Eureka Reader Definitions Sign in

Definitions › Cosaint tomhaltóirí (Gaeilge)

sárú forleathan

Defined in 1 EU act of the Cosaint tomhaltóirí group: CPC Regulation First

In English: widespread infringement

CPC Regulation, Article 3(3) First adopted 2017-12-12

(a) aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, ar gníomh é a rinne díobháil, a dhéanann díobháil nó ar dóigh dó díobháil a dhéanamh, do chomhleasanna na dtomhaltóirí in dhá cheann, ar a laghad, de na Ballstáit, seachas sa Bhallstát (i) inar tionscnaíodh an gníomh nó inar tharla an neamhghníomh; (ii) ina bhfuil an trádálaí atá freagrach as an ngníomh nó as an neamhghníomh bunaithe; nó (iii) ina bhfuil fianaise nó sócmhainní an trádálaí a bhaineann leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh le fáil; nó (b) aon ghníomhartha nó neamhghníomhartha atá contrártha do dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóírí, ar gníomhartha nó neamhghníomhartha iad a rinne díobháíl, a dhéanann díobháil nó ar dóigh dóibh díobháil a dhéanamh do chomhleasanna na dtomhaltóirí agus a bhfuil tréithe coiteanna ag baint leo, lena n-áirítear an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú agus ar nithe iad arna ndéanamh ag an trádálaí céanna, i gcomhthráth, i dtrí cinn, ar a laghad, de na Ballstáit

Every term of the Cosaint tomhaltóirí group · Other groups