Eureka C-291/24 Definitions Sign in

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)

29 Eanáir 2026 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta – Treoir (AE) 2015/849 – Pionóis – Airteagal 58 – Dliteanas daoine dlítheanacha – Airteagal 59 – Sárú ar a oibleagáidí arna dhéanamh ag daoine nádúrtha a á chur i leith duine dlítheanach – Coinníollacha – Airteagal 60)

I gCás C‑291/24,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Bundesverwaltungsgericht (Cúirt Riaracháin Chónaidhme, an Ostair), trí bhreith an 25 Aibreán 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 25 Aibreán 2024, sna himeachtaí

Steiermärkische Bank und Sparkassen AG,

KL,

TR

v

Österreichische Finanzmarktaufsichtsbehörde (FMA),

tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: I. Jarukaitis, Uachtarán Dlísheomra, M. Condinanzi (Rapóirtéir) agus N. Jääskinen, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,

Cláraitheoir: I. Illéssy, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 9 Aibreán 2025,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–

Steiermärkische Bank und Sparkassen AG, KL agus TR, ag S. Ficulovič agus B. Fletzberger, Rechtsanwälte,

–

Österreichische Finanzmarktaufsichtsbehörde (FMA), ag D. Wagner agus P. Wanek, i gcáil Gníomhairí,

–

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller, i gcáil Gníomhaire,

–

an Coimisiún Eorpach, ag A. Manzaneque Valverde agus G. von Rintelen, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 3 Iúil 2025,

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú leis an léiriú atá le tabhairt ar Airteagal 58(1) go (3), Airteagal 59(1) agus Airteagal 60(5) agus (6) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO 2015 L 141, lch. 73), arna leasú le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 (IO 2018 L 156, lch. 43) (‘Treoir 2015/849’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Steiermärkische Bank und Sparkassen AG, KL agus TR agus Österreichische Finanzmarktaufsichtsbehörde (FMA) (Údarás Maoirseachta na Margaí Airgeadais (‘FMA’), an Ostair) maidir le dlíthiúlacht an chinnidh lenar fhorchuir FMA pionós riaracháin coiriúil ar Steiermärkische Bank und Sparkassen.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Treoir 2015/849,

3

Foráiltear mar a leanas le haithrisí 1, agus 59 de Threoir 2015/849:

‘(1)

Is féidir dochar a dhéanamh do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú na hearnála airgeadais le drochshreafaí airgid agus a bheith ina mbagairt ar mhargadh inmheánach an Aontais [Eorpaigh] agus ar an bhforbairt idirnáisiúnta. Tá sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus coireacht eagraithe ina bhfadhbanna móra fós ar ceart aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais. Chomh maith le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chur chuige an dlí choiriúil ar leibhéal an Aontais, tá cosc spriocdhírithe agus comhréireach ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta fíor-riachtanach agus is féidir torthaí comhlántacha a bhaint amach leis.

[...]

(59)

Ba cheart go leagfaidh na Ballstáit síos, sa dlí náisiúnta, pionóis agus bearta riaracháin éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha as mainneachtain na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo a chomhlíonadh mar thoradh ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Leagtar an méid seo a leanas amach in Airteagal 1(1) agus (2) den Treoir sin:

‘1.   Tá sé ina aidhm leis an Treoir seo úsáid chóras airgeadais an Aontais chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear toirmeasc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 2(1) den Treoir sin:

‘Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na heintitis faoi oibleagáid seo a leanas:

(1)

institiúidí creidmheasa;

(2)

institiúidí airgeadais;

(3)

na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas ag gníomhú dóibh i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí gairmiúla:

[...]’

6

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 5 den Treoir:

‘Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil i bhfeidhm chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc laistigh de theorainneacha dhlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

I gCaibidil VI de Threoir 2015/849, dar teideal ‘Beartais, nósanna imeachta agus maoirseacht’, tá Roinn 4, dar teideal ‘Pionóis’, ina gcuimsítear Airteagail 58 go 62 den Treoir sin. Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 58(1) go (3):

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar eintitis faoi oibleagáid a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 59 go 61. Beidh aon phionós nó aon bheart a eascraíonn as sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a ghearradh, déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionós agus bearta riaracháin agus áiritheoidh siad go bhféadfaidh a n‑údaráis inniúla na pionós agus na bearta sin a ghearradh i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, agus áiritheoidh siad go gcuirfear i bhfeidhm iad.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin mar gheall ar shárú ar fhorálacha atá faoi réir pionóis coiriúla ina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit na forálacha ábhartha sin den dlí coiriúil in iúl don Choimisiún [Eorpach].

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú freisin i gcás ina sainaithníonn a n‑údaráis inniúla sáruithe atá faoi réir pionóis coiriúla, go gcuirfidh siad na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an eolas ar bhealach tráthúil.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí maidir le daoine dlítheanacha, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, go bhféadfar pionóis agus bearta a fhorchur ar chomhaltaí na gcomhlachtaí bainistíochta agus ar dhaoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 59 den Treoir sin:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an Airteagal seo ar a laghad maidir le sáruithe tromchúiseacha, leantacha, nó córasacha, nó meascán dóibh sin, arna ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid, ar na ceanglais dá bhforáiltear sna hAirteagail seo a leanas:

(a)

Airteagail 10 go 24 (oibleagáidí díchill chuí custaiméara);

(b)

Airteagail 33, 34 agus 35 (tuairisc ar idirbhearta amhrasacha);

(c)

Airteagal 40 (taifid a choimeád); agus

(d)

Airteagail 45 agus 46 (rialuithe inmheánacha).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, go n‑áireofar leis na pionóis agus na bearta riaracháin a d’fhéadfadh a chur i bhfeidhm an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

ráiteas poiblí ina sainaithnítear an duine nádúrtha nó dlítheanach agus cineál an tsáraithe;

(b)

ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach deireadh a chur leis an iompar i gceist agus staonadh ón iompar sin a athdhéanamh;

(c)

i gcás ina mbeidh eintiteas faoi oibleagáid faoi réir údarú, an t‑údarú sin a tharraingt siar nó a chur ar fionraí;

(d)

cosc sealadach ar aon duine a fheidhmíonn freagrachtaí bainistíochta in eintiteas faoi oibleagáid, nó ar aon duine nádúrtha eile atá faoi dhliteanas i leith an tsáraithe, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú in eintitis faoi oibleagáid;

(e)

pionóis uasta riaracháin airgeadais de mhéid arb ionann iad agus dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú ar a laghad, i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, nó EUR 1000000 ar a laghad.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, de mhaolú ar mhír 2(e), i gcás gur institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais é an t‑eintiteas faoi oibleagáid lena mbaineann, go bhféadfaidh na pionóis seo a leanas a chur i bhfeidhm freisin:

(a)

i gcás duine dlítheanach, pionóis uasta airgid riaracháin ar luach EUR 5000000 ar a laghad nó, 10 % den láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht [...];

(b)

i gcás duine nádúrtha, pionós uasta riaracháin airgeadais de mhéid EUR 5000000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an Euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 25 Meitheamh 2015.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla cineálacha eile pionós riaracháin a ghearradh sa bhreis orthu siúd dá dtagraítear i mír 2(a) go (d), nó pionóis riaracháin airgeadais ar mó iad ná na méideanna dá dtagraítear i mír 2(e) agus i mír 3 a ghearradh.’

9

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 60(5) agus (6) den Treoir sin:

‘5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 59(1) a chur i leith daoine dlítheanacha arna ndéanamh ag aon duine chun sochair dóibh, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid d’orgán an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an chumhacht ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;

(b)

údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó

(c)

údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inar fhág easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo gur féidir le duine faoi údarás an duine dhlítheanaigh ceann de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 59(1) a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin.’

Rialachán (AE) 2016/679

10

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, ‘RGCS’).

‘Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

[...]

(i)

fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear sa mhír seo nó ina n‑ionad, ag brath ar dhálaí gach cáis faoi leith;

[...] ’

11

Foráiltear méid seo a leanas le hAirteagal 83(1) agus (6) den Rialachán sin:

‘1.   Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.

2.   Gearrfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar dhálaí gach cáis aonair, de bhreis ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) agus i bpointe (j) d’Airteagal 58(2) nó ina n‑ionad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

[...]

3.   Más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d'aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí.

4.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le [EUR 10000000], nó i gcás fiontair, suas le 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

[...]

5.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le [EUR 20000000], nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

[...]

6.   Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2), i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le [EUR 20000000], nó i gcás fiontair, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na hOstaire

12

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 34 den Finanzmarkt‑Geldwäschegesetz (an Dlí maidir le sciúradh airgid ar na margaí airgeadais) an 26 Iúil 2017, BGBl. I Uimh. 118/2016, leagan an 28 Bealtaine 2021, BGBl. I Uimh. 17/2018, ‘an Dlí maidir le sciúradh airgid’):

‘(1)   Aon duine, i gcáil duine atá freagrach [Airteagal 9 den Verwaltungsstrafgesetz (an Dlí maidir le pionóis riaracháin; (“an Dlí maidir le pionóis riaracháin”))] as eintiteas faoi oibleagáid, a sháraíonn na hoibleagáidí a leagtar síos in

[...]

2. Airteagail 5 go 12 (oibleagáidí díchill chuí i leith an chustaiméara);

[...]

8. Airteagal 23(1) go (3) nó (6) (eagraíocht inmheánach);

[...]

déanann sé cion riaracháin agus ordaíonn FMA dó fíneáil suas le EUR 150000 a íoc.

(2)   Más sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha iad na sáruithe ar na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe 1 de mhír 2 [...] nó má tá teaglaim de na saintréithe sin ag baint leo, féadfaidh an fhíneáil a bheith suas le EUR 5000000 nó dhá oiread an tsochair a dhíorthaítear ó shárú na hoibleagáide, más féidir í a chainníochtú.

(3)   Aon duine, i gcáil duine atá freagrach (Airteagal 9 den Dlí maidir le pionóis riaracháin) as eintiteas faoi oibleagáid,

1.

a mhainníonn arís agus arís eile nó go córasach an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a sholáthar, de shárú ar Airteagail 4 go 6 de Rialachán (AE) 2015/847 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO 2015 L 141, lch. 1)];

2.

a mhainníonn an oibleagáid maidir le faisnéis a choinneáil a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán [2015/847] a chomhlíonadh agus go ndéantar an mhainneachtain sin arís agus arís eile, go córasach agus go tromchúiseach;

3.

mainneachtain nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe a chur chun feidhme, de shárú ar Airteagal 8 nó Airteagal 12 de Rialachán [2015/847], nó

4.

i gcás inar soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(5) é an t‑eintiteas faoi oibleagáid, déanann sé sárú tromchúiseach ar Airteagal 11 nó 12 de Rialachán [2015/847],

déanann sé cion riaracháin agus ní mór do FMA fíneáil suas le EUR 5000000 a ghearradh air nó dhá oiread an tsochair a eascraíonn as mainneachtain an oibleagáid a chomhlíonadh a íoc, más féidir é a chainníochtú.

[...] ’

13

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 35 den Dlí maidir le sciúradh airgid:

‘(1)   Féadfaidh FMA fíneálacha a ghearradh ar dhaoine dlítheanacha i gcás ina ndearna aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh lena mbaineann, sárú ar oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 34(1) go (3), agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach sin, bunaithe ar an méid seo a leanas:

1. an chumhacht ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;

2. údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó

3. údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

(2)   Féadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas freisin i leith sáruithe ar na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) go (3) i gcás gur féidir le duine atá ag gníomhú thar a cheann, mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ceann de na sáruithe ar na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) go (3) a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin.

[...] ’

14

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 36 den dlí sin:

‘Maidir leis na cionta riaracháin dá bhforáiltear sa Dlí Cónaidhme seo, beidh feidhm ag tréimhse 3 bliana in ionad na tréimhse teorann le haghaidh caingne (Airteagal 31(1) den Dlí maidir le pionóis riaracháin). I gcásanna den sórt sin, 5 bliana atá sa tréimhse theorann le haghaidh pionóis (Airteagal 31(2) den Dlí maidir le pionóis riaracháin).’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear

15

Le cinneadh an 29 Feabhra 2024, d’fhorchuir FMA, de bhun Airteagal 35(1) agus (2) den Dlí maidir le sciúradh airgid, pionós ar Steiermärkische Bank und Sparkassen, ar an bhforas gur sháraigh sé a oibleagáidí díchill chuí i ndáil le sciúradh airgid.

16

Agus achomharc i gcoinne an chinnidh sin á éisteacht aige, aicmíonn an Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Riaracháin Chónaidhme, an Ostair), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, an pionós sin mar ‘phionós riaracháin coiriúil’ agus sonraíonn sé nach dtaithítear dliteanas coiriúil daoine dlítheanacha i ‘ndlí coiriúil riaracháin’ na hOstaire. Dar leis an gcúirt sin, tá Airteagal 35(1) agus (2) den Dlí maidir le sciúradh airgid, lena ndearnadh, go bunúsach, forálacha Airteagal 59 agus Airteagal 60(5) agus (6) de Threoir 2015/849 a thrasuí i ndlí na hOstaire, ar cheann de na chéad fhorálacha inar tugadh dliteanas coiriúil daoine dlítheanacha isteach sa dlí sin.

17

Mar sin féin, tugadh isteach, le hAirteagal 35(1), mar choinníoll breise chun pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach, ‘go ndearna duine nádúrtha mainneachtain na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 d’Airteagal 34 a chomhlíonadh’ thar a cheann.

18

Is iad KL agus TR an bheirt ar daoine nádúrtha iad a bhfuil a ngníomhaíochtaí inchurtha i leith Steiermärkische Bank und Sparkassen. Is páirtithe iad freisin, mar chúisithe, sna príomhimeachtaí.

19

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, de réir chásdlí an Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Ostair), chun go mbeifí in iúl pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach, gur gá, ar an gcéad dul síos, go raibh an duine nádúrtha a bhfuil a ghníomh le cur i leith an duine dhlítheanaigh sin ina pháirtí sna himeachtaí lena mbaineann roimh ré agus gur déileáladh leis sa chomhthéacs sin ní hamháin mar fhinné, ach mar chúisí, leis na cearta uile a ghabhann leis an stádas sin, ar an dara dul síos, go bhfuil an gníomh ar cion é, neamhdhleathach agus éagórach, arna dhéanamh ag an duine nádúrtha sin nó ag ionadaí dlíthiúil an duine dhlítheanaigh chéanna, arna shainaithint go cuí, bunaithe sa chuid oibríochtúil den chinneadh lena bhforchuirtear pionós ar an duine dlítheanach sin, agus, ar an tríú dul síos, go bhfuil an gníomh sin, sa chuid oibríochtúil sin, curtha i leith an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.

20

Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcuireann na ceanglais bhreise sin srian ar raon feidhme Airteagal 60(5) de Threoir 2015/849. Is é an phríomhchúis atá le hamhras na cúirte sin nach mór do na ‘pionóis agus bearta riaracháin’ dá bhforáiltear sa Treoir sin a bheith ‘éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach’, i gcomhréir le haithris 59 agus Airteagal 58(1) den Treoir sin. Ina theannta sin, tá na himeachtaí atá i gceist casta, is minic a bhíonn na fíorais is cúis leo doiléir agus, dá bhrí sin, nach eol don údarás poiblí a bhfuil i gceist leo, cé go bhfuil na himeachtaí sin faoi réir tréimhse theorann 5 bliana ó dháta na bhfíoras lena mbaineann.

21

Ar deireadh, measann an chúirt sin go bhféadfadh an cásdlí a eascraíonn as breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Deutsche Wohnen (C‑807/21, EU:C:2023:950) –lenar chinn an Chúirt nach mór Airteagal 58(2) agus Airteagal 83(1) go (6) de Rialachán 2016/679 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar fíneáil riaracháin a ghearradh ar dhuine dlítheanach ina cháil mar rialaitheoir as sárú dá dtagraítear in Airteagal 83(4) go (6) ach amháin sa mhéid gur cuireadh an sárú sin i leith duine nádúrtha sainaitheanta roimhe sin – a bheith ábhartha chun an díospóid atá os a comhair a réiteach.

22

Sna himthosca sin, chinn an Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Riaracháin Chónaidhme) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘An gcuirtear bac le dlí tánaisteach an Aontais (go háirithe Airteagal 60(5) agus (6) i gcomhair le hAirteagal 58(1) go (3) agus Airteagal 59(1) de [Threoir 2015/849], de bhreis ar phrionsabail ghinearálta dlí an Aontais Eorpaigh (effet utile go háirithe) ar fhorálacha mhír 35(1) go (3) (ar dhliteanas coiriúil daoine dlítheanacha) agus ar mhír 36 (síneadh leis an tréimhse teorann) den [Dlí maidir le sciúradh airgid],lena n‑éilítear, i gcomhair leis an léiriú ar na forálacha sin arna dhéanamh ag an österreichischen Verwaltungsgerichtshof (Cúirt Uachtarach Riaracháin[, an Ostair]), chun pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach, go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfar stádas páirtí foirmiúil mar chosantóir roimhe sin d'ionadaí oifigiúil nó do dhuine nádúrtha eile a ghníomhaigh thar ceann an duine dhlítheanaigh (agus cearta uile an pháirtí á gcosaint go docht) agus, ina theannta sin, go bhfuil sé ríthábhachtach go gcinnfidh an chuid feidhme den ordú pionósach riaracháin i gcoinne an duine dhlítheanaigh go ndearna an duine nádúrtha atá ainmnithe go sonrach ann (nó an t‑ionadaí oifigiúil) cion, gur ghníomhaigh sé go neamhdhleathach agus go bhfuil sé ciontach chun an t‑iompar sin a chur i leith an duine dhlítheanaigh mar chéim sa bhreis, sa chás go bhfuil an tréimhse teorann chun imeachtaí a thionscnamh laistigh de thréimhse [3] bliana ó dheireadh an chiona agus an tréimhse teorann chun pionós a ghearradh ar chionta laistigh de thréimhse [5] bliana?’

An cheist a tharchuirtear

23

Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá míreanna 1 go 3 d’Airteagal 58, Airteagal 59(1) agus míreanna 5 agus 6 d’Airteagal 60 de Threoir 2015/849, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta:

–

lena gceanglaítear léi, chun pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach, go n‑aithneofar stádas an duine chúisithe go foirmiúil roimh ré do dhuine nádúrtha agus ceanglaítear leis an gcuid oibríochtúil den chinneadh lena ngearrtar pionós ar an duine dlítheanach sin an duine nádúrtha sin a ainmniú agus a chinneadh go ndearna an duine sin gníomh ar cion neamhdhleathach agus éagórach é atá inchurtha i leith an duine dhlítheanaigh sin, agus

–

go bhforáiltear léi gur 3 bliana agus 5 bliana ó dháta dheireadh an tsáraithe sin a bheidh sa tréimhse teorann maidir le himeachtaí a thionscnamh agus pionós a fhorchur, faoi seach.

Na coinníollacha chun dliteanas duine dhlítheanaigh a thabhú faoi Threoir 2015/849

24

Maidir leis an gcéad chuid den cheist a tharchuirtear, a bhaineann leis na coinníollacha chun dliteanas duine dhlítheanaigh a thabhú, ba cheart a mheabhrú, mar réamhphointe, gurb é príomhchuspóir Threoir 2015/849, mar is léir óna teideal agus óna hAirteagal 1(1) agus (2), cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Go sonrach, is é is aidhm d’fhorálacha na Treorach sin, sraith beart coisctheach agus athchomhairleach a bhunú, de réir cur chuige rioscabhunaithe, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac go héifeachtach, chun cosc a chur, mar is léir ó aithris 1 den Treoir sin, ar an bhféidearthacht go bhféadfadh sreafaí airgid neamhdhleathaigh dochar a dhéanamh do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú earnáil airgeadais an Aontais Eorpaigh, agus a mhargadh inmheánach agus a fhorbairt idirnáisiúnta a chur i mbaol (breithiúnas an 19 Meitheamh 2025, Lietuvos bankas, C‑671/23, EU:C:2025:457, míreanna 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

25

Faoi Airteagal 2(1) de Threoir 2015/849, tá feidhm ag an Treoir sin maidir le heintitis, dá ngairtear ‘eintitis faoi oibleagáid’. De réir phointe 1 go 3 den Airteagal 2(1) sin, is institiúidí creidmheasa iad na heintitis sin, i gcomhréir le pointe 1, institiúidí airgeadais agus, de réir phointe 3, is daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad dá dtagraítear sa phointe sin, agus iad i bhfeidhmiú a ngníomhaíochta gairmiúla.

26

Dá bhrí sin, is ar dhaoine dlítheanacha agus ar dhaoine nádúrtha araon atá na hoibleagáidí a fhorchuirtear le Treoir 2015/849 ar eintitis faoi oibleagáid, a mhéid is féidir na daoine sin a mheas mar eintitis faoi oibleagáid de réir bhrí Airteagal 2(1) den Treoir sin.

27

Go sonrach, maidir leis na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 59 de Threoir 2015/849, a bhfuil feidhm acu, i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 59, ar a laghad maidir le sáruithe tromchúiseacha, leantacha agus córasacha, nó teaglaim de na saintréithe sin, arna ndéanamh ag na heintitis sin, ní mór a chur in iúl go gceanglaítear ar na Ballstáit, le hAirteagal 58(1) den Treoir sin, a áirithiú go bhféadfar eintitis faoi oibleagáid a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin.

28

Níl aon ní in Airteagal 58(1) a thugann le fios go bhfuil an dliteanas faoina bhfuil eintiteas faoi oibleagáid faoin Treoir sin – i gcás gur duine dlítheanach é – a bheith ag brath ar dhliteanas duine nádúrtha faoin dlí náisiúnta.

29

I gcás gur duine dlítheanach é an t‑eintiteas faoi oibleagáid, a mhéid nach bhféadfaidh an duine sin gníomhú ach amháin trí dhaoine nádúrtha ar féidir gníomhartha a chur ina leith, ní thugtar isteach le Treoir 2015/849 ach rialacha lenar féidir a leithéid seo a shonrú: na coinníollacha faoina gcaithfear, ar an gcéad dul síos, sáruithe as a n‑eascraíonn dliteanas duine dhlítheanaigh a chur i leith na ndaoine nádúrtha atá freagrach astu faoin dlí náisiúnta, agus, ar an dara dul síos, faoina bhféadfadh gníomhaíochtaí daoine nádúrtha áirithe a bheith ina gcúis le dliteanas duine dhlítheanaigh.

30

Dá bhrí sin, ar thaobh amháin, i gcomhréir le hAirteagal 58(3), i gcás go bhfuil feidhm ag oibleagáidí maidir le daoine dlítheanacha, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin, go bhféadfar pionóis agus bearta a fhorchur ar chomhaltaí na gcomhlachtaí bainistíochta agus ar dhaoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta. Mar sin féin, ní hé is brí leis an bhforáil sin go bhfuil forchur fíneála riaracháin ar dhuine dlítheanach mar eititeas faoi oibleagáid faoi réir cinneadh roimh ré go ndearna duine nádúrtha sainaitheanta an sárú sin. Os a choinne sin, níl i ndliteanas daoine nádúrtha, faoin dlí náisiúnta, ach dliteanas coimhdeach agus comhlántach le dliteanas an duine dhlítheanaigh lena mbaineann, faoi Threoir 2015/849.

31

Ar an taobh eile, de réir Airteagal 60(5) agus (6) de Threoir 2015/849, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar duine dlítheanach a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe arna ndéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin ag aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh sin, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach sin, agus i gcás inar fhág easpa maoirseachta nó rialaithe ag an duine sin gur féidir le duine atá faoina údarás sáruithe a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh chéanna.

32

Ní léirítear in Airteagal 60(5) agus (6), mar a thugann FMA agus an Coimisiún le fios, ach na daoine nádúrtha a bhféadfadh a ngníomhartha nó a mainneachtain thar ceann duine dhlítheanaigh an duine sin a chur faoi dhliteanas. Os a choinne sin, ní leanann sé nach mór dliteanas na ndaoine nádúrtha sin, faoin dlí náisiúnta, a thabhú roimh ré agus nach mór iad a shainaithint sa chuid oibríochtúil den chinneadh lena bhforchuirtear pionós ar an duine dlítheanach sin agus iad a chur faoi dhliteanas i leith an tsáraithe lena mbaineann.

33

Thairis sin, bheadh léiriú ar Airteagail 58 go 60 de Threoir 2015/849 ar dá réir a fhéadfaidh na Ballstáit dliteanas duine dhlítheanaigh a chur faoi réir cinneadh roimh ré go ndearna duine nádúrtha an cion contrártha don cheanglas, a leagtar síos in Airteagal 58(1) den Treoir sin, go mbeadh aon pionós nó beart a eascraíonn as dliteanas eintiteas faoi oibleagáid i leith sárú ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Le ceanglas den sórt sin, bheadh an baol ann go lagófaí éifeachtacht agus athchomhairleacht na bpionós a fhorchuirtear go díreach le Treoir 2015/849 ar dhaoine dlítheanacha mar eintitis faoi oibleagáid (féach de réir analaí, breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Deutsche Wohnen, C‑807/21, EU:C:2023:950, mír 51).

34

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, ar an gcéad dul síos, cé nach bhforáiltear leis an Treoir sin ach do chomhchuibhiú íosta (breithiúnas an 18 Aibreán 2024, Citadeles nekustamie īpašumi, C‑22/23, EU:C:2024:327, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear), nach féidir leis na Ballstáit, áfach, raon feidhme an dliteanais a fhorchuirtear le hAirteagal 58(1) den Treoir sin ar na heintitis faoi oibleagáid sin, lena n‑áirítear daoine dlítheanacha, a theorannú.

35

Ina theannta sin, mar a thug an Chúirt faoi deara, cé go bhfágtar faoi na Ballstáit é, le hAirteagal 59 de Threoir 2015/849, foráil a dhéanamh maidir le pionóis agus bearta seachas iad siúd a liostaítear in Airteagal 59(1), is amhlaidh fós nach mór do na Ballstáit sin pionós a ghearradh ar a laghad ar na sáruithe dá dtagraítear san fhoráil sin, arna ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid, trí fhoráil a dhéanamh ar a laghad do na pionóis riaracháin agus do na bearta riaracháin a leagtar amach in Airteagal 59(2) agus (3) (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Meitheamh 2025, Lietuvos bankas, C‑671/23, EU:C:2025:457, mír 37).

36

Ar an dara dul síos, a mhéid a luann an chúirt a rinne an tarchur, mar a mheabhraítear i mír 19 den bhreithiúnas seo, go n‑eascraíonn na coinníollacha maidir le dliteanas daoine dlítheanacha faoi na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2015/849 as cásdlí an Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Uachtarach Riaracháin), ní mór a mheabhrú freisin, de réir chásdlí socair na Cúirte, agus a ndlí náisiúnta á chur i bhfeidhm acu, go gceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta é a léiriú, a mhéid is féidir, i bhfianaise fhoclaíocht agus chuspóir na Treorach atá i gceist chun an toradh atá á lorg ag an Treoir a bhaint amach agus, dá bhrí sin, an tríú mír d’Airteagal 288 CFAE a chomhlíonadh. Tá an oibleagáid sin an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais ina cuid dhílis de chóras Chonradh FAE sa mhéid is go gceadaítear léi do chúirteanna náisiúnta, maidir le hábhar laistigh dá ndlínse, éifeachtacht iomlán dhlí an Aontais a áirithiú nuair a chinneann siad na díospóidí atá os a gcomhair (breithiúnas an 26 Meitheamh 2025, Makeleio agus Zougla, C‑555/23 agus C‑556/23, EU:C:2025:484, mír 85 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37

Leis an bprionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais, ceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta laistigh dá ndlínse, agus a ndlí náisiúnta uile á gcur san áireamh agus na modhanna léiritheacha a aithnítear leis an dlí sin á gcur i bhfeidhm, chun a áirithiú go bhfuil an Treoir atá i gceist go hiomlán éifeachtach agus chun teacht ar thoradh atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá á shaothrú aici (breithiúnas an 26 Meitheamh 2025, Makeleio agus Zougla, C‑555/23 agus C‑556/23, EU:C:2025:484, mír 86 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Sa chás seo, dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé forálacha ábhartha an Dlí maidir le sciúradh airgid a léiriú ar bhealach atá comhsheasmhach le Treoir 2015/849.

Tréimhsí teorann

39

Maidir leis an dara cuid den cheist a tharchuirtear, a bhaineann le tréimhsí teorann a shocrú leis an dlí náisiúnta, ba cheart a mheabhrú, in éagmais rialacha dhlí an Aontais, go gcoimeádann na Ballstáit an ceart chun na rialacha mionsonraithe nós imeachta a leagtar síos lena gcórais dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm, go háirithe maidir le tréimhsí teorann, faoi réir chomhlíonadh phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Caterpillar FinancialServices, C‑500/16, EU:C:2017:996, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40

Chun a chinneadh ar comhlíonadh prionsabal na coibhéise, is gá scrúdú a dhéanamh, sa bhreis ar riail teorann is infheidhme maidir le caingne atá beartaithe chun cearta a eascraíonn as dlí an Aontais a choimirciú, an bhfuil riail teorann is infheidhme maidir le caingne de chineál intíre agus, ag féachaint dá gcuspóir agus dá mbuntréithe, an féidir a mheas go bhfuil an dá riail teorann comhchosúil (breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Caterpillar Financial Services, C‑500/16, EU:C:2017:996, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41

Maidir le prionsabal na héifeachtachta, ní mór a mheabhrú go bhfuil na Ballstáit freagrach as cosaint éifeachtach na gceart a thugtar le dlí an Aontais a áirithiú i ngach cás agus go gceanglaítear leis an bprionsabal sin, inter alia, nach bhfágann údaráis na mBallstát go bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair sa chleachtas cearta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Caterpillar Financial Services, C‑500/16, EU:C:2017:996, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

D’aithin an Chúirt go bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais tréimhsí teorann réasúnta a leagan síos ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil. Mar shampla, measadh go raibh tréimhsí teorann 3 bliana nó 2 bhliain comhsheasmhach le prionsabal na héifeachtachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Caterpillar Financial Services, C‑500/16, EU:C:2017:996, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil tréimhse theorann do cheart na n‑údarás inniúil imeachtaí a thionscnamh ar feadh tréimhse 3 bliana ó dháta dheireadh an tsáraithe líomhainte agus tréimhse theorann 5 bliana ón dáta sin chun críocha pionós a fhorchur, amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, i gcomhréir, ó thaobh prionsabail, le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Iúil 2023, Napfény-Toll, C‑615/21, EU:C:2023:573, mír 37.

44

Mar sin féin, níl aon fhianaise sa chomhad os comhair na Cúirte a léiríonn go bhféadfadh sé nach mbeadh na tréimhsí teorann 3 bliana agus 5 bliana a leagtar síos in Airteagal 36 den Dlí maidir le sciúradh airgid comhsheasmhach le prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.

45

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 58(1) go (3), Airteagal 59(1) agus Airteagal 60(5) agus (6) de Threoir 2015/849, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta, a léiriú sa chaoi:

–

go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, chun pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach, go n‑aithneofar stádas an duine chúisithe go foirmiúil roimh ré do dhuine nádúrtha agus ceanglaítear leis an gcuid oibríochtúil den chinneadh lena ngearrtar pionós ar an duine dlítheanach sin an duine nádúrtha sin a ainmniú agus a chinneadh go ndearna an duine sin gníomh ar cion neamhdhleathach agus éagórach é atá inchurtha i leith an duine dhlítheanaigh sin, agus

–

ní chuirtear cosc leo ar fhoráil a bheith sa reachtaíocht sin faoina mairfidh an tréimhse theorann 3 bliana agus 5 bliana ó dháta dheireadh an tsáraithe atá i gceist, a bhaineann le himeachtaí a thionscnamh agus pionós a fhorchur faoi seach.

Costais

46

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 58(1) go (3), Airteagal 59(1) agus Airteagal 60(5) agus (6) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, arna leasú le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

 

–

cuirtear leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, chun pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach, go n‑aithneofar stádas an duine chúisithe go foirmiúil roimh ré do dhuine nádúrtha agus ceanglaítear leis an gcuid oibríochtúil den chinneadh lena ngearrtar pionós ar an duine dlítheanach sin an duine nádúrtha sin a ainmniú agus a chinneadh go ndearna an duine sin gníomh ar cion neamhdhleathach agus éagórach é atá inchurtha i leith an duine dhlítheanaigh sin, agus

–

ní chuirtear cosc leo ar fhoráil a bheith sa reachtaíocht sin faoina mairfidh an tréimhse theorann 3 bliana agus 5 bliana ó dháta dheireadh an tsáraithe atá i gceist, a bhaineann le himeachtaí a thionscnamh agus pionós a fhorchur faoi seach.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.

Tá Eureka ag cur nasc leis…