Ní mór don rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun a áirithiú, agus chun a bheith in ann a thaispeáint, go gcomhlíonann an phróiseáil an Rialachán, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála agus na rioscaí do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha á gcur san áireamh.
Ní mór na bearta a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá agus, i gcás inarb comhréireach, beartais iomchuí um chosaint sonraí a áireamh iontu. Féadfar cloí le cóid iompair fhormheasta nó le sásraí deimhniúcháin formheasta a úsáid mar ghné chun comhlíonadh a thaispeáint.
Ní mór don rialaitheoir bearta iomchuí a chur i bhfeidhm, arna roghnú i bhfianaise na próiseála agus a rioscaí, chun a áirithiú, agus chun go mbeidh sé in ann a thaispeáint, go gcomhlíonann an phróiseáil an Rialachán.
Téacs Airteagal 24 · leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 24
Freagracht an rialaitheora
1.
Agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh aige, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme le háirithiú agus le bheith in ann a thaispeáint go ndéantar an phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na bearta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá.
2.
Áireofar sna bearta dá dtagraítear i mír 1 go gcuirfidh an rialaitheoir beartais iomchuí um chosaint sonraí chun feidhme má tá sin comhréireach i dtaca le gníomhaíochtaí próiseála.
3.
Má chloítear le cóid fhormheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásraí formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar ghné lena thaispeáint go gcomhlíontar oibleagáidí an rialaitheora.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 74Ba cheart freagracht agus dliteanas an rialaitheora a shuíomh maidir le haon phróiseáil a dhéanann an…
Aithris 75Maidir leis na rioscaí i dtaca le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad lena ngabhann…
Aithris 76Dóchúlacht agus déine an riosca sin maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, ba cheart an dóchúlacht…
Aithris 77Treoir maidir le bearta iomchuí a chur chun feidhme agus maidir lena thaispeáint go bhfuil siad á…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;