Definitions › Airgeadas (Gaeilge)
réamh-mhargaíocht
Defined in 1 EU act of the Airgeadas group: EuVECA First
In English: pre-marketing
EuVECA, Article 3(o) First adopted 2013-04-17, amended 2019-06-20
faisnéis faoi straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta a bheith á soláthar nó iad a bheith á gcur in iúl, go díreach nó go hindíreach, ag bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach, nó thar a cheann, d'infheisteoirí féideartha atá ina gcónaí nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas chun a fháil amach cén spéis atá acu i gciste caipitil fiontair cáilitheach nach bhfuil ar bun fós, nó i gciste caipitil fiontraíochta cáilitheach atá ar bun ach nár tugadh fógra ina leith go fóill maidir le margaíocht i gcomhréir le hAirteagal 15, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar na hinfheisteoirí féideartha nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe, agus nach tairiscint ná socrúchán don infheisteoir féideartha atá i gceist, i gceachtar den dá chás sin, chun infheistiú in aonaid nó scaireanna an chiste caipitil fiontair cháilithigh sin. I ndáil le pointe (c) den chéad fhomhír, i gcás ina gceadaíonn foirm dhlíthiúil an chiste caipitil fiontair cháilithigh bainistiú inmheánach a dhéanamh agus i gcás nach ndéanann comhlacht rialála an chiste bainisteoir seachtrach a cheapadh, déanfar an ciste caipitil fiontair cáilitheach féin a chlárú mar an bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach i gcomhréir le hAirteagal 14. Ní dhéanfar ciste caipitil fiontair cáilitheach atá cláraithe mar bhainisteoir inmheánach um chiste caipitil fiontair cáilitheach a chlárú mar bhainisteoir seachtrach um chiste caipitil fiontair cáilitheach ar ghnóthais comhinfheistíochta eile