Gach ábhar sonraí a mheasann gur sáraíodh a chearta nó a cearta faoin Rialachán mar thoradh ar phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta nach gcomhlíonann an Rialachán, tá an ceart aige nó aici chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil.
Tionscnaítear imeachtaí i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil bunaíocht aige.
Mar mhalairt air sin, féadfar iad a thionscnamh os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an ábhar sonraí, mura údarás poiblí de chuid Ballstáit é an rialaitheoir nó an próiseálaí atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí.
Is féidir agóid a dhéanamh sa chúirt i gcoinne cinntí ó údarás maoirseachta, agus i gcoinne mainneachtain gearán a láimhseáil; féadfaidh ábhar sonraí imeachtaí a thionscnamh freisin i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí, i gcásanna áirithe ina Bhallstát nó ina Ballstát féin.
Téacs Airteagal 79 · leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 79
An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí
Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n-áirítear an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta de bhun Airteagal 77, beidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil ag gach ábhar sonraí i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta i neamh-chomhlíonadh an Rialacháin seo.
Tionscnófar imeachtaí i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí. De rogha air sin, féadfar na himeachtaí sin a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an ábhar sonraí, ach amháin más údarás poiblí de chuid Ballstáit é an rialaitheoir nó an próiseálaí atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 141Ba cheart an ceart a bheith ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta aonair, go…
Aithris 145Maidir le himeachtaí i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí, ba cheart rogha a bheith ag an ngearánaí caingean…
Aithris 147Nuair atá rialacha sonracha maidir le dlínse sa Rialachán seo, go háirithe maidir le himeachtaí lena…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;