Airteagal 24 · Feidhmiú an chirt chun tarraingt siar as cianchonarthaí a thugtar i gcrích ar chomhéadan ar líne
Cuid de: Síntiúis, trialacha saor in aisce agus cealú
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Maidir le cianchonarthaí a thugtar i gcrích trí chomhéadan ar líne, lena n-áirítear conarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais a sholáthar, bheadh ar an trádálaí a áirithiú gur féidir leis an tomhaltóir tarraingt siar trí fheidhm tarraingt siar a úsáid. Bheadh na focail “tarraing siar as an gconradh anseo” nó foirmliú comhfhreagrach gan débhrí mar lipéad uirthi agus bheadh sí ar fáil go leanúnach i rith na tréimhse tarraingt siar. Bheadh ar an trádálaí admháil a thabhairt go bhfuarthas é gan moill mhíchuí.
Téacs Airteagal 24togra an Choimisiúin
Airteagal 24
Feidhmiú an chirt chun tarraingt siar as cianchonarthaí a thugtar i gcrích ar chomhéadan ar líne
1.I gcás cianchonarthaí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (7), de Threoir 2011/83/AE, lena n-áirítear conarthaí le haghaidh soláthar seirbhísí airgeadais, a thugtar i gcrích ar chomhéadan ar líne, áiritheoidh an trádálaí gur féidir leis an tomhaltóir tarraingt siar as an gconradh, i gcomhréir le hAirteagail 9, 11 agus 16b de Threoir 2011/83/AE, trí fheidhm tarraingt siar a úsáid.
2.Déanfar an fheidhm tarraingt siar a lipéadú leis na focail ‘tarraing siar as an gconradh anseo’ nó le foirmliú comhfhreagrach gan débhrí, ar bhealach soléite. Beidh an fheidhm tarraingt siar ar fáil go leanúnach le linn na tréimhse tarraingt siar. Beidh sí le feiceáil go feiceálach ar an gcomhéadan ar líne agus beidh rochtain éasca ag an tomhaltóir uirthi.
3.Cuirfidh an fheidhm tarraingt siar ar a chumas don tomhaltóir ráiteas tarraingt siar ar líne a sheoladh chun a chinneadh tarraingt siar as an gconradh a chur in iúl don trádálaí. Cuirfidh an ráiteas tarraingt siar ar líne sin ar a chumas don tomhaltóir an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar nó a dheimhniú go héasca:
(a)ainm an tomhaltóra;
(b)mionsonraí lena sainaithnítear an conradh ar mian leis an tomhaltóir tarraingt siar uaidh; agus
(c)mionsonraí maidir leis an modh leictreonach trína seolfar admháil maidir leis an tarraingt siar dá dtagraítear i mír 5 chuig an tomhaltóir.
4.A luaithe a bheidh an ráiteas tarraingt siar ar líne comhlánaithe ag an tomhaltóir i gcomhréir le mír 3, cuirfidh an trádálaí ar a chumas don tomhaltóir é a chur isteach trí bhíthin feidhm dhearbhúcháin. Déanfar an fheidhm dhearbhúcháin sin a lipéadú ar bhealach soléite, agus déanfar amhlaidh leis na focail ‘dearbhaigh an tarraingt siar’ amháin nó le foirmliú comhfhreagrach gan débhrí.
5.A luaithe a ghníomhachtóidh an tomhaltóir an fheidhm dhearbhúcháin, seolfaidh an trádálaí admháil chuig an tomhaltóir go bhfuarthas an tarraingt siar ar mheán marthanach, lena n-áirítear an t-ábhar atá inti agus an dáta agus am a cuireadh isteach í, gan moill mhíchuí.
6.Measfar gur fheidhmigh tomhaltóirí a gceart chun tarraingt siar laistigh den tréimhse tarraingt siar ábhartha má chuir sé an ráiteas tarraingt siar ar líne dá dtagraítear san Airteagal seo isteach sula ndeachaigh an tréimhse sin in éag.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 73 I gcás ina dtairgeann an trádálaí an fhéidearthacht cianchonarthaí a thabhairt i gcrích atá faoi réir an…
- Aithris 74 Ba cheart an fheidhm foirceanta conartha ar líne agus an fheidhm tarraingt siar ar líne a sholáthar ar…
- Aithris 75 Ba cheart an fheidhm tarraingt siar ar líne agus an fheidhm foirceanta conartha ar líne a bheith éasca don…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
comhéadan ar líne
ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, lena n-áirítear feidhmchlár móibíleach, a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar a cheann, agus a fhónann chun rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar tháirgí
Airteagal 3, pointe (11)
meán marthanach
ciallaíonn ‘meán marthanach’ meán marthanach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de Threoir 2011/83/AE
Airteagal 3, pointe (34)