Airteagal 6 · Bearta míthreoracha
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Bheadh cleachtas tráchtála míthreorach dá mbeadh faisnéis bhréagach ann, nó dá gcuirfeadh sé, nó dá mba dhóigh dó go gcuirfeadh sé, dallamullóg ar an ngnáth-thomhaltóir maidir le gnéithe liostaithe amhail príomh-shaintréithe an táirge, an praghas nó cearta an tomhaltóra, agus dá gcuirfeadh sé faoi deara, nó dá mba dhóigh dó go gcuirfeadh sé faoi deara, cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh an tomhaltóir murach sin. Liostaítear i mír 2 cásanna eile, lena n-áirítear margaíocht a chruthaíonn mearbhall le hiomaitheoir agus maímh chomhshaoil áirithe.
Téacs Airteagal 6togra an Choimisiúin
Airteagal 6
Bearta míthreoracha
1.Measfar go bhfuil cleachtas tráchtála míthreorach má tá faisnéis bhréagach ann agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé neamhfhírinneach nó go gcuireann sé nó gur dóchúil go gcuirfidh sé dallamullóg ar an ngnáth-thomhaltóir ar bhealach ar bith, lena n-áirítear an cur i láthair iomlán, fiú má tá an fhaisnéis ceart go fíorasach, i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas, agus i gceachtar de na cásanna sin, go bhfágann sé, nó gur dóchúil go bhfágfadh sé, go ndéanfadh an gnáth-thomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin:
(a)an táirge a bheith ann nó cineál an táirge;
(b)príomh-shaintréithe an táirge, amhail a infhaighteacht, a thairbhí, na rioscaí a ghabhann leis, a chur i gcrích, a chomhdhéanamh, a shaintréithe comhshaoil nó sóisialta, a ghabhálais, a ghnéithe ciorclaíochta, amhail marthanacht, indeisitheacht nó in-athchúrsáilteacht, cúnamh iardhíola do chustaiméirí agus láimhseáil gearán, modh agus dáta an mhonaraithe nó an tsoláthair, an seachadadh, a oiriúnaí atá sé don fheidhm, a úsáid, a chainníocht, a shonraíocht, a thionscnamh geografach nó tráchtála nó na torthaí a mbeadh coinne leo óna úsáid, nó torthaí agus gnéithe ábhartha na dtástálacha nó na seiceálacha a dhéantar ar an táirge;
(c)méid ghealltanais an trádálaí, na cúiseanna leis an gcleachtas tráchtála agus cineál an phróisis díolacháin, aon ráiteas nó samhailchomhartha i ndáil le hurraíocht nó formheas díreach nó indíreach an trádálaí nó an táirge;
(d)an praghas nó an bealach a dhéantar an praghas a ríomh, nó buntáiste sonrach praghais a bheith ann;
(e)an gá le seirbhís, páirt, athsholáthar nó deisiú;
(f)cineál, tréithe agus cearta an trádálaí nó ghníomhaire an trádálaí, amhail céannacht agus sócmhainní, cáilíochtaí, stádas, formheas, baint nó ceangal an trádálaí nó an ghníomhaire agus a n-úinéireacht ar chearta maoine tionsclaíche, tráchtála nó intleachtúla nó dámhachtainí agus gradaim an trádálaí nó an ghníomhaire;
(g)cearta an tomhaltóra, lena n-áirítear an ceart chun athsholáthair nó chun aisíocaíochta faoi Threoir (AE) 2019/771, nó na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith roimh an tomhaltóir.
2.Measfar freisin go bhfuil cleachtas tráchtála míthreorach más rud é, ina chomhthéacs fíorasach, agus na gnéithe agus na cúinsí uile a ghabhann leis á gcur san áireamh, go bhfágann sé, nó gur dóchúil go bhfágfadh sé, go ndéanfadh an gnáth-thomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin, agus go bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas i gceist leis:
(a)aon mhargaíocht ar tháirge, lena n-áirítear fógraíocht chomparáideach, a mheascann an táirge le haon táirge, trádmharc, trádainm nó marc sainiúil eile de chuid iomaitheora;
(b)neamhchomhlíonadh na ngealltanas i gcóid iompair ag trádálaí, cóid ar ghabh an trádálaí air féin a bheith faoi cheangal acu, i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(I)nach mianaidhm an gealltanas ach gealltanas daingean is féidir a fhíorú;
(II)go gcuireann an trádálaí in iúl i gcleachtas trádála go bhfuil sé faoi cheangal an chóid;
(c)earra a mhargú, i mBallstát amháin, mar earra atá comhionann le hearra a mhargaítear i mBallstáit eile, cé go bhfuil comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin an-difriúil, mura rud é go bhfuil údar maith leis sin ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla;
(d)maíomh comhshaoil a dhéanamh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo gan gealltanais shoiléire, oibiachtúla, infhíoraithe atá ar fáil go poiblí agus a leagtar amach i bplean cur chun feidhme mionsonraithe réalaíoch lena n-áirítear spriocanna intomhaiste faoi cheangal ama agus eilimintí ábhartha eile is gá chun tacú lena chur chun feidhme, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainní, agus a fhíoraíonn saineolaí tríú páirtí neamhspleách go tráthrialta, a gcuirtear a thorthaí ar fáil do thomhaltóirí;
(e)fógraíocht a dhéanamh do thomhaltóirí faoi thairbhí nach mbaineann le hábhar agus nach eascraíonn as aon ghné den táirge ná den ghnó.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 33 Chun tomhaltóirí a chosaint ar chleachtais tráchtála mhíthreoracha, ba cheart na cleachtais sin a chumhdach…
- Aithris 35 Má mhargaítear earraí ar fud na mBallstát mar earraí atá comhionann le hearraí eile cé go bhfuil difríocht…
- Aithris 44 Chun go dtabharfar de chumhacht do thomhaltóirí cinntí níos eolaí a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, an…
- Aithris 45 Baineann maímh chomhshaoil, go háirithe maímh a bhaineann leis an aeráid, níos mó agus níos mó le feidhmíocht…
- Aithris 46 Cleachtas tráchtála eile a d’fhéadfadh bheith míthreorach is ea fógraíocht a dhéanamh faoi thairbhí do…
In ionad
- Airteagal 6 de Treoir 2005/29/CE (sa ghníomh seo: Airteagal 6) · Cuir i gcomparáid in Eureka
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
cleachtas tráchtála
ciallaíonn ‘cleachtas tráchtála’ aon bheart, neamhghníomh, iompraíocht nó léiriú, cumarsáid tráchtála lena n-áirítear fógraíocht agus margaíocht, a dhéanann trádálaí, ag a bhfuil ceangal díreach le cur chun cinn, díol nó soláthar táirge do thomhaltóirí
Airteagal 3, pointe (3)
earraí
ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear in
Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Airteagal 3, pointe (4)
táirge
ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí
Airteagal 3, pointe (5)
cinneadh idirbhirt
ciallaíonn ‘cinneadh idirbhirt’ aon chinneadh a dhéanann tomhaltóir maidir le táirge a cheannach, íocaíocht a dhéanamh as, go hiomlán nó go páirteach, é a choinneáil, a dhiúscairt nó leanúint dá úsáid, nó maidir le ceart conarthach a fheidhmiú i ndáil leis an táirge, agus conas an méid sin a dhéanamh agus cé na téarmaí faoina ndéanfaidh sé an méid sin, cibé acu a chinnfidh an tomhaltóir gníomhú nó gan gníomhú
Airteagal 3, pointe (6)
marthanacht
ciallaíonn ‘marthanacht’ marthanacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/771
Airteagal 3, pointe (24)
maíomh comhshaoil
ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil’ aon teachtaireacht nó léiriú nach bhfuil éigeantach faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta, i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear léiriú téacs, pictiúrtha, grafach nó siombalach, amhail lipéid, ainmneacha branda, ainmneacha cuideachta nó ainmneacha táirgí, i gcomhthéacs cumarsáid tráchtála, agus ina luaitear nó ina dtugtar le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach nó tionchar nialasach ag táirge, catagóir táirge, branda nó trádálaí ar an gcomhshaol nó gur lú dochair a dhéanann sé nó sí don chomhshaol ná mar a dhéanann táirgí, catagóirí táirgí, brandaí nó trádálaithe eile, nó gur chuir sé nó sí feabhas ar an tionchar atá aige nó aici le himeacht ama
Airteagal 3, pointe (25)
cód iompair
ciallaíonn ‘cód iompair’ comhaontú nó sraith rialacha nach bhforchuirtear le dlí, rialachán nó foráil riaracháin de chuid Ballstáit ina sainítear iompar trádálaithe a ghabhfaidh orthu féin a bheith faoi cheangal an chóid i ndáil le cleachtas trádála nó earnáil ghnó amháin nó níos mó
Airteagal 3, pointe (32)