Airteagal 12 · Fógraíocht phearsantaithe
Cuid de: Mionaoisigh, Fógraíocht agus praghsáil phearsantaithe
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní bheadh cead ag trádálaithe fógraí a dhíriú ar thomhaltóir bunaithe ar phróifíliú trí shonraí pearsanta an tomhaltóra a úsáid i gcás ina mbeidís ar an eolas le deimhneacht réasúnta gur mionaoiseach é an tomhaltóir, ná trí chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a úsáid. Tá soláthraithe ardán ar líne a bhfuil feidhm ag Roinn 3 de Chaibidil III de Rialachán 2022/2065 maidir leo eisiata.
Téacs Airteagal 12togra an Choimisiúin
Airteagal 12
Fógraíocht phearsantaithe
Ní dhíreoidh trádálaithe fógraí ar thomhaltóir bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679:
(a)trí shonraí pearsanta an tomhaltóra a úsáid i gcás ina bhfuil an trádálaí ar an eolas le deimhneacht réasúnta gur mionaoiseach é an tomhaltóir;
(b)trí úsáid a bhaint as catagóirí speisialta sonraí pearsanta an tomhaltóra dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679.
Ní chuirfidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo d’oibleagáid ar thrádálaithe sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheasúnú an mionaoiseach é an tomhaltóir.
Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a bhfuil feidhm ag Roinn 3 de Chaibidil III de Rialachán 2022/2065 maidir leo.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 32 D’fhéadfadh sé go mbeadh a fhios ag trádálaí freisin gur mionaoisigh iad cuid de na tomhaltóirí, mar shampla…
- Aithris 58 Nuair a thugtar fógraí do thomhaltóirí bunaithe ar theicnící spriocdhírithe atá barrfheabhsaithe chun leas a…
- Aithris 59 Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe fógraí atá bunaithe ar phróifíliú de bhun Rialachán…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
leanbh
ciallaíonn ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois
Airteagal 3, pointe (16)
mionaoiseach
ciallaíonn ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois
Airteagal 3, pointe (16)