Airteagal 14 · Airgeadraí fíorúla
Cuid de: Mionaoisigh, Cluichí agus airgeadraí fíorúla
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Bheadh ar thrádálaí a thairgeann airgeadraí fíorúla ar íocaíocht a úsáidtear chun a ítimí fíorúla nó táirgí eile a cheannach luach airgeadúil, nó luach airgeadúil measta, na n-ítimí nó na dtáirgí sin a léiriú. I gcás ina mbeadh a tháirgí dírithe ar mhionaoisigh, nó ina mbeadh sé ar an eolas le deimhneacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh, dhéanfaí airgeadraí fíorúla ar íocaíocht a dhíchumasú mar réamhshocrú do mhionaoisigh agus ní fhéadfaí iad a ghníomhachtú ach le formheas tuismitheora nó caomhnóra.
Téacs Airteagal 14togra an Choimisiúin
Airteagal 14
Airgeadraí fíorúla
1.Maidir le trádálaí a thairgeann nó a chuireann ar fáil do thomhaltóirí airgeadraí fíorúla ar íocaíocht a úsáidtear chun ítimí fíorúla nó táirgí eile a thairgeann an trádálaí sin a cheannach, léireoidh sé luach airgeadúil comhfhreagrach na n-ítimí fíorúla sin nó na dtáirgí eile sin, nó a luach airgeadúil measta san airgeadra ina bhfuair an tomhaltóir an chéad airgeadra fíorúil.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le soláthraithe seirbhísí líonra shóisialta ar líne nó seirbhísí ardáin comhroinnte físeán ná soláthraithe chomrádaithe IS agus botaí comhrá ginearálta atá faoi réir na hoibleagáide maidir le nochtadh a leagtar síos in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne].
2.I gcás ina bhfuil táirgí trádálaí dírithe ar mhionaoisigh nó i gcás ina bhfuil an trádálaí ar an eolas le deimhneacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh, áiritheoidh an trádálaí go ndéanfar airgeadraí fíorúla ar íocaíocht a dhíchumasú mar réamhshocrú do mhionaoisigh agus áiritheoidh sé nach féidir airgeadraí fíorúla ar íocaíocht a ghníomhachtú ach amháin le formheas tuismitheora nó caomhnóra.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 29 Maidir le cé acu atá nó nach bhfuil táirge dírithe ar mhionaoisigh, nó cé acu atá nó nach bhfuil trádálaí ar…
- Aithris 30 Mar shampla, le dlí an Aontais, amhail Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne] agus na…
- Aithris 31 Áirítear freisin ar tháscairí oibiachtúla a léiríonn gur mionaoiseach é an tomhaltóir na bealaí margaíochta a…
- Aithris 61 Is minic a bhíonn tomhaltóirí neamhchosanta ar chleachtais tráchtála a bhfuil sé d’éifeacht acu trédhearcacht…
- Aithris 62 D’fhéadfadh sé a bheith thar a bheith deacair do mhionaoisigh fíorluach airgeadúil na n-airgeadraí fíorúla a…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
táirge
ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí
Airteagal 3, pointe (5)
leanbh
ciallaíonn ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois
Airteagal 3, pointe (16)
mionaoiseach
ciallaíonn ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois
Airteagal 3, pointe (16)
airgeadraí fíorúla ar íocaíocht
ciallaíonn ‘airgeadraí fíorúla ar íocaíocht’ airgeadraí fíorúla a fhaightear trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó, i gcás inarb infheidhme, mar mhalairt ar airgeadra fíorúil eile ar íocaíocht
Airteagal 3, pointe (17)