Airteagal 17 · Dearadh andúile
Cuid de: Dearadh andúile, Mionaoisigh
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Bheadh ar thrádálaithe a dhearann, a eagraíonn nó a oibríonn a dtáirgí digiteacha ar bhealach a bhfuil sé beartaithe, nó ar féidir a thuar le réasún, go spreagfadh sé úsáid éigníoch nó iomarcach, uirlisí éifeachtacha atá inrochtana go héasca a thabhairt do thomhaltóirí chun ceithre ghné liostaithe a dhíchumasú. Ina measc sin tá uathsheinm ábhair, fógraí nach spreagtar de bharr ghníomhaíocht an tomhaltóra, agus gnéithe a ionsamhlaíonn caidreamh idirphearsanta. D’fhéadfadh an Coimisiún cur leis an liosta nó é a mhodhnú le gníomh tarmligthe.
Téacs Airteagal 17togra an Choimisiúin
Airteagal 17
Dearadh andúile
1.Trádálaithe a dhearann, a eagraíonn nó a oibríonn a dtáirgí digiteacha ar bhealach a bhfuil sé beartaithe, nó ar féidir a thuar le réasún, go spreagfaidh siad úsáid éigníoch nó iomarcach, cuirfidh siad uirlisí éifeachtacha ar fáil do thomhaltóirí, ar bhealach atá inrochtana go héasca, lena gcuirfear ar a gcumas dóibh na gnéithe seo a leanas a spreagann úsáid den sórt sin a dhíchumasú, ar leithligh nó in aon am amháin:
(a)gnéithe lena gcumasaítear uathsheinm ábhair agus tomhaltas ábhair gan bhriseadh, gan meandair bheaga idirbhriste éifeachtacha agus tráthrialta a bheith ann a chuireann ar a chumas don tomhaltóir breithniú a dhéanamh ar a thoilteanas níos mó ábhair a thomhailt;
(b)fógraí nach spreagtar de bharr idirghníomhaíocht nó ghníomhaíocht an tomhaltóra ar an tseirbhís, nó nach mbaineann go díreach leis an idirghníomhaíocht nó leis an ngníomhaíocht sin;
(c)gnéithe lena ndéantar rannpháirtíocht a dhreasú go tráthrialta nó a dhreasú níos minice, lena n-áirítear trí phionóis nó caillteanas tairbhí as gan páirt a ghlacadh go tráthrialta nó laistigh d’eatraimh ama shonraithe;
(d)gnéithe agus iompraíochtaí córais lena spreagtar úsáid leanúnach trí chaidreamh idirphearsanta a ionsamhlú, amhail leideanna leanúnacha chun leanúint de bheith ag plé le córas uathoibrithe.
Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le trádálaithe atá faoi réir Airteagail 9, 14 agus 15 de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne] i dtaca le cleachtais a bhaineann le mionaoisigh, ná maidir le trádálaithe a sholáthraíonn seirbhísí a thagann faoi na catagóirí a shonraítear in Airteagal 2(4), pointí (c) agus (e), de Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne].
2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun an liosta gnéithe i mír 1 a leasú trí ghnéithe a chur leis nó a mhodhnú i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus margaidh, taighde ar iompraíocht tomhaltóirí agus taithí forfheidhmiúcháin na n-údarás inniúil agus an Choimisiúin, i gcás ina bhfuil gá le leasuithe den sórt sin chun an t-ardleibhéal cosanta tomhaltóirí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a choinneáil ar bun.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 66 Tá méadú ag teacht ar dhearadh táirgí digiteacha ní hamháin chun freastal ar na cuspóirí a n-úsáideann…
- Aithris 122 Is féidir leis na cineálacha patrún dorcha a úsáideann trádálaithe sa timpeallacht dhigiteach athrú go tapa…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
leanbh
ciallaíonn ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois
Airteagal 3, pointe (16)
mionaoiseach
ciallaíonn ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois
Airteagal 3, pointe (16)
córas uathoibrithe
ciallaíonn ‘córas uathoibrithe’ bogearraí atá in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh agus cinntí a dhéanamh a mbíonn iarmhairtí dlíthiúla acu dá úsáideoir, lena n-áirítear conarthaí a thabhairt i gcrích, gan gá le hidirghabháil dhaonna
Airteagal 3, pointe (21)