I gcás ina soláthraíonn trádálaí seirbhís do chustaiméirí ar líne tar éis conradh a thabhairt i gcrích, bheadh ar an trádálaí a áirithiú go gcuirfí cumarsáid le duine daonna ar fáil arna iarraidh sin don tomhaltóir agus nuair nach mbeadh modhanna eile éifeachtach. Ní bheadh feidhm ag an Airteagal maidir le seirbhísí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Threoir 2014/65/AE.
Téacs Airteagal 25 · togra an Choimisiúin
Airteagal 25
Cumarsáid le duine daonna i seirbhís do chustaiméirí
I gcás ina soláthraíonn trádálaí seirbhís do chustaiméirí ar líne tar éis conradh a thabhairt i gcrích, áiritheoidh an trádálaí go gcuirfear cumarsáid le duine daonna ar fáil, arna iarraidh sin don tomhaltóir agus nuair nach bhfuil modhanna eile éifeachtach.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le seirbhísí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 76Tá méadú ag teacht ar líon na dtrádálaithe a úsáideann uirlisí ar líne chun cumarsáid a dhéanamh le…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí