Ní bheadh cead ag trádálaithe meicníochtaí “íoc chun dul chun cinn” agus meicníochtaí “íoc chun buachan” a thairiscint do mhionaoisigh i gcás ina mbeadh a dtáirgí dírithe ar mhionaoisigh nó ina mbeidís ar an eolas le deimhneacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh.
Téacs Airteagal 16 · togra an Choimisiúin
Airteagal 16
Toirmeasc ar mheicníochtaí ‘íoc chun dul chun cinn’ agus meicníochtaí ‘íoc chun buachan’ do mhionaoisigh
I gcás ina bhfuil táirgí trádálaí dírithe ar mhionaoisigh nó i gcás ina bhfuil an trádálaí ar an eolas le deimhneacht réasúnta go bhfuil an táirge á úsáid ag mionaoisigh, ní thairgfidh an trádálaí meicníochtaí ‘íoc chun dul chun cinn’ agus meicníochtaí ‘íoc chun buachan’ do mhionaoisigh.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 29Maidir le cé acu atá nó nach bhfuil táirge dírithe ar mhionaoisigh, nó cé acu atá nó nach bhfuil trádálaí ar…
Aithris 30Mar shampla, le dlí an Aontais, amhail Rialachán (AE) [Gníomh AE um Leas an Linbh ar Líne] agus na…
Aithris 31Áirítear freisin ar tháscairí oibiachtúla a léiríonn gur mionaoiseach é an tomhaltóir na bealaí margaíochta a…
Aithris 65D’fhéadfadh sásraí íoc le buachan agus íoc le dul chun cinn a fhágáil go mbeadh sé dodhéanta do thomhaltóirí…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí