Definitions › Inbhuanaitheacht agus ESG (Gaeilge)
cuideachta
Defined in 1 EU act of the Inbhuanaitheacht agus ESG group: CSDDD Partial reference
In English: company
CSDDD, Article 3(1)(a) Partial reference adopted 2024-06-13
Own text citing CRR, Article 4(1) (not in this group).
aon cheann díobh seo a leanas: (i) duine dlítheanach atá bunaithe mar cheann de na foirmeacha dlíthiúla a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE; (ii) duine dlítheanach atá bunaithe i gcomhréir le dlí náisiúnta tríú tír i bhfoirm atá inchomparáide leis na foirmeacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE; (iii) gnóthas airgeadais rialáilte, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, is: - institiúid creidmheasa é mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ; - gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; - bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM), mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear bainisteoir cistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECA), dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bainisteoir cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEF), dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus bainisteoir cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIF), dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; - cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Threoir 2009/65/CE - gnóthas árachais mar shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; - gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE; - institiúid le haghaidh soláthar scoir ceirde faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 i gcomhréir le hAirteagal 2 di, murar roghnaigh Ballstát iomlán na Treorach sin, nó cuid de, a chur i bhfeidhm ar na hinstitiúidí sin le haghaidh soláthar scoir ceirde i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir sin; - contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; - taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; - meán sainchuspóireach árachais nó athárachais é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 211 de Threoir 2009/138/CE; - “eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; - cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (20) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (h), de Threoir 2009/138/CE, is cuid de ghrúpa árachais atá faoi réir maoirseachta ar leibhéal an ghrúpa de bhun Airteagal 213 den Treoir sin agus nach bhfuil díolmhaithe ó mhaoirseacht ghrúpa de bhun Airteagal 214(2) de Threoir 2009/138/CE; - institiúid creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; - gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; - soláthróir seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; - soláthróir seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcás ina bhfuil seirbhís cripteashócmhainní amháin nó níos mó á soláthar aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), den Rialachán sinEvery term of the Inbhuanaitheacht agus ESG group · Other groups