Airteagal 35 · Pionóis
Cuid de: Forfheidhmiú agus pionóis
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Leagfadh na Ballstáit síos pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Maidir le pionóis a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394, bheadh an uasfhíneáil ar a laghad 4 % de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann, nó EUR 2 mhilliún ar a laghad i gcás nach mbeadh faisnéis faoin láimhdeachas ar fáil. D’fhéadfadh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 6 % de láimhdeachas bliantúil domhanda an trádálaí a fhorchur as sáruithe a imscrúdaíonn sé.
Téacs Airteagal 35togra an Choimisiúin
Airteagal 35
Pionóis
1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2.Cuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
(a)cineál, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe;
(b)aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;
(c)aon sárú a rinne an trádálaí roimhe sin;
(d)na sochair airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, más rud é go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil;
(e)pionóis a fhorchuirtear ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina mbíonn faisnéis faoi na pionóis sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 [/Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT]];
(f)aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.
3.Nuair a bheidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394 [/Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT]], cuimseofar iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh chun fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, ina mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar don Rialachán sin, féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna bunreachtúla náisiúnta, gan fíneálacha a fhorchur ach sna cásanna seo a leanas:
(a)sáruithe ar Airteagail 6, 7, 8, 9, ar na hoibleagáidí i gCaibidil III agus ar Iarscríbhinn I; agus
(b)trádálaí a bheith ag baint úsáid leanúnach as cleachtas tráchtála a bhfuair an t‐údarás inniúil náisiúnta nó an chúirt é a bheith ina chleachtas éagórach, nuair nach bhfuil an cleachtas trádála sin ina shárú dá dtagraítear i bpointe (a).
4.I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil an fhaisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh EUR 2 mhilliún ar a laghad i gceist leis an bhfíneáil uasta díobh.
5.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi aon leasú a dhéanann difear do na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1.
6.Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 6 % de láimhdeachas bliantúil domhanda an trádálaí a fhorchur de bhun Airteagal 43 de Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT] le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo arna n-imscrúdú ag an gCoimisiún i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT].
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 87 Chun a áirithiú go mbeidh an forfheidhmiú ina dhíspreagadh, ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos i…
- Aithris 88 Áirithítear leis an Rialachán seo an t-ardleibhéal céanna cosanta tomhaltóirí gan beann ar mhéid an trádálaí…
- Aithris 89 Ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit na cineálacha pionóis a bheidh le forchur a roghnú agus na nósanna…
- Aithris 90 Chun cur i bhfeidhm pionós ar bhealach níos comhsheasmhaí a éascú, go háirithe pionóis i gcás sáruithe…
- Aithris 91 D’fhéadfadh sé nach mbainfeadh na critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha agus táscacha sin le haghaidh…
- Aithris 92 I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394/Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT], tá údaráis…
- Aithris 93 Chun a áirithiú gur féidir le húdaráis na mBallstát pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus…
- Aithris 94 Mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2394/ Rialachán (AE) [an Rialachán nua CCT], nuair a bhíonn pionóis…
- Aithris 95 Más rud é, mar thoradh ar an ngníomhaíocht chomhordaithe faoi Rialachán (AE) 2017/2394/Rialachán (AE) [an…
- Aithris 96 Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit fíneálacha uasta níos airde atá bunaithe ar láimhdeachas a choinneáil…
- Aithris 97 Le linn dóibh an t‐ioncam ó fhíneálacha a leithdháileadh, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar…
In ionad
- Airteagal 13 de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 35) · Cuir i gcomparáid in Eureka
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
cleachtas tráchtála
ciallaíonn ‘cleachtas tráchtála’ aon bheart, neamhghníomh, iompraíocht nó léiriú, cumarsáid tráchtála lena n-áirítear fógraíocht agus margaíocht, a dhéanann trádálaí, ag a bhfuil ceangal díreach le cur chun cinn, díol nó soláthar táirge do thomhaltóirí
Airteagal 3, pointe (3)