chairt.

173

Ar an gceathrú dul síos, maidir le comhréireacht an chur isteach a aimsíodh, ní mór a thabhairt faoi deara gur léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le hAirteagal 10(2) de ECHR go bhfuil lánrogha áirithe ag na húdaráis lena mbaineann agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil riachtanas sóisialta sáraitheach ann a d’fhéadfadh údar a thabhairt le srian ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. De réir an chásdlí sin, tá sé sin fíor-riachtanach go háirithe in ábhair thráchtála agus go mór mór i réimse atá chomh casta agus athraitheach leis an bhfógraíocht (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Feabhra 2021, Fussl Modestraße Mayr, C‑555/19, EU:C:2021:89, mír 91).

174

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go n‑eascraíonn an oibleagáid rogha amháin ar a laghad a mholadh do gach córas moltaí nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, a leagtar amach in Airteagal 38 de Rialachán 2022/2065, as cothromaíocht a bhaint amach idir saoirse tráchtála soláthraithe ardán an‑mhór ar líne chun tuairimí a nochtadh agus cosaint tomhaltóirí. Dá bhrí sin, bhí an reachtas i dteideal a mheas, gan a lánrogha leathan a shárú, gur éilíodh le cosaint tomhaltóirí go mbeadh rochtain ag na tomhaltóirí sin, dá mba mhian leo é, ar rogha nach raibh bunaithe ar phróifíliú do gach ceann de na córais moltaí a úsáidtear ar ardáin an‑mhór ar líne.

175

Dá bhrí sin, ní mór a mheas nach bhfuil aon bhunús ag an iarratasóir ná ag bevh lena maíomh go sáraítear Airteagal 11 den Chairt le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065.

176

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don cheathrú cuid den chéad saincheist dlí.

(e)   An cúigiú cuid den chéad saincheist dlí lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 7 den Chairt

177

Áitíonn an t‑iarratasóir, le tacaíocht ó bevh, go sáraítear an chosaint a thugtar do shonraí pearsanta a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a chuireann sé margaí áirithe faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 39 agus in Airteagal 40(4) agus (12) den Rialachán sin. Ar thaobh amháin, is dócha go ndéanfar dochar suntasach tráchtála do sholáthraithe margaidh dá nochtfaí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán sin don phobal. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh sé go gcuirfí méid mór faisnéise in iúl do thaighdeoirí mar thoradh ar Airteagal 40(4) agus (12) den Rialachán sin. Thairis sin, ní fhoráiltear leis an bhforáil sin do choimircí leordhóthanacha chun rúndacht na faisnéise sin a chaomhnú. Ar deireadh, níl údar le hAirteagal 39 ná le hAirteagal 40(4) agus (12) den Rialachán atá i gceist chun na rioscaí sistéamacha a chumhdaítear leis an Rialachán sin a chosc.

178

Cuireann an Coimisiún, le tacaíocht ón bParlaimint, ón gComhairle agus ó BEUC, i gcoinne argóintí an iarratasóra.

179

Faoi Airteagal 7 den Chairt, tá an ceart ag gach duine meas a bheith acu ar a shaol príobháideach agus ar a shaol teaghlaigh, ar a chónaí agus ar a chuid cumarsáide.

180

Sna mínithe a bhaineann leis an gCairt, cuirtear in iúl go bhfreagraíonn na cearta a ráthaítear in Airteagal 7 den Chairt do na cearta a ráthaítear le hAirteagal 8 de ECHR. Dá dheasca sin, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, is ionann na teorainneacha a fhéadfar a fhorchur go dlisteanach leis an gceart seo agus na teorainneacha a cheadaítear le hAirteagal 8 de ECHR.

181

Ba cheart a mheabhrú, i ndáil leis sin, gur léir ó chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine nach n‑eisiatar gníomhaíochtaí gairmiúla nó tráchtála daoine nádúrtha agus dlítheanacha leis an gcoincheap ‘saol príobháideach’ (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Feabhra 2008, Varec, C‑450/06, EU:C:2008:91, mír 48, agus an 29 Iúil 2024, Belgian Association of Tax Lawyers agus páirtithe eile, C‑623/22, EU:C:2024:639, mír 126).

182

Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, mar is léir ó mhír 87 thuas, foráiltear le hAirteagal 39 de Rialachán 2022/2065 go gcoinneoidh soláthraithe ardán an‑mhór ar líne clár ina bhfuil faisnéis a bhaineann lena ngníomhaíochtaí fógraíochta, agus go gcuirfidh siad é ar fáil don phobal, ar feadh na tréimhse iomláine ina gcuireann siad na fógráin lena mbaineann i láthair agus suas le bliain amháin tar éis a gcur i láthair deiridh. Sonraítear leis an bhforáil sin freisin nach mór do na soláthraithe sin a áirithiú nach bhfuil aon sonraí pearsanta de chuid fhaighteoirí na seirbhíse ar cuireadh na fógráin sin i láthair dóibh nó a bhféadfaí na fógráin sin a chur i láthair dóibh.

183

Ar an dara dul síos, leanann sé ó mhíreanna 114 agus 117 thuas go bhforáiltear le hAirteagal 40(4) agus (12) de Rialachán 2022/2065 go bhféadfadh sé go mbeadh ar sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne faisnéis éagsúil, lena n‑áirítear faisnéis rúnda, a chur in iúl do thaighdeoirí grinnfhiosraithe ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta.

184

Sna himthosca sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb ionann Airteagal 39 agus Airteagal 40(4) agus (12) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a cheanglaítear leo ar sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne faisnéis a d’fhéadfadh a bheith rúnda a nochtadh, agus cur isteach ar an gceart chun measa ar an saol príobháideach a ráthaítear in Airteagal 7 den Chairt.

185

Mar sin féin, ní léir gur cearta iomlána iad na cearta a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, ach ní mór iad a chur san áireamh i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí (breithiúnais an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland agus Schrems, C‑311/18, EU:C:2020:559, mír 172, agus an 29 Iúil 2024, Belgian Association of Tax Lawyers agus páirtithe eile, C‑623/22, EU:C:2024:639, mír 134). Mar is léir ó mhír 55 thuas, ní mór foráil a dhéanamh sa dlí d’aon theorannú ar na cearta sin, inneachar sár-riachtanach na gceart sin a urramú agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, é a bheith riachtanach agus cuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint a chomhlíonadh go héifeachtach.

186

Sa chás seo, ar dtús, níl aon díospóid ann go ndéantar foráil maidir leis na teorainneacha a eascraíonn as Airteagal 39 agus Airteagal 40(4) agus (12) de Rialachán 2022/2065 le gníomh reachtach agus, dá bhrí sin, nach mór a mheas go bhforáiltear dóibh le dlí.

187

Sa dara háit, ní dhéantar difear do bhunbhrí an chirt chun príobháideachais atá ag soláthraithe ardán an‑mhór ar líne.

188

Ar an gcéad dul síos, foráiltear le hAirteagal 39 de Rialachán 2022/2065 nach ndéanfar faisnéis a scaipeadh ach amháin ar feadh tréimhse theoranta ama agus i ndáil le cuid theoranta de ghníomhaíocht eacnamaíoch margaí amháin. I ndáil leis sin, aithníonn an t‑iarratasóir féin nach ionann a ioncam fógraíochta ach 7 % dá ioncam iomlán. Ina theannta sin, mar a cuireadh in iúl i míreanna 110 agus 112 den bhreithiúnas seo, ní fhoráiltear leis an bhforáil sin do scaipeadh faisnéise a bhaineann le rath fógraíochta, rud a mhaíonn an t‑iarratasóir a bheith ar an gceann is íogaire ó thaobh na tráchtála de. Thairis sin, níl cuid den fhaisnéis sin, amhail an fhaisnéis a bhaineann le hinneachar na bhfógrán, na n-earraí agus na marcanna is ábhar do na fógráin atá i gceist, faoi rún. Ar deireadh, cuirtear cosc leis an bhforáil sin ar scaipeadh aon sonraí pearsanta de chuid fhaighteoirí na seirbhíse a fhaigheann na fógráin sin.

189

Thairis sin, mhaígh an t‑iarratasóir, mar fhreagra ar cheist ón gCúirt Ghinearálta ag an éisteacht, go gceanglaítear le hAirteagal 39(2)(b) agus (c) de Rialachán 2022/2065 go nochtfar céannacht an duine nádúrtha ar cuireadh an fógrán i láthair thar a cheann nó a d’íoc as. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gceadaítear le nochtadh den sórt sin, ann féin, forléargas a fháil ar shaol príobháideach agus ar shaol teaghlaigh an duine lena mbaineann. Sna himthosca sin, ní léir go bhféadfadh nochtadh céannachta fógróra amháin a bheith ina chur isteach ar bhunbhrí na gceart a ráthaítear in Airteagal 7 den Chairt (féach, chuige sin agus de réir analaí, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR idir an tAontas Eorpach agus Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, míreanna 150 agus 151; breithiúnais an 22 Samhain 2022, Luxembourg Business Registers, C‑37/20 agus C‑601/20, EU:C:2022:912, míreanna 50 go 52, agus an 21 Márta 2024, Landeshauptstadt Wiesbaden, C‑61/22, EU:C:2024:251, míreanna 80 agus 81).

190

Ar an dara dul síos, déantar foráil le hAirteagal 40(4) agus (12) de Rialachán 2022/2065 nach gcuirfidh faisnéis ar fáil ach amháin ar iarraidh réasúnaithe ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta agus ach amháin do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a léirigh, inter alia, i gcomhréir le hAirteagal 40(8)(d) den Rialachán sin, go bhfuil siad in ann na ceanglais shonracha a bhaineann le slándáil agus rúndacht sonraí a chomhlíonadh.

191

Ar an tríú dul síos, maidir le comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta, ní mór a áirithiú, ar an gcéad dul síos, go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 39 agus Airteagal 40(4) agus (12) de Rialachán 2022/2065 iomchuí chun cuspóir leasa ghinearálta arna aithint ag an Aontas a bhaint amach; ar an dara dul síos, go bhfuil an cur isteach ar an gceart bunúsach chun measa ar an saol príobháideach a d’fhéadfadh teacht as na hoibleagáidí sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, a mhéid nach bhféadfaí an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach go réasúnta chomh héifeachtach céanna trí mhodhanna eile nach ndéanann an dochar céanna don cheart sin, agus, ar an tríú dul síos, a mhéid is fíor sin, nach bhfuil an cur isteach sin díréireach agus nach gcruthaíonn sé míbhuntáistí atá díréireach leis an gcuspóir sin, rud a thugann le tuiscint, go háirithe, go ndéantar measúnú ar thábhacht an chuspóra sin agus ar thromchúis an chur isteach sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2024, Belgian Association of Tax Lawyers agus páirtithe eile, C‑623/22, EU:C:2024:639, mír 139). I ndáil leis sin, mar sin féin, ba cheart a mheabhrú gur dócha go rachaidh an ceart chun cur isteach ar an saol príobháideach níos faide i ndáil le gníomhaíochtaí gairmiúla nó tráchtála ná i gcásanna eile (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Deireadh Fómhair 2002, Roquette Frères, C‑94/00, EU:C:2002:603, mír 29, agus an 29 Iúil 2024, Belgian Association of Tax Lawyers agus páirtithe eile, C‑623/22, EU:C:2024:639, mír 127).

192

Ar an gcéad dul síos, murab ionann agus an méid a mhaíonn bevh, tá na teorainneacha a eascraíonn as Airteagal 39 agus Airteagal 40(4) agus (12) de Rialachán 2022/2065 oiriúnach chun cuspóir leasa ghinearálta arna aithint ag an Aontas Eorpach a bhaint amach. Mar a tugadh faoi deara i míreanna 89 agus 118 den bhreithiúnas seo, féachtar leis na forálacha sin na rioscaí sistéamacha a laghdú chun, inter alia, rannchuidiú le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a chumhdaítear in Airteagal 38 den Chairt.

193

Ar an dara dul síos, mar is léir ó mhíreanna 86 go 89 thuas, leis na bearta malartacha ar Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065, a bhfuil an t‑iarratasóir ag brath orthu, ní féidir an leibhéal céanna cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach.

194

Ina theannta sin, ní thugann an t‑iarratasóir aon fhianaise eile ar aird lena bhféadfaí a shuí go dtéann Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065 thar a bhfuil fíor-riachtanach chun a chur ar chumas na dtomhaltóirí fios a bheith acu ar na fógráin a thaispeántar ar ardáin an‑mhór ar líne, lena n‑áirítear iad siúd nach mbeidís nochta dóibh i bhfianaise na bparaiméadar spriocdhírithe a úsáidtear, agus chun tuiscint a fháil ar na cúiseanna, ag féachaint do na paraiméadair sin, go nochtar iad d’fhógráin áirithe seachas d’fhógráin eile. Ní thugann sé aon fhianaise ar aird ach an oiread lena bhféadfaí a shuí go dtéann an fhoráil sin thar a bhfuil fíor-riachtanach chun a chur ar chumas na meán agus na gcomhlachas cosanta tomhaltóirí fógráin a thaispeántar ar ardáin an‑mhór ar líne a rialú, go háirithe d’fhonn cosc a chur ar tháirgí neamhdhleathacha nó míchuí a chur chun cinn i measc lucht féachana áirithe, amhail mionaoisigh.

195

Ar an gcaoi chéanna, ní thugann an t‑iarratasóir aon fhianaise ar aird chun tacú leis an tuairim go dtéann Airteagal 40(4) agus (12) de Rialachán 2022/2065 thar a bhfuil fíor-riachtanach chun bheith in ann rioscaí sistéamacha san Aontas Eorpach a aimsiú, a shainaithint agus a thuiscint. Thairis sin, ní mhaíonn an t‑iarratasóir go bhfuil bearta malartacha ann seachas an fhoráil sin lena gcumasaítear an cuspóir sin a bhaint amach.

196

Ar an tríú dul síos, ar thaobh amháin, mar a cuireadh in iúl i míreanna 111 agus 188 thuas, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbaineann an fhaisnéis a scaiptear faoi Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065 ach le cuid theoranta de ghníomhaíocht eacnamaíoch na margaí. Ina theannta sin, níl cuid den fhaisnéis sin, amhail an fhaisnéis a bhaineann le hinneachar na bhfógrán, na dtáirgí agus na dtrádmharcanna a chumhdaítear leis na fógráin atá i gceist, faoi rún agus níl an fhaisnéis is íogaire ó thaobh na tráchtála de don iarratasóir, eadhon faisnéis a bhaineann le rath fógraíochta, mar chuid den fhaisnéis a scaiptear faoin bhforáil sin.

197

Thairis sin, a mhéid a bhí an t‑iarratasóir ag brath, ag an éisteacht, ar nochtadh chéannacht na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 39(2)(b) agus (c) de Rialachán 2022/2065, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbaineann an nochtadh sin ach le fógróirí a roghnaigh fógráin a thaispeáint ar ardán an‑mhór ar líne. Ina theannta sin, leanann sé ón bhforáil sin nach bhfuil faisnéis sa chlár a bhaineann le duine nádúrtha i gcás inar chuir duine dlítheanach an fógrán i láthair agus inar íoc duine dlítheanach as. Dá bhrí sin, tá sé oscailte i gcónaí do na fógróirí sin duine dlítheanach a bhunú ionas nach nochtfar a gcéannacht.

198

Ar an taobh eile, ní fhoráiltear le hAirteagal 40(4) agus (12) de Rialachán 2022/2065 ach, i gcásanna sonracha, go gcuirfidh faisnéis in iúl do thaighdeoirí grinnfhiosraithe ar bhealach a chaomhnóidh rúndacht na faisnéise sin.

199

Thairis sin, leag an Chúirt béim, ina cásdlí, ar chineál agus ar thábhacht leas an phobail a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, atá i staid lag vis-à-vis trádálaithe (féach breithiúnas an 3 Aibreán 2019, Aqua Med, C‑266/18, EU:C:2019:282, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear). Tá an cuspóir tomhaltóirí a chosaint níos tábhachtaí fós maidir le soláthraithe ardán an‑mhór ar líne, amhail an t‑iarratasóir, ar dócha, mar a tugadh faoi deara i mír 77 thuas, go n‑eascróidh rioscaí sistéamacha don tsochaí astu.

200

Sna himthosca sin, ní mór a mheas nach ionann Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a chuirtear margaí áirithe faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 39 agus Airteagal 40(4) agus (12) den Rialachán sin, agus cur isteach díréireach ar an gceart chun measa ar an saol príobháideach a ráthaítear in Airteagal 7 den Chairt agus nach gcruthaítear míbhuntáistí leis atá díréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

201

Dá bhrí sin, níl aon bhunús ag an iarratasóir ná ag bevh lena maíomh go sáraítear Airteagal 7 den Chairt le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065.

202

Ar deireadh, áitíonn bevh go sáraítear cosaint sonraí pearsanta a chosnaítear in Airteagal 8 den Chairt le hAirteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065, a mhéid a chuirtear margaí áirithe faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 39 den Rialachán sin. Áitíonn sé go n‑áirítear leis an bhfaisnéis a scaiptear faoin bhforáil dheireanach sin ‘céannacht nó duine dlítheanach ar thar a cheann a chuirtear an fógrán i láthair agus a n‑íoctar as’. Is leor a thabhairt faoi deara nach bhféadfaidh baint a bheith ag sonraí pearsanta ach le daoine nádúrtha agus ní le daoine dlítheanacha, mar is léir ó na mínithe a bhaineann leis an gCairt agus le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31), dá dtagraíonn na mínithe sin. Thairis sin, fiú má tá sé beartaithe le bevh tagairt a dhéanamh do na daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 39(2)(b) agus (c) de Rialachán 2022/2065, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuirfí sárú ar Airteagal 8 den Chairt as an áireamh, in aon chás, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 189 agus 197 thuas.

203

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chúigiú cuid den chéad saincheist dlí, gan aon ghá le rialú a thabhairt ar inghlacthacht argóintí áirithe a ardaíodh mar thaca leis sa fhreagra, arna gconspóid ag an gCoimisiún.

204

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad saincheist dlí ina hiomláine.

B. An dara agus an tríú saincheist dlí lena n‑éilítear pléadáil neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagail 38 agus 39 de Rialachán 2022/2065 faoi seach

205

Leis an dara agus an tríú saincheist dlí, éilítear pléadáil neamhdhleathachta i ndáil le hAirteagail 38 agus 39 de Rialachán 2022/2065.

206

Áitíonn an t‑iarratasóir nach mór na hargóintí a forbraíodh i gcomhthéacs an dara agus an tríú saincheist dlí a thuiscint mar argóintí atá á bhforbairt freisin i gcomhthéacs na chéad saincheiste dlí.

207

Go háirithe, mar a thugtar faoi deara i míreanna 19 agus 31 thuas, lena chéad saincheist dlí, maíonn an t‑iarratasóir go bhfuil Airteagal 33(1) de Rialachán 2022/2065 neamhdhleathach toisc go gcuireann sé margaí áirithe faoi réir na n‑oibleagáidí dá bhforáiltear le hAirteagail 34 go 43 den Rialachán sin, a bheadh neamhdhleathach iad féin. Leanann sé ó mhír 32 den fhreagra nach mór a argóintí a bhaineann go sonrach le hAirteagail 38 agus 39 den Rialachán sin, a forbraíodh i gcomhthéacs na chéad saincheiste dlí, a mheas mar argóintí atá á bhforbairt freisin i gcomhthéacs an dara agus an tríú saincheist dlí agus vice versa.

208

Dá bhrí sin, ós rud é gur diúltaíodh don chéad saincheist dlí toisc í a bheith gan bhunús, ní mór, dá bhrí sin, an dara agus an tríú saincheist dlí a dhiúltú toisc iad a bheith gan bhunús, gan aon ghá rialú a thabhairt ar a n‑inghlacthacht, arna gconspóid ag an gCoimisiún, ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag BEUC.

209

Leanann sé ón méid sin roimhe seo nach mór an chaingean a dhíbhe ina hiomláine, gan aon ghá le rialú a thabhairt ar inghlacthacht an dara cuntar éilimh, arna díospóid ag an gCoimisiún.

IV. Costais

210

De réir Airteagal 134(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ordófar don pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc má rinneadh iarratas orthu i bpléadálacha an pháirtí ar éirigh leis. Ós rud é nár éirigh leis an iarratasóir, ní mór a ordú dó costais an Choimisiúin a íoc, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí idirlinne, i gcomhréir leis an ordú arna lorg ag an gCoimisiún.

211

Ina theannta sin, faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, beidh ar institiúidí a bhfuil idiragairt sna himeachtaí déanta acu a gcostais féin a íoc. Mar sin, íocfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle a gcostais féin.

212

Ar an gcaoi chéanna, de bhun Airteagal 138(3) de na Rialacha Nós Imeachta, íocfaidh BEUC agus bevh a gcostais féin.

 

Ar na forais sin,

dearbhaíonn agus rialaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Seachtú Dlísheomra Méadaithe),

mar seo a leanas:

 

1.

Díbhtear an chaingean.

 

2.

Ordaítear do Amazon EU Sàrl a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí idirlinne.

 

3.

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, do Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) agus do Bundesverband E-Commerce und Versandhandel Deutschland eV (bevh) a gcostais féin a íoc.

 

Papasavvas

Kowalik-Bańczyk

Buttigieg

Dimitrakopoulos

Ricziová

Arna thabhairt i gcúirt oscailte i Lucsamburg, an 19 Samhain 2025.

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.

Eureka is adding links…