Airteagal 3 · Sainmhínithe
Cuid de: Mionaoisigh, Cluichí agus airgeadraí fíorúla, Margaíocht tionchairí, Seirbhís do chustaiméirí agus conarthaí uathoibrithe
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Tá 34 shainmhíniú uimhrithe san Airteagal seo. Ina measc tá tomhaltóir, trádálaí, cleachtas tráchtála, táirge agus cinneadh idirbhirt, agus téarmaí amhail comhéadan ar líne, margaíocht tionchairí, scuaine fhíorúil agus córas uathoibrithe. Chiallódh mionaoiseach nó leanbh aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois.
Téacs Airteagal 3togra an Choimisiúin
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;
(2)ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí;
(3)ciallaíonn ‘cleachtas tráchtála’ aon bheart, neamhghníomh, iompraíocht nó léiriú, cumarsáid tráchtála lena n-áirítear fógraíocht agus margaíocht, a dhéanann trádálaí, ag a bhfuil ceangal díreach le cur chun cinn, díol nó soláthar táirge do thomhaltóirí;
(4)ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ;
(5)ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí;
(6)ciallaíonn ‘cinneadh idirbhirt’ aon chinneadh a dhéanann tomhaltóir maidir le táirge a cheannach, íocaíocht a dhéanamh as, go hiomlán nó go páirteach, é a choinneáil, a dhiúscairt nó leanúint dá úsáid, nó maidir le ceart conarthach a fheidhmiú i ndáil leis an táirge, agus conas an méid sin a dhéanamh agus cé na téarmaí faoina ndéanfaidh sé an méid sin, cibé acu a chinnfidh an tomhaltóir gníomhú nó gan gníomhú;
(7)ciallaíonn ‘chun saobhadh ábhartha a dhéanamh ar iompraíocht eacnamaíoch tomhaltóirí’ úsáid a bhaint as cleachtas tráchtála chun dochar ábhartha a dhéanamh do chumas tomhaltóra cinneadh eolach a dhéanamh, rud a fhágann go ndéanfadh an tomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin;
(8)ciallaíonn ‘cuireadh chun ceannaigh’ cumarsáid tráchtála a léiríonn saintréithe an táirge agus an praghas ar bhealach atá iomchuí don mhodh cumarsáide tráchtála atá á úsáid agus a chuireann, ar an dóigh sin, ar a chumas don tomhaltóir ceannachán a dhéanamh;
(9)ciallaíonn ‘dícheall gairmiúil’ an caighdeán scile speisialta agus cúraim a bhféadfadh coinne a bheith leis le réasún go bhfeidhmeoidh trádálaí é i leith tomhaltóirí, i gcomhréir le cleachtas margaidh macánta nó prionsabal ginearálta an mheoin mhacánta i réimse gníomhaíochta an trádálaí;
(10)ciallaíonn ‘tionchar míchuí’ leas a bhaint as staid chumhachta i ndáil leis an tomhaltóir chun brú a chur air, gan lámh láidir a úsáid ná a bhagairt fiú, ar bhealach a chuireann teorainn shuntasach le cumas an tomhaltóra cinneadh eolach a dhéanamh;
(11)ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, lena n-áirítear feidhmchlár móibíleach, a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar a cheann, agus a fhónann chun rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar tháirgí;
(12)ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar a cheann lenar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile;
(13)ciallaíonn ‘triail saor in aisce’ cleachtas tráchtála ina dtairgtear táirge don tomhaltóir le linn tréimhse shocraithe ama gan an oibleagáid íocaíocht a dhéanamh trí idirbheart íocaíochta i gcistí de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) 2027/(..);
(14)ciallaíonn ‘rangú’ an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do tháirgí, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú nó arna gcur in iúl ag an trádálaí, gan beann ar na modhanna teicneolaíochta a úsáidtear don chur i láthair, don eagrúchán nó don chur in iúl sin;
(15)ciallaíonn ‘margaíocht tionchairí’ cleachtas tráchtála ina n-úsáideann trádálaithe an t-éileamh atá orthu i measc a lucht féachana chun táirgí a chur chun cinn go díreach nó go hindíreach mar mhalairt ar íocaíocht;
(16)ciallaíonn ‘mionaoiseach’ nó ‘leanbh’ aon duine nádúrtha faoi bhun 18 mbliana d’aois;
(17)ciallaíonn ‘airgeadraí fíorúla ar íocaíocht’ airgeadraí fíorúla a fhaightear trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó, i gcás inarb infheidhme, mar mhalairt ar airgeadra fíorúil eile ar íocaíocht;
(18)ciallaíonn ‘córais luaíochtaí athraitheacha ar íocaíocht’ ítimí fíorúla, cé is moite de tháirgí airgeadais, lena dtairgtear luaíochtaí randamacha nó corrlach athraitheach a fhaightear trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó mar mhalairt ar airgeadraí fíorúla ar íocaíocht;
(19)ciallaíonn ‘meicníochtaí ‘íoc chun dul chun cinn’ agus meicníochtaí ‘íoc chun buachan’ ceannacháin ionchluiche nó ionaipe atá riachtanach nó a chuirtear i láthair mar nithe riachtanacha le haghaidh dul chun cinn nó rath ionchluiche nó ionaipe, a fhaightear trí idirbhearta íocaíochta de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Seirbhísí Íocaíochta] nó mar mhalairt ar airgeadraí fíorúla ar íocaíocht;
(20)ciallaíonn ‘scuaine fhíorúil’ gné dhigiteach trína gcuirtear tomhaltóirí i gcóras feithimh seicheamhaithe roimh rochtain a fháil ar an gcomhéadan ordaithe, ar lena linn a d’fhéadfadh na trádálaithe an praghas a athrú;
(21)ciallaíonn ‘córas uathoibrithe’ bogearraí atá in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh agus cinntí a dhéanamh a mbíonn iarmhairtí dlíthiúla acu dá úsáideoir, lena n-áirítear conarthaí a thabhairt i gcrích, gan gá le hidirghabháil dhaonna;
(22)ciallaíonn ‘scéim deimhniúcháin’ scéim fíorúcháin tríú páirtí lena ndeimhnítear go gcomhlíonann táirge, próiseas nó gnólacht ceanglais áirithe agus lena gceadaítear lipéad inbhuanaitheachta comhfhreagrach a úsáid, a bhfuil a théarmaí, lena n-áirítear a cheanglais, ar fáil go poiblí agus a gcomhlíonann a théarmaí, lena n-áirítear a cheanglais, na critéir seo a leanas:
(a)tá an scéim oscailte faoi théarmaí trédhearcacha, cothroma, agus neamh-idirdhealaitheacha do gach trádálaí atá toilteanach agus ábalta ceanglais na scéime a chomhlíonadh;
(b)is é úinéir na scéime a fhorbraíonn ceanglais na scéime i gcomhairle le saineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha;
(c)leagtar amach sa scéim nósanna imeachta chun déileáil le neamhchomhlíonadh cheanglais na scéime agus déantar foráil léi maidir leis an úsáid a bhaineann an trádálaí as an lipéad inbhuanaitheachta a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcás neamhchomhlíonadh cheanglais na scéime; agus
(d)tá an faireachán a dhéantar ar chomhlíonadh cheanglais na scéime ag an trádálaí faoi réir nós imeachta oibiachtúil agus déanann tríú páirtí é a bhfuil a inniúlacht agus a neamhspleáchas ó úinéir na scéime agus ón trádálaí araon bunaithe ar chaighdeáin agus nósanna imeachta idirnáisiúnta, ar chaighdeáin agus nósanna imeachta de chuid an Aontais nó ar chaighdeáin agus nósanna imeachta náisiúnta;
(23)ciallaíonn ‘tomhaltán’ aon chomhpháirt d’earra a úsáidtear arís agus arís eile agus is gá a athsholáthar nó a athshlánú chun go bhfeidhmeoidh an t-earra mar a bhí beartaithe;
(24)ciallaíonn ‘marthanacht’ marthanacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/771;
(25)ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil’ aon teachtaireacht nó léiriú nach bhfuil éigeantach faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta, i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear léiriú téacs, pictiúrtha, grafach nó siombalach, amhail lipéid, ainmneacha branda, ainmneacha cuideachta nó ainmneacha táirgí, i gcomhthéacs cumarsáid tráchtála, agus ina luaitear nó ina dtugtar le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach nó tionchar nialasach ag táirge, catagóir táirge, branda nó trádálaí ar an gcomhshaol nó gur lú dochair a dhéanann sé nó sí don chomhshaol ná mar a dhéanann táirgí, catagóirí táirgí, brandaí nó trádálaithe eile, nó gur chuir sé nó sí feabhas ar an tionchar atá aige nó aici le himeacht ama;
(26)ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil cineálach’ aon mhaíomh comhshaoil a dhéantar i bhfoirm scríofa nó ó bhéal, lena n-áirítear trí mheáin chlosamhairc, nach n-áirítear ar lipéad inbhuanaitheachta agus i gcás nach gcuirtear sonraíocht an mhaímh ar fáil i dtéarmaí soiléire feiceálacha ar an meán céanna;
(27)ciallaíonn ‘feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth’ feidhmíocht chomhshaoil a chomhlíonann Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 nó a chomhlíonann scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha éicilipéadaithe chineál I EN ISO 14024 arna n-aithint go hoifigiúil sna Ballstáit, nó a chomhlíonann an fheidhmíocht chomhshaoil is fearr i gcomhréir le dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais;
(28)ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir (AE) 2019/771;
(29)ciallaíonn ‘nuashonrú bogearraí’ nuashonrú is gá chun earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréireacht i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2019/771, lena n-áirítear nuashonrú slándála, nó nuashonrú feidhmiúlachta;
(30)ciallaíonn ‘lipéad inbhuanaitheachta’ aon mharc iontaoibhe deonach, aon mharc cáilíochta nó a choibhéis, bíodh sé poiblí nó príobháideach, a bhfuil sé d’aidhm aige idirdhealú a dhéanamh idir táirge, próiseas nó gnó agus cinn eile agus táirge, próiseas nó gnó a chur chun cinn trí thagairt a dhéanamh dá shaintréithe comhshaoil nó sóisialta, nó don dá rud, agus lena n-eisiatar aon lipéad éigeantach a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;
(31)ciallaíonn ‘gairm rialaithe’ gníomhaíocht ghairmiúil nó grúpa gníomhaíochtaí gairmiúla a bhfuil an rochtain uirthi nó orthu, a saothrú, nó ceann de na modhanna ina saothraítear í nó iad, coinníollach, go díreach nó go hindíreach, ar cháilíochtaí gairmiúla sonracha a bheith ag duine, de bhun dlíthe, rialachán nó forálacha riaracháin;
(32)ciallaíonn ‘cód iompair’ comhaontú nó sraith rialacha nach bhforchuirtear le dlí, rialachán nó foráil riaracháin de chuid Ballstáit ina sainítear iompar trádálaithe a ghabhfaidh orthu féin a bheith faoi cheangal an chóid i ndáil le cleachtas trádála nó earnáil ghnó amháin nó níos mó;
(33)ciallaíonn ‘úinéir cóid’ aon eintiteas, lena n-áirítear trádálaí nó grúpa trádálaithe, atá freagrach as cód iompair a fhoirmliú agus a athbhreithniú agus/nó as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an chóid acu siúd a ghabh orthu féin a bheith faoi cheangal aige;
(34)ciallaíonn ‘meán marthanach’ meán marthanach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de Threoir 2011/83/AE.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 19 Chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ba cheart coincheapa áirithe a shoiléiriú ionas go…
- Aithris 20 Ba cheart don Rialachán seo díriú ar chleachtais tráchtála a bhfuil baint dhíreach acu le tionchar a imirt ar…
- Aithris 21 Ba cheart brí leathan a bheith leis an téarma ‘cinneadh idirbhirt’ lena gcumhdaítear ní hamháin cinntí amhail…
- Aithris 22 Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, ba cheart an bhrí atá le haon chomaoin ar luach sócmhainne…
- Aithris 28 Chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí do leanaí a áirithiú, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart…
- Aithris 77 Tá córais uathoibrithe atá cláraithe chun idirghníomhú le daoine nádúrtha nó le córais uathoibrithe eile i…
In ionad
- Airteagal 2(a) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (1)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(b) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (2)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(c) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (5)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(ca) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (4)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(d) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (3)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(e) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (7)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(f) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (32)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(g) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (33)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(h) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (9)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(i) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (8)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(j) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (10)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(k) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (6)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(l) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (31)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(m) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (14)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(n) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (12)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(o) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (25)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(p) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (26)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(q) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (30)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(r) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (22)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(s) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (27)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(t) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (24)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(u) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (29)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(v) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (23)) · Cuir i gcomparáid in Eureka
- Airteagal 2(w) de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 3, pointe (28)) · Cuir i gcomparáid in Eureka