Ní mór don rialaitheoir agus don phróiseálaí a áirithiú go bhfuil baint ag an oifigeach cosanta sonraí, go cuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, agus na hacmhainní agus an rochtain is gá do chúraimí an oifigigh a chur ar fáil.
Ní fhéadfaidh an t-oifigeach aon treoracha a fháil maidir le feidhmiú na gcúraimí sin, ní fhéadfar é nó í a bhriseadh as a phost nó as a post ná pionós a ghearradh air nó uirthi as iad a chomhlíonadh, agus tuairiscíonn sé nó sí go díreach don leibhéal bainistíochta is airde.
Féadfaidh ábhair sonraí teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach maidir le gach saincheist a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta agus le feidhmiú a gceart.
Ní mór an t-oifigeach cosanta sonraí a rannpháirtiú i ngach ceist a bhaineann le cosaint sonraí; ní fhaigheann sé nó sí aon treoracha maidir leis na cúraimí, tuairiscíonn sé nó sí don leibhéal bainistíochta is airde, agus tá cúig chúram ar a laghad air nó uirthi.
Téacs Airteagal 38 · leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 38
Post an oifigigh cosanta sonraí
1.
Áiritheoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí go bhfuil baint ag an oifigeach cosanta sonraí, go cuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.
2.
Tacóidh an rialaitheoir agus an próiseálaí leis an oifigeach cosanta sonraí agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 39 á gcur i gcrích aige trí na hacmhainní is gá a chur ar fáil dó chun na cúraimí sin a chur i gcrích agus áiritheoidh siad go mbeidh rochtain aige ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála, agus chun a shaineolas nó a saineolas a choinneáil.
3.
Áiritheoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí nach bhfaighidh an t-oifigeach cosanta sonraí treoir ar bith maidir leis na cúraimí sin a chur i gcrích. Ní ghearrfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí pionós air nó uirthi ná ní chuirfidh siad as a phost nó a post é nó í as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh. Tabharfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí tuairisc go díreach do leibhéal bainistíochta is airde an rialaitheora nó an phróiseálaí.
4.
Féadfaidh ábhair sonraí dul i dteagmháil leis an oifigeach cosanta sonraí maidir le haon saincheist a bhaineann le próiseáil a sonraí agus maidir le feidhmiú a gceart faoin Rialachán seo.
5.
Beidh an t-oifigeach cosanta sonraí faoi cheangal sicréideachta nó rúndachta maidir le comhlíonadh a chúraimí nó a cúraimí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.
6.
Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí cúraimí eile agus dualgais eile a chomhlíonadh. Áiritheoidh an rialaitheoir nó an próiseálaí nach n-eascraíonn coinbhleacht leasa as na cúraimí ná as na dualgais sin.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 97I gcás inar údarás poiblí a dhéanann an phróiseáil, cé is moite de chúirteanna nó d'údaráis bhreithiúnacha…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;