Féadfaidh ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach chun gearán a thaisceadh agus chun na cearta in Airteagail 77, 78 agus 79 a fheidhmiú thar a cheann nó thar a ceann, agus an ceart chun cúiteamh a fháil faoi Airteagal 82 i gcás ina bhforáiltear dó sin le dlí Ballstáit.
Ní mór don chomhlacht, don eagraíocht nó don chomhlachas a bheith:
comhdhéanta mar is ceart faoi dhlí Ballstáit;
le cuspóirí reachtacha chun leas an phobail; agus
gníomhach i réimse chosaint chearta agus shaoirsí na n-ábhar sonraí.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh comhlacht den sórt sin, gan sainordú, gearán a thaisceadh agus na cearta in Airteagail 78 agus 79 a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí.
Féadfaidh ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht neamhbhrabúis cáilitheach gearán a dhéanamh agus dul chun na cúirte thar a cheann nó thar a ceann; féadfaidh na Ballstáit ligean do chomhlachtaí den sórt sin gníomhú gan sainordú freisin.
Téacs Airteagal 80 · leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Beidh an ceart ag an ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach, atá comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtacha chun leas an phobail aige nó aici, agus atá gníomhach i réimse chosaint chearta agus shaoirsí na n-ábhar sonraí i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint, ar sainordú é chun an gearán a thaisceadh ar a shon nó ar a son, chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 77, in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú ar a shon nó ar a son, agus chun an ceart cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 82 a fháil ar a shon nó ar a son i gcás ina bhforáiltear dó sin le dlí Ballstáit.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil sé de cheart ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 77, sa Bhallstát sin, agus na cearta dá dtagraítear in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin Rialachán seo mar thoradh ar an bpróiseáil.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
Aithris 142I gcás ina measann ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú, ba cheart an…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;